AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,14.12.2022
COM(2022) 516 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le Feidhmiú an Mhargaidh Carbóin Eorpaigh in 2021 de bhun Airteagal 10(5) agus 21(2) de Threoir 2003/87/CE (arna leasú le Treoir 2009/29/CE agus Treoir (AE) 2018/410)
{SWD(2022) 407 final}
Liosta giorrúchán
AVR
|
An Rialachán maidir le Creidiúnú agus Fíorú
|
CEF DI
|
Ionstraim Fiachais na Saoráide um Chónascadh na hEorpa
|
CEMS
|
Córais Leanúnach Tomhais Astaíochtaí
|
Coibhéis CO2
|
Coibhéis dé-ocsaíde carbóin
|
CORSIA
|
Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta
|
LEE
|
An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch
|
EEX
|
An Malartán Fuinnimh Eorpach
|
EFTA
|
Comhlachas Saorthrádála na hEorpa
|
BEI
|
An Banc Eorpach Infheistíochta
|
ESMA
|
An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí
|
AE
|
An tAontas Eorpach
|
CTA AE
|
Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh
|
AE27
|
Ballstáit an Aontais Eorpaigh
|
EUTL
|
Loga Idirbheartaíochta an Aontais Eorpaigh
|
ICAO
|
An Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta
|
InnovFin EDP
|
Tionscadail Taispeántais Fuinnimh InnovFin
|
IPCC
|
An Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide
|
MRR
|
An Rialachán maidir le Faireachán agus Tuairisciú
|
MSR
|
Cúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh
|
N2O
|
Ocsaíd nítriúil
|
NER
|
An Cúlchiste le haghaidh Iontrálaithe Nua
|
PFCanna
|
Sárfhluaracarbóin
|
TNAC
|
Líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht
|
UK
|
An Ríocht Aontaithe
|
|
|
Ábhar
Liosta giorrúchán
1.
Réamhrá
2.
Cumhdach an Chórais Trádála Astaíochtaí
3.
Creat an mhargaidh carbóin
3.1.
Caidhp ar astaíochtaí
3.2.
Lamháltais a chur ar ceant
3.3.
Leithdháileadh saor in aisce
3.3.1.
Maolú ón láncheantáil le haghaidh táirgeadh leictreachais agus teasa
3.4.
Ioncam ceantála
3.4.1.
NER 300
3.4.2.
An Ciste don Nuálaíocht
3.4.3.
An Ciste don Nuachóiriú
3.4.4.
Cúiteamh ar chostais charbóin indíreacha
3.5.
Laghduithe astaíochtaí i CTA an Aontais
3.6.
Soláthar agus éileamh a chothromú
4.
Eitlíocht
5.
Formhaoirseacht margaidh
5.1.
Torthaí na tuarascála ESMA
5.1.1.
Moltaí beartais ó ESMA
6.
Faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí
6.1.
Faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí
6.2.
Creidiúnú agus fíorú
6.3.
Údaráis inniúla
6.4.
Comhlíonadh agus forfheidhmiú
7.
Nasc idir CTA an Aontais agus CTA na hEilvéise
8.
CTA an Aontais i gcomhthéacs an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh
9.
Conclúidí agus forléargas
1.Réamhrá
Bunchloch de bheartas aeráide an Aontais Eorpaigh is ea Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (CTA). I gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, le CTA cuirtear praghas carbóin ar astaíochtaí ó ghiniúint leictreachais agus teasa, ón tionscal dianfhuinnimh agus ón eitlíocht laistigh den Eoraip. Trí leas a bhaint as fórsaí margaidh, cruthaítear le CTA an Aontais dreasacht chun astaíochtaí a laghdú inar lú na costais ó dhéanamh amhlaidh. Go comhthreomhar leis sin, gintear ioncam leis chun infheistíocht a dhéanamh sa ghníomhaíocht ar son na haeráide agus sa chlaochlú fuinnimh.
Ó seoladh in 2005 é, chuidigh CTA an Aontais le hastaíochtaí ó ghiniúint leictreachais agus teasa agus ón táirgeadh tionsclaíoch a bhrú síos 34.6 %. Gineadh os cionn EUR 100 billiún d’ioncam ceantála leis lena dháileadh i measc na mBallstát sa tréimhse 2013-21. Mar sin féin, beidh tuilleadh laghduithe ar astaíochtaí de dhíth leis an uaillmhian aeráide níos airde atá daingnithe sa Dlí Aeráide Eorpach a chomhlíonadh. Leis an aeráidneodracht a bhaint amach faoi lár an chéid, tá gealltanas tugtha ag an Aontas chun astaíochtaí a laghdú 55 % faoi 2030 i gcomparáid leis na leibhéil in 1990. Beidh CTA an Aontais ríthábhachtach chun an méid sin a bhaint amach.
I mí Iúil 2021, chuir an Coimisiún Eorpach pacáiste athchóirithe beartais i láthair chun an Comhaontú Glas don Eoraip a sholáthar, lenar áiríodh leasú ar CTA an Aontais. Mhol an Coimisiún go mbainfí amach laghduithe 61 % i gcomparáid le 2005 sna hearnálacha a chumhdaítear leis an gcóras. Chuige sin, féachann an togra leis an gcaidhp ar astaíochtaí a theannadh agus géire a chur lena laghdú bliantúil. Athchóirítear leis freisin na rialacha maidir le lamháltais saor in aisce a dheonú ar thionsclaíocht, agus cuirtear deireadh leis an leithdháileadh saor in aisce don eitlíocht de réir a chéile leis. I gcomhthráth leis sin, mhol an Coimisiún CTA an Aontais a leathnú le hastaíochtaí ón iompar muirí agus chumhdach, agus le córas nua a chur ar bun maidir le hastaíochtaí ón iompar de bhóthar agus ó fhoirgnimh a laghdú. Tríd is tríd, féachann an togra le níos mó acmhainní a dhíriú ar an aistriú glas – trí ghealltanas a fháil ó Bhallstáit gach ioncam ceantála a infheistiú i dtionscadail a bhaineann leis an aeráid agus leis an bhfuinneamh, agus trí acmhainní an Chiste don Nuáil agus an Chiste don Nuachóiriú a mhéadú.
Is amhlaidh ó shin atá Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle tar éis cuimhneamh ar thogra an Choimisiúin. Faoi lár 2022, ghlac an dá institiúid suíomhanna maidir le leasú ar CTA an Aontais, agus leasuithe iolracha á gcur ar aghaidh acu. I ngeall air sin cuireadh tús le caibidlíocht idirinstitiúideach idir an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún i mí Iúil 2022.
Idir an dá linn, coinníonn CTA an Aontais air ag feidhmiú de réir na reachtaíochta atá i bhfeidhm faoi láthair. In 2021, chuaigh an córas i mbun a cheathrú céim (2021‑30). Leis sin, tá roinnt athruithe ar chreat an chórais tar éis teacht i bhfeidhm. Laghdaíonn an chaidhp ar líon na n‑astaíochtaí gach bliain ag ráta níos airde 2.2 %. Rinneadh méid na lamháltas arna leithdháileadh saor in aisce a choigeartú chun dul chun cinn ó thaobh na teicneolaíochta de agus athruithe sa táirgeacht a léiriú. Cuireadh i gcrích na chéad ghlaonna ar thionscadail faoin gCiste don Nuáil, agus formheasadh na chéad chinntí eisíocaíochta le haghaidh infheistíochtaí faoin gCiste don Nuachóiriú. Coigeartaíodh cumhdach an chórais in 2021 freisin chun imeacht na Ríochta Aontaithe (RA) ón Aontas Eorpach a léiriú.
In 2021, bhí oibríochtaí na suiteálacha arna gcumhdach ag CTA an Aontais i mbun téarnaimh go fóill ó éifeachtaí phaindéim COVID‑19. De dheasca an fheachtais téarnaimh, tháinig méadú beag ar astaíochtaí ó bhí 2020 ann, ach d’fhan siad faoi bhun na leibhéal a bhí ann roimh an bpaindéim. Léiríodh é sin in ardú ar an éileamh le haghaidh lamháltas i CTA an Aontais agus i bpraghas níos airde ar an gcarbón in 2021.
Tá roinnt páirtithe leasmhara tar éis amhras a chaitheamh de bharr na bpraghsanna méadaitheacha ar an gcarbón cibé acu ar tharla nó nár tharla amhantraíocht iomarcach i CTA an Aontais. Cheistigh roinnt acu freisin cibé acu a bhí nó nach raibh éifeacht ag praghsanna níos airde ar phraghsanna fuinnimh. Thug an Coimisiún aghaidh ar na húdair imní sin sa Teachtaireacht maidir le dul i ngleic le praghsanna fuinnimh. Ba í an chonclúid ar ar tháinig sé go raibh éifeacht na bpraghsanna gáis níos airde ar an bpraghas fuinnimh naoi n‑uaire níos mó ná an éifeacht ar phraghsanna carbóin. D’iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) freisin anailís a dhéanamh ar an iompraíocht ar an margadh carbóin. Diúltaíodh i dtuarascáil chríochnaitheach ESMA a foilsíodh in 2022 do mhaímh na hamhantraíochta iomarcaí. Tháinig ESMA ar an gconclúid go raibh margadh carbóin an Aontais ag feidhmiú go maith, agus go raibh an comhartha ó phraghas an charbóin i gcomhréir le bunphrionsabail an mhargaidh.
Breithnítear sa tuarascáil feidhmiú CTA an Aontais in 2021 agus sa chéad leath de 2022. Tugtar forléargas inti atá tugtha cothrom le dáta faoi chumhdach agus bonneagar an chórais, agus tugtar léargas inti ar phríomhghnéithe de chreat an chórais. Tagann an tuarascáil le hAirteagal 10(5) agus Airteagal 21(2) den Treoir maidir le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh. Tá sé bunaithe den chuid is mó ar shonraí ó Chlárlann an Aontais, ó Loga Idirbheartaíochta an Aontais (EUTL), chomh maith le tuarascálacha arna gcur isteach ag na Ballstáit faoi Airteagal 21 den Treoir maidir le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh.
2.Cumhdach an Chórais Trádála Astaíochtaí
Ó thús chéim 4 (2021‑30), chumhdaigh CTA an Aontais 27 mBallstát an Aontais Eorpaigh agus tíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) - an Íoslainn, an Iorua agus Lichtinstéin (tíortha CTA an Aontais), chomh maith le gléasraí cumhachta i dTuaisceart Éireann. Ón 1 Eanáir 2020, tá CTA an Aontais nasctha le CTA na hEilvéise.
San iomlán, rialaíonn CTA an Aontais astaíochtaí ó 8 757 ngléasra leictreachais agus teasa agus suiteáil mhonaraíochta, chomh maith le 371 oibreoir aerárthaí a eitlíonn idir aerfoirt laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), agus idir LEE agus an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe. Is é an méid sin is cúis le 36 % d’astaíochtaí uile an Aontais.
Mar ab amhlaidh sna blianta roimhe sin, astaíonn an chuid is mó de na suiteálacha a chumhdaítear le CTA an Aontais níos lú ná 50 000 tona de choibhéis dé‑ocsaíde carbóin (coibhéis CO2) in aghaidh na bliana (70.5 %). Ina measc sin, aicmíodh 4 725 díobh mar shuiteálacha ag a bhfuil astaíochtaí ísle (54 % den iomlán). Astaíonn 22 % de gach suiteáil idir 50 000 agus 500 000 tona de choibhéis CO2 in aghaidh na bliana, agus astaíonn 7.5 % de shuiteálacha an leibhéal astaíochtaí is airde, os cionn 500 000 de choibhéis CO2in aghaidh na bliana. Thuairiscigh tíortha CTA gur dúnadh 199 suiteáil in 2021, den chuid is mó de bharr lánscor na ngníomhaíochtaí nó toilleadh laghdaithe, lenar thug an tsuiteáil faoi bhun na tairsí dá cumhdach faoin gcóras.
Léirítear i bhFíor 1.1 i bhFoscríbhinn 1 a ghabhann leis an doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an tuarascáil seo miondealú ar líon na suiteálacha de réir chatagóir astaíochtaí in 2021.
I roinnt earnálacha, ní áirítear i CTA an Aontais ach amháin na suiteálacha sin atá os cionn mhéid agus leibhéal táirgeachta sonrach. Is féidir le tíortha suiteálacha ag a bhfuil astaíochtaí ísle a eisiamh ón gcóras má chuirtear i bhfeidhm bearta malartacha le hastaíochtaí a laghdú. Ó bhí 2021 ann, is féidir suiteálacha a eisiamh ó CTA an Aontais freisin ar suiteálacha iad a astaíonn níos lú ná 2 500 tona de choibhéis CO2, chomh maith le haonaid chúlchiste nó chúltaca, nach n‑oibrítear níos má ná 300 uair an chloig in aghaidh na bliana.
In 2021, roghnaigh 14 thír suiteálacha a eisiamh ón gcóras, arbh ionann a méid agus 4.9 Mt de choibhéis CO2. B’ionann sin agus 0.37 % d’astaíochtaí ó shuiteálacha a áiríodh i CTA an Aontais.
Choinnigh sé Bhallstát orthu ag ligean do shuiteálacha do‑aistrithe pleananna faireacháin simplithe a úsáid i gcásanna lena mbaineann riosca íseal in 2021. I gcás na heitlíochta, níor thuairiscigh ach an Bheilg leis an bhforáil sin le haghaidh suiteálacha ag a bhfuil astaíochtaí ísle.
I dteannta an CO2 ó ghiniúint na cumhachta, ón táirgeadh tionsclaíoch agus ón eitlíocht, cumhdaítear le CTA an Aontais an ocsaíd nítriúil (N2O) ón aigéad nítreach, adaipeach, gliocsalach agus ó tháirgeadh an ghliocsail, agus na sárfhluaracarbóin (PFCanna) ó tháirgeadh an alúmanaim. In 2021, thuairiscigh 22 thír ceadanna le haghaidh ghníomhaíochtaí CTA inar scaoileadh astaíochtaí neamh‑CO2. Ba í an Iorua amháin a dhearbhaigh gníomhaíochtaí gabhála agus stórála carbóin.
I dTábla 1.1 i bhFoscríbhinn 1 a ghabhann leis an doiciméad oibre inmheánach, liostaítear tíortha a thuairiscigh astaíochtaí neamh‑CO2 ó ghníomhaíochtaí CTA an Aontais in 2021.
Ó thaobh na heitlíochta de, bhí an chuid is mó de na hoibreoirí rialáilte in 2021 ina n‑oibreoirí tráchtála (71 %, nó 262 oibreoir). 160 oibreoir san iomlán (43 %) a cháiligh mar astaírí beaga.
3.Creat an mhargaidh carbóin
3.1.Caidhp ar astaíochtaí
Is leis an gcaidhp um CTA an Aontais a shocraítear an dearbhchainníocht uasta astaíochtaí is féidir le heintitis rialáilte a astú. Comhfhreagraíonn sí do líon na lamháltas arna n‑eisiúint le linn chéim trádála. Laghdaítear an chaidhp ar bhonn bliantúil lena n‑áirithiú go gcomhlíonann an tAontas a sprioc uileghabhálach um laghduithe astaíochtaí.
Cuirtear caidhpeanna ar leithligh i bhfeidhm ar astaíochtaí ó shuiteálacha do‑aistrithe agus ó oibreoirí aerárthaí. In 2021, thart ar 1 571 583 007 lamháltas a bhí sa chaidhp ar astaíochtaí ó shuiteálacha do‑aistrithe. I gcás na heitlíochta, eisíodh 28 306 545 lamháltas in 2021. Ó 2021, laghdaítear an dá chaidhp ag ráta 2.2 % in aghaidh na bliana. I gcás na caidhpe ar astaíochtaí ó shuiteálacha do‑aistrithe, is comhionann an méid sin le 43 003 515 lamháltas.
I gcomhréir le hAirteagal 12(3) den Treoir maidir le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, féadann suiteálacha do‑aistrithe lamháltais eitlíochta a úsáid don chomhlíonadh freisin ón 1 Eanáir 2021.
Taispeántar i dTábla 1 na figiúirí bliantúla a bhain le caidhp CTA an Aontais ó bhí 2013 ann. Agus comparáid á déanamh ar na sonraí sin, ba cheart go dtabharfaí faoi deara, gurb amhlaidh nach gcumhdaítear suiteálacha sa Ríocht Aontaithe a thuilleadh ó 2021 ar aghaidh. I gcomhréir leis an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann le Comhaontú um Tharraingt Siar AE‑RA agus leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, fanann gineadóirí leictreachais i dTuaisceart Éireann laistigh de CTA an Aontais maille leis na cearta agus oibleagáidí comhfhreagracha. Leanann CTA an Aontais ar aghaidh ag cumhdach astaíochtaí ó eitiltí ag imeacht chun na Ríochta Aontaithe. Athraíodh na caidhpeanna ar astaíochtaí leis an méid sin a léiriú.
Tábla 1. Caidhp bhliantúil ar astaíochtaí ó shuiteálacha do‑aistrithe agus líon bliantúil lamháltas eitlíochta a cuireadh i gcúrsaíocht (2013‑21).
Bliain
|
Caidhp bhliantúil (suiteálacha do‑aistrithe)
|
Méid bliantúil na lamháltas eitlíochta a cuireadh i gcúrsaíocht
|
2013
|
2 084 301 856
|
32 455 296
|
2014
|
2 046 037 610
|
41 866 834
|
2015
|
2 007 773 364
|
50 669 024
|
2016
|
1 969 509 118
|
38 879 316
|
2017
|
1 931 244 873
|
38 711 651
|
2018
|
1 892 980 627
|
38 909 585
|
2019
|
1 854 716 381
|
38 830 950
|
2020
|
1 816 452 135
|
42 803 537
|
2021
|
1 571 583 007
|
28 306 545
|
Léirítear i bhFíor 1 na hathruithe ar an gcaidhp ar fud gach céime de CTA an Aontais, lena n‑áirítear an laghdú atá réamh‑mheasta go dtí 2030.
Fíor 1. Caidhp astaíochtaí a shocraítear i CTA an Aontais, i gcomparáid le hastaíochtaí fíoraithe. Eochair eolais: barraí (caidhp), barraí faoi scáth éadrom in 2014‑16 (lamháltais arna siarchoinneáil i gcéim 3), barraí faoi scáth éadrom ó 2019 (fothaí lamháltas chuig Cúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh), líne bhriste (astaíochtaí arna bhfíorú).
3.2.Lamháltais a chur ar ceant
Tá an cheantáil fós mar an príomh‑mhodh chun lamháltais a leithdháileadh i gcéim 4 de CTA an Aontais, arb í is cúis le 57 % den chaidhp. Is sa Rialachán maidir le Ceantáil a shocraítear rialacha lena áirithiú go ndéantar ceantanna ar bhealach oscailte, trédhearcach, comhchuibhithe agus neamh‑idirdhealaitheach. Is ann a shonraítear uainiú, riarachán agus gnéithe eile de lamháltais astaíochtaí a chur ar ceant.
In 2021, leanadh leis ceantanna trí bhíthin an Mhalartáin Fuinnimh Eorpaigh AG (EEX):
·mar an comhardán ceantála le haghaidh 25 Bhallstát atá rannpháirteach i nós imeachta comhpháirteach,
·i gcás na Polainne, a roghnaigh gan a bheith páirteach sa nós imeachta comhpháirteach, ach nach bhfuil a hardán ceantála féin ceaptha go fóill aici,
·i gcás na hÍoslainne, na hIorua agus Lichtinstéin tar éis leasú a dhéanamh ar Chomhaontú LEE in 2019 chun ligean dá rannpháirtíocht sa Chomhaontú maidir le Soláthar Comhpháirteach le haghaidh an chomhardáin ceantála,
·i gcás na Ríochta Aontaithe chun lamháltais a chur ar ceant le haghaidh gineadóirí leictreachais i dTuaisceart Éireann.
Rinne EEX ceantáil ar son na Gearmáine freisin mar an t‑ardán ceantála don rogha gan a bheith páirteach.
Athcheapadh EEX mar an comhardán ceantála ó 2021 i leith, gan athruithe móra ar an rannpháirtíocht sna ceantanna. San iomlán, rinneadh 230 ceant in 2021, agus rinneadh 109 gcinn sa chéad leath de 2022. Tugtar forléargas i dTábla 2 de mhéideanna bliantúla na lamháltas a chuir EEX ar ceant ó chéim 3.
Tábla 2. Méideanna Iomlána lamháltas a cuireadh ar ceant (2013‑21).
Bliain
|
Lamháltais ghinearálta
|
Lamháltais eitlíochta
|
2013
|
808 146 500
|
0
|
2014
|
528 399 500
|
9 278 000
|
2015
|
632 725 500
|
16 390 500
|
2016
|
715 289 500
|
5 997 500
|
2017
|
951 195 500
|
4 730 500
|
2018
|
915 750 000
|
5 601 500
|
2019
|
588 540 000
|
5 502 500
|
2020
|
778 505 000
|
7 505 000
|
2021
|
582 952 500
|
3 785 500
|
Níor cuireadh aon cheant ar ceal in 2021. Cuireadh dhá cheant ar ceal ag tús 2022 áfach. An 1 Feabhra, cuireadh an ceant don chomhardán ceantála ar ceal de bharr fadhb theicniúil. I gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán maidir le Ceantáil, leithdháileadh méid comhfhreagrach na lamháltas ansin le linn na gceithre cheant ina dhiaidh sin. An 2 Márta, cuireadh an ceant don Pholainn ar ceal óir ba lú an méid iomlán arna thairiscint ná méid na lamháltas a cuireadh ar ceant. Cuireadh an ceant ar ceal i gcomhréir le hAirteagal 7(5) den Rialachán maidir le Ceantáil, agus b’amhlaidh arís a dáileadh an méid le linn na gcéad cheithre cheant eile.
Tugtar forléargas i bhFíor 2 ar phraghsanna imréitigh an cheant i margadh carbóin an Aontais idir 2013 agus mí Mheán Fómhair 2022.
Fíor 2. Praghsanna imréitigh i gceantanna lamháltas ginearálta (1 Eanáir 2013 - 30 Meán Fómhair 2022).
Foilsíonn ardáin cheant torthaí mionsonraithe ó gach ceant go tráthrialta ar a suíomhanna gréasáin. Is féidir teacht ar fhaisnéis bhreise maidir le feidhmíocht ceantanna, lena n‑áirítear rannpháirtíocht, cóimheasa cumhdaigh agus praghsanna, i dTuarascálacha Ceantanna na dtíortha CTA.
3.3.Leithdháileadh saor in aisce
Cé gurb í an cheantáil an príomh‑mhodh le lamháltais a leithdháileadh i gCóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh,
leithdháiltear méid suntasach de na lamháltais go saor in aisce le haghaidh a thabhairt ar riosca an sceite carbóin. Is beart idirthréimhseach é sin.
Sainaithnítear i Liosta Sceití Carbóin earnálacha ag a bhfuil riosca sceite carbóin níos airde, atá incháilithe le leithdháileadh saor in aisce a fháil. Sainaithnítear sa liosta le haghaidh chéim 4 63 earnáil agus fho‑earnáil lena gcumhdaítear tuairim is 94 % d’astaíochtaí tionsclaíocha i CTA an Aontais.
Tá an leithdháileadh saor in aisce chuig earnálacha sonracha bunaithe ar thagarmharcanna feidhmíochta. Léirítear sna tagarmharcanna meándéine astaíochtaí in aghaidh an aonaid táirge ag an 10 % is éifeachtúla de shuiteálacha i ngach aon earnáil. Laghdaítear tagarmharcanna de réir a chéile chun an dreasacht chun dícharbónú agus leis an nuáil a bhrú ar aghaidh a neartú. In 2021, thug an Coimisiún luachanna na dtagarmharcanna CTA cothrom le dáta. Beidh feidhm leo sa chéad tréimhse leithdháilte i gcéim 4, 2021‑25.
San iomlán, laghdaíodh 31 as 54 thagarmharc ag an ráta uasta 24 %. Laghdaíodh an fuílleach laistigh de raon 3‑24 %. Léirítear sa mhéid sin an dul chun cinn atá déanta ag an gcuid is mó d’earnálacha tionsclaíocha chun déine na n‑astaíochtaí in aghaidh an aonaid táirge a laghdú le blianta beaga anuas. D’fhoilsigh an Coimisiún bileog eolais a ghabhann leis an gcinneadh, ina mionsonraítear an phróiseáil agus an anailís sonraí atá mar bhonn taca faoi thabhairt na dtagarmharcanna cothrom le dáta.
Ó chéim 4, déantar méid an leithdháilte saor in aisce a choigeartú ar bhonn rialacha leasaithe, nuair a tharlaíonn athruithe sa táirgeadh tionsclaíoch. Socraítear an tairseach le haghaidh coigeartuithe ag 15 % chun táirgeadh a mhéadú nó a laghdú. Ceanglaítear ar oibreoirí tuarascálacha bliantúla a chur isteach maidir le sonraí táirgeachta leis na húdarás inniúla náisiúnta. Ar bhonn na dtuarascálacha sin, féadfar coigeartuithe a dhéanamh do mhéid an leithdháilte saor in aisce arna eisiúint.
I bhfianaise éifeachtaí eacnamaíocha phaindéim COVID‑19, tháinig méadú ón ngéire sin ar líon na gcoigeartuithe bliantúla le méid an leithdháilte saor in aisce. Cuireadh tuairim is 3 700 iarratas isteach in 2021, líon a bhí trí oiread níos mó ná an meán bliantúil i gcéim 3.
Socraíodh méid tosaigh an leithdháilte saor in aisce le haghaidh 2021‑25 ag 2 791 mhilliún lamháltas, le haghaidh 7 430 suiteáil. Faoi lár 2022, ghlac an Coimisiún cúig chinneadh chun méid an leithdháilte saor in aisce a choigeartú. Dá thoradh sin, laghdaíodh an méid 77.5 milliún lamháltas. I gcomhthreo leis sin áfach, ghlac an Coimisiún dhá chinneadh lenar ceartaíodh méid tosaigh na leithdháilte saor in aisce agus lenar cuireadh 3.3 milliún lamháltas leis. Bhí gá leis sin de bharr earráidí sna sonraí arna gcur isteach ag suiteálacha agus chun rialuithe cúirte a chur chun feidhme.
Coigeartuithe a ghabhann leis an leibhéal de leithdháileadh saor in aisce a dhéantar ón gCúlchiste le haghaidh Iontrálaithe Nua (NER). Áirítear ar na coigeartuithe sin freisin athruithe ar an leithdháileadh de bharr oscailt nó dhúnadh suiteálacha. 331.3 milliún lamháltas a bhí i méid tosaigh an NER ag tús chéim 4 méid. Áiríodh air sin lamháltais ó chéim 3 agus 200 milliún lamháltas ó Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh.
Déantar achoimre i dTábla 3 ar na leibhéil bhliantúla den leithdháileadh saor in aisce sa chéad tréimhse de chéim 4 (2021‑25) – idir leibhéil tosaigh agus choigeartaithe.
Tábla 3. Leithdháileadh saor in aisce sa chéad tréimhse de chéim 4 (2021‑25).
Bliain
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
Iomlán
|
Leithdháileadh saor in aisce tosaigh (AE‑27 + an Íoslainn, an Iorua agus Lichtinstéin
|
559.6
|
558.9
|
558.2
|
557.5
|
556.8
|
2 791.1
|
Leithdháileadh saor in aisce iarbhír
|
545.0
|
544.1
|
543.3
|
542.6
|
541.9
|
2 716.8
|
Leithdháileadh saor in aisce coigeartaithe agus ceartaithe
|
-14,6
|
-14,8
|
-14,9
|
-14,9
|
-14,9
|
-74,2
|
3.3.1.Maolú ón láncheantáil le haghaidh táirgeadh leictreachais agus teasa
Le hAirteagal 10c den Treoir maidir le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, maolaítear ó riail ghinearálta na lamháltas ceantála. Féadann Ballstáit incháilithe lamháltais a thabhairt don earnáil leictreachais agus teasa chun tacú le hinfheistíocht sa nuachóiriú agus san éagsúlú. Asbhaintear na lamháltais faoi Airteagal 10c ón gcainníocht a chuirfeadh an Ballstát ar ceant ar bhealach eile. Beidh imréiteach de dhíth ar scéimeanna náisiúnta arna socrú leis an maolú ar Airteagal 10c a chur chun feidhme áfach, faoi rialacha Státchabhrach; agus tá siad faoi réir na gceanglas a leagtar amach sna treoirlínte maidir le Státchabhair.
Fanfaidh an leithdháileadh idirthréimhseach saor in aisce faoi Airteagal 10c den Treoir maidir le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh de bheith ar fáil i gcéim 4, ach beidh forálacha níos láidre ann maidir le trédhearcacht agus an próiseas roghnúcháin. De rogha air sin, d’fhéadfadh Ballstáit incháilithe cinneadh a dhéanamh a leithdháileadh Airteagal 10c uile nó cuid de a chur ar ceant nó é a úsáid chun infheistíochtaí faoin gCiste don Nuachóiriú a chistiú.
Is iad an Bhulgáir, an Rómáin, agus an Ungáir amháin a leanann d’úsáid Airteagal 10c i gcéim 4, ach tá siad fós i mbun an phróisis creataí náisiúnta a dhréachtú chun an fhoráil sin a chur chun feidhme. Ní foláir don Choimisiún iad sin a imréiteach faoi rialacha Státchabhrach. Idir an dá linn, d’iarr an Bhulgáir, i gcomhréir le hAirteagal 14f den Rialachán maidir le Ceantáil, codanna dá lamháltais Airteagal 10c a cuireadh ar leataobh le haghaidh 2021 agus 2022 a chur ar ceant.
Roghnaigh Ballstáit eile a bhí incháilithe le maolú Airteagal 10c a úsáid na lamháltais sin a chur ar ceant in 2020 nó iad a aistriú chuig an gCiste don Nuachóiriú. Taispeántar i dTábla 2.5 i bhFoscríbhinn 2 den doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an líon iomlán lamháltas sa Chiste don Nuachóiriú in aghaidh an Bhallstáit is tairbhí le haghaidh chéim 4.
3.4.Ioncam ceantála
Gintear ioncaim shubstaintiúla do Bhallstáit le cur na lamháltas ar ceant lena gcaitheamh ar ghníomhaíocht ar son na haeráide, an claochlú fuinnimh agus an nuálaíocht theicneolaíoch. Ciallaíonn praghas carbóin níos airde go mbeidh fáltais níos airde ann. Cuirtear cuid de na lamháltais i gcéim 4 ar ceant chun na críche soláthar don Chiste don Nuálaíocht agus don Ciste don Nuachóiriú.
Éilítear leis an Treoir maidir le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh gur cheart do Bhallstáit ar a laghad 50 % dá n‑ioncam ceantála, agus na hioncaim uile ón eitlíocht a úsáid, chun cuspóirí aeráide agus fuinnimh. Tuairiscíonn Ballstáit ar bhonn bliantúil ar an gcaoi a gcaitheann siad a n‑ioncam ceantála.
EUR 51.7 billiún a bhí san ioncam ceantála iomlán sna 18 mí ó bhí 2020 ann (Eanáir 2021 – Meitheamh 2022). In 2021 amháin, gineadh ioncaim os cionn EUR 31 bhilliún trí cheantanna. Ciallaíonn sé sin gur bheag nár tháinig dúbailt ar na hioncaim ó bhí 2020 ann. As na hioncaim ó 2021, chuaigh EUR 25 billiún chuig na Ballstáit.
Ar an meán, thuairiscigh Ballstáit gur chaith siad 76 % d’ioncam ceantála ar thionscadail aeráide agus fuinnimh in 2021 (EUR 19.4 billiún). Tá an méid sin i gcomhréir leis an meán 75 % i gcéim 3. Caitheadh an chuid is mó d’ioncaim ar thionscadail fuinnimh in‑athnuaite (30 %) agus iompair (20 %). Ina theannta sin, chistigh Ballstáit tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh, tionscadail intíre agus idirnáisiúnta, chomh maith leis an taighde agus an fhorbairt. Tuairiscíodh gur cistíodh bearta laghdaithe astaíochtaí le timpeall 25 % de. Áirítear leo sin bearta atá á gcur chun feidhme ag Ballstáit chun éifeachtaí na géarchéime fuinnimh a mhaolú e.g. buntáistí cánach agus tacaíocht shóisialta. Is féidir teacht ar anailís mhionsonraithe ar thuairisciú na mBallstát ar an gcaiteachas sin sa Tuarascáil ar Dhul chun Cinn maidir le Gníomhaíocht ar son na hAeráide 2022.
3.4.1.NER 300
Ba clár cistiúcháin ar mhórscála é NER 300 arna chistiú ag CTA an Aontais le haghaidh thionscadail taispeántais fuinnimh ísealcharbóin nuálacha arna socrú le haghaidh chéim 3. Ba í ab aidhm di gabháil agus stóráil carbóin a bheadh sábháilte ó thaobh an chomhshaoil de agus teicneolaíochtaí in‑athnuaite nuálacha a léiriú ar scála tráchtála. Comhthiomsaíodh leis an gclár acmhainní ó 300 milliún lamháltas a chur ar ceant ón gCúlchiste le haghaidh Iontrálaithe Nua. Dámhadh cistiúchán ar thionscadail arna roghnú in dhá bhabhta de ghlaonna ar thograí, i mí na Nollag 2012 agus i mí Iúil 2014. Tá na tionscadail fós á gcur chun feidhme.
San iomlán, dámhadh tacaíocht ó NER 300 38 dtionscadal fuinnimh in‑athnuaite agus 1 thionscadal amháin um ghabháil agus stóráil carbóin in 20 Ballstát, arbh fhiú EUR 2.1 billiún í. Faoi 30 Meán Fómhair 2022, tháinig aon tionscadal déag i mbun oibre. Meastar trí thionscadal a bheith curtha i gcrích: an tionscadal bithfhuinnimh BEST san Iodáil, an tionscadal gaoithe ar talamh Windpark Blaiken sa tSualainn agus an tionscadal bithfhuinnimh Verbiostraw sa Ghearmáin. Tá faireachán á dhéanamh go fóill ar fhuílleach na dtionscadal faoin gclár: an tionscadal gaoithe ar talamh Windpark Handalm san Ostair, na tionscadail ghaoithe ar talamh Veja Mate agus Nordsee One sa Ghearmáin, an tionscadal eangaí cliste Puglia Active Network san Iodáil, na tionscadail ghaoithe amach ón gcósta ar snámh Vertimed sa Fhrainc agus Windfloat sa Phortaingéil, an tionscadal dírithe grianteasa Minos sa Ghréig agus an tionscadal bithfhuinnimh TORR san Eastóin.
De bharr deacrachtaí maidir le cómhaoiniú a fháil (ón earnáil phríobháideach nó ón earnáil phoiblí) chomh maith le dálaí eacnamaíocha agus beartais dúshlánacha, níorbh fhéidir le 28 dtionscadal cistiú breise leordhóthanach a chruinniú, agus b’éigean iad a tharraingt siar ón gclár. Dá thoradh sin, d’éirigh os cionn EUR 1.6 billiún ar fáil.
Tá cistí neamhchaite ó NER 300 á n‑ath‑leithdháileadh. Ath‑infheistítear cistí neamhchaite sa chéad bhabhta de ghlaonna ar thograí (dar luach EUR 724.8 milliún faoi láthair) faoi ionstraimí airgeadais atá ann faoi láthair arna mbainistiú ag an mBanc Eorpach Infheistíochta. Faoi na Tionscadail Taispeántais Fuinnimh InnovFin (InnovFin EDP), ní mór séala a chur le tionscadail faoi dheireadh 2022. Faoi thacaíocht chomhairleach airgeadais InnovFin Fuinnimh agus Ionstraim Fiachais na Saoráide um Chónascadh na hEorpa (CEF DI) araon, ní mór séala a chur le tionscadail faoi dheireadh 2023.
Tugtar i dTábla 2.4 in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an doiciméad inmheánach oibre tuilleadh mionsonraí maidir leis na tionscadail a fhaigheann tacaíocht faoi InnovFin EDP agus CEF DI ó bhí mí an Mheithimh 2020 ann.
Tá an sásra measctha atá curtha i bhfeidhm tar éis a bheith éifeachtach cheana. Mar shampla, faoi thacaíocht chomhairleach airgeadais InnovFin Fuinnimh, tá 10 dtionscadal curtha i gcrích cheana, agus tá níos mó díobh á gcur chun feidhme. Baineann siad den chuid is mó leis an bhfuinneamh in‑athnuaite (fuinneamh aigéin, dírithe grianteasa agus hidrigine) chomh maith le tionscadail gabhála agus úsáide/stórála carbóin.
Cuirtear fuílleach na gcistí neamhchaite ó NER 300 isteach sa Chiste don Nuálaíocht. Áirítear leis sin cistí neamhchaite ón dara babhta de ghlaonna ar thograí agus ó chistí arna dtabhairt ar ais ag Ballstáit de bharr teipeanna tionscadail. Go dtí seo, aistríodh EUR 770.2 milliún chuig an gCiste don Nuálaíocht.
3.4.2.An Ciste don Nuálaíocht
Is é is aidhm don Chiste don Nuálaíocht faoi CTA an Aontais taisealbhadh tráchtála na dteicneolaíochtaí nuálacha ísealcharbóin agus na réiteach tionsclaíoch a mhaoiniú chun tionscail dianfhuinnimh na hEorpa a dhícharbónú, chomh maith le fuinneamh in‑athnuaite, stóráil fuinnimh, agus gabháil agus stóráil carbóin a fhorbairt. Le haghaidh na tréimhse 2020‑30, meastar go gcomhthiomsaítear sa chiste tuairim is EUR 33.8 billiún ó 450 milliún lamháltas a chur ar ceant. Fágann sé sin gur ceann de na cláir chistiúcháin deontais is mó ar domhan é, arna chistiú 100 % ag CTA an Aontais.
Ó bhí 2020 ann, sheol an Coimisiún in éineacht leis an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol (CINEA) ceithre ghlao ar thograí faoin gCiste don Nuálaíocht. Cuireadh dhá cheann de na glaonna sin ar thograí i gcrích in 2021.
Faoin gcéad ghlao ar thionscadail mhórscála, dámhadh deontais ar sheacht dtogra i sé Bhallstát. San iomlán, dámhadh EUR 1 145 milliún i bhfoirm tacaíochta ar thionscadail in earnálacha difriúla CTA, is é sin ceimiceáin, cruach, stroighin, scaglanna, agus cumhacht agus teas. Faoin gcéad ghlao ar thograí mionscála, fuair 30 tionscadal deontais ar mhéid iomlán dar luach EUR 109 milliún. Rannchuideoidh siad leis an ngníomhaíocht maidir leis an dícharbónú in 11 Bhallstát móide an Íoslainn agus an Iorua. Tríd is tríd, tá sé d’aidhm leis na tionscadail astaíochtaí a laghdú 77.4 Mt de choibhéis CO2le linn na gcéad 10 mbliana dá n‑oibríocht. Tá coinne leis go dtosóidh na laghduithe sin ag teacht i bhfeidhm cheana in 2023 leis na chéad tionscadail ag teacht i mbun oibre.
I mí Iúil 2022, réamhroghnaíodh 17 dtionscadal chun comhaontú deontais a ullmhú ina leith faoin dara glao ar thograí mórscála. Le EUR 1.8 billiún san iomlán, cisteofar an nuáil sna hearnálacha stroighne, hidrigine, ceimiceán, monaraíochta agus in earnálacha eile, agus gníomhaíocht um dhícharbónú á cur ar aghaidh i naoi dtír CTA. An 31 Lúnasa 2022, dúnadh an dara glao ar thionscadail mhórscála, agus fuarthas 66 thogra, leis an meastóireacht fós ar siúl orthu.
I gcomhthreo leis sin, roghnaíodh 25 thionscadal nár éirigh leo ón gcéad dá ghlao (idir chinn mhórscála agus mhionscála) le cúnamh a fháil dá bhforbairt tionscadail faoin gCiste don Nuálaíocht. EUR 6.1 milliún atá sa tacaíocht sin agus is é an Banc Infheistíochta Eorpach a chuireann ar fáil í.
Ón 3 Samhain 2022, seoladh an tríú glao ar thionscadail mhórscála, lenar bhain buiséad gan níos mó ná riamh dar luach EUR 3 billiún. Díreoidh sé go sonrach ar réimsí tionscadail atá nasctha le Plean REPowerEU – hidrigin agus leictriúchán, monaraíocht na teicneolaíochta glaine agus treoirthionscadail mheánscála.
Tugann an Coimisiún tuairisciú níos mionsonraithe ar leithligh maidir le cur chun feidhme an Chiste don Nuálaíocht. Glacadh an chéad Tuarascáil ar Dhul chun Cinn an 26 Lúnasa 2022.
3.4.3.An Ciste don Nuachóiriú
Tá an Ciste don Nuachóiriú faoi CTA an Aontais ar cheann de shásraí dlúthpháirtíochta an chórais – tacaíonn sé le hinfheistíochtaí dícharbónúcháin i ndeich mBallstát íseal‑ioncaim. Sa tréimhse 2021‑30, tá coinne leis go gcomhthiomsófar tuairim is EUR 48.2 billiún ó chur níos mó ná 643 milliún lamháltas. Ba cheart go dtacódh 70 % ar a laghad de na sócmhainní sin le hinfheistíochtaí tosaíochta a chuidíonn le Ballstáit is tairbhithe a n‑aistriú chuig an aeráidneodracht a chur ar aghaidh.
Tháinig an ciste i mbun oibre i mí Eanáir 2021, agus tá an chuid is mó de Bhallstáit is tairbhithe tar éis tosú ar a chur chun feidhme ina dtír féin. Cuireadh EUR 3.3 billiún san iomlán ar fáil ón gciste le haghaidh na Cróite, na Seicia, na hEastóine, na hUngáire, na Liotuáine, na Polainne, na Rómáine agus na Slóvaice. Leis na hacmhainní sin cumhdaítear 71 infheistíocht, lena n‑áirítear feabhsuithe ar éifeachtúlacht thar earnálacha difriúla (an Liotuáin, an Pholainn), suiteálacha fótavoltacha (an tSeicia, an Rómáin), stóráil fuinnimh (an Ungáir) agus nuachóiriú ar eangacha cumhachta (an tSlóvaic).
Tá an chéad sraith de thuarascálacha maidir le cur chun feidhme an Chiste don Nuachóiriú ar fáil cheana féin. Áirítear ar an Tuarascáil Bhliantúil ón gCoiste Infheistíochta agus ó thuairisciú náisiúnta na mBallstát.
3.4.4.Cúiteamh ar chostais charbóin indíreacha
Féadann Ballstáit Státchabhair a dheonú mar chúiteamh ar roinnt tionscal dianfhuinnimh le haghaidh chostais charbóin ag eascairt as astaíochtaí indíreacha, go sonrach ó phraghsanna arda leictreachais de bharr gineadóirí cumhachta lena gcuirtear costas ceannaithe na lamháltas ar aghaidh chuig tomhaltóirí. Le cur chun feidhme an chúitimh ar chostais indíreacha charbóin a chomhchuibhiú idir Ballstáit agus le saobhadh na hiomaíochta ar an margadh inmheánach a íoslaghdú, ghlac an Coimisiún treoirlínte CTA an Aontais maidir leis an Státchabhair. Cuireadh na treoirlínte sin i bhfeidhm maidir leis na costais indíreacha a tabhaíodh idir 2013 agus 2020. Leasaíodh na treoirlíne in 2020 leis an tréimhse 2021‑2030 a chumhdach.
In 2021, d’íoc Ballstáit cúiteamh ar chostais indíreacha arna dtabhú ag suiteálacha in 2020. Tagann siadsan go fóill faoi réir threoirlínte roimhe seo maidir le Státchabhair. Na sonraí maidir leis an gcúiteamh ar chostais indíreacha a tabhaíodh in 2021, níl siad ar fáil go fóill. An chuid is mó de na Ballstáit a roghnaigh tosú ar chúiteamh a thabhairt as costais indíreacha nó coinneáil leis tar éis 2021, tá siad tar éis fógra a thabhairt faoina scéimeanna don Choimisiún cheana, agus tá imréiteach Státchabhrach faoi na treoirlínte leasaithe faighte acu. Is í tuarascáil na bliana seo chugainn an chéad cheann ina ndoiciméadaítear cúiteamh costais indírigh a íoctar faoi na treoirlínte nua.
De réir mar a tháinig méadú ar phraghas an charbóin, tháinig méadú ar chostais indíreacha. Dá thoradh sin, roghnaigh níos mó Ballstát cúiteamh a íoc ar chostais indíreacha. In 2021, d’íoc an tSeicia agus an Iodáil cúiteamh den chéad uair, agus líon iomlán na mBallstát ag a bhfuil scéimeanna cúitimh ag teacht chuig 14.
Laistigh de 3 mhí ó dheireadh gach bliana, ceanglaítear ar Bhallstáit ag a bhfuil scéim cúitimh ar chostais indíreacha i bhfeidhm an cúiteamh iomlán a íocadh a fhoilsiú, lena n‑áirítear miondealú in aghaidh earnáil agus fho‑earnáil na bhfaighteoirí. Tugtar achoimre i dTábla 4 ar na sonraí a fhoilsíonn na Ballstáit i leith an chúitimh a íocadh in 2021 (as costais indíreacha a tabhaíodh in 2020). Cuirtear méideanna cúitimh i gcomparáid le hioncam ceantála ó 2020 freisin.
Tábla 4. Cúiteamh a íocadh in 2021 ar chostais indíreacha a tabhaíodh in 2020.
Ballstát
|
Cúiteamh a íocadh ar chostais indíreacha a tabhaíodh in 2020
[milliún EUR]
|
Líon rannpháirtithe
|
Ioncam ceantála in 2020
[milliún EUR]
|
Sciar d’ioncam ceantála a chaitear ar chúiteamh costais indíreach
|
BE (FL)
|
137.1
|
108
|
353.0
|
44.5 %
|
BE (WL)
|
20.0
|
34
|
|
|
CZ
|
41.5
|
30
|
718.1
|
5.8 %
|
DE
|
833.0
|
893
|
2 641.8
|
31.5 %
|
EL
|
68.3
|
50
|
501.2
|
13.6 %
|
ES
|
179.0
|
210
|
1 222.3
|
14.6 %
|
FI
|
106.3
|
59
|
218.2
|
48.7 %
|
FR
|
391.0
|
325
|
714.7
|
54.7 %
|
IT
|
90.0
|
187
|
1 274.6
|
7.1 %
|
LT
|
1.0
|
1
|
86.3
|
1,2 %
|
LU
|
15.9
|
3
|
16.8
|
94.9 %
|
NL
|
172.2
|
92
|
437.3
|
39.4 %
|
PL
|
183.3
|
70
|
3 155.4
|
5.8 %
|
RO
|
131.8
|
43
|
801.3
|
16.4 %
|
SK
|
11,0
|
10
|
241.9
|
4.6 %
|
Thart ar EUR 2.38 billiún a bhí sa chúiteamh costais indírigh iomlán a d’íoc na 14 Bhallstát in 2021. Is ionann sin agus beagnach EUR 1 bhilliún níos mó ná 2020. Is é is cúis leis sin den chuid is mó an méadú ar an bpraghas carbóin a úsáidtear chun cúitimh a ríomh. Ba é EUR 25.20 an praghas carbóin a úsáideadh le haghaidh 2021, méadú ar an EUR 16.15 a úsáideadh le haghaidh 2019. Níl buiséad seasta ag an gcuid is mó de na scéimeanna, ach tugann siad cúiteamh suas le huasmhéid arna leagan síos leis an gcostas carbóin indíreach a thabhaítear agus leis na teorainneacha a shocraítear leis na Treoirlínte maidir le Státchabhair. Na Ballstáit nach bhfuil caidhp sheasta ar eisíocaíocht acu, amhail an Liotuáin nó an tSlóvaic; is amhlaidh i gcoitinne a íocann siadsan níos lú cúitimh.
Tháinig méadú ar an gcúiteamh costais indíreach i dtéarmaí coibhneasta freisin. B’ionann an cúiteamh iomlán ar chostais indíreacha a tabhaíodh in 2020 agus 19.2 % d’ioncam ceantála 2020 arna bhailiú ag na 14 Bhallstát. In 2021, chaith siad 27.3 % ar an meán dá n‑ioncam ceantála mar chúiteamh ar a gcostais indíreacha carbóin.
Na Ballstáit a chaitheann níos mó ná 25 % dá n‑ioncam ceantála ar chúiteamh costais indírigh in aon bhliain, ní foláir dóibh freisin tuarascáil a fhoilsiú ina mínítear an fáth gur sháraigh siad an tairseach sin. In 2021, chaith sé Bhallstát níos mó ná 25 % dá n‑ioncam ceantála ar chúiteamh costais indírigh: Lucsamburg, an Fhionlainn, An Fhrainc, an Bheilg, an Ísiltír agus an Ghearmáin. Tharla sé sin den chuid is mó de bharr méadú ar phraghas an charbóin (agus dá réir ar chostais indíreacha a tabhaíodh) a bheith níos airde i gcoibhneas leis an méadú ar an ioncam ceantála, agus méideanna ceantála fós á laghdú ag Cúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh. Tháinig méadú freisin ar sciar na n‑astaíochtaí ó thionscail atá dian ar fhuinneamh i roinnt de na 14 Bhallstát i gcomparáid lena n‑astaíochtaí stairiúla atá mar bhonn le ríomh a sciartha ceantála.
3.5.Laghduithe astaíochtaí i CTA an Aontais
In 2021, b’ionann méid na n‑astaíochtaí ó shuiteálacha do‑aistrithe agus 1 335 milliún tona de choibhéis CO2. Bhí sé sin 6.6 % níos airde ná 2020, ach bhí sé fós 5.6 % níos ísle ná 2019.
Go dtí seo, ba ón earnáil cumhachta a tháinig an chuid is mó de na laghduithe ar astaíochtaí do‑aistrithe (giniúint leictreachais agus teasa, lena n‑áirítear cuid den teas tionsclaíoch). In 2021, áfach, chonacthas méadú 8.4 % ar na hastaíochtaí ó earnáil na cumhachta. Tharla sé sin den chuid is mó de bharr éileamh níos airde ar leictreachas i gcomhthéacs an téarnaimh eacnamaíoch tar éis phaindéim COVID‑19, agus de bharr úsáid mhéadaithe an ghuail arbh ardú ar phraghsanna breoslaí iontaise ba chúis leis. Mar sin féin, d’fhan astaíochtaí foriomlána ón earnáil chumhachta in 2021 8.1 % faoi bhun leibhéil 2019, agus bhí an t‑éileamh céanna ar leictreachas sa 2 bhliain sin.
Tháinig méadú freisin ar astaíochtaí ó shuiteálacha tionsclaíocha in 2021 le 4.6 % i gcomparáid le 2020. Chonacthas arduithe móra i bhformhór na n‑earnálacha, lena n‑áirítear iarann agus cruach agus ceimiceáin. Spreagadh an méid sin leis an téarnamh eacnamaíoch tar éis na paindéime, ina bhfacthas méadú 5.3 % an OTI san AE‑27 idir na blianta 2020 agus 2021. Mar sin féin, bhí na hastaíochtaí tionsclaíocha in 2021 2.6 % níos ísle ná 2019 d’ainneoin go raibh na leibhéil iomlána den táirgeadh tionsclaíoch sa dá bhliain an‑chosúil le chéile.
Taifeadtar doiciméid Thábla 5 an treocht in astaíochtaí CTA ó shuiteálacha do‑aistrithe ó bhí 2013 ann.
Tábla 5. Astaíochtaí fíoraithe ó shuiteálacha do‑aistrithe.
Bliain
|
2013
|
2014
|
2015
|
2016
|
2017
|
2018
|
2019
|
2020
|
2021
|
Astaíochtaí fíoraithe ó shuiteálacha do‑aistrithe
|
1 908
|
1 814
|
1 803
|
1 751
|
1 755
|
1 683
|
1 530
|
1 356
|
1 335
|
Athrú bliain ar bhliain
|
-
|
-4.9 %
|
-0.6 %
|
-2.9 %
|
0.2 %
|
-4.1 %
|
-9.1 %
|
-11.4 %
|
6.6 %
|
Astaíochtaí fíoraithe ó ghiniúint leictreachais agus teasa
|
1 191
|
1 100
|
1 091
|
1 046
|
1 036
|
964
|
822
|
696
|
707
|
Athrú bliain ar bhliain
|
-
|
-7.7 %
|
-0.8 %
|
-4.1 %
|
-1.0 %
|
-7.0 %
|
-14.7 %
|
-15.3 %
|
8.4 %
|
Astaíochtaí fíoraithe ón táirgeadh tionsclaíoch
|
717
|
714
|
712
|
705
|
719
|
719
|
708
|
659
|
631
|
Athrú bliain ar bhliain
|
-
|
-0.4 %
|
-0.3 %
|
-1.0 %
|
2.0 %
|
0,1 %
|
-1,6 %
|
-6.9 %
|
4.6 %
|
Léirítear i bhFíor 3 an treocht in astaíochtaí CTA de réir chineál breosla in 2021 i gcomparáid le céim 3 de CTA an Aontais.
Áiríodh leis na príomhfhoinsí fuinnimh i CTA an Aontais in 2021 an gual crua, an lignít (agus an gual fobhiotúmanach) agus an gás nádúrtha. Sna blianta roimhe seo, bhí sciar an gháis nádúrtha ag méadú de réir a chéile, agus an gual crua - agus sciar níos lú den lignít, á n‑ionadú aige. In 2021 áfach, tháinig méadú freisin ar sciar na n‑astaíochtaí ón ngual crua 3.4 % i gcomparáid le 2020. I gcomhthreo leis sin, tháinig laghdú ar sciartha na ligníte agus an gháis nádúrtha araon. Nascadh an méid sin leis na harduithe ar phraghsanna na mbreoslaí iontaise.
Fíor 3. Astaíochtaí de réir chineál breosla mar sciartha d’astaíochtaí bliantúla breoslaí iontaise. Is ionann agus 100 % na breoslaí iontaise i dteannta a chéile, tagann an bhithmhais sa bhreis air sin. Lipéid nach dtaispeántar mura sáraíonn an breosla 3 % den iomlán, * = nach gcumhdaítear leis na breoslaí sonraithe eile.
San iomlán, tuairiscíodh gur úsáideadh bithmhais in 2 153 shuiteáil in 2021. Is ionann sin agus 24.6 % de gach suiteáil tuairiscithe i CTA an Aontais, méadú ar an 22.5 % in 2020. Is difriúil iad na hastaíochtaí de réir chineál breosla, bheadh na hastaíochtaí darbh éigean lamháltais a ghéilleadh 15.8 % níos airde áfach dá gcomhairfí na hastaíochtaí ón mbithmhais nialas‑rátaithe mar astaíochtaí iontaise.
Ón 1 Eanáir 2023, beidh feidhm ag critéir nua maidir le hinbhuanaitheacht agus coigilteas astaíochtaí faoin Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite maidir le hastaíochtaí ón mbithmhais nialas‑rátaithe i CTA an Aontais. Áirítear leo critéir níos déine maidir le bithbhreoslaí agus bithleachtanna, agus critéir nua le haghaidh bithmhais sholadach agus ghásach.
Na breoslaí bithmhaise a chomhlíonann na critéir inbhuanaitheachta is infheidhme nó nach gcumhdaítear leis na critéir sin; féadfar iad a mheas de bheith nialas‑rátaithe. Ciallaíonn sé sin nach n‑áirítear a n‑astaíochtaí CO2 mar CO2 iontaisí. Ní gá d’oibreoirí lamháltais CTA a ghéilleadh le haghaidh na n‑astaíochtaí nialas‑rátaithe sin. Dá bhrí sin, i bhFíor 3, taispeántar na hastaíochtaí bithmhaise nialas‑rátaithe ar bharr na n‑astaíochtaí breoslaí iontaise.
Léirítear i bhFíor 4 an chaoi a roinntear astaíochtaí nialas‑rátaithe ón mbithmhais idir suiteálacha de Chatagóir A, B, agus C i CTA an Aontais. Eisiatar ón deighilt an chéim ionsúite agus glanluach na n‑astaíochtaí. Tháinig méadú soiléir ar na hastaíochtaí nialas‑rátaithe ón mbithmhais, ó 142 Mt in 2020 chuig 172 Mt in 2021.
D’fhan na hastaíochtaí ón mbithmhais nialas‑rátaithe ag ráta íosta timpeall 1.5 Mt de choibhéis CO2, arbh ionann agus 0.1 % de na hastaíochtaí iomlána CTA ó shuiteálacha do‑aistrithe. Cé gur beag nach ionann é sin agus an sciar a bhí ann in 2020, tá coinne leis go dtiocfaidh méadú air de bharr go mbeidh na ceanglais le haghaidh bhithmhais nialas‑rátaithe ag éirí níos doichte, go háirithe tar éis na bliana 2023. Go dtí 1 Eanáir 2023, féadfaidh údaráis náisiúnta ceadú do shuiteálacha astaíochtaí ón mbithmhais a rátáil go nialasach gan comhlíontacht a léiriú le critéir na Treorach maidir le Fuinneamh In‑athnuaite II le haghaidh na hinbhuanaitheachta agus choigilteas astaíochtaí.
Fíor 4. Astaíochtaí de thionscnamh bithmhais nialas‑rátaithe in 2021 i gcomparáid le céim 3 (2013‑20). Cuirtear astaíochtaí i láthair ina milliúin tonaí de choibhéis CO2.
3.6.Soláthar agus éileamh a chothromú
Ag tús chéim 3 in 2013, chonacthas mar shaintréithe de CTA an Aontais éagothroime ard struchtúrach idir soláthar agus éileamh na lamháltas. Bhí barrachas 2.1 billiún de lamháltais ag an margadh carbóin. Rinne an Coimisiún idir ghníomhaíocht ghearrthéarmach agus fhadtéarmach leis an éagothroime sin a leigheas. Mar bheart gearrthéarmach, chuir an Coimisiún ceantáil 900 milliún lamháltas ar athló ó 2014‑16 chuig 2019‑20. Mar réiteach fadtéarmach, chruthaigh sé Cúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh (CCM) in 2015.
Le Cúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh, coigeartaítear méideanna ceantála chuig tairseacha réamhshainithe de líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht (TNAC). Cothaítear cothromaíocht agus athléimneacht leis sin ar mhargadh carbóin an Aontais. Thosaigh Cúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh ag feidhmiú in 2019, agus lamháltais á dtarraingt siar ón gcúrsaíocht trí mhéideanna ceantála na mBallstát a laghdú gach bliain ó shin. An 900 milliún lamháltas dar cuireadh an cheantáil ar athló ar dtús, cuireadh sa chúlchiste freisin iad.
In 2021, tháinig méadú ar astaíochtaí i gcomparáid le 2020, cé gur fhan siad faoi bhun leibhéal 2019 roimh an bpaindéim. Tharla barrachas 1 449 milliún lamháltas dá thoradh sin – níos lú ná mar a bhí in 2020, ach ábhairín níos mó ná mar a bhí in 2019. Léirítear i bhFíor 1 an barrachas lamháltas i CTA an Aontais ó bhí 2013 ann.
Fíor 5. Barrachas astaíochtaí i CTA an Aontais (2013‑21).
Ó bhí lár mhí na Bealtaine 2017 ann, foilsíonn an Coimisiún TNAC le haghaidh na bliana roimhe sin go tráthrialta. I mí na Bealtaine 2022, d’fhoilsigh an Coimisiún an séú heagrán de Líon Iomlán na Lamháltas i gCúrsaíocht, a raibh 1 449 214 182 lamháltas san iomlán ann. Uair amháin eile, de bharr an bharrachais ag dul thar thairseach réamhshainithe, cuireadh lamháltais i gCúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh, agus laghdaíodh méideanna ceantála dá réir le haghaidh 2022 agus 2023.
Leis sin, laghdaigh Cúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh na méideanna ceantála beagnach 350 milliún lamháltas idir mí Mheán Fómhair 2022 agus mí Lúnasa 2023. Is i dTábla 3.1 i bhFoscríbhinn 3 den doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an tuarascáil seo a thugtar achoimre ar ranníocaíochtaí Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh de réir thír CTA in 2022.
In 2021, rinne an Coimisiún an chéad athbhreithniú ar Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh mar chuid den tionscnamh níos leithne chun an Comhaontú Glas don Eoraip a sholáthar. Léiríodh san athbhreithniú gur fheidhmigh Cúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh go maith, agus a chuspóir á chomhlíonadh aige. Chuidigh sé chun an barrachas a laghdú agus chun comhartha láidir um phraghas carbóin a sholáthar, fiú amháin le linn phaindéim COVID‑19. Ó bhí 2019 ann, cuireadh os cionn 1.4 billiún lamháltas sa chúlchiste. Gach bliain, cuireadh 24 % de lamháltais bharrachais na bliana roimhe sin sa chúlchiste, mar a cuireadh 887 milliún lamháltas a chuaigh gan sannadh in 2013‑20.
Sa chéad athbhreithniú, mhol an Coimisiún gur cheart go ndíreofaí Cúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh ar bhonn leanúnach ar an éagothroime atá carntha ar mhargadh carbóin an Aontais chomh maith le freagairt a thabhairt d’aon turraing ó thaobh an éilimh de (amhail an ceann arbh í paindéim COVID‑19 ba chúis léi). Chun na críche sin, mhol an Coimisiún an ráta iontógála 24 % a choinneáil ar bun, agus paraiméadair oibríochtúla an chúlchiste a choigeartú.
4.Eitlíocht
Is le CTA an Aontais a rialaítear astaíochtaí ón earnáil eitlíochta ó bhí 2012 ann. Ó thaobh an dlí de, cumhdaíonn an córas gach eitilt amach agus, mura bhfuil díolúine ann ina leith, gach eitilt isteach chuig an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE). In 2013, áfach, chuir an tAontas Eorpach teorainn shealadach ar oibleagáidí CTA i leith eitiltí laistigh den LEE chun tacú le beart uilíoch margadhbhunaithe a fhorbairt chun astaíochtaí eitlíochta a fhorbairt an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO). Cuireadh síneadh faoi dhó leis an gcinneadh sin ina dhiaidh sin go dtí 2023.
Ón 1 Eanáir 2020, cumhdaítear le CTA an Aontais freisin astaíochtaí ó eitiltí amach chun na hEilvéise. Bíonn feidhm ag CTA na hEilvéise ar a sheal féin ar eitiltí ag imeacht ó aerfoirt sa LEE. Áirithítear cothroime iomaíochta leis sin in dhá threo na gconairí.
Ón 1 Eanáir 2021, tá feidhm fós ag CTA an Aontais freisin maidir le heitiltí amach chuig an Ríocht Aontaithe, agus beidh feidhm ag CTA na Ríochta Aontaithe maidir le heitiltí ag imeacht ó aerfoirt sa LEE. Coinnítear cumhdach na praghsála carbóin ar astaíochtaí eitlíochta leis sin, d’ainneoin imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach.
In 2021, eisíodh 28.3 milliún lamháltas eitlíochta i gcomhréir le raon feidhme CTA an Aontais arna thabhairt cothrom le dáta. B’ionann an leithdháileadh saor in aisce agus beagáinín os cionn 24 milliún lamháltas. Ina theannta sin, fuair oibreoirí aerárthaí arna riar ag riarthóirí náisiúnta sa LEE timpeall 0.5 milliún lamháltas eitlíochta Eilvéiseach saor in aisce faoi CTA na hEilvéise. I gcomparáid leis sin, cuireadh tuairim is 3.8 milliún lamháltas eitlíochta ar ceant in 2021. Ó 2021, beidh an chaidhp eitlíochta le laghdú ag ráta 2.2 % in aghaidh na bliana.
Bhí astaíochtaí ón eitlíocht tar éis an leibhéal is airde riamh a bhaint amach in 2019, ach thit siad go géar in 2020 de bharr phaindéim COVID‑19 agus na srianta gaolmhara ar an taisteal. In 2021, b’ionann méid na n‑astaíochtaí ó oibreoirí aerárthaí agus 27.9 milliún tona de choibhéis CO2(lena n‑áirítear timpeall 0.3 milliún tona faoi CTA na hEilvéise). Tá sé sin timpeall 30 % níos airde ná mar a bhí in 2020, ach tá sé fós 50 % níos ísle ná mar a bhí roimh an bpaindéim in 2019. Tá sé tábhachtach go dtabharfaí faoi deara go ndéantar an chomparáid sin le luachanna coigeartaithe na n‑astaíochtaí ó 2020 agus ó 2019 leis an athrú maidir le raon feidhme CTA an Aontais ó thaobh na heitlíochta de a chur san áireamh ó 2021 ar aghaidh. Eisiatar ón gcoigeartú seo eitiltí ag teacht isteach ón Ríocht Aontaithe.
Leagtar amach i dTábla 6 méideanna lamháltas arna leithdháileadh saor in aisce agus a cuireadh ar ceant in earnálacha na heitlíochta, i dteannta le méid na n‑astaíochtaí fíoraithe ó oibreoirí aerárthaí.
Tábla 6. Oibreoirí aerárthaí - astaíochtaí fíoraithe, leithdháileadh saor in aisce agus lamháltais curtha ar ceant.
Bliain
|
2013
|
2014
|
2015
|
2016
|
2017
|
2018
|
2019
|
2020
|
2021
|
Astaíochtaí fíoraithe (milliún tonaí de choibhéis CO2)
|
53.5
|
54.8
|
57.1
|
61.5
|
64.4
|
67.5
|
68.2
|
25.2
|
27.9
|
Athrú bliain ar bhliain
|
-
|
2,5 %
|
4.1 %
|
7.7 %
|
4,8 %
|
4,8 %
|
1 %
|
-63 %
|
30 %
|
Leithdháileadh saor in aisce (AE27 + an Íoslainn. Lichtinstéin. agus an Iorua + an Ríocht Aontaithe + an Eilvéis),
|
32.4
|
32.4
|
32.1
|
32.0
|
33.1
|
31.3
|
31.3
|
32.5
|
24.0
|
Leithdháileadh saor in aisce ón gcúlchiste speisialta le haghaidh iontrálaithe nua agus oibreoirí atá ag fás go tapa
|
0
|
0
|
0
|
0
|
1.1
|
1.1
|
1.0
|
0.8
|
0.3
|
Méideanna lamháltas curtha ar ceant
|
0
|
9.3
|
16.4
|
6,0
|
4.7
|
5.6
|
5,5
|
9.2
|
3.8
|
Ghlac Comhthionól an ICAO réiteach maidir le Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA) i mí Dheireadh Fómhair 2016. Is é an príomhchuspóir atá leis astaíochtaí CO2 ón eitlíocht idirnáisiúnta a fhritháireamh os cionn bonnlíne áirithe. Seoladh an scéim go hoifigiúil in 2021, agus is scéim dheonach a bheidh inti go sainráite go dtí 2026. Ní léir go fóill cé acu a chuirfidh nó nach gcuirfidh gach tír faoi oibleagáid i bhfeidhm ina dhiaidh sin é – tá roinnt acu tar éis agúis a chomhdú maidir leis an scéim (e.g. an tSín). Ba i bhfianaise réiteach CORSIA a cuireadh síneadh leis an teorannú ar raon feidhme laistigh den Eoraip CTA an Aontais le haghaidh na heitlíochta go dtí deireadh 2023.
Faoi CORSIA, ba cheart go gcuirfeadh stáit rannpháirteacha aerlínte atá lonnaithe sna tíortha sin faoi oibleagáid a gcuid astaíochtaí a fhritháireamh os cionn bhonnlíne arna sainiú ar dtús mar mheán na leibhéal ó 2019 agus 2020 trí chreidmheasanna idirnáisiúnta a cheannach agus a chealú. In mí Dheireadh Fómhair 2021, chinn an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta bonnlíne na scéime don tréimhse 2024‑35 a athrú chuig 85 % d’astaíochtaí in 2019.
Mar chuid den phacáiste beartais leis an gComhaontú Glas don Eoraip a sholáthar, mhol an Coimisiún athchóiriú de CTA an Aontais le haghaidh na heitlíochta,. Is é is aidhm don togra CORSIA a chur chun feidhme i ndlí an Aontais ar bhealach atá comhsheasmhach le sprioc aeráide 2030 ar fud gheilleagar an Aontais agus le méadú na gníomhaíochta ar son na haeráide le himeacht ama. Chun na críche sin, mhol an Coimisiún creat CTA an Aontais agus an comhartha praghais a choinneáil ar bun le haghaidh eitiltí laistigh den LEE, agus scéim CORSIA a chur i bhfeidhm, de réir mar is iomchuí, ar eitiltí lasmuigh den LEE.
Tá tionchar foriomlán na heitlíochta domhanda ar an aeráid i bhfad níos airde ná an chomhchuid CO2 inti féin, a rialaítear le CTA an Aontais faoi láthair. Meastar tionchair iomlána na heitlíochta a bheith 2‑4 huaire níos mó ná tionchair na n‑astaíochtaí CO2 nuair a thugtar éifeachtaí neamh‑CO2 san áireamh. Is beart ábhartha é aghaidh a thabhairt ar na hastaíochtaí sin óir tá an Painéal Idir‑Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) tar éis díriú ar an eitlíocht idirnáisiúnta (agus ar an loingeas idirnáisiúnta), ina Séú Tuarascáil Mheasúnachta um maolú an athraithe aeráide, mar earnálacha ag a bhfuil spriocanna aeráide ar lú iad ná a mbeadh gá leis chun srian a chur leis an méadú domhanda ar theochtaí i gcomhréir le Comhaontú Pháras.
5.Formhaoirseacht margaidh
Rialaítear margadh carbóin an Aontais le creat láidir de rialacha formhaoirseachta margaidh. Aicmítear idir spotphraghsanna agus díorthaigh um lamháltais astaíochtaí mar ionstraimí airgeadais faoin Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais (MiFID). Léirítear an t‑aicmiúchán sin sa reachtaíocht thánaisteach freisin, lena n‑áirítear an Rialachán maidir le Ceantáil, lena rialaítear an príomh‑mhargadh (ceantanna lamháltas). Tríd is tríd, tá an trádáil ar mhargadh carbóin an Aontais faoi réir an chórais rialála chéanna le margaí airgeadais an Aontais.
Comhroinntear an mhaoirseacht ar mhargadh carbóin an Aontais idir údaráis airgeadais gach ceann de na 27 mBallstát arna comhordú ag an rialtóir Eorpach, an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA). Déanann siad faireachán ar iompraíocht rannpháirtithe an mhargaidh trí cheanglais fhairsinge um thuairisciú agus trédhearcacht. Ina theannta sin, ceanglaítear ar rannpháirtithe sa mhargadh leis an Rialachán maidir le Drochúsáid Mhargaigh orduithe agus idirbhearta amhrasacha a thuairisciú ar an toirt. Ar a seal féin, tá sé de chumhacht ag na húdaráis náisiúnta freagairt a thabhairt le gníomhaíocht cheartaitheach nó le pionóis má shainaithníonn siad an drochúsáid mhargaidh.
Is le rialacha maoirseachta airgeadais a thugtar cosaint do shláine agus trédhearcacht mhargadh carbóin an Aontais. Tá an creat bunaithe tar éis oibriú go maith. Mar sin féin, agus praghas an charbóin ag dul i méid in 2021, tá líomhaintí déanta ag roinnt páirtithe leasmhara faoi ró‑amhantraíocht ar phraghsanna. Leis na hábhair imní sin a fhiosrú, d’iarr an Coimisiún ar ESMA anailís a dhéanamh ar iompraíocht na trádála ar mhargadh carbóin an Aontais.
Tar éis an réamh‑mheasúnaithe, d’fhoilsigh ESMA an tuarascáil chríochnaitheach maidir le lamháltais astaíochtaí agus díorthaigh ghaolmhara i mí an Mhárta 2022. Tá sí ar cheann de na measúnuithe is cuimsithí ar mhargadh carbóin an Aontais ó cuireadh tús leis in 2005, agus úsáideadh sonraí a bailíodh go díreach ó mhaoirseoirí an mhargaidh airgeadais. Moltar moltaí beartais ann freisin chun feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh. Is é príomhchonclúid na tuarascála go bhfeidhmíonn an margadh carbóin go cuí agus go bhfuil na gluaiseachtaí i bpraghsanna a fheictear i gcomhréir le bunphrionsabail an mhargaidh. Dheimhnigh An Banc Ceannais Eorpach an chonclúid sin go neamhspleách freisin, agus d’fhoilsigh sé a anailís i mí Aibreáin 2022.
5.1.Torthaí na tuarascála ESMA
Tháinig méadú ar an bpraghas carbóin i rith na bliana 2021 agus sa chéad leath de 2022. Deimhnítear le tuarascáil ESMA go bhfuil an éabhlóid sin agus an luaineacht atá bainteach léi i gcomhréir le bunphrionsabail an mhargaidh. Cé gurb iomaí tosca a fhéadann dul i bhfeidhm ar phraghas na lamháltas, aontaíonn ESMA leis an gcuid is mó de na hanailíseoirí faoi na príomhthosca ba chúis leis an méadú ar phraghsanna in 2021/22.
Is é sin, tá an t‑éileamh ar lamháltais tar éis méadú, ar dtús mar thoradh ar an téarnamh eacnamaíoch tar éis phaindéim COVID‑19, agus ansin de bharr an aistrithe ón ngás nádúrtha chuig breoslaí iontaise eile, arna spreagadh ag praghsanna gáis atá ag ardú. Thairis sin, meastar sa mhargadh cheana féin go nglacfar athchóirithe beartais faoin bpacáiste reachtach atá beartaithe chun an Comhaontú Glas don Eoraip a sholáthar, óna dtiocfaidh soláthar lamháltas níos gainne amach anseo, i measc éifeachtaí eile.
Sa ghearrthéarma freisin, d’fhreagair margadh carbóin an Aontais do thurraingí tobanna amhail paindéim COVID‑19 agus na héifeachtaí eacnamaíocha gaolmhara, chomh maith leis an gcogadh san Úcráin agus an ghéarchéim fuinnimh ghaolmhar.
Ní aimsítear aon aimhrialtacht mhór i dtuarascáil ESMA maidir le feidhmiú an mhargaidh ó thaobh na maoirseachta airgeadais de. Feidhmíonn an príomh‑mhargadh agus na margaí tánaisteacha um chonarthaí díorthacha araon mar atá beartaithe den chuid is mó. Is ar na margaí tánaisteacha trí bhíthin conarthaí díorthacha a dhéantar an chuid is mó den trádáil (90 % de na méideanna). Leis na conarthaí sin, cuirtear ar a gcumas do na heintitis chomhlíontachta agus na heintitis neamhairgeadais eile (eintitis tráchtála) a bpraghasriosca a fhálú.
Ní fhaightear fianaise sa tuarascáil seo ar amhantraíocht iomarcach ar phraghsanna le heintitis airgeadais a rachadh chun dochair na n‑eintiteas comhlíontachta. Fanann oibreoirí mar an chatagóir rannpháirtithe is iomadúla ar na príomh‑mhargaí agus na margaí tánaisteacha araon. Cé go bhfuil cistí infheistíochta agus eintitis airgeadais eile i láthair a d’fhéadfadh a bheith bainteach le hiompraíocht na hamhantraíochta, níor tháinig gach méadú beag ar a sciar ó bhí 2018 ann, agus fanann sé íseal ar an iomlán (faoi bhun 8 %). Níor thuairiscigh na húdaráis náisiúnta inniúla aon chás de dhrochúsáid mhargaidh ná den déileáil chos istigh ach an oiread.
Deimhnítear le tuarascáil ESMA an ról tábhachtach a fheidhmíonn an earnáil airgeadais i bhfeidhmiú an mhargaidh carbóin – leachtacht á soláthar agus eintitis chomhlíontachta á seirbhísiú chun lamháltais astaíochtaí a fháil. Bainistíonn oibreoirí CTA a gcuid oibleagáidí comhlíontachta den chuid is mó le conarthaí díorthacha a cheannach, go háirithe ‘todhchaíochtaí’. Tugtar an ceart leo sin dóibh chun lamháltais a sholáthar amach anseo ar phraghas réamhshainithe. Is eintitis airgeadais iad an chuid is mó de na contrapháirtithe sna trádálacha sin (gnólachtaí infheistíochta agus bainc). Is lena rannpháirtíocht sa mhargadh a thugtar roghanna eile d’oibreoirí CTA chun praghasrioscaí a bhainistiú agus chun caipiteal breise a shaoradh le haghaidh infheistíochtaí níos fadtéarmaí.
Feidhmíonn eintitis airgeadais ról tábhachtach chun lamháltais a scaipeadh ar rannpháirtithe eile sa mhargadh, go háirithe ar oibreoirí beaga agus meánmhéide CTA, a dhéanann trádáil ar mhargaí tánaisteacha. San iomlán, chonacthas do ESMA gur mhó an rannpháirtíocht sna margaí tánaisteacha i gcomparáid leis an rannpháirtíocht i gceantanna. Dheimhnigh ESMA freisin go raibh na rannpháirtithe is mó gníomhach i gceantanna agus ar mhargaí tánaisteacha araon ag díol lamháltas le rannpháirtithe eile. I gcás roinnt mhaith oibreoirí CTA, d’fhéadfadh sé a bheith níos áisiúla agus níos costéifeachtaí chun lamháltais a fháil le haghaidh comhlíontachta trí idirghabhálaithe den sórt sin, lena n‑áireofaí eintitis airgeadais.
5.1.1.Moltaí beartais ó ESMA
Beartaítear i dtuarascáil ESMA roinnt moltaí beartais chun feabhas a chur ar an bhfaireachán agus chun trédhearcacht mhargadh carbóin an Aontais a mhéadú. Tá machnamh cúramach á dhéanamh ag an gCoimisiún anois ar na moltaí sin chomh maith leis na gníomhaíochtaí spriocdhírithe agus na coigeartuithe a d’fhéadfadh a bheith de dhíth lena gcur chun feidhme.
Ina theannta sin, cuirtear i láthair sa tuarascáil dhá shaincheist don lucht ceaptha beartais le machnamh a dhéanamh orthu, gan aon mholadh a bheith déanta inti: tabhairt isteach na dteorainneacha suímh agus an fhaireacháin láraithe ar an margadh. Mar bheart leantach, molann ESMA mion‑mheasúnú breise le haon éifeacht dhiúltach a chosc.
Coinneoidh an Coimisiún air ag déanamh dlúthfhaireacháin ar fheidhmiú na margaí carbóin, measúnú ar mholtaí ESMA, agus ag obair go dlúth le húdaráis náisiúnta le sláine an mhargaidh a áirithiú.
6.Faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí
I gcéim 4 (2021‑30), tá feidhm leanúnach ag an gcreat bunaithe de cheanglais faireacháin, tuairiscithe, fíoraithe agus chreidiúnaithe de CTA an Aontais. Comhchuibhítear na ceanglais sin sa Rialachán maidir le Faireachán agus Tuairisciú (MRR) agus sa Rialachán maidir le Creidiúnú agus Fíorú (AVR).
Gach bliain, tuairiscíonn tíortha ar chur chun feidhme CTA an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 21 den Treoir maidir le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh. Tugtar léargais sna sonraí ar an gcreat faireacháin, tuairiscithe, fíoraithe agus creidiúnaithe atá mar bhonn taca faoi fheidhmiú éifeachtúil an chórais.
6.1.Faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí
Glactar cur chuige na mbloc tógála sa chóras chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí i CTA an Aontais. Tugtar leibhéal ard solúbthachta d’oibreoirí leis seo, rud lena n‑áirithítear costéifeachtúlacht agus iontaofacht na sonraí astaíochtaí araon. Féadann oibreoirí roinnt modhanna faireacháin a úsáid (‘bunaithe ar ríomh’ nó ‘bunaithe ar thomhas’ agus an ‘cur chuige cúltaca’ trí eisceacht), lena n‑áirítear meascán de mhodhanna le haghaidh codanna aonair de shuiteáil. I gcás oibreoirí aerárthaí, ní cheadaítear ach amháin cuir chuige atá bunaithe ar ríomh amháin, agus an t‑ídiú breosla mar an paraiméadar lárnach eitilte.
Ceanglaítear faoin Rialachán maidir le Faireachán agus Tuairisciú ar shuiteálacha agus oibreoirí araon plean faireacháin a bheith acu arna fhormheas ag an údarás náisiúnta inniúil is infheidhme. Cuirtear cosc orthu leis sin roghnú treallach a dhéanamh ar mhodhanna faireacháin agus ar athruithe ama.
In 2021, d’úsáid an chuid is mó de shuiteálacha modheolaíocht atá bunaithe ar ríomh lena n‑astaíochtaí a ríomh. Níor thuairiscigh ach 154 shuiteáil (1.8 %) in 22 thír gur úsáid siad córais tomhais astaíochtaí leanúnacha (CEMS), beagnach an méid suiteálacha céanna agus a bhí ann in 2020. Is sa Ghearmáin agus sa tSeicia is minice a úsáidtear CEMS. I 30 suiteáil, bhí CO2 bithghineach le fáil sna hastaíochtaí tomhaiste freisin. Úsáideann timpeall leath amháin de na suiteálacha CEMS an mhodheolaíocht le haghaidh níos mó ná 95 % dá n‑astaíochtaí, agus úsáideann an leath eile díobh meascán de CEMS agus modheolaíocht atá bunaithe ar ríomh.
Níor thuairiscigh ach 11 thír gur úsáid siad an cur chuige cúltaca; úsáideadh an méid sin le haghaidh 31 shuiteáil inar cumhdaíodh timpeall 2.5 milliún tona de choibhéis CO2(4 shuiteáil bhreise ná mar a bhí in 2020 ach 0.4 milliún tona níos lú de choibhéis CO2). Tá suiteáil amháin san Ísiltír freagrach as 52 % de na hastaíochtaí foriomlána a thuairiscítear le modheolaíocht an chúltaca.
Comhlíonann an chuid is mó de shuiteálacha réamhshocruithe leibhéil íosta an Rialacháin maidir le Faireachán agus Tuairisciú in 2021. Níor tuairiscíodh ach 98 suiteáil de chatagóir C (méadú ar an 80 in 2020) de bheith ag imeacht le haghaidh pharaiméadar amháin ar a laghad ón gceanglas na leibhéil is airde a chur i bhfeidhm le haghaidh fhloscanna bunaidh. Agus iad suite in 18 dtír dhifriúla, b’ionann iad agus 13.6 % de shuiteálacha ó chatagóir C. Ní cheadaítear na claontaí sin ach amháin nuair a léiríonn an t‑oibreoir nach féidir an leibhéal is airde a chomhlíonadh ar bhonn teicniúil nó nuair a thabhaíonn sé costais neamhréasúnta. Nuair nach mbeidh feidhm ag na coinníollacha sin a thuilleadh, ní mór don oibreoir feabhas a chur ar an gcóras faireacháin dá réir.
In 2021, ceadaíodh do 405 shuiteáil de chatagóir B in 23 thír chun oibriú le cineál claonta áirithe ó cheanglais réamhshocraithe den Rialachán maidir le Faireachán agus Tuairisciú. Is ionann sin agus 21 % de gach suiteáil i gcatagóir B, an sciar céanna agus a bhí ann in 2020.
6.2.Creidiúnú agus fíorú
Ní mór d’fhíoraitheoirí an fhaireacháin ar astaíochtaí i CTA an Aontais a bheith creidiúnaithe ag an gComhlacht Creidiúnúcháin Náisiúnta chun tabhairt faoi mheasúnuithe i gcomhréir leis an AVR. Áirithítear leis sin gur féidir leis na fíoraitheoirí feidhmiú le haitheantas frithpháirteach ar fud gach na dtíortha uile i CTA an Aontais, agus buntáiste iomlán á bhaint as an margadh inmheánach agus infhaighteacht leordhóthanach seirbhísí á háirithiú.
In 2021, bhí 106 fhíoraitheoir creidiúnaithe ann le haghaidh suiteálacha do‑aistrithe agus bhí 23 acu ann le haghaidh na heitlíochta. Ina theannta sin, thuairiscigh 26 thír go raibh fíoraitheoir eachtrach amháin ar a laghad gníomhach ar a gcríoch in 2021, agus thuairiscigh sé thír nach raibh ach fíoraitheoirí eachtracha acu. Léirítear leis sin go leanann aitheantas frithpháirteach ar fhíoraitheoirí i measc tíortha ar aghaidh ag feidhmiú go rathúil.
Suíodh go raibh leibhéal ard comhlíontachta ag fíoraitheoirí le AVR. Níor thuairiscigh ach an Iorua dhá fhionraíocht, agus níor thuairiscigh ach an Fhrainc tarraingt siar amháin de chreidiúnú fíoraitheora. Déantar comparáid idir an méid sin agus fionraíocht ar bith agus tarraingt siar amháin le haghaidh 2020. Laghdaigh sé thír raon feidhme creidiúnúcháin seachtar fíoraitheoirí. In 2020, ba í an Ghearmáin amháin a rinne amhlaidh, i gcás beirt fhíoraitheoirí.
Thuairiscigh sé thír go bhfuair siad gearáin faoi fhíoraitheoirí in 2021 (ceann amháin níos mó ná 2020). Ní raibh líon foriomlán na ngearán (28), áfach, ach 57 % de líon na ngearán in 2020. Bhí formhór na ngearán (93 %) réitithe cheana féin tráth an tuairiscithe (in aghaidh 86 % in 2020). Ina theannta sin, thuairiscigh aon tír amháin go raibh 11 ghearán a fuarthas ó bhlianta roimhe sin réitithe idir an dá linn.
In 2021, thuairiscigh ocht dtír gur shainaithin siad 64 neamh‑chomhréireacht maidir le ról na bhfíoraitheoirí i bpróiseas na malairte faisnéise idir comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta agus údaráis inniúla (méadú ar na 7 dtír in 2020). Díobh sin, réitíodh 72 % díobh tráth an tuairiscithe. Ina theannta sin, thuairiscigh trí thír go ndeachthas i ngleic le 24 neamh‑chomhréireacht ó bhlianta roimhe sin.
Tugtar forbhreathnú ar na gnéithe creidiúnaithe agus gnéithe a bhaineann le fíorú i dTábla 4.1 i bhFoscríbhinn 4 leis an doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an tuarascáil seo.
6.3.Údaráis inniúla
Tá eagrú údaráis náisiúnta inniúla i bhfeidhm CTA an Aontais a chur chun feidhme difriúil ó thír go tír. I roinnt tíortha, baineann roinnt údarás áitiúil leis; i dtíortha eile, tá cur chun feidhme níos láraithe. Roghnaíonn na tíortha na cuir chuige sin bunaithe ar éifeachtacht costais agus ama.
Tuairiscíodh go raibh 69 údarás inniúil lárnacha, 147 réigiúnacha, 644 áitiúla agus 27 údarás inniúil eile rannpháirteach i gcur chun feidhme CTA an Aontais in 2021. Thuairiscigh tíortha ag úsáid uirlisí difriúla chun comhordú a dhéanamh idir údaráis, amhail údarás inniúil lárnach freagrach as obair MRV (11 tír) nó ról comhordúcháin a imirt (10 dtír), treoracha agus treoraíocht cheangailteach ó údarás inniúil lárnach chuig údaráis áitiúla (5 thír), oiliúint chomhpháirteach le haghaidh údaráis inniúla (8 dtír) agus grúpaí oibre tráthrialta nó cruinnithe idir údaráis (11 tír). In 2021, ní raibh aon uirlis den sórt sin in úsáid ag 14 thír. Tá eagraíocht níos láraithe ag na tíortha sin agus dá bhrí sin níos theastaíonn an oiread uirlisí comhordúcháin uathu.
Tugtar forbhreathnú níos mionsonraithe ar an gcomhordú idir tíortha CTA an Aontais i dTábla 4.2 i bhFoscríbhinn 4 leis an doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an tuarascáil seo.
In 2021, níor ghearr 15 thír táillí riaracháin ar oibreoirí suiteála as pleananna faireacháin a cheadú agus a fhormheas (suas ó 13 thír in 2020). Níor íoc oibreoirí aerárthaigh in 18 dtír aon táille ach oiread (16 thís in 2020). Bhí difríocht shuntasach idir táillí i measc tíortha agus cineálacha seirbhísí – ó EUR 5 go EUR 7 729.20 ar chead agus formheas plean faireacháin le haghaidh suiteálacha, agus ó EUR 2.13 go EUR 3 100 le haghaidh oibreoirí aerárthaigh. Thuairiscigh 13 thír gur ghearr siad táillí riaracháin as pleananna um modheolaíocht faireacháin nó athruithe suntasacha a fhormheas, méideanna difriúla freisin.
Tugtar forbhreathnú mionsonraithe ar na táillí riaracháin i dtíortha CTA an Aontais i dTábla 4.3 i bhFoscríbhinn 4 leis an doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an tuarascáil seo.
6.4.Comhlíonadh agus forfheidhmiú
Seiceáiltear comhlíontacht le CTA an Aontais i dtimthriallacha bliantúla. Le haghaidh gach bliain oibriúcháin, ní mór d’oibreoirí tuarascáil astaíochta bhliantúil a sheoladh isteach faoin 31 Márta an bhliain dár gcionn. Nuair a fhíoraítear an tuarascáil, ní mór d’oibreoirí an líon comhaontaithe lamháltas a thabhairt suas faoin 30 Aibreán sa bhliain chéanna. Le haghaidh gach tona CO2 a astaítear nach raibh aon lamháltas tugtha suas ina leith in am trátha, forchuireann an Treoir ón Aontas maidir le Trádáil Astaíochtaí pionós EUR 100. Ní mór é sin a íoc anuas ar na lamháltais tugtha suas atá dlite. B’fhéidir go mbeadh feidhm ag pionóis eile maidir le sáruithe i gcur chun feidhme CTA an Aontais bunaithe ar fhorálacha náisiúnta a leagann gach tír amach.
I dtimthriall chomhlíontachta 2021, d’fhan an leibhéal comhlíontachta le CTA an Aontais an‑ard. Chomhlíon oibreoirí a bhí freagrach as os cionn 99 % d’astaíochtaí ó shuiteálacha ina stad agus ón eitlíocht a n‑oibleagáidí dlíthiúla in am i bhformhór blianta. Tháinig feabhas ar éifeachtúlacht an chórais chomhlíontachta le glacadh níos leithne ar thuairisciú leictreonach. In 2021, d’úsáid 11 tír córais TF uathoibrithe agus teimpléid leictreonacha le haghaidh na bpleananna faireacháin, tuarascálacha astaíochta, tuarascálacha fíoraithe agus/nó tuarascálacha feabhsúcháin. D’úsáid ocht dtír córais TF uathoibrithe freisin chun an sreabhadh oibre a bhainistiú le haghaidh na bpleananna modheolaíochta faireacháin, tuarascálacha um leibhéal gníomhaíochta bliantúil agus malartuithe faisnéise eile maidir le sonraí leithdháilte.
De bharr phaindéim COVID‑19 agus srianta lena mbaineann ar chonarthaí fisiciúla, cheadaigh 18 dtí d’fhíoraitheoirí cuairteanna suímh fíorúla a dhéanamh. Le haghaidh 460 suiteáil agus 64 oibreoir aerárthaigh, ceadaíodh cuairteanna suímh fíorúla ón údarás inniúil is infheidhme.
Déanann údaráis inniúla seiceálacha maidir le comhlíonadh difriúla ar thuarascálacha astaíochtaí bliantúla suiteálacha. In 2021, sheiceáil gach údarás inniúil iomláine na dtuarascálacha ó shuiteálacha ina stad, agus rinne siad amhlaidh le haghaidh tuarascálacha ó oibreoirí aerárthaigh. Is iad na heisceachtaí na húdaráis inniúla san Ungáir agus sa Laitvia (a bhfuil 3 agus 2 oibreoir aerárthaigh acu, faoi seach), chomh maith le Lichtinstéin, Tuaisceart Éireann, agus an tSlóivéin mar nach riarann siad aon oibreoir aerárthaigh.
Tugtar forbhreathnú mionsonraithe ar na seiceálacha maidir le comhlíonadh a dhéantar i dtíortha CTA an Aontais i dTábla 4.4 i bhFoscríbhinn 4 leis an doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an tuarascáil seo.
Rinne údaráis inniúla in 12 thír meastacháin choimeádacha le haghaidh 55 shuiteáil (timpeall 0.6 % de shuiteálacha foriomlána), laghdú arna 58 in 2020. Déantar meastacháin den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 70 de MRR murar seoladh isteach tuarascálacha astaíochtaí bliantúla in am, má eisíodh tuairim fhíoraithe bhliantúil, nó murar chomhlíon tuarascáil astaíochtaí le MRR. Tugadh meastachán coimeádach ar gach ceann de na 14 shuiteáil. Maidir le 17 suiteáil, níor chumhdaigh meastachán coimeádach ach cuid de na hastaíochtaí, agus measadh nár ghin 24 shuiteáil aon astaíochtaí.
San iomlán, measadh 0.8 Mt astaíochtaí go coimeádach (síos ó 3.3 Mt in 2020) as 5 Mt a thuairiscigh na 55 shuiteáil (laghdú ar 18 Mt in 2020). Go hiondúil, rinneadh meastacháin choimeádacha mar gheall nach raibh na tuarascálacha astaíochtaí go hiomlán i gcomhréir le ceanglais MRR nó mar gheall gur seoladh isteach iad tar éis an sprioc‑am.
Thuairiscigh sé thír meastacháin choimeádacha don eitlíocht (péire níos lú ná 2020) a bhaineann le 28 n‑oibreoir aerárthaigh (cúig níos mó ná 2020) agus 0.09 Mt astaíochtaí (0.14 Mt in 2020).
Tá seiceálacha údaráis inniúla fós tábhachtach chun obair fíoraitheoirí a fhorlíonadh. Anuas ar na tuarascálacha astaíochtaí a sheiceáil, thuairiscigh 16 thír go raibh iniúchtaí ar an láthair déanta acu ag suiteálacha. Níor thuairiscigh aon tír iniúchtaí ar an láthair don eitlíocht, d’ainneoin na 13 thír in 2020. Is féidir an laghdú sin, go háirithe le haghaidh eitlíochta, a chur i leith thionchar phaindéim COVID‑19. Níorbh fhéidir le húdaráis inniúla cuairt a thabhairt ar shuiteálacha ná ar oibreoirí aerárthaigh le linn roinnt mhaith den chéad leath de 2021.
Tugtar forbhreathnú ar bhearta comhlíontachta arna riar i dtíortha CTA an Aontais i dTábla 4.5 i bhFoscríbhinn 4 den doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an tuarascáil seo.
In 2021, fuair 29 oibreoir suiteála in ocht dtír pionóis as astaíochtaí iomarcacha. Le haghaidh eitlíochta, thuairiscigh ceithre thír pionóis astaíochta bhreise le haghaidh naoi oibreoir aerárthaigh. Thuairiscigh aon tír déaga 41 sárú seachas na hastaíochtaí iomarcacha, tar éis dóibh pionóis, rabhaidh fhoirmiúla, nó fógraí foirmiúla a eisiúint. Tuairiscíodh 30 fíneáil (arna n‑eisiúint nó atá le heisiúint e.g. de bharr imeachtaí dlíthiúla leanúnacha), arbh fhiú EUR 17.9 milliún ar an iomlán iad. Áirítear leis sin eitlíocht, le cúig shárú i gceithre thír, a raibh trí fhíneáil, arbh fhiú EUR 36 000 iad dá thoradh.
Tugtar forbhreathnú ar na pionóis mar gheall ar astaíochtaí iomarcacha arna riar i dtíortha CTA an Aontais i dTábla 4.6 i bhFoscríbhinn 4 leis an doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an tuarascáil seo.
Bhain na sáruithe ba choitianta a tuairiscíodh le haghaidh 2021 le hoibriú gan cead astaíochtaí, teipeadh chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí i gcomhréir leis an bplean faireacháin agus MRR formheasta agus teipeadh chun tuarascáil astaíochtaí a thuairisciú in am trátha. Le Céim 4 den CTA tugtar isteach sáruithe breise agus pionóis lena mbaineann: teipeadh chun fógra a thabhairt faoi scor nó teipeadh chun na doiciméid a cheanglaítear a sheoladh isteach le haghaidh na nósanna imeachta um leithdháileadh saor in aisce, amhail an plean um modheolaíocht faireacháin, teipeadh chun na ceanglais faireacháin leis an bplean sin a chomhlíonadh nó tuarascáil um leibhéal gníomhaíochta bliantúil a sheoladh isteach.
7.Nasc idir CTA an Aontais agus CTA na hEilvéise
Ó 2020, tá CTA an Aontais agus CTA na hEilvéise nasctha. Ciallaíonn sé sin gur féidir lamháltais arna n‑eisiúint i gcóras amháin a thabhairt suas le haghaidh astaíochtaí arna nginiúint i gceachtar den dá chóras. Le rochtain ar mhargadh níos mó, is féidir le hoibreoirí leas a bhaint as gnóthachain chostéifeachtúla agus níos mó roghanna le haghaidh laghdú astaíochtaí. Leagtar amach sa Chomhaontú Nasctha na coinníollacha agus na ceanglais faoina bhfuil an dá chóras nasctha. Bunaítear leis freisin sásra lena áirithiú go mbíonn meas ar na coinníollacha nasctha d’Airteagal 25 den Treoir maidir le Trádáil Astaíochtaí (EU CTA).
Ceanglas fíor‑riachtanach don Aontas a bhí ann chun eitlíocht a áireamh sa Chomhaontú Nasctha. Bunaithe ar Airteagal 6 den Chomhaontú, cuireann an Eilvéis i bhfeidhm an cur chuige céanna maidir le cumhdach, caidhp agus leithdháileadh is a chuirtear i bhfeidhm maidir le CTA an Aontais. Tá eitiltí intíre na hEilvéise agus eitiltí a fhágann aerfoirt LEE cumhdaithe ag CTA na hEilvéise, cé go dtagann na heitiltí a fhágann chuig an Eilvéis faoi CTA an Aontais. Coimircítear leis an socrú seo sláine comhshaoil an dá chóras.
Tá oibreoirí aerárthaigh a ritheann eitiltí sa dá threo idir an tAontas agus an Eilvéis faoi réir na n‑oibleagáidí comhlíontachta faoin dá chóras. Chun teorainn a chur leis an ualach riaracháin lena mbaineann, bunaítear sa Chomhaontú Nasctha réiteach ‘ilfhreastail’. Ciallaíonn sé sin gur gá d’oibreoirí déileáil leis an t‑aon údarás inniúil amháin maidir le leithdháileadh, cuntais choinneála agus comhlíontacht.
Déan comparáid i dTábla 7 agus Tábla 8 idir príomhfhigiúirí don dá chóras in 2021 – lamháltais ar ceant, leithdháileadh saor in aisce, agus astaíochtaí fíoraithe, le haghaidh suiteáil ina stad agus oibreoirí aerárthaigh araon. Léirítear iontu nach mbaineann inchomparáideacht an dá chórais le méid ach le ceanglais cháilíochtúla, coinníollacha cothroime iomaíochta agus bearta chun sláine an mhargaidh a choimirciú.
Tábla 7. Comparáid idir CTA an Aontais agus CTA na hEilvéise – suiteálacha ina stad in 2021.
Córas
|
CTA AE
|
CTA na hEilvéise
|
Lamháltais ghinearálta curtha ar ceant
|
582 952 500
|
175 000,
méid fágtha ó 2020
|
Leithdháileadh saor in aisce lamháltais ghinearálta
|
544 947 793
|
4 436 126
|
Astaíochtaí fíoraithe ó shuiteálacha do‑aistrithe
|
1 335 460 461
|
4 904 027
|
Tábla 8. Comparáid idir CTA an Aontais agus CTA na hEilvéise – oibreoirí aerárthaigh in 2021.
Córas
|
CTA AE
|
CTA na hEilvéise
|
Lamháltais eitlíochta ar ceant
|
3 785 500
|
160 850
|
Leithdháileadh saor in aisce lamháltais eitlíochta
|
Lamháltas Eitlíochta an Aontais Eorpaigh
le haghaidh CTA an Aontais
|
Lamháltais eitlíochta na hEilvéise
le haghaidh CTA na hEilvéise
|
Lamháltais eitlíochta na hEilvéise
le haghaidh CTA na hEilvéise
|
Lamháltas Eitlíochta an Aontais Eorpaigh
le haghaidh CTA an Aontais
|
|
24 060 563
|
380 246
|
496 960
|
397 327
|
Astaíochtaí fíoraithe ó oibreoirí aerárthaigh
|
CTA AE
|
CTA na hEilvéise
|
CTA na hEilvéise
|
CTA AE
|
|
27 699 555
|
274 931
|
328 191
|
434 349
|
Chun an Comhaontú Nasctha a oibríochtú agus gnóthachain éifeachtúlachta a chur chun cinn, cruthaíodh nasc díreach idir clárlanna an dá chórais. Ceadaíonn sé d’eintitis rialáilte lamháltais a aistriú ó chuntas i gcóras amháin chuig cuntas i gcóras eile. Tá na haistrithe pleanáilte, tarlaíonn siad go ginearálta dhá uair sa mhí.
Déantar breithniú i dTábla 9 agus Tábla 10 ar na héifeachtaí a bhaineann le CTA an Aontais agus CTA na hEilvéise a nascadh in 2021. Léirítear sna táblaí a mhéid a d’úsáid eintitis rialáilte sa dá chóras lamháltais a eisíodh sa chóras eile le haghaidh comhlíontachta.
Tábla 9. Aonaid arna n‑úsáid le haghaidh comhlíontachta i gClár an Aontais.
Suiteálacha
ina stad
|
Leithdháileadh saor in aisce
agus ceant
|
Astaíochtaí fíoraithe
|
Aonaid tugtha suas
|
Lamháltais CTA an Aontais
|
Lamháltais CTA na hEilvéise
|
|
|
|
|
Ginearálta
|
Eitlíocht
|
Ginearálta
|
Eitlíocht
|
|
1 128 900 293
|
1 335 460 461
|
1 332 192 792
|
1 323 252 959
|
8 480 001
|
396 422
|
63 410
|
|
% den iomlán
|
99.3 %
|
0.6 %
|
0.03 %
|
0.005 %
|
Oibreoirí
aerárthaí
|
Leithdháileadh saor in aisce (lena n‑áirítear CTA na hEilvéise) agus ceant
|
Astaíochtaí fíoraithe (lena n‑áirítear faoi
CTA na hEilvéise)
|
Aonaid tugtha suas
|
Lamháltais CTA an Aontais
|
Lamháltais CTA na hEilvéise
|
|
|
|
|
Ginearálta
|
Eitlíocht
|
Ginearálta
|
Eitlíocht
|
|
28 223 342
|
27 944 486
|
28 007 345
|
7 677 636
|
19 901 550
|
487
|
427 672
|
|
% den iomlán
|
27.4 %
|
71.1 %
|
0.002 %
|
1,5 %
|
Tábla 10. Aonaid arna n‑úsáid le haghaidh comhlíontachta i gClár na hEilvéise.
Suiteálacha
ina stad
|
Leithdháileadh saor in aisce
agus ceant
|
Astaíochtaí fíoraithe
|
Aonaid tugtha suas
|
Lamháltais CTA an Aontais
|
Lamháltais CTA na hEilvéise
|
|
|
|
|
Ginearálta
|
Eitlíocht
|
Ginearálta
|
Eitlíocht
|
|
4 611 126
|
4 904 027
|
4 858 105
|
398 715
|
0
|
4 433 068
|
26 322
|
|
% den iomlán
|
8.2 %
|
-
|
91.3 %
|
0,5 %
|
Oibreoirí
aerárthaí
(arna riar ag an Eilvéis)
|
Leithdháileadh saor in aisce (lena n‑áirítear CTA an Aontais) agus ceant
|
Astaíochtaí fíoraithe (lena n‑áirítear faoi
CTA an Aontais)
|
Aonaid tugtha suas
|
Lamháltais CTA an Aontais
|
Lamháltais CTA na hEilvéise
|
|
|
|
|
Ginearálta
|
Eitlíocht
|
Ginearálta
|
Eitlíocht
|
|
1 055 137
|
762 540
|
762 540
|
302
|
279 336
|
0
|
482 902
|
|
% den iomlán
|
0.04 %
|
36.6 %
|
-
|
63.3 %
|
Ar an iomlán, d’úsáid eintitis rialáilte san CTA an Aontais (suiteálacha ina stad agus oibreoirí aerárthaigh araon) 887 991 lamháltas arna n‑eisiúint faoi CTA na hEilvéise le haghaidh comhlíontachta in 2021. Sin beagnach 246 000 lamháltas níos mó ná 2020, a thugann le fios méadú níos mó ná 38 % in úsáid na solúbthachta a sholáthraíonn an nasc. Baineadh amach é sin trí oibreoirí aerárthaigh an Aontais a raibh níos lú lamháltais eitlíochta úsáidte acu arna n‑eisiúint faoi CTA na hEilvéise i dtéarmaí coibhneasta (1.5 % in 2021 i gcomparáid le 2.3 % in 2020).
I gcomhréir le forálacha rialála, d’fhéadfadh suiteálacha an Aontais lamháltais eitlíochta CTA na hEilvéise a úsáid le haghaidh comhlíontachta den chéad uair in 2021. Léirítear an fheasacht agus glacadh atá ag méadú maidir leis an nasc idir CTA an Aontais agus CTA na hEilvéise trí úsáid mhéadaithe a bhaint as lamháltais ghinearálta na hEilvéise ag suiteálacha ina stad, ó nialas go 396 422 aonad. I dtéarmaí coibhneasta, b’ionann lamháltais ghinearálta arna n‑eisiúint faoi CTA na hEilvéise agus níos lú ná 0.03 % den iomlán a tugadh suas san CTA an Aontais in 2021. Ach, ba sin ba chúis le sciar níos suntasaí 8.6 % de gach lamháltas ginearálta de chuid na hEilvéise arna leithdháileadh saor in aisce agus arna gceantáil an bhliain sin.
I CTA na hEilvéise, úsáideadh sciar chomhchosúil de lamháltais ghinearálta CTA an Aontais i suiteálacha ina stad in 2021 (8.2 %). I gcomparáid le 0.19 % in 2020, is méadú suntasach é sin. Arís, is féidir é a chur i leith fheasacht na solúbthachta a thairgeann na margaí carbóin nasctha atá ag fás. In 2021, d’fhéadfadh suiteálacha ina stad i CTA na hEilvéise lamháltais eitlíochta a úsáid freisin le haghaidh comhlíontachta. Ach, níor úsáid siad ach lamháltais eitlíochta arna n‑eisiúint sa chóras intíre.
Tugtar achoimre i dTábla 11 ar na méideanna comhiomlána lamháltas (lamháltais ghinearálta agus eitlíochta araon) arna n‑aistriú idir CTA an Aontais agus CTA na hEilvéise tríd an nasc díreach ó bhí 2020 ann. Léiríonn an iarmhéid eis‑sreabhadh 3 269 lamháltas ó CTA an Aontais chuig córas CTA na hEilvéise. Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, go bhféadfaí athaistrithe na lamháltas céanna a áireamh.
Tábla 11. Lamháltais aistrithe idir CTA an Aontais agus CTA na hEilvéise in 2020-21.
Bliain
|
2020
|
2021
|
Iomlán
|
Aistrithe lamháltas idir CTA an Aontais agus CTA na hEilvéise
|
Ó CTA an Aontais chuig CTA na hEilvéise
|
475 679
|
1 051 360
|
1 527 039
|
|
Ó CTA na hEilvéise chuig CTA an Aontais
|
0
|
1 523 770
|
1 523 770
|
Iarmhéid
|
3 269
|
8.CTA an Aontais i gcomhthéacs an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh
Feidhmíonn CTA an Aontais laistigh de chomhthéacs níos leithne bheartas fuinnimh an Aontais, lena n‑áirítear an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh. Tá sé mar aidhm leis an Treoir seo caomhnú fuinnimh a bhaint amach trí spriocanna agus oibleagáidí a leagan síos le haghaidh Ballstát agus cuideachtaí. Féadfaidh comhartha praghais carbóin CTA an Aontais idirghníomhú dá réir sin le bearta agus gníomhaíochtaí beartais arna gcur chun feidhme chuige sin.
In Airteagal 7 den Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh ceanglaítear ar Bhallstáit bearta beartais a thabhairt isteach chun caomhnú fuinnimh a bhaint amach i gcomhréir lena spriocanna táscacha náisiúnta. Thuairiscigh formhór Ballstát a mbearta beartaithe chun spriocanna caomhnaithe fuinnimh Airteagal 7 a bhaint amach don tréimhse oibleagáide 2021-30. Trí athmhúnlú na Treorach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh mar chuid den phacáiste beartais leis an gComhaontú Glas don Eoraip a sholáthar, mhol an Coimisiún spriocanna foriomlána um éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú chomh maith leis an sprioc oibleagáide um chaomhnú fuinnimh bliantúil. Tá an chaibidlíocht maidir leis an togra seo fós ag dul ar aghaidh.
Ina theannta sin, cuirtear chun cinn Airteagal 8 den Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh bearta um éifeachtúlacht fuinnimh atá costéifeachtach i gcuideachtaí móra, lena n‑áirítear roinnt suiteálacha a chumhdaíonn CTA an Aontais. Ceanglaítear orthu iniúchadh fuinnimh a dhéanamh gach 4 bliana nó córas bainistíochta fuinnimh nó comhshaoil deimhnithe a úsáid. Chuidigh na huirlisí sin chun caillteanais fuinnimh a shainaithint, bearta féideartha um chaomhnú fuinnimh agus costéifeachtacha a mheas chun ídiú fuinnimh a laghdú.
Cuireann comhartha praghais carbóin CTA an Aontais le breithmheas infheistíochtaí agus bearta a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh sna hearnálacha rialáilte. Úsáideann Ballstáit ioncaim ó cheant ó CTA an Aontais chun feabhsúcháin le héifeachtúlacht fuinnimh a mhaoiniú. In 2021, thuairiscigh 18 mBallstát gur úsáid siad an t‑ioncam sin chun tionscadail a bhain le héifeachtúlacht fuinnimh a mhaoiniú. Áiríodh anseo infheistíochtaí i nuachóiriú teirmeach foirgneamh (lena n‑áirítear tacaíocht do theaghlaigh ar ioncam níos ísle), comhairleoireacht um éifeachtúlacht fuinnimh, chomh maith le taighde agus forbairt, agus é mar chuspóir ídiú fuinnimh a laghdú. Ar an iomlán, caitheadh EUR 2.5 billiún d’ioncam CTA in 2021 ar infheistíochtaí a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh a mhaoiniú.
9.Conclúidí agus forléargas
In 2021, tháinig méadú ar an éileamh ar fhuinneamh, mar gheall ar an athshlánú de réir a chéile ó éifeachtaí phaindéim COVID‑19, agus tháinig méadú ar phraghsanna breoslaí iontaise ar mhargaí na hEorpa. Lean CTA an Aontais air ag feidhmiú i gceart agus ag seachadadh ar uaillmhian aeráide an Aontais.
Cé gur tháinig méadú ar astaíochtaí i CTA an Aontais in 2021, d’fhan siad faoi na leibhéil réamhphaindéime a chonacthas in 2019. Bhí an méadú nasctha leis an athshlánú eacnamaíoch de réir a chéile tar éis phaindéim COVID‑19. Tháinig méadú 6.6 % ar astaíochtaí ó shuiteálacha ina stad i gcomparáid le 2020 ach bhí siad fós 5.6 % níos ísle ná 2019. Tháinig méadú freisin ar astaíochtaí ó leictreachas agus giniúint teasa, arna dtiomáint ag an athrú ar aos ó úsáid gás nádúrtha go gual mar fhreagairt ar an ardú i bpraghsanna breosla iontaise. In 2021, bhí astaíochtaí ón eitlíocht timpeall 30 % níos airde ná 2020, ach bhí siad fós 50 % níos ísle ná 2019.
Mar sin féin, tháinig méadú ar an sciar astaíochtaí iontaise ó ghual crua i suiteálacha ina stad, cé gur tháinig titim ar na sciartha ligníte agus gáis nádúrtha araon mar gheall ar phraghsanna níos airde an gháis nádúrtha. Mar fhreagairt ar an ngéarchéim fuinnimh, chuir an Coimisiún chun cinn an plean REPowerEU. Déantar an cás chun luas a chur faoin aistriú chuig fuinneamh glan, agus forbairt ar athruithe leanúnacha na mbeartas aeráide agus fuinnimh lena mbaineann faoin bpacáiste chun Comhaontú Glas don Eoraip a sheachadadh.
Ardaíodh ceisteanna mar gheall ar an méadú ar an bpraghas carbóin maidir lena raibh tuairimíocht iomarcach ar mhargadh carbóin an Aontais. Chuaigh an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) faoi na buarthaí sin in anailís fhairsing ar an margadh agus a iompar, ag teacht ar chonclúid go bhfuil na praghsanna i réim agus go bhfuil siad i gcomhréir le prionsabail bhunúsacha an mhargaidh.
An tráth céanna, aistríodh praghas carbóin níos airde in 2021 ina ioncaim níos airde ar ceant do Bhallstáit – beagnach dhá oiread ioncam 2020. In 2021, chaith na Ballstáit EUR 19 mbilliún ar an meán d’ioncam ceantála ar ghníomhaíocht aeráide agus fuinnimh. D’úsáid Ballstáit na hacmhainní sin freisin chun éifeachtaí na géarchéime fuinnimh a mhaolú. Sa mheántéarma go fadtéarma, féadfaidh na hacmhainní seo tacú le hinfheistíocht i nglanaistriú fuinnimh, dá bhrí sin ag feabhsú éifeachtúlacht fuinnimh agus ag méadú úsáid fuinnimh inathnuaite, ag laghdú ní hamháin astaíochtaí ach freisin spleáchas Ballstát ar bhreoslaí iontaise agus a n‑allmhairí.
I gcomhthráth, tá athbhreithniú CTA an Aontais ar siúl, agus idirbheartaíocht idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ag leanúint ar aghaidh. Faoi 2030, meastar go mbainfear amach leis an gcóras, laghduithe astaíochtaí níos uaillmhianaí i gcomhréir le spriocanna aeráide an Aontais a leagtar amach sa Dlí Aeráide Eorpach.