AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,14.10.2022
COM(2022) 681 final
2022/0334(NLE)
Togra le haghaidh
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Moladh (AE) 2022/107 maidir le cur chuige comhordaithe chun saorghluaiseacht shábháilte a éascú le linn phaindéim COVID‑19
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Nuair a ghlac an Coimisiún, an 25 Samhain 2021, a thogra as a dtiocfadh Moladh (AE) 2022/107 ón gComhairle maidir le cur chuige comhordaithe chun saorghluaiseacht shábháilte a éascú le linn phaindéim COVID‑19, bhí an staid eipidéimeolaíoch i ndáil le paindéim COVID‑19 an‑difriúil ó staid cúrsaí sa lá atá inniu ann. An tráth sin, bhí an t‑athraitheach Delta, athraitheach ar díol imní é, fós forleathan san Aontas. Breis agus deich mí ina dhiaidh sin, is é an t‑athraitheach Omicron, athraitheach atá an‑in‑tarchurtha – i bhfoirm fo-athraitheach éagsúil – an t‑athraitheach is coitianta san Aontas.
Níl Omicron chomh tromchúiseach leis an athraitheach Delta a breathnaíodh roimhe seo, rud is féidir a chur go páirteach ar a laghad i leith éifeacht chosanta an vacsaínithe agus an ionfhabhtaithe roimhe seo.. Dá thoradh sin, agus i gcomhar leis na leibhéil níos airde chosanta sin, tá an brú atá ar chórais cúraim sláinte fós ar leibhéil inláimhsithe faoi láthair, fiú le linn bhuaicphointí na n‑ionfhabhtuithe amhail ráig na bhfo-athraitheach Omicron BA.4 agus BA.5 le linn shamhradh 2022.
Mar atá curtha i dtábhacht ag an gCoimisiún arís agus arís eile, níor cheart aon srian ar shaorghluaiseacht a chuirtear i bhfeidhm mar fhreagairt ar phaindéim COVID‑19 dul thar a bhfuil fíor-riachtanach chun an tsláinte phoiblí a chosaint. Mar a tugadh le fios i bpointí 1 agus 2 de Mholadh (AE) 2022/107 ón gComhairle, ba cheart deireadh a chur le haon srian den sórt sin, i gcomhréir le prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta, a luaithe is féidir sin i bhfianaise na staide eipidéimeolaíche. Faoi mhí Lúnasa 2022, bhí deireadh curtha ag na Ballstáit leis na bearta uile a rinne difear do shaorghluaiseacht daoine san Aontas, lena n‑áirítear an ceanglas ar thaistealaithe Deimhniú Digiteach COVID an Aontais a bheith acu.
Chun an staid mar atá faoi láthair a léiriú, molann an Coimisiún an cur chuige a leagtar amach i Moladh (AE) 2022/107 a oiriúnú. Go háirithe, ba cheart a chur i dtábhacht go láidir sa Mholadh nár cheart do na Ballstáit i bprionsabal, ag an gcéim seo den phaindéim, aon srian a bhaineann le paindéim a fhorchur ar shaorghluaiseacht daoine ar fhorais na sláinte poiblí. Tar éis d’athraitheach nua teacht chun cinn ar díol imní é, is é an rud a cuireadh in iúl le linn ráig shamhradh 2022 an chaoi a gcuireann ardscaipeadh víris brú suntasach ar chórais cúraim sláinte náisiúnta. Is éard a chuirtear i dtábhacht leis sin a thábhachtaí atá cur chuige stuama agus breithniú á dhéanamh ar shrianta taistil a thabhairt isteach bunaithe ar an líon cásanna nó bunaithe ar athraitheach nua a bheith ann.
An tráth céanna, mar a thug an Coimisiún dá aire sa Teachtaireacht uaidh an 2 Meán Fómhair 2022, níl deireadh tagtha go fóill le paindéim dhomhanda COVID‑19. Ráigeanna nua d’ionfhabhtuithe a d’fhéadfadh an staid eipidéimeolaíoch a dhéanamh níos measa, lena n‑áirítear mar thoradh ar athraitheach nua ar díol imní é, ní féidir ráigeanna den sórt sin a chur as an áireamh. Go deimhin, mar a thuairiscigh an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) an 7 Deireadh Fómhair 2022, tugtar le fios sa staid eipidéimeolaíoch go bhfuil méadú ag teacht ar tharchur i bhformhór na mBallstát, ach níl aon léiriú ann ar na hathruithe ar dháileadh na n‑athraitheach atá i gcúrsaíocht. Dá bhrí sin, d’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit leanúint d’iarrachtaí ullmhachta a chomhordú ar fud an Aontais. Mar chuid de na hiarrachtaí sin, an 29 Meitheamh 2022, chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle síneadh le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/953 maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE go dtí an 30 Meitheamh 2023.
Leis an síneadh a cuireadh le creat Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais, áirithítear gur féidir le saoránaigh an Aontais leanúint de thairbhe a bhaint as deimhnithe idir-inoibritheacha agus deimhnithe a nglactar go frithpháirteach leo maidir le vacsaíniú in aghaidh COVID‑19, tástáil le haghaidh COVID‑19 agus téarnamh ó COVID‑19 i gcásanna ina bhféadfadh na Ballstáit a mheas gur gá srianta áirithe ar an tsaorghluaiseacht a athbhunú ar bhonn sealadach bunaithe ar an tsláinte phoiblí. An tráth céanna, tá sé tábhachtach a chur i dtreis nach gcuireann Rialachán (AE) 2021/953 oibleagáid ar bith ar na Ballstáit a chur de cheangal ar thaistealaithe cruthúnas ar stádas vacsaínithe, stádas tástála nó stádas téarnaimh a thabhairt i gcomhthéacs fheidhmiú na saorghluaiseachta.
I gcás ina measann Ballstát, mar fhreagairt ar an staid eipidéimeolaíoch a bheith ag dul in olcas go mór, go bhfuil srianta ar shaorghluaiseacht riachtanach mar sin féin chun an tsláinte phoiblí a chosaint agus go bhfuil siad comhréireach, ba cheart na srianta sin a theorannú do cheangal a chur ar thaistealaithe Deimhniú Digiteach COVID bailí de chuid an Aontais a bheith acu. Chun a chinneadh ar cheart staid a cháiliú mar staid eipidéimeolaíoch atá ag dul in olcas go mór, ba cheart do na Ballstáit aird a thabhairt go háirithe ar an mbrú atá ar a gcóras cúraim sláinte de dheasca COVID‑19, go háirithe maidir leis an líon othar cónaitheach atá ag dul isteach sna hospidéil agus sna haonaid dianchúraim. Sa chomhthéacs sin, foilsíonn ECDC na sonraí ábhartha maidir le forbairt na staide eipidéimeolaíche.
Ba cheart do na Ballstáit a mheas freisin an dócha go mbeadh tionchar dearfach ag srianta den sórt sin ar an staid eipidéimeolaíoch, lena n‑áirítear laghdú suntasach ar an mbrú a chuirtear ar chórais cúraim sláinte náisiúnta, ós rud é go n‑imríonn tosca intíre tionchar níos láidre ar an staid eipidéimeolaíoch de ghnáth ná an taisteal trasteorann. I gcásanna den sórt sin, d’fhéadfadh idirghabhálacha neamhchógaisíochta intíre, amhail caitheamh masc, aeráil agus scaradh fisiciúil, seachas srianta taistil, a bheith éifeachtach chun leathadh COVID‑19 a mhoilliú, má chuirtear chun feidhme iad go luath agus go cuimsitheach agus má chuireann an tsochaí i ngníomh iad ar bhealach leordhóthanach.
An ceanglas a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE bailí a bheith ina seilbh ag daoine, ba cheart na leasuithe a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2022/1034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a léiriú i Moladh (AE) 2022/107. Ar an gcéad dul síos, ba cheart a shoiléiriú go bhféadfaidh Ballstáit eile glacadh le Deimhnithe Digiteacha COVID AE arna n‑eisiúint do dhaoine atá rannpháirteach i dtrialacha cliniciúla le haghaidh vacsaíní in aghaidh COVID‑19 chun srianta ar an tsaorghluaiseacht a tharscaoileadh. Chun feidhmiú na saorghluaiseachta a éascú do shaoránaigh den Aontas a fuair vacsaín in aghaidh COVID‑19 a bhfuil an nós meachta um liostú úsáide éigeandála de chuid EDS curtha i gcrích acu, ba cheart a mholadh do na Ballstáit glacadh le Deimhnithe Digiteacha COVID an Aontais a eisíodh tar éis na vacsaíní sin a thabhairt. Ina theannta sin, is féidir deimhnithe tástála agus téarnaimh a eisiúint anois ar bhonn mearthástálacha antaiginí saotharlann‑bhunaithe.
I bhfianaise a gcúinsí sonracha nó a bhfeidhme bunriachtanaí, ba cheart catagóirí áirithe taistealaithe a dhíolmhú ó cheanglas a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le deimhniú digiteach COVID AE a bheith ina seilbh acu. I bhfianaise na staide slándála atá ann faoi láthair, tá sé tábhachtach go n‑áirítear go sainráite ar an liosta sin taidhleoirí, baill foirne ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, daoine a fhaigheann cuireadh ó eagraíochtaí idirnáisiúnta a theastaíonn a bheith ar an láthair ar mhaithe le dea-fheidhmiú na n‑eagraíochtaí sin, pearsanra míleata, oibrithe cabhrach daonnúla agus pearsanra cosanta sibhialta. Ba cheart daoine a chumhdaítear le hAirteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle a bheith ar an liosta freisin agus ba cheart an liosta sin a bheith comhsheasmhach leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le cur chuige comhordaithe i leith taisteal chuig an Aontas le linn phaindéim COVID‑19. An tráth céanna, níor cheart cosc a bheith ar na Ballstáit leis sin vacsaíniú agus tástáil a thairiscint do na catagóirí daoine sin.
Chun bheith in ann freagairt go tapa d’athraithigh SARS‑CoV-2 atá ag teacht chun cinn, ba cheart an ‘coscán éigeandála’ a choinneáil, is é sin nuair a d’fhéadfaí bearta sa bhreis ar Dheimhniú Digiteach COVID AE a dhéanamh. Chun é a ailíniú leis na hathruithe a leagtar amach thuas, ba cheart a shoiléiriú go bhféadfaí an nós imeachta coscáin éigeandála a úsáid mar fhreagairt ar theacht chun cinn athraithigh nua SARS‑CoV-2 ar díol imní nó spéise é, agus é mar aidhm leis moill a chur ar a leathadh trí bhíthin srianta taistil, tuilleadh ama a fháil chun acmhainneacht borrtha ospidéil a chur chun gnímh, agus forbairt vacsaíní a spreagadh. D’fhéadfaí é a úsáid freisin i gcásanna ina dtéann an staid eipidéimeolaíoch in olcas go tapa agus go mór ar bhealach a thugann le tuiscint go bhfuil athraitheach nua SARS‑CoV-2 tagtha chun cinn ar díol imní nó spéise é.
I gcás ina dtabharfaidh Ballstát ceanglas isteach chun Deimhniú Digiteach COVID AE bailí a thíolacadh, nó i gcás ina ndéanfaidh sé bearta breise i gcomhréir leis an nós imeachta coscáin éigeandála, ba cheart dó an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas go pras dá réir sin tríd an líonra Comhtháite maidir le Freagairt Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna (IPCR) agus faisnéis a sholáthar maidir leis na cúiseanna, an tionchar a mheastar a bheidh aige, teacht i bhfeidhm agus fad aon sriain taistil den sórt sin. Ba cheart faisnéis a chuimsiú leis sin amhail cén fáth a gcomhlíonann tabhairt isteach srianta taistil den sórt sin prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta, mar shampla i ngeall ar shuíomh geografach ar leith an Bhallstáit lena mbaineann nó ar leochaileachtaí ar leith a chórais náisiúnta cúraim sláinte féin.
Chun faisnéis thráthúil ábhartha ionadaíoch a fháil maidir le teacht chun cinn agus scaipeadh athraithigh SARS‑CoV-2 ar díol imní nó spéise iad, ba cheart do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar scaipeadh athraithigh éagsúla SARS‑CoV-2 sa phobal trí shamplaí ionadaíocha a roghnú lena seicheamhú, trí thréithriú géiniteach a dhéanamh agus torthaí thíopáil na n‑athraitheach a thuairisciú i gcomhréir leis an treoraíocht faoin seicheamhú arna foilsiú ag ECDC.
Tá sé tábhachtach i gcónaí freisin a áirithiú go mbeidh faisnéis faoi aon bheart nua ar fáil go poiblí a luaithe is féidir. Go deimhin, mar a tugadh faoi deara ag an gCoimisiún sa Teachtaireacht uaidh an 2 Meán Fómhair 2022, ba cheart do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh eolas maith ag taistealaithe a d’fhéadfadh a bheith ann faoi shrianta taistil a d’fhéadfadh a bheith orthu agus iad ag dul isteach i mBallstát eile. Tá an t‑ardán gréasáin ‘Re-Open EU’ ina phríomhphointe tagartha i gcónaí d’aon duine atá ag taisteal san Aontas.
Tá sé molta ag an gCoimisiún freisin deireadh a chur leis an léarscáil solais tráchta a d’fhoilsigh ECDC ó glacadh Moladh (AE) 2020/1475 ón gComhairle i mí Dheireadh Fómhair 2020. I bhfianaise forbairtí eipidéimeolaíocha, rinneadh modheolaíocht na léarscáile a oiriúnú i mí Feabhra 2021, i mí an Mheithimh 2021, agus i mí Eanáir 2022. Bhí an mhodheolaíocht is déanaí bunaithe ar an taithí a fuarthas leis an athraitheach Delta agus baineadh úsáid as an ráta fógartha 14 lá, arna ualú de réir an glactha vacsaínithe. Mar sin féin, de thoradh an lín aird ionfhabhtaithe arbh é an t‑athraitheach Omicron ba chúis leo, rinneadh codanna móra den léarscáil a mharcáil le ‘dúdhearg’ cé gur chuir na Ballstáit uile deireadh lena srianta ar shaorghluaiseacht. Ina theannta sin, de réir mar a chuir na Ballstáit a gcórais tástála in oiriúint, bhí an t‑iliomad réigiún marcáilte le ‘dúliath’ toisc gur thit na rátaí tástála a tuairiscíodh faoi bhun na tairsí a bunaíodh le Moladh (AE) 2022/107. An t‑athrú sin ar straitéisí tástála i dtreo tástáil a dhéanamh ar shamplaí ionadaíocha den daonra, ní athróidh sé sin sna blianta beaga amach romhainn. Dá thoradh sin, níor leor an léarscáil solais tráchta chun an staid eipidéimeolaíoch san Aontas a chur in iúl. Tar éis plé a dhéanamh leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún, chuir ECDC foilsiú na léarscáile ar fionraí go sealadach i mí Iúil 2022.
Dá bhrí sin, molann an Coimisiún freisin fáil réidh leis na tagairtí do bhearta sonracha breise do dhaoine atá ag taisteal ó limistéir ‘dhúdhearg’ a bhaint, mar aon leis an léarscáil solais tráchta. In aon chás, leanfaidh ECDC de bheith ag foilsiú sonraí maidir le táscairí eipidéimeolaíocha ábhartha. Áirithítear leis sin go mbeidh an fhéidearthacht ann i gcónaí comparáid a dhéanamh idir an staid eipidéimeolaíoch ar fud na réigiún éagsúil, go háirithe i gcás ina mbeidh an staid eipidéimeolaíoch ag dul in olcas.
Ar deireadh, maidir le feidhmiú na saorghluaiseachta, is ceanglas breise é foirmeacha aimsithe paisinéirí (‘PLF’) a chur isteach go héigeantach i gcomhthéacs taisteal laistigh den Aontas chun rianú teagmhálaithe a dhéanamh. Dá bhrí sin, ní bheidh bonn cirt leis an gceanglas sin ach amháin más gá agus más comhréireach. Go háirithe, níor cheart do na Ballstáit a chur de cheangal ar thaistealaithe a bhaineann úsáid as iompar príobháideach, bíodh sé sin i bhfoirm gluaisteán, rothar nó siúl na gcos, PLF a chur isteach. Is amhlaidh atá toisc nach mbíonn a nochtadh chomh dian céanna ná mar a bhíonn i gcás an iompair phoiblí agus toisc go mbíonn a fhios acu de ghnáth cé hiad a gcomhchompánaigh taistil.
An tráth céanna, más mian leis na Ballstáit rianú teagmhálaithe paisinéirí trasteorann a ghníomhachtú, tá uirlisí comhchoiteanna, amhail Foirm Aimsithe Paisinéirí dhigiteach an Aontais agus an t‑ardán malartaithe foirmeacha aimsithe paisinéirí (PLF), ar fáil chun sonraí paisinéirí a mhalartú chun a gcumais rianaithe teagmhálaithe a fheabhsú agus ualaí ar phaisinéirí agus ar oibreoirí iompair a theorannú an tráth céanna. Chun an gá le PLF a chur isteach a sheachaint, d’fhéadfadh na Ballstáit, i gcás inar féidir faoin dlí náisiúnta agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le cosaint sonraí, breithniú a dhéanamh freisin ar shonraí paisinéirí atá ann cheana a úsáid chun rianú teagmhálaithe a dhéanamh.
Leanfaidh an Coimisiún, le tacaíocht ó ECDC, dá athbhreithniú rialta a dhéanamh ar Mholadh (AE) 2022/107. I gcás inar gá, molfaidh sé tuilleadh leasuithe i bhfianaise forbairtí eipidéimeolaíocha nua.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Leis an moladh sin, cuirtear chun feidhme na forálacha atá ann cheana a bhaineann le srianta ar an tsaorghluaiseacht ar fhorais na sláinte poiblí.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an moladh sin i gcomhréir le beartais eile de chuid an Aontais, lena n‑áirítear na bearta a bhaineann leis an tsláinte phoiblí agus rialuithe ag teorainneacha inmheánacha.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
An Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go háirithe Airteagal 21(2), Airteagal 168(6) agus Airteagal 292 de.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Le hAirteagal 292 CFAE, cuirtear ar a cumas don Chomhairle moltaí a ghlacadh. De réir na forála sin, gníomhóidh an Chomhairle ar thogra ón gCoimisiún i ngach cás ina bhforáiltear sna Conarthaí go nglacfaidh sí gníomhartha ar thogra ón gCoimisiún.
Tá feidhm aige sin agus cúrsaí mar atá, ós rud é go bhfuil gá le cur chuige comhsheasmhach chun suaití a sheachaint arb iad bearta aontaobhacha nach gcuireann srian ar an tsaorghluaiseacht laistigh den Aontas ba chúis leo. Sonraítear in Airteagal 21(1) CFAE go mbeidh an ceart ag gach saoránach den Aontas gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí agus leis na bearta arna nglacadh chun éifeacht a thabhairt dóibh. Más cosúil gur gá gníomhaíocht ón Aontas chun an cuspóir sin a bhaint amach, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, forálacha a ghlacadh d’fhonn feidhmiú na gceart sin a éascú.
De bhun Airteagal 168(6), féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, moltaí a ghlacadh freisin chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a áirithiú i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí uile an Aontais
•Comhréireacht
Is dócha go dtiocfadh srianta ar shaorghluaiseacht atá neamhréireach agus ilroinnte chun cinn de thoradh bearta aontaobhacha nó neamh‑chomhordaithe a ghlacadh, rud a d’fhágfadh go mbeadh éiginnteacht ann do shaoránaigh an Aontais agus a gcearta Aontais á bhfeidhmiú acu. Ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach agus comhréireach chun an cuspóir atá beartaithe a bhaint amach.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Cuirtear san áireamh sa togra an plé a dhéantar go tráthrialta leis na Ballstáit, an fhaisnéis atá ar fáil maidir leis an staid eipidéimeolaíoch a bhíonn ag síorathrú, agus an fhianaise eolaíoch ábhartha atá ar fáil.
•Measúnú tionchair
•Cearta bunúsacha
Is ceart bunúsach í an tsaoirse gluaiseachta a chumhdaítear in Airteagal 45 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Faoi réir phrionsabal na comhréireachta, ní fhéadfar teorainneacha a dhéanamh ach amháin má tá gá leo agus má fhreagraíonn siad iarbhír do chuspóirí leasa ghinearálta arna n‑aithint ag an Aontas nó don riachtanas cearta agus saoirse daoine eile a chosaint. Le hAirteagal 21 den Chairt tá sé toirmiscthe aon srian a chur ar fhoras náisiúntachta laistigh de raon feidhme na gConarthaí.
Aon teorainn ar shaorghluaiseacht laistigh den Aontas a bhfuil bonn cirt léi ar fhorais sláinte poiblí, ní mór an teorainn sin a bheith riachtanach, comhréireach agus bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus neamh‑idirdhealaitheacha. Ní mór iad a bheith oiriúnach chun a áirithiú go mbainfear amach an cuspóir a shaothraítear leo; agus ní mór nach dtéann siad thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
5.EILIMINTÍ EILE
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Moltar na hathruithe seo a leanas ar Mholadh (AE) 2022/107:
–Ba cheart go mbeadh sé ina ghnáthchleachtas nach mbeadh aon srian ar an tsaorghluaiseacht a bhaineann leis an bpaindéim agus nach mbeadh an oibleagáid ann ach an oiread Deimhniú Digiteach COVID a bheith ina seilbh ag daoine.
–Más rud é, mar fhreagairt ar staid eipidéimeolaíoch atá ag dul in olcas go mór, go bhfuil gá le srianta ar an tsaorghluaiseacht mar sin féin chun an tsláinte phoiblí a chosaint agus a bheith comhréireach, ba cheart iad a bheith teoranta don cheanglas atá ann Deimhniú Digiteach COVID an Aontais a bheith ina sheilbh ag duine, agus ba cheart taistealaithe riachtanacha, leanaí agus comaitéirí trasteorann a dhíolmhú ón gceanglas sin. Má thugann Ballstát srianta den sórt sin isteach, ba cheart dó faisnéis a sholáthar go pras don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir leis na cúiseanna, an tionchar a mheastar a bheidh acu, agus teacht i bhfeidhm agus fad na srianta sin, agus ba cheart dó deireadh a chur leo a luaithe is féidir de réir na staide eipidéimeolaíche. Ba cheart srianta den sórt sin a phlé laistigh den líonra comhtháite maidir le Freagairt Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna (IPCR), lena n‑áirítear d’fhonn comhsheasmhacht a áirithiú leis na rialacha maidir le taisteal ó thríú tíortha.
–Ba cheart do na Ballstáit glacadh le deimhnithe vacsaínithe arna n‑eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 i ndáil le vacsaín in aghaidh COVID‑19 a bhfuil an nós meachta um liostú úsáide éigeandála de chuid EDS curtha i gcrích acu. D’fhéadfadh na Ballstáit glacadh le deimhnithe vacsaínithe arna n‑eisiúint do rannpháirtithe i dtrialacha cliniciúla de bhun Airteagal 5(5) de Rialachán (AE) 2021/953.
–Áirítear freisin sa phointe maidir leis na deimhnithe tástála deimhnithe bunaithe ar mhearthástálacha antaiginí saotharlann‑bhunaithe a luaitear i liosta comhchoiteann an Aontais de mhearthástálacha antaiginí COVID‑19 dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/953.
–An pointe maidir le deimhnithe téarnaimh, tá sé sin teoranta do chrostagairt do Rialachán (AE) 2021/953, agus i bhfianaise na féidearthachta deimhnithe den sórt sin a eisiúint ar bhonn tástálacha antaiginí a tugadh isteach le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/256 ón gCoimisiún.
–Taidhleoirí, baill foirne ó eagraíochtaí idirnáisiúnta nó daoine ar na baill foirne sin cuireadh dóibh, pearsanra míleata, oibrithe i réimse na cabhrach daonnúla, pearsanra cosanta sibhialta agus daoine a chumhdaítear le hAirteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle, ba cheart na daoine sin a bheith ar liosta na dtaistealaithe riachtanacha freisin agus ba cheart an liosta sin a bheith comhsheasmhach leis an liosta dá bhforáiltear sa Mholadh ón gComhairle maidir le taisteal ó thríú tíortha.
–D’fhéadfaí bearta breise a dhéanamh mar ‘choscán éigeandála’ chun cur chuige comhordaithe a áirithiú nuair a thagann athraitheach nua SARS‑CoV-2, ar díol imní nó spéise é, chun cinn.
–Ba cheart do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar scaipeadh athraithigh éagsúla SARS‑CoV-2 sa phobal trí shamplaí ionadaíocha a roghnú lena seicheamhú, trí thréithriú géiniteach a dhéanamh agus torthaí thíopáil na n‑athraitheach a thuairisciú i gcomhréir leis an treoraíocht faoin seicheamhú arna foilsiú ag ECDC.
–I gcás ina ngníomhachtaíonn Ballstát an coscán éigeandála mar fhreagairt ar theacht chun cinn athraitheach nua SARS‑CoV-2 ar díol imní nó spéise é, níor cheart é a chur de cheangal ar thaistealaithe ar bunriachtanach a bhfeidhm nó a riachtanas ná ar chomaitéirí trasteorann coraintín nó féinleithlisiú a dhéanamh.
–Scriostar léarscáil solais tráchta an Aontais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh agus mar aon leis na tagairtí ábhartha i bpointí 17 go 19, lena n‑áirítear na tagairtí comhfhreagracha do limistéir ‘dhúdhearga’.
–Déantar an pointe maidir le PLF a oiriúnú chun é a ailíniú leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 2 Meán Fómhair 2022 agus chun a mholadh nach n‑éileoidh na Ballstáit PLF a chur isteach le haghaidh taisteal le hiompar príobháideach nó de shiúl na gcos.
2022/0334 (NLE)
Togra le haghaidh
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Moladh (AE) 2022/107 maidir le cur chuige comhordaithe chun saorghluaiseacht shábháilte a éascú le linn phaindéim COVID‑19
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 21(2), Airteagal 168(6) agus an chéad agus an dara habairt d’Airteagal 292 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)An 25 Eanáir 2022, ghlac an Chomhairle Moladh (AE) 2022/107 maidir le cur chuige comhordaithe chun saorghluaiseacht shábháilte a éascú le linn phaindéim COVID‑19 agus a chuirtear in ionad Mholadh (AE) 2020/1475. Le Moladh (AE) 2022/107, leantar cur chuige ‘duinebhunaithe’ maidir le srianta ar an tsaorghluaiseacht a bhaineann le paindéim COVID‑19, trína fhoráil, i bprionsabal, nár cheart duine a bhfuil deimhniú bailí ina sheilbh aige arna eisiúint ar bhonn Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘Deimhniú Digiteach COVID AE’) a chur faoi réir srianta breise, mar shampla, tástálacha nó coraintín, gan beann ar a n‑áit imeachta san Aontas. D’fhéadfaí a chur de cheangal ar dhaoine nach bhfuil Deimhniú Digiteach COVID AE acu tástáil a dhéanamh sula dtagann siad nó tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig ina dhiaidh sin. Le Moladh (AE) 2022/107, rinneadh oiriúnú freisin ar mhodheolaíocht na léarscáile soilse tráchta lena léirítear an staid eipidéimeolaíoch ar an leibhéal réigiúnach ar fud an Aontais arna bhunú le Moladh (AE) 2020/1475 ón gComhairle agus arna foilsiú go seachtainiúil ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú.
(2)An 25 Samhain 2021, nuair a ghlac an Coimisiún a thogra as a dtiocfadh Moladh (AE) 2022/107, bhí an staid eipidéimeolaíoch maidir le paindéim COVID‑19 an‑difriúil ón lá atá inniu ann. An tráth sin, bhí an t‑athraitheach Delta, athraitheach ar díol imní é, fós forleathan san Aontas. Breis agus deich mí ina dhiaidh sin, is é an t‑athraitheach Omicron an‑in‑tarchurtha – i bhfoirm fo-athraitheach éagsúil – an t‑athraitheach ceannasach san Aontas.
(3)Níl Omicron chomh dian céanna leis an athraitheach Delta a breathnaíodh roimhe seo, rud ar féidir é a chur ar a laghad go páirteach ina leith éifeacht chosanta vacsaínithe agus ionfhabhtú roimhe seo. Dá thoradh sin, agus i gcomhar le leibhéil níos airde cosanta mar thoradh ar vacsaíniú agus ar ionfhabhtú roimhe sin, tá an brú ar chórais cúraim sláinte fós ar leibhéil inláimhsithe faoi láthair, fiú le linn buaicphointí meandracha ionfhabhtuithe amhail an ráig arb iad fo-athraithigh Omicron BA.4 agus BA.6 a tugadh faoi deara le linn shamhradh 2022 ba chúis léi.
(4)Aon srian ar shaorghluaiseacht a chuirtear i bhfeidhm mar fhreagairt ar phaindéim COVID‑19, ní rachaidh siad thar a bhfuil riachtanach chun an tsláinte phoiblí a chosaint. Mar a tugadh le fios i bpointí 1 agus 2 de Mholadh (AE) 2022/107 ón gComhairle, ba cheart deireadh a chur le haon srian den sórt sin, i gcomhréir le prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta, a luaithe is féidir sin i bhfianaise na staide eipidéimeolaíche. Faoi mhí Lúnasa 2022, chuir na Ballstáit uile deireadh leis na bearta uile a dhéanann difear do shaorghluaiseacht daoine san Aontas, lena n‑áirítear an ceanglas atá ar thaistealaithe Deimhniú Digiteach COVID AE a bheith acu.
(5)Dá bhrí sin, ba cheart an cur chuige a leagtar amach i Moladh (AE) 2022/107 a oiriúnú. Go háirithe, ba cheart an Moladh sin a leasú chun foráil a dhéanamh nár cheart do na Ballstáit, i bprionsabal, aon srian a bhaineann le paindéim a fhorchur ar shaorghluaiseacht daoine ar fhorais na sláinte poiblí. Tar éis d’athraitheach nua teacht chun cinn ar díol imní é, is é an rud a cuireadh in iúl le linn ráig shamhradh 2022 an chaoi a gcuireann ardscaipeadh víris brú suntasach ar chórais cúraim sláinte náisiúnta. Leagtar béim leis sin ar a thábhachtaí atá cur chuige stuama agus breithniú á dhéanamh ar shrianta a thabhairt isteach ar shaorghluaiseacht daoine bunaithe ar líon na gcásanna nó ar athraitheach nua a bheith ann.
(6)Ag tráth céanna, níl deireadh le paindéim dhomhanda COVID‑19 go fóill. Ráigeanna nua d’ionfhabhtuithe a d’fhéadfadh an staid eipidéimeolaíoch a dhéanamh níos measa, lena n‑áirítear mar thoradh ar athraitheach nua ar díol imní é, ní féidir ráigeanna den sórt sin a chur as an áireamh. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach leanúint d’iarrachtaí ullmhachta a chomhordú ar fud an Aontais. Mar chuid de na hiarrachtaí sin, an 29 Meitheamh 2022, chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle síneadh le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/953 maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE go dtí an 30 Meitheamh 2023.
(7)Le síneadh le creat Dheimhniú Digiteach COVID AE, áirithítear gur féidir le saoránaigh an Aontais leanúint de thairbhe a bhaint as deimhnithe idir-inoibritheacha a nglactar leo go frithpháirteach i ndáil le vacsaíniú COVID‑19, tástáil COVID‑19 agus téarnamh ó COVID‑19, i gcásanna ina bhféadfadh na Ballstáit a mheas gur gá srianta áirithe ar an tsaorghluaiseacht a thabhairt isteach arís ar bhonn sealadach bunaithe ar an tsláinte phoiblí. An tráth céanna, tá sé tábhachtach a chur i bhfios go láidir nach gcuireann Rialachán (AE) 2021/953 oibleagáid ar bith ar na Ballstáit cruthúnas ar stádas vacsaínithe, stádas tástála nó stádas téarnaimh a cheangal i gcomhthéacs fheidhmiú na saorghluaiseachta.
(8)I gcás ina measann Ballstát, mar fhreagairt ar an staid eipidéimeolaíoch a bheith ag dul in olcas go mór, go bhfuil srianta ar shaorghluaiseacht riachtanach mar sin féin chun an tsláinte phoiblí a chosaint agus go bhfuil siad comhréireach, ba cheart na srianta sin a theorannú do cheangal a chur ar thaistealaithe Deimhniú Digiteach COVID bailí de chuid an Aontais a bheith acu. Go háirithe, níor cheart a chur de cheangal ar dhaoine atá ag taisteal laistigh den Aontas agus a bhfuil Deimhniú Digiteach COVID AE bailí acu coraintín, féinleithlisiú nó tástáil bhreise a dhéanamh sna cásanna sin. Chun a chinneadh ar cheart staid a cháiliú mar dhul in olcas tromchúiseach na staide eipidéimeolaíche, ba cheart do na Ballstáit an brú ar a gcóras cúraim sláinte de dheasca COVID‑19 a chur san áireamh go háirithe maidir le hospidéalú agus líon na n‑othar cónaitheacha san ospidéal agus in aonaid dianchúraim. Sa chomhthéacs sin, foilsíonn an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú sonraí ábhartha maidir le forbairt na staide eipidéimeolaíche.
(9)Ba cheart do na Ballstáit a mheas freisin an dócha go mbeadh tionchar dearfach ag srianta den sórt sin ar an staid eipidéimeolaíoch, lena n‑áirítear laghdú suntasach ar an mbrú a chuirtear ar chórais cúraim sláinte náisiúnta, ós rud é go n‑imríonn tosca intíre tionchar níos láidre ar an staid eipidéimeolaíoch de ghnáth ná an taisteal trasteorann. I gcásanna den sórt sin, d’fhéadfadh idirghabhálacha neamhchógaisíochta intíre, amhail caitheamh masc, aeráil agus scaradh fisiciúil, a bheith éifeachtach chun moill a chur ar leathadh COVID‑19, má chuirtear chun feidhme iad go luath agus go cuimsitheach agus má chuireann an tsochaí iad i bhfeidhm go leordhóthanach.
(10)Maidir leis an gceanglas a d’fhéadfadh a bheith ann Deimhniú Digiteach COVID AE bailí a bheith agat, na leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/953 a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2022/1034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ba cheart iad a léiriú i Moladh (AE) 2022/107. Ar an gcéad dul síos, ba cheart a lua go bhféadfaidh Ballstáit eile glacadh le Deimhnithe Digiteacha COVID AE arna n‑eisiúint do dhaoine atá rannpháirteach i dtrialacha cliniciúla le haghaidh vacsaíní in aghaidh COVID‑19 chun srianta ar an tsaorghluaiseacht a tharscaoileadh. Chun feidhmiú na saorghluaiseachta a éascú do shaoránaigh den Aontas a fuair vacsaín in aghaidh COVID‑19 a bhfuil an nós imeachta um liostú úsáide éigeandála de chuid EDS curtha i gcrích acu ina leith, moltar do na Ballstáit glacadh le Deimhnithe Digiteacha COVID AE a eisíodh tar éis na vacsaíní sin a thabhairt. Ina theannta sin, is féidir deimhnithe tástála agus téarnaimh a eisiúint anois ar bhonn mearthástálacha antaiginí saotharlann‑bhunaithe.
(11)I bhfianaise a gcúinsí sonracha nó a bhfeidhme bunriachtanaí, ba cheart catagóirí áirithe taistealaithe a dhíolmhú ó cheanglas a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le deimhniú digiteach COVID AE a bheith ina seilbh acu. I bhfianaise na staide slándála atá ann faoi láthair, tá sé tábhachtach go n‑áirítear go sainráite ar an liosta sin taidhleoirí, baill foirne ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, daoine a fhaigheann cuireadh ó eagraíochtaí idirnáisiúnta a theastaíonn a bheith ar an láthair ar mhaithe le dea-fheidhmiú na n‑eagraíochtaí sin, pearsanra míleata, oibrithe cabhrach daonnúla agus pearsanra cosanta sibhialta. Ba cheart daoine a chumhdaítear le hAirteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle a bheith ar an liosta freisin agus ba cheart iad a bheith comhsheasmhach le Moladh (AE) 2022/XXXX ón gComhairle. An tráth céanna, níor cheart cosc a bheith ar na Ballstáit leis sin vacsaíniú agus tástáil a thairiscint do na catagóirí daoine sin.
(12)Chun a bheith in ann freagairt go tapa d’athraithigh SARS‑CoV-2 atá ag teacht chun cinn, ba cheart an ‘coscán éigeandála’, is é sin le rá, an fhéidearthacht bearta eile a dhéanamh sa bhreis ar Dheimhniú Digiteach COVID AE, a choinneáil. D’fhéadfaí úsáid a bhaint as an nós imeachta ‘coscáin éigeandála’ mar fhreagairt ar athraitheach nua SARS‑CoV-2 a tháinig chun cinn ar díol imní nó spéise é, agus é mar aidhm aige moill a chur ar a leathadh trí bhíthin srianta taistil, chun go mbeidh am ann don acmhainneacht borrtha ospidéil a shlógadh, agus forbairt vacsaíní a spreagadh. D’fhéadfaí é a úsáid freisin i gcásanna ina dtéann an staid eipidéimeolaíoch in olcas go tapa agus go mór ar bhealach a thugann le tuiscint go bhfuil athraitheach nua SARS‑CoV-2 tagtha chun cinn ar díol imní nó spéise é.
(13)I gcás ina dtabharfaidh Ballstát ceanglas isteach chun Deimhniú Digiteach COVID AE bailí a thíolacadh, nó i gcás ina ndéanfaidh sé bearta breise i gcomhréir leis an nós imeachta coscáin éigeandála, ba cheart dó an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas go pras dá réir sin tríd an líonra freagartha comhtháite polaitiúla ar ghéarchéimeanna, agus faisnéis a sholáthar maidir leis na cúiseanna, an tionchar a mheastar a bheidh aige, teacht i bhfeidhm agus fad aon srianta taistil den sórt sin. Ba cheart faisnéis a chuimsiú leis sin amhail cén fáth a gcomhlíonann tabhairt isteach srianta taistil den sórt sin prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta, mar shampla i ngeall ar shuíomh geografach ar leith an Bhallstáit lena mbaineann nó ar leochaileachtaí ar leith a chórais náisiúnta cúraim sláinte féin. Ba cheart a áirithiú leis sin comhsheasmhacht leis na rialacha maidir le taisteal ó thríú tíortha.
(14)Chun faisnéis thráthúil, ábhartha agus ionadaíoch a fháil maidir le teacht chun cinn agus scaipeadh athraitheacha SARS‑CoV-2 ar díol imní iad nó spéise iad, ba cheart do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar scaipeadh athraitheach éagsúil SARS‑CoV-2 sa phobal trí shamplaí ionadaíocha a roghnú lena seicheamhú, trí thréithriú géiniteach a dhéanamh agus torthaí tíopála athraitheacha a thuairisciú i gcomhréir leis an treoraíocht seicheamhaithe arna foilsiú ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú.
(15)Tá sé tábhachtach i gcónaí freisin a áirithiú go mbeidh faisnéis maidir le haon bheart nua ar fáil go poiblí a luaithe is féidir. Go deimhin, mar a thug an Coimisiún le fios sa teachtaireacht uaidh an 2 Meán Fómhair 2022, ba cheart do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh eolas maith ag taistealaithe a d’fhéadfadh a bheith ann faoi shrianta taistil a d’fhéadfadh a bheith orthu agus iad ag dul isteach i mBallstát eile. Tá an t‑ardán gréasáin ‘Re-Open EU’ ina phríomhphointe tagartha i gcónaí d’aon duine atá ag taisteal san Aontas.
(16)Is iomchuí scor den léarscáil soilse tráchta a d’fhoilsigh an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú ó glacadh Moladh (AE) 2020/1475 i mí Dheireadh Fómhair 2020. I bhfianaise forbairtí eipidéimeolaíocha, rinneadh modheolaíocht na léarscáile a oiriúnú cúpla uair. Bhí an mhodheolaíocht is déanaí bunaithe ar an taithí a fuarthas leis an athraitheach Delta agus baineadh úsáid as an ráta fógartha 14 lá, arna ualú de réir an glactha vacsaínithe. Mar sin féin, mar thoradh ar an líon ard ionfhabhtaithe arb é an t‑athraitheach Omicron ba chúis leis, rinneadh codanna móra den léarscáil a mharcáil i ‘dúdhearg’, in ainneoin gur chuir na Ballstáit uile deireadh lena srianta ar shaorghluaiseacht. Ina theannta sin, de réir mar a chuir na Ballstáit a gcórais tástála in oiriúint, bhí an t‑iliomad réigiún marcáilte le ‘dúliath’ toisc gur thit na rátaí tástála a tuairiscíodh faoi bhun na tairsí a bunaíodh le Moladh (AE) 2022/107. An t‑athrú sin ar straitéisí tástála i dtreo tástáil a dhéanamh ar shamplaí ionadaíocha den daonra, ní athróidh sé sin sna blianta beaga amach romhainn. Dá thoradh sin, níor leor an léarscáil solais tráchta chun an staid eipidéimeolaíoch san Aontas a chur in iúl. Tar éis plé leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún, chuir an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú foilsiú na léarscáile ar fionraí go sealadach i mí Iúil 2022.
(17)Dá bhrí sin, ba cheart na tagairtí do bhearta sonracha breise le haghaidh daoine atá ag taisteal ó limistéir ‘dúdhearg’ a bhaint de Mholadh (AE) 2022/107 in éineacht leis an léarscáil soilse tráchta.
(18)Maidir le feidhmiú na saorghluaiseachta, is ceanglas breise é foirmeacha aimsithe paisinéirí (PLF) a chur isteach go héigeantach i gcomhthéacs taisteal laistigh den Aontas chun críocha rianaithe teagmhálaithe. Dá bhrí sin, ní bheidh bonn cirt leis an gceanglas sin ach amháin más gá agus más comhréireach. Go háirithe, níor cheart do na Ballstáit a chur de cheangal ar thaistealaithe a bhaineann úsáid as iompar príobháideach, bíodh sé sin i bhfoirm gluaisteán, rothar nó siúl na gcos, PLF a chur isteach. Is amhlaidh atá toisc nach mbíonn a nochtadh chomh dian céanna ná mar a bhíonn i gcás an iompair phoiblí agus toisc go mbíonn a fhios acu de ghnáth cé hiad a gcomhchompánaigh taistil.
(19)An tráth céanna, más mian leis na Ballstáit rianú teagmhálaithe paisinéirí trasteorann a ghníomhachtú, tá uirlisí comhchoiteanna, amhail Foirm Aimsithe Paisinéirí dhigiteach an Aontais agus an t‑ardán malartaithe foirmeacha aimsithe paisinéirí (PLF), ar fáil chun sonraí paisinéirí a mhalartú chun a gcumais rianaithe teagmhálaithe a fheabhsú agus ualaí ar phaisinéirí agus ar oibreoirí iompair a theorannú an tráth céanna. Chun an gá le PLF a chur isteach a sheachaint, d’fhéadfadh na Ballstáit, i gcás inar féidir faoin dlí náisiúnta agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le cosaint sonraí, breithniú a dhéanamh freisin ar shonraí paisinéirí atá ann cheana a úsáid chun rianú teagmhálaithe a dhéanamh.
(20)Ba cheart don Choimisiún, le tacaíocht ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú, leanúint dá athbhreithniú rialta ar Mholadh (AE) 2022/107, agus a thorthaí a tharchur chuig an gComhairle lena mbreithniú, mar aon le togra chun an Moladh sin a leasú, i gcás inar gá,
TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:
Leasaítear Moladh (AE) 2022/107 mar a leanas:
(1)cuirtear an méid a leanas in ionad an cheannteidil ‘Creat comhordaithe chun saorghluaiseacht shábháilte a éascú le linn phaindéim COVID‑19’ i ndiaidh phointe 10:
‘Creat comhordaithe maidir le saorghluaiseacht shábháilte le linn phaindéim COVID‑19’;
(2)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 11:
‘11. Níor cheart do na Ballstáit aon srian a bhaineann le paindéim a fhorchur ar an gceart chun saorghluaiseachta atá ag daoine ar fhorais na sláinte poiblí ach amháin sna cásanna a chumhdaítear le pointí 11d agus 22.’;
(3)cuirtear pointe 11a, pointe 11b agus pointe 11c seo a leanas isteach:
‘11a. Gan dochar don nós imeachta coscáin éigeandála a leagtar amach i bpointe 22, ba cheart do Bhallstát srianta a bhaineann le paindéim a thabhairt isteach ar an gceart chun saorghluaiseachta daoine ar fhorais na sláinte poiblí amháin i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta a leagtar amach i bpointí 1 go 10 agus mar fhreagairt ar dhul in olcas tromchúiseach na staide eipidéimeolaíche.
Chun a chinneadh ar cheart staid, chun críocha na chéad fhomhíre, a cháiliú mar staid eipidéimeolaíoch atá ag éirí i bhfad níos measa, ba cheart do na Ballstáit an brú ar a gcóras cúraim sláinte de dheasca COVID‑19 a chur san áireamh go háirithe maidir le hospidéalú agus líon na n‑othar cónaitheacha san ospidéal agus in aonaid dianchúraim a chur san áireamh.
Sula dtabharfar isteach srianta den sórt sin, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann a mheas an mbeidh nó nach mbeidh tionchar dearfach acu ar an staid eipidéimeolaíoch, lena n‑áirítear laghdú suntasach ar an mbrú a chuirtear ar chórais cúraim sláinte náisiúnta.
Ba cheart don Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú faisnéis rialta a sholáthar do na Ballstáit agus don Choimisiún maidir le forbairt na staide eipidéimeolaíche.
11b. Má fhorchuireann Ballstát srianta de bhun phointe 11d, níor cheart a chur de cheangal ar thaistealaithe ach Deimhniú Digiteach COVID AE bailí a bheith acu agus é sin amháin a bheith acu, ar deimhniú é arna eisiúint de bhun Rialachán (AE) 2021/953 a chomhlíonann coinníollacha phointe 12.
Sa chomhthéacs sin, ba cheart feidhm a bheith ag na maoluithe seo a leanas:
(a)na díolúintí ón ngá atá le Deimhniú Digiteach COVID AE bailí a bheith agat a leagtar amach i bpointe 16;
(b)bearta breise a ghlactar i gcomhréir leis an nós imeacht coscáin éigeandála a leagtar amach i bpointe 22 chun moill a chur le leathadh athraitheach nua SARS CoV-2 ar díol imní nó spéise iad.
11c. Má fhorchuireann Ballstát srianta de bhun phointe 11a, ba cheart dó an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas go pras dá réir sin tríd an líonra freagartha comhtháite polaitiúla ar ghéarchéimeanna. Chuige sin, ba cheart don Bhallstát an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar:
(a)na cúiseanna atá le ceanglas den sórt sin, lena n‑áirítear an chaoi a gcomhlíonann sé prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta;
(b)meastachán ar an tionchar a mheastar a bheidh ag ceanglas den sórt sin ar an staid eipidéimeolaíoch, lena n‑áirítear i dtéarmaí brú a chuirtear ar chórais náisiúnta cúraim sláinte;
(c)teacht i bhfeidhm agus fad an cheanglais sin.
Ina theannta sin, ba cheart na srianta sin a phlé laistigh den líonra freagartha polaitiúla ar ghéarchéimeanna, lena n‑áirítear d’fhonn comhsheasmhacht le Moladh (AE) 2022/XXXX a áirithiú.’
(4)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 12:
‘12. Ba cheart glacadh le Deimhnithe Digiteacha COVID AE seo a leanas más féidir a bharántúlacht, a bhailíocht agus a shláine a fhíorú:
(a)deimhniú vacsaínithe arna n‑eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 i ndáil le vacsaín in aghaidh COVID‑19 a chumhdaítear leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 5(5) den Rialachán sin nó le vacsaín in aghaidh COVID‑19 a bhfuil an nós imeachta um liostú úsáide éigeandála de chuid EDS curtha i gcrích acu agus a léiríonn go bhfuil an méid seo a leanas déanta ag an sealbhóir:
–gur chríochnaigh sé an phríomhshraith vacsaínithe agus go bhfuil 14 lá ar a laghad caite ó bhí an dáileog dheireanach ann; nó
–go bhfuair sé teanndáileog amháin nó níos mó tar éis an tsraith vacsaínithe phríomhúil a chríochnú;
ar choinníoll nach bhfuil an tréimhse ghlactha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/953 caite go fóill.
Anuas air sin, d’fhéadfadh na Ballstáit glacadh le deimhnithe vacsaínithe arna n‑eisiúint le haghaidh vacsaíní eile in aghaidh COVID‑19 a chumhdaítear leis an dara fomhír d’Airteagal 5(5) de Rialachán (AE) 2021/953 nó le deimhnithe vacsaínithe arna n‑eisiúint de bhun an cheathrú fomhír d’Airteagal 5(5) de Rialachán (AE) 2021/953.
Ar bhonn tuilleadh fianaise eolaíche, ba cheart don Choimisiún athmheastóireacht a dhéanamh go rialta ar an gcur chuige a leagtar amach i bpointe (a).
(b)deimhnithe tástála a eisítear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 agus lena léirítear toradh diúltach tástála a fuarthas:
–nach faide ná 72 uair an chloig roimh theacht isteach, i gcás tástáil aimpliúcháin mhóilínigh aigéid núicléasaigh (NAAT); nó
–tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig roimh theacht isteach, i gcás tástáil antaiginí a liostaítear i liosta coiteann an Aontais de thástálacha antaiginí COVID‑19 arna gcomhaontú ag an gCoiste Slándála Sláinte.
Chun críche taistil chun cearta saorghluaiseachta a fheidhmiú, ba cheart do na Ballstáit glacadh leis an dá chineál tástála.
Ba cheart do na Ballstáit féachaint lena áirithiú go n‑eiseofar na deimhnithe tástála a luaithe is féidir tar éis an sampla tástála a bhailiú.
(c)deimhnithe téarnaimh arna n‑eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ar choinníoll nach bhfuil an tréimhse ghlactha a leagtar amach sa Rialachán sin caite go fóill.’;
(5)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 15:
‘15. Má thugann Ballstát ceanglas isteach go mbeidh Deimhniú Digiteach COVID AE bailí le bheith ag duine, d’fhéadfaí a chur de cheangal ar dhaoine nach bhfuil sé ina sheilbh acu tástáil NAAT nó antaiginí a liostaítear i liosta coiteann an Aontais de thástálacha antaiginí COVID‑19 a dhéanamh roimh a theacht isteach nó tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig tar éis dóibh teacht isteach. Níl feidhm aige sin maidir le daoine atá díolmhaithe ó Dheimhniú Digiteach COVID AE a bheith acu i gcomhréir le pointe 16.’;
(6)i bpointe 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
‘(a) taistealaithe a bhfuil feidhm nó riachtanas fíor-riachtanach á fheidhmiú acu, go háirithe:
–oibrithe iompair nó soláthraithe seirbhísí iompair, lena n‑áirítear tiománaithe agus criú feithiclí lasta atá ag iompar earraí lena n‑úsáid sa chríoch chomh maith leo siúd nach bhfuil ach ar idirthuras;
–gairmithe cúraim sláinte;
–othair atá ag taisteal ar mhórchúiseanna leighis nó teaghlaigh;
–taidhleoirí, baill foirne ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, daoine a fhaigheann cuireadh ó eagraíochtaí idirnáisiúnta nach mór a bheith ar an láthair ar mhaithe le dea-fheidhmiú na n‑eagraíochtaí sin, pearsanra míleata, oibrithe cabhrach daonnúla, pearsanra cosanta sibhialta agus daoine a chumhdaítear le hAirteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle;
–paisinéirí idirthurais;
–maraithe.’;
(7)scriostar an ceannteideal ‘léarscáil soilse tráchta an Aontais agus eisceachtaí agus bearta breise atá bunaithe orthu’ tar éis pointe 16;
(8)scriostar pointí 17, 18 agus 19;
(9)i bpointe 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
‘Chun tacú leis na Ballstáit, ba cheart don Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú leanúint d’fhaisnéis agus sonraí a fhoilsiú maidir le hathraithigh SARS‑CoV-2 ar díol imní nó spéise iad.’;
(10)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 21, 22 agus 23:
‘21. Ba cheart do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar scaipeadh athraitheach éagsúil SARS‑CoV-2 sa phobal trí shamplaí ionadaíocha a roghnú lena seicheamhú, trí thréithriú géiniteach a dhéanamh agus torthaí tíopála athraitheacha a thuairisciú i gcomhréir leis an treoraíocht seicheamhaithe arna foilsiú ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú.
22. I gcás ina gcuirfidh Ballstát de cheangal ar thaistealaithe, lena n‑áirítear sealbhóirí Dheimhnithe Digiteacha COVID AE, mar fhreagairt ar athraitheach nua SARS‑CoV-2 a theacht chun cinn ar díol imní nó spéise é, coraintín nó féinleithlisiú a dhéanamh nó tástáil a dhéanamh le haghaidh ionfhabhtú SARS‑CoV-2 tar éis dóibh teacht isteach ina chríoch, nó má fhorchuireann sé srianta eile ar shealbhóirí deimhnithe den sórt sin, ba cheart dó an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas go pras dá réir sin, lena n‑áirítear tríd an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe 11a den Mholadh seo, agus in Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2021/953 a sholáthar. Más féidir, ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar 48 uair an chloig sula dtugtar isteach srianta nua mar sin. I gcás inar féidir, ba cheart bearta den sórt sin a theorannú go dtí an leibhéal réigiúnach.
Ba cheart feidhm a bheith aige seo freisin i gcásanna ina dtéann an staid eipidéimeolaíoch i bhfad in olcas go tapa ar bhealach a thugann le tuiscint gur tháinig athraitheach nua SARS‑CoV-2 chun cinn ar díol imní nó spéise é.
23. I gcás ina ngníomhachtaíonn Ballstát an coscán éigeandála agus, mar thoradh air sin, i gcás ina gcuireann sé de cheangal ar oibrithe iompair agus ar sholáthraithe seirbhísí iompair tabhairt faoi thástáil le haghaidh ionfhabhtú COVID‑19, ba cheart mearthástálacha antaiginí a úsáid agus níor cheart go mbeadh gá le haon choraintín, rud nár cheart cur isteach ar iompar. Má chuirtear isteach ar an slabhra iompair nó soláthair, ba cheart do na Ballstáit aon cheanglas tástála córasach den sórt sin a chur i leataobh nó a aisghairm láithreach chun feidhmiú na ‘Lánaí Glasa’ a chaomhnú. Ina theannta sin, níor cheart a chur de cheangal ar chineálacha eile taistealaithe a thagann faoi phointí 16(a) agus (b) coraintín nó féinleithlisiú a dhéanamh.’;
(11)i bpointe 24, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
‘Bunaithe ar mheasúnú rialta ar fhianaise nua faoi athraithigh a rinne an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus an anailís a thug an Sainghrúpa Eorpach maidir le hathraithigh SARS‑CoV-2, féadfaidh an Coimisiún plé sa Chomhairle a mholadh freisin maidir le hathraitheach nua SARS‑CoV-2 ar díol imní nó spéise é.’;
(12)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 27:
‘27. I gcás ina gceanglaíonn na Ballstáit, i gcomhthéacs phointe 11a nó phointe 22, ar dhaoine atá ag taisteal chuig a gcríoch trí mhodhanna iompair comhchoiteanna a bhfuil suíochán nó cábán réamhshannta acu Foirmeacha Aimsithe Paisinéirí (‘PLF’) a chur isteach chun críocha rianaithe teagmhálaithe i gcomhréir le ceanglais cosanta, ba cheart dóibh úsáid a bhaint as Foirm dhigiteach Aimsithe Paisinéirí an Aontais arna forbairt ag EU Healthy Gateways agus a bheith páirteach san Ardán Malartaithe PLF chun feabhas a chur ar a gcumas rianaithe teagmhálaithe trasteorann do gach modh iompair. Níor cheart do na Ballstáit a chur de cheangal go gcuirfí PLF isteach le haghaidh taisteal le hiompar príobháideach. Chun an gá le PLF a chur isteach a sheachaint, d’fhéadfadh na Ballstáit, i gcás inar féidir faoin dlí náisiúnta agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le cosaint sonraí, breithniú a dhéanamh freisin ar úsáid a bhaint as sonraí paisinéirí atá ann cheana chun críocha rianaithe teagmhálaithe.’;
(13)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 29 agus phointe 30:
‘29. I gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/953, ba cheart do na Ballstáit faisnéis shoiléir chuimsitheach thráthúil a sholáthar do gheallsealbhóirí ábhartha agus don phobal i gcoitinne maidir le haon bhearta a dhéanann difear don cheart chun saorghluaiseachta agus aon cheanglais a ghabhann leo, amhail an gá le foirm aimsithe paisinéirí a thíolacadh. Áirítear leis sin faisnéis maidir le deireadh a chur le ceanglais den sórt sin nó easpa ceanglas den sórt sin. Ba cheart an fhaisnéis a fhoilsiú i bhformáid mheaisín‑inléite freisin.
30. Ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta go rialta agus ba cheart í a chur ar fáil go tráthúil ar an ardán gréasáin ‘Re-Open EU’. Ba cheart do na Ballstáit faisnéis a sholáthar freisin, maidir le ‘Re-Open EU’, i ndáil le haon úsáid intíre Dheimhnithe Digiteacha COVID AE.
Ba cheart faisnéis faoi aon bhearta nua a fhoilsiú a luaithe is féidir agus, mar riail ghinearálta, ar a laghad 24 uair an chloig sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm, agus é á chur san áireamh go bhfuil gá le solúbthacht áirithe le haghaidh éigeandálaí eipidéimeolaíocha.’;
(14)Scriostar an Iarscríbhinn.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán