Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022AE4103

    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — “Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí a bhfuil eilimintí digiteacha acu agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020” (COM(2022) 454 final – 2022/0272 (COD))

    EESC 2022/04103

    IO C 100, 16.3.2023, p. 101–104 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    16.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 100/101


    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — “Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí a bhfuil eilimintí digiteacha acu agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020”

    (COM(2022) 454 final – 2022/0272 (COD))

    (2023/C 100/15)

    Rapóirtéir:

    Maurizio MENSI

    Comhrapóirtéir:

    Marinel Dănuț MUREȘAN

    Comhairliúchán

    Parlaimint na hEorpa, 9.11.2022

    Comhairle an Aontais Eorpaigh, 28/10/2022

    Bunús dlí

    Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

    Rannóg atá freagrach

    An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

    Dáta a glactha sa rannóg

    10.11.2022

    Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

    14.12.2022

    Seisiún iomlánach Uimh.

    574

    Toradh na vótála

    (ar son/in aghaidh/staonadh)

    177/0/0

    1.   Conclúidí agus moltaí

    1.1.

    Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún le haghaidh Gníomh um Chibear-athléimneacht (Cyber Resilience Act dá ngairtear “an Gníomh” anseo feasta) atá dírithe ar chaighdeáin chibearshlándála níos airde a leagan síos agus, ar an gcaoi sin, córas barántúil a chruthú d’oibreoirí eacnamaíocha agus, san am céanna, a ráthú do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh gur féidir na táirgí uile atá ar an margadh a úsáid go sábháilte. Is cuid den straitéis Eorpach maidir le Sonraí é an tionscnamh seo, lena neartaítear slándáil sonraí (ar a n-áirítear sonraí pearsanta) agus cearta bunúsacha, ar ceanglais fhíor-riachtanacha iad don tsochaí dhigiteach seo againne.

    1.2.

    Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach an fhreagairt chomhchoiteann ar chibirionsaithe a threisiú agus an próiseas lena gcomhchuibhítear an chibearshlándáil ar an leibhéal náisiúnta a chomhdhlúthú ó thaobh rialacha oibríochtúla agus uirlisí oibríochtúla de, i dtreo nach dtiocfaidh ann d’éiginnteachtaí dlíthiúla agus bacainní de thoradh cineálacha éagsúla cur chuige a bheith á gcur i bhfeidhm ó Bhallstát go chéile.

    1.3.

    Is díol sásaimh do CESE an tionscnamh ón gCoimisiún óir cuidiú a bheidh ann chun na costais nach beag a thitfidh ar ghnólachtaí de dheasca cibirionsaithe a laghdú, agus, ar a mhuin sin, fágfaidh sé gur féidir cearta bunúsacha na saoránach nó na dtomhaltóirí (ar chuma an phríobháideachais) a chosaint níos fearr. Thar aon ní eile, tá sé á léiriú ag an gCoimisiún go bhfuil riachtanais shonracha na FBManna á gcur san áireamh aige a fhad a bhaineann leis na seirbhísí a chuireann na húdaráis deimhniúcháin ar fáil; mar sin féin, tá sé á chur in iúl ag CESE gur gá na critéir is infheidhme ina leith sin a thabhairt chun soiléireachta.

    1.4.

    Measann CESE go bhfuil sé tábhachtach a chur in iúl, in ainneoin a inmholta atá sé go gcumhdaítear leis an nGníomh beagnach gach cineál táirge dhigitigh dá bhfuil ann, go bhféadfadh cur i bhfeidhm praiticiúil an Ghnímh a bheith achrannach i bhfianaise an fhaireacháin agus na maoirseachta casta nach beag is gá a dhéanamh air. Sin é an fáth ar gá na huirlisí faireacháin agus maoirseachta a neartú.

    1.5.

    Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE gur gá raon feidhme ábhartha an Ghnímh a shoiléiriú go beacht, go háirithe a fhad a bhaineann le táirgí a bhfuil eilimintí digiteacha acu agus le bogearraí.

    1.6.

    Tá sé á thabhairt dá uídh ag CESE go mbeidh oibleagáid ar na monaróirí laigí ina gcuid táirgí agus teagmhais slándála a thuairisciú, agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) a chur ar an eolas ina dtaobh. Maidir leis sin, is tábhachtach an ní na hacmhainní riachtanacha a chur ar fáil do ENISA chun gur féidir leis na cúraimí tábhachtacha íogaire atá le comhlíonadh aige a chur i gcrích go héifeachtach agus in am trátha.

    1.7.

    Chun aon éiginnteacht i gcúrsaí léirmhíniúcháin a sheachaint, is éard atá CESE a mholadh don Choimisiún treoirlínte a tharraingt suas chun comhairle a chur ar na monaróirí agus na tomhaltóirí maidir leis na rialacha agus na nósanna imeachta sonracha is infheidhme, ós rud é go bhfuil roinnt táirgí a thagann faoi raon feidhme an togra faoi réir reachtaíocht eile maidir leis an gcibearshlándáil freisin, is cosúil. Maidir leis sin, ba thábhachtach an ní freisin go mbeadh rochtain ag na FBManna, agus ag na MFBManna go háirithe, ar shaintacaíocht oilte ab acmhainn di seirbhísí gairmiúla ar leith a sholáthar.

    1.8.

    Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE nach léir sa tslánchruinne cén cineál caidrimh a bheidh ann idir na húdaráis deimhniúcháin a chruthaítear leis an nGníomh agus comhlachtaí eile atá údaraithe chun an chibearshlándáil a dheimhniú faoi fhorálacha eile. Is féidir go dtiocfaidh an fhadhb chéanna chun cinn freisin maidir le comhordú oibríochtúil idir na húdaráis faireachais dá bhforáiltear sa togra seo agus iad siúd atá ag feidhmiú cheana féin faoi reachtaíocht eile is infheidhme maidir leis na táirgí céanna.

    1.9.

    Tá sé á thabhairt le fios ag CESE go mbeidh ar na húdaráis deimhniúcháin, faoin togra seo, méid suntasach oibre agus freagrachta a ghlacadh orthu féin. Ní mór a áirithiú go mbeidh siad ag feidhmiú mar is ceart sa chleachtas, d’fhonn is nach gcuirfidh an Gníomh, ar an gcuid is lú de, leis an ualach riaracháin atá orthu cheana óir fágfaidh sin faoi mhíbhuntáiste na monaróirí sin a mbeidh orthu roinnt ceanglais deimhniúcháin bhreise a chomhlíonadh ionas go bhféadfaidh siad leanúint de bheith ag oibriú ar an margadh.

    2.   Anailís ar an togra

    2.1.

    Leis an togra le haghaidh Gníomh um Chibear-athléimneacht (an Gníomh), tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an reachtaíocht i réimse na cibearshlándála atá ann faoi láthair a chuíchóiriú agus a athshainiú ar bhealach cuimsitheach cothrománach agus, bonn ar bhonn leis sin, í a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise nuálaíochtaí i réimse na teicneolaíochta.

    2.2.

    A fhad ar a ghiorracht, ceithre chuspóir atá ag an nGníomh mar leanas: a áirithiú go gcuirfidh na monaróirí feabhas ar shábháilteacht táirgí a bhfuil eilimintí digiteacha acu ag céim an deartha agus ag céim na forbartha agus ó thús go deireadh a saolré; creat comhleanúnach rialacha i réimse na cibearshlándála a áirithiú, rud a éascóidh do na monaróirí crua-earraí agus bogearraí a n-oibleagáidí comhlíontachta a chomhall; cur le trédhearcacht ghnéithe sábháilteachta na dtáirgí sin a bhfuil eilimintí digiteacha acu; é a chur ar chumas do na gnólachtaí agus na tomhaltóirí na táirgí sin a úsáid go sábháilte. Go bunúsach, tugtar isteach leis an togra marcáil chomhréireachta i réimse na cibearshlándála trína fhágáil go gcaitear an mharcáil sin a ghreamú de gach táirge a chumhdaítear leis an nGníomh.

    2.3.

    Beart cothrománach é seo a ligfidh don Choimisiún an t-ábhar ar fad a rialáil ar bhealach cuimsitheach, ós rud é go gcumhdaítear leis an nGníomh beagnach gach cineál táirge a bhfuil eilimintí digiteacha aige. Is iad seo a leanas na nithe nach gcumhdaítear leis: táirgí leighis, táirgí eitlíochta sibhialta, feithiclí agus táirgí chun críoch míleata. Ar a mhuin sin, ní chumhdaítear leis an togra seirbhísí de chineál SaaS (néalsheirbhísí), ach amháin má úsáidtear iad chun táirgí a bhfuil eilimintí digiteacha acu a cheapadh.

    2.4.

    Tá an sainmhíniú ar “táirgí a bhfuil eilimintí digiteacha acu” an-leathan óir clúdaítear ann an uile shaghas táirge bogearraí nó crua-earraí, chomh maith le bogearraí nó crua-earraí nach cuid den táirge féin iad ach a chuirtear ar an margadh ar leithligh.

    2.5.

    Leis an reachtaíocht sin, tugtar isteach ceanglais chibearshlándála éigeantacha le haghaidh táirgí a bhfuil eilimintí digiteacha acu, agus é sin ó thús go deireadh a saolré, ach níl sí le cur in ionad na gceanglas atá i bhfeidhm cheana féin. A mhalairt atá fíor maidir le táirgí ar deimhníodh cheana go gcomhlíonann siad caighdeáin an Aontais atá ann faoi láthair, measfar iad a bheith “bailí” faoin Rialachán nua.

    2.6.

    Is ar bhonn an phrionsabail ghinearálta seo a leanas a bhítear de ghnáth: nach ndéantar ach táirgí “sábháilte” a mhargú san Eoraip agus go n-áirithíonn na monaróirí go mbeidh na táirgí sin sábháilte ar feadh a saolré uile.

    2.7.

    Meastar táirge a bheith “sábháilte” más rud é go ndéantar é a dhearadh agus a mhonarú ar chaoi a chinnteoidh go bhfuil sé ar leibhéal slándála atá inchurtha leis na cibir-rioscaí a ghabhann le húsáid an táirge sin, nach bhfuil aon laigí aitheanta ann tráth a dhíolta, go bhfuil cumraíocht réamhshocraithe shlán aige, go gcosnaítear é ar naisc neamhdhleathacha, go gcosnaíonn sé na sonraí a bhailíonn sé, agus go mbailítear na sonraí a fhónann dá oibriú agus na sonraí sin amháin.

    2.8.

    Meastar monaróir a bheith inniúil ar a tháirgí féin a mhargú más rud é go gcuireann sé ar fáil liosta de chomhpháirteanna bogearraí éagsúla a chuid táirgí, go gcuireann sé leigheasanna ar fáil in aisce agus gan mhoill i gcás laigí nua a theacht chun cinn, go nochtann sé don phobal, agus go sonraíonn sé, na laigí a bhraitheann sé agus a chuireann sé ina gceart, agus go bhfíoraíonn sé ar bhonn rialta “stóinseacht” na dtáirgí a bhíonn á gcur ar an margadh aige. Ní mór na gníomhaíochtaí sin maille leis na ceanglais eile a fhorchuirtear leis an nGníomh a chur i bhfeidhm ar feadh shaolré an táirge, nó ar feadh cúig bliana ar a laghad tar éis a churtha ar an margadh. Tá ceangal ar an monaróir a áirithiú go gcuirtear laigí ina gceart trí mheán nuashonruithe rialta bogearraí.

    2.9.

    De réir prionsabal ginearálta a chuirtear i bhfeidhm in earnálacha éagsúla, cuirtear na hoibleagáidí sin ar allmhaireoirí agus ar dháileoirí freisin.

    2.10.

    Leis an nGníomh foráiltear do mhacra-chatagóir “réamhshocraithe” (mar a thugtar air) de tháirgí agus de bhogearraí, ar féidir brath ar fhéinmheasúnú ón monaróir ina leith, rud is fíor cheana féin i gcás deimhnithe marcála comhréireachta de chineálacha eile. De réir an Choimisiúin, baineann 90 % de na táirgí atá ar an margadh leis an gcatagóir sin.

    2.11.

    Féadfar na táirgí atá i gceist a chur ar an margadh tar éis don mhonaróir féinmheasúnú a dhéanamh ar chibearshlándáil na dtáirgí sin agus caithfidh sé nó sí an doiciméadacht iomchuí a chur i dtoll a chéile, mar atá sonraithe sna treoirlínte rialála. Tá ceangal ar an monaróir an measúnú a dhéanamh athuair i gcás ina ndéantar modhnú ar an táirge.

    2.12.

    Déantar an 10 % eile de na táirgí a roinnt in dhá chatagóir eile (aicme I, ar lú an dainséar a bhaineann léi, agus aicme II, ar contúirtí í ná an chéad aicme), agus is gá a bheith an-aireach agus iad á gcur ar an margadh. “Táirgí criticiúla a bhfuil eilimintí digiteacha acu” a thugtar orthu siúd óir d’fhéadfadh sáruithe contúirteacha slándála níos leithne a bheith ann dá gclisfeadh orthu.

    2.13.

    I gcás táirgí den dá aicme sin, ní cheadaítear an féindeimhniú bunaidh ach amháin i gcás ina léiríonn an monaróir go bhfuil caighdeáin mhargaidh shonracha agus sonraíochtaí slándála faoi leith nó deimhnithe cibearshlándála dá bhforálann an tAontas cheana féin comhlíonta aige nó aici. Murab amhlaidh atá, féadfaidh sé nó sí deimhniú an táirge a fháil ó chomhlacht creidiúnaithe deimhniúcháin a bhfuil a dheimhniú siúd éigeantach i leith táirgí d’aicme II.

    2.14.

    Tá córas leagtha síos sa Togra le haghaidh Rialachán maidir leis an intleacht shaorga (IS) freisin faoinar féidir táirgí a aicmiú de réir catagóirí riosca. D’fhonn is nach rachfaí chun amhrais ar na forálacha is infheidhme, cuirtear san áireamh sa Ghníomh táirgí a bhfuil eilimintí digiteacha acu a dhéantar a aicmiú san am céanna mar “córais IS ardriosca” faoin togra maidir le IS. De ghnáth, caithfidh na táirgí sin an nós imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar amach sa Rialachán maidir le IS a chomhlíonadh, cé is moite de “táirgí criticiúla a bhfuil eilimintí digiteacha acu”, a mbeidh feidhm ag rialacha measúnaithe comhréireachta an Ghnímh ina leith sa bhreis ar “ceanglais riachtanacha” an Ghnímh.

    2.15.

    D’fhonn comhlíonadh an Ghnímh a áirithiú, tá gach Ballstát le húdarás náisiúnta a ainmniú chun faireachas margaidh a dhéanamh. I gcomhréir leis an reachtaíocht maidir le sábháilteacht táirgí eile, má chinneann údarás náisiúnta nach bhfuil gnéithe cibearshlándála táirge bailí a thuilleadh, féadfar margaíocht an táirge sin a chur ar fionraí sa Stát atá i gceist. Tá sé d’inniúlacht ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) grinnmheastóireachtaí a dhéanamh ar tháirgí ar tugadh fógra ina leith, agus, as los na meastóireachtaí sin, d’fhéadfadh sé, i gcás ina bhfaightear amach go bhfuil táirge neamhshábháilte, go dtarraingeofaí siar an táirge i dtrácht ó mhargadh an Aontais.

    2.16.

    Áirítear sa Ghníomh sraith pionós – bunaithe ar a dháiríre atá an sárú féin — a d’fhéadfadh a bheith chomh hard le EUR 15 mhilliún nó 2,5 % den láimhdeachas sa bhliain airgeadais roimhe sin i gcás sárú ar na ceanglais riachtanacha chibearshlándála is infheidhme maidir leis na táirgí sin.

    3.   Barúlacha

    3.1.

    Is díol sásaimh do CESE an tionscnamh ón gCoimisiún atá dírithe ar lúb mhórthábhachtach a chur i slabhra leathan ilchineálach na cibearshlándála, sa bhreis ar an Treoir maidir le Cibearshlándáil (NIS) (1) agus ar an nGníomh (2). Tá ról lárnach ag ardchaighdeáin chibearshlándála maidir le córas cibearshlándála stóinsithe de chuid an Aontais a chruthú do gach oibreoir eacnamaíoch, arb é is aidhm dó a ráthú do shaoránaigh an Aontais gur féidir na táirgí uile atá ar an margadh a úsáid go sábháilte agus cur lena muinín sa saol digiteach.

    3.2.

    Dá bhrí sin, tugann an Rialachán aghaidh ar dhá shaincheist, mar atá, an leibhéal íseal cibearshlándála atá i gceist i gcuid mhaith táirgí agus, thar aon ní eile, an chaoi nach gcuireann cuid mhaith monaróirí nuashonruithe ar fáil chun pé laigí a bhíonn iontu a chur ina gceart. Siúd is go ndéantar damáiste ar uairibh do chlú mhonaróirí na dtáirgí sin a bhfuil eilimintí digiteacha acu nuair nach mbíonn a gcuid táirgí sábháilte a ndóthain, is ar úsáideoirí gairmiúla agus ar thomhaltóirí, thar aon dream eile, a thiteann costas na laigí sin a leigheas. Is lú an dreasacht, dá réir sin, a bhíonn ann do na monaróirí infheistiú a dhéanamh i ndearadh agus i bhforbairt táirgí sábháilte nó nuashonruithe slándála a chur ar fáil. Ina cheann sin, is minic nach mbíonn dóthain faisnéis chruinn ag gnólachtaí agus ag tomhaltóirí maidir le conas táirgí sábháilte a roghnú agus is minic nach mbíonn a fhios acu ach oiread conas a chinntiú go bhfuil na táirgí a cheannaíonn siad cumraithe go slán. Tugann na rialacha nua aghaidh ar an dá shaincheist sin trí dhul i ngleic le ceist na nuashonruithe agus trí fhaisnéis atá cothrom le dáta a chur ar fáil do chustaiméirí. Creideann CESE, i ndáil leis sin, go bhféadfadh an Rialachán atá beartaithe, má chuirtear i bhfeidhm i gceart é, feidhmiú mar thagarmharc idirnáisiúnta agus mar shamhail i réimse na cibearshlándála.

    3.3.

    Is díol sásaimh do CESE an togra maidir le ceanglais chibearshlándála a thabhairt isteach le haghaidh táirgí a bhfuil eilimintí digiteacha acu. Mar sin féin, is den tábhacht forluí a sheachaint le forálacha rialála eile atá ann cheana a bhaineann leis an tsaincheist seo, leithéid Threoir nua NIS 2 (3) agus an Gníomh um Intleacht Shaorga.

    3.4.

    Measann CESE go bhfuil sé tábhachtach a chur in iúl, in ainneoin a inmholta atá sé go gcumhdaítear leis an nGníomh beagnach gach cineál táirge dhigitigh dá bhfuil ann, go bhféadfadh cur i bhfeidhm praiticiúil an Ghnímh a bheith achrannach i bhfianaise an fhaireacháin agus na maoirseachta nach beag is gá a dhéanamh air.

    3.5.

    Tá raon feidhme ábhartha an Ghnímh leathan agus cumhdaítear leis na táirgí uile a bhfuil eilimintí digiteacha acu. De réir an tsainmhínithe atá beartaithe, cumhdaítear gach táirge bogearraí agus crua-earraí agus na réitigh próiseála sonraí a ghabhann leo. Molann CESE don Choimisiún a shoiléiriú an dtagann gach cineál bogearra faoi raon feidhme an Rialacháin atá beartaithe.

    3.6.

    Beidh sé d’oibleagáid ar na monaróirí laigí an-dúshaothraithe agus teagmhais slándála a thuairisciú. Beidh orthu ENISA a chur ar an eolas faoi aon laigí an-dúshaothraithe a bheadh i dtáirge ar bith agus (ar leithligh uaidh sin) faoi aon teagmhas a mbeadh tionchar aige ar shábháilteacht táirgí, agus é sin laistigh de 24 uair an chloig tar éis dóibh eolas a fháil fúthu. Tá sé á thabhairt le fios ag CESE ina leith sin gur gá acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil do ENISA, mar atá líon sásúil díobh a sholáthar mar aon leis an oiliúint ghairmiúil a theastóidh i gcomhair a n-úsáidte, i dtreo go mbeidh sé in ann na cúraimí tábhachtacha íogaire a thugtar dó faoin Rialachán a chur i gcrích go héifeachtach.

    3.7.

    Ós rud é go bhfuil roinnt táirgí a thagann faoi raon feidhme an togra faoi réir reachtaíocht eile maidir leis an gcibearshlándáil freisin, d’fhéadfadh éiginnteacht a bheith ann faoi na rialacha atá i bhfeidhm sna cásanna sin. Cé go bhfuil an Gníomh deartha ar chaoi a fhágfaidh comhsheasmhach é le creat rialála táirgí an Aontais atá ann faoi láthair agus le tograí eile atá ar na bacáin faoi Straitéis Dhigiteach an Aontais, tá forluí ann, cuir i gcás, idir na rialacha le haghaidh táirgí IS ardriosca agus na rialacha atá sa Rialachán maidir le próiseáil sonraí pearsanta. Is éard atá CESE a mholadh don Choimisiún i ndáil leis sin treoirlínte a tharraingt suas chun comhairle a chur ar na monaróirí agus na tomhaltóirí maidir leis an gcaoi ar cheart é a chur i bhfeidhm.

    3.8.

    Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE nach léir sa tslánchruinne, is cosúil, cén cineál caidrimh a bheidh ann idir na húdaráis deimhniúcháin a chruthaítear leis an nGníomh agus aon chomhlachtaí eile atá údaraithe chun an chibearshlándáil a dheimhniú faoi na rialacháin eile is infheidhme.

    3.9.

    Ina theannta sin, beidh ualach oibre agus freagrachta nach beag ar na húdaráis deimhniúcháin sin. Ní mór a fhíorú agus a áirithiú go mbeidh siad ag feidhmiú mar is ceart sa chleachtas d’fhonn is nach gcuirfidh an Gníomh tuilleadh eile leis an ualach riaracháin atá ar mhonaróirí atá ag oibriú ar an margadh. Maidir leis sin, ba thábhachtach an ní freisin go mbeadh rochtain ag na FBManna, agus ag na MFBManna go háirithe, ar shaintacaíocht oilte ab acmhainn di seirbhísí gairmiúla ar leith a sholáthar.

    3.10.

    Leis an nGníomh, éilítear ar na húdaráis deimhniúcháin riachtanais shonracha na FBManna a chur san áireamh agus a gcuid seirbhísí á ndéanamh acu; mar sin féin, tá sé á chur in iúl ag CESE gur gá na critéir is infheidhme ina leith sin a thabhairt chun soiléireachta.

    3.11.

    Is féidir go dtiocfaidh fadhb chomhordúcháin chun cinn idir na húdaráis faireachais dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus iad siúd atá ag feidhmiú cheana féin faoi na rialacha eile is infheidhme maidir leis na táirgí céanna. Dá bhrí sin, molann CESE don Choimisiún a iarraidh ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar an staid agus, i gcás inarb iomchuí, cur chun gnímh d’fhonn is nach dtitfidh sin amach.

    An Bhruiséil, an 14 Nollaig 2022.

    Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

    Christa SCHWENG


    (1)  Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 a bhaineann le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála na gcóras gréasán agus faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).

    (2)  Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (IO L 151, 7.6.2019, lch. 15).

    (3)  Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80).


    Top