Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022IE3162

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — “An Tionscnamh ó na Saoránaigh – Sábhálaimis na beacha agus na feirmeoirí” (tuairim féintionscnamh)

EESC 2022/03162

IO C 100, 16.3.2023, p. 45–50 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

16.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 100/45


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — “An Tionscnamh ó na Saoránaigh – Sábhálaimis na beacha agus na feirmeoirí”

(tuairim féintionscnamh)

(2023/C 100/07)

Rapóirtéir:

Arnold PUECH d’ALISSAC

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

19.5.2022

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

24.11.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

15.12.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

574

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

168/0/2

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is léiriú é rath an Tionscnaimh seo ó na Saoránaigh (dá ngairtear “an Tionscnamh” anseo feasta) ar an méid mór a bhfuil saoránaigh na hEorpa ag súil leis ón gCoimisiún Eorpach. I dtosach báire, is mian le CESE comhghairdeas a dhéanamh le heagraí an Tionscnaimh agus moladh a thabhairt do na saoránaigh a bhí rannpháirteach ina chur i gcrích, i bhfianaise a dheacra a bhí sé na sínithe uile ba ghá a bhailiú. Is ar an gcúis sin atá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach freagraí beachta praiticiúla a thabhairt ar na héilimh arna ndéanamh faoin Tionscnamh seo.

1.2.

Is cás le CESE nach léirítear príomh-mholadh an Tionscnaimh, arb é sin deireadh a chur le húsáid lotnaidicídí sintéiseacha faoi 2035, sa teideal atá roghnaithe: “Sábhálaimis na beacha agus na feirmeoirí!”. Tá béim á leagan ag CESE air freisin go bhfuil roinnt mhaith gníomhartha dlí á ndréachtú nó glactha ag an gCoimisiún cheana féin chun beacha, pailneoirí agus an bhithéagsúlacht a chosaint, úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a chur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí san aistriú agrai-éiceolaíoch. Aithníonn sé, áfach, nach bhfuil lán a gcuspóirí bainte amach de thoradh na mbeart sin. Dá bhrí sin, tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún bearta breise a dhéanamh chun a chuspóirí uaillmhianacha a bhaint amach ar dhóigh níos nithiúla agus níos éifeachtaí. Tá sé á mholadh, mar shampla, tacaíocht níos mó a thabhairt don fheirmeoireacht bheacht, don talmhaíocht dhigiteach, don bhithrialú, don róbataic agus, ar ndóigh, don agra-éiceolaíocht.

1.3.

Tá sé á chur i bhfios ag CESE gur gá gach ceann de thrí cholún na hinbhuanaitheachta (inbhuanaitheacht chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíoch) a chur san áireamh i gcomhthéacs ríthábhachtach na hinbhuanaitheachta sistéamaí agus na ceannasachta bia agus gan faillí a dhéanamh sa ghné eacnamaíoch, rud a tharlaíonn go minic.

1.4.

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún freisin measúnuithe tionchair a dhéanamh sula ndéanfaidh sé cinneadh ar bith, go háirithe chun measúnú a dhéanamh ar na costais a bhaineann leis an tionscnamh ó thaobh an táirgthe talmhaíochta agus an gheilleagair de agus iad sin a chur i gcomórtas leis na costais eacnamaíocha a bhaineann le cailliúint na bithéagsúlachta d’fheirmeoirí.

2.   Cúlra

2.1.   Tionscnamh ó na Saoránaigh ar mhaithe le talmhaíocht atá níos fabhraí do bheacha, don duine agus don chomhshaol

2.1.1.

Trí bhíthin an Tionscnaimh ó na Saoránaigh, tugtar deis do shaoránaigh na hEorpa páirt ghníomhach a ghlacadh i bpróisis dhaonlathacha an Aontais trína ligean dóibh iarraidh ar an gCoimisiún reachtaíocht nua a chur chun tosaigh. A thúisce a thugann aon mhilliún saoránach AE ar a laghad a dtacaíocht do thionscnamh, agus na tairseacha is gá a bheith bainte amach aige in aon cheathrú de na Ballstáit ar a bheag (1), ní mór don Choimisiún freagra a thabhairt ar an tionscnamh sin.

2.1.2.

Tá an tionscnamh “Sábhálaimis na beacha agus na feirmeoirí! I dtreo talmhaíocht neamhdhíobhálach do bheacha i gcomhair comhshaol folláin”, agus na tairseacha sin bainte amach aici, ag iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, gníomhartha reachtacha a mholadh chun deireadh a chur de réir a chéile le húsáid lotnaidicídí sintéiseacha faoi 2035 d’fhonn an bhithéagsúlacht a athbhunú agus d’fhonn tacú le feirmeoirí le linn na hidirthréimhse sin.

2.2.   Meath na bpailneoirí agus cailliúint na bithéagsúlachta san Eoraip

2.2.1.

Na héilimh a rinneadh faoin Tionscnamh seo, baineann siad leis an meath atá ag teacht ar líon na mbeach san Eoraip. Go deimhin, de réir Liosta Dearg Eorpach na mBeach, tá meath ag teacht ar speiceas beach amháin as gach triúr agus ar speiceas féileacán amháin as gach triúr agus tá ceann amháin as gach deichniúr i mbaol a ndíothaithe (2).

2.2.2.

Bíodh sin mar atá, is ainmhithe a phailníonn 84 % de bharra na hEorpa (3), más go páirteach féin é, agus braitheann 78 % de phlandaí fiáine an Aontais ar fheithidí pailnitheacha (4). Dá bhrí sin, i bhfianaise a thábhachtaí atá saincheist na slándála bia agus na ceannasachta bia i láthair na huaire, is den ríthábhacht na pailneoirí sin a chosaint ar mhaithe leis an táirgeadh talmhaíochta. Ar a mhuin sin, tá ról riachtanach ag beacha i dtáirgeadh na meala ós rud é nach leor an leibhéal neamhspleáchais (60 %) atá ag an Aontas ó thaobh meala de. Chun freastal ar an éileamh ar mhil, tá sé ag brath ar allmhairí (a dtagann 28 % díobh ón tSín) atá ar cháilíocht níos ísle ná mil na hEorpa.

2.2.3.

De réir na tuarascála measúnachta ón Ardán Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais (IPBES) (5) ar phailneoirí, pailniú agus táirgeadh bia, is iad na príomhchúiseanna leis an meath ar phailneoirí athruithe ar úsáid talún, dianchleachtais talmhaíochta agus úsáid lotnaidicídí, truailliú comhshaoil, speicis choimhthíocha ionracha, pataiginí agus an t-athrú aeráide.

2.2.4.

Is den mhórthábhacht freisin acmhainní bia éagsúlaithe (neachtar agus pailin) a bheith ar fáil go leordhóthanach i rith na bliana ar fad le haghaidh fhorbairt chuí na mbeach agus chun táirgeadh meala níos rialta a áirithiú do bheachairí (6).

2.2.5.

Cuid d’fhadhb níos leithne is ea meath na mbeach, agus is í fadhb í sin cailliúint na bithéagsúlachta. Go deimhin, sa Tuarascáil Mheasúnachta Dhomhanda maidir le Seirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais a bunaíodh in 2019 ag IPBES (7), déantar measúnú ar chailliúint na bithéagsúlachta nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo.

2.2.6.

I mí na Bealtaine 2022, tar éis na dtuarascálacha sin ó IPBES, d’fhoilsigh an Institiúid Náisiúnta um Thaighde ar Thalmhaíocht, ar Bhia agus ar an gComhshaol (INRAE) agus Institiúid Taighde na Fraince um Dhúshaothrú na Farraige (Ifremer) breithmheas eolaíoch comhchoiteann (ESCo) maidir leis an tionchar atá ag táirgí cosanta plandaí ar an mbithéagsúlacht agus ar sheirbhísí éiceachórais (8). Leagtar béim air sa breithmheas gur iomaí cúis atá le meath na bithéagsúlachta agus gur deacair a chinneadh cá mhéad a chuireann táirgí cosanta plandaí leis an meath sin i bhfianaise a idircheangailte atá na cúiseanna sin. Os a choinne sin, bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch atá ann, bhíothas in ann nasc cúisíoch soiléir a bhunú sa breithmheas idir úsáid táirgí cosanta plandaí agus meath pailneoirí áirithe, amhail feithidí pailnitheacha.

2.3.   Tá roinnt mhaith gníomhartha dlí á n-ullmhú nó glactha ag an gCoimisiún cheana féin chun beacha a chosaint, úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a chur chun cinn, an bhithéagsúlacht a athbhunú agus tacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí san aistriú agrai-éiceolaíoch

2.3.1.

I dtaca le cosaint na mbeach agus na bpailneoirí: seoladh Tionscnamh Pailneoirí an Aontais in 2018 agus is é is aidhm dó cur i gcoinne mheath na bpailneoirí fiáine san Aontas. Faoina scáth sin tá deich ngníomhaíocht agus iad roinnte i dtrí théama tosaíochta:

cur leis an eolas ar mheath na bpailneoirí agus ar na cúiseanna agus ar na hiarmhairtí a bhaineann leis;

cur in éadan na gcúiseanna atá le meath na bpailneoirí;

feasacht a mhúscailt, an tsochaí ina hiomláine a spreagadh chun gnímh agus an chomhoibriú a chur chun cinn.

Ar a shon sin is uile, cuirtear in iúl i dTuarascáil Speisialta 15/2020 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le pailneoirí fiáine a chosaint san Aontas (9) gur beag an tionchar a bhí aige sin ó thaobh stop a chur leis an meath agus gur gá an tionscnamh a bhainistiú ar dhóigh níos fearr má táthar chun a chuspóirí a bhaint amach. D’aithin an Coimisiún féin i dtuarascáil uaidh ar chur chun feidhme an tionscnaimh (10), siúd is go bhfuil dul chun cinn nach beag déanta ó thaobh chur chun feidhme ghníomhaíochtaí an tionscnaimh, go bhfuil gá fós le hiarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar na cúiseanna éagsúla atá leis an meath.

2.3.2.

I ndáil le tionchar agus rioscaí na dtáirgí cosanta plandaí a laghdú: sa dréacht-Rialachán a chuir sé i láthair i Meitheamh 2022, sheol an Coimisiún athbhreithniú ar an Treoir uaidh maidir le húsáid inbhuanaithe lotnaidicídí. Is é is aidhm dó sin aghaidh a thabhairt ar fhadhb mhór atá ann, mar atá, éifeacht theoranta na Treorach maidir le húsáid lotnaidicídí a laghdú agus ar na rioscaí lena ngabhann do shláinte an duine agus do dhea-bhail an chomhshaoil (11). Ar na príomhbhearta atá ann tá:

spriocanna atá ceangailteach ó thaobh dlí ar leibhéal an Aontais chun laghdú 50 % a dhéanamh faoi 2030 ar úsáid lotnaidicídí ceimiceacha agus ar na rioscaí lena mbaineann, maille le húsáid na lotnaidicídí is guaisí;

bearta nua lena áirithiú go gcuirfidh feirmeoirí an córas bainistithe comhtháite lotnaidí chun feidhme;

toirmeasc ar úsáid gach lotnaidicíde i limistéir íogaire lasmuigh de raon feidhme an mhaolaithe.

2.3.3.

Déantar dianrialú ar tháirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh san Aontas. Bunaítear an creat dlíthiúil maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh san Aontas le Rialachán Uimh. 1107/2009 (12). De réir an Rialacháin sin, is gá measúnuithe riosca a dhéanamh sula bhformheastar substaint ghníomhach ar an leibhéal Eorpach d’fhonn aon éifeacht dhíobhálach ar an tsláinte nó ar an gcomhshaol a sheachaint. De bhreis air sin, tá athbhreithniú á dhéanamh i láthair na huaire ar na treoirlínte le haghaidh measúnú a dhéanamh ar na rioscaí do bheacha a ghabhann le táirgí cosanta plandaí do bheacha (treoirdhoiciméad maidir le beacha (13)) d’fhonn na forbairtí eolaíochta is déanaí sa réimse sin a chur san áireamh.

2.3.4.

A mhéid a bhaineann le hathbhunú na bithéagsúlachta i limistéir thalmhaíochta: bíodh is nach mbaineann sé le limistéir thalmhaíochta, is féidir leis an Aontas leas a bhaint as an líonra Natura 2000, maille leis Treoracha maidir le hÉin (14) agus Gnáthóga (15), arb iad is bunús do reachtaíocht AE maidir le caomhnú an dúlra. Tá Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030 curtha chun feidhme ag an gCoimisiún chomh maith (16). Áirítear inti go sonrach gníomhaíochtaí agus gealltanais chun an bhithéagsúlacht a athbhunú i limistéir thalmhaíochta, faoi mar a leagtar amach sa dréacht-Rialachán maidir le hathchóiriú an Dúlra (17) arna thíolacadh ag an gCoimisiún an 22 Meitheamh 2022. Cumhdaítear go háirithe in Airteagal 8 den tionscadal sprioc cheangailteach do na Ballstáit an laghdú ar dhaonraí pailneoirí a aisiompú faoi 2030 agus cumhdaítear in Airteagal 9 gealltanais maidir le héiceachórais talmhaíochta a athbhunú, mar shampla, féachaint chuige go mbeidh “gnéithe tírdhreacha ardéagsúlachta” in 10 % de limistéir thalmhaíochta an Aontais, ar a laghad, faoi 2030.

2.3.5.

Maidir le tacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí le linn an aistrithe: uirlis thábhachtach is ea an leagan nua den Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT) 2023-2027 chun spriocanna uaillmhianacha an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach agus tacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí. Léiríodh i dtuarascáil speisialta ón gCúirt Iniúchóirí in 2020 nach leor a bhfuil sa leagan reatha de CBT chun deireadh a chur leis an meath ar bhithéagsúlacht i dtalamh talmhaíochta (18). Is é conclúid na Cúirte Iniúchóirí nach féidir dul i muinín na dóighe a ndéanann an Coimisiún faireachán ar chaiteachas bithéagsúlachta, go bhfuil tionchar na n-íocaíochtaí díreacha faoi CBT teoranta nó nach eol cad é féin agus, ar deireadh, gur thug an Coimisiún agus na Ballstáit tús áite do bhearta forbartha tuaithe a raibh tionchar measartha íseal acu. Áirítear sa leagan nua de CBT bearta nua chun a thionchar ar an gcomhshaol a fheabhsú, amhail coinníollacht fheabhsaithe.

2.3.6.

D’fhéadfadh tionchar dearfach indíreach a bheith ag téacsanna AE agus ag obair a dhéantar i réimsí eile seachas an talmhaíocht ar phailneoirí, amhail an pacáiste reachtach “Oiriúnach do 55”, maidir le cuspóir an Aontais astaíochtaí carbóin a laghdú 55 % faoi 2030 (déanann an t-athrú aeráide difear do bheacha freisin), an Plean Gníomhaíochta maidir le Truailliú Nialasach chun truailliú san aer, san uisce agus san ithir a dhíothú, an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite nó Straitéis Foraoise nua an Aontais Eorpaigh, agus uaillmhian an Choimisiúin trí bhilliún crann a chur ar fud na hEorpa faoi 2030.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Tá béim á leagan ag CESE ar a thábhachtaí atá na Tionscnaimh ó na Saoránaigh ós uirlis iad trínar féidir rannpháirtíocht dhíreach shaoránaigh na hEorpa a chothú. Go deimhin, is iad an uirlis daonlathais rannpháirtíochta is cumhachtaí dá bhfuil ar fáil ar an leibhéal Eorpach. Sa ról atá aige mar dhroichead idir eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na hinstitiúidí Eorpacha, chuir CESE le tábhacht na dTionscnamh ó na Saoránaigh thar na blianta agus lena n-infheictheacht in obair laethúil na n-institiúidí Eorpacha. Is díol sásaimh dó gurb í an tuairim seo an chéad cheann a ghlacfar atá bunaithe ar Thionscnamh ó na Saoránaigh sular thug an Coimisiún a bhreith féin ina leith agus tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún freagra beacht a thabhairt ar na héilimh a dhéantar ann.

3.2.

Is cás le CESE nach léirítear príomh-mholadh an Tionscnaimh, arb é sin deireadh a chur le húsáid lotnaidicídí sintéiseacha faoi 2035, sa teideal atá roghnaithe: “Sábhálaimis na beacha agus na feirmeoirí!”. Tá sé á chur i bhfios aige go bhfuil roinnt mhaith gníomhartha dlí á ndréachtú nó glactha ag an gCoimisiún cheana féin chun freastal ar na héilimh sin. Aithníonn sé, áfach, nach bhfuil lán a gcuspóirí bainte amach de thoradh na mbeart sin. Dá bhrí sin, tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún bearta breise a dhéanamh chun a chuspóirí a bhaint amach níos chun a chuspóirí a bhaint amach ar dhóigh níos nithiúla agus níos tapa. Mar sin féin, tá sé á chur i bhfios aige gur gá gach ceann de thrí cholún na hinbhuanaitheachta (inbhuanaitheacht chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíoch) a chur san áireamh i gcomhthéacs ríthábhachtach na hinbhuanaitheachta sistéamaí agus na ceannasachta bia agus nach mór measúnuithe tionchair a dhéanamh sula ndéanfaidh sé cinneadh ar bith, go háirithe chun measúnú a dhéanamh ar na costais a bhaineann leis an tionscnamh ó thaobh an táirgthe talmhaíochta agus an gheilleagair de.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.

Maidir leis an éileamh a dhéantar faoin Tionscnamh laghdú 80 % a dhéanamh de réir a chéile ar úsáid lotnaidicídí sintéiseacha i dtalmhaíocht an Aontais faoi 2030, ag tosú le deireadh a chur leis na táirgí is guaisí, ionas go gcuirfear deireadh iomlán le húsáid lotnaidicídí sintéiseacha faoi 2035:

4.1.1.

Is é comhairle CESE gan cuspóirí idéalaíocha nó do-aimsithe a leagan síos a chaithfí a bhaint amach laistigh de thréimhse ama ródhocht. Tá sé á chur i bhfáth aige go bhfuil an Coimisiún á mholadh cheana féin laghdú 50 % a dhéanamh faoi 2030 ar úsáid lotnaidicídí ceimiceacha agus ar na rioscaí lena mbaineann, maille le húsáid na lotnaidicídí is guaisí. Ar bhonn níos ginearálta, níl sé i bhfabhar spriocanna maidir le laghdú lotnaidicídí a leagan síos nuair nach bhfuil roghanna malartacha éifeachtacha inrochtana ar fáil d’fheirmeoirí.

4.1.2.

Tá CESE á chur i bhfios go bhfuil an creat rialála Eorpach maidir le táirgí cosanta plandaí ar na creat rialála is déine ar domhan ó thaobh cuspóirí de, ós rud é go leagtar síos mar phrionsabal ann nach féidir glacadh le tionchair ar bith ar an gcomhshaol.

4.1.3.

Is iomaí cúis atá leis an meath atá ag teacht ar bheacha meala agus ar phailneoirí fiáine. Is ar an gcúis sin, dar le CESE, nach é an t-aon réiteach ná an réiteach is fearr atá ann deireadh a chur le lotnaidicídí ar mhaithe le hiad a shábháil. Is gá aghaidh a thabhairt ar gach uile chúis atá leis an meath. Mar shampla, i gcás beacha meala, is rud fíorthábhachtach do bheachairí gairmiúla é an comhrac i gcoinne fíneoga varró agus cornfhoiche Áiseacha agus tá súil acu go dtiocfaidh réitigh cóireála nua chun cinn lenar féidir a gcuid beach a chosaint níos fearr.

4.1.4.

Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE a thábhachtaí atá beacha meala, pailneoirí fiáine agus feithidí eile don talmhaíocht (le haghaidh pailniú barr, rialáil lotnaidí nádúrtha, etc.). Sampla amháin is ea na comhpháirtíochtaí a théann chun tairbhe d’fheirmeoirí agus do bheachairí araon dála an tionscnaimh “coirceog a uchtú” (19) a sheol feirmeoirí. Tugann na feirmeoirí a uchtaíonn coirceoga beach aird ar leith ar chosaint na mbeach agus iad i mbun cóireálacha fíteashláintíochta chun a gcuid barr a chosaint. Ba cheart uirlisí eile dála ApiAlert (20) a chur ar bun freisin trínar féidir cuntas a choinneáil ar bhásmhaireacht na mbeach i gcoirceoga agus fíorchúiseanna a mbáis a dhéanamh amach.

4.2.

I dtaca leis an éileamh a dhéantar faoin Tionscnamh éiceachórais nádúrtha a athbhunú sna limistéir thalmhaíochta ionas gur féidir an bhithéagsúlacht a athbhunú trí bhíthin na talmhaíochta:

4.2.1.

Tá sé á chur i bhfáth ag CESE go bhfuil gníomhaíocht an duine, amhail cleachtais talmhaíochta áirithe, ar cheann de na cúiseanna le meath na bpailneoirí agus na bithéagsúlachta, ach gur féidir leis an talmhaíocht a bheith ina réiteach freisin. Is mian leis, mar shampla, go dtabharfaí níos mó tacaíochta do thionscadail amhail athphlandú fálta nó forbairt acmhainní meala ag feirmeoirí chun gur féidir leo dúthracht a chaitheamh le cosaint na mbeach agus na bithéagsúlachta. San am céanna, beidh sé ríthábhachtach luach saothair níos fearr a thabhairt d’fheirmeoirí as na seirbhísí éiceachórais a chuireann siad ar fáil chun tacú leo tionscadail den chineál sin a chur i gcrích.

4.2.2.

Tá CESE á thabhairt dá aire go bhfuil an Coimisiún meáite air go mbeidh an talmhaíocht ina bealach chun an bhithéagsúlacht a athbhunú, rud a léirítear leis na cuspóirí agus na bearta a leagtar amach sa Straitéis Bithéagsúlachta agus sa straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” agus sa dréacht-Rialacháin maidir le hAthchóiriú an Dúlra. Is cás leis, san am céanna, an urraim do cheannasacht bia an Aontais a chosaint.

4.2.3.

Creideann CESE gur cheart aird a tharraingt ar a luachmhaire atá tionscnaimh thalmhaíochta dheonacha a fhéachann leis na pailneoirí nó an bhithéagsúlacht a chosaint agus is ag dul i dtreis atá tionscnaimh den chineál sin ar fud na hEorpa. Mar shampla, tá coimre de thionscnaimh thalmhaíochta a fhéachann le pailneoirí a chosaint foilsithe ag Cónaidhm Náisiúnta Chumainn na bhFeirmeoirí (FNSEA) (21). Is é is aidhm di dea-chleachtais talmhaíochta atá neamhdhíobhálach do bheacha (“Api-Agri”) a scaipeadh trí liosta a chur le chéile de na tionscnaimh dheonacha sa Fhrainc atá dírithe ar chosaint na bpailneoirí agus samplaí spreagúla, dearfacha agus pragmatacha a chur ar fáil. Ar an mbonn céanna, seoladh feachtas cumarsáide sa Danmhairg in 2018 dar teideal “10 ngníomhaíocht atá neamhdhíobhálach do bheacha ar d’fheirm” (22). Trí bhíthin an fheachtais sin, cuirtear chun cinn gníomhaíochtaí deonacha éagsúla ar féidir le feirmeoirí iad a chur chun feidhme ar a bhfeirm féin, mar shampla: fálta a phlandú agus stiallacha bláthanna a chur, nó cáitheadh sprae ó tháirgí cosanta plandaí a theorannú trí iad a spraeáil faoi na dálaí aimsire iomchuí (mar shampla, faoi dhálaí gaoithe éadroime) nó trí chórais a úsáid chun an cáitheadh sprae a laghdú.

4.2.4.

Tá CESE den bharúil, má táthar chun éiceachórais nádúrtha a athbhunú i limistéir thalmhaíochta, go mbeidh ar an gCoimisiún ag tarraingt ar bhearta éagsúla: bonneagar talmhaíochta a chothabháil agus a athbhunú, éagsúlú barr chun réimse leathan barr sa tírdhreach a chur chun cinn, an agrafhoraoiseacht, an fheirmeoireacht orgánach agus táirgí a bhfuil táscaire cáilíochta agus tionscnaimh (SIQO) acu a fhorbairt, féarthalamh buan a choinneáil, úsáid agus tionchar lotnaidicídí a laghdú, etc.

4.3.

I ndail leis an éileamh a dhéantar faoin Tionscnamh an talmhaíocht a athchóiriú trí thosaíocht a thabhairt do thalmhaíocht inbhuanaithe éagsúlaithe ar mhionscála, trí mhéadú tapa ar chleachtais agrai-éiceolaíocha agus orgánacha a chur chun cinn agus trí oiliúint d’fheirmeoirí agus taighde neamhspleách ar thalmhaíocht atá saor ó lotnaidicídí a éascú:

4.3.1.

Tá sé á thabhairt le fios ag CESE gur foilsíodh tuarascáil le 300 saineolaí ó 23 Bhallstát ina ndéantar anailís ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an leagan nua de CBT ar chosaint agus athbhunú na bithéagsúlachta (23). Tá moltaí nithiúla á gcur le chéile ag eolaithe chun tionchar CBT ar an mbithéagsúlacht a fheabhsú agus chun tacú le feirmeoirí san aistriú sin. Tá CESE ag moladh don Choimisiún agus do na Ballstáit tarraingt air sin i gcomhthéacs an athchóirithe ar CBT, ar uirlis chumhachtach é don athchóiriú talmhaíochta.

4.3.2.

Bíodh sin mar atá, tá CESE den tuairim nach leor an t-aistriú agrai-éiceolaíoch agus feabhsú na bithéagsúlachta a stiúradh ón mBruiséil trí bhíthin CBT. Tá béim á leagan aige ar a thábhachtaí atá sé gníomhú ar an leibhéal áitiúil.. Ní mór réitigh áitiúla a cheapadh freisin d’fheirmeoirí agus d’úinéirí talún chun oiriúnú do shaintréithe sonracha na réigiún.

4.3.3.

Thairis sin, ba mhaith le CESE béim a leagan ar a thiomanta atá sé roghanna malartacha éifeachtacha a aimsiú ionas nach bhfágfar aon fheirmeoir ar uireasa réitigh. Is mian leis, ar an ábhar sin, go spreagfaí, ar bhonn níos mó, feirmeoireacht bheacht, feirmeoireacht dhigiteach, an bithrialú, an róbataic agus an agrai-éiceolaíocht agus go gcuirfí maoiniú nach beag ar fáil chun cur leis an taighde, chun nuálaíochtaí a chur chun feidhme agus chun féachaint chuige go nglacfaidh earnálacha agus feirmeoirí leo.

4.3.4.

Aithníonn CESE go bhfuil tábhacht eacnamaíoch ag an mbeachaireacht i roinnt mhaith Ballstát agus go rannchuidíonn sí go háirithe leis an bhforbairt tuaithe agus le cothabháil na bpobal áitiúil. I bhfianaise an mheatha ar tháirgeadh na meala san Eoraip, ba cheart tacaíocht bhreise a thabhairt don bheachaireacht agus cur le luach eacnamaíoch táirgí meala agus táirgí beach eile (pailin, céir, glóthach ríoga, etc.) i dtreo go leanfaidh an bheachaireacht de bheith gairmiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol agus go mbeifear in ann freastal ar an éileamh ar mhil san Eoraip. Tá béim á cur ag CESE air gur den tábhacht é go dtiocfadh beachairí i gceann a chéile in eagraíochtaí gairmiúla chun ord agus eagar níos fearr a chur orthu féin agus chun leasanna na beachaireachta Eorpaí a chosaint ar dhóigh níos éifeachtaí. De bhreis air sin, ba mhaith leis go dtapódh an Coimisiún an deis seo chun athbhreithniú a dhéanamh gan mhoill ar an Treoir maidir le Mil d’fhonn lipéadú agus inrianaitheacht na meala a neartú agus d’fhonn dul i ngleic le calaois agus allmhairí ó thríú tíortha nach gcomhlíonann caighdeáin an Aontais agus a mhilleann faoi tháirgeadh na meala san Eoraip.

4.3.5.

Mar bhuille scoir, chun féachaint chuige go mbeidh feirmeoirí na hEorpa in ann glacadh leis an aistriú agrai-éiceolaíoch, is éard atá CESE a mholadh don Choimisiún prionsabal na cómhalartachta caighdeán a chur chun feidhme go pras chun saobhadh iomaíochta a theorannú d’fheirmeoirí na hEorpa.

An Bhruiséil, 15 Nollaig 2022

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (IO L 130, 17.5.2019, lch. 55).

(2)  Nieto et al., 2014. Liosta Dearg Eorpach na mBeach.

(3)  Williams, 1994. The dependence of crop production within the European Union on pollination by honeybees.

(4)  Ollerton et al., 2011. How many flowering plants are pollinated by animals?

(5)  IPBES, 2016. Tuarascáil Mheasúnachta ar phailneoirí, pailniú agus táirgeadh bia.

(6)  L’Institut technique et scientifique de l’apiculture et de la pollinisation (ITSAP), 2015. Ressources alimentaires pour les abeilles (Acmhainní bia do bheacha).

(7)  IPBES, 2019. Global Assessment on Biodiversity and Ecosystem Services. [Measúnú Domhanda ar Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais].

(8)  INRAE agus Ifremer, 2022. Impacts des produits phytopharmaceutiques sur la biodiversité et les services écosystémiques (Tionchar táirgí cosanta plandaí ar an mbithéagsúlacht agus ar sheirbhísí éiceachórais).

(9)  Cúirt Iniúchóirí na hEorpa. Tuarascáil Speisialta 15/2020.

(10)  COM(2021) 261 final (níl leagan Gaeilge ann).

(11)  COM(2022) 305 final .

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).

(13)  EFSA, 2022. Revised guidance on the risk assessment of plant protection products on bees (Apis mellifera, Bombus spp. and solitary bees).

(14)  Treoir 2009/147/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

(15)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

(16)  COM(2020) 380 final.

(17)  COM(2022) 304 final .

(18)  Cúirt Iniúchóirí na hEorpa. Tuarascáil Speisialta 13/2020.

(19)  Le Betteravier. Quand 14 agriculteurs de l’Aisne deviennent apiculteurs.

(20)  20 Minutes. Toulouse: Pour suivre la mortalité des abeilles, BeeGuard met au point un compteur vidéo sur ses ruches connectées.

(21)  An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, 2022. Recueil des initiatives agricoles favorables aux pollinisateurs.

(22)  Danish Agriculture & Food Council, 2018. 10 bee-friendly recommendations for your farm.

(23)  Pe’er et al., 2022. How can the European Common Agricultural Policy help halt biodiversity loss? Recommendations by over 300 experts.


Top