EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022DC0131

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE EORPACH, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA, AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN Fáilte a chur rompu siúd atá ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin: An Eoraip a ullmhú go bhfreastalóidh sé ar na riachtanais

COM/2022/131 final

An Bhruiséil,23.3.2022

COM(2022) 131 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE EORPACH, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA, AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Fáilte a chur rompu siúd atá ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin: An Eoraip a ullmhú go bhfreastalóidh sé ar na riachtanais












Ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin, tháinig trí mhilliún go leith duine isteach san Aontas Eorpach laistigh de thréimhse ceithre seachtaine, ar mná agus leanaí iad den chuid is mó. Ní fhacthas a leithéid riamh roimhe seo ó thaobh scála agus luas an teachta isteach. Cé go bhfuil an tAontas fós ag obair gan staonadh chun tacú leo siúd atá thíos leis an tubaiste dhaonnúil san Úcráin, sa Teachtaireacht seo, dírítear ar ghníomhaíochtaí laistigh den Aontas chun tacú leo siúd atá ar a dteitheadh ón tír.

Fáilte an Aontais roimh na daoine atá ar a dteitheadh óna mbaile féin, is cuid lárnach í sin de fhreagairt chomhpháirteach na mBallstát ar an gcogadh 1 . Tá gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais ar aon dul leis an diongbháilteacht, leis an gcomhbhá agus leis an dlúthpháirtíocht atá á léiriú ag daoine ar fud an Aontais, chomh maith leis na hiarrachtaí ollmhóra atá á ndéanamh ag údaráis náisiúnta agus áitiúla, ag eagraíochtaí neamhrialtasacha, ag comhlachais chomhphobail agus ag gnólachtaí.

Faoi láthair, is éard a bhfuiltear ag díriú air freastal ar phríomhriachtanais ghlactha agus príomhriachtanais chosanta na ndaoine atá ag teacht, rud atá ceart. Tá an tAontas ag tabhairt tacaíocht leanúnach do na Ballstáit i dtaca le cúnamh a thabhairt ag an teorainn, i dtaca le glacadh agus i dtaca leis an gcosaint shibhialta. Leagtar amach sa Teachtaireacht seo dearcadh ar an gcaoi a leanfaidh an tAontas de bheith ag tacú le hobair na mBallstát le himeacht ama.

Is léiriú ar fháilte an Aontais é an Treoir um Chosaint Shealadach 2  a bheith curtha i ngníomh den chéad uair riamh, chun cúnamh tapa éifeachtach agus stádas soiléir dlíthiúil a chur ar fáil. Náisiúnaigh na hÚcráine agus a mbaill teaghlaigh, chomh maith le daoine a easáitíodh mar gheall ar an gcoinbhleacht ar san Úcráin a bhí cónaí orthu, 3 , tá na daoine sin i dteideal cosaint nach bhfacthas a leithéid riamh cheana ar fud an Aontais, lena náirítear rochtain ar chóiríocht, scoileanna, cúram sláinte agus poist. Leanfaidh an chosaint sin d’fheidhm a bheith aici de réir mar a bheidh ar níos mó daoine an Úcráin a fhágáil. Is é an dúshlán atá romhainn anois na cearta sin a chur i ngníomh go praiticiúil.

Iad siúd atá ag teacht isteach, tá a dteaghlaigh scartha óna chéile. Is ábhar imní ar leith é an líon mór leanaí atá ag teacht ón Úcráin, agus measann na Náisiúin Aontaithe go bhféadfadh sé gur leanaí iad leath na ndaoine atá ag teacht isteach. Bhain eachtraí uafáis do na leanaí sin, agus beidh cosaint, cúram agus tacaíocht shíceasóisialta ar leith ag teastáil uathu. Is mionaoisigh neamhthionlactha cuid mhór acu, nó mionaoisigh atá ag teacht isteach gan a dtuismitheoirí. Is den riachtanas go mothóidh siad go bhfuil siad slán sábháilte, go dtosóidh siad ag dul ar scoil ionas go mbeidh seasmhacht éigin le brath acu arís, agus go gcosnófar iad ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann go mbainfí mí‑úsáid astu agus go ndéanfaí gáinneáil orthu.

Chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán, beidh gá le cur chuige coiteann agus fíor-dhlúthpháirtíocht. Treoirlínte oibríochtúla nua 4  maidir leis an Treoir um Chosaint Shealadach, cuideoidh siad leis na daoine atá ag teacht isteach ionas go mbeidh leibhéal comhsheasmhach éifeachtach i ndáil le cearta acu, agus cuideoidh siad leis na Ballstáit dul i mbun na bhfreagrachtaí nua atá acu. Tabharfar na treoirlínte cothrom le dáta go rialta chun tacú leis na Ballstáit dul i ngleic le dúshláin ó lá go lá agus leis na staideanna nua a mbeidh rompu.

Tá Ardán Dlúthpháirtíochta faoi lán seoil anois chun comhar idir na Ballstáit a chomhordú, ag tosú le daoine a bheith á naistriú ón Moldóiv, tír a bhfuil brú urghnách uirthi. Déanfaidh an tArdán comhordú ar na tairiscintí dlúthpháirtíochta agus ar na riachtanais a shainaithneofar, lena náirítear an acmhainneacht ghlactha. 5 Áiritheoidh sé gur féidir áiseanna agus seirbhísí ar fud an Aontais a úsáid ar an mbealach is éifeachtaí is féidir, trí na huirlisí agus na hionstraimí ar fad ar leibhéal an Aontais a nascadh le chéile chun freagairt do riachtanais na mBallstát. Agus an méid sin á dhéanamh aige, tabharfaidh sé aird ar leith ar na cásanna is leochailí, go háirithe leanaí. Laistigh de sheachtain ó cuireadh an tArdán chun feidhme, gheall sé cinn de Bhallstáit agus an Iorua go nglacfaidís le daoine atá ar a dteitheadh ón Úcráin, daoine a bhí ag cur brú ollmhór ar acmhainneacht ghlactha na Moldóive. Ar mhaithe le cur chun feidhme gasta agus le torthaí a bhaint amach leis an Ardán Dlúthpháirtíochta, beidh rannpháirtíocht ghníomhach na bpáirtithe leasmhara, na mBallstát agus na ngníomhaireachtaí uile fíor-riachtanach. Beidh sonraí trédhearcacha agus cothrom le dáta 6 ó na Ballstáit ríthábhachtach chun comhordú éifeachtach a dhéanamh ar mhaithe le daoine a atreorú chuig Ballstáit a bhfuil acmhainneacht leordhóthanach acu.

I bhfianaise scála na riachtanas, rochtain a thabhairt ar na cearta a ghabhann le cosaint shealadach – cóiríocht, oideachas, cúram sláinte agus rochtain ar phoist –is rud é a bhfuil gach earnáil den tsochaí ag gabháil dó. Tá ról tábhachtach le himirt ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha, gnólachtaí, comhpháirtithe sóisialta, seirbhísí sláinte, sóisialta agus fostaíochta, seirbhísí cosanta leanaí, áiseanna cúraim leanaí agus scoileanna, maille leis an tsochaí shibhialta, eagraíochtaí faoi stiúir imirceach agus pobail an diaspóra. Tacófar leis an ngealltanas sin trí iarracht mhór nua a dhéanfar ar leibhéal an Aontais, agus tionchar an mhaoinithe atá ar fáil a uasmhéadú agus leas a bhaint as raon leathan líonraí saineolaithe.

Chun tacaíocht a thabhairt dá liacht sin duine nuathagtha san Eoraip, daoine atá ar a dteitheadh ón gcogadh in aghaidh na hÚcráine, tá gá le daonnacht agus le solúbthacht. Is dúshlán mór é maidir le heagrú agus comhordú éifeachtach ar thaobh an Aontais, agus le húdaráis na hÚcráine agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta. Tá dúshlán nach bhfacthas a leithéid roimhe seo le sárú ag an Aontas, agus is trí neart comhchoiteann a dhéanfaidh sé freagairt dóibh siúd a bhfuil cúnamh de dhíth orthu, i gcomhréir lenár luachanna agus leis an dóigh bheatha Eorpach.

Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:

·Leas a bhaint as líonraí ríthábhachtacha ar mhaithe le tacú leis na Ballstáit tríd an Ardán Dlúthpháirtíochta chun acmhainní agus saineolas a úsáid ar fud an Aontais ar an mbealach is fearr is féidir;

·Cabhrú leis na Ballstáit cistí AE a úsáid ar bhealach tapa solúbtha, ionas gur féidir maoiniú saincheaptha a chur ar fáil go mear chun tacú le hiarrachtaí na mBallstát, na bpríomheagraíochtaí agus na sochaí sibhialta na cearta a dheonaítear leis an gcosaint shealadach a bhaint amach;

·Struchtúir thiomnaithe a chur ar bun ionas gur féidir leis na Ballstáit ina dtagann daoine isteach den chéad uair agus na Ballstáit cinn scríbe araon, mar aon le soláthraithe seirbhíse tábhachtacha eile, na huirlisí is fearr atá ar fáil a úsáid chomh tapa agus is féidir.

I    TEARMANN SÁBHÁILTE A CHUR AR FÁIL SAN EORAIP

Cuireadh iallach ar mhuintir na hÚcráine a dtír a fhágáil i gcoinne a dtola mar gheall ar ionsaí na Rúise, agus beidh cuid mhór acu ag súil le filleadh abhaile ar deireadh. Tá éiginnteacht mhór ann fós maidir le cé chomh luath agus a bheidh sé sin indéanta. Dá bhrí sin, ní mór tacaíocht a thabhairt láithreach, ach ní mór a chur san áireamh ann freisingo bhféadfadh fanacht fada a bheith i gceist. Léirítear é sin i ndearadh na Treorach um Chosaint Shealadach, Treoir ina ndéantar foráil maidir le cosaint tosaigh ar feadh aon bhliana amháin, cosaint a d’fhéadfaí a athnuachan go huathoibríoch faoi dhó, go ceann 6 mhí gach uair. An tacaíocht a thugtar do na Ballstáit, is rud í lena bpósfar tacaíocht i ndáil leis na dúshláin atá ann faoi láthair a láimhseáil, agus tacaíocht i ndáil le haghaidh a thabhairt ar na riachtanais a mheastar a bheidh acu sa mheántéarma.

Cuireann an Plean Gníomhaíochta um Imeascadh agus Cuimsiú 2021-2027 7  creat láidir ar fáil chun an obair a threorú agus chun cabhrú le cothú na nasc idir daoine a easáitíodh ón Úcráin agus na pobail óstacha a fheicimid inniu. Leagann sé béim ar an tábhacht a bhaineann le raon leathan páirtithe leasmhara – lena náirítear na daoine nuathagtha iad féin, agus pobail an diaspóra – a chur san áireamh i ndearadh na ngníomhaíochtaí. Tá sé sin criticiúil le haghaidh cumarsáid, cumhachtú agus úinéireacht éifeachtach. Ina theannta sin, ranníocaíochtaí ó údaráis phoiblí, ó eagraíochtaí daonchairdiúla agus ón tsochaí shibhialta, tá an comhordú tábhachtach ionas go mbeidh an éifeacht is fearr is féidir ag an gcomhar idir na ranníocaíochtaí sin, agus údaráis na hÚcráine páirteach sa chomhar sin i gcásanna inar féidir. Thug an Coimisiún spreagadh chun gnímh do Erasmus+, don Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus do phobail chultúrtha lena gcuid gníomhaíochtaí a oiriúnú chun tacaíocht a thabhairt do na daoine atá ag teacht isteach.

Ba cheart cúnamh spriocdhírithe a thabhairt do dhaoine nuathagtha agus dá bpobail óstacha nua a luaithe is féidir. Is léiriú é sin ar an tacaíocht ollmhór atá ag teastáil agus atá á cur ar fáil cheana, ar an gcéad dul síos ag na comharsana atá ar leac an dorais ag an Úcráin, mar atá an Pholainn, an Rómáin, an Ungáir agus an tSlóvaic. Athróidh sé sin go tapa agus beidh béim ar chabhrú le daoine easáitithe socrú isteach. Cabhrú leis na daoine atá ag teacht isteach leibhéal neamhspleáchais airgeadais a bhaint amach, is é sin an bealach is fearr chun spleáchas ar thacaíocht sheachtrach a laghdú agus feabhas a chur ar an idirghníomhaíocht le pobail óstacha – ar ndóigh maidir le fostaíocht a fháil i gcomhréir lena scileanna agus lena gcáilíochtaí – agus a áirithiú go mbeidh rochtain acu ar thithíocht, oideachas, cúram sláinte, agus seirbhísí sóisialta eile. I gcás inar féidir sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh údaráis na hÚcráine fós in ann taifid agus faisnéis a chur ar fáil a chuideoidh leis na Ballstáit tacaíocht spriocdhírithe a thabhairt ar bhealach níos éifeachtaí, agus déanfar gach iarracht cabhrú leo siúd nach bhfuil doiciméid acu.

Príomhthoisc amháin chun cabhrú le daoine nua atá ag teacht isteach is ea faisnéis faoi na cearta a thugtar. Bhí anluach ag baint leis an bhfaisnéis a tugadh ag an teorainn cheana féin. Cruthaíodh an leathanach gréasáin ‘Tacaíocht do dhaoine atá ar a dteitheadh ón Úcráin’ 8 chun cabhrú leo na cearta atá acu san Aontas a thuiscint. Tá faisnéis ar an suíomh gréasáin faoin teorainn a thrasnú, faoi na cearta a bhíonn acu ar theacht isteach dóibh agus faoi thaisteal ar aghaidh. Leanfaidh an Coimisiún ar aghaidh ag obair le gníomhaireachtaí an Aontais, leis na Ballstáit, le gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe agus le comhpháirtithe eile chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis a theastaíonn ó dhaoine ar fáil dóibh, agus chun cur i gcoinne bréagaisnéis ar son na Rúise a ceapadh chun amhras agus éiginnteacht a scaipeadh.

Beidh sonraí cruinne ríthábhachtach freisin chun freagairt an Aontais a bhrú ar aghaidh – lena n‑áirítear sonraí faoi riachtanais, leochaileachtaí sonracha agus stádas sláinte, naisc teaghlaigh, aoisghrúpaí, agus scileanna na ndaoine atá ag teacht isteach, mar aon le sonraí faoi na cinn scríbe atá roghnaithe acu san Eoraip. Beidh sé fíor-riachtanach go gcomhroinnfidh na Ballstáit sonraí cruinne, inchomparáide agus cothrom le dáta le chéile ionas go mbeidh dlúthpháirtíocht éifeachtach ann i ngach réimse. Tá an Líonra AE um Ullmhacht agus um Bainistiú Géarchéimeanna i ndáil leis an Imirce ag comhroinnt sonraí luachmhara cheana féin, agus díreoidh sé ar shaincheisteanna sonracha amhail líon na mionaoiseach neamhthionlactha, daoine faoi mhíchumas nó acmhainneacht ghlactha atá oiriúnach do theaghlaigh. Tá an tArdán Dlúthpháirtíochta agus líonraí tábhachtacha eile faoi lán seoil cheana féin ionas go mbeidh an acmhainneacht ag teacht leis na riachtanais atá ann agus chun obair a dhéanamh maidir le saincheisteanna amhail bearnaí scileanna a shainaithint, bearnaí ar féidir leis na daoine nuathagtha a líonadh. Féachfar freisin ar bhealaí eile chun sonraí a bhailiú maidir le gluaiseachtaí daonra.

Mar chuid den chabhair atáthar a thabhairt do na daoine atá teacht ón Úcráin socrú isteach san Aontas Eorpach, tacófar leo bacainní cultúrtha agus teanga a shárú. Beidh an tacaíocht sin anndo dhaoine fásta agus do leanaí araon. Is féidir leis an Aontas cuidiú le tionscnaimh amhail tacaíocht d’ionaid fáiltithe, suíomhanna gréasáin ar a bhfuil treoraíocht phraiticiúil maidir le naisc a dhéanamh leis an bpobal áitiúil agus le seirbhísí poiblí, an Úcráinis a chur le huirlisí chun cabhrú le cuardaitheoirí poist, agus suíomhanna gréasáin ríomhfhoghlama Úcráinise a phoibliú. Táthar díreach tar éis an Úcráinis a chur le teangacha e-Translation, uirlis ríomhaistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh, uirlis atá ar fáil d’údaráis phoiblí náisiúnta chun tacú lena gcuid oibre 9 . Le maoiniú le haghaidh lánpháirtiú, is féidir foghlaim teanga a chur ar fáil láithreach do gach aoisghrúpa. Is féidir le hidirghabhálaithe cultúrtha agus ateangairí, lena náirítear ón diaspóra agus daoine atá ag teacht isteach iad féin, cabhrú le himeascadh idirchultúrtha.

Cuid den asamhlú sa ghnáthshaol dóibh siúd atá ag teacht ón Úcráin is ea rochtain ar chuntais bhainc san Aontas, ionas go mbeidh daoine in ann íocaíochtaí tacaíochta sóisialta nó tuarastail a fháil agus íocaíochtaí a dhéanamh. Tá an ceart ag daoine atá faoi chosaint shealadach cuntas bainc bunúsach a bheith acu 10 . Tá an Coimisiún i dteagmháil leis an tionscal baincéireachta chun a áirithiú go gcuirfear na cuntais sin chun feidhme, agus cuimseofar sin i bhfeachtais faisnéise. Moltar freisin sa treoraíocht maidir le cur chun feidhme na Treorach um Chosaint Shealadach go néascóidh na Ballstáit oscailt cuntas bainc fiú sula neiseofar cead cónaithe.

Tá sé beartaithe ag an Aontas ní hamháin fáilte a chur roimh dhaoine atá ar a dteitheadh ó chogadh ach a áirithiú go mbeidh siad sábháilte san Eoraip. Is mná, leanaí agus seandaoine iad formhór mór na ndaoine a bhí in ann teacht isteach san Aontas, agus is leanaí iad tuairim agus leath de na daoine atá tagtha. Tá sé fíor-riachtanach nach mbeadh contúirtí úra ag bagairt ar na daoine sin sa chás nua ina bhfuil siad. Chuir eagraíochtaí neamhrialtasacha agus daoine eile atá ag obair i réigiúin teorann i bhfios go láidir go bhfuil an baol ann go meallfaí daoine de bharr tairiscintí bréagacha cóiríochta nó iompair daoine, agus gur i ngreim ag gáinneálaithe a bheidís ansin. Tá baol ar leith ann i gcás leanaí, mionaoisigh neamhthionlactha agus dílleachtaí, agus tá sé ríthábhachtach iad a chlárú ar chéadtheacht isteach dóibh chun a áirithiú gur féidir sárleas an linbh a urramú ag gach céim. Ba cheart gach leanbh a bheith inrianaithe ón nóiméad a fhágann siad an Úcráin go dtí an nóiméad a shroichfidh siad a dtír cinn scríbe. Tá Europol ag tuairisciú go bhfuil gáinneálaithe ag díriú ar mhionaoisigh neamhthionlactha ag an teorainn, agus tá foláireamh tugtha aige do na Ballstáit chun gach cás amhrasach a thuairisciú. Ní mór na dlíthe agus na nósanna imeachta náisiúnta maidir le nósanna imeachta grinnfhiosrúcháin agus faireacháin ar theaghlaigh agus ar óstaigh eile a urramú go hiomlán, i gcomhréir le sárleas an linbh. Tá líonra na Rapóirtéirí Náisiúnta maidir le Gáinneáil ar Dhaoine lánpháirteach chun tacú le clárú éifeachtach eintiteas agus daoine a sholáthraíonn cóiríocht agus iompar. Bíonn rioscaí ar leith ann i gcás mná agus cailíní a bhíonn ar a dteitheadh ó choinbhleacht armtha, agus tá gá le bearta spriocdhírithe chun iad a chosaint 11 .

Is den riachtanas gur cearta bunúsacha is bunchloch d'fhreagairt an Aontais, gan beann ar náisiúntacht nó eitneacht na ndaoine atá ag teacht isteach. Le bearta uile an Aontais, tabharfar aird ar leith ar neamh‑idirdhealú agus ar leochaileachtaí sonracha grúpaí áirithe a bhfuil riosca níos mó ó thaobh idirdhealaithe ag baint leo, lena n‑áirítear Romaigh agus mionlaigh eile, agus an pobal LADTIA, ón gcéad theacht isteach go dtí glacadh agus lánpháirtiú.

2.    COSAINT SPEISIALTA DO LEANAÍ

Ó tharla gur leanaí iad leath díobh siúd a d’fhág an Úcráin mar gheall ar ionradh na Rúise, a áirithiú go dtugtar aire mhaith do na leanaí sin, is rud é a bhfuil rún daingean ag an Aontas tús áite a thabhairt dó. Beidh iarracht faoi leith ag teastáil chuige sin – ón gcéad nóiméad a dhéanfar iad a shainaithint agus a chlárú. Beidh gá le gach seirbhís phoiblí, chomh maith leis an tsochaí shibhialta, a bheith in ann freagairt agus a áirithiú go ndéanfar cearta agus sárleas an linbh a chosaint. Tá maoiniú ón Aontas ar fáil chun tacú le cuimsiú sóisialta, le cúram altramais agus le comhairleoireacht shíceasóisialta, agus chun oideachas a chur ar fáil freisin.

Gach leanbh atá ar a dteitheadh ón Úcráin, tá tráma an chogaidh agus iarmhairtí an chogaidh air. Ní mór rochtain thapa a ráthú do leanaí ar a gcearta, gan idirdhealú, lena náirítear an tacaíocht shíceasóisialta, an cúram sláinte agus an toideachas is gá (féach thíos) 12 . Ba cheart faisnéis a chur ar fáil do leanaí faoin gcás ina bhfuil siad, agus í curtha in oiriúint dá naois, agus is iad na daoine ba cheart a chur i mbun na oibre sin baill foirne atá oilte le bheith ag obair i réimse chosaint na leanaí. Tá gá le haird agus tacaíocht ar leith dóibh siúd a fágadh ina ndílleachtaí, nó atá neamhthionlactha nó scartha óna dteaghlaigh, agus tá foráil ar leith ag teastáil dóibh siúd a bhfuil riachtanais speisialta acu nó atá faoi mhíchumas.

Tá ról lárnach ag oifigí náisiúnta na mBallstát um leanaí agus um sheirbhísí cosanta leanaí chun a áirithiú go dtabharfar tacaíocht iomchuí do na leanaí ar fad atá ag teacht isteach ón Úcráin agus go gcosnófar iad. Is féidir le heagraíochtaí don óige agus oibrithe don óige ról lárnach a bheith acu freisin maidir le cabhair nithiúil agus tacaíocht shíceolaíoch a chur ar fáil do leanaí atá ag teacht ón Úcráin 13 . Ina theannta sin, d’fhéadfadh gníomhaíochtaí cultúrtha agus spóirt a bheith tábhachtach chun déileáil le tráma síceolaíochta agus chun lánpháirtiú a chothú. Tá tábhacht ar leith ag baint le línte soiléire freagrachta agus le pointí teagmhála atá dea-chomhordaithe.

Le Straitéis an Aontais maidir le Cearta an Linbh, cuirtear creat cuimsitheach gníomhaíochtaí ar fáil chun a áirithiú go gcuirfear riachtanais leanaí san áireamh go hiomlán. Faoin Ráthaíocht Eorpach do Leanaí 14 , tá Comhordaitheoirí náisiúnta anois ceaptha agus cuireadh pleananna gníomhaíochta náisiúnta i láthair an mhí seo arbh é an príomhfhócas a bhí iontu leanaí ar de chúlra imirceach iad, fiú roimh ionradh na Rúise ar an Úcráin. Beidh ról ar leith acu anois maidir leis an iarracht ar an leibhéal náisiúnta a spreagadh agus a chomhordú, oibriú i gcomhar le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, chomh maith le dea-chleachtas a mhalartú ar leibhéal an Aontais. Ina theannta sin, seolfar Líonra AE um Chearta an Linbh an 31 Márta, líonra ina dtabharfar ionadaithe náisiúnta, eagraíochtaí idirnáisiúnta, eagraíochtaí neamhrialtasacha, ombudóirí agus leanaí iad féin le chéile.

An dúshlán a bhaineann le déileáil le líon ollmhór daoine ag teacht isteach, ná coscadh sé orainn gach leanbh neamhthionlactha a chlárú. Ba cheart do na leanaí sin tacaíocht shábháilte iomlán a fháil agus ba cheart ionadaí ar sheirbhísí cosanta leanaí a bheith i láthair a luaithe is féidir. I gcás leanaí scartha (iad siúd atá ag teacht isteach le daoine fásta nach iad a ngnáthchúramóir iad), ba cheart do na húdaráis náisiúnta na doiciméid ábhartha a sheiceáil chun céannacht an linbh agus toiliú na dtuismitheoirí a dheimhniú. Ba cheart do chláir rianaithe teaghlaigh féachaint le mionaoisigh neamhthionlactha a athaontú le baill teaghlaigh in áiteanna eile san Aontas. B’fhéidir go dtógfadh sé sin am agus go mbeadh gá le haire bhreise i dtaca le réitigh fhadtéarmacha a shocrú do na leanaí sin. Oibreoidh an Coimisiún le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus leis na Ballstáit chun teaghlaigh atá scaipthe mar gheall ar an gcogadh a athaontú.

Maidir le leanaí ó institiúidí san Úcráin amhail dílleachtaí nó ionaid dídine eile, go háirithe iad siúd atá faoi mhíchumas, i bhfianaise a leochaileachta agus a gcuid riachtanas sonrach, ní mór iad a chur ar aghaidh láithreach chuig na húdaráis cosanta leanaí. Is minic gurb é a bheidh ag teacht le sárleas an linbh altramas sealadach nó cúram pobalbhunaithe eile, áit a mbeidh na coimircí is gá i bhfeidhm.

Moltar do na Ballstáit a bheith an‑airdeallach faoi leanaí atá i mbaol a ngáinneála nó a bhfuadaithe. Ba cheart an Uimhir Chabhrach uile-Aontais do leanaí atá ar iarraidh, 116000, a fhógairt go forleathan. A bhuí leis an gCóras Faisnéise Schengen athnuaite a thiocfaidh i bhfeidhm sna míonna atá romhainn, beifear in ann foláirimh a iontráil, ní hamháin maidir le leanaí atá ar iarraidh, ach foláirimh ‘choisctheacha’ freisin. Ba cheart an córas sin a úsáid ina iomláine.

Sa bhreis ar na treoirlínte ginearálta maidir le haistriú daoine atá faoi chosaint shealadach, tá Nósanna Imeachta Oibríochtúla Caighdeánacha tiomnaithe á n‑ullmhú ag an gCoimisiún i ndáil le mionaoisigh neamhthionlactha a aistriú. Tá siad sin á bhforbairt i gcomhar leis na Ballstáit agus le gníomhaireachtaí an Aontais agus na Náisiún Aontaithe, chun a áirithiú go dtabharfar tús áite do shárleas an linbh. Roinnfear na nósanna imeachta sin leis na húdaráis ábhartha go léir chun a áirithiú go mbeidh creat i bhfearas ionas go ndéanfar cás gach linbh neamhthionlactha agus gach linbh scartha a láimhseáil de réir na gcoimircí riachtanacha, gan beann ar an bpráinn a bhaineann leis an gcás. Tabharfaidh an tArdán Dlúthpháirtíochta tús áite d’aistrithe sábháilte mionaoiseach neamhthionlactha (féach thíos).

3.    ROCHTAIN AR OIDEACHAS

Cuid mhór mhaith den dream atá ar a dteitheadh ón Úcráin, is leanaí atá iontu, rud a fhágann go bhfuil dúshlán lóistíochta ollmhór le sárú ag córais oideachais, agus gur mór an fhreagracht shóisialta atá orthu. Leanaí a dhul ar ais chuig an oideachas luath‑óige go tapa nó a dhul ar ais ar scoil go tapa, is mór i gceist an méid sin maidir le seasmhacht a theacht sa saol arís, agus is cabhair a bheidh ann maidir le strus síceolaíoch a mhaolú. Is féidir glacadh leis gur ó theaghlaigh scartha a thiocfaidh formhór mór na leanaí sin, agus gurb iomaí leanbh díobh a bheidh neamhthionlactha. Scoileanna, institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna, agus saoráidí oideachais luath‑óige, is féidir leo cabhrú ionas go gcuirfear leanaí agus daoine óga easáitithe i dteagmháil le seirbhísí sóisialta agus sláinte, tacaíocht shíceasóisialta san áireamh, sin agus an muintearas a chothú. Tá na milliúin páistí ann a bhfuil ceart chun scolaíochta acu, rud a fhágann go bhfuil gá le méaduithe móra ó thaobh bonneagair agus líon foirne araon. Chuige sin, is é cur chuige Fhoireann na hEorpa a bheidh ag teastáil, cur chuige lena dtacófar leis na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal áitiúil trí chistí AE, agus lena mbainfear leas as an tacaíocht atá ann cheana.

Is dócha go mbeidh réigiúin áirithe thar a chéile ann ina mbeidh líon mór leanaí. Ar dtús, is sna tíortha a bhfuil teorainn acu leis an Úcráin a bheidh na leanaí sin den chuid is mó, agus tá cabhair de dhíth ar na Ballstáit sin láithreach, ach ní fada go dtiocfaidh grúpaí móra leanaí go ceann scríbe in áiteanna eile san Eoraip, agus beidh tacaíocht spriocdhírithe de dhíth ar na háiteanna céanna. Is é an phríomhthosaíocht atá ann áit a thabhairt do na leanaí sin ina mbraitheann siad go bhfuil siad sábháilte, áit inar féidir leo rochtain a fháil ar oideachas, agus ina dhiaidh sin rachfar i ngleic le bacainní teanga agus le tráma síceolaíoch. Lánpháirtiú díreach sa chóras oideachais áitiúil, agus ranganna glactha sealadacha ina ndéanfar réamhullmúchán um chomhtháthú sa ghnáthchóras oideachais, is nithe iad sin a mbeidh comhcheangail éagsúla díobh ag teastáil de réir na staideanna áitiúla éagsúla a bheidh i gceist. Tá sé tábhachtach teagmháil a dhéanamh le teaghlaigh ar theacht dóibh agus an fhaisnéis ar fad is gá a thabhairt do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí 15 . Beidh lear mór leanaí ann agus beidh tamall ann ó bhí oideachas foirmiúil á chur orthu go deireanach, mar sin beidh gá acu le cabhair ar leith ionas go dtiocfaidh siad aniar. Beidh daoine eile ann agus beidh riachtanais speisialta acu. Sa chás sin, is féidir go mbainfeadh leanaí anleas as moil oideachais neamhfhoirmiúla. Tá sé tábhachtach freisin rochtain a fháil ar ghníomhaíochtaí seachchuraclaim amhail gníomhaíochtaí spóirt agus cultúrtha, chomh maith le cúram síceasóisialta agus ranganna teanga. Tacaíocht bhreise a chur ar fáil, earcú múinteoirí a bhfuil Úcráinis acu san áireamh, chabhródh sé sin leis an lánpháirtiú agus le sárú bacainní teanga.

Tá na Ballstáit i mbun iniúchta féachaint cén tsolúbthacht is gá agus conas rialacha dlí agus riaracháin a oiriúnú go tapa chun rochtain ar chórais scoile a áirithiú agus múinteoirí breise a chur ar fáil – lena náirítear trí aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí oideachais a fuarthas san Úcráin. Cuid den iniúchadh sin is ea go ndéanfar machnamh ar bhacainní airgeadais a d’fhéadfadh teacht idir duine agus an toideachas. Ionas go mbeifear ullamh chun tús rianúil a chur leis an gcéad téarma scoile eile, is anois a chaithfear dul i mbun oibre, is é sin an acmhainneacht a mheas, múinteoirí a ullmhú, a shainaithint cé na freagraí a thabharfar ar riachtanais grúpaí ar leith, agus dul i ngleic le riachtanais oiliúna teanga nó riachtanais aistriúcháin. Timpeallacht chuimsitheach scoile ní áiritheofar gan na gnéithe sin a bheith i gceist. Cistí bheartas Comhtháthaithe an Aontais Eorpaigh, is rud iad lenar féidir cabhrú le maoiniú réimse leathan gníomhaíochtaí chun tacú leis an lánpháirtiú san oideachas. Ar na gníomhaíochtaí atá i gceist ansin tá cúrsaí teanga. Is rud é Erasmus+ lenar féidir tacú le baill foirne ionas gur féidir leo a bheith ag obair go sealadach in áit a bhfuil tréan daoine easáitithe, agus tacóidh an Coimisiún le hiarrachtaí chun teacht ar bhaill foirne oiriúnacha agus saineolas oiriúnach trí Ghníomhaireachtaí Náisiúnta Erasmus+ 16 . I gcás ina mbeidh institiúidí rannpháirteach cheana féin i dtionscadail chomhair Erasmus+, féadfar na tionscadail sin a chur in oiriúint do riachtanais nua, lena náirítear trí oibriú i ndlúthchomhar le cistí an Bheartais Chomhtháthaithe. Tabharfaidh an Coimisiún na Ballstáit le chéile ionas go gcothófar comhroinnt taithí agus sainaithint na nithe is gá chun go leanfaidh leanaí easáitithe dá gcuid oideachais. Tacóidh sé leis na Ballstáit tríd an saineolas atá ar fáil ar fud na hEorpa maidir le lánpháirtiú éifeachtach leanaí easáitithe i gcórais oideachais náisiúnta, an saineolas sin a chomhthiomsú, rud a dhéanfar trí ranganna glactha agus oideachas digiteach, agus trí ardoideachas, cuir i gcás. Eagróidh an Coimisiún piarfhoghlaim agus cuirfidh sé treoraíocht bheartais i dtoll a chéile maidir le lánpháirtiú leanaí agus déagóirí sa scolaíocht, san oiliúint bhreise nó sa staidéar breise.

Cé gur tosaíocht a bheidh ann cabhrú le leanaí teanga a dtíre óstaí a fhoghlaim ionas gur féidir leo dul isteach sa scolaíocht phríomhshrutha, caithfidh siad leanúint de bheith ag forbairt scileanna ina máthairtheanga freisin, ar feadh idirthréimhse ar a laghad, agus chuige sin beidh gá le hábhair scolaíochta in Úcráinis. I gcomhar le húdaráis na hÚcráine, tá Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh réidh chun leabhair scoile a phriontáil in Úcráinis le haghaidh daltaí atá san Aontas faoi láthair. Ina theannta sin, ábhar foghlama agus cúrsaí teanga ar féidir leis an gCoimisiún na cearta a fháil lena n‑aghaidh, féadfar iad sin a fhoilsiú go leictreonach ar an Tairseach um Oideachas Scoile, ardán poiblí a sholáthraíonn faisnéis agus ábhar forbartha gairmiúla saor in aisce do mhúinteoirí agus do pháirtithe leasmhara eile san oideachas. Beidh an Tairseach mar a bheadh ionad ilfhreastail ann ina bhféadfar naisc a fháil chuig ábhar oideachasúil ón Úcráin agus chuig ábhar oideachasúil in Úcráinis arna réiteach ag na Ballstáit. Beidh tionscnamh eile ann a oibreoidh i gcomhar le soláthraithe teicneolaíochta oideachais atá lonnaithe san Aontas, bunaithe ar obair a d’fhorbair rialtas na hÚcráine, na Ballstáit agus foinsí aitheanta eile, chun ábhar spriocdhírithe um oideachas digiteach a chur ar fáil ar ardáin áitiúla inscálaithe. Ionas go mbeidh leanaí in ann úsáid a bhaint as tairscintí oideachais dhigitigh, caithfidh rochtain a bheith acu ar threalamh: rud ab fhéidir a eagrú chuige sin is ea deonacháin gaireas nua, neamhúsáidte, agus athchóirithe ag saoránaigh, cuideachtaí agus institiúidí poiblí. Lárionaid dhigiteacha, moil áitiúla inar féidir le daoine feabhas a chur ar a gcuid scileanna digiteacha, is féidir leo sin cabhrú freisin trí rochtain ar oideachas agus foghlaim ar líne a chur ar fáil.

Beidh sé ríthábhachtach leas a bhaint as na cumais atá ag múinteoirí Úcráineacha atá i measc na ndaoine atá ag teacht isteach san Eoraip. Is féidir le pobal eTwinning cabhair a thabhairt trí ghrúpaí a chruthú i spás slán an ardáin chun tacú le múinteoirí atá ag tabhairt aghaidh ar an dúshlán a bhaineann le daltaí nuathagtha a lánpháirtiú agus dul i ngleic le comhthéacs an chogaidh sa seomra ranga. Chomh maith leis na múinteoirí Úcráineacha a bhfuil baint acu le eTwinning cheana féin, is féidir le múinteoir ar bith a d’fhág an tír agus a bhfuil naisc bunaithe aige le scoil páirt a ghlacadh ann.

Chomh maith le tacaíocht a thabhairt don oideachas bunscoile agus meánscoile, tá institiúidí ardoideachais i mbun machnaimh cheana féin maidir le conas fáilte a chur roimh mhic léinn agus baill foirne acadúla atá ar a dteitheadh ón Úcráin, agus iad a lánpháirtiú i saol a gcuid campas. Tá gá le solúbthacht chun rochtain ar chúrsaí a éascú agus chun deiseanna a chur ar fáil do mhic léinn atá faoi chosaint shealadach agus ar gá dóibh leanúint dá gcuid oideachais. Fágann sé sin go gcaithfear a mheas go tapa conas is féidir creidmheasanna agus cáilíochtaí ardoideachais a baineadh amach san Úcráin a aithint agus a chur san áireamh 17 . Solúbthacht atá i gclár cistiúcháin Erasmus+ agus sineirgí le cistí an Bheartais Chomhtháthaithe, sin dhá ní a úsáidfear chun tacú le hoideachas mac léinn agus le lánpháirtiú ball foirne institiúidí ardoideachais atá ar a dteitheadh ón gcogadh. Ina theannta sin, piarfhoghlaim i measc institiúidí ardoideachais sna Ballstáit agus i measc a mball foirne, déanfar sin a chur chun cinn le Erasmus+.

4.    ROCHTAIN AR CHÚRAM SLÁINTE

Cuid mhór de na daoine ar a dteitheadh ón gcogadh in aghaidh na hÚcráine, tá an tsláinte go lag acu. Táthar ann ina measc agus b’anacrach anróiteach a dturas anoir, agus táthar ann ina measc atá gortaithe, go fiú. Táthar ann agus fadhbanna sláinte orthu cheana féin, fadhbanna a éilíonn cóireáil leanúnach, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh mná torracha ann. Is iomaí duine díobh agus an méid a d’fhulaing sé le gairid, luífidh sé go trom ar a mheabhairshláinte. Tá riachtanais ar leith ag leanaí agus ba cheart tús áite a thabhairt don chúram síceasóisialta, don chothú, agus don chúram i leith riachtanais speisialta nó míchumas.

Sa Treoir um Chosaint Shealadach leagtar béim ar chearta na ndaoine sin atá faoi raon feidhme na treorach sin i leith cúram sóisialta agus leighis, cúram meabhairshláinte san áireamh. Molann an Coimisiún go gcuirfeadh na Ballstáit rochtain leathan ar shochair bhreoiteachta ar fáil, agus go ndéanfaidís na sochair sin a chomhcheangal le córas cúraim sláinte poiblí an Bhallstáit óstaigh. Is rud é sin a fhágann go mbeidh gá le faisnéis shoiléir do dhaoine atá ag teacht isteach maidir leis an nós imeachta agus na coinníollacha i ndáil le rochtain ar chúram sláinte. Tá gné láidir sláinte i roinnt tionscnamh AE um lánpháirtiú atá ann cheana féin 18 . Ag an am céanna, na cáilíochtaí atá ag oibrithe cúraim sláinte Úcráineacha, gairmithe meabhairshláinte san áireamh, fiosróidh an Coimisiún conas is féidir na cáilíochtaí sin a aithint ionas go mbeidh na hoibrithe céanna in ann a gcion féin a dhéanamh maidir le riachtanais nua a chomhlíonadh.

Is é an phríomhthosaíocht atá ann cóir leighis a chur orthu siúd a bhfuil géarghá acu le cóireáil agus cúram ospidéil speisialaithe, bíodh cúram éigeandála i gceist nó cóireáil um ghalair ainsealacha. Tá sásra dlúthpháirtíochta 19 um aistrithe leighis laistigh den Aontas curtha ar bun ag an gCoimisiún, sásra le haghaidh na mBallstát a bhfuil teorainn acu leis an Úcráin, áit a bhfuil brú ar leith ar na córais cúraim sláinte. Tá 10 000 ionad curtha ar fáil ag na Ballstáit cheana, agus ar na hionaid sin tá ionaid le haghaidh othair ailse agus othair dónna, bardaí péidiatraiceacha, agus leapacha do leanaí nua-bheirthe agus dá máithreacha. Ina theannta sin rinneadh vacsaíní, cógais agus trealamh leighis, otharcharranna san áireamh, a sheachadadh chuig na Ballstáit.

Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit leas iomlán a bhaint as na gnáth‑nósanna imeachta oibríochta nua maidir le haistrithe leighis a dhéanamh tríd an gCóras Luathrabhaidh agus Freagartha faoin sásra. Is rud iad na gnáth‑nósanna imeachta sin a cheadaíonn do na Ballstáit tacaíocht a iarraidh maidir le taifid sláinte na n‑othar a aistriú go héifeachtach agus go slán, sin agus cur síos a dhéanamh ar na príomh‑ghnéithe a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu – an bhail atá ar an othar, an gá atá le cóireáil, agus imthosca an teaghlaigh, cuir i gcás. An obair a dhéantar trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta (UCPM) chun tacú leis na Ballstáit, cuid lárnach di is ea soláthairtí leighis. Cé gurb é an Ballstát glactha a íocann as na costais a bhaineann le cóireáil a chur ar na hothair a thagann isteach agus cúram a thabhairt dóibh, is rud é UCPM lenar féidir tacú le haslonnuithe leighis agus le seachadadh soláthairtí leighis, agus iad a chómhaoiniú. Tá an méid sin i ndiaidh cabhrú leis na Ballstáit cógais, gnáth‑vacsaíní agus trealamh a dheonú ionas go bhfuil cabhair le fáil chun dul i ngleic le riachtanais phráinneacha leighis. Ionas go bhféadfar dlús a chur le haistrithe leighis othar, tá an Coimisiún, agus dlúth‑chomhordú ann idir é féin, na Ballstáit agus Oifig Réigiúnach na hEagraíochta Domhanda Sláinte don Eoraip, tá sé réidh chun tacú le mol triáise le haghaidh othar a chur ar bun ar an teorainn sna Ballstáit is mó atá buailte, rud a dhéanfar ar mhaithe le diagnóis tosaigh a dhéanamh, lena chinneadh cén phráinn atá i gceist, agus lena shainaithint cé na hospidéil a ndéanfar othair a tharchur chucu. Is rud é UCPM lenar féidir cabhrú leis na Ballstáit pearsanra leighis a imlonnú ar an láthair freisin.

Tá faireachán buan á dhéanamh ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) ar an staid sláinte, an riosca a bhaineann le galair thógálacha de bharr na staide daonnúla san áireamh. Tugann ECDC treoraíocht phraiticiúil maidir leis an tsláinte phoiblí maille le tacaíocht allamuigh do thíortha ina dtarlaíonn mórphlódú daoine easáitithe. Is rud é sin a bhraitheann ar na Ballstáit córais láidre faireachais a chur i bhfeidhm, 20 agus an tacaíocht is gá a iarraidh ar an láthair ionas go mbeidh cabhair ann le haghaidh dul i ngleic le ráigeanna de ghalair agus cur leis an vacsaíniú. Ina theannta sin, tá treoirlínte maidir le galair thógálacha a chosc agus a rialú eisithe ag ECDC, 21 rud a rinne sé ionas gur fearr an teolas a bheidh ag soláthraithe cúraim sláinte pobail maidir leis ngá atá leis na nithe seo a leanas a áirithiú – rochtain ar sheirbhísí clár vacsaínithe, leanúnachas na gclár sin, agus rochtain ar thacaíocht mheabhairshláinte agus tacaíocht shíceasóisialta.

An ráta cumhdaigh atá ag vacsaíní san Úcráin, is ráta íseal atá ann le hais an ráta atá ann san Aontas, go háirithe i gcás na heitinne, an phóilió, na bruitíní agus COVID‑19. Ba cheart gur tosaíocht a bheadh sa vacsaíniú caighdeánach do leanaí, agus chabhródh feachtais thiomnaithe vacsaínithe le gairmithe cúraim sláinte náisiúnta an méid sin a chur i bhfeidhm. Ag an bpointe seo, is iomaí duine atá ag fanacht in ionaid ghlactha nó i gcóiríocht chomhroinnte eile, agus d’fhéadfadh sé go mbeidís go mór i mbaol a n‑ionfhabhtaithe. Údarás an Choimisiúin um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte, tá sé ag tacú le fáil agus soláthar vacsaíní, agus é á chur san áireamh gurb éard a theastaíonn le haghaidh cosaint iomlán i gcás vacsaíniú leanaí go dtabharfaí roinnt dáileog dóibh thar thamall de mhíonna. Rud atá ríthábhachtach maidir le leathadh amach vacsaíní is ea iad a dhéanamh inrochtana go héasca ag gach duine a thagann isteach ón Úcráin, agus chuige sin caithfidh cumarsáid mhaith agus pleanáil mhaith a bheith ann i ngach limistéar ina bhfuil daoine ag fanacht ar bhonn níos buaine. An staid atá i gceist, is staid í as a dtiocfaidh méadú ar riachtanais fhoriomlána an Aontais ó thaobh cógas de, agus oibreoidh an tAontas agus na Ballstáit i gcomhar le chéile chun faireachán a dhéanamh ar shaincheisteanna soláthair agus chun dul i ngleic leo. Is féidir an méid sin a leathnú amach ionas go gcumhdófar soláthar vacsaíní agus cógas eile má chuireann na Ballstáit in iúl gur gá sin a dhéanamh.  

Rochtain éasca, thapa agus saor in aisce ar vacsaíniú in aghaidh COVID‑19 a bheith acu siúd nach bhfuil a gcéad chúrsa vacsaínithe curtha i gcrích acu fós agus acu siúd nach bhfuil a dteanndáileog faighte acu, sin rud atá ríthábhachtach. Tá sé thar a bheith tábhachtach sábháilteacht na ndaoine is leochailí a áirithiú. Na stoic de vacsaíní COVID‑19 atá san Aontas, is leor a bhfuil iontu chun freastal ar riachtanais na ndaoine atá ag teacht ón Úcráin. Molann an Coimisiún go gcuirfeadh na Ballstáit tástáil COVID‑19 ar fáil saor in aisce le linn an phróisis teachta isteach.

Gníomhaíochtaí spriocdhírithe maidir le meabhairshláinte agus tacaíocht tráma dóibh siúd atá ar a dteitheadh ón gcogadh, is rud iad na gníomhaíochtaí sin a threiseoidh an Coimisiún i gcomhar le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus leis an tsochaí shibhialta. Cuid den treisiú sin is ea go dtacófar le méadú ar an acmhainneacht atá imlonnaithe ar an láthair chun tacaíocht ghéarchéime mheabhairshláinte a chur ar fáil, sin agus le bunú líonra de ghairmithe meabhairshláinte a bhfuil Úcráinis acu san Aontas 22 . Beidh tionscnamh faoin gclár EU4Health ann lena ndéanfar an dea-chleachtas maidir le meabhairshláinte agus folláine meabhrach a bhailiú agus a chur chun feidhme, agus béim faoi leith ar an tráma atá ar dhaoine.

Tá líonra tiomnaithe curtha ar bun ag Ardán Beartais Sláinte an Aontais 23 chun faisnéis a roinnt agus chun comhordú a dhéanamh ar thionscnaimh nua maidir le hábhair imní a bhaineann leis an tsláinte phoiblí.

5.    ROCHTAIN AR PHOIST

Is gné lárnach de na cearta a thugtar dóibh siúd atá faoi chosaint shealadach AE acu é an ceart rochtana ar an margadh saothair. Ar mhaithe leis an teannas a chosc, ní mór na buntáistí frithpháirteacha iarbhír a bhaineann le rannpháirtíocht na ndaoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin sa mhargadh saothair a mhíniú agus a chur in iúl. D’fhéadfadh tionchar mór a bheith ag an bhfostaíocht luath ar shaol na ndaoine nuathagtha, rud a thabharfadh neamhspleáchas dóibh ó thaobh na heacnamaíochta de, sin agus lánpháirtiú sa phobal áitiúil, agus san am céanna laghdódh sé an tualach eacnamaíoch atá ar na pobail óstála. I ndearbhú comhpháirteach ó Airí Gnóthaí Sóisialta na hEastóine, na Laitvia, na Liotuáine, na Polainne, Phoblacht na Seice, na Rómáine agus na Slóvaice – roinnt de na tíortha is mó a bhfuil daoine nuathagtha á nóstáil iontu – cuireadh béim ar a thábhachtaí atá sé rochtain ar an margadh saothair a thairiscint. Sa dearbhú a rinne siad, 24 tá béim chomh maith ar an ngá atá le tacaíocht an Aontais.

Daoine a bhfuil cosaint shealadach acu, sonraítear sa Treoir um Chosaint Shealadach gur cheart iad a bheith in ann dul i mbun gníomhaíochtaí fostaithe nó féinfhostaithe, chomh maith le gairmoiliúint. Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh chun na forálacha sin a chur chun feidhme go práinneach, i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta. Is é is tábhachtaí na daoine lena mbaineann a chur ar an eolas faoina gcearta ionas gur féidir leo siúd atá ag teacht isteach tosú ag obair a thúisce is féidir.

Ina theannta sin, ba cheart iad a bheith in ann brath ar chóir chomhionann, ó thaobh pá agus coinníollacha oibre de. Molann an Coimisiún do na Ballstáit na cearta a thugann an Treoir um Chosaint Shealadach chun rochtain a fháil ar mhargadh saothair an Aontais a léirmhíniú ar an mbealach is leithne is féidir, gan eisceachtaí ar an tsaorghluaiseacht sa mhargadh inmheánach a chur i bhfeidhm ach amháin faoi chúinsí cuí‑réasúnaithe. An rochtain ar mhargadh saothair an Aontais, sin ceart atá ag dul do dhaoine atá faoi chosaint shealadach an Aontais. Spreagann an Coimisiún deonú na rochtana sin do dhaoine atá faoi chosaint an dlí náisiúnta freisin. D’éascódh sé sin neamhspleáchas airgeadais agus próiseas lánpháirtithe níos réidhe dóibh siúd uile a bhfuil cosaint de chineál éigin acu san Aontas.

Cabhair a thabhairt do dhaoine nuathagtha ionas go sealbhóidh siad na scileanna is gá chun páirt a ghlacadh i margadh saothair an Aontais, is cúram ríthábhachtach atá ansin ó thaobh an chistithe faoi Bheartas Comhtháthaithe an Aontais Eorpaigh, le haghaidh an chláir nua um Ghníomhaíocht Chomhtháthaithe do Dhídeanaithe san Eoraip (CARE), agus le haghaidh an Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht. D’fhéadfaí a áireamh leis sin cabhair chun ullmhú chun fostaíochta nó chun fiontraíochta, trí chúrsaí teanga, comhairleoireacht, oiliúint bhunúsach, nó tacaíocht ghnó, agus é a bheith de sholúbthacht ag na Ballstáit an tacaíocht a chur in oiriúint dá gcuid riachtanas féin. Is féidir scileanna teanga agus scileanna digiteacha bunúsacha a fhorbairt freisin trí úsáid na líonraí faoin gComhaontú um Scileanna chun údaráis réigiúnacha agus cathrach, eagraíochtaí oideachais agus eagraíochtaí neamhrialtasacha a bhfuil baint acu le tacaíocht a thabhairt do dhaoine a theith ón Úcráin a nascadh le chéile. Chuir an Coimisiún an Úcráinis le hUirlis an Aontais Eorpaigh um Phróifíliú Scileanna do náisiúnaigh tríú tír, chun cabhrú le cuardaitheoirí poist na hÚcráine agus leo siúd ar mian leo leanúint dá gcuid staidéir.

I bhfianaise líon mór na mban atá ar a dteitheadh ón gcogadh in aghaidh na hÚcráine, mná atá ina dtuismitheoirí aonair san Aontas Eorpach le fírinne, beidh rochtain acu ar chúram leanaí agus ar oideachas réamhscoile riachtanach chun go mbeidh siad in ann páirt a ghlacadh i margadh na bpost. Is féidir le cistí CARE tacú le seirbhísí agus leis an mbonneagar sa réimse seo.

Ní mór d’fhostóirí agus d’institiúidí oiliúna a bheith in ann scileanna na ndaoine a thagann ón Úcráin a thuiscint. Tá treoirlínte nua á bhforbairt ag an gCoimisiún chun aithint na gcáilíochtaí gairmiúla a fuarthas san Úcráin a éascú, agus leanfar den obair leis an bhFondúireacht Eorpach Oiliúna chun an Creat Eorpach um Cháilíochtaí agus creat náisiúnta cáilíochtaí na hÚcráine a chur i gcomparáid le chéile. Ina theannta sin, tá an Coimisiún ag féachaint ar na féidearthachtaí atá ann i dtaobh Dintiúir Dhigiteacha Eorpacha le haghaidh Foghlama chun dioplómaí a atheisiúint i bhformáid dhigiteach dóibh siúd nach bhfuil na doiciméid riachtanacha acu tar éis dóibh teitheadh ón gcogadh. Tá suíomh acmhainní á chur ar bun ag an bhForas Eorpach Oiliúna chun cabhrú le hÚcránaigh atá ag iarraidh cúnaimh le haitheantas a fháil dá gcuid cáilíochtaí, agus le daoine eile a dteastaíonn cabhair uathu chun ciall a bhaint astu.

I measc na gceart a thugtar faoin Treoir um Chosaint Shealadach, tá an ceart ar dheiseanna oideachais do dhaoine fásta agus ar ghairmoiliúint. Má bhíonn tacaíocht acu siúd a thagann ón Úcráin i sealbhú na scileanna nua, sin cabhair chun riachtanais mhargadh saothar an Aontais a chomhlíonadh, mar aon le bearnaí sna scileanna a laghdú. Tá 28 ngairm bheatha aitheanta ag an Údarás Eorpach Saothair 25 , ar 14 % de phoist an Aontais iad, gairmeacha beatha a bhfuil ganntanas daoine le lua leo. Is é Cedefop gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um ghairmoideachas agus um ghairmoiliúint, agus tá sé ag déanamh anailíse ar na milliúin folúntas ar fud na hEorpa féachaint cé na scileanna a bhfuil gá leo agus cá háit a bhfuil gá leo. Beidh ról lárnach ag seirbhísí poiblí fostaíochta i mbeartais ghníomhacha margaidh saothair chun úsáid a bhaint as scileanna na ndaoine nuathagtha, agus is iad a aimseoidh post oiriúnach dóibh ar an margadh saothair. D’iarr an Coimisiún ar na seirbhísí poiblí fostaíochta uile faisnéis a bhailiú faoi na bearta atá i bhfeidhm, agus déanfaidh sé obair leantach ar threoraíocht thiomnaithe maidir le lánpháirtiú oibrithe ón Úcráin i margadh na bpost, na ceantair thuaithe san áireamh. D’fhéadfaí tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí Úcránacha nuathionscanta ach scéim shonrach tacaíochta a chur ar fáil a bheadh bunaithe, sa chéad chéim, ar na huirlisí atá ar fáil faoi Erasmus le haghaidh Fiontraithe Óga. Is féidir leis an Líonra Fiontar Eorpach tacaíocht a thabhairt d’fhiontraithe nua a bhfuil gnólachtaí á seoladh acu.

San am céanna a bheidh sé ag mapáil na scileanna atá ag daoine nuathagtha ón Úcráin agus ag cuidiú iad a nascadh le seirbhísí fostaíochta, le poist atá ar fáil agus le fostóirí, seolfaidh an Coimisiún tionscnamh píolótach de chuid Linn Tallann an Aontais Eorpaigh. Cuirfidh an uirlis ghréasáin seo ar a gcumas do na hiarrthóirí a gcuid scileanna agus a gcuid infhaighteachta féin chun oibre a chur i láthair. Cuirfear san áireamh sa treoirthionscadal tionscnaimh rathúla atá ag dul ar aghaidh sna Ballstáit, sa Phortaingéil agus sa Rómáin, cuir i gcás. Déanfar é a fhorbairt i gcomhar leis na Ballstáit, maille le for-rochtain ar chomhpháirtithe pobail, sin agus ar na geallsealbhóirí ábhartha ar fad, agus beidh sé i riocht a úsáide faoin samhradh seo chugainn. D’fhéadfadh an t‑ardán cúnamh ar leith a thabhairt d’earnálacha tosaíochta, cuidiú le sainaithint na múinteoirí i gcomhair leanaí easáitithe nó cúrsaí teanga, cuir i gcás, agus na n‑ateangairí agus na ngairmithe cúraim chun tacú le príomhsheirbhísí le haghaidh daoine nuathagtha.

Oibreoidh an Coimisiún i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, agus déanfaidh sé a chion féin le daoine atá faoi chosaint agus an earnáil phríobháideach a chur ar an eolas faoi na cearta ann atá faoin gcosaint shealadach, sin agus faoi na cláir a chuirfear ar bun chun tairiscintí poist agus próifílí scileanna a mheaitseáil. I measc na bpríomhiolraitheoirí eile, tá an Líonra Eorpach um Lánpháirtiú agus an Chomhpháirtíocht Eorpach um Lánpháirtiú. Neartóidh an Coimisiún an Chomhpháirtíocht, agus cumhdóidh sé lánpháirtiú na ndaoine atá ar a dteitheadh ón Úcráin sa mhargadh saothair. D’fhéadfadh na líonraí sin go léir cabhrú le cláir mheantóireachta a fhorbairt in éineacht leis an tsochaí shibhialta, agus cur leis an gcomhar atá ann cheana le diaspóra na hÚcráine.

6.    ROCHTAIN AR CHÓIRÍOCHT AGUS AR THITHÍOCHT

Bhí dídean de dhíth láithreach bonn orthu siúd atá ar a dteitheadh ón Úcráin. Go leor dar tháinig i dtús ama, chuaigh siad caol díreach chuig a muintir féin nó chuig na cairde leo. Mar sin féin, tá méadú ar líon na ndaoine nach fios dóibh agus iad ag teitheadh cá háit a bhfuil a dtriall. Tugann an Treoir um Chosaint Shealadach an ceart ar chóiríocht oiriúnach, ag freagairt do riachtanais ar leith na ndaoine atá ag teacht isteach, nó ar bhealaí chun tithíocht a fháil. Seo a leanas tuilleadh den obair a dhéanann an tArdán Dlúthpháirtíochta: beidh an chóiríocht agus an tithíocht ar cheann de na príomhchinntithigh maidir leis an gcaoi ar féidir leis na Ballstáit cabhrú leis an iarracht fáilte a chur roimh dhaoine.

Chun freastal ar phríomhriachtanais na ndaoine sin atá ag teacht isteach, tá na mílte daoine príobháideacha ag cur tithíochta agus cúnaimh ar fáil cheana féin, rud a chuireann le hacmhainneacht ghlactha na mBallstát go hoifigiúil. Léiríonn an fhéile sin an cuspóir aontaithe agus an dlúthpháirtíocht atá léirithe ag an Eoraip ag tabhairt aghaidhe di ar ghéarchéim nach bhfacthas a leithéid le fada an lá. Tacóidh tionscnamh nua na ‘dtithe lóistín sábháilte’ le hEorpaigh a bhfuil a dtithe á gcur ar fáil acu trí ghlacadh leis na tionscnaimh atá déanta cheana féin ag roinnt Ballstát, ag gníomhaithe réigiúnacha agus áitiúla, tríd an úsáid is fearr is féidir a bhaint as cistí AE atá ann cheana chun na críche sin, agus trí mhaoiniú spriocdhírithe agus acmhainní ar líne a chur ar fáil de réir mar a thiocfaidh na riachtanais chun cinn. Tacóidh sé freisin le comhpháirtíochtaí nua nuálacha ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, agus bainfear leas as cláir urraíochta pobail.

Bainfear leas as an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, chomh maith le cistí an Bheartais Comhtháthaithe, chun córais ghlactha phoiblí a neartú. Na Ballstáit ar gá dóibh cur leis an acmhainneacht ghlactha chun dídean, soláthairtí agus seirbhísí a chur ar fáil, is féidir leo úsáid a bhaint as na rialacha atá beartaithe le haghaidh soláthar poiblí práinneach, faoi mar a tharla le linn ghéarchéim na himirce 2015-16.

Moltar do na Ballstáit comhordú a dhéanamh, tríd an Ardán Dlúthpháirtíochta, maidir le turais na ndaoine atá ag teitheadh ón gcogadh in aghaidh na hÚcráine a éascú trí naisc iompair a bhunú idir a bpríomhphointí teachta isteach, idirthurais agus cinn scríbe. Ba cheart an acmhainneacht ghlactha sna Ballstáit a chur san áireamh leis sin. Leis an gcomhordú sin, ba cheart go n‑áiritheofaí taisteal níos dínití do dhaoine go dtí a rogha cinn scríbe, go ndéanfaí an iarracht a roinnt ar bhealach níos fearr ar fud na hEorpa agus go mbeadh níos mó intuarthachta ann maidir leis an líon daoine a bheidh ag teacht isteach sna Ballstáit cinn scríbe agus sna Ballstáit idirthurais.

Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le réitigh tithíochta níos buaine go luath agus ní mór iad a chur san áireamh i mbeartais tithíochta níos leithne na mBallstát, agus aird á tabhairt ar riachtanais na ndaoine nuathagtha agus ar riachtanais na bpobal óstach ina bhfuil an tithíocht faoi bhrú mar atá. Cabhraíonn Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa le tithíocht shóisialta a chur ar fáil do theaghlaigh agus do dhaoine aonair sa phobal, agus is féidir leis an gCiste ceannach agus athchóiriú cóiríochta a chumhdach. Ina theannta sin, d’fhéadfaí foráil a dhéanamh i dtaobh cíos bunúsach ar chóiríocht. Is féidir le Ciste Sóisialta na hEorpa tacú le seirbhísí agus cóiríocht atá bunaithe ar an bpobal, go háirithe dóibh siúd a bhfuil riachtanais speisialta acu nó atá faoi mhíchumas, agus do leanaí agus daoine scothaosta.

7.    AN DLÚTHPHÁIRTÍOCHT I mBUN GNÍMH

Oiread sin daoine a bheith ar a dteitheadh ón gcogadh, le dithneas nach bhfacthas a leithéid riamh, oiread a bheith ag teacht isteach san Aontas Eorpach, is dúshlán é a bheidh le sárú ag an Aontas ina iomláine, anuas ar an éacht a rinne muintir na Polainne, na Rómáine, na hUngáire agus na Slóvaice a chéaduair. Tá na húdaráis phoiblí, an tsochaí shibhialta agus daoine aonair thar a bheith tiomanta don chabhrú leo siúd atá i lúba an ghátair.

Áiritheoidh an tAontas go bhfaighidh na Ballstáit an tacaíocht atá de dhíth orthu. Trí bhíthin an Lárionaid Chomhordúcháin Práinnfhreagartha, d’oibrigh an Coimisiún 24/7 chun cúnamh a shlógadh agus tá gníomhaireachtaí an Aontais ag cur dlús lena n‑imscaradh i gcomhréir le hiarratais na mBallstát. Tá os cionn 250 ball foirne imscartha ag Frontex faoi láthair, agus is ag ardú a bheidh a líon de réir a chéile. Tá Gníomhaireacht Tearmainn an Aontais Eorpaigh ag freagairt d’iarrataí ar thacaíocht ó na Ballstáit, agus tá Europol ag cur lena rannpháirtíocht.

Tá an tArdán Dlúthpháirtíochta, ina dtugtar le chéile na Ballstáit, an Coimisiún agus gníomhaireachtaí an Aontais, ag bailiú agus ag scrúdú na riachtanas a shainaithníonn na Ballstáit, agus tá sé ag comhordú na hoibre leantaí oibríochtúla. Trí fhaisnéis a mhalartú go rialta, cuirfidh an tArdán forléargas cuimsitheach ar fáil maidir le hacmhainneacht ghlactha sna Ballstáit. Déanfaidh sé tairiscintí na ndaoine sin atá in ann cabhair a thabhairt a mheaitseáil leo siúd a bhfuil tacaíocht de dhíth orthu, agus cuideoidh sé aistrithe a eagrú ó na Ballstáit is mó atá faoi bhrú chucu siúd a bhfuil an acmhainneacht ghlactha oiriúnach acu. Oibreoidh sé go dlúth le socruithe comhtháite na Comhairle maidir le freagairt pholaitiúil ar ghéarchéimeanna, agus le Líonra an Treoirphlean AE um Ullmhacht agus um Bainistiú Géarchéimeanna i ndáil leis an Imirce chun riachtanais, acmhainní agus gníomhaíochtaí a mhapáil. Tá aird ar leith á tabhairt aige ar riachtanais na ndaoine is leochailí, go háirithe na leanaí.

26 Tá an earnáil phríobháideach ag déanamh a cion féin chomh maith. Tá an Coimisiún ag féachaint ar conas a d’fhéadfaí tabhartais chomhchineáil ó chuideachtaí príobháideacha a chur leis an iarracht choiteann. Tá oibreoirí iompair go leor ann a thug tacaíocht gan an dara smaoineamh a dhéanamh dóibh siúd atá ar a dteitheadh, mar shampla trí thraenacha daonnúla a eagrú agus ticéid a chur ar fáil saor in aisce, agus trí chabhair dhaonnúil a thabhairt don Úcráin. Déanfaidh an Coimisiún comhordú le hoibreoirí na hearnála príobháidí chun na hiarrachtaí sin a éascú agus a leathnú. Mar chuid den treoir oibríochtúil, molann an Coimisiún nach ndéanfadh na Ballstáit pionóis airgeadais a fhorchur ar iompróirí a iompraíonn daoine atá faoi chosaint shealadach gan doiciméid bhailí taistil a bheith acu.

Ina theannta sin, ní faoin Aontas Eorpach amháin atá sé cúram a dhéanamh do theitheadh na milliún ón gcogadh in aghaidh na hÚcráine. Tá comhpháirtithe an Aontais ar fud an domhain ag cáineadh ionsaí na Rúise, agus tharlódh gur mhaith leo siúd cuidiú le daoine a bhfuil a dteallach ar lár agus a slí bheatha millte orthu. Is féidir leis an Ardán Dlúthpháirtíochta cabhrú trí bhíthin ardán comhair tiomnaithe do thríú tíortha chun bealaí a réiteach do dhaoine a easáitíodh mar thoradh ar an gcoimhlint, go háirithe na tíortha siúd a bhfuil pobail mhóra Úcránacha (Ceanada nó an Ríocht Aontaithe mar shampla) iontu cheana.

Tá tacaíocht ann fós chomh maith le náisiúnaigh tríú tír a gabhadh sa chogadh san Úcráin a aisdúichiú, lena n‑áirítear trí fhor-rochtain a dhéanamh ar na tíortha tionscnaimh. Tá sé socraithe ag a lán tríú tíortha go ndéanfar a gcuid saoránach a aisdúichiú go díreach, sin nó le cúnamh ón Aontas.  Thacaigh Frontex leis na chéad eitiltí daonnúla um fhilleadh deonach ón bPolainn go dtí an Táidsíceastáin agus an Chirgeastáin, agus tá eitiltí breise um fhilleadh deonach daonnúil ar na bacáin. Tá an Coimisiún ag obair leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce ar shaoráid chun tacú le tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir mar an Mholdóiv, chun náisiúnaigh tríú tíortha atá ar a dteitheadh ón gcogadh a aisdúichiú.

8.    RÉITIGH THAPA SHOLÚBTHA CHUN AN DLÚTHPHÁIRTÍOCHT A MHAOINIÚ

Tá beart déanta ag an gCoimisiún láithreach bonn chun cuidiú le tacaíocht airgeadais a shlógadh do na Ballstáit atá ina n‑óstach do na daoine atá ar a dteitheadh ón gcogadh in aghaidh na hÚcráine. Cuireann sé sin leis an raon leathan cúnaimh atá ar fáil cheana faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta, faoin mBeartas Comhtháthaithe agus faoi na cistí um Ghnóthaí Baile. Ar a n‑áirítear leis sin, tá infheistíocht i mbonneagar, i dtrealamh agus i seirbhísí oideachais, fostaíochta, tithíochta, sláinte, sóisialta agus cúraim leanaí. Foinse eile cúnaimh phras is ea an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí.  

Faoin togra maidir le Gníomhaíocht Chomhtháthaithe do Dhídeanaithe san Eoraip (CARE) 27 , togra atá le glacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle sna laethanta atá romhainn, tá éascú ar úsáid sholúbtha an chistithe atá fós ar fáil ó chláir 2014-20. Thar aon ní eile, fágfaidh sé gur féidir úsáid níos solúbtha agus níos idirmhalartaí a bhaint as Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus as Ciste Sóisialta na hEorpa. An caiteachas uile a bhaineann leo siúd atá ag teitheadh ón gcogadh, is caiteachas é a bheidh incháilithe go siarghabhálach go hionradh na Rúise ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022. Ar an gcaoi sin, beifear in ann leas a bhaint as maoiniú láithreach bonn, gan fanacht go ndéanfar na cláir a mhodhnú. Cuirtear bliain leis an ráta cómhaoinithe eisceachtúil 100 % a chuirtear i bhfeidhm mar fhreagairt ar an bpaindéim, rud a laghdóidh an tualach ar bhuiséid náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla trí chistí a scaoileadh chun freastal ar riachtanais oibríochtúla. Ba cheart go gcuideodh na solúbthachtaí sin freisin le tacú leis an iliomad eagraíochtaí neamhrialtasacha atá chomh tábhachtach sin faoi láthair maidir le daoine nuathagtha a ghlacadh sna Ballstáit agus maidir leis na seirbhísí riachtanacha atá de dhíth orthu a thairiscint.

Le leasuithe le haghaidh na gcistí Gnóthaí Baile bainfear an bac den rochtain ar mhéideanna nár caitheadh a cuireadh i leataobh roimhe seo chun críoch sonrach faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht in 2014-20, rud a thabharfaidh solúbthacht do na Ballstáit na hacmhainní sin a úsáid chun freastal ar na riachtanais nua 28 . 

Lena chois sin, is féidir cistiú atá ar fáil faoi REACT‑EU a úsáid, go háirithe sciar 2022 dar luach suas go € 10 mbilliún, ar choinníoll a bheith i gcomhréir leis an gcuspóir an téarnamh a áirithiú tar éis na paindéime. Chun tacú leis na Ballstáit, agus go háirithe leo siúd is gaire do theorainn an Aontais leis an Úcráin, cuirfear íocaíochtaí réamh‑mhaoinithe € 3.4 billiún ar fáil faoi REACT‑EU chun rochtain ar chistí a bhrostú.

Tá maoiniú mór ar fáil freisin faoin gcreat airgeadais comhaontaithe 2021-2027 ó chistí na nGnóthaí Baile agus an Bheartais Comhtháthaithe araon. Féadfaidh na Ballstáit tús a chur le tionscadail incháilithe anois mar go bhfuil an caiteachas incháilithe le haghaidh aisíocaíochta ón 1 Eanáir 2021.

Leis an méadú ar an tsolúbthacht maidir le húsáid na gcistí atá ar fáil ó na tréimhsí buiséid a bhí ann, agus atá ann faoi láthair, tá roghanna éagsúla maoinithe ag na Ballstáit chun tacú leo siúd atá ar a dteitheadh ón gcogadh in aghaidh na hÚcráine. Iarrtar ar na Ballstáit agus ar na réigiúin úsáid a bhaint as na roghanna seo, dlús a chur le clárú na gcistí uile agus bearta a chur san áireamh a thacóidh leo siúd atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin.

Chun cabhrú leis na Ballstáit agus leis na réigiúin sa mhéid sin, tá ionad ilfhreastail á chur ar bun chun saineolaithe ábhartha uile an Choimisiúin a thabhairt le chéile chun teagmháil a dhéanamh lena bpiaraí ábhartha uile sna Ballstáit chun treoraíocht chuimsitheach agus tacaíocht shainithe a chur ar fáil maidir le conas an leas is fearr is féidir a bhaint as cistiú an Aontais. Cuirfidh an t‑ionad saineolas ar fáil chun freagra a thabhairt ar cheisteanna sonracha na mBallstát i bhfíor-am. Tá foirne ar an láthair á seoladh chuig na Ballstáit freisin chun treoir agus tacaíocht a chur ar fáil ar láthair na háite.

Cuireann an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (TSI) tacaíocht shaincheaptha ar fáil chun cuidiú leis na Ballstáit acmhainneacht institiúideach a fhorbairt, agus is féidir leas a bhaint aisti freisin chun cabhrú leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na cúinsí nua. Tá glao ar leith seolta ag an gCoimisiún 29 mar fhreagairt ar na riachtanais atá ag teacht chun cinn sna Ballstáit i gcomhthéacs an chogaidh. Beidh siad in ann tacaíocht theicniúil a iarraidh faoin tionscadal suaitheanta TSI maidir le lánpháirtiú na nimirceach chun cabhrú leo rochtain thapa a sholáthar ar sheirbhísí ríthábhachtacha amhail an tithíocht, an toideachas, agus an fhostaíocht, sin agus le cistí AE a ionsú. Gníomhaíochtaí faoi thionscadail atá ar siúl faoi láthair maidir le himircigh a lánpháirtiú agus maidir leis an Ráthaíocht do Leanaí, is gníomhaíochtaí iad is féidir a chur in oiriúint go tapa do na riachtanais nua atá ag eascairt as an gcogadh san Úcráin. Tá pleananna ag seacht mBallstát cheana féin chun feabhas a chur ar an tacaíocht a thugtar d’imircigh, tacaíocht maidir le haitheantas na scileanna agus leis an bhfostaíocht san áireamh, agus is féidir na pleananna sin a chur in oiriúint chun freastal ar na riachtanais nua. Ina theannta sin, is féidir leis na Ballstáit bearta speisialta a iarraidh chun tacaíocht theicniúil a shlógadh go tapa.

9.    CONCLÚID

An fáilte a cuireadh roimh na milliúin tar éis ionsaí na Rúise ar an Úcráin, is rud í a léirigh dlúthpháirtíocht, comhordú agus comhthacaíocht nach bhfacthas a leithéid roimhe ón Aontas Eorpach, agus beidh an fhreagairt sin fós ag teastáil. Léirítear sa Teachtaireacht seo an chaoi a bhfuil an Coimisiún ag baint leas as gach uirlis atá ar fáil – ó thaobh comhordaithe, eagraithe agus maoinithe de – chun tacú leis an obair atá ar bun faoi láthair sna Ballstáit.

Bíonn teagmháil laethúil ag an gCoimisiún leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara amhail an pobal gnó, na heagraíochtaí neamhrialtasacha, agus gníomhaithe na sochaí sibhialta. Tá freagraí tapa ag teastáil ó na Ballstáit maidir le conas freagairt do na dúshláin nua atá rompu agus na freagrachtaí nua atá orthu faoin Treoir um Chosaint Shealadach.

Tá an stór acmhainní, an t‑eolas agus an saineolas ag an Aontas agus na Ballstáit leis na dúshláin atá romhainn a shárú. Tá na líonraí agus na próisis i bhfeidhm againn chomh maith leis an diongbháilteacht is gá lena gcur i gcrích. Ní mór an méid sin a tharraingt le chéile anois chun a áirithiú go soláthrófar an tacaíocht is gá ar fud na mBallstát. Ar scáth a chéile is ea a dhéanfaimid de dhea-mhéin mhuintir na hEorpa cabhair phraiticiúil le haghaidh na milliún arbh éigean dóibh a dteach féin a fhágáil de dheasca ionsaí na Rúise.

Cé go bhfuiltear ag díriú anois ar na riachtanais phráinneacha agus mheántéarmacha, meabhraíonn an staid reatha dúinn gur gá córas cuimsitheach bainistithe imirce agus tearmainn a chur ar bun.

Iarrann an Coimisiún ar na hinstitiúidí uile machnamh a dhéanamh gan mhoill ar an Teachtaireacht seo, agus beidh an cruinniú den Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile atá beartaithe don 28 Márta 2022 ina dheis do na hAirí Gnóthaí Inmheánacha na gnéithe ábhartha a thabhairt chun cinn.

(1)

     Teachtaireacht maidir le dlúthpháirtíocht na Eorpa le dídeanaithe agus leo siúd atá ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin, COM(2022)107, (8.3.2022)

(2)

     Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle lena mbunaítear gurb ann do mhórphlódú daoine easáitithe ón Úcráin.

(3)

     Sa bhreis ar náisiúnaigh de chuid na hÚcráine, foráiltear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle gur cheart cosaint shealadach a thabhairt do náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát atá faoi chosaint idirnáisiúnta san Úcráin agus dá mbaill teaghlaigh má bhí cónaí orthu san Úcráin roimh an 24 Feabhra 2022 nó ar an dáta sin. I gcás náisiúnaigh tríú tír a bhí ina gcónaí san Úcráin roimh an 24 Feabhra nó ar an dáta sin a bhfuil cead buanchónaithe acu agus nach féidir leo filleadh go sábháilte ar a dtír thionscnaimh, cuirfidh na Ballstáit cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach i bhfeidhm faoina ndlí náisiúnta. Féadfaidh na Ballstáit cosaint shealadach a dheonú freisin do náisiúnaigh tríú tír eile a raibh cónaí orthu go dleathach san Úcráin agus nach bhfuil in ann filleadh.

(4)

     Teachtaireacht maidir le Treoirlínte Oibríochtúla chun cosaint shealadach a chur chun feidhme, C(2022) 1806, (21.3.2022)

(5)

     Baineann an obair sin leas as an treoraíocht a chuireann na Ballstáit ar fáil laistigh den Sásra Comhtháite um Fhreagairt Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna (IPCR).

(6)

     Lena náirítear sonraí maidir le sreabha imirce agus líon na ndaoine atá i láthair ar chríocha na mBallstát, agus maidir leis na hacmhainneachtaí cóiríochta atá ar fáil

(7)

     COM(2020) 758 final, (24.11.2020)

(8)

      Faisnéis do dhaoine atá ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin | An Coimisiún Eorpach (europa.eu)

(9)

      Meaisínaistriúchán le haghaidh údaráis riaracháin phoiblí – eTranslation (europa.eu)

(10)

Féach an Treoir maidir le Cuntais Íocaíochta 2014/92/AE.

(11)

     Féach an togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac, COM (2022)105, (8.3.2022)

(12)

     Teachtaireacht maidir le Treoirlínte Oibríochtúla chun cosaint shealadach a chur chun feidhme, C(2022) 1806, (21.3.2022)

(13)

     Ina theannta sin moltar do pháirtithe leasmhara agus do chomhordaitheoirí náisiúnta Bhliain Eorpach na hÓige athstruchtúrú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí ar an leibhéal náisiúnta chun daoine óga a spreagadh chun tacaíocht a thairiscint agus chun dlúthpháirtíocht a léiriú.

(14)

     COM (2021) 142, 24.3.2021. Féach freisin an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Cosaint Leanaí, COM (2017) 211, 12.4.2017. I gcomhréir leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag leanaí atá i ngátar ar oideachas agus cúram luathóige saor in aisce, ar oideachas, ar chúram sláinte saor in aisce, ar chothú folláin agus ar thithíocht leordhóthanach. Tá leanaí ar de chúlra imirceach iad ar cheann de na spriocghrúpaí is tábhachtaí.

(15)

     Le hardán ríomhfhoghlama Acadamh an Aontais Eorpaigh, cuirfear tacaíocht oideachasúil ar fáil, lena náirítear chun leanaí dídeanaithe, daoine fásta is baill dá dteaghlaigh agus cúramóirí na ndaoine sin a lánpháirtiú. Ina theannta sin is rud é lenar féidir cainéil meán a bhaineann go sonrach leis an oideachas a óstáil (le haghaidh podchraoltaí agus físchainteanna idir bheo agus taifeadta).

(16)

     Ina theannta sin is féidir tarraingt ar an ardán um oideachas aosach darb ainm  EPALE  (ríomhArdán don Fhoghlaim Aosach san Eoraip).

(17)

     Tacóidh líonra na Lárionad Náisiúnta Faisnéise um Aitheantas Acadúil leis sin

(18)

     Amhail Comhpháirtíocht Lánpháirtiúcháin an Chláir Oibre Uirbigh.

(19)

      https://ec.europa.eu/neighbourhood-enlargement/news/ukraine-commission-sets-european-solidarity-mechanism-intra-eu-medical-transfers-refugees-and-2022-03-08_en

(20)

     D’fhéadfadh feidhm a bheith ag an méid sin freisin maidir le faireachas comhshaoil ar fhuíolluisce chun láithreacht víreas a aithint.

(21)

      Ceisteanna oibríochta sláinte poiblí maidir le galair thógálacha a chosc agus a rialú i gcomhthéacs ionradh na Rúise ar an Úcráin (europa.eu)

(22)

     Ina theannta sin, bainfidh an Coimisiún úsáid as an leagan píolótach den Phacáiste Seirbhíse Íosta le haghaidh meabhairshláinte agus tacaíocht shíceasóisialta, pacáiste atá forbartha ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS), UNICEF agus Gníomhaireachtaí eile de chuid na Náisiún Aontaithe.

(23)

     Tá líonra sonrach anois ann darb ainm ‘Tacaíocht a thabhairt don Úcráin, do Bhallstáit de chuid Aontais ar comharsa dóibh an Úcráin, agus don Mholdóiv’.

(24)

      https://www.lm.gov.lv/en/article/joint-statement-ministers-social-affairs-czech-republic-baltic-states-poland-romania-and-slovakia

(25)

     Tuarascáil maidir le Ganntanais Oibrithe agus Fuílleach Oibrithe, an tÚdarás Eorpach Saothair, Samhain 2021

(26)

      S amplaí de thacaíocht den sórt sin san earnáil iompair is ea aerlínte agus cuideachtaí iarnróid, bus agus loingseoireachta a thairgeann ticéid saor in aisce nó ar lascaine dóibh siúd atá ar a dteitheadh ón Úcráin.

(27)

     COM (2022) 109, 8.3.2022

(28)

     COM(2022) 112, 8.3.2022

(29)

      https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/ip_22_1867  

Top