EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022AE3560

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — “Anailís ar Bhearnaí Infheistíochta i Réimse na Cosanta agus an Bealach Chun Tosaigh” (JOIN(2022) 24 final)

EESC 2022/03560

IO C 100, 16.3.2023, p. 132–136 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

16.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 100/132


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — “Anailís ar Bhearnaí Infheistíochta i Réimse na Cosanta agus an Bealach Chun Tosaigh”

(JOIN(2022) 24 final)

(2023/C 100/20)

Rapóirtéir:

Panagiotis GKOFAS

Comhrapóirtéir:

Jan PIE

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 28.6.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha

Dáta a glactha sa rannóg

11.11.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

14.12.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

574

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

202/6/4

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tacaíonn CESE leis na tionscnaimh arna moladh sa Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir leis an Anailís ar Bhearnaí Infheistíochta i Réimse na Cosanta agus an Bealach Chun Tosaigh. Céim thábhachtach í an Teachtaireacht Chomhpháirteach i dtreo comhar idir na Ballstáit i réimse na cosanta a chothú. Teastaíonn an méid sin d’fhonn laghdú a dhéanamh ar dhúbláil cumais mhíleata, rud a mbaineann ardchostas léi, agus d’fhonn ilroinnt i margadh Eorpach na cosanta a sheachaint. Tá béim á cur ag CESE ar na príomhphointí seo a leanas den tuairim.

1.1.1.

Ba cheart beartas láidir Eorpach cosanta agus slándála a úsáid mar bhonn le straitéis AE maidir leis an tionscal cosanta a bhunú.

1.1.2.

Fágann méideanna ísle infheistíochta agus easpa comhordaithe idir na Ballstáit ó thaobh taighde, forbartha, táirgeadh agus soláthair de go mbíonn bearnaí cumais ann agus ilroinnt i mbonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí (EDTIB).

1.1.3.

Tacaíonn CESE leis na bearta nithiúla arna moladh ag an gCoimisiún Eorpach, i.e. Atreisiú Thionscal Cosanta na hEorpa a bhunú tríd an nGníomh Soláthair Choitinn (EDIRPA) agus an Clár Eorpach Infheistíochta um Chosaint. Chomh maith leis sin, tá CESE ag iarraidh go mbeadh na Ballstáit níos comhordaithe le chéile ina mbeartais chosanta agus maidir leis an soláthar ar leibhéal an Aontais.

1.1.4.

Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na buiséid náisiúnta i gcomhair réimse na cosanta chun gur féidir a thuar cén cuóta a leithdháilfear in aghaidh na bliana chun infheistíochtaí comhchoiteanna Eorpacha i réimse na cosanta a chomhdhlúthú. Ar an gcaoi sin, bheifí in ann iad a úsáid chun an bonn airgeadais le haghaidh gníomhaíochtaí nithiúla comhordaithe de chuid an Aontais a mheas, ar gníomhaíochtaí iad sin atá tiomanta do bhorradh a chur faoi chumas cosanta na hEorpa.

1.1.5.

Ba cheart béim ar leith a leagan ar fhoirmeacha nua-aimseartha cogaíochta (amhail cibirionsaithe, cogaí digiteacha, bolscaireacht bhréagnuachta).

1.1.6.

Ba cheart do Pharlaimint na hEorpa sásra faireacháin a fhorbairt chun beartas Eorpach cosanta a chur chun feidhme (conarthaí, soláthar, infheistíocht) agus, chuige sin, ní mór di na huirlisí iomchuí teicniúla agus institiúideacha a fhorbairt.

1.1.7.

Moltar don Choimisiún Eorpach togra uaillmhianach a chur i láthair a mbeadh níos mó i gceist leis ná tarscaoileadh CBL agus ina mbeadh bearta láidre chun cabhrú le hearnáil na tionsclaíochta teacht isteach ar na dúshláin straitéiseacha nua.

1.2.

Aontaíonn CESE leis an anailís, a rinneadh sa Teachtaireacht Chomhpháirteach, ar bhearnaí infheistíochta i réimse na cosanta san Aontas Eorpach. Mar gheall ar an tearcinfheistíocht sin, tá slándáil na hEorpa níos laige, tá an bonn bainte d’Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) agus tá seasamh an Aontais i gcomparáid le cumhachtaí domhanda eile níos laige. Ag an am céanna, is ann i gcónaí do bhearnaí san infheistíocht i réimse na cosanta taobh istigh den Aontas Eorpach. Níl sé sin ag teacht le prionsabal na dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit agus fágann sé gur láidre iad na cumhachtaí polaitiúla lártheifeacha a chuireann isteach ar iarrachtaí chun comhchultúr cosanta agus comhbheartas cosanta a fhorbairt san Eoraip.

1.3.

Is díol sásaimh do CESE an fógra ó roinnt Ballstát go méadóidh siad a mbuiséid i réimse na cosanta agus tá sé ag iarraidh orthu cloí lena ngealltanas ní hamháin tuilleadh infheistíochta a dhéanamh, ach é sin a dhéanamh ar bhealach níos fearr chomh maith. Sa chaoi sin, d’fhreastalófaí ar an ngá le neartú a dhéanamh ar dhlúthpháirtíocht shaoránaigh na hEorpa agus ar a ullamh atá siad chun freagairt do chásanna práinneacha. Tá sé ríthábhachtach go gcomhordófar ar an leibhéal Eorpach na hiarrachtaí náisiúnta i réimse na cosanta nach ndéanann damáiste comhthaobhach do thionscnaimh a sheol an tAontas le déanaí nó nach gcuirfear ar gcúl tionscadail forbartha Eorpacha atá ar bun nó atá beartaithe. Ba cheart breathnú ar an méadú sin ar an gcomhordú Eorpach mar dheis chun acmhainneachtaí foriomlána ECAT a neartú chomh maith. Tá CESE i bhfabhar feabhas a chur ar an gcreat le haghaidh comhar Eorpach i réimse na cosanta, go háirithe tríd an soláthar comhpháirteach. Ar an ábhar sin, tacaíonn CESE go hiomlán leis go mbunófaí Tascfhórsa um Sholáthar Comhpháirteach Cosanta láithreach bonn mar bhealach chun freagairtí na mBallstát do riachtanais phráinneacha an-ghearrthéarmach a chomhordú — go háirithe chun na stoic a athshlánú — ar leibhéal an Aontais.

1.4.

Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí tuilleadh anailís theicneolaíoch maidir le conas comhéadan Eorpach a bhaint amach a d’optamódh aschur an chaiteachais náisiúnta ar leibhéal an Aontais i réimse na cosanta.

1.5.

Is díol sásaimh do CESE an ionstraim ghearrthéarmach EUR 500 milliún thar dhá bhliain (2022-2024) atá beartaithe chun an soláthar comhpháirteach a dhreasú. Agus í bunaithe ar obair an Tascfhórsa um Sholáthar Comhpháirteach Cosanta, is féidir leis an ionstraim sin cabhrú le struchtúrú agus comhordú an éilimh reatha ar earraí cosanta a bhfuil géarghá leo agus nós an bhrú amach a chosc.

1.6.

Is díol sásaimh do CESE freisin gur fógraíodh Clár Eorpach Infheistíochta um Chosaint i gcomhair tionscadail arna bhforbairt go comhpháirteach i réimse na cosanta agus molann sé don Choimisiún togra uaillmhianach a chur i láthair go pras a mbeadh níos mó i gceist leis ná tarscaoileadh féideartha CBL agus ina mbeadh bearta láidre chun cabhrú le hearnáil na tionsclaíochta teacht isteach ar na dúshláin straitéiseacha nua. Caithfidh an tAontas Eorpach tionscnaimh infheistíochta a fhorbairt a fhágfaidh gur féidir comhar tionsclaíoch a dhéanamh trí ghnólachtaí nuathionscanta agus trí FBManna (de réir Acht an Aontais um Ghnólachtaí Beaga). Caithfidh sé, freisin, leas iomlán a bhaint as lucht saothair ardoilte earnáil na cosanta agus, san am céanna, scileanna a uasghrádú agus scileanna nua a chruthú trí bhíthin cláir taighde agus forbartha agus trí bhíthin tionscadail Eorpacha lena n-éascaítear an comhar idir na tionscail náisiúnta.

1.7.

Is díol sásaimh do CESE gur fhógair an Coimisiún go gcuirfidh sé tionscnamh maidir le hamhábhair chriticiúla chun cinn, lena n-áirítear bearta reachtacha, ar mhaithe le hathléimneacht an Aontais agus slándáil an tsoláthair ó thaobh amhábhair chriticiúla de a neartú. Creideann CESE nach mór tábhacht straitéiseach earnáil na cosanta a chur san áireamh sa tionscnamh sin.

1.8.

Ach comhbheartas cosanta a chomhtháthú, bheadh nuálaíocht thionsclaíoch níos uathrialaithí ann, bheadh níos mó forluí idir an earnáil mhíleata agus an earnáil shibhialta ó thaobh na teicneolaíochta de, agus b’éifeachtaí agus ba neamhspleáiche beartais an Aontais maidir leis an gcosaint agus fuinneamh.

1.9.

Tuigeann CESE a thábhachtaí atá sé cumarphointe láidir cibearshlándála a thógáil d’fhonn aghaidh a thabhairt ar chineálacha nua na cogaíochta hibridí. Ba cheart go mbeadh sé sin ar cheann de na rudaí is mó ar a ndíreofar infheistíochtaí amach anseo ó thaobh na cibearshlándála de, i bhfianaise an róil a d’fhéadfadh a bheith aige maidir le dul i ngleic leis an gcogaíocht hibrideach nua.

1.10.

Creideann CESE nach gcuirtear treoir leormhaith straitéiseach ar fáil faoin Teachtaireacht Chomhpháirteach chun EDTIP a fhorbairt tuilleadh. Chun freagairt do na dúshláin nua slándála a chuireann creat dlúthpháirtíochta na hEorpa i mbaol, teastaíonn straitéis chuimsitheach thionsclaíoch ina gcuirfear gach beart a bhaineann le beartas tionsclaíoch i gcomhréir le chéile chun féachaint le neartú a dhéanamh ar fheidhmíocht EDTIB ó thaobh na bpríomhfheidhmeanna atá aige. Ar an ábhar sin, níl sa Teachtaireacht Chomhpháirteach ach céim amháin sa treo ceart.

1.11.

Molann CESE coiste/gníomhaireacht eolaíoch, faoi mhaoirseacht pholaitiúil Pharlaimint na hEorpa, a chruthú a dhéanfaidh faireachán agus measúnú leanúnach ar phríomhghnéithe den infheistíocht i réimse na cosanta agus a chuirfidh treoir ar fáil maidir le hacmhainní airgeadais agus míleata a leithdháileadh go héifeachtúil. Ba cheart na torthaí agus na moltaí a chur ar fáil le haghaidh gach Ballstáit.

1.12.

Creideann CESE gur féidir le hearnáil cosanta na hEorpa sineirgí agus comhar idir an-chuid earnálacha eacnamaíocha, gníomhaithe agus geallsealbhóirí a dhreasú. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar FBManna i gcomhréir le hAcht an Aontais um Ghnólachtaí Beaga.

2.   Cúlra

2.1.

Ag an gcruinniú in Versailles i mí an Mhárta 2022, thug ceannairí stáit nó rialtais an Aontais gealltanas go neartóidís cumas cosanta na hEorpa i bhfianaise ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin. Chuige sin, gheall siad go méadóidís caiteachas ar réimse na cosanta, go gcuirfidís dlús leis an gcomhar trí thionscadail chomhpháirteacha, go ndéanfaidís bearnaí a dhúnadh agus cuspóirí cumais a chomhlíonadh, go gcuirfidís borradh faoin nuálaíocht (cuir i gcás, trí shineirgí sibhialta míleata), agus go neartóidís agus go bhforbróidís ár dtionscal cosanta, FBManna san áireamh.

2.2.

De bhreis air sin, d’iarr ceannairí stáit nó rialtais an Aontais ar an gCoimisiún, i gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC), “anailís ar na bearnaí infheistíochta i réimse na cosanta a chur ar aghaidh faoi lár mhí na Bealtaine agus aon tionscnamh eile is gá a mholadh chun bonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí a neartú”.

2.3.

Chun freagairt don iarraidh sin, thíolaic an Coimisiún Eorpach agus Ardionadaí nó Ceann GEC sraith gníomhaíochtaí agus moltaí don Chomhairle Eorpach chun féachaint nach gcruthófaí tuilleadh ilroinnte in earnáil Eorpach na cosanta de dheasca na méaduithe a fógraíodh i gcomhair chaiteachas na mBallstát ar réimse na cosanta agus go mbunófaí bonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí atá níos láidre mar thoradh orthu. Áirítear ar na moltaí sin, go háirithe, bearta chun an soláthar comhpháirteach a chothú agus chun feabhas a chur ar an bpleanáil i réimse na cosanta agus chun cur go mór le cumas monaraíochta. Déantar tagairt ar leith do dheiseanna maoinithe le haghaidh earnáil na cosanta freisin.

2.4.

Tá moltaí na Teachtaireachta Comhpháirtí bunaithe ar anailís ar an infheistíocht reatha agus ar na bearnaí cumais. D’ainneoin an mhéadaithe ar chaiteachas na hEorpa i réimse na cosanta, níor caitheadh ach 11 % den mhéid a infheistíodh ar bhealach comhoibríoch, céatadán atá i bhfad faoi bhun an tagarmhairc 35 % a chomhaontaigh na Ballstáit i gcreat GEC agus a socraíodh laistigh den bhuanchomhar struchtúrtha (PESCO), i gcomparáid le 89 % a caitheadh ar bhonn náisiúnta. Is fiú a thabhairt faoi deara nach ionann na rioscaí atá ag bagairt ar na Ballstáit éagsúla san Aontas agus go bhfuil acmhainneachtaí éagsúla acu chun freagairt do ghéarchéimeanna míleata nó géarchéimeanna eile a dteastaíonn acmhainní difreáilte cosanta uathu.

2.5.

Anuas air sin, níl i gceist le caiteachas na mBallstát i dteannta a chéile (EUR 2,5 billiún) ar thaighde agus teicneolaíocht i réimse na cosanta ach 1,2 % dá gcaiteachas iomlán ar an gcosaint, méid atá i bhfad faoi bhun an tagarmhairc 2 % a comhaontaíodh i gcreat GEC agus a leagadh síos mar ghealltanas ceangailteach laistigh de PESCO.

2.6.

Thairis sin, is ann i gcónaí do ghnéithe nach bhfuil éifeachtúil in earnáil cosanta na hEorpa, ina measc sin barainneachtaí ísle scála, ilroinnt sa mhargadh agus sa táirgeadh, dúbláil agus iolrú córas cosanta ar den chineál céanna iad, agus eile. Ós rud é go bhfuil easpa comhair idir na Ballstáit, tá cumas tionsclaíoch agus cumas teicneolaíoch na mBallstát níos laige. Teastaíonn an sórt cumais sin le hacmhainneacht an Aontais i réimse na cosanta a chaomhnú agus le go bhféadfadh sé na riachtanais slándála atá aige faoi láthair agus a bheidh aige amach anseo a chomhlíonadh.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Ba cheart infheistíochtaí a dhéanamh in earnáil na cosanta ar bhealach réamhchoisctheach ar mhaithe le coinbhleachtaí a dhíspreagadh agus ar mhaithe leis an gcobhsaíocht a chothú. Chuige sin, ba cheart féachaint leis an tslándáil a mhéadú agus rioscaí coinbhleachta a laghdú trí bhíthin na n-infheistíochtaí sin, seachas tuilleadh iomaíocht armála a chruthú agus a dhóichí atá sé go mbeidh coinbhleachtaí nua ann a mhéadú, bídís sin ina gcoinbhleachtaí réigiúnacha nó domhanda.

3.2.

B’fhearr i bhfad an scéal, más ea, agus coinbhleachtaí le cosc agus le réiteach, dá rachfaí i dtuilleamaí na taidhleoireachta i gcónaí. Níor cheart go mbeadh in úsáid an nirt mhíleata ach an uirlis dhíspreagthach deiridh, sa chás nach ann don dara rogha. Sula rachfaí i muinín aon ghníomhaíochta míleata eile, ba cheart ionchais forbartha agus an leas eacnamaíoch a úsáid chun luachanna Eorpacha an daonlathais, na síochána agus na cobhsaíochta a chosaint. Tacaíonn CESE le gach iarracht idirnáisiúnta chun réitigh shíochánta, chothroma agus nithiúla a bhaint amach le haghaidh coinbhleachtaí, díospóidí agus/nó gníomhartha neamhdhleathacha (ionradh, forghabháil, bagairtí ar cheannasacht stáit, imeaglú), faoi chuimsiú pharaiméadair Chairt na Náisiún Aontaithe agus an rúin ó Chomhairle na hEorpa (mar shampla na cásanna san Úcráin, sa Chipir, sna Balcáin Thiar agus in áiteanna eile).

3.3.

Tá CESE suite de gur gá dlúthchomhar a bheith ann idir an tAontas agus ECAT. Tá a gcuid uirlisí agus láidreachtaí ar leith ag an dá chomhlachas sin nach mór a úsáid le chéile ar bhealach comhlántach d’fhonn cuspóir coiteann a bhaint amach, mar atá slándáil na hEorpa a ráthú.

3.4.

Is oth le CESE go bhfuil bearnaí tionsclaíocha agus cumais san Aontas mar gheall ar thearc-chaiteachas i réimse na cosanta thar na blianta. Tuigeann sé freisin nach n-oireann méid EDTIB faoi láthair ach amháin d’oibríochtaí in aimsir na síochána (i.e. ráta íseal táirgeachta) agus tá sé ag iarraidh go ndéanfar bearta chun cabhrú le EDTIB freastal ar an méadú tobann a tháinig ar éileamh de dheasca an chogaidh i gcoinne na hÚcráine.

3.5.

Tacaíonn CESE leis na hiarrataí arna ndéanamh sa Teachtaireacht Chomhpháirteach go gceannódh na Ballstáit ar bhealach comhoibríoch an trealamh agus an t-ábhar cosanta atá de dhíth. Dá soláthrófaí ar bhonn comhpháirteach táirgí a bhfuil géarghá leo, gheofaí luach níos fearr ar airgead, chuirfí leis an idir-inoibritheacht agus sheachnófaí an cás nach mbeadh na Ballstáit is mó a dteastaíonn cosaint uathu in ann teacht ar a bhfuil uathu de dheasca éilimh chontrártha a bheith ar thionscal na cosanta, tionscal nach mbeadh in ann freastal ar bhorradh dá leithéid faoin éileamh sa ghearrthéarma.

3.6.

Tacaíonn CESE freisin leis an togra chun an soláthar comhoibríoch a dhreasú le buiséad an Aontais trí bhíthin ionstraim ghearrthéarmach thiomnaithe. Leis an tacaíocht airgeadais a chuirfeadh an tAontas ar fáil tríd an ionstraim sin, ba cheart go spreagfaí soláthar comhoibríoch cosanta idir na Ballstáit agus ba cheart go rachadh an tacaíocht chun tairbhe do EDTIB. San am céanna, d’áiritheodh sí cumas fhórsaí armtha na hEorpa dul i mbun gnímh, d’áiritheodh sí slándáil soláthair na bhfórsaí sin agus mhéadódh sí idir-inoibritheacht.

3.7.

Tá CESE ag tnúth leis an togra le haghaidh Clár Eorpach Infheistíochta um Chosaint chomh maith. San am céanna, tá sé á fhiafraí aige an leor tarscaoileadh CBL le soláthar comhpháirteach tionscadal arna bhforbairt go comhpháirteach a dhreasú. Is éard atá ag teastáil ná cur ar chumas EDTIB tacú le fórsaí armtha na hEorpa, le haghaidh agus i rith coinbhleachtaí fada mórscála chomh maith. Chuige sin, ba ghá úsáid chórasach a bhaint as uirlisí éagsúla beartais thionsclaíoch le slabhraí soláthair a neartú, scileanna a chothú, stoic straitéiseacha a bhunú, etc. Ina fhianaise sin, ba cheart cur chuige cuimsitheach a ghlacadh sa Chlár Eorpach Infheistíochta um Chosaint d’fhonn tacú leis an gclaochlú nach mór a dhéanamh ar EDTIB.

3.8.

Ag an am céanna, níl uaillmhian na Teachtaireachta Comhpháirtí thar mholadh beirte i gcás tionscnaimh eile, amhail an Ciste Eorpach Cosanta. Molann CESE leas a bhaint as solúbthacht an chreata airgeadais ilbhliantúil (CAI) atá ann faoi láthair chun méadú suntasach a dhéanamh ar bhuiséad an Chiste go leibhéal a bheidh mar an gcéanna leis na méaduithe a fógraíodh i dtaobh chaiteachas na mBallstát i réimse na cosanta. Ní foláir é sin a dhéanamh chun giaráil agus cumhacht an Chiste a áirithiú agus chun an comhar a dhreasú. Ba cheart go mbeadh ról ríthábhachtach ag an gCiste Eorpach Cosanta maidir le hilroinnt chórais na hEorpa um chosaint a shárú agus an bhearna infheistíochta i réimse na cosanta a laghdú. Creideann CESE go bhféadfadh an Ciste an ról sin a chomhlíonadh, dá gcuirfeadh na Ballstáit feabhas mór ar a gcomhar. Ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an gCiste ar bhonn rialta agus é a neartú más ea go gcuirfeadh sé sin go héifeachtach le comhtháthú agus éifeachtúlacht chaiteachas na hEorpa i réimse na cosanta. Rud ríthábhachtach chun údar a thabhairt leis an uirlis sin is ea an luach sa bhreis a bheidh ann don Eoraip. Ina theannta sin, maidir leis an gCiste sin, tá sé á mholadh ag CESE an méid seo a leanas a bheith ina thosaíocht: an ghné straitéiseach den Chiste a neartú trí líon teoranta tionscadal suaitheanta a bhfuil cistiú leordhóthanach ann dóibh a shainaithint; an ghné fhreagrúil de a neartú trí, cuir i gcás, an líne bhuiséid do FBManna agus do theicneolaíochtaí bunathraitheacha a mhéadú, iarratais oscailte a eagrú chun freagairt ar bhonn níos praise do smaointe nuálacha, nósanna imeachta meara a shainiú i gcomhair tionscadail phráinneacha, etc., agus; éifeachtúlacht an Chiste a neartú trí aistrithe earraí cosanta a bharrfheabhsú le haghaidh tionscadail de chuid an Chiste, creat na maoine intleachtúla a chomhchuibhiú, réitigh inbhuanaithe a shainiú chun déileáil le sonraí rúnaicmithe, agus tuilleadh nach iad.

3.9.

Thar a cheann sin, creideann CESE go bhfuil beartas iomlánaíoch agus straitéiseach maidir le hamhábhair/amhábhair chriticiúla ríthábhachtach faoi láthair chun spleáchas straitéiseach na hEorpa ar réimis uathlathacha a laghdú. Tá CESE den tuairim gur cheart an straitéis sin a bhunú ar thrí cholún: 1) rochtain oscailte saor in aisce ar amhábhair/amhábhair chriticiúla; 2) amhábhair Eorpacha nó intíre/saothrú agus próiseáil amhábhar criticiúil a neartú, dreasachtaí cánach, tionscnaimh a chur i stoc-chairn, agus; 3) amhábhair/amhábhair chriticiúla a athchúrsáil, dálaí creata a fheabhsú le haghaidh geilleagar ciorclach.

3.10.

Creideann CESE gurb é príomh-mhisean EDTIB tacú le fórsaí armtha na hEorpa a gcuid cúraimí a chomhlíonadh. Chuige sin, tá CESE suite de nach mór do EDTIB a bheith in ann ceithre phríomhfheidhm a chomhlíonadh: 1) an trealamh cosanta atá de dhíth agus na seirbhísí lena mbaineann a chur ar fáil am ar bith, in imthosca ar bith; 2) príomhtheicneolaíochtaí cosanta agus a gcuid feidhmeanna a fheabhsú agus leaganacha nua feabhsaithe díobh, agus an chéad ghlúin eile díobh, a fhorbairt; 3) freagairt do threochtaí nua teicneolaíochta atá ag teacht chun cinn agus d’éachtaí arna ndéanamh ag iomaitheoirí agus ag aon dream a d’fhéadfadh bagairt orthu, agus; 4) deacrachtaí a chruthú d’iomaitheoirí agus do dhreamanna a d’fhéadfadh bagairt orthu trí choincheapa nuálacha, teicneolaíochtaí bunathraitheacha agus feidhmeanna atá go hiomlán nua a fhorbairt. Ag tosú leis an Teachtaireacht Chomhpháirteach, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit straitéis chuimsitheach thionsclaíoch i gcomhair réimse na cosanta a fhorbairt mar ábhar práinne agus é mar aidhm acu feidhmíocht EDTIB a fheabhsú ó thaobh na bpríomhfheidhmeanna atá aige.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.

Tuigeann CESE freisin a thábhachtaí atá sé cumarphointe láidir cibearshlándála a thógáil d’fhonn aghaidh a thabhairt ar chineálacha nua na cogaíochta hibridí, amhail cibirionsaithe agus míchleachtais dhigiteacha i gcoinbhleachtaí idirnáisiúnta míleata agus neamh-mhíleata a thit amach le déanaí. Dá bhrí sin, ba cheart béim ar leith a chur ar infheistíochtaí sa chibearshlándáil, earnáil ar tháinig fás uirthi go pras le deich mbliana anuas agus ar cosúil go ndéantar athruithe i ngnóthaí idirnáisiúnta, i ngnóthaí baile, agus i gcinntí beartais dá réir.

4.2.

Tá béim á cur air ag CESE go gcaithfidh an tAontas Eorpach tionscnaimh infheistíochta a fhorbairt a fhágfaidh gur féidir comhar tionsclaíoch a dhéanamh trí ghnólachtaí nuathionscanta agus trí FBManna. Chomh maith leis sin, caithfidh sé leas iomlán a bhaint as lucht saothair ardoilte earnáil na cosanta agus, san am céanna, scileanna a uasghrádú agus scileanna nua a chruthú trí bhíthin cláir Eorpacha chomhair.

4.3.

Tá CESE á mholadh an athuair ionad ilfhreastail ar líne do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta a bhunú — mar atá “Cúinne FBManna an Aontais” ar líne — ina bhféadfaí sonraí réamhshainithe a chur isteach agus faisnéis shaincheaptha a fháil ar ais faoi na cláir AE is oiriúnaí trína bhféadfaí tacaíocht a chur ar fáil.

4.4.

Maidir leis na bearta chun tacú le teicneolaíochtaí criticiúla agus le hacmhainneachtaí tionsclaíocha, is den ríthábhacht go fóill spleáchais chriticiúla feadh slabhraí luacha i réimse na cosanta a laghdú. Tá idir rochtain ar amhábhair chriticiúla, agus soláthar comhpháirteanna criticiúla, soláthar fochóras, etc. i gceist leis sin. Áirítear leis, freisin, cobhsaíocht airgeadais agus cobhsaíocht eacnamaíoch an tslabhra soláthair thionsclaíoch agus scileanna leormhaithe a bheith ann chun freastal ar na ceanglais chumais agus na ceanglais theicneolaíocha atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Is mian le CESE béim a chur ar na breithnithe agus na moltaí dá chuid arna leagan amach cheana féin sa tuairim uaidh Treochlár maidir le teicneolaíochtaí slándála agus cosanta (CCMI/189).

4.5.

Ba cheart critéir a bhaineann leis an tsochaí agus leis an gcomhshaol a chur san áireamh agus an pharaidím nua um infheistíocht i réimse na cosanta san Eoraip á dearadh. Ar an gcaoi sin, bainfear amach an gá atá le huirlisí iontaofa agus inaistrithe a chomhtháthú go héifeachtach sa Chomhaontú Glas agus bainfear amach na spriocanna forbartha inbhuanaithe (SDGanna). D’fhágfadh sé sin go mbeifí ag freagairt do phríomhthosaíochtaí na hEorpa agus do na rioscaí móra atá ag bagairt uirthi, mar shampla an geilleagar ciorclach, an chosaint shibhialta, tubaistí nádúrtha, bainistiú éigeandála agus gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta ar muir. Teastaíonn gníomhaíochtaí comhlántacha agus uirlisí nua-aimseartha láithreach i gcomhair an bhainistithe géarchéimeanna agus na géarchéime aeráide. Ba cheart scéim ar leith um chomhar a phlé le hArd-Stiúrthóireacht ECHO.

An Bhruiséil, an 14 Nollaig 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


Top