BILEOG ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN
|
Measúnú tionchair ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat um chéannacht dhigiteach Eorpach agus seirbhísí iontaoibhe sa mhargadh inmheánach
|
A.An gá atá le beart
|
Cén fhadhb atá ann agus cén fáth ar fadhb í ar leibhéal an Aontais?
|
Faoi láthair, mar gheall ar easnaimh rialála agus chur chun feidhme, mar aon le forbairtí sa mhargadh, forbairtí teicneolaíochta agus forbairtí sochaíocha, tá cosc á chur ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí leas iomlán a bhaint as ríomh-shainaitheantais agus as seirbhísí iontaoibhe san Aontas. I bhfianaise an méid sin agus i bhfianaise na gcuspóirí a leagadh síos leis an sainordú polaitiúil ó Uachtarán an Choimisiúin agus na Comhairle Eorpaí, is é is aidhm don tionscnamh seo aghaidh a thabhairt ar na príomhfhadhbanna seo a leanas:
Ar an gcéad dul síos, ní dhéantar freastal ar an éileamh méadaithe ó sheirbhísí poiblí agus príobháideacha ar ríomh-shainaitheantas iontaofa ná ar ionchais na n‑úsáideoirí maidir le réitigh iontaofa gan uaim agus chun tréithe a roinnt thar theorainneacha, i réimse leathan cásanna úsáide poiblí agus príobháideacha. Ina theannta sin, leis na réitigh maidir le céannacht dhigiteach atá ar fáil, ní thugtar aghaidh leordhóthanach ar ábhair imní maidir le rialú agus le slándáil sonraí.
Ar an dara dul síos, is míchothrom iad na dálaí maidir le seirbhísí iontaoibhe a sholáthar, agus is neamhleor é raon feidhme an rialacháin.
|
Cad é ba cheart a bhaint amach?
|
Is é cuspóir ginearálta don idirghabháil feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, go háirithe i ndáil le soláthar seirbhísí digiteacha poiblí agus príobháideacha trasteorann agus trasearnálach. Is é is aidhm do chuspóirí sonracha an tionscnaimh léiriú a thabhairt ar an sainordú polaitiúil agus ar bheartais arna gcur i dtoll chéile ag Uachtarán an Choimisiúin agus le Conclúidí ón gComhairle Eorpach, sainordú ina n‑iarrtar go mbeadh céannacht dhigiteach Eorpach ann, arb iad seo a leanas is cuspóirí di:
a) réitigh iontaofa shlána maidir le céannacht dhigiteach a chur ar fáil do shaoránaigh agus do ghnólachtaí uile an Aontais, réitigh ar féidir iad a úsáid ar bhonn trasteorann, agus ionchais agus éileamh na n‑úsáideoirí á gcomhlíonadh;
b) cinntiú gur féidir le seirbhísí poiblí agus príobháideacha brath ar réitigh maidir le céannacht dhigiteach trasteorann atá iontaofa agus slán;
c) smacht iomlán a thabhairt do shaoránaigh maidir lena sonraí pearsanta agus a slándáil a chinntiú agus réitigh maidir le céannachta dhigiteach á n‑úsáid acu, agus
d) dálaí comhionanna a áirithiú maidir le soláthar seirbhísí iontaoibhe cáilithe san Aontas, agus glacadh na seirbhísí sin.
|
Cad é an breisluach atá le gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (coimhdeacht)?
|
Chun éifeachtacht agus idir-inoibritheacht a áirithiú i dtaca leis an gcéannacht dhigiteach Eorpach, ba mhó an tairbhe a bheadh ag baint le bhearta ar leibhéal an Aontais i gcomparáid le bearta a dhéanfaí ar leibhéal na mBallstát amháin. Tá bearta náisiúnta i réimsí an ríomh-shainaitheantais agus seirbhísí iontaoibhe faoi réir teorainneacha soiléire sa chomhthéacs náisiúnta, cé go mbeadh a dtairbhí díreacha teoranta do Bhallstát amháin, den chuid is mó nó go heisiach, rud a chuirfeadh le hilroinnt bhreise. Dá mba rud é go dtabharfaí aghaidh ar fhadhbanna sistéamacha i ndáil leis an tsaorghluaiseacht a éascaítear trí úsáid fhorleathan a bhaint as an ríomh-shainaitheantas agus as seirbhísí iontaoibhe chun rochtain a fháil ar earraí agus ar sheirbhísí ar fud na hEorpa, thabharfaí freagairt níos fearr ar scála an Aontais.
|
B.Réitigh
|
Cad iad na roghanna éagsúla lenar féidir na cuspóirí a bhaint amach? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Mura bhfuil, cén fáth nach bhfuil?
|
Rinneadh trí rogha beartais a mheas agus a mheasúnú, bunaithe ar loighic uaillmhéine forchéimnitheach:
·Tá Rogha 1 ar leibhéal íseal uaillmhéine agus béim inti ar fheabhas a chur ar an reachtaíocht atá ann faoi láthair gan a raon feidhme a athrú;
·Rogha 2 ar mheánleibhéal uaillmhéine. Le rogha 2, chuirfí le rogha 1 agus, ina theannta sin, bhunódh sé creat lena rialálfaí margadh le haghaidh malartú slán maidir le sonraí atá nasctha le céannacht;
·Tá rogha 3 ar an leibhéal is airde uaillmhian. Le rogha 3 tógfar ar an éifeacht shineirgeach a bheadh le sraith beart faoi Rogha 1 agus faoi Rogha 2, agus d’áiritheofaí léi go gcuirfí Aip Tiachóige Phearsanta le haghaidh na Céannachta Digití Eorpaí ar fáil, ar bhonn deonach, do gach cónaitheoir agus do gach cuideachta san Eoraip.
Maidir le seirbhísí iontaoibhe, cuireann na trí rogha leis an leibhéal céanna uaillmhéine agus braitheann siad ar thacar beart comhchosúil.
Is é rogha 3 an rogha tosaíochta, agus áirítear inti na bloic thógála seo a leanas go háirithe:
-éiceachóras Aip Tiachóige Phearsanta le haghaidh na Céannachta Digití a bhunú;
-saorghluaiseacht agus malartú sonraí céannachta digití thar theorainneacha a bhunú agus nasc láidir iontaofa eatarthu sin agus an Aip Tiachóige;
-iontaofacht trasteorann na hAipe Tiachóige a áirithiú trína nascadh leis na ríomh-shainaitheantais ar thug na Ballstáit fógra ina leith, agus
-cosaint sonraí agus smacht iomlán ar shonraí céannachta a áirithiú don úsáideoir.
|
Cad iad tuairimí na bpáirtithe leasmhara éagsúla? Cé hiad na páirtithe leasmhara éagsúla agus cé na bearta is rogha leo?
|
Tríd is tríd, tá na Ballstáit i bhfabhar na mbeart a áirítear sa rogha thosaíochta, agus go háirithe maidir le torthaí mheastóireacht eIDAS a léirigh go bhfuil gá le brú láidir chun dlús a chur leis na fógraí faoi eIDAS agus ar an ngá atá ann deireadh a chur leis na teorainneacha atá ann faoi láthair maidir le húsáid ríomh-shainaitheantas ar rítheoranta a raon úsáide san earnáil phríobháideach. Iarrann páirtithe leasmhara an tionscail creat um chéannacht dhigiteach lena n‑éascófaí idirghníomhaíocht gan uaim idir na ríomh-shainaitheantais náisiúnta arna bhforbairt ag na Ballstáit agus an creat um thréithe céannachta a mbíonn gá leo i sraith leathan cásanna úsáide príobháidí.
|
C.Tionchar na rogha tosaíochta
|
Cé na tairbhí a bhaineann leis an rogha thosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad tairbhí na bpríomhroghanna)?
|
Is iad na saoránaigh a gheobhadh príomhthairbhe na rogha tosaíochta; Le Tiachóg na Céannachta Digití Eorpaí ar chuirfí ar chumas na saoránach a gcéannacht dhigiteach agus a dtréithe agus a bhfaisnéis aitheantais comhlachaithe a fhaigheann siad ó fhoinsí éagsúla (e.g. oideachas, fostaíocht, bardas, cumainn ghairmiúla, fóillíocht, etc.) a bhainistiú ar bhealach féincheannasach. Thabharfaí rochtain dóibh ar sheirbhísí poiblí agus príobháideacha ar líne ar fud an Aontais, chomh maith le smacht iomlán ar a gcuid sonraí pearsanta féin.
|
Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann dóibh, murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)?
|
Maidir leis an gcostas a bheidh leis an rogha tosaíochta, agus le cé air a mbeidh an costas, braitheann sé sin ar cibé cás cur chun feidhme a roghnófar (lena chur chun feidhme trí Bhallstát, faoi shainordú ó Bhallstát, nó neamhspleách ar an mBallstát agus aitheantas aige ó na Ballstáit).
|
Cén tionchar a imreofar ar FBManna agus ar an iomaíochas?
|
Is dócha go mbeidh suim ag FBManna seirbhísí tiachóige a ghlacadh chun críocha idirbheart gnó, agus cuideachtaí atá níos mó, is dócha gurb éard is rogha leo sin réitigh dheascbhunaithe a bheidh bunaithe ar phróisis uathoibríocha (e.g. cuideachtaí slándála sóisialta ina mbaintear úsáid as ardáin thiomnaithe). Nuair a dhéantar an tiachóg a chomhtháthú trí APInna chun faisnéis aitheantais / tréithe a thomhailt agus nuair a dhéantar custaiméirí a shainaithint nó a fhíordheimhniú, cruthaítear costais do FBManna, costais ar dócha go gcúiteofar iad trí shimpliú agus trí thairbhí éifeachtúlachta, ag brath ar cibé cás gnó ar leith atá i gceist. Leis an rogha thosaíochta chuirfí deiseanna nua gnó ar fáil d’Aitheantas FBM/sholáthraithe seirbhísí iontaobhais, cé gur dócha go mbeidh costais forbartha agus deimhniúcháin ina mbacainn iontrála áirithe.
|
An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta?
|
Is iad na ceanglais maidir leis an méid seo a leanas is cúis le tionchar ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta:
1)Scéimeanna ríomh-shainaitheantais iomlána a chur in úsáid sna Ballstáit nár chuir i bhfeidhm iad go fóill (bíonn éagsúlacht mhór ar na costais ag brath ar mhéid an Bhallstát, agus ar dhaonra an Bhallstáit)
2)Costais a bhfuil nasc díreach acu leis an bpróiseas fógartha (EUR 1.3 milliún i gcás na mBallstát nár tugadh fógra ina leith fós)
3) An costas le foinsí barántúla a chur ar fáil do sholáthraithe céannachta faisnéis aitheantais (thart ar EUR 625 milliún ar chostas aon uaire agus EUR 162 milliúin gach bliain ar fud an Aontais)
4)Aip Tiachóige an Aontais a fhorbairt agus a choinneáil (suas le EUR 10 milliún, i gcás ina gcuireann na Ballstáit í in úsáid)
5)Costais eile a bhaineann, mar shampla, le caighdeánú, deimhniúchán, taithí a fháil ar na hathruithe reachtacha, agus maoirseacht a dhéanamh ar sheirbhísí iontaoibhe nua.
|
An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist?
|
Táthar ag súil go mbeidh tionchar dearfach ag an tionscnamh ar an nuálaíocht, agus go gcuirfear idir-inoibritheacht chun cinn tuilleadh leis an tionscamh. Táthar ag súil go mbeidh tionchar dearfach ag na roghanna sin ar fhostaíocht mar gheall ar an méid a chuirfear leis an leathnú amach ar idirbhearta ar líne dá dtoradh agus ar an laghdú a dhéanfar ar bhacainní sa Mhargadh Inmheánach. Cuirfidh sé le láithreacht agus le hinrochtaineacht gnéithe slándála i ngléasanna móibíleacha, rud a fhágann go bhféadfar dul chun cinn a dhéanamh i bhfeidhmchláir aitheantais eile agus ina thuilleadh nach iad. Ina theannta sin, táthar ag súil go mbeidh tionchar dearfach leis an rogha sin i dtéarmaí rannpháirtíocht saoránach a mhéadú, bonn digiteach a chur faoi bhainistiú sonraí pearsanta ar bhealach a bheidh bunaithe ar phríobháideachas, slán, agus iomaíoch, agus ar bhealach lena gcuirfear comhlíontacht níos fearr chun cinn le forálacha Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na tionchair dhearfach ar Shaoirse, Comhionannas, Dlúthpháirtíocht agus Cearta na Saoránach.
|
Comhréireacht?
|
I bhfianaise na gcuspóirí, tá an rogha thosaíochta comhréireach go leor agus is dócha go mbeidh na costais i gcomhréir leis na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ann. Ní féidir na costais a eascraíonn as caighdeáin nua a chruthú agus a ailíniú (soláthróirí seirbhísí iontaoibhe agus soláthraithe seirbhíse ar líne) a sheachaint má tá cuspóirí na hinúsáidteachta agus na rochtana le baint amach. Ina theannta sin, is é is aidhm don rogha thosaíochta leas a bhaint as na hinfheistíochtaí a rinne na Ballstáit cheana.
|
D.Iarobair
|
Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?
|
Déanfar faireachán ar an tionscnamh a mhéid a bhaineann lena chur chun feidhme, lena chur i bhfeidhm agus le faisnéis chomhthéacsach indíreach eile. Tabharfar isteach clásal athbhreithnithe sa ghníomh dlí.
|