AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,15.11.2022
COM(2022) 592 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
I dTreo Earnáil Láidir Inbhuanaithe Algaí san Aontas
{SWD(2022) 361 final}
1.Réamhrá
Is mithid anois leas iomlán a bhaint as acmhainneacht algaí mar acmhainn inathnuaite san Eoraip. Tá sé níos práinní ná mar a bhí slándáil sholáthar na n‑amhábhar agus an fhuinnimh a áirithiú mar gheall ar an bhfogha míleata gan chúis gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin, rud a chuireann isteach ar infhaighteacht leasachán, comhábhar beatha ainmhithe agus fuinnimh. Leis sin ‘spreagtar méadú ar phraghsanna fuinnimh, tráchtearraí agus bia ar fud an domhain agus méadaítear neamhchinnteacht, tosca atá ag maolú an fháis agus ag géarú ar bhrúnna boilscithe ar fud an domhain’.
Idir daonra an domhain a bheith ag dul i méid, ídiú acmhainní, brúnna comhshaoil, agus athrú aeráide, ní mór cur chuige difriúil a ghlacadh maidir le bia agus córais eacnamaíocha. Chun go dtarlóidh sé sin, tá sé ríthábhachtach bealaí nua inbhuanaithe a fhorbairt chun daonra domhanda atá ag fás go tapa a chothú. Conas? Ar an gcéad dul síos, trí úsáid a bhaint as an acmhainn ollmhór nach n‑úsáidtear ach an mbeagán, is é sin na farraigí agus na haigéin – gan iad ina bhfoinse ach ar suas le 2 % de bhia an chine daonna faoi láthair, in ainneoin go gcumhdaítear os cionn 70 % de dhromchla an Domhain leo.
Sainaithnítear sa Chomhaontú Glas don Eoraip, sa Straitéis ‘ón bhfeirm go dtí an forc’ agus sa Teachtaireacht maidir le Geilleagar Gorm Inbhuanaithe acmhainneacht bia mara feirmshaothraithe mar fhoinse próitéine le haghaidh bia agus beathaithe gan ach lorg carbóin íseal. Leagtar béim sa Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ ar an ról atá ag algaí mar fhoinse thábhachtach de phróitéin mhalartach do chóras bia inbhuanaithe agus do shlándáil bia ar fud an domhain.
Sna Treoirlínte straitéiseacha le haghaidh dobharshaothrú níos inbhuanaithe agus iomaíche san Aontas don tréimhse 2021 go dtí 2030 (Treoirlínte straitéiseacha maidir le dobharshaothrú san Aontas) leagtar béim ar an ngá feirmeoireacht algaí a chur chun cinn – idir mhacralgaí (feamainn) agus mhicralgaí – mar bhealach chun rannchuidiú le baint amach roinnt cuspóirí den Chomhaontú Glas don Eoraip. Is féidir le feirmeoireacht algaí rannchuidiú le cuspóirí an Aontais a bhaint amach ó thaobh dícharbónú, truailliú nialasach, ciorclaíocht, bithéagsúlacht a chaomhnú agus a athbhunú, éiceachórais a chosaint agus seirbhísí comhshaoil a fhorbairt. Is féidir algaí a úsáid in ionad táirgí iontaise-bhunaithe, agus leas a bhaint astu mar amhábhar do bhithspreagthaigh plandaí, mar cheimiceáin bhithbhunaithe agus ábhair eile, agus mar bhithbhreoslaí. Aithnítear sa Teachtaireacht maidir le Timthriallta Carbóin Inbhuanaithe an acmhainneacht a bhaineann le halgaí don gheilleagar gorm carbóin.
Sa tuarascáil ‘Bia ó na hAigéin’ a d’ullmhaigh an Sásra Ardleibhéil um Chomhairle Eolaíoch de chuid an Choimisiúin Eorpaigh (an Coimisiún) aithnítear go bhfuil an acmhainneacht ann go réiteodh feamainn an t‑éileamh breise 100 milliún tona bithmhaise le haghaidh bia don duine sna 20 bliain amach romhainn. Is féidir le táirgeadh agus próiseáil algaí agus acmhainní muirí nua eile (bithmhais) cabhrú le soláthar táirgí inbhuanaithe bia agus beatha agus táirgí cógaisíochta, nútraiceodach, bithspreagthaigh plandaí, pacáistíocht bhithbhunaithe, cosmaidí agus táirgí eile nach bia iad (féach Fíor 1).
Fíor 1: Feidhmeanna bithmhaise algaí
Ach níor cheart leathnú ar shaothrú feamainne ar muir difear a dhéanamh do chothromaíocht na n‑éiceachóras muirí agus ba cheart na botúin chomhshaoil chéanna a rinneadh go stairiúil ar thalamh a sheachaint i gcás na n‑aigéan.
Cé gur beag í faoi láthair, tá sé d’acmhainn ag earnáil algaí na hEorpa a bheith ina cuid shuntasach de bhithgheilleagar gorm an Aontais. Le meascán taighde agus nuálaíochta san Aontas mar aon le fiontraíocht dhíograiseach, cruthaíodh an móiminteam is gá chun earnáil algaí an Aontais a fhorbairt agus a leathnú – Réabhlóid Fheamainne a luaitear leis fiú i gComhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe – agus ag an am céanna rannchuidítear le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Fágann sé sin go bhfuil deis an-mhaith ag an Eoraip leas a bhaint as a hacmhainneacht algaí sna deich mbliana amach romhainn.
Measann an chomhghuaillíocht ‘Seaweed for Europe’ go bhféadfadh an t‑éileamh Eorpach ar fheamainn méadú ó thart ar 270 000 tona in 2019 go 8 milliún tona in 2030 agus go luach EUR 9 mbilliún in 2030 ar fud na n‑earnálacha uile, agus beathú, bia agus bithspreagthaigh plandaí (táirgí leasacháin) ar an earnáil is mó. D’fhéadfadh a leithéid de mhéadú ar tháirgeadh thart ar 85 000 phost a chruthú, na mílte tona fosfair agus nítrigine a asbhaint ó fharraigí Eorpacha go bliantúil, suas le 5.4 milliún tona d’astaíochtaí CO2 sa bhliain agus brú ar an talamh a mhaolú16.
D’fhéadfadh tionscal rathúil algaí de chuid AE a bheith ina thionscadal suaitheanta agus ina fhoinse inspioráide do thionscail eile chun a bheith níos athghiniúnaí, níos nuálaí agus níos eiseamláirí go sóisialta, rud a chruthódh na mílte post ag an am céanna, go háirithe i bpobail chósta. De réir mar a fógráíodh sa Teachtaireacht maidir le cur chuige nua an Choimisiúin maidir le geilleagar gorm inbhuanaithe5, amharctar sa Teachtaireacht seo ar acmhainneacht algaí san Aontas agus leagtar amach inti cur chuige comhsheasmhach, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí sprioctha, chun tacú le méadú ó scála de shaothrú agus de tháirgeadh athghiniúnach algaí ar fud an Aontais, agus chun na margaí le haghaidh feidhmeanna algaí i dtaobh earraí bia agus earraí nach bia iad a fhorbairt agus a phríomhshruthú.
2.Cén fáth a meastar gur acmhainn neamhshaothraithe iad algaí san Eoraip
Ós íseal iad algaí ó thaobh saille de agus saibhir i snáithíní cothaithe, micreachothaithigh agus comhdhúile bithghníomhacha, is minic a chuirtear algaí i láthair mar bhia sláintiúil ísealfhuinnimh, agus clú ar roinnt speiceas as ardchion próitéine a bheith iontu. Fágann comhdhúile agus airíonna bithcheimiceacha algaí go mbíonn siad ina n‑ábhar luachmhar do líon méadaitheach feidhmeanna tráchtála eile, e.g. beathú ainmhithe/iasc agus breiseáin bheathaithe; cógaisíocht; nútraiceodaigh; bithspreagthaigh phlandaí; pacáistíocht bhithbhunaithe; cosmaidí nó bithbhreoslaí agus soláthraí seirbhísí le haghaidh cóireáil fuíolluisce; mar shampla, fosúchán carbóin agus cothaitheach etc. Baineann algaí cothaithigh ó éiceachórais uisceacha freisin, rud a laghdaíonn eotrófú. Nuair a shaothraítear feamainn ar muir, baintear carbón, rud a laghdaíonn aigéadú na n‑aigéan. Ar ndóigh, caithfear na tairbhí féideartha sin a mheas i bhfianaise reachtaíocht de chuid an Aontais atá ann cheana, agus ní mór iad a a mheá i gcoinne na rioscaí sláinte a d’fhéadfadh a bheith ann, nuair is ábhartha (e.g. an cion ard miotal trom i speicis algaí áirithe a chur san áireamh).
Tionscal feamainne na hEorpa, tionscal atá níos dírithe ar bhuaint feamainne ón bhfiántas seachas ar shaothrú i saoráidí dobharshaothraithe faoi mar a dhéantar san Áise, is tionscal é atá fós ag tús a fhorbartha. Cé go bhfuil fás suntasach tagtha ar mhargadh na hÁise,14 le deich mbliana anuas (áit arb ionann feamainn agus thart ar leath den táirgeadh domhanda dobharshaothraithe), is diomaibhseach é an táirgeadh feamainne san Eoraip go dtí seo (féach Fíor 2 thíos).
Fíor 2: Táirgeacht an dobharshaothraithe mhuirí san Aontas Eorpach agus ar fud an domhain
.
An Eoraip, beag beann ar an sciar beag atá aici i margadh domhanda na feamainne faoi láthair
, féadfaidh sí, i bhfianaise na n‑ionchas gnó fabhrach, tionscal láidir algaí a fhorbairt agus é dírithe ar tháirgeadh dobharshaothraithe agus ar mhuirshaothrú feamainne nuálaíoch (buanshaothrú muirí
). D’fhéadfadh tionscal den sórt sin leas a bhaint as acmhainneacht fharraigí ollmhóra na hEorpa agus ag an am céanna poist a chruthú do phobail áitiúla, táirgí ísealcharbóin sláintiúla a tháirgeadh, éiceachórais chósta a athghiniúint (e.g. CO2 agus cothaithigh a fhosú agus ocsaigin a ghiniúint) agus seirbhísí éiceachórais a sholáthar.
Is é an tAontas Eorpach an t‑allmhaireoir is fearr ar fud an domhain de tháirgí feamainne ó thaobh luacha de (EUR 554 mhilliún in 2016), agus is léir go bhfuil éileamh mór ar tháirgí feamainne san Eoraip. Tiocfaidh méadú ar an éileamh sin i gcomhréir le treochtaí sláinte agus inbhuanaitheachta. Beidh méadú ag teacht ar líon na ndaoine ar fud an domhain agus ar phatrúin tomhaltais a mhéadóidh an t‑éileamh ar algaí agus ar tháirgí atá bunaithe ar algaí
. Tá ionchas ann freisin go dtiocfaidh méadú ar éileamh an Aontais ar algaí agus ar tháirgí atá bunaithe ar algaí sna blianta amach romhainn (féach Fíor 3). A mhéid a bhaineann le micralgaí, ar féidir iad a tháirgeadh freisin ar an talamh i bhfad ón bhfarraige, tá éileamh an mhargaidh ar chlorella
agus ar an gcianabaictéir spirulina
ag fás san Aontas freisin.
Fíor 3: Méadú ionchais ar an éileamh le haghaidh táirgí bunaithe ar algaí16,.
Táthar ag súil go bhfásfaidh an margadh Eorpach ag ráta fáis bliantúil 6.4 % agus 8.7 % i gcás chlorella agus spirulina faoi seach faoi 202530. Tháinig méadú faoi fhachtóir 2.5 idir 2011 agus 2015 san Eoraip ar an éileamh ar tháirgí bia agus dí ina bhfuil feamainn. Daonra veigeatórach agus veigeánach an Aontais atá ag éirí níos líonmhaire agus lena mbaineann thart ar 75 mhilliún duine faoi láthair dar le meastachán, agus ar tomhaltóirí iad a bhíonn ag éirí níos tógtha le cúrsaí comhshaoil agus sláinte, cuirfidh sé sin freisin leis an éileamh ar tháirgí bia plandabhunaithe agus ar tháirgí plandabhunaithe nach bia iad, lena n‑áirítear algaí.
Aithníodh réigiúin mhuirí uile an Aontais mar bhonn bisiúil agus mar limistéir ina bhféadfaí tairbhí suntasacha comhshaoil agus socheacnamaíocha a dhíorthú ach tionscal na n‑algaí a fhorbairt. Mar shampla, san Aigéan Atlantach agus sa Mhuir Thuaidh tá dálaí nádúrtha ídéalacha chun feamainn a shaothrú mar gheall ar na huiscí fuara ilchothaitheacha agus creideann taighdeoirí go bhfuil san Eoraip limistéir ollmhóra atá oiriúnach le haghaidh feamainn a shaothrú.
3.Cad atá déanta go dtí seo agus cén fáth nach bhfuil sé leordhóthanach?
Sa Treochlár don Bhithgheilleagar Gorm a d’fhoilsigh an Fóram um an mBithgheilleagar Gorm ag deireadh 2019, tar éis dul i gcomhairle le thart ar 300 geallsealbhóir ábhartha, sainaithníodh scrogaill agus rinneadh moltaí i gceithre phríomhréimse: (1) beartas, comhshaol agus rialacháin; (2) forbairt airgeadais agus gnó; (3) tomhaltóirí agus slabhraí luacha agus (4) eolaíocht, teicneolaíocht agus nuálaíocht. Maidir le hearnáil algaí an Aontais atá ann faoi láthair agus an acmhainneacht atá ann maidir lena fás inbhuanaithe, thángthas ar an gconclúid ann go bhfuil bac curtha ar fhorbairt an tsaothraithe algaí mar gheall ar thosca amhail ardchostais táirgeachta, táirgeadh ar scála íseal, eolas teoranta ar na margaí, riachtanais tomhaltóirí agus na rioscaí a bhaineann le saothrú algaí agus na tionchair chomhshaoil a bhaineann leis sin, chomh maith le creat rialachais ilroinnte. I bhFíor 4 thíos, tugtar achoimre ar na fadhbanna is mó agus sainaithnítear bealaí ginearálta agus sonracha chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin.
Le blianta beaga anuas, tá tús curtha ag an gCoimisiún le roinnt tionscnamh a bhaineann le halgaí atá i gcéim cur chun feidhme nó pleanála (2021-2023) agus thacaigh sé leo. Áirítear leo an tionscadal EU4Algae (Ardán Eorpach Geallsealbhóirí comhoibríoch i dtaobh Algaí), glaonna chiste taighde agus nuálaíoch an Aontais le haghaidh feidhmeanna (Fís 2020, Fís Eorpach), an Comhghnóthas um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach, infheistíochtaí san earnáil algaí atá indéanta mar gheall ar an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus an Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, sásraí tacaíochta gnó a bhaineann leis an ngeilleagar gorm (an Ciste BlueInvest,
an Sásra um Chúnamh Dobharshaothraithe
).
Fíor 4: Fadhbanna, cuspóirí agus réimsí gníomhaíochta atá beartaithe do thionscnaimh AE a bhaineann le halgaí.
Tá tionscnaimh i bhfeidhm ann freisin chun cúnamh a thabhairt eolas a mhéadú ar algaí, amhail an Líonra Breathnóireachta agus Sonraí Muirí Eorpach (cuideachtaí algaí a mhapáil), Lárionad Eolais an Choimisiúin um Bithgheilleagar, Staidéar bithmhaise an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde, staidéir a bhaineann le halgaí ag amharc ar an dóigh ar féidir le halgaí a bheith ina gcuidiú spriocanna aeráide a bhaint amach agus a gcaidreamh le cothaithigh, tionscnaimh tuisceana agus múscailte feasachta i dtaobh na n‑aigéan, straitéisí speisialtóireachta cliste, etc. Tá sonraithe ag Bord Mhisean an Aontais ‘Ár nAigéan agus ár nUiscí a athbhunú faoi 2030’ ina thuarascáil le déanaí go bhfuil athghiniúint an aigéin agus na n‑uiscí lena mbaineann ríthábhachtach le haghaidh eiseadh an chine daonna, folláine agus slite maireachtála shaoránaigh an Aontais. Le himscaradh an tionscnaimh ‘Bia 2030’
tríd an gclár Fís Eorpach, rinneadh cur chuige córas a thionól agus a chothú i leith an bheartais T&I a nascann talamh agus muir, táirgeoirí le tomhaltóirí, ‘ón bhfeirm go dtí an forc go hinne agus ar ais’. Tá sé ag iarraidh go n‑athrófaí na córais bhia chun teorainneacha an phláinéid a urramú, bia agus aistí bia sábháilte cothaitheacha sláintiúla a chur ar fáil do chách, agus geilleagar bia a bhfuil rath air a chothú. Tá sé mar aidhm le ceann de na deich gcinn de chonairí gníomhaíochta Bia 2030 réitigh a fhorbairt do bhia ó acmhainní na n‑aigéan agus ó acmhainní fionnuisce, áit a bhfuil ról lárnach ag feirmeoireacht algaí.
Leis an bhFóram Gorm Eorpach d’úsáideoirí farraige beifear in ann tuilleadh plé a dhéanamh idir earnálacha an gheilleagair ghoirm (e.g. earnáil na n‑algaí mar chuid mhór de bhithgheilleagar gorm an Aontais), geallsealbhóirí agus eolaithe chun sineirgí a fhorbairt agus úsáidí iomaíocha na farraige a thabhairt chun réitigh ar mhaithe le haeráidneodracht, truailliú nialasach agus cosaint agus caomhnú na muirthimpeallachta.
Faoi láthair, tá algaí, go háirithe dobharshaothrú feamainne, faoi réir iliomad téacsanna rialála AE agus náisiúnta araon (Fíor 5). Seachas cúrsaí a bheith ilroinnte, d’fhéadfadh cur chuige níos comhleanúnaí a bheith chun tairbhe earnáil na n‑algaí.
Fíor 5: Gníomhartha dlí an Aontais a bhaineann le dobharshaothrú feamainne
Cuireann gach gníomhaíocht ar leith atá liostaithe i Roinn 4 le forbairt earnáil algaí an Aontais. Mar sin féin, tá gá le cur chuige níos comhordaithe agus níos sistéamaí, chun gníomhaíochtaí beartais breise a chur leis an gcreat atá ann cheana, e.g. luamháin éagsúla a úsáid ag an am céanna chun borradh a chur faoi fhorbairt earnáil athghiniúnach algaí an Aontais.
Tá ról lárnach ag an gCoimisiún maidir leis na dálaí a chruthú trínar féidir rud éigin a dhéanamh faoi na baic atá roimh earnáil algaí an Aontais faoi láthair. Ba cheart aghaidh a thabhairt freisin ar na hábhair imní a d’fhéadfadh a bheith ag saoránaigh an Aontais maidir le hinbhuanaitheacht chomhshaoil an tsaothraithe feamainne ar mhórscála agus maidir le sábháilteacht táirgí atá bunaithe ar algaí a chuirtear ar mhargadh an Aontais.
4.Cad is gá don Aontas a dhéanamh?
Chun leas a bhaint as acmhainneacht earnáil algaí an Aontais, ní mór saothrú agus táirgeadh athghiniúnach algaí a mhéadú ar fud an Aontais, agus ní mór na margaí d’fheidhmeanna algaí idir fheidhmeanna a bhaineann le bia agus feidhmeanna nach mbaineann le bia a fhorbairt agus a phríomhshruthú. A luaithe a bheidh an méid sin déanta, bhainfí leas as acmhainneacht an Aontais Eorpaigh soláthar leanúnach bithmhaise algaí, neamhspleáchas straitéiseach ó allmhairí agus feidhmiú rianúil earnáil na n‑algaí a áirithiú.
Chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht earnáil algaí an Aontais, sainaithníodh gníomhaíochtaí sonracha ar bhonn réamhanailís fhairsing ar an earnáil agus comhairliúcháin fhadréimseacha le geallsealbhóirí. Cuireann na gníomhaíochtaí a sainaithníodh le tionscnaimh atá ann cheana (féach Roinn 3 thuas), leis an eolaíocht, leis an eolas agus leis na sonraí is fearr atá ar fáil agus leis na cleachtais ghnó is fearr.
Sainaithnítear sa Teachtaireacht 23 ghníomhaíocht atá dírithe ar an méid seo a leanas:
(1)an creat rialachais agus an reachtaíocht rialachais a fheabhsú,
(2)an timpeallacht ghnó a fheabhsú,
(3)deireadh a chur le bearnaí eolais, taighde, teicneolaíochta agus nuálaíochta, agus
(4)cur leis an bhfeasacht shóisialta agus leis an nglacadh atá ag an margadh le halgaí agus le táirgí atá bunaithe ar algaí san Aontas.
Tá na gníomhaíochtaí a leagtar amach sa Teachtaireacht seo ceaptha a bheith píolótach ar bhealach comhordaithe. Cuirfear chun feidhme iad i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis na geallsealbhóirí ábhartha.
Chun na gníomhaíochtaí atá beartaithe sa Teachtaireacht seo a chur chun feidhme, tá cistiú áirithe curtha i leataobh, agus tá roinnt gníomhaíochtaí a bhaineann le halgaí sa chlár Fís Eorpach dúnta cheana féin nó tá siad fós ar siúl. Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag féachaint ar dheiseanna chun gníomhaíochtaí a bhaineann le halgaí a ionchorprú sna glaonna thuasluaite agus i nglaonna eile ar chistiú
4.1.An creat rialachais agus an reachtaíocht a fheabhsú
Faoi láthair, tá feidhm ag reachtaíocht áirithe de chuid an Aontais maidir le saothrú feamainne ar shaothrú mara nó algaí ar tír, e.g. reachtaíocht maidir le sábháilteacht bia nó táirgí leasacháin (Fíor 5). Mar sin féin, tá ilroinnt nach beag ann i réimsí nach bhfuil aon chreat rialála ar leibhéal an Aontais ann agus ina bhfuil rialacháin náisiúnta éagsúla i bhfeidhm, ag brath ar chúinsí sonracha earnáil Bhallstáit an Aontais, (e.g. maidir le ceadúnú, rochtain ar spás muirí, speicis atá le feirmeoireacht).
Dá bhrí sin, tá rialachas comhleanúnach agus cuíchóirithe de dhíth ar an earnáil algaí AE ar fud an Aontais, lena n‑áirítear nósanna imeachta simplithe agus creat faireacháin agus cáilíochta, agus é mar aidhm dheiridh aici táirgí a fhaightear go hinbhuanaithe agus táirgí atá bunaithe ar algaí a chur ar an margadh. D’fhéadfaí a áireamh ar na gníomhaíochtaí chun na críche sin sraith straitéisí nua d’fheirmeoirí algaí a fhorbairt maidir le saothrú algaí sna Ballstáit, í curtha in oiriúint do na dálaí saothraithe in imchuacha farraige éagsúla, agus comhtháthú forálacha a bhaineann le halgaí a chur chun cinn i gcreataí rialachais náisiúnta (e.g. pleananna spásúla muirí) agus i straitéisí (e.g. straitéisí bithgheilleagair). Ba cheart gníomhaíocht shonrach a bheith dírithe ar bhealaí inar féidir le feirmeoirí algaí rochtain ar spás muirí chun saothraithe algaí a éascú agus féachaint le ceadúnais feirmeoireachta algaí a fháil (e.g. cur leis an treoirdhoiciméad maidir le rochtain ar an spás atá beartaithe sna Treoirlínte Straitéiseacha do dhobharshaothrú an Aontais, dea-chleachtais a roinnt trí úsáid a bhaint as an modh oscailte comhordaithe don dobharshaothrú, etc.).
Spreagfaidh an Coimisiún na Ballstáit freisin saothrú algaí a áireamh ina bpleananna spáis náisiúnta/réigiúnacha faoin Treoir maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí a chuireann forbairt inbhuanaithe chun cinn agus a spreagann cómhaireachtáil earnálacha éagsúla sa limistéar muirí. Is éard atá i gceist le rialachas níos fearr freisin caighdeáin tionscail nua nó fheabhsaithe a fhorbairt do tháirgí algaí agus breithniú a dhéanamh ar na hathruithe dlíthiúla is gá a dhéanamh.
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
1)ag tosú in 2023 agus i ndlúthchomhar leis na geallshealbhóirí ábhartha, sraith straitéisí nua d’fheirmeoirí algaí a fhorbairt;
2)oibriú i gcomhar leis na Ballstáit chun rochtain ar spás muirí a éascú, na láithreáin is fearr le haghaidh feirmeoireacht feamainne a shainaithint agus feirmeoireacht feamainne agus ilúsáid farraige a áireamh i bpleananna spásúla muirí;
3)faoi dheireadh 2026, in éineacht leis an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN), modhanna caighdeánacha tástála, cainníochtaithe agus eastósctha a fhorbairt le haghaidh comhábhair agus éilleáin algaí;
4)faoi dheireadh 2026, in éineacht le CEN, caighdeáin bithbhreosla algaí agus modheolaíocht deimhniúcháin a fhorbairt le haghaidh táirgí bithbhreosla algaí a bheidh le húsáid in earnálacha éagsúla iompair, go háirithe iompar trom de bhóthar, iompar eitlíochta agus iompar muirí;
5)ag tosú in 2023, measúnú a dhéanamh ar acmhainneacht mhargaidh, ar éifeachtúlacht agus ar shábháilteacht na n‑ábhar bunaithe algaí nuair a úsáidtear i dtáirgí leasacháin iad agus ar an ngá atá ann Rialachán (AE) 2019/1009 maidir le táirgí leasacháin AE a leasú chun ábhair atá bunaithe ar algaí a chur san áireamh.
Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit nósanna imeachta náisiúnta um cheadúnú agus rialachas
maidir le saothrú algaí a shimpliú.
|
4.2.Tacú le feabhsú thimpeallacht an ghnó
Tá ról ríthábhachtach ag tírdhreach gnó a fheidhmíonn go rianúil agus atá rathúil agus ag timpeallacht mhuirí shláintiúil i leith fhás éifeachtach na hearnála algaí athghiniúnacha. Leis an timpeallacht ghnó fheabhsaithe, cuirfear le comhar thionscal an Aontais laistigh den Aontas agus le tionscail algaí na dtíortha atá ar theorainn an Aontais chun iarratais bia núíosaigh a ullmhú, i gcás inarb iomchuí agus chun speicis a úsáidtear mar bhia traidisiúnta sna Ballstáit a aimsiú. Ba cheart a bheith mar thoradh air sin freisin go dtabharfaí speicis nua algaí ar mhargadh an Aontais, lena méadófaí éagsúlacht na speiceas algaí sa mhargadh sin atá le húsáid mar bhia nó mar bheatha nó chun críocha eile.
Ba cheart táirgeadh algaí a chur chun cinn trí shásraí cistiúcháin éagsúla mar bhealach chun gníomhaíocht eacnamaíoch agus foinsí ioncaim a éagsúlú do phobail i limistéir chósta agus thuaithe. Go háirithe, spreagfaidh an Coimisiún atreorú ghairmeacha na n‑iascairí chuig feirmeoireacht aigéin athghiniúnach trí threoirthionscadail, agus tabharfaidh sé tacaíocht chun sin a dhéanamh.
Ba cheart tacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) nuálacha a bhaineann an úsáid is fearr as faisnéis mhargaidh agus chun acmhainneachtaí na n‑infheisteoirí a neartú chun caipiteal a shlógadh le haghaidh gnólachtaí/teicneolaíochtaí a bhfuil ardacmhainneacht acu, pacáistí cóitseála inbhuanaitheachta nua a ullmhú do FBManna, agus cúnamh teicniúil a sholáthar chun dlús a chur leis an gcomhar gnólacht le gnólacht (B2B). Ba cheart measúnú a dhéanamh freisin ar úsáid fhéideartha agus ar eastóscadh na gcothaitheach a dhíorthaítear ó tháirgí atá bunaithe ar algaí agus ar chuimsiú táirgí atá bunaithe ar algaí i gcreataí lipéadaithe ghlais agus i gcreataí soláthair ghlais.
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
6)ag tosú in 2023 agus in éineacht leis an tionscal algaí, scrúdú a dhéanamh ar mhargadh na n‑algaí agus sásraí lena spreagtar an margadh a mholadh chun tacú le haistriú na teicneolaíochta ón taighde go dtí an margadh agus chun an t‑aistriú sin a chur chun cinn;
7)faoi dheireadh 2024, bunaithe ar na dea-chleachtais, ar tháscairí beatha agus ar fhaisnéis ábhartha eile, treoraíocht shonrach a fhorbairt chun beatha bunaithe ar algaí a chur in ionad beatha iascbhunaithe a chur chun cinn;
8)oibriú leis an tionscal algaí agus leis na Ballstáit chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
A.roghanna malartacha atá bailí agus sábháilte ar úsáid cothaitheach agus CO2 ó fhoinsí éagsúla a shainaithint le haghaidh saothrú miocralgaí agus deimhniú orgánach;
B.eastóscadh na gcothaitheach ó bhithmhais algaí a chur chun cinn
C.tacú leis an measúnú saolré ar an tionchar comhshaoil agus aeráide a bhaineann le saothrú agus táirgeadh algaí trí bhreithniú a dhéanamh ar fhorbairt modheolaíochtaí agus táscairí faireacháin chun tionchar comhshaoil agus inbhuanaitheacht an tsaothraithe feamainne a thomhas;
9)treoirthionscadail lena dtacófar le hatreorú ghairmeacha na n‑iascairí chuig feirmeoireacht aigéin athghiniúnach a chistiú in 2023/2024;
10)tacaíocht spriocdhírithe do FBManna nuálacha agus do thionscadail san earnáil algaí a fheabhsú trí ghníomhaíochtaí méadaithe an Ardáin BlueInvest;
11)ag tosú in 2023, comhar imchuach farraige agus macrairéigiúnach a éascú trí chomhpháirtíochtaí idir-réigiúnacha nuálacha a chur chun cinn (e.g. an bithgheilleagar gorm, lena ndírítear ar algaí), trí straitéisí um speisialtóireacht chliste agus trí Ardán 3S don Gheilleagar Gorm Inbhuanaithe.
|
4.3.Bearnaí eolais, sonraí, teicneolaíochta agus nuálaíochta a dhúnadh
Tá forbairtí teicneolaíochta, nuálaíocht agus eolas níos fearr ríthábhachtach chun borradh a chur faoi shaothrú agus faoi tháirgeadh athghiniúnach algaí san Aontas. Tá infhaighteacht na faisnéise iontaofa maidir le hearnáil algaí an Aontais teoranta faoi láthair, lena n‑áirítear sonraí socheacnamaíocha agus comhshaoil. Cuireann sé sin moill ar fhorbairt agus ar phríomhshruthú na margaí táirgthe algaí. Chun acmhainneacht na n‑algaí a chinneadh chun rannchuidiú le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach, tá gá le hiarracht taighde spriocdhírithe chomhoibríoch a d’fhéadfaí a sholáthar leis an gclár Fís Eorpach an Aontais, lena n‑áirítear trí ghlaonna tiomnaithe ón gComhpháirtíocht um an nGeilleagar Gorm Inbhuanaithe agus ó Mhisean an Aontais: Ár nAigéan agus ár nUiscí a Athbhunú faoi 2030.
Tá na príomh-mhodhanna táirgthe algaí á bhforbairt faoi láthair (féach Fíor 6), ach is gá trealamh nuálach a fhorbairt chun táirgiúlacht san earnáil algaí agus cáilíocht na dtáirgí atá bunaithe ar algaí a mhéadú. D’fhéadfaí a áireamh ar threalamh den sórt sin córais mhórscála (uathoibrithe, b’fhéidir) saothraithe agus phróiseála, tóireadóirí faireacháin ina bhfuil córais um rialú agus ceannas, etc. a d’fhéadfadh caillteanas bithmhaise nach féidir a thuar agus costais saothair a laghdú. Is féidir ról ríthábhachtach a bheith ag trealamh nuálach freisin maidir le feabhas a chur ar phróisis iartheachtacha, amhail bithscaglanna chun bithmhais iomlán na macralgaí agus na miocralgaí a chóireáil, seachas líon beag comhpháirteanna gníomhacha amháin agus an chuid eile den bhithmhais á cur amú. Is gá freisin deireadh a chur le bacainní sistéamacha ar nuálaíocht agus dlús a chur le rochtain ar an margadh ar tháirgí atá bunaithe ar algaí.
Ba cheart eolas níos fearr a fháil freisin ar an tionchar comhshaoil a bhíonn ag baint feamainne fiáine agus ag an méid feamainne a chaitear ar chóstaí an Aontais, chun measúnú a dhéanamh ar mhéid an chineáil bithmhaise sin ar féidir leis deiseanna gnó inbhuanaithe a chur ar fáil do chuideachtaí an Aontais. Is cinnte go mbainfeadh earnáil an tsaothraithe algaí tairbhe as cur chuige láraithe uile-Aontais maidir le tréithchineálacha feamainne Eorpacha a choinneáil ar bun. Leis an gcur chuige seo, cuideofar freisin le bithéagsúlacht feamainne a chaomhnú.
Fíor 6: Príomh-mhodhanna táirgthe algaí san Eoraip
D’ainneoin na hacmhainneachta atá inti chun carbón a bhaint agus aigéadú na n‑aigéan a laghdú, tugadh neamhaird ar fheamainn i measúnuithe carbóin ghoirm den chuid is mó go dtí seo. Ach tugtar le fios sna staidéir gur féidir le sruthanna macralgaí a dhíláithriú agus a shil-leagan i linnte carbóin thar ghnáthóga macralgaí. Féadfar carbón a cheapadh freisin trí algaí a thiontú ina dtáirgí marthanacha amhail ábhair chiorclacha atá bunaithe ar algaí (lena n‑áirítear pacáistíocht). Dá ndéanfaí na próisis sin a shoiléiriú agus a chainníochtú, d’fhéadfaí é a chur ar chumas do tháirgeoirí dobharshaothraithe dreasachtaí breise a fháil (e.g. creidmheasanna carbóin ghoirm) dá ngníomhaíochtaí amhail feirmeoireacht feamainne athghiniúnach agus táirgeadh comhtháite algaí.
Ach tá gá le tuilleadh eolais ar roghanna inmharthana chun feabhas a chur ar shocruithe beartais agus dlí chun carbón gorm a ionchorprú mar réiteach aeráide nádúrtha; imscrúdú a dhéanamh ar chineálacha cur chuige airgeadais agus ar uirlisí cuntasaíochta le haghaidh astaíochtaí gás ceaptha teasa agus aistriú agus ceapadh carbóin trí úsáid a bhaint as algaí, agus ar an gcaoi a ndéantar difear dó sin le saothrú agus úsáid; cearta maoine a shoiléiriú; liosta de theicneolaíochtaí atá á bhforbairt (e.g. braiteoirí) agus d’uirlisí ríomhaireachta (e.g. intleacht shaorga, blocshlabhra) a thiomsú chun ceapadh carbóin ghoirm a thomhas agus luach airgid a chur air ar chostas íseal agus chun feabhas a chur ar an tuiscint atá againn ar ghnéithe den timthriall carbóin ghoirm nach bhfuil mórán cur amach againn orthu (e.g. rannchuidithe feamainne). Ní mór tuiscint níos fearr a fháil freisin ar an bhféidearthacht agus ar na peirspictíochtaí atá ann maidir leis an ngeilleagar carbóin ghoirm a fhorbairt, go háirithe feirmeoireacht carbóin ghoirm agus deimhniú aistrithe carbóin. Trí chineálacha cur chuige nuálacha maidir le muirshaothrú feamainne (amhail buantalmhaíocht mhuirí), d’fhéadfaí saothrú feamainne a éascú freisin in uiscí eischósta na Meánmhara agus an Atlantaigh i ndeisceart an Aontais, áit a bhfuil doimhneacht an uisce oiriúnach d’oibríochtaí den sórt sin.
Eolas
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
12)faoi dheireadh 2023, eolas ón earnáil algaí a chomhtháthú i sásra an Aontais um chúnamh dobharshaothraithe;
13)faoi dheireadh 2025 agus i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha, staidéar a dhéanamh chun eolas níos fearr a fháil ar na deiseanna maolaithe ar an athrú aeráide atá ann maidir le feamainn agus ar ról na feamainne mar linnte carbóin ghoirm;
14)faoi dheireadh 2025 agus i gcomhar le taighdeoirí agus le hacadóirí, measúnú a dhéanamh ar na roghanna le haghaidh cur chuige uile-Aontais maidir le bithéagsúlacht feamainne a chaomhnú trí thréithchineálacha feamainne Eorpacha a choinneáil ar bun agus a dhoiciméadú i líonra láraithe bithbhainc nó i mbanc sonraí;
15)ag tosú in 2023 agus faoi réir chomhairle an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia, tús a chur leis an bplé maidir le huasleibhéil éilleán agus iaidín in algaí a bhunú agus/nó maidir le Moladh nua faireacháin a ghlacadh i dtaca le speicis algaí nach bhfuil a ndóthain sonraí tarluithe maidir le héilleáin ar fáil ina leith, chun go mbeifear in ann uasleibhéil a bhunú.
16)ag tosú in 2023 agus i gcomhar leis na Ballstáit, staidéar a dhéanamh ar na scéimeanna faireacháin atá ann cheana agus ar na sonraí atá ar fáil maidir le buaint feamainne ón bhfiántas agus ón méid atá caite ar an trá ar chóstaí an Aontais.
Forbairtí teicneolaíochta agus nuálaíocht
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
17)tacaíocht a thabhairt, tríd an gclár Fís Eorpach agus trí chláir thaighde eile de chuid an Aontais, do chórais próiseála algaí atá nua agus feabhsaithe agus modhanna táirgthe núíosacha a fhorbairt le haghaidh comhdhúile ardluacha a fhoinsítear go traidisiúnta ó algaí (e.g. bithscaglanna, coipeadh beacht, córais saor ó chealla), lena bpróiseálfar algaí chun táirgí bithbhunaithe ciorclacha a dhéanamh le haghaidh ilfheidhmeanna;
18)in éineacht leis na Ballstáit, tacaíocht a thabhairt, tríd an gclár Fís Eorpach agus trí chláir thaighde eile de chuid an Aontais, d’fhorbairt córas saothraithe algaí atá níos fearr agus inscálaithe (e.g. dobharshaothrú iltrópach comhtháite, ilúsáid farraige, saothrú eischósta, fóta-bhith-imoibreoirí agus algaíphonaic) nó modhanna (e.g. muirshaothrú ceallach agus macralgaí in umair) chun déileáil leis na srianta teicniúla atá ann faoi láthair ar chórais táirgthe macralgaí agus miocralgaí;
19)aghaidh a thabhairt ar dhúshláin theicneolaíocha agus shistéamacha atá sonrach do bhithbhreoslaí algaí agus bearta maidir le glacadh ar an margadh a shainaithint i gcomhthéacs Fís Eorpach.
Sonraí
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
20) ag tosú in 2023, forbhreathnú a ullmhú ar infhaighteacht na sonraí a bhaineann le halgaí (e.g. sonraí táirgeachta, sonraí fostaíochta, sonraí láimhdeachais agus sonraí socheacnamaíocha eile) agus moladh a eisiúint maidir le foinsí na sonraí sin a lárú.
|
4.4.Feasacht shóisialta agus glacadh margaidh a mhéadú maidir le halgaí agus maidir le táirgí atá bunaithe ar algaí
Is minic nach mbíonn tomhaltóirí ná saoránaigh an Aontais ar an eolas faoin iliomad tairbhí a bhaineann le saothrú algaí agus táirgí atá bunaithe ar algaí, ó éiceachórais mhuirí a athghiniúint go táirgí ísealcharbóin a chruthú agus poist a chruthú sa gheilleagar gorm. Trí fheasacht shóisialta a mhéadú maidir le halgaí agus maidir le táirgí atá bunaithe ar algaí, is féidir an t‑éileamh orthu a mhéadú, rud a spreagann forbairt earnáil algaí an Aontais.
Is féidir eolas ar earnáil an bhithgheilleagair ghoirm a mhéadú trí chláir oideachais i scoileanna, taispeántais cócaireachta feamainne, bileoga agus ailt sna nuachtáin ar an ábhar, agus feachtais ar na meáin shóisialta. Le hanailís spriocdhírithe ar iompraíocht tomhaltóirí agus ar na roghanna tosaíochta le haghaidh táirgí atá bunaithe ar algaí, chuideofaí freisin le tuairim a fháil faoin áit a bhfuil easpa eolais ann agus faoin áit a bhfuil sé riachtanach, dá bhrí sin, tionscnaimh múscailte feasachta a eagrú agus a eagrú cén treo atá le glacadh maidir forbairt gnó algaí.
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
21)ag tosú in 2023, tacú le feasacht na dtomhaltóirí a mhúscailt tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
A.anailís a dhéanamh ar iompraíocht agus ar roghanna tosaíochta tomhaltóirí
maidir leis na braistintí atá ann i leith táirgí atá bunaithe ar algaí;
B.feachtas nó feachtais cumarsáide uile-Aontais agus/nó, i gcás inarb ábhartha, feachtas nó feachtais cumarsáide réigiúnacha nó áitiúla atá bunaithe ar fhíorais a sheoladh chun éagsúlacht na bhfeidhmeanna agus na dtairbhí a bhaineann le táirgí atá bunaithe ar algaí a chur chun cinn
;
22)próifíl inbhuanaitheachta na dtáirgí atá bunaithe ar algaí a ardú i gcreat an Aontais maidir le lipéadú bia inbhuanaithe, lena n‑áirítear i gcaighdeáin mhargaíochta maidir le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe agus i dtionscnaimh soláthair phoiblí ghlais atá beartaithe mar chuid den Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’.
23)ag tosú in 2023, in éineacht leis an ardán EU4Ocean agus leis na Ballstáit, gníomhaíochtaí múscailte feasachta a chur chun cinn le haghaidh scoileanna agus ollscoileanna maidir leis an mbithgheilleagar gorm agus maidir le réitigh nuálacha don dobharshaothrú athghiniúnach.
|
5.Conclúidí
Trí ghníomhú anois, is féidir leis an Aontas an deis a thapú chun aghaidh a thabhairt ar thuislí a d’fhéadfadh a bheith ann, agus ní hamháin chun freagairt don spéis atá ag méadú maidir le halgaí a mheas mar amhábhar malartach i ngeilleagair éagsúla, ach freisin chun spreagadh a thabhairt i dtaca le hacmhainn iomaíoch in-athnuaite atá sábháilte ó thaobh an gheilleagair, na sochaí agus an chomhshaoil de a fhorbairt do mhargadh an Aontais agus don mhargadh idirnáisiúnta le haghaidh táirgí bunaithe ar algaí, ar margaí iad atá ag dul i méid. Mar a luaitear i Misean an chláir Fís Eorpach, ‘Ár nAigéan agus ár nUiscí a Athbhunú faoi 2030’, tá sé ríthábhachtach go ndéanfar an t‑aigéan agus na huiscí a athghiniúint le haghaidh shaol an duine agus le haghaidh fholláine agus shlite beatha na saoránach den Aontas Eorpach, go háirithe pobail chósta. Is féidir ról mór a bheith ag algaí maidir leis seo.
I gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, tá ról tábhachtach ag an tionscnamh seo chun deiseanna gnó a dhéanamh de na dúshláin chomhshaoil agus aeráide atá ann faoi láthair. Soláthraítear leis cur chuige comhtháite sistéamach i leith sineirgí a chruthú idir gníomhaíochtaí atá ar bun cheana féin agus gníomhaíochtaí nua a mholadh, ar a dtugtar tuairisc sa Teachtaireacht seo. Tá comhtháthú agus comhordú den sórt sin ríthábhachtach chun cur chun feidhme éifeachtach agus cur i bhfeidhm cliste eacnamaíoch bhuiséad an Aontais a áirithiú trí shineirgí a áirithiú agus trí chomhroinnt eolais a uasmhéadú.
Is earnáil óg dhinimiciúil í earnáil algaí an Aontais, ina bhfuil tionscal atá ag athrú go tapa, eolas atá ag síormhéadú agus líon tionscadal taighde atá ag síormhéadú. Ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil ina ndéanfar measúnú ar an dul chun cinn i gcur chun feidhme na Teachtaireachta seo faoi dheireadh 2027.