Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021PC0663

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2013/36/AE a mhéid a bhaineann le cumhachtaí maoirseachta, smachtbhannaí, brainsí tríú tír, agus priacail comhshaoil, shóisialta, agus rialachais, agus lena leasaítear Treoir 2014/59/AE

COM/2021/663 final

An Bhruiséil,27.10.2021

COM(2021) 663 final

2021/0341(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2013/36/AE a mhéid a bhaineann le cumhachtaí maoirseachta, smachtbhannaí, brainsí tríú tír, agus priacail comhshaoil, shóisialta, agus rialachais, agus lena leasaítear Treoir 2014/59/AE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2021) 380 final} - {SWD(2021) 320 final} - {SWD(2021) 321 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

An leasú atá beartaithe ar Threoir 2013/36/AE (an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil nó CRD), is cuid de phacáiste reachtach é lena náirítear freisin leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil nó CRR) 1 .

Mar fhreagairt ar an nGéarchéim Mhór Airgeadais 2008-09 (GFC), chuir an tAontas athchóirithe suntasacha chun feidhme ar an gcreat stuamachta is infheidhme maidir le bainc chun a nathléimneacht a fheabhsú agus ar an gcaoi sin cuidiú le cosc a chur ar atarlú géarchéime den chineál céanna. Bhí na hathchóirithe sin bunaithe den chuid is mó ar chaighdeáin idirnáisiúnta a ghlac Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB) 2 ó 2010 i leith. Tugtar caighdeáin Basel III, athchóirithe Basel III nó creat Basel III ar na caighdeáin sin ar bhonn comhchoiteann 3 .

Tá na caighdeáin dhomhanda a d’fhorbair CBMB ag éirí níos tábhachtaí mar gheall ar chineál domhanda agus idirnasctha na hearnála baincéireachta. An earnáil dhomhandaithe baincéireachta, éascaíonn sí trádáil agus infheistíocht idirnáisiúnta, ach cruthaíonn sí priacail airgeadais níos casta freisin. Gan caighdeáin dhomhanda aonfhoirmeacha, d’fhéadfadh na bainc a roghnú a gcuid gníomhaíochtaí a bhunú sa dlínse ina bhfuil na córais rialála agus mhaoirseachta is boige. D’fhéadfadh rás rialála a bheith ann dá bharr a d'fhágfadh go gcaithfí caighdeáin de leataobh ar mhaithe le gnólachtaí baincéireachta a mhealladh, rud a mhéadódh san am céanna an baol go mbeidh éagobhsaíocht airgeadais dhomhanda ann. Cuireann comhordú idirnáisiúnta ar chaighdeáin dhomhanda srian den chuid is mó le hiomaíocht den chineál seo a bhfuil priacal ag baint léi agus tá sé ríthábhachtach chun cobhsaíocht airgeadais a choinneáil i ndomhan domhandaithe. Déanann caighdeáin dhomhanda saol na mbanc atá gníomhach go hidirnáisiúnta a shimpliú freisin – agus ina measc sin tá líon maith de bhainc an Aontais Eorpaigh ann – toisc gurb iadsan a ráthaíonn go gcuirtear rialacha i bhfeidhm atá comhchosúil, den chuid is mó, sna moil airgeadais is tábhachtaí ar fud an domhain.

Bhí an tAontas Eorpach riamh ar thús cadhnaíochta sa chomhar idirnáisiúnta i réimse na rialála baincéireachta. An chéad sraith d’athchóirithe iar-ghéarchéime, ar cuid de chreat Basel III é, cuireadh chun feidhme é in dhá chéim:

·i mí an Mheithimh 2013, nuair a glacadh CRR 4 agus CRD IV 5 ;

·i mí na Bealtaine 2019, nuair a glacadh Rialachán (AE) 2019/876 6 , ar a dtugtar CRR II freisin, agus Treoir (AE) 2019/878, ar a dtugtar CRD V 7 freisin.

Na hathchóirithe a cuireadh chun feidhme go dtí seo, dhírigh siad ar cháilíocht agus ar mhéid an chaipitil rialála a chaithfidh na bainc a choimeád a mhéadú chun caillteanais a d’fhéadfadh a bheith ann a chumhdach. Ina theannta sin, bhí sé d'aidhm acu giaráil iomarcach na mbanc a laghdú, athléimneacht na mbanc ar shuaitheadh leachtachta gearrthéarmacha a mhéadú, a spleáchas ar chistiú gearrthéarmach agus a priacal comhchruinnithe a laghdú, agus aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna atá ‘rómhór le cliseadh’ 8 .

Mar thoradh air sin, neartaigh na rialacha nua na critéir maidir le caipiteal rialála incháilithe, mhéadaigh siad íoscheanglais chaipitil, agus thug siad isteach ceanglais nua maidir le coigeartú ar luacháil creidmheasa 9 (CVA) agus maidir le risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha 10 . Thairis sin, tugadh roinnt beart stuamachta nua isteach: íoscheanglas cóimheasa giarála, cóimheas leachtachta gearrthéarmaí (ar a dtugtar an cóimheas cumhdaigh ar leachtacht), cóimheas cistiúcháin chobhsaí níos fadtéarmaí (ar a dtugtar an cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí), teorainneacha maidir le risíocht mhór 11 agus maoláin chaipitil mhacrastuamachta 12 .

A bhuí leis an gcéad sraith d’athchóirithe sin a cuireadh chun feidhme san Aontas 13 , tá earnáil baincéireachta an Aontais tar éis éirí i bhfad níos athléimní ó thaobh turraingí eacnamaíocha de agus tráth a tháinig sí isteach i ngéarchéim COVID-19, bhí sí ar bhonn i bhfad níos cobhsaí i gcomparáid lena riocht ag tús na Géarchéime Móire Airgeadais.

Ina theannta sin, rinne maoirseoirí agus reachtóirí bearta faoisimh sealadacha ag tús na géarchéime COVID-19. Sa Teachtaireacht Léirmhínitheach uaidh maidir leis na creataí cuntasaíochta agus stuamachta a chur i bhfeidhm chun iasachtú bainc de chuid an Aontais a éascú do ghnólachtaí agus do theaghlaigh le linn COVID-19 an 28 Aibreán 2020 14 , dheimhnigh an Coimisiún an tsolúbthacht atá leabaithe sna rialacha stuamachta agus cuntasaíochta mar a léirigh na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha agus na comhlachtaí idirnáisiúnta. Ar an mbonn sin, i mí an Mheithimh 2020, ghlac na comhreachtóirí leasuithe sealadacha spriocdhírithe ar ghnéithe sonracha den chreat stuamachta – an pacáiste 15 ‘réiteach tapa’ CRR mar a thugtar air. Mar aon le bearta 16 diongbháilte airgeadaíochta agus beartais fhioscaigh, chuidigh sé sin leis na bainc leanúint de bheith ag tabhairt iasachtaí do theaghlaigh agus do chuideachtaí le linn na paindéime. Chabhraigh sé sin, ar a sheal, leis an turraing 17 eacnamaíoch a mhaolú mar thoradh ar an bpaindéim.

Cé go meastar anois go bhfuil leibhéal foriomlán an chaipitil i gcóras baincéireachta an Aontais Eorpaigh sásúil ar an meán, níor tugadh aghaidh ar roinnt de na fadhbanna a sainaithníodh tar éis na Géarchéime Móire Airgeadais go fóill. Na hanailísí a rinne ÚBE agus BCE gur léirigh na ceanglais chaipitil arna ríomh ag bainc an Aontais ag úsáid samhlacha inmheánacha, léirigh siad leibhéal suntasach inathraitheachta nach raibh údar leis de bharr difríochtaí sna priacail fholuiteacha agus a bhaineann an bonn ar deireadh ó iontaofacht agus ó inchomparáideacht a gcóimheas caipitil. Ina theannta sin, is é an toradh atá ar easpa íogaireachta priacail sna ceanglais chaipitil arna ríomh ag úsáid cur chuige caighdeánaithe go bhfuil ceanglais chaipitil neamhleora nó róard maidir le táirgí nó gníomhaíochtaí airgeadais áirithe (agus, dá bhrí sin, i gcás samhlacha sonracha gnó atá bunaithe orthu sin go príomha). I mí na Nollag 2017, tháinig CBMB ar chomhaontú maidir le sraith deiridh d’athchóirithe 18 ar na caighdeáin idirnáisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin. I mí an Mhárta 2018, chuir Airí Airgeadais G20 agus Gobharnóirí na mBanc Ceannais fáilte roimh na hathchóirithe sin agus dhearbhaigh siad arís agus arís eile go bhfuil siad tiomanta do chur chun feidhme iomlán, tráthúil agus comhsheasmhach. In 2019, d’fhógair an Coimisiún go raibh sé ar intinn aige togra reachtach a chur síos chun na hathchóirithe sin a chur chun feidhme i gcreat stuamachta an Aontais 19 .

I bhfianaise phaindéim COVID-19, cuireadh moill ar obair ullmhúcháin an togra seo. Ba léiriú an mhoill sin ar chinneadh CBMB an 26 Márta 2020 chun na spriocdhátaí cur chun feidhme a comhaontaíodh roimhe seo a chur siar go ceann bliana maidir leis na heilimintí deiridh d’athchóiriú Basel III.  20

I bhfianaise a bhfuil thuas, tá dhá chuspóir ghinearálta ag an tionscnamh reachtach reatha: rannchuidiú le cobhsaíocht airgeadais agus rannchuidiú le maoiniú seasta an gheilleagair i gcomhthéacs théarnamh géarchéime iar-COVID-19. Is féidir na cuspóirí ginearálta sin a roinnt i gceithre chuspóir níos sonraí:

(1)an creat caipitil bunaithe ar phriacal a neartú, gan méaduithe suntasacha ar na ceanglais chaipitil ar an iomlán;

(2)feabhas a chur ar an mbéim a chuirtear ar phriacail ESG sa chreat stuamachta;

(3)cumhachtaí agus uirlisí maoirseachta a chomhchuibhiú tuilleadh; agus

(4)costais riaracháin na mbanc a laghdú, costais a bhaineann le nochtadh poiblí, agus rochtain ar shonraí stuamachta na mbanc a fheabhsú.

(1)An creat caipitil bunaithe ar phriacal a neartú

Na dálaí eacnamaíocha atá faoi strus go sealadach, níor athraigh siad an gá atá leis an athchóiriú struchtúrach sin a chur i gcrích. Tá gá leis an athchóiriú a thabhairt chun críche chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna atá fós gan réiteach, chun fóntacht airgeadais bhainc an Aontais a neartú tuilleadh, chun iad a chur i riocht níos fearr chun tacú le fás eacnamaíoch agus chun géarchéimeanna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a sheasamh, agus chun inchomparáideacht na leibhéal caipitil ar fud na mbanc a éascú. Is gá eilimintí deiridh Basel III a chur chun feidhme freisin chun an chinnteacht rialála is gá a chur ar fáil d’institiúidí, chun athchóiriú ar an gcreat stuamachta a thabhairt chun críche, athchóiriú atá á dhéanamh le deich mbliana anuas.

Ar deireadh, tá tabhairt chun críche an athchóirithe i gcomhréir le tiomantas an Aontais don chomhar rialála idirnáisiúnta agus tá roinnt dá chomhpháirtithe tar éis na gníomhaíochtaí nithiúla a fhógairt nó a chur i gcrích cheana féin chun an t‑athchóiriú a chur chun feidhme go tráthúil agus go dílis.

(2)Feabhas a chur ar an mbéim ar phriacail ESG sa chreat stuamachta

Tá rud eile ann nach mór a athchóiriú, rud atá chomh tábhachtach céanna agus a eascraíonn ó obair leanúnach an Choimisiúin ar an aistriú go geilleagar inbhuanaithe. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (EGD) 21 agus sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Sprioc Aeráide 2030 an Aontais Eorpaigh a bhaint amach (‘oiriúnú don sprioc 55%’) 22 leagtar amach go soiléir tiomantas an Choimisiúin geilleagar an Aontais a athrú ina gheilleagar inbhuanaithe, agus san am céanna dul i ngleic le hiarmhairtí dosheachanta an athraithe aeráide. D'fhógair sé straitéis maidir le maoiniú inbhuanaithe 23 freisin a chuireann le tionscnaimh agus le tuarascálacha a bhí ann roimhe seo, mar atá an plean gníomhaíochta maidir le fás inbhuanaithe a mhaoiniú 24 agus na tuarascálacha ón Sainghrúpa Teicniúil um Maoiniú Inbhuanaithe 25 , ach a neartaíonn iarrachtaí an Choimisiúin sa réimse seo iad a chur i gcomhréir le spriocanna uaillmhianacha EGD.

Chun an t‑aistriú i dtreo spriocanna inbhuanaitheachta an Choimisiúin a bhaint amach, tá gá le hiarrachtaí maoiniúcháin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe chun an t‑athrú aeráide a mhaolú agus a oiriúnú, chun caipiteal nádúrtha a atógáil agus chun athléimneacht agus caipiteal sóisialta níos leithne a neartú. Ach an maoiniú poiblí as féin, ní leor é. Ní mór infheistíocht phríobháideach san aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe, ciorclach agus cóir ó thaobh carbóin de a mhéadú chun freastal ar an méid acmhainní a mheastar is gá a úsáid chun na spriocanna sin a bhaint amach. Is é is aidhm do straitéis an Choimisiúin le haghaidh maoiniú glas agus maoiniú inbhuanaithe a chur i gcroílár an chórais airgeadais. Dá bhrí sin, beidh ról ríthábhachtach ag idirghabháil atá bunaithe ar bhainc maidir leis an aistriú chuig geilleagar níos inbhuanaithe a mhaoiniú. San am céanna, is dócha go mbeidh priacail ag baint leis an aistriú sin do na bainc go mbeidh orthu bainistiú cuí a dhéanamh chun a áirithiú go n‑íoslaghdófar priacail don chobhsaíocht airgeadais. Sin an cás ina bhfuil gá le rialáil stuamachta agus inar féidir leis ról ríthábhachtach a bheith aige. Aithníodh sin i straitéis an Aontais agus leagadh béim ar an ngá le priacail comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG) a chomhtháthú níos fearr i gcreat stuamachta an Aontais. Ní leor na ceanglais dhlíthiúla atá ann faoi láthair chun dreasachtaí a chur ar fáil chun go ndéanfadh bainc bainistiú córasach agus comhsheasmhach ar phriacail ESG.

(3)Cumhachtaí agus uirlisí maoirseachta a chomhchuibhiú tuilleadh

Réimse eile fócais is ea forfheidhmiú cuí rialacha stuamachta. Ní mór do mhaoirseoirí na huirlisí agus na cumhachtaí is gá chun na críche sin a bheith acu (e.g. cumhachtaí chun bainc agus a gcuid gníomhaíochtaí a údarú, oiriúnacht a lucht bainistíochta a mheas, nó smachtbhannaí a chur orthu i gcás ina mbriseann siad na rialacha). Cé go ndéanann reachtaíocht an Aontais leibhéal íosta comhchuibhithe a áirithiú, is mór idir na huirlisí maoirseachta agus na nósanna imeachta ar fud na mBallstát. Baineann an tírdhreach rialála ilroinnte sin sa sainmhíniú ar chumhachtaí agus uirlisí áirithe atá ar fáil do mhaoirseoirí agus an chaoi a gcuirtear i bhfeidhm iad ar fud na mBallstát an bonn ón gcothrom iomaíochta sa mhargadh inmheánach agus tá amhras ann faoi bhainistíocht fhónta stuama bhainc an Aontais Eorpaigh agus faoin maoirseacht a dhéantar orthu. Tá an fhadhb sin thar a bheith géar i gcomhthéacs an Aontais Baincéireachta. Cuireann difríochtaí idir 21 chóras dlí éagsúla cosc ar an Sásra Maoirseachta Aonair (SMA) a fheidhmeanna maoirseachta a chur i gcrích go héifeachtach agus go héifeachtúil. Ina theannta sin, ní mór do ghrúpaí baincéireachta trasteorann dul i ngleic le roinnt nósanna imeachta éagsúla le haghaidh na saincheiste céanna stuamachta, rud a mhéadaíonn a gcostais riaracháin go míchuí.

(4)Costais riaracháin na mbanc a bhaineann le nochtadh poiblí a laghdú agus rochtain ar shonraí stuamachta na mbanc a fheabhsú.

Tá an togra seo riachtanach freisin chun disciplín an mhargaidh a fheabhsú tuilleadh. Is uirlis thábhachtach eile é seo chun gur féidir le hinfheisteoirí a ról a fheidhmiú maidir le faireachán a dhéanamh ar iompraíocht na mbanc. Chun é sin a dhéanamh, is gá dóibh rochtain a fháil ar an bhfaisnéis is gá. Na deacrachtaí atá ann faoi láthair maidir le rochtain ar fhaisnéis stuamachta, ceileann siad an fhaisnéis is gá ar rannphairtithe margaidh maidir le staid stuamachta na mbanc. Ar deireadh, laghdaíonn sé sin éifeachtacht an chreata stuamachta le haghaidh na mbanc, rud a d’fhéadfadh amhras a chaitheamh orthu faoi athléimneacht na hearnála baincéireachta, go háirithe i dtréimhsí struis. Ar an gcúis sin, is é is aidhm don togra nochtadh faisnéise stuamachta a lárú chun rochtain ar shonraí stuamachta agus ar inchomparáideacht a mhéadú ar fud an tionscail. An lárú nochtuithe i bpointe rochtana aonair arna bhunú ag ÚBE, tá sé dírithe freisin ar an ualach riaracháin a laghdú d’institiúidí, go háirithe institiúidí beaga agus neamhchasta.

Tar éis Brexit, tá gné nua ag baint le cuspóir trasearnála eile, lena gcuirtear creat láidir Aontais ar fáil do ghrúpaí tríú tíortha a chuireann seirbhísí baincéireachta ar fáil san Aontas. Is faoi réir reachtaíocht náisiúnta, agus sin amháin, atá bunú brainsí tríú tír, go bunúsach, agus é comhchuibhithe ar bhealach anteoranta ag an Treoir um Cheanglais Chaipitil (CRD). Léirítear sa tuarascáil a chuir ÚBE 26 chuig na hInstitiúidí le déanaí maidir leis an tírdhreach treallach rialála atá ann faoi láthair go dtugann sé deiseanna suntasacha do bhrainsí tríú tír arbatráiste rialála agus maoirseachta a dhéanamh ar thaobh amháin, agus san am céanna, fágann sé go bhfuil easpa maoirseachta agus priacail bhreise ann maidir le cobhsaíocht airgeadais le haghaidh an Aontais Eorpaigh ar an taobh eile.

Is minic nach féidir le maoirseoirí aghaidh a thabhairt ar na priacail sin ceal faisnéise agus cumhachtaí. In éagmais ceanglais choiteanna maidir le stuamacht, rialachas agus tuairisciú mionsonraithe maoirseachta, mar aon leis an malartú faisnéise gan a bheith maith a dhóthain idir na húdaráis atá i gceannas ar mhaoirseacht a dhéanamh ar eintitis/gníomhaíochtaí éagsúla de chuid grúpa tríú tír, fágann sé go bhfuil caochspotaí ann. Is é an tAontas Eorpach an t‑aon dlínse mhór nach bhfuil léargas iomlán ar fáil don mhaoirseoir comhdhlúthaithe ar ghníomhaíochtaí grúpaí tríú tír a oibríonn trí fhochuideachtaí agus trí bhrainsí araon. Ní hamháin go gcruthaíonn na heasnaimh sin priacail do chobhsaíocht airgeadais agus do shláine margaidh an Aontais, ach tá tionchar acu freisin ar chothrom iomaíochta i measc grúpaí tríú tír atá ag oibriú ar fud na mBallstát éagsúil, chomh maith leis an tionchar ar na bainc a bhfuil a gceanncheathrú san Aontas.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá roinnt eilimintí de thograí CRD agus CRR ann a lean an obair a rinne ÚBE ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus san am céanna tá gá anois le hoiriúnuithe eile ar an gcreat stuamachta mar gheall ar an taithí phraiticiúil a fuarthas ó rinneadh CRD a thrasuí agus a chur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta, lena n‑áirítear i gcomhthéacs an tSásra Maoirseachta Aonair.

Leis an togra, tugtar isteach leasuithe ar an reachtaíocht atá ann cheana agus fágann sé go bhfuil sí go hiomlán comhsheasmhach leis na forálacha beartais atá ann cheana i réimse na rialála stuamachta agus na maoirseachta ar bhainc. Is é is aidhm don athbhreithniú ar CRR agus ar CRD bailchríoch a chur ar chur chun feidhme athchóirithe Basel III san Aontas Eorpach agus bearta a thabhairt isteach a bhfuil gá leo chun athléimneacht na hearnála baincéireachta a neartú tuilleadh.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá beagnach deich mbliana caite ó tháinig Ceannairí Stáit agus Rialtais na hEorpa ar chomhaontú chun Aontas Baincéireachta a chruthú; An dá cholún den Aontas Baincéireachta – maoirseacht aonair agus réiteach aonair – tá siad i bhfeidhm, agus iad ag cur bonn daingean faoi leabhar rialacha aonair le haghaidh institiúidí uile an Aontais.

Is é is aidhm don togra seo leabhar rialacha aonair leanúnach a áirithiú le haghaidh institiúidí uile an Aontais, bíodh sé laistigh den Aontas Baincéireachta nó lasmuigh de. Tá cuspóirí foriomlána an tionscnaimh, mar a mhínítear thuas, comhsheasmhach agus comhleanúnach le bunchuspóirí an Aontais Eorpaigh, is iad sin cobhsaíocht airgeadais a chur chun cinn, dóchúlacht agus méid na tacaíochta ó cháiníocóirí i gcás ina réiteofar institiúid chomh maith le rannchuidiú le cistiú comhchuí inbhuanaithe na gníomhaíochta geilleagraí, rud a chothóidh leibhéal ard iomaíochais agus cosanta tomhaltóirí.

Ar deireadh, leis an aitheantas ar phriacail a bhaineann le ESG agus le heilimintí ESG a ionchorprú sa chreat stuamachta, comhlánaíonn an tionscnamh seo straitéis níos leithne an Aontais maidir le córas airgeadais atá níos inbhuanaithe agus níos athléimní.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Déantar breithniú sa togra ar ghníomhaíochtaí chun gnó banc laistigh den Aontas a ghlacadh, a shaothrú agus a mhaoirsiú, chun cobhsaíocht an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú. Agus é ar cheann de ghnéithe bunúsacha chóras airgeadais an Aontais, tá an chuid is mó den mhaoiniú á soláthar ag an mbaincéireacht laistigh den mhargadh inmheánach faoi láthair. Tá sainordú soiléir ag an Aontas gníomhú i réimse an mhargaidh inmheánaigh agus is iad na hAirteagail ábhartha den Chonradh 27 atá ina mbuntaca d’inniúlachtaí an Aontais sa réimse sin atá sa bhunús dlí iomchuí.

Na leasuithe atá beartaithe agus na gníomhartha reachtacha atá á leasú, tá siad bunaithe ar an mbunús dlí céanna, i.e. Airteagal 114 CFAE don togra le haghaidh Rialachán lena leasaítear CRR agus Airteagal 53(1) CFAE don togra le haghaidh Treoir lena leasaítear CRD.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tagann an bunús dlí laistigh de réimse an mhargaidh inmheánaigh, a mheastar a bheith ina inniúlacht roinnte, mar a shainítear in Airteagal 4 CFAE. Formhór na ngníomhaíochtaí a bhreithnítear, nuashonruithe agus leasuithe is ea iad ar dhlí an Aontais atá ann cheana, agus dá réir sin, baineann siad le réimsí ina bhfuil inniúlacht an Aontais feidhmithe cheana féin agus nach bhfuil sé beartaithe aige scor d’fheidhmiú na hinniúlachta sin. Tá sé d'aidhm ag roinnt gníomhaíochtaí (go háirithe iad sin lena leasaítear CRD) méid breise comhchuibhithe a thabhairt isteach chun na cuspóirí a shainítear sa Treoir sin a bhaint amach go comhsheasmhach.

Ós rud é go bhfuil cuspóirí na mbeart atá molta dírithe ar reachtaíocht an Aontais Eorpaigh atá ann cheana a fhorlíonadh, is fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais seachas trí thionscnaimh náisiúnta éagsúla. Na bearta náisiúnta arb é is aidhm dóibh, mar shampla, rialacha a chur chun feidhme a bhfuil eilimintí den lorg idirnáisiúnta orthu – mar shampla caighdeán domhanda ar nós Basel III nó dul i ngleic ar bhonn níos fearr le priacail a bhaineann le ESG – sa reachtaíocht is infheidhme, ní bheidís chomh héifeachtach céanna le rialacha an Aontais chun cobhsaíocht airgeadais a áirithiú. Maidir le bearta maoirseachta, nochtuithe agus brainsí tríú tír, má fhágtar an tionscnamh ar an leibhéal náisiúnta amháin, d’fhéadfadh trédhearcacht laghdaithe agus costais arbatráiste méadaithe a bheith mar thoradh air sin, rud a d’fhéadfadh a fhágáil go mbeadh saobhadh iomaíochta ann agus a dhéanfadh difear do shreafaí caipitil. Thairis sin, bheadh sé dúshlánach ó thaobh an dlí bearta náisiúnta a ghlacadh, ós rud é go rialaíonn CRR cúrsaí baincéireachta cheana féin, lena n‑áirítear ualaí priacail, tuairisciú agus nochtadh agus ceanglais eile a bhaineann le CRR.

Meastar mar sin gurb é an rogha is fearr leasú a dhéanamh ar an CRR agus ar an CRD. Leis sin bheadh an chothromaíocht cheart ann idir rialacha a chomhchuibhiú agus solúbthacht náisiúnta a choimeád de réir mar atá riachtanach, gan cur isteach ar an leabhar rialacha aonair. De thoradh na leasuithe sin dhéanfaí cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na gceanglas stuamachta agus cóineasú na gcleachtas maoirseachta a chur chun cinn a thuilleadh, agus dhéanfaí cothrom iomaíochta do sheirbhísí baincéireachta a áirithiú ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Tá tábhacht ar leith leis sin san earnáil bhaincéireachta, áit a mbíonn go leor institiúidí creidmheasa ag feidhmiú ar fud mhargadh inmheánach an Aontais Eorpaigh. An comhar iomlán agus an mhuinín iomlán laistigh den sásra maoirseachta aonair (SSM) agus laistigh de choláistí na maoirseoirí agus d’údaráis inniúla lasmuigh den SSM, tá siad fíor-riachtanach chun maoirseacht éifeachtach ar institiúidí creidmheasa a áirithiú ar bhonn comhdhlúite. Ní bhainfí amach na cuspóirí sin le rialacha náisiúnta.

Comhréireacht

Tá comhréireacht ina cuid dhílis den mheasúnú tionchair atá ag gabháil leis an togra. Na leasuithe atá beartaithe i réimsí éagsúla rialála, rinneadh measúnú ar bhonn aonair orthu i gcomparáid le cuspóir na comhréireachta. Ina theannta sin, rinneadh measúnú ar easpa comhréireachta na rialacha atá ann cheana i roinnt réimsí agus rinneadh anailís ar roghanna sonracha arb é is aidhm dóibh an t‑ualach riaracháin agus na costais chomhlíonta a laghdú d’institiúidí beaga.

Mar shampla, na leasuithe lena dtugtar isteach ceanglais fógra ex-ante le haghaidh na mbanc maidir le himeachtaí a bhfuil ábharthacht stuamachta ag baint leo, tá siad faoi réir tairseacha ábharthachta, nach gá teagmhais a fhógairt faoina mbun. Faoin gcreat nua maidir le brainsí tríú tír, na brainsí sin a cháilíonn mar bhrainsí beaga agus iad a bhfuil priacal níos lú ag baint leo (brainsí tríú tír de chuid aicme 2), tá siad faoi réir ceanglais stuamachta agus tuairiscithe nach bhfuil chomh dian céanna. Ar deireadh, na ceanglais nua maidir le measúnú ex-ante cuí cóir, rinneadh iad a chalabrú chun díriú ar institiúidí móra airgeadais amháin.

An rogha ionstraime

Moltar go gcuirfear na bearta chun feidhme trí leasú a dhéanamh ar an CRR agus an CRD le Rialachán agus le Treoir faoi seach. Go deimhin, tagraíonn na bearta atá beartaithe d'fhorálacha atá ionsuite cheana féin sna hionstraimí dlí sin a fhorbairt nó a fhorbairt tuilleadh (i.e. an creat chun ceanglais chaipitil atá bunaithe ar phriacal, cumhachtaí agus uirlisí a ríomh, ceanglais a chuirtear ar fáil do mhaoirseoirí ar fud an Aontais).

De thoradh roinnt de na leasuithe ar CRD a ghabhann le cumhachtaí chun smachtbhannaí a chur, bheadh solúbthacht áirithe ag Ballstáit rialacha éagsúla a bheith acu nuair a bheadh na leasuithe sin á dtrasuí sa dlí náisiúnta.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Tá roinnt céimeanna glactha ag an gCoimisiún agus tá tionscnaimh éagsúla déanta aige chun a mheas an bhfuil an creat stuamachta baincéireachta atá ann faoi láthair san Aontas Eorpach agus cur chun feidhme na gcaighdeán idirnáisiúnta atá fós gan réiteach, an bhfuil siad leormhaith chun a áirithiú go mbeidh córas baincéireachta an Aontais cobhsaí agus athléimneach i gcoinne suaití eacnamaíocha agus an bhfuil sé fós ina fhoinse inbhuanaithe de mhaoiniú socair le haghaidh gheilleagar an Aontais.

Bhailigh an Coimisiún tuairimí na bpáirtithe leasmhara maidir le hábhair shonracha sna réimsí seo a leanas: priacal creidmheasa, priacal oibriúcháin, priacal margaidh, priacal CVA, idirbhearta maoinithe urrús, agus maidir leis an íosráta aschuir. Chomh maith leis na heilimintí sin a bhaineann le cur chun feidhme Basel III, rinne an Coimisiún comhairle a thiomsú freisin maidir le hábhair áirithe eile chun cleachtais mhaoirseachta chóineasaithe agus chomhsheasmhacha ar fud an Aontais a áirithiú agus chun ualach riaracháin na n‑institiúidí a mhaolú.

Roimh chomhairliúchán poiblí a rinneadh idir mí Dheireadh Fómhair 2019 agus tús mhí Eanáir 2020 28 , reáchtáladh an chéad chomhairliúchán taiscéalaíoch in earrach na bliana 2018 29 , inar lorgaíodh tuairimí tosaigh ó ghrúpa spriocdhírithe páirtithe leasmhara maidir leis an gcomhaontú idirnáisiúnta. Chuir torthaí an dá chomhairliúchán le hullmhú an tionscnaimh reachtaigh a ghabhann leis an measúnú tionchair.

Leis na tionscnaimh uile atá luaite thuas, tugadh fianaise shoiléir gur gá na rialacha reatha a thabhairt cothrom le dáta agus a thabhairt chun críche chun i) rioscaí san earnáil baincéireachta a laghdú tuilleadh, agus ii) cumas na n‑institiúidí maoiniú leordhóthanach a dhíriú ar an ngeilleagar a fheabhsú.

Tá achoimre ar an gcomhairliúchán in Iarscríbhinn 2 den mheasúnú tionchair.

Bailiú agus úsáid saineolais

Bhain an Coimisiún úsáid as saineolas ÚBE, a d’ullmhaigh anailís tionchair ar chur chun feidhme thabhairt chun críche athchóirithe Basel III 30 . Ina theannta sin, rinne seirbhísí an Choimisiúin anailís mhaicreacnamaíoch BCE a bhreithniú. Cuirtear an méid sin i láthair sa mheasúnú tionchair agus an anailís mhaicreacnamaíoch a rinneadh roimhe sin agus a foilsíodh i mí na Nollag 2019, tugtar cothrom le dáta í.

Measúnú tionchair 31

Leis an measúnú tionchair measadh réimse roghanna beartais ar fud ceithre phríomhghné bheartais, i dteannta na staide bonnlíne i gcás nach ndéantar aon ghníomhaíocht Aontais: Mar a léirítear san anailís ionsamhlúcháin agus i samhaltú maicreacnamaíoch a forbraíodh sa mheasúnú tionchair, lena gcuirtear chun feidhme na roghanna tosaíochta agus lena gcuirtear san áireamh na bearta ar fad sa togra, táthar ag súil go dtiocfaidh meánmhéadú ualaithe de + 6.4 % go + 8.4 % san fhadtéarma (faoi 2030), tar éis na hidirthréimhse atá beartaithe. Sa mheántéarma (in 2025), meastar go mbeidh an méadú idir + 0.7 % agus + 2.7 %.

De réir na meastachán a chuir ÚBE ar fáil, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar líon teoranta banc mór de chuid an Aontais (10 as 99 banc sa sampla tástála) méideanna breise caipitil (níos lú ná EUR 27 billiún i gcás na 10 mbanc) a thiomsú i dteannta a chéile chun na híoscheanglais chaipitil nua faoin rogha thosaíochta a chomhlíonadh. Chun an méid sin a chur i bpeirspictíocht, bhí ag na 99 banc sa sampla méid iomlán caipitil rialála ar fiú EUR 1414bn é ag deireadh 2019 (is é sin 75 % de shócmhainní baincéireachta an Aontais) agus, le chéile, bhí brabúis de EUR 99.8bn acu in 2019.

Cé go dtabhódh bainc costais riaracháin agus oibríochtúla aonuaire chun na hathruithe ar na rialacha a chur chun feidhme, meastar go ndéanfadh na simplithe i roinnt mhaith de na roghanna tosaíochta (e.g. cineálacha cur chuige a shamhlaítear go hinmheánach a bhaint) na costais a bhíonn ann arís agus arís eile a laghdú i gcomparáid leis an lá atá inniu ann.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Tá an tionscnamh seo dírithe ar chur chun feidhme AE na gcaighdeán stuamachta idirnáisiúnta do na bainc a chomhaontaigh CBMB idir 2017 agus 2020 a chur i gcrích. Chuirfeadh sé i gcrích cur chun feidhme an Aontais d’athchóiriú Basel III a sheol Coiste Basel tar éis na Géarchéime Móire Airgeadais. Ba athbhreithniú cuimsitheach ann féin é an t‑athchóiriú sin ar an gcreat stuamachta a bhí i bhfeidhm roimh an nGéarchéim Mór Airgeadais agus lena linn, eadhon creat Basel II (san Aontas Eorpach, cuireadh an creat sin chun feidhme trí Threoir 2006/48/CE, i.e. an CRD bunaidh). Bhain an Coimisiún úsáid as torthaí an athbhreithnithe chuimsithigh a rinne CBMB ar an gcreat stuamachta, mar aon le hionchur a chuir ÚBE, BCE agus geallsealbhóirí eile ar fáil, chun a chuid oibre cur chun feidhme a chur ar an eolas. Go dtí go gcuirfear chun feidhme athchóirithe deiridh Basel III san Aontas Eorpach, níl seiceáil oiriúnachta ná cleachtadh athchóirithe oiriúnaithe déanta go fóill.

Cearta bunúsacha

Tá an tAontas tiomanta d’ardchaighdeáin i dtaca le cosaint na gceart bunúsach agus tá raon leathan coinbhinsiún maidir le cearta an duine sínithe aige. Sa chomhthéacs seo, ní dócha go mbeidh tionchar díreach ag an togra ar na cearta seo, a liostaítear i bpríomhchoinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, atá mar dhlúthchuid de Chonarthaí an Aontais, agus sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl impleachtaí ag baint leis an togra seo do bhuiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Táthar ag súil leis go dtiocfaidh na leasuithe atá molta i bhfeidhm in 2023 ar a luaithe. Tá dlúthbhaint ag na leasuithe le forálacha eile CRR agus CRD atá i bhfeidhm cheana agus a ndearnadh faireachán orthu ó 2014 i leith agus, maidir leis na bearta a tugadh isteach leis an bpacáiste um bhearta laghdaithe priacail, ó 2019 i leith.

Leanfaidh an CBMB agus an ÚBE de na sonraí is gá a thiomsú chun faireachán a dhéanamh ar na príomh‑mhéadrachtaí (ciondálacha caipitil, cóimheas giarála, bearta leachtachta). Fágfaidh sé go ndéanfar foráil maidir le meastóireacht tionchair ar na huirlisí beartais nua amach anseo. Beidh Próisis rialta Athbhreithnithe agus Meastóireachta Maoirseachta (SREP) agus bearta tástála struis ina gcuidiú le faireachán a dhéanamh ar thionchar na mbeart nua atá molta ar na hinstitiúidí a ndeantar difear dóibh agus beidh siad ina gcuidiú freisin le leordhóthanacht na solúbthachta agus na comhréireachta a thugtar chun freastal ar shainiúlachtaí na n‑institiúidí beaga. Ina theannta sin, tá uirlis tuairiscithe chomhtháite (EUCLID) á forbairt ag ÚBE, mar aon le SMA agus na húdaráis inniúla náisiúnta, agus táthar ag súil go mbeidh sí ina hionstraim úsáideach chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar thionchar na n‑athchóirithe. Ar deireadh, leanfaidh an Choimisiúin de bheith rannpháirteach i ngrúpaí oibre an CBMB agus sa chomh‑thascfhórsa a bhunaigh an Banc Ceannais Eorpach agus ÚBE, a dhéanann faireachán ar dhinimic chistí dílse na n‑institiúidí agus a staideanna leachtacha ar fud an domhain agus san Aontas Eorpach faoi seach.

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Ní mheastar gur gá aon doiciméad míniúcháin.



Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Neamhspleáchas na n‑údarás inniúil

Léirigh na forbairtí is déanaí go bhfuil gá le forálacha níos soiléire agus níos oibríochtúla maidir le prionsabal neamhspleáchais na n‑údarás inniúil. Dá bhrí sin, leasaítear Airteagal 4 chun a shoiléiriú an chaoi nár mhór do na Ballstáit a áirithiú go gcaomhnófar neamhspleáchas na n‑údarás inniúil, lena n‑áirítear a bhfoireann agus a gcomhlachtaí rialachais. Tugtar ceanglais íosta isteach chun coinbhleachtaí leasa a chosc i gcúraimí maoirseachta na n‑údarás inniúil, ina bhfoirne agus ina gcomhlachtaí rialachais, agus tá sainordú ag ÚBE treoirlínte a fhorbairt ina leith sin, agus dea-chleachtais idirnáisiúnta á gcur san áireamh.

Cumhachtaí maoirseachta

Ionas go mbeidh sé éifeachtúil, tá an tAontas Baincéireachta ag brath ar chóineasú na gcleachtas maoirseachta agus, ar deireadh, ar chomhchuibhiú leormhaith na rialacha náisiúnta éagsúla lena gcruthaítear an ghníomhaíocht mhaoirseachta. Maidir leis sin, meastar go ndéanann roinnt áirithe neamhréireachtaí idir na Ballstáit dochar d’fheidhmiú cuí an Aontais Baincéireachta. Is amhlaidh atá, go háirithe, maidir le cumhachtaí maoirseachta. Cé go liostaítear in CRD sraith íosta cumhachtaí maoirseachta nach mór a bheith ar fáil d’údaráis inniúla ar fud an Aontais, tá cuid acu i bhfeidhm cheana féin i roinnt de na Ballstáit cé go bhfuil siad ar iarraidh i mBallstáit eile. Fágann sin nach mbíonn cothrom iomaíochta ann agus, b'fhéidir, go mbeadh arbatráiste rialála ann. Fágann sé freisin nach féidir le roinnt údarás inniúil idirghabháil a dhéanamh in idirbhearta áirithe a dhéanann eintiteas faoi mhaoirseacht, idirbhearta a bhféadfadh imní láidir stuamachta agus/nó sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta a bheith ag baint leo.

Chun an scéal sin a leigheas, déanann togra an Choimisiúin liosta na gcumhachtaí maoirseachta atá ar fáil in CRD a leathnú chun údaráis inniúla a chumhdach agus chun oibríochtaí a chumhdach, mar shampla institiúid chreidmheasa ag fáil sealúchas ábhartha in eintiteas airgeadais nó neamhairgeadais (Caibidil 3 nua i dTeideal III atá ann faoi láthair), aistriú ábhartha sócmhainní nó dliteanas (Caibidil 4 nua) agus cumasc nó deighiltí (Caibidil 5 nua). Áiritheoidh na cumhachtaí maoirseachta sin go dtabharfar fógra roimh ré do na húdaráis inniúla (Airteagal 27ú, Airteagal 27f agus Airteagal 27j), go mbeidh an fhaisnéis uile is gá ar fáil dóibh chun measúnú stuamachta a dhéanamh ar na hoibríochtaí sin, agus go bhféadfaidh siad, ar deireadh, cur i gcoinne chur i gcrích na n‑oibríochtaí (Airteagal 27b, Airteagal 27g agus Airteagal 27k) atá díobhálach do phróifíl stuamachta na n‑eintiteas faoi mhaoirseacht a thugann fúthu.

Tá na cumhachtaí maoirseachta nua sin leagtha amach chun go bhfanfaidh siad comhréireach, agus, rud is sonraí fós, chun ualach riaracháin breise míchuí ar eintitis faoi mhaoirseacht agus ar údaráis inniúla a sheachaint. Ar an gcéad dul síos, níl feidhm ag cumhachtaí a bhaineann le hinstitiúidí creidmheasa a bheith ag fáil sealúchas cáilitheach agus le haistrithe sócmhainní agus dliteanas ach amháin i gcás idirbheart a mheastar a bheith ábhartha. Déantar foráil maidir le sásra formheasa intuigthe, cosúil leis an gceann atá i bhfeidhm chun sealúchais ábhartha a fháil in institiúidí creidmheasa, chun deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt d’eintitis faoi mhaoirseacht agus chun cosc a chur ar oibleagáid a chur ar údaráis inniúla nós imeachta caighdeánach a ghlacadh chun cinntí a ghlacadh i gcás nach bhfuil gá leo. I gcás cumasc agus deighiltí agus sa chás sin amháin, forchuirtear formheas roimh ré ó údaráis inniúla i ngach cás (murab é gur oibríocht inmheánach grúpa í), fad agus nach n‑eascraíonn cás as sin ina mbeadh ar an eintiteas nua a eascraíonn as cumasc na deighilte údarú a lorg mar institiúid chreidmheasa nó formheas a lorg mar chuideachta sealbhaíochta airgeadais.

Ina theannta sin, chun a áirithiú go mbeidh cumarsáid chuí ann idir na measúnuithe éagsúla (cumarsáid ina mbeidh deis ann do roinnt údarás inniúil a bheith rannpháirteach) a d’fhéadfaí a dhéanamh le haghaidh aon oibríocht amháin, táthar ag súil go mbeidh dlúthchomhar idir na húdaráis inniúla lena mbaineann, agus go mbeidh sé leagtha amach de réir ceanglas maidir le crosfhógraí agus comhroinnt faisnéise (Airteagal 27c, Airteagal 27h agus Airteagal 27k). Chun an comhar sin a éascú, ach freisin chun cuíchóiriú cuí na bpróiseas fógra agus measúnaithe a áirithiú agus chun ualach riaracháin míchuí ar na heintitis faoi mhaoirseacht agus ar na húdaráis inniúla araon a sheachaint, moltar líon áirithe sainorduithe ÚBE chun an creat dlí atá beartaithe sa CRD a fhorlíonadh le haghaidh na gcumhachtaí nua maoirseachta sin. Baineann na sainorduithe sin le hábhair ar nós na faisnéise atá le seoladh chuig na húdaráis inniúla, an próiseas measúnaithe, sonraí breise maidir leis na critéir mheasúnaithe ábhartha, nó an comhar idir na húdaráis inniúla éagsúla a bhféadfadh bainta bheith acu leis.

Bhí na leasuithe sin faoi réir plé tiomnaithe laistigh den Sainghrúpa maidir le Baincéireacht, Íocaíochtaí agus Árachas.

Cuí Cóir

An creat cuí cóir, tá sé ar cheann de na réimsí is lú a ndearnadh comhchuibhiú air i ndlí an Aontais maidir le maoirseacht ar bhainc agus, dá réir sin, meastar gur gá leasuithe ar CRD a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht níos comhsheasmhaí, níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí ar chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus ar shealbhóirí feidhme is rí thábhachtaí. D’ainneoin na niarrachtaí a rinne rialtóirí agus maoirseoirí 32 chun tuilleadh cóineasaithe maoirseachta a áirithiú, tá gá le modhnuithe reachtacha chun a maoirseacht a fheabhsú. Tá an creat atá ann faoi láthair do chomhaltaí an bhoird, bunaithe ar dhlíthe náisiúnta lena gcuirtear CRD chun feidhme, bunaithe ar phrionsabail den chuid is mó agus, dá bhrí sin, ní shonraítear ann an chaoi ar cheart do mhaoirseoirí measúnuithe cuí córa a dhéanamh agus cén uair ba cheart iad a dhéanamh. A mhéid a bhaineann le sealbhóirí feidhme is ríthábhachtaí, toisc nach bhfuil sainmhíniú ná creat in CRD, d’fhág sin nach ndearna roinnt maoirseoirí iad a shainaithint mar is ceart agus, dá bhrí sin, ní dhearna siad measúnú ar a oiriúnaí atá siad a ndualgais a chomhlíonadh, ainneoin go ndéanann roinnt daoine eile é ar bhealaí éagsúla. Fadhb mhór is ea an tírdhreach rialála ilroinnte sin, go háirithe san Aontas Baincéireachta. Dá bhrí sin, i dteannta na gcritéar cuí cóir in Airteagal 91, tugtar isteach Airteagal 91d agus Airteagal 91b chun ról na mbanc agus na núdarás inniúil a shoiléiriú maidir le comhlíonadh chomhaltaí an bhoird a sheiceáil, lena náirítear uainiú an mheasúnaithe sin. Cuirtear Airteagal 91c agus Airteagal 91d leis chun íoscheanglais a leagan síos do shealbhóirí feidhme is ríthábhachtaí.

Chun cobhsaíocht airgeadais a áirithiú, i gcásanna práinneacha ina gcuirfear comhaltaí den chomhlacht bainistíochta nó den bhainistíocht shinsearach as oifig nó i gcas ina n‑athraítear iad i gcomhthéacs bearta luath‑idirghabhála a chur i bhfeidhm nó gníomhaíocht réitigh a bheith á gcur chun feidhme ag na húdaráis inniúla agus ag na húdaráis réitigh, ba cheart an measúnú cuí cóir a dhéanamh tar éis do na daoine sin dul i mbun a gcuid dualgas.

Soiléiriú ar an idirghníomhú idir an dearbhú atá i mbéal cliseadh nó ar dóigh dó cliseadh agus tarraingt siar an údaraithe

Leasaítear Airteagal 18 chun soiléiriú a thabhairt sa chás ina ndearbhaíonn an t‑údarás inniúil nó an t‑údarás réitigh go bhfuil institiúid creidmheasa i mbéal cliseadh nó ar dóigh di cliseadh, go bhfuil sé de chumhacht ag an údarás inniúil an t‑údarú baincéireachta a tharraingt siar.

Chuir roinnt cásanna le déanaí béim ar ailíniú fo-optamach idir na creataí stuamachta agus réitigh. Mar shampla, faoi chreat an Aontais um réiteach banc, ní hamháin go bhfuil dócmhainneacht nó neamhleachtacht iarbhír ann, ach is forais iad dócmhainneacht dhóchúil agus neamhleachtacht dhóchúil freisin lena chinneadh go bhfuil institiúid chreidmheasa i mbéal cliseadh nó ar dóigh di cliseadh. Ina ionad sin, de ghnáth ceanglaítear le dlíthe náisiúnta dócmhainneachta go dtarlaíonn dócmhainneacht agus/nó neamhleachtacht iarbhír sular féidir nós imeachta dócmhainneachta a thionscnamh. Ní féidir aghaidh a thabhairt ar chuid de na heilimintí atá leabaithe sa chreat reachtach náisiúnta le haghaidh dócmhainneachta trí athruithe a dhéanamh ar CRD. Mar sin féin, tá sé beartaithe a shoiléiriú i bpointe (g) d'Airteagal 18, i gcás ina bhfuil an institiúid creidmheasa i mbéal cliseadh nó ar dóigh di cliseadh agus, san am céanna, nach gcomhlíonann sí na coinníollacha eile chun dul i mbun réitigh (i gcás ina bhfuil leas an phobail ann, in éagmais rogha eile atá dírithe ar an margadh chun an ghéarchéim a réiteach), gur cheart di scor den ghnó baincéireachta agus í a leachtú faoi dhlíthe náisiúnta.

Priacail chomhshaoil, shóisialta agus rialachais

Tugtar forálacha nua isteach agus déantar coigeartuithe ar roinnt Airteagal in CRD agus in CRR chun aghaidh a thabhairt ar na priacail suntasacha a bheidh i ndán d'institiúidí creidmheasa mar gheall ar an athrú aeráide agus na hathruithe móra eacnamaíocha is gá chun an méid sin agus priacail ESG eile a bhainistiú. Na forálacha in Airteagal 133 maidir le creat an mhaoláin um priacal sistéamach (SyRB), féadfar iad a úsáid cheana chun aghaidh a thabhairt ar chineálacha éagsúla priacal sistéamach, priacail a bhaineann leis an athrú aeráide. Féadfaidh na húdaráis inniúla nó na húdaráis ainmnithe ábhartha, de réir mar is infheidhme, a cheangal ar institiúidí creidmheasa maolán um priacal sistéamach a choimeád chun aghaidh a thabhairt ar phriacail a bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha diúltacha a bheith acu ar an gcóras airgeadais agus ar an bhfíorgheilleagar sna Ballstáit, i gcás ina meastar go bhfuil forchur ráta maolánaigh um priacal sistéamach éifeachtach agus comhréireach chun an priacal a mhaolú. De réir Airteagal 133(5), is féidir bearta arna nglacadh ag na húdaráis inniúla nó ainmnithe ábhartha faoi Airteagal 133 a chur i bhfeidhm maidir le sraitheanna nó foshraitheanna áirithe risíochtaí, mar shampla iad siúd atá faoi réir priacail fhisiciúla agus idirthréimhseacha a bhaineann leis an athrú aeráide. Déanfar oiriúnacht an chreata macrastuamachta chun dul i ngleic le priacail den sórt sin a mheas ar bhealach cuimsitheach agus struchtúrtha in athbhreithniú 2022 ar an gcreat macrastuamachta.

Leasaítear Airteagal 73 agus Airteagal 74 de CRD chun a cheangal go n‑áireofar tréimhsí gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha priacail ESG i straitéisí agus i bpróisis institiúidí creidmheasa chun meastóireacht a dhéanamh ar riachtanais chaipitil inmheánacha agus ar rialachas inmheánach leormhaith.

Tugtar isteach in Airteagal 76 freisin tagairt do thionchar reatha agus réamhbhreathnaitheach na bpriacail ESG agus iarraidh ar an gcomhlacht bainistíochta pleananna coincréiteacha a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar na priacail sin.

Le hAirteagal 87a de CRD tugtar gné inbhuanaitheachta isteach sa chreat stuamachta chun a áirithiú go ndéanfar priacail ESG a bhainistiú ar bhealach níos fearr agus chun leithdháileadh níos fearr ar chistiú bainc thar thionscadail inbhuanaithe a dhreasú, rud a chuideoidh leis an aistriú chuig geilleagar níos inbhuanaithe. Le hAirteagal 87a, cuirtear ar chumas na n‑údarás inniúil athbhreithniú a dhéanamh ar ailíniú na mbanc le cuspóirí beartais ábhartha an Aontais nó le treochtaí aistrithe níos leithne a bhaineann le fachtóirí ESG agus leis an mbainistiú a dhéanann na bainc ar phriacail ESG sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, as a dtiocfaidh tuiscint níos fearr ar na priacail sin agus lena gcuirtear ar chumas na n‑údarás inniúil aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní maidir le cobhsaíocht airgeadais a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar thoradh ar phriacail ESG a bheith á gcoinneáil ag institiúidí creidmheasa i gcónaí. Chun comhsheasmhacht na measúnuithe priacail ESG a áirithiú, tugtar sainordú do ÚBE, le hAirteagal 87a, na critéir a shonrú a thuilleadh chun measúnú a dhéanamh ar phriacail ESG, lena n‑áirítear an chaoi ar cheart iad a shainaithint, a thomhas, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu chomh maith leis an gcaoi ar cheart d’institiúidí creidmheasa pleananna coincréiteacha a cheapadh chun aghaidh a thabhairt ar athléimneacht na dtástálacha struis intíre agus ar thionchair dhiúltacha fhadtéarmacha ar na priacail ESG.

Maidir leis an bpróiseas athbhreithnithe agus meastóireachta maoirseachta (SREP), tugtar an chumhacht do ÚBE in Airteagal 98 treoirlínte a eisiúint maidir le cuimsiú aonfhoirmeach priacail ESG in SREP.

I bhfianaise ábharthacht na dtástálacha struis a bheidh ag breathnú ar an todhchaí maidir le priacail comhshaoil a bhaineann leis an gcomhshaol chomh maith le priacail ESG eile sa phróiseas athbhreithnithe agus meastóireachta (SREP) faoi Airteagal 97, leasaítear Airteagal 100 chun a chur ar chumas ÚBE, in éineacht leis na ÚMEanna eile, caighdeáin chomhsheasmhacha a fhorbairt le haghaidh modheolaíochtaí chun na priacail sin a thástáil, agus tosaíocht á tabhairt do phriacail a bhaineann leis an gcomhshaol de réir mar a thagann sonraí priacail ESG agus modheolaíochtaí chun cinn chun fachtóirí eile a ghabháil.

Chun SREP risíochtaí, rialachas agus bainistiú phriacail ESG na n‑institiúidí creidmheasa a éascú, leasaítear Airteagal 98 lena cheangal ar údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht neamhchosaintí na n‑institiúidí agus ar na socruithe, na straitéisí, na próisis agus na sásraí chun na priacail sin a bhainistiú ina n‑athbhreithniú agus ina meastóireacht.

Chun an deis a éascú d'údaráis inniúla aghaidh a thabhairt ar phriacail ESG a dhéanann difear do staid stuamachta an bhainc sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, agus sainiúlachtaí na gcatagóirí priacal sin a léiriú, cuirtear isteach in Airteagal 104 cumhacht choinchréiteach mhaoirseachta chun aghaidh a thabhairt ar phriacail ESG.

Soláthar díreach seirbhísí baincéireachta san Aontas ag gnóthais tríú tíortha

Tá institiúidí creidmheasa faoi réir rialála stuamachta agus maoirseachta chun an priacal go gclisfidh air a íoslaghdú agus, nuair a tharlaíonn sé, chun bainistiú a dhéanamh i gcás nach gcuirtear cosc ar leathadh ar bhealach mí‑ordúil chun institiúidí creidmheasa agus gníomhaithe margaidh eile a chumhdach agus as a dtagann cliseadh an chórais airgeadais (priacal tógálachta). Dá bhrí sin, tá sé ar cheann de phríomhchuspóirí na rialála agus na maoirseachta stuamachta cobhsaíocht airgeadais an Aontais agus a Bhallstát a chosaint.

Agus an cuspóir sin á chur san áireamh, tá sé fíor-riachtanach cosc a chur ar limistéir nó ar dheighleoga sna margaí teacht lasmuigh de raon feidhme nó raon feidhme chóras na rialála stuamachta agus na maoirseachta stuamachta, toisc go bhféadfadh priacail sa chás seo fás sna deighleoga sin ar bhealach neamhsheiceáilte agus leathadh amach chuig codanna eile den chóras airgeadais, rud a mbeadh éifeachtaí an‑díobhálacha leis. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin do na codanna sin de na margaí airgeadais ina bhfuil dlúthbhaint ag institiúidí creidmheasa.

Is í an ghéarchéim airgeadais in 2008-2009 an fasach stairiúil is deireanaí, lena gcuirtear i dtábhacht an tslí a bhféadfadh deighleoga margaidh beaga a bheith ina bhfoinsí bagairtí suntasacha ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais agus ar chobhsaíocht airgeadais a Bhallstát má fhágtar lasmuigh de raon feidhme na rialála stuamachta agus na maoirseachta stuamachta iad.

Ar an gcúis sin, chun seirbhísí baincéireachta a sholáthar san Aontas, is gá láithreacht fhisiciúil a bheith ann i mBallstát trí bhrainse nó trí dhuine dlítheanach, ós rud é gur institiúidí creidmheasa láithreacht fhisiciúil den sórt sin amháin a bheidh faoi réir rialáil agus maoirseacht stuamachta éifeachtach san Aontas. A sensu contrario, soláthar na seirbhísí baincéireachta san Aontas gan brainse nó duine dlítheanach atá bunaithe i mBallstát, rannchuidíonn sé le deighleoga margaidh sin den chineál a chruthú sin nach dtagann faoi raon feidhme rialáil agus maoirseacht stuamachta an Aontais, i gcás ina bhféadfadh priacail cur le cobhsaíocht airgeadais an Aontais nó a chuid Ballstát agus a bheith ina mbagairt orthu as a dheireadh.

Dá bhrí sin, ní mór do ghnóthais i dtríú tíortha brainse a bhunú i mBallstát agus údarú a lorg faoi Theideal VI de CRD don bhrainse sin mar choinníoll ionas gur féidir tús a chur le gníomhaíochtaí baincéireachta sa Bhallstát sin. Cuirtear Airteagal 21c isteach in CRD chun an ceanglas sin a shocrú go sainráite.

Mar sin féin, ní gá go mbeadh feidhm ag an gceanglas sin maidir le cásanna ina mbíonn gnóthais tríú tír den sórt sin ag gabháil do sholáthar seirbhísí baincéireachta le cliaint agus le contrapháirteanna i mBallstát trí shirtheoireacht seirbhísí a aisiompú, mar is é an cliant nó an contrapháirtí ábhartha i gcásanna den sórt sin a thugann aghaidh ar an ngnóthas sa tríú tír soláthar na seirbhíse a iarraidh.

Brainsí tríú tír (TCBanna)

Forléargas ar na TCBanna san Aontas Eorpach 33

Ón 31 Nollaig 2020, bhí 106 TCBanna san Aontas Eorpach a dáileadh ar fud 17 Ballstát. Bhí méid comhiomlán na sócmhainní iomlána a bhí ina seilbh acu ar an dáta sin beagán os cionn EUR 510 billiún, agus níor díríodh 86 % den mhéid sin ach i gceithre Bhallstát (an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin agus Lucsamburg).

Is cosúil go bhfuil treocht ann i dtreo úsáid mhéadaitheach TCBanna chun rochtain a fháil ar mhargaí baincéireachta na mBallstát, sa mhéid gur cuireadh 14 bhrainse le líon iomlán na TCBanna agus tháinig méadú EUR 120.5 billiún in 2020 ar na sócmhainní atá ina seilbh i gcomparáid le 2019.

Foinse: Tuarascáil ÚBE ar Bhrainsí Tríú Tír

Cé go raibh níos lú ná EUR 3 billiún de shócmhainní i seilbh thromlach TCBanna (70 as 106), bhí dhá TCB aonair a raibh sócmhainní os cionn EUR 30 billiún ina seilbh acu, agus bhí méid sócmhainní idir EUR 10 billiún agus EUR 30 billiún i seilbh 14 TCBanna eile (i gcomparáid le sé cinn de TCBanna ar an dáta céanna sa bhliain roimhe sin).

Ón 31 Nollaig 2020 i leith, ar na TCBanna a bunaíodh san Aontas, is as 23 thríú tír a tháinig siad, agus is ón tSín (18), ón Ríocht Aontaithe (15), ón Iaráin (10), ó Stáit Aontaithe Mheiriceá (9) agus ón Liobáin (9) a bhí an líon is mó díobh. Tá TBCanna ag roinnt grúpaí tríú tír (23) i níos mó ná Ballstát amháin. Ina theannta sin, tá fochuideachta amháin nó níos mó ag roinnt de na grúpaí tríú tíortha sin san Aontas Eorpach freisin. Mar shampla, tá idir TBC agus fhochuideachta ag 14 ghrúpa tríú tír sa Bhallstát céanna. Orthu sin, tá naoi ngrúpa tríú tír ann a bhfuil fochuideachta amháin agus dhá TCB nó níos mó acu san Aontas. Tá dhá ghrúpa tríú tír ann a bhfuil dhá láithreacht acu, is é sin TCB amháin agus fochuideachta, agus sin i níos mó ná Ballstát amháin. Na 15 ghrúpa tríú tír is mó atá ag oibriú san Aontas, tá níos mó ná ¾ dá gcuid sócmhainní AE ina seilbh acu trí bhíthin TCBanna. A mhéid a bhaineann le tionchar láithreacht na TCBanna san Aontas, is féidir é a thomhas tríd an dá mhéadracht seo a leanas:

(a)cóimheas mhéid comhiomlán na sócmhainní TCBanna in aghaidh an Bhallstáit ar an 31 Nollaig 2019 i gcomparáid le méid an chórais baincéireachta náisiúnta 34 . Tá an cóimheas sin níos ísle ná 1 % in seacht mBallstát, idir 1 % agus 10 % in sé Bhallstát agus méadaíonn sé go dtí os cionn 25 % i mBallstát amháin.

(b)an cóimheas idir méid comhiomlán na sócmhainní TCBanna in aghaidh an Bhallstáit ar an 31 Nollaig 2019 i gcomparáid le méid an OTI náisiúnta. Tá an cóimheas sin níos ísle ná 1 % i seacht mBallstát, idir 1 % agus 10 % i sé Bhallstát agus méadaíonn sé go dtí os cionn 25 % i mBallstát amháin.

Maidir le samhlacha gnó agus bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil, oibríonn 50 TCB mar bhainc uilíocha, cé nach n‑oibríonn ach 48 díobh ach mar bhainc mhórdhíola. Níl ach ceithre TCB ag oibriú mar bhainc mhiondíola.

Na dúshláin atá ann faoi láthair

Mar a léirítear sa roinn roimhe seo, tá lorg na TCBanna san Aontas an‑mhór cheana féin. I gcásanna éagsúla, tá méid an‑ábharach sócmhainní i seilbh chomhchoiteann TCBanna i gcomparáid le OTI a mBallstáit bunaíochta agus i gcomparáid le hearnáil baincéireachta an Bhallstáit chéanna. I gcás TCBanna áirithe, is mó méid na sócmhainní aonair ná an tairseach a d’fhágfadh go mbeidís cáilithe mar institiúidí suntasacha faoi mhaoirseacht dhíreach an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE) i gcomhthéacs an tSásra Maoirseachta Aonair (SMA). Mar sin féin, tá TCBanna lasmuigh de raon feidhme SMA agus níl siad faoi réir na gceanglas maoirseachta a leagtar síos in CRD toisc nach institiúidí creidmheasa iad a údaraítear faoi Chaibidil 1 de Theideal III den Treoir sin.

Murab ionann agus an cúlra sin, is faoi réir reachtaíocht náisiúnta go bunúsach atá bunú TCBanna chun seirbhísí baincéireachta 35 a sholáthar san Aontas, toisc nár comhchuibhíodh ach oibleagáidí faisnéise ardleibhéil ina leith le déanaí mar chuid de CRDV. Cruthaíonn sé sin tírdhreach rialála ann a fhágann go bhfuil ceanglais atá anéagsúil lena chéile i bhfeidhm maidir le TCBanna i ngach Ballstát agus maidir le dúshláin mhóra d’údaráis inniúla chun faireachán ceart a dhéanamh ar na priacail a eascraíonn as gníomhaíochtaí a dhéanann siad san Aontas. Mar shampla:

(a)ós rud é go bhfuil creat coiteann rialála stuamachta nó rialachais maidir le TCBanna in easnamh ina iomláine, níl ach cuid acu atá faoi réir ceanglais theoranta i mBallstáit áirithe;

(b)ní bhaineann na sásraí comhair maoirseachta uile-AE atá ann faoi láthair le TCBanna, rud a chruthaíonn caochspotaí sa mhéid is go gcruthaíonn TCBanna priacail a d’fhéadfadh difear iarmharta gan srian a dhéanamh do ghrúpeintitis eile nó don mhargadh. Mar shampla, ós rud é nach bhfuil aon cheanglas ar údaráis inniúla faisnéis chuimsitheach ar TCBanna a mhalartú, níl dóthain faisnéise ag údaráis a dhéanann maoirseacht ar ghrúpa tríú tír i mBallstát amháin faoi na TCBanna den ghrúpa céanna i mBallstát eile agus, ar an gcaoi chéanna, níl uirlisí leormhaithe acu chun dul i ngleic leis na priacail iarmharta a d’fhéadfadh a bheith ann;

(c)úsáideann roinnt grúpaí tríú tír struchtúir chasta dlí trí mheascán d’fhochuideachtaí agus de bhrainsí nó, ag brath ar na seirbhísí arna soláthar, oibríochtaí trasteorann, chun a ngníomhaíochtaí a dhéanamh san Aontas. Is féidir le struchtúir chasta den sórt sin a bheith doiléir agus andeacair do na húdaráis inniúla maoirseacht cheart a dhéanamh air i bhfianaise na sraithe éagsúil agus díchomhroinnte ceanglas a bhfuil feidhm acu maidir le gach ceann díobh sin. Mar shampla, d‘fhéadfadh coinbhleachtaí leasa a bheith ann mar thoradh ar chomhalta a bheith ar dhá bhord éagsúla san am ceanna, agus d'fhéadfadh sé go naistreofaí an priacal ó eintiteas amháin go heintiteas eile mar thoradh ar leabharchoimeád solúbtha agus ar chuntasaíocht sholúbtha;

(d)cé nár cheart do TCBanna seirbhísí a chur ar fáil ach amháin sna Ballstáit ina bhfuil siad bunaithe 36 , ní hamháin gur deacair comhlíonadh an cheanglais sin a fhorfheidhmiú, ach tá sin beagnach dodhéanta faoin gcreat atá ann faoi láthair mar gheall ar an treocht i dtreo na seirbhísí airgeadais a dhigitiú, treocht atá ag fás léi.

TCBanna is cúis le himní maidir le harbatráiste rialála freisin. I gcás ina bhforchuirfidh an Ballstát bunaíochta caighdeáin stuamachta ísle, féadfaidh na TCBanna cead a thabhairt do ghrúpaí tríú tíortha gan ceanglais baincéireachta an Aontais a chur i bhfeidhm i gcás ina bhfuil a gceannoifig faoi réir caighdeáin stuamachta nó mhaoirseachta nach bhfuil chomh dian céanna sa tríú tír ábhartha.

Creat Comhchuibhithe TCBanna

I bhfianaise an loirg ábhartha atá ag TCBanna cheana féin i margaí baincéireachta an Aontais agus na ceanglais stuamachta agus mhaoirseachta atá scaipthe agus as alt faoi láthair agus atá faoi réir na gceanglas sin, is léir go bhfuil priacail ann do chobhsaíocht airgeadais agus do shláine margaidh an Aontais, chomh maith le deiseanna arbatráiste rialála nach mór aghaidh a thabhairt orthu trí chreat nua comhchuibhithe TCBanna.

Cé nach rogha inmhianaithe é an status quo a choinneáil, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé díréireach TCBanna a chur faoi réir shraith iomlán na gceanglas stuamachta agus maoirseachta a bhfuil feidhm acu maidir le hinstitiúidí creidmheasa faoi CRR agus CRD, toisc nach bhfreastalódh sé go hiomchuí ar a ngnéithe ar leith i gcomparáid le hinstitiúidí creidmheasa a bhfuil a gceannoifig san Aontas acu, agus go mbeadh tionchar díobhálach ábhartha aige ar na TCBanna sin.

Ina ionad sin, bealach chun cinn níos oiriúnaí a bheadh ann sraith ad hoc de cheanglais íos‑chomhchuibhithe a chruthú lena gcuirfí le creataí náisiúnta na mBallstát atá i bhfeidhm faoi láthair agus lena n‑áiritheofaí íoschaighdeáin agus ceanglais chomhsheasmhacha ar fud an Aontais. Sholáthródh creat den sórt sin an tsoiléireacht, an intuarthacht agus an trédhearcacht is gá do ghnóthais tríú tír ar mian leo seirbhísí baincéireachta a sheoladh trí bhrainsí i mBallstát amháin nó i mBallstáit éagsúla. Dhéanfadh sé freisin ceanglais an Aontas maidir le TCBanna a ailíniú le cleachtais idirnáisiúnta atá i réim, sa mhéid go gcuireann tríú tíortha go leor ceanglais atá cosúil nó coibhéiseach i bhfeidhm maidir le brainsí de bhainc eachtracha atá gníomhach ina gcríocha.

Dá bhrí sin, leasaítear Teideal VI de CRD chun forálacha maidir leis an méid seo a leanas a áireamh:

(a)údarú: Tá bunú TBCanna faoi réir nós imeachta údaraithe sainráite agus ceanglais íosta. Ní mór a chur san áireamh sna ceanglais sin socruithe comhair agus faisnéise trína bhfuil rochtain ag údaráis inniúla TCBanna i) ar go leor faisnéise faoin ngnóthas sa tríú tír, is é sin ceannoifig an bhrainse (‘ceannghnóthas an TCB’) agus ii) go bhfuil siad in ann comhoibriú le húdaráis mhaoirseachta an chinnghnóthais a mhéid is gá nó is ábhartha chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar an TCB sa Bhallstát;

(b)íoscheanglais rialála: orthu sin tá oibleagáidí ar TCBanna chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)íosdearlaic chaipitil a choinneáil ar bun, arna ríomh mar chéatadán de dhliteanais an bhrainse i gcás TCBanna atá níos mó agus a bhfuil priacal níos mó ag baint leo (aicme 1) nó méid seasta i gcás TCBanna beaga (aicme 2);

(ii)ceanglas leachtachta a chomhlíonadh, agus i gcás aicme 1 TCBanna, ní mór dó a bheith ar aon dul leis an gceanglas maidir le cumhdach leachtachta is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún;

(iii)ceanglais rialachais inmheánaigh agus rialaithe priacail a chomhlíonadh, agus socruithe leabharchoimeádta a chur chun feidhme chun na sócmhainní agus na dliteanais a bhaineann leis an ngnó a dhéanann an TCB sa Bhallstát a rianú.

(c)ceanglais tuairiscithe: Ceanglaítear ar TCBanna i) faisnéis maidir lena mhéid a chomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach in CRD agus sa dlí náisiúnta agus ii) faisnéis airgeadais maidir leis na sócmhainní agus na dliteanais atá ar a gcuid leabhar a thuairisciú go rialta dá núdaráis inniúla;

(d)maoirseacht: Ceanglaítear ar údaráis inniúla athbhreithnithe rialta a dhéanamh ar chomhlíonadh a gceanglas rialála ag TCBanna, lena náirítear chun críocha AML, agus bearta maoirseachta a dhéanamh chun comhlíonadh na gceanglas sin a áirithiú nó a athbhunú. Ceanglaítear ar údaráis inniúla de chuid TCBanna aicme 1 iad a chur san áireamh i gcoláistí maoirseoirí an ghrúpa ábhartha, i gcás ina bhfuil ceann ann cheana, nó coláiste ad hoc a bhunú ar shlí eile le haghaidh TCBanna aicme 1 den ghrúpa céanna atá ag oibriú i níos mó ná Ballstát amháin.

Ar chúiseanna comhréireachta, agus go háirithe chun aon ualach riaracháin breise nach bhfuil gá leis a sheachaint do TCBanna níos lú, tá raon feidhme agus leibhéal na gceanglas stuamachta modhnaithe chun idirdhealú a dhéanamh idir TCBanna aicme 1 agus TCBanna aicme 2. Tá na TCBanna is mó sa chéad aicme (i.e. iad siúd ag a bhfuil sócmhainní ina seilbh atá cothrom le EUR 5 billiún nó níos mó), chomh maith le TCBanna atá údaraithe chun taiscí a ghlacadh ó chustaiméirí miondíola agus TCBanna a mheastar a bheith “neamhcháilitheach”, an dá cheann deiridh sin gan beann ar a méid. In Aicme 2 tá na TCBanna go léir nach bhfuil aicmithe mar aicme 1.

Meastar CIT a bheith ‘cáilitheach’ i gcás ina bhfuil a cheannoifig bunaithe i dtír i) ina bhfuil creat maoirseachta agus rialála i bhfeidhm maidir le bainc agus ceanglais rúndachta a measadh a bheith coibhéiseach leo siúd san Aontas agus ii) nach bhfuil liostaithe mar thríú tír ardphriacail ag a bhfuil easnaimh straitéiseacha ina córas maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac.

Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na cumhachtaí is gá ag a n‑údaráis inniúla chun ceangal a chur ar TCBanna atá bunaithe ar a gcríoch iarratas a dhéanamh ar údarású mar fho-institiúidí faoi CRD i gcásanna sonracha (cumhacht fochuideachta a dhéanamh). Mar shampla, ní mór a bheith in ann an chumhacht sin a úsáid ar TCB a bhíonn ag dul d’idirbhearta nó do ghnó le contrapháirteanna i mBallstáit eile de shárú ar rialacha an mhargaidh inmheánaigh. Thairis sin, ní mór an chumhacht chéanna a bheith ar fáil freisin le húsáid a bhaint as cásanna ina mbaineann priacail le TCB do chobhsaíocht airgeadais an Bhallstáit ábhartha nó an Aontais Eorpaigh, agus táscairí priacail sistéamacha áirithe a leagtar síos in CRD á gcur san áireamh, táscairí a shonraítear tuilleadh i gcaighdeáin theicniúla rialála.

I gcás ina bhfuil sócmhainní ag TCBanna ar a leabhair i méid atá cothrom le EUR 30 billiún nó níos mó, ní mór do na húdaráis inniúla a measúnú a dhéanamh ar bhonn rialta an bhfuil leibhéal priacail ag baint leis na TCBanna sin do chobhsaíocht airgeadais an Bhallstáit faoi seach agus an Aontais Eorpaigh atá ar aon dul le hinstitiúidí a shainítear mar institiúidí “sistéamacha” faoi CRR agus CRD (measúnú ar thábhacht shistéamach). Ní mór an tairseach EUR 30 billiún a ríomh agus na sócmhainní atá curtha in áirithe ag na TCBanna go léir a bhaineann leis an ngrúpa tríú tír céanna san Aontas, bíodh sé i mBallstát aonair nó i mBallstáit éagsúla, á gcur san áireamh, agus é a thomhas mar mheán thar thréimhse trí bliana as a chéile nó mar dhearbh‑thairseach íosta arna sroicheadh ar feadh trí bliana ar a laghad thar thréimhse cúig bliana as a chéile. Chun an measúnú ar thábhacht shistéamach a dhéanamh, ní mór d'údaráis inniúla aird a thabhairt ar na táscairí priacal sistéamacha dá dtagraítear sa mhír roimhe seo. I gcás ina gcinneann na húdaráis inniúla, i bhfianaise na dtáscairí sin, go bhfuil na TCBanna ábhartha sistéamach, féadfaidh siad a cheangal ar na TCBanna sin iarratas a dhéanamh ar údarású mar fhó‑institiúidí faoi CRD chun leanúint de ghníomhaíochtaí baincéireachta a dhéanamh sa Bhallstát agus san Aontas (ceanglas fochuideachta a dhéanamh). De rogha air sin, féadfaidh na húdaráis inniúla cinneadh a dhéanamh (i) ceangal a chur ar na TCBanna a ngníomhaíochtaí nó a sócmhainní a athstruchtúrú ionas nach gcomhlíonfaidh siad na critéir maidir le tábhacht shistéamach ná an tairseach EUR 30bn (ceanglas athstruchtúrú a dhéanamh); nó (ii) ceanglais bhreise Cholún 2 a fhorchur ar TCBanna agus ar fho-institiúidí TCBanna an tríú tír san Aontas (e.g. ceanglais bhreise maidir le caipiteal, leachtacht, tuairisciú nó nochtadh), i gcás inarb iomchuí agus inar leormhaith na ceanglais sin i gColún 2 chun priacail a d’fhéadfadh a bheith ann don chobhsaíocht airgeadais a mhaolú (ceanglais Cholún 2). Ní fhéadfaidh údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh gan aon cheann de na ceanglais thuas a fhorchur ar na TCBanna ach amháin i gcás inar féidir leo údar a thabhairt nach dtiocfadh méadú suntasach ar na priacail do chobhsaíocht airgeadais agus do shláine an mhargaidh in éagmais na gceanglas sin (cinneadh maidir le hiarchur). Ní mór do na húdaráis inniúla athmheasúnú a dhéanamh maidir lena gcinneadh a chur siar laistigh de bhliain amháin ón dáta a ndearnadh an cinneadh.

Ní mór (i) maoirseoir comhdhlúthaithe an ghrúpa ábhartha san Aontas, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 111 de CRD, a bheith i gceannas ar an measúnú ar thábhacht shistéamach TCBanna ar le grúpa tríú tír iad agus a bhfuil brainsí agus fochuideachtaí ar fud an Aontais Eorpaigh acu; (ii) an t‑údarás inniúil a thiocfadh chun bheith ina eintiteas comhdhlúite ar an ngrúpa san Aontas i gcomhréir leis an Airteagail sin dá gcaithfí leis na TCBanna mar fho-institiúidí; nó (iii) ÚBE, i gcás nár thosaigh an príomhúdarás inniúil an measúnú nó nár cinneadh an maoirseoir comhdhlúite hipitéiseach laistigh de thréimhse trí mhí. An cinneadh maidir le haon cheann de na ceanglais thuasluaite a fhorchur nó maidir le forchur ceanglais den sórt sin a chur siar maidir le TCBanna a measúnaíodh a bheith sistéimeach, ní mór don phríomhúdarás inniúil agus do na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar TCBanna agus ar fhochuideachtaí an ghrúpa tríú tír chéanna an cinneadh sin a dhéanamh go comhpháirteach.

Thairis sin, ní ghabhfaidh an creat nua maidir le TCB ionad aon discréide a d’fhéadfadh a bheith ag na Ballstáit faoi láthair cur i bhfeidhm ceanglais a fhorchur ar bhonn ginearálta ar ghnóthais atá bunaithe i dtríú tíortha áirithe chun gníomhaíochtaí baincéireachta a dhéanamh ina gcríoch trí fhochuideachtaí arna n‑údarú i gcomhréir le Caibidil 1 de Theideal III de CRD ná ní chuireann sé cosc air sin faoi láthair.

Tionchar an chreata nua

Faoin gcreat nua atá beartaithe, beidh ar TCBanna atá ag oibriú san Aontas faoi láthair ath‑údarú a fháil. Mar sin féin, i ngeall ar na cúinsí seo a leanas, mhaolófaí go mór na costais chomhlíonta agus idirthréimhseacha a bhaineann leis an údarú seo agus leis an oibríocht leanúnach:

(a)Beidh idirthréimhse 12 mhí ag na TCBanna tar éis thréimhse trasuímh 18 mhí na Treorach chun an túdarú a fháil agus, dá bhrí sin, beidh siad in ann na costais idirthréimhseacha a leathadh amach thar an tréimhse sin;

(b)tá na ceanglais údarúcháin agus stuamachta bunaithe den chuid is mó ar cheanglais náisiúnta atá ann cheana i mBallstáit éagsúla agus, ós rud é go bhfuil ceanglais sa chreat nua atá anchosúil leis na ceanglais sin, ní bheadh ar TCBanna ach costais theoranta a thabhú chun oiriúnú;

(c)cháileodh suas le 40 TCBanna as 106 TCBanna atá údaraithe chun oibriú i mBallstáit éagsúla mar aicme 2, bunaithe ar shonraí an 31 Nollaig 2020 agus, dá bhrí sin, bheadh na 40 sin faoi réir ceanglas stuamachta agus tuairiscithe nach mbeadh chomh dian céanna faoin gcreat nua;

(d)De réir na sonraí céanna agus ón dáta sin amach, ní raibh ach trí TCB ann a raibh sócmhainní ar a leabhair a bhí os cionn EUR 30 billiún agus, dá bhrí sin, bheidís faoi réir an mheasúnaithe ar thábhacht shistéamach.

Cé go bhféadfadh costais bhreise a bheith ar TCBanna chun na ceanglais tuairiscithe nua a chomhlíonadh, bheadh údar leo chun an cuspóir maidir le feabhas a chur ar chosaint na cobhsaíochta airgeadais agus sláine an mhargaidh a bhaint amach.

Athbhreithniú ar an gcóras smachtbhannaí riaracháin

Tugtar isteach íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla mar uirlis nua forfheidhmiúcháin arb é is aidhm di a áirithiú go gcomhlíonfaidh institiúidí creidmheasa na rialacha stuamachta go pras. Ina theannta sin, déantar idirdhealú soiléir idir íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus pionóis riaracháin. Forlíontar liosta na sáruithe atá faoi réir pionóis agus smachtbhannaí riaracháin le ceanglais stuamachta atá in easnamh faoi láthair ar liosta na sáruithe insmachtaithe faoi Airteagal 67 de CRD. Leasaítear Airteagail 66 agus 67 de CRD chun an sainmhíniú ar ‘glanláimhdeachas bliantúil iomlán’ a shoiléiriú agus é a shainiú trí thagairt a dhéanamh don táscaire gnó in Airteagal 314 nua de CRR.

Chun cothrom iomaíochta a áirithiú i réimse na gcumhachtaí smachtbhannaí, ceanglaítear ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis riaracháin, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus bearta riaracháin eile i ndáil le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta lena dtrasuitear CRD agus CRR. Ina theannta sin, tugtar isteach coimircí nós imeachta chun pionóis a chur i bhfeidhm go héifeachtach, go háirithe i gcás carnadh pionós riaracháin agus coiriúil maidir leis an sárú céanna. Chuige sin, leasaítear Airteagal 70 de CRD chun ceangal a chur ar na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le comhar idir údaráis inniúla agus údaráis bhreithiúnacha i gcásanna ina ndéantar dúbailt ar imeachtaí coiriúla agus riaracháin agus ar phionóis maidir leis an sárú céanna. Is é is aidhm do na rialacha sin foráil a dhéanamh maidir le leibhéal leordhóthanach cosanta don duine nádúrtha nó dlítheanach atá faoi réir dúbailt na n‑imeachtaí i gcomhréir leis an bprionsabal ‘ne bis in idem principle’.

Athbhreithniú ar chomhdhéanamh cheanglais Cholún 2

Chun comhleanúnachas inmheánach an chreata rialála a fheabhsú, rinne CRD V cineál an chaipitil rialála nach mór do na bainc a shealbhú chun ceanglas caipitil Cholún 2 a chomhlíonadh a ailíniú leis an gcomhdhéanamh caipitil íosta i gceanglas caipitil Cholún 1. De mhaolú ar an riail ghinearálta a leagtar amach in Airteagal 104a(4) de CRD, tá sé de rogha ag maoirseoirí a chinneadh, de réir cás ar chás, ceanglais chaipitil Cholún 2 a fhorchur le sciar níos airde de chaipiteal Leibhéal 1 nó de chaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1. Níor cuireadh an chóireáil nua sin chun feidhme ach go dtí le déanaí le linn ghéarchéim COVID-19. Cé go bhfuil sé róluath fós conclúidí cuimsitheacha a bhaint amach maidir leis an ailíniú a rinneadh le déanaí, tá sé deimhnithe ag an gcéad athbhreithniú maidir le comhdhéanamh caighdeánach comhsheasmhach d’íoscheanglais chaipitil (Colún 1) agus de cheanglais chaipitil bhreise (Colún 2), go bhfuil siad úsáideach.

Coigeartuithe a ghabhann le tabhairt isteach an íosráta aschuir

Le tabhairt isteach íosráta aschuir (OF) i ríomh na risíochta iomlán ar phriacal (TREA) mar a leagtar amach in Airteagal 92 de CRR, beidh tionchar aige ar na ceanglais cistí dílse sin a leagtar amach in CRD a bhfuil a ríomh ag brath ar TREA. Is iad na ceanglais sin an ceanglas maidir le caipiteal maolánach caomhantais (CCB), an ceanglas maidir le caipiteal maolánach fritimthriallach (CCyB), na ceanglais mhaoláin le haghaidh institiúidí domhanda agus institiúidí eile a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo (G-/O-SIIanna), an ceanglas maoláin maidir le priacal sistéamach (SyRB), agus – a mhéid a úsáideann údarás inniúil cur chuige lena leagtar amach é mar chéatadán de TREA ón tús 37 – ceanglas caipitil Cholún 2 (P2R) a bhaineann go sonrach le hinstitiúid.

Is féidir dhá cheann de na ceanglais sin, eadhon an P2R agus SyRB, a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar phriacail atá comhchosúil ó thaobh cineáil de leis na cinn a dtugann an OF aghaidh orthu. Dá bhrí sin, d'fhéadfaí priacail áirithe (e.g. priacal samhla 38 ) a chomhaireamh faoi dhó a luaithe a bheidh feidhm ag an OF. Ní mór an méid sin a sheachaint. I gcomhairle ÚBE maidir le Basel III a thabhairt chun críche tá moladh sonrach maidir leis an tsaincheist sin agus iarrann sí, ar bhonn níos ginearálta, ar na húdaráis inniúla agus ainmnithe athbhreithniú a dhéanamh ar an leibhéal iomchuí P2R agus SyRB, faoi seach, a luaithe a bheidh feidhm ag an OF.

I bhfianaise an mhéid thuas, leasaítear leis an togra Airteagal 104a agus Airteagal 133 de CRD – ina leagtar amach na rialacha maidir le P2R agus SyRB, faoi seach – trí choimircí a thabhairt isteach lena ndírítear ar chosc a chur ar mhéaduithe nach bhfuil údar leo in P2R agus ar cheanglas SyRB tar éis d'institiúid teacht faoi cheangal ag an OF 39 :

·beidh an ceanglas P2R agus SyRB ‘reoite’ chun méaduithe uathoibríocha ar an méid caipitil rialála a cheanglaítear faoin dá cheanglas sin a sheachaint. Tá údar leis an gcosaint sin ós rud é nach bhfuil an méadú ar RWAanna i ngeall ar an institiúid a bheith faoi cheangal ag OF chomh tábhachtach sin, i ndeireadh na dála, mar nach léiriú é ar mhéadú iarbhír ar phriacail a thabharfadh údar le caipiteal breise a éileamh ar an institiúid;

·ceanglófar ar údarás inniúil na hinstitiúide calabrú an P2R a athbhreithniú agus beidh sé de cheangal ar an údarás inniúil nó ainmnithe, de réir mar is infheidhme, athbhreithniú a dhéanamh ar chalabrú an cheanglais SyRB, faoi seach, chun a shuíomh an bhfuil comhaireamh dúbailte ar an bpriacal i gceist, agus más ann dó, chun na ceanglais sin a athchalabrú chun comhaireamh dúbailte den sórt sin a sheachaint;

·fanfaidh an dá cheanglas reoite go dtí go dtabharfar na hathbhreithnithe faoi seach i gcrích agus fógrófar na cinntí ábhartha maidir le calabrú iomchuí na gceanglas 40 .

Leasaítear Airteagal 104a agus Airteagal 133 de CRD freisin chun a shoiléiriú nach féidir an ceanglas P2R agus SyRB a úsáid chun priacail a chumhdach a chumhdaíodh go hiomlán cheana féin faoi OF.

Ar deireadh, leasaítear Airteagal 131 chun a cheangal ar údaráis inniúla nó ainmnithe, de réir mar is infheidhme, athbhreithniú a dhéanamh ar chalabrú cheanglas maoláin O-SII atá ag O-SII nuair a thagann an O-SII sin chun bheith faoi cheangal OF, chun a áirithiú go leanfaidh an calabrú de bheith iomchuí i gcónaí.

Nochtadh

Leasaítear Airteagal 106 ionas go mbeidh na Ballstáit in ann an chumhacht a thabhairt do mhaoirseoirí a cheangal ar institiúidí faisnéis a chur faoi bhráid ÚBE laistigh de spriocdháta. Leanann sé sin na hathruithe a rinneadh ar Airteagal 433 agus ar Airteagal 434 de CRR, lena gceanglaítear ar ÚBE nochtadh faisnéise na n‑institiúidí a lárú. Ina theannta sin, cuireann an togra ar chumas maoirseoirí ligean d’institiúidí úsáid a bhaint as meáin shonracha agus as suíomhanna sonracha le haghaidh foilseachán seachas láithreán gréasáin ÚBE. Tá sé sin i gcomhréir leis an athrú atá beartaithe ar CRR agus dá réir sin, mar aon le foilsiú láraithe ÚBE, beidh sé de shaoirse ag institiúidí a nochtuithe féin a fhoilsiú ar bhealaí eile.

Tagarmharcáil mhaoirseachta cur chuige chun ceanglais cistí dílse a ríomh

Leasaítear Airteagal 78 chun dhá chineál cur chuige chun ceanglais cistí dílse a ríomh a chur leis na cineálacha cur chuige a áirítear i raon feidhme na tagarmharcála maoirseachta, eadhon:

(a)cineálacha cur chuige samhaltaithe a úsáidtear chun na caillteanais priacail creidmheasa ionchasacha a ríomh faoi Chaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS) 9 agus faoi chaighdeáin chuntasaíochta náisiúnta; agus

(b)an cur chuige caighdeánaithe malartach le haghaidh priacal margaidh a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1a de CRR ós rud é gur féidir le hinstitiúidí paraiméadair áirithe a shamhaltú faoin gcur chuige sin.

Ós rud é gur féidir le hinstitiúidí a úsáideann an cur chuige caighdeánaithe le haghaidh caillteanais priacail creidmheasa ionchasacha a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2 de CRR úsáid a bhaint as na cineálacha cur chuige a úsáidtear chun na caillteanais priacail creidmheasa ionchasacha a ríomh, tá na hinstitiúidí sin san áireamh freisin i raon feidhme an chleachtais tagarmharcála maoirseachta. Tá sé de cheangal ar ÚBE, áfach, cinneadh a dhéanamh maidir le cé acu de na hinstitiúidí sin nach mór a chur san áireamh, agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh.

Leasaítear Airteagal 78 freisin ionas go bhféadfaí minicíocht na gcleachtaí tagarmharcála a laghdú ó bhonn bliantúil go débhliantúil, mar aitheantas gur dócha gur leor minicíocht níos ísle chun faireachán a dhéanamh ar thorthaí chur chuige na n‑institiúidí tar éis líon áirithe cleachtaí a chur i gcrích. Laghdóidh sé sin freisin an t‑ualach riaracháin ar institiúidí a úsáideann na cineálacha cur chuige tagarmharcáilte.

2021/0341 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2013/36/AE a mhéid a bhaineann le cumhachtaí maoirseachta, smachtbhannaí, brainsí tríú tír, agus priacail comhshaoil, shóisialta, agus rialachais, agus lena leasaítear Treoir 2014/59/AE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach 41 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 42 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Maidir leis na húdaráis inniúla, a mbaill foirne agus comhaltaí dá gcomhlachtaí rialachais, ba cheart iad a bheith neamhspleách ar thionchar polaitiúil eacnamaíoch. Déanann priacail a bhaineann le coinbhleachtaí leasa dochar do chóras airgeadais an Aontais agus don sprioc maidir le haontas baincéireachta comhtháite agus aontas margaí caipitil comhtháite a bheith ann. Le Treoir 2013/36/AE, ba cheart forálacha níos mionsonraithe a sholáthar do na Ballstáit chun a áirithiú go ngníomhóidh na húdaráis inniúla, lena náirítear a mbaill foirne agus a lucht bainistíochta, go neamhspleách agus go hoibiachtúil. Sa chomhthéacs sin, ba cheart íoscheanglais a leagan síos chun coinbhleachtaí leasa a chosc. Ba cheart don Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) treoirlínte a eisiúint a bheidh dírithe ar na húdaráis inniúla maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc, bunaithe ar an gcleachtas idirnáisiúnta is fearr.

(2)Ba cheart an chumhacht is gá a bheith ag na húdaráis inniúla chun an túdarú arna dheonú d’institiúid creidmheasa a tharraingt siar i gcás ina ndearbhaítear go bhfuil institiúid creidmheasa i mbéal cliseadh nó ar dóigh di cliseadh, agus san am céanna, nár chomhlíon sí na coinníollacha le haghaidh réitigh a leagtar amach le Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 43 nó le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 44 . I gcás den sórt sin, ba cheart institiúid creidmheasa a fhoirceannadh i gcomhréir leis na himeachtaí dócmhainneachta náisiúnta is infheidhme, nó i gcineálacha imeachtaí eile a leagtar síos le haghaidh na ninstitiúidí sin faoin dlí náisiúnta, agus ba cheart di, dá bhrí sin, deireadh a chur leis na gníomhaíochtaí ar deonaíodh an túdarú lena naghaidh.

(3)Braitheann soláthar seirbhísí baincéireachta san Aontas ar údarú a bheith ag an institiúid creidmheasa cheana féin mar aon le láithreacht fhisiciúil a bheith aici trí bhíthin duine dlítheanach nó brainse sa chríoch ina bhfuil sí. Is ar an mbealach sin amháin a fhéadfaidh institiúidí creidmheasa a bheith faoi réir rialáil agus maoirseacht stuamachta éifeachtach atá riachtanach chun an priacal cliste a íoslaghdú agus, i gcás ina dtarlaíonn a leithéid, an cliseadh sin a bhainistiú chun cosc a chur air scaipeadh ar bhealach míordúil, as a dtitfeadh an córas airgeadais as a chéile (priacal tógálachta ó e.g. fuadar bainc nó cliseadh bainc de bharr iasachtú neamhstuama). Maidir leis an soláthar seirbhísí baincéireachta san Aontas gan láithreacht fhisiciúil den sórt sin a bheith ag an institiúid creidmheasa, mhéadódh sé sin láithreacht agus leitheadúlacht deighleog priacail sna margaí airgeadais ina bhfuil dlúthpháirt ag institiúidí creidmheasa, ar deighleoga priacail iad nach bhfuil faoi réir rialáil stuamachta agus mhaoirseacht stuamachta an Aontais, méadú a d’fhéadfadh cobhsaíocht airgeadais an Aontais nó cobhsaíocht airgeadais a Bhallstát aonair a chur i mbaol. Is í an ghéarchéim airgeadais in 2008-2009 an fasach stairiúil is deireanaí, lena gcuirtear i dtábhacht an tslí a bhféadfadh deighleoga margaidh beaga a bheith ina bhfoinsí bagairtí suntasacha ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais agus ar chobhsaíocht airgeadais a Bhallstát má fhágtar lasmuigh de raon feidhme na rialála stuamachta agus na maoirseachta stuamachta iad. Dá bhrí sin, maidir le gnóthais a bhunaítear i dtríú tír agus atá ag iarraidh seirbhísí baincéireachta a sholáthar san Aontas, is gá ceanglas sainráite a leagan síos gur cheart dóibh, ar a laghad, brainse a bhunú i mBallstát agus gur cheart an brainse sin a údarú i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais, ach amháin más mian leis an ngnóthas seirbhísí baincéireachta a sholáthar san Aontas trí fhochuideachta. Mar sin féin, an ceanglas sin i dtaca le brainse a bhunú, níor cheart feidhm a bheith aige maidir le cásanna sirtheoireachta seirbhísí droim ar ais, arae sa chás sin is é an custaiméir a théann i dteagmháil leis an ngnóthas sa tríú tír chun soláthar na seirbhíse a iarraidh.

(4)Ba cheart na cumhachtaí uile is gá a bheith ag maoirseoirí institiúidí creidmheasa lena gcuirtear ar a gcumas dóibh a gcuid dualgas a chomhlíonadh agus lena gcumhdaítear na hoibríochtaí éagsúla a dhéanann na heintitis faoi mhaoirseacht. Chuige sin agus chun an cothrom iomaíochta a mhéadú, ní mór na cumhachtaí maoirseachta uile a bheith ar fáil do mhaoirseoirí chun é a chur ar a gcumas dóibh oibríochtaí ábhartha a chumhdach a bhféadfaidh na heintitis faoi mhaoirseacht tabhairt fúthu. Ba cheart, dá bhrí sin, fógra a thabhairt don Bhanc Ceannais Eorpach agus do na húdaráis inniúla náisiúnta i gcás ina bhfuil ábhair imní ann de bharr oibríocht ábhartha a dhéanann eintitis faoi mhaoirseacht maidir lena phróifíl stuamachta, nó sciúradh airgid agus gníomhaíochtaí maoinithe sceimhlitheoireachta a d’fhéadfadh a bheith ann, oibríochtaí lena náirítear éadálacha sealúchas ábhartha ag eintitis faoi mhaoirseacht in eintitis airgeadais nó neamhairgeadais, aistrithe ábhartha sócmhainní agus dliteanas ó eintitis faoi mhaoirseacht nó chuig eintitis faoi mhaoirseacht, agus cumaisc agus deighiltí ina bhfuil páirt ag eintitis faoi mhaoirseacht. Thairis sin, ba cheart an chumhacht a bheith ag BCE agus ag na húdaráis inniúla náisiúnta idirghabháil a dhéanamh i gcásanna den sórt sin.

(5)A mhéid a bhaineann le cumaisc agus deighiltí, leagtar síos le Treoir (AE) 2017/1132 rialacha agus nósanna imeachta comhchuibhithe, go háirithe maidir le cumaisc agus deighiltí trasteorann cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta. Dá bhrí sin, ba cheart nós imeachta measúnaithe na núdarás inniúil a leagtar síos sa treoir seo a bheith comhlántach le Treoir (AE) 2017/1132 agus níor cheart go dtiocfaí salach ar aon cheann dá forálacha leis. I gcás na gcumasc agus na ndeighiltí trasteorann sin a thagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2017/1132, ba cheart an tuairim réasúnaithe arna heisiúint ag an údarás maoirseachta inniúil a bheith ina cuid den mheasúnú ar an gcomhlíontacht leis na coinníollacha ábhartha uile agus ar chur i gcrích ceart na nósanna imeachta agus na bhfoirmiúlachtaí uile is gá le haghaidh an deimhnithe réamhchumaisc nó an deimhnithe réamhdheighilte. Ba cheart an tuairim réasúnaithe a aistriú chuig an údarás náisiúnta ainmnithe a bheidh freagrach as an deimhniú réamhchumaisc nó an deimhniú réamhdheighilte a eisiúint faoi Threoir (AE) 2017/1132.

(6)Chun a áirithiú go bhféadfaidh na húdaráis inniúla idirghabháil a dhéanamh sula ndéanfar aon cheann de na hoibríochtaí ábhartha sin, ba cheart fógra a thabhairt dóibh ex ante. Ba cheart faisnéis a bheith ag gabháil leis an bhfógra sin, faisnéis is gá ionas go bhféadfaidh na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an oibríocht atá beartaithe ó thaobh stuamachta, frithsciúrtha airgid agus maoinithe frithsceimhlitheoireachta de. Ba cheart tús a chur leis an measúnú a dhéanfaidh na húdaráis inniúla a luaithe a fhaigheann siad an fógra lena náirítear an fhaisnéis uile a iarradh agus, i gcás éadáil sealúchas ábhartha nó i gcás aistriú ábhartha sócmhainní agus dliteanas, ba cheart an measúnú a bheith teoranta ó thaobh ama de.

(7)I gcás éadáil sealúchais cháilithigh, nó i gcás aistriú ábhartha sócmhainní nó dliteanas, d’fhéadfadh sé go gcinnfidh an túdarás inniúil cur in aghaidh na hoibríochta de bharr chonclúid an mheasúnaithe. In éagmais aon chur i gcoinne ó na húdaráis inniúla laistigh de thréimhse ar leith, ba cheart a mheas go bhfuil an oibríocht formheasta.

(8)Chun an chomhréireacht a áirithiú agus chun ualach riaracháin míchuí a sheachaint, níor cheart feidhm a bheith ag na cumhachtaí breise sin a bheidh ag na húdaráis inniúla ach amháin maidir le hoibríochtaí a mheastar a bheith ábhartha. Níor cheart caitheamh le haon oibríocht go huathoibríoch mar oibríochtaí ábhartha ach amháin oibríochtaí arb é atá iontu cumaisc nó deighiltí, arae is féidir coinne a bheith leis go mbeidh próifíl stuamachta atá andifriúil ag an eintiteas nuachruthaithe i gcomparáid leis na heintitis a raibh páirt acu sa chumasc nó sa deighilt ar dtús. Ina theannta sin, níor cheart d’eintitis atá i mbun cumasc nó deighiltí iad a thabhairt i gcrích sula bhfaightear tuairim dhearfach roimh ré ó na húdaráis inniúla. Oibríochtaí eile (lena náirítear éadáil sealúchais agus aistriú sócmhainní agus dliteanas), i gcás ina meastar iad a bheith ábhartha, ba cheart do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh orthu bunaithe ar nós imeachta formheasa intuigthe.

(9)I gcásanna áirithe (mar shampla i gcás ina bhfuil baint ag eintitis arna mbunú i mBallstáit éagsúla), d’fhéadfadh sé go mbeidh gá le fógraí agus measúnuithe éagsúla ó údaráis inniúla dhifriúla le haghaidh oibríochtaí, lena néilítear comhar éifeachtúil i measc na núdarás sin. Is gá, dá bhrí sin, oibleagáidí maidir le comhar a bheachtú sa mheasúnú, go háirithe luathfhógraí trasteorann, malartú rianúil faisnéise agus comhordú.

(10)Maidir leis na forálacha a bhaineann le héadáil sealúchais cháilithigh in institiúid creidmheasa, is gá iad a ailíniú le forálacha maidir le héadáil sealúchais cháilithigh ag institiúid, i gcás inar gá an dá mheasúnú a dhéanamh le haghaidh na hoibríochta céanna. Go deimhin, mura gcuirtear na forálacha sin in iúl go hiomchuí, d’fhéadfadh sé go mbeidh neamhréireachtaí sa mheasúnú a dhéanann na húdaráis inniúla dá réir sin agus, i ndeireadh na dála, neamhréireachtaí sna cinntí a dhéanann siad. Is gá, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le ham breise comhchosúil a chuirfear ar fáil do na húdaráis inniúla chun a admháil go bhfuarthas an fógra i gcás ina meastar go bhfuil an oibríocht casta.

(11)Ba cheart sainordú a thabhairt do ÚBE chun caighdeáin rialála theicniúla agus caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun a áirithiú go leagfar amach úsáid na gcumhachtaí maoirseachta breise sin go hiomchuí. Leis na caighdeáin rialála theicniúla agus na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme, ba cheart, go háirithe, an fhaisnéis a bheidh le fáil ag na húdaráis inniúla a shonrú, mar aon leis na heilimintí a bheidh le measúnú, agus an comhar atá le bheith ann i gcás ina bhfuil baint ag níos mó ná údarás inniúil amháin. Tá na heilimintí éagsúla sin ríthábhachtach chun a áirithiú go gceadófar forálacha le modheolaíocht mhaoirseachta atá comhchuibhithe go leordhóthanach maidir le cur chun feidhme éifeachtúil na gcumhachtaí breise, leis an ualach riaracháin breise is lú is féidir.

(12)Maidir le hinstitiúidí creidmheasa, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha is ríthábhachtach go gcomhlíonann siad na ceanglais stuamachta chun a sábháilteacht agus fóntacht a áirithiú agus chun cobhsaíocht an chórais airgeadais a chaomhnú, ar leibhéal an Aontais ina hiomláine agus i ngach Ballstát. Dá bhrí sin, ba cheart an chumhacht a bheith ag ÚBE agus ag údaráis inniúla náisiúnta chun bearta tráthúla agus cinntitheacha a dhéanamh i gcás nach ndéanann na hinstitiúidí creidmheasa sin, na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais sin agus na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha sin na ceanglais stuamachta nó na cinntí maoirseachta a chomhlíonadh.

(13)Chun cothrom iomaíochta a áirithiú i réimse na gcumhachtaí smachtbhannaí, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis riaracháin a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus bearta riaracháin eile i ndáil le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo agus sáruithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 45 . Go sonrach, ba cheart é a bheith ar a gcumas do na Ballstáit pionóis riaracháin a fhorchur i gcás ina mbeidh an sárú ábhartha faoi réir an dlí choiriúil náisiúnta freisin. Leis na pionóis riaracháin sin, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla sin agus bearta riaracháin eile, ba cheart íoscheanglais áirithe a chomhlíonadh, lena náirítear na híoschumhachtaí ba cheart a thabhairt d’údaráis inniúla chun é a chur ar a gcumas dóibh iad a fhorchur, na critéir ba cheart d’údaráis inniúla a chur san áireamh ina gcur i bhfeidhm, ceanglais foilseacháin nó leibhéil na bpionós riaracháin agus na níocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla. Ba cheart do na Ballstáit rialacha sonracha agus sásraí éifeachtacha a leagan síos maidir le cur i bhfeidhm íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla.

(14)Ba cheart éifeacht dhíspreagthach a bheith ag pionóis riaracháin airgid chun cosc a chur ar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag sárú forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2013/36/AE nó atá ag sárú Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 gabháil den iompar céanna nó d’iompar comhchosúil sa todhchaí. Ba cheart a cheangal ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis riaracháin, a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Thairis sin, agus an cineál pionós riaracháin nó an cineál beart riaracháin eile agus leibhéal na bpionós riaracháin airgid á gcinneadh acu, ba cheart d’údaráis inniúla aird a thabhairt d’aon phionós coiriúil a d’fhéadfadh a bheith forchurtha roimhe sin ar an duine nádúrtha céanna nó ar an duine dlítheanach céanna atá freagrach as an sárú céanna. Déantar amhlaidh chun a áirithiú go mbeidh déine na bpionós uile agus na mbeart riaracháin eile a fhorchuirtear chun críoch airgid, i gcás ina mbeidh carnadh imeachtaí riaracháin agus coiriúla ann, teoranta dá bhfuil riachtanach i bhfianaise thromchúis an tsáraithe lena mbaineann. Chuige sin, is fíor-riachtanach an comhar idir na húdaráis inniúla agus na húdaráis bhreithiúnacha a fheabhsú i gcás ina mbeidh carnadh imeachtaí riaracháin agus coiriúla ann in aghaidh na ndaoine céanna atá freagrach as an sárú céanna. Ba cheart do na Ballstáit rialacha sonracha agus sásraí sonracha a leagan síos chun comhar den sórt sin a éascú.

(15)Ba cheart údaráis inniúla a bheith in ann pionóis riaracháin a fhorchur ar an duine nádúrtha céanna nó ar an duine dlítheanach céanna atá freagrach as na gníomhartha nó na neamhghníomhartha céanna. Mar sin féin, le carnadh imeachtaí agus pionós den sórt sin a bhaineann leis an sárú céanna, ba cheart cuspóirí leasa ghinearálta difriúla a shaothrú. Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos chun foráil a dhéanamh maidir le comhordú iomchuí idir imeachtaí riaracháin agus imeachtaí coiriúla. Maidir le forchur pionós carnach i ndáil leis an sárú céanna ar an duine nádúrtha nó ar an duine dlítheanach lena mbaineann, ba cheart é sin a bheith teoranta leis na rialacha sin do chásanna ina mbeidh géarghá leis chun na cuspóirí difriúla sin a bhaint amach. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos chun a áirithiú go mbeidh déine na bpionós riaracháin agus coiriúil uile agus déine na mbeart eile a fhorchuirtear i gcásanna carnadh imeachtaí teoranta dá bhfuil riachtanach i bhfianaise thromchúis an tsáraithe lena mbaineann. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonfar an prionsabal ne bis in idem le dúbailt imeachtaí den sórt sin agus go gcosnófar cearta an duine nádúrtha nó cearta an duine dhlítheanaigh lena mbaineann go hiomchuí.

(16)Ba cheart pionóis riaracháin airgid ar dhaoine dlítheanacha a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an uasmhéid pionós riaracháin a chinneadh, lenar cheart glanláimhdeachas bliantúil iomlán an ghnóthais ábhartha a chur san áireamh. Mar sin féin, an sainmhíniú atá ann faoi láthair ar an nglanláimhdeachas bliantúil iomlán i dTreoir 2013/36/AE, níl sé uileghabhálach go leor ná soiléir agus iomlán go leor chun cothrom iomaíochta a áirithiú i gcur i bhfeidhm pionós riaracháin airgid. Dá bhrí sin, is gá roinnt eilimintí den sainmhíniú ar an nglanláimhdeachas bliantúil iomlán atá ann faoi láthair a shoiléiriú chun léirmhíniú neamhréireach a sheachaint.

(17)Sa bhreis ar phionóis riaracháin, ba cheart an chumhacht a thabhairt do na húdaráis inniúla chun íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur ar institiúidí creidmheasa, ar chuideachtaí sealbhaíochta airgeadais, ar chuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha agus ar na bainisteoirí atá orthu go feidhmiúil i gcás nach gcomhlíonann siad a gcuid oibleagáidí faoi Threoir 2013/36/AE, faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó faoi chinneadh arna eisiúint ag údarás inniúil. Ba cheart na bearta forfheidhmiúcháin sin a fhorchur i gcás ina mbeifear ag leanúint de shárú ar cheanglas nó ar chinneadh maoirseachta an údaráis inniúil. Ba cheart é a bheith ar a gcumas do na húdaráis inniúla na bearta forfheidhmiúcháin a fhorchur gan a bheith orthu iarraidh, ordú nó rabhadh a sheoladh chuig an bpáirtí a dhéanann an sárú. Ós rud é gurb é is cuspóir do na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla iallach a chur ar dhaoine nádúrtha nó ar dhaoine dlítheanacha deireadh a chur le sárú leanúnach, níor cheart cosc a chur ar na húdaráis inniúla pionóis riaracháin a fhorchur i leith an tsáraithe chéanna ina dhiaidh sin le cur i bhfeidhm íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla.

(18)Is gá pionóis riaracháin, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus bearta riaracháin eile a leagan síos chun an raon feidhme gníomhaíochta is mó is féidir tar éis sáraithe a áirithiú agus chun gur fusa tuilleadh sáruithe a chosc, gan beann ar a gcáilíocht mar phionós riaracháin nó mar bheart riaracháin eile faoin dlí náisiúnta. Ba cheart, dá bhrí sin, na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh maidir le pionóis bhreise agus leibhéal níos airde pionós riaracháin airgid.

(19)Ba cheart do na húdaráis inniúla íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur atá comhréireach agus éifeachtach. Dá réir sin, ba cheart don údarás inniúil a chur san áireamh an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an íocaíocht phionósach thréimhsiúil ar staid airgeadais an duine dhlítheanaigh nó an duine nádúrtha a dhéanann an sárú, agus ba cheart dó féachaint leis nach néireoidh an duine dlítheanach nó an duine nádúrtha a dhéanann an sárú dócmhainneach de bharr an phionóis, nach gcuirfear i anás tromchúiseach airgeadais é de bharr an phionóis nó nach mbeidh an pionós ina chéatadán díréireach dá láimhdeachas bliantúil iomlán.

(20)I gcás nach gceadaítear le córas dlí an Bhallstáit na pionóis riaracháin dá bhforáiltear sa Treoir seo, ba cheart gur féidir na rialacha maidir le pionóis riaracháin a chur i bhfeidhm sa chaoi agus go ndéanfaidh an túdarás inniúil an pionós a thionscnamh agus go ndéanfaidh na húdaráis bhreithiúnacha an pionós a fhorchur. Dá bhrí sin, is gá do na Ballstáit sin a áirithiú go mbeidh éifeacht ag cur i bhfeidhm na rialacha agus na bpionós a bheidh coibhéiseach leis an éifeacht a bheidh ag na pionóis riaracháin a fhorchuirfidh na húdaráis inniúla. Agus pionóis den sórt sin á bhforchur, ba cheart do na húdaráis bhreithiúnacha an moladh ón údarás inniúil a thionscnaíonn an pionós a chur san áireamh. Ba cheart na pionóis a fhorchuirfear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(21)Chun foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí iomchuí i leith sáruithe ar fhorálacha náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ba cheart forlíonadh a dhéanamh ar an liosta sáruithe faoi réir pionós riaracháin, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus beart riaracháin eile. Dá bhrí sin, an liosta sáruithe faoi Airteagal 67 de Threoir 2013/36/AE, ba cheart é a leasú.

(22)Is faoi réir an dlí náisiúnta atá rialáil brainsí a bhunaíonn gnóthais i dtríú tír chun seirbhísí baincéireachta a sholáthar i mBallstát agus ní dhéantar comhchuibhiú uirthi ach go pointe anteoranta le Treoir 2013/36/AE. Cé go bhfuil láithreacht shuntasach ag brainsí tríú tír i margaí baincéireachta an Aontais, tá siad faoi réir ceanglais faisnéise ar leibhéal anard amháin faoi láthair, ach níl siad faoi réir aon chaighdeán stuamachta nó aon socrú comhair maoirseachta ar leibhéal an Aontais. In éagmais iomlán creat stuamachta coiteann, fágtar go mbíonn brainsí tríú tír faoi réir ceanglas náisiúnta éagsúil ar leibhéil stuamachta éagsúla agus ar leibhéil raoin éagsúla. Thairis sin, níl faisnéis chuimsitheach agus na huirlisí maoirseachta is gá ag na húdaráis inniúla chun faireachán iomchuí a dhéanamh ar na priacail shonracha a chruthaítear le grúpaí tríú tír atá ag feidhmiú i mBallstát amháin nó i mBallstáit éagsúla trí bhíthin brainsí agus fochuideachtaí. Níl aon socrú maoirseachta comhtháite ann faoi láthair i ndáil leo agus níl sé d’oibleagáid ar an údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar gach brainse de ghrúpa tríú tír faisnéis a mhalartú leis na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar bhrainsí agus fochuideachtaí eile den ghrúpa céanna. Le tírdhreach rialála ilroinnte den sórt sin, cruthaítear priacail do chobhsaíocht airgeadais agus do shláine margaidh an Aontais, priacail ar cheart aghaidh a thabhairt orthu go hiomchuí trí chreat comhchuibhithe maidir le brainsí tríú tír. Ba cheart íoscheanglais choiteanna maidir le húdarú, caighdeáin stuamachta, rialachas inmheánach, maoirseacht agus tuairisciú a bheith sa chreat sin. Leis an tacar ceanglas sin, ba cheart cur leo siúd a chuireann na Ballstáit i bhfeidhm cheana maidir le brainsí tríú tír ina gcríocha agus ba cheart ceanglais chomhchosúla nó choibhéiseacha a chuireann tríú tíortha i bhfeidhm maidir le brainsí eachtracha a chur san áireamh, chun an chomhsheasmhacht idir na Ballstáit a áirithiú agus creat an Aontais maidir le brainsí tríú tír a ailíniú leis na cleachtais idirnáisiúnta reatha sa réimse seo.

(23)Ar chúiseanna comhréireachta, ba cheart freastal ar na ceanglais maidir le brainsí tríú tír de réir an phriacail a bhaineann leo do chobhsaíocht airgeadais agus do shláine margaidh an Aontais agus na mBallstát. Ba cheart, dá bhrí sin, brainsí tríú tír a aicmiú in aicme 1, i gcás ina meastar go mbaineann priacal níos airde leo, nó, seachas sin, in aicme 2, i gcás ina bhfuil siad beag agus neamhchasta agus nach mbaineann priacal suntasach leo don chobhsaíocht airgeadais (go comhsheasmhach leis an sainmhíniú ar ‘institiúid bheag neamhchasta’ i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013). Dá réir sin, brainsí tríú tír a bhfuil sócmhainní cláraithe acu sa Bhallstát i méid atá cothrom le nó níos mó ná EUR 5 000 000 000, ba cheart a mheas go mbaineann priacal níos airde den sórt sin leo de bharr na méide agus na castachta níos mó a bhaineann leo, toisc go bhféadfadh suaitheadh suntasacht a bheith i margadh seirbhísí baincéireachta an Bhallstáit nó i gcóras baincéireachta an Bhallstáit dá gclisfeadh ar bhrainsí den sórt sin. Maidir le brainsí tríú tír a údaraítear chun glacadh le taiscí miondíola, ba cheart a mheas ar an gcuma chéanna go mbaineann priacal níos airde leo gan beann ar a méid, a mhéid a dhéanfaí difear do thaisceoirí anleochaileach agus a fhéadfaí go gcaillfí muinín i sábháilteacht agus i bhfóntacht chóras baincéireachta an Bhallstáit lena gcosnaítear coigiltis na saoránach dá gclisfeadh orthu. Ba cheart, dá bhrí sin, an dá chineál brainsí tríú tír sin a aicmiú in aicme 1.

(24)Ba cheart brainsí tríú tír a aicmiú in aicme 1 i gcás ina bhfuil an gnóthas sa tríú tír arb é príomhoifig na mbrainsí é (an ‘príomhghnóthas’) faoi réir rialáil, fhormhaoirseacht agus chur chun feidhme an rialacháin sin nach gcinntear go bhfuil siad coibhéiseach ar a laghad le Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó i gcás ina liostaítear an tríú tír ábhartha mar thríú tír ardphriacail ag a bhfuil easnaimh straitéiseacha ina gcóras maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 46 . Baineann priacal suntasach leis na brainsí tríú tír sin do chobhsaíocht airgeadais an Aontais agus an Bhallstáit ina mbunaítear iad, arae leis an gcreat rialála baincéireachta nó leis an gcreat frithsciúrtha airgid, ní ghabhtar go leordhóthanach na priacail shonracha a eascraíonn as na gníomhaíochtaí a dhéanann an brainse sa Bhallstát nó na priacail do chontrapháirtithe sa Bhallstát a eascraíonn as an ngrúpa tríú tír nó ní cheadaítear faireachán iomchuí a dhéanamh ar na priacail sin. Chun coibhéis chaighdeáin bhaincéireachta stuamachta agus mhaoirseachta an tríú tír le caighdeáin an Aontais a chinneadh, ba cheart é a bheith ar a chumas don Choimisiún treoir a thabhairt do ÚBE measúnú a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ba cheart do ÚBE a áirithiú go ndéanfaidh an measúnú ar bhealach dian agus trédhearcach agus i gcomhréir le modheolaíocht fhónta. Thairis sin, ba cheart do ÚBE dul i gcomhairle agus dul i ndlúthchomhar le húdaráis mhaoirseachta na dtríú tíortha agus lena ranna rialtais atá i gceannas ar an rialáil baincéireachta freisin agus, i gcás inarb iomchuí, le páirtithe ón earnáil phríobháideach, agus féachaint le cothrom na Féinne a thabhairt do na páirtithe sin agus an deis a thabhairt dóibh doiciméadacht a chur isteach agus uiríll a dhéanamh laistigh de thréimhsí ama réasúnta. Thairis sin, ba cheart do ÚBE a áirithiú go mbeidh réasúnú cuí leis an tuarascáil arna heisiúint i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, go leagfar amach tuairisc mhionsonraithe ar na hábhair arna measúnú inti agus go seachadfar í laistigh de thréimhse réasúnta.

(25)Ba cheart cumhacht shainráite a bheith ag na húdaráis inniúla chun a cheangal ar bhrainsí tríú tír, ar bhonn cás ar chás, iarratas a dhéanamh ar údarú i gcomhréir le Teideal III, Caibidil 1 de Threoir 2013/36/AE, ar a laghad i gcás ina dtéann na brainsí sin i mbun gníomhaíochtaí le contrapháirtithe i mBallstáit eile de shárú ar rialacha an mhargaidh inmheánaigh nó i gcás ina mbaineann priacal suntasach leo do chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó na mBallstát ina mbunaítear iad. Thairis sin, ba cheart a cheangal ar na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh go tráthrialta cé acu atá nó nach bhfuil tábhacht shistéamach leis na brainsí tríú tír a shealbhaíonn sócmhainní ar a leabhair i méid atá cothrom le nó níos mó ná EUR 30 000 000 000. Maidir leis na brainsí tríú tír uile a bhaineann leis an ngrúpa tríú tír céanna a bhunaítear i mBallstát amháin nó ar fud an Aontais, ba cheart iad a bheith faoi réir an mheasúnaithe tráthrialta sin go comhpháirteach. Leis an measúnú sin, ba cheart scrúdú a dhéanamh, i gcomhréir le critéir shonracha, ar cé acu a bhaineann nó nach mbaineann leibhéal analógach priacail leis na brainsí sin do chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó a mBallstát mar institiúidí a shainmhínítear mar ‘institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach leo’ faoi Threoir 2013/36/AE agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. I gcás ina gcinneann na húdaráis inniúla go bhfuil tábhacht shistéamach leis na brainsí tríú tír, ba cheart dóibh ceanglais a fhorchur ar na brainsí sin atá iomchuí chun na priacail don chobhsaíocht airgeadais a mhaolú. Chun na gcríoch sin, ba cheart é a bheith ar a gcumas do na húdaráis inniúla a cheangal ar na brainsí tríú tír iarratas a dhéanamh ar údarú mar fho-institiúidí faoi Threoir 2013/36/AE chun leanúint de ghníomhaíochtaí baincéireachta a dhéanamh sa Bhallstát nó ar fud an Aontais. Thairis sin, ba cheart é a bheith ar a gcumas do na húdaráis inniúla ceanglais eile a fhorchur, go háirithe oibleagáid maidir le sócmhainní nó gníomhaíochtaí na mbrainsí tríú tír san Aontas a athstruchtúrú ionas nach mbeidh na brainsí sin sistéamach a thuilleadh, nó ceanglas maidir le ceanglais caipitil bhreise, leachtachta, tuairiscithe nó nochta a chomhlíonadh, i gcás inar leordhóthanach sin chun aghaidh a thabhairt ar na priacail don chobhsaíocht airgeadais. Níor cheart an fhéidearthacht a bheith ag na húdaráis inniúla gan aon cheann de na ceanglais sin a fhorchur ar bhrainsí tríú tír a measadh go bhfuil siad sistéamach, ach amháin i gcás inar féidir leis na húdaráis inniúla údar cuí a thabhairt nach méadófaí na priacail a bhaineann leis na brainsí sin do chobhsaíocht airgeadais agus do shláine margaidh an Aontais agus na mBallstát in éagmais ceanglais den sórt sin ar feadh tréimhse nach faide ná bliain amháin.

(26)Chun comhsheasmhacht cinntí maoirseachta a áirithiú maidir le grúpa tríú tír a bhfuil brainsí agus fochuideachtaí aige ar fud an Aontais, ba cheart príomhúdarás inniúil a ainmniú chun an measúnú ar thábhacht shistéamach a dhéanamh. Ba cheart an ról sin a bheith ag comhfhreagairt do mhaoirseoir comhdhlúite an ghrúpa tríú tír san Aontas, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 111 de Threoir 2013/36/AE, nó don údarás inniúil a thiocfadh chun bheith ina mhaoirseoir comhdhlúite i gcomhréir leis an Airteagal sin, i gcás ina gcaithfí leis brainsí tríú tír an ghrúpa sin mar a fhochuideachtaí. I gcás nach gcinntear an maoirseoir comhdhlúite ábhartha nó i gcás nach gcuireann an príomhúdarás inniúil tús leis an measúnú ar thábhacht shistéamach laistigh de 3 mhí, ba cheart do ÚBE an measúnú a dhéanamh ina ionad sin. Ba cheart don phríomhúdarás inniúil nó, i gcás inarb infheidhme, ba cheart do ÚBE dul i gcomhairle agus dul i gcomhar go hiomlán leis na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar fhochuideachtaí agus ar bhrainsí an ghrúpa tríú tír ábhartha ar fud an Aontais. Ba cheart don phríomhúdarás inniúil agus do na húdaráis inniúla sin cinneadh a dhéanamh go comhpháirteach i dtaobh ceanglais a fhorchur ar na brainsí tríú tír a mheastar a bheith sistéamach. Ar mhaithe le próis chuí, ba cheart don phríomhúdarás inniúil nó, i gcás inarb infheidhme, ba cheart do ÚBE a áirithiú go ndéanfar urramú ar cheart na mbrainsí tríú tír chun éisteacht a fháil agus uiríll a dhéanamh le linn an mheasúnaithe ar thábhacht shistéamach.

(27)Ba cheart do na húdaráis inniúla athbhreithnithe a dhéanamh go tráthrialta ar chomhlíontacht na mbrainsí tríú tír leis na ceanglais ábhartha faoi Threoir 2013/36/AE, agus ba cheart dóibh bearta maoirseachta a dhéanamh maidir leis na brainsí sin chun an chomhlíontacht leis na ceanglais sin a áirithiú nó a athbhunú. Chun maoirseacht éifeachtach na gceanglas ar bhrainsí tríú tír a éascú agus chun gur féidir gníomhaíochtaí grúpaí tríú tír laistigh den Aontas a fhorbhreathnú go cuimsitheach, ba cheart tuairisciú coiteann maoirseachta agus airgeadais a chur ar fáil d’údaráis inniúla i gcomhréir le teimpléid chaighdeánaithe. Ba cheart sainordú a thabhairt do ÚBE chun dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt lena leagfar amach na teimpléid sin agus ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh. Thairis sin, is gá socruithe comhair iomchuí a chur chun feidhme i measc údaráis inniúla chun a áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí uile na ngrúpaí tríú tír a fheidhmíonn san Aontas trí bhrainsí tríú tír faoi réir maoirseacht chuimsitheach, chun imchéimniú na gceanglas is infheidhme maidir leis na grúpaí sin faoi dhlí an Aontais a chosc agus chun na priacail a d’fhéadfadh a bheith ann do chobhsaíocht airgeadais an Aontais a íoslaghdú. Go sonrach, ba cheart brainsí tríú tír aicme 1 a thabhairt faoi raon feidhme choláistí maoirseoirí na ngrúpaí tríú tír san Aontas. I gcás nach ann do choláiste den sórt sin cheana, ba cheart do na húdaráis inniúla coláiste ad hoc a bhunú le haghaidh gach brainse tríú tír aicme 1 den ghrúpa céanna i gcás ina bhfeidhmíonn sé i níos mó ná Ballstát amháin.

(28)Ba cheart creat an Aontais maidir le brainsí tríú tír a chur i bhfeidhm gan dochar don rogha a d’fhéadfadh a bheith ag na Ballstáit faoi láthair maidir le ceangal a chur ar ghnóthais tríú tír ó thríú tíortha áirithe ar bhonn ginearálta gníomhaíochtaí baincéireachta a dhéanamh ina gcríoch trí fho-institiúidí a údaraítear i gcomhréir le Teideal III, Caibidil 1 de Threoir 2013/36/AE, agus tríd na fo-institiúidí sin amháin. D’fhéadfadh sé go dtagraíonn an ceanglas sin do thríú tíortha a chuireann caighdeáin bhaincéireachta stuamachta agus mhaoirseachta i bhfeidhm nach bhfuil coibhéiseach leis na caighdeáin faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit nó do thríú tíortha a bhfuil easnaimh straitéiseacha ina gcóras maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac.

(29)Tar éis IFRS 9 a thabhairt isteach an 1 Eanáir 2018, maidir le toradh na ríomhanna ar chaillteanais chreidmheasa ionchasacha, a bhunaítear ar chur chuige samhaltaithe, tá tionchar díreach aige sin ar an méid cistí dílse agus ar na cóimheasa rialála a bhíonn ag institiúidí. Tá na cuir chuige samhaltaithe chéanna mar bhunús freisin le haghaidh na caillteanais chreidmheasa ionchasacha a ríomh i gcás ina gcuireann institiúidí creata cuntasaíochta náisiúnta i bhfeidhm. Dá thoradh sin, tá sé tábhachtach go mbíonn léargas soiléir ag na húdaráis inniúla agus ag ÚBE ar an tionchar a bhíonn ag na ríomhanna sin ar an raon luachanna le haghaidh sócmhainní atá ualaithe ó thaobh priacail de agus le haghaidh ceanglais cistí dílse a eascraíonn maidir le risíochtaí comhchosúla. Chuige sin, ba cheart na cuir chuige samhaltaithe sin a chumhdach leis an gcleachtadh tagarmharcála. Maidir le hinstitiúidí a ríomhann ceanglais chaipitil i gcomhréir leis an gcur chuige caighdeánaithe maidir le priacal creidmheasa, ós rud é go bhféadfaidh siad samhlacha a úsáid le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha a ríomh laistigh de chreat IFRS 9, ba cheart na hinstitiúidí sin a áireamh sa chleachtadh tagarmharcála, agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh.

(30)Le Rialachán (AE) 2019/876 47 , leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 trí chreat priacail margaidh athbhreithnithe a d’fhorbair Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht a thabhairt isteach. Maidir le paraiméadair áirithe a úsáidtear chun sócmhainní atá ualaithe ó thaobh priacail de agus ceanglais cistí dílse maidir le priacal margaidh a ríomh, leis an gcur chuige caighdeánaithe malartach atá ina chuid den chreat nua sin, is féidir le hinstitiúidí paraiméadair áirithe den sórt sin a shamhaltú. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go mbíonn léargas soiléir ag na húdaráis inniúla agus ag ÚBE ar an raon luachanna le haghaidh sócmhainní atá ualaithe ó thaobh priacail de agus le haghaidh ceanglas cistí dílse a eascraíonn maidir le risíochtaí comhchosúla ní hamháin faoi chur chuige malartach na samhlacha inmheánacha, ach faoin gcur chuige caighdeánaithe malartach freisin. Dá thoradh sin, ba cheart an cur chuige caighdeánaithe athbhreithnithe agus cuir chuige mhalartacha na samhlacha inmheánacha a chumhdach leis an gcleachtadh tagarmharcála maidir le priacal margaidh.

(31)An taistriú domhanda i dtreo geilleagar inbhuanaithe mar a chumhdaítear i gComhaontú Pháras 48 , a thug an tAontas agus na Náisiúin Aontaithe i gcrích lena gClár Oibre don Fhorbairt Inbhuanaithe 2030, éileofar athrú socheacnamaíoch ó bhonn chun é sin a bhaint amach agus beidh sé ag brath ar an slógadh acmhainní airgeadais suntasacha ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach. Leis an gComhaontú Glas don Eoraip 49 , cuirtear de cheangal ar an Aontas a bheith aeráidneodrach faoi 2050. Beidh ról ábhartha ag an gcóras airgeadais maidir le tacaíocht a thabhairt don aistriú sin, ról nach mbaineann leis na deiseanna a eascróidh a thapú agus tacú leo amháin, ach le bainistiú iomchuí a dhéanamh ar na priacail a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis.

(32)Maidir leis an aistriú i dtreo geilleagar inbhuanaithe, aeráidneodrach agus ciorclach ar scála nach bhfacthas riamh roimhe seo, beidh tionchair mhóra aige sin ar an gcóras airgeadais. In 2018 d’aithin Líonra na mBanc Ceannais agus na Maoirseoirí um Ghlasú an Chórais Airgeadais 50 gur foinse priacail airgeadais iad na priacail a bhaineann leis an aeráid. Cuirtear i dtábhacht i Straitéis Airgeadais Inbhuanaithe Athnuaite ón gCoimisiún 51 go dtugtar dúshlán nár tugadh riamh roimhe seo dár ngeilleagair agus do chobhsaíocht an chórais airgeadais le priacail comhshaoil, shóisialta agus rialachais (ESG), agus go háirithe le priacail a eascraíonn as tionchar fisiciúil an athraithe aeráide, na cailliúna bithéagsúlachta agus dhíghrádú comhshaoil na néiceachóras níos leithne. Baineann sainiúlachtaí leis na priacail sin amhail cineál réamhbhreathnaitheach na bpriacal sin agus na tionchair shainiúla a bhíonn acu thar thréimhsí ionchais gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha.

(33)I bhfianaise chineál fadtéarmach agus dhoimhneacht an aistrithe i dtreo geilleagar inbhuanaithe, aeráidneodrach agus ciorclach, beidh athruithe suntasacha ar shamhlacha gnó institiúidí. Maidir le coigeartú leordhóthanach an chórais airgeadais, agus coigeartú leordhóthanach institiúidí creidmheasa go háirithe, is gá é sin a dhéanamh chun an cuspóir a bhaint amach maidir le glanastaíochtaí nialasacha gás ceaptha teasa i ngeilleagar an Aontais faoi 2050 agus, san am céanna, na priacail bhunúsacha á gcoinneáil faoi smacht. Ba cheart, dá bhrí sin, é a chur ar a gcumas do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an bpróiseas sin agus idirghníomhú i gcásanna ina ndéanann institiúidí bainistíocht ar phriacail aeráide, agus ar phriacail a eascraíonn as an díghrádú comhshaoil agus as an gcailliúint bithéagsúlachta, ar bhealach ina gcuirtear cobhsaíocht na ninstitiúidí aonair, nó an chobhsaíocht airgeadais ina hiomláine i mbaol. Ba cheart do na húdaráis inniúla freisin faireachán a dhéanamh agus ba cheart an chumhacht a thabhairt dóibh gníomhú, i gcás ina mbeidh míailíniú ann idir samhlacha agus straitéisí gnó institiúidí agus cuspóirí beartais ábhartha an Aontais mar aon le treochtaí aistrithe níos leithne i dtreo geilleagar inbhuanaithe, míailíniú as a neascróidh priacail dá samhlacha agus straitéisí gnó, nó don chobhsaíocht airgeadais. Ba cheart priacail aeráide agus, níos leithne, priacail comhshaoil a mheas i dteannta priacail shóisialta agus priacail rialachais faoi chatagóir amháin priacal chun go bhféadfar na fachtóirí sin a chomhtháthú go cuimsitheach agus ar bhonn comhordaithe, arae is minic iad a bheith fite fuaite le chéile. Tá dlúthbhaint ag priacail ESG le coincheap na hinbhuanaitheachta, arae is iad na fachtóirí ESG trí phríomhcholún na hinbhuanaitheachta.

(34)Chun athléimneacht leordhóthanach a choimeád in aghaidh thionchair dhiúltacha na bhfachtóirí ESG, is gá é a bheith ar a gcumas d’institiúidí a bhunaítear san Aontas priacail ESG a shainaithint, a thomhas agus a bhainistiú go sistéamach, agus ní mór dá maoirseoirí measúnú a dhéanamh ar na priacail ar leibhéal na hinstitiúide aonair agus ar an leibhéal sistéamach, agus tús áite á thabhairt d’fhachtóirí comhshaoil agus díriú ansin ar fhachtóirí inbhuanaitheachta eile de réir mar a fhorbraítear na modheolaíochtaí agus na huirlisí le haghaidh an mheasúnaithe. Ba cheart d’institiúidí measúnú a dhéanamh ar ailíniú a bpunann le huaillmhian an Aontais a bheith aeráidneodrach faoi 2050 mar aon leis an díghrádú comhshaoil agus an chailliúint bithéagsúlachta a sheachaint. Ba cheart d’institiúidí pleananna sonracha a leagan amach chun aghaidh a thabhairt ar na priacail a eascraíonn as míailíniú a samhla gnó agus a straitéise gnó, sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, le cuspóirí beartais ábhartha an Aontais, lena náirítear i gComhaontú Pháras, sa phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ 52 [agus an Creat Domhanda Bithéagsúlachta iar-2020]. Ba cheart a cheangal ar institiúidí socruithe láidre rialachais agus próisis inmheánacha maidir le priacail ESG a bhainistiú a bheith acu agus straitéisí arna bhformheas ag a gcomhlachtaí bainistíochta a bheith i bhfeidhm acu lena gcuirfear san áireamh ní hamháin tionchar reatha na bhfachtóirí ESG ach a dtionchar réamhbhreathnaitheach freisin. Maidir leis an eolas comhchoiteann agus an fheasacht chomhchoiteann atá ag an gcomhlacht bainistíochta i ndáil le fachtóirí ESG agus an leithdháileadh caipitil inmheánach atá ag institiúidí chun aghaidh a thabhairt ar phriacail ESG, beidh ríthábhacht ag baint leis na nithe sin chun an tathrú a bhrú chun cinn laistigh de gach uile institiúid. De bharr shainiúlachtaí agus úrnuacht choibhneasta na bpriacal ESG, is féidir éagsúlacht shuntasach a bheith idir tuiscintí, tomhais agus cleachtais bhainistíochta ó institiúid go hinstitiúid. Chun cóineasú ar fud an Aontais agus tuiscint aonfhoirmeach ar phriacail ESG a áirithiú, ba cheart sainmhínithe iomchuí agus caighdeáin íosta le haghaidh an mheasúnaithe ar na priacail sin a sholáthar i rialáil stuamachta. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, leagtar síos sainmhínithe i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus tugtar an chumhacht do ÚBE tacar íosta modheolaíochtaí tagartha le haghaidh an mheasúnaithe ar thionchar na bpriacal ESG ar chobhsaíocht airgeadais institiúidí, agus tús áite á thabhairt don tionchar ar fhachtóirí comhshaoil. Ó tharla gur de bharr chineál réamhbhreathnaitheach na bpriacal ESG atá an anailís ar chásanna agus tástálacha struis, mar aon le pleananna chun aghaidh a thabhairt ar na priacail sin go háirithe ina nuirlisí measúnaithe faisnéiseacha, ba cheart an chumhacht a thabhairt do ÚBE freisin critéir aonfhoirmeacha a fhorbairt le haghaidh ábhar na bpleananna chun aghaidh a thabhairt ar na priacail sin agus le haghaidh chúlra na gcásanna agus le haghaidh chur i bhfeidhm na modhanna tástála struis. Ba cheart tús áite a bheith ag priacail a bhaineann leis an gcomhshaol, lena náirítear priacail a eascraíonn as an díghrádú comhshaoil agus as an gcailliúint bithéagsúlachta, agus ag priacail a bhaineann leis an aeráid go háirithe i bhfianaise na práinne a bhaineann leo agus i bhfianaise na hábharthachta ar leith a bhaineann leis an anailís ar chásanna agus an tástáil struis maidir lena measúnú.

(35)Is féidir impleachtaí forleathana a bheith ag priacail ESG do chobhsaíocht institiúidí aonair agus do chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine. Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis inniúla na priacail sin a chur san áireamh go comhsheasmhach ina ngníomhaíochtaí maoirseachta ábhartha, lena náirítear an próiseas meastóireachta agus athbhreithnithe maoirseachta agus an tástáil struis ar na priacail sin. Bhí an Coimisiún Eorpach, tríd a nIonstraim um Thacaíocht Theicniúil, ag tabhairt tacaíocht do na húdaráis inniúla náisiúnta chun modheolaíochtaí tástála struis a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus tá sé faoi réir chun leanúint de thacaíocht theicniúil a chur ar fáil i ndáil leis sin. Mar sin féin, is ar bhealach taiscéalaíoch a cuireadh na modheolaíochtaí tástála struis maidir le priacail ESG i bhfeidhm go dtí seo. Chun an tástáil struis ar phriacail ESG a fhréamhú go daingean agus go comhsheasmhach sa mhaoirseacht, ba cheart do ÚBE, don Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) agus don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) treoirlínte a fhorbairt go comhpháirteach chun breithnithe comhsheasmhacha agus modheolaíochtaí coiteanna maidir leis an tástáil struis ar phriacail ESG a áirithiú. Ba cheart tús a chur leis an tástáil struis ar na priacail sin le fachtóirí a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol, agus de réir mar a bheidh tuilleadh sonraí agus modheolaíochtaí maidir le priacail ESG ar fáil chun tacú le forbairt uirlisí breise chun measúnú a dhéanamh ar thionchar cainníochtúil na bpriacal ESG ar phriacail airgeadais, ba cheart d’údaráis inniúla níos mó measúnuithe a dhéanamh ar thionchar na bpriacal sin ina measúnuithe leordhóthanachta ar institiúidí creidmheasa. Chun cóineasú cleachtas maoirseachta a áirithiú, ba cheart do ÚBE treoirlínte a eisiúint maidir le priacail ESG a áireamh go haonfhoirmeach sa phróiseas athbhreithnithe maoirseachta agus meastóireachta (SREP).

(36)Na forálacha in Airteagal 133 de Threoir 2013/36/AE maidir le creat an mhaoláin um priacal sistéamach, féadfar iad a úsáid cheana chun aghaidh a thabhairt ar chineálacha éagsúla priacal sistéamach, lena náirítear priacail a bhaineann leis an athrú aeráide. A mhéid a mheasann na húdaráis inniúla agus ainmnithe ábhartha, de réir mar is infheidhme, go bhféadfadh sé go mbeadh iarmhairtí diúltacha tromchúiseacha ag priacail a bhaineann leis an athrú aeráide ar an gcóras airgeadais agus ar an bhfíorgheilleagar sna Ballstáit, ba cheart dóibh ráta maoláin um priacal sistéamach a thabhairt isteach maidir leis na priacail sin i gcás ina measann siad go mbeadh tabhairt isteach an ráta sin éifeachtach agus comhréireach chun na priacail sin a mhaolú.

(37)Ní fhéadfar an measúnú oiriúnachta a dhéanamh ar bhaill an chomhlachta bainistíochta ach amháin tar éis achar suntasach ama i ndiaidh a gceaptha nó, i gcás sealbhóirí príomhfheidhme, ní fhéadfar é a dhéanamh in aon chor. Dá bhrí sin, maidir le comhaltaí an chomhlachta bainistíochta nach gcomhlíonann na critéir oiriúnachta, d’fhéadfadh sé gur fheidhmigh siad a ndualgais le fada, rud a chruthaíonn fadhbanna d’institiúidí móra go háirithe. Thairis sin, ní mór d’institiúidí trasteorann a mbealach a dhéanamh trí éagsúlacht mhór rialacha agus próiseas náisiúnta, lena bhfágtar nach éifeachtúil an córas atá i bhfeidhm faoi láthair. Maidir le ceanglais dhifriúla a bheith ann ar fud an Aontais a mhéid a bhaineann leis an measúnú oiriúnachta, is saincheist ghéar é sin go háirithe i gcomhthéacs an Aontais Baincéireachta. Dá thoradh sin, tá sé tábhachtach sraith rialacha a sholáthar ar leibhéal an Aontais chun creat ‘cuí cóir’ a chur i bhfeidhm atá comhsheasmhach agus intuartha. Cothófar leis sin cóineasú maoirseachta, lena gcumasófar tuilleadh iontaoibhe idir na húdaráis inniúla agus lena dtabharfar tuilleadh deimhneachta dlíthiúla d’institiúidí. Maidir le creat ‘cuí cóir’ láidir a bheith ann chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht bhaill an chomhlachta bainistíochta agus ar oiriúnacht na sealbhóirí príomhfheidhme, is fachtóir ríthábhachtach é sin chun a áirithiú go reáchtálfar institiúidí go leormhaith agus go ndéanfar bainistíocht iomchuí ar a bpriacail.

(38)Is é is cuspóir don mheasúnú ar oiriúnacht comhaltaí comhlachtaí bainistíochta a áirithiú go mbeidh na comhaltaí sin cáilithe le haghaidh a róil agus go mbeidh dea-chlú orthu. Ós rud é go bhfuil an phríomhfhreagracht orthu measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht chomhaltaí uile an chomhlachta bainistíochta, ba cheart d’institiúidí an measúnú oiriúnachta a dhéanamh, agus ba cheart do na húdaráis inniúla fíorú a dhéanamh air ina dhiaidh sin, fíorú a fhéadfaidh siad a dhéanamh sula nglacann comhalta den chomhlacht bainistíochta leis an bpost nó ina dhiaidh sin. Mar sin féin, de bharr na bpriacal a bhaineann le hinstitiúidí móra a eascraíonn as éifeachtaí tógálachta a d’fhéadfadh a bheith ann go háirithe, ba cheart cosc a chur ar chomhaltaí den chomhlacht bainistíochta nach bhfuil oiriúnach tionchar a imirt ar reáchtáil institiúidí móra den sórt sin, arae d’fhéadfadh éifeachtaí díobhálacha tromchúiseacha a bheith aige sin. Is iomchuí, dá bhrí sin, seachas i gcásanna eisceachtúla, go ndéanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar oiriúnacht comhaltaí den chomhlacht bainistíochta in institiúidí móra sula bhfeidhmeoidh na comhaltaí sin a ndualgais.

(39)Ní hiad comhaltaí an chomhlachta bainistíochta amháin a mbíonn tionchar suntasach acu maidir lena áirithiú go ndéanfar institiúid a bhainistiú go fónta agus go stuama ar bhonn laethúil, ach ag na sealbhóirí príomhfheidhme freisin. Toisc nach sainmhínítear sealbhóirí príomhfheidhme faoi láthair i dTreoir 2013/36/AE, bíonn cleachtais éagsúla ag na Ballstáit ar fud an Aontais, rud a chuireann bac ar mhaoirseacht éifeachtach éifeachtúil agus a chuireann cosc ar an gcothrom iomaíochta. Dá bhrí sin, is gá sealbhóirí príomhfheidhme a shainmhíniú. Ina theannta sin, ba cheart an fhreagracht maidir le measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht sealbhóirí príomhfheidhme a bheith ar institiúidí go príomha. Mar sin féin, de bharr na bpriacal a bhaineann le gníomhaíochtaí institiúidí móra, ba cheart measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht cheannairí na bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh agus an phríomhoifigigh airgeadais in institiúidí móra den sórt sin sula nglacfaidh na daoine sin lena bpost.

(40)Chun an deimhneacht dhlíthiúil agus an intuarthacht dhlíthiúil a áirithiú le haghaidh na ninstitiúidí, is gá próiseas éifeachtúil agus tráthúil a bhunú chun go bhféadfaidh na húdaráis inniúla fíorú a dhéanamh ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus ar oiriúnacht sealbhóirí príomhfheidhme. Le próiseas den sórt sin, ba cheart é a chur ar a gcumas do na húdaráis inniúla aon fhaisnéis bhreise a iarraidh i gcás inar gá, ach chomh maith leis sin, a áirithiú gur féidir leis na húdaráis inniúla sin na measúnuithe oiriúnachta a láimhseáil laistigh den tréimhse ama fhorordaithe. Ó thaobh na ninstitiúidí de, ba cheart dóibh faisnéis atá ceart agus iomlán a chur ar fáil do na húdaráis inniúla laistigh den tréimhse ama leithdháilte agus freagra gasta a thabhairt de mheon macánta d’aon iarraidh ar fhaisnéis bhreise ó na húdaráis inniúla.

(41)I bhfianaise ról an mheasúnaithe oiriúnachta maidir le hinstitiúidí a bhainistiú go stuama agus go fónta, is gá uirlisí nua a sholáthar d’údaráis inniúla, amhail ráitis freagrachta agus mapáil dualgas, chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus sealbhóirí príomhfheidhme. Chomh maith leis sin, leis na huirlisí nua sin tacófar le hobair na núdarás inniúil agus athbhreithniú á dhéanamh acu ar shocruithe rialachais institiúidí mar chuid den phróiseas athbhreithnithe maoirseachta agus meastóireachta. D’ainneoin na freagrachta foriomláine atá ar an gcomhlacht bainistíochta mar chomhlacht coláisteach, ba cheart a cheangal ar institiúidí ráitis aonair agus mapáil a tharraingt suas lena soiléirítear na dualgais a bheidh ar chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta, ar an lucht bainistíocha sinsearaí agus ar shealbhóirí príomhfheidhme. Ní leagtar síos a ndualgais aonair go soiléir nó go comhsheasmhach i gcónaí agus d’fhéadfadh cásanna a bheith ann ina mbeidh forluí ann idir dhá ról nó níos mó, nó cásanna ina dtabharfar neamhaird ar réimsí dualgas, toisc nach dtagann siad go sonrach faoi shainchúram duine aonair. Ba cheart an raon feidhme maidir le dualgais gach duine a shainiú go leormhaith agus níor cheart aon réimse dualgas a fhágáil gan na dualgais a bheith ar dhuine éigin. Leis na huirlisí sin, ba cheart tuilleadh cuntasachta a áirithiú i measc chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta, an lucht bainistíochta sinsearaí agus sealbhóirí príomhfheidhme.

(42)Chun an chobhsaíocht airgeadais a choimirciú, ba cheart é a bheith ar a gcumas do na húdaráis inniúla cinntí a dhéanamh agus a chur chun feidhme go mear. I gcomhthéacs beart luathidirghabhála nó gníomhaíochta réitigh, féadfaidh na húdaráis inniúla agus na húdaráis réitigh a mheas gurb iomchuí comhaltaí den chomhlacht bainistíochta nó den lucht bainistíochta sinsearaí a bhriseadh as a bpost nó ball eile a chur ina nionad. Chun cásanna den sórt sin a chur san áireamh, ba cheart do na húdaráis inniúla an measúnú oiriúnachta a dhéanamh ar chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta nó ar shealbhóirí príomhfheidhme tar éis do na comhaltaí sin den chomhlacht bainistíochta nó tar éis do na sealbhóirí príomhfheidhme sin glacadh lena bpost.

(43)Maidir le méid ainmniúil ceanglais cístí dílse bhreise institiúide a leagann údarás inniúil na hinstitiúide síos i gcomhréir le hAirteagal 104(1), pointe (a), de Threoir 2013/36/AE chun aghaidh a thabhairt ar phriacail seachas an priacal luamhánaithe iomarcaigh, nuair a thiocfaidh sé sin faoi cheangal ag an íosmhéid táirgeachta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, níor cheart go méadófaí é sin dá thoradh sin, ceteris paribus. Thairis sin, i gcásanna den sórt sin, ba cheart don údarás inniúil athbhreithniú a dhéanamh ar cheanglas cístí dílse breise na hinstitiúide agus measúnú a dhéanamh ar cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear priacal de bharr samhaltaithe ó úsáid samhlacha inmheánacha ag an institiúid san áireamh agus a mhéid a chuirtear iad san áireamh i gceanglas den sórt sin. I gcás inarb amhlaidh, ba cheart a mheas go bhfuil forluí ag ceanglas cístí dílse breise na hinstitiúide leis na priacail a ghabhtar leis an íosmhéid táirgeachta i gceanglas cístí dílse na hinstitiúide agus, dá réir sin, ba cheart don údarás inniúil an ceanglas sin a laghdú a mhéid is gá chun deireadh a chur le haon fhorluí den sórt sin fad agus a bheidh an institiúid faoi cheangal ag an íosmhéid táirgeachta.

(44)Ar an gcuma chéanna, maidir le méid ainmniúil chaipiteal CET1 a bhíonn ag institiúid a cheanglaítear faoin maolán um priacal sistéamach, nuair a thiocfaidh sé sin faoi cheangal ag an íosmhéid táirgeachta, níor cheart é sin a mhéadú i gcás nach dtagann méadú ar na priacail mhacrastuamachta nó shistéamacha a bhaineann leis an institiúid. Sna cásanna sin, ba cheart d’údarás inniúil na hinstitiúide nó d’údarás ainmnithe na hinstitiúide, de réir mar is infheidhme, athbhreithniú a dhéanamh ar chalabrúchán rátaí an mhaoláin um priacal sistéamach agus a áirithiú go leanfaidh siad de bheith iomchuí agus nach ndéanfar áireamh dúbailte leo ar na priacail a chumhdaítear cheana de bhua go bhfuil an institiúid faoi cheangal ag an íosmhéid táirgeachta. I dtéarmaí níos ginearálta, níor cheart d’údaráis inniúla agus ainmnithe, de réir mar is infheidhme, ceanglais a fhorchur maidir le maolán um priacal sistéamach i ndáil le priacail a chumhdaítear go hiomlán cheana leis an íosmhéid táirgeachta.

(45)Thairis sin, i gcás ina dtiocfaidh institiúid a ainmnítear mar ‘institiúid eile a bhfuil tábhacht shistéamach léi’ faoi cheangal ag an íosmhéid táirgeachta, ba cheart dá húdarás inniúla nó ainmnithe, de réir mar is infheidhme, athbhreithniú a dhéanamh ar chalabrúchán cheanglas maoláin O-SII na hinstitiúide agus a áirithiú go leanfaidh sé de bheith iomchuí.

(46)Chun gníomhachtú tráthúil agus éifeachtach an mhaoláin um priacal sistéamach a chumasú, is gá cur i bhfeidhm na bhforálacha ábhartha a shoiléiriú agus na nósanna imeachta is infheidhme a shimpliú agus a ailíniú. Ba cheart gur féidir le húdaráis ainmnithe sna Ballstáit uile maolán um priacal sistéamach a shocrú chun gur féidir rátaí maoláin um priacal sistéamach arna socrú ag údaráis i mBallstáit eile a shainaithint agus chun a áirithiú go dtabharfar an chumhacht do na húdaráis aghaidh a thabhairt ar phriacail shistéamacha go tráthúil agus ar bhealach éifeachtach. Níor cheart ach fógra ón údarás a shainaithníonn an ráta a bheith ag teastáil chun ráta maoláin um priacal sistéamach arna shocrú ag Ballstát eile a shainaithint. Chun nósanna imeachta údarúcháin a sheachaint i gcás ina dtagann laghdú as an gcinneadh maidir le ráta maoláin a shocrú nó i gcás nach dtagann aon athrú ó na rátaí a socraíodh roimhe sin as an gcinneadh sin, is gá an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 131(15) de Threoir 2013/36/AE a ailíniú leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 133(9) den Treoir sin. Ba cheart na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 133(11) den Treoir sin a shoiléiriú agus iad a dhéanamh níos comhsheasmhaí leis na nósanna imeachta a bhfuil feidhm acu maidir le rátaí maoláin eile um priacal sistéamach, i gcás inarb ábhartha.

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 2013/36/AE

Leasaítear Treoir 2013/36/AE mar a leanas:

(1)in Airteagal 3, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)cuirtear an pointe (8a) seo a leanas isteach:

‘(8a)ciallaíonn ‘comhlacht bainistíochta ag gníomhú ina fheidhm bhainistíochta’ an comhlacht bainistíochta ag feidhmiú ina ról ag treorú na hinstitiúide go héifeachtach agus áirítear leis na daoine a threoraíonn gnó na hinstitiúide;’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (9):

‘(9)ciallaíonn ‘bainistíocht shinsearach’‧na daoine nádúrtha sin a dhéanann feidhmeanna feidhmiúcháin laistigh d’institiúid agus atá freagrach go díreach do chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide ach nach comhaltaí den chomhlacht sin iad, daoine nádúrtha atá freagrach as bainistíocht laethúil na hinstitiúide faoi stiúir chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide;’;

(c)cuirtear na pointí (9a) go (9d) seo a leanas isteach:

‘(9a)ciallaíonn ‘sealbhóirí príomhfheidhme’ daoine ag a bhfuil tionchar suntasach ar stiúradh na hinstitiúide ach nach comhaltaí den chomhlacht bainistíochta iad, lena náirítear ceannairí feidhmeanna rialaithe inmheánaigh agus an príomhoifigeach airgeadais, i gcás nach baill den chomhlacht bainistíochta iad na ceannairí nó an toifigeach sin;

(9b)ciallaíonn ‘príomhoifigeach airgeadais’ an duine atá freagrach as bainistíocht acmhainní airgeadais, as pleanáil airgeadais agus as tuairisciú airgeadais na hinstitiúide;

(9c)ciallaíonn ‘ceannairí feidhmeanna rialaithe inmheánaigh’ na daoine ar an leibhéal ordlathais is airde atá freagrach as bainistíocht éifeachtach a dhéanamh ar oibriúchán laethúil fheidhmeanna neamhspleácha bainistithe priacal, comhlíonta agus iniúchta inmheánaigh na hinstitiúide;

(9d)ciallaíonn ‘feidhmeanna rialaithe inmheánaigh’ feidhmeanna bainistithe priacail, comhlíonta agus iniúchta inmheánaigh;’;

(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (11):

‘(11)ciallaíonn ‘priacal samhla’ priacal samhla mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (52b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;’;

(e)cuirtear an pointe (29a) seo a leanas isteach:

‘(29a)ciallaíonn ‘institiúid neamhspleách san Aontas’ institiúid neamhspleách san Aontas mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (33a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;’;

(f)cuirtear an pointe (47a) seo a leanas isteach:

‘(47a)ciallaíonn ‘caipiteal incháilithe’ caipiteal incháilithe mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (71), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;’;

(g)cuirtear na pointí (66) go (69) seo a leanas isteach:

‘(66)ciallaíonn ‘institiúid mhór’ institiúid mhór mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (146), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(67)ciallaíonn ‘fochuideachta ábhartha’ fochuideachta ábhartha mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (135), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó fochuideachta mhór mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (147), den Rialachán sin;

(68)ciallaíonn ‘íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla’ pionóis laethúla arb é is aidhm dóibh deireadh a chur le sáruithe leanúnacha agus iallach a chur ar dhuine nádúrtha nó ar dhuine dlítheanach a oibleagáidí faoin Treoir seo agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chomhlíonadh athuair;

(69)ciallaíonn ‘priacal comhshaoil, sóisialta, agus rialachais’ priacal comhshaoil, sóisialta agus rialachais mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (52d), nó Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;’;

(2)in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an saineolas, na hacmhainní, an acmhainn oibríochtúil, na cumhachtaí agus an neamhspleáchas is gá ag na húdaráis inniúla chun na feidhmeanna a bhaineann le maoirseacht stuamachta agus imscrúduithe a dhéanamh agus go bhfuil na cumhachtaí acu chun íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus pionóis a leagtar amach sa Treoir seo agus i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a fhorchur.

Chun neamhspleáchas na n‑údarás inniúil i bhfeidhmiú a gcumhachtaí a chaomhnú, soláthróidh an Ballstát na socruithe uile is gá chun a áirithiú gur féidir leis na húdaráis inniúla sin, lena n‑áirítear a bhfoireann agus comhaltaí a gcomhlachtaí rialachais, gníomhú go neamhspleách agus go hoibiachtúil, gan treoracha a lorg nó a ghlacadh, nó gan a bheith faoi thionchar ó institiúidí a ndéantar maoirseacht orthu, ó rialtas aon Bhallstáit nó ó chomhlacht de chuid an Aontais nó ó aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile. Beidh na socruithe sin gan dochar do chearta agus d’oibleagáidí na n‑údarás inniúil atá ann mar thoradh ar iad bheith páirteach sa chóras Eorpach um maoirseacht airgeadais a eascraíonn as Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010*1, an Sásra Aonair Maoirseachta a eascraíonn as Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013*2 agus Rialachán (AE) Uimh. 468/2014 ó mBanc Ceannais Eorpach an 16 Aibreán 2014*3, le haghaidh an Bhoird Réitigh Aonair a eascraíonn as Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014*4.

Áiritheoidh na Ballstáit, go háirithe, go bhfuil na socruithe is gá i bhfeidhm ag na húdaráis inniúla chun coinbhleachtaí leasa a bhfoirne agus chomhaltaí a gcomhlachtaí rialachais a chosc. Chun na gcríoch sin, leagfaidh na Ballstáit síos rialacha atá comhréireach le ról agus le freagrachtaí na bhfoirne agus chomhaltaí na gcomhlachtaí rialachais sin, agus toirmeascfar na nithe seo a leanas orthu ar a laghad:

(a)trádáil in ionstraimí airgeadais arna neisiúint ag institiúidí faoi mhaoirseacht na núdarás inniúil, a máthairghnóthais, a bhfochuideachtaí nó a gcleamhnaithe díreacha nó indíreacha nó in ionstraimí a dtagraítear chucu sin;

(b)tar éis dheireadh a bhfostaíochta ag an údarás inniúil, post nó aon chineál comhaontaithe chonarthaigh a ghlacadh chun seirbhísí gairmiúla a sholáthar le haon cheann díobh seo a leanas:

(i)institiúidí a ndearna siad maoirseacht dhíreach orthu, lena náirítear a máthairghnóthais, a bhfochuideachtaí nó a gcleamhnaithe díreacha nó indíreacha, ar feadh dhá bhliain ar a laghad roimh dháta glactha róil nua;

(ii)gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí d’aon cheann de na gnóthais dá dtagraítear i bpointe (i), a ndearnadh maoirseacht dhíreach orthu ar feadh dhá bhliain ar a laghad roimh dháta glactha róil nua, ach amháin má chuirtear dianchosc orthu páirt a ghlacadh in aon soláthar de na seirbhísí sin agus an toirmeasc dá dtagraítear anseo fós i bhfeidhm.

Baill foirne agus comhaltaí comhlachtaí rialachais atá faoi réir na dtoirmeasc dá bhforáiltear sa tríú fomhír, pointe (b), beidh siad i dteideal cúiteamh iomchuí ar an neamhábaltacht glacadh le ról toirmiscthe.

Eiseoidh ÚBE treoirlínte dírithe ar na húdaráis inniúla, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, maidir le coinbhleachtaí leasa in údaráis inniúla a chosc agus neamhspleáchas na n‑údarás sin, agus tabharfar san áireamh na dea-chleachtais idirnáisiúnta, chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm go comhréireach.’;

______

*1    Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena naisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

*2    Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).

*3    Rialachán (AE) Uimh. 468/2014 ón mBanc Ceannais Eorpach an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear an creat le haghaidh comhair laistigh den Sásra Aonair Maoirseachta idir an Banc Ceannais Eorpach agus údaráis inniúla náisiúnta agus leis na húdaráis náisiúnta ainmnithe (Rialachán maidir le Creat SAM) (ECB/2014/17) (IO L 141, 14.5.2014, lch. 1).

*4    Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).

(3)In Airteagal 18, cuirtear an pointe (g) seo a leanas leis:

‘(g)comhlíonann sí na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(i)cinneadh go bhfuil sí i mbéal cliseadh nó ar dóigh di cliseadh i gcomhréir le hAirteagal 32(1), pointe (a) de Threoir 2014/59/AE nó i gcomhréir le hAirteagal 18(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014;

(ii)measann an túdarás réitigh go gcomhlíontar an coinníoll in Airteagal 32(1), pointe (b) de Threoir 2014/59/AE nó in Airteagal 18(1), pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 i ndáil leis an institiúid creidmheasa sin;

(iii)measann an túdarás réitigh nach gcomhlíontar an coinníoll in Airteagal 32(1), pointe (c) de Threoir 2014/59/AE ná in Airteagal 18(1), pointe (c) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 i ndáil leis an institiúid creidmheasa sin.’;

(4)Leasaítear Airteagal 21a mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais i mBallstát, máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha i mBallstát, máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais san Aontas agus máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha san Aontas, féachfaidh siad le formheas a fháil i gcomhréir leis an Airteagal seo. Féachfaidh cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais nó cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha eile le formheas a fháil i gcomhréir leis an Airteagal seo i gcás inar gá dóibh an Treoir seo nó Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chomhlíonadh ar bhonn fo-chomhdhlúite.

Déanfaidh na húdaráis inniúla athbhreithniú ar mháthairghnóthais institiúide nó ar mháthairghnóthais eintitis a iarrann údarú de bhun Airteagal 8 chun a bhrath cibé acu an ann nó nach ann do ghnóthas a chomhlíonann na critéir chun é a mheas mar mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais i mBallstát, mar mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha i mBallstát, mar mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais san Aontas nó mar mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha san Aontas é.

Chun críocha an dara fomhír, i gcás ina bhfuil na máthairchuideachtaí lonnaithe i mBallstáit eile seachas an Ballstát ina bhfuil an institiúid, nó an t‑eintiteas a iarrann údarú de bhun Airteagal 8 bunaithe, oibreoidh údaráis inniúla an dá Bhallstát sin i ndlúthchomhar le chéile chun an t‑athbhreithniú a dhéanamh.

Foilseoidh údaráis inniúla toradh an athbhreithnithe dá dtagraítear sa dara fomhír.’;

(b)leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b) faisnéis maidir le hainmniúchán beirte, ar a laghad, arb iad a dhéanann an chuideachta shealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha a stiúradh agus maidir le comhlíontacht leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 91(1);’;

(ii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘I gcás ina dtarlaíonn formheas na cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha i gcomhthráth leis an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 22 agus in Airteagal 27a, déanfaidh an t‑údarás inniúil, chun críocha an Airteagail sin, de réir mar is iomchuí, comhordú leis an maoirseoir comhdhlúthúcháin agus, más éagsúil, leis an údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an chuideachta shealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha bunaithe. Sa chás sin, cuirfear an tréimhse mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 22(3), an dara fomhír, agus in Airteagal 27a(6) ar fionraí ar feadh tréimhse is faide ná 20 lá oibre go dtí go mbeidh an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo curtha i gcrích.’;

(5)in Airteagal 21b(6), cuirtear an dara agus an tríú fomhír seo a leanas leis:

‘Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun sonrú a dhéanamh ar na formáidí, ar na sainmhínithe agus ar na réitigh TF aonfhoirmeacha atá le cur i bhfeidhm san Aontas chun an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a thuairisciú.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo].

Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.’;

(6)cuirtear an tAirteagal 21c nua seo a leanas isteach:

Airteagal 21c
Ceanglas maidir le brainse a bhunú le haghaidh seirbhísí baincéireachta a sholáthraíonn gnóthais tríú tír agus eisceacht le haghaidh sirtheoireacht droim ar ais seirbhísí

1. Ceanglóidh na Ballstáit ar ghnóthais atá bunaithe i dtríú tír dá dtagraítear in Airteagal 47(1) agus (2) brainse a bhunú ar a gcríoch agus iarratas a dhéanamh ar údarú i gcomhréir le Teideal VI chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír (1) den Airteagal sin a thosú sa Bhallstát ábhartha nó leanúint díobh ann.

2. Maidir le cliant miondíola, contrapháirtí cáilitheach nó cliant gairmiúil de réir bhrí Ranna I agus II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE atá bunaithe nó lonnaithe san Aontas, i gcás ina dtéann sé i dteagmháil le gnóthas atá bunaithe i dtríú tír ar a thionscnamh eisiach féin chun aon seirbhís nó aon ghníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 47(1) a sholáthar, ní bheidh feidhm ag an gceanglas a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo maidir le soláthar na seirbhíse nó na gníomhaíochta ábhartha don duine sin, lena n‑áirítear caidreamh a bhaineann go sonrach leis an tseirbhís nó leis an ngníomhaíocht sin a sholáthar. Gan dochar do chaidrimh inghrúpa, i gcás ina ndéanfaidh gnóthas tríú tír, lena n‑áirítear trí eintiteas atá ag gníomhú thar a cheann nó a bhfuil dlúthnaisc aige leis an ngnóthas tríú tír sin nó le haon duine eile atá ag gníomhú thar ceann an ghnóthais sin, cliaint nó cliaint ionchasacha a shireadh san Aontas, ní mheasfar gur seirbhís í sin a soláthraíodh ar thionscnamh eisiach féin an chliaint.

3. Ní fhágfaidh tionscnamh ó chliant nó ó chontrapháirtí dá dtagraítear i mír 2 go mbeidh gnóthas tríú tír i dteideal catagóirí eile táirgí, gníomhaíochtaí nó seirbhísí a mhargú seachas na cinn sin a shir an cliant nó an contrapháirtí, ach amháin trí bhrainse tríú tír atá bunaithe i mBallstát.’;

(7)I dTeideal III, cuirtear na Caibidlí 3, 4 agus 5 seo a leanas leis:

‘CAIBIDIL 3

Sealúchas cáilitheach a fháil nó a dhífheistiú

Airteagal 27a
Fógra a thabhairt faoi éadáil agus measúnú a dhéanamh uirthi

1. Maidir le haon institiúid, máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais i mBallstát, máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha i mBallstát, máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais san Aontas agus máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha san Aontas nó cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais nó cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha eile ar gá dóibh formheas a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 21a(1) ar bhonn fo-chomhdhlúite (an ‘faighteoir’), ceanglóidh na Ballstáit orthu fógra a thabhairt dá n‑údarás inniúil i gcás ina bhfuil sé beartaithe acu sealúchas cáilitheach ar mó é ná 15 % de chaipiteal incháilithe an fhaighteora a fháil (an ‘éadáil atá beartaithe’), go díreach nó go hindíreach, fógra ina dtugtar le fios méid an tsealúchais atá beartaithe agus an fhaisnéis ábhartha, mar a shonraítear in Airteagal 27b(5).

2. Admhóidh na húdaráis inniúla an fógra faoi mhír 1 nó aon fhaisnéis bhreise faoi mhír 5 go pras agus in aon chás, admhóidh siad é laistigh de 2 lá oibre tar éis an fógra sin a fháil.

De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo agus d’Airteagal 22(2). i gcás ina measann na húdaráis inniúla an éadáil atá beartaithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó d’Airteagal 22(1) a bheith casta, admhófar an fógra nó aon fhaisnéis bhreise go pras agus in aon chás, admhófar é laistigh de 10 lá oibre tar éis an fógra sin a fháil.

3. Beidh 60 lá oibre ag na húdaráis inniúla ón dáta a admhaítear an fógra i scríbhinn agus ón dáta a fhaightear na doiciméid uile, lena n‑áirítear na doiciméid sin a éilíonn an Ballstát a cheangal leis an bhfógra i gcomhréir le hAirteagal 27b(4) (an ‘tréimhse mheasúnaithe’) chun an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 27b(1) (an ‘measúnú’) a dhéanamh.

Más éard atá san éadáil atá beartaithe sealúchas cáilitheach in institiúid creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 22(1), beidh an faighteoir fós faoi réir an cheanglais fógra agus an mheasúnaithe faoin Airteagal sin.

4. Cuirfidh na húdaráis inniúla an faighteoir atá beartaithe ar an eolas faoi dháta éaga na tréimhse measúnaithe tráth a admhaíonn siad an fógra dá dtagraítear i mír 3.

5. Le linn na tréimhse measúnaithe más gá, ach tráth nach déanaí ná an 50ú lá oibre den tréimhse mheasúnaithe, féadfaidh na húdaráis inniúla faisnéis bhreise a iarraidh, ar faisnéis í is gá chun an measúnú a dhéanamh. Déanfar an iarraidh sin i scríbhinn agus sonrófar an fhaisnéis bhreise is gá inti.

6. Cuirfear an tréimhse mheasúnaithe ar fionraí idir an dáta a iarrann an t‑údarás inniúil an fhaisnéis bhreise agus an dáta a fhaightear freagra ón bhfaighteoir ar an iarraidh, freagra ina soláthrófar an fhaisnéis ar fad a iarradh. Ní bheidh an fionraí níos faide ná 20 lá oibre. Beidh sé de rogha ag na húdaráis inniúla iarrataí breise a dhéanamh ar chomhlánú nó ar shoiléiriú faisnéise ach ní chuirfear an tréimhse mheasúnaithe ar fionraí dá mbarr.

7. Féadfaidh na húdaráis inniúla síneadh suas le 30 lá oibre a chur leis an bhfionraí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 6 sna cásanna seo a leanas:

(a)tá an teintiteas a fhaightear lonnaithe i dtríú tír nó rialáiltear i dtríú tír é;

(b)tá gá le malartú faisnéise leis na húdaráis atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na heintitis faoi oibleagáid a liostaítear in Airteagal 2(1), pointí (1) agus (2) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*5 chun an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 27b(1) den Treoir seo a dhéanamh.

8. I gcás ina dtarlaíonn formheas na cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha de bhun Airteagal 21a i gcomhthráth leis an measúnú dá dtagraítear san Airteagal seo, déanfaidh an t‑údarás inniúil, chun críocha an Airteagail sin, de réir mar is iomchuí, comhordú leis an maoirseoir comhdhlúthúcháin agus, más éagsúil, leis an údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an chuideachta shealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha bunaithe. Sa chás sin, cuirfear an tréimhse mheasúnaithe ar fionraí ar feadh tréimhse nach faide ná 20 lá oibre go dtí go mbeidh an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 21a curtha i gcrích.

9. I gcás ina ndéanann na húdaráis inniúla cinneadh chun cur i gcoinne na héadála atá beartaithe, cuirfidh siad an faighteoir ar an eolas faoi i scríbhinn laistigh de 2 lá oibre ón measúnú a chríochnú gan dul thar an tréimhse mheasúnaithe agus soláthróidh siad na cúiseanna lena n‑agóid. Faoi réir an dlí náisiúnta, féadfar ráiteas iomchuí faoi na cúiseanna leis an gcinneadh lena gcuirtear i gcoinne na héadála atá beartaithe a chur ar fáil don phobal arna iarraidh sin don fhaighteoir. Maidir le heaspa forálacha sa dlí náisiúnta maidir le ráiteas iomchuí faoi na cúiseanna leis an gcinneadh lena gcuirtear i gcoinne na héadála atá beartaithe, ní chuirfidh sí cosc ar na Ballstáit a cheadú don údarás inniúil an fhaisnéis sin a fhoilsiú d’uireasa iarraidh ón bhfaighteoir.

10. I gcás nach gcuireann na húdaráis inniúla i gcoinne na héadála atá beartaithe i scríbhinn laistigh den tréimhse mheasúnaithe, measfar an éadáil atá beartaithe a bheith formheasta.

11. Féadfaidh údaráis inniúla uastréimhse a shocrú chun an éadáil atá beartaithe a dhéanamh agus síneadh a chur léi i gcás inarb iomchuí.

12. Ní fhéadfaidh na Ballstáit ceanglais a fhorchur atá níos déine ná na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 89 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le fógra a thabhairt don údarás inniúil faoi éadálacha díreacha nó indíreacha ná faoi chaipiteal nó maidir le formheas a fháil ón údarás ina leith.

________

*5    Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

Airteagal 27b
Critéir mheasúnaithe

1. Agus iad ag déileáil leis an bhfógra faoin éadáil atá beartaithe dá bhforáiltear in Airteagal 27a(1) agus leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 27a(5), déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar bhainistíocht fhónta stuama an fhaighteora tar éis na héadála agus ar na priacail a bhfuil an faighteoir ar ris orthu nó a d’fhéadfadh an faighteoir a bheith ar ris orthu go háirithe, i gcomhréir leis na critéir seo a leanas:

(a)dea-cháil leormhaith agus saineolas, scileanna agus taithí leordhóthanach, mar a leagtar amach in Airteagal 91(1) aon chomhalta nua de chomhlacht bainistíochta an fhaighteora atá le ceapadh mar thoradh ar an éadáil atá beartaithe.

(b)an mbeidh an faighteoir in ann na ceanglais stuamachta a leagtar amach sa Treoir seo agus i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus i gcás inarb infheidhme, i ngníomhartha eile de dhlí an Aontais, a chomhlíonadh agus leanúint dá gcomhlíonadh nó nach mbeidh.

(c)an bhfuil forais réasúnta ann le bheith in amhras go bhfuil nó go raibh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta de réir bhrí Airteagal 1 de Threoir (AE) 2015/849 ar bun nó go bhfuil iarracht air ar bun, nó go bhféadfadh an éadáil atá beartaithe an riosca ina leith a mhéadú nó nach bhfuil.

2. Chun measúnú a dhéanamh ar an gcritéar a leagtar síos i mír 1, pointe (c) agus ar an gcritéar a leagtar síos in Airteagal 23(1), pointe (e), rachaidh na húdaráis inniúla i gcomhairle, i gcomhthéacs a bhfíoraithe, leis na húdaráis atá inniúil ar mhaoirseacht a dhéanamh ar na gnóthais i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849.

3. Ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla cur i gcoinne na héadála atá beartaithe ach amháin má tá forais réasúnta ann lena dhéanamh ar bhonn na gcritéar a leagtar amach i mír 1 nó má tá an fhaisnéis a sholáthraíonn an faighteoir neamhiomlán, d’ainneoin iarraidh a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 27a.

Chun críocha na míre seo agus Airteagal 23(2), agus maidir leis an gcritéar a leagtar síos i mír 1, pointe (c), foras réasúnta le cur i gcoinne a bheidh in agóid i scríbhinn a dhéanann na húdaráis atá inniúil ar mhaoirseacht a dhéanamh ar na gnóthais faoi Threoir (AE) 2015/849.

4. Ní fhorchuirfidh na Ballstáit aon réamhchoinníoll maidir le leibhéal an tsealúchais is gá a fháil ná ní cheadóidh siad dá n‑údaráis inniúla an éadáil atá beartaithe a scrúdú i dtéarmaí riachtanais eacnamaíocha an mhargaidh.

5. Foilseoidh na Ballstáit liosta lena sonraítear an fhaisnéis is gá chun an measúnú a dhéanamh. Soláthrófar an fhaisnéis sin do na húdaráis inniúla tráth an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 27a(1). Beidh an fhaisnéis comhréireach agus iomchuí le cineál an eintitis atá le fáil. Ní éileoidh na Ballstáit faisnéis nach bhfuil ábhartha le haghaidh an mheasúnaithe stuamachta faoin Airteagal seo.

6. D’ainneoin Airteagal 27a, míreanna (2) go (7), i gcás ina dtugtar fógra faoi dhá thogra nó níos mó chun sealúchais cháilitheacha san eintiteas céanna a fháil, caithfidh an t‑údarás inniúil ar bhealach neamh‑idirdhealaitheach leis na faighteoirí.

7. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na nithe seo a leanas:

(a)an tíosliosta faisnéise atá le soláthar do na húdaráis inniúla tráth an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 23(1), Airteagal 27a(1), Airteagal 27f(1) agus Airteagal 27k(1);

(b)modheolaíocht chomhchoiteann chun measúnú a dhéanamh ar na critéir a leagtar amach san Airteagal seo, in Airteagal 27g agus in Airteagal 27l;

(c)an próiseas is infheidhme maidir le fógra a thabhairt agus an measúnú stuamachta is gá faoi Airteagal 27a, Airteagal 27f agus Airteagal 27k.

Chun críoch na chéad fomhíre, cuirfidh ÚBE Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*6 san áireamh.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo].

Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

__________

*6    Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (códú).

Airteagal 27c
Comhar idir na húdaráis inniúla

1. Rachaidh na húdaráis inniúla ábhartha i gcomhairle le chéile agus iad i mbun an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 27b más rud é gur ceann de na nithe seo a leanas é an t‑eintiteas a fhaightear:

(a)institiúid creidmheasa, gnóthas árachais, gnóthas athárachais, gnólacht infheistíochta nó cuideachta bainistíochta de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (b) de Threoir 2009/65/CE (‘cuideachta bainistíochta GCUI’) atá údaraithe i mBallstát eile nó in earnáil seachas an earnáil ina noibríonn an faighteoir atá beartaithe;

(b)máthairghnóthas d’institiúid creidmheasa, de ghnóthas árachais, de ghnóthas athárachais, de ghnólacht infheistíochta nó de chuideachta bainistíochta de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (b) de Threoir 2009/65/CE (‘cuideachta bainistíochta GCUI’) atá údaraithe i mBallstát eile nó in earnáil seachas an earnáil ina noibríonn an faighteoir atá beartaithe;

(c)duine dlítheanach a rialaíonn institiúid creidmheasa, gnóthas árachais, gnóthas athárachais, gnólacht infheistíochta nó cuideachta bainistíochta GCUI atá údaraithe i mBallstát eile nó in earnáil seachas an earnáil ina bhfuil an éadáil beartaithe.

Aon fhaisnéis atá sár-riachtanach nó atá ábhartha le haghaidh an mheasúnaithe, soláthróidh na húdaráis inniúla dá chéile í gan aon mhoill mhíchuí. Chun na gcríoch sin, cuirfidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis ábhartha uile le haghaidh an mheasúnaithe in iúl dá chéile arna iarraidh sin nó ar a dtionscnamh féin.

2. Féachfaidh na húdaráis inniúla lena measúnuithe a chomhordú agus comhsheasmhacht a gcinntí a áirithiú. Chuige sin, tabharfar le fios sa chinneadh ó údarás inniúil an fhaighteora aon tuairim nó cuntar a thug an t‑údarás inniúil a d’údaraigh an institiúid creidmheasa a rialaíonn an máthairghnóthas ina mbeartaítear an éadáil.

3. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun nósanna imeachta, foirmeacha agus teimpléid chomhchoiteanna a bhunú le haghaidh an phróisis comhairliúcháin idir na húdaráis inniúla ábhartha dá dtagraítear san Airteagal seo.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo].

Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 27d
Fógra a thabhairt i gcás dífheistiú

Maidir le hinstitiúidí, máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha i mBallstát, máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais san Aontas agus máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha san Aontas, mar aon le cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, ceanglóidh na Ballstáit orthu fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla i gcás ina bhfuil sé beartaithe acu sealúchas cáilitheach a dhiúscairt go díreach nó go hindíreach, ar sealúchas é is mó ná 15 % de chaipiteal incháilithe an fhaighteora. Tabharfar an fógra sin i scríbhinn roimh an dífheistiú agus tabharfar le fios méid an tsealúchais lena mbaineann.

Airteagal 27e
Oibleagáidí faisnéise agus pionóis

I gcás nach dtugann an faighteoir fógra roimh ré faoin éadáil atá beartaithe i gcomhréir le hAirteagal 27a(1) nó i gcás ina bhfuair sé sealúchas cáilitheach dá dtagraítear san Airteagal sin d’ainneoin chur i gcoinne na n‑údarás inniúil, ceanglóidh na Ballstáit ar na húdaráis inniúla sin bearta iomchuí a dhéanamh. D’fhéadfadh sé go n‑áireofaí leis na bearta sin urghairí, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus pionóis, i gcomhréir le hAirteagail 65 go 72, i gcoinne comhaltaí den chomhlacht bainistíochta agus den bhainistíocht shinsearach. I gcás ina bhfaightear sealúchas cáilitheach d’ainneoin chur i gcoinne na n‑údarás inniúil, déanfaidh na Ballstáit foráil, gan dochar do phionóis a d’fhéadfadh a bheith ann, maidir le feidhmiú na gceart vótála comhfhreagracha a chur ar fionraí nó maidir leis na vótaí a caitheadh a dhearbhú a bheith ar neamhní.

CAIBIDIL 4

Aistrithe ábhartha sócmhainní agus dliteanas

Airteagal 27f
Fógra a thabhairt faoi aistrithe ábhartha sócmhainní agus dliteanas agus measúnú a dhéanamh orthu

1. Maidir le hinstitiúidí, máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais i mBallstát, máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha i mBallstát, máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais san Aontas, máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha san Aontas nó cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha eile ar gá dóibh formheas a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 21a(1) ar bhonn fo-chomhdhlúite, ceanglóidh na Ballstáit orthu fógra a thabhairt dá n‑údarás inniúil faoi aon aistriú ábhartha sócmhainní nó dliteanas a bhfuil sé beartaithe acu a dhéanamh trí bhíthin díolacháin nó aon chineáil eile idirbhirt (an ‘oibríocht atá beartaithe’). Tabharfar le fios san fhógra méid na hoibríochta atá beartaithe agus soláthrófar an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 27g(5).

I gcás nach mbaineann an oibríocht atá beartaithe ach le hinstitiúidí ón ngrúpa céanna, beidh na hinstitiúidí sin faoi réir na chéad fhomhíre freisin.

Chun críocha na chéad agus an dara fomhír, beidh gach ceann de na hinstitiúidí atá páirteach san oibríocht chéanna atá beartaithe faoi réir na hoibleagáide chun fógra a thabhairt aisti féin, ar oibleagáid í a leagtar amach sna fomhíreanna sin.

2. Chun críocha mhír 1:

(a)measfar an oibríocht atá beartaithe a bheith ábhartha le haghaidh institiúide i gcás inarb ionann í agus 10 % dá sócmhainní nó dá dliteanais iomlána, i gcás ina ndéantar an oibríocht atá beartaithe idir dhá eintiteas sa ghrúpa céanna, measfar an oibríocht atá beartaithe a bheith ábhartha le haghaidh institiúide i gcás inarb ionann í agus 15 % dá sócmhainní nó dá dliteanais iomlána;

(b)aistrithe sócmhainní neamhthuillmheacha, nó aistrithe sócmhainní chun go náireofar i gcomhthiomsú cumhdaigh iad, de réir bhrí Airteagal 3(3) de Threoir (AE) 2019/2162 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*7 nó aistrithe atá le grinnscrúdú, ní chuirfear san áireamh iad chun an céatadán i bpointe (a) a ríomh;

(c)aistrithe sócmhainní nó dliteanas i gcomhthéacs uirlisí, cumhachtaí agus sásraí réitigh dá bhforáiltear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE a úsáid, ní chuirfear san áireamh iad chun an céatadán dá dtagraítear i bpointe (a) a ríomh.

3. Admhóidh údaráis inniúla go pras go bhfuair siad an fógra faoi mhír 1 nó faisnéis bhreise faoi mhír 6 agus in aon chás, admhóidh siad é laistigh de 2 lá oibre tar éis an fógra a fháil.

4. Ón dáta a admhaítear i scríbhinn an fógra agus na doiciméid, lena n‑áirítear na doiciméid sin a éilíonn an Ballstát a cheangal leis an bhfógra i gcomhréir le hAirteagal 27g(5), beidh 60 lá oibre ag na húdaráis inniúla ar a mhéad chun an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 27g(1) a dhéanamh (an ‘tréimhse mheasúnaithe’).

5. Cuirfidh na húdaráis inniúla an institiúid ar an eolas faoi dháta éaga na tréimhse measúnaithe tráth a admhaíonn siad an fógra.

6. Féadfaidh na húdaráis inniúla iarraidh a dhéanamh ar fhaisnéis bhreise is gá chun an measúnú a dhéanamh tráth ar bith le linn na tréimhse measúnaithe ach tráth nach déanaí ná an 50ú lá oibre den tréimhse mheasúnaithe. Déanfar iarraidh den sórt sin i scríbhinn agus sonrófar inti an fhaisnéis bhreise is gá.

7. Maidir leis an tréimhse idir an dáta a iarrann na húdaráis inniúla an fhaisnéis agus an dáta a fhaightear freagra ón institiúid ar an iarraidh ina soláthraítear an fhaisnéis uile a iarradh, cuirfear an tréimhse mheasúnaithe ar fionraí ar feadh na tréimhse sin. Ní bheidh an fionraí níos faide ná 20 lá oibre. Beidh sé de rogha ag na húdaráis inniúla iarrataí breise a dhéanamh ar chomhlánú nó ar shoiléiriú faisnéise ach ní chuirfear an tréimhse mheasúnaithe ar fionraí dá mbarr.

8. I gcás ina ndéanann na húdaráis inniúla cinneadh chun cur i gcoinne na hoibríochta atá beartaithe, cuirfidh siad an institiúid ar an eolas i scríbhinn agus soláthróidh siad na cúiseanna atá acu laistigh de 2 lá oibre ón measúnú a chríochnú agus tráth nach déanaí ná dáta éaga na tréimhse measúnaithe. Faoi réir an dlí náisiúnta, féadfar ráiteas iomchuí faoi na cúiseanna leis an gcinneadh a chur ar fáil don phobal arna iarraidh sin don institiúid. Maidir le heaspa forálacha sa dlí náisiúnta i dtaca le ráiteas iomchuí faoi na cúiseanna leis an gcinneadh lena gcuirtear i gcoinne na héadála atá beartaithe, ní chuirfidh sí cosc ar Bhallstát a cheadú don údarás inniúil an fhaisnéis sin a fhoilsiú d’uireasa iarraidh ón institiúid.

9. I gcás nach gcuireann na húdaráis inniúla i gcoinne na hoibríochta atá beartaithe i scríbhinn laistigh den tréimhse mheasúnaithe, measfar an oibríocht a bheith formheasta.

10. Féadfaidh na húdaráis inniúla uastréimhse a shocrú chun an oibríocht atá beartaithe a dhéanamh agus síneadh a chur léi i gcás inarb iomchuí.

11. Ní fhéadfaidh na Ballstáit ceanglais a fhorchur atá níos déine ná na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 27f maidir le fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla agus formheas a fháil uathu.

________

*7    Treoir (AE) 2019/2162 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le heisiúint bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE agus 2014/59/AE (IO L 328, 18.12.2019, lch. 29).

Airteagal 27g
Critéir mheasúnaithe

1. Agus iad ag déileáil leis an bhfógra dá bhforáiltear in Airteagal 27f(1) agus leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 27f(6), déanfaidh an húdaráis inniúla measúnú ar an oibríocht atá beartaithe i gcomhréir leis na critéir seo a leanas:

(a)an mbeidh an institiúid in ann na ceanglais stuamachta a leagtar amach sa Treoir seo agus i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus i gcás inarb infheidhme, i ngníomhartha eile de dhlí an Aontais, a chomhlíonadh agus leanúint dá gcomhlíonadh nó nach mbeidh.

(b)an bhfuil forais réasúnta ann le bheith in amhras go bhfuil nó go raibh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta de réir bhrí Airteagal 1 de Threoir (AE) 2015/849 á dhéanamh i ndáil leis an oibríocht atá beartaithe nó go bhfuil nó go raibh iarracht air á déanamh, nó go bhféadfadh an éadáil atá beartaithe an riosca ina leith a mhéadú.

2. Chun measúnú a dhéanamh ar an gcritéar a leagtar síos i mír 1, pointe (b), rachaidh na húdaráis inniúla i gcomhairle, i gcomhthéacs a bhfíoraithe, leis na húdaráis atá inniúil ar mhaoirseacht a dhéanamh ar na gnóthais faoi Threoir (AE) 2015/849.

3. Ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla cur i gcoinne na hoibríochta atá beartaithe ach i gcás nach gcomhlíontar na critéir a leagtar amach i mír 1 nó i gcás ina bhfuil an fhaisnéis a sholáthraíonn an institiúid neamhiomlán d’ainneoin iarraidh a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 27f.

Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i mír 1, pointe (b), foras réasúnta le cur i gcoinne a bheidh in agóid i scríbhinn a dhéanann na húdaráis inniúla faoi Threoir (AE) 2015/849.

4. Ní fhéadfaidh na Ballstáit an oibríocht atá beartaithe a chur faoi réir leibhéal nó méid sonraithe a bhaint amach ná a cheadú dá n‑údaráis inniúla scrúdú a dhéanamh ar an oibríocht atá beartaithe i dtéarmaí riachtanais eacnamaíocha an mhargaidh.

5. Foilseoidh na Ballstáit liosta de mhíreanna faisnéise is gá chun an measúnú dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh. Soláthrófar an fhaisnéis sin do na húdaráis inniúla tráth an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 27f(1). Ní éileoidh na Ballstáit faisnéis nach bhfuil ábhartha chun measúnú stuamachta a dhéanamh ar an oibríocht atá beartaithe.

Airteagal 27h
Comhar idir na húdaráis inniúla

1. Rachaidh na húdaráis inniúla ábhartha i gcomhairle le chéile agus iad i mbun an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 27g más rud é gur ceann de na nithe seo a leanas iad na páirtithe a bhaineann leis an oibríocht atá beartaithe:

(a)institiúid creidmheasa, gnóthas árachais, gnóthas athárachais, gnólacht infheistíochta nó cuideachta bainistíochta de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (b) de Threoir 2009/65/CE (‘cuideachta bainistíochta GCUI’) atá údaraithe i mBallstát eile nó in earnáil seachas an earnáil ina bhfuil an éadáil beartaithe;

(b)máthairghnóthas d’institiúid creidmheasa, de ghnóthas árachais, de ghnóthas athárachais, de ghnólacht infheistíochta nó de chuideachta bainistíochta de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (b) de Threoir 2009/65/CE (‘cuideachta bainistíochta GCUI’) atá údaraithe i mBallstát eile nó in earnáil seachas an earnáil ina bhfuil an éadáil beartaithe;

(c)duine dlítheanach a rialaíonn institiúid creidmheasa, gnóthas árachais, gnóthas athárachais, gnólacht infheistíochta nó cuideachta bainistíochta GCUI atá údaraithe i mBallstát eile nó in earnáil seachas an earnáil ina bhfuil an éadáil beartaithe.

2. Soláthróidh na húdaráis inniúla, gan aon mhoill mhíchuí, aon fhaisnéis dá chéile atá fíor-riachtanach nó ábhartha le haghaidh an mheasúnaithe. Chun na gcríoch sin, cuirfidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis ábhartha uile le haghaidh an mheasúnaithe in iúl dá chéile arna iarraidh sin nó ar a dtionscnamh féin.

3. Féachfaidh na húdaráis inniúla lena measúnuithe a chomhordú agus comhsheasmhacht a gcinntí a áirithiú agus tabharfaidh siad le fios ina gcinntí aon tuairim nó cuntar a thug an t‑údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar na heintitis eile atá páirteach san oibríocht atá beartaithe.

4. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun nósanna imeachta, foirmeacha agus teimpléid chomhchoiteanna a bhunú le haghaidh an phróisis comhairliúcháin idir na húdaráis inniúla ábhartha dá dtagraítear san Airteagal seo.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo].

Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 27i
Oibleagáidí faisnéise agus pionóis

I gcás nach dtugann na hinstitiúidí fógra roimh ré faoin oibríocht atá beartaithe i gcomhréir le hAirteagal 27f(1) nó i gcás ina ndearna siad an oibríocht atá beartaithe dá dtagraítear san Airteagal sin d'ainneoin cur i gcoinne na n‑údarás inniúil, ceanglóidh na Ballstáit ar na húdaráis inniúla bearta iomchuí a dhéanamh. D’fhéadfadh urghairí, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus pionóis, faoi réir Airteagail 65 go 72, i gcoinne comhaltaí den chomhlacht bainistíochta agus den bhainistíocht shinsearach a bheith sna bearta sin.

CAIBIDIL 5

Cumaisc agus deighiltí

Airteagal 27j
Sainmhínithe

Chun críocha na Caibidle seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)ciallaíonn ‘cumasc’ aon cheann de na hoibríochtaí seo a leanas:

(i)aistríonn cuideachta amháin nó níos mó, tar éis a díscaoilte gan dul faoi leachtú, a sócmhainní agus a dliteanais uile chuig cuideachta eile arb ann di cheana, mar mhalairt ar urrúis nó scaireanna a eisiúint chuig a gcomhaltaí arb ionann iad agus caipiteal na cuideachta eile agus, i gcás inarb infheidhme, íocaíocht in airgead tirim nach mó ná 10 % den luach ainmniúil (mura sonraítear a mhalairt sa dlí náisiúnta is infheidhme) nó, in éagmais luach ainmniúil, de pharluach cuntasaíochta na scaireanna nó na nurrús sin;

(ii)aistríonn aon chuideachta amháin nó níos mó ná sin, tar éis a díscaoilte gan dul faoi leachtú, a sócmhainní agus a dliteanais uile nó codanna díobh chuig cuideachta eile atá ann cheana, an chuideachta éadála, gan an chuideachta éadála scaireanna nua a eisiúint, ar choinníoll go bhfuil seilbh go díreach nó go hindíreach ag duine amháin ar na scaireanna uile sna cuideachtaí atá ag cumasc nó go bhfuil seilbh ag comhaltaí na gcuideachtaí atá ag cumasc de réir an chion chéanna i ngach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc;

(iii)aistríonn dhá chuideachta nó níos mó, tar éis a ndíscaoilte gan dul faoi leachtú, a sócmhainní agus dliteanais uile nó codanna díobh chuig cuideachta a fhoirmíonn siad, mar mhalairt ar urrúis nó scaireanna a eisiúint chuig a gcomhaltaí arb ionann iad agus caipiteal na cuideachta nua sin agus, i gcás inarb infheidhme, íocaíocht in airgead tirim nach mó ná 10 % den luach ainmniúil (mura sonraítear a mhalairt sa dlí náisiúnta is infheidhme), nó, in éagmais luach ainmniúil, de pharluach cuntasaíochta na scaireanna nó na nurrús sin;

(iv)aistríonn cuideachta, tar éis a díscaoilte gan dul faoi leachtú, a sócmhainní agus dliteanais uile nó codanna díobh chuig an gcuideachta a bhfuil na hurrúis nó na scaireanna uile ina seilbh aici arb ionann iad agus a caipiteal.

(b)ciallaíonn ‘deighilt’ aon cheann de na hoibríochtaí seo a leanas:

(i)oibríocht lena naistríonn cuideachta, tar éis a foirceanta gan dul faoi leachtú, a sócmhainní agus a dliteanais uile chuig níos mó ná cuideachta amháin mar mhalairt ar scaireanna sna cuideachtaí a fhaigheann ranníocaíochtaí mar gheall ar an deighilt a leithdháileadh ar scairshealbhóirí na cuideachta atá á deighilt, agus i gcás inarb infheidhme, íocaíocht in airgead tirim nach sáraíonn 10 % den luach ainmniúil (mura sonraítear a mhalairt sa dlí náisiúnta is infheidhme) nó in éagmais luach ainmniúil, de pharluach cuntasaíochta na scaireanna nó na nurrús sin;

(ii)oibríocht lena naistríonn cuideachta, tar éis a foirceanta gan dul faoi leachtú, a sócmhainní agus dliteanais uile chuig níos mó ná cuideachta nua amháin, mar mhalairt ar scaireanna sna cuideachtaí is faighteoirí a eisiúint chuig scairshealbhóirí na cuideachta atá á roinnt, agus, i gcás inarb infheidhme, íocaíocht in airgead tirim nach mó ná 10 % den luach ainmniúil (mura sonraítear a mhalairt sa dlí náisiúnta is infheidhme), nó, in éagmais luach ainmniúil, de pharluach cuntasaíochta na scaireanna nó na nurrús sin;

(iii)oibríocht arb éard atá inti meascán de na hoibríochtaí a dtugtar tuairisc orthu faoi phointí (i) agus (ii);

(iv)oibríocht lena naistríonn cuideachta atá á deighilt cuid dá sócmhainní agus dá dliteanais chuig cuideachta is faighteoir amháin nó níos mó mar mhalairt ar scaireanna sna cuideachtaí is faighteoirí, sa chuideachta atá á deighilt, nó sna cuideachtaí is faighteoirí agus sa chuideachta atá á deighilt araon, a eisiúint chuig scairshealbhóirí na cuideachta atá á deighilt agus, i gcás inarb infheidhme, íocaíocht in airgead tirim nach mó ná 10 % den luach ainmniúil (mura sonraítear a mhalairt sa dlí náisiúnta is infheidhme) nó in éagmais luach ainmniúil, de pharluach cuntasaíochta na scaireanna nó na nurrús sin;

(v)oibríocht lena naistríonn cuideachta atá á deighilt cuid dá sócmhainní agus dá dliteanais chuig cuideachta is faighteoir amháin nó níos mó, mar mhalairt ar urrúis nó scaireanna sna cuideachtaí is faighteoir a eisiúint chuig an gcuideachta atá á deighilt.

Airteagal 27k
Fógra a thabhairt faoin gcumasc nó faoin deighilt agus measúnú a dhéanamh air nó uirthi

1. Maidir le hinstitiúidí, máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais i mBallstát, máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha i mBallstát, máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais san Aontas, máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha san Aontas nó cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais nó cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha ar gá dóibh formheas a lorg i gcomhréir le hAirteagal 21a(1) ar bhonn fo-chomhdhlúite (na ‘geallsealbhóirí airgeadais’) a bhfuil cumasc nó deighilt ar bun acu, ceanglóidh na Ballstáit orthu fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na heintitis a bheidh ann mar thoradh ar an oibríocht sin atá beartaithe sula dtabharfar an oibríocht atá beartaithe i gcrích, fógra ina dtabharfar le fios an fhaisnéis ábhartha, mar a shonraítear i gcomhréir le hAirteagal 27l(4).

Chun críoch na chéad fhomhíre, measfar gurb é BCE an t‑údarás inniúil a bhfuil fógra le tabhairt dó agus atá i gceannas ar an measúnú i gcás ina gcomhlíonfadh na heintitis a bheadh ann mar thoradh ar an oibríocht atá beartaithe aon cheann de na coinníollacha seo a leanas ar bhonn comhdhlúite:

(a)is mó ná EUR 30 billiún luach iomlán a sócmhainní;

(b)is mó ná 20 % cóimheas a sócmhainní iomlána ná OTI an Bhallstáit bunaíochta atá rannpháirteach, mura rud é go mbeidh luach iomlán a sócmhainní faoi bhun EUR 5 billiún.

Chun críoch na chéad fhomhíre, i gcás gurb éard atá san oibríocht atá beartaithe deighilt, is é an t‑údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an eintiteas a dhéanfaidh an oibríocht atá beartaithe an t‑údarás inniúil a bhfuil fógra le tabhairt dó agus atá freagrach as an measúnú.

2. Admhóidh na húdaráis inniúla go pras an fógra dá dtagraítear i mír 1 nó aon fhaisnéis bhreise a chuirtear faoina mbráid i gcomhréir le mír 3 agus in aon chás, admhóidh siad é laistigh de 10 lá oibre tar éis an fógra nó an fhaisnéis bhreise a fháil.

I gcás nach mbaineann an oibríocht atá beartaithe ach le geallsealbhóirí airgeadais ón ngrúpa céanna, beidh 60 lá oibre ar a mhéad ag na húdaráis inniúla ón dáta a admhaítear i scríbhinn go bhfuarthas an fógra agus na doiciméid uile a éilíonn an Ballstát a cheangal leis an bhfógra i gcomhréir le hAirteagal 27l(5) (‘an tréimhse mheasúnaithe’) chun an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 27l(1) a dhéanamh.

Cuirfidh an t‑údarás inniúil an geallsealbhóir airgeadais ar an eolas faoi dháta éaga na tréimhse measúnaithe tráth a admhóidh sé an fógra.

3. Féadfaidh na húdaráis inniúla iarraidh a dhéanamh ar fhaisnéis bhreise is gá chun an measúnú a dhéanamh. Déanfar an iarraidh sin i scríbhinn agus sonrófar an fhaisnéis bhreise is gá inti.

I gcás nach mbaineann an oibríocht atá beartaitheach le geallsealbhóirí airgeadais ón ngrúpa céanna, féadfaidh údaráis inniúla faisnéis bhreise a iarraidh tráth nach déanaí ná an 50ú lá sa tréimhse mheasúnaithe.

Maidir leis an tréimhse idir an dáta a iarrann na húdaráis inniúla an fhaisnéis bhreise agus an dáta a fhaightear freagra ó na geallsealbhóirí airgeadais ar an iarraidh ina soláthraítear an fhaisnéis uile a iarradh, cuirfear an tréimhse mheasúnaithe ar fionraí ar feadh na tréimhse sin. Ní bheidh an fionraí níos faide ná 20 lá oibre. Beidh sé de rogha ag na húdaráis inniúla iarrataí breise a dhéanamh ar chomhlánú nó ar shoiléiriú faisnéise ach ní chuirfear an tréimhse mheasúnaithe ar fionraí dá mbarr.

4. De mhaolú ar mhír 3, an tríú fomhír, féadfaidh údaráis inniúla síneadh a chur leis an bhfionraí dá dtagraítear inti go 30 lá oibre ar a mhéad sna cásanna seo a leanas:

(a)tá an teintiteas a fhaightear lonnaithe i dtríú tír nó rialáiltear i dtríú tír é;

(b)tá gá le malartú faisnéise le húdaráis atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (1) agus (2) de Threoir (AE) 2015/849 chun an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 27b(1) den Treoir seo a dhéanamh.

5. Ní dhéanfar na hoibríochtaí atá beartaithe sula n‑eisíonn na húdaráis inniúla tuairim dhearfach.

6. Laistigh de 2 lá oibre tar éis a measúnú a chríochnú, eiseoidh na húdaráis inniúla tuairim réasúnaithe dhearfach nó dhiúltach i scríbhinn chuig na geallsealbhóirí airgeadais. Faoi réir an dlí náisiúnta, féadfar ráiteas iomchuí faoi na cúiseanna leis an tuairim a chur ar fáil don phobal arna iarraidh sin do na geallsealbhóirí airgeadais. Ní chuirfidh sin cosc ar Bhallstát a cheadú don údarás inniúil faisnéis den sórt sin a fhoilsiú d’uireasa iarraidh ón ngeallsealbhóir airgeadais.

Tarchuirfidh na geallsealbhóirí airgeadais an tuairim réasúnaithe a eisíonn na húdaráis inniúla faoin gcéad fhomhír chuig na húdaráis atá freagrach, faoin dlí náisiúnta, as grinnscrúdú a dhéanamh ar an oibríocht atá beartaithe.

7. I gcás nach mbaineann an oibríocht atá beartaithe ach le geallsealbhóirí airgeadais ón ngrúpa céanna agus nach gcuireann na húdaráis inniúla i gcoinne na hoibríochta atá beartaithe i scríbhinn laistigh den tréimhse mheasúnaithe, measfar an tuairim a bheith dearfach.

8. D’fhéadfadh an tuairim dhearfach a eisíonn an t‑údarás inniúil a bheith teoranta ó thaobh ama de.

9. Maidir le ceanglais a bhaineann le fógra a thabhairt agus formheas a fháil mar a thugtar tuairisc orthu sa Chaibidil seo, ní fhorchuirfidh na Ballstáit ceanglais atá níos déine ná na ceanglais a leagtar amach anseo.

10. Tá an Chaibidil seo gan dochar do chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 139/2004*8 ón gComhairle agus Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

11. Ní dhéanfar an measúnú faoi Airteagal 27k(1) i gcás nach mór údarú i gcomhréir le hAirteagal 8, nó formheas i gcomhréir le hAirteagal 21a a bheith ag an oibríocht atá beartaithe.

______

*8    Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE).

Airteagal 27l
Critéir mheasúnaithe

1. Agus measúnú á dhéanamh ar an bhfógra dá bhforáiltear in Airteagal 27k(1) agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 27k(3) agus chun fóntacht phróifíl stuamachta na ngeallsealbhóirí airgeadais a áirithiú tar éis an oibríocht atá beartaithe a dhéanamh, go háirithe na priacail a bhfuil an geallsealbhóir airgeadais ar ris orthu nó na priacail a d’fhéadfadh an geallsealbhóir airgeadais a bheith ar ris orthu le linn na hoibríochta atá beartaithe agus na priacail a d’fhéadfadh an geallsealbhóir airgeadais a bheith ar ris orthu mar thoradh ar an oibríocht atá beartaithe, déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar an oibríocht atá beartaithe i gcomhréir leis na critéir seo a leanas:

(a)cáil na neintiteas a bhfuil baint acu leis an oibríocht atá beartaithe;

(b)dea-cháil leormhaith agus saineolas, scileanna agus taithí leordhóthanach, mar a leagtar amach in Airteagal 91(1) aon chomhalta den chomhlacht bainistíochta a bheidh ag stiúradh ghnó an gheallsealbhóra airgeadais mar thoradh ar an oibríocht atá beartaithe;

(c)fóntacht airgeadais na neintiteas a bhfuil baint acu leis an oibríocht atá beartaithe, go háirithe i ndáil leis an gcineál gnó a shaothraítear agus a bheartaítear le haghaidh an gheallsealbhóra airgeadais mar thoradh ar an oibríocht atá beartaithe;

(d)an mbeidh an teintiteas a bheidh ann mar thoradh ar an oibríocht atá beartaithe in ann na ceanglais stuamachta a leagtar amach sa Treoir seo agus i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus i gcás inarb infheidhme, i ngníomhartha eile de dhlí an Aontais, go háirithe Treoracha 2002/87/CE agus 2009/110/CE, a chomhlíonadh agus leanúint dá gcomhlíonadh nó nach mbeidh;

(e)an bhfuil plean cur chun feidhme na hoibríochta atá beartaithe réalaíoch, fónta agus éifeachtúil ó thaobh na stuamachta de nó nach bhfuil;

(f)an bhfuil forais réasúnta ann le bheith in amhras go bhfuil nó go raibh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoirí de réir bhrí Airteagal 1 de Threoir (AE) 2015/849 nó iarracht air á dhéanamh i ndáil leis an oibríocht atá beartaithe, nó go bhféadfadh an oibríocht atá beartaithe an priacal ina leith a mhéadú, nó nach bhfuil.

Beidh an plean cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (d) faoi réir faireachán a dhéanfaidh an t‑údarás inniúil go dtí go dtabharfar an oibríocht atá beartaithe i gcrích.

2. Chun measúnú a dhéanamh ar an gcritéar a leagtar síos i mír 1, pointe (f), rachaidh na húdaráis inniúla i gcomhairle, i gcomhthéacs a bhfíoraithe, leis na húdaráis atá inniúil ar mhaoirseacht a dhéanamh ar na gnóthais faoi Threoir (AE) 2015/849.

3. Ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla tuairim dhiúltach maidir leis an oibríocht atá beartaithe a eisiúint ach i gcás nach gcomhlíontar na critéir a leagtar amach i mír 1 nó i gcás ina bhfuil an fhaisnéis a sholáthraíonn an geallsealbhóir airgeadais neamhiomlán d’ainneoin iarraidh a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 27k.

Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i mír 1, pointe (f), foras réasúnta le tuairim dhiúltach a bheidh in agóid i scríbhinn a dhéanann na húdaráis atá inniúil ar mhaoirseacht a dhéanamh ar na gnóthais i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849.

4. Ní cheadóidh na Ballstáit dá n‑údaráis inniúla an oibríocht atá beartaithe a scrúdú i dtéarmaí riachtanais eacnamaíocha an mhargaidh.

5. Foilseoidh na Ballstáit liosta de mhíreanna faisnéise is gá chun an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 27k(1) a dhéanamh agus nach mór a sholáthar do na húdaráis inniúla tráth an fhógra dá dtagraítear san Airteagal sin. Beidh an fhaisnéis a éilítear comhréireach agus iomchuí leis an oibríocht atá beartaithe. Ní éileoidh na Ballstáit faisnéis nach bhfuil ábhartha le haghaidh an mheasúnaithe stuamachta.

Airteagal 27m
Comhar idir na húdaráis inniúla

1. Rachaidh na húdaráis inniúla ábhartha i gcomhairle le chéile agus iad i mbun an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 27l i gcás ina mbaineann an oibríocht atá beartaithe, sa bhreis ar an ngeallsealbhóir airgeadais, le heintitis ar ceann de na nithe seo a leanas iad:

(a)institiúid creidmheasa, gnóthas árachais, gnóthas athárachais, gnólacht infheistíochta nó cuideachta bainistíochta de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (b) de Threoir 2009/65/CE (‘cuideachta bainistíochta GCUI’) atá údaraithe i mBallstát eile nó in earnáil seachas an earnáil ina bhfuil an éadáil beartaithe;

(b)máthairghnóthas d’institiúid creidmheasa, de ghnóthas árachais, de ghnóthas athárachais, de ghnólacht infheistíochta nó de chuideachta bainistíochta GCUI atá údaraithe i mBallstát eile nó in earnáil seachas an earnáil ina bhfuil an éadáil beartaithe;

(c)duine dlítheanach a rialaíonn institiúid creidmheasa, gnóthas árachais, gnóthas athárachais, gnólacht infheistíochta nó cuideachta bainistíochta GCUI atá údaraithe i mBallstát eile nó in earnáil seachas an earnáil ina bhfuil an éadáil beartaithe.

2. Soláthróidh na húdaráis inniúla, gan aon mhoill mhíchuí, aon fhaisnéis dá chéile atá ábhartha le haghaidh an mheasúnaithe. Chuige sin, cuirfidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis ábhartha uile in iúl dá chéile arna iarraidh sin dóibh agus cuirfidh siad in iúl ar a dtionscnamh féin an fhaisnéis riachtanach uile. Tabharfar le fios i gcinneadh ó údarás inniúil an gheallsealbhóra airgeadais aon tuairim nó cuntas a thug an t‑údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar cheann amháin nó níos mó de na heintitis a liostaítear thuas agus a bhaineann leis an oibríocht atá beartaithe.

3. Féachfaidh na húdaráis inniúla lena measúnuithe a chomhordú agus comhsheasmhacht a dtuairimí a áirithiú agus tabharfaidh siad le fios ina dtuairimí aon dearcadh nó cuntar a thug an t‑údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar gheallsealbhóirí airgeadais eile.

4. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun nósanna imeachta, foirmeacha agus teimpléid chomhchoiteanna a bhunú le haghaidh an phróisis comhairliúcháin idir na húdaráis inniúla ábhartha dá dtagraítear san Airteagal seo.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo].

Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 27n
Oibleagáidí faisnéise agus pionóis

I gcás nach dtugann na geallsealbhóirí airgeadais fógra roimh ré faoin oibríocht atá beartaithe i gcomhréir le hAirteagal 27k(1) nó i gcás ina ndearna siad an oibríocht dá dtagraítear san Airteagal gan tuairim dhearfach a fháil roimh ré ó na húdaráis inniúla, ceanglóidh na Ballstáit ar na húdaráis inniúla bearta iomchuí a dhéanamh. D’fhéadfadh sé go n‑áireofaí leis na bearta sin urghairí, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus pionóis, faoi réir Airteagail 65 go 72, i gcoinne comhaltaí de chomhlacht bainistíochta agus i gcoinne bhainisteoirí na ngeallsealbhóirí airgeadais nó an eintitis a bheidh ann mar thoradh ar an oibríocht atá beartaithe.’;

(8)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Theideal VI:

‘Teideal VI
MAOIRSEACHT STUAMACHTA A DHÉANAMH AR BHRAINSÍ TRÍÚ TÍR AGUS CAIDRIMH LE TRÍÚ TÍORTHA’

CAIBIDIL 1

Maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar bhrainsí tríú tír

Roinn I

Forálacha ginearálta

Airteagal 47
Raon feidhme agus sainmhíniú

1. Leagtar síos sa Chaibidil seo na rialacha a bhaineann leis na nithe seo a leanas a dhéanamh i mBallstát:

(a)aon ghníomhaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo a dhéanann gnóthas atá bunaithe i dtríú tír;

(b)na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (b) de Rialachán (AE) 575/2013, a dhéanann gnóthas atá bunaithe i dtríú tír a chomhlíonann aon cheann de na critéir a leagtar síos i bpointí (i) go (iii) den phointe sin.

2. De mhaolú ar mhír 1, i gcás nach institiúid creidmheasa ná gnóthas a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i mír 1, pointe (b) é an gnóthas i dtríú tír, beidh aon ghníomhaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn I, pointí (4), (5) agus (7) go (15), a ghabhann leis an Treoir seo a dhéanann an gnóthas sin i mBallstát faoi réir Theideal II, Caibidil IV de Threoir 2014/65/AE.

3. Chun críocha an Teidil seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)ciallaíonn ‘brainse tríú tír’ brainsí atá bunaithe i mBallstát ar na bealaí seo a leanas:

(i)gnóthas a bhfuil a cheannoifig i dtríú tír aige, chun aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh;

(ii)institiúid creidmheasa a bhfuil a ceannoifig i dtríú tír aici;

(b)ciallaíonn ‘ceannghnóthas’ an gnóthas a bhfuil a cheannoifig aige sa tríú tír agus a bhunaigh an brainse tríú tír sa Bhallstát mar aon le máthairghnóthais idirmheánacha agus deiridh an ghnóthais, de réir mar a bheidh.

Airteagal 48
Idirdhealú a thoirmeasc

Maidir le brainsí tríú tír, agus iad ag tosú ar a ngnó a dhéanamh nó ag leanúint dá ngnó a dhéanamh, ní chuirfidh na Ballstáit forálacha i bhfeidhm maidir leo a bheidh ina siocair le láimhseáil níos fabhraí ná láimhseáiltear brainsí institiúidí a bhfuil a gceannoifig acu i mBallstát eile san Aontas Eorpach.

Airteagal 48a
Brainsí tríú tír a aicmiú

1. Aicmeoidh na Ballstáit na brainsí tríú tír mar aicme 1, i gcás ina gcomhlíonann na brainsí sin aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)tá luach iomlán na sócmhainní a chláraigh an brainse tríú tír sa Bhallstát cothrom le EUR 5 bhilliún nó níos mó ná sin, mar a thuairiscítear le haghaidh na tréimhse bliantúla tuairiscithe díreach roimhe sin i gcomhréir le Roinn II, Foroinn 4;

(b)áirítear le gníomhaíochtaí údaraithe an bhrainse tríú tír taiscí agus cistí inaisíoctha eile a ghlacadh ó chustaiméirí miondíola;

(c)ní brainse tríú tír cáilitheach é an brainse tríú tír i gcomhréir le hAirteagal 48b.

2. Aicmeoidh na Ballstáit brainsí tríú tír nach gcomhlíonann aon cheann de na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 mar aicme 2.

3. Nuashonróidh na húdaráis inniúla aicmiú na mbrainsí tríú tír mar seo a leanas:

(a)i gcás nach gcomhlíonann brainse tríú tír atá in aicme 1 na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 a thuilleadh, measfar é a bheith in aicme 2;

(b)i gcás ina dtosaíonn brainse tríú tír atá in aicme 2 ag comhlíonadh ceann de na coinníollacha a leagtar síos i mír 1, ní mheasfar é a bheith in aicme 1 ach tar éis tréimhse 3 mhí ón dáta a thosaigh sé ag comhlíonadh na gcoinníollacha sin.

Airteagal 48b 
Coinníollacha le haghaidh ‘brainsí tríú tír cáilitheacha’

1. I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas maidir le brainse tríú tír, measfar gur ‘brainse tríú tír cáilitheach’ é an brainse sin chun críocha an Teidil seo:

(a)tá ceannghnóthas an bhrainse tríú tír bunaithe i dtír a chuireann na caighdeáin stuamachta agus formhaoirseachta i bhfeidhm i gcomhréir le creat rialála baincéireachta an tríú tír agus tá na caighdeáin agus an fhormhaoirseacht sin coibhéiseach ar a laghad leis an Treoir seo agus le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(b)tá údaráis mhaoirseachta cheannghnóthas an bhrainse tríú tír faoi réir ceanglais rúndachta atá coibhéiseach ar a laghad leis na ceanglais a leagtar síos i dTeideal VII, Caibidil 1, Roinn II den Treoir seo;

(c)ní liostaítear an tír ina bhfuil ceannghnóthas an bhrainse tríú tír bunaithe mar thríú tír ardriosca a bhfuil easnaimh straitéiseacha ina córas maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849;

2. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinntí a ghlacadh maidir le cibé acu a chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i mír 1, pointí (a) agus (b) den Airteagal seo i ndáil le creat rialála baincéireachta tríú tír nó nach gcomhlíontar. Chun na gcríoch sin, comhlíonfaidh an Coimisiún an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 464(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

3. Sula nglactar an cinneadh dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh an Coimisiún cúnamh ÚBE a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 chun measúnú a dhéanamh ar chreat rialála baincéireachta agus ar cheanglais rúndachta an tríú tír ábhartha agus tuarascáil a eisiúint maidir le comhlíontacht an chreata sin leis na coinníollacha a leagtar síos i mír 1, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo. Foilseoidh ÚBE toradh an mheasúnaithe ar a shuíomh gréasáin.

4. Coimeádfaidh ÚBE clár poiblí de na tríú tíortha agus d’údaráis tríú tír a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i mír 1.

5. Tar éis do na húdaráis inniúla iarratas a fháil ar údarú i gcomhréir le hAirteagal 48c, déanfaidh siad measúnú ar na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo agus d’Airteagal 48a chun an brainse tríú tír a aicmiú mar aicme 1 nó mar aicme 2. I gcás nach luaitear an tríú tír ábhartha ar an gclár dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, iarrfaidh an t‑údarás inniúil ar an gCoimisiún rochtain a fháil ar chreat rialála baincéireachta agus ceanglais rúndachta an tríú tír chun críocha mhír 2 den Airteagal seo, ar choinníoll go gcomhlíontar an coinníoll dá dtagraítear i mír 1, pointe (c) den Airteagal seo. Aicmeoidh an t‑údarás inniúil an brainse tríú tír mar aicme 1, go dtí go nglacfaidh an Coimisiún cinneadh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

Roinn II

Ceanglais údarúcháin agus rialála

Foroinn 1
Ceanglais údarúcháin

Airteagal 48c 
Coinníollacha le haghaidh brainsí tríú tír a údarú

1. Éileoidh na Ballstáit go mbunóidh gnóthais tríú tír brainse ar a gcríoch sula dtosaíonn siad na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 47(1). Beidh bunú brainse tríú tír faoi réir réamhúdarú i gcomhréir leis an gCaibidil seo.

2. Maidir leis na hiarratais ar bhrainsí tríú tír a údarú, éileoidh na Ballstáit go mbeidh clár oibríochtaí ag gabháil leo ina leagtar amach an gnó atá beartaithe, na gníomhaíochtaí atá le déanamh i measc na ngníomhaíochtaí sin dá dtagraítear in Airteagal 47(1) agus eagrúchán struchtúrach agus rialuithe priacail an bhrainse sa Bhallstát ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 48h.

3. Ní údarófar brainsí tríú tír ach i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas uile:

(a)comhlíonann an brainse tríú tír na híoscheanglais rialála uile a leagtar síos i bhForoinn 2;

(b)na gníomhaíochtaí a niarrann an ceannghnóthas údarú ina leith sa Bhallstát, cumhdaítear iad leis an údarú atá ag an gceannghnóthas sin sa tríú tír ina bhfuil sé bunaithe agus ina bhfuil sé faoi réir maoirseachta;

(c)tugadh fógra faoin iarratas ar bhrainse a bhunú sa Bhallstát agus na doiciméid tionlacain dá dtagraítear i mír 2 d’údarás maoirseachta an cheannghnóthais sa tríú tír;

(d)déantar foráil leis an údarú nach féidir leis an mbrainse tríú tír ach na gníomhaíochtaí údaraithe a dhéanamh laistigh den Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe agus toirmeasctar go sainráite ann ar an mbrainse tríú tír na gníomhaíochtaí céanna sin a thairiscint nó a dhéanamh i mBallstáit eile ar bhonn trasteorann;

(e)chun a fheidhmeanna maoirseachta a dhéanamh, tá an túdarás inniúil in ann rochtain a fháil ar an bhfaisnéis uile is gá faoi cheannghnóthas an bhrainse tríú tír óna údaráis mhaoirseachta agus comhordú éifeachtach a dhéanamh ar a ghníomhaíochtaí maoirseachta le húdaráis maoirseachta an tríú tír sin, go háirithe i dtréimhsí géarchéime nó anáis airgeadais a dhéanann difear don cheannghnóthas, a ghrúpa nó córais airgeadais an tríú tír;

(f)níl aon fhoras réasúnta ann le bheith in amhras go núsáidfí an brainse tríú tír chun sciúradh airgid a dhéanamh ná coimisiúnú sciúrtha airgid a éascú de réir bhrí Airteagal 1, pointe (3) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta nó chun maoiniú sceimhlitheoireachta a dhéanamh nó éascú a dhéanamh ar maoiniú sceimhlitheoireachta a choimisiúnú mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe 5 den Treoir sin.

Chun críocha phointe (e) den mhír seo, féachfaidh na húdaráis inniúla le húsáid a bhaint as na samhail-chomhaontuithe riaracháin arna bhforbairt ag ÚBE i gcomhréir le hAirteagal 33(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

4. Chun measúnú a dhéanamh an gcomhlíontar an coinníoll a leagtar síos i mír 3, pointe (f), rachaidh na húdaráis inniúla i gcomhairle leis an údarás atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an bhfrithsciúradh airgid sa Bhallstát i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849 agus gheobhaidh siad dearbhú i scríbhinn go gcomhlíontar an coinníoll sula n‑údarófar an brainse tríú tír.

5. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú a thuilleadh:

(a)an fhaisnéis atá le soláthar do na húdaráis inniúla tráth a dhéantar iarratas ar bhrainse tríú tír a údarú, lena náirítear an clár oibríochtaí agus an teagrúchán struchtúrach agus na socruithe rialachais dá dtagraítear i mír 2;

(b)an nós imeachta um brainse tríú tír a údarú, mar aon leis na foirmeacha agus na teimpléid chaighdeánacha chun an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a sholáthar;

(c)na coinníollacha le haghaidh údarúcháin dá dtagraítear i mír 3.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 6 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 48d
Coinníollacha chun údarú brainse tríú tír a dhiúltú nó a tharraingt siar

1. Déanfaidh na Ballstáit foráil, ar a laghad, maidir leis na coinníollacha seo a leanas chun údarú brainse tríú tír a dhiúltú nó a tharraingt siar:

(a)ní chomhlíonann an brainse tríú tír na ceanglais maidir le húdarú a leagtar síos in Airteagal 48c ná sa dlí náisiúnta;

(b)ní chomhlíonann ceannghnóthas an bhrainse tríú tír nó a ghrúpa na ceanglais stuamachta a bhfuil feidhm acu maidir leo faoi dhlí an tríú tír nó tá forais réasúnta ann le bheith in amhras go gcomhlíonann sin na ceanglais sin nó go sáróidh siad na ceanglais sin sa 12 mhí ina dhiaidh sin.

Chun críocha phointe (b) sa mhír seo, tabharfaidh brainsí tríú tír fógra dá n‑údarás inniúil go pras i gcás ina dtarlaíonn na himthosca dá dtagraítear sa phointe sin.

2. Gan dochar do mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla an t‑údarú a dheonaítear do bhrainse tríú tír a tharraingt siar i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)ní bhaineann an brainse tríú tír leas as an údarú laistigh de 12 mhí, tréigeann sé an túdarú go sainráite nó scoir sé de bheith i mbun gnó ar feadh níos mó ná 6 mhí, mura bhfuil aon fhoráil déanta ag an mBallstát lena mbaineann maidir le dul in éag an údaraithe i gcásanna den sórt sin;

(b)fuair an brainse tríú tír an túdarú trí bhíthin ráitis bhréagacha nó ar aon mhodh neamhrialta eile;

(c)ní chomhlíonann an brainse tríú tír aon choinníoll ná aon cheanglas breise faoinar deonaíodh an túdarú;

(d)ní féidir brath ar an mbrainse tríú tír a thuilleadh chun a oibleagáidí i leith a chreidiúnaithe a chomhlíonadh, agus go háirithe, ní thugann sé urrús a thuilleadh le haghaidh na sócmhainní a chuireann taisceoirí faoina chúram;

(e)tagann an brainse tríú tír faoi cheann de na cásanna eile ina ndéantar foráil leis an dlí náisiúnta maidir le húdarú a tharraingt siar;

(f)déanann an brainse tríú tír ceann de na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 67(1);

(g)tá forais réasúnta ann le bheith in amhras go bhfuil nó go raibh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta nó iarracht air á dhéanamh i ndáil leis an mbrainse tríú tír, a cheannghnóthas nó a ghrúpa nó go bhfuil priacal méadaithe ann go ndéanfar sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta nó go ndéanfar iarracht air i ndáil leis an mbrainse tríú tír, a cheannghnóthas nó a ghrúpa.

3. Chun measúnú a dhéanamh an gcomhlíontar an coinníoll a leagtar síos i mír 2, pointe (g), rachaidh na húdaráis inniúla i gcomhairle leis an údarás atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an bhfrithsciúradh airgid sa Bhallstát i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849.

4. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na nithe seo a leanas:

(a)na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 1 agus 2 chun údarú brainse tríú tír a dhiúltú nó a tharraingt siar;

(b)an nós imeachta um údarú brainse tríú tír a tharraingt siar;

(c)an tinneachar agus an próiseas a bhaineann le fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla dá dtagraítear san fhomhír dheireanach de mhír 1 san Airteagal seo.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Foroinn 2
Íoscheanglais rialála

Airteagal 48e
Ceanglas maidir le dearlaic chaipitil

1. Gan dochar do na ceanglais chaipitil eile is infheidhme i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ceanglóidh na Ballstáit ar bhrainsí tríú tír dearlaic íosta chaipitil atá cothrom leis na méideanna seo a leanas ar a laghad a choimeád i gcónaí:

(a)i gcás brainsí tríú tír in aicme 1, 1 % de mheándliteanais an bhrainse mar a thuairiscítear le haghaidh na dtrí thréimhse bhliantúla tuairiscithe díreach roimhe sin i gcomhréir le Foroinn 4, faoi réir íosmhéid EUR 10 milliún;

(b)i gcás brainsí tríú tír in aicme 2, EUR 5 mhilliún.

2. Comhlíonfaidh brainsí tríú tír an ceanglas maidir le dearlaic íosta chaipitil dá dtagraítear i mír 1, le sócmhainní i bhfoirm aon cheann díobh seo a leanas:

(a)airgead tirim nó ionstraimí comhshamhlaithe airgid;

(b)urrúis fiachais arna neisiúint ag rialtais láir nó ag bainc cheannais Bhallstáit an Aontais; nó

(c)aon ionstraim eile atá ar fáil don bhrainse tríú tír lena húsáid ar an toirt gan srian chun priacail nó caillteanais a chumhdach a luaithe a tharlaíonn siad.

3. Ceanglóidh na Ballstáit ar bhrainsí tríú tír na hionstraimí dearlaice caipitil dá dtagraítear i mír 2 a thaisceadh i gcuntas eascró le hinstitiúid creidmheasa sa Bhallstát ina bhfuil an brainse údaraithe nó, i gcás ina gceadaítear faoin dlí náisiúnta é, le banc ceannais an Bhallstáit. Déanfar na hionstraimí dearlaice caipitil a thaisctear sa chuntas eascró a chur i ngeall nó a shannadh mar urrús i bhfabhar an údaráis réitigh chun éilimh chreidiúnaithe an bhrainse tríú tír a urrú. Leagfaidh na Ballstáit rialacha síos chun an chumhacht a dheonú don údarás réitigh gníomhú i gcáil mhuiníneach ar mhaithe leis na creidiúnaithe sin chun críocha an Airteagail seo agus Airteagal 48g.

4. Eiseoidh ÚBE treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, chun an ceanglas a leagtar síos i mír 2, pointe (c) den Airteagal seo a shonrú i ndáil leis na hionstraimí atá ar fáil lena n‑úsáid ar an toirt gan srian chun priacail nó caillteanais a chumhdach a luaithe a tharlaíonn siad. Eiseoidh ÚBE na treoirlínte sin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo].

Airteagal 48f
Ceanglais leachtachta

1. Gan dochar do na ceanglais eile leachtachta is infheidhme i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ceanglóidh na Ballstáit ar bhrainsí tríú tír ar a laghad méid sócmhainní neamhualaithe agus leachtacha a choimeád i gcónaí atá leordhóthanach chun eis‑sreafaí leachtachta a chumhdach thar íostréimhse 30 lá.

2. Chun críocha mhír 1, ceanglóidh na Ballstáit ar bhrainsí tríú tír in aicme 1 an ceanglas maidir le cumhdach leachtachta a leagtar síos i gCuid a Sé, Teideal I de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61*9 ón gCoimisiún, a chomhlíonadh.

3. Na sócmhainní leachtacha a shealbhaítear chun an tAirteagal seo a chomhlíonadh, ceanglóidh na Ballstáit ar bhrainsí tríú tír iad a thaisceadh i gcuntas eascró le hinstitiúid creidmheasa sa Bhallstát ina bhfuil an brainse údaraithe nó, i gcás ina gceadaítear faoin dlí náisiúnta é, le banc ceannais an Bhallstáit. Na sócmhainní leachtacha a thaisctear sa chuntas eascró, geallfar nó sannfar iad mar urrús i bhfabhar an údaráis réitigh chun éilimh chreidiúnaithe an bhrainse tríú tír a urrú. Leagfaidh na Ballstáit rialacha síos chun an chumhacht a dheonú don údarás réitigh gníomhú i gcáil mhuiníneach ar mhaithe leis na creidiúnaithe sin chun críocha an Airteagail seo agus Airteagal 48g.

4. Féadfaidh údaráis inniúla an ceanglas leachtachta a leagtar síos san Airteagal seo a tharscaoileadh i gcás brainsí tríú tír cáilitheacha.

________

*9    Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 chun Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a fhorlíonadh a mhéid a bhaineann le ceanglas maidir le cumhdach leachtachta le haghaidh Institiúidí Creidmheasa (IO L 11, 17.1.2015, lch. 1).

Airteagal 48g
Dócmhainneacht agus réiteach brainsí tríú tír

1. I gcás dócmhainneacht nó réiteach brainse tríú tír de bhun Airteagal 96 de Threoir 2014/59/AE, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil cumhacht agus údarás dlíthiúil ag údaráis réitigh an t‑urrús a chur i bhfeidhm, urrús a cruthaíodh ar shócmhainní leachtacha agus ar ionstraimí dearlaice caipitil a shealbhaítear sa chuntas eascró de bhun Airteagail 48e(3) agus 48f(3) den Treoir seo. Agus iad ag déileáil leis na sócmhainní leachtacha agus leis na hionstraimí dearlaice caipitil sin tar éis an t‑urrús a chur i bhfeidhm, cuirfidh údaráis réitigh na rialacha náisiúnta atá ann cheana san áireamh, mar aon le cumhachtaí maoirseachta agus breithiúnacha, agus áiritheoidh siad go ndéanfar comhordú leordhóthanach leis na húdaráis náisiúnta riaracháin nó breithiúnacha, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta dócmhainneachta agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 96 de Threoir 2014/59/AE, de réir mar is iomchuí.

2. Aon bharrachas sócmhainní leachtacha nó ionstraimí dearlaice caipitil a shealbhaítear sa chuntas eascró agus nach n‑úsáidtear i gcomhréir le mír 1, déileálfar leo i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

Airteagal 48h
Rialachas inmheánach agus rialuithe riosca

1. Ceanglóidh na Ballstáit ar bhrainsí tríú tír go mbeidh a ngnó á stiúradh go héifeachtúil sa Bhallstát ag beirt ar a laghad a bheidh faoi réir formheas roimh ré ó na húdaráis inniúla. Beidh dea-cháil ar na daoine sin agus beidh eolas, scileanna agus taithí leordhóthanach acu agus caithfidh siad a ndóthain ama lena ndualgais a dhéanamh.

2. Ceanglóidh na Ballstáit ar bhrainsí tríú tír in aicme 1 Airteagail 74 agus 75 agus Airteagal 76(5) a chomhlíonadh. Féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar bhrainsí tríú tír coiste áitiúil bainistíochta a bhunú chun rialachas leordhóthanach ar an mbrainse a áirithiú.

3. Ceanglóidh na Ballstáit ar bhrainsí tríú tír in aicme 2 Airteagail 74 agus 75 a chomhlíonadh agus feidhmeanna rialaithe inmheánaigh dá bhforáiltear faoi Airteagal 76(5), an chéad, an dara agus an tríú fomhír, a bheith acu.

De réir mhéid, eagrúchán inmheánach agus chineál na mbrainsí, agus raon feidhme agus castacht a ngníomhaíochtaí, féadfaidh údaráis inniúla a cheangal ar bhrainsí tríú tír in aicme 2 ceannairí feidhmeanna rialaithe inmheánaigh, dá bhforáiltear faoi Airteagal 76(5) an ceathrú agus an cúigiú fomhír, a cheapadh.

4. Ceanglóidh na Ballstáit ar bhrainsí tríú tír línte tuairiscithe chuig comhlacht bainistíochta an cheannghnóthais a bhunú lena gcumhdófar na priacail ábhartha uile agus na beartais bhainistíochta agus athruithe a dhéanfar ar na beartais sin agus ceanglaítear ar na brainsí freisin córais TCF agus rialuithe leordhóthanacha a bheith acu chun a áirithiú go gcomhlíonfar na beartais go cuí.

5. Ceanglóidh na Ballstáit ar na brainsí tríú tír faireachán agus bainistíocht a dhéanamh ar a socruithe seachfhoinsithe agus a áirithiú go bhfuil rochtain iomlán ag a n‑údaráis inniúla ar an bhfaisnéis uile is gá leo chun a bhfeidhm mhaoirseachta a dhéanamh.

6. Ceanglóidh na Ballstáit ar bhrainsí tríú tír a théann i mbun oibríochtaí ‘droim-le-droim’ nó inghrúpa acmhainní leordhóthanacha a bheith acu chun priacal creidmheasa a gcontrapháirtí a shainaithint agus a bhainistiú i gceart i gcás ina n‑aistrítear priacail ábhartha a bhaineann le sócmhainní a chláraigh an brainse tríú tír chuig an gcontrapháirtí.

7. I gcás ina dtarmligtear feidhmeanna tábhachtacha nó criticiúla chuig an gceannghnóthas, beidh rochtain ag na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bhrainsí tríú tír ar an bhfaisnéis uile is gá leo chun a bhfeidhm mhaoirseachta a dhéanamh.

8. Éileoidh údaráis inniúla go tréimhsiúil go ndéanfaidh tríú páirtí neamhspleách measúnú ar chur chun feidhme na gceanglas a leagtar síos san Airteagal seo agus ar chomhlíontacht leanúnach leis na ceanglais sin agus go gcuirfidh an tríú páirtí sin tuarascáil ina mbeidh a thorthaí agus a chonclúidí faoi bhráid an údaráis inniúil.

9. Eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, maidir leis na socruithe, na próisis agus na sásraí dá dtagraítear in Airteagal 74(1) a chur i bhfeidhm maidir le brainsí tríú tír agus Airteagal 74(2) á chur san áireamh agus treoirlínte maidir le hAirteagal 75 agus Airteagal 76(5) a chur i bhfeidhm maidir le brainsí tríú tír, faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 6 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo].

Airteagal 48i
Ceanglais maidir le clárú

1. Ceanglóidh na Ballstáit ar bhrainsí tríú tír leabhar clárúcháin a choimeád lena gcuirtear ar a gcumas do na brainsí sin rianú a dhéanamh ar na sócmhainní agus ar na dliteanais a bhaineann le gníomhaíochtaí an bhrainse tríú tír sa Bhallstát agus taifead cuimsitheach cruinn a choimeád ar na sócmhainní agus na dliteanais sin agus iad a bhainistiú go neamhspleách laistigh den bhrainse. Soláthrófar faisnéis leormhaith sa leabhar clárúcháin faoi na priacail a ghineann an brainse tríú tír agus faoin gcaoi a mbainistítear na priacail sin.

2. Ceanglóidh na Ballstáit ar bhrainsí tríú tír beartais a fhorbairt maidir le socruithe clárúcháin le haghaidh bhainistíocht an leabhair clárúcháin dá dtagraítear i mír 1 chun na gcríoch a leagtar síos sa mhír sin. Déanfaidh comhlacht rialaithe ábhartha cheannghnóthas an bhrainse tríú tír na beartais sin a dhoiciméadú agus a bhailíochtú. Leis an doiciméad beartais dá dtagraítear sa mhír seo, tabharfar réasúnaíocht shoiléir le haghaidh na socruithe clárúcháin agus leagfar amach an chaoi a dtagann na socruithe sin le straitéis ghnó an bhrainse tríú tír.

3. Éileoidh údaráis inniúla go n‑ullmhófar tuairim neamhspleách réasúnaithe i scríbhinn go tráthrialta maidir le cur chun feidhme na gceanglas a leagtar síos san Airteagal seo agus maidir le comhlíontacht leanúnach leis na ceanglais sin agus go gcuirfear an tuairim sin ina bhfuil na torthaí agus na conclúidí faoi bhráid an údaráis inniúil.

4. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sonrú a dhéanamh ar na socruithe clárúcháin a chuirfidh brainsí tríú tír i bhfeidhm chun críocha an Airteagail seo, go háirithe maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)an mhodheolaíocht atá le húsáid ag an mbrainse tríú tír chun na sócmhainní agus na dliteanais a bhaineann le gníomhaíochtaí an bhrainse tríú tír sa Bhallstát a shainaithint agus cuntas teiste cuimsitheach cruinn a choimeád orthu; agus

(b)maidir leis na sócmhainní agus na dliteanais arna dtionscnamh ag an mbrainse tríú tír agus a chláraítear nó a shealbhaítear ó chian i mbrainsí nó i bhfochuideachtaí eile den ghrúpa chéanna thar cheann an bhrainse tríú tír tionscanta nó chun tairbhe an bhrainse sin, an láimhseáil shonrach chun na sócmhainní agus na dliteanais sin a shainaithint agus taifead a choimeád orthu.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 6 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Foroinn 3
An chumhacht chun údarú a éileamh faoi Theideal III agus na ceanglais maidir le brainsí sistéamacha

Airteagal 48j
An chumhacht chun bunú fochuideachta a éileamh

1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an chumhacht ag na húdaráis inniúla a cheangal ar bhrainsí tríú tír iarratas a dhéanamh ar údarú faoi Theideal III, Caibidil 1, sna cásanna seo a leanas ar a laghad:

(a)chuaigh an brainse tríú tír i mbun gníomhaíochtaí idirnasctha le brainsí eile tríú tír nó le fo-institiúidí den ghrúpa céanna nó i mbun ceann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 47(1) le custaiméirí nó le contrapháirtithe i mBallstáit eile roimhe seo de shárú ar rialacha an mhagaidh inmheánaigh nó tá sé ina mbun faoi láthair; nó

(b)comhlíonann an brainse tríú tír na táscairí tábhachta sistéamaí dá dtagraítear in Airteagal 131(3) agus tá riosca suntasach ann do chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe.

2. Sula ndéantar an cinneadh dá dtagraítear i mír 1, rachaidh údaráis inniúla i gcomhairle le húdaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil brainsí tríú tír nó fo-institiúidí ag an ngrúpa ábhartha tríú tír.

I gcás nach n‑aontaíonn siad, féadfaidh údaráis inniúla an ghrúpa tríú tír i mBallstáit eile an t‑ábhar a chur faoi bhráid ÚBE le haghaidh idirghabhála i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Glacfaidh ÚBE a chinneadh laistigh de mhí amháin tar éis an t‑ábhar a bheith curtha faoina bhráid agus ní dhéanfaidh údarás inniúil an bhrainse ábhartha tríú tír a chinneadh le linn na tréimhse sin.

Glacfaidh údarás inniúil an bhrainse tríú tír ábhartha an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir le cinneadh ÚBE.

3. Sula bhforchuirtear an ceanglas a leagtar síos san Airteagal seo maidir le brainse tríú tír i gcomhréir le mír 1, pointe (a), iarrfaidh an t‑údarás inniúil ar ÚBE moladh a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 maidir le léirmhíniú an phointe sin i ndáil leis an mbrainse tríú tír sin.

4. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sonrú a dhéanamh ar na táscairí tábhachta sistéamaí dá dtagraítear in Airteagal 131(3) maidir le brainsí tríú tír chun críocha mhír 1, pointe (b) den Airteagal seo agus Airteagal 48k. Tabharfaidh ÚBE aird ar na nithe seo a leanas:

(a)na cineálacha gníomhaíochtaí agus seirbhísí a sholáthraíonn an brainse tríú tír agus na hoibríochtaí atá á ndéanamh aige agus go háirithe an soláthraíonn an brainse tríú tír na gníomhaíochtaí agus na seirbhísí sin agus an ndéanann sé na hoibríochtaí sin le tacar anchúng custaiméirí nó comhpháirtithe;

(b)a chasta atá struchtúr, eagrúchán agus samhail ghnó an bhrainse tríú tír;

(c)a idirnasctha atá an brainse tríú tír le córas airgeadais an Aontais agus an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe;

(d)a inmhalartaithe atá na gníomhaíochtaí, na seirbhísí nó na hoibríochtaí a dhéantar nó a inmhalartaithe atá an bonneagar airgeadais a sholáthraíonn an brainse tríú tír;

(e)an sciar den mhargadh atá ag an mbrainse tríú tír san Aontas agus sna Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe a mhéid a bhaineann le sócmhainní iomlána baincéireachta agus na gníomhaíochtaí agus na seirbhísí a sholáthraíonn sé agus na hoibríochtaí a dhéanann sé;

(f)an tionchar is dócha a bheadh ann ar leachtacht shistéamach nó ar chórais íocaíochta, imréitigh nó glanta san Aontas nó sa Bhallstát ina bhfuil an brainse tríú tír bunaithe dá gcuirfí oibríochtaí nó gnó an bhrainse tríú tír ar fionraí nó dá ndúnfaí iad;

(g)an tionchar is dócha a bheadh ann ar chomhaontuithe airgeadais inghrúpa nó ar sheirbhísí inghrúpa lena gcumhdaítear feidhmeanna criticiúla san Aontas nó sna Ballstáit ina bhfuil an brainse tríú tír bunaithe dá gcuirfí oibríochtaí an bhrainse tríú tír ar fionraí nó dá ndúnfaí iad;

(h)gníomhaíocht trasteorann an bhrainse tríú tír lena cheannghnóthas agus lena chontrapháirtithe i dtríú tíortha eile;

(i)ról agus tábhacht an bhrainse tríú tír le haghaidh ghníomhaíochtaí, sheirbhísí agus oibríochtaí an ghrúpa tríú tír san Aontas agus sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe;

(j)an méid de ghnó an ghrúpa tríú tír a dhéantar trí bhrainsí tríú tír, i gcoibhneas le gnó an ghrúpa chéanna sin a dhéantar trí fho-institiúidí atá údaraithe san Aontas agus sa Bhallstát ina bhfuil na brainsí tríú tír bunaithe;

(k)an brainse tríú tír cáilitheach é an brainse tríú tír i gcomhréir le hAirteagal 48b.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 48k
Measúnú a dhéanamh ar thábhacht shistéamach agus ceanglais ar bhrainsí sistéamacha tríú tír

1. Beidh brainse nó brainsí tríú tír san Aontas ar leis an ngrúpa tríú tír céanna iad faoi réir an mheasúnaithe a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo i gcás ina bhfuil méid comhiomlán na sócmhainní a choimeádann siad ar a leabhair san Aontas, mar a thuairiscítear i gcomhréir le Foroinn 4, cothrom le EUR 30 billiún nó níos mó ná sin:

(a)ar an meán sna trí thréimhse bhliantúla tuairiscithe díreach roimhe sin; nó

(b)i ndearbhthéarmaí ar feadh trí thréimhse bhliantúla tuairiscithe ar a laghad le linn na gcúig thréimhse bhliantúla tuairiscithe díreach roimhe sin.

2. Déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú an bhfuil tábhacht shistéamach ag na brainsí tríú tír dá dtagraítear i mír 1 don Aontas agus don Bhallstát ina bhfuil na siad bunaithe. Chun na gcríoch sin, déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú an gcomhlíonann na brainsí tríú tír sin na táscairí tábhachta sistéamaí dá dtagraítear in Airteagal 48j(4) agus in Airteagal 131(3).

3. Déanfaidh ceann díobh seo a leanas an measúnú ar thábhacht shistéamach dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo:

(a)i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 111 maidir leis an ngrúpa tríú tír ábhartha, maoirseoir comhdhlúite an ghrúpa tríú tír sin san Aontas i gcomhréir leis an Airteagal sin;

(b)i gcás nach bhfuil feidhm ag Airteagal 111 maidir leis an ngrúpa tríú tír ábhartha, an túdarás inniúil a bheadh ina mhaoirseoir comhdhlúite ar an ngrúpa tríú tír sin san Aontas i gcomhréir leis an Airteagal sin, dá gcaithfí leis na brainsí tríú tír mar fho-institiúidí;

(c)i gcás nach bhfuil brainsí tríú tír agus fo-institiúidí ag an ngrúpa tríú tír ach i mBallstát amháin, údarás inniúil an Bhallstáit sin; nó

(d)ÚBE, tar éis 3 mhí ó dháta tosaigh na tréimhse bliantúla tuairiscithe díreach tar éis na tréimhse bliantúla tuairiscithe deireanaí inar gníomhachtaíodh an oibleagáid chun an measúnú a dhéanamh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, sna cásanna seo a leanas:

(i)níor thosaigh aon cheann de na húdaráis inniúla dá dtagraítear i bpointí (a), (b) nó (c) an measúnú; nó

(ii)níor cinneadh an túdarás inniúil a bheadh ina mhaoirseoir comhdhlúite i gcomhréir le pointe (b).

Déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), a ghníomhaíonn mar ‘príomhúdarás inniúil’, nó i gcás inarb infheidhme, ÚBE, an measúnú i gcomhar iomlán leis na húdaráis inniúla lena mbaineann. Tabharfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann cúnamh don phríomhúdarás inniúil nó i gcás inarb infheidhme, ÚBE, agus soláthróidh siad an doiciméadacht uile is gá dó. Chun na gcríoch sin, ciallóidh ‘na húdaráis inniúla lena mbaineann’ na húdaráis uile atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bhrainsí tríú tír agus ar fho-institiúidí an ghrúpa tríú tír ábhartha san Aontas.

Sula dtugtar an measúnú ar thábhacht shistéamach i gcrích, tabharfaidh an príomhúdarás inniúil, an t‑údarás inniúil dá dtagraítear i bpointe (c) nó, i gcás inarb infheidhme, ÚBE, éisteacht don ghrúpa tríú tír agus leagfaidh siad síos sprioc-amanna réasúnta le haghaidh an ghrúpa tríú tír chun doiciméadacht a chur faoina bhráid agus a thuairimí a chur in iúl i scríbhinn.

4. Tabharfaidh an príomhúdarás inniúil an measúnú dá dtagraítear i mír 2 i gcrích agus eiseoidh sé tuarascáil tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dháta tosaithe na tréimhse bliantúla tuairiscithe díreach tar éis na tréimhse deireanaí tuairiscithe lenar gníomhachtaíodh an oibleagáid chun an measúnú a dhéanamh i gcomhréir le mír 1. I gcás ina ndéanann ÚBE an measúnú, i gcomhréir le mír 3, tosóidh an tréimhse sin ón dáta a gcuirfear de fhreagracht ar ÚBE an measúnú a dhéanamh. Leagfar na nithe seo a leanas amach sa tuarascáil:

(a)an measúnú ar thábhacht shistéamach, lena leagfar amach anailís shoiléir mhionsonraithe ar na táscairí tábhachta sistéamaí dá dtagraítear i mír 2 i ndáil leis na brainsí ábhartha tríú tír agus na príomhúdaráis inniúla nó i gcás inarb infheidhme, conclúid ÚBE;

(b)i gcás ina gcinneann an príomhúdarás inniúil nó, i gcás inarb infheidhme, ÚBE go bhfuil na brainsí tríú tír sistéamach, déantar ceann de na nithe seo a leanas leis an dréachtchinneadh atá beartaithe:

(i)ceanglaítear ar na brainsí tríú tír iarratas a dhéanamh ar údarú faoi Theideal III, Caibidil 1;

(ii)ceanglaítear ar bhrainsí tríú tír a sócmhainní nó a ngníomhaíochtaí san Aontas a athstruchtúrú sa chaoi go scoirfidh siad de cháiliú mar bhrainsí sistéamacha i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo;

(iii)forchuirtear ceanglais bhreise ar bhrainsí tríú tír nó ar fho-institiúidí an ghrúpa tríú tír san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 48p nó Teideal VII, Caibidil 2, Roinn IV, faoi seach;

(iv)ní fhorchuirtear aon cheann de na ceanglais dá dtagraítear i bpointí (i) go (iii) ar feadh tréimhse iarchurtha nach faide ná 12 mhí agus faoi réir measúnú nua a dhéanamh ar na brainsí tríú tír roimh dháta éaga na tréimhse sin.

(c)an réasúnaíocht leis an dréachtchinneadh atá beartaithe dá dtagraítear i bpointe (b) ina leagfar amach míniú mionsonraithe ar an mbaint atá ag an gcinneadh leis an measúnú dá dtagraítear i bpointe (a).

Ní mholfaidh an príomhúdarás inniúil nó, i gcás inarb infheidhme, ÚBE an cinneadh dá dtagraítear i bpointe (b)(iv) ach i gcás gur féidir leis údar a tabhairt nach mbeadh an easpa ceanglas ar bhrainsí tríú tír faoin Airteagal seo ina cúis le méadú mór ar an bpriacal atá sna brainsí sin maidir le cobhsaíocht airgeadais agus sláine an mhargaidh san Aontas nó sa Bhallstát le linn na tréimhse iarchurtha dá dtagraítear sa phointe sin.

I gcás inarb infheidhme, tuigfear gur tagairtí don údarás inniúil dá dtagraítear i mír 3, pointe (c) na tagairtí don ‘príomhúdarás inniúil’ san Airteagal seo. I gcás ina bhfuil an t‑údarás inniúil sin freagrach as an tuarascáil a leagtar síos sa mhír seo a eisiúint, tiocfaidh an cinneadh a leagtar amach inti i bhfeidhm ar an dáta a thabharfar fógra do na brainsí tríú tír fúithi. Tabharfaidh an t‑údarás inniúil fógra do ÚBE faoin gcinneadh freisin.

5. Cuirfidh an príomhúdarás inniúil nó, i gcás inarb infheidhme, ÚBE an tuarascáil dá dtagraítear i mír 5 faoi réir na n‑údarás inniúil lena mbaineann. Féachfaidh an príomhúdarás inniúil agus na húdaráis inniúla lena mbaineann le teacht ar chinneadh comhpháirteach de chomhthoil maidir leis an tuarascáil agus, i gcás inarb infheidhme, le teacht ar dhréachtchinneadh laistigh de 3 mhí ón dáta a tharchuirtear an tuarascáil.

I gcás nach dtagann na húdaráis inniúla ar chomhthoil tar éis dheireadh na tréimhse 3 mhí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar an cinneadh comhpháirteach sa mhí díreach tar éis dheireadh na tréimhse 3 mhí roimhe sin trí bhíthin thromlach na vótaí a chaitear. Chun na gcríoch sin, leithdháilfear na bunanna vótála ar na húdaráis inniúla i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(a)faoi réir phointe (b), beidh gach údarás inniúil, lena náirítear an príomhúdarás inniúil, i dteideal bun vótála atá cothrom le céatadán shócmhainní an ghrúpa tríú tír atá faoina mhaoirseacht i gcoibhneas le sócmhainní iomlán an ghrúpa sin san Aontas;

(b)méadófar bun vótála an phríomhúdaráis inniúil go 25 % i gcás nár bhain sé an céatadán sin amach i gcomhréir le pointe (a);

(c)i gcás ina méadaítear bun vótála an phríomhúdaráis inniúil go 25 % i gcomhréir le pointe (b), coigeartófar bunanna vótála na núdarás inniúil eile a bheidh ann mar thoradh ar phointe (a) de réir mar is iomchuí mar bhunanna sna 75 % eile de na cearta vótála.

Chun críocha phointe (a), áireofar sa ríomh na sócmhainní a shealbhaítear i mbrainsí tríú tír agus i bhfo-institiúidí an ghrúpa tríú tír araon.

Tar éis an cinneadh comhpháirteach a ghlacadh, tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta a thabharfar fógra do na brainsí tríú tír faoi. Tabharfar fógra faoin gcinneadh comhpháirteach do ÚBE freisin.

6. Beidh tréimhse 3 mhí ag na brainsí tríú tír ó dháta theacht i bhfeidhm an chinnidh i gcomhréir le míreanna 5 agus 6 chun na ceanglais a leagtar síos sa chinneadh sin a chomhlíonadh.

I gcás ina gceanglaítear ar bhrainsí tríú tír iarratas a dhéanamh ar údarú mar institiúidí i gcomhréir le Teideal III, Caibidil 1, leanfaidh a n‑údarú faoin Teideal de bheith bailí ar bhonn eatramhach go dtí go rachaidh an sprioc-am dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo in éag nó, de réir mar a bheidh, go dtí go gcríochnófar an próiseas údarúcháin mar institiúidí. Féadfaidh brainsí tríú tír a iarraidh ar an údarás inniúil síneadh a chur leis an sprioc-am 3 mhí dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcás gur féidir leo údar a thabhairt leis an ngá le síneadh a chur leis an sprioc-am chun an ceanglas ábhartha arna fhorchur orthu a chomhlíonadh.

I gcás ina mbaintear an tairseach dá dtagraítear i mír 1 amach trí shócmhainní brainsí éagsúla a chomhiomlánú, féadfaidh na húdaráis inniúla an ceanglas dá dtagraítear san fhomhír seo a fhorchur in ord íslitheach de réir méid na sócmhainní go dtí an pointe ag a bhfuil sócmhainní iomlán ar leabhair na mbrainsí tríú tír san Aontas níos lú ná EUR 30 billiún.

7. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála le sonrú a dhéanamh ar na rialacha construála chun Airteagal 111 den Treoir seo a léirmhíniú le haghaidh an mhaoirseora chomhdhlúite hipitéisigh dá dtagraítear i mír 3, pointe (b) den Airteagal seo a chinneadh.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Foroinn 4
Ceanglais maidir le tuairisciú

Airteagal 48l
Faisnéis rialála agus airgeadais agus faisnéis faoin gceannghnóthas

1. Ceanglóidh na Ballstáit ar bhrainsí tríú tír faisnéis a thuairisciú go tréimhsiúil dá n‑údaráis inniúla maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)na sócmhainní agus na dliteanais a choimeádtar ar a leabhair i gcomhréir le hAirteagail 48i, agus miondealú ina sonraítear na nithe seo a leanas:

(i)na sócmhainní agus na dliteanais is mó atá cláraithe a aicmítear de réir earnála agus cineál contrapháirtí (lena náirítear risíochtaí san earnáil airgeadais go háirithe);

(ii)risíocht shuntasach ar chineálacha sonraithe contrapháirtithe agus comhchruinnithe foinsí cistiúcháin maidir le cineálacha sonraithe contrapháirtithe;

(iii)idirbhearta suntasacha inmheánacha leis an gceannghnóthas agus le comhaltaí ghrúpa an cheannghnóthais;

(b)comhlíontacht an bhrainse tríú tír leis na ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir leis an mbrainse faoin Treoir seo;

(c)ar bhonn ad hoc, na socruithe cosanta taiscí atá ar fáil do thaisceoirí sa bhrainse tríú tír i gcomhréir le hAirteagal 15(2) agus (3) de Threoir 2014/49;

(d)ceanglais bhreise rialála a forchuireann an Ballstát ar an mbrainse tríú tír faoin dlí náisiúnta.

Chun an fhaisnéis faoi na sócmhainní agus faoi na dliteanais a choimeádtar ar a leabhair a thuairisciú i gcomhréir le pointe (a), déanfaidh brainsí tríú tír na caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 6(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002*10 nó GAAP is infheidhme sa Bhallstát a chur i bhfeidhm.

2. Ceanglóidh na Ballstáit ar bhrainsí tríú tír an fhaisnéis seo a leanas faoina gceannghnóthas a thuairisciú dá n‑údaráis inniúla:

(a)ar bhonn tréimhsiúil, faisnéis chomhiomlán faoi na sócmhainní agus faoi na dliteanais a shealbhaíonn fochuideachtaí agus brainsí tríú tír eile de chuid ghrúpa an cheannghnóthais sin san Aontas nó faoi na sócmhainní agus faoi na dliteanais atá cláraithe acu;

(b)ar bhonn tréimhsiúil, comhlíontacht an cheannghnóthais leis na ceanglais stuamachta is infheidhme ar bhonn aonair agus ar bhonn comhdhlúite;

(c)ar bhonn ad hoc, athbhreithnithe agus measúnuithe suntasacha maoirseachta i gcás ina ndéantar ar an gceannghnóthas iad agus na cinntí maoirseachta a dhéantar dá réir;

(d)pleananna téarnaimh an cheannghnóthais agus na bearta sonracha a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an mbrainse tríú tír i gcomhréir leis na pleananna sin, agus aon nuashonrú nó leasú a dhéantar ar na pleananna sin ina dhiaidh sin;

(e)straitéis ghnó an cheannghnóthais i ndáil leis an mbrainse tríú tír agus aon athrú a dhéantar ar an straitéis ina dhiaidh sin;

(f)na seirbhísí a sholáthraíonn an ceannghnóthas do chontrapháirtithe cáilitheacha nó do chliaint ghairmiúla de réir bhrí Roinn 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE atá bunaithe nó atá lonnaithe san Aontas ar bhonn sirtheoireacht droim ar ais seirbhísí i gcomhréir le hAirteagal 21c den Treoir seo.

3. Ní chuirfidh na ceanglais maidir le tuairisciú a leagtar síos san Airteagal seo cosc ar na húdaráis inniúla ceanglais bhreise ad hoc maidir le tuairisciú a fhorchur ar bhrainsí tríú tír i gcás ina measann an t‑údarás inniúil go bhfuil gá leis an bhfaisnéis bhreise chun léargas cuimsitheach a fháil ar ghnó, ar ghníomhaíochtaí nó ar fhóntacht airgeadais an bhrainse nó a cheannghnóthais, chun comhlíontacht an bhrainse agus a cheannghnóthais leis na dlíthe is infheidhme a fhíorú agus chun comhlíontacht an bhrainse leis na dlíthe sin a áirithiú.

_______

*10    Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le cur i bhfeidhm na gcaighdeán idirnáisiúnta cuntasaíochta (IO L 243, 11.9.2002, lch. 1).’

Airteagal 48m
Foirmeacha agus teimpléid chaighdeánacha agus minicíocht an tuairiscithe

1. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun sonrú a dhéanamh ar fhormáidí, sainmhínithe, réitigh TF aonfhoirmeacha agus ar mhinicíocht an tuairiscithe atá le cur i bhfeidhm chun críocha Airteagal 48l.

Beidh na ceanglais maidir le tuairisciú dá dtagraítear sa chéad fhomhír comhréireach leis an aicmiú a dhéantar ar bhrainsí tríú tír mar aicme 1 nó aicme 2.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 6 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo].

Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

2. Maidir leis an bhfaisnéis rialála agus airgeadais dá dtagraítear san Airteagal seo, tuairisceoidh brainsí tríú tír in aicme 1 í dhá uair sa bhliain ar a laghad agus tuairisceoidh brainsí tríú tír in aicme 2 í uair amháin sa bhliain ar a laghad.

3. I gcás na gceanglas maidir le faisnéis a thuairisciú faoin gceannghnóthas a leagtar amach i mír 48l(3) le haghaidh na mbrainsí cáilitheacha tríú tír, féadfaidh na húdaráis inniúla na ceanglais sin uile nó cuid díobh a tharscaoileadh ar choinníoll go bhfuil an t‑údarás inniúil in ann an fhaisnéis ábhartha a fháil go díreach ó údaráis mhaoirseachta an tríú tír ábhartha.

Roinn III

Maoirseacht

Airteagal 48n
Maoirseacht ar bhrainsí tríú tír agus an clár scrúdaithe maoirseachta

1. Ceanglóidh na Ballstáit ar na húdaráis inniúla an Roinn seo agus, mutatis mutandis, Teideal VII a chomhlíonadh chun maoirseacht a dhéanamh ar bhrainsí tríú tír.

2. Áireoidh na húdaráis inniúla brainsí tríú tír sa chlár scrúdaithe maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 99.

Airteagal 48o
Athbhreithniú agus meastóireacht a dhéanamh ar an maoirseacht

1. Ceanglóidh na Ballstáit ar na húdaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar na socruithe, na straitéisí, na próisis agus na sásraí a chuireann brainsí tríú tír chun feidhme chun na forálacha a bhfuil feidhm acu maidir leo faoin Treoir seo a chomhlíonadh agus i gcás inarb infheidhme, aon cheanglas breise rialála faoin dlí náisiúnta a chomhlíonadh.

2. Ar bhonn an athbhreithnithe a dhéantar i gcomhréir le mír 1, déanfaidh na húdaráis inniúla meastóireacht an áirithítear leis na socruithe, na straitéisí, na próisis agus na sásraí a chuireann na brainsí tríú tír chun feidhme agus an dearlaic chaipitil agus an leachtacht a shealbhaíonn siad go ndéantar bainistíocht fhónta ar na priacail ábhartha agus go gcumhdaítear iad agus go bhfuil an brainse inmharthana.

3. Déanfaidh na húdaráis inniúla an t‑athbhreithniú agus an mheastóireacht dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a fhoilsítear i gcomhréir le hAirteagal 143(1), pointe (c). Leagfaidh na húdaráis minicíocht agus déine síos le haghaidh an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 1, minicíocht agus déine a bheidh comhréireach leis an aicmiú mar bhrainsí tríú tír in aicme 1 agus aicme 2 agus lena dtabharfar san áireamh na critéir eile atá ábhartha, amhail cineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí na mbrainsí tríú tír.

4. I gcás ina mbíonn forais réasúnta ag na húdaráis inniúla, i ngeall ar athbhreithniú, go háirithe i ngeall ar mheastóireacht ar shocruithe rialachais, ar shamhail ghnó, nó ar ghníomhaíochtaí brainse tríú tír, lena cheapadh go bhfuil sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta ar bun, go raibh sin ar bun, gur féachadh nó go bhfuiltear ag féachaint lena chur ar bun, nó go bhfuil riosca níos mó ann go dtarlódh a leithéid sa bhrainse tríú tír atá i gceist, tabharfaidh an t‑údarás inniúil fógra faoin méid sin láithreach do ÚBE agus don údarás a dhéanann maoirseacht ar an mbrainse tríú tír sin i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849. I gcás ina bhfuil méadú ar an riosca i ndáil le sciúradh airgid nó le maoiniú sceimhlitheoireachta, rachaidh an t‑údarás inniúil agus an t‑údarás a dhéanann maoirseacht ar an mbrainse tríú tír i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849 i gcomhairle le chéile agus tabharfaidh siad fógra faoin measúnú comhpháirteach do ÚBE láithreach. Déanfaidh an t‑údarás inniúil bearta, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir leis an Treoir seo, lena bhféadfaí a áireamh cead an bhrainse tríú tír a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 48d(2), pointe (g).

5. Oibreoidh na údaráis inniúla, aonaid um fhaisnéis airgeadais agus údaráis a dhéanann maoirseacht ar bhrainsí tríú tír i ndlúthchomhar le chéile laistigh dá n‑inniúlachtaí féin agus malartóidh siad faisnéis atá ábhartha don Treoir seo, ar choinníoll nach gcuireann an comhar agus an malartú faisnéise sin as d’fhiosrúchán, d’imscrúdú ná d’imeachtaí leanúnacha i gcomhréir le dlí coiriúil nó riaracháin an Bhallstáit a bhfuil an t‑údarás inniúil, an t‑aonad um fhaisnéis airgeadais nó an t‑údarás a gcuirtear de dhualgas air maoirseacht a dhéanamh ar bhrainsí tríú tír, lonnaithe ann. Féadfaidh ÚBE, ar a thionscnamh féin, cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla agus do na húdaráis atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an mbrainse tríú tír i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849 i gcás ina mbíonn easaontas ann maidir le gníomhaíochtaí maoirseachta faoin Airteagal seo a chomhordú. I gcás den sórt sin, gníomhóidh ÚBE i gcomhréir le hAirteagal 19(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

6. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú a thuilleadh:

(a)na nósanna imeachta agus na modheolaíochtaí comhchoiteanna le haghaidh an phróisis chun athbhreithniú agus meastóireacht a dhéanamh ar an maoirseacht dá dtagraítear san Airteagal seo agus chun measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a láimhseáiltear priacail ábhartha;

(b)na sásraí le haghaidh comhair agus malartú faisnéise idir na húdaráis dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, i gcomhthéacs sáruithe tromchúiseacha ar na rialacha maidir le frithsciúradh airgid a shainaithint.

Chun críocha phointe (a), leagfar síos na nósanna imeachta agus na modheolaíochtaí dá dtagraítear sa mhír sin ar bhealach atá comhréireach le haicmiú na mbrainsí tríú tír mar aicme 1 nó aicme 2 agus le critéir iomchuí eile amhail cineál, scála agus castacht a ngníomhaíochtaí.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 48p
Bearta agus cumhachtaí maoirseachta

1. Ceanglóidh údaráis inniúla ar bhrainsí tríú tír na bearta is gá a dhéanamh ag céim luath chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)a áirithiú go gcomhlíonann brainsí tríú tír na ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir leo faoin Treoir seo agus faoin dlí náisiúnta nó comhlíontacht leis na ceanglais sin a athbhunú; agus

(b)a áirithiú go gcumhdaítear na priacail ábhartha ar a bhfuil na brainsí tríú tír ar ris go mbainistítear na rioscaí sin ar bhealach fónta leormhaith agus go leanann na brainsí sin de bheith inmharthana.

2. Áireofar le cumhachtaí na n‑údarás inniúil chun críocha mhír 1 an chumhacht chun a cheangal ar bhrainsí tríú tír na nithe seo a leanas a dhéanamh ar a laghad:

(a)dearlaic chaipitil a choimeád atá níos mó ná na híoscheanglais a leagtar síos in Airteagal 48e nó ceanglais bhreise eile maidir le caipiteal a chomhlíonadh. Aon mhéid breise dearlaice caipitil atá le sealbhú ag an mbrainse tríú tír i gcomhréir leis an bpointe seo, comhlíonfaidh sé an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 48e;

(b)ceanglais shonracha eile leachtachta sa bhreis ar an gceanglas a leagtar síos in Airteagal 48f a chomhlíonadh. Aon sócmhainn leachtach bhreise atá le sealbhú ag an mbrainse tríú tír i gcomhréir leis an bpointe seo, comhlíonfaidh sé na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 48f;

(c)socruithe rialachais, bainistíochta priacal nó clárúcháin a atreisiú;

(d)raon feidhm a ngnó nó na ngníomhaíochtaí a dhéanann siad a shrianadh nó a theorannú, mar aon le contrapháirtithe na ngníomhaíochtaí sin a shrianadh nó a theorannú;

(e)an priacal atá ina dhlúthchuid dá ngníomhaíochtaí, dá dtáirgí agus dá gcórais, lena náirítear gníomhaíochtaí seachfhoinsithe, a laghdú agus scor de bheith i mbun na ngníomhaíochtaí agus na dtáirgí sin nó dá dtairiscint;

(f)na ceanglais bhreise tuairiscithe a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 48l(3) nó minicíocht an tuairiscithe rialta a mhéadú;

(g)nochtuithe poiblí a dhéanamh.

Airteagal 48q
Comhar idir na húdaráis inniúla agus an coláiste maoirseoirí

1. Na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar bhrainsí tríú tír agus ar fho-institiúidí den ghrúpa céanna tríú tír, oibreoidh siad i ndlúthchomhar le chéile agus roinnfidh siad faisnéis le chéile. Beidh socruithe comhordaithe agus comhair i scríbhinn i bhfeidhm ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 115.

2. Chun críocha mhír 1, beidh brainsí tríú tír in aicme 1 faoi réir maoirseacht chuimsitheach coláiste maoirseoirí i gcomhréir le hAirteagal 116, faoi réir na gceanglas seo a leanas:

(a)i gcás go mbunaítear coláiste maoirseoirí i ndáil le fo-institiúidí grúpa tríú tír, áireofar brainsí tríú tír an ghrúpa céanna atá in aicme 1 laistigh de raon feidhme an choláiste maoirseoirí sin;

(b)i gcás go bhfuil brainsí tríú tír in aicme 1 ag an ngrúpa tríú tír i níos mó ná Ballstát amháin ach nach bhfuil aon fho-institiúid aige san Aontas faoi réir Airteagal 116, bunófar coláiste maoirseoirí i ndáil leis na brainsí tríú tír sin in aicme 1;

(c)i gcás go bhfuil brainsí tríú tír in aicme 1 ag an ngrúpa tríú tír i níos mó ná Ballstát amháin nó brainse tríú tír in aicme 1 amháin ar a laghad agus fo-institiúid amháin nó níos mó aige san Aontas nach bhfuil faoi réir Airteagal 116, bunófar coláiste maoirseoirí i ndáil leis na brainsí tríú tír agus na fo-institiúidí sin.

3. Chun críocha mhír 2, pointí (b) agus (c) beidh príomhúdarás inniúil amháin ann a dhéanann an ról céanna atá ag an maoirseoir comhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 116. Is é a bheidh ina phríomhúdarás inniúil údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an brainse tríú tír is mó ó thaobh luach iomlán na sócmhainní atá cláraithe.

4. Anuas ar na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 116, déanfaidh an coláiste maoirseoirí na nithe seo a leanas:

(a)ullmhóidh siad tuarascáil maidir le struchtúr agus gníomhaíochtaí an ghrúpa tríú tír san Aontas agus tabharfaidh siad an tuarascáil sin cothrom le dáta ar bhonn bliantúil;

(b)malartóidh siad faisnéis faoi thorthaí an phróisis chun athbhreithniú agus meastóireacht a dhéanamh ar mhaoirseacht dá dtagraítear in Airteagal 48o;

(c)féachfaidh siad le cur i bhfeidhm na mbeart agus na gcumhachtaí maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 48p a ailíniú.

5. Áiritheoidh an coláiste maoirseoirí comhordú agus comhar iomchuí leis na húdaráis mhaoirseachta tríú tír ábhartha i gcás inarb iomchuí.

6. Rannchuideoidh ÚBE le feidhmiú éifeachtach, éifeachtúil agus comhsheasmhach na gcoláistí maoirseoirí dá dtagraítear san Airteagal seo a chur chun cinn agus le faireachán a dhéanamh ar an bhfeidhmiú sin i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

7. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú:

(a)na sásraí comhair agus na dréachtsamhail-chomhaontuithe idir na húdaráis inniúla chun críocha mhír 1 den Airteagal seo; agus

(b)na coinníollacha le haghaidh feidhmiú coláiste maoirseoirí chun críocha Airteagail 2 go 6 den Airteagal seo.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 48r
Tuairisciú do ÚBE

Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra do ÚBE faoi na nithe seo a leanas:

(a)na húdaruithe ar fad a dheonaítear do bhrainsí tríú tír agus aon athrú a dhéantar ar na húdaruithe sin ina dhiaidh sin;

(b)iomlán na sócmhainní agus na ndliteanas a chláraíonn brainsí tríú tír atá údaraithe, mar a thuairiscítear go tréimhsiúil iad;

(c)ainm an ghrúpa tríú tír a mbaineann brainse tríú tír údaraithe leis.

Foilseoidh ÚBE ar a shuíomh gréasáin liosta de na brainsí tríú tír atá údaraithe chun oibriú san Aontas i gcomhréir leis an Teideal seo, liosta ar a sonrófar an Ballstát ina bhfuil siad údaraithe chun oibriú ann.

CAIBIDIL 2

Caidreamh le tríú tíortha

Airteagal 48s
Comhar le húdaráis mhaoirseachta tríú tíortha maidir le maoirseacht ar bhonn comhdhlúite

1. Féadfaidh an tAontas comhaontuithe a thabhairt i gcrích le tríú tír amháin nó níos mó maidir leis na modhanna chun maoirseacht ar bhonn comhdhlúite a fheidhmiú ar na nithe seo a leanas:

(a)institiúidí a bhfuil ceannoifigí a gcuid máthairghnóthas i dtríú tír;

(b)institiúidí atá suite i dtríú tíortha a bhfuil ceannoifigí a gcuid máthairghnóthas, bíodh siad sin ina ninstitiúidí, ina gcuideachtaí sealbhaíochta airgeadais nó ina gcuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, san Aontas acu.

2. Féachfar a áirithiú, go háirithe, leis na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 1:

(a)go bhfuil údaráis inniúla na mBallstát ábalta an fhaisnéis is gá a fháil chun maoirseacht a dhéanamh, ar bhonn a staideanna airgeadais comhdhlúite, ar institiúidí, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha atá suite san Aontas a bhfuil institiúidí nó institiúidí airgeadais mar fhochuideachtaí acu atá suite i dtríú tír, nó a bhfuil seilbh ar rannpháirtíocht acu i dtríú tír;

(b)go bhfuil údaráis mhaoirseachta tríú tíortha ábalta an fhaisnéis is gá a fháil chun maoirseacht a dhéanamh ar mháthairghnóthais a bhfuil a gceannoifigí suite laistigh dá gcríocha agus a bhfuil institiúidí nó institiúidí airgeadais mar fhochuideachtaí acu atá suite i mBallstát amháin nó níos mó, nó a bhfuil seilbh ar rannpháirtíocht acu i mBallstát amháin nó níos mó; agus

(c)go bhfuil UBÉ ábalta an fhaisnéis a fuarthas ó údaráis náisiúnta tríú tíortha a fháil ó údaráis inniúla na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

3. Gan dochar d’Airteagal 218 CFAE, déanfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón gCoiste Baincéireachta Eorpach, scrúdú ar thoradh na caibidlíochta dá dtagraítear i mír 1 agus ar an staid a thiocfaidh as sin.

4. Tabharfaidh UBÉ cúnamh don Choimisiún chun críocha an Airteagail seo i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.;

(9)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 65 agus 66:

‘Airteagal 65
Pionóis riaracháin, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus bearta eile riaracháin

1. Gan dochar do chumhachtaí maoirseachta na n‑údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 64 ná do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le pionóis choiriúla agus iad a fhorchur, leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir le pionóis riaracháin, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus bearta eile riaracháin i leith sáruithe ar fhorálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo agus i leith sáruithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus déanfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh pionóis riaracháin, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus bearta eile riaracháin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2. I gcás ina bhfuil feidhm ag na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 maidir le hinstitiúidí, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha i gcás sárú ar na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo nó ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar pionóis riaracháin, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus bearta eile riaracháin a chur i bhfeidhm, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta, maidir le comhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus aon duine nádúrtha eile atá freagrach as an sárú faoin dlí náisiúnta.

3. Le cur i bhfeidhm íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, ní chuirfear cosc ar na húdaráis inniúla pionóis riaracháin a fhorchur i leith an tsáraithe chéanna.

4. Beidh ag na húdaráis inniúla na cumhachtaí bailithe faisnéise agus na cumhachtaí imscrúdaithe ar fad is gá chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú. Áireofar sna cumhachtaí sin:

(a)an chumhacht chun a cheangal ar na daoine nádúrtha nó dlítheanacha seo a leanas an fhaisnéis ar fad is gá a sholáthar chun cúraimí na núdarás inniúil a dhéanamh, lena náirítear faisnéis atá le soláthar ag eatraimh athfhillteacha agus i bhformáidí sonraithe chun críoch maoirseachta agus chun críoch gaolmhar staidrimh:

(i)institiúidí atá bunaithe sa Bhallstát lena mbaineann;

(ii)cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais atá bunaithe sa Bhallstát lena mbaineann;

(iii)cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha atá bunaithe sa Bhallstát lena mbaineann;

(iv) cuideachtaí sealbhaíochta gníomhaíochtaí measctha atá bunaithe sa Bhallstát lena mbaineann;

(v)daoine a bhaineann leis na heintitis dá dtagraítear i bpointí (i) go (iv);

(vi)páirtithe ar sheachfhoinsigh na heintitis dá dtagraítear i bpointí (i) go (iv) feidhmeanna nó gníomhaíochtaí oibríochtúla chucu;

(b)an chumhacht chun na himscrúduithe ar fad is gá a dhéanamh ar aon duine dá dtagraítear i bpointí (a)(i) go (vi) atá bunaithe nó suite sa Bhallstát lena mbaineann i gcás inar gá chun cúraimí na núdarás inniúil a dhéanamh, lena náirítear an chumhacht chun:

(i)a cheangal go gcuirfear isteach doiciméid;

(ii)scrúdú a dhéanamh ar leabhair agus taifid na ndaoine dá dtagraítear i bpointí (a)(i) go (vi) agus cóipeanna a dhéanamh de na leabhair nó de na taifid sin nó sleachta a thógáil astu;

(iii)mínithe i scríbhinn nó ó bhéal a fháil ó aon duine dá dtagraítear i bpointí (a)(i) go (vi) nó óna ionadaithe nó óna fhoireann;

(iv)agallamh a chur ar aon duine eile a thoilíonn go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú a bhaineann le hábhar imscrúdaithe; agus

(v)an chumhacht, faoi réir coinníollacha eile a leagtar amach i ndlí an Aontais, na hiniúchtaí ar fad is gá a dhéanamh ag áitreabh gnó na ndaoine dlítheanacha dá dtagraítear i bpointí (a)(i) go (vi) agus aon ghnóthas eile a áirítear i maoirseacht chomhdhlúite i gcás inar údarás inniúil é an maoirseoir comhdhlúthacháin, faoi réir fógra a thabhairt roimh ré do na húdaráis inniúla lena mbaineann. Má tá gá le húdarú ó údarás breithiúnach faoin dlí náisiúnta le haghaidh iniúchta, cuirfear isteach ar an údarú sin.’;

5. De mhaolú ar mhír 1, i gcás nach ndéantar foráil i gcóras dlí an Bhallstáit maidir le pionóis riaracháin, féadfar an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm ar bhealach go ndéanfaidh an t‑údarás inniúil an pionós a thionscnamh agus go ndéanfaidh na húdaráis bhreithiúnacha an pionós a fhorchur, agus é á áirithiú acu go mbeidh na leigheasanna dlí sin éifeachtach agus go mbeidh éifeacht chomhionann acu leis na pionóis riaracháin a fhorchuirfidh na húdaráis inniúla. Ar aon chaoi, beidh na pionóis a fhorchuirfear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit sin fógra don Choimisiún faoi fhorálacha a ndlíthe a ghlacfaidh siad de bhun na míre seo faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = dáta trasuite na Treorach leasaithí seo] agus tabharfaidh siad fógra, gan mhoill, faoi aon dlí leasaitheach nó aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear do na forálacha sin.

Airteagal 66
Pionóis riaracháin, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus bearta eile riaracháin i leith sáruithe ar údarú agus ceanglais chun sealúchais cháilitheacha a fháil nó a dhífheistiú, aistrithe ábhartha sócmhainní agus dliteanas, cumaisc nó deighiltí

1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar foráil ina ndlíthe, ina rialacháin agus ina bhforálacha riaracháin maidir le pionóis riaracháin, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus bearta eile riaracháin ar a laghad, i gcás:

(a)ina dtéitear i mbun gnó taiscí agus cistí inaisíoctha eile a ghlacadh ón bpobal gan a bheith údaraithe mar institiúid creidmheasa de shárú ar Airteagal 9;

(b)ina gcuirtear tús le gníomhaíochtaí mar institiúid creidmheasa gan údarú a fháil roimh ré de shárú ar Airteagal 9;

(c)ina bhfaightear sealúchas cáilitheach in institiúid creidmheasa, go díreach nó go hindíreach, nó ina méadaítear an sealúchas sin a thuilleadh, go díreach nó go hindíreach, sa chaoi go mbainfí amach nó go sárófaí le sciar na gceart vótála nó an chaipitil a shealbhaítear na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 22(1) nó go ndéanfaí fochuideachta de chuid an fhaighteora den institiúid creidmheasa, gan fógra i scríbhinn a thabhairt do na húdaráis inniúla faoin institiúid creidmheasa a bhfuil an faighteoir ag iarraidh sealúchas cáilitheach a fháil nó a mhéadú inti, le linn na tréimhse measúnaithe, nó in aghaidh chur i gcoinne na núdarás inniúil, de shárú ar an Airteagal sin;

(d)ina ndéantar sealúchas cáilitheach in institiúid creidmheasa a dhiúscairt, go díreach nó go hindíreach, nó ina laghdaítear an sealúchas sin ar bhealach go dtitfeadh sciar na gceart vótála nó an chaipitil a shealbhaítear faoi bhun na dtairseacha dá dtagraítear in Airteagal 25 nó go scoirfeadh an institiúid creidmheasa de bheith ina fochuideachta de chuid an fhaighteora, gan fógra i scríbhinn a thabhairt do na húdaráis inniúla de shárú ar an Airteagal sin;

(e)nach gcuireann cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha mar a shainmhínítear in Airteagal 21a(1) isteach ar fhormheas de shárú ar Airteagal 21a nó go sáraíonn sí aon cheanglas eile a leagtar amach san Airteagal sin;

(f)ina bhfaigheann faighteoir, mar a shainmhínítear in Airteagal 27a(1), go díreach nó go hindíreach, sealúchas cáilitheach in institiúid, nó ina méadaíonn sé sealúchas cáilitheach atá aige cheana féin, sa chaoi go sárófaí le sciar na gceart vótála nó an chaipitil a shealbhaíonn an faighteoir san institiúid 15 % de chaipiteal incháilithe na hinstitiúide gan an faighteoir fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla de shárú ar an Airteagal sin;

(g)ina ndéanann aon cheann de na páirtithe dá dtagraítear in Airteagal 27d den Treoir seo sealúchas cáilitheach a dhiúscairt go díreach nó go hindíreach ar sealúchas é a sháraíonn an tairseach dá dtagraítear in Airteagal 89 de Rialachán (AE) 575/2013 gan fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla de shárú ar Airteagal 27d den Treoir seo;

(h)ina ndéanann aon cheann de na páirtithe dá dtagraítear in Airteagal 27f(1) aistriú ábhartha sócmhainní nó dliteanas gan fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla de shárú ar an Airteagal sin;

(i)ina nglacann aon cheann de na páirtithe dá dtagraítear in Airteagal 27k(l) páirt i bpróiseas cumaisc nó deighilte de shárú ar an Airteagal sin.

2. Áiritheoidh na Ballstáit sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 go n‑áirítear na nithe seo a leanas sna bearta is féidir a chur i bhfeidhm:

(a)pionóis riaracháin:

(i)i gcás duine dlítheanach, pionóis riaracháin airgid suas le 10 % de ghlanláimhdeachas bliantúil iomlán an ghnóthais;

(ii)i gcás duine nádúrtha, pionóis riaracháin airgid suas le EUR 5 000 000, nó, sna Ballstáit nach é an Euro an tairgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 17 Iúil 2013;

(iii)pionóis riaracháin airgid suas le dhá oiread na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú, i gcásanna inar féidir iad sin a chinneadh;

(b)íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla:

(i)i gcás duine dlítheanach, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla suas le 5 % den mheánláimhdeachas laethúil, a mbeidh oibleagáid ar an duine dlítheanach a íoc in aghaidh an lae den sárú, i gcás sárú leanúnach, go dtí go gcomhlíonfar an oibleagáid arís, agus ar féidir iad a fhorchur ar feadh tréimhse suas le 6 mhí ón dáta a leagtar síos sa chinneadh lena gceanglaítear deireadh a chur le sárú agus lena bhforchuirtear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil;

(ii)i gcás duine nádúrtha, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla suas le EUR 500 000, a mbeidh oibleagáid ar an duine nádúrtha a íoc in aghaidh an lae den sárú, i gcás sárú leanúnach, go dtí go gcomhlíonfar an oibleagáid arís, agus ar féidir iad a fhorchur ar feadh tréimhse suas le 6 mhí ón dáta a leagtar síos sa chinneadh lena gceanglaítear deireadh a chur le sárú agus lena bhforchuirtear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil;

(c)bearta eile riaracháin:

(i)ráiteas poiblí lena sainaithnítear an duine nádúrtha, an institiúid, an chuideachta sealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, an máthairghnóthas idirmheánach atá freagrach agus cineál an tsáraithe;

(ii)ordú ina gceanglaítear ar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach scor den iompar agus staonadh ón iompar sin a dhéanamh an athuair;

(iii)cearta vótála an scairshealbhóra nó na scairshealbhóirí a bhreithnítear freagrach as na sáruithe dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fionraí;

(iv)faoi réir Airteagal 65 (2), bac sealadach nó críochnaitheach ar chomhalta de chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide nó ar aon duine nádúrtha eile a bhreithnítear freagrach as an sárú d’fheidhmeanna a fheidhmiú san institiúid.

3. Beidh an glanláimhdeachas bliantúil iomlán dá dtagraítear i mír 2, pointí (a)(i) agus (b)(i), den Airteagal seo cothrom leis an táscaire gnó a leagtar amach in Airteagal 314 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Chun críocha an Airteagail seo, déanfar an táscaire gnó a ríomh ar bhonn na faisnéise airgeadais maoirseachta bliantúla is déanaí atá ar fáil, ach amháin má tá an toradh cothrom le nialas nó má tá an toradh diúltach. Má tá an toradh cothrom le nialas nó má tá an toradh diúltach, is éard a bheidh mar bhonn don ríomh ná an fhaisnéis airgeadais mhaoirseachta bhliantúil is déanaí roimhe sin a sholáthraíonn táscaire os cionn nialais. I gcás inar cuid de ghrúpa an gnóthas lena mbaineann, is éard a bheidh sa ghlanláimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha ná an glanláimhdeachas bliantúil iomlán a thiocfaidh as cuntas comhdhlúite an mháthairghnóthais deiridh.

4. Is éard a bheidh sa mheánláimhdeachas laethúil dá dtagraítear i mír (2), pointe (b)(i), an glanláimhdeachas bliantúil iomlán dá dtagraítear i mír 3 arna roinnt ar 365.’;

(10)Leasaítear Airteagal 67 mar a leanas:

(a)leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (d) agus (e):

‘(d) níl socruithe rialachais ná beartais luacha saothair inscne-neodracha a éilíonn na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 74 i bhfeidhm ag institiúid;

(e) ní thuairiscíonn institiúid faisnéis nó tugann sí faisnéis neamhiomlán nó mhíchruinn maidir le comhlíonadh na hoibleagáide ceanglais cistí dílse a chomhlíonadh mar a leagtar amach in Airteagal 92 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 do na húdaráis inniúla de shárú ar Airteagal 430(1) den Rialachán sin;’;

(ii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (j):

‘(j) ní choinníonn an institiúid cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí ar bun de shárú ar Airteagal 413 nó 428b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó ní shealbhaíonn an institiúid, arís agus arís eile agus ar dhóigh leanúnach, sócmhainní leachtacha de shárú ar Airteagal 412 den Rialachán sin;’;

(iii)cuirtear isteach na pointí (r) go (ab) seo a leanas:

‘(r)ní chomhlíonann institiúid na ceanglais cistí dílse a leagtar amach in Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(s)ní chomhlíonann institiúid nó duine nádúrtha oibleagáid a d’eascair as cinneadh a d’eisigh an túdarás inniúil nó oibleagáid a d’eascair as forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2013/36/AE nó as Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(t)institiúid nach gcomhlíonann na ceanglais luacha saothair i gcomhréir le hAirteagail 92, 94 agus 95 den Treoir seo;

(u)gníomhaíonn institiúid gan cead roimh ré ón údarás inniúil i gcás ina gceanglaítear leis na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2013/36/AE nó le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar an institiúid an cead sin a fháil roimh ré nó fuair an institiúid an cead sin ar bhonn a ráitis bhréagaigh féin nó ní chomhlíonann an institiúid na coinníollacha faoinar tugadh an cead sin;

(v)ní chomhlíonann institiúid na ceanglais i ndáil le comhdhéanamh, coinníollacha, coigeartuithe agus asbhaintí a bhaineann le cistí dílse mar a leagtar amach i gCuid a Dó de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(w)ní chomhlíonann institiúid na ceanglais i ndáil lena risíocht mhór ar chliant nó ar ghrúpa cliant nasctha a leagtar amach i gCuid a Ceathair de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(x)ní chomhlíonann institiúid na ceanglais i ndáil le ríomh an chóimheasa luamhánaithe, lena náirítear cur i bhfeidhm na maoluithe a leagtar amach i gCuid a Seacht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(y)ní thuairiscíonn institiúid faisnéis nó tugann sí faisnéis neamhiomlán nó mhíchruinn do na húdaráis inniúla i ndáil leis na sonraí dá dtagraítear in Airteagail 430(1), (2) agus (3) agus in Airteagail 430a agus 430b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(z)ní chomhlíonann institiúid na ceanglais bailithe sonraí agus rialachais a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal III, Caibidil 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(aa)ní chomhlíonann institiúid na ceanglais i ndáil le ríomh na méideanna risíochta priacalbhunaithe nó na ceanglais cistí dílse nó ní bhíonn na socruithe rialachais i bhfeidhm aici a leagtar amach i gCuid a Trí, Teidil II go VI de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(ab)ní chomhlíonann institiúid na ceanglais i ndáil le ríomh an chóimheasa cumhdaigh ar leachtacht nó an chóimheasa glanchistiúcháin chobhsaí mar a leagtar amach i gCuid a Sé, Teideal I agus Teideal IV de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus an gníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) den Rialachán sin.’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2. Áiritheoidh na Ballstáit sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 go n‑áireofar na nithe seo a leanas ar a laghad sna bearta is féidir a chur i bhfeidhm:

(a)pionóis riaracháin:

(i)i gcás duine dlítheanach, pionóis riaracháin airgid suas le 10 % de ghlanláimhdeachas bliantúil iomlán an ghnóthais;

(ii)i gcás duine nádúrtha, pionóis riaracháin airgid suas le EUR 5 000 000, nó, sna Ballstáit nach é an Euro an tairgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 17 Iúil 2013;

(iii)pionóis riaracháin airgid suas le dhá oiread na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú, i gcásanna inar féidir iad sin a chinneadh;

(b)íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla:

(i)i gcás duine dlítheanach, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla suas le 5 % den mheánláimhdeachas laethúil, a mbeidh oibleagáid ar an duine dlítheanach a íoc in aghaidh an lae den sárú, i gcás sárú leanúnach, go dtí go gcomhlíonfar an oibleagáid arís, agus ar féidir iad a fhorchur ar feadh tréimhse suas le 6 mhí ón dáta a leagtar síos sa chinneadh lena gceanglaítear deireadh a chur le sárú agus lena bhforchuirtear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil. Is éard a bheidh sa mheánláimhdeachas laethúil dá dtagraítear sa mhír seo, an glanláimhdeachas bliantúil iomlán arna roinnt ar 365.

(ii)i gcás duine nádúrtha, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla suas le EUR 500 000, a mbeidh oibleagáid ar an duine nádúrtha a íoc in aghaidh an lae den sárú, i gcás sárú leanúnach, go dtí go gcomhlíonfar an oibleagáid arís, agus ar féidir iad a fhorchur ar feadh tréimhse suas le 6 mhí ón dáta a leagtar síos sa chinneadh lena gceanglaítear deireadh a chur le sárú agus lena bhforchuirtear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil;

(c)bearta eile riaracháin:

(i)ráiteas poiblí lena sainaithnítear an duine nádúrtha, an institiúid, an chuideachta sealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, an máthairghnóthas idirmheánach atá freagrach agus cineál an tsáraithe;

(ii)ordú ina gceanglaítear ar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach scor den iompar agus staonadh ón iompar sin a dhéanamh an athuair;

(iii)i gcás institiúide, tarraingt siar údarú na hinstitiúide i gcomhréir le hAirteagal 18;

(iv)faoi réir Airteagal 65 (2), bac sealadach nó críochnaitheach ar chomhalta de chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide nó aon duine nádúrtha eile a bhreithnítear freagrach as an sárú d’fheidhmeanna a fheidhmiú san institiúid;

(v)cearta vótála an scairshealbhóra nó na scairshealbhóirí a bhreithnítear freagrach as na sáruithe dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fionraí.’;

(c)cuirtear isteach na hAirteagail 3 agus 4 seo a leanas:

‘3. Beidh an glanláimhdeachas bliantúil iomlán dá dtagraítear i mír 2, pointí (a)(i) agus (b)(i), den Airteagal seo cothrom leis an táscaire gnó a leagtar amach in Airteagal 314 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Chun críoch an Airteagail seo, déanfar an táscaire gnó a ríomh ar bhonn na faisnéise airgeadais maoirseachta bliantúla is déanaí atá ar fáil, ach amháin má tá an toradh cothrom le nialas nó má tá an toradh diúltach. Má tá an toradh cothrom le nialas nó má tá an toradh diúltach, is éard a bheidh mar bhonn don ríomh ná an fhaisnéis airgeadais mhaoirseachta bhliantúil is déanaí roimhe sin, a sholáthraíonn táscaire os cionn nialais. I gcás inar cuid de ghrúpa an gnóthas lena mbaineann, is éard a bheidh sa ghlanláimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha ná an glanláimhdeachas bliantúil iomlán a thiocfaidh as cuntas comhdhlúite an mháthairghnóthais deiridh.

4. Is éard a bheidh sa mheánláimhdeachas laethúil dá dtagraítear i mír (2), pointe (b)(i), an glanláimhdeachas bliantúil iomlán dá dtagraítear i mír 3 arna roinnt ar 365.’

(11)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 70:

‘Airteagal 70
Pionós riaracháin a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus cumhachtaí chun pionóis a fhorchur a fheidhmiú ag údaráis inniúla

1. Áiritheoidh na Ballstáit, agus cineál agus leibhéal na bpionós riaracháin nó na mbeart riaracháin eile á gcinneadh acu, go gcuirfidh na húdaráis inniúla san áireamh na cúinsí ábhartha go léir, lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, na nithe seo a leanas:

(a)tromchúis agus fad an tsáraithe;

(b)méid freagrachta an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú;

(c)láidreacht airgeadais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú, mar a léirítear, lena náirítear le láimhdeachas iomlán duine dhlítheanaigh nó le hioncam bliantúil duine nádúrtha;

(d)tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú nó tábhacht na gcaillteanas a sheachain an duine sin, a mhéid is féidir iad a chinneadh;

(e)caillteanais tríú páirtithe de dheasca an tsáraithe, a mhéid is féidir iad a chinneadh;

(f)leibhéal comhair an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú leis an údarás inniúil;

(g)sáruithe a rinne an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú roimhe sin;

(h)aon iarmhairt shistéamach a d’fhéadfadh a bheith ann de thoradh an tsáraithe.

(i)cur i bhfeidhm pionós coiriúil roimhe seo ar an duine nádúrtha nó dlítheanach céanna atá freagrach as an sárú céanna.

2. Oibreoidh na húdaráis inniúla i ndlúthchomhar agus a gcumhachtaí chun pionóis a fhorchur á bhfeidhmiú acu chun a áirithiú go mbeidh de thoradh ar na pionóis na torthaí sin a shaothraítear leis an Treoir seo. Déanfaidh siad a ngníomhartha a chomhordú freisin chun carnadh agus forluí a chosc agus pionóis agus bearta riaracháin á gcur i bhfeidhm ar chásanna trasteorann. Oibreoidh na húdaráis inniúla i ndlúthchomhar leis na húdaráis bhreithiúnacha agus iad ag plé leis na cásanna céanna.

3. Féadfaidh na húdaráis inniúla pionóis a fhorchur i ndáil leis an duine nádúrtha nó dlítheanach céanna atá freagrach as na gníomhartha nó na neamhghníomhartha céanna i gcás ina bhfuil carnadh imeachtaí agus pionós riaracháin agus coiriúil ann mar phionós ar an sárú céanna. Mar sin féin, beidh carnadh imeachtaí agus pionós den sórt sin fíor-riachtanach agus comhréireach chun cuspóirí difriúla agus comhlántacha leasa ghinearálta a shaothrú. Beidh déine na bpionós agus na mbeart eile riaracháin ar fad a fhorchuirtear i gcás carnadh imeachtaí riaracháin agus coiriúla teoranta dá bhfuil riachtanach i bhfianaise thromchúis an tsáraithe lena mbaineann. Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha soiléire agus beachta maidir leis na himthosca ina bhféadfadh gníomhartha nó/agus neamhghníomhartha a bheith faoi réir carnadh imeachtaí agus pionós riaracháin agus coiriúil den sórt sin.

4. Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha lena bhforáiltear maidir le comhar iomlán idir na húdaráis inniúla agus na húdaráis bhreithiúna chun nasc sách dlúth ó thaobh ábhair agus ama de a áirithiú idir na himeachtaí riaracháin agus na himeachtaí coiriúla.

5. Faoin 18 Iúil 2029. cuirfidh ÚBE tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an gcomhar idir na húdaráis inniúla agus na húdaráis bhreithiúna i gcomhthéacs pionóis riaracháin a chur i bhfeidhm. Thairis sin, déanfaidh ÚBE measúnú ar aon difríocht maidir le cur i bhfeidhm na bpionós idir na húdaráis inniúla i dtaca leis sin. Déanfaidh ÚBE an méid a leanas a mheas go háirithe:

(a)an leibhéal comhair idir na húdaráis inniúla agus na húdaráis bhreithiúnacha i gcomhthéacs chur i bhfeidhm na bpionós;

(b)an leibhéal comhair idir na húdaráis inniúla i gcomhthéacs na bpionós is infheidhme i leith cásanna trasteorann nó i gcás carnadh imeachtaí riaracháin agus coiriúla;

(c)cur i bhfeidhm agus leibhéal cosanta an phrionsabail ne bis in idem maidir le pionóis riaracháin agus choiriúla na mBallstát;

(d)cur i bhfeidhm phrionsabal na comhréireachta nuair a fhorchuirtear an dá phionós i gcás carnadh imeachtaí riaracháin agus coiriúla;

(e)an malartú faisnéise idir na húdaráis inniúla agus iad ag déileáil le cásanna trasteorann.’;

(12)in Airteagal 73, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Beidh straitéisí agus próisis fhónta, éifeachtacha agus chuimsitheacha i bhfeidhm ag na hinstitiúidí chun measúnú a dhéanamh ar bhonn leanúnach ar mhéideanna, cineálacha agus dáileadh caipitil inmheánaigh a mheasann siad a bheith leordhóthanach chun cineál agus leibhéal na bpriacal ar a bhfuil siad ar ris nó ar a bhféadfaidís a bheith ar ris a chumhdach thar thréimhsí ama gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha, lena n‑áirítear priacail chomhshaoil, shóisialta agus rialachais, agus chun méideanna, cineálacha agus dáileadh an chaipitil inmheánaigh sin a choinneáil ar bun.’;”

(13)in Airteagal 74, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Beidh socruithe láidre rialachais ag institiúidí, lena n‑áirítear:

(a)struchtúr soiléir eagraíochtúil ina mbeidh freagrachtaí dea-shainithe trédhearcacha comhsheasmhacha;

(b)próisis éifeachtacha chun na priacail ar a bhfuil siad ar ris nó ar a bhféadfaidís a bheith ar ris thar thréimhsí ama gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha a shainaithint, a bhainistiú, a thuairisciú agus faireachán a dhéanamh orthu;

(c)sásraí leormhaithe rialaithe inmheánaigh, lena náirítear nósanna imeachta fónta riaracháin agus cuntasaíochta;

(d)beartais agus cleachtais luacha saothair atá comhsheasmhach le bainistiú priacal fónta éifeachtach agus a chuireann é sin chun cinn.

Beidh na beartais agus na cleachtais luacha saothair dá dtagraítear sa chéad fhomhír inscne-neodrach.’;

(14)Leasaítear Airteagal 76 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanann an comhlacht bainistíochta formheas agus, ar a laghad gach dhá bhliain, athbhreithniú ar na straitéisí agus ar na polasaithe chun na priacail ar a bhfuil an institiúid ar ris nó ar a bhféadfadh sí a bheith ar ris a ghlacadh, a bhainistiú, faireachán a dhéanamh orthu agus a mhaolú, lena n‑áirítear na priacail a bhaineann leis an timpeallacht mhaicreacnamaíoch ina bhfeidhmíonn sí i ndáil le stádas an timthrialla gnó, agus na priacail sin a eascraíonn as tionchair ghearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais.’;

(b)i mír 2, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

‘Áiritheoidh na Ballstáit go bhforbraíonn an comhlacht bainistíochta pleananna sonracha agus spriocanna inchainníochtaithe chun faireachán a dhéanamh agus chun aghaidh a thabhairt ar na priacail a eascraíonn sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma as mí‑ailíniú shamhail ghnó agus straitéis na n‑institiúidí, le cuspóirí beartais ábhartha an Aontais nó treochtaí aistrithe níos leithne i dtreo geilleagar inbhuanaithe i ndáil le tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais.’;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5. I gcomhréir le ceanglas na comhréireachta a leagtar síos in Airteagal 7(2) de Threoir 2006/73/CE ón gCoimisiún*11, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil feidhmeanna rialaithe inmheánaigh ag institiúidí, ar feidhmeanna iad atá neamhspleách ar na feidhmeanna oibríochtúla agus a mbeidh dóthain údaráis, stádais, acmhainní agus rochtain acu ar an gcomhlacht bainistíochta.

Áiritheoidh na Ballstáit go n‑áiritheofar leis na feidhmeanna rialaithe inmheánaigh go ndéanfar na priacail ábhartha ar fad a shainaithint, a thomhas agus a thuairisciú i gceart. Áiritheoidh siad go mbeidh páirt ghníomhach ag na feidhmeanna rialaithe inmheánaigh i bhforbairt straitéis priacal na hinstitiúide agus sna cinntí ábhartha uile maidir le bainistiú priacal agus go mbeidh na feidhmeanna rialaithe inmheánaigh in ann léargas iomlán a thabhairt ar raon iomlán priacal na hinstitiúide.

Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir leis an bhfeidhm rialaithe inmheánaigh tuairisc dhíreach a thabhairt don chomhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta, neamhspleách ar chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta ina fheidhm bainistíochta nó bainistíocht shinsearach, agus gur féidir léi ábhair imní a tharraingt anuas agus foláireamh a thabhairt don chomhlacht sin, i gcás inarb iomchuí, i gcás ina ndéanfaidh forbairtí sonracha priacail difear don institiúid nó ina bhféadfadh siad difear a dhéanamh don institiúid, gan dochar do fhreagrachtaí an chomhlachta bainistíochta de bhun na Treorach seo agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Bainisteoirí sinsearacha neamhspleácha a bheidh i gceannairí na bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh agus beidh freagracht ar leith orthu i dtaca le bainistiú priacal, comhlíontacht agus feidhmeanna iniúchóireachta inmheánaí. I gcás nach dtugtar údar le cineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí na hinstitiúide le duine sonrach a cheapadh i gcomhair gach ceann de na feidhmeanna rialaithe inmheánaigh, féadfaidh duine sinsearach eile laistigh den institiúid na freagrachtaí i dtaca leis na feidhmeanna sin a nascadh, ar choinníoll nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann.

Ní chuirfear ceannairí na bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh as oifig gan formheas a fháil roimh ré ón gcomhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta agus beidh siad in ann rochtain dhíreach a bheith acu ar an gcomhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta i gcás inar gá.

________

*11    Treoir 2006/73/CE ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2006 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais eagraíochtúla agus coinníollacha oibriúcháin le haghaidh gnólachtaí infheistíochta agus téarmaí sainithe chun críocha na Treorach sin (IO L 241, 2.9.2006, lch. 26).’;

(15)Leasaítear Airteagal 78 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

Tagarmharcáil mhaoirseachta a dhéanamh ar chuir chuige chun ceanglais cistí dílse a ríomh’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Áiritheoidh na húdaráis inniúla na nithe seo a leanas go léir:

(a)institiúidí a bhfuil cead acu cuir chuige inmheánacha a úsáid chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal nó ceanglais cistí dílse a ríomh, go dtugann siad tuairisc faoi thorthaí a gcuid ríomhanna le haghaidh a risíochtaí nó staideanna a áirítear sna punanna tagarmharcála;

(b)institiúidí a úsáideann an cur chuige caighdeánaithe malartach a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, go dtugann siad tuairisc faoi thorthaí a gcuid ríomhanna le haghaidh a risíochtaí nó staideanna a áirítear sna teimpléid tagarmharcála;

(c)institiúidí a bhfuil cead acu cuir chuige inmheánacha a úsáid faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, chomh maith le hinstitiúidí móra a chuireann an cur chuige caighdeánaithe i bhfeidhm faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2 den Rialachán sin, go dtugann siad tuairisc faoi thorthaí ríomhanna na gcur chuige a úsáideadh chun méid na gcaillteanas creidmheasa ionchasach a chinneadh le haghaidh a risíochtaí nó staideanna a áirítear sna teimpléid tagarmharcála, i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(i)ullmhaíonn institiúidí a gcuntais i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002;

(ii)déanann institiúidí luacháil na sócmhainní agus na nítimí lasmuigh den chlár comhardaithe agus cinneadh faoina gcistí dílse i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta de bhun Airteagal 24(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(iii)déanann institiúidí luacháil ar shócmhainní agus ar ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe i gcomhréir le caighdeáin chuntasaíochta faoi Threoir 86/635/CEE*12 agus baineann siad úsáid as samhail le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha atá ar aon dul leis an gceann a úsáideadh sna caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002.

Cuirfidh na hinstitiúidí torthaí a gcuid ríomhanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír mar aon le míniú ar na modheolaíochtaí a úsáideadh chun iad a chur ar fáil agus aon fhaisnéis cháilíochtúil, mar a d’iarr ÚBE, ar féidir leo tionchar na ríomhanna sin ar cheanglais cistí dílse a mhíniú, cuirfidh na hinstitiúidí faoi bhráid na n‑údarás inniúil iad go bliantúil ar a laghad, ach beidh an fhéidearthacht ann go ndéanfaidh ÚBE an beart go débhliantúil tar éis don bheart a bheith déanta cúig huaire.

(c)leasaítear mír 3 mar a leanas:

(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘Déanfaidh údaráis inniúla faireachán, de bhun na faisnéise a chuireann institiúidí isteach i gcomhréir le mír 1, ar raon na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal nó ceanglais cistí dílse, de réir mar is infheidhme, le haghaidh na risíochtaí nó na n‑idirbheart sa phunann tagarmharcála a eascraíonn as cuir chuige na n‑institiúidí sin. Déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar cháilíocht na gcur chuige sin ag an minicíocht dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, agus tabharfar aird ar leith ar:’;

(ii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Cuirfidh ÚBE tuarascáil i dtoll a chéile chun cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla agus measúnú á dhéanamh acu ar cháilíocht na gcur chuige bunaithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2.’;

(d)i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

‘Áiritheoidh na húdaráis inniúla go gcomhlíonfaidh a gcinntí ar oiriúnacht na ngníomhaíochtaí ceartaitheacha dá dtagraítear i mír 4 an prionsabal nach mór go gcoinneofaí ar bun leis na gníomhaíochtaí sin cuspóirí na gcur chuige laistigh de raon feidhme an Airteagail seo agus dá bhrí sin nach ndéanann siad:’;

(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.    Féadfaidh ÚBE treoirlínte agus moltaí a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 i gcás ina measann sé go bhfuil gá leo ar bhonn na faisnéise agus na measúnuithe dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo chun feabhas a chur ar chleachtais mhaoirseachta nó cleachtais institiúidí maidir leis na cuir chuige laistigh de raon feidhme na tagarmharcála maoirseachta.’;

(f)leasaítear mír 8 mar a leanas:

(i)sa chéad fhomhír, cuirtear isteach an pointe (c) seo a leanas:

‘(c) liosta na n‑institiúidí móra dá dtagraítear i mír 1, pointe (c).’;

(ii)cuirtear isteach an dara fomhír seo a leanas:

‘Chun críocha phointe (c), cuirfidh ÚBE breithnithe comhréireachta san áireamh agus liosta na n‑institiúidí móra á gcinneadh aige.’;

_______

*12    Treoir 86/635/CEE ón gComhairle an 8 Nollaig 1986 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite banc agus institiúidí airgeadais eile (IO L 372, 31.12.1986, lch. 1).

(16)leasaítear mír 1 d’Airteagal 85 mar a leanas:

“1. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go gcuirfidh institiúidí chun feidhme beartais agus próisis chun meastóireacht agus bainistiú a dhéanamh ar risíochtaí ar phriacal oibriúcháin, lena n‑áirítear priacail a eascraíonn as seachfhoinsiú, agus chun teagmhais ard‑déine ísealmhinicíochta a chumhdach. Cuirfidh institiúidí in iúl cad é atá i gceist le priacal oibriúcháin chun críocha na mbeartas agus na nósanna imeachta sin.”

(17)cuirtear isteach Airteagal 87a nua:

‘Airteagal 87a
Priacail chomhshaoil, shóisialta agus rialachais

1. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go bhfuil straitéisí, beartais, próisis agus córais láidre ag institiúidí chun priacail chomhshaoil, shóisialta agus rialachais a shainaithint, a thomhas, a bhainistiú agus chun faireachán a dhéanamh orthu thar thacar iomchuí thréimhsí ama, mar chuid dá socruithe rialachais láidre, lena n‑áirítear creat bainistíochta priacal a éilítear faoi Airteagal 74(1).

2. Beidh na straitéisí, na beartais, na próisis agus na córais dá dtagraítear i mír 1 comhréireach le scála, cineál agus castacht phriacail chomhshaoil, shóisialta agus rialachais na samhla gnó agus raon feidhme ghníomhaíochtaí na hinstitiúide, agus cuirfear san áireamh tréimhse ghearrthéarmach, mheántéarmach agus fhadtéarmach 10 mbliana ar a laghad.

3. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go ndéanfaidh institiúidí tástáil ar a n‑athléimneacht in aghaidh tionchair dhiúltacha fhadtéarmacha tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais i gcásanna bunlíne agus i ndroch‑chásanna laistigh de thréimhse ama ar leith, agus tosca a bhaineann leis an gcomhshaol mar thúsphointe acu. I dtaca leis an tástáil, áiritheoidh na húdaráis inniúla go gcuirfidh na hinstitiúidí san áireamh roinnt cásanna comhshaoil, sóisialta agus rialachais a léiríonn na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag athruithe comhshaoil agus sóisialta agus ag beartais phoiblí chomhlachaithe ar an timpeallacht ghnó fhadtéarmach.

4. Déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú agus faireachán ar fhorbairtí i gcleachtais na n‑institiúidí a bhaineann lena straitéis chomhshaoil, shóisialta agus rialachais agus lena mbainistiú priacal, lena n‑áirítear na pleananna atá le hullmhú i gcomhréir le hAirteagal 76, chomh maith leis an dul chun cinn a rinneadh agus na priacail chun a samhlacha gnó a oiriúnú do chuspóirí beartais ábhartha an Aontais nó treochtaí aistrithe níos leithne i dtreo geilleagar inbhuanaithe, agus aird á tabhairt ar tháirgí a chur ar fáil a bhaineann le hinbhuanaitheacht, beartais airgeadais aistrithe, beartais ghaolmhara maidir le tionscnamh iasachtaí, agus spriocanna agus teorainneacha comhshaoil, sóisialta agus rialachais gaolmhara.

5. Eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, chun na nithe seo a leanas a shonrú:

(a)íoschaighdeáin agus modheolaíochtaí tagartha chun priacail chomhshaoil, shóisialta agus rialachais a shainaithint, a thomhas agus a bhainistiú, agus chun faireachán a dhéanamh orthu;

(b)ábhar na bpleananna atá le hullmhú i gcomhréir le hAirteagal 76, lena náireofar amlínte sonracha agus spriocanna agus garspriocanna inchainníochtaithe idirmheánacha, chun aghaidh a thabhairt ar na priacail a eascraíonn as míailíniú shamhail ghnó agus straitéis na ninstitiúidí le cuspóirí beartais ábhartha an Aontais, nó treochtaí aistrithe níos leithne i dtreo geilleagar inbhuanaithe i ndáil le tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais;

(c)critéir cháilíochtúla agus chainníochtúla chun measúnú a dhéanamh ar thionchar priacal comhshaoil, sóisialta agus rialachais ar chobhsaíocht airgeadais institiúidí sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma;

(d)critéir chun na cásanna agus na modhanna dá dtagraítear i mír 3 a leagan síos, lena náirítear na paraiméadair agus na toimhdí a úsáidfear i ngach ceann de na cásanna agus priacail shonracha.

Eiseoidh ÚBE na treoirlínte sin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo]. Tabharfaidh ÚBE na treoirlínte sin cothrom le dáta go tráthrialta, chun léiriú a thabhairt ar an dul chun cinn a rinneadh ó thaobh tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais a thomhas agus a bhainistiú, chomh maith leis na forbairtí ar chuspóirí beartais an Aontais maidir le hinbhuanaitheacht.’;

(18)Leasaítear Airteagal 88 mar a leanas:

(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e)ní fhéadfaidh cathaoirleach an chomhlachta bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta ar institiúid feidhmeanna príomhoifigigh feidhmiúcháin a fheidhmiú go comhuaineach laistigh den institiúid chéanna.’;

(b)in Airteagal 88, cuirtear isteach an mhír 3 seo a leanas:

‘3. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis ráitis aonair a tharraingt suas, a choinneáil ar bun agus a thabhairt cothrom le dáta ina leagfar amach róil agus dualgais gach comhalta den chomhlacht bainistíochta, den bhainistíocht shinsearach agus sealbhóirí príomhfheidhme, agus mapáil dualgas, lena n‑áirítear mionsonraí ar na línte tuairiscithe agus na línte freagrachta, agus na daoine atá páirteach sna socruithe rialachais dá dtagraítear in Airteagal 74 (1) agus a gcuid dualgas a d’fhormheas an comhlacht bainistíochta.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear ar fáil agus go gcuirfear in iúl na ráitis dualgas agus an mhapáil ar dhualgais in am trátha, arna n‑iarraidh sin, do na húdaráis inniúla.

Eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, chun cur chun feidhme na míre seo agus a cur i bhfeidhm comhsheasmhach a áirithiú. Eiseoidh ÚBE na treoirlínte sin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo].’

(19)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 91:

‘Airteagal 91
Critéir oiriúnachta le haghaidh comhaltaí de chomhlacht bainistíochta na neintiteas

1. Is ar institiúidí agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha, mar a formheasadh de bhun Airteagal 21a(1), (“na heintitis”), a bheidh an phríomhfhreagracht as a áirithiú go bhfuil dea-chlú i gcónaí ar chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus go bhfuil eolas, scileanna agus taithí leormhaith acu chun a ndualgais a chur i gcrích agus chun na ceanglais a leagtar amach i míreanna 2 go 8 den Airteagal seo a chomhlíonadh.

Fíoróidh na húdaráis inniúla go háirithe an gcomhlíontar na critéir agus na ceanglais a leagtar amach sa chéad fhomhír den Airteagal seo go fóill i gcás ina bhfuil forais réasúnacha acu a cheapadh go bhfuil sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta de réir bhrí Airteagal 1 de Threoir (AE) 2015/849 á dhéanamh nó go ndearnadh a leithéid nó go ndearnadh iarracht a leithéid a dhéanamh, nó go bhfuil riosca méadaithe ina leith i ndáil leis an institiúid sin.

2. Caithfidh gach comhalta den chomhlacht bainistíochta dóthain ama chun a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh sna heintitis.

3. Gníomhóidh gach comhalta den chomhlacht bainistíochta go macánta, go hionraic agus le neamhspleáchas intinne chun cinntí na bainistíochta sinsearaí a mheasúnú agus a cheistiú go héifeachtach i gcás inar gá agus chun maoirseacht agus faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chinnteoireacht na bainistíochta. Ní bac ann féin é ar ghníomhú le neamhspleáchas intinne a bheith mar chomhalta de chomhlacht bainistíochta institiúide creidmheasa atá cleamhnaithe go buan le comhlacht lárnach.

4. Beidh an t‑eolas, na scileanna agus an taithí chomhchoiteann ag an gcomhlacht bainistíochta chun tuiscint leormhaith a bheith aige ar ghníomhaíochtaí na hinstitiúide, chomh maith leis na priacail ar a bhfuil sí ar ris, sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, agus aird á tabhairt ar na tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais. Beidh comhdhéanamh foriomlán an chomhlachta bainistíochta ina léiriú ar réimse leathan leordhóthanach taithí.

5. Cuirfear san áireamh sa líon stiúrthóireachtaí ar féidir le comhalta den chomhlacht bainistíochta a shealbhú go comhuaineach imthosca aonair agus cineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí na hinstitiúide. Ach amháin i gcás ina ndéanann comhaltaí an chomhlachta bainistíochta ionadaíocht ar leasanna Ballstáit, ón 1 Iúil 2014, ní shealbhóidh comhaltaí an chomhlachta bainistíochta in institiúid atá mór i dtéarmaí a méide, a eagrúcháin inmheánaigh, a cineáil, agus raon feidhme agus chastacht a gníomhaíochtaí, níos mó ná ceann amháin de na teaglamaí seo a leanas de stiúrthóireachtaí go comhuaineach:

(a)stiúrthóireacht feidhmiúcháin amháin le dhá stiúrthóireacht neamhfheidhmiúcháin;

(b)ceithre stiúrthóireacht neamhfheidhmiúcháin.

6. Chun críocha mhír 5, áireofar mar stiúrthóireacht amháin na nithe seo a leanas:

(a)stiúrthóireachtaí feidhmiúcháin nó neamhfheidhmiúcháin a shealbhaítear laistigh den ghrúpa céanna.

(b)stiúrthóireachtaí feidhmiúcháin nó neamhfheidhmiúcháin a shealbhaítear laistigh de cheachtar de na nithe seo a leanas:

(i)institiúidí ar comhaltaí iad den scéim cosanta institiúideach chéanna ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 113(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(ii)gnóthais, lena náirítear eintitis neamhairgeadais, a bhfuil sealúchas cáilitheach ag an institiúid iontu.

Chun críocha phointe (a) den mhír seo, ciallaíonn grúpa grúpa gnóthas a bhfuil baint acu lena chéile mar a leagtar amach in Airteagal 22 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*13.

7. Ní chuirfear san áireamh chun críocha mhír 5 stiúrthóireachtaí in eagraíochtaí nach saothraíonn cuspóirí tráchtála den chuid is mó.

8. Féadfaidh na húdaráis inniúla comhaltaí den chomhlacht bainistíochta a údarú chun stiúrthóireacht neamhfheidhmiúcháin amháin a shealbhú anuas ar na stiúrthóireachtaí dá dtagraítear i mír 5, pointí (a) agus (b).

9. Úsáidfidh eintitis acmhainní leordhóthanacha daonna agus airgeadais chun ionduchtú a dhéanamh le comhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus chun oiliúint a chur orthu.

10. Ceanglóidh na Ballstáit nó na húdaráis inniúla ar eintitis agus ar a gcoistí ainmniúcháin faoi seach, i gcás ina bhfuil siad sin bunaithe, sraith leathan cáilíochtaí agus inniúlachtaí a ghlacadh agus comhaltaí á n‑earcú acu le haghaidh an chomhlachta bainistíochta agus chun na críche sin beartas a chur i bhfeidhm lena gcuirfear éagsúlacht chun cinn sa chomhlacht bainistíochta.

11. Baileoidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis a nochtar i gcomhréir le hAirteagal 435(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus úsáidfidh siad an fhaisnéis sin chun cleachtais éagsúlachta a thagarmharcáil. Soláthróidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis sin do ÚBE. Úsáidfidh ÚBE an fhaisnéis sin chun cleachtais éagsúlachta a thagarmharcáil ar leibhéal an Aontais.

12. Eiseoidh ÚBE treoirlínte maidir leis an méid seo a leanas:

(a)an coincheap de chomhalta den chomhlacht bainistíochta dóthain ama a chaitheamh chun a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh, i ndáil leis na himthosca aonair agus le cineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí na hinstitiúide;

(b)na coincheapa de mhacántacht, ionracas agus neamhspleáchas intinne comhalta den chomhlacht bainistíochta dá dtagraítear i mír 3;

(c)an coincheap d’eolas, scileanna agus taithí chomhchoiteann leormhaith an chomhlachta bainistíochta dá dtagraítear i mír 4;

(d)an coincheap d’acmhainní leordhóthanacha daonna agus airgeadais atá tiomanta d’ionduchtú a dhéanamh le comhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus d’oiliúint a chur orthu dá dtagraítear i mír 9;

(e)coincheap na héagsúlachta atá le cur san áireamh agus comhaltaí an chomhlachta bainistíochta á roghnú dá dtagraítear i mír 10;

Eiseoidh ÚBE na treoirlínte sin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo].

13. Beidh an tAirteagal seo agus Airteagail 91a go 91d gan dochar d’fhorálacha na mBallstát maidir le hionadaíocht na bhfostaithe sa chomhlacht bainistíochta.’;

_______

*13    Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013)

(20)cuirtear isteach na hAirteagail 91a go 91d seo a leanas:

‘Airteagal 91a
Measúnú oiriúnachta na neintiteas ar chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta

1. Áiritheoidh na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 91(1) go gcomhlíonann comhaltaí den chomhlacht bainistíochta na critéir agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 91(1) go (8) i gcónaí.

2. Déanfaidh na heintitis measúnú ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta sula nglacfaidh na comhaltaí sin lena bpost. I gcás ina gcinneann na heintitis, bunaithe ar an measúnú oiriúnachta, nach gcomhlíonann an comhalta lena mbaineann na critéir agus na ceanglais a leagtar amach i mír 1, áiritheoidh na heintitis nach nglacfaidh an comhalta lena mbaineann an post faoi chaibidil.

I gcás ina bhfuil sé fíor-riachtanach duine nua a chur in ionad comhalta den chomhlacht bainistíochta láithreach, áfach, féadfaidh na heintitis oiriúnacht na gcomhaltaí ionaid sin a mheasúnú tar éis dóibh a bpost a ghlacadh. Beidh na heintitis in ann údar cuí a thabhairt le hionadú láithreach den chineál sin.

3. Áiritheoidh na heintitis go leanfaidh an fhaisnéis maidir le hoiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta de bheith cothrom le dáta. I gcás ina n‑iarrtar amhlaidh, cuirfidh na heintitis an fhaisnéis sin in iúl do na húdaráis inniúla.

4. Na heintitis a dhéanann athnuachan ar shainordú chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta, cuirfidh siad na húdaráis inniúla ar an eolas i scríbhinn laistigh de 15 lá oibre ó dháta athnuaite an tsainordaithe sin.

Airteagal 91b 
Measúnú oiriúnachta na núdarás inniúil ar chomhaltaí chomhlacht bainistíochta na neintiteas

1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla a mheasúnú an gcomhlíonann comhaltaí chomhlacht bainistíochta na n‑eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 91(1) na critéir agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 91(1) go (8) i gcónaí.

2. I gcomhair an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh na heintitis iarratas tosaigh chomhalta ábhartha an chomhlachta bainistíochta faoi bhráid na n‑údarás inniúil gan moill míchuí tar éis don mheasúnú inmheánach oiriúnachta a bheith curtha i gcrích. Gabhfaidh an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá leis an iarratas sin chun go mbeidh na húdaráis inniúla in ann an measúnú oiriúnachta a dhéanamh go héifeachtach.

3. Admhóidh na húdaráis inniúla i scríbhinn go bhfuil an t‑iarratas agus an doiciméadacht a éilítear i gcomhréir le mír 2 faighte acu laistigh de 2 lá oibre.

Cuirfidh na húdaráis inniúla an measúnú dá dtagraítear i mír 1 i gcrích laistigh de 80 lá oibre (‘an tréimhse mheasúnaithe’) amhail ó dháta na hadmhála i scríbhinn dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

4. Féadfaidh údaráis inniúla a iarrann tuilleadh faisnéise nó doiciméadachta, lena n‑áirítear agallaimh nó éisteachtaí, ó na heintitis, síneadh 40 lá oibre ar a mhéad a chur leis an tréimhse mheasúnaithe. Ní bheidh an tréimhse mheasúnaithe níos faide ná 120 lá oibre, áfach. Déanfar iarraidh ar thuilleadh faisnéise nó doiciméadachta i scríbhinn agus beidh an iarraidh sonrach. Admhóidh na heintitis go bhfuil iarraidh ar fhaisnéis bhreise nó ar dhoiciméadacht bhreise faighte acu laistigh de 2 lá oibre, agus soláthróidh siad an fhaisnéis bhreise nó an doiciméadacht bhreise a iarradh laistigh de 10 lá oibre amhail ó dháta na hadmhála i scríbhinn i dtaobh na hiarrata ó na húdaráis inniúla.

5. Chomh luath agus a bheidh na heintitis nó an comhalta ábhartha den chomhlacht bainistíochta ar an eolas faoi aon fhíoras nua nó faoi aon cheist eile a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’oiriúnacht an chomhalta den chomhlacht bainistíochta, cuirfidh na heintitis na húdaráis inniúla ábhartha ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí.

6. Ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla athmheasúnú ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta nuair a dhéantar athnuachan ar a sainordú, ach amháin má tháinig athrú ar fhaisnéis ábhartha a bhfuil na húdaráis inniúla ar an eolas fúithi agus dá bhféadfadh an t‑athrú sin difear a dhéanamh d’oiriúnacht an chomhalta lena mbaineann.

7. I gcás nach gcomhlíonann comhaltaí an chomhlachta bainistíochta na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 91(1) go (8) i gcónaí nó i gcás nach gcomhlíonann na heintitis na hoibleagáidí agus nach gcloíonn siad leis na sprioc-amanna a leagtar síos i míreanna 2 nó 4 den Airteagal seo, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na cumhachtaí is gá ag na húdaráis inniúla chun:

(a)cosc a chur ar na comhaltaí sin a bheith páirteach sa chomhlacht bainistíochta;

(b)na comhaltaí sin a bhaint den chomhlacht bainistíochta;

(c)ceangal a chur ar na heintitis lena mbaineann na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil an comhalta sin oiriúnach don phost lena mbaineann.

8. I gcomhréir le míreanna 1 go 7, déanfaidh na húdaráis inniúla an measúnú oiriúnachta sula nglacfaidh comhaltaí an chomhlachta bainistíochta lena bpost sna heintitis seo a leanas:

(a)máthairinstitiúid AE a cháilíonn mar institiúid mhór;

(b)an mháthairinstitiúid i mBallstát a cháilíonn mar institiúid mhór;

(c)comhlacht lárnach a cháilíonn mar institiúid mhór nó a dhéanann maoirseacht ar institiúidí móra atá cleamhnaithe leis;

(d)institiúid neamhspleách san Aontas a cháilíonn mar institiúid mhór;

(e)fochuideachta ábhartha;

(f)na máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais i mBallstát, máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha i mBallstát, máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais AE agus máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha AE, a bhfuil institiúidí móra nó fochuideachtaí ábhartha laistigh dá ngrúpa.

I gcás ina bhfuil sé fíor-riachtanach duine nua a chur in ionad comhalta den chomhlacht bainistíochta láithreach, áfach, féadfaidh na húdaráis inniúla measúnú oiriúnachta a dhéanamh ar chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta tar éis dóibh a bpost a ghlacadh. Beidh na heintitis in ann údar cuí a thabhairt le hionadú láithreach den chineál sin.

9. Chun críocha mhír 2, déanfaidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar faisnéis nó doiciméid tionlacain a cheanglaítear a chur faoi bhráid na n‑údarás inniúil chun an measúnú oiriúnachta a dhéanamh.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo].

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

10. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ar fhoirmeacha, teimpléid agus nósanna imeachta caighdeánacha chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo].

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 91c
Critéir oiriúnachta agusmeasúnú na neintiteas ar shealbhóirí príomhfheidhme

1. Is ar na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 91(1) a bheidh an phríomhfhreagracht as a áirithiú go bhfuil dea-chlú i gcónaí ar shealbhóirí príomhfheidhme, go bhfuil siad macánta, ionraic, agus go bhfuil an t‑eolas, na scileanna agus an taithí is gá acu chun a ndualgais a chur i gcrích i gcónaí.

2. I gcás ina gcinneann na heintitis, bunaithe ar an measúnú dá dtagraítear i mír 1, nach gcomhlíonann an duine na ceanglais a leagtar amach sa mhír sin, ní cheapfaidh siad an duine sin mar shealbhóir príomhfheidhme. Déanfaidh na heintitis na bearta ar fad is gá chun feidhmiú iomchuí an phoist sin a áirithiú.

3. Áiritheoidh na heintitis go bhfuil an fhaisnéis maidir le hoiriúnacht na sealbhóirí príomhfheidhme cothrom le dáta. I gcás ina n‑iarrtar amhlaidh, cuirfidh na heintitis an fhaisnéis sin in iúl do na húdaráis inniúla.

Airteagal 91d
Measúnú oiriúnachta na núdarás inniúil ar cheannairí na bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh agus ar an bpríomhoifigeach airgeadais

1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla measúnú sula nglacfaidh ceannairí na bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh agus an príomhoifigeach airgeadais a bpost an gcomhlíonann siad na critéir oiriúnachta a leagtar amach in Airteagal 91c(1), i gcás ina bhfuil na ceannairí nó an t‑oifigeach sin le ceapadh i róil sna heintitis seo a leanas:

(a)máthairinstitiúid AE a cháilíonn mar institiúid mhór;

(b)an mháthairinstitiúid i mBallstát a cháilíonn mar institiúid mhór;

(c)comhlacht lárnach a cháilíonn mar institiúid mhór nó a dhéanann maoirseacht ar institiúidí móra atá cleamhnaithe leis;

(d)institiúid neamhspleách san Aontas a cháilíonn mar institiúid mhór;

(e)fochuideachta ábhartha.

2. Le haghaidh an mheasúnaithe ar oiriúnacht cheannairí na bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh agus an phríomhoifigigh airgeadais dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh na heintitis dá dtagraítear sa mhír sin iarratas tosaigh an duine lena mbaineann faoi bhráid na n‑údarás inniúil gan moill mhíchuí tar éis don mheasúnú inmheánach oiriúnachta a bheith curtha i gcrích. Gabhfaidh an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá leis an iarratas sin chun go mbeidh na húdaráis inniúla in ann an measúnú oiriúnachta a dhéanamh go héifeachtach.

3. Admhóidh na húdaráis inniúla i scríbhinn go bhfuil an t‑iarratas agus an doiciméadacht a éilítear i gcomhréir le mír 2 faighte acu laistigh de 2 lá oibre.

Déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar oiriúnacht cheannairí na bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh agus an phríomhoifigigh airgeadais laistigh de 80 lá oibre (‘an tréimhse mheasúnaithe’) amhail ó dháta na hadmhála i scríbhinn dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

4. Údaráis inniúla a iarrann tuilleadh faisnéise nó doiciméadachta, lena n‑áirítear agallaimh nó éisteachtaí, ó na heintitis dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh siad síneadh 40 lá oibre ar a mhéad a chur leis an tréimhse mheasúnaithe. Ní bheidh an tréimhse mheasúnaithe níos faide ná 120 lá oibre, áfach. Déanfar iarraidh ar thuilleadh faisnéise nó doiciméadachta i scríbhinn agus beidh an iarraidh sonrach. Admhóidh na heintitis dá dtagraítear i mír 1 go bhfuil iarraidh ar fhaisnéis bhreise nó ar dhoiciméadacht bhreise faighte acu laistigh de 2 lá oibre, agus soláthróidh siad an fhaisnéis bhreise nó an doiciméadacht bhreise a iarradh laistigh de 10 lá oibre amhail ó dháta na hadmhála i scríbhinn i dtaobh na hiarrata ó na húdaráis inniúla.

5. Chomh luath agus a bheidh na heintitis dá dtagraítear i mír 1 nó an comhalta ábhartha den chomhlacht bainistíochta ar an eolas faoi aon fhíoras nua nó faoi aon cheist eile a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’oiriúnacht an chomhalta den chomhlacht bainistíochta, cuirfidh na heintitis dá dtagraítear sa mhír sin na húdaráis inniúla ábhartha ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí.

6. I gcás nach gcomhlíonann ceannairí na bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh agus an príomhoifigeach airgeadais na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 91c(1), nó i gcás nach gcomhlíonann na heintitis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na hoibleagáidí agus nach gcloíonn siad leis na sprioc-amanna i míreanna 2 agus 4 den Airteagal seo, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na cumhachtaí is gá ag na húdaráis inniúla chun:

(a)cosc a chur ar na ceannairí nó ar an oifigeach sin a fheidhmeanna a fheidhmiú;

(b)na ceannairí nó an toifigeach sin a bhaint;

(c)ceangal a chur ar na heintitis dá dtagraítear i mír 1 na bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil na ceannairí sin nó an toifigeach lena mbaineann oiriúnach don phost atá faoi chaibidil.

7. Chun críocha an Airteagail seo, déanfaidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar faisnéis nó doiciméid tionlacain a cheanglaítear a chur faoi bhráid na n‑údarás inniúil chun an measúnú oiriúnachta a dhéanamh.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo].

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

8. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ar fhoirmeacha, teimpléid agus nósanna imeachta caighdeánacha chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo].

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

9. Eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, lena n‑éascófar cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm comhsheasmhach na gceanglas nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 91a go 91d den Treoir seo agus cur i bhfeidhm na gcumhachtaí agus na ngníomhaíochtaí atá le déanamh ag na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 91b(7) agus 91d(6) den Treoir seo. Eiseoidh ÚBE na treoirlínte sin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].’;

(22)Leasaítear Airteagal 92 mar a leanas:

(a)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (e) agus (f):

(e)tá na baill foirne atá i mbun feidhmeanna rialaithe inmheánaigh neamhspleách ar na haonaid ghnó a ndéanann siad maoirseacht orthu, tá údarás iomchuí acu, agus tugtar luach saothair dóibh i gcomhréir le gnóthú na gcuspóirí a bhaineann lena bhfeidhmeanna, gan beann ar fheidhmíocht na réimsí gnó a rialaíonn siad;

(f)an coiste luacha saothair dá dtagraítear in Airteagal 95 a dhéanann maoirseacht dhíreach ar luach saothair na foirne sinsearaí atá i mbun feidhmeanna rialaithe inmheánaigh nó, murar bunaíodh coiste den sórt sin, is é an comhlacht bainistíochta ag gníomhú ina fheidhm mhaoirseachta a dhéanann an mhaoirseacht sin, ;

(b)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)baill foirne a bhfuil freagracht bainistíochta acu ar fheidhmeanna rialaithe inmheánaigh nó aonaid ghnó ábhartha na hinstitiúide;’;

(23)Leasaítear Airteagal 94 mar a leanas:

(a)i mír 1, pointe (g)(ii),cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chúigiú fleasc:

‘-cuirfidh an institiúid an túdarás inniúil ar an eolas, gan mhoill, faoi na cinntí a rinne a scairshealbhóirí nó a húinéirí nó a comhaltaí, lena náirítear cóimheas uasta níos airde formheasta de bhun na chéad fhomhíre den phointe seo, agus úsáidfidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis a fuarthas chun cleachtais na ninstitiúidí maidir leis sin a thagarmharcáil. Soláthróidh na húdaráis inniúla na tagarmharcanna do ÚBE agus foilseoidh ÚBE iad ar bhonn comhiomlán de réir an Bhallstáit baile i bhformáid tuairiscithe choitinn. Féadfaidh ÚBE treoirlínte a fhorbairt chun cur chun feidhme na fleisce seo a éascú agus chun comhsheasmhacht na faisnéise a bailíodh a áirithiú;’;

(b)i mír 2, an tríú fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)freagracht bainistíochta agus feidhmeanna rialála inmheánaigh;’;

(c)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)institiúid nach institiúid mhór í agus a bhfuil luach a sócmhainní ar an meán agus ar bhonn aonair i gcomhréir leis an Treoir seo agus le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 cothrom le EUR 5 bhilliún, nó níos lú ná sin, thar an tréimhse 4 bliana díreach roimh an mbliain airgeadais reatha;’;

(24)in Airteagal 98, cuirtear isteach an mhír 9 seo a leanas:

‘9. Áireofar san athbhreithniú agus sa mheastóireacht a dhéanfaidh na húdaráis inniúla an measúnú ar phróisis rialála agus bainistithe priacal na n‑institiúidí chun déileáil le priacail chomhshaoil, shóisialta agus rialachais, chomh maith le measúnú ar risíochtaí na n‑institiúidí ar phriacail chomhshaoil, shóisialta agus rialachais. Agus leordhóthanacht phróisis agus risíochtaí na n‑institiúidí á cinneadh, cuirfidh na húdaráis inniúla san áireamh samhlacha gnó na n‑institiúidí sin.’;

(25)in Airteagal 100, cuirtear isteach na míreanna 3 agus 4 seo a leanas:

‘3. Institiúidí agus aon tríú páirtí atá ag gníomhú i gcáil chomhairliúcháin d’institiúidí, staonfaidh siad ó ghníomhaíochtaí ar féidir leo cur isteach ar thástáil struis, mar shampla tagarmharcáil, malartú faisnéise eatarthu féin, comhaontuithe ar iompraíocht choiteann, nó barrfheabhsú a n‑aighneachtaí sna tástálacha struis. Gan dochar do na forálacha ábhartha eile a leagtar síos sa Treoir seo agus i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, beidh na cumhachtaí bailithe faisnéise agus imscrúdaithe ar fad is gá ag na húdaráis inniúla chun na gníomhaíochtaí sin a bhrath.

4. Tríd an gComhchoiste dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010, forbróidh ÚBE, ÚEÁPC agus ESMA treoirlínte chun a áirithiú go ndéanfar comhsheasmhacht, breithnithe fadtéarmacha agus comhchaighdeáin le haghaidh modheolaíochtaí measúnaithe a chomhtháthú i dtástáil struis ar phriacail chomhshaoil, shóisialta agus rialachais. Agus tástáil struis á déanamh ar phriacail chomhshaoil, shóisialta agus rialachais, ba cheart do na húdaráis inniúla tosca a bhaineann leis an gcomhshaol a bheith mar thúsphointe acu. Tríd an gComhchoiste dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010, scrúdóidh ÚBE, ÚEÁPC agus ESMA conas is féidir priacail shóisialta agus priacail a bhaineann le rialachas a chomhtháthú i dtástáil struis.’;

(26)Leasaítear Airteagal 104 mar a leanas:

(a)leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

Chun críocha Airteagal 97, Airteagal 98(4) agus (5) agus (9), Airteagal 101(4) agus Airteagal 102 den Treoir seo agus chun críocha Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur i bhfeidhm, beidh na cumhachtaí seo a leanas ar a laghad ag na húdaráis inniúla:’

(ii)cuirtear isteach an pointe (m) seo a leanas:

‘(m)ceangal a chur ar institiúidí na priacail a laghdú a eascraíonn as míailíniú na ninstitiúidí le cuspóirí beartais ábhartha an Aontais agus treochtaí aistrithe níos leithne a bhaineann le tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, lena náirítear trí choigeartuithe ar a samhlacha gnó, a straitéisí rialachais agus a mbainistiú priacal.’;

(b)cuirtear isteach an mhír 3 seo a leanas:

‘3. Eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, chun a shonrú conas is féidir leis na húdaráis inniúla a shainaithint go gcruthaítear le priacail maidir le coigeartú ar luacháil creidmheasa (CVA) na n‑institiúidí, dá dtagraítear in Airteagal 381 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, priacal rómhór d’fhóntacht na n‑institiúidí sin.’;

(27)Leasaítear Airteagal 104a mar a leanas:

(a)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘I gcás ina n‑éilítear cistí dílse breise chun aghaidh a thabhairt ar an bpriacal luamhánaithe iomarcaigh nach gcumhdaítear go leormhaith faoi Airteagal 92(1), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cinnfidh na húdaráis inniúla leibhéal na gcistí dílse breise a éilítear faoi mhír 1, pointe (a), den Airteagal seo mar an difríocht idir an caipiteal a mheastar a bheith leordhóthanach de bhun mhír 2 den Airteagal seo, cé is moite den chúigiú fomhír de, agus na ceanglais cistí dílse ábhartha a leagtar amach i gCodanna a Trí agus a Seacht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.’;

(b)cuirtear isteach na míreanna 6 agus 7 seo a leanas:

‘6. I gcás ina dtagann institiúid faoi cheangal ag an íosmhéid táirgeachta, beidh feidhm ag na nithe seo a leanas:

(a)ní thiocfaidh méadú ar an méid ainmniúil cistí dílse breise a cheanglaítear de réir údarás inniúil na hinstitiúide i gcomhréir le hAirteagal 104(1), pointe (a), chun aghaidh a thabhairt ar phriacail seachas priacal luamhánaithe iomarcaigh, mar thoradh ar na hinstitiúidí a bheith ag teacht faoi cheangal ag an íosmhéid táirgeachta;

(b)déanfaidh údarás inniúil na hinstitiúide, gan moill mhíchuí, agus tráth nach déanaí ná dáta deiridh an chéad phróisis athbhreithnithe agus meastóireachta eile, déanfaidh sé athbhreithniú ar na cistí dílse breise a d’éiligh sé ón institiúid i gcomhréir le hAirteagal 104(1), pointe (a), agus bainfidh sé aon chuid de a ndéanfaí áireamh dúbailte léi ar na priacail a chumhdaítear go hiomlán cheana ós rud é go bhfuil an institiúid faoi cheangal ag an íosmhéid táirgeachta.

Chun críocha an Airteagail seo agus Airteagail 131 agus 133 den Treoir seo, measfar go bhfuil institiúid faoi cheangal ag an íosmhéid táirgeachta nuair atá risíocht iomlán ar phriacal na hinstitiúide arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 níos mó ná a risíocht iomlán ar phriacal gan íosmhéid arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(4) den Rialachán sin.

7. Chun críocha mhír 2, chomh fada nach bhfuil institiúid faoi cheangal ag an íosmhéid táirgeachta, ní fhorchuirfidh údarás inniúil na hinstitiúide ceanglas breise cistí dílse lena ndéanfaí áireamh dúbailte ar na priacail a chumhdaítear go hiomlán cheana ós rud é go bhfuil an institiúid faoi cheangal ag an íosmhéid táirgeachta.’;

(28)in Airteagal 106, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Tabharfaidh na Ballstáit de chumhacht do na húdaráis inniúla a cheangal ar na hinstitiúidí:

(a)an fhaisnéis dá dtagraítear i gCuid a hOcht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a fhoilsiú níos mó ná uair amháin in aghaidh na bliana, agus sprioc-amanna a leagan síos le haghaidh institiúidí móra agus institiúidí eile nochtadh faisnéise a chur faoi bhráid ÚBE i gcomhair a foilsithe ar shuíomh gréasáin láraithe ÚBE;

(b)meáin agus láithreáin shonracha a úsáid i gcomhair foilseachán seachas suíomh gréasáin ÚBE le haghaidh nochtuithe láraithe nó ráitis airgeadais na ninstitiúidí.’;

(29)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 121:

‘Gan dochar do na forálacha is infheidhme maidir le cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha a formheasadh i gcomhréir le hAirteagal 21a(1), cuirfidh na Ballstáit de cheangal go mbeidh dea-chlú leormhaith ar chomhaltaí comhlachta bainistíochta cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha agus go mbeidh eolas, scileanna agus taithí leormhaith dá dtagraítear in Airteagal 91(1) acu chun na dualgais sin a chur i gcrích, agus ról sonrach cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha á chur san áireamh’.

(30)I dTeideal VII, Caibidil 3, cuirtear isteach an Roinn 0 seo a leanas:

‘Roinn 0

Cur i bhfeidhm na Caibidle seo maidir le grúpaí gnólachtaí infheistíochta

Airteagal 110a

Raon feidhme an chur i bhfeidhm maidir le grúpaí gnólachtaí infheistíochta

Tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir le grúpaí gnólachtaí infheistíochta, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (25) de Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, i gcás ina bhfuil ar a laghad gnólacht infheistíochta amháin sa ghrúpa sin faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 de bhun Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2019/2033*14.

Níl feidhm ag an gCaibidil seo maidir le grúpaí gnólachtaí infheistíochta i gcás nach bhfuil aon ghnólacht infheistíochta sa ghrúpa sin faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 de bhun Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2019/2033.’;

______

*14    Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 806/2014 (IO L 314, 5.12.2019, lch. 1).’;

(31)Leasaítear Airteagal 131 mar a leanas:

(a)i mír 5, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

‘I gcás ina dtiocfaidh O-SII faoi cheangal ag an íosmhéid táirgeachta, déanfaidh a údarás inniúil nó ainmnithe, de réir mar is infheidhme, athbhreithniú ar cheanglas maoláin O-SII na n‑institiúidí chun a áirithiú go leanfaidh a chalabrú de bheith iomchuí.’;

(b)i mír 5a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Laistigh de 6 seachtaine ón bhfógra dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo a fháil, tabharfaidh BERS tuairim don Choimisiún an meastar gur iomchuí maolán O-SII. Féadfaidh UBÉ a thuairim faoin maolán a thabhairt don Choimisiún freisin i gcomhréir le hAirteagal 16a(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.’;

(c)i mír 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘I gcás ina mbeadh suim ráta an mhaoláin um priacal sistéamach mar a ríomhtar é chun críocha mhíreanna 10, 11 nó 12 d’Airteagal 133 agus ráta an mhaoláin O-SII nó ráta an mhaoláin G-SII a bhfuil an institiúid chéanna faoina réir níos airde ná 5 %, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach i mír 5a den Airteagal seo. Chun críocha na míre seo, i gcás ina bhfuil sé mar thoradh ar an gcinneadh maolán um priacal sistéamach, maolán O-SII nó maolán G-SII a shocrú, laghdú ar aon cheann de na rátaí a socraíodh roimhe sin, nó gan aon athrú a bheith ar aon cheann de na rátaí a socraíodh roimhe sin, ní bheidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach i mír 5a den Airteagal seo.’;

(32)Leasaítear Airteagal 133 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Áiritheoidh gach Ballstát gur féidir maolán um priacal sistéamach maidir le caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 don earnáil airgeadais nó fothacar amháin nó níos mó den earnáil sin maidir le gach risíocht nó le fothacar risíochtaí dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a shocrú, chun priacail mhacrastuamachta nó shistéamacha nach gcumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ná le hAirteagail 130 agus 131 den Treoir seo a chosc agus a mhaolú, sa chiall gur priacail iad a chuirfeadh isteach ar an gcóras airgeadais agus a d’fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha diúltacha a bheith acu ar an gcóras airgeadais agus ar an bhfíorgheilleagar i mBallstát sonrach.’;

(b)cuirtear isteach an mhír 2a seo a leanas:

‘2a. I gcás ina bhfuil institiúid faoi cheangal ag an íosmhéid táirgeachta, beidh feidhm ag an dá rud seo a leanas:

(a)beidh uasteorainn den mhéid seo a leanas leis an méid chaipiteal CET1 a bhfuil ceanglas ar an institiúid a bheith aici i gcomhréir leis an gcéad fhomhír:

i gcás ina bhfuil:

ET = méid iomlán risíochta ar priacal gan íosmhéid na hinstitiúide arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

Ei = méid risíochta ar priacal gan íosmhéid na hinstitiúide maidir le fothacar risíochtaí i, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

rT, ri = rT agus ri mar a shainmhínítear sa chéad fhomhír.

(b)déanfaidh údarás inniúil nó údarás ainmnithe, de réir mar is infheidhme, athbhreithniú gan moill mhíchuí ar chalabrú ráta nó rátaí an mhaoláin um priacal sistéamach, de réir mar is infheidhme, chun a áirithiú go leanfaidh siad de bheith iomchuí agus nach ndéanfar áireamh dúbailte leo ar na priacail a chumhdaítear cheana ós rud é go bhfuil an institiúid faoi cheangal ag an íosmhéid táirgeachta.

Beidh feidhm ag an ríomh i bpointe (a) go dtí go mbeidh an t‑athbhreithniú a leagtar amach i bpointe (b) curtha i gcrích ag an údarás ainmnithe agus go dtí go mbeidh cinneadh nua mar gheall ar chalabrú ráta nó rátaí an mhaoláin um priacal sistéamach foilsithe aige i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo. Amhail ón tráth sin, ní bheidh feidhm a thuilleadh ag an uasteorainn i bpointe (a).’;

(c)i mír 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)ní úsáidfear an maolán um priacal sistéamach chun aghaidh a thabhairt ar aon cheann de na nithe seo a leanas:

(i)priacail a chumhdaítear le hAirteagail 130 agus 131;

(ii)priacail a chumhdaítear go hiomlán leis an ríomh a leagtar amach in Airteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.’;

(d)i mír 9, cuirtear isteach an pointe (g) seo a leanas:

‘(g)an dóigh a ndéanann an ríomh a leagtar amach in Airteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 difear do chalabrú ráta nó rátaí an mhaoláin um priacal sistéamach, de réir mar is infheidhme, a bhfuil sé beartaithe ag an údarás inniúil nó ag an údarás ainmnithe, de réir mar is infheidhme, a fhorchur.’;

(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 11 agus 12:

‘11. I gcás ina mbeidh sé mar thoradh ar shocrú nó athshocrú ráta nó rátaí an mhaoláin um priacal sistéamach i dtaca le haon tacar nó aon fhothacar de risíochtaí dá dtagraítear i mír 5 faoi réir maolán um priacal sistéamach amháin nó níos mó, ráta an mhaoláin um priacal sistéamach comhcheangailte atá ar leibhéal níos airde ná 3 % agus suas le 5 % maidir le haon cheann de na risíochtaí sin, iarrfaidh údarás inniúil nó údarás ainmnithe an Bhallstáit a shocraíonn an maolán sin san fhógra a chuirfear isteach i gcomhréir le mír 9 tuairimí an Choimisiúin agus BERS.

Laistigh de mhí tar éis an fógra dá dtagraítear i mír 9 a fháil, tabharfaidh BERS tuairim don Choimisiún an meastar gur iomchuí ráta nó rátaí an mhaoláin um priacal sistéamach. Laistigh de 2 mhí tar éis an fógra a fháil, tabharfaidh an Coimisiún a thuairim, agus measúnú BERS á chur san áireamh aige, an measann sé nach bhfuil éifeachtaí díobhálacha díréireacha i gceist le ráta nó rátaí an mhaoláin um priacal sistéamach ar chóras iomlán airgeadais Ballstát eile nó ar chodanna de chóras airgeadais Ballstát eile nó de chuid an Aontais ina iomláine lena ndéanfar nó lena gcruthófar bac ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

I gcás inar tuairim dhiúltach í tuairim an Choimisiúin, comhlíonfaidh údarás inniúil nó údarás ainmnithe, de réir mar is infheidhme, an Bhallstáit a shocraíonn an maolán um priacal sistéamach sin an tuairim nó tabharfaidh sé cúiseanna gan déanamh amhlaidh.

I gcás inar fochuideachta í institiúid amháin nó níos mó a bhfuil feidhm ag ceann amháin nó níos mó de rátaí an mhaoláin um priacal sistéamach maidir léi, ar fochuideachta í a bhfuil a máthairchuideachta bunaithe i mBallstát eile, cuirfidh BERS agus an Coimisiún san áireamh ina dtuairimí freisin an meastar gur cuí ráta nó rátaí an mhaoláin um priacal sistéamach a chur i bhfeidhm maidir leis na hinstitiúidí sin.

I gcás nach n‑aontaíonn údaráis na fochuideachta agus na máthairchuideachta faoi ráta nó faoi rátaí an mhaoláin um priacal sistéamach is infheidhme i leith na hinstitiúide sin agus i gcás tuairim dhiúltach ón gCoimisiún agus ó BERS araon, féadfaidh an t‑údarás inniúil nó an t‑údarás ainmnithe, de réir mar is infheidhme, an t‑ábhar a tharchur chuig ÚBE agus a chúnamh a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Cuirfear ar fionraí an cinneadh ráta nó rátaí an mhaoláin um priacal sistéamach a shocrú maidir leis na risíochtaí sin go dtí go mbeidh cinneadh glactha ag ÚBE.

Chun críocha na míre seo, ní chuirfear san áireamh i dtreo na dtairseacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo aitheantas ráta an mhaoláin um priacal sistéamach atá leagtha síos ag Ballstát eile i gcomhréir le hAirteagal 134.

12. I gcás ina mbeidh sé mar thoradh ar shocrú nó athshocrú ráta nó rátaí an mhaoláin um priacal sistéamach i dtaca le haon tacar nó aon fhothacar de risíochtaí dá dtagraítear i mír 5 faoi réir maolán um priacal sistéamach amháin nó níos mó, ráta an mhaoláin um priacal sistéamach comhcheangailte atá níos airde ná 5 % maidir le haon cheann de na risíochtaí sin, féachfaidh an t‑údarás inniúil nó an t‑údarás ainmnithe, mar is infheidhme, le húdarú a fháil ón gCoimisiún sula ndéanfar maolán um priacal sistéamach a chur chun feidhme.

Laistigh de 6 seachtaine tar éis an fógra dá dtagraítear i mír 9 den Airteagal seo a fháil, tabharfaidh BERS tuairim don Choimisiún an meastar gur iomchuí an maolán um priacal sistéamach. Féadfaidh UBÉ a thuairim faoin maolán um priacal sistéamach sin a thabhairt don Choimisiún freisin i gcomhréir le hAirteagal 16a(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, laistigh de 6 seachtaine tar éis an fógra a fháil.

Laistigh de 3 mhí tar éis an fógra dá dtagraítear i mír 9 a fháil, glacfaidh an Coimisiún gníomh lena n‑údaraítear an t‑údarás inniúil nó an t‑údarás ainmnithe, mar is infheidhme, an beart atá beartaithe a ghlacadh, agus measúnú BERS agus ÚBE á chur san áireamh, i gcás inarb ábhartha, agus má tá sé sásta nach bhfuil éifeachtaí díobhálacha díréireacha i gceist le ráta nó rátaí an mhaoláin um priacal sistéamach ar chóras iomlán airgeadais Ballstát eile nó ar chodanna de chóras airgeadais Ballstát eile nó de chuid an Aontais ina iomláine lena ndéanfar nó lena gcruthófar bac ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

Chun críocha na míre seo, ní chuirfear san áireamh i dtreo na tairsí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo aitheantas ráta an mhaoláin um priacal sistéamach atá leagtha síos ag Ballstát eile i gcomhréir le hAirteagal 134.’;

(33)Leasaítear Airteagal 142 mar a leanas:

(a)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)plean agus tréimhse ama don mhéadú ar chistí dílse agus é mar chuspóir ceanglas an mhaoláin chomhcheangailte a chomhlíonadh go hiomlán nó, i gcás inarb infheidhme, ceanglas mhaolán an chóimheasa luamhánaithe a chomhlíonadh;’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3. Déanfaidh an t‑údarás inniúil measúnú ar an bplean caomhnaithe caipitil agus ní dhéanfaidh sé an plean a fhormheas ach amháin má mheasann sé go bhfuil seans réasúnta ann go gcaomhnófaí nó go gcruinneofaí caipiteal leordhóthanach, dá gcuirfí an plean chun feidhme, chun a chur ar a chumas don institiúid a ceanglas maoláin comhcheangailte a chomhlíonadh nó, i gcás inarb infheidhme a ceanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe, laistigh de thréimhse a mheasann an t‑údarás inniúil a bheith iomchuí.’;

(c)i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)a chumhachtaí faoi Airteagal 102 a fheidhmiú chun srianta níos déine ar dháileacháin a fhorchur ná na srianta sin a cheanglaítear de réir Airteagail 141 agus 141b, mar is infheidhme.’;

(34)in Airteagal 161, scriostar mír 3.

Airteagal 2

Leasuithe ar Threoir 2014/59/AE

Leasaítear Treoir 2014/59/AE*15 mar a leanas:

(1)in Airteagal 27, cuirtear isteach na míreanna 6, 7 agus 8 seo a leanas:

‘6. Nuair a cheaptar comhaltaí nua den chomhlacht bainistíochta nó den bhainistíocht shinsearach faoin Airteagal seo agus faoi Airteagal 28 den Treoir seo, áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh na húdaráis inniúla an measúnú ar chomhaltaí den chomhlacht bainistíochta mar a cheanglaítear de réir Airteagal 91b(1) de Threoir 2013/36/AE agus ar shealbhóirí príomhfheidhme mar a cheanglaítear de réir Airteagal 91d(1) den Treoir sin, go dtí tar éis dóibh a bpost a ghlacadh.

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 91a(2) ná ag Airteagal 91c(2) de Threoir 2013/36/AE maidir le comhaltaí nua den chomhlacht bainistíochta nó den bhainistíocht shinsearach a cheapadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

7. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go ndéanfaidh siad na measúnuithe dá dtagraítear i mír 6 gan moill mhíchuí. Cuirfidh siad na measúnuithe i gcrích 20 lá oibre ar a dhéanaí ón dáta a gheobhaidh siad fógra faoin gceapachán.

8. Cuirfidh na húdaráis inniúla an t‑údarás réitigh ar an eolas gan moill mhíchuí mar gheall ar thoradh na measúnuithe dá dtagraítear i mír 6.’;

(2)in Airteagal 34, cuirtear isteach na míreanna 7, 8 agus 9 seo a leanas:

‘7. Nuair a cheaptar comhaltaí nua den chomhlacht bainistíochta nó den bhainistíocht shinsearach faoin Airteagal seo agus faoi Airteagal 63 den Treoir seo, áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh na húdaráis inniúla an measúnú ar chomhaltaí den chomhlacht bainistíochta mar a cheanglaítear de réir Airteagal 91b(1) de Threoir 2013/36/AE agus ar shealbhóirí príomhfheidhme mar a cheanglaítear de réir Airteagal 91d(1) den Treoir sin, go dtí tar éis dóibh a bpost a ghlacadh.

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 91a(2) ná ag Airteagal 91c(2) de Threoir 2013/36/AE maidir le comhaltaí nua den chomhlacht bainistíochta nó den bhainistíocht shinsearach a cheapadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír agus ag an dara fomhír freisin maidir le measúnú a dhéanamh ar chomhaltaí chomhlacht bainistíochta na droichead‑institiúide a ceapadh faoi Airteagal 41 díreach tar éis gníomhaíocht réitigh a ghlacadh.

8. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go ndéanfaidh siad na measúnuithe dá dtagraítear i mír 7 gan moill mhíchuí. Cuirfidh siad na measúnuithe i gcrích 20 lá oibre ar a dhéanaí ón dáta a gheobhaidh siad fógra faoin gceapachán.

9. Cuirfidh na húdaráis inniúla an t‑údarás réitigh ar an eolas gan moill mhíchuí mar gheall ar thoradh na measúnuithe dá dtagraítear i mír 7.’;

_______

*15    Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat um théarnamh agus réiteach na n‑institiúidí creidmheasa agus na ngnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190)

Airteagal 3

Trasuí

1.Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 1 lá tar éis dháta trasuite na Treorach leasaithí seo].

Beidh feidhm ag na forálacha is gá chun na leasuithe a chomhlíonadh a leagtar amach in Airteagal 1, pointe (8) maidir le maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar bhrainsí tríú tír, áfach, ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 12 mhí ó dháta chur i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo].

De mhaolú ar an bhfomhír roimhe seo, cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm na forálacha maidir le tuairisciú ar bhrainsí tríú tír i dTeideal VI, Caibidil 1, Roinn II, Foroinn 4 de Threoir 2013/36/AE, mar a chuirtear isteach leis an Treoir seo, ón dáta cur i bhfeidhm a leagtar síos sa dara fomhír den Airteagal seo.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 5

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    COM(2021) 664.
(2)    Bainc Cheannais agus maoirseoirí baincéireachta ó 28 ndlínse ar fud an domhain atá ina gcomhaltaí de CBMC. Ar na Ballstáit den Aontas Eorpach atá ina gcomhaltaí de CBMC tá an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír agus an Spáinn, chomh maith leis an mBanc Ceannais Eorpach. Bíonn an Coimisiún Eorpach agus ÚBE rannpháirteach i gcruinnithe CBMC mar bhreathnadoirí.
(3)    Tá Creat Comhdhlúite Basel III le fáil ag https://www.bis.org/bcbs/publ/d462.htm .
(4)    Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 321, 26.6.2013, lch. 6).
(5)    Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
(6)    Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas luamhánaithe, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an bpriacal creidmheasa contrapháirtí, leis an bpriacal margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, leis na risíochtaí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012
(7)    Treoir (AE) 2019/878 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Treoir 2013/36/AE a mhéid a bhaineann le heintitis dhíolmhaithe, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha, luach saothair, bearta maoirseachta agus cumhachtaí agus bearta caomhnaithe caipitil (IO L 150, 7.6.2019, lch. 253).
(8)    Féach https://www.bis.org/publ/bcbs189.htm .
(9)    Coigeartú cuntasaíochta is ea CVA ar phraghas díorthaigh chun priacal creidmheasa an chontrapháirtí a mhíniú.
(10)    Ba iad sin amháin na hathruithe móra a rinneadh ar an gcuid sin de na caighdeáin a bhaineann le ceanglais chaipitil bunaithe ar phriacal a tugadh isteach mar chuid den chéad chéim d’athchóiriú Basel III.
(11)    Gné mhór de reachtaíocht an Aontais ab ea é íoscheanglas ar theorainneacha móra risíochta, ach rud úrnua a bhí ann i dtaca le caighdeáin Basel.
(12)    Is é sin le rá, go sonrach, an caipiteal maolánach caomhantais (CCB), caipiteal maolánach fritimthriallach (CCyB), ceanglas maoláin um priacal sistéamach (SRB) agus maoláin caipitil le haghaidh bainc dhomhanda agus bainc a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo (G-SII agus O-SII, faoi seach).
(13)    An chéad sraith d’athchóirithe sin, cuireadh i bhfeidhm iad i mbunús dlínsí ar fud an domhain faoi mar is féidir a bhreathnú san ochtú tuairisc déag ar dhul chun cinn maidir le glacadh chreat rialála Basel a foilsíodh i mí Iúil 2020 (Féach https://www.bis.org/bcbs/publ/d506.htm ).
(14)    Féach https://ec.europa.eu/info/publications/200428-banking-package-communication_en .
(15)    See https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:32020R0873&from=EN .
(16)    Tá liosta cuimsitheach de na bearta sin a tiomsaithe ag ESBR, féach “ Policy measures in response to the COVID-19 pandemic”.  
(17)    Léirigh BCE ina anailís leochaileachta maidir le COVID-19 agus a foilsíodh i mí Iúil 2020, go mbeadh na bainc is mó sa limistéar euro caipitlithe a dhóthain chun cúlú eacnamaíoch domhain gearrshaolach a sheasamh agus, i dtaca leis na bainc sin nach bhfuil acmhainní caipitil leordhóthanacha acu i gcás ina mbeidh cúlú eacnamaíoch níos géire ann, ní bheidh ach líon teoranta díobh ann (féach https://www.bankingsupervision.europa.eu/press/pr/date/2020/html/ssm.pr200728_annex~d36d893ca2.en.pdf ).
(18)    Féach https://www.bis.org/bcbs/publ/d424.htm
(19)    Féach https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/SPEECH_19_6269 .
(20)    Is é sin le rá, cuireadh siad é go dtí an 1 Eanáir 2023 le haghaidh túsdáta a chur i bhfeidhm agus go dtí an 1 Eanáir 2028 le haghaidh cur chun feidhme iomlán eilimintí deiridh an athchóirithe.
(21)    Féach https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?qid=1588580774040&uri=CELEX:52019DC0640 .
(22)    Féach https://eur-lex.europa.eu/legal-content/ES/TXT/?uri=COM:2021:550:FIN  
(23)    Féach COM(2021) 390 final.
(24)    Féach https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:52018DC0097 .
(25)    Féach https://ec.europa.eu/info/publications/sustainable-finance-high‑level-expert‑group_en .
(26)    EBA/REP/2021/20. An Treoir um Cheanglais Chaipitil, cuireann sé de cheangal ar an ÚBE arbatráiste rialála a thuairisciú, rud a eascraíonn as na dóigheanna éagsúla a gcaitear le brainsí tríú tír faoi láthair. An tuairisc sin, déanann sé na córais náisiúnta a mheas i dtaca le brainsí tríú tír agus deimhníonn sí gur ann do dhifríochtaí móra fós i dtaca leis an dóigh a gcaitear leis na brainsí sin agus ó thaobh na spéise a léiríonn an maoirseoir is óstach iontu.
(27)    Na hAirteagail ábhartha den Chonradh lena dtugtar de cheart don Aontas bearta a ghlacadh, is iad na hAirteagail iad lena mbaineann an tsaoirse bunaíochta (go sonrach Airteagal 53 CFAE), an tsaoirse seirbhísí a sholáthar (Airteagal 59 CFAE), agus an comhfhógasú rialacha arb é is cuspóir leo bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh (Airteagal 114 CFAE).
(28)    Féach https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/12015-Alignment‑EU-rules‑on‑capital-requirements‑to-international-standards‑prudential-requirements‑and‑market‑discipline-/public-consultation_en .
(29)    Féach https://ec.europa.eu/info/consultations/finance-2018-basel-3-finalisation_en
(30)    Thug ÚBE na tionchair ar an sampla céanna de 99 mbanc sa tuarascáil uaidh a foilsíodh i mí na Nollag 2020, ach iad bunaithe ar shonraí ón dara ráithe 2018, sonraí a úsáideadh ina measúnú tionchair a bhí ann roimhe. Ón dara ráithe 2018 go dtí an ceathrú ráithe 2019, tháinig laghdú de bhreis agus 5 phointe céatadán ar an méadú foriomlán ar íoscheanglais chaipitil (i.e. ó +24.1% go +18.5%), agus san am céanna tháinig laghdú de bhreis agus 50% ar an easpa caipitil san bainc sin (ó EUR 109.5 bn go EUR 52.2 bn).
(31)    SWD(2021) 321 (RIA). Sa mheasúnú tionchair, ní dhearnadh measúnú ar an togra maidir le brainsí tríú tír, mar gur eisíodh Tuarascáil ÚBE, ar a bhfuil an anailís bunaithe, an 23 Meitheamh 2021. Cuireadh measúnú ar thionchar an togra bunaithe ar Thuarascáil ÚBE isteach sa Mheabhrán Míniúcháin seo mar chuid den roinn maidir le brainsí tríú tír.
(32)    Féach https://www.eba.europa.eu/regulatio n an d policy/internal-governance/join t esma-an d eba-guideline s on the-assessmen t of-the-suitability-of-member s of-the-managemen t body . Féach https://www.bankingsupervision.europa.eu/ecb/pub/pdf/ssm.fap_guide_201705_rev_201805.en.pdf .  
(33)    Tá an roinn seo bunaithe ar Thuairisc EBA maidir le cóireáil brainsí tríú tír atá ag teacht isteach faoi dhlí náisiúnta na mBallstát an 23 Meitheamh 2021 ( Report on third country branches.docx (europa.eu) )
(34)    Déantar an mhéadrach sin a chinneadh trí shonraí CBD2 a thagraíonn do shonraí arna bhfoilsiú ag BCE maidir le ‘Grúpaí Baincéireachta Intíre agus Bainc Neamhspleácha, fochuideachtaí arna rialú ón iasacht (AE agus neamhAE) agus brainsí arna rialú ón iasacht (AE agus neamhAE)’ le haghaidh mhí na Nollag 2019.
(35)    Tagraíonn siad sin d'aon ghníomhaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn I de CRD nuair is institiúidí creidmheasa a dhéanann í, soláthar seirbhísí infheistíochta ar mhórscála mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1)(b), agus soláthar croíghníomhaíochtaí baincéireachta (iad siúd a liostaítear i bpointí (1) go (3) agus (6) a dhéanann aon ghnóthas tríú tír.
(36)    De réir Aithris 19 de CRD: ‘Maidir leis na hinstitiúidí creidmheasa atá údaraithe i dtríú tíortha, níor cheart an tsaoirse a bheith acu seirbhísí a sholáthar faoin dara fomhír d'Airteagal 49 den Chonradh nó an tsaoirse bunaíochta a bheith acu sna Ballstáit cé is moite díobh sin ina bhfuil siad bunaithe’. Ní féidir le TCB seirbhísí trasteorann a sholáthar do chliaint ghairmiúla agus chontrapháirtithe incháilithe más amhlaidh go bhfuil na seirbhísí sin á soláthar ag brainsí arna núdarú faoi MiFID agus i gcás cinneadh coibhéise de bhun Airteagal 47(3) de MIFIR (féach Iarscríbhinn 3). Mar sin féin, ní dhearnadh aon chinneadh coibhéise nó níl aon cheann beartaithe san am atá romhainn amach.
(37)    In ionad ceanglas caipitil Cholún 2 (P2R) a leagan síos mar mhéid ainmniúil, rud a sloinntear mar chéatadán de TREA ian dhiaidh sin chun é a chur in oiriúint don charn caipitil foriomlán.
(38)    Sa chomhthéacs sin, ba cheart priacal samhla a thuiscint mar an priacal arna ríomh ag an gceanglas cistí dílse trí samhla inmheánacha a úsáid agus nach mbeadh sé comhthomhaiseach maidir leis an bpriacal bunúsach sa risíocht ar di a dhéantar an ceanglas a ríomh.
(39)    Tagann institiúid chun a bheith faoi cheangal ag an OF nuair is airde TREA na hinstitiúide nuair a ríomhtar é tríd an OF a chur san áireamh ná TREA na hinstitiúide nuair a ríomhtar é gan an OF a chur san áireamh. Le haghaidh tuilleadh sonraí faoi fheidhmiú an OF, féach meabhrán míniúcháin an Rialacháin lena leasaítear CRR.
(40)    I gcás P2R, is i bhfoirm litreach a thiocfaidh an fógra ón údarás inniúil chuig an institiúid faoi mhaoirsiú ina bhfuil torthaí SREP agus an P2R nua (ar ndóigh, i gcás nach naithnítear aon dúbailt ar chomhaireamh, fanfaidh an P2R gan athrú). I gcás an P2R, is i bhfoirm cinnidh nua ón údarás inniúil nó ainmnithe a bheidh an fógra, de réir mar is infheidhme, ar chalabrú iomchuí an ráta SyRB nó na rátaí SyRB.
(41)    IO C , , lch. .
(42)    IO C , , lch. .
(43)    Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat um théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).
(44)    Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).
(45)    Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(46)    Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).
(47)    Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas luamhánaithe, an cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, priacal creidmheasa contrapháirtí, priacal margaidh, risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, risíochtaí móra, ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 150, 7.6.2019, lch. 1).
(48)    Cinneadh (AE) 2016/1841 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2016 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chomhaontú Pháras a glacadh faoi ChreatChoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4).
(49)    COM(2019) 640 final.
(50)    Líonra a seoladh ag an gCruinniú Mullaigh Aon Phláinéid Amháin i bPáras an 12 Nollaig 2017, ar grúpa Banc Ceannais agus Maoirseoirí é atá toilteanach, ar bhonn deonach, dea-chleachtais a roinnt agus rannchuidiú le forbairt na bainistíochta priacal comhshaoil agus aeráide san earnáil airgeadais agus maoiniú príomhshrutha a shlógadh chun tacaíocht a thabhairt don aistriú i dtreo geilleagar inbhuanaithe.
(51)    COM(2021) 390 final, 06.07.2021.
(52)    Teachtaireacht ón gCoimisiún COM(2021)568 final, 14.07.2021, ina bhfuil na tograí seo a leanas ón gCoimisiún: COM(2021)562 final, COM(2021)561 final, COM(2021)564 final, COM(2021)563 final, COM(2021)556 final, COM(2021)559 final, COM(2021)558 final, COM(2021)557 final, COM(2021)554 final, COM(2021)555 final, COM(2021)552 final.
Top