AN COIMISIÚN EORPACH
Strasbourg, 18.10.2022
COM(2022) 551 final
2022/0338(NLE)
Togra le haghaidh
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le cur chuige comhordaithe ón Aontas chun seasmhacht an bhonneagair chriticiúil a neartú
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Is sprioc ríthábhachtach de chuid an Aontais Eorpaigh í an tslándáil. Cé gurb iad na Ballstáit atá freagrach go príomha as saoránaigh a chosaint, cuireann gníomhaíocht choiteann ar leibhéal an Aontais go mór le slándáil an Aontais ina iomláine. Cuidíonn comhordú chun an tseasmhacht a threisiú, chun feabhas a chur ar airdeall, agus chun ár bhfreagairt choiteann a neartú. I gcomhthéacs Aontas Slándála an Aontais Eorpaigh, rinneadh céimeanna tábhachtacha chun cumais agus acmhainneachtaí a fhorbairt chun go leor bagairtí slándála a chosc, a bhrath agus chun freagairt thapa a thabhairt orthu, agus chun gníomhaithe san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach a nascadh le chéile in iarracht choiteann.
Chun an tAontas Eorpach a chumasú chun déileáil le timpeallacht na bagartha atá ag síorathrú, tá gá le forairdeall agus oiriúnú leanúnach. Tá rioscaí nua tagtha chun cinn mar gheall ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus is minic a chuirtear le chéile iad mar bhagairt hibrideach. Ceann díobh sin is ea an baol go gcuirfí isteach ar sholáthar seirbhísí fíor-riachtanacha ag eintitis a oibríonn bonneagar criticiúil san Eoraip. Tá sé seo níos soiléire fós leis an tsabaitéireacht dhealraitheach ar phíblínte gáis Nord Stream agus eachtraí eile le déanaí. Tá an tsochaí ag brath go mór ar bhonneagar fisiceach agus digiteach araon agus d’fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ag cur isteach ar sheirbhísí bunriachtanacha, cibé acu trí ghnáthionsaithe fisiceacha nó cibirionsaithe, nó trí mheascán den dá rud, ar fholláine na saoránach, ar ár ngeilleagair, agus ar mhuinín as ár gcórais dhaonlathacha.
Thairis sin, is príomhsprioc eile de chuid an Aontais é feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, lena n‑áirítear na seirbhísí fíor-riachtanacha a sholáthraíonn eintitis a oibríonn bonneagar criticiúil. Dá bhrí sin, tá roinnt beart déanta ag an Aontas cheana féin chun leochaileachtaí a laghdú agus seasmhacht na n‑eintiteas criticiúil a mhéadú, i ndáil le cibir-rioscaí agus rioscaí nach mbaineann nach mbaineann leis an gcibearshlándáil araon.
Tá géarghá le gníomhaíocht chun dlús a chur le cumas an Aontais seasamh i gcoinne na n‑ionsaithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar bhonneagar criticiúil, go príomha san Aontas féin agus, i gcás inarb ábhartha, ina chomharsanacht dhíreach freisin.
Leis an Moladh ón gComhairle atá beartaithe, féachtar le dlús a chur le tacaíocht an Aontais do sheasmhacht an bhonneagair chriticiúil a mhéadú, agus do chomhordú ar leibhéal an Aontais a áirithiú, ó thaobh ullmhachta agus freagartha de. Is é is aidhm dó an obair a uasmhéadú agus dlús a chur léi chun na sócmhainní, na saoráidí agus na córais sin atá riachtanach d’fheidhmiú an gheilleagair a chosaint agus chun seirbhísí riachtanacha a bhfuil saoránaigh ag brath orthu a sholáthar, chomh maith le tionchar aon ionsaí a mhaolú tríd an téarnamh is tapúla is féidir a áirithiú. Cé gur cheart gach bonneagar den sórt sin a chosaint, is iad earnálacha an fhuinnimh, an bhonneagair dhigitigh, an iompair agus an spáis an chéad tosaíocht faoi láthair mar gheall ar a ngné chothrománach go háirithe don tsochaí agus don gheilleagar, agus mar gheall ar mheasúnuithe riosca atá ann faoi láthair.
Tá ról ar leith le himirt ag an Aontas maidir le seasmhacht an bhonneagair a thrasnaíonn teorainneacha talún nó muirí a théann i bhfeidhm ar leasanna roinnt Ballstát a áirithiú, nó a úsáidtear chun seirbhísí riachtanacha trasteorann a sholáthar. D’fhéadfadh bonneagar criticiúil atá ábhartha do roinnt Ballstát a bheith, áfach, i mBallstát amháin ina aonar nó fiú lasmuigh de chríoch Ballstáit, mar shampla i gcás cáblaí nó píblínte faoi bhun farraige. Is chun leasa na mBallstát uile agus an Aontais Eorpaigh ina iomláine é an bonneagar criticiúil agus na heintitis a oibríonn iad a shainaithint go soiléir, chomh maith leis na rioscaí a chuireann i mbaol iad, agus gealltanas coiteann chun iad a chosaint.
Tá Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle tar éis teacht ar chomhaontú polaitiúil cheana féin chun an creat reachtach a dhoimhniú don Aontas chun cabhrú le seasmhacht na n‑eintiteas a oibríonn bonneagar criticiúil a neartú. I samhradh 2022, thángthas ar chomhaontuithe i ndáil leis an Treoir maidir le seasmhacht an bhonneagair chriticiúil (‘Treoir CER’) agus leis an Treoir maidir le slándáil gréasán agus córas faisnéise (‘Treoir NIS2’). Dlús mór a bheidh iontu sin i gcomparáid leis an gcreat reachtach atá ann cheana, Treoir 2008/114/CE an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair chriticiúla Eorpacha a shainaithint agus a ainmniú agus measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú (‘Treoir ECI’) agus Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal coiteann slándála do líonraí agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais (‘Treoir NIS). Meastar go dtiocfaidh an reachtaíocht nua i bhfeidhm go déanach in 2022 nó go luath in 2023, agus ba cheart do na Ballstáit tosaíocht a thabhairt don trasuí agus don chur i bhfeidhm, i gcomhréir le dlí an Aontais.
Ós amhlaidh atá, agus i bhfianaise na práinne a d’fhéadfadh a bheith ann chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí a eascraíonn as cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ba cheart tús áite a thabhairt, i gcás inar féidir, do na céimeanna a leagtar amach sa reachtaíocht nua amhail ón lá atá inniu ann. Trí chomhar frithpháirteach a threisiú cheana féin, chuideofaí le dlús a chur le cur chun feidhme éifeachtach nuair a bheadh an reachtaíocht nua i bhfeidhm go hiomlán.
Is é an toradh a bheadh air sin dul níos faide ná na creataí atá ann faoi láthair, i dtéarmaí dhoimhneacht na gníomhaíochta agus leithead na n‑earnálacha a chumhdaítear. Le Treoir nua CER, cuirtear ar aghaidh creat nua le haghaidh comhair chomh maith le hoibleagáidí do na Ballstáit agus d’eintitis chriticiúla arb é is aidhm dóibh seasmhacht fhisiceach nach mbaineann le cibearshlándáil a neartú i gcoinne bagairtí nádúrtha agus bagairtí de dhéantús an duine atá ag na heintitis sin a sholáthraíonn seirbhísí fíor-riachtanacha sa mhargadh inmheánach, ina sonraítear aon earnáil déag. Le Treoir NIS2, cuirfear cumhdach leathan earnála i bhfeidhm maidir le hoibleagáidí cibearshlándála. Cuimseofar leis sin ceanglas nua ar na Ballstáit, i gcás inarb ábhartha, cáblaí faoi uisce a áireamh ina straitéisí cibearshlándála.
Leis an reachtaíocht, ceanglaítear ar an gCoimisiún ról suntasach comhordúcháin a ghlacadh. Faoi Threoir CER, tá ról tacaíochta agus éascaithe ag an gCoimisiún, atá le déanamh le tacaíocht agus rannpháirtíocht an Ghrúpa um Sheasmhacht na nEintiteas Criticiúil (CERG) arna bhunú leis an Treoir sin, agus ba cheart dó gníomhaíochtaí na mBallstát a chomhlánú trí dhea-chleachtais, ábhar treorach agus modheolaíochtaí a fhorbairt. Maidir leis an gcibearshlándáil, d’iarr an Chomhairle cheana féin ina conclúidí maidir le Cibirsheasamh an Aontais i samhradh 2022 ar an gCoimisiún, ar an Ardionadaí, agus ar Ghrúpa Comhair NIS obair a dhéanamh ar mheasúnuithe riosca agus ar chásanna ó thaobh na cibearshlándála de. Is féidir le comhordú den sórt sin cur chuige a spreagadh le haghaidh príomhbhonneagar criticiúil eile.
An 5 Deireadh Fómhair 2022, chuir an tUachtarán von der Leyen plean 5 phointe i láthair, ina leagtar amach cur chuige comhordaithe i leith na hoibre is gá amach anseo. Ba iad seo a leanas na príomhghnéithe a bhain leis: ullmhacht a fheabhsú; oibriú leis na Ballstáit d’fhonn tástáil struis a dhéanamh ar a mbonneagar criticiúil, ag tosú leis an earnáil fuinnimh agus ansin earnálacha ardriosca eile ina dhiaidh sin; an acmhainneacht freagartha a mhéadú go háirithe, trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta; úsáid mhaith a bhaint as acmhainneacht satailíte chun bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann a bhrath; agus an comhar le ECAT agus le príomh‑chomhpháirtithe a neartú maidir le seasmhacht an bhonneagair chriticiúil. Leagadh béim sa phlean 5 phointe ar an luach a bhaineann le réamh‑mheas a dhéanamh ar an reachtaíocht a bhaineann le comhaontú polaitiúil cheana féin.
Is díol sásaimh don Mholadh seo ón gComhairle an cur chuige sin, chun struchtúr a chur ar thacaíocht do na Ballstáit agus chun comhordú a dhéanamh ar a n‑iarrachtaí feasacht riosca, ullmhacht agus freagairt ar na bagairtí atá ann faoi láthair a ardú. I ndáil leis an méid sin, tionóltar cruinnithe saineolaithe chun seasmhacht na n‑eintiteas a oibríonn bonneagar criticiúil a phlé in oirchill theacht i bhfeidhm Threoir CER agus CERG arna bhunú leis sin.
Beidh comhar neartaithe le príomh‑chomhpháirtithe agus le tríú tíortha comharsanachta agus tríú tíortha ábhartha eile maidir le seasmhacht na n‑eintiteas a oibríonn bonneagar criticiúil bunriachtanach, go háirithe tríd an idirphlé struchtúrtha idir an tAontas agus ECAT maidir leis an tseasmhacht.
Is é fócas an Mholta seo acmhainneacht an Aontais a threisiú chun na bagairtí nua a eascraíonn as ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine a thuar, a chosc agus freagairt dóibh. Dá bhrí sin, dírítear sna moltaí atá beartaithe ar aghaidh a thabhairt ar rioscaí a bhaineann leis an tslándáil agus ar bhagairtí ar bhonneagar criticiúil. Mar sin féin, ba cheart a thabhairt faoi deara gur leag imeachtaí a tharla le déanaí béim freisin ar an ngá práinneach atá ann aird níos mó a thabhairt ar thionchair an athraithe aeráide ar bhonneagar criticiúil agus ar sheirbhísí criticiúla, mar shampla, i dtéarmaí, mar shampla, soláthairtí uisce a bhfuil baol séasúrach iontu agus nach féidir a thuar le haghaidh fuarú gléasra cumhachta núicléiche, hidreachumhacht agus loingseoireacht intíre, nó an riosca go ndéanfaí damáiste ábhartha do bhonneagar iompair, rud a d’fhéadfadh cur isteach go mór ar sheirbhísí bunriachtanacha. Leanfar d’aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní sin trí reachtaíocht agus trí chomhordú ábhartha.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an togra seo le haghaidh Moladh ón gComhairle i gcomhréir go hiomlán leis an gcreat dlíthiúil atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo maidir le seasmhacht na n‑eintiteas a oibríonn bonneagar criticiúil, Treoir maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh agus Treoir CER faoi seach, ós rud é go bhfuil sé mar aidhm leis, inter alia, comhar a éascú idir na Ballstáit sa réimse seo agus tacú le bearta nithiúla chun an tseasmhacht a fheabhsú i gcoinne na mbagairtí atá ann faoi láthair i gcoinne eintitis a oibríonn bonneagar criticiúil san Aontas.
Déanann sé Treoir CER a chomhlánú agus a thuar freisin trína iarraidh ar na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do thrasuí tráthúil na Treorach, trí chomhoibriú trí chruinnithe saineolaithe a thionóltar mar chuid den phlean 5 phointe a d’fhógair an Coimisiún agus trí dhíriú ar chomhordú a dhéanamh ar an mbealach i dtreo cur chuige coiteann maidir le tástálacha struis a dhéanamh ar bhonneagar criticiúil san Aontas.
Tá an togra i gcomhréir freisin le Treoir NIS agus le Treoir NIS2, lena n‑aisghairfear Treoir NIS, trína iarraidh go dtosófaí go luath ar obair chur chun feidhme agus trasuite. Léirítear ann freisin Glao Comhpháirteach Nevers ó mhí an Mhárta 2022 chomh maith leis na Conclúidí ón gComhairle maidir le cibirsheasamh an Aontais ó mhí na Bealtaine 2022 maidir leis an méid a bhaineann leis an iarraidh ó na Ballstáit ar an gCoimisiún measúnuithe riosca agus cásanna riosca a fhorbairt.
Tá an togra i gcomhréir freisin le beartas an Aontais maidir le cosaint shibhialta, inar féidir le Ballstáit agus tríú tíortha cúnamh a iarraidh tríd an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha (ERCC) faoi Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta (UCPM) i gcás suaitheadh ollmhór a bheith ann in oibríochtaí an bhonneagair chriticiúil/na n‑eintiteas criticiúil. I gcás gníomhachtú UCPM, tá ERCC in ann imscaradh an trealaimh, na n‑ábhar agus an tsaineolais fhíor-riachtanach atá ar fáil sna Ballstáit (i gcomhthéacs an Díorma Eorpaigh um Chosaint Shibhialta) agus faoi rescEU don tír lena mbaineann a chomhordú agus a chómhaoiniú. Áirítear leis an gcúnamh is féidir a chur ar fáil ach é a iarraidh, mar shampla, breosla, gineadóirí, bonneagar leictreachais, acmhainn dídine, acmhainn íonaithe uisce, agus acmhainní leighis éigeandála.
Tá an togra i gcomhréir freisin le acquis an Aontais a bhaineann le slándáil an tsoláthair fuinnimh.
Níl earnáil an fhuinnimh núicléach san áireamh go sonrach sa Mholadh ón gComhairle atá beartaithe, seachas bonneagar a d’fhéadfadh a bheith gaolmhar (amhail línte tarchuir chuig stáisiúin núicléacha) a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chinnteacht an tsoláthair. Cumhdaítear gnéithe núicléacha sonracha le reachtaíocht núicléach ábhartha faoi Chonradh Euratom agus/nó reachtaíocht náisiúnta. Bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó thimpiste Fukushima, treisíodh reachtaíocht na hEorpa maidir le sábháilteacht núicléach agus, dá bhrí sin, ní mór d’údaráis náisiúnta athbhreithnithe tréimhsiúla sábháilteachta a dhéanamh go rialta maidir le gach suiteáil chun a áirithiú go leanfar de bheith ag comhlíonadh na gceanglas sábháilteachta is airde agus chun tuilleadh feabhsuithe sábháilteachta a shainaithint chomh maith le sé cinn de athbhreithnithe tráthúla piaraí bliantúla ar leibhéal an Aontais.
I Straitéis Slándála Muirí an Aontais Eorpaigh agus ina plean gníomhaíochta, leagtar béim ar chineál athraitheach na mbagairtí sa réimse muirí agus éilítear tiomantas athnuaite maidir le bonneagar criticiúil muirí a chosaint, lena n‑áirítear bonneagar faoi uisce, agus go háirithe bonneagar muiriompair, fuinnimh agus cumarsáide, inter alia trí fheasacht mhuirí a fheabhsú trí idir-inoibritheacht fheabhsaithe agus trí mhalartú faisnéise cuíchóirithe.
Tá an togra i gcomhréir freisin le reachtaíocht earnála ábhartha eile. Dá bhrí sin, ba cheart cur chun feidhme an Mholta seo a bheith comhsheasmhach le bearta sonracha lena rialaítear nó lena bhféadfar rialáil a dhéanamh amach anseo ar ghnéithe áirithe de sheasmhacht na n‑eintiteas a oibríonn sna hearnálacha lena mbaineann, amhail iompar. Áirítear leis sin tionscnaimh ábhartha eile amhail an plean teagmhasach don iompar nó an plean teagmhasach don soláthar bia agus don tslándáil bia i dtráth géarchéime agus an Sásra Eorpach um ullmhacht agus freagairt i ndáil le slándáil bia a bhaineann leis sin. Ar bhonn níos ginearálta, ba cheart an Moladh a chur chun feidhme go nádúrtha agus lánurraim á tabhairt do rialacha infheidhme uile dhlí an Aontais, lena n‑áirítear iad siúd a leagtar síos i dTreoracha TES agus NIS.
Tá an togra i gcomhréir freisin leis an gCompás Straitéiseach don tSlándáil agus don Chosaint, inar leagadh béim ar an ngá atá le feabhas suntasach a chur ar sheasmhacht agus ar chumas cur i gcoinne bagairtí hibrideacha agus cibirionsaithe, chomh maith leis an ngá seasmhacht na dtíortha comhpháirtíochta a neartú agus comhoibriú le ECAT. Tá sé i gcomhréir freisin leis an gCreat le haghaidh freagairt chomhordaithe ón Aontas ar bhagairtí agus feachtais hibrideacha a mbíonn tionchar acu ar an Aontas, ar na Ballstáit agus ar chomhpháirtithe.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tá an togra bunaithe ar Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena mbaineann comhfhogasú dlíthe chun feabhas a chur ar an margadh inmheánach, mar aon le hAirteagal 292 CFAE. Tá údar leis sin toisc go bhféachtar go príomha leis an Moladh ón gComhairle atá beartaithe bearta a réamh‑mheas a leagtar síos i dTreoracha nua CER agus NIS2, a bhfuil an dá cheann acu bunaithe ar Airteagal 114 CFAE chomh maith. I gcomhréir leis an loighic a thugann bonn cirt d’úsáid an Airteagail sin mar bhunús dlí na dTreoracha sin, tá gá le gníomhaíocht ón Aontas chun feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, go háirithe i bhfianaise chineál agus raon feidhme trasteorann na seirbhísí lena mbaineann agus na n‑iarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann i gcás suaitheadh, chomh maith leis na bearta náisiúnta iarbhír agus na bearta náisiúnta atá ag teacht chun cinn atá dírithe ar fheabhas a chur ar sheasmhacht na n‑eintiteas a oibríonn bonneagar criticiúil a úsáidtear chun seirbhísí fíor-riachtanacha a sholáthar sa mhargadh inmheánach.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Tá bonn cirt le bealach chun cinn ar an leibhéal Eorpach i réimse seasmhacht na n‑eintiteas a oibríonn bonneagar criticiúil i bhfianaise chineál idirspleách, trasteorann an chaidrimh idir oibríochtaí bonneagair chriticiúil agus na seirbhísí fíor-riachtanacha a sholáthraítear agus mar gheall ar an ngá atá le cur chuige Eorpach níos comhchoitinne agus níos comhordaithe, chun a áirithiú go mbeidh na heintitis lena mbaineann athléimneach go leor sa chomhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair. De bhrí, ar an gcéad dul síos, go dtugtar aghaidh ar go leor de na dúshláin choiteanna, amhail sabaitéireacht dealraitheach na bpíblínte gáis Srutha Thuaidh, trí bhearta náisiúnta nó trí eintitis a oibríonn bonneagar criticiúil, is gá tacaíocht ón Aontas, lena n‑áirítear gníomhaireachtaí ábhartha i gcás inarb iomchuí, chun an tseasmhacht a threisiú, chun feabhas a chur ar an airdeall, agus chun freagairt choiteann an Aontais a neartú.
•Comhréireacht
Tá an togra reatha i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta dá bhforáiltear in Airteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
Ní théann ábhar ná foirm an Mholta bheartaithe seo ón gComhairle thar a bhfuil gá leis chun a chuspóirí a bhaint amach. Tá na gníomhaíochtaí atá beartaithe comhréireach leis na cuspóirí atá á saothrú toisc go n‑urramaíonn siad sainchearta agus oibleagáidí na mBallstát faoin dlí náisiúnta.
Ar deireadh, freastalaíonn an togra ar chur chuige difreáilte féideartha lena léirítear réaltachtaí inmheánacha éagsúla na mBallstát maidir le hullmhacht agus freagairt do bhagairtí fisiceacha ar bhonneagar criticiúil.
•An rogha ionstraime
Chun na cuspóirí dá dtagraítear thuas a bhaint amach, foráiltear le CFAE go nglacfaidh an Chomhairle Moltaí go háirithe in Airteagal 292 de, bunaithe ar thogra ón gCoimisiún. Is ionstraim iomchuí é Moladh ón gComhairle sa chás seo, ag féachaint freisin don chomhthéacs reachtach reatha mar a mhínítear thuas. Mar ghníomh dlíthiúil, cé gur de chineál neamhcheangailteach é, léirítear i moladh ón gComhairle tiomantas na mBallstát do na bearta a áirítear agus a soláthraítear bonn láidir polaitiúil le haghaidh le haghaidh comhair sna réimsí sin, agus údaráis na mBallstát a urramú go hiomlán.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Agus an togra seo á fhorbairt, cuireadh tuairimí na saineolaithe ó na Ballstáit a cuireadh in iúl ag cruinniú an 12 Deireadh Fómhair 2022 san áireamh. Bhí comhaontú ginearálta ann maidir lena úsáidí atá tuilleadh comhordaithe ar leibhéal an Aontais a mhéid a bhaineann le hullmhacht agus freagairt i gcomhthéacs na bagartha atá ann faoi láthair agus maidir le gnéithe áirithe de Threoir CER a réamh‑mheas sula nglacfar go foirmiúil í. Chuir na Ballstáit in iúl go raibh siad toilteanach taithí agus dea-chleachtais a roinnt maidir leis na bearta agus na modheolaíochtaí chun feabhas a chur ar sheasmhacht na n‑eintiteas a oibríonn bonneagar criticiúil. Chuir na Ballstáit in iúl freisin go raibh siad oscailte do chur chuige comhordaithe i leith tástálacha struis ar eintitis a oibríonn bonneagar criticiúil ar bhonn deonach agus bunaithe ar phrionsabail choiteanna. Chuir na Ballstáit in iúl gur cheart eintitis a oibríonn bonneagar criticiúil in earnálacha an fhuinnimh, an bhonneagair dhigitigh agus an iompair a mheas mar thosaíocht chun críocha an Mholta seo, go háirithe iad siúd atá ábhartha do roinnt Ballstát. Ba dhíol sásaimh do na Ballstáit freisin go raibh sé ar intinn ag an gCoimisiún cruinnithe breise de shaineolaithe ó na Ballstáit a thionól sna seachtainí amach romhainn.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Déantar an méid seo a leanas leis an togra le haghaidh Moladh ón gComhairle:
–Leagtar síos i gCaibidil I aidhm an togra, an méid a chumhdaítear leis agus tosaíocht a thabhairt do na bearta a mholtar.
–Dírítear i gCaibidil II ar bhearta ba cheart a dhéanamh ar ullmhacht fheabhsaithe, ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon.
–Le Caibidil III cumhdaítear freagairt fheabhsaithe, ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon.
–Pléitear i gCaibidil IV leis an gcomhar idirnáisiúnta agus leis na gníomhaíochtaí ba cheart a dhéanamh chun seasmhacht na n‑eintiteas a oibríonn bonneagar criticiúil a fheabhsú.
2022/0338 (NLE)
Togra le haghaidh
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le cur chuige comhordaithe ón Aontas chun seasmhacht an bhonneagair chriticiúil a neartú
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 agus Airteagal 292 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tá ról ar leith le himirt ag an Aontas maidir le bonneagar a thrasnaíonn teorainneacha a mbíonn tionchar aige ar leasanna roinnt Ballstát, nó i gcás bonneagar a úsáideann eintitis chun seirbhísí riachtanacha a sholáthar ar bhonn trasteorann. D’fhéadfadh soláthar seirbhíse agus bonneagar criticiúil den sórt sin atá ábhartha do roinnt Ballstát a bheith lonnaithe, áfach, in aon Bhallstát amháin nó lasmuigh de chríoch na mBallstát, mar shampla i gcás cáblaí nó píblínte faoin muir. Is chun leasa na mBallstát uile agus an Aontais ina iomláine é an bonneagar agus na heintitis sin a shainaithint go soiléir mar aon leis na bagairtí atá os a gcomhair, agus tiomantas coiteann a bheith ann chun iad a chosaint.
(2)Faoi láthair, rialaítear cosaint an bhonneagair chriticiúil in dhá earnáil le Treoir 2008/114/CE ón gComhairle. Bunaítear leis an Treoir sin nós imeachta chun bonneagair chriticiúla Eorpacha a shainaithint agus a ainmniú mar aon le cur chuige coiteann maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le cosaint an bhonneagair den sórt sin a fheabhsú chun rannchuidiú le cosaint daoine. Cumhdaítear earnáil an fhuinnimh agus earnáil an iompair leis. Chun feabhas a chur ar sheasmhacht na n‑eintiteas criticiúil agus na seirbhísí riachtanacha a sholáthraíonn siad agus ar an mbonneagar a bhfuil siad ag brath air, tá Treoir nua maidir le seasmhacht na n‑eintiteas criticiúil (‘Treoir CER’) á glacadh ag reachtóir an Aontais agus gabhfaidh sí ionad Threoir 2008/114/CE, lena gcumhdaítear níos mó earnálacha, lena n‑áirítear an bonneagar digiteach.
(3)Ina theannta sin, is ar bhagairtí a bhaineann leis an gcibearshlándáil a dhírítear i dTreoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal coiteann slándála do líonraí agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais. Cuirfear Treoir nua maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal coiteann cibearshlándála ar fud an Aontais (‘Treoir NIS2’) in ionad na Treorach sin, ar Treoir í atá á glacadh ag reachtóir an Aontais freisin.
(4)I bhfianaise timpeallacht bhagartha atá ag athrú go tapa, go háirithe i gcomhthéacs na sabaitéireachta dealraithí a rinneadh ar bhonneagar gáis Nord Stream 1 agus 2, tá dúshláin ar leith roimh eintitis a oibríonn bonneagar criticiúil a mhéid a bhaineann lena seasmhacht i gcoinne gníomhartha naimhdeacha agus bagairtí eile de dhéantús an duine, agus tá dúshláin ó thosca nádúrtha agus ón athrú aeráide ag dul i méid agus féadfaidh siad idirghníomhú le gníomhartha naimhdeacha. Dá bhrí sin, ní mór dóibh, le tacaíocht ó na Ballstáit, bearta iomchuí a dhéanamh chun an tseasmhacht a fheabhsú. Ba cheart na bearta sin a dhéanamh agus ba cheart tacaíocht a sholáthar sa bhreis ar na bearta faoi Threoir 2008/114/CE agus faoi Threoir (AE) 2016/1148 agus fiú roimh ghlacadh, teacht i bhfeidhm agus trasuí Threoracha nua CER agus NIS2.
(5)Go dtí go nglacfar na Treoracha nua sin, go dtí go dtiocfaidh siad i bhfeidhm agus go dtrasuífear iad, spreagtar an tAontas agus na Ballstáit, i gcomhréir le dlí an Aontais, na huirlisí uile atá ar fáil a úsáid chun bogadh ar aghaidh agus cuidiú le neartú a dhéanamh ar sheasmhacht fhisiceach agus ar chibear-sheasmhacht na n‑eintiteas sin lena mbaineann agus ar an mbonneagar criticiúil a oibríonn siad chun seirbhísí riachtanacha a sholáthar sa mhargadh inmheánach, is é sin seirbhísí atá fíorthábhachtach chun feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha, gníomhaíochtaí eacnamaíocha, sláinte agus sábháilteacht phoiblí nó an comhshaol a choinneáil ar bun. I ndáil leis an méid sin, ba cheart coincheap na seasmhachta a thuiscint mar thagairt do chumas eintitis teagmhais a chosc, cosaint a thabhairt ina gcoinne, freagairt dóibh, iad a ionsú, dul in oiriúint dóibh agus téarnamh uathu, ar teagmhais iad a d’fhéadfadh cur isteach go mór ar sholáthar na seirbhísí riachtanacha lena mbaineann, nó a chuireann isteach ar an soláthar sin.
(6)Chun cur chuige atá éifeachtach agus chomh comhsheasmhach agus is féidir le Treoir nua CER a áirithiú, ba cheart baint a bheith ag na bearta atá sa Mholadh seo le bonneagar arna ainmniú ag Ballstát mar bhonneagar criticiúil, lena gcumhdaítear bonneagar criticiúil náisiúnta agus bonneagar criticiúil Eorpach araon, gan beann ar cé acu a ainmníodh nó nár ainmníodh cheana an t‑eintiteas a oibríonn an bonneagar criticiúil mar eintiteas criticiúil faoin Treoir nua sin. Chun críocha an Mholta seo, ba cheart an téarma ‘bonneagar criticiúil’ a thuiscint dá réir.
(7)I bhfianaise na mbagairtí atá ann cheana, ba cheart bearta feabhsaithe seasmhachta a dhéanamh mar ábhar tosaíochta i bpríomhearnálacha an fhuinnimh, an bhonneagair dhigitigh, an iompair agus an spáis, agus ba cheart na bearta sin a bheith dírithe ar fheabhas a chur ar sheasmhacht eintiteas a oibríonn bonneagar criticiúil i leith rioscaí de dhéantús an duine. I gcás ina bhfuil bonneagar criticiúil náisiúnta i gceist, i bhfianaise na n‑iarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann má thagann ann do na rioscaí, ba cheart tosaíocht a thabhairt don bhonneagar a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leis.
(8)Dá réir sin, is é is príomhaidhm do na bearta a leagtar síos sa Mholadh seo Treoracha nua CER agus NIS2, atá bunaithe ar Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), a fhorlíonadh trí na bearta a fhorálfar leis na Treoracha nua sin a thuar agus a chomhlánú. Dá bhrí sin, agus i bhfianaise chineál agus ábharthacht trasteorann na seirbhísí riachtanacha agus an bhonneagair chriticiúil atá i gceist agus i bhfianaise na n‑éagothromaíochtaí atá ann faoi láthair agus atá ag teacht chun cinn sna dlíthe náisiúnta a shaobhann an margadh inmheánach, is iomchuí an Moladh seo a bhunú ar Airteagal 114 CFAE, mar aon le hAirteagal 292 CFAE.
(9)Níor cheart a thuiscint go ndéanann cur chun feidhme an Mholta seo difear do cheanglais dhlí an Aontais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo maidir le gnéithe áirithe de sheasmhacht na n‑eintiteas lena mbaineann, agus ba cheart é a bheith comhsheasmhach leis na ceanglais sin. Leagtar síos ceanglais den sórt sin in ionstraimí ginearálta amhail Treoir 2008/114/CE agus Treoir (AE) 2016/1148 agus Treoracha nua CER agus NIS2 a chuirtear ina n‑ionad, ach in ionstraimí áirithe earnáilsonracha freisin, amhail i réimse an iompair, atá ar cheann de na réimsí ina bhfuil tús curtha ag an gCoimisiún le tionscnamh maidir leis an bplean teagmhasach le haghaidh iompair. I gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis, ba cheart an Moladh seo a chur chun feidhme le lánurraim agus cúnamh frithpháirteach.
(10)An 5 Deireadh Fómhair 2022, d’fhógair an Coimisiún plean cúig phointe ina leagtar amach cur chuige comhordaithe chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá romhainn, lena n‑áirítear obair ar ullmhacht trí ghlacadh agus teacht i bhfeidhm Threoir nua CER a fhorbairt agus a thuar agus lena n‑áirítear oibriú leis na Ballstáit d’fhonn tástálacha struis a dhéanamh ar eintitis a oibríonn bonneagar criticiúil ar bhonn deonach bunaithe ar phrionsabail choiteanna, ag tosú leis an earnáil fuinnimh. Rannchuideofar sa Mholadh seo leis an bplean sin agus is díol sásaimh é an cur chuige atá beartaithe agus leagtar amach ann conas is féidir gníomhaíocht a dhéanamh den chur chuige.
(11)I bhfianaise timpeallacht bhagartha atá ag athrú go mear agus na timpeallachta riosca atá ann faoi láthair lena mbaineann rioscaí de dhéantús an duine, go háirithe a mhéid a bhaineann le bonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leis, tá sé riachtanach léargas cruinn, cothrom le dáta agus iomlán a bheith ann ar na rioscaí is tábhachtaí atá le sárú ag eintitis a oibríonn bonneagar criticiúil. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun a measúnuithe ar na rioscaí sin a dhéanamh nó a thabhairt cothrom le dáta. Cé go ndírítear sa mholadh seo ar rioscaí a bhaineann leis an tslándáil, ba cheart, ina theannta sin, leanúint de na hiarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide agus leis an gcomhshaol, go háirithe nuair a d’fhéadfadh teagmhais nádúrtha cur le rioscaí de dhéantús an duine.
(12)Ag féachaint don timpeallacht bhagartha sin, ba cheart iarraidh ar na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh, a luaithe is féidir, chun seasmhacht an bhonneagair chriticiúil a fheabhsú, sa bhreis ar na measúnuithe riosca sin freisin, a éileofar ina dhiaidh sin faoi Threoir nua CER.
(13)Mar chuid de chur chun feidhme an phlean cúig phointe a d’fhógair an Coimisiún, is gá an obair a chomhordú trí shaineolaithe náisiúnta a thionól, saineolaithe atá le tabhairt le chéile in oirchill bhunú an Ghrúpa um Sheasmhacht na nEintiteas Criticiúil le Treoir nua CER, chun comhar idir na Ballstáit agus malartú faisnéise a chumasú a mhéid a bhaineann le seasmhacht na n‑eintiteas a oibríonn bonneagar criticiúil. Ba cheart go n‑áireofaí leis sin comhar agus malartú faisnéise maidir le gníomhaíochtaí amhail eintitis chriticiúla agus bonneagar criticiúil a shainaithint, sraith choiteann prionsabal a fhorbairt agus a chur chun cinn chun tástálacha struis a dhéanamh agus ceachtanna coiteanna a fhoghlaim ó thástálacha struis, lena sainaithnítear leochaileachtaí agus cumais fhéideartha. Ba cheart go rachadh na próisis sin chun tairbhe do sheasmhacht na n‑eintiteas a oibríonn bonneagar criticiúil i gcoinne rioscaí aeráide agus comhshaoil. Leis an obair sin, d’fhéadfaí tosaíocht choiteann a thabhairt don obair ar thástálacha struis, agus béim á leagan ar earnálacha an fhuinnimh, an bhonneagair dhigitigh, an iompair agus an spáis. Tá tosaithe ag an gCoimisiún ar na saineolaithe sin a thionól cheana féin agus ar a gcuid oibre a éascú, agus tá sé ar intinn ag an gCoimisiún leanúint leis an obair sin. Nuair a thiocfaidh Treoir nua CER i bhfeidhm agus nuair a bhunófar an Grúpa um Sheasmhacht na nEintiteas Criticiúil, ba cheart don ghrúpa sin leanúint den obair oirchilleach sin i gcomhréir lena chúraimí faoi Threoir CER.
(14)Ba cheart an tástáil struis a chomhlánú le táirgeadh Treoirphlean maidir le teagmhais agus géarchéimeanna criticiúla bonneagair ina dtugtar tuairisc ar na cuspóirí agus ar na modhanna comhair idir na Ballstáit agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais chun freagairt do theagmhais in aghaidh bonneagar criticiúil agus ina leagtar amach na cuspóirí agus modhanna comhair sin, go háirithe i gcás ina gcuirfear isteach go mór ar sholáthar seirbhísí riachtanacha don mhargadh inmheánach dá mbarr. Leis an Treoirphlean sin, ba cheart úsáid a bhaint as na socruithe comhtháite um Fhreagairt Pholaitiúil ar Ghéarchéim (IPCR) atá ann cheana chun an fhreagairt a chomhordú, ba cheart go n‑oibreodh sé i gcomhleanúnachas agus i gcomhlántacht leis an Treoirphlean maidir le teagmhais chibearshlándála mhórscála, agus ba cheart foráil a dhéanamh ann freisin maidir le comhaontú i dtaca le príomhtheachtaireachtaí cumarsáide poiblí ós rud é go bhfuil ról tábhachtach ag cumarsáidí géarchéime chun éifeachtaí diúltacha teagmhas agus géarchéimeanna bonneagair criticiúla a mhaolú.
(15)Chun freagairt chomhordaithe éifeachtach ar na bagairtí reatha agus ar na bagairtí a bhfuil coinne leo a áirithiú, cuirfidh an Coimisiún tacaíocht bhreise ar fáil do na Ballstáit d’fhonn feabhas a chur ar an tseasmhacht i bhfianaise na mbagairtí sin, go háirithe trí fhaisnéis ábhartha a sholáthar i bhfoirm faisnéisithe, lámhleabhar agus treoirlínte, glacadh tionscadal taighde agus nuálaíochta arna gcistiú ag an Aontas a chur chun cinn, an réamhghníomhaíocht is gá a dhéanamh agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as sócmhainní faireachais an Aontais. Ba cheart do SEGS, go háirithe trí Lárionad Faisnéise agus Staide an Aontais, measúnuithe ar bhagairtí a sholáthar.
(16)Ba cheart do ghníomhaireachtaí ábhartha earnála de chuid an Aontais agus do chomhlachtaí ábhartha eile tacaíocht a chur ar fáil freisin maidir le hábhair a bhaineann le seasmhacht, a mhéid is féidir sin a dhéanamh lena sainorduithe faoi seach mar a leagtar amach in ionstraimí ábhartha dhlí an Aontais iad. Go háirithe, d’fhéadfadh Gníomhaireacht an Aontais um Chibearshlándáil (ENISA) cúnamh a thabhairt maidir le cúrsaí cibearshlándála, d’fhéadfadh an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) cuidiú lena saineolas chun tacú leis na Ballstáit trína seirbhís faireachais mhuirí le haghaidh ábhair a bhaineann le slándáil agus sábháilteacht mhuirí, d’fhéadfadh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (EUROPOL) tacaíocht a thabhairt i ndáil le bailiú faisnéise agus imscrúduithe i ngníomhaíochtaí trasteorann um fhorfheidhmiú an dlí, agus d’fhéadfadh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (EUSPA) agus Lárionad Satailítí an Aontais (SatCen) cúnamh a thabhairt trí oibríochtaí laistigh de Chlár Spáis an Aontais.
(17)Cé gur ar na Ballstáit atá an phríomhfhreagracht slándáil an bhonneagair chriticiúil agus na n‑eintiteas lena mbaineann a áirithiú, is iomchuí comhordú méadaithe ar leibhéal an Aontais go háirithe i bhfianaise bagairtí a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar roinnt Ballstát ag an am céanna, amhail cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, nó a dhéanann difear do sheasmhacht agus dea-fheidhmiú gheilleagar, mhargadh aonair agus shochaithe an Aontais.
(18)Níl soláthar faisnéise i gceist leis an Moladh seo, ar faisnéis í a bhfuil a nochtadh contrártha do leasanna riachtanacha na mBallstát maidir le slándáil náisiúnta, slándáil phoiblí nó cosaint.
(19)Agus idirspleáchas na mbonneagar fisiceach agus digiteach ag dul i méid, d’fhéadfadh cur isteach ar bhonneagar fisiceach nó damáiste do bhonneagar fisiceach a bheith mar thoradh ar chibirghníomhaíochtaí mailíseacha lena ndírítear ar réimsí criticiúla, agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh rochtain ar sheirbhísí digiteacha de bharr sabaitéireacht ar bhonneagar fisiceach. I bhfianaise na bagartha méadaithe a bhaineann le hionsaithe hibrideacha sofaisticiúla, ba cheart do na Ballstáit breithnithe den sórt sin a áireamh ina gcuid oibre i gcur chun feidhme an Mholta seo. I bhfianaise na n‑idirnasc idir cibearshlándáil agus slándáil fhisiceach na n‑oibreoirí, tá sé tábhachtach go dtosófaí a luaithe is féidir ar an obair chun ullmhú do thrasuí agus do chur i bhfeidhm Threoir NIS2 nua agus go ndéanfar dul chun cinn i gcomhthráth leis an obair sin faoi Threoir nua CER.
(20)Chomh maith le hullmhacht a fheabhsú, tá sé tábhachtach freisin feabhas a chur ar na cumais chun freagairt go tapa agus go héifeachtach i gcás ina dtagann ann do rioscaí a dhéanann difear do sholáthar seirbhísí riachtanacha a chuireann eintitis a oibríonn bonneagar criticiúil ar fáil. Dá bhrí sin, is é ba cheart a bheith sa Mholadh seo na bearta ba cheart a dhéanamh ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an Aontais araon, lena n‑áirítear comhar treisithe agus malartú faisnéise i gcomhthéacs Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta agus úsáid sócmhainní ábhartha de Chlár Spáis an Aontais.
(21)Tar éis cuireadh a fháil ón gComhairle sna conclúidí uaithi maidir le seasamh cibearshlándála an Aontais, tá an Coimisiún, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) agus an Grúpa Comhair a bunaíodh le Treoir (AE) 2016/1148 (‘Grúpa Comhair NIS’), i gcomhar le comhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha sibhialta agus míleata agus líonraí bunaithe, lena n‑áirítear EU CyCLONe, ag déanamh meastóireacht riosca agus ag forbairt cásanna féideartha rioscaí ó thaobh na cibearshlándála de i gcás bagairt nó ionsaí a d’fhéadfadh a bheith ann ar na Ballstáit nó ar na tíortha comhpháirtíochta. Tá an cleachtadh seo dírithe ar earnálacha ríthábhachtacha, lena n‑áirítear fuinneamh, bonneagar digiteach, iompar agus spás.
(22)Iarradh freisin sa Ghlao Aireachta Comhpháirteach ó Nevers agus sna conclúidí ón gComhairle maidir le seasamh cibearshlándála an Aontais, seasmhacht an bhonneagair agus na líonraí cumarsáide san Aontas a neartú, trí mholtaí a dhéanamh do na Ballstáit agus don Choimisiún, bunaithe ar mheasúnú riosca. Tá an measúnú riosca seo á dhéanamh faoi láthair ag Grúpa Comhair NIS, le tacaíocht ón gCoimisiún agus ó ENISA, agus i gcomhar le Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC). Sa mheasúnú riosca agus san anailís ar bhearnaí, féachtar ar na rioscaí a bhaineann le cibirionsaithe i gcás fho-earnálacha éagsúla na mbonneagar cumarsáide, lena n‑áirítear bonneagair sheasta agus mhóibíleacha, satailít, cáblaí fomhuirí, ródú idirlín, etc., agus ar an gcaoi sin cuirtear bonn ar fáil don obair faoin Moladh seo. Is foinse faisnéise a bheidh sa mheasúnú riosca sin don mheastóireacht thrasearnála leanúnach agus do chásanna cibearshlándála arna n‑iarraidh ag an gComhairle, sna conclúidí ón gComhairle an 23 Bealtaine 2022.
(23)Beidh an dá chleachtadh sin comhsheasmhach agus comhordaithe leis an gcleachtadh le haghaidh cásanna ina ndírítear ar chosaint shibhialta i gcomhthéacs réimse leathan tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine, lena n‑áirítear imeachtaí cibearshlándála agus a dtionchar iarbhír, atá á bhforbairt faoi láthair ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit faoi Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ar mhaithe le héifeachtúlacht, éifeachtacht agus comhsheasmhacht, ba cheart an Moladh seo a chur chun feidhme ag féachaint do thorthaí na gcleachtaí sin.
(24)Leagtar amach i mBosca Uirlisí an Aontais maidir leis an gCibearshlándáil 5G bearta agus pleananna maolaithe ábhartha chun slándáil líonraí 5G a threisiú. Ó tharla go bhfuil roinnt seirbhísí riachtanacha ag brath ar líonraí 5G agus go bhfuil na héiceachórais dhigiteacha idirnasctha, tá sé riachtanach go gcuirfeadh gach Ballstát chun feidhme na bearta a mholtar sa Bhosca Uirlisí go práinneach agus go háirithe go gcuirfidís i bhfeidhm na srianta ábhartha ar sholáthróirí ardriosca le haghaidh na bpríomhshócmhainní a shainítear mar shócmhainní criticiúla agus íogaire i measúnú riosca comhordaithe an Aontais.
(25)Chun ullmhacht agus inniúlachtaí a threisiú láithreach chun freagairt do chibeartheagmhas mór, tá clár gearrthéarmach curtha ar bun ag an gCoimisiún chun tacú leis na Ballstáit, trí chistiú breise a leithdháileadh ar ENISA. Ar na seirbhísí a chumhdófar, áireofar gníomhaíochtaí ullmhachta, amhail tástáil treáite eintiteas criticiúil chun leochaileachtaí a shainaithint. Neartóidh sé freisin na féidearthachtaí chun cabhrú leis na Ballstáit i gcás mórtheagmhas a d’imreodh tionchar ar eintitis chriticiúla. Is é sin an chéad chéim i gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle maidir leis an seasamh cibearshlándála inar iarradh ar an gCoimisiún togra a chur chun cinn maidir le Ciste Cibiréigeandála. Ba cheart do na Ballstáit leas iomlán a bhaint as na deiseanna sin, i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme.
(26)Tá líonra domhanda na gcáblaí um chumarsáid sonraí agus leictreonach faoi mhuir riachtanach le haghaidh idirnascacht ar fud an domhain agus laistigh den Aontas. Mar gheall ar fhad suntasach na gcáblaí sin agus a suiteáil ar ghrinneall na farraige, tá sé an‑dúshlánach faireacháin amhairc faoin uisce a dhéanamh ar an gcuid is mó de na codanna cábla. Is cás ar leith iad an dlínse chomhroinnte agus saincheisteanna dlínse eile a bhaineann leis na cáblaí sin don chomhar Eorpach agus idirnáisiúnta maidir le cosaint agus téarnamh bonneagair. Dá bhrí sin, is gá na measúnuithe riosca leanúnacha agus pleanáilte maidir le bonneagair dhigiteacha agus fhisiceacha atá mar bhonn le seirbhísí digiteacha a chomhlánú le measúnuithe riosca ar leith agus roghanna maidir le bearta maolaithe a bhaineann le cáblaí faoin muir. Dá bhrí sin, déanfaidh an Coimisiún staidéir chun na críche sin agus comhroinnfidh sé a thorthaí leis na Ballstáit.
(27)Is féidir le rioscaí a bhaineann le bonneagar digiteach tionchar a imirt freisin ar na hearnálacha tosaíochta a shainaithnítear sa Mholadh seo maidir le fuinneamh agus iompar. D’fhéadfadh tionchar den sórt sin a bheith ann, mar shampla, i ndáil le teicneolaíochtaí fuinnimh a bhfuil comhpháirteanna digiteacha leabaithe iontu. Tá slándáil na slabhraí soláthair gaolmhara tábhachtach chun go leanfar le soláthar na seirbhísí riachtanacha agus chun rialú straitéiseach a dhéanamh ar bhonneagar criticiúil a oibríonn eintitis san earnáil fuinnimh. Ba cheart na himthosca sin a chur san áireamh agus bearta á ndéanamh chun seasmhacht na n‑eintiteas a oibríonn bonneagar criticiúil a fheabhsú i gcomhréir leis an Moladh seo.
(28)Mar gheall ar thábhacht mhéadaitheach an bhonneagair spáis agus na seirbhísí spásbhunaithe le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann leis an tslándáil, tá sé riachtanach seasmhacht a áirithiú agus sócmhainní agus seirbhísí spáis an Aontais a chosaint laistigh den Aontas, ach faoi chuimsiú an Mholta seo freisin, úsáid níos struchtúrtha a bhaint as sonraí agus seirbhísí spásbhunaithe atá á soláthar ag córais agus cláir spáis chun faireachas agus cosaint a dhéanamh ar bhonneagar criticiúil in earnálacha eile. I Straitéis Spáis an Aontais um Shlándáil agus Cosaint atá ar na bacáin, molfar gníomhaíochtaí iomchuí i ndáil leis sin, ar cheart iad a chur san áireamh agus an Moladh seo á chur chun feidhme
(29)Tá gá le comhar ar an leibhéal idirnáisiúnta freisin chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar rioscaí a bhaineann le seasmhacht na n‑eintiteas a oibríonn bonneagar criticiúil, san Aontas nó i dtríú tíortha ábhartha nó in uiscí idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, ba cheart a iarraidh ar na Ballstáit comhoibriú leis an gCoimisiún agus leis an Ardionadaí, bearta áirithe a dhéanamh chun na críche sin, agus é le tuiscint nach ndéanfar aon bheart den sórt sin ach amháin i gcomhréir lena gcúraimí agus lena bhfreagrachtaí faoi seach faoi dhlí an Aontais, go háirithe forálacha Chonarthaí an Aontais maidir leis an gcaidreamh seachtrach.
(30)Mar a bunaíodh sa Teachtaireacht ‘Rannchuidiú an Choimisiúin le cosaint na hEorpa’, chun tacú leis an gCompás Straitéiseach don tSlándáil agus don Chosaint - Le haghaidh Aontas Eorpach a chosnaíonn a shaoránaigh, a luachanna agus a leasanna agus a rannchuidíonn leis an tsíocháin agus leis an tslándáil idirnáisiúnta, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na bunlínte earnála maidir leis an tseasmhacht hibrideach i gcomhar leis an Ardionadaí agus leis na Ballstáit, trí bhearnaí agus riachtanais a shainaithint chomh maith le céimeanna chun aghaidh a thabhairt orthu faoi 2023. Trí chuidiú le neartú a dhéanamh ar chomhroinnt faisnéise agus ar chomhordú gníomhaíochta, ba cheart don tionscnamh bonn eolais a chur faoin obair atá ar siúl faoin Moladh seo, obair a bhfuil sé d’aidhm aici seasmhacht a neartú a thuilleadh, lena n‑áirítear seasmhacht an bhonneagair chriticiúil.
(31)I Straitéis Slándála Muirí an Aontais Eorpaigh 2014 agus ina Phlean Gníomhaíochta iarradh cosaint mhéadaithe do bhonneagar criticiúil muirí, lena n‑áirítear faoin uisce, agus go háirithe iompar muirí, bonneagar fuinnimh agus cumarsáide, inter alia trí fheasacht mhuirí a fheabhsú le hidir-inoibritheacht fheabhsaithe agus malartú faisnéise cuíchóirithe (éigeantach agus deonach). Tá an Straitéis agus an Plean Gníomhaíochta á dtabhairt cothrom le dáta faoi láthair, agus áireofar iontu gníomhaíochtaí feabhsaithe atá dírithe ar bhonneagar criticiúil muirí a chosaint. Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a bheith mar bhonn eolais faoin Moladh seo agus é a chomhlánú.
(32)Ba cheart do na Ballstáit lánacmhainneacht chlár taighde slándála an Aontais a chur san áireamh, agus leas á bhaint go háirithe as a thosaíocht thiomnaithe maidir le bonneagar criticiúil, go sonrach faoi na cláir atá maoinithe ag an gCiste Slándála Inmheánaí chomh maith le deiseanna cistiúcháin eile a d’fhéadfadh a bheith ann ar leibhéal an Aontais, go háirithe Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa a mhéid a chomhlíonann bearta sonracha na ceanglais incháilitheachta a bhaineann leis. Féadfaidh REPowerEU deiseanna a chur ar fáil freisin maidir le cistiú seasmhachta. Aon úsáid a bhainfear as na deiseanna a thairgtear le cistiú ón Aontas, is i gcomhréir leis na ceanglais dlí is infheidhme a bhainfear í.
TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I: AIDHM, RAON FEIDHME AGUS BEARTÚ TOSAÍOCHTA
(1)Leis an Moladh seo, iarrtar ar na Ballstáit bearta práinneacha éifeachtacha a dhéanamh, agus comhoibriú go dílis, go héifeachtúil, i ndlúthpháirtíocht agus ar bhealach comhordaithe le chéile, leis an gCoimisiún agus le húdaráis phoiblí ábhartha eile chomh maith leis na heintitis lena mbaineann, chun feabhas a chur ar sheasmhacht an bhonneagair chriticiúil a úsáidtear chun seirbhísí fíor-riachtanacha a sholáthar sa mhargadh inmheánach.
(2)Na bearta a leagtar amach sa Mholadh seo, baineann siad le bonneagar arna ainmniú ag Ballstát mar bhonneagar criticiúil, lena n‑áirítear mar bhonneagar criticiúil Eorpach.
(3)Agus an Moladh seo á chur chun feidhme, ba cheart tosaíocht a thabhairt d’fheabhas a chur ar sheasmhacht na n‑eintiteas a oibríonn in earnálacha an fhuinnimh, an bhonneagair dhigitigh, an iompair agus an spáis, agus ar sheasmhacht an bhonneagair chriticiúil a oibríonn na heintitis sin, ar bonneagar é a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leis, i leith rioscaí de dhéantús an duine.
CAIBIDIL II: ULLMHACHT FHEABHSAITHE
Gníomhaíochtaí ar leibhéal na mBallstát
(4)Iarrtar ar na Ballstáit measúnuithe riosca a dhéanamh nó iad a thabhairt cothrom le dáta maidir le seasmhacht na n‑eintiteas a oibríonn bonneagar criticiúil Eorpach, ar bonneagar e atá ainmnithe in earnáil an iompair agus in earnáil an fhuinnimh faoi Threoir 2008/114/CE agus leanúint den chomhar i measc a chéile maidir leis na measúnuithe riosca sin agus na bearta feabhsaithe seasmhachta eascraíonn as sin, de réir mar is iomchuí agus i gcomhréir leis an Treoir sin.
(5)Ina theannta sin, agus chun ardleibhéal seasmhachta a bhaint amach do na heintitis a oibríonn bonneagar criticiúil, ba cheart do na Ballstáit dlús a chur leis an obair ullmhúcháin chun Treoir nua CER a thrasuí agus a chur i bhfeidhm, a luaithe is féidir, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)dlús a chur le glacadh straitéisí náisiúnta nó iad a thabhairt cothrom le dáta chun seasmhacht na n‑eintiteas a oibríonn bonneagar criticiúil a fheabhsú d’fhonn freagairt don bhagairt atá ann faoi láthair. Ba cheart codanna ábhartha den straitéis sin a chur in iúl don Choimisiún;
(b)measúnuithe riosca a dhéanamh nó iad a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le cineál athraitheach na mbagairtí atá ann faoi láthair, a mhéid a bhaineann le seasmhacht na n‑eintiteas a oibríonn bonneagar criticiúil in earnálacha ábhartha seachas earnálacha an fhuinnimh, an bhonneagair dhigitigh, an iompair agus an spáis, agus i gcás inar féidir sna hearnálacha sin faoi raon feidhme Threoir nua CER, is é sin, sna hearnálacha a leanas: baincéireacht, bonneagar an mhargaidh airgeadais, bonneagar digiteach, sláinte, uisce óil, fuíolluisce, riarachán poiblí, spás agus táirgeadh bia, próiseáil agus dáileadh, agus cineál hibrideach féideartha na mbagairtí ábhartha á gcur san áireamh, lena n‑áirítear éifeachtaí cascáideacha agus éifeachtaí an athraithe aeráide;
(c)an Coimisiún a chur ar an eolas faoi na cineálacha rioscaí arna sainaithint de réir earnála agus fo-earnála agus faoi thorthaí na measúnuithe riosca, a fhéadfar a dhéanamh trí úsáid a bhaint as teimpléad tuairiscithe coiteann arna fhorbairt ag an gCoimisiún i gcomhar leis na Ballstáit;
(d)dlús a chur leis an bpróiseas maidir leis na heintitis chriticiúla a shainaithint agus a ainmniú, agus tosaíocht á tabhairt do na heintitis chriticiúla:
(a)a úsáideann bonneagar criticiúil atá nasctha go fisiceach idir dhá Bhallstát nó níos mó;
(b)atá mar chuid de struchtúir chorparáideacha atá nasctha leis na heintitis chriticiúla i mBallstáit eile;
(c)a sainaithníodh amhlaidh i mBallstát amháin agus a chuireann seirbhísí bunriachtanacha ar fáil do Bhallstáit eile nó i mBallstáit eile nó níos mó agus, dá bhrí sin, a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leo, agus a chuireann an Coimisiún ar an eolas dá réir sin;
(d)a chomhoibríonn le chéile, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na heintitis chriticiúla agus seirbhísí fíor-riachtanacha agus bonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leis, go háirithe trí dhul i mbun comhairliúcháin le chéile chun críocha phointe 5(d) agus trí eolas a thabhairt dá chéile i gcás teagmhas a bhfuil éifeacht shuaiteach trasteorann shuntasach aige nó a d’fhéadfadh éifeacht shuaiteach trasteorann shuntasach a bheith aige agus an Coimisiún á choinneáil ar an eolas ag an am céanna de réir mar is iomchuí;
(e)a chuireann leis an tacaíocht d’eintitis chriticiúla ainmnithe chun a seasmhacht a fheabhsú, lena bhféadfar a áireamh ábhair threoracha agus modheolaíochtaí treorach a sholáthar, cleachtaí a eagrú chun a seasmhachta thástáil agus comhairle agus oiliúint a chur ar a bpearsanra, chomh maith le seiceálacha cúlra a chumasú ar dhaoine a bhfuil róil íogaire acu, i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais agus leis an reachtaíocht náisiúnta, mar chuid de bhearta bainistithe slándála fostaithe ag na heintitis chriticiúla;
(f)a chuireann dlús le hainmniú nó bunú pointe teagmhála aonair san údarás inniúil chun feidhm idirchaidrimh a fheidhmiú ar mhaithe le comhar trasteorann a áirithiú, ar comhar é a bhaineann le seasmhacht na n‑eintiteas a oibríonn bonneagar criticiúil le pointí teagmhála aonair na mBallstát eile.
(6)Moltar do na Ballstáit tástálacha struis a dhéanamh ar na heintitis a oibríonn bonneagar criticiúil. Go háirithe, iarrtar ar na Ballstáit a n‑ullmhacht, agus ullmhacht na n‑eintiteas lena mbaineann, san earnáil fuinnimh a chur chun cinn agus tástálacha struis a dhéanamh san earnáil sin, de réir prionsabal a comhaontaíodh go coiteann ar leibhéal an Aontais, i gcás inar féidir, agus cumarsáid éifeachtach leis na heintitis lena mbaineann á háirithiú san am céanna. Tástálacha struis in earnálacha tosaíochta eile, is é sin in earnálacha an bhonneagair dhigitigh, an iompair agus an spáis, i gcás inar gá, d’fhéadfaí iad a mheas ina dhiaidh sin agus aird chuí á tabhairt ar chigireachtaí sna fo-earnálacha aeir agus muirí de bhun dhlí an Aontais, agus forálacha ábhartha faoi reachtaíocht earnála á gcur san áireamh.
(7)Iarrtar ar na Ballstáit comhoibriú, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir le dlí an Aontais, le tríú tíortha ábhartha a mhéid a bhaineann le seasmhacht na n‑eintiteas a oibríonn bonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leis.
(8)Iarrtar ar na Ballstáit leas a bhaint, i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme, as deiseanna cistiúcháin féideartha ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun feabhas a chur ar sheasmhacht na n‑eintiteas a oibríonn bonneagar criticiúil san Aontas, lena n‑áirítear mar shampla feadh líonraí tras‑Eorpacha, i gcoinne raon iomlán bagairtí suntasacha, go háirithe faoi na cláir atá maoinithe ag an gCiste Slándála Inmheánaí agus ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, faoi réir na gcritéar incháilitheachta lena mbaineann a chomhlíonadh, agus an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena n‑áirítear forálacha maidir le díonadh ar an athrú aeráide. Is féidir cistiú ón Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta a úsáid freisin chun na críche sin, i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme, go háirithe le haghaidh tionscadail a bhaineann le measúnuithe riosca, pleananna infheistíochta nó staidéir, fothú acmhainneachta nó feabhas a chur ar an mbonn eolais. Féadfaidh REPowerEU deiseanna a chur ar fáil freisin maidir le cistiú seasmhachta.
(9)Maidir leis an mbonneagar cumarsáide agus líonraí san Aontas, ba cheart do Ghrúpa Comhair NIS, agus é ag gníomhú dó i gcomhréir le hAirteagal 11 de Threoir (AE) 2016/1148 agus ina dhiaidh sin le hAirteagal 14 de Threoir NIS2, dlús a chur leis an obair leanúnach atá ar bun aige maidir le measúnú riosca spriocdhírithe agus ba cheart dó na chéad mholtaí uaidh a chur i láthair go luath in 2023. Ba cheart an obair sin a dhéanamh trí chomhleanúnachas agus comhlántacht a áirithiú leis an obair a dhéanann sruth oibre Ghrúpa Comhair NIS i ndáil le slándáil an tslabhra soláthair teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide chomh maith le grúpaí ábhartha eile, amhail an Grúpa um Sheasmhacht na nEintiteas Criticiúil atá le bunú faoi Threoir nua CER agus an Fóram Formhaoirseachta atá le bunú faoin nGníomh nua um Sheasmhacht Dhigiteach Oibríochtúil (DORA).
(10)Iarrtar ar Ghrúpa Comhair NIS, a dhéanfaidh a chúraimí i gcomhréir le hAirteagal 11 de Threoir (AE) 2016/1148 agus ina dhiaidh sin le hAirteagal 14 de Threoir NIS2, le tacaíocht ón gCoimisiún agus ó ENISA, tosaíocht a thabhairt dá chuid oibre ar shlándáil earnálacha an bhonneagair dhigitigh agus an spáis, lena n‑áirítear trí threoir bheartais agus modheolaíochtaí agus bearta bainistithe riosca cibearshlándála a ullmhú bunaithe ar chur chuige uile-ghuaise i ndáil le cáblaí cumarsáide faoin muir, in oirchill theacht i bhfeidhm Threoir NIS2, chomh maith le treoir a fhorbairt do bhearta bainistithe riosca cibearshlándála le haghaidh oibreoirí san earnáil spáis arb é is aidhm dóibh seasmhacht an bhonneagair ar talamh lena dtacaítear le soláthair seirbhísí spásbhunaithe a mhéadú.
(11)Ba cheart do na Ballstáit lánúsáid a bhaint as na seirbhísí ullmhachta cibearshlándála a thairgtear i gclár tacaíochta gearrthéarmach an Choimisiúin arna chur chun feidhme le ENISA, go háirithe tástáil treáite chun leochaileachtaí a shainaithint, agus, sa chomhthéacs sin, moltar dóibh tosaíocht a thabhairt do na heintitis a oibríonn bonneagar criticiúil in earnálacha an fhuinnimh, an bhonneagair dhigitigh agus an iompair.
(12)Ba cheart do na Ballstáit cur chun feidhme na mbeart a mholtar i mBosca Uirlisí an Aontais maidir leis an gCibearshlándáil 5G a bhaint amach mar ábhar práinne. Na Ballstáit nár achtaigh srianta ar sholáthróirí ardriosca go fóill, ba cheart dóibh déanamh amhlaidh gan a thuilleadh moille, ós rud é gur féidir leochaileacht líonraí san Aontas a mhéadú le ham a chuirtear amú. Ba cheart dóibh freisin cosaint fhisiceach agus neamhfhisiceach codanna criticiúla agus íogaire de líonraí 5G a threisiú, lena n‑áirítear trí rialuithe rochtana dochta. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le gníomhaíocht chomhlántach, lena n‑áirítear ceanglais atá ceangailteach ó thaobh an dlí de ar leibhéal an Aontais, chun leibhéal comhsheasmhach slándála agus seasmhachta a áirithiú i dtaca le líonraí 5G.
(13)Ba cheart do na Ballstáit an cód líonra atá ar na bacáin le haghaidh gnéithe cibearshlándála de shreabha leictreachais trasteorann a chur chun feidhme a luaithe is féidir, ag tógáil ar an taithí a fuarthas le cur chun feidhme Threoir NIS agus le treoir ábhartha arna soláthar ag grúpa comhair NIS go háirithe an doiciméad tagartha dá chuid maidir le bearta slándála le haghaidh Oibreoirí Seirbhísí Riachtanacha.
(14)Ba cheart do na Ballstáit úsáid Galileo agus/nó Copernicus a fhorbairt chun faireachas a dhéanamh agus faisnéis ábhartha a roinnt laistigh de na saineolaithe a thionólfar i gcomhréir le pointe 15. Ba cheart leas maith a bhaint as na cumais a chuireann Cumarsáid Satailíte Rialtais (GOVSATCOM) an Aontais ar fáil i gClár Spáis an Aontais chun faireachán a dhéanamh ar bhonneagar criticiúil agus chun tacú le freagairt ar ghéarchéimeanna.
Gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais
(15)Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún comhar a neartú i measc shaineolaithe na mBallstát, d’fhonn cuidiú le feabhas a chur ar sheasmhacht fhisiceach neamhchibir na n‑eintiteas a oibríonn bonneagar criticiúil, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)forbairt agus cur chun cinn uirlisí coiteanna a ullmhú chun tacú leis na Ballstáit an tseasmhacht sin a fheabhsú, lena n‑áirítear modheolaíochtaí agus cásanna riosca.
(b)tacú le comhphrionsabail a fhorbairt maidir le cur i gcrích na dtástálacha struis dá dtagraítear i bpointe 6 ag na Ballstáit, ag tosú le tástálacha den sórt sin lena ndírítear ar rioscaí de dhéantús an duine in earnáil an fhuinnimh agus ina dhiaidh sin i bpríomhearnálacha eile, amhail earnálacha an bhonneagair dhigitigh, an iompair agus an spáis; aghaidh a thabhairt ar rioscaí agus guaiseacha suntasacha eile; agus, i gcás inarb ábhartha, tacaíocht agus comhairle a thabhairt maidir leis na tástálacha struis sin a dhéanamh.
(c)ardán slán a sholáthar chun dea-chleachtais, ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí náisiúnta agus faisnéis eile a bhaineann leis an tseasmhacht sin a bhailiú, a mheas agus a chomhroinnt, lena n‑áirítear maidir leis na tástálacha struis sin a dhéanamh agus torthaí na dtástálacha sin a aistriú ina bprótacail agus ina bpleananna teagmhasacha.
Ba cheart aird ar leith a thabhairt in obair na saineolaithe sin ar spleáchais trasearnála agus ar na heintitis a oibríonn bonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leis, agus ba cheart don Ghrúpa um Sheasmhacht na nEintiteas Criticiúil leanúint leis an obair sin nuair a bhunófar é.
(16)Ba cheart do na Ballstáit a bheith rannpháirteach go hiomlán sa chomhar neartaithe dá dtagraítear i bpointe 15, lena n‑áirítear trí phointí teagmhála a ainmniú a bhfuil saineolas ábhartha acu agus trí thaithí a roinnt maidir leis na modheolaíochtaí a úsáidtear le haghaidh na dtástálacha struis mar aon leis na prótacail agus na pleananna teagmhasacha a forbraíodh ar an mbonn sin. Leis an malartú faisnéise, ba cheart rúndacht na faisnéise sin agus leasanna slándála agus tráchtála na n‑eintiteas criticiúil a chaomhnú, agus slándáil na mBallstát á hurramú san am céanna. Ní bheidh i gceist leis sin soláthar faisnéise a bhfuil a nochtadh contrártha do leasanna bunúsacha na mBallstát maidir le slándáil náisiúnta, slándáil phoiblí nó cosaint.
(17)Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit trí lámhleabhair agus treoirlínte a chur ar fáil amhail lámhleabhar a ullmhú maidir le Bonneagar Criticiúil agus Spásanna Poiblí a Chosaint i gcoinne Córais Aerárthaí Gan Foireann, agus uirlisí le haghaidh measúnuithe riosca. Iarrtar ar SEGS, go háirithe trí Lárionad Faisnéise agus Staide an Aontais agus trína Chill Chomhtháthaithe in aghaidh Bagairtí Hibrideacha, seisiúin faisnéise a sheoladh maidir leis na bagairtí ar bhonneagar criticiúil san Aontas chun an fheasacht staide a fheabhsú.
(18)Tacóidh an Coimisiún le glacadh thorthaí na dtionscadal maidir le seasmhacht na n‑eintiteas a oibríonn bonneagar criticiúil arna gcistiú faoi chláir thaighde agus nuálaíochta an Aontais. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún cistiú ar sheasmhacht den sórt sin a mhéadú laistigh den bhuiséad a leithdháiltear ar an gClár Fís Eorpach faoi chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027. Leis sin, ba cheart go mbeifí in ann aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo sa réimse seo, amhail bonneagar criticiúil a dhíonadh ar an athrú aeráide, gan dochar do chistiú taighde agus nuálaíochta eile a bhaineann leis an tslándáil shibhialta faoin gclár Fís Eorpach. Ina theannta sin, méadóidh an Coimisiún a iarrachtaí torthaí na dtionscadal taighde ábhartha atá cistithe ag an Aontas a scaipeadh.
(19)Iarrtar ar Ghrúpa Comhair NIS, i gcomhar leis an gCoimisiún agus leis an Ardionadaí, an obair le líonraí ábhartha agus le comhlachtaí sibhialta agus míleata a threisiú, i gcomhréir lena gcúraimí agus lena bhfreagrachtaí faoi dhlí an Aontais, chun measúnú riosca a dhéanamh agus cásanna riosca cibearshlándála a thógáil agus béim tosaigh á leagan ar an bhfuinnimh, ar an gcumarsáid, ar an iompar agus ar an mbonneagar spáis, agus ar na hidirspleáchais ar fud na n‑earnálacha agus na mBallstát freisin. Ba cheart na rioscaí gaolmhara don bhonneagar fisiceach ar a bhfuil na hearnálacha sin ag brath a chur san áireamh sa chleachtadh sin. Ba cheart na measúnuithe riosca agus na cásanna riosca a dhéanamh go tráthrialta agus ba cheart go gcomhlánódh siad na measúnuithe riosca atá ann cheana nó atá beartaithe sna hearnálacha sin, go gcuirfeadh siad leo agus go seachnódh siad an dúbláil agus go gcuirfeadh siad eolas ar fáil don phlé maidir le conas seasmhacht fhoriomlán na n‑eintiteas a oibríonn bonneagar criticiúil a neartú agus chun aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí.
(20)Cuirfidh an Coimisiún dlús lena ghníomhaíochtaí maidir le tacú le hullmhacht na mBallstát agus leis an bhfreagairt ar theagmhais chibearshlándála mhórscála, agus go háirithe:
(a)déanfaidh sé staidéar cuimsitheach, mar chomhlánú ar na measúnuithe riosca ábhartha i gcomhthéacs na Slándála Gréasáin agus Faisnéise, staidéar ina ndéanfar breithniú ar an mbonneagar cáblaí fomhuirí a nascann na Ballstáit le chéile agus a nascann an Eoraip ar bhonn domhanda, lena n‑áirítear mapáil ar an mbonneagar sin, ina léirítear a acmhainneachtaí agus a iomarcaíochtaí, a leochaileachtaí, na rioscaí a bhaineann le hinfhaighteacht seirbhíse agus maolú riosca. Ba cheart na torthaí a roinnt leis na Ballstáit.
(b)tacóidh sé le hullmhacht na mBallstát agus institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais (EUIBA) freagairt ar theagmhais chibearshlándála mhórscála.
(21)Déanfaidh an Coimisiún an obair ar réamhbheart réamhbhreathnaitheach a threisiú, lena n‑áirítear faoi UCPM, i gcomhar leis na Ballstáit faoi Airteagail 6 agus 10 de Chinneadh 1313/2013/AE, agus i bhfoirm pleanáil theagmhasach chun tacú le hullmhacht oibríochtúil an Lárionaid Comhordúcháin Práinnfhreagartha.
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas go háirithe:
(a)tuilleadh oibre sa Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha maidir le réamhaíocht agus pleanáil thrasearnála i ndáil le cosc, ullmhacht agus freagairt chun suaitheadh i soláthar seirbhísí fíor-riachtanacha ag na heintitis a oibríonn bonneagar criticiúil a réamh‑mheas agus a ullmhú;
(b)infheistíochtaí a mhéadú i gcur chuige coisctheach agus ullmhacht an daonra i gcás suaitheadh den sórt sin, agus béim ar leith á leagan ar oibreáin agus pléascáin cheimiceacha bhitheolaíocha núicléacha agus raideolaíocha nó ar bhagairtí eile de dhéantús an duine atá ag teacht chun cinn;
(c)malartú eolais agus dea-chleachtas a threisiú, agus feabhas a chur ar dhearadh agus ar chur i gcrích gníomhaíochtaí forbartha acmhainneachta, amhail cúrsaí oiliúna agus cleachtaí oiliúna leis na heintitis a oibríonn bonneagar criticiúil, trí na struchtúir agus an saineolas atá ann cheana, amhail an Líonra Eolais Eorpach um Chosaint Shibhialta.
(22)Cothóidh an Coimisiún úsáid shócmhainní faireachais an Aontais (Copernicus agus Galileo) chun tacú leis na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar bhonneagar criticiúil, agus ar a gcomharsanacht láithreach i gcás inarb ábhartha, agus chun tacú le roghanna faireachais eile dá bhforáiltear i gClár Spáis an Aontais.
(23)I gcás inarb ábhartha agus i gcomhréir lena sainorduithe féin, iarrtar ar ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus ar chomhlachtaí ábhartha eile tacaíocht a sholáthar maidir le hábhair a bhaineann le seasmhacht na n‑eintiteas a oibríonn bonneagar criticiúil, go háirithe mar shampla mar a leanas:
(a)EUROPOL maidir le bailiú faisnéise, anailís choiriúil agus tacaíocht imscrúdaitheach i ngníomhaíochtaí trasteorann um fhorfheidhmiú an dlí;
(b)EMSA maidir le hábhair a bhaineann le slándáil agus sábháilteacht na hearnála muirí san Aontas, lena n‑áirítear seirbhísí faireachais mhuirí le haghaidh ábhair a bhaineann le slándáil agus sábháilteacht mhuirí;
(c)EUSPA a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí laistigh de chlár spáis an Aontais;
(d)ENISA a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí a bhaineann leis an gcibearshlándáil.
CAIBIDIL III: FREAGAIRT FHEABHSAITHE
Gníomhaíochtaí ar leibhéal na mBallstát
(24) Ba cheart do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)a bhfreagairt a chomhordú agus an forbhreathnú a choimeád ar an bhfreagairt trasearnála ar shuaitheadh suntasach i soláthar seirbhísí fíor-riachtanacha ag na heintitis a oibríonn bonneagar criticiúil faoi chuimsiú shásra géarchéime na Comhairle (IPCR) a mhéid a bhaineann le bonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leis, an Treoirphlean maidir le teagmhais agus géarchéimeanna cibearshlándála mórscála nó an Creat le haghaidh freagairt chomhordaithe ón Aontas ar fheachtais hibrideacha i gcás feachtas hibrideach;
(b)malartú faisnéise a mhéadú laistigh den Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta chun luathrabhadh a fheabhsú agus a bhfreagairt faoin Sásra a chomhordú i gcás suaitheadh suntasach den sórt sin, agus ar an gcaoi sin freagairt níos tapúla ón Aontas a áirithiú nuair is gá;
(c)cur lena n‑ullmhacht freagairt a thabhairt tríd an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta ar shuaitheadh suntasach den sórt sin, go háirithe i gcás inar dócha go mbeidh impleachtaí suntasacha trasteorann nó uile-Eorpacha acu, chomh maith le himpleachtaí trasearnála;
(d)teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún chun acmhainneachtaí freagartha ábhartha a fhorbairt a thuilleadh sa Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta (ECPP) agus rescEU;
(e)cuireadh a thabhairt do na heintitis a oibríonn bonneagar criticiúil agus d’údaráis náisiúnta ábhartha feabhas a chur ar acmhainneacht na n‑eintiteas sin feidhmíocht bhunúsach na seirbhísí fíor-riachtanacha a sholáthraítear a athbhunú go tapa;
(f)a áirithiú, agus bonneagar criticiúil á atógáil, go mbeidh bonneagar atógtha den sórt sin athléimneach ó thaobh raon iomlán na rioscaí suntasacha a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm maidir leis, lena n‑áirítear i gcásanna díobhálacha aeráide.
(25)Iarrtar ar na Ballstáit dlús a chur leis an obair ullmhúcháin chun Treoir NIS2 a thrasuí agus a chur i bhfeidhm, trí bhíthin tús a chur láithreach bonn le hacmhainneachtaí náisiúnta na bhFoirne Freagartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí (CSIRTanna) a fheabhsú, i bhfianaise chúraimí nua CSIRTanna chomh maith le líon méadaithe na n‑eintiteas ó earnálacha nua, straitéisí cibearshlándála dá gcuid a thabhairt cothrom le dáta go pras agus pleananna náisiúnta maidir le teagmhais chibearshlándála agus freagairt ar ghéarchéimeanna cibearshlándála a ghlacadh a luaithe is féidir.
Gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais
(26)Ba cheart freagairt ar shuaitheadh suntasach i soláthar seirbhísí fíor-riachtanacha ag na heintitis a oibríonn bonneagar criticiúil a chomhordú i measc saineolaithe ó na Ballstáit a mhéid a bhaineann le seasmhacht na n‑eintiteas sin agus na freagairtí ar shuaitheadh den sórt sin a d’fhéadfadh cur le feidhmiú shásra géarchéime na Comhairle (IPCR).
(27)Oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis na Ballstáit chun acmhainneachtaí práinnfhreagartha in‑imscartha a fhorbairt a thuilleadh, lena n‑áirítear saineolaithe agus stoc-chairn rescEU faoi UCPM, d’fhonn ullmhacht oibríochtúil a fheabhsú chun aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí láithreacha agus indíreacha a bhaineann le suaitheadh suntasach i soláthar seirbhísí fíor-riachtanacha ag na heintitis a oibríonn bonneagar criticiúil.
(28)Agus an timpeallacht riosca atá ag síorathrú á chur san áireamh agus i gcomhar leis na Ballstáit, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas i gcomhthéacs UCPM:
(a)anailís agus tástáil leanúnach a dhéanamh ar leordhóthanacht agus ullmhacht oibríochtúil na hacmhainneachta freagartha atá ann cheana;
(b)athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann acmhainneachtaí freagartha nua a fhorbairt ar leibhéal an Aontais trí rescEU;
(c)comhar trasearnála a threisiú a thuilleadh chun freagairt leordhóthanach ar leibhéal an Aontais a áirithiú, agus cleachtaí rialta a eagrú chun an comhar sin a thástáil;
(d)ERCC a fhorbairt a thuilleadh mar mhol géarchéime trasearnála ar leibhéal an Aontais chun an tacaíocht a thugtar do na Ballstáit atá buailte a chomhordú.
(29)Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an Ardionadaí, agus i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus le tacaíocht ó ghníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, Treoirphlean a fhorbairt maidir le teagmhais agus géarchéimeanna bonneagair criticiúil ina ndéantar cur síos ar na cuspóirí agus na modhanna comhair idir na Ballstáit agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais maidir le freagairt a thabhairt ar theagmhais in aghaidh bonneagar criticiúil agus ina ndéantar iad a leagan amach, go háirithe i gcás ina mbeidh suaitheadh suntasach i soláthar seirbhísí fíor-riachtanacha don mhargadh inmheánach i gceist leo sin. Ba cheart úsáid a bhaint as na socruithe comhtháite atá ann cheana maidir le freagairt pholaitiúil ar ghéarchéimeanna (IPCR) sa Treoirphlean seo chun an fhreagairt a chomhordú.
(30)Oibreoidh an Coimisiún i gcomhar le páirtithe leasmhara agus le saineolaithe ar bhearta féideartha aisghabhála teagmhas maidir le bonneagar cáblaí faoin muir, ar bearta iad a chuirfear i láthair i gcomhar leis an staidéar breithniúcháin dá dtagraítear i bpointe 20(a), chomh maith le pleanáil theagmhasach, cásanna riosca, agus obair ar athléimneacht an Aontais ó thubaistí a mhionsaothrú a thuilleadh faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta.
CAIBIDIL IV: COMHAR IDIRNÁISIÚNTA
(31)Tacóidh an Coimisiún agus an tArdionadaí, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir lena gcúraimí agus lena bhfreagrachtaí féin faoi dhlí an Aontais, le tíortha comhpháirtíochta chun seasmhacht na n‑eintiteas a oibríonn bonneagar criticiúil ar a gcríoch a fheabhsú.
(32)Déanfaidh an Coimisiún agus an tArdionadaí, i gcomhréir lena gcúraimí agus lena bhfreagrachtaí féin faoi dhlí an Aontais, an comhordú le ECAT maidir le seasmhacht an bhonneagair chriticiúil a neartú tríd an idirphlé struchtúrtha idir an tAontas agus ECAT maidir leis an tseasmhacht agus bunóidh siad Tascfhórsa chun na críche sin.
(33)Iarrtar ar na Ballstáit rannchuidiú, i gcomhar leis an gCoimisiún agus leis an Ardionadaí, le forbairt agus cur chun feidhme brostaithe Bhosca Uirlisí Hibrideacha an Aontais agus leis na treoirlínte cur chun feidhme dá dtagraítear sna conclúidí ón gComhairle maidir le Creat le haghaidh freagairt chomhordaithe ón Aontas ar fheachtais hibrideacha agus iad a úsáid ina dhiaidh sin, chun éifeacht iomlán a thabhairt don Chreat le haghaidh freagairt chomhordaithe ón Aontas ar fheachtais hibrideacha go háirithe agus freagairtí cuimsitheacha comhordaithe ón Aontas ar fheachtais hibrideacha agus bagairtí hibrideacha á mbreithniú agus á n‑ullmhú, lena n‑áirítear iad siúd i gcoinne na n‑eintiteas a oibríonn bonneagar criticiúil.
(34)Déanfaidh an Coimisiún rannpháirtíocht ionadaithe tríú tíortha a mheas i gcás inarb ábhartha agus inarb iomchuí faoi chuimsiú an chomhair agus an mhalartaithe faisnéise idir saineolaithe na mBallstát i réimse sheasmhacht na n‑eintiteas a oibríonn bonneagar criticiúil.
[…]
Arna dhéanamh in Strasbourg,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán