Bileog Achoimre Feidhmiúcháin
|
Measúnú tionchair ar chomhpháirtíocht institiúidithe Eorpach fhéideartha ar eochairtheicneolaíochtaí digiteacha
|
A. An gá atá le beart
|
Cén fhadhb atá ann agus cén fáth ar fadhb í ar leibhéal an Aontais?
|
Is comhpháirteanna agus córais leictreonacha atá mar bhonn taca faoi gach táirge agus seirbhís dhigiteach iad ‘eochairtheicneolaíochtaí digiteacha’ (KDTanna) Breathnaítear orthu mar ríthábhachtach mar gheall gurb iad príomhbhloic thógála na gcóras digiteach iad.
Mura gcoinníonn an tAontas a cheannaireacht i gcomhpháirteanna agus córais leictreonacha, tá baol ann go gcaillfidh sé a staid mhargaidh láidir in earnálacha amhail mótarfheithiclí, cúram sláinte, monaraíocht thionsclaíoch, aerspás agus slándáil.
Tá baol ann freisin go mbeidh sé ina leantóir i bparaidímí agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, amhail intleacht shaorga (IS) agus imeall‑ríomhaireacht, agus go mbeadh ar na margaí gaolmhara a bhfuil éileamh le haghaidh comhpháirteanna agus córais leictreonacha á gcruthú acu leibhéil feidhmíochta atá difriúil leo siúd atá ar fáil inniu a thaispeáint.
Bheadh ar an Aontas dul i ngleic le fadhb mhór, is é sin, slándáil an tsoláthair teicneolaíochtaí comhpháirteanna iontaofa, sábháilte agus slána le haghaidh bonneagair chriticiúla agus earnálacha tionsclaíocha atá ríthábhachtach don gheilleagar.
Mura ndéanfaí na heochairtheicneolaíochtaí digiteacha sin a ailíniú le tosaíochtaí beartais an Aontais, bhainfí ionstraim mhór de chun an claochlú digiteach a ghiaráil chun dul i ngleic lena spriocanna sochaíocha agus comhshaoil.
|
Cad é ba cheart a bhaint amach?
|
Iarracht taighde agus nuálaíochta ar scála leordhóthanach agus ag a bhfuil leibhéal leordhóthanach comhordaithe chun mais chriticiúil acmhainní a bhailiú, inniúlachtaí agus leasanna iomadúla a eagrú, agus iad a stiúradh i dtreo comhchlár oibre ag a bhfuil na spriocanna seo a leanas le baint amach faoi 2030:
1.Ceannasacht teicneolaíochta an Aontais i gcomhpháirteanna agus córais leictreonacha a neartú chun tacú le riachtanais tionscal ‘ingearach’ agus an gheilleagair trí chéile amach anseo
A áirithiú go bhfanann an tAontas chun tosaigh ar theicneolaíocht i gcomhpháirteanna agus córais leictreonacha a chuireann le slabhraí luacha straitéiseacha athléimneacha. Éireoidh sé sin níos criticiúla fós de réir mar a tharlaíonn an claochlú digiteach agus mar a éiríonn teicneolaíochtaí digiteacha níos forleithne i measc earnálacha.
Ba cheart luach dearaidh agus táirgthe na gcomhpháirteanna agus na gcóras leictreonach a dhúbláil san Eoraip faoi 2030 mar thoradh ar an gceannasacht mhéadaithe, i gcomhréir le meáchan an Aontais i dtáirgí agus seirbhísí go ginearálta.
2.Sármhaitheas eolaíochta agus ceannaireacht nuálaíochta an Aontais a bhunú i dteicneolaíochtaí comhpháirteanna agus córas atá ag teacht chun cinn
Cruthaítear deiseanna nua le haghaidh comhpháirteanna agus córas leictreonach agus a bhfeidhmeanna mar gheall ar mhionadúchán breise i dtreo teorannacha fisiciúla, dul i bhfeidhm tapa Intleachta Saorga, agus paraidímí imeall‑ríomhaireachta agus ríomhaireachta malartaí. Féadfaidh bonn láidir eolaíochta i réimsí atá ag teacht chun cinn a chur ar chumas an Aontais deiseanna den sórt sin a thapú. Féadfaidh FBManna agus cuideachtaí nua‑thionscanta atá gníomhach i dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn tairbhe a bhaint as éiceachórais nua agus cuidiú lena múnlú.
Ba cheart do thrian amháin ar a laghad den líon iomlán rannpháirtithe i dtionscnamh eochairtheicneolaíochtaí digiteacha ionadaíocht a dhéanamh ar FBManna agus ba cheart dóibh 20 % ar a laghad den chistiú poiblí fháil.
3.A áirithiú go dtéann teicneolaíochtaí comhpháirteanna agus córas i ngleic le dúshláin shochaíocha agus chomhshaoil an Aontais
Bheadh ról fíor‑riachtanach ag údaráis phoiblí an Aontais agus údaráis phoiblí náisiúnta i dtionscnamh comhordaithe ag áirithiú go n‑ailíníonn sé le tosaíochtaí polaitiúla. Ba cheart do theicneolaíochtaí comhpháirteanna agus córas leictreonach na leibhéil chearta iontaofa agus príobháideachais a sholáthar agus rannchuidiú le cuspóirí comhshaoil an Aontais.
Bheadh sprioc ag an tionscnamh ídiú fuinnimh a laghdú 32.5 % faoi 2030.
|
Cad é an breisluach atá le gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (coimhdeacht)?
|
Tá comhpháirteanna agus córais leictreonacha mar bhonn taca faoi shlabhraí luacha tionsclaíocha a mbíonn tionchar suntasach sochaíoch agus eacnamaíoch acu ar fud na hEorpa.
Éilítear freagairt chomhordaithe ag leibhéal an Aontais mar gheall ar luas tapa dhul chun cinn na teicneolaíochta sa tionscal, mar aon leis an gcaoi a bhfuil na Stáit Aontaithe agus tíortha Áiseacha ag déanamh infheistíocht ollmhór le bheith ceannródaíoch sa réimse agus chun a spleáchas ar réigiúin eile a íoslaghdú.
Ní bheadh aon tír ná eagraíocht amháin in ann torthaí a sholáthar i leith na gcuspóirí thuasluaite. Ní bheifí in ann an cur chuige straitéiseach is gá agus an mhais chriticiúil acmhainní, inniúlachtaí agus leasanna a áirithiú ach le slógadh ag leibhéal an Aontais, a bhfuil Ballstáit agus an tionscal rannpháirteach ann.
|
B. Réitigh
|
Cad iad na roghanna éagsúla lenar féidir na cuspóirí a ghnóthú? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Mura bhfuil, cén fáth nach bhfuil?
|
Breithníodh na roghanna seo a leanas mar mhodh chun tacú le taighde agus nuálaíocht:
·glaonna traidisiúnta faoin gcreatchlár (rogha bhonnlíne);
·comhpháirtíocht Eorpach chomh‑chláreagraithe (rogha 1); agus
·comhpháirtíocht institiúidithe Eorpach faoi Airteagal 187 CFAE (rogha 3).
Is í an chomhpháirtíocht institiúidithe Eorpach an rogha thosaíochta, mar go n‑áiritheodh comhpháirtíocht mar sin go nglacann an tionscal comhpháirteanna agus córas leictreonach níos leithne ról gníomhach i socrú an chláir oibre taighde agus nuálaíochta, i dteannta le húdaráis phoiblí (ag leibhéal an Aontais agus an leibhéal náisiúnta), chun na spriocanna thuasluaite a bhaint amach. Chumasódh sí gealltanas inbhuanaithe ó chomhaltaí na comhpháirtíochta i gcaitheamh an chláir a mhairfeadh 7 mbliana agus sholáthródh sí struchtúr seasmhach le haghaidh cur chun feidhme éifeachtúil agus le haghaidh comhordú le tionscnaimh ghaolmhara. D'fhéachfaí le hidirghabháil a dhéanamh go háirithe le comhpháirtíochtaí a dhíríonn ar chúrsaí digiteacha (e.g. Fótónaic, EuroHPC, SNS, Intleacht Shaorga, sonraí agus róbataic) agus réimsí feidhmiúcháin (sláinte, mótarfheithiclí, monaraíocht, spás).
Fuarthas sa mheasúnú go soláthraíonn an rogha seo an ‘treoíocht’ is mó (ag áirithiú ailíniú le clár oibre taighde agus nuálaíochta) agus an ‘bhreisíocht’ is mó (ag slánú tionchair ghiarála).
|
Cad iad tuairimí na bpáirtithe leasmhara éagsúla? Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na bearta is rogha leo
|
Nuair a chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit maidir le comhpháirtíochtaí Fís Eorpach, mheas 96 % díobh go mbeadh comhpháirtíocht ar eochairtheicneolaíochtaí digiteacha ábhartha dá mbeartas agus tosaíochtaí náisiúnta, agus dá dtionscal, eagraíochtaí taighde agus ollscoileanna.
Sa chomhairliúchán poiblí oscailte, chuir 82 % de na freagróirí in iúl go mbeadh tionscnamh eochairtheicneolaíochtaí digiteacha ábhartha nó an‑ábhartha chun rochtain ar chomhpháirteanna agus córais iontaofa a dheimhniú. Go háirithe, thacaigh cumainn tionscail, ollscoileanna, eagraíochtaí taighde agus teicneolaíochta, na Ballstáit agus cuideachtaí móra leis an dearcadh sin.
Shíl neart freagróirí (ní ba mhó ná 40 %) gurbh í an chomhpháirtíocht institiúidithe an rogha ab oiriúnaí. Léiríonn sé sin trasghearradh cothrom de thionscal (gnólachtaí móra agus FBManna), eagraíochtaí taighde agus na Ballstáit. Thacaigh páirtithe leasmhara ar cuireadh agallamh orthu don staidéar a thacaíonn leis an measúnú tionchair go láidir leis an rogha sin.
Léiríodh i dtuairimí mionlaigh (e.g. ó eagraíochtaí taighde) go mbaineann riosca leis an rogha sin go mbeadh sí ní ba chasta. Téitear i ngleic le comhchuibhiú agus simpliú na nósanna imeachta agus na gcleachtas sa tionscnamh beartaithe, áfach.
|
C. Tionchar na rogha tosaíochta
|
Cé na tairbhí a bhaineann leis an rogha thosaíochta (más ann dóibh; murab ann, cad iad tairbhí na bpríomhroghanna)?
|
Bheadh comhpháirtíocht bunaithe ar Airteagal 187 CFAE in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:
·tacú le clár oibre straitéiseach taighde agus nuálaíochta (SRIA) an Aontais ar theicneolaíochtaí comhpháirteanna agus córas leictreonach, ag ailíniú thosaíochtaí an Aontais, na stát rannpháirteach agus an tionscail chun mais chriticiúil a bhaint amach;
·brath ar ghealltanais ranníocaíochta roimh ré ó chomhaltaí poiblí (an tAontas agus comhaltaí náisiúnta) agus comhaltaí príobháideacha na comhpháirtíochta;
·struchtúr lárbhainistithe a thacaíonn le rannpháirtíocht fhadtéarmach comhaltaí príobháideacha a sholáthar chun clár uaillmhianach a chur chun feidhme; agus
·giaráil ard 1:3 a sholáthar ag meascadh chistiú an Aontais le ranníocaíochtaí ó na Ballstáit agus ón tionscal (EUR 1 ón Aontas, EUR 1 ó stáit rannpháirteacha, EUR 2 ó chomhaltaí príobháideacha) chun mais chriticiúil d’acmhainní taighde agus nuálaíochta a shlógadh.
|
Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann dóibh, murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)?
|
Toisc go nglacfadh tionscnamh eochairtheicneolaíochtaí digiteacha amach anseo an struchtúr ECSEL atá ann faoi láthair, is é costas chur chun feidhme na rogha tosaíochta costas reáchtála oifige comhghnóthais ar feadh thréimhse an tionscnaimh. Déantar an costas sin a chúiteamh den chuid is mó ag na buntáistí a luaitear thuas, agus go háirithe éifeachtaí giarála an chómhaoinithe chun scála na n‑acmhainní a bhaint amach is gá chun aghaidh a thabhairt ar na spriocanna uaillmhianacha. Dhéanfaí comhghnóthas ESCEL a oiriúnú don chomhpháirtíocht eochairtheicneolaíochtaí digiteacha agus d’fhanfadh na costais chur chun feidhme fhoriomlána mar an gcéanna.
|
Cén tionchar a imreofar ar FBManna agus ar an iomaíochas?
|
Fuarthas moladh amháin ón measúnú eatramhach ar ECSEL, is é sin, rannpháirtíocht níos gníomhaí i measc FBManna a spreagadh. An bhéim ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus an cuspóir a dhíríonn ar inniúlacht deartha a thógáil (réimsí ina bhfuil FBManna an‑ghníomhach), is dócha go meallfaidh sí líon níos airde cuideachtaí beaga chuig an tionscnamh i róil níos ábhartha. Beartaítear gníomhaíochtaí sonracha (e.g. rochtain ar theicneolaíocht agus tástáil) chun soláthróirí beaga agus úsáideoirí a thabhairt isteach le bheith rannpháirteach san éiceachóras.
|
An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta?
|
Tá comhpháirtíocht eochairtheicneolaíochtaí digiteacha bunaithe ar shamhail thrí‑pháirteach (an Coimisiún, na Ballstáit agus an tionscal) le ranníocaíochtaí airgeadais agus rannpháirtíocht riaracháin ó na stáit rannpháirtithe (na Ballstáit agus tíortha comhlachaithe). Úsáidtear an tsamhail sin go rathúil faoi láthair sa chomhghnóthas ECSEL.
|
An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist?
|
Cuirfear cearta bunúsacha, go háirithe sábháilteacht, slándáil agus príobháideachas saoránach san áireamh i bhforbairt agus glacadh teicneolaíochtaí comhpháirteanna agus córas leictreonach.
|
Comhréireacht?
|
Soláthraíonn an rogha thosaíochta na gnéithe ar fad chun na cuspóirí a bhaint amach agus ní théann sí thar a bhfuil riachtanach.
|
D. Iarobair
|
Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?
|
Déanfar athbhreithniú ar an gcomhpháirtíocht go tráthrialta ag leibhéal tionscadail, teicneolaíochta/earnála agus clár. Beartaítear go ndéanfaidh painéal neamhspleách saineolaithe athbhreithniú meántéarma tar éis 3 bliana feidhmiúcháin. Déanfar measúnú ar dhul chun cinn i leith chuspóirí an tionscnaimh, na dtionchar beartaithe agus rannchuidiú le tosaíochtaí beartais an Aontais i meastóireachtaí tráthrialta.
|