Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022AR1522

    Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Pacáiste fuinnimh maidir le gás, hidrigin agus astaíochtaí meatáin

    COR 2022/01522

    IO C 498, 30.12.2022, p. 83–93 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    30.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 498/83


    Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Pacáiste fuinnimh maidir le gás, hidrigin agus astaíochtaí meatáin

    (2022/C 498/13)

    Rapóirtéir:

    Jakub CHEŁSTOWSKI (ECR/PL), Marascal Chúige Śląskie

    Doiciméid tagartha:

    Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhrialacha do na margaí inmheánacha sa ghás in-athnuaite agus nádúrtha agus sa hidrigin

    COM(2021) 803 final

    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na margaí inmheánacha le haghaidh gáis in-athnuaite agus gáis nádúrtha agus hidrigine

    COM(2021) 804 final

    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le laghdú ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/942

    COM(2021) 805 final

    I.   MOLTAÍ LE hAGHAIDH LEASUITHE

    Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh na margaí inmheánacha i ngáis in-athnuaite agus gáis nádúrtha agus sa hidrigin

    COM/2021/803 final

    Leasú 1

    Aithris 6

    Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

    Leasú ó CnaR

    do na rannpháirtithe uile sa mhargadh ról idirthréimhseach an gháis iontaise a chur san áireamh le linn dóibh a ngníomhaíochtaí a phleanáil agus lena ndreasófar na rannpháirtithe leis sin a dhéanamh chun éifeachtaí glasála a sheachaint agus chun céimniú amach tráthúil an gháis iontaise a áirithiú go sonrach sna hearnálacha tionsclaíochta uile is ábhartha agus chun críoch téimh.

    do na rannpháirtithe uile sa mhargadh ról idirthréimhseach an gháis iontaise a chur san áireamh lena áirithiú go n-oireann an bonneagar nuathógtha le haghaidh gás nádúrtha do gháis ísealcharbóin agus do gháis in-athnuaite agus lena ndreasófar na rannpháirtithe leis sin a dhéanamh chun éifeachtaí glasála a sheachaint le linn thréimhse a dhímheasa agus chun céimniú amach tráthúil an gháis iontaise a áirithiú go sonrach sna hearnálacha tionsclaíochta uile is ábhartha agus chun críoch téimh.

    Cúis

    Chun úsáid gás dícharbónaithe a mhéadú, tá sé fíor-riachtanach i gcás na bpleananna infheistíochta maidir le bonneagar gáis nua, lena n-áirítear píblínte, críochfoirt GNL agus saoráidí stórála gáis, go gcuirfear san áireamh dearadh agus tógáil an bhonneagair ar bhealach ina gcuirfear é in oiriúint do gháis dhícharbónaithe ó thús na hoibríochta.

    Leasú 2

    Aithris 9

    Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

    Leasú ó CnaR

    Mar sin féin, d’fhéadfadh breoslaí ísealcharbóin (LCFanna), amhail hidrigin ísealcharbóin (LCH), ról a bheith acu san aistriú fuinnimh go háirithe sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma chun astaíochtaí na mbreoslaí atá ann cheana a laghdú go tapa agus chun tacú le glacadh na mbreoslaí in-athnuaite, amhail hidrigin in-athnuaite. Chun tacú leis an aistriú, is gá tairseach a leagan síos maidir le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh hidrigin ísealcharbóin agus breoslaí gásacha sintéiseacha. (…)

    Mar sin féin, d’fhéadfadh breoslaí ísealcharbóin (LCFanna), amhail hidrigin ísealcharbóin (LCH), ról a bheith acu san aistriú fuinnimh go háirithe sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma chun astaíochtaí na mbreoslaí atá ann cheana a laghdú go tapa agus chun tacú le glacadh na mbreoslaí in-athnuaite, amhail hidrigin in-athnuaite. Breosla in-athnuaite tábhachtach eile ó thaobh cuspóirí aeráide a bhaint amach is ea bithmheatán, ceann atá sách comhoiriúnach leis an mbonneagar gáis nádúrtha atá ann faoi láthair (breosla inionadaithe), agus tá acmhainn mhór inmheánach ag an Aontas Eorpach maidir lena táirgeadh. Chun forbairt mhargadh an bhithmheatáin a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit díriú go háirithe ar infheistíochtaí a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabal úsáid chascáideach na bithmhaise d’fhonn méadú suntasach a dhéanamh ar tháirgeadh díláraithe an bhithgháis agus an bhithmheatáin ó dhramhaíl atá ann cheana in earnálacha amhail an talmhaíocht, an fhoraoiseacht agus an bainistiú bardasach. Ba cheart táirgeadh na mbarr nach mbeadh le húsáid ach amháin i saoráidí bithgháis a eisiamh mar aon le tógáil na saoráidí bithgháis a bheadh ag brath ar dhianfheirmeoireacht bheostoic a bheith ar bun i gcónaí. Chun tacú leis an aistriú, is gá tairseach a leagan síos maidir le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh hidrigin ísealcharbóin agus breoslaí gásacha sintéiseacha.

    Cúis

    Tá forbairt earnáil an bhithgháis agus an bhithmheatáin tábhachtach sa ghearrthéarma ar mhaithe le laghdú páirteach a dhéanamh ar spleáchas ar sholáthairtí gáis nádúrtha ón Rúis, agus ar mhaithe le pobail fuinnimh áitiúla a fhorbairt in earnálacha amhail an talmhaíocht, an fhoraoiseacht nó bainistiú bardasach, inar féidir dramhaíl a chlaochlú go substráit táirgthe. Mar sin féin, ba cheart a chur in iúl go soiléir nach bhféadfaidh ach an bithmheatán atá ann cheana a dhó. Ní mór táirgeadh na mbarr nach mbeadh le húsáid ach amháin i saoráidí bithgháis a eisiamh mar aon leis an dianfheirmeoireacht beostoic chun bithghás agus bithmheatán a fháil ar mhaithe le fuinneamh a ghiniúint óir chuirfeadh na cleachtais sin moill ar an aistriú glas.

    Leasú 3

    Aithris 20

    Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

    Leasú ó CnaR

    Cé go bhfuil an leictriú ina phríomhghné den aistriú glas, beidh tomhaltas gáis nádúrtha teaghlaigh fós ann sa todhchaí, lena n-áirítear toirteanna méadaitheacha gáis in-athnuaite.

    Cé go bhfuil an leictriú ina phríomhghné den aistriú glas, beidh tomhaltas gáis nádúrtha teaghlaigh fós ann sa todhchaí, lena n-áirítear toirteanna méadaitheacha gáis in-athnuaite. Chun a áirithiú go mbeidh teaghlaigh in ann gáis inathnuaite a ghlacadh agus a úsáid, cuirfidh na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach, tús le hidirphlé le geallsealbhóirí sa mhargadh maidir le hinfhaighteacht theicneolaíoch fearas oiriúnach chomh maith leis na costais a d’fhéadfadh a bheith ar a thabhairt ar an bhfód.

    Cúis

    Sa mhargadh gáis dhícharbónaithe forbartha, beidh gá le custaiméirí miondíola: teaghlaigh agus roinnt FBManna. Gan trealamh nua téimh agus fuaraithe a uasghrádú nó a cheannach, beidh deacrachtaí teicniúla ag na custaiméirí deiridh nó ní bheidh siad in ann athrú ó bhreoslaí iontaise chuig gáis dhícharbónaithe.

    Leasú 4

    Aithris 108

    Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

    Leasú ó CnaR

    soláthar agus éileamh, an bonneagar iompair, cáilíocht seirbhíse, trádáil trasteorann, infheistíochtaí, praghsanna tomhaltóirí agus leachtacht mhargaidh.

    soláthar agus éileamh, an bonneagar iompair, cáilíocht seirbhíse, trádáil trasteorann, infheistíochtaí, praghsanna tomhaltóirí agus leachtacht mhargaidh. Ba cheart a chur san áireamh i dtrédhearcacht an mhargaidh freisin déanamh amach mionsonraithe maidir leis na costais a bhaineann le bonneagar nua a thógáil le haghaidh gáis dhícharbónaithe i ngach Ballstát. Dá bhrí sin, ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta, i gcomhar le hoibreoirí gréasáin náisiúnta, ríomhanna eacnamaíocha mionsonraithe a dhéanamh maidir leis na costais infheistíochta a bhainfeadh amach anseo le bonneagar gáis dhícharbónaithe a leathnú. Leis sin, beifear in ann forbairt líonraí a phleanáil go réadúil, an bhearna mhaoinithe a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint, agus a áirithiú gur féidir beartais taraife a mhúnlú le go rachaidh siad chun tairbhe d’oibreoirí agus do thomhaltóirí araon.

    Cúis

    D’fhéadfadh éagsúlacht mhór a bheith ann ó Bhallstát go Ballstát maidir leis an gcostas a bhainfeadh le bonneagar a thógáil le haghaidh gás dícharbónaithe. Ba cheart an costas iomlán ón taobh áitiúil de a chur san áireamh d’fhonn forbairt mhargadh an gháis ísealcharbóin agus an gháis inathnuaite a phleanáil i gceart.

    Leasú 5

    Airteagal 4(3)

    Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

    Leasú ó CnaR

    i leith shocrú na bpraghsanna le haghaidh soláthar gáis nádúrtha do chustaiméirí teaghlaigh atá buailte ag bochtaineacht fuinnimh nó atá leochaileach. Beidh na hidirghabhálacha poiblí sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i míreanna 4 agus 5.

    i leith shocrú na bpraghsanna le haghaidh soláthar gáis nádúrtha do chustaiméirí teaghlaigh atá buailte ag bochtaineacht fuinnimh nó atá leochaileach nó do chustaiméirí atá faoi chosaint mar a shainítear i Rialachán (AE) 2017/1938 . Beidh na hidirghabhálacha poiblí sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i míreanna 4 agus 5.

    I gcás ina dtiocfaidh méadú suntasach fadtéarma ar phraghsanna, féadfar idirghabhálacha lena gcomhlíontar na critéir a leagtar amach i mír 4 agus i mír 5 a leathnú chuig grúpa custaiméirí difriúil chun iarmhairtí diúltacha na bochtaineachta fuinnimh a sheachaint.

    Cúis

    Bheadh an togra ón gCoimisiún rótheoranta i gcás ardú tobanna ar phraghsanna. Is é is bunús leis an leasú an rogha catagóirí custaméirí atá faoi chosaint a chur leis mar a shainítear sa rialachán maidir le slándáil an tsoláthair gáis (2017/1938).

    Leasú 6

    Airteagal 8(11)

    (Alt nua)

    Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

    Leasú ó CnaR

     

    11.     D’fhonn a bheith in ann a léiriú do chustaiméirí deiridh an méid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite atá i meascán fuinnimh ó sholáthróir ar leith breoslaí in-athnuaite nó breoslaí ísealcharbóin i ndáil leis an bhfuinneamh a chuirtear ar an margadh agus a chuirtear ar fáil do thomhaltóirí ar bhonn conarthaí, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir ráthaíochtaí tionscnaimh maidir le gás a eisiúint arna iarraidh sin do tháirgeoir breoslaí in-athnuaite nó breoslaí ísealcharbóin, i gcomhréir le hAirteagal 19(7)(ii) de Threoir (AE) 2018/2001, lena n-áirítear bithghás, bithmheatán, hidrigin, amóinia, meatánól, agus breoslaí gásacha sintéiseacha; lena chois sin, tá sé riachtanach go dtuigeann na custaiméirí deiridh a thábhachtaí atá an t-aistriú glas agus go bhfuil siad ar an eolas i dtaca le héagsúlacht na mbreoslaí in-athnuaite nó na mbreoslaí ísealcharbóin agus i dtaca leis an gceart atá acu ráthaíocht tionscnaimh a éileamh.

    Cúis

    Chun margadh Eorpach nasctha a fhorbairt le haghaidh breoslaí ísealcharbóin agus breoslaí in-athnuaite, beidh gá le hionstraimí a úsáid chun faisnéis a sholáthar faoi thionscnamh na ngás a tháirgtear agus a sholáthraítear do chustaiméirí deiridh.

    Leasú 7

    Airteagal 10(1)

    Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

    Leasú ó CnaR

    rialacha trádála agus cothromúcháin is infheidhme. Maidir leis sin, déanfaidh na Ballstáit na bearta uile atá riachtanach chun a áirithiú nach ndéanfar, de dheasca nósanna imeachta riaracháin, idirdhealú in aghaidh soláthróirí atá cláraithe cheana i mBallstát eile.

    rialacha trádála agus cothromúcháin is infheidhme agus leis na húdaruithe is gá de bhun Airteagal 7(2) ó údarás rialála an Bhallstáit ina dtarlaíonn soláthar an gháis . Maidir leis sin, déanfaidh na Ballstáit na bearta uile atá riachtanach chun a áirithiú nach ndéanfar, de dheasca nósanna imeachta riaracháin, idirdhealú in aghaidh soláthróirí atá cláraithe cheana i mBallstát eile.

    Cúis

    Má chuirtear ceanglas ar na soláthróirí na caighdeáin sna Ballstáit a chomhlíonadh, áiritheofar slándáil an tsoláthair do chustaiméirí. Áirithítear leis an gcuid eile den fhoráil nach caighdeáin idirdhealaitheacha na caighdeáin sin.

    Leasú 8

    Airteagal 26

    Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

    Leasú ó CnaR

    cé acu atá saoráidí táirgthe na ngás in-athnuaite agus ísealcharbóin nasctha leis na gréasáin dáileacháin nó tarchurtha nó nach bhfuil.

    cé acu atá saoráidí táirgthe na ngás in-athnuaite agus ísealcharbóin nasctha leis na gréasáin dáileacháin nó tarchurtha nó nach bhfuil , ar choinníoll go meastar iad a bheith tairbheach ar bhonn na bpleananna náisiúnta forbartha gréasáin faoi Airteagal 51 . Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na sásraí is gá i bhfeidhm lena n-áiritheofar comhroinnt chothrom chomhréireach na gcostas a bhaineann le suiteálacha nua a tháirgeann gáis in-athnuaite agus ísealcharbóin a nascadh.

    Cúis

    Tá sé beartaithe le tabhairt isteach na sásraí cúitimh go n-áiritheofar nach dtitfidh costais ar bhonn míchothrom ar úsáideoirí eile na ngréasán agus go n-áiritheofar cothroime iomaíochta sa mhargadh. Níor cheart saoráidí a nascadh le gréasáin dáileacháin agus tarchurtha ach amháin iad siúd a chuireann breisluach ar fáil, óir ba cheart an bhéim fhadtéarmach a leagan ar fhorbairt inbhuanaithe an fhuinnimh in-athnuaite, agus go háirithe ar ghiniúint an leictreachais in-athnuaite.

    Leasú 9

    Airteagal 51(2), pointe (b)

    Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

    Leasú ó CnaR

    (b)

    cuimseofar na hinfheistíochtaí uile a bhfuil cinneadh déanta ina leith cheana agus sainaithneofar infheistíochtaí nua nach mór a fhorghníomhú sna 3 bliana atá le teacht;

    (b)

    cuimseofar na hinfheistíochtaí uile a bhfuil cinneadh déanta ina leith cheana agus sainaithneofar infheistíochtaí nua nach mór a fhorghníomhú sna 3 bliana atá le teacht , de bhreis ar anailís eacnamaíoch mhionsonraithe a dhéanamh, lena n-áireofar na costais a bhainfeadh le bonneagar a thógáil nó an bonneagar atá ann cheana a uasghrádú le haghaidh gáis ísealcharbóin agus gáis in-athnuaite, agus léiriú a thabhairt ar bhearna a d’fhéadfadh a bheith sa mhaoiniú maidir leis an ngnáthbhonneagar le haghaidh gás nádúrtha;

    Cúis

    Ní mór pleanáil costas mhionsonraithe a bheith mar chuid den phleanáil fadtéarma maidir le bonneagar gáis ísealcharbóin agus in-athnuaite a fhorbairt. D’fhéadfadh sé go mbeadh deacrachtaí ann ó thaobh cuspóirí infheistíochta a fhorfheidhmiú dá bhfágfaí saincheisteanna eacnamaíocha casta faoi fhreagracht eisiach na n-oibreoirí córais tarchurtha gáis agus na n-oibreoirí córais dáileacháin gáis.

    Leasú 10

    Airteagal 72(4), pointe (f)

    (Pointe nua)

    Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

    Leasú ó CnaR

     

    (f)

    boscaí gainimh rialála a bhunú chun díolúintí spriocdhírithe sealadacha ó chreataí reachtacha náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla a dheonú le haghaidh infheistíochtaí nuálacha i ngás ísealcharbóin agus i ngásanna in-athnuaite. Le timpeallacht tástála rialála den sórt sin a bhunú, is éard atá beartaithe ná dlús a chur le hinfheistíochtaí i ngáis ísealcharbóin agus i ngáis in-athnuaite, go háirithe i mBallstáit nach mbeidh na hinfheistíochtaí sin ag luí go hiomlán leis an gcreat dlíthiúil ná an creat rialála atá ann cheana, agus d’fhéadfadh sé oiriúnú na timpeallachta rialála d’infheistíochtaí den sórt sin ina dhiaidh sin a éascú.

    Cúis

    Moltar boscaí gainimh rialála a chur ar bun lena gcuirfear díolúine shealadach ar fáil ó chreataí reachtacha náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla chun infheistíochtaí nuálacha a chur chun feidhme nár forbraíodh timpeallacht dhlíthiúil iomchuí lena n-aghaidh go fóill.

    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na margaí inmheánacha le haghaidh gáis in-athnuaite agus gáis nádúrtha agus hidrigine

    COM(2021) 804 final

    Leasú 11

    Aithris 42

    Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

    Leasú ó CnaR

    Agus cur chuige comhchuibhithe á áirithiú le haghaidh pointí idirnaisc trasteorann maidir le cáilíocht an gháis, ba cheart solúbthacht na mBallstát a choinneáil ar bun maidir le caighdeáin cháilíochta gáis a chur i bhfeidhm ina gcórais intíre gáis nádúrtha.

    Agus cur chuige comhchuibhithe á áirithiú le haghaidh pointí idirnaisc trasteorann maidir le cáilíocht an gháis, ba cheart solúbthacht na mBallstát a choinneáil ar bun maidir le caighdeáin cháilíochta gáis a chur i bhfeidhm ina gcórais intíre gáis nádúrtha. Beidh gá le ráthaíochtaí tionscnaimh chun margadh an-chomhtháite an-idir-inoibritheach trédhearcach a áirithiú le haghaidh gáis ísealcharbóin agus gáis in-athnuaite, gáis a dtiocfaidh méadú ar a líon sa chóras gáis nádúrtha. Is é cuspóir na ráthaíochtaí sin foinse an táirgthe gáis, agus an lorg carbóin a ghintear freisin, a dheimhniú, d’fhonn a áirithiú gur féidir le táirgeoirí agus custaiméirí deiridh trádáil ar bhealach caighdeánaithe agus d’fhonn taifead a choinneáil ar na laghduithe CO2 a bhaintear amach.

    Cúis

    Gan ráthaíochtaí tionscnaimh, ní bheifear in ann foinse an táirgthe ná lorg carbóin gáis ar leith a dheimhniú, rud a chuirfidh cosc ar chur chun feidhme beartas aeráide agus tuairisciú neamhairgeadais.

    Leasú 12

    Airteagal 43(1), pointe (c)

    Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

    Leasú ó CnaR

    (c)

    sainaithneoidh sé bearnaí san infheistíocht, go háirithe maidir le hacmhainní trasteorann.

    (c)

    sainaithneoidh sé bearnaí san infheistíocht, go háirithe maidir le hacmhainní trasteorann , agus naisc sa chóras le tríú tíortha óna ndéanfar gáis ísealcharbóin agus gáis in-athnuaite a allmhairiú chun éileamh iomlán fuinnimh an Aontais Eorpaigh a chumhdach.

    Cúis

    Chun leanúnachas in earnálacha tionsclaíocha agus cinnteacht fuinnimh an Aontais i margadh nua na ngás ísealcharbóin agus na ngás in-athnuaite a áirithiú, ba cheart gurbh é an príomhphointe pleanála a bheadh ann a áirithiú go n-allmhairítear na toirteanna hidrigine is gá ó lasmuigh den Aontas d’fhonn riachtanais fuinnimh iomlána an Aontais a chumhdach go hinbhuanaithe agus go sábháilte.

    Leasú 13

    Airteagal 43(4)

    (Alt nua)

    Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

    Leasú ó CnaR

    4.     Chun plean forbartha gréasáin deich mbliana uile-Aontais a bhunú, ceann ceart, réalaíoch agus indéanta, ba cheart do ACER, don ENTSO don Ghás agus don ENTSO don Leictreachas tús a chur le próiseas comhairliúcháin leis na húdaráis rialála náisiúnta maidir leis na costais a bhaineann le bonneagar a thógáil nó a uasghrádú le haghaidh gáis ísealcharbóin agus gáis in-athnuaite a luaithe a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Baineann sé sin go háirithe le pleanáil bheacht an chaiteachais chaipitil agus oibriúcháin le haghaidh sócmhainní nua amhail críochfoirt hidrigine, leictrealóirí, agus líonraí hidrigine.

    Cúis

    Féach thuas.

    Leasú 14

    Airteagal 60(1), pointe (b)

    Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

    Leasú ó CnaR

    (b)

    rannchuidíonn an infheistíocht leis an dícharbónú;

    (b)

    rannchuidíonn an infheistíocht leis an dícharbónú agus áirithítear léi go ndearfar an bonneagar gáis nádúrtha nuathógtha sa chaoi go mbeidh sé in ann gáis in-athnuaite agus gáis ísealcharbóin a láimhseáil ó thús ré a fheidhme, rud a íoslaghdófar baol na glasála;

    Cúis

    Féach thuas.

    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le laghdú ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/942

    COM(2021) 805 final

    Leasú 15

    Airteagal 3

    (Airteagal nua)

    Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

    Leasú ó CnaR

     

    Measúnú ar acmhainneacht fadtéarma foinsí in-athnuaite gáis mar bhunús chun forbairt an chórais tarchurtha agus dáileacháin a bharrfheabhsú

    1.     Tá na Ballstáit freagrach as measúnú a dhéanamh ar an acmhainneacht táirgthe le haghaidh bithmheatáin ar an leibhéal áitiúil ar fud a gcríche, mar chuid dá straitéisí náisiúnta bithgháis agus bithmheatáin. Déanfar an measúnú sin laistigh de dhá bhliain ón dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Féadfaidh sé tógáil ar mheasúnuithe atá ann cheana;

    2.     Áireofar i scóip na bithmhaise a chuirfear san áireamh sa mheasúnú sin bithmhais amh mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Threoir 2018/2001 (lena n-áirítear Iarscríbhinn IX) agus a chomhlíonann critéir inbhuanaitheachta an Aontais;

    3.     Ag céim deartha an mheasúnaithe, rachaidh na Ballstáit i gcomhairle leis an údarás rialála ábhartha agus leis na hoibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin ábhartha chun an méid seo a leanas a chinneadh:

    (a)

    an t-aonad críche ar laistigh de a dhéanfar an measúnú ar an acmhainneacht táirgthe,

    (b)

    maidir le scóip na bithmhaise arna measúnú – gaireacht gheografach do ghréasáin gáis nádúrtha atá ann cheana;

    4.     Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh acu nó measúnú atá ann cheana á leathnú acu, agus le linn nuashonruithe ina dhiaidh sin, rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla chomh maith le hoibreoirí córas tarchurtha agus dáileacháin. Féadfaidh siad dul i gcomhairle le comhlachtaí ábhartha eile.

    Cúis

    Tá an measúnú ar acmhainneacht fadtéarma táirgthe an bhithgháis agus an bhithmheatáin ina réamhriachtanas ó thaobh atreisiú na n-eangacha a phleanáil ar bhealach costéifeachtach chun líon méadaitheach bithmheatáin i ngréasáin gháis a láimhseáil.

    Leasú 16

    Airteagal 3(3)

    (Alt nua)

    Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

    Leasú ó CnaR

     

    3.     Déanfaidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) in éineacht leis na húdaráis rialála náisiúnta ríomh mionsonraithe ar an gcaiteachas infheistíochta agus oibriúcháin a bhaineann le hastaíochtaí meatáin a laghdú i ngach Ballstát. Críochnófar an chéad ríomh faoi … [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus déanfar uasdátú air gach trí bliana. Beidh ríomh an chaiteachais infheistíochta agus oibriúcháin mar bhonn leis an bpleanáil beartais maidir le taraifí agus cistiú.

    Cúis

    Agus anailísí ar sceitheadh meatáin á ndéanamh, astaíochtaí meatáin á dtuairisciú agus infheistíochtaí féideartha nua á gcur chun feidhme a mbeadh laghduithe ar astaíochtaí meatáin mar thoradh orthu, ba cheart costais shistéamacha a chur san áireamh ar gá nach mbeidh mar thoradh orthu ualach ar an gcustaiméir deiridh ná méadú ar líon na réigiún bochtaineachta fuinnimh.

    Leasú 17

    Airteagal 10(4)

    (Alt nua)

    Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

    Leasú ó CnaR

     

    4.     Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an bhFaireachlann Idirnáisiúnta um Astaíochtaí Meatáin, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, modheolaíocht uile-Aontais a bhunú chun faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí meatáin chun na hoibleagáidí a leagtar amach i gCaibidil 3, i gCaibidil 4 agus i gCaibidil 5 den Rialachán seo a chur chun feidhme.

    Cúis

    D’fhonn iarracht chomhordaithe ar laghdú astaíochtaí meatáin a sheoladh, is gá modheolaíocht MRV uilíoch a thabhairt isteach ar fud na hearnála lena n-áirithítear gur féidir le hastaírí tuairisciú go trédhearcach agus ar bhealach inchomparáide.

    Leasú 18

    Airteagail 12, 14, 17, 18, 25, 26, 27, 28, 29

    Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

    Leasú ó CnaR

    Airteagail 12, 14, 17, 18, 25, 26, 27, 28, 29

    Síneadh 12 mhí a chur leis na spriocdhátaí éigeantacha in Airteagal 12.

    Síneadh 9 mí a chur leis na spriocdhátaí éigeantacha in Airteagal 14.

    Síneadh 9 mí a chur leis na spriocdhátaí éigeantacha in Airteagal 17.

    Síneadh 12 mhí a chur leis na spriocdhátaí éigeantacha in Airteagal 18.

    Síneadh 12 mhí a chur leis na spriocdhátaí éigeantacha in Airteagal 25.

    Síneadh 9 mí a chur leis na spriocdhátaí éigeantacha in Airteagal 26.

    Síneadh 9 mí a chur leis na spriocdhátaí éigeantacha in Airteagal 27.

    Síneadh 12 mhí a chur leis na spriocdhátaí éigeantacha in Airteagal 28.

    Síneadh 12 mhí a chur leis na spriocdhátaí éigeantacha in Airteagal 29.

    II.   MOLTAÍ BEARTAIS

    TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

    1.

    ag leagan béim ar an ngá atá le tomhaltóirí a chosaint ar phraghsanna arda agus slándáil an tsoláthair fuinnimh a áirithiú dóibh. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin i gcomhthéacs geopholaitiúil an lae inniu;

    2.

    á chur in iúl, d’fhonn cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus cuspóirí an 8ú Plean Gníomhaíochta don Chomhshaol a bhaint amach, agus i gcomhréir le Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide, agus saincheisteanna slándála fuinnimh á gcur san áireamh, gur cheart don Aontas deireadh a chur le breoslaí iontaise, an gás nádúrtha san áireamh, a luaithe is féidir agus geilleagar a bhaint amach atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus atá bunaithe go príomha ar fhuinneamh in-athnuaite. Is gá, dá bhrí sin, creat comhchoiteann a bhunú go tapa d’fhonn deireadh a chur de réir a chéile leis an ngás nádúrtha;

    3.

    á chur in iúl go bhfuil cur i bhfearas an gheilleagair hidrigine ag brath ar thógáil agus athchóiriú pras an bhonneagair hidrigine. Teastaíonn creat dlíthiúil Eorpach iomchuí leis na tionscadail agus tionscnaimh ilghnéitheacha a chur chun feidhme i dtimpeallacht dhinimiciúil, má táthar chun an chobhsaíocht is gá a áirithiú i dtaca le hinfheistíochtaí a phleanáil;

    4.

    á chur i bhfáth nár cheart go ndéanfadh dul i bhfód méadaitheach na ngás dícharbónaithe difear do cháilíocht gháis na gcustaiméirí deiridh;

    5.

    ag tarraingt aird ar an ngá atá le hanailís a dhéanamh ar na costais a bhaineann le bonneagar a fhorbairt d’fhonn aistriú fuinnimh atá intuartha ó thaobh an gheilleagair de a áirithiú. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le tuilleadh staidéar ar chostais, má táthar chun bonneagar a fhorbairt le haghaidh gás dícharbónaithe, mar aon le staidéir ar thionchar an aistrithe sin ar na réigiúin is forimeallaí, i bhfianaise na saintréithe sonracha a bhaineann leo, ar saintréithe iad atá cumhdaithe mar is iomchuí in Airteagal 349 CFAE;

    6.

    á iarraidh nach gcruthófar sócmhainní tréigthe. Thar aon rud eile, ba cheart sócmhainní gáis nuathógtha a dhearadh lena áirithiú go mbeidh siad in ann comhloscadh a dhéanamh nó oibriú le tiúchan ard gás dícharbónaithe amach anseo;

    7.

    ag moladh go dtabharfaí isteach boscaí gainimh rialála chun a áirithiú go bhforbrófar margadh comhtháite le haghaidh gáis dhícharbónaithe in éagmais reachtaíocht earnáil-shonrach leordhóthanach ar an leibhéal náisiúnta;

    8.

    ag tarraingt aird ar an bhféidearthacht go dtabharfaí isteach ráthaíochtaí tionscnaimh le haghaidh gáis ísealcharbóin agus gáis in-athnuaite, rud a áiritheoidh gur trédhearcach an trádáil arna déanamh ar an margadh;

    9.

    ag moladh treochlár a chruthú chun gáis dhícharbónaithe a allmhairiú isteach san Aontas chun an tslándáil fuinnimh a chaomhnú agus chun freastal ar an éileamh a bheidh ann amach anseo;

    10.

    ag iarraidh go leathnófaí sainchúram ENTSO-G chun forbairt margaidh gáis ísealcharbóin agus gáis in-athnuaite a chuimsiú seachas eagraíocht ENNOH ar leith a bhunú chun na críche sin;

    11.

    á chur in iúl go bhfuil locht á fháil aige ar na rialacha dochta maidir le húinéireacht ingearach agus chothrománach na ngréasán hidrigine a dhíchuach. Tagann siad salach ar an sprioc infheistíocht ghearrthéarma fhairsing a dhéanamh i ngréasán hidrigine arna thógáil agus arna oibriú go héifeachtúil ar bhonn na ngréasán gáis nádúrtha atá ann cheana féin; á iarraidh, dá bhrí sin, i gcás na hidrigine, go gcloífí leis na ceanglais maidir le díchuachadh arna mbunú le haghaidh leictreachais agus gáis, go háirithe ar leibhéal an ghréasáin dáileacháin; á chur in iúl go bhféadfaí na hoibreoirí córais tarchurtha gáis a dhéanamh freagrach as an ngréasán tarchurtha hidrigine a fhorbairt. D’fhéadfadh sé nach mbeadh sé tairbheach, ó thaobh luas an aistrithe fuinnimh de, a chuideachta féin a dhéanamh d’oibreoir an chórais tarchurtha hidrigine, ceann a bheadh neamhspleách ar oibritheoir an chórais tarchurtha gáis;

    12.

    ag iarraidh go bhforbrófaí bonn substráite le haghaidh an bhithgháis agus an bhithmheatáin. Beidh sé tábhachtach soláthar breosla orgánaigh a chinntiú d’fhonn lántairbhe a bhaint as acmhainneacht na réigiún ó thaobh na ngás sin de; ag iarraidh freisin go n-eisiafaí táirgeadh na mbarr nach mbainfí úsáid astu ach amháin le haghaidh saoráidí bithgháis mar aon le tógáil na saoráidí bithgháis a bheadh ag brath ar an dianfheirmeoireacht beostoic a bheith ann;

    13.

    ag iarraidh go ndéanfaí measúnú ar acmhainneacht fadtéarma an táirgthe bithgháis agus bithmheatáin ar an leibhéal réigiúnach, a mbeifear in ann acmhainneacht forbartha réigiúnaí an éiceachórais gáis dhícharbónaithe a shainaithint ar a bhonn sin;

    14.

    ag moladh modheolaíocht chomhchoiteann a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí meatáin, lena n-éascófar seoladh na n-iarrachtaí comhordaithe chun astaíochtaí meatáin a laghdú san Aontas;

    15.

    á chur in iúl nach bhfuil meatán le húsáid mar bhreosla aonad comhghiniúna ach amháin i gcásanna eisceachtúla agus ar bhonn idirthréimhseach;

    16.

    ag moladh an costas a bhaineann leis na hiarrachtaí astaíochtaí meatáin a laghdú san Aontas a chur san áireamh. Ba cheart don Choimisiún Eorpach na costais is gá a chuirfear ar na Ballstáit a chur san áireamh agus cistí cabhrach a phleanáil a rachadh chun tairbhe go díreach do na custaiméirí deiridh, go háirithe i réigiúin lagfhorbartha agus i réigiúin a bhfuil éileamh mór ar theas iontu;

    17.

    ag iarraidh go dtabharfaí aitheantas iomlán i reachtaíocht an Aontais, agus tacaíocht ina taobh, d’úsáid an bhithgháis san iompar freisin, d’fhonn astaíochtaí a laghdú ó thaobh saolré de. I dTacsanomaíocht Eorpach na hInbhuanaitheachta, i láthair na huaire, aithnítear táirgeadh an bhithgháis mar ghníomhaíocht inbhuanaithe, ach ní aithnítear úsáid an gháis chéanna san iompar;

    18.

    á chur in iúl go bhfuil éagsúlacht ann ó thaobh chumhachtaí na n-údarás áitiúil agus réigiúnach ar fud an Aontais Eorpaigh agus gur cheart an chinnteoireacht a dhéanamh ar an leibhéal rialtais is fearr a bheadh éifeachtacht léi; den bharúil go gcomhlíontar prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta leis na tograí reachtacha.

    An Bhruiséil, an 12 Deireadh Fómhair 2022

    Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

    Vasco ALVES CORDEIRO


    Top