AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,5.10.2022
COM(2022) 523 final
IARSCRÍBHINNÍ
a ghabhann leis an
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle agus chuig na Ballstáit freisin
maidir le comhaontú idir na Ballstáit, an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach i dtaca leis an léirmhíniú ar an gConradh um Chairt Fuinnimh
ATH‑CHOMHAONTÚ
MAIDIR LE LÉIRMHÍNIÚ AN CHONARTHA UM CHAIRT FUINNIMH
TÁ NA PÁIRTITHE CONARTHACHA,
RÍOCHT NA BEILGE,
POBLACHT NA BULGÁIRE,
POBLACHT NA SEICE,
RÍOCHT NA DANMHAIRGE,
POBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE,
POBLACHT NA hEASTÓINE,
ÉIRE,
AN PHOBLACHT HEILLÉANACH,
RÍOCHT NA SPÁINNE,
POBLACHT NA FRAINCE,
POBLACHT NA CRÓITE,
POBLACHT NA hIODÁILE,
POBLACHT NA CIPIRE,
POBLACHT NA LAITVIA,
POBLACHT NA LIOTUÁINE,
ARD‑DIÚCACHT LUCSAMBURG,
AN UNGÁIR,
POBLACHT MHÁLTA,
POBLACHT NA hOSTAIRE,
RÍOCHT NA hÍSILTÍRE,
POBLACHT NA POLAINNE,
POBLACHT NA PORTAINGÉILE,
AN RÓMÁIN,
POBLACHT NA SLÓIVÉINE,
POBLACHT NA SLÓVAICE,
POBLACHT NA FIONLAINNE,
RÍOCHT NA SUALAINNE,
AN tAONTAS EORPACH agus
AN COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH
AG FÉACHAINT don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (EURATOM) agus do phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais Eorpaigh agus EURATOM,
AG FÉACHAINT don Chonradh um Chairt Fuinnimh (ECT),
AG FÉACHAINT do rialacha dhlí idirnáisiúnta an ghnáis mar a chódaítear i gCoinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí (VCLT), agus go háirithe na rialacha mar a chódaítear in Airteagal 31(3)(a) agus in Airteagal 41 VCLT,
Á MHEABHRÚ DÓIBH, mar a chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) ina breithiúnas an 2 Meán Fómhair 2021 sa chás République de Moldavie v Komstroy, C-741/19 (EU:C:2021:655, mír 64, breithiúnas Komstroy), in ainneoin nádúr iltaobhach ECT, go bhfuil sé beartaithe le ECT, i ndáiríre, caidreamh déthaobhach idir dhá Pháirtí Chonarthacha a rialú, ar bhealach atá analógach le foráil conradh infheistíochta déthaobhach, agus dá bhrí sin, mar a mhínigh Abhcóide Ginearálta CBAE ina thuairim an 3 Márta 2021 in Komstroy (EU:C::2021:164, mír 41, níl feidhm ag na cearta agus na hoibleagáidí faoi ECT ach go déthaobhach, idir an dá Pháirtí Chonarthacha lena mbaineann, de réir bhreithiúnas na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta an 5 Feabhra 1970, Barcelona Traction, Light and Power Company, Limited (an Bheilg v. an Spáinn), Tuarascálacha CBI 1970, lch. 3, míreanna 33 agus 35,
Á MHEABHRÚ DÓIBH, de réir Airteagal 344 CFAE agus Airteagal 193 EURATOM, go ngabhann na Ballstáit orthu féin gan díospóid maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm CAE, CFAE agus EURATOM a chur faoi aon mhodh réitigh seachas na modhanna dá bhforáiltear iontu sin,
Á MHEABHRÚ DÓIBH gur chinn CBAE ina breithiúnas an 30 Bealtaine 2006, An Coimisiún v Éire (Mox Plant), C-459/03 (EU:C:2006:345, míreanna 129 go 137) go mbaineann an inniúlacht eisiach sin dlí an Aontais agus dlí EURATOM a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm comhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas Eorpach, EURATOM agus na Ballstáit ina bpáirtithe iontu, a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm an chomhaontaithe idirnáisiúnta sa chaidreamh idir dhá Bhallstát nó an tAontas Eorpach nó EURATOM agus Ballstát,
Á MHEABHRÚ DÓIBH gur chinn an Chúirt Bhreithiúnais in Achmea (Cás C-284/16) gurb é an léirmhíniú nach mór a dhéanamh ar Airteagal 267 agus Airteagal 344 CFAE go gcuireann siad bac ar fhoráil i gcomhaontú idirnáisiúnta a thugtar i gcrích idir na Ballstáit, faoina bhféadfaidh infheisteoir ó cheann de na Ballstáit sin, i gcás díospóide a bhaineann le hinfheistíochtaí sa Bhallstát eile, imeachtaí a thabhairt i gcoinne an Bhallstáit sin os comhair bord eadrána a bhfuil gealltanas tugtha ag an mBallstát sin glacadh lena dhlínse,
Á MHEABHRÚ DÓIBH gur chinn CBAE i mbreithiúnas Komstroy (mír 66) gurb é an léirmhíniú nach mór a dhéanamh ar Airteagal 26(2)(c) ECT nach bhfuil sé infheidhme maidir le díospóidí idir Ballstát agus infheisteoir ó Bhallstát eile a bhaineann le hinfheistíocht a rinne an t‑infheisteoir sin sa chéad Bhallstát,
Á MHEABHRÚ DÓIBH gurb é atá i mbreithiúnas Komstroy cur i bhfeidhm bhreithiúnas CBAE an 6 Márta 2016, Achmea, C-284/16 (EU:C:2018:158, breithiúnas Achmea), agus sa bhreithiúnas an 26 Deireadh Fómhair 2021, PL Holdings, C-109/20 (EU:C:2021:875), gur dhiúltaigh CBAE d’iarraidh teorainn ama a chur le cur i bhfeidhm bhreithiúnas Achmea; agus, mar thoradh air sin, go bhfuil feidhm ex tunc ag an léirmhíniú ar ECT i mbreithiúnas Komstroy ón tráth a rinne na Ballstáit, an tAontas Eorpach agus EURATOM ECT a fhormheas,
Á MHEABHRÚ DÓIBH, i dtaca leis an rialú sin maidir le cur i bhfeidhm an léirmhínithe ó thaobh ama de ar an dlí idirnáisiúnta ar rialú é a thug an chúirt idirnáisiúnta inniúil, go léiríonn sé prionsabal ginearálta den dlí idirnáisiúnta poiblí, mar a dheimhnigh an Bhuanchúirt um Cheartas Idirnáisiúnta ina tuairim chomhairleach Uimh. 40, 15.5.1931, Cearta mionlach sa tSiléis Uachtarach (an Ghearmáin v an Pholainn), Sraith A/B, Uimh. 40, lch. 19, i gcás inar chinn an Chúirt sin, i ndáil le Coinbhinsiún an 15 Bealtaine 1922 idir an Ghearmáin agus an Pholainn maidir leis an tSiléis Uachtarach, ‘i gcomhréir leis na rialacha dlí, tá éifeacht chúlghabhálach leis an léirmhíniú a thugann an Chúirt ar théarmaí an Choinbhinsiúin — sa chiall nach mór a mheas gurb é an bhrí a bhí le téarmaí an Choinbhinsiúin riamh an bhrí a thugtar orthu leis an léirmhíniú seo.’,
AG AONTÚ DÓIBH leis an gcomhthuiscint a chuirtear in iúl sa Chomhaontú seo idir na páirtithe in CAE, in CFAE, in EURATOM agus in ECT nach bhfuil feidhm ag ECT ina iomláine, agus nach raibh feidhm aige riamh, maidir leis an gcaidreamh laistigh den Aontas,
Á THABHAIRT DÁ nAIRE, ar mhaithe le deimhneacht níos fearr, gur deimhníodh é sin go sonrach i ndáil le roinnt forálacha in Airteagal 24 de ECT arna nuachóiriú, bunaithe ar an dréacht‑téacs a cuireadh in iúl do na Páirtithe Conarthacha lena ghlacadh ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh an 22 Samhain 2022,
AG AONTÚ DÓIBH leis an gcomhthuiscint a chuirtear in iúl sa Chomhaontú seo idir na páirtithe in CAE, in CFAE, in EURATOM agus in ECT nárbh fhéidir le clásal amhail Airteagal 26(2)(c) ECT feidhmiú mar bhunús dlí d’Imeachtaí Eadrána san am a chuaigh thart, agus nach féidir leis feidhmiú amhlaidh san am i láthair ná san am atá le teacht,
Á MHEABHRÚ DÓIBH seasamh an Aontais Eorpaigh agus EURATOM agus na mBallstát le linn na caibidlíochta maidir le ECT, inar ghníomhaigh an tAontas Eorpach, EURATOM agus na Ballstáit mar eintiteas aonair amháin de dhlí idirnáisiúnta phoiblí, go bhfuil ECT neamh‑infheidhme ina iomláine maidir leis an gcaidreamh laistigh den Aontas,
Á MHEABHRÚ DÓIBH, i gcomhréir le cásdlí na Buan‑Chúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta (Ceist Jaivorzina (An Teorainn idir an Pholainn agus an tSeicslóvaic), Tuairim Chomhairleach, [1923] PCIJ Sraith B Uimh. 8, 37) agus na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta (Forchoimeádais maidir leis an gCoinbhinsiún um Chinedhíothú, Tuairim Chomhairleach, [1951] Tuarascálacha I.C.J., 15, 20), an ceart chun léirmhíniú údarásach a thabhairt ar riail dlí, gur leis an duine nó leis an gcomhlacht amháin a bhfuil sé de chumhacht aige í a mhodhnú nó a chur faoi chois an ceart sin, rud a fhágann go bhfuil an ceart bunúsach chun comhaontú idirnáisiúnta a léirmhíniú ag na páirtithe Stáit sa chomhaontú sin,
Á MHEABHRÚ DÓIBH, maidir leis an ath‑chomhaontú seo maidir le léirmhíniú ECT, go mbaineann an comhaontú sin le comhaontú iltaobhach lena gcruthaítear beart de chaidrimh dhéthaobhacha, agus nach mbaineann an comhaontú sin ach leis na caidrimh dhéthaobhacha idir na Ballstáit, an tAontas Eorpach agus EURATOM, faoi seach, agus, dá réir sin, le hinfheisteoirí ó na Páirtithe Conarthacha sin, agus, mar thoradh air sin, nach ndéanann an comhaontú seo difear do theachtadh a gceart faoi ECT ag na páirtithe eile in ECT ná d’fheidhmiú a n‑oibleagáidí,
Á MHEABHRÚ DÓIBH gur chuir na Ballstáit, an tAontas Eorpach agus EURATOM in iúl do Pháirtithe Conarthacha eile ECT go bhfuil sé ar intinn acu an t‑ath‑chomhaontú seo a thabhairt i gcrích maidir leis an léirmhíniú ar ECT i gcomhréir le rialacha dhlí idirnáisiúnta an ghnáis mar a chódaítear in Airteagal 41(2) VCLT, agus
ÓS RUD É go bhfuil feidhm ag Airteagal 41(2) a fortiori maidir le haon ath‑chomhaontú de réir bhrí Airteagal 31(3)(a) maidir le léirmhíniú ECT,
ÓS RUD É, maidir leis na boird eadránaí a bunaíodh ar bhonn Airteagal 26 ECT, gur chinn na boird sin agus go gcinneann siad go fóill, go mór fada, nach bhfuil siad faoi cheangal bhreithiúnais CBAE, agus gur chinn siad, tar éis bhreithiúnas Komstroy freisin, go bhfuil feidhm ag Airteagal 26 ECT maidir le díospóidí idir Ballstát agus infheisteoir ó Bhallstát eile a bhaineann le hinfheistíocht a rinne an t‑infheisteoir sin sa chéad Bhallstát,
Á CHUR IN IÚL GUR OTH LEO go ndearna na boird eadrána sin neamhaird dá bhrí sin ar rialacha infheidhme an dlí idirnáisiúnta phoiblí agus ar rún na bPáirtithe Conarthacha ábhartha in ECT a cuireadh in iúl go soiléir,
ÓS RUD É, maidir le dámhachtainí eadrána a thug boird eadrána cheana féin ar shlí atá contrártha le hintinn na bpáirtithe conarthacha, chun a áirithiú nach bhforfheidhmeofar na dámhachtainí sin san Aontas Eorpach ná i dtríú tíortha, agus i gcás Imeachtaí Eadrána atá ar feitheamh bunaithe ar Airteagal 26 ECT, go ndiúltóidh boird eadrána d’inniúlacht agus do dhlínse, agus nach gcláróidh comhlachtaí eadrána Imeachtaí Eadrána nua a thuilleadh, ach go ndiúltóidh siad dóibh mar gur follas nach bhfuil siad inghlactha mar gheall ar easpa toilithe do chomhaontú eadrána, gur gá léiriú barántúil ECT a athdhearbhú, go sainráite agus go soiléir, trí ath‑chomhaontú maidir le léirmhíniú ECT,
ÓS RUD É, ar an mbealach sin, go gcuireann na Ballstáit, an tAontas Eorpach agus EURATOM breithiúnas Komstroy chun feidhme, i gcomhréir lena n‑oibleagáidí dlíthiúla faoi dhlí an Aontais agus EURATOM, agus go gcruthaíonn siad deimhneacht dhlíthiúil maidir le neamh‑in‑fhorfheidhmitheacht na ndámhachtainí atá ann cheana, leis an oibleagáid atá ar bhoird eadrána deireadh a chur láithreach le haon Imeachtaí Eadrána atá ar feitheamh, leis an oibleagáid atá ar institiúidí eadrána gan aon chás a chlárú amach anseo, agus ar bhoird eadrána a dhearbhú nach bhfuil bunús dlí le haon Imeachtaí Eadrána,
Á THUISCINT DÓIBH gur cheart an Comhaontú seo Imeachtaí Eadrána idir infheisteoirí agus Stáit a chumhdach a bhfuil baint ag an Aontas Eorpach, EURATOM nó a Bhallstáit leo mar pháirtithe i ndíospóidí laistigh den Aontas bunaithe ar Airteagal 26 ECT faoi aon choinbhinsiún eadrána nó sraith rialacha, lena n‑áirítear an Coinbhinsiún maidir le Díospóidí Infheistíochta idir Stáit agus Náisiúnaigh Stát Eile a Shocrú (Coinbhinsiún ICSID) agus rialacha eadrána ICSID, rialacha eadrána Institiúid Eadrána Chomhlachas Tráchtála Stócólm (SCC), rialacha eadrána Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Dhlí Trádála Idirnáisiúnta (UNCITRAL) agus eadráin ad hoc,
Á IARRAIDH DÓIBH ar rúnaíocht ICSID agus ar rúnaíocht SCC gan aon Imeachtaí Eadrána nua laistigh den Aontas a chlárú bunaithe ar ECT, i gcomhréir lena gcumhachtaí faoi seach faoi Airteagal 36(3) de Choinbhinsiún ICSID agus faoi Airteagal 12 de Rialacha Eadrána SCC,
Á MHEABHRÚ DÓIBH, nuair a fheidhmíonn infheisteoirí ó na Ballstáit ceann de na saoirsí bunúsacha, amhail saoirse bunaíochta nó saorghluaiseacht caipitil, go ngníomhaíonn siad laistigh de raon feidhme dhlí an Aontais agus, dá bhrí sin, go bhfuil an chosaint acu a dheonaítear leis na saoirsí sin agus, de réir mar a bheidh, leis an reachtaíocht thánaisteach ábhartha, le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, lena n‑áirítear, go háirithe, prionsabail an neamh‑idirdhealaithe, na comhréireachta, na deimhneachta dlíthiúla agus cosaint na n‑ionchas dlisteanach (breithiúnas an 30 Aibreán 2014, Pfleger, C-390/12, EU:C:2014:281, míreanna 30 go 37). Nuair a achtaíonn Ballstát beart lena maolaítear ar cheann de na saoirsí bunúsacha a ráthaítear le dlí an Aontais, tagann an beart sin faoi raon feidhme dhlí an Aontais agus tá feidhm freisin ag na cearta bunúsacha a ráthaítear leis an gCairt (breithiúnas an 14 Meitheamh 2017, Online Games Handels, C-685/15, EU:C:2017:452, míreanna 55 agus 56),
Á MHEABHRÚ DÓIBH go bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit faoin dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE leigheasanna a chur ar fáil ina gcríocha féin atá leordhóthanach chun cosaint dhlíthiúil éifeachtach a áirithiú le haghaidh cearta infheisteoirí faoi dhlí an Aontais. Go háirithe, ní mór do na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonann a gcúirteanna nó a mboird, de réir bhrí dhlí an Aontais, na ceanglais maidir le cosaint bhreithiúnach éifeachtach (breithiúnas an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses, C-64/16, EU:C:2018:117, míreanna 31 go 37),
AG CUIMHNEAMH DÓIBH go bhfuil forálacha an Chomhaontaithe seo gan dochar do dheis an Choimisiúin Eorpaigh nó aon Bhallstáit cás a thabhairt os comhair CBAE bunaithe ar Airteagail 258, 259 agus 260 CFAE,
ÓS RUD É, maidir leis na tagairtí don Aontas Eorpach sa Chomhaontú seo, go dtuigtear gur tagairtí iad freisin dá réamhtheachtaí, an Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus, ina dhiaidh sin, an Comhphobal Eorpach, go dtí gur tháinig an tAontas Eorpach in ionad an dara comhphobal sin,
TAR ÉIS COMHAONTÚ AR NA FORÁLACHA SEO A LEANAS:
AIRTEAGAL 1
Sainmhínithe
Chun críocha an Chomhaontaithe seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
Ciallaíonn ‘Conradh um Chairt Fuinnimh’ an Conradh um Chairt Fuinnimh, arna shíniú i Liospóin an 17 Nollaig 1994 (IO 1994 L 380, lch. 24; ‘ECT’) arna fhormheas thar ceann na gComhphobal Eorpach le Cinneadh 98/181/CE, CEGC, Euratom ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 1997 (IO 1998 L 69, lch. 1), ina bhunfhoirm agus arna leasú ina dhiaidh sin;
(2)
Ciallaíonn ‘caidreamh laistigh den Aontas’ caidreamh idir Ballstáit den Aontas Eorpach agus EURATOM, sin nó idir Ballstát, ar thaobh amháin, agus an tAontas Eorpach nó EURATOM, ar an taobh eile;
(3)
Ciallaíonn ‘Imeachtaí Eadrána’ aon imeachtaí os comhair bord eadrána de bhun Airteagal 26 den Chonradh um Chairt Fuinnimh chun díospóid a réiteach idir infheisteoir i mBallstát amháin den Aontas Eorpach, ar thaobh amháin, agus Ballstát eile den Aontas Eorpach, an tAontas Eorpach, nó EURATOM, ar an taobh eile;
(4)
Ciallaíonn ‘Clásal Eadrána’ an clásal eadrána idir infheisteoir agus Stát a leagtar síos in Airteagal 26 den Chonradh um Chairt Fuinnimh;
ROINN 2
FORÁLACHA LENA nDEIMHNÍTEAR NEAMH‑INFHEIDHMEACHT AN CHONARTHA UM CHAIRT FUINNIMH LAISTIGH DEN AONTAS
AIRTEAGAL 2
Neamh‑infheidhmeacht leanúnach an Chonartha um Chairt Fuinnimh
1.
Ar mhaithe le deimhneacht níos fearr, deimhníonn na Páirtithe Conarthacha nach bhfuil feidhm ag ECT, agus nach raibh feidhm aige riamh, maidir le caidreamh laistigh den Aontas.
2.
Ar mhaithe le deimhneacht níos fearr, deimhníonn na Páirtithe Conarthacha, go háirithe, nach bhfuil feidhm, i gcomhréir le mír 1, ag Airteagal 47(3) ECT, agus nach raibh feidhm aige riamh, maidir le caidreamh laistigh den Aontas. Dá réir sin, níorbh fhéidir aon éifeacht dlí laistigh den Aontas a bheith ag an bhforáil sin nuair a tharraing Ballstát siar ó ECT roimh an gcomhaontú seo, ná ní bheidh aon éifeacht dlí laistigh den Aontas ag an bhforáil chéanna má tharraingíonn Ballstát siar ó ECT amach anseo.
AIRTEAGAL 3
Forálacha coiteanna
Ar mhaithe le deimhneacht níos fearr, deimhníonn na Páirtithe Conarthacha leis seo, go háirithe, nach bhfuil feidhm, i gcomhréir le mír 2, ag Airteagal 26 ECT, agus nach raibh feidhm aige riamh, maidir le caidreamh laistigh den Aontas. Dá bharr sin, ní féidir le hAirteagal 26 CAE feidhmiú, agus níorbh fhéidir leis riamh feidhmiú, mar bhunús dlí d’Imeachtaí Eadrána a bhaineann le caidreamh laistigh den Aontas.
ROINN 3
FORÁLACHA MAIDIR LE hÉILIMH ARNA nDÉANAMH FAOI AIRTEAGAL 26 ECT
AIRTEAGAL 4
Imeachtaí Eadrána a tugadh i gcrích
1.D’ainneoin Airteagal 2, ní dhéanfaidh an Comhaontú seo difear d’aon Imeachtaí Eadrána a tugadh i gcrích le comhaontú socraíochta nó le dámhachtain chríochnaitheach a eisíodh roimh an 6 Márta 2018 sna cásanna seo a leanas:
(a)
go ndearnadh an dámhachtain a fhorghníomhú go cuí roimh an 6 Márta 2018, fiú i gcás nach ndearnadh éileamh gaolmhar ar chostais dhlíthiúla a fhorghníomhú ná a fhorfheidhmiú, agus nach raibh aon agóid, athbhreithniú, cur i leataobh, neamhniú, forfheidhmiú, athbhreithniú ná imeachtaí comhchosúla eile maidir leis an dámhachtain chríochnaitheach sin ar feitheamh an 6 Márta 2018, nó
(b)
gur cuireadh an dámhachtain ar ceal nó ar neamhní roimh dháta an Chomhaontaithe seo a theacht i bhfeidhm;
Ní dhéanfar na himeachtaí sin (‘Imeachtaí Eadrána a Tugadh i gCrích’) a athoscailt.
2.
Ina theannta sin, ní dhéanfaidh an Comhaontú seo difear d’aon chomhaontú chun díospóid a réiteach go cairdiúil, ar díospóid í is ábhar d’Imeachtaí Eadrána a tionscnaíodh roimh an 6 Márta 2018.
AIRTEAGAL 5
Dualgais na bPáirtithe Conarthacha maidir le hImeachtaí Eadrána atá ar feitheamh
I gcás inar páirtithe iad na Páirtithe Conarthacha in Imeachtaí Eadrána nach Imeachtaí Eadrána a Tugadh i gCrích iad de bhun Airteagal [6], déanfaidh siad an méid seo a leanas:
(a)
boird eadrána a chur ar an eolas, i gcomhar le chéile agus ar bhonn an ráitis atá san Iarscríbhinn, faoi iarmhairtí dlíthiúla na mbreithiúnas Achmea agus Komstroy; agus
(b)
i gcás inar páirtithe iad in imeachtaí breithiúnacha a bhaineann le dámhachtain eadrána arna heisiúint ar bhonn Airteagal 26 ECT, iarraidh ar an gcúirt náisiúnta inniúil, lena n‑áirítear in aon tríú tír, de réir mar a bheidh, an dámhachtain eadrána a chur i leataobh, í a neamhniú nó gan í a aithint agus a fhorfheidhmiú.
ROINN 4
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
AIRTEAGAL 6
Taiscí
1.
Is é Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh a ghníomhóidh mar Thaiscí an Chomhaontaithe seo.
2.
Tabharfaidh Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh fógra do na Páirtithe Conarthacha maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
aon chinneadh maidir le cur i bhfeidhm sealadach i gcomhréir le hAirteagal 11;
(b)
taisceadh aon ionstraime um dhaingniú, glacadh nó formheas de réir Airteagal 9;
(c)
dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo i gcomhréir le hAirteagal 10(1);
(d)
dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo i gcás gach Páirtí Conarthach i gcomhréir le hAirteagal 10(2).
3.
Foilseoidh Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh an Comhaontú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tabharfaidh sé fógra do Rúnaíocht na Cairte Fuinnimh faoina ghlacadh agus faoina theacht i bhfeidhm.
[Más infheidhme] AIRTEAGAL 7
Iarscríbhinní
Is cuid dhílis den Chomhaontú seo í an Iarscríbhinn a ghabhann leis.
AIRTEAGAL 8
Forchoimeádais
Ní dhéanfar aon fhorchoimeádas maidir leis an gComhaontú seo.
AIRTEAGAL 9
Daingniú, formheas nó glacadh
Beidh an Comhaontú seo faoi réir daingniú, formheas nó glacadh.
Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha a n‑ionstraimí um dhaingniú, glacadh nó formheas a thaisceadh leis an Taiscí.
AIRTEAGAL 10
Teacht i bhfeidhm
1.
Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm 30 lá féilire tar éis an dáta a gheobhaidh an Taiscí an dara hionstraim um dhaingniú, glacadh nó formheas.
2.
Maidir le gach Páirtí Conarthach a dhaingneoidh, a ghlacfaidh nó a fhormheasfaidh é tar éis dó teacht i bhfeidhm de réir mhír 1, tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm 30 lá féilire tar éis an dáta a thaiscfidh an Páirtí Conarthach sin a ionstraim um dhaingniú, glacadh nó formheas.
AIRTEAGAL 11
Cur i bhfeidhm sealadach
1.
Féadfaidh na Páirtithe Conarthacha a chinneadh, i gcomhréir lena gceanglais bhunreachtúla féin, an Comhaontú seo a chur i bhfeidhm go sealadach. Tabharfaidh na Páirtithe Conarthacha fógra don Taiscí maidir le haon chinneadh den sórt sin.
2.
Nuair a chinnfidh dhá Pháirtí Chonarthacha an Comhaontú seo a chur i bhfeidhm go sealadach, beidh feidhm ag forálacha an Chomhaontaithe seo sa chaidreamh idir na Páirtithe sin 30 lá féilire ó dháta an chinnidh is déanaí maidir le cur i bhfeidhm sealadach.
AIRTEAGAL 12
Téacsanna barántúla
An Comhaontú seo, ar comhaontú é a dréachtaíodh i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus an téacs i ngach ceann de na teangacha sin chomh barántúil le chéile, déanfar é a thaisceadh i gcartlann an Taiscí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil an ……………………..