Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022AE3972

    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — “Seiceáil ar iomaíochas chun geilleagar níos láidre agus níos athléimní a thógáil san Aontas” (Tústuairim)

    EESC 2022/03972

    IO C 100, 16.3.2023, p. 76–82 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    16.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 100/76


    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — “Seiceáil ar iomaíochas chun geilleagar níos láidre agus níos athléimní a thógáil san Aontas”

    (Tústuairim)

    (2023/C 100/11)

    Rapóirtéir:

    Christian ARDHE

    Comhrapóirtéir:

    Giuseppe GUERINI

    Comhairliúchán

    Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh, 30.6.2022

    Bunús dlí

    Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

    Rannóg atá freagrach

    Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

    Dáta a glactha sa rannóg

    10.11.2022

    Toradh na vótála

    (ar son/in aghaidh/staonadh)

    54/1/2

    Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

    14.12.2022

    Seisiún iomlánach Uimh.

    574

    Toradh na vótála

    (ar son/in aghaidh/staonadh)

    150/4/11

    1.   Conclúidí agus moltaí

    1.1.

    Measann CESE gur fíorthráthúil an rud an iarraidh ó Uachtaránacht na Seicia tústuairim a ullmhú maidir le seiceáil ar iomaíochas. I bhfianaise na ndúshlán atá ann faoi láthair agus a bhfuil súil leo amach anseo, síleann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach geilleagar an Aontais a dhéanamh níos iomaíche. Ós rud é gurb iad an margadh aonair agus an geilleagar sóisialta margaidh an dá bhuntáiste is mó atá ag an Aontas i dtaca le fás eacnamaíoch agus folláine shóisialta a bhaint amach, iarrann CESE seiceáil ar iomaíochas d’fhonn fiontraíocht, jabchruthúchán, agus dálaí oibre níos fearr a chothú, mar aon le fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus comhtháthú sóisialta.

    1.2.

    Measann CESE gur cur chuige í an tseiceáil ar iomaíochas lenar féidir a áirithiú go dtugtar aird chuí sa chinnteoireacht ar ghnéithe an iomaíochais. Chuige sin, teastaíonn eolas leormhaith ar an tionchar arna imirt ag tionscnaimh ar an iomaíochas mar aon le meon atá íogair ó thaobh an iomaíochais de agus cinntí á ndéanamh.

    1.3.

    Cuireann CESE i bhfáth gur cheart seiceáil ar iomaíochas a bheith ina cuid lárnach den chinnteoireacht Eorpach chothrom agus gur cheart í a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs aon phróisis reachtóireachta nó ceaptha beartais de chuid an Aontais. Ba cheart go gcumhdófaí léi tionscnaimh reachtacha, reachtaíocht thánaisteach, bearta, straitéisí agus cláir fhioscacha, agus comhaontuithe idirnáisiúnta. Ba cheart í a chomhtháthú i bpróiseas an tSeimeastair Eorpaigh freisin, ós rud é go bhfuil beartais na mBallstát ríthábhachtach i dtaca leis an gceist seo.

    1.4.

    Ós rud é gur bunús fíorasach leis an tseiceáil ar iomaíochas é an measúnú tionchair láidir, ní mór a áirithiú gur rud éigeantach éifeachtach a fhorfheidhmítear ina iomláine ag gach céim den phróiseas cinnteoireachta é an measúnú tionchair ar iomaíochas. Is mór ag CESE na treoirlínte atá ann faoi láthair maidir le Rialáil Níos Fearr agus an bosca uirlisí a ghabhann leo ach ní mór dó a chur in iúl, mar a thug an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála le fios, gur léir an gá atá le feabhas a chur ar an scéal, go háirithe i dtaca le cur chun feidhme na n-uirlisí.

    1.5.

    Creideann CESE gur cheart a chur san áireamh i seiceáil ar iomaíochas an tionchar arna imirt ar ghnólachtaí, fostaíocht, dálaí oibre ag leibhéil éagsúla, lena n-áirítear costais chomhlíontachta agus éifeachtaí díreacha eile, éifeachtaí iolraitheora ar shlabhraí luacha, agus tionchar maicreacnamaíoch an mhéid sin. I dtaca leis sin, ba cheart aird a thabhairt ar shuíomh iomaíoch an réimse leathain fiontar ó thaobh earnála, méid, agus samhail ghnó de, fiontair shóisialta san áireamh.

    1.6.

    Tá CESE den bharúil go bhfuil sé tábhachtach idir an dea-thionchar agus an drochthionchar ar an iomaíochas a chur san áireamh, d’fhonn ní hamháin caillteanais iomaíochais a sheachaint ach feabhas a chur ar an iomaíochas freisin, agus aird ar leith á tabhairt ar earraí agus seirbhísí Eorpacha a fhorbairt a bheidh iomaíoch sa mhargadh domhanda. Ní mór a chur san áireamh sa tseiceáil ar iomaíochas an éagsúlacht mhór atá ann ó thaobh gnólachtaí de, ós rud é gur féidir go n-imreofar tionchar orthu ar bhealaí difriúla.

    1.7.

    Cé gurb é príomhábhar na seiceála ar iomaíochas tionscnaimh arb é is príomhúdar leo aidhmeanna nach iad an t-iomaíochas feabhsaithe iad, iarrann CESE ar an gCoimisiún clár oibre iomaíochais ar leith a ullmhú freisin, arb é is príomhaidhm fhadtéarmach leis iomaíochas an Aontais a fheabhsú.

    1.8.

    Le clár oibre iomaíochais, ba cheart cur le geilleagar sóisialta margaidh an Aontais, agus díriú ar shaincheisteanna bunúsacha amhail an margadh aonair agus an trádáil eachtrach, an infheistíocht agus an rochtain ar chistiúchán, córais chánach, an taighde agus an nuálaíocht, scileanna agus margaí saothair, mar aon le micreaghnóthais agus gnóthais bheaga agus mheánmhéide agus an dá aistriú, agus aird á tabhairt ar chreat an mhaoinithe inbhuanaithe agus an t-iomaíochas ag teacht le cuspóirí sóisialta agus comhshaoil. Ós rud é go bhfuil naisc idir an t-iomaíochas agus gnéithe sóisialta agus comhshaoil agus gur ábhar é a bhaineann le cách, ní mór dlúthbhaint a bheith ag ionadaithe na gcomhpháirtithe sóisialta le hullmhú an chláir oibre, agus ról lárnach a bheith ag an idirphlé sóisialta mar a leagadh amach i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta.

    2.   Cúlra

    2.1.

    Is freagra í an tuairim seo ar an iarraidh ó Uachtaránacht na Seice ar thústuairim ó CESE i dtaca le réimse an iomaíochais Eorpaigh agus gnéithe rialála den reachtaíocht Eorpach maidir le gnólachtaí an Aontais. Is é téama na tuairime seiceáil ar iomaíochas chun geilleagar níos láidre agus níos athléimní a thógáil san Aontas. Leagann an Uachtaránacht béim ar an ngá atá le spleáchas straitéiseach an Aontais a laghdú agus a thuilleadh athléimneachta a áirithiú, mar aon le hoscailteacht i leith an domhain mhóir agus iomaíochas ghnólachtaí an Aontais a áirithiú.

    2.2.

    Tá an t-iomaíochas curtha chun cinn freisin ag rialtas na Sualainne mar ghné amháin de chúrsa polaitiúil Uachtaránacht na Sualainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh atá ar na bacáin.

    2.3.

    Tá seiceáil ar iomaíochas iarrtha cheana féin ag CESE sa tuairim uaidh maidir leis an bpacáiste “Oiriúnach do 55” (1), inar dhearbhaigh sé an méid seo a leanas:“[a]gus sinn ag aistriú chuig sochaí aeráidneodrach, ní mór dúinn samhail a ghlacadh a mbeidh geilleagar rathúil mar thoradh air. Más mian linn a áirithiú go mbeidh an tAontas ar thús cadhnaíochta agus go mbeidh sé ina eiseamláir don chuid eile den domhan, ba cheart dúinn díriú ar an tsamhail is rathúla is féidir a mhúnlú – samhail atá cóir agus inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair, na sochaí agus an chomhshaoil de.” Dhearbhaigh CESE freisin “[gur] cheart seiceáil a dhéanamh ar iomaíochas gach togra reachta[igh] a chuirtear ar aghaidh faoi chuimsiú an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’, i gcomhréir le prionsabail na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, i dtreo go dtuigfear go maith na himpleachtaí uile a bheidh acu ar fhiontair.” Roimhe sin, d’iarr CESE seiceáil ar iomaíochas sa tuairim uaidh maidir le hAontas na Margaí Caipitil (2).

    2.4.

    Iarradh freisin sa tuarascáil ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa go ndéanfaí seiceáil ar iomaíochas i gcás tionscnaimh bheartais nua de chuid an Aontais le hanailís a dhéanamh ar a dtionchar ar chuideachtaí agus ar an timpeallacht ghnó lena mbaineann (an costas a bhaineann le gnó a dhéanamh, an cumas nuálaíocht a dhéanamh, iomaíochas idirnáisiúnta, cothroime iomaíochta, etc.) agus go mbeadh an tseiceáil sin ag teacht le Comhaontú Pháras, na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, lena n-áirítear an comhionannas inscne, agus nach mbainfeadh sí an bonn ón gcosaint do chearta daonna, cearta sóisialta, ná cearta oibrithe ná ó chaighdeáin cosanta comhshaoil ná tomhaltóirí.

    2.5.

    D’fhógair Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, in óráid a thug sí le déanaí go ndéanfar seiceáil chaighdeánach ar iomaíochas ar an reachtaíocht (3).

    3.   Cúiseanna leis an tseiceáil ar iomaíochas agus an gá atá léi

    3.1.

    Tá an t-iomaíochas ina chuspóir sainráite ar chlár oibre an Aontais ar bhealaí éagsúla ó tugadh isteach Straitéis Liospóin in 2000, an straitéis Eoraip 2020 agus an straitéis thionsclaíoch ina dhiaidh sin, mar aon le sraith tuarascálacha maidir le hiomaíochas na hEorpa agus an margadh aonair. I gcaitheamh na mblianta, áfach, géaraíodh níos mó agus níos mó ar an iomaíocht idirnáisiúnta agus, i bhfianaise na ndúshlán atá ann faoi láthair agus na ndúshlán a bhfuiltear ag súil leo amach anseo, tá sé ríthábhachtach fuinneamh úr a chur san iarracht an tAontas a dhéanamh níos iomaíche. Is í an fhreagairt a thug an tAontas ar phaindéim COVID-19 an ionstraim théarnaimh Next Generation EU, arb ollchlár infheistíochta é a bhfuil tuar ann go gcuirfidh sé borradh faoi shuíomh iomaíoch dhomhanda gheilleagar an Aontais, agus gnólachtaí níos glaise agus níos digití á gcothú le seirbhísí poiblí níos éifeachtúla, bonneagar treisithe, agus margadh saothair dinimiciúil.

    3.2.

    Tá sciar na hEorpa den gheilleagar domhanda ag dul i laghad le tamall fada. Meastar nach mbeidh san Aontas Eorpach, in 2050, ach níos lú ná 10 % d’olltáirgeacht intíre (OTI) an domhain, agus gur ó thíortha lasmuigh den Aontas a thiocfaidh 85 % den fhás ar OTI an domhain atáthar a thuar sna cúpla bliain amach romhainn. Fágann ionchas lag fáis na hEorpa gur measa fós an meath eacnamaíoch coibhneasta. Is é sin, is lú tionchar a bhainfidh le guth na hEorpa ar domhan agus lagófar ról domhanda agus tionchar domhanda an Aontais Eorpaigh maidir le comhar idirnáisiúnta (4).

    3.3.

    Tá an t-ionchas gearrthéarmach amhlaidh, cuid mhór, de dheasca ionradh na Rúise ar an Úcráin, rud a bhfuil difear diúltach á dhéanamh aige do gheilleagar an Aontais i gcónaí, agus freisin toisc go bhfuil an tAontas fós ag téarnamh ó iarmhairtí éagsúla phaindéim COVID-19. Tá brú aníos breise curtha ag an gcogadh ar phraghsanna fuinnimh agus tráchtearraí bia, rud a chuireann leis an mbrú boilscitheach domhanda agus a chreimeann cumhacht cheannaigh na dteaghlach (5). Mar fhreagra ar na rátaí arda boilscithe, d’ardaigh an Banc Ceannais Eorpach rátaí úis an euro, mórán mar a rinne Banc Cúlchiste Feidearálach Stáit Aontaithe Mheiriceá. De bhreis air sin, fágtar níos laige an t-éileamh seachtrach de dheasca an fás domhanda a bheith ag dul i léig. Ó thaobh an Aontais agus a Bhallstát de, is é an freagra a tugadh ná tacaíocht do na fiontair a mhéadú trí bhíthin cláir éagsúla lena n-iomaíochas a chaomhnú i gcomhthéacs ionchais eacnamaíoch dhuairc an-éagobhsaí.

    3.4.

    De bhreis ar na cúinsí nach bhfacthas a leithéid riamh cheana arb iad an phaindéim agus an cogadh is cúis leo, tá an Eoraip ag dul i ngleic le hathrú cinniúnach ó bhonn ar a struchtúr, athrú arb é is cúis leis forbairtí geopholaitiúla, athrú déimeagrafach, an digiteáil agus an t-aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach ciorclach. Tá margaí á n-athmhúnlú aige sin go léir agus dlús á chur leis an iomaíocht ó thaobh tosca táirgeachta de. I ndeireadh na dála, braitheann rath an chlaochlaithe ar a fheabhas a fheidhmíonn an geilleagar i gcoitinne. Mura mbíonn an Eoraip ar thús cadhnaíochta i réimse na nuálaíochta agus na hinbhunaitheachta, ní bheidh sí in ann dul san iomaíocht ar bhonn domhanda, ná an rathúnas a theastaíonn a sholáthar.

    3.5.

    Ba cheart trácht a dhéanamh ar an idirdhealú idir an t-iomaíochas sa mhargadh inmheánach agus sa mhargadh domhanda. Cuimsítear sa chéad cheann an t-iomaíochas ar bhonn cothrom, comhchuibhiú rialacha, agus bacainní a bhaint (6). Is éard a bhíonn i gceist leis an dara ceann ná dálaí fabhracha agus táirgí agus seirbhísí níos fearr, a bhfuil teacht níos mó orthu, agus iomaíocht le hiomaitheoirí ón taobh amuigh den Aontas. Cuireann margadh inmheánach dea-fheidhmiúil freisin leis na cúinsí as a dtagann an t-iomaíochas domhanda.

    3.6.

    Tá sé tábhachtach cothromaíocht a bhaint amach idir cuspóirí beartais éagsúla. Mar sin féin, ba cheart díriú níos mó ar réitigh a chruthú a mbíonn buntáiste ag gach taobh iontu, ós rud é go dtéann gnólachtaí iomaíocha chun tairbhe don gheilleagar agus don tsochaí i gcoitinne agus go gcuireann geilleagar fónta agus sochaí chobhsaí leis an athléimneacht agus le hiomaíochas na timpeallachta gnó.

    3.7.

    Is léir freisin nach mór don Aontas a sheasamh agus a thionchar idirnáisiúnta a neartú agus na haistrithe digiteacha agus glasa ar bun. Ní hé an t-iomaíochas eacnamaíoch amháin atá i gceist le seasamh níos láidre ó thaobh fhorbairt agus ghlacadh na dteicneolaíochtaí digiteacha de, tá an tslándáil agus ról geopholaitiúil an Aontais i gceist freisin. Is réamhriachtanas é freisin an tAontas Eorpach a bheith ina bhunaitheoir caighdeán domhanda, cuir i gcás san intleacht shaorga iontaofa.

    3.8.

    An gá atá le tionchar domhanda níos láidre, baineann sé sin leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide freisin. Sa chomhrac sin, teastaíonn tionchar suntasach taidhleoireachta agus iomaíochas láidir i dtaca le costéifeachtúlacht, nuálaíocht agus scileanna mar aon le táirgí, teicneolaíochtaí agus réitigh ísealcharbóin a sholáthar do na margaí domhanda. Athrú dearfach atá tagtha ar chúrsaí is ea an líon áirithe cuideachtaí de chuid an Aontais a bhfuil infheistíochtaí á n-ailíniú acu le cuspóirí comhshaoil agus sóisialta, rud a fheictear sa mhéadú tapa atá ag teacht i margaí airgeadais domhanda agus Eorpacha ar úsáid na dtáirgí a chomhlíonann na critéir chomhshaoil, shóisialta, agus rialachais. Tá creat iomlán le haghaidh maoiniú inbhuanaithe á mhionsonrú ag an Aontas, creat lenar gá a thuilleadh trédhearcachta agus spáis a chur ar fáil ó thaobh táirgí a chomhlíonann na critéir chomhshaoil, shóisialta, agus rialachais de.

    3.9.

    I bhfianaise a thábhachtaí atá sé geilleagar rathúil lán gnólachtaí iomaíocha a bheith ann má táthar chun rathúnas agus sonas a chothú san Eoraip, mar aon le réitigh inbhuanaithe a aimsiú ar fhadhbanna aeráide agus comhshaoil, tá sé riachtanach timpeallacht fhabhrach a chur ar fáil do ghnólachtaí an Aontais le gur féidir leo nuálaíocht, infheistiú, agus trádáil a dhéanamh. Ós rud é gur leis an gcreat beartais, rialála, agus fioscach a chinntear an-chuid gnéithe den timpeallacht ghnó, ní mór do lucht ceaptha beartas a dheimhniú go mbeidh an creat sin ag tacú le hiomaíochas na bhfiontar agus, dá réir sin, leis an ngeilleagar agus leis an tsochaí i gcoitinne.

    4.   Gnéithe den tseiceáil ar iomaíochas

    4.1.

    Ós rud é gur iomaí sainmhíniú a thugtar ar an iomaíochas, bíonn a bhfuil i gceist le seiceáil ar iomaíochas ag brath ar na paraiméadair a chinntear agus ar an dearcadh a ghlactar. San iarraidh ó Uachtaránacht na Seice, tagraítear go sainráite d’iomaíochas ghnólachtaí an Aontais, d’fhonn geilleagar níos láidre agus níos athléimní a thógáil san Aontas.

    4.2.

    Is féidir cur síos ar iomaíochas gnólachtaí mar a gcumas éirí leo ar bhonn brabúsach sa mhargadh, agus luach á chruthú dóibh féin agus don tsochaí i gcoitinne. Tá an méid sin ag brath freisin ar sholáthar na dtosca táirgeachta (lucht saothair oilte, fuinneamh agus amhábhair, caipiteal, sonraí), costais fhoriomlána táirgeachta, an t-éileamh agus na margaí, cumas na bhfiontar a bheith nuálach agus deiseanna a thapú agus samhail gheilleagrach gheilleagar sóisialta margaidh an Aontais á feabhsú acu.

    4.3.

    Agus an tAontas ag dréim le hiomaíochas níos fearr a bhaint amach, is acmhainn riachtanach ar féidir cur léi geilleagar margaidh sóisialta an Aontais nach ann dá mhacasamhail, in éineacht leis an rialachas fónta maicreaeacnamaíoch, an taighde agus an nuálaíocht, an t-idirphlé sóisialta, agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a ghabhann leis, mar aon leis an oideachas cuimsitheach, lucht saothair a bhfuil poist chobhsaí acu agus fonn oibre orthu, earnáil an gheilleagair shóisialta a bhfuil borradh fúithi agus soláthar seasta infheisteoirí. I bhfianaise na ndúshlán atá ann faoi láthair agus na ndúshlán a bhfuiltear ag súil leo amach anseo, iarrann CESE seiceáil ar iomaíochas chun tacú leis an bhfiontraíocht, an jabchruthúchán, dálaí oibre níos fearr, an fás eacnamaíoch inbhuanaithe, agus an comhtháthú sóisialta.

    4.4.

    Measann CESE gur cur chuige í an tseiceáil ar iomaíochas lenar féidir a áirithiú go dtugtar aird chuí sa chinnteoireacht ar ghnéithe an iomaíochais. Chuige sin, teastaíonn tuiscint ar an tionchar a imreoidh tionscnaimh ar an iomaíochas mar aon le meon atá íogair ó thaobh an iomaíochais de agus cinntí á ndéanamh. Fágann sé sin go léir go bhfuil dhá leibhéal sa tseiceáil ar iomaíochas:

    leibhéal an mheasúnaithe tionchair (leibhéal “teicniúil”), mar a ndéantar measúnú ar na bealaí éagsúla a dhéanann tionscnaimh bheartais agus rialála difear don iomaíochas;

    leibhéal na cinnteoireachta (leibhéal polaitiúil), mar a dtugtar aird chuí ar an iomaíochas agus mar a gcuirtear tábhacht chuí ann agus tionscnaimh nua á gceapadh, rud a chuireann le samhail gheilleagar sóisialta margaidh an Aontais.

    4.5.

    Creideann CESE go bhfuil sé tábhachtach an tseiceáil ar iomaíochas a bheith a chuimsithí agus is féidir, i bhfianaise an tionchair arna imirt ar ghnólachtaí agus slabhraí soláthair agus ar an bhfostaíocht agus dálaí oibre, mar aon leis an tionchar maicreacnamaíoch a bhíonn ann. Ba cheart seiceáil stóinseach ar iomaíochas i gcás na dtionscnamh nua uile a bheith ina beart rialaithe lena n-áiritheofar go gcuireann na tograí leis an iomaíochas, leis an bhfostaíocht, agus leis an bhfás inbhuanaithe.

    5.   An measúnú tionchair ina bhunchloch faoin tseiceáil ar iomaíochas

    5.1.

    Ba cheart an tseiceáil ar iomaíochas a bhunú ar fhaisnéis láidir faoi thionchar na dtionscnamh beartais agus rialála ag leibhéil éagsúla, lena n-áirítear costais chomhlíontachta, a éasca agus atá sé rochtain a fháil ar na margaí, agus éifeachtaí díreacha eile ar ghnólachtaí. Baineann tábhacht ar leith leis na héifeachtaí iolraitheora sna slabhraí luacha, cuir i gcás an tionchar ar a éasca agus atá sé teacht ar fhuinneamh agus amhábhair. Lena chois sin, ba cheart go gcuimseofaí sa tseiceáil ar iomaíochas an tionchar iarmhartach ar an méid seo a leanas: poist, an infheistíocht, an nuálaíocht, an táirgiúlacht, gnéithe dlíthíochta, feidhmiú an mhargaidh aonair, an trádáil eachtrach, an múnla sóisialta Eorpach ina iomláine, agus an fás inbhuanaithe.

    5.2.

    Leis na treoirlínte atá ann faoi láthair maidir le Rialáil Níos Fearr agus leis an mbosca uirlisí a ghabhann leo a bunaíodh i gcomhthéacs chlár oibre um rialáil níos fearr an Choimisiúin Eorpaigh, éilítear cheana féin i gcás tionscnaimh a meastar go mbeidh tionchar suntasach eacnamaíoch, sóisialta, nó comhshaoil acu measúnú tionchair a bheith ag gabháil leo. Ní mór go mbeidh mar chuid den mheasúnú tionchair cur síos ar an tionchar comhshaoil, sóisialta, agus eacnamaíoch, lena n-áirítear an tionchar ar FBManna agus ar an iomaíochas. Iarrann CESE tuairisciú cuimsitheach ar an tionchar ar iomaíochas i dtaca leis an réimse leathan ilchineálach gnólachtaí ó thaobh earnála, méid, agus samhail ghnó de, fiontair shóisialta san áireamh.

    5.3.

    Is mór ag CESE a bhfuil sna treoirlínte atá ann faoi láthair agus tugann sé dá aire go ndéantar tagairt d’uirlis iomaíochais an Choimisiúin Eorpaigh i ndoiciméad oibre de chuid ECFE mar an doiciméad is cuimsithí dá bhfuil ann i dtaca leis an tionchar rialála ar an iomaíochas a mheasúnú (7). Is léir, áfach, an gá atá leis an scéal a chur i bhfeabhas, go háirithe i dtaca le cur chun feidhme agus forfheidhmiú na n-uirlisí.

    5.4.

    De réir an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála, is minic nach ndeachthas fada a dhóthain leis an measúnú tionchair agus nach ndearnadh measúnú leormhaith ar thionchair shuntasacha ar leith. Mar a míníodh i dtuarascáil bhliantúil an Bhoird in 2021 (8), is minic a d’iarr sé a thuilleadh anailíse ar an tionchar ar thomhaltóirí, ar an iomaíochas, ar an nuálaíocht, ar na Ballstáit, agus ar FBManna. Is minic a d’iarr sé a thuilleadh cainníochtaithe freisin, go háirithe i dtaca leis na costais agus coigiltis riaracháin. Sa tuarascáil bhliaintúil uaidh in 2020 (9), is é is mó a luadh a laghad anailíse a rinneadh ar an iomaíochas (rud a ceanglaíodh go minic le hanailís neamhleor ar chostais), ar an tionchar ar FBManna, agus ar an tionchar sóisialta.

    5.5.

    Dá bhrí sin, leagann CESE béim ar an ngá atá le measúnuithe tionchair a dhíriú níos mó ar an iomaíochas lena áirithiú go bhfuil cothromaíocht iomchuí ag baint leo. Síleann an Coiste freisin go bhfuil sé tábhachtach caitheamh ar bhonn comhtháite leis na codanna éagsúla den bhosca uirlisí a bhaineann leis an iomaíochas, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an iomaíochas earnálach, FBManna, an nuálaíocht, an iomaíocht, an margadh inmheánach, an trádáil agus an infheistíocht.

    5.6.

    Ní mór an réimse leathan gnólachtaí a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh ar bhealaí an-éagsúil a chur san áireamh sa tseiceáil ar iomaíochas. Dá bhrí sin, iarrann CESE measúnú cuí ar an tionchar ar earnálacha agus éiceachórais éagsúla ghnó, ar fhiontair ar mhéideanna difriúla (MFBManna san áireamh), ar fhiontair a fheidhmíonn i gcodanna difriúla de shlabhraí luacha agus i margaí agus láithreacha geografacha difriúla, agus ar fhiontair a bhfuil samhlacha gnó difriúla acu, lena n-áirítear corparáidí, comharchumainn, agus fiontair shóisialta.

    5.7.

    Iarrann CESE aird ar leith a thabhairt ar iomaíochas idirnáisiúnta ghnólachtaí an Aontais Eorpaigh, rud a mbaineann tábhacht ar leith leis ó thaobh uathriail straitéiseach oscailte an Aontais agus na ndeiseanna onnmhairiúcháin de.

    5.8.

    Cuireann CESE i bhfáth nár cheart nach mbeadh sa mheasúnú ar an tionchar ar an iomaíochas ach tionchar tionscnaimh aonair as féin ach gur cheart an t-ualach carnach a chur san áireamh, go háirithe costais chomhlíontachta na reachtaíochta nó na mbeart eile a dhéanann difear do na gníomhaithe céanna. De bhreis air sin, ba cheart a chuimsiú sa mheasúnú an tionchar gearrthéarmach agus fadtéarmach araon, cásanna fadhbhreathnaitheachta éagsúla san áireamh. D’fhonn teacht ar an rogha beartais is fearr, is den riachtanas measúnú a dhéanamh freisin ar thionchar iomaíochais na roghanna malartacha agus míniú cuimsitheach a thabhairt orthu. Tá sé tábhachtach freisin an measúnú ar an tionchar ar an iomaíochas a dhíriú níos mó ar shonraí cainníochtúla agus mionsonrú a dhéanamh orthu.

    5.9.

    Iarrann CESE measúnú agus fianaise stóinseach i dtaca leis an tionchar dearfach agus diúltach araon arna imirt ar an iomaíochas. Ní hamháin gur cheart an aidhm a bheith ann caillteanais iomaíochais a sheachaint ach ba cheart freisin a bheith ag dréim le sprioc níos uaillmhianaí a bhaint amach, mar atá feabhas a chur ar iomaíochas foriomlán gheilleagar sóisialta margaidh an Aontais ionas go mbeidh sé fabhrach don fhás láidir inbhuanaithe cuimsitheach.

    5.10.

    Creideann CESE freisin go bhfuil sé tábhachtach dearcadh cuimsitheach a ghlacadh ar an iomaíochas ó thaobh na hinbhuanaitheachta de. Tá nasc idir an inbhuanaitheacht comhshaoil agus an t-iomaíochas gnó, ní amháin mar fhachtóir costais ach toisc go bhfuil súil le feidhmíocht mhaith chomhshaoil ag gníomhaithe margaidh éagsúla, lena n-áirítear tomhaltóirí, infheisteoirí, agus airgeadaithe. Is ionann an scéal i gcás na hinbhunaitheachta sóisialta, cuir i gcás cearta an duine, an comhionannas inscne agus cearta oibrithe. Chuige sin, ní mór freastal a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla, lena n-áirítear dul chun cinn na teicneolaíochta, costais, agus glacadh sochaíoch, i measc gnéithe eile nach iad.

    5.11.

    Ós rud é gurb é an measúnú tionchair ar iomaíochas an bunús fíorasach leis an tseiceáil ar iomaíochas, measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach an measúnú tionchair ar iomaíochas a bheith éigeantach agus éifeachtach, agus go gcuirtear chun feidhme agus go bhforfheidhmítear ina iomláine é. Ba cheart é a thabhairt cothrom le dáta i gcaitheamh an phróisis cinnteoireachta más rud é go ndéantar athruithe suntasacha. Ag an am céanna, cuireann CESE i bhfáth go bhfuil acmhainní leordhóthanacha agus scileanna cuí ag teastáil leis na measúnuithe a chur i gcrích. Molann CESE freisin tagarmharcáil rialta a dhéanamh ar na cleachtais sna tíortha is iomaitheoirí.

    5.12.

    Ba cheart lánúsáid a bhaint as uirlisí eile atá ann agus seiceáil ar iomaíochas ar bun, cuir i gcás seiceálacha oiriúnachta, an Clár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT), agus an tArdán “Réidh don Todhchaí”. Tá tábhacht ar leith ag baint leo sin i dtaca le measúnú a dhéanamh ar thionchar carnach na dtionscnamh éagsúil.

    6.   An tseiceáil ar iomaíochas mar chuid den chinnteoireacht

    6.1.

    Measann CESE gur cheart seiceáil ar iomaíochas a bheith ina cuid lárnach den chinnteoireacht chothrom agus gur cheart í a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs próiseas beartais nó cinnteoireachta Eorpach de gach sórt, lena n-áirítear freisin straitéisí agus cláir an Aontais, forálacha buiséid agus fioscacha an Aontais, reachtaíocht thánaisteach an Aontais, agus comhaontuithe idirnáisiúnta. De bhreis air sin, ba cheart í a chur i bhfeidhm ar phróiseas an tSeimeastair Eorpaigh, ós rud é go bhfuil beartais na mBallstát ríthábhachtach i ndáil leis seo.

    6.2.

    Cé gur ar thionscnaimh a bhfuil príomhchuspóirí seachas iomaíochas feabhsaithe acu a dhíríonn an tseiceáil ar iomaíochas den chuid is mó, iarrann CESE ar an gCoimisiún clár oibre iomaíochais sonrach a ullmhú freisin arb é feabhas ar iomaíochas an Aontais an phríomhsprioc fhadtéarmach a bheadh leis.

    6.3.

    Ba cheart díriú sa chlár oibre iomaíochais ar an dearcadh fadtéarmach agus aird a thabhairt ar shaincheisteanna bunúsacha amhail an margadh aonair a fhorbairt agus bacainní margaidh a laghdú; an infheistíocht agus an rochtain ar mhaoiniúchán agus cistiúchán a fheabhsú, lena n-áirítear infheistíocht tríd an lionsa inscne; an trádáil eachtrach agus an comhar seachtrach a éascú; an nuálaíocht, tallann ardleibhéil, agus barr feabhais taighde a chur chun cinn; scileanna a fheabhsú trí bhíthin an oideachais, na gairmoiliúna, agus na foghlama ar feadh an tsaoil; na margaí saothair a dhéanamh níos cuimsithí agus dálaí oibre a fheabhsú; dlús a chur le nósanna imeachta ceadaithe, an maorlathas agus costais chomhlíontachta a laghdú, agus na córais chánach a dhéanamh níos caoithiúla. Ba cheart dó samhlacha gnó a éascú a ailíníonn an t-iomaíochas le cuspóirí sóisialta agus comhshaoil mar a dhéantar i gcuideachtaí agus eagraíochtaí a chomhlíonann critéir chomhshaoil, shóisialta, agus rialachais agus infheistíocht á déanamh acu.

    6.4.

    Ba cheart an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú glas a bheith ina gcodanna riachtanacha den chlár oibre freisin. De bhreis air sin, ba cheart aird chuí a thabhairt ar acmhainn agus difríochtaí na mBallstát agus ar an gcomhar eatarthu a bhfuil gá leis, mar aon lena infheidhmithe agus atá na tionscnaimh agus ba cheart faireachán rialta a dhéanamh ar chur chun feidhme agus torthaí an chláir oibre. Cuireann CESE i bhfáth freisin ról lárnach an idirphlé shóisialta, rud a leagtar amach i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta.

    6.5.

    Ó thaobh bearta gearrthéarmacha de, is mór ag CESE mar a cuireadh beartas iomaíochta an Aontais in oiriúint gan mhoill do phaindéim COVID-19, don chogadh san Úcráin, agus do na himpleachtaí eacnamaíocha a ghabhann leo (10). Bhí ríthábhacht leis an tsolúbthacht, cé gur de chineál eisceachtúil agus sealadach í, i dtaca le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le státchabhair lena chur ar chumas cuideachtaí de chuid an Aontais teacht slán as tréimhsí an-dian, agus ar an gcaoi sin an t-iomaíochas a bhí bainte amach ag cuideachtaí Eorpacha tríd an nuálaíocht agus an táirgiúlacht a chaomhnú.

    6.6.

    Tá sé thar a bheith tábhachtach freisin iomaíocht fhónta agus chóir a bheith ann go hinmheánach agus i dtaca le hiomaitheoirí eachtracha. Is mór ag an gCoiste an obair atá ar bun i gcónaí a dhíríonn ar na rialacha maidir le státchabhair le haghaidh seirbhísí sláinte agus sóisialta lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a dhéanamh níos éifeachtúla, d’fhonn cáilíocht agus inrochtaineacht na seirbhísí sin a fheabhsú don phobal ag an leibhéal áitiúil (11).

    6.7.

    Is díol sásaimh ar an iomlán do CESE an tionscnamh ón gCoimisiún i dtaca le rialachán maidir le fóirdheontais eachtracha a shaobhann an margadh inmheánach, ós rud é gurb í an aidhm atá leis saobhadh mór ar fheidhmiú an mhargaidh aonair a sheachaint agus, leis sin, an chothroime iomaíochta a áirithiú i dtaca le hiomaitheoirí eachtracha (12).

    6.8.

    Bheadh an clár oibre iomaíochais ar an gcéad chéim eile den fhreagairt ar bhunchuspóir na hiarrata ó Uachtaránacht na Seice, i.e. geilleagar Eorpach níos láidre agus níos athléimní a thógáil. Dá réir sin, chuirfeadh sé le dea-bhail shaoránaigh an Aontais agus chabhródh sé le geilleagar ciorclach aeráidneodrach a bhaint amach. Ós rud é gur ceist é an t-iomaíochas a bhaineann leis an uile dhuine, ní mór dlúthbhaint a bheith ag ionadaithe na gcomhpháirtithe sóisialta agus ag gníomhaithe eile na sochaí sibhialta in ullmhú an chláir oibre.

    An Bhruiséil, an 14 Nollaig 2022.

    Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

    Christa SCHWENG


    (1)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal “Fit for 55”: delivering the EU’s 2030 Climate Target on the way to climate neutrality [“Oiriúnach do 55’: sprioc aeráide an Aontais do 2030 i dtreo neodracht aeráide a bhaint amach”] COM/2021/550 final (IO C 275, 18.7.2022, lch. 101).

    (2)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le “Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – A Capital Markets Union for people and businesses – new action plan [Aontas na Margaí Caipitil: Aontas do Dhaoine agus do Ghnólachtaí – plean gníomhaíochta nua”] COM(2020) 590 final (IO C 155, 30.4.2021, lch. 20).

    (3)  Óráid an Uachtaráin von der Leyen le linn Sheisiún Iomlánach Pharlaimint na hEorpa maidir leis an ullmhúchán do chruinniú na Comhairle Eorpaigh an 20-21 Deireadh Fómhair 2022.

    (4)  Achtung Europa, European Centre for International Political Economy [An Lárionad Eorpach um an Eacnamaíocht Pholaitiúil Idirnáisiúnta], 2021.

    (5)  Réamhaisnéis Eacnamaíoch Shamhradh 2022.

    (6)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Costas na neamh-Eorpa – buntáistí an Mhargaidh Aonair (IO C 443, 22.11.2022, lch. 51).

    (7)  How do laws and regulations affect competitiveness [Mar a dhéanann dlíthe agus rialacháin difear don iomaíochas], ECFE 2021.

    (8)  Tuarascáil bhliantúil an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála, 2021.

    (9)  Tuarascáil bhliantúil an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála, 2020.

    (10)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – A competition policy fit for new challenges [Beartas iomaíochta atá oiriúnach do dhúshláin nua] (COM/2021/713 final) (IO C 323, 26.8.2022, lch. 34).

    (11)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Rialacha státchabhrach maidir leis na seirbhísí sláinte agus sóisialta – seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (SGEI) tar éis paindéime. Smaointe agus tograí maidir leis an meastóireacht ón gCoimisiún chun pacáiste reachtach 2012 a leasú (tuairim féintionscnaimh) (IO C 323, 26.8.2022, lch. 8).

    (12)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa – Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fóirdheontais eachtracha a shaobhann an margadh inmheánach (COM(2021) 223 final – 2021/0114 (COD)) (IO C 105, 4.3.2022, lch. 87).


    Top