EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022AE6310

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leTogra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/36/AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint [COM(2022) 732 final – 2022/0426(COD)] agus an Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Tuarascáil ar an dul chun cinn atá déanta sa chomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine (an Ceathrú Tuarascáil) [COM(2022) 736 final]

EESC 2022/06310

IO C 228, 29.6.2023, p. 108–113 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

29.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 228/108


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leTogra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/36/AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint

[COM(2022) 732 final – 2022/0426(COD)]

agus an Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Tuarascáil ar an dul chun cinn atá déanta sa chomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine (an Ceathrú Tuarascáil)

[COM(2022) 736 final]

(2023/C 228/15)

Rapóirtéir:

José Antonio MORENO DÍAZ

Comhrapóirtéir:

Pietro Vittorio BARBIERI

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 8.2.2023

Bunús Dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

3.4.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27.4.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

578

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

125/1/1

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is gráiniúil an choir í an gháinneáil ar dhaoine agus is sárú tromchúiseach í ar chearta bunúsacha an duine. Sainaithnítear i Straitéis Slándála an Aontais Eorpaigh 2020 ról na coireachta eagraithe sa gháinneáil ar dhaoine agus an costas pearsanta a bhaineann leis sin.

1.2.

In 2011 a glacadh Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint. In 2021, ghlac an Coimisiún Eorpach Straitéis an Aontais maidir le gáinneáil ar dhaoine a chomhrac 2021-2025. Tá sé ráite aige cheana gur cheart meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach d’fhonn feabhas a chur air sin.

1.3.

Is díol sásaimh do CESE ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an ceathrú tuarascáil ar dhul chun cinn ina leagtar béim ar éabhlóid na bhfeiniméan, maille leis an togra chun leasú a dhéanamh ar an Treoir maidir le gáinneáil ar dhaoine a chomhrac. Féachtar sa Treoir maidir le gáinneáil ar dhaoine a chomhrac an gháinneáil sin a chomhrac agus a chosc agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint. Chun na críche sin, tá an togra dírithe ar thrí chreat gníomhaíochta: (i) coiriúlú, imscrúdú agus ionchúiseamh na gáinneála ar dhaoine, lena n-áirítear sainiú cionta, pionóis agus smachtbhannaí; (ii) cúnamh, tacaíocht agus cosaint d’íospartaigh na gáinneála ar dhaoine; agus (iii) cosc na gáinneála ar dhaoine.

1.4.

Is geal le CESE go bhfuil an sainmhíniú ar na cineálacha éagsúla saothraithe á leathnú. Aontaíonn CESE leis an mbarúil nár cheart na coireanna sin a thuiscint mar liosta iomlán ós rud é, faraor, go dtagann gnéithe nua de chineálacha an dúshaothraithe chun cinn gach lá. Ar an ábhar sin, is é a mheas gur cheart do na Ballstáit tuiscint a fháil ar shaincheist na gáinneála agus, ar an dóigh sin, forléargas cuimsitheach a thabhairt ar na saincheisteanna a bhaineann leis an dúshaothrú.

1.5.

Measann CESE gur gá an ghné inscne a neartú a mhéid a bhaineann le hábhar agus cur chun feidhme na Treorach i bhfianaise gur mná agus cailíní iad formhór mór íospartaigh na gáinneála. Ar an dóigh chéanna, ba cheart aird a thabhairt ar chásanna leochaileachta ina bhféadfaí earcú agus dúshaothrú ag líonraí coiriúla agus ag grúpaí eile a éascú. De bhreis air sin, ní mór níos mó airde a thabhairt ar ghrúpaí leochaileacha eile, lena n-áirítear dídeanaithe, iarrthóirí tearmainn, agus daoine gan doiciméid nó daoine a bhfuil stádas cónaitheora forbhásach acu.

1.6.

Dar le CESE, is dearfach an rud í an tagairt shainráite do ghné ar líne na gcionta gáinneála ar dhaoine. De dheasca úsáid teicneolaíochtaí nua, spreagadh cionta gáinneála ar dhaoine, rud a éascaíonn agus a cheadaíonn rochtain níos mó ar íospartaigh agus dúshaothrú na n-íospartach agus a chruthaíonn deacrachtaí breise maidir le faireachán a dhéanamh ar fháltais na gcoireanna sin.

1.7.

Tá CESE i bhfách le forbairt córais smachtbhannaí níos fearr ag an gCoimisiún. Ós rud é gur léiríodh sa mheastóireacht nach bhfuil bearta roghnacha smachtbhannaí forbartha ag formhór na mBallstát, treisítear leis an gcóras nua éigeantach, lena ndéantar idirdhealú idir gnáthchionta agus cionta troma, an comhrac i gcoinne cionta gáinneála.

1.8.

Is údar sásaimh do CESE freisin go bhféadfar pionós a ghearradh ar dhaoine dlítheanacha lenar féidir iad a eisiamh ó chúnamh poiblí nó ó thacaíocht, bunaíochtaí a dhúnadh ar bhonn sealadach nó buan nó cosc sealadach nó buan a chur orthu a bheith i mbun gníomhaíochtaí tráchtála. Measann CESE go bhféadfaí úsáid chomhfhiosach na seirbhísí oibriúcháin a nascadh leis an Treoir i dtaca le Dícheall Cuí maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach sa chaoi is gur féidir cuideachtaí a bhaineann tairbhe as cineálacha éagsúla dúshaothraithe a choinneáil cuntasach.

1.9.

Creideann CESE gur cheart aird níos mó a thabhairt sa Treoir ar íospartaigh na gáinneála agus ba mhian leis a thabhairt chun cuimhne an oibleagáid atá ar na Ballstáit aire a thabhairt dóibh siúd, iad a chosaint agus a gcuimsiú sóisialta áirithiú a mhéid is féidir. De bhreis ar a mheabhrú nár cheart pionós a ghearradh ar íospartaigh na gáinneála, ba cheart sásraí agus ionstraimí a neartú trí bhíthin na Treorach chun cúnamh agus tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh, agus go háirithe do ghrúpaí leochaileacha.

1.10.

Iarrann CESE ar an gCoimisiún a áireamh ina thogra le haghaidh Treorach gur gá cloí le Treoir 2004/81/CE (2) maidir leis an gcead cónaithe arna eisiúint do náisiúnaigh tríú tír ar íospartaigh na gáinneála ar dhaoine iad nó a bhí faoi réir gníomhaíochta chun inimirce neamhdhleathach a éascú, a chomhoibríonn leis na húdaráis inniúla.

1.11.

Athdhearbhaíonn CESE a thábhachtaí atá sé dícheall a dhéanamh chun an gháinneáil a chosc, agus béim á leagan aige ar an ngá atá ann an t-éileamh ar gach cineál dúshaothraithe a mhaolú. Faoi mar a luaitear sa tuarascáil, is ag síor-mhéadú atá an t-éileamh ar shaothar saor nó ar striapachas, bíodh is gur minic a bhíonn baint acu le cionta gáinneála ar dhaoine.

1.12.

Aontaíonn CESE leis an mbarúil nach foláir feabhas a chur ar bhailiú sonraí, agus freisin ar na hionstraimí trína ndéantar na coireanna sin a shainaithint ar dhóigh níos fearr. Mar a léirítear sa tuarascáil, is follas go bhfuil líon suntasach cásanna neamhthuairiscithe ann, rud is gá a chur ina cheart agus freagairt dó trí chomhordú agus comhar leis na Ballstáit, agus leis na hinstitiúidí Eorpacha chomh maith.

1.13.

Creideann CESE gur cheart leas a bhaint as cur i láthair an togra seo le haghaidh Treorach chun feasacht a mhúscailt agus chun é a chur in iúl ar dhóigh níos fearr gur gá cur leis an gcomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine a neartú. Is freagairt chuimsitheach ilghnéitheach atá ag teastáil má táthar chun aghaidh a thabhairt ar an sárú ar chearta a eascraíonn as cineálacha éagsúla dúshaothraithe, agus ní mór baint a bheith ag na saoránaigh leis an gcomhrac i gcoinne na saoirse ó phionós agus normalú na mí-úsáidí sin.

1.14.

Tugann CESE chun cuimhne gur iomaí fachtóir a mbíonn tionchar acu ar an ngáinneáil ar dhaoine, ina measc: baineannú na bochtaineachta, rochtain éagsúil ar staidéar agus ar acmhainní d’fhir agus do mhná; neamhionannais leighis agus sláinte; leathadh an fhoréigin inscnebhunaithe ar fud an domhain; agus éagothromaíocht shóisialta níos ginearálta idir fir agus mná.

1.15.

Is céim thábhachtach riachtanach é ceapadh sásraí breise tarchuir náisiúnta ag na Ballstáit, sásraí lena dtabharfar ról d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir le sainaithint íospartach agus soláthar seirbhísí tacaíochta. D’fhéadfaí sásra breise a bhunú do gach Ballstát faoi leith, mar atá, comhlacht neamhspleách faireacháin agus dearbhaithe ina mbeidh rapóirtéir náisiúnta a dhéanann faireachán ar éifeachtacht na mbeart a chuirtear chun feidhme sna Ballstáit chun an gháinneáil a chomhrac, a dhéanann taighde agus a bheadh i dteagmháil le geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha a bhíonn ag plé leis an bhfeiniméan ar leibhéil éagsúla.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

Thug na Náisiúin Aontaithe sainmhíniú ar an ngáinneáil ar dhaoine ar bhonn idirnáisiúnta sa bhliain 2000 agus seo an méid a luaitear ann:

Ciallóidh “gáinneáil ar dhaoine” earcú, iompar, aistriú, tearmannú nó glacadh daoine, trí úsáid a bhaint as bagairt, lámh láidir nó cineálacha eile comhéigin, fuadaigh, calaoise, meabhlaireachta, mí-úsáide cumhachta nó staide leochaileachta, nó deonú nó fáil íocaíochtaí nó sochar chun toiliú a fháil ó dhuine a bhfuil duine eile faoina rialú, chun críoch dúshaothraithe (Airteagal 3 – Prótacal Gáinneála na Náisiún Aontaithe – 2000).

Ciallóidh “dúshaothrú” dúshaothrú striapachais daoine eile nó cineálacha eile dúshaothraithe ghnéasaigh, saothair nó seirbhísí éignithe, sclábhaíocht nó cleachtais atá cosúil le sclábhaíocht, daoirse nó baint orgán.

2.2.

Is gráiniúil an choir í an gháinneáil ar dhaoine agus is sárú tromchúiseach í ar chearta bunúsacha an duine. Sainaithnítear i Straitéis Slándála an Aontais Eorpaigh 2020 ról na coireachta eagraithe sa gháinneáil ar dhaoine agus an costas pearsanta a bhaineann leis sin.

2.3.

In 2011 a glacadh Treoir 2011/36/AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint (an Treoir maidir le gáinneáil ar dhaoine a chomhrac). Céim thábhachtach a bhí i nglacadh na Treorach sin i dtreo chomhchuibhiú na rialacha idir na Ballstáit. In 2021, ghlac an Coimisiún Straitéis an Aontais maidir le gáinneáil ar dhaoine a chomhrac 2021-2025. Tá sé ráite aige cheana gur cheart meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach d’fhonn feabhas a chur ar a cur chun feidhme.

2.4.

Cumhdaítear sa mheastóireacht a rinne an Coimisiún tréimhse thrasuí na Treorach (Aibreán 2013) go dtí seo (Márta 2022) agus baineadh úsáid as sonraí a bailíodh ar an leibhéal Eorpach agus as faisnéis cháilíochtúil a tháinig chun cinn de thoradh an phlé a bhí ann le saineolaithe agus le heintitis speisialaithe.

2.5.

Leagadh béim i meastóireacht inmheánach an Choimisiúin ar a dheacra atá sé líon iarbhír na n-íospartach a dhéanamh amach go cruinn. Sainaithníodh 55 314 íospartach idir 2013-2022, figiúr a mheastar a bheith ina mheastachán faoina luach. Tá dúshaothrú gnéasach fós ar an gcineál dúshaothraithe is forleithne dá bhfuil ann i réimse na gáinneála ar dhaoine – 55,7 % de na cásanna a tuairiscíodh in 2021 – ach is ag méadú atá an dúshaothrú saothair, go háirithe in earnálacha amhail earnáil na talmhaíochta, earnáil na tógála agus earnáil na seirbhísí cúraim. Is íospartaigh ar leanaí iad 21 % den líon foriomlán íospartach, agus is mná agus cailíní iad 75 % díobh.

2.6.

Déantar trácht sa mheastóireacht agus sa tuarascáil ar an bhfíoras gur an-íseal ar fad leibhéal na n-ionchúiseamh agus na gciontuithe, rud a d’fhéadfadh cur le cultúr na saoirse ó phionós i measc gáinneálaithe. De bharr na meán sóisialta, tá deiseanna nua ar fáil anois ag líonraí coiriúla atá ag feidhmiú san Aontas Eorpach, a bhfuil baint ag a bhformhór acu leis an ngáinneáil ar dhaoine. Is féidir an méadú ar smuigleáil agus ar gháinneáil ar dhaoine a bheith mar thoradh ar an gcogadh san Úcráin. Is coir íseal-riosca fós í an gháinneáil ar dhaoine ach tá ardbhrabús ag baint léi.

2.7.

Bíodh is gur éirigh leis an Treoir creat coiteann reachtaíochta a bhunú maidir le gáinneáil a chomhrac, leagadh béim inti freisin ar na deacrachtaí a bhaineann le dul chun cinn a dhéanamh sa chomhrac i gcoinne cineálacha áirithe dúshaothraithe nach gcumhdaítear leis an sainmhíniú ar gháinneáil agus ar choireanna trasteorann. Sainaithnítear sa Treoir freisin réimsí ina bhféadfaí feabhas a chur ar phróisis um imscrúdú agus ionchúiseamh gáinneálaithe, maille leis an ngá atá ann feabhas a chur ar fhorfheidhmiú an dlí agus ar acmhainneachtaí breithiúnacha d’fhonn is gur féidir imscrúduithe airgeadais a bhaineann le gáinneáil a dhéanamh.

2.8.

Cé go ndírítear sa Treoir freisin ar chosaint i gcoinne na gáinneála, léirítear sa mheastóireacht gur féidir feabhsuithe a dhéanamh, inter alia, a mhéid a bhaineann le saincheisteanna amhail cur i bhfeidhm phrionsabail an neamh-ionchúisimh agus neamhchoiriúlú na n-íospartach. Dírítear freisin ar chosaint na n-íospartach i bpróisis imscrúdaithe nó bhreithiúnacha agus ar sholáthar cúnaimh leordhóthanaigh a fhreastalaíonn ar shaintréithe agus riachtanais na n-íospartach, agus go háirithe leanaí agus grúpaí leochaileacha. Fadhb eile is ea a neamhleoire atá an bailiú agus an phróiseáil sonraí.

2.9.

Aithnítear sa mheastóireacht a thábhachtaí atá an Treoir ós cor cinniúnach í sa chomhrac i gcoinne na gáinneála san Aontas Eorpach. San am céanna, tarraingítear aird inti freisin ar an ngná atá ann dul chun cinn a dhéanamh maidir le huirlisí a cheapadh chun cur le cosc, imscrúdú agus ionchúiseamh na gáinneála agus na ngáinneálaithe agus leis an bhfaireachán orthu, mar aon le feabhas a chur ar an gcúnamh a thugtar d’íospartaigh.

2.10.

Sa chomhthéacs sin, is éard atá sa togra arna chur chun cinn ag an gCoimisiún togra chun leasú a dhéanamh ar an Treoir. Is é is aidhm don togra sraith beart a chur ar fáil chun feabhas a chur ar chosc agus ar chomhrac na gáinneála ar dhaoine san Aontas Eorpach, maille le cosaint na n-íospartach a fheabhsú.

3.   I dtaca leis an Treoir maidir le gáinneáil ar dhaoine a chomhrac

3.1.

Féachtar sa togra le haghaidh Treoir maidir le gáinneáil ar dhaoine a chomhrac an gháinneáil sin a chomhrac agus a chosc agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint. Chun na críche sin, tá an togra dírithe ar thrí chreat gníomhaíochta: (i) coiriúlú, imscrúdú agus ionchúiseamh na gáinneála ar dhaoine, lena n-áirítear sainiú cionta, pionóis agus smachtbhannaí; (ii) cúnamh, tacaíocht agus cosaint d’íospartaigh na gáinneála ar dhaoine; agus (iii) cosc na gáinneála ar dhaoine.

3.2.

Is díol sásaimh do CESE gur tíolacadh an togra chun an Treoir sin a leasú, óir aontaíonn sé leis an mbarúil gur gá tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh agus feabhas a chur ar an gcomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine agus ar chosaint na n-íospartach. Is é a bharúil freisin gur bagairt níos mó anois í coir na gáinneála ar dhaoine agus is dúshlánaí fós an comhthéacs ná mar a bhí in 2011.

3.3.

Is geal le CESE go bhfuil an sainmhíniú ar na cineálacha éagsúla saothraithe á leathnú agus go ndéantar tagairt do na cineálacha éagsúla sin sa tuarascáil. Bíodh is go bhfuil an dúshaothrú gnéasach fós ar an gcineál dúshaothraithe is coitianta dá bhfuil ann, agus an dúshaothrú saothair ina dhiaidh sin, is ann fós do chineálacha eile dúshaothraithe arna gcumhdach leis an Treoir (dúshaothrú déircínteachta chun críoch gníomhaíochtaí coiriúla nó na gáinneála ar orgáin), agus is ag dul i méid atá cuid de na cineálacha dúshaothraithe sin le roinnt blianta anuas. Ar an gcaoi chéanna, tá cineálacha eile dúshaothraithe tagtha chun cinn nach gcumhdaítear sa Treoir ach a bhféadfaí breathnú orthu mar chineálacha gáinneála freisin, amhail póstaí éigeantais, máthairionadaíocht nó uchtú neamhdhleathach. Ba dhíol sásaimh do CESE dá gcuirfí isteach tagairt do dhálaí oibre saothraithe ar leith, mar a léirítear i dTreoir an Aontais maidir le Smachtbhannaí i gcoinne Fostóirí. Creideann CESE go bhfuil gá le tuilleadh treorach ón gCoimisiún maidir le sainmhínithe a thabhairt ar na cineálacha éagsúla gáinneála uile sin a d’fhéadfadh a bheith ann lena áirithiú go gcuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm ar bhealach níos aonfhoirmí iad.

3.4.

Aontaíonn CESE leis an mbarúil nár cheart na coireanna sin a thuiscint mar liosta iomlán ós rud é, faraor, go dtagann gnéithe nua de chineálacha an dúshaothraithe chun cinn gach lá. Ar an ábhar sin, is é a mheas gur cheart do na Ballstáit tuiscint a fháil ar shaincheist na gáinneála agus, ar an dóigh sin, forléargas cuimsitheach a thabhairt ar na saincheisteanna a bhaineann leis an dúshaothrú.

3.5.

Measann CESE gur gá an ghné inscne a neartú a mhéid a bhaineann le hábhar agus cur chun feidhme na Treorach i bhfianaise gur mná agus cailíní iad formhór mór íospartaigh na gáinneála. Ar an dóigh chéanna, ba cheart aird a thabhairt ar ghrúpaí leochaileacha áirithe, lena n-áirítear dídeanaithe, iarrthóirí tearmainn agus daoine gan doiciméid, agus ar chásanna leochaileachta ina bhféadfaí earcú agus dúshaothrú ag líonraí coiriúla a éascú. Tugann CESE le fios gur iomaí fachtóir a mbíonn tionchar acu ar an ngáinneáil ar dhaoine, ina measc: baineannú na bochtaineachta, rochtain éagsúil ar staidéar agus ar acmhainní d’fhir agus do mhná; neamhionannais leighis agus sláinte; leathadh an fhoréigin inscnebhunaithe ar fud an domhain; agus éagothromaíocht shóisialta níos coitianta idir fir agus mná.

3.6.

Dar le CESE, is dearfach an rud í an tagairt shainráite do ghné ar líne na gcionta gáinneála ar dhaoine. De dheasca úsáid teicneolaíochtaí nua, spreagadh cionta gáinneála ar dhaoine, rud a éascaíonn agus a cheadaíonn rochtain níos mó ar íospartaigh agus dúshaothrú na n-íospartach agus a chruthaíonn deacrachtaí breise maidir le faireachán a dhéanamh ar fháltais na gcoireanna sin. De bharr na meán sóisialta, éascaíodh earcú agus dúshaothrú íospartach agus ionchorpraíodh cineálacha nua mí-úsáide i gcásanna dúshaothraithe, amhail íomhánna, físeáin, etc. a dháileadh.

3.7.

Is díol sásaimh do CESE go bhfuil córas smachtbhannaí níos fearr forbartha ag an gCoimisiún. Ós rud é gur léiríodh sa mheastóireacht nach bhfuil bearta roghnacha smachtbhannaí forbartha ag formhór na mBallstát, treisítear leis an gcóras nua éigeantach, lena ndéantar idirdhealú idir gnáthchionta agus cionta troma, an comhrac i gcoinne cionta gáinneála.

3.8.

Is údar sásaimh do CESE freisin go bhféadfar pionós a ghearradh ar dhaoine dlítheanacha lenar féidir iad a eisiamh ó chúnamh poiblí nó ó thacaíocht, bunaíochtaí a dhúnadh ar bhonn sealadach nó buan nó cosc sealadach nó buan a chur orthu a bheith i mbun gníomhaíochtaí tráchtála. Measann CESE go bhféadfaí úsáid chomhfhiosach na seirbhísí oibriúcháin a nascadh leis an Treoir i dtaca le Dícheall Cuí maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach sa chaoi is gur féidir cuideachtaí a bhaineann tairbhe as cineálacha éagsúla dúshaothraithe a choinneáil cuntasach. Pointe tagartha is ea an taithí ar chásanna dúshaothraithe saothair.

3.9.

Creideann CESE gur céim chun cinn atá sa leasú atá beartaithe lena ndéantar úsáid seirbhísí nó gníomhaíochtaí de thionscnamh dúshaothraithe a choiriúlú agus an t-eolas ann gur íospartach na gáinneála é an duine a sholáthraíonn an tseirbhís nó an ghníomhaíocht, i.e. úsáid chomhfhiosach seirbhísí dúshaothraithe. D’fhéadfadh na Ballstáit bearta níos déine a ghlacadh i ndáil leis sin. Measann CESE gur tábhachtach tacaíocht níos fearr a thabhairt do na Ballstáit ó thaobh cur chun feidhme de i dtaca leis sin agus measúnú a dhéanamh ar thionchar an phointe seo ar an ngáinneáil a chosc agus a ionchúiseamh sa tuarascáil maidir le trasuí a chuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Parlaiminte agus na Comhairle lena áirithiú nach mbeidh éifeachtaí díobhálacha aici ar íospartaigh nó grúpaí leochaileacha agus go bhfuil dul chun cinn déanta i gcoinne “cultúr na saoirse ó phionós” i gcás na gcoireanna sin.

3.10.

Dar le CESE gurb iomchuí don Choimisiún an creat rialála agus smachtbhannaí a chur in oiriúint don saol ar líne. I ndáil leis sin, tá sé thar a bheith dearfach go n-áirítear reo agus coigistiú sócmhainní sa Treoir, i gcomhréir leis na creataí rialála arna mbunú ag an Aontas Eorpach i ndáil leis sin. Ba cheart sócmhainní arna n-aisghabháil ó lucht déanta coireanna a chur ar fáil chun íospartaigh a chúiteamh, agus ba cheart tosaíocht a thabhairt d’íospartaigh i rangú na gcreidiúnaithe.

3.11.

Is geal le CESE go bhfuil béim leagtha ag an gCoimisiún ar an ngá atá ann cur leis an gcomhar idir na Ballstáit éagsúla a mhéid a bhaineann le cionta gáinneála. Is ríthábhachtach an ní é an comhar trasteorann agus is féidir é a fheabhsú trí mhalartú faisnéise nó trí ghníomhaíochtaí comhpháirteacha agus trí oiliúint a chur ar fhoireann ghairmiúil a bhíonn ag plé le híospartaigh trasteorann, go háirithe seirbhísí forfheidhmithe dlí.

3.12.

Is céim thábhachtach riachtanach é ceapadh sásraí breise tarchuir náisiúnta ag na Ballstáit, sásraí lena dtabharfar ról d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir le sainaithint íospartach agus soláthar seirbhísí tacaíochta. Is é tuairim CESE gur cheart don Choimisiún tacú leis na Ballstáit na hionstraimí sin a chruthú nó a neartú, ar féidir iad a chomhordú ar an leibhéal Eorpach chun cúram agus cosaint íospartaigh na gáinneála a fheabhsú. Bheadh gá dul chun cinn a dhéanamh maidir le hionstraim tarchuir Eorpach a cheapadh chun feabhas a chur ar an gcomhchuibhiú a mhéid a bhaineann le cúram agus cúnamh d’íospartaigh agus le córais tacaíochta a fhorbairt d’íospartaigh. D’fhéadfaí sásra breise a bhunú do gach Ballstát faoi leith, mar atá, comhlacht neamhspleách faireacháin agus dearbhaithe ina mbeidh rapóirtéir náisiúnta a dhéanann faireachán ar éifeachtacht na mbeart a chuirtear chun feidhme sna Ballstáit chun an gháinneáil a chomhrac, a dhéanann taighde agus a bheadh i dteagmháil le geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha a bhíonn ag plé leis an bhfeiniméan ar leibhéil éagsúla.

3.13.

Creideann CESE gur cheart aird níos mó a thabhairt sa Treoir ar íospartaigh na gáinneála agus ba mhian leis a thabhairt chun cuimhne an oibleagáid atá ar na Ballstáit aire a thabhairt dóibh siúd, iad a chosaint agus a gcuimsiú sóisialta áirithiú a mhéid is féidir. De bhreis ar a mheabhrú nár cheart pionós a ghearradh ar íospartaigh na gáinneála, ba cheart sásraí agus ionstraimí a neartú trí bhíthin na Treorach chun cúnamh agus tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh, agus go háirithe do ghrúpaí leochaileacha amhail mionaoisigh, mionlaigh, dídeanaithe nó imircigh gan doiciméid. Lena chois sin, ba cheart uirlisí sásaimh agus coiscthe d’íospartaigh a fhiosrú agus a neartú a thuilleadh, lena n-áirítear sásraí sábháilte tuairiscithe agus gearán agus cistí cúitimh.

3.14.

Lánpháirtiú sa tír cinn scríbe, is rud é sin is féidir a bhaint amach ach tacaíocht shaincheaptha, faisnéis, oideachas agus tionscadail chumhachtaithe a chur ar fáil d’íospartaigh na gáinneála tríd an méid seo a leanas: íospartaigh a ghlacadh i struchtúir shonracha faoi chosaint; éisiúint éigeantach ceadaithe cónaithe mar sine qua non maidir le héalú ón ngáinneáil; cúnamh sláinte, faisnéis agus cosc; tacaíocht shíceolaíoch agus idirghabháil chultúrtha; faisnéis agus tacaíocht shóisialta agus dhlíthiúil; cúrsaí teanga agus litearthachta; measúnú ar scileanna agus ar inniúlachtaí; treoir ghairme agus oiliúint ghairmiúil; imeascadh i margadh an tsaothair.

3.15.

Ní thugtar aghaidh sa Treoir ar athruithe reachtacha ar chosaint chearta na n-íospartach, ná ar chúnamh agus tacaíocht do dhaoine a ndéantar gáinneáil orthu. D’fhéadfaí tuilleadh feabhais a chur ar chúrsaí fós i dtaca leis sin de. Meabhraíonn CESE go dtugtar aghaidh i dTreoir 2012/29/AE (3) lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh uile na coireachta, inter alia, ar riachtanais shonracha catagóirí áirithe d’íospartaigh na gáinneála ar dhaoine, na mí-úsáide gnéasaí, an dúshaothraithe ghnéasaigh agus na pornagrafaíochta leanaí.

3.16.

Iarrann CESE ar an gCoimisiún a áireamh ina thogra chun an Treoir a leasú gur gá cloí le Treoir 2004/81/CE maidir leis an gcead cónaithe arna eisiúint do náisiúnaigh tríú tír ar íospartaigh na gáinneála ar dhaoine iad nó a bhí faoi réir gníomhaíochta chun inimirce neamhdhleathach a éascú, a chomhoibríonn leis na húdaráis inniúla.

3.17.

Ba cheart “comhar an íospartaigh” a thuiscint mar an fonn atá air páirt a ghlacadh i dtionscadal aonair um lánpháirtiú sóisialta agus um éalú ón dúshaothrú. Ní féidir cead cónaithe a dheonú ach dóibh siúd a chinneann oibriú i gcomhar le húdaráis bhreithiúnacha, ós rud é go dteastaíonn cead cónaithe i gcás roghanna malartacha ar gháinneáil, i.e. rochtain ar sheirbhísí críochacha oiliúna agus cumhachtaithe.

3.18.

Bíonn drogall ar íospartaigh fianaise a thabhairt i gcoinne a ngáinneálaithe. Is minic a bhíonn siad thíos le síor-dhúmháil agus cuirtear iad agus a dteaghlach i mbaol nuair a bhíonn orthu fianaise a thabhairt. I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú nach gcuirtear san áireamh toiliú íospartaigh na gáinneála ar dhaoine le dúshaothrú (Airteagal 3(b) – Prótacal Gáinneála na Náisiún Aontaithe – 2000).

3.19.

Ina theannta sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún dul chun cinn a dhéanamh maidir le cur chun feidhme na moltaí atá san fhoilseachán uaidh dar teideal The EU rights of victims of trafficking in human beings [Cearta íospartaigh na gáinneála ar dhaoine san Aontas Eorpach] (4) ionas go ndéanfaidh na Ballstáit ceadanna cónaithe a dheonú i gcónaí d’íospartaigh na gáinneála sna cásanna seo a leanas:

más gá an t-íospartach a bheith i láthair don imscrúdú nó do na himeachtaí breithiúnacha;

má tá sé léirithe ag an íospartach go bhfuil sé soiléir go bhfuil sé toilteanach comhoibriú;

más rud é gur bhris an t-íospartach aon chaidreamh le déantóir(í) chion na gáinneála;

mura gcuireann an t-íospartach an beartas poiblí nó an tslándáil i mbaol.

Chomh maith leis sin, tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit úsáid níos mó a bhaint as an deis chun ceadanna cónaithe a thairiscint d’íospartaigh ar chúiseanna daonnúla nó pearsanta, fiú i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha thuas.

3.20.

Athdhearbhaíonn CESE a thábhachtaí atá sé dícheall a dhéanamh chun an gháinneáil a chosc, agus béim á leagan aige ar an ngá atá ann an t-éileamh ar gach cineál dúshaothraithe a mhaolú. Is ag síor-mhéadú atá an t-éileamh ar shaothar saor nó ar striapachas, bíodh is gur minic a bhíonn baint acu le cionta gáinneála ar dhaoine.

3.21.

Measann CESE gur cheart cur leis an iliomad gníomhaíochtaí lena bhféachtar le feabhas a chur ar fhaisnéis agus ar fheasacht maidir leis na saincheisteanna sin, lena n-áirítear trí uirlisí cumarsáide nua, oiliúint, cláir oideachais agus feachtais múscailte feasachta a fhiosrú d’fhonn an comhrac i gcoinne na gáinneála a neartú sna Ballstáit ar fad.

3.22.

Aontaíonn CESE leis an mbarúil nach foláir feabhas a chur ar bhailiú sonraí, agus freisin ar na hionstraimí trína ndéantar na coireanna sin a shainaithint ar dhóigh níos fearr. Is follas go bhfuil líon suntasach cásanna neamhthuairiscithe ann, rud is gá a chur ina cheart agus freagairt dó trí chomhordú agus comhar leis na Ballstáit, agus leis na hinstitiúidí Eorpacha chomh maith. Féadfaidh sé gur cuidiú a bheidh sa togra le haghaidh tuarascáil staidrimh bhliantúil ar thrácht chun sonraí níos fearr a fháil, gníomhaíocht a fheabhsú agus feasacht an phobail ar na cionta sin a ardú.

3.23.

Ar an dóigh chéanna, is díol sásaimh do CESE an measúnú a rinne an Coimisiún ar an ngá atá ann tuarascáil bhliantúil ar obair na mBallstát i ndáil le gníomhaíochtaí i gcoinne na gáinneála ar dhaoine a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle Eorpaí, tuarascáil ina leagfaí béim ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí agus ar thionchar na ngníomhaíochtaí sin.

3.24.

Creideann CESE gur cheart leas a bhaint as cur i láthair an togra seo chun an Treoir a leasú chun feasacht a mhúscailt agus chun é a chur in iúl ar dhóigh níos fearr gur gá cur leis an gcomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine a neartú. Is freagairt chuimsitheach ilghnéitheach atá ag teastáil má táthar chun aghaidh a thabhairt ar an sárú ar chearta a eascraíonn as cineálacha éagsúla dúshaothraithe, agus ní mór baint a bheith ag na saoránaigh leis an gcomhrac i gcoinne na saoirse ó phionós agus normalú na mí-úsáidí sin.

An Bhruiséil, 27 Aibreán 2023

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  IO L 101, 15.4.2011, lch. 1.

(2)  IO L 261, 6.8.2004, lch. 19.

(3)  IO L 315, 14.11.2012, lch. 57.

(4)  The EU rights of victims of trafficking in human beings [Cearta íospartaigh na gáinneála ar dhaoine san Aontas Eorpach].


Top