AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,22.9.2021
COM(2021) 582 final
2021/0296(COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena mbunaítear creat le haghaidh gnóthais árachais agus athárachais a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2009/138/CE, (AE) 2017/1132 agus Rialacháin (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SWD(2021) 260}
{SWD(2021) 261}
{SEC(2021) 620}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Is cuid lárnach de shaol laethúil shaoránaigh na hEorpa iad polasaithe árachais. Le haghaidh roinnt gníomhaíochtaí sóisialta agus eacnamaíocha, is gá polasaí árachais a shealbhú mar chosaint ar rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann. Is féidir le polasaí árachais a bheith ina tháirge coigiltis freisin, táirge lena gcinnfear leas fadtéarmach na sealbhóirí agus árachóirí ag cur na gcoigilteas sin isteach san fhíorgheilleagar trí mhargaí airgeadais. Dá bhrí sin, is féidir tionchar suntasach a bheith ar shealbhóirí polasaí nuair a chliseann ar árachóirí ar dhóigh mhí‑ordúil, ar thairbhithe, ar dhaoine díobháilithe nó ghnólachtaí ar cuireadh as dóibh, go háirithe i gcás nach féidir seirbhísí criticiúla árachais a ionadú laistigh de thréimhse réasúnta ama agus ar chostas réasúnta. D’fhéadfadh éagobhsaíocht airgeadais a bheith mar thoradh ar chliseadh árachóirí áirithe nó ar chás inar dóbair go gclisfeadh orthu, go háirithe i gcás grúpaí móra trasteorann, nó i gcás cliseadh comhuaineach ilárachóirí, nó d’fhéadfaí éagobhsaíocht airgeadais a mhéadú dá thoradh sin.
Le Treoir Shócmhainneacht II, laghdaíodh an dóchúlacht go gclisfidh ar thionscal árachais an Aontais, agus tháinig feabhas ar a athléimneacht, agus treiseofar an Treoir leis an athbhreithniú a glacadh in éineacht leis an togra seo. Mar sin féin, d’ainneoin creat stuamachta atá fónta agus stóinsithe, ní féidir cásanna anáis airgeadais a chur as an áireamh go hiomlán.
Mar sin féin, níl aon nós imeachta comhchuibhithe ar an leibhéal Eorpach faoi láthair chun árachóirí a réiteach. Is é an toradh atá air sin difríochtaí móra substainteacha agus difríochta sna nósanna imeachta idir na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin lena rialaítear cliseadh árachóirí sna Ballstáit. Thairis sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh nósanna imeachta maidir le dócmhainneacht chorparáideach iomchuí le haghaidh árachais, arae leis na nósanna imeachta sin, d’fhéadfadh sé nach n‑áiritheofaí i gcónaí leanúint leordhóthanach d’fheidhmeanna criticiúla. Beidh gá le córas dá bhrí sin chun sraith uirlisí inchreidte a chur ar fáil do na húdaráis chun idirghabháil sách luath agus sách tapa a dhéanamh má tá ag cliseadh ar árachóirí nó más dócha go gclisfidh orthu, chun toradh níos fearr a áirithiú do shealbhóirí polasaí, agus an tionchar a bheadh ar an ngeilleagar, ar an gcóras airgeadais agus ar aon leas a bhaintear as airgead na gcáiníocóirí á íoslaghdú.
Ar an leibhéal idirnáisiúnta, d’fhorbair an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais (BCA), i mí Dheireadh Fómhair 2014, Príomhthréithe (KA) córas éifeachtach réitigh le haghaidh earnálacha árachais a dhíríonn ar aon árachóir a d’fhéadfadh a bheith suntasach nó criticiúil dá gclisfeadh air. D’eisigh an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais treoir chomhlántach maidir le forbairt straitéisí agus pleananna éifeachtacha réitigh i mí an Mheithimh 2016 agus ina Mhodheolaíocht Mheasúnaithe KA i mí Lúnasa 2020. Ag an am céanna, i mí na Samhna 2019 ghlac an Comhlachas Idirnáisiúnta Maoirseoirí Árachais (IAIS) Croíphrionsabail Árachais le haghaidh gach gnóthais árachais agus athárachais chomh maith le Creat Comhchoiteann le haghaidh Grúpaí Árachais atá ag gníomhú go hidirnáisiúnta (IAIG) lena sonraítear caighdeáin le haghaidh na pleanála téarnaimh coiscthí le haghaidh IAIG agus cumhachtaí a mheastar a bheidh curtha ar fáil ag na húdaráis chun imeacht ordúil ón margadh a bhainistiú. I gcás grúpaí árachais aonair, meastar go ndéanfar pleanáil réitigh de réir mar is gá.
Sa togra seo, léirítear na forbairtí sin agus cuireann sé na caighdeáin idirnáisiúnta sin chun feidhme i reachtaíocht na hEorpa. Tá sé bunaithe ar an obair ullmhúcháin a d’fhorbair ÚEÁPC, go háirithe a Thuairim i mí Iúil 2017, agus ar chomhairle theicniúil ÚEÁPC maidir leis an athbhreithniú ar Threoir Sócmhainneacht II. Tagann sé sna sála freisin ar thuarascálacha a d’ullmhaigh BERS in 2017 agus in 2018, tuarascálacha a áitíonn gur fearr creat téarnaimh agus réitigh comhchuibhithe i dtaca le hárachas.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Forbraíodh an togra seo i gcomhréir iomlán le creat Sócmhainneacht II, an dréimire idirghabhála le haghaidh gnóthais i gcás ina mbíonn a staid airgeadais ag meathlú go háirithe, agus leis na bearta téarnaimh atá ar fáil cheana féin i gcás sáruithe ar cheanglais chaipitil. Cé go dtugtar isteach gnéithe áirithe den ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna tríd na cumhachtaí coisctheacha nua, tá na cumhachtaí sin comhsheasmhach leis an dréimire idirghabhála agus leis na cumhachtaí maoirseachta dá bhforáiltear cheana i gcreat Sócmhainneacht II; ní bhíonn sé de thoradh orthu sin go seolfaí idirghabháil réamhshainithe nua leo seachas ar leibhéal an Cheangail maidir le Caipiteal Sócmhainneachta. Tá an togra comhsheasmhach freisin leis na beartais chomhfhreagracha i réimse an téarnaimh agus an réitigh le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus contrapháirtithe lárnacha.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Trí fheidhmeanna criticiúla na n‑árachóirí anásta a chobhsú, cuidíonn an togra seo le cosaint níos fearr a áirithiú do choigilteoirí agus d’infheisteoirí, coinníonn sé bunfheidhmeanna na n‑árachóirí le haghaidh an fhíorgheilleagair ar bun agus treisíonn sé cobhsaíocht airgeadais. Tacaíonn sé leis na coinníollacha nach mór a chomhlíonadh chun sreafaí éifeachtúla agus inbhuanaithe caipitil chuig an áit a bhfuil gá leo a éascú.
Ar an iomlán, cabhraíonn an togra seo le ról na n‑árachóirí a threisiú mar infheisteoirí agus gníomhaithe fadtéarmacha sa téarnamh eacnamaíoch tar éis na géarchéime COVID-19, i gcomhréir le cuspóirí polaitiúla Aontas na Margaí Caipitil agus Mhargadh Glas na hEorpa.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 114 CFAE bunús dlí an togra. Leis sin ceadaítear bearta a ghlacadh chun forálacha náisiúnta a chomhfhogasú arb é is cuspóir dóibh bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
Leis an togra, déantar dlíthe náisiúnta maidir le téarnamh agus réiteach árachóirí a chomhchuibhiú, nó tugtar creat den sórt sin isteach mura bhfuil ceann ann go fóill, a mhéid is gá chun a áirithiú go mbeidh na huirlisí agus na nósanna imeachta céanna ag na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar chliseadh. Trí íoscheanglais chomhchuibhithe a bhunú sa mhargadh inmheánach, bhunófaí cothrom iomaíochta ar fud na mBallstát leis an togra. Leis an gcreat comhchuibhithe, chosnófaí leasanna na sealbhóirí polasaí agus caomhnófaí an fíorgheilleagar. Rannchuideodh sé le cobhsaíocht airgeadais agus le hiontaoibh as an margadh inmheánach le haghaidh árachais agus athárachais trína áirithiú go mbeadh acmhainn íosta ann chun árachóirí a réiteach i ngach Ballstát agus trí chomhoibriú idir na húdaráis náisiúnta a éascú agus iad ag déileáil le cliseadh grúpaí trasteorann. Dá bhrí sin, is é is cuspóir don togra bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus is é Airteagal 114 CFAE an bunús dlí iomchuí.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
I láthair na huaire, is córais náisiúnta iad córais téarnaimh agus réitigh árachais agus níl siad i bhfeidhm ach i ndornán Ballstát. Dá bhrí sin, i roinnt córas náisiúnta dlí ní thugtar na cumhachtaí is gá do na húdaráis chun déileáil go héifeachtach le hárachóirí a bhfuil ag cliseadh orthu. Ina theannta sin, ní leor na reachtaíochtaí náisiúnta sin atá éagsúil lena chéile i gcás cliseadh trasteorann, le haghaidh grúpaí trasteorann go háirithe, i gcás ina bhféadfadh torthaí fo-optamacha a bheith mar thoradh ar ghníomhaíochtaí neamh‑chomhordaithe. Chun socruithe leordhóthanacha maidir le réiteach a bhunú ar leibhéal an Aontais, is gá comhchuibhiú suntasach a dhéanamh ar chleachtais agus ar nósanna imeachta náisiúnta, rud a thugann údar don Aontas an reachtaíocht is gá a mholadh.
Ní féidir leis na Ballstáit cuspóir an togra seo, eadhon comhchuibhiú a dhéanamh ar na rialacha agus na próisis maidir le téarnamh agus réiteach árachóirí, a bhaint amach go leordhóthanach; ina ionad sin, i ngeall ar an tionchar a bheadh ag cliseadh aon ghnóthais san Aontas, is fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
•Comhréireacht
Cuireann an togra seo caighdeáin idirnáisiúnta chun feidhme agus leanann sé comhairle ÚEÁPC. Chun oiriúnacht agus éifeachtacht an chreata téarnaimh agus réitigh a áirithiú, agus chun ualaí agus costais iomarcacha riaracháin ar árachóirí agus ar údaráis a theorannú, tá ceanglais chomhréireacha sa togra ar ceanglais iad lena gcuirtear san áireamh cineál agus scála eagrúchán, gníomhaíochtaí agus seirbhísí an árachóra agus a chasta atá siad. Baineann sé seo le raon feidhme na ngnóthas a bheadh faoi réir pleanála téarnaimh coiscthí agus pleanála réitigh; is féidir leis na húdaráis freisin cead a thabhairt d’árachóirí a bheith faoi réir sraith shimplithe oibleagáidí nuair a bhíonn a bpleananna á bhforbairt agus á gcoinneáil ar bun acu. Bheadh nósanna imeachta dócmhainneachta náisiúnta fós ina mbealach éalaithe féideartha ón margadh le haghaidh árachóir ar cliseadh orthu, agus bheadh idirghabháil mhaoirseachta breithiúnasbhunaithe fós.
Dá bhrí sin, tá forálacha an togra comhréireach lena bhfuil riachtanach chun a chuspóirí a bhaint amach.
•An rogha ionstraime
Is ar Threoir Sócmhainneacht II atá maoirseacht stuamachta bunaithe, agus tá dlúthnasc idir réiteach agus réimsí neamh‑chomhchuibhithe den dlí náisiúnta, amhail dlí dócmhainneachta agus dlí maoine. Dá bhrí sin, is í treoir an ionstraim dlí iomchuí ós rud é go bhfuil gá le trasuí chun a áirithiú go gcuirfear an creat chun feidhme ar bhealach lena mbainfear amach an éifeacht atá beartaithe, faoi chuimsiú shainiúlachtaí an dlí ábhartha náisiúnta.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Comhroinneann an togra seo a Mheasúnú Tionchair leis an togra maidir leis an athbhreithniú ar chreat Sócmhainneacht II. In Iarscríbhinn 10 a ghabhann leis an Measúnú Tionchair, déantar meastóireacht ar chreat reatha Sócmhainneacht II agus baintear de thátal as go raibh sé éifeachtach den chuid is mó dul chun cinn a dhéanamh i dtreo a chuspóirí uileghabhálacha, is iad sin forbairt an mhargaidh aonair i seirbhísí árachais a éascú agus cosaint leordhóthanach a thabhairt do shealbhóirí polasaí ag an am céanna. Mar sin féin, ó tháinig creat stuamachta Sócmhainneacht II i bhfeidhm in 2016, chuir na húdaráis mhaoirseachta é chun feidhme ar bhealaí éagsúla. Is amhlaidh a bhí, mar shampla, maidir leis an dréimire idirghabhála a bhfuil sé d’aidhm aige staid airgeadais árachóirí a athbhunú tar éis meathlú a bheith ann, nó, ar bhonn níos leithne, maidir le bearta a bhaineann le téarnamh agus le réiteach. Ina theannta sin, i bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar ghníomhaíochtaí trasteorann agus na ndúshlán nua a bhaineann leis an staid eacnamaíocha agus airgeadais atá ann faoi láthair, le creat Sócmhainneacht II, níor cuireadh córas ar fáil go fóill lena bhféadfaí réiteach comhordaithe árachóirí a áirithiú.
Níl creat éifeachtach téarnaimh agus réitigh i bhfeidhm ag tromlach na mBallstát, agus nuair a bhíonn, bíonn difríochtaí suntasacha eatarthu. Áirítear ar na difríochtaí sin na cumhachtaí agus na huirlisí atá ar fáil do na húdaráis, na coinníollacha faoinar féidir na cumhachtaí sin a fheidhmiú agus na cuspóirí a shaothraítear agus aghaidh á tabhairt ar chliseadh árachóirí. Ina theannta sin, mar is léir ón líon beag cásanna inar chlis ar ÚEÁPC agus inár dhóbair gur chlis air, leis an easpa i dtaca le hullmhacht leordhóthanach na n‑árachóirí agus na n‑údarás poiblí, agus leis an easpa uirlisí agus cumhachtaí leordhóthanacha nó an easpa comhordaithe trasteorann, d’fhéadfaí sé gur cuireadh bac ar théarnamh nó ar réiteach pras rathúil na n‑árachóirí san Aontas a raibh ag cliseadh orthu. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé gur chosaint fho-optamach an chosaint do shealbhóirí polasaí agus do thairbhithe polasaí.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
I mí Iúil 2017, d’fhoilsigh ÚEÁPC Tuairim maidir le comhchuibhiú na gcreataí téarnaimh agus réitigh le haghaidh árachóirí ar fud na mBallstát; D’fhoilsigh ÚEÁPC an dara Tuairim uaidh i mí na Nollag 2020 tar éis ‘Call for Advice’ [Iarraidh ar Chomhairle] ón gCoimisiún i mí Feabhra 2019. Sa dá chás, rinne ÚEÁPC comhairliúchán poiblí. Ina theannta sin, d’eagraigh an Coimisiún comhdháil i mí Eanáir 2020, comhdháil ina raibh seisiún amháin dírithe ar théarnamh agus ar réiteach.
An 19 Feabhra 2020, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit tríd an Sainghrúpa maidir le Baincéireacht, Íocaíochtaí agus Árachas. Iarradh ar na Ballstáit a dtuairimí a thabhairt ar straitéis chomhairliúcháin an Choimisiúin agus ar an measúnú tionchair a rinne ÚEÁPC ar a chuid tograí. Bhí malartú tuairimí ar leith ann maidir le cur chuige i leith téarnaimh agus réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann, go háirithe trí shuirbhé spriocdhírithe.
I mí Iúil 2020, rinneadh anailís mhionsonraithe ar na roghanna beartais éagsúla a sholáthar i Measúnú Tionchair Tosaigh (IIA); bailíodh aiseolas ó pháirtithe leasmhara ar an gComhaontú Idirinstitiúideach go mí Lúnasa 2020. Ó mhí Iúil go mí Dheireadh Fómhair 2020, bailíodh 73 fhreagra mar chuid de chomhairliúchán poiblí faoin athbhreithniú ar chreat Sócmhainneacht II, ar freagraí iad a thug páirtithe leasmhara éagsúla, ón Limistéar Eorpach Eacnamaíoch den chuid is mó. Foilsíodh ‘tuarascáil achomair’ ar an aiseolas a tugadh don chomhairliúchán seo an 1 Feabhra 2021.
Cé gur thacaigh na húdaráis phoiblí agus an tsochaí shibhialta a bheag nó a mhór le gnéithe den téarnamh agus den réiteach a ailíniú ar bhealach níos fearr, léiríodh sna comhairliúcháin gur chinn an tionscal árachais nach raibh gá leis an gcomhchuibhiú sin den chuid is mó agus luadh go bhféadfadh na costais chomhlíontachta a bheith ard. Leag roinnt rannpháirtithe béim ar an ngá atá le cur i bhfeidhm comhréireach na rialacha. Leag na páirtithe leasmhara uile béim, áfach, ar an ngá atá le comhordú níos fearr agus le malartú faisnéise níos fearr idir maoirseoirí i gcomhthéacs trasteorann.
An 10 Samhain 2020, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit tríd an Sainghrúpa maidir le Baincéireacht, Íocaíochtaí agus Árachas maidir le gnéithe breise a bhaineann le téarnamh agus le réiteach árachais. Ar an iomlán, d’aontaigh saineolaithe na mBallstát leis na treoshuíomhanna beartais a moladh i dTuairim 2020 ó ÚEÁPC.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Chun tacú le hobair an Choimisiúin ar an athbhreithniú ar chreat Sócmhainneacht II, chuir sé ‘Call for Advice’ [Iarraidh ar Chomhairle] cuimsitheach chuig ÚEÁPC, lena n‑áirítear maidir le téarnamh agus réiteach. Foilsíodh tuarascáil deiridh ÚEÁPC an 17 Nollaig 2020.
Chomh maith le dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara, ghlac an Coimisiún páirt sa phlé agus sa mhalartú tuairimí a chuaigh i bhfeidhm ar obair ÚEÁPC, IAIS agus BCA maidir le téarnamh agus réiteach árachóirí. I ndáil leis sin, tá an togra reachtach ag teacht go hiomlán leis na treoshuíomhanna beartais is déanaí de chuid IAIS agus BCA.
•Measúnú tionchair
Forbraíodh an measúnú tionchair le haghaidh an togra seo mar chuid den athbhreithniú níos leithne ar Shócmhainneacht II agus thug an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála (RSB) tuairim dhearfach ina leith an 23 Aibreán 2021. Rinne ÚEÁPC measúnú críochnúil ar na costais agus ar na sochair a bhaineann leis an togra seo agus chuaigh ÚEÁPC i gcomhairle maidir leis faoi dhó; sa mheasúnú tionchair léirítear na príomhléargais ó anailís ÚEÁPC agus tugtar achoimre orthu thíos.
Rinne an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála roinnt moltaí maidir le feabhsuithe, rud a d’fhág go ndearnadh an measúnú tionchair a bheachtú a thuilleadh. Go háirithe, tugadh bunús breise leis an measúnú ar roghanna agus le costais agus sochair fhoriomlána an athbhreithnithe ar Shócmhainneacht II, mar aon leis an togra téarnaimh agus réitigh.
Fuarthas amach sa Mheasúnú Tionchair go dtabharfaí aghaidh go héifeachtach ar an easpa ullmhachta a thuairiscítear, ar idirghabhálacha a bhféadfadh moill a bheith orthu, ar neamhiomláine an bhosca uirlisí neamhiomlán agus ar bhainistiú neamh‑chomhordaithe ar chásanna trasteorann ina dtarlaíonn cliseadh nó inar dóbair go dtarlaíonn sé, ach creat téarnaimh agus réitigh coisctheach a chur chun feidhme.
Mar sin féin, sa mheasúnú tionchair, thángthas ar an gconclúid, i gcomhréir leis an treoir idirnáisiúnta agus le caighdeáin idirnáisiúnta, go bhfuil gá le coinníollacha sonracha a thabhairt isteach maidir le dul i mbun réitigh chun dul i ngleic le cásanna ina mbeadh tionchar sistéamach ag gabháil le cliseadh árachóra. Leis na roghanna beartais a forbraíodh sa togra go háirithe, chuirfí creat inchreidte ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar anás árachóirí a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag gabháil lena gcliseadh ar shealbhóirí polasaithe. Ach sraith chomhchuibhithe cumhachtaí a bheith ann chun cliseadh a chosc agus chun aghaidh a thabhairt air, agus le gnéithe comhsheasmhacha deartha, cur chun feidhme agus forfheidhmiúcháin comhsheasmhach aici, chothófaí comhar agus comhordú trasteorann le linn géarchéimeanna agus chuideofaí le haon chostas eacnamaíocha neamhriachtanach a sheachaint, ar chostais iad a thiocfadh as cinnteoireacht neamh‑chomhordaithe idir údaráis phoiblí agus cúirteanna éagsúla. Chuirfeadh sé le cothrom iomaíochta agus sheachnófaí arbatráiste rialála.
I dtéarmaí costas, léiríodh sa mheasúnú tionchair gur as na ceanglais maidir le pleanáil agus le measúnú inréiteachta den chuid is mó a thiocfaidís. I measúnú tionchair ÚEÁPC tugtar forléargas ar an raon costas a mheasann na hÚSNnna a bheidh le pleananna réitigh agus measúnuithe inréiteachta a dhréachtú agus a chothabháil, agus maidir le maoirseacht a dhéanamh ar phleananna téarnaimh coisctheacha. Bheadh costais le híoc ag árachóirí as pleananna téarnaimh coisctheacha a dhréachtú, as faisnéis a chur ar fáil le haghaidh na pleanála réitigh nó as athruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar bhaic ar inréiteacht. Ní raibh aon mheasúnú ar na costais sin ar fáil don mheasúnú tionchair; mar sin féin, ós rud é go ndéanfaí pleananna téarnaimh coisctheacha a chomhtháthú i mbainistíocht riosca leanúnach árachóirí, d’fhéadfadh tuarascálacha ORSA agus pleanáil theagmhasach a bheith ina bhfoinse ionchuir.
Sa mheasúnú tionchair dearbhaíodh measúnú ÚEÁPC freisin, arae nach mbeadh sé comhréireach a cheangal ar thionscal an árachais ciste réitigh a mhaoiniú nó forbairt dliteanas a cheangal ar árachóirí aonair a bhféadfaí tarrtháil inmheánach a dhéanam orthu chun caillteanais a iompar agus chun árachóirí a bhfuil ag cliseadh orthu a athchaipitliú. Sa Mheasúnú Tionchair measúnaíodh i dtaca leis na bearta sin go ndéanfaí clár comhardaithe na n‑árachóirí a bhoilsciú chun acmhainn ionsúcháin caillteanais a chruthú i gcomhréir lena bhforálacha teicniúla; Is éard a bheadh i gceist leis sin costais níos airde ar an tionscal agus rioscaí breise seirbhísithe a fhorchur ar chuideachtaí, ar costais agus rioscaí iad nach bhfuil bonn cirt leo de réir na sochar arna méadú go hábhartha.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Mar a mhínítear faoi roinn 2, ní chruthaítear dréimire idirghabhála breise i Sócmhainneacht II agus tá na ceanglais nua maidir le pleanáil nua faoi réir comhréireachta leordhóthanaí. Ach na gnéithe comhréireachta sin a thabhairt isteach, ba cheart go gcuideofaí leis an ualach rialála agus riaracháin a bhaineann le cur chun feidhme an togra a laghdú agus le cothromaíocht iomchuí a bhaint amach i dtaca leis na sochair a bhfuil coinne leo.
Trí fheasacht agus ullmhacht a chothú, rannchuidíonn an togra le bearta feabhais níos eolasaí agus níos tráthúla nuair is gá sin ó árachóirí. Chuirfí freisin leis an gcothrom iomaíochta i dtaca leis na bearta a dhéanann na húdaráis chun a ndálaí airgeadais a thabhairt ar ais nó chun iad a réiteach, rud a chuirfeadh le dálaí iomaíochta níos cothroime.
•Cearta bunúsacha
Leis an togra seo comhlíontar cearta bunúsacha agus comhlíonann sé na prionsabail atá aitheanta i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt) go háirithe, eadhon an ceart chun maoine, an ceart gnóthas a chur ar bun, an ceart leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil agus an ceart chun cosanta, agus ní mór é a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin.
Aon chur isteach ar chearta scairshealbhóirí agus creidiúnaithe a eascraíonn as gníomhaíocht réitigh, ba cheart é a bheith i gcomhréir leis an gCairt. Go háirithe, i gcás ina gcaithfear go héagsúil faoi ghníomhaíocht réitigh de le creidiúnaithe den aicme chéanna, ba cheart údar a bheith leis an dealú sin ar mhaithe le leas an phobail, ba cheart é a bheith i gcomhréir leis na rioscaí a bhfuiltear ag dul i ngleic leo. Na caillteanais a thabhódh na creidiúnaithe dá ndéantar difear, lena n‑áirítear sealbhóirí polasaí, níor cheart gur mhó iad ná na caillteanais a thabhóidís dá ndéanfaí an t‑árachóir a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta tráth déanta an chinnidh maidir le réiteach.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní bheidh aon impleacht ag an togra ar bhuiséad an Aontais.
Leis an togra, cheanglófaí ar ÚEÁPC an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) deich gcinn de chaighdeáin theicniúla agus sé cinn de threoirlínte a fhorbairt; (ii) tuarascáil bhliantúil amháin maidir le húsáid oibleagáidí simplithe a bhunú; (iii) bunachar sonraí maidir le smachtbhannaí riaracháin arna dtuairisciú ag údaráis náisiúnta a choinneáil ar bun; agus (iv) páirt a ghlacadh i gcoláistí réitigh, cinntí a dhéanamh i gcás easaontais idir údaráis mhaoirseachta agus réitigh agus idirghabháil cheangailteach a fheidhmiú. D’ullmhódh an coiste réitigh nuabhunaithe na cúraimí le haghaidh ÚEÁPC sna réimsí a chumhdaítear leis an togra. Sa chomhthéacs sin, iarrfar ar na húdaráis inniúla ábhartha páirt a ghlacadh, mar chomhaltaí, sna forbairtí sin agus, ar an gcaoi sin, bainfear an úsáid is fearr is féidir as na hacmhainní atá ann cheana.
Tá sé beartaithe go mbeidh na caighdeáin theicniúla ar fáil 18 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach. Leis an spriocdháta seo, ba cheart go gcuirfí go leor ama ar fáil d’ÚEÁPC chun iad a fhorbairt de réir na n‑acmhainní atá aige faoi láthair. Is i gcás na tuarascála maidir le húsáid na n‑oibleagáidí simplithe amháin is féidir seachadadh arís is arís eile a bheith ann.
An t‑ualach oibre a bhaineann le bunachar sonraí maidir le smachtbhannaí a chruthú agus a choinneáil ar bun, is dócha go mbeidh sé ag brath ar shreabhadh na dteagmhas arna dtuairisciú ag na húdaráis náisiúnta. Ba cheart tarluithe a theorannú agus is tarluithe iad a bheadh cothrom i rith an ama, rud a chuirfeadh ar chumas ÚEÁPC na hacmhainní atá aige cheana a bhainistiú de réir mar is gá.
I bhfianaise na hoibre a rinneadh san am atá caite agus i bhfianaise na hoibre reatha maidir le bainistíocht géarchéimeanna in ÚEÁPC, meastar nach mbeidh gá le suíomhanna breise a bhunú leis na cúraimí atá beartaithe do ÚEÁPC agus gur féidir na cúraimí sin a dhéanamh le hacmhainní reatha.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Leis an togra, ceanglaítear ar na Ballstáit na rialacha téarnaimh agus réitigh a thrasuí ina ndlíthe náisiúnta laistigh de 18 mhí ó theacht i bhfeidhm an togra seo. Mar a luadh i roinn 5, ba cheart do na húdaráis náisiúnta tuairisc a thabhairt ÚEÁPC maidir le cur i bhfeidhm oibleagáidí simplithe ar bhonn bliantúil, ar tuairisc í ar cheart d’ÚEÁPC í a nochtadh ina dhiaidh sin.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Teideal I – Raon feidhme, sainmhínithe agus údaráis
Ábhar agus raon feidhme ( Airteagal 1)
Leis an togra seo, tugtar aghaidh ar bhainistiú géarchéime (cumhachtaí coisctheacha, pleanáil agus réiteach téarnaimh coiscitheach) i ndáil le gach gnóthas árachais agus athárachais atá bunaithe san Aontas agus atá faoi réir chreat Sócmhainneacht II.
Ina theannta sin, ós rud é go bhféadfadh cliseadh eintitis atá cleamhnaithe le grúpa tionchar a imirt ar shócmhainneacht agus ar oibríochtaí an ghrúpa ar fad, le téarnamh coisctheach agus pleanáil réitigh, is gá eintitis ábhartha uile an ghrúpa a shainaithint agus a chuimsiú, ar eintitis iad a bhféadfadh árachóir a bheith páirteach iontu agus ba cheart go mbeadh modhanna éifeachtacha gníomhaíochta ag na húdaráis i ndáil leis na heintitis sin chun gníomhaíochtaí feabhais a fhorchur lena gcuirtear fóntacht airgeadais an ghrúpa san áireamh, chun aghaidh a thabhairt ar bhaic ar inréiteacht i gcomhthéacs grúpa agus chun scéim réitigh chomhsheasmhach a chur ar fáil don ghrúpa ina iomláine, go háirithe i gcomhthéacs trasteorann.
Údaráis réitigh a bhunú (Airteagal 3)
Leis an togra seo, ceanglaítear ar na Ballstáit údaráis réitigh árachais a bhunú, a mbeidh íosmhéid comhchuibhithe cumhachtaí acu chun tabhairt faoi na gníomhaíochtaí ullmhúcháin agus réitigh ar fad is ábhartha. Ní shonraítear sa togra an t‑údarás ar leith ba cheart a cheapadh agus is féidir, dá bhrí sin, bainc cheannais náisiúnta, aireachtaí inniúla, údaráis riaracháin phoiblí nó údaráis eile a bhfuil cumhachtaí riaracháin phoiblí de chúram orthu a bheith ann. I gcás ina sanntar na cumhachtaí d’údarás atá ann cheana, ba cheart socruithe struchtúracha leordhóthanacha a bheith i bhfeidhm chun coinbhleachtaí leasa idir feidhmeanna maoirseachta agus réitigh agus neamhspleáchas oibríochtúil a sheachaint, go háirithe maidir le húdaráis mhaoirseachta.
Teideal II An tUllmhúchán
Oibleagáidí simplithe (Airteagal 4)
Chun prionsabal na comhréireachta a chomhlíonadh agus chun ualach iomarcach riaracháin a sheachaint, ba cheart do na húdaráis, i gcás inarb iomchuí, ceanglais éagsúla nó ceanglais laghdaithe maidir le pleanáil agus réiteach coisctheach a chur i bhfeidhm ar bhonn gnóthas sonrach, agus ag minicíocht níos ísle nuashonruithe, agus roinnt tosca a bhaineann leis an ngnóthas á gcur san áireamh. Ar bhonn bliantúil, ba cheart do na húdaráis tuairisc a thabhairt do ÚEÁPC maidir le cur i bhfeidhm na n‑oibleagáidí simplithe.
Pleanáil téarnaimh choisctheach (Airteagail 5 go 8)
Ba cheart do ghrúpaí pleananna téarnaimh coisctheacha a tharraingt suas agus a chur faoi bhráid an ghrúpa maoirseachta grúpa. Chomh maith leis sin, árachóirí nach cuid de ghrúpa iad atá faoi réir na gceanglas pleanála sin, ní mór dóibh pleananna téarnaimh coisctheacha a ullmhú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta, ar pleananna iad ina leagtar amach bearta a bheidh le déanamh ag na gnóthais sin chun a staid airgeadais a athbhunú i gcás ina bhfuil meath suntasach tagtha ar an staid sin. Maidir le hárachóirí a bhfuil sé d’oibleagáid orthu pleananna téarnaimh coisctheacha a tharraingt suas, ba cheart do mhaoirseoirí iad a shainaithint bunaithe ar roinnt fachtóirí. Ar an iomlán, ba cheart 80 % ar a laghad de mhargadh Ballstáit a bheith faoi réir ceanglas den sórt sin agus chuirfí gnóthas íseal-riosca as an áireamh ar bhonn aonair.
Cuirfidh na pleananna sin feabhas ar thuiscint an árachóra ar a leochailí atá sé agus ba cheart go mbeadh na roghanna réalaíocha atá aige i gcásanna struis mar chuid lárnach de chóras rialachais gnóthais agus d’fhéadfadh uirlisí atá ann cheana a bheith ina n‑ionchur agus pleananna téarnaimh coisctheacha á n‑ullmhú.
Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta measúnú ar phleananna téarnaimh coisctheacha le fáil amach an bhfuil na pleananna cuimsitheach agus an bhféadfaí inmharthanacht gnóthais a athshlánú ar bhealach tráthúil.
Pleanáil réitigh agus measúnuithe inréiteachta (Airteagal 9 go hAirteagal 16)
Ní mór do na húdaráis réitigh pleananna réitigh a ullmhú ina leagtar amach na gníomhaíochtaí réitigh atá beartaithe ag an údarás i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha réitigh. Ar an iomlán, ba cheart 70 % de na gnóthais in aghaidh an Bhallstáit a bheith faoi réir pleanála réitigh agus chuirfí as an áireamh ar bhonn aonair gnóthais a mbaineann riosca íseal leo. Ba cheart na hárachóirí ábhartha a shainaithint ar bhonn roinnt critéar comhréireachta, lena n‑áirítear an tionchar a mheastar a bheidh ag a gcliseadh.
Níor cheart pleananna téarnaimh coisctheacha ná pleananna réitigh a bheith ag brath ar chúnamh airgeadais phoiblí urghnách ná níor cheart cáiníocóirí a chur i bpriacal caillteanais iontu.
Mar chuid de phleanáil réitigh, ba cheart do na húdaráis réitigh measúnú a dhéanamh maidir le hinréititheach fhoriomlán an árachóra, agus aghaidh a thabhairt ar aon chonstaic sa réimse sin. Ba cheart rogha na n‑údarás a theorannú don mhéid is gá chun struchtúr agus oibríochtaí an ghnóthais árachais nó athárachais a shimpliú chun inréiteacht an ghnóthais sin a fheabhsú, agus chuige sin amháin.
Cinntí comhpháirteacha (Airteagal 17)
Maoirseoirí grúpa, údaráis mhaoirseachta, údaráis réitigh grúpa agus údaráis réitigh, ba cheart dóibh, de réir mar is infheidhme féachaint le teacht ar chinntí comhpháirteacha de réir an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo.
Teideal III – Rún
Coinníollacha réitigh (Airteagal 19)
Leis an togra bunaítear comhpharaiméadar chun cur i bhfeidhm uirlisí réitigh a spreagadh. Ba cheart gnóthas árachais nó athárachais a chur faoi réiteach nuair atá ag cliseadh air nó nuair is dócha go gclisfidh air agus nach bhfuil aon seans gur féidir cliseadh a sheachaint le roghanna malartacha nó bearta maoirseachta ón earnáil phríobháideach.
Ag an am céanna, is gá a áirithiú nach gcuirfear bearta ionsáite i bhfeidhm ach amháin nuair a bheidh bonn cirt le cur isteach ar chearta na ngeallsealbhóirí agus nuair a bheadh gníomhaíocht réitigh chun leas an phobail.
Uirlisí agus cumhachtaí réitigh (Airteagal 26 go hAirteagal 52)
Nuair a chomhlíonfar na coinníollacha réitigh, beidh an chumhacht ag na húdaráis réitigh na huirlisí réitigh seo a leanas a chur i bhfeidhm:
(a)ionstraimí caipitil, ionstraimí fiachais agus dliteanais incháilithe eile a dhíluacháil nó a chomhshó go háirithe chun feidhmiú uirlisí réitigh eile amhail an réiteach sócmhainneach nó na huirlisí aistrithe a éascú. Cruthaítear ordlathas sonrach a chomhlánaíonn an t‑ordlathas atá bunaithe i ngach dlí náisiúnta dócmhainneachta agus i gcás ina bhfuil gá, cuirtear ina ionad é. I bprionsabal, ba cheart éilimh scairshealbhóirí a ídiú os comhair éilimh na gcreidiúnaithe tánaisteacha. Ní féidir leis na húdaráis réitigh caillteanais a fhorchur ar éilimh níos sinsearaí ach amháin nuair a bheidh na héilimh sin ídithe. In imthosca áirithe, déanfar comhshó chun éilimh na scairshealbhóirí eile a chaolú go tromchúiseach;
(b)uirlis um leachtú sócmhainneach: maidir le húdarú an ghnóthais atá faoi réiteach chun conarthaí árachais nó athárachais nua a thabhairt i gcrích, déantar é a aistharraingt chun a ghníomhaíocht a theorannú do riarachán eisiach a punainne reatha, agus ar an gcaoi sin, chun an oiread agus is féidir a dhéanamh ar chumhdach éileamh árachais ag sócmhainní reatha;
(c)díol gnó: is féidir gnó iomlán gnóthais nó cuid de a dhíol ar théarmaí tráchtála, gan ceanglais nós imeachta a chomhlíonadh a mbeadh feidhm acu ar shlí eile.
(d)gealltanas idirlinne: is féidir gnó iomlán gnóthais nó cuid de ghnó an ghnóthais a aistriú chuig eintiteas atá faoi rialú poiblí. Ní mór an gnóthas droichid a údarú i gcomhréir le Treoir Sócmhainneacht II. Is oibríochtaí sealadacha iad a chuid oibríochtaí, agus é mar aidhm leo an gnó a dhíol le ceannaitheoir príobháideach i gcás inarb iomchuí na coinníollacha margaidh.
(e)deighilt sócmhainní agus dliteanas: is féidir sócmhainní agus/nó dliteanais atá lagaithe nó fadhbach a aistriú chuig gléas bainistíochta ionas gur féidir iad a bhainistiú agus a oibriú amach le himeacht ama. Níor cheart an uirlis sin a úsáid ach amháin in éineacht le huirlis réitigh eile, chun saobhadh iomaíochta agus rioscaí baol mórálta a íoslaghdú.
Má tá siad ar fáil, le scéimeanna ráthaithe árachais, d’fhéadfaí rannchuidiú le cistiú an phróisis réitigh, trí chaillteanais a iompar de luach na nglanchaillteanas a bheadh uirthi a fhulaingt tar éis taisceoirí a chúiteamh i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta. Sna cásanna sin, le cur i bhfeidhm na huirlise díluachála nó comhshó, d’áiritheofaí sealbhóirí polasaí incháilithe a chosaint suas go dtí an leibhéal cumhdaigh ar a laghad, arb é sin an phríomhchúis ar bunaíodh na scéimeanna ráthaithe árachais sin faoin dlí náisiúnta.
D’fhonn na huirlisí sin a chur i bhfeidhm, beidh cumhachtaí ag na húdaráis réitigh ceannas a ghlacadh ar institiúid ar chlis air nó atá ar tí cliseadh, ról na scairshealbhóirí agus na mbainisteoirí a ghlacadh chucu féin, sócmhainní agus dliteanais a aistriú agus conarthaí a fhorfheidhmiú. I gcás inarb infheidhme, ní mór do ghníomhaíochtaí réitigh a bheith comhsheasmhach le creat Státchabhrach an Aontais. Chomh maith leis an íosmhéid uirlisí comhchuibhithe, beidh údaráis náisiúnta in ann foráil a dhéanamh maidir le huirlisí agus le cumhachtaí náisiúnta ar leith má tá siad i gcomhréir le prionsabail agus le cuspóirí chreat réitigh an Aontais. Go háirithe, féadfaidh na húdaráis náisiúnta breithniú a dhéanamh ar an uirlis díluachála nó comhshó a úsáid chun árachóir a bhfuil ag cliseadh air a athchaipitliú fad nach ndéanfar difear d’éilimh árachais agus go ndéanfar bearta atheagraithe agus athstruchtúraithe iomchuí.
Forálacha coimhdeacha a bhaineann le réiteach, lena n‑áirítear luacháil, coimircí, oibleagáidí nós imeachta agus cearta achomhairc agus eisiamh gníomhaíochtaí eile (Airteagal 23 go hAirteagal 25 agus Airteagal 53 go hAirteagal 66)
D’fhonn a áirithiú go nglacfaí cinntí réitigh i gcomhréir le treoirphrionsabail na gceart maoine, agus go ndéanfaí an dlí maidir le hurrúis agus dlí na gcuideachtaí, áirítear leis an Treoir na forálacha agus na céimeanna nach mór do na húdaráis réitigh a chomhlíonadh roimh agus le linn dóibh cinntí maidir le réiteach a ghlacadh. Mar shampla, áirítear orthu sin luacháil chruinn chlár comhardaithe an árachóra a áirithiú, coimircí le haghaidh scairshealbhóirí agus creidiúnaithe dá ndéantar difear, lena n‑áirítear sealbhóirí polasaí, chun cúiteamh a fháil má bhíonn siad níos measa ná mar a dhéanfaí dá ndéanfaí an t‑árachas nó an gnóthas athárachais a fhoirceannadh de réir imeachtaí dócmhainneachta náisiúnta, na céimeanna nós imeachta ar cheart do na húdaráis lena mbaineann fógra a thabhairt don árachóir agus d’údaráis eile lena mbaineann faoi chinntí réitigh agus faoi cheart achomhairc i gcoinne beart chun géarchéimeanna a chosc nó a bhainistiú. Chun réiteach a éascú agus chun cobhsaíocht airgeadais a chosaint, áirítear sa chreat freisin moratóir sealadach ar íoc éileamh agus tréimhsí fanachta i gcearta fuascailte na sealbhóirí polasaí i ndáil le conarthaí árachais saoil.
Teideal IV – Réiteach grúpa trasteorann (Airteagal 67 go hAirteagal 71)
Chun nádúr trasteorann roinnt grúpaí árachais a chur san áireamh agus chun creat cuimsitheach comhtháite a chruthú do ghníomhaíochtaí téarnaimh agus réitigh san Aontas, bunófar coláistí réitigh faoi cheannaireacht údarás réitigh an ghrúpa agus le rannpháirtíocht ÚEÁPC. Déanfaidh ÚEÁPC comhar idir na húdaráis a éascú, rannchuideoidh sé le comhsheasmhacht agus déanfaidh sé idirghabháil más gá. Is é is cuspóir do na coláistí bearta ullmhúcháin agus réitigh a chomhordú i measc na n‑údarás náisiúnta chun na réitigh is fearr is féidir a áirithiú ar leibhéal an Aontais.
Teideal V – Caidreamh le tríú tíortha (Airteagal 72 go hAirteagal 77)
Tá árachóirí san Aontas gníomhach i dtríú tíortha agus vice versa, agus dá bhrí sin ní mór do chreat éifeachtach réitigh foráil a dhéanamh maidir le comhar le húdaráis tríú tíortha. Leis an togra, tugtar na cumhachtaí is gá d’údaráis an Aontais chun tacú le gníomhaíochtaí réitigh eachtracha a dhéanann árachóir coigríche ar chlis air trí éifeacht a thabhairt d’aistriú a shócmhainní agus a dhliteanas, ar sócmhainní agus dliteanais iad atá suite nó faoi rialú ag dlí a ndlínse, faoi choinníollacha áirithe. Ba cheart an chumhacht a bheith ag údaráis réitigh an Aontais freisin uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm ar bhrainsí náisiúnta de ghnóthais tríú tír i gcás inar gá réiteach ar leithligh ar mhaithe le leas an phobail nó ar mhaithe le sealbhóirí polasaí áitiúil a chosaint.
Foráiltear leis an togra go bhféadfaí comhaontuithe comhair le húdaráis réitigh eachtracha a thabhairt i gcrích chun tacaíocht do ghníomhaíochtaí réitigh eachtracha a éascú. D’fhéadfadh ÚEÁPC socruithe creata riaracháin a dhéanamh le húdaráis tríú tíortha i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán Uimh. 1094/2010 agus d’fhéadfadh údaráis náisiúnta socruithe déthaobhacha a thabhairt i gcrích i gcomhréir le creat‑socruithe ÚEÁPC.
Teideal VI – Pionóis (Airteagal 78 go hAirteagal 82)
D’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh árachóirí, ar árachóirí iad a rialaíonn a ngnó agus a gcomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta na hoibleagáidí a eascraíonn as an togra seo, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Ba cheart do ÚEÁPC bunachar sonraí lárnach a choinneáil de na smachtbhannaí riaracháin go léir.
Teideal VII – Athruithe ar Threoir Sócmhainneacht II, ar na Treoracha maidir le Dlí na gCuideachtaí agus ar Rialachán ÚEÁPC
Athruithe ar Threoir Sócmhainneacht II, lena n‑áirítear maidir le bearta coisctheacha (Airteagal 83)
Gan difear a dhéanamh don dréimire idirghabhála atá ann cheana, leis an togra seo soiléirítear cumhachtaí na n‑údarás maoirseachta maidir le bearta coisctheacha a fhorchur ar árachóirí i gcásanna ina bhfuil meath suíomhanna airgeadais nó i gcás sáruithe ar cheanglais rialála, chun nach mbeidh na fadhbanna ag dul in olcas go luath le linn an mheatha.
D’fhonn réiteach éifeachtach a bhaint amach, leasaítear na forálacha maidir le hatheagrú agus foirceannadh chun cur i bhfeidhm na bhforálacha sin a leathnú i gcás ina n‑úsáidfear na huirlisí réitigh nuair a chuirfear na hionstraimí sin i bhfeidhm maidir le hárachóirí agus eintitis a chumhdaítear faoin gcóras réitigh.
Athruithe ar na Treoracha maidir le Dlí na gCuideachtaí agus ar Rialachán ÚEÁPC (Airteagal 83 go hAirteagal 88)
Leagtar síos rialacha i dTreoracha an Aontais maidir le Dlí na gCuideachtaí maidir le scairshealbhóirí agus creidiúnaithe a chosaint. D’fhéadfadh cuid de na rialacha bac a chur ar ghníomhú mear na n‑údarás réitigh. Tá sé beartaithe, dá bhrí sin, iad sin a leasú.
Chun a áirithiú go mbeidh ionadaíocht ag na húdaráis réitigh sa Chóras Eorpach um Maoirseoireacht Airgeadais agus chun a áirithiú go mbeidh an saineolas is gá ag ÚEÁPC, leasófaí Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 chun údaráis réitigh a áireamh i gcoincheap na n‑údarás inniúil.
2021/0296 (COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena mbunaítear creat le haghaidh gnóthais árachais agus athárachais a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2009/138/CE, (AE) 2017/1132 agus Rialacháin (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)An t‑anás ar ghnóthas árachais, is féidir leis dochar suntasach a dhéanamh don gheilleagar agus don leas sóisialta sna Ballstáit i gcás ina gcuirtear isteach ar an gcosaint a sholáthraítear do shealbhóirí polasaí, do thairbhithe nó do dhaoine díobhálaithe de bharr an anáis sin. Ó tharla an ról atá ag gnóthais athárachais sa gheilleagar, a n‑idirnascthacht le gnóthais árachais dhírigh agus le margaí airgeadais ar bhonn níos leithne, chomh maith le margadh an athárachais atá sách comhchruinnithe, tá gá le creat iomchuí chun dul i ngleic lena n‑anás nó lena gcliseadh ar bhealach rianúil. Dá bhrí sin, ba cheart aghaidh a thabhairt ar théarnamh agus ar réiteach gnóthas árachais dhírigh agus gnóthas athárachais araon, agus a sainiúlachtaí faoi seach á gcur san áireamh.
(2)Ar theacht na géarchéime domhanda airgeadais in 2008, nochtadh leochaileachtaí na hearnála airgeadais agus a hidirnascthachta. Ba chosúil go raibh baint ag cúiseanna anáis agus cúiseanna cliste, i measc nithe eile, le héabhlóid margaí airgeadais agus le cineál intreach gníomhaíochtaí árachais nó athárachais. Mar sin, na rioscaí frithgheallta, is é sin éilimh ghannsoláthartha, an mhíphraghsáil, is é sin préimheanna gannmheasta, agus an mhíbhainistíocht sócmhainní, is minic tagairt á déanamh dóibh mar phríomhchúiseanna imní do ghnóthais árachais agus athárachais. Sa chomhthéacs sin, baineadh úsáid as airgead na gcáiníocóirí chun dálaí airgeadais meata roinnt gnóthas árachas a athchóiriú. Cé go raibh sé d’aidhm ag Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus agus ón gComhairle córas airgeadais an Aontais agus athléimneacht gnóthas árachais agus athárachais a neartú, leis an Treoir sin, níor cuireadh deireadh iomlán leis an bhféidearthacht go bhféadfadh cliseadh ar ghnóthais árachais agus athárachais den sórt sin. Luaineachtaí arda sa mhargadh agus leibhéil ísle rátaí úis a mhaireann i bhfad, d’fhéadfadh siad dochar ar leith a dhéanamh do bhrabúsacht agus do sheasamh sócmhainneachta gnóthas árachais agus athárachais. I ngeall ar íogaireacht na ngnóthas árachais agus athárachais i leith forbairtí margaidh agus eacnamaíocha, tá gá, dá bhrí sin, le haire ar leith a thabhairt agus le creat iomchuí a dhéanamh chun aon mheath a d’fhéadfadh a bheith ann ar staideanna airgeadais na ngnóthas sin a bhainistiú, lena n‑áirítear ar bhealach coisctheach. Le roinnt clistí agus neaschlistí ar na mallaibh, go háirithe iad siúd ar de chineál trasteorann iad, léiríodh laigí sa chreat atá ann faoi láthair ar gá aghaidh a thabhairt orthu chun tarraingt siar ordúil gnóthas árachais nó athárachais ón margadh a eagrú go leordhóthanach.
(3)Maidir le gníomhaíochtaí, seirbhísí nó oibríochtaí a dhéanann gnóthais árachais nó athárachais nach féidir a ionadú go héasca laistigh de thréimhse ama réasúnta, nó ar chostas réasúnta do shealbhóirí polasaí, do thairbhithe nó do dhaoine díobhálaithe, ní mór iad a mheas mar fheidhmeanna criticiúla ar gá leanúint díobh. Is féidir le gníomhaíochtaí, seirbhísí agus oibríochtaí den sórt sin a bheith criticiúil ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach. Is minic gur fearr an leanúnachas cosanta árachais nó athárachais in áit gnóthas a bhfuil ag cliseadh air a fhoirceannadh toisc go soláthraítear an toradh is fabhraí do shealbhóirí polasaí, do thairbhithe agus do dhaoine díobhálaithe leis an leanúnachas sin. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go mbeidh uirlisí leordhóthanacha ar fáil chun clistí a sheachaint agus, i gcás ina gcliseann ar ghnóthas, chun iarmhairtí diúltacha a laghdú trí leanúnachas na bhfeidhmeanna criticiúla sin a chaomhnú.
(4)Eilimint riachtanach maidir leis an margadh inmheánach a thabhairt chun críche is ea a áirithiú go ndéanfar gnóthais árachais agus athárachais laistigh den Aontas a bhfuil ag cliseadh orthu a réiteach go héifeachtach. Ní hamháin go mbíonn tionchar ag cliseadh na ngnóthas sin ar shealbhóirí polasaí agus go bhféadfadh tionchar a bheith aige ar an bhfíorgheilleagar agus ar chobhsaíocht airgeadais na margaí ina bhfeidhmíonn na gnóthais árachais agus athárachais sin go díreach, ach bíonn tionchar aige freisin ar an iontaoibh as an margadh inmheánach le haghaidh árachais. Leis an margadh inmheánach i seirbhísí airgeadais a bheith tugtha i gcrích, tá atreisiú ar an idirghníomhú idir na córais airgeadais náisiúnta éagsúla. Tá gnóthais árachais agus athárachais gníomhach sna margaí airgeadais chun a bpunann infheistíochta agus na rioscaí a bhaineann lena gcuid gníomhaíochtaí a bhainistiú. Tá idirghaol eatarthu trína n‑oibríochtaí díorthacha leis an idirbhanc agus le margaí airgeadais eile atá pan‑Eorpach go bunúsach. Sa chomhthéacs sin, mura mbeadh sé ar a gcumas do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar chliseadh gnóthais árachais nó athárachais agus é sin a réiteach ar bhealach atá intuartha agus comhchuibhithe agus ar bhealach ina gcuirfí cosc go héifeachtach ar dhochar sistéamach níos leithne, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí dochar do chobhsaíocht margaí airgeadais agus, dá réir sin, don mhargadh inmheánach i réimse na seirbhísí airgeadais.
(5)Leis an ngéarchéim dhomhanda airgeadais in 2008, cuireadh i dtábhacht an gá atá le creat téarnaimh agus réitigh iomchuí a fhorbairt le haghaidh gnóthais árachais agus athárachais. Ar an leibhéal idirnáisiúnta, d’fhorbair an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais (‘BCA’), i mí Dheireadh Fómhair 2014, Príomhthréithe maidir le Córais Éifeachtacha Réitigh le haghaidh aon ghnóthas árachais a bhféadfadh tábhacht nó ríthábhacht shistéamach a bheith ag baint leis má chliseann air. I mí an Mheithimh 2016, d’eisigh BCA treoraíocht chomhlántach maidir le straitéisí agus pleananna éifeachtacha réitigh a fhorbairt le haghaidh árachóirí a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo. I gcomhthráth leis sin, i mí na Samhna 2019 ghlac an Comhlachas Idirnáisiúnta Maoirseoirí Árachais (‘IAIS’) Croíphrionsabail Árachais le haghaidh gach gnóthais árachais agus athárachais, Creat Comhchoiteann le haghaidh grúpaí árachais atá gníomhach go hidirnáisiúnta lena sonraítear caighdeáin le haghaidh na pleanála téarnaimh coiscthí, agus gníomhaíochtaí a mbeifí ag iarraidh ar na húdaráis tabhairt fúthu i leith gnóthas árachais nó athárachais a d’imeodh ón margadh agus a rachadh faoi réiteach. Ba cheart na forbairtí sin a chur san áireamh agus creat á leagan síos le haghaidh téarnamh agus réiteach gnóthas árachais agus athárachais a bhfuil ag cliseadh orthu.
(6)Tá cuid mhór gnóthas árachais agus athárachais ag feidhmiú thar theorainneacha náisiúnta. Easpa comhordaithe agus comhair idir na húdaráis phoiblí chun ullmhú le haghaidh anás nó cliseadh gnóthais árachais nó athárachais atá ag feidhmiú thar teorainneacha agus chun é a bhainistiú, is rud é sin a dhéanfadh dochar do mhuinín fhrithpháirteach na mBallstát, as a dtiocfadh toradh fo-optamach do shealbhóirí polasaí, do thairbhithe agus do dhaoine díobhálaithe agus ag a mbeadh tionchar ar inchreidteacht an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh árachais.
(7)Níl aon chomhchuibhiú ar nósanna imeachta ann ar leibhéal an Aontais Eorpaigh faoi láthair chun gnóthais árachais nó athárachais a réiteach ar bhealach comhordaithe. Ina ionad sin, is é a thugtar faoi deara ó Bhallstát go chéile difríochtaí substainteacha agus difríochtaí nós imeachta nach beag idir dlíthe náisiúnta, rialacháin agus forálacha riaracháin lena rialaítear cliseadh gnóthas árachais agus athárachais. Thairis sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh nósanna imeachta maidir le dócmhainneacht chorparáideach iomchuí i gcónaí le haghaidh gnóthais árachais nó athárachais, arae leis na nósanna imeachta sin, d’fhéadfadh sé nach n‑áiritheofaí i gcónaí leanúint leordhóthanach de na feidhmeanna criticiúla le haghaidh sealbhóirí polasaí, tairbhithe agus daoine díobhálaithe, an fhíorgheilleagair nó na cobhsaíochta airgeadais ina hiomláine.
(8)Tá sé riachtanach a áirithiú go leanfar de fheidhmeanna criticiúla gnóthas árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh orthu, nó go leanfar de fheidhmeanna criticiúla gnóthas árachais nó athárachais ar dócha go gclisfidh orthu agus, san am céanna, an tionchar a bheadh ag cliseadh gnóthais den sórt sin ar an ngeilleagar agus ar an gcóras airgeadais a íoslaghdú. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, creat a leagan síos chun sraith uirlisí inchreidte a sholáthar do na húdaráis ionas go bhféadfaidh siad idirghníomhú luath go leor agus gasta go leor i ngnóthais árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh orthu nó ar dócha go gclisfidh orthu. Ba cheart a áirithiú leis an gcreat sin gurb iad na scairshealbhóirí a sheasfaidh na caillteanais ar dtús agus gurb iad na creidiúnaithe a sheasfaidh na caillteanais ina dhiaidh sin, ar choinníoll nach dtabhóidh aon chreidiúnaí caillteanais níos mó ná mar a thabhódh siad dá ndéanfaí an gnóthas árachais nó athárachais a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta de réir an phrionsabail ‘creidiúnaí ar bith níos measa as’.
(9)Leis an gcreat atá le leagan síos, ba cheart é a chur ar a gcumas do na húdaráis a áirithiú go leanfar de chosaint árachais do shealbhóirí polasaí, do thairbhithe agus do dhaoine díobhálaithe, gníomhaíochtaí agus punanna inmharthana an ghnóthais árachais nó athárachais a aistriú i gcás inarb iomchuí, agus caillteanais a leithreasú ar bhealach atá cothrom agus intuartha. Ba cheart na cuspóirí sin a bheith ina gcuidiú chun caillteanais neamhriachtanacha nó cruatan sóisialta ar shealbhóirí polasaí, ar thairbhithe agus ar dhaoine díobhálaithe a sheachaint, chun tionchair dhiúltacha ar an bhfíorgheilleagar a mhaolú, chun tionchair dhiúltacha ar na margaí airgeadais a íoslaghdú agus chun na costais do cháiníocóirí a íoslaghdú.
(10)Fágann an t‑athbhreithniú ar Threoir 2009/138/CE, agus go háirithe tabhairt isteach ceanglas caipitil atá níos íogaire ó thaobh riosca de, mar aon le maoirseacht neartaithe, faireachán leachtachta feabhsaithe agus uirlisí níos fearr le haghaidh beartas macrastuamachta, gur cheart go laghdófaí an dóchúlacht a thuilleadh go gclisfidh ar ghnóthais árachais nó athárachais agus ba cheart go bhfeabhsófaí cumas na ngnóthas sin chun teacht slán as brú eacnamaíoch, bíodh sé de bharr suaití sistéamacha nó de bharr imeachtaí a bhaineann go sonrach leis an ngnóthas aonair. Mar sin féin, d’ainneoin creat stuamachta atá fónta agus stóinsithe, ní féidir cásanna anáis airgeadais a chur as an áireamh go hiomlán. Ba cheart do na Ballstáit a bheith ullmhaithe dá bhrí sin, agus uirlisí leordhóthanacha téarnaimh agus réitigh a bheith i bhfeidhm acu chun cásanna a láimhseáil lena ngabhfaidh géarchéimeanna sistéamacha nó ina gclisfidh ar ghnóthais aonair. Ba cheart go n‑áireofaí le huirlisí den sórt sin sásraí a chuirfidh ar a gcumas do na húdaráis dul i ngleic go héifeachtach le gnóthais a bhfuil ag cliseadh orthu nó ar dócha go gclisfidh orthu. Ba cheart na himthosca ina dtarlaíonn an cliseadh a chur san áireamh nuair a bhítear ag úsáid uirlisí den sórt sin agus ag feidhmiú cumhachtaí den sórt sin.
(11)Tá ceanglais pleanála téarnaimh coiscthí tugtha isteach ag roinnt Ballstát cheana féin, mar aon le sásraí chun gnóthais árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh orthu a réiteach. Mar sin féin, de cheal coinníollacha, próisis agus cumhachtaí coiteanna chun gnóthais árachais agus athárachais ar fud an Aontais a théarnamh agus a réiteach, is dócha go gcruthófar baic ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus go gcuirfear srian leis sin ar chomhar idir na húdaráis náisiúnta nuair a bhíonn siad ag dul i ngleic le grúpaí trasteorann gnóthas atá anásta nó a bhfuil ag cliseadh orthu. Is amhlaidh a bhíonn, go háirithe, i gcásanna ina bhfágann éagsúlacht sa chur chuige nach bhfuil an leibhéal céanna smachta ag na húdaráis náisiúnta nó nach bhfuil an cumas céanna acu chun gnóthais árachais nó athárachais a réiteach. D’fhéadfadh tionchar a bheith ag na difríochtaí sin i gcórais téarnaimh agus réitigh ar an gcothrom iomaíochta agus d’fhéadfadh sé go gcruthófaí saobhadh iomaíochta idir gnóthais mar thoradh orthu sin. Ba cheart deireadh a chur leis na baic sin agus ba cheart rialacha a ghlacadh chun a áirithiú nach mbainfear an bonn den mhargadh inmheánach. Chuige sin, ba cheart rialacha a dhéanamh lena rialaítear téarnamh coisctheach agus réiteach gnóthas árachais nó athárachais faoi réir rialacha íosta comhchoiteanna um chomhchuibhiú. Chun comhsheasmhacht leis an reachtaíocht atá ag an Aontas cheana i réimse na seirbhísí árachais a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an gcóras téarnaimh coiscthigh agus réitigh maidir le gnóthais árachais nó athárachais atá faoi réir na gceanglas stuamachta a leagtar síos i dTreoir 2009/138/CE.
(12)D’fhéadfadh cliseadh eintitis atá cleamhnaithe le grúpa tionchar a imirt go pras ar shócmhainneacht agus ar oibríochtaí an ghrúpa ina iomláine. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, ceanglais i leith pleanáil choisctheach maidir le téarnamh agus réiteach grúpa a bheith i bhfeidhm. Thairis sin, ba cheart bealaí éifeachtacha a bheith ag na húdaráis chun gníomhú maidir leis na heintitis sin chun bearta ceartaitheacha a fhorchur, gníomhaíochtaí lena gcuirfear san áireamh fóntacht airgeadais na ngrúpeintiteas uile, lena dtabharfar aghaidh ar bhaic ar inréiteacht i gcomhthéacs grúpa agus lena soláthrófar scéim chomhsheasmhach réitigh le haghaidh an ghrúpa ina iomláine, go háirithe i gcomhthéacs trasteorann. Dá bhrí sin, na ceanglais i leith pleanáil choisctheach maidir le téarnamh agus réiteach, na ceanglais inréiteachta agus an córas réitigh, ba cheart feidhm a bheith acu sin maidir le máthairghnóthais, cuideachtaí sealbhaíochta agus grúpeintitis eile, lena n‑áirítear craobhacha de ghnóthais árachais agus athárachais a bhunaítear lasmuigh den Aontas san áireamh.
(13)Tá sé riachtanach oiriúnacht agus éifeachtacht an chreata téarnaimh agus réitigh a áirithiú agus, san am céanna, ualaí agus costais riaracháin neamhriachtanacha ar ghnóthais agus ar na húdaráis a sheachaint. Ba cheart, dá bhrí sin, cur chun feidhme an chreata téarnaimh agus réitigh sin a bheith comhréireach maidir le cineál, scála agus castacht an ghnóthais lena mbaineann, agus maidir lena chuid gníomhaíochtaí agus seirbhísí. Maidir le raon feidhme na gceanglas pleanála téarnaimh agus réitigh, ba cheart do na húdaráis a chinneadh, ar bhonn sraithe comhchuibhithe critéar rioscabhunaithe, na gnóthais a bheidh faoi réir na gceanglas pleanála. Chun iontaoibh a chothú sa mhargadh aonair árachais agus athárachais agus chun cothrom iomaíochta a chothú, ba cheart íosleibhéal ullmhachta a bhaint amach trí íosleibhéal cumhdaigh margaidh a leagan síos. Na difríochtaí idir téarnamh ar láimh amháin agus réiteach ar an láimh eile, agus cibé acu is ann nó nach ann do leas pobail maidir le gníomhaíocht réitigh a dhéanamh, ba cheart iad sin a chur san áireamh san íosleibhéal cumhdaigh margaidh.
(14)Ar an gcúis chéanna, ba cheart do na húdaráis, i gcás inarb iomchuí, ceanglais dhifriúla nó laghdaithe i leith pleanáil choisctheach maidir le téarnamh agus réiteach agus ceanglais dhifriúla nó laghdaithe i leith faisnéise a chur i bhfeidhm ar bhonn gnóthas‑sonrach, agus ag minicíocht nuashonruithe níos ísle. Ag cur i bhfeidhm na n‑oibleagáidí simplithe sin dóibh, ba cheart do na húdaráis cineál, méid, castacht agus inionadaitheacht ghnó an ghnóthais a chur san áireamh, mar aon lena struchtúr scairshealbhóireachta agus a fhoirm dhlíthiúil, a phróifíl riosca, a leibhéal idirnascthachta le gnóthais rialáilte eile nó leis an gcóras airgeadais i gcoitinne. Ba cheart do na húdaráis a chur san áireamh freisin, maidir le cliseadh an ghnóthais árachais nó athárachais agus an foirceannadh a dhéanfaí air ina dhiaidh sin de réir na ngnáthimeachtaí dócmhainneachta, ar dhócha go mbeadh tionchar diúltach suntasach aige sin ar shealbhóirí polasaí, ar mhargaí airgeadais, ar ghnóthais eile, nó ar an ngeilleagar i gcoitinne. Ba cheart do na húdaráis tuairisc a thabhairt do ÚEÁPC maidir le cur i bhfeidhm na n‑oibleagáidí simplithe sin ar bhonn bliantúil.
(15)Le haghaidh próiseas réitigh ordúil agus chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint, ba cheart do na Ballstáit údaráis riaracháin phoiblí nó údaráis a cheapadh a mbeidh cumhachtaí riaracháin phoiblí ar a n‑iontaoibh acu chun na feidhmeanna agus na cúraimí a bhaineann leis an gcreat téarnaimh agus réitigh chur i gcrích. Ba cheart do Bhallstáit a áirithiú go ndéanfar acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh ar na húdaráis réitigh sin. I gcás ina n‑ainmníonn Ballstát údarás réitigh a bhfuil feidhmeanna eile aige, ba cheart socruithe struchtúracha leordhóthanacha a chur i bhfeidhm chun na feidhmeanna sin a scaradh ó na feidhmeanna réitigh agus chun neamhspleáchas oibríochtúil a áirithiú. Leis an scaradh sin, níor cheart cosc a chur ar an bhfeidhm réitigh rochtain a bheith aici ar aon fhaisnéis a bheidh ag teastáil uaithi le haghaidh a cuid dualgas a fheidhmiú faoin gcreat téarnaimh agus réitigh, nó le haghaidh comhair idir údaráis dhifriúla a bhfuil baint acu le cur i bhfeidhm an chreata téarnaimh agus réitigh.
(16)I bhfianaise na n‑iarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag cliseadh gnóthais árachais nó athárachais ar shealbhóirí polasaí, ar an gcóras airgeadais agus ar gheilleagar Ballstáit, agus i bhfianaise an ghá a d’fhéadfadh a bheith ann cistí poiblí a úsáid chun dul i ngleic leis an gcliseadh sin, ba cheart go mbeadh dlúthbhaint ag na hAireachtaí Airgeadais nó ag aireachtaí ábhartha eile sna Ballstáit, go luath, leis an bpróiseas chun géarchéimeanna a bhainistiú agus a réiteach.
(17)Is gá dul i ngleic ar bhealach éifeachtúil le staideanna airgeadais gnóthas árachais agus athárachais atá ag meathlú, nó le sáruithe ar cheanglais rialála ag na gnóthais sin, agus is gá géarú na bhfadhbanna a chosc. Ba cheart, dá bhrí sin, an chumhacht a bheith ag na húdaráis mhaoirseachta bearta coisctheacha a fhorchur. Mar sin féin, ba cheart na cumhachtaí coisctheacha sin a bheith comhsheasmhach leis an dréimire idirghabhála agus leis na cumhachtaí maoirseachta dá bhforáiltear cheana féin i dTreoir 2009/138/CE maidir le himthosca comhchosúla, lena n‑áirítear cumhachtaí maoirseachta dá bhforáiltear sa Phróiseas Athbhreithnithe Maoirseachta a leagtar síos in Airteagal 36 de Threoir 2009/138/CE. Maidir leis na cumhachtaí coisctheacha sin, níor cheart freisin é a bheith mar thoradh orthu sin go seolfaí idirghabháil réamhshainithe nua sula seolfaí an Ceanglas maidir le Caipiteal Sócmhainneachta, a leagtar síos i dTeideal I, Caibidil VI, Cuid 4 den Treoir sin. Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta measúnú a dhéanamh ar gach cás ar bhonn aonair agus cinneadh a dhéanamh i dtaobh an ghá atá le bearta coisctheacha bunaithe ar chúinsí agus ar chás an ghnóthais agus ar a mbreithiúnas maoirseachta.
(18)Is fíor-riachtanach go ndéanann grúpaí, agus i gcás inarb infheidhme, gnóthais aonair, pleananna téarnaimh coisctheacha a ullmhú agus a nuashonrú go tráthrialta, pleananna lena leagtar amach na gníomhaíochtaí a bheidh le déanamh ag na grúpaí nó na gnóthais sin chun a staid airgeadais a athshlánú i ndiaidh do mheathlú suntasach teacht ar an staid sin, meathlú a bhféadfadh riosca a bheith ag baint leis dá n‑inmharthanacht. Dá bhrí sin, ba cheart do ghnóthais árachais agus athárachais sraith táscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla a shainaithint a spreagfadh cur i ngníomh beart ceartaitheach atá beartaithe sna pleananna téarnaimh coisctheacha sin. Ba cheart na táscairí sin a bheith ina gcuidiú do ghnóthais árachais agus athárachais chun bearta ceartaitheacha a dhéanamh chun leasa na sealbhóirí polasaí agus níor cheart ceanglais stuamachta rialála nua a leagan síos leis na táscairí sin. Ba cheart pleananna téarnaimh coisctheacha lena gcumhdaítear gach eintiteas dlítheanach ábhartha laistigh den ghrúpa a shonrú agus a bhunú ar thoimhdí réalaíocha is infheidhme i raon cásanna stóinseacha agus diana. Ba cheart na pleananna téarnaimh coisctheacha sin a bheith ina gcuid lárnach de chóras rialachais gnóthais. Féadfaidh uirlisí atá ann cheana féin fónamh mar ionchur agus na pleananna téarnaimh coisctheacha sin á n‑ullmhú, lena n‑áirítear an féinmheasúnú riosca agus sócmhainneachta, pleananna teagmhasacha nó pleananna bainistithe riosca leachtachta. Mar sin féin, an ceanglas maidir le plean téarnaimh coisctheach a ullmhú, ba cheart é sin a chur i bhfeidhm go comhréireach agus ba cheart é a bheith gan dochar d’fhorbairt agus do chur isteach plean téarnaimh réalaíoch mar a cheanglaítear le hAirteagal 138(2) de Threoir 2009/138/CE. I gcás inarb ábhartha, d’fhéadfadh na gnéithe den phlean téarnaimh coisctheach a bheith ina bhfaisnéis nó fónamh mar bhonn chun an plean téarnaimh a cheanglaítear le hAirteagal 138(2) de Threoir 2009/138/CE a fhorbairt.
(19)Is gá leibhéal leordhóthanach ullmhachta a áirithiú le haghaidh géarchéimeanna. Ba cheart a cheangal ar mháthairghnóthais dheiridh nó ar ghnóthais aonair árachais nó athárachais a gcuid pleananna téarnaimh coisctheacha a chur isteach chuig údaráis mhaoirseachta lena measúnú go hiomlán, lena n‑áirítear an measúnú ar cibé acu atá nó nach bhfuil na pleananna sin cuimsitheach agus cibé acu a d’fhéadfaidís nó nach bhféadfaidís inmharthanacht gnóthais nó grúpa a athshlánú go tráthúil, fiú le linn tréimhsí géarbhrú airgeadais. I gcás ina gcuireann gnóthas plean téarnaimh coisctheach ar fáil nach bhfuil leormhaith, ba cheart cumhacht a thabhairt do na húdaráis mhaoirseachta a cheangal ar an ngnóthas sin bearta is gá a dhéanamh chun na heasnaimh ábhartha sa phlean a cheartú.
(20)Cuid bhunriachtanach den réiteach éifeachtach is ea an phleanáil réitigh. Ba cheart, dá bhrí sin, an fhaisnéis uile is gá a bheith ag na húdaráis réitigh chun feidhmeanna criticiúla a shainaithint agus chun a áirithiú go leanfar díobh. Tá eolas pribhléideach ag gnóthais árachais agus athárachais ar an gcaoi a bhfeidhmíonn siad agus ar na fadhbanna a eascraíonn as an bhfeidhmiú sin, agus ba cheart d’údaráis réitigh, dá bhrí sin, pleananna réitigh a tharraingt suas inter alia ar bhonn na faisnéise a chuireann na gnóthais lena mbaineann ar fáil. Chun ualaí riaracháin neamhriachtanacha a sheachaint, ba cheart d’údaráis réitigh an fhaisnéis is gá a aisghabháil ó na húdaráis mhaoirseachta ar dtús.
(21)Mar gheall ar a bpróifíl íseal riosca, níor cheart oibleagáid a bheith ar ghnóthais ag a bhfuil próifíl íseal riosca pleananna téarnaimh coisctheacha ar leithligh a tharraingt suas, agus níor cheart iad a bheith faoi réir pleanáil réitigh.
(22)Chun idirghníomhaíocht beart ceartaitheach agus réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann a thuar agus chun ullmhacht géarchéime grúpaí agus inréiteacht grúpaí a fheabhsú, aon láimhseáil grúpa le haghaidh pleanáil choisctheach maidir le téarnamh agus réiteach, ba cheart feidhm a bheith aici sin maidir le gach grúpeintiteas atá faoi réir maoirseacht ghrúpa. Ba cheart struchtúr airgeadais, teicniúil agus gnó an ghrúpa lena mbaineann agus a leibhéal idirnascthachta inmheánaí a chur san áireamh sna pleananna téarnaimh coisctheacha agus réitigh.
(23)Ba cheart pleananna coisctheacha maidir le téarnamh agus réiteach grúpa a ullmhú le haghaidh an ghrúpa ina iomláine agus leis na pleananna sin, ba cheart bearta a shainaithint i ndáil le máthairghnóthas deiridh agus le fochuideachtaí aonair araon atá ina gcuid den ghrúpa sin. Mar sin féin, a mhéid a mheastar fochuideachtaí sna grúp-phleananna coisctheacha maidir le téarnamh agus réiteach, ba cheart é sin a bheith comhréireach le hábharthacht na bhfochuideachtaí sin maidir leis an ngrúpa agus le sealbhóirí polasaí, leis an bhfíorgheilleagar agus leis an gcóras airgeadais sna Ballstáit ina bhfeidhmíonn na fochuideachtaí sin. Ba cheart baint le tarraingt suas aon phlean réitigh a bheith ag údaráis réitigh na mBallstát ina bhfuil fochuideachtaí ag grúpa. Ba cheart do na húdaráis lena mbaineann, ag gníomhú dóibh laistigh de choláistí maoirseachta nó réitigh, gach iarracht a dhéanamh teacht ar chinneadh comhpháirteach maidir leis na pleananna sin a mheasúnú agus a ghlacadh. Mar sin féin, níor cheart difear a dhéanamh d’ullmhacht géarchéime leordhóthanach mar gheall ar éagmais cinnidh comhpháirtigh laistigh de choláistí maoirseachta nó réitigh. I gcásanna den sórt sin, maidir le gach údarás maoirseachta atá freagrach as fochuideachta, ba cheart an deis a bheith acu plean téarnaimh coisctheach a éileamh le haghaidh na bhfochuideachtaí faoina dhlínse agus a mheasúnú féin a dhéanamh ar an bplean téarnaimh coisctheach. Ar na cúiseanna céanna, ba cheart do gach údarás réitigh atá freagrach as fochuideachta plean réitigh le haghaidh fochuideachtaí faoina dhlínse a tharraingt suas agus a choinneáil cothrom le dáta. Maidir le tarraingt suas pleananna aonair coisctheacha maidir le téarnamh agus réiteach le haghaidh gnóthais atá ina gcuid de ghrúpa, ba cheart í sin a bheith eisceachtúil fós, ba cheart údar cuí a bheith léi agus ba cheart caighdeáin a chur i bhfeidhm léi, caighdeáin atá comhchosúil leo siúd a chuirtear i bhfeidhm maidir le gnóthais inchomparáide sa Bhallstát lena mbaineann. I gcás ina n‑ullmhaítear pleananna aonair coisctheacha maidir le téarnamh agus réiteach le haghaidh gnóthais atá ina gcuid de ghrúpa, ba cheart do na húdaráis lena mbaineann díriú, a mhéid is féidir, ar chomhsheasmhacht le pleananna coisctheacha maidir le téarnamh agus réiteach a bhaint amach don chuid eile den ghrúpa.
(24)Chun na húdaráis uile lena mbaineann a choinneáil ar an eolas go hiomlán agus go buan, ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta aon phleananna téarnaimh coisctheacha agus aon athruithe ar na pleananna sin a tharchur chuig na húdaráis réitigh lena mbaineann agus ba cheart do na húdaráis réitigh aon phleananna réitigh agus aon athruithe orthu sin a tharchur chuig na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann.
(25)Ba cheart an chumhacht a bheith ag na húdaráis réitigh a cheangal ar ghnóthais árachais nó athárachais athrú a dhéanamh ar a struchtúr agus ar a n‑eagrú agus sin bunaithe ar mheasúnú ar inréiteacht gnóthas árachais nó athárachais, bíodh sé sin go díreach nó go hindíreach tríd an údarás maoirseachta. Ba cheart é a bheith ar a gcumas do na húdaráis réitigh bearta a dhéanamh atá riachtanach ach comhréireach chun aon bhaic ábhartha ar chur i bhfeidhm uirlisí réitigh a laghdú nó deireadh a chur leo agus inréiteacht na n‑eintiteas lena mbaineann a áirithiú. Ba cheart do na húdaráis réitigh measúnú a dhéanamh ar inréiteacht gnóthas árachais nó athárachais ar leibhéal na ngnóthas sin i gcás ina meastar go ndéanfaí gníomhaíochtaí réitigh, i gcomhréir leis an bplean réitigh grúpa. Maidir le cumas na n‑údarás réitigh athruithe ar struchtúr agus ar eagrú gnóthais árachais nó athárachais a iarraidh, nó bearta a dhéanamh chun aon bhaic ábhartha ar chur i bhfeidhm uirlisí réitigh agus chun inréiteacht na ngnóthas lena mbaineann a áirithiú, níor cheart dó sin dul thar a bhfuil riachtanach chun struchtúr agus oibríochtaí an ghnóthais árachais nó athárachais lena mbaineann a shimpliú chun feabhas a chur ar inréiteacht an ghnóthais sin.
(26)Cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a leagtar amach i bplean téarnaimh coisctheach nó i bplean réitigh, d’fhéadfadh sé go mbeadh tionchair aige sin ar bhaill foirne gnóthas árachais nó athárachais. Dá bhrí sin, ba cheart nósanna imeachta a bheith sna pleananna sin chun ionadaithe na bhfostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo ar feadh na bpróiseas téarnaimh agus réitigh nuair is iomchuí. Ba cheart a chur san áireamh sna nósanna imeachta sin comhaontuithe coiteanna, socruithe eile dá bhforáiltear leis na comhpháirtithe sóisialta, agus an dlí náisiúnta agus dlí an Aontais maidir le rannpháirtíocht na gceardchumann agus ionadaithe na n‑oibrithe i bpróisis athstruchtúraithe cuideachtaí.
(27)Má táthar chun gnóthais árachais agus athárachais nó grúpeintitis a fheidhmíonn ar fud an Aontais a théarnamh agus a réiteach go héifeachtach, teastóidh comhar i measc na n‑údarás maoirseachta agus údarás réitigh laistigh de choláistí maoirseachta agus réitigh ag gach céim den phróiseas, ó ullmhú na bpleananna coisctheacha maidir le téarnamh agus réiteach go dtí go ndéanfar gnóthas a réiteach go hiarbhír. I gcás ina n‑easaontaíonn údaráis maidir leis na cinntí atá le glacadh i dtaca le grúpaí agus gnóthais, mar rogha dheireanach, ba cheart ról idirghabhála a bheith ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(28)I rith na céime téarnaimh agus na céime coiscthí, ba cheart do na scairshealbhóirí freagracht agus smacht iomlán a choinneáil ar an ngnóthas árachais nó athárachais. Níor cheart dóibh freagracht den sórt sin a choinneáil a thuilleadh a luaithe is a chuirtear an gnóthas faoi réiteach. Dá bhrí sin, sa chreat réitigh ba cheart foráil a dhéanamh maidir le gnóthas árachais nó athárachais a dhul faoi réiteach go tráthúil, is é sin sula mbeidh sé dócmhainneach ó thaobh an chláir comhardaithe de nó ó thaobh sreabhadh airgid de, sula mbeidh gach cothromas díscithe go hiomlán, nó sula mbeidh sé sa dóigh nach féidir leis an ngnóthas árachais nó athárachais a n‑oibleagáidí íocaíochta a chomhlíonadh de réir mar a bheidh siad dlite. Ba cheart réiteach a thionscnamh nuair a chinneann údarás maoirseachta, tar éis dó dul i gcomhairle le húdarás réitigh, nó tar éis d’údarás réitigh dul i gcomhairle leis, go bhfuil ag cliseadh ar ghnóthas árachais nó athárachais nó gur dócha go gclisfidh air agus nach ndéanfaí cliseadh den sórt sin laistigh de thréimhse ama réasúnta a chosc le bearta malartacha. Ba cheart gnóthas árachais nó athárachais a mheas ina ghnóthas a bhfuil ag cliseadh air nó gur dócha go gclisfidh air in aon cheann de na himthosca seo a leanas: (i) i gcás ina sáraíonn an gnóthas an tÍoscheanglas Caipitil (‘MCR’) a leagtar síos i dTeideal I, Caibidil VI, Cuid 4 de Threoir 2009/138/CE, nó gur dócha go sáróidh an gnóthas é, agus i gcás nach bhfuil aon ionchas réasúnach ann go n‑athbhunófar an chomhlíontacht; (ii) i gcás nach gcomhlíonann an gnóthas na coinníollacha maidir le húdarú a thuilleadh nó i gcás ina gcliseann ar ghnóthas go tromchúiseach a n‑oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh faoi na dlíthe agus na rialacháin a bhfuil sé faoina réir nó i gcás inar dócha go gclisfidh air go tromchúiseach a n‑oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh faoi na dlíthe agus na rialacháin a bhfuil sé faoina réir go luath amach anseo ar bhealach ina dtabharfaí údar cuí leis an údarú a tharraingt siar; (iii) i gcás nach bhfuil an gnóthas árachais nó athárachais in ann a fhiacha nó a dhliteanais eile a ghlanadh nó i gcás inar dócha nach mbeidh sé in ann a fhiacha nó a dhliteanais eile a ghlanadh go luath amach anseo, lena n‑áirítear íocaíochtaí do shealbhóirí polasaí nó do thairbhithe de réir mar a bheidh siad dlite; nó (iv) i gcás ina dteastaíonn tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ón ngnóthas árachais nó athárachais.
(29)D’fhéadfadh sé go gcuirfear isteach ar chearta scairshealbhóirí agus creidiúnaithe gnóthas árachais agus athárachais le húsáid uirlisí agus cumhachtaí réitigh. Go háirithe, cumhacht na n‑údarás réitigh scaireanna nó sócmhainní uile nó cuid de shócmhainní gnóthais árachais nó athárachais a aistriú chuig ceannaitheoir príobháideach gan toiliú na scairshealbhóirí, déanfaidh an chumhacht sin difear do chearta maoine scairshealbhóirí. Ina theannta sin, an chumhacht maidir le cinneadh a dhéanamh faoi na dliteanais atá le haistriú amach as gnóthas a bhfuil ag cliseadh air chun leanúnachas na seirbhísí a áirithiú agus chun drochthionchair ar shealbhóirí polasaí, ar thairbhithe agus ar dhaoine díobhálaithe, ar an bhfíorgheilleagar nó ar an gcobhsaíocht airgeadais ina hiomláine a sheachaint, d’fhéadfadh an chumhacht sin difear a dhéanamh do chóir chomhionann creidiúnaithe. Dá bhrí sin, níor cheart aon uirlis réitigh a chur i bhfeidhm ach amháin maidir leis na gnóthais árachais nó athárachais sin a bhfuil ag cliseadh orthu nó ar dócha go gclisfidh orthu, agus i gcás inar gá sin chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach ar son an leasa choitinn. Go háirithe, níor cheart uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm ach amháin i gcás nach féidir gnóthas árachais nó athárachais a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta gan tionchar míchuí a imirt ar chosaint sealbhóirí polasaí, tairbhithe agus éilitheoirí nó gan an córas airgeadais a dhíchobhsú. Thairis sin, ba cheart bearta réitigh a bheith riachtanach chun aistriú na bhfeidhmeanna criticiúla agus an leanúint díobh a áirithiú agus níor cheart aon ionchas réasúnach a bheith ann go dtiocfar ar réiteach príobháideach eile, lena n‑áirítear an t‑ionchas go méadódh na scairshealbhóirí atá ann cheana féin nó aon tríú páirtí dóthain caipitil chun inmharthanacht iomlán an eintitis a athshlánú gan tionchar a imirt ar éilimh árachais. Aon chur isteach ar chearta na scairshealbhóirí nó na gcreidiúnaithe a eascraíonn as gníomhaíocht réitigh, ba cheart é sin a bheith i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt). Go háirithe, i gcás ina gcaithfear go héagsúil le creidiúnaithe laistigh den aicme chéanna i gcomhthéacs gníomhaíochta réitigh, ba cheart údar a bheith leis an dealú sin chun leasa an phobail, agus ba cheart é a bheith i gcomhréir leis na rioscaí a bhfuiltear ag tabhairt aghaidh orthu agus níor cheart é a bheith idirdhealaitheach, go díreach ná go hindíreach, ar fhorais na náisiúntachta.
(30)Nuair a bheidh uirlisí réitigh á gcur i bhfeidhm agus cumhachtaí réitigh á bhfeidhmiú, ba cheart do na húdaráis réitigh gach beart is iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar gníomhaíocht réitigh i gcomhréir leis an bprionsabal go ndéantar difear d’éilimh árachais tar éis scairshealbhóirí agus go dtabhaíonn creidiúnaithe eile a sciar de na caillteanais. Ina theannta sin, ba cheart do na húdaráis réitigh a áirithiú go n‑íoslaghdófar na costais réitigh gnóthas árachais nó athárachais agus go gcaithfear go cothromasach le creidiúnaithe den aicme chéanna.
(31)Le díluacháil nó comhshó ionstraimí caipitil, ionstraimí fiachais agus dliteanas incháilithe eile ba cheart foráil a dhéanamh maidir le sásra ionsúcháin caillteanais inmheánach. Leis an sásra sin, mar aon le huirlisí aistrithe a bhfuil sé d’aidhm acu leanúnachas an chumhdaigh árachais a choinneáil ar bun chun tairbhe na sealbhóirí polasaí, na dtairbhithe agus na ndaoine díobhálaithe, ba cheart go mbeifí in ann na cuspóirí réitigh a bhaint amach agus ba cheart an tionchar a bheadh ag cliseadh gnóthais árachais nó athárachais ar shealbhóirí polasaí a theorannú cuid mhór. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go mbeidh cásanna eisceachtúla ann ina mbeidh gá le hidirghabháil scéimeanna náisiúnta sonracha chun an gnóthas árachais nó athárachais a réiteach, go háirithe scéim ráthaithe árachais nó ciste réitigh, chun foráil a dhéanamh maidir le hionsúchán comhlántach caillteanais agus le hacmhainní athstruchtúraithe nó, mar rogha dheireanach, le maoiniú pobail urghnách. Leis na coimircí riachtanacha a bhfuil sé d’aidhm acu creidiúnaithe a chosaint ba cheart a léiriú gurb ann do na scéimeanna náisiúnta sonracha sin, scéimeanna nach mór a bheith i gcomhréir le creat Státchabhrach an Aontais ar a seal. Ba cheart an uirlis díluachála nó chomhshó a chur i bhfeidhm sula n‑úsáidfear aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách.
(32)Níor cheart cur isteach ar cheart maoine a bheith díréireach. Dá bhrí sin, níor cheart do scairshealbhóirí agus do chreidiúnaithe gnóthas árachais agus athárachais dá ndéantar difear, lena n‑áirítear sealbhóirí polasaí, caillteanais a thabhú ar mó iad ná na caillteanais a thabhóidís dá ndéanfaí an gnóthas árachais nó athárachais a fhoirceannadh nuair a ghlactar an cinneadh réitigh sin. I gcás páirtaistriú sócmhainní agus dliteanas gnóthais árachais nó athárachais faoi réiteach chuig ceannaitheoir príobháideach nó chuig gnóthas idirlinne, is de réir na ngnáthimeachtaí dócmhainneachta ba cheart an chuid iarmharach den ghnóthas faoi réiteach a fhoirceannadh. Scairshealbhóirí agus creidiúnaithe atá fágtha in imeachtaí foirceanta gnóthais árachais nó athárachais, ba cheart go mbeidís i dteideal íoc as a n‑éilimh sna himeachtaí foirceanta, nó cúiteamh a fháil astu, méid nach lú ná an méid a ghnóthóidís dá ndéanfaí an gnóthas árachais nó athárachais ina iomláine a fhoirceannadh de réir na ngnáthimeachtaí dócmhainneachta.
(33)Chun cearta na scairshealbhóirí agus na gcreidiúnaithe a chosaint, is gá oibleagáidí soiléire a leagan síos maidir le luacháil shócmhainní agus dhliteanais an ghnóthais faoi réiteach agus maidir le luacháil na córa a chuirfí ar scairshealbhóirí agus ar chreidiúnaithe dá bhfoirceannfaí an gnóthas faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta. Is gá, dá bhrí sin, a leagan síos, sula ndéanfaí aon ghníomhaíocht réitigh, go ndéanfar luacháil chóir réalaíoch ar shócmhainní agus ar dhliteanais an ghnóthais árachais nó athárachais. Ba cheart luacháil den sórt sin a bheith faoi réir ceart achomhairc. Mar sin féin, de bharr chineál na gníomhaíochta réitigh agus de bharr an dlúthnaisc atá aici leis an luacháil, níor cheart go mbeifí in ann achomharc den sórt sin a dhéanamh ach amháin i gcás ina ndírítear é go comhuaineach in aghaidh an chinnidh réitigh. Ina theannta sin, is gá a leagan síos, tar éis uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm, go ndéantar comparáid idir an chóir iarbhír a chuirtear ar scairshealbhóirí agus ar chreidiúnaithe agus an chóir a chuirfí orthu faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta. Ba cheart go bhféadfaí agóid a dhéanamh i gcoinne na comparáide ex post sin ar leithligh ón gcinneadh réitigh. Scairshealbhóirí agus creidiúnaithe a fhaigheann níos lú ná an méid a gheobhaidís faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, ba cheart iad a bheith i dteideal an difríocht a bheith íoctha leo.
(34)Is tábhachtach caillteanais a aithint nuair a chliseann ar ghnóthas árachais nó athárachais. Ba cheart gur ar bhonn toimhdí cothroma stuama réalaíocha a bhunófaí luacháil shócmhainní agus dhliteanais na ngnóthas a bhfuil ag cliseadh orthu an tráth a chuirfí na huirlisí réitigh i bhfeidhm. Níor cheart, áfach, go ndéanfadh staid airgeadais an ghnóthais árachais nó athárachais difear do luach na ndliteanas sa luacháil. Ba cheart na húdaráis réitigh a bheith in ann, i gcásanna eisceachtúla, luacháil ghasta a dhéanamh ar shócmhainní nó ar dhliteanais gnóthais árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh air. Ba cheart an luacháil sin a bheith sealadach agus ba cheart feidhm a bheith aici go dtí go ndéanfar luacháil neamhspleách. Ba cheart do ÚEÁPC creat prionsabal a bhunú a bheadh le húsáid chun luachálacha den sórt sin a dhéanamh, agus leis an gcreat sin, ba cheart na húdaráis réitigh agus luachálaithe neamhspleácha a bheith in ann modheolaíochtaí sonracha difriúla a chur i bhfeidhm, de réir mar is iomchuí.
(35)Nuair a dhéanfaidh siad gníomhaíochtaí réitigh, ba cheart do na húdaráis réitigh na bearta dá bhforáiltear sna pleananna réitigh a chur san áireamh agus a leanúint seachas má mheasann na húdaráis réitigh, agus imthosca an cháis á gcur san áireamh, go mbainfear na cuspóirí réitigh amach ar bhealach níos éifeachtaí trí ghníomhaíochtaí a dhéanamh nach ndéantar foráil maidir leo sna pleananna réitigh.
(36)Ba cheart uirlisí réitigh a cheapadh agus iad a bheith oiriúnach chun freagairt do shraith leathan cásanna nach féidir a thuar den chuid is mó, ag cur san áireamh go bhféadfadh difríocht a bheith idir gnóthas árachais nó athárachais amháin atá i ngéarchéim agus géarchéim shistéamach níos leithne. Ba cheart, dá bhrí sin, go gcumhdófaí gach ceann de na cásanna sin leis na huirlisí réitigh, lena n‑áirítear leachtú sócmhainneach an ghnóthais faoi réiteach go dtí a fhoirceannadh, díol an ghnó nó scaireanna an ghnóthais faoi réiteach, gnóthas idirlinne a chur ar bun, scaradh na sócmhainní agus na ndliteanas ó phunanna lagaithe nó tearcfheidhmithe an ghnóthais a bhfuil ag cliseadh air, agus díluacháil nó comhshó ionstraimí caipitil agus dhliteanais incháilithe eile an ghnóthais árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh air.
(37)I gcás ina n‑úsáidtear uirlisí réitigh chun punanna árachais a aistriú chuig eintiteas fónta, eintiteas a d’fhéadfadh a bheith ina cheannaitheoir ón earnáil phríobháideach nó ina ghnóthas idirlinne, ba cheart an chuid iarmharach den ghnóthas a leachtú laistigh d’achar ama iomchuí. Ba cheart fad an achair ama sin a bhunú ar an ngá don ghnóthas árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh air seirbhísí nó tacaíocht a sholáthar chun é a chur ar a chumas don cheannaitheoir ón earnáil phríobháideach nó don ghnóthas idirlinne na gníomhaíochtaí agus na seirbhísí a fuarthas de bhua an aistrithe sin a chur i gcrích.
(38)Leis an uirlis díolta gnó, ba cheart go gcuirfear ar a gcumas do na húdaráis réitigh díol an ghnóthais árachais nó athárachais nó codanna dá ghnó a chur i gcrích le ceannaitheoir amháin nó níos mó ná sin gan toiliú na scairshealbhóirí. Agus an uirlis díolta gnó á cur i bhfeidhm, ba cheart do na húdaráis socruithe a dhéanamh maidir leis an ngnóthas árachais nó athárachais sin nó cuid dá ghnó a mhargú trí phróiseas oscailte trédhearcach neamh‑idirdhealaitheach agus, san am céanna, an praghas díola a uasmhéadú a mhéid is féidir. I gcás ina bhfuil próiseas mar sin dodhéanta, ar chúiseanna práinne, ba cheart do na húdaráis céimeanna a ghlacadh chun an tionchar díobhálach ar iomaíocht agus ar an margadh inmheánach a chur ina cheart.
(39)Aon ghlanfháltais ó aistriú sócmhainní nó dliteanas an ghnóthais faoi réiteach ar chur i bhfeidhm na uirlise díolta gnó, ba cheart iad a dhul chun tairbhe don ghnóthas a bheidh fágtha sna himeachtaí foirceanta. Aon ghlanfháltais ó aistriú scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile arna n‑eisiúint ag an ngnóthas faoi réiteach ar chur i bhfeidhm na huirlise díolta gnó, ba cheart dóibh dul chun tairbhe d’úinéirí na scaireanna sin nó d’úinéirí na n‑ionstraimí úinéireachta eile. Ba cheart na fáltais a ríomh glan ó na costais a eascraíonn as an gcliseadh ar an ngnóthas árachais nó athárachais agus as an bpróiseas réitigh.
(40)Maidir leis an bhfaisnéis a bhaineann le margú gnóthais árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh air agus faisnéis a bhaineann leis an gcaibidlíocht le faighteoirí ionchasacha sula gcuirfear an uirlis díolta gnó i bhfeidhm, is dócha go mbeidh an fhaisnéis sin íogair agus go bhféadfadh rioscaí a bheith ag gabháil léi don iontaoibh sa mhargadh árachais. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, a áirithiú gur féidir nochtadh poiblí na faisnéise sin a cheanglaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur siar ar feadh an ama is gá chun réiteach an ghnóthais árachais agus athárachais a phleanáil agus a struchtúrú.
(41)Is gnóthas árachais nó athárachais é gnóthas idirlinne atá faoi úinéireacht iomlán nó pháirteach údaráis phoiblí amháin nó níos mó nó a rialaíonn an t‑údarás réitigh é. Is é is príomhchuspóir do ghnóthas idirlinne a áirithiú go leanfar de na feidhmeanna criticiúla a sholáthar do shealbhóirí polasaí an ghnóthais árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh air. Dá bhrí sin, ba cheart gnóthas idirlinne a fheidhmiú mar ghnóthas leantach inmharthana agus ba cheart é a chur ar ais ar an margadh a luaithe agus is iomchuí na dálaí nó é a fhoirceannadh i gcás nach mbeidh an gnóthas idirlinne inmharthana a thuilleadh.
(42)Leis an uirlis deighilte sócmhainní agus dliteanas ba cheart go gcuirfear ar a gcumas do na húdaráis sócmhainní, cearta nó dliteanais gnóthais faoi réiteach a aistriú chuig meán eile chun na sócmhainní, cearta nó dliteanais sin a bhaint, a bhainistiú agus a fhoirceannadh. Chun cosc a chur ar bhuntáiste míchuí san iomaíocht ag an ngnóthas árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh air, níor cheart an uirlis deighilte sócmhainní agus dliteanas a úsáid ach amháin i gcomhar le huirlisí eile.
(43)Ba cheart a áirithiú le córas éifeachtach réitigh gur féidir gnóthais árachais nó athárachais a réiteach ar bhealach ina n‑íoslaghdófar an tionchar diúltach a bheidh ag cliseadh gnóthais ar shealbhóirí polasaí, ar cháiníocóirí, ar an bhfíorgheilleagar agus ar an gcobhsaíocht airgeadais. Ba cheart a áirithiú leis an díluacháil nó leis an gcomhshó, sula ndéanfar difear d’éilimh árachais, gurb iad scairshealbhóirí agus creidiúnaithe gnóthais árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh air a sheasfaidh na caillteanais ar dtús agus go seasfaidh siad cuid iomchuí de na costais a eascraíonn as an gcliseadh gnóthais árachais nó athárachais a luaithe agus a úsáidfear cumhacht réitigh. Dá réir sin, ba cheart leis an uirlis díluachála nó chomhshó go méadófar an dreasacht do scairshealbhóirí agus do chreidiúnaithe gnóthas árachais nó athárachais agus, go pointe áirithe, do shealbhóirí polasaí, faireachán a dhéanamh ar shláinte gnóthais árachais nó athárachais le linn gnáthimthosca.
(44)Is gá a áirithiú go mbeidh an tsolúbthacht is gá ag na húdaráis réitigh, i raon imthosca, chun an gnóthas faoi réiteach a chur faoi leachtú sócmhainneach, a sócmhainní, a gcearta agus a ndliteanais a aistriú ar na dálaí is fearr do shealbhóirí polasaí, nó na caillteanais atá fágtha a leithdháileadh. Is iomchuí a leagan síos, dá bhrí sin, gur cheart na húdaráis réitigh a bheith in ann an uirlis díluachála nó chomhshó a chur i bhfeidhm i gcás inarb é is cuspóir don uirlis an gnóthas árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh air a réiteach mar ghnóthas i leachtú sócmhainneach, agus i gcás ina n‑aistrítear seirbhísí criticiúla árachais agus an chuid iarmharach den ghnóthas árachais nó athárachais ag scor den oibriú agus á foirceannadh. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh sé go mbeidh gá le hathstruchtúrú dliteanas árachais chun a áirithiú go leanfar de chuid ábhartha den chumhdach árachais agus i gcás ina meastar gur chun leasa na sealbhóirí polasaí a dhéantar sin.
(45)I gcás ina mbeidh ionchas réalaíoch ann go bhféadfar inmharthanacht an ghnóthais a athshlánú agus nach mbeidh sealbhóirí polasaí ag seasamh aon chaillteanas sa phróiseas réitigh, d’fhéadfaí an uirlis díluachála nó chomhshó a úsáid chun an gnóthas faoi réiteach a athshlánú mar ghnóthas leantach. I gcás den sórt sin, maille leis an réiteach trí dhíluacháil nó trí chomhshó ba cheart an lucht bainistíochta a athrú, seachas i gcás inarb iomchuí agus inar gá an lucht bainistíochta a choinneáil chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach.
(46)Ní hiomchuí an uirlis díluachála nó chomhshó a chur i bhfeidhm maidir le héilimh a mhéid a bheidh siad urraithe, comhthaobhaithe nó ráthaithe ar shlí eile toisc go bhféadfadh an díluacháil nó an comhshó sin a bheith neamhéifeachtach nó mar gheall ar an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ag an díluacháil nó ag an gcomhshó sin ar an gcobhsaíocht airgeadais. Mar sin féin, chun a áirithiú go mbeidh an uirlis díluachála nó chomhshó éifeachtach agus go mbainfidh sí amach a cuspóirí, tá sé inmhianaithe gur féidir í a chur i bhfeidhm thar an réimse is leithne agus is féidir de dhliteanais neamhurraithe gnóthais árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh air. Dá ainneoin sin, is iomchuí cineálacha áirithe dliteanas neamhurraithe a eisiamh ó raon feidhme na huirlise díluachála nó comhshó. Dá réir sin, chun a áirithiú go leanfar d’fheidhmeanna criticiúla, níor cheart an uirlis díluachála nó chomhshó a chur i bhfeidhm maidir le dliteanais áirithe fhostaithe an ghnóthais árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh air, ná maidir le héilimh thráchtála a bhaineann le hearraí agus seirbhísí atá criticiúil chun go bhfeidhmeoidh an gnóthas árachais nó athárachais ó lá go lá. Chun teidlíochtaí pinsin agus na méideanna pinsin atá dlite nó ag dul d’iontaobhais pinsean agus d’iontaobhaithe pinsean a chomhall, níor cheart an uirlis díluachála nó chomhshó a chur i bhfeidhm maidir le dliteanais gnóthais árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh air i leith scéim pinsin. Chun an riosca tógálachta sistéamaí a laghdú, níor cheart an uirlis díluachála nó chomhshó a chur i bhfeidhm maidir le dliteanais a eascróidh as rannpháirtíocht i gcórais íocaíochta ag a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná seacht lá, ná maidir le dliteanais gnóthais árachais nó athárachais, institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, cé is moite d’eintitis atá ina gcuid den ghrúpa céanna, ag a bhfuil aibíocht tosaigh is lú ná seacht lá.
(47)Ar cheann de phríomhchuspóirí an réitigh tá cosaint na sealbhóirí polasaí, na dtairbhithe nó na ndaoine díobhálaithe. Níor cheart, dá bhrí sin, éilimh árachais a bheith faoi réir chur i bhfeidhm na huirlise díluachála nó comhshó ach amháin mar rogha dheireanach agus ba cheart do na húdaráis réitigh breithniú cúramach a dhéanamh ar na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann dá ndéanfaí éilimh árachais a eascraíonn as conarthaí árachais atá ar seilbh ag daoine nádúrtha agus ag micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a dhíluacháil.
(48)Ba cheart údaráis réitigh a bheith in ann dliteanais a eisiamh nó a eisiamh go páirteach i roinnt imthosca i gcás nach féidir na dliteanais sin a dhíluacháil nó a chomhshó laistigh de thréimhse ama réasúnta, i gcás ina bhfuil an t‑eisiamh fíor-riachtanach agus comhréireach chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach, nó i gcás ina scriosfaí an luach de thoradh chur i bhfeidhm na huirlise díluachála nó comhshó, rud a d’fhágfadh go mbeadh caillteanais a sheasfadh creidiúnaithe eile níos airde ná mura n‑eisiafaí na dliteanais sin. I gcás ina gcuirfear na heisiaimh sin i bhfeidhm, féadfar leibhéal dhíluacháil nó chomhshó na ndliteanas incháilithe eile a mhéadú chun na heisiaimh sin a chur san áireamh, faoi réir an phrionsabail ‘creidiúnaí ar bith níos measa as ná faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta’ a bheith á urramú. An tráth céanna, níor cheart a cheangal ar na Ballstáit réiteach a mhaoiniú óna mbuiséad ginearálta.
(49)De ghnáth, ba cheart do na húdaráis réitigh an uirlis díluachála nó chomhshó a chur i bhfeidhm ar bhealach ina dtugtar urraim do láimhseáil pari passu creidiúnaithe agus d’aicmiú reachtúil na n‑éileamh faoin dlí dócmhainneachta is infheidhme. Ba cheart, dá bhrí sin, caillteanais a iompar ar an gcéad dul síos le hionstraimí caipitil rialála, agus ba cheart iad a leithdháileadh ar scairshealbhóirí trí aistriú scaireanna a chur ar ceal nó trí mhór-chaolú. I gcás nach leor sin, ba cheart fiachas tánaisteach a chomhshó nó a dhíluacháil. Níor cheart dliteanais shinsearacha a chomhshó nó a dhíluacháil ach amháin i gcás ina ndéanfar an fiachas tánaisteach a chomhshó nó a dhíluacháil go hiomlán.
(50)Maidir le díolúintí ó dhliteanais, inter alia le haghaidh córas íocaíochta agus socraíochta, creidiúnaithe fostaí nó trádála, nó rangú fabhrach, ba cheart feidhm a bheith acu i dtríú tíortha agus san Aontas. Chun a áirithiú go bhféadfar dliteanais a dhíluacháil nó a chomhshó i dtríú tíortha, is gá a leagan síos go sainaithnítear an fhéidearthacht sin sna forálacha conarthacha faoi réir dhlí na dtríú tíortha. Níor cheart téarmaí conarthacha den sórt sin a bheith ina gceangal le haghaidh dliteanais a eisiatar ó chur i bhfeidhm na huirlise díluachála nó comhshó, nó i gcás ina gceadaítear d’údarás réitigh an Bhallstáit lena mbaineann, le dlí na tríú tíre nó le comhaontú ceangailteach a cuireadh i gcrích leis an tríú tír sin, an uirlis díluachála nó chomhshó a chur i bhfeidhm.
(51)Ba cheart do scairshealbhóirí agus do chreidiúnaithe rannchuidiú, a mhéid is gá, le sásra leithdháilte caillteanas gnóthais a bhfuil ag cliseadh air. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n‑iomprófar le hionstraimí caipitil Leibhéal 1, Leibhéal 2 agus Leibhéal 3 na caillteanais ag pointe neamh‑inmharthanachta an ghnóthais árachais nó athárachais eisiúna. Dá réir sin, ba cheart a cheangal ar na húdaráis réitigh na hionstraimí sin a dhíluacháil ina n‑iomláine, nó iad a chomhshó, i gcás inarb infheidhme, go hionstraimí Leibhéal 1, ag an bpointe neamh‑inmharthanachta agus sula ndéanfar aon ghníomhaíocht réitigh. Chun na críche sin, ba cheart an pointe neamh‑inmharthanachta a thuiscint mar an pointe ag a gcinneann an t‑údarás réitigh lena mbaineann go gcomhlíonann an gnóthas árachais nó athárachais na coinníollacha le haghaidh réitigh, nó ag an bpointe ag a gcinneann an t‑údarás réitigh lena mbaineann go scoirfeadh an gnóthas árachais nó athárachais de bheith inmharthana mura ndéanfaí na hionstraimí caipitil sin a dhíluacháil nó a chomhshó. Ba cheart na ceanglais sin a shainaithint sna téarmaí lena rialaítear an ionstraim, agus in aon réamheolaire nó doiciméid tairisceana a fhoilsítear nó a sholáthraítear i ndáil leis na hionstraimí.
(52)Ba cheart na cumhachtaí dlíthiúla riachtanacha go léir a bheith ag na húdaráis réitigh a fhéadfaidh siad a chur i bhfeidhm, i dteaglaim dhifriúla, nuair a bheidh na huirlisí réitigh á gcur i bhfeidhm acu chun forghníomhú éifeachtach an réitigh a áirithiú. Ar na cumhachtaí dlíthiúla sin, ba cheart a áireamh an chumhacht scaireanna i ngnóthas árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh air a aistriú, nó an chumhacht sócmhainní, cearta nó dliteanais gnóthais árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh air a aistriú chuig eintiteas eile, lena n‑áirítear gnóthas eile nó gnóthas idirlinne, nó an chumhacht scaireanna a dhíluacháil nó a chealú, nó dliteanais gnóthais árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh air a dhíluacháil nó a chomhshó, an chumhacht an lucht bainistíochta a athrú agus an chumhacht moratóir sealadach a fhorchur maidir le híocaíocht éileamh. Tá gá le cumhachtaí coimhdeacha, lena n‑áirítear an chumhacht a cheangal ar chodanna eile de ghrúpa leanúint de sheirbhísí riachtanacha.
(53)Ní gá na bealaí beachta a leagan síos trínar cheart d’údaráis réitigh idirghabháil a dhéanamh sa ghnóthas árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh air. Ba cheart an rogha a bheith ag na húdaráis réitigh idir smacht a ghlacadh trí idirghabháil dhíreach sa ghnóthas árachais nó athárachais nó trí ordú forghníomhaithe. Ba cheart dóibh cinneadh a dhéanamh de réir imthosca an cháis.
(54)Is gá ceanglais nós imeachta a leagan síos chun a áirithiú go dtabharfar fógra iomchuí maidir le gníomhaíochtaí réitigh agus go gcuirfear an pobal ar an eolas fúthu. Mar sin féin, ós rud é gur dócha gur faisnéis íogair a bheidh san fhaisnéis a gheobhaidh na húdaráis réitigh agus a gcomhairleoirí gairmiúla le linn an phróisis réitigh, ba cheart í a bheith faoi réir córas éifeachtach rúndachta, sula gcuirfear an réiteach faoi bhráid an phobail. Aon fhaisnéis a sholáthrófar i leith cinnidh sula ndéanfar an cinneadh sin, bíodh sin i dtaobh na coinníollacha réitigh a bheith comhlíonta, i dtaobh uirlis shonrach a úsáid nó i dtaobh aon ghníomhaíocht a úsáid i rith na n‑imeachtaí, ní mór a thoimhdiú go mbeidh tionchair aici sin ar na leasanna poiblí agus príobháideacha a mbaineann an ghníomhaíocht leo. Dá bhrí sin, is gá a áirithiú go mbeidh sásraí iomchuí ann chun rúndacht na faisnéise sin a choimeád, lena n‑áirítear ábhar agus sonraí na bpleananna téarnaimh agus réitigh agus toradh aon mheasúnaithe a dhéanfar sa chomhthéacs sin.
(55)Ba cheart cumhachtaí coimhdeacha a bheith ag na húdaráis réitigh chun a áirithiú go ndéanfar aistriú éifeachtach ar scaireanna nó ar ionstraimí fiachais agus ar shócmhainní, ar chearta agus ar dhliteanais chuig ceannaitheoir tríú páirtí nó chuig gnóthas idirlinne. Go háirithe, chun aistriú éileamh árachais a éascú gan difear a dhéanamh do phróifíl riosca fhoriomlán na punainne gaolmhaire agus do phróifíl riosca fhoriomlán na bhforálacha teicniúla comhlachaithe agus na gceanglas caipitil, ba cheart na tairbhí eacnamaíocha a chuirtear ar fáil le comhaontuithe athárachais a chaomhnú. Ba cheart, dá bhrí sin, é a bheith ar a gcumas do na húdaráis réitigh éilimh árachais a aistriú mar aon lena gcearta athárachais comhfhreagracha. Ba cheart a chur san áireamh sa chumas sin an chumhacht cearta tríú páirtí a bhaint de na hionstraimí nó de na sócmhainní arna n‑aistriú, an chumhacht conarthaí a fhorghníomhú agus an chumhacht foráil a dhéanamh maidir le leanúnachas na socruithe i dtaca le faighteoir na sócmhainní agus na n‑ionstraimí úinéireachta arna n‑aistriú. Níor cheart difear a dhéanamh don cheart atá ag páirtí conradh le gnóthas faoi réiteach, nó le grúpeintiteas dá chuid, a fhoirceannadh ar chúiseanna eile seachas réiteach an ghnóthais árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh uirthi. Thairis sin, maidir leis an ngnóthas árachais nó athárachais iarmharach atá á foirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, ba cheart an chumhacht choimhdeach a bheith ag na húdaráis réitigh a cheangal air seirbhísí a sholáthar atá riachtanach chun é a chur ar a chumas don ghnóthas ar aistríodh sócmhainní nó scaireanna chuige de bhua chur i bhfeidhm na huirlise díolta gnó nó na huirlise gnóthais idirlinne chun a ghnó a fheidhmiú.
(56)De réir Airteagal 47 den Chairt, tá sé de cheart ag gach duine a ndéantar a chearta nó a cearta agus a shaoirsí nó a saoirsí, arna ráthú le dlí an Aontais, a shárú, leigheas éifeachtach a fháil os comhair binse. Dá bhrí sin, ba cheart na cinntí a dhéanfaidh na húdaráis réitigh a bheith faoi réir ceart achomhairc.
(57)D’fhéadfadh sé go dteastódh measúnuithe eacnamaíocha casta agus mórchorrlach lánroghnach le haghaidh na mbeart bainistíochta géarchéime a dhéanfaidh na húdaráis réitigh. Tá ag na húdaráis réitigh, go sonrach, an saineolas is gá chun na measúnuithe sin a dhéanamh agus chun úsáid iomchuí an chorrlaigh lánroghnaigh a chinneadh. Is tábhachtach, dá bhrí sin, a áirithiú go n‑úsáidfidh na cúirteanna náisiúnta measúnuithe eacnamaíocha casta a dhéanfaidh na húdaráis réitigh sa chomhthéacs sin mar bhunús nuair a bheidh na bearta bainistíochta géarchéime lena mbaineann á n‑athbhreithniú. Níor cheart do chineál casta na measúnuithe sin, áfach, cosc a chur ar chúirteanna náisiúnta scrúdú a dhéanamh féachaint an bhfuil an fhianaise ar a bhfuil an t‑údarás réitigh ag brath cruinn, iontaofa agus comhsheasmhach ó thaobh fíricí de, an bhfuil an fhaisnéis ábhartha uile san fhianaise sin ar cheart í a chur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar chás casta agus an seasann an fhianaise leis na conclúidí ar thángthas orthu ar bhonn na fianaise sin.
(58)Chun dul i ngleic le cásanna práinne, is gá foráil a dhéanamh nach mbeadh sé mar thoradh ar achomharc a thaisceadh go gcuirfí éifeachtaí an chinnidh dár tugadh dúshlán ar fionraí go huathoibríoch agus go mbeadh cinneadh an údaráis réitigh infhorfheidhmithe láithreach agus glacadh leis gur i gcoinne leas an phobail a bheadh a fhionraíocht.
(59)Is gá tríú páirtithe a chosaint, ar tríú páirtithe iad a fhaigheann, de mheon macánta, sócmhainní, cearta agus dliteanais na hinstitiúide faoi réiteach de bhua fheidhmiú na gcumhachtaí réitigh ag na húdaráis. Is gá freisin cobhsaíocht na margaí airgeadais a áirithiú. Dá bhrí sin, le ceart achomhairc níor cheart difear a dhéanamh d’aon ghníomh riaracháin nó d’aon idirbheart arna dtabhairt i gcrích ar bhonn cinneadh a cuireadh ar neamhní. I gcásanna den sórt sin, ba cheart na leigheasanna ar chinneadh éagórach a bheith teoranta do chúiteamh a bhronnadh as an díobháil a d’fhulaing na daoine dá ndéantar difear.
(60)D’fhéadfadh sé gur ghá bearta bainistíochta géarchéime a dhéanamh go práinneach mar gheall ar na rioscaí tromchúiseacha don chobhsaíocht airgeadais sa Bhallstát lena mbaineann agus san Aontas. Maidir le haon nós imeachta faoin dlí náisiúnta a bhaineann leis an iarratas ar údarú breithiúnach ex-ante ar bheart bainistíochta géarchéime agus breithniú na cúirte ar an iarratas sin, ba cheart é a bheith gasta dá bhrí sin. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir leis an údarás lena mbaineann a chinneadh a dhéanamh láithreach tar éis don chúirt a húdarú a thabhairt. Ba cheart an fhéidearthacht sin a bheith gan dochar do cheart na bpáirtithe leasmhara iarratas a dhéanamh chun na cúirte chun an cinneadh a chur ar neamhní. Mar sin féin, níor cheart an fhéidearthacht sin a dheonú ach amháin ar feadh tréimhse theoranta tar éis don údarás réitigh an beart bainistíochta géarchéime a dhéanamh chun nach gcuirfear moill mhíchuí ar chur i bhfeidhm an chinnidh réitigh.
(61)Is ar mhaithe le réiteach éifeachtúil, agus leis an ngá le coinbhleachtaí dlínse a sheachaint, is gá nach n‑osclófar nó nach leanfar d’aon nós imeachta dócmhainneachta le haghaidh gnóthas árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh air fad agus atá an t‑údarás réitigh ag feidhmiú a chumhachtaí réitigh nó ag cur uirlisí réitigh i bhfeidhm, seachas ar thionscnamh an údaráis réitigh, nó le toiliú an údaráis réitigh. Is gá a leagan síos, dá bhrí sin, gur féidir oibleagáidí conarthacha áirithe a chur ar fionraí ar feadh tréimhse theoranta chun é a chur ar a gcumas do na húdaráis réitigh na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm. Níor cheart feidhm a bheith ag an bhféidearthacht sin, áfach, maidir le hoibleagáidí a bhaineann le córais a ainmníonn Ballstát dá dtagraítear i dTreoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, contrapháirtithe lárnacha san áireamh. Le Treoir 98/26/CE, laghdaítear an riosca a bhaineann le bheith rannpháirteach i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús, go háirithe trí shuaitheadh a laghdú i gcás dócmhainneacht rannpháirtí i gcóras den chineál sin. Is gá a áirithiú go mbeidh feidhm ag na cosaintí sin fós i gcásanna práinne agus go gcoimeádfar deimhneacht iomchuí d’oibreoirí córas íocaíochta agus socraíochta urrús agus do rannpháirtithe eile sa mhargadh. Dá bhrí sin, níor cheart a mheas, per se, go bhfuil beart coiscthe géarchéime nó beart bainistíochta géarchéime ina n‑imeachtaí dócmhainneachta de réir bhrí Threoir 98/26/CE, ar choinníoll go leanfar de chur i gcrích na n‑oibleagáidí substainteacha faoin gconradh lena mbaineann.
(62)Is gá a áirithiú go mbeidh ag na húdaráis réitigh, agus iad ag aistriú sócmhainní agus dliteanas chuig ceannaitheoir ón earnáil phríobháideach nó chuig gnóthas idirlinne, tréimhse iomchuí ama chun conarthaí a chaithfear a aistriú a shainaithint. Ba cheart, dá bhrí sin, na húdaráis réitigh a bheith in ann srian a chur ar chearta contrapháirtithe clabhsúr a chur ar chonarthaí airgeadais, iad a luathú nó a fhoirceannadh ar shlí eile sula ndéanfar an t‑aistriú. Leis na srianta sin, ba cheart go bhféadfadh na húdaráis réitigh léargas fírinneach a fháil ar chlár comhardaithe an ghnóthais árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh air gan na hathruithe ar luach agus ar raon feidhme a bheadh i gceist le feidhmiú forleathan na gceart foirceanta, agus ba cheart iad a bheith ina gcuidiú chun cruthú éagobhsaíochta sa mhargadh a sheachaint. Níor cheart cur isteach ar chearta conarthacha contrapháirtithe ach an t‑íosmhéid is gá. Níor cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag aon srian a fhorchuirfidh na húdaráis réitigh ar chearta foirceanta ach amháin maidir le bearta bainistíocha géarchéime nó le teagmhais a bheadh bainteach go díreach le cur i bhfeidhm na mbeart sin. Ba cheart go leanfaí de na cearta foirceanta a eascraíonn ó aon mhainneachtain eile, lena n‑áirítear mainneachtain íocaíocht a dhéanamh nó corrlach a sholáthar.
(63)Is gá socruithe margaidh caipitil dlisteanacha a chaomhnú i gcás ina n‑aistreofar roinnt de shócmhainní, de chearta agus de dhliteanais gnóthais árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh air, ach ní iad ar fad. Is iomchuí, dá bhrí sin, coimircí a leagan síos chun cosc a chur ar scaradh dliteanas, ceart agus conarthaí atá nasctha, lena n‑áirítear conarthaí leis an gcontrapháirtí céanna a chumhdaítear le socruithe urrúis, socruithe comhthaobhachta airgeadais aistrithe teidil, socruithe fritháirimh, comhaontuithe glanluachála clabhsúir, agus socruithe airgeadais struchtúrtha. I gcás ina mbeidh feidhm ag na coimircí sin, ba cheart do na húdaráis réitigh a bheith faoi cheangal gach conradh nasctha a aistriú laistigh de shocrú cosanta, nó iad ar fad a fhágáil sa ghnóthas árachais nó athárachais iarmharach a bhfuil ag cliseadh uirthi. Ba cheart a áirithiú leis na coimircí sin nach ndéanfar difear don láimhseáil caipitil rialála ar nochtaí a chumhdaítear le socrú glanluachála chun críocha Threoir 2009/138/CE.
(64)Chun cobhsaíocht airgeadais a sholáthar don ghnóthas árachais agus athárachais, ba cheart moratóir a thabhairt isteach maidir le cearta géillte sealbhóirí polasaí. Le moratóir den sórt sin agus leis an gcobhsaíocht airgeadais don ghnóthas lena mbaineann a leanfadh as, ba cheart go mbeadh dóthain ama ag na húdaráis réitigh chun na gnóthais sin a luacháil agus chun measúnú a dhéanamh ar na huirlisí réitigh ba cheart a chur i bhfeidhm. Ba cheart a áirithiú le moratóir den sórt sin go gcuirfí an chóir chéanna ar na sealbhóirí polasaí uile agus, dá réir sin, drochthionchair airgeadais ar shealbhóirí polasaí nach mbeadh ar cheann de na chéad sealbhóirí chun a bpolasaí a ghéilleadh. Ó tharla go bhfuil sé ar cheann de chuspóirí an réitigh go leanfar den chumhdach árachais, ba cheart do shealbhóirí polasaí leanúint d’íocaíochtaí éigeantacha a dhéanamh faoi na conarthaí árachais lena mbaineann, lena n‑áirítear i gcás blianachtaí.
(65)Éascófar gníomhaíocht chomhordaithe i gcás ina gclisfidh ar ghrúpa trasteorann trína áirithiú go mbeidh na huirlisí agus na cumhachtaí réitigh céanna ag na húdaráis réitigh. Tá gá le tuilleadh gníomhaíochta, áfach, chun comhar a chur chun cinn agus chun freagairtí náisiúnta ilroinnte a chosc. Ba cheart, dá bhrí sin, a cheangal ar na húdaráis réitigh dul i gcomhairle lena chéile agus dul i gcomhar lena chéile laistigh de na coláistí réitigh chun grúpscéim réitigh a chomhaontú nuair a bheidh grúpeintitis á réiteach. Chun foráil a dhéanamh maidir le fóram plé agus maidir le teacht ar an gcomhaontú sin, ba cheart coláistí réitigh a bhunú timpeall ar chroílár na gcoláistí maoirseachta reatha tríd na húdaráis réitigh a chuimsiú agus trí aireachtaí inniúla, ÚEÁPC agus, i gcás inarb iomchuí, údaráis atá freagrach as scéim ráthaithe árachais a dhéanamh rannpháirteach. Níor cheart coláistí réitigh a bheith ina gcomhlachtaí cinnteoireachta, ach ba cheart iad a bheith ina n‑ardáin lena n‑éascófar an chinnteoireacht a dhéanann na húdaráis náisiúnta agus, san am céanna, ba cheart é a bheith faoi na húdaráis náisiúnta lena mbaineann cinntí comhpháirteacha a dhéanamh.
(66)Agus grúpaí trasteorann á réiteach ba cheart cothromaíocht a bhaint amach idir, ar láimh amháin, an gá atá le nósanna imeachta lena gcuirtear criticiúlacht an cháis san áireamh agus lena mbítear in ann réitigh éifeachtúla, chothroma agus chaoithiúla a chruthú don ghrúpa trí chéile agus, ar an láimh eile, an gá atá le sealbhóirí polasaí, an fíorgheilleagar agus cobhsaíocht airgeadais a chosaint sna Ballstáit uile ina bhfeidhmíonn an grúpa. Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis réitigh dhifriúla a dtuairimí a chur in iúl sa choláiste réitigh agus ba cheart aon ghníomhaíocht réitigh a mholfaidh an t‑údarás réitigh grúpa a ullmhú agus a phlé i measc údaráis réitigh dhifriúla i gcomhthéacs na bpleananna réitigh grúpa. Chun cinntí gasta agus comhpháirteacha a éascú i gcás inar féidir, ba cheart do choláistí réitigh tuairimí údaráis réitigh na mBallstát uile ina bhfeidhmíonn an grúpa a chur san áireamh freisin.
(67)Ba cheart do ghníomhaíochtaí réitigh a dhéanann an t‑údarás réitigh grúpa a dtionchar ar shealbhóirí polasaí, ar an bhfíorgheilleagar agus ar an gcobhsaíocht airgeadais sna Ballstáit ina bhfeidhmíonn an grúpa a chur san áireamh i gcónaí. Maidir le húdaráis réitigh an Bhallstáit ina mbunaítear gnóthas fochuideachta, ba cheart an fhéidearthacht a bheith acu agóid a dhéanamh, mar rogha dheireanach agus i gcásanna ina mbeidh údar cuí leo, in aghaidh chinntí an údaráis réitigh grúpa i gcás ina mbeidh na húdaráis réitigh den tuairim nach iomchuí na gníomhaíochtaí agus na bearta réitigh, de bharr an ghá le sealbhóirí polasaí, an fíorgheilleagar agus an chobhsaíocht airgeadais sa Bhallstát sin a chosaint, sin nó de bharr oibleagáidí a mbeidh gnóthais inchomparáide sa Bhallstát sin faoina réir.
(68)Le grúpscéimeanna réitigh, ba cheart réiteach comhordaithe a éascú, rud ar dócha go dtiocfaidh an toradh is fearr as do ghnóthas uile grúpa. Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis réitigh grúpa grúpscéimeanna réitigh a mholadh agus na scéimeanna sin a chur faoi bhráid an choláiste réitigh. Maidir leis na húdaráis réitigh nach n‑aontaíonn le grúpscéim réitigh nó a chinneann gníomhaíocht réitigh neamhspleách a dhéanamh, ba cheart dóibh míniú a thabhairt don údarás réitigh grúpa agus do na húdaráis réitigh eile a chumhdaítear leis an ngrúpscéim réitigh ar na cúiseanna nach n‑aontaíonn siad leis an scéim agus ba cheart dóibh fógra a thabhairt faoi na cúiseanna sin, mar aon le mionsonraí maidir le haon ghníomhaíocht réitigh neamhspleách atá beartaithe acu a dhéanamh. Ba cheart d’aon údarás réitigh a chinneann imeacht as an ngrúpscéim réitigh machnamh cuí a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige sin ar shealbhóirí polasaí, ar an bhfíorgheilleagar agus ar chobhsaíocht airgeadais sna Ballstáit ina bhfuil na húdaráis réitigh eile lonnaithe agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag imeacht den sórt sin ar chodanna eile den ghrúpa.
(69)Chun gníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an ghrúpa a áirithiú, ba cheart iarraidh ar na húdaráis réitigh an uirlis chéanna a chur i bhfeidhm, laistigh de ghrúpscéim réitigh, maidir le heintitis atá páirteach sa ghrúpa a chomhlíonann na coinníollacha le haghaidh réitigh. Ba cheart, dá réir sin, an chumhacht a bheith ag na húdaráis réitigh grúpa an uirlis gnóthais idirlinne a chur i bhfeidhm ar leibhéal an ghrúpa chun an grúpa ina iomláine a chobhsú agus chun úinéireacht na bhfochuideachtaí a aistriú chuig an ngnóthas idirlinne d’fhonn na fochuideachtaí sin a dhíol ar aghaidh, bíodh sin mar phacáiste nó ina n‑aonar, i gcás inarb iomchuí dálaí an mhargaidh. Ina theannta sin, ba cheart an chumhacht a bheith ag an údarás réitigh ar leibhéal an ghrúpa an uirlis díluachála nó chomhshó a chur i bhfeidhm ar leibhéal an mháthairghnóthais.
(70)Chun gnóthais árachais agus athárachais agus grúpaí atá gníomhach go hidirnáisiúnta a réiteach go héifeachtach, teastaíonn comhar idir na Ballstáit agus údaráis réitigh tríú tíortha. Chun na críche sin, i gcás ina mbeidh údar leis de bharr an cháis faoi chaibidil, ba cheart an chumhacht a thabhairt do ÚEÁPC creatsocruithe comhair neamhcheangailteacha a fhorbairt agus a dhéanamh le húdaráis na dtríú tíortha i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010. Ar an gcúis chéanna, ba cheart cead a thabhairt do na húdaráis náisiúnta socruithe déthaobhacha a thabhairt i gcrích le húdaráis tríú tíortha i gcomhréir le creatsocruithe comhair ÚEÁPC. Le forbairt na socruithe déthaobhacha sin, ba cheart pleanáil éifeachtach, cinnteoireacht éifeachtach agus comhordú éifeachtach a áirithiú i leith gnóthais árachais agus athárachais den sórt sin atá gníomhach go hidirnáisiúnta. Chun cothrom iomaíochta a chruthú, ba cheart na socruithe déthaobhacha sin a bheith cómhalartach, lena dtabharfadh na húdaráis réitigh aitheantas dá n‑imeachtaí faoi seach agus lena bhforfheidhmídís a n‑imeachtaí faoi seach, murab é go mbeadh feidhm ag aon eisceacht a d’fhágfadh gur féidir diúltú d’imeachtaí réitigh tríú tíortha a aithint.
(71)Ba cheart go dtarlódh comhar idir údaráis réitigh i dtaca le fochuideachtaí an Aontais nó grúpaí tríú tíortha agus i dtaca le brainsí den Aontas nó de ghnóthais árachais agus athárachais tríú tíortha. Is gnóthais arna mbunú san Aontas iad fochuideachtaí de ghrúpaí tríú tíortha agus, dá bhrí sin, beidh siad faoi réir dhlí an Aontais go hiomlán, lena n‑áirítear cur i bhfeidhm aon uirlisí réitigh. Is gá, áfach, go gcoimeádfaidh na Ballstáit an ceart gníomhú maidir le brainsí gnóthas árachais agus athárachais a bhfuil a gceannoifig acu i dtríú tíortha, i gcás ina gcuirfí an fíorgheilleagar nó cobhsaíocht airgeadais san Aontas i mbaol de bharr imeachtaí réitigh tríú tíortha a bhaineann le brainse a aithint nó a chur i bhfeidhm, nó i gcás nach gcuirfí an chóir chéanna ar shealbhóirí polasaí an Aontais agus a chuirfí ar shealbhóirí polasaí tríú tíortha. Sna himthosca sin, ba cheart é a bheith de cheart ag na Ballstáit, tar éis dóibh dul i gcomhairle lena n‑údaráis réitigh, diúltú d’aitheantas a thabhairt d’imeachtaí réitigh tríú tíortha.
(72)Ba cheart do ÚEÁPC cóineasú chleachtais na n‑údarás réitigh a chur chun cinn trí threoirlínte a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010. Go háirithe, ba cheart do ÚEÁPC na nithe uile seo a leanas a shonrú: (a) cur i bhfeidhm oibleagáidí simplithe maidir le gnóthais áirithe; (b) na modhanna a bheidh le húsáid agus na sciartha den mhargadh agus na critéir maidir le raon feidhme na pleanála téarnaimh coiscthí á gcinneadh; (c) íosliosta táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla agus raon cásanna le haghaidh pleananna téarnaimh coisctheacha; (d) na critéir maidir le sainaithint na bhfeidhmeanna criticiúla; (e) na mionsonraí maidir leis na bearta chun aghaidh a thabhairt ar bhaic ar inréiteacht nó deireadh a chur leo agus na himthosca ina bhféadfar gach beart a chur i bhfeidhm; agus (f) conas ba cheart faisnéis a chur ar fáil i bhfoirm achoimre nó chomhchoiteann chun críoch ceanglas rúndachta.
(73)Le caighdeáin theicniúla i seirbhísí airgeadais, ba cheart comhchuibhiú leanúnach agus cosaint leordhóthanach na sealbhóirí polasaí, na n‑infheisteoirí agus na dtomhaltóirí ar fud an Aontais a éascú. Mar chomhlacht a bhfuil saineolas an‑speisialaithe aige, bheadh sé éifeachtúil agus iomchuí forbairt dréachtchaighdeán teicniúil rialála agus cur chun feidhme nach bhfuil baint ag roghanna beartais leo a chur ar iontaoibh ÚEÁPC, chun iad a chur faoi bhráid an Choimisiúin.
(74)Ba cheart don Choimisiún, i gcás ina ndéantar foráil dó sa Treoir seo, na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbróidh ÚEÁPC a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 de CFAE, agus i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 chun na heilimintí uile seo a leanas a shonrú: (a) an fhaisnéis a bheidh sna pleananna téarnaimh coisctheacha; (b) inneachar na bpleananna réitigh agus inneachar na ngrúp-phleananna réitigh; (c) na hábhair agus na critéir maidir leis an measúnú ar inréiteacht; (d) eilimintí difriúla maidir leis an luacháil, lena n‑áirítear an mhodheolaíocht chun an maolán a ríomh i leith caillteanais bhreise a bheidh le cur san áireamh i luachálacha sealadacha agus an mhodheolaíocht chun an luacháil ar dhifríocht cóireála a dhéanamh; (e) inneachar an téarma chonarthaigh a bheidh le cur san áireamh sa chonradh airgeadais arna rialú faoi dhlí tríú tíortha; (f) feidhmiú oibríochtúil na gcoláistí réitigh. Ba cheart don Choimisiún, i gcás ina ndéantar foráil dó sa Treoir seo, na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbróidh ÚEÁPC a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 de CFAE, i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 chun na nósanna imeachta, an t‑inneachar agus an tsraith íosta foirmeacha caighdeánacha agus teimpléad a shonrú maidir le soláthar na faisnéise chun críoch pleananna réitigh agus chun críche comhair ón ngnóthas árachais nó athárachais.
(75)Foráiltear le Treoir 2009/138/CE maidir le haitheantas agus forfheidhmiú fríthpháirteach na gcinntí, i ngach Ballstát, a bhaineann le hatheagrú nó foirceannadh gnóthas árachais. Gan beann ar an tír ina bhfuil siad lonnaithe, áirithítear leis an treoir sin go ndéanfar sócmhainní agus dliteanais uile an ghnóthais a láimhseáil in aon phróiseas amháin sa Bhallstát baile agus go gcuirfear an chóir chéanna ar chreidiúnaithe sna Ballstáit óstacha agus a chuirfear ar chreidiúnaithe sa Bhallstát baile. Chun réiteach éifeachtach a bhaint amach, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha maidir le hatheagrú agus foirceannadh a leagtar síos i dTreoir 2009/138/CE i gcás ina n‑úsáidfear uirlisí réitigh, lena n‑áirítear i gcás ina gcuirfear na hionstraimí sin i bhfeidhm maidir le gnóthais árachais agus athárachais agus i gcás ina gcuirfear i bhfeidhm iad maidir le heintitis eile a chumhdaítear leis an gcóras réitigh. Dá bhrí sin, ba cheart na forálacha sin a leasú dá réir.
(76)I dTreoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i dTreoir 2007/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus i dTreoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, tá rialacha maidir le cosaint scairshealbhóirí agus creidiúnaithe gnóthas a thagann faoi raon feidhme na dTreoracha sin. I gcás nach mór d’údaráis réitigh gníomhú go gasta, d’fhéadfadh na rialacha sin a bheith ina mbac ar ghníomhaíocht réitigh éifeachtach agus ar chur i bhfeidhm uirlisí agus cumhachtaí réitigh ag údaráis réitigh. Ba cheart, dá bhrí sin, na maoluithe faoi Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus agus ón gComhairle agus faoi Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun bearta a chumhdach a dhéantar i gcomhthéacs gnóthais árachais agus athárachais a réiteach. Chun a áirithiú go mbeidh an t‑uasmhéid deimhneachta dlíthiúla ann do pháirtithe leasmhara, ba cheart na maoluithe sin a leagan amach go soiléir, ba cheart iad a bheith cúng, agus níor cheart iad a úsáid ach chun leasa an phobail agus nuair a bhainfear na truicir réitigh amach.
(77)Chun comhroinnt faisnéise leordhóthanach agus rochtain ar an bhfaisnéis sin a sholáthar do gach údarás lena mbaineann, is gá a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht ar údaráis réitigh sna fóraim ábhartha uile agus go dtairbheoidh ÚEÁPC den saineolas is gá chun na cúraimí a chomhlíonadh a bhaineann le téarnamh agus réiteach gnóthas árachais agus athárachais. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 a leasú chun údaráis réitigh a ainmniú mar údaráis inniúla dá dtagraítear sa Rialachán sin. An t‑asamhlú sin idir údaráis réitigh agus údaráis inniúla, is asamhlú é atá i gcomhréir leis na feidhmeanna a chuirtear síos do ÚEÁPC, de bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 chun cur le forbairt agus comhordú pleananna téarnaimh agus réitigh, agus páirt ghníomhach a ghlacadh iontu.
(78)Maidir le gnóthais árachais agus athárachais, a rialaíonn a ngnó go héifeachtach, agus a gcomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta, is gá a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad a n‑oibleagáidí i ndáil le réiteach gnóthas den sórt sin. Maidir leis na gnóthais sin, a rialaíonn a ngnó go héifeachtach, agus a gcomhlacht riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta, is gá freisin a áirithiú go mbeidh siad faoi réir na córa céanna ar fud an Aontais. Ba cheart a cheangal ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí riaracháin agus bearta eile riaracháin a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Leis na smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile sin, ba cheart ceanglais riachtanacha áirithe a chomhlíonadh maidir le seoltaí, na critéir a bheidh le cur san áireamh nuair a bheidh smachtbhanna riaracháin nó beart riaracháin eile á gcur i bhfeidhm, foilsiú smachtbhannaí riaracháin nó beart riaracháin eile, príomhchumhachtaí chun pionóis a ghearradh agus leibhéil fíneálacha riaracháin. Faoi réir dianrúndacht ghairmiúil, ba cheart do ÚEÁPC bunachar sonraí láir a choinneáil de gach smachtbhanna riaracháin agus de gach beart riaracháin eile agus den fhaisnéis maidir leis na hachomhairc a thuairiscíonn údaráis mhaoirseachta agus údaráis réitigh dó.
(79)Níor cheart a cheangal ar na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le smachtbhannaí riaracháin nó bearta riaracháin eile le haghaidh sáruithe ar an Treoir seo atá faoi réir an dlí choiriúil náisiúnta. Mar sin féin, le smachtbhannaí coiriúla a choimeád in ionad smachtbhannaí riaracháin nó bearta riaracháin eile le haghaidh sáruithe, níor cheart go laghdófaí an cumas nó go n‑imreofaí tionchar ar aon tslí eile ar chumas na n‑údarás réitigh agus na n‑údarás maoirseachta chun comhoibriú, faisnéis a rochtain agus í a mhalartú go tráthúil le húdaráis réitigh agus le húdaráis mhaoirseachta i mBallstáit eile, lena n‑áirítear tar éis na sáruithe lena mbaineann a tharchur chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla le haghaidh ionchúisimh.
(80)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo a bhaint amach go leordhóthanach, eadhon comhchuibhiú a dhéanamh ar na rialacha, agus na próisis chun gnóthais árachais agus athárachais a réiteach, ach de bharr na dtionchar a bheadh ag cliseadh aon ghnóthais ar an Aontas trí chéile, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.
(81)Agus cinntí nó gníomhaíochtaí á ndéanamh faoin Treoir seo, ba cheart d’údaráis mhaoirseachta agus d’údaráis réitigh aird chuí a thabhairt i gcónaí ar thionchar a gcinntí agus a ngníomhaíochtaí ar shealbhóirí polasaí, ar an bhfíorgheilleagar agus ar an gcobhsaíocht airgeadais i mBallstáit eile agus ba cheart breithniú a dhéanamh ar thábhacht aon ghnóthais fochuideachta nó ar thábhacht gníomhaíochtaí trasteorann do shealbhóirí polasaí, don earnáil airgeadais agus do gheilleagar an Bhallstáit ina mbunaítear gnóthas fochuideachta nó ina ndéantar na gníomhaíochtaí, fiú i gcásanna ina bhfuil tábhacht níos lú ag baint leis an ngnóthas fochuideachta nó leis na gníomhaíochtaí trasteorann lena mbaineann don ghrúpa.
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
TEIDEAL I
ÁBHAR AGUS RAON FEIDHME, SAINMHÍNITHE AGUS ÚDARÁIS RÉITIGH A AINMNIÚ
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1.Leagtar síos leis an Treoir seo rialacha agus nósanna imeachta le haghaidh théarnamh agus réiteach na n‑eintiteas seo a leanas:
(a)gnóthais árachais agus athárachais atá bunaithe san Aontas agus a thagann faoi raon feidhme Airteagal 2 de Threoir 2009/138/CE;
(b)máthairghnóthais árachais agus athárachais atá bunaithe san Aontas;
(c)cuideachtaí sealbhaíochta árachais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha atá bunaithe san Aontas;
(d)máthairchuideachtaí sealbhaíochta árachais agus máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha atá bunaithe i mBallstát;
(e)máthairchuideachtaí sealbhaíochta árachais de chuid an Aontais agus máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha de chuid an Aontais;
(f)brainsí gnóthas árachais agus athárachais atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 72 go 77.
Údaráis réitigh agus údaráis mhaoirseachta, nuair a bhíonn na ceanglais a leagtar síos sa Treoir seo á mbunú agus á gcur i bhfeidhm acu, agus nuair a bhíonn na huirlisí difriúla atá ar fáil dóibh i ndáil le heintiteas dá dtagraítear sa chéad fhomhír á n‑úsáid acu, cuirfidh siad san áireamh nádúr gnó an eintitis sin, a struchtúr scairshealbhóireachta, a fhoirm dhlíthiúil, a phróifíl riosca, a mhéid, a stádas dlíthiúil, a idirnascthacht le hinstitiúidí eile nó leis an gcóras airgeadais i gcoitinne, agus raon feidhme agus castacht ghníomhaíochtaí an eintitis.
2.Féadfaidh na Ballstáit rialacha atá níos déine nó rialacha atá ina dteannta siúd a leagtar síos sa Treoir seo agus sna gníomhartha tarmligthe agus sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ar bhonn na Treorach seo a ghlacadh nó a choinneáil ar bun, ar choinníoll go gcuirtear na rialacha sin i bhfeidhm go ginearálta agus nach bhfuil siad i gcoinbhleacht leis an Treoir seo agus leis na gníomhartha tarmligthe agus na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ar a bonn.
Airteagal 2
Sainmhínithe
1.Chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 212, pointí (a) go (d) agus (f) go (h), de Threoir 2009/138/CE.
2.Chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)ciallaíonn ‘réiteach’ uirlis réitigh nó uirlis dá dtagraítear in Airteagal 26(3) a chur i bhfeidhm chun ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 18(2) a bhaint amach;
(2)ciallaíonn ‘máthairchuideachta sealbhaíochta árachais i mBallstát’ cuideachta sealbhaíochta árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 212(1), pointe (f), de Threoir 2009/138/CE atá bunaithe i mBallstát agus nach gnóthas fochuideachta í de ghnóthas árachais nó athárachais, de chuideachta sealbhaíochta árachais ná de chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha atá údaraithe nó bunaithe sa Bhallstát céanna;
(3)ciallaíonn ‘máthairchuideachta sealbhaíochta árachais de chuid an Aontais’ máthairchuideachta sealbhaíochta árachais i mBallstát nach bhfuil ina gnóthas fochuideachta de ghnóthas árachais nó athárachais, de chuideachta eile sealbhaíochta árachais ná de chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha atá údaraithe nó bunaithe in aon Bhallstát;
(4)ciallaíonn ‘máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha i mBallstát’ cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha mar a shainmhínítear in Airteagal 212(1), pointe (h), de Threoir 2009/138/CE atá bunaithe i mBallstát agus nach gnóthas fochuideachta í de ghnóthas árachais nó athárachais, de chuideachta sealbhaíochta árachais nó de chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha atá údaraithe nó bunaithe sa Bhallstát céanna sin;
(5)ciallaíonn ‘máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha de chuid an Aontais’ máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha i mBallstát nach bhfuil ina gnóthas fochuideachta de ghnóthas atá údaraithe in aon Bhallstát ná de chuideachta eile sealbhaíochta árachais ná de chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha atá bunaithe in aon Bhallstát;
(6)ciallaíonn ‘cuspóirí réitigh’ na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 18(2);
(7)ciallaíonn ‘údarás réitigh’ údarás arna ainmniú ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 3;
(8)ciallaíonn ‘údarás maoirseachta’ údarás maoirseachta mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (10), de Threoir 2009/138/CE;
(9)ciallaíonn ‘uirlis réitigh’ uirlis réitigh dá dtagraítear in Airteagal 26(3);
(10)ciallaíonn ‘cumhacht réitigh’ cumhacht dá dtagraítear in Airteagail 40 go 52;
(11)ciallaíonn ‘aireachtaí inniúla’ aireachtaí airgeadais nó aireachtaí eile de chuid na mBallstát atá freagrach as cinntí eacnamaíocha, airgeadais agus buiséadacha ar an leibhéal náisiúnta i gcomhréir le hinniúlachtaí náisiúnta agus atá ainmnithe de bhun Airteagal 3(7);
(12)ciallaíonn ‘bainistíocht shinsearach’ na daoine nádúrtha sin a fheidhmíonn feidhmeanna feidhmiúcháin laistigh de ghnóthas agus atá freagrach as bainistiú laethúil an ghnóthais agus atá cuntasach don chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta as bainistiú laethúil an ghnóthais;
(13)ciallaíonn ‘grúpa trasteorann’ grúpa ag a bhfuil grúpeintitis atá bunaithe i níos mó ná Ballstát amháin;
(14)ciallaíonn ‘tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách’ Státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE, nó aon tacaíocht airgeadais phoiblí eile ar an leibhéal fornáisiúnta, a bheadh ina Státchabhair dá mba ar an leibhéal náisiúnta a sholáthrófaí í, a sholáthraítear chun inmharthanacht, leachtacht nó sócmhainneacht a chaomhnú nó a athbhunú i gcás gnóthas árachais nó athárachais nó eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e), nó grúpa a bhfuil an gnóthas nó an t‑eintiteas sin ina chuid de;
(15)ciallaíonn ‘grúpeintiteas’ duine dlítheanach ar cuid de ghrúpa é;
(16)ciallaíonn ‘plean téarnaimh coisctheach’ plean téarnaimh coisctheach arna tharraingt suas agus arna choinneáil ar bun ag gnóthas árachais nó athárachais i gcomhréir le hAirteagal 5;
(17)ciallaíonn ‘plean téarnaimh coisctheach grúpa’ plean téarnaimh coisctheach grúpa arna tharraingt suas agus arna choinneáil ar bun i gcomhréir le hAirteagal 7;
(18)ciallaíonn ‘gníomhaíochtaí móra trasteorann’ gníomhaíochtaí árachais agus athárachais a chuirtear i gcrích faoin gceart bunaíochta agus iad siúd a chuirtear i gcrích faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar i mBallstát óstach ar leith a bhfuil ollphréimh bhliantúil i scríbhinn acu is mó ná 5 % d’ollphréimh bhliantúil i scríbhinn an ghnóthais, agus í á ríomh i gcomhréir leis an ráiteas airgeadais deireanach a bhfuil fáil air ón ngnóthas;
(19)ciallaíonn ‘feidhmeanna criticiúla’ gníomhaíochtaí, seirbhísí nó oibríochtaí arna gcur i gcrích ag gnóthas árachais nó athárachais le haghaidh tríú páirtithe nach féidir iad a ionadú laistigh de thréimhse réasúnach nó ar chostas réasúnach, agus i gcás inar dócha go n‑imreodh neamhábaltacht an ghnóthais árachais agus athárachais na gníomhaíochtaí, seirbhísí nó oibríochtaí a dhéanamh tionchar mór ar an gcóras airgeadais agus ar an bhfíorgheilleagar i mBallstát amháin nó níos mó, lena n‑áirítear trí dhifear a dhéanamh do leas sóisialta líon mór sealbhóirí polasaí, tairbhithe nó páirtithe díobhálaithe nó trí mhíshocracht shistéamach a chruthú nó tríd an mbonn a bhaint ón muinín ghinearálta i soláthar seirbhísí árachais;
(20)ciallaíonn ‘príomhlínte gnó’ línte gnó agus seirbhísí gaolmhara ar foinsí ábhartha ioncaim, brabúis nó luach saincheadúnais iad le haghaidh gnóthas árachais nó athárachais nó le haghaidh grúpa a bhfuil gnóthas árachais nó athárachais ina chuid de;
(21)ciallaíonn ‘socrú maoiniúcháin’ socrú arna aithint go hoifigiúil ag Ballstát lena soláthraítear maoiniú trí ranníocaíochtaí ó ghnóthais árachais agus athárachais i gcríoch an Bhallstáit sin chun cur i bhfeidhm éifeachtach na n‑uirlisí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 26(3) agus na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 40 go 52 ag an údarás réitigh a áirithiú;
(22)ciallaíonn ‘cistí dílse’ cistí dílse mar a shainmhínítear in Airteagal 87 de Threoir 2009/138/CE;
(23)ciallaíonn ‘gníomhaíocht réitigh’ an cinneadh gnóthas árachais nó athárachais nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e), a chur faoi réiteach de bhun Airteagal 19 nó Airteagal 20, uirlis réitigh a chur i bhfeidhm dá dtagraítear in Airteagal 26(3), nó ceann amháin nó níos mó de na cumhachtaí réitigh a fheidhmiú dá dtagraítear in Airteagail 40 go 52;
(24)ciallaíonn ‘plean réitigh’ plean réitigh le haghaidh gnóthas árachais nó athárachais arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 9;
(25)ciallaíonn ‘réiteach grúpa’ ceachtar díobh seo a leanas:
(a)gníomhaíocht réitigh a ghlacadh ar leibhéal máthairghnóthais nó ar leibhéal gnóthais árachais nó athárachais faoi réir maoirseacht grúpa, nó
(b)cur i bhfeidhm na n‑uirlisí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 26(3) agus feidhmiú na gcumhachtaí réitigh dá tagraítear in Airteagail 40 go 52 a chomhordú ag na húdaráis réitigh i ndáil le grúpeintitis a chomhlíonann na coinníollacha i gcomhair réitigh dá dtagraítear in Airteagal 19(1) nó Airteagal 20(3);
(26)ciallaíonn ‘plean réitigh grúpa’ plean le haghaidh réiteach grúpa arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagail 10 agus 11;
(27)ciallaíonn ‘údarás réitigh grúpa’ an t‑údarás réitigh sa Bhallstát ina bhfuil an maoirseoir grúpa suite;
(28)ciallaíonn ‘grúpscéim réitigh’ plean arna tharraingt suas chun críoch réitigh grúpa i gcomhréir le hAirteagal 70;
(29)ciallaíonn ‘coláiste réitigh’ coláiste arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 68 chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal sin a chur i gcrích;
(30)ciallaíonn ‘gnáthimeachtaí dócmhainneachta’ comhimeachtaí dócmhainneachta arb é atá iontu féichiúnaí a dhífheistiú go páirteach nó go hiomlán agus leachtaitheoir nó riarthóir a cheapadh is infheidhme de ghnáth maidir le gnóthais árachais agus athárachais faoin dlí náisiúnta agus a bhaineann go sonrach leis na gnóthais sin nó is infheidhme i gcoitinne maidir le haon duine nádúrtha nó dlítheanach;
(31)ciallaíonn ‘ionstraimí fiachais’ bannaí agus cineálacha eile fiachais inaistrithe, ionstraimí lena gcruthaítear nó lena n‑aithnítear fiachas, agus ionstraimí lena dtugtar cearta chun ionstraimí fiachais a fháil;
(32)ciallaíonn ‘éilimh árachais’ éilimh árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 268(1), pointe (g), de Threoir 2009/138/CE;
(33)ciallaíonn ‘máthairghnóthas i mBallstát’ máthairghnóthas mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (15), de Threoir 2009/138/CE a bhunaítear i mBallstát;
(34)ciallaíonn ‘coláiste maoirseoirí’ coláiste maoirseoirí mar a shainmhínítear in Airteagal 212(1), pointe (e), de Threoir 2009/138/CE agus a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 248 de Threoir 2009/138/CE;
(35)ciallaíonn ‘creat Státchabhrach an Aontais’ an creat a bhunaítear le hAirteagal 107, Airteagal 108 agus Airteagal 109 CFAE agus rialacháin agus gach gníomh de chuid an Aontais, lena n‑áirítear treoirlínte, teachtaireachtaí agus fógraí, arna ndéanamh nó arna nglacadh de bhun Airteagal 108(4) nó Airteagal 109 CFAE;
(36)ciallaíonn ‘foirceannadh’ réadú sócmhainní gnóthais árachais nó athárachais nó eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e);
(37)ciallaíonn ‘uirlis deighilte sócmhainní agus dliteanas’ an sásra chun go ndéanfadh údarás réitigh sócmhainní, cearta nó dliteanais gnóthais faoi réiteach a aistriú chuig gléas bainistíochta sócmhainní agus dliteanas i gcomhréir le hAirteagal 30;
(38)ciallaíonn ‘gléas bainistíochta sócmhainní agus dliteanas’ duine dlítheanach a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 30(2);
(39)ciallaíonn ‘uirlis díluachála nó chomhshó’ an sásra chun go ndéanfadh údarás réitigh na cumhachtaí díluachála nó comhshó a fheidhmiú i ndáil le dliteanais ghnóthais faoi réiteach i gcomhréir le hAirteagal 34;
(40)ciallaíonn ‘uirlis díolta gnó’ an sásra chun go ndéanfadh údarás réitigh scaireanna nó ionstraimí eile úinéireachta a aistriú, scaireanna nó ionstraimí a d’eisigh gnóthas faoi réiteach, nó sócmhainní, cearta nó dliteanais gnóthais faoi réiteach a aistriú chuig ceannaitheoir nach gnóthas idirlinne é, i gcomhréir le hAirteagal 31;
(41)ciallaíonn ‘gnóthas idirlinne’ duine dlítheanach a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 32(2);
(42)ciallaíonn ‘uirlis gnóthais idirlinne’ an sásra chun scaireanna nó ionstraimí eile úinéireachta a d’eisigh gnóthas faoi réiteach nó sócmhainní, cearta nó dliteanais ghnóthais faoi réiteach a aistriú chuig gnóthas idirlinne, i gcomhréir le hAirteagal 32;
(43)ciallaíonn ‘uirlis um leachtú sócmhainneach’ an sásra chun údarú gnóthais faoi réiteach a tharraingt siar chun conarthaí nua árachais nó athárachais a thabhairt i gcrích agus chun a ghníomhaíocht a theorannú go riar eisiach a phunainne atá ann cheana go dtí go ndéanfar foirceannadh agus leachtú air faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta i gcomhréir le hAirteagal 27;
(44)ciallaíonn ‘ionstraimí úinéireachta’ scaireanna, ionstraimí eile a thugann úinéireacht, ionstraimí atá in‑chomhshóite ina scaireanna nó ina n‑ionstraimí úinéireachta eile nó a thugann an ceart scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile a fháil, agus ionstraimí a léiríonn leasanna i scaireanna nó in ionstraimí úinéireachta eile;
(45)ciallaíonn ‘scairshealbhóirí’ scairshealbhóirí nó sealbhóirí ionstraimí eile úinéireachta;
(46)ciallaíonn ‘cumhachtaí aistrithe’ na cumhachtaí atá sonraithe in Airteagal 40(1), pointí (d) nó (e), chun scaireanna, ionstraimí eile úinéireachta, ionstraimí fiachais, sócmhainní, cearta nó dliteanais, nó aon teaglaim de na nithe sin a aistriú ó ghnóthas faoi réiteach chuig faighteoir;
(47)ciallaíonn ‘CCP’ CCP mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
(48)ciallaíonn ‘cumhachtaí díluachála nó comhshó’ na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 34(2) agus in Airteagal 40(1), pointí (f) go (j);
(49)ciallaíonn ‘dliteanas urraithe’ dliteanas ina ndéantar ceart an chreidiúnaí chun íocaíochta nó ina ndéantar foirm feidhmíochta eile a urrú trí mhuirear, gealltán nó lian, nó socruithe comhthaobhachta lena n‑áirítear dliteanais a eascraíonn as idirbhearta athcheannaigh agus socruithe comhthaobhachta eile ar aistriú teidil;
(50)ciallaíonn ‘ionstraimí Leibhéal 1’ míreanna de bhunchiste dílis a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 94(1) de Threoir 2009/138/CE;
(51)ciallaíonn ‘ionstraimí Leibhéal 2’ míreanna de bhunchiste dílis agus de chistí dílse coimhdeacha a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 94(2) de Threoir 2009/38/CE;
(52)ciallaíonn ‘ionstraimí Leibhéal 3’ míreanna de bhunchiste dílis agus de chistí dílse coimhdeacha a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 94(3) de Threoir 2009/38/CE;
(53)ciallaíonn ‘dliteanais incháilithe’ na dliteanais agus na hionstraimí caipitil nach bhfuil incháilithe mar ionstraimí Leibhéal 1, Leibhéal 2 nó Leibhéal 3 de ghnóthas árachais nó athárachais nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e), agus nach n‑eisiatar ó raon feidhme na huirlise díluachála nó comhshó de bhun Airteagal 34, míreanna 5 nó 6;
(54)ciallaíonn ‘scéim ráthaithe árachais’ scéim arna haithint go hoifigiúil ag Ballstát agus arna maoiniú trí ranníocaíochtaí ó ghnóthais árachais agus athárachais lena dtugtar ráthaíocht go n‑íocfar éilimh árachais incháilithe, go páirteach nó go hiomlán, le sealbhóirí polasaí incháilithe, páirtithe árachaithe agus tairbhithe i gcás nach bhfuil gnóthas árachais in ann nó ar dócha nach mbeidh sé in ann a oibleagáidí agus a ghealltanais a eascraíonn as a chonarthaí árachais a chomhlíonadh;
(55)ciallaíonn ‘ionstraimí caipitil ábhartha’ ionstraimí Leibhéal 1, ionstraimí Leibhéal 2 agus ionstraimí Leibhéal 3;
(56)ciallaíonn ‘ráta comhshó’ an fachtóir lena gcinntear líon na scaireanna nó na n‑ionstraimí úinéireachta eile ina ndéanfar dliteanas aicme sonraí a chomhshó, faoi threoir ionstraim aonair den aicme i gceist nó aonad luacha sonraithe éilimh fiachais;
(57)ciallaíonn ‘creidiúnaí a ndéantar difear dó’ creidiúnaí a mbaineann a éileamh le dliteanas atá laghdaithe nó comhshóite ina scaireanna nó ionstraimí eile úinéireachta tríd an gcumhacht díluachála nó chomhshó a fheidhmiú de bhun úsáid na huirlise díluachála nó comhshó;
(58)ciallaíonn ‘faighteoir’ an t‑eintiteas chuig a n‑aistrítear scaireanna, ionstraimí eile úinéireachta, ionstraimí fiachais, sócmhainní, cearta nó dliteanais, nó aon teaglaim de na nithe sin ó ghnóthas faoi réiteach;
(59)ciallaíonn ‘lá gnó’ lá seachas Satharn nó Domhnach nó saoire phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann;
(60)ciallaíonn ‘ceart chun foirceanta’ ceart chun conradh a fhoirceannadh, ceart chun oibleagáidí a luathú, chun clabhsúir a chur ar oibleagáidí, chun oibleagáidí a fhritháireamh nó chun oibleagáidí a ghlanluacháil, nó aon fhoráil chomhchosúil lena ndéantar oibleagáid páirtí sa chonradh a chur ar fionraí, a mhodhnú nó a chur ar ceal, nó foráil lena gcuirtear cosc le teacht chun cinn oibleagáide faoin gconradh a thiocfadh chun cinn murach an fhoráil sin;
(61)ciallaíonn ‘gnóthas faoi réiteach’ aon cheann de na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí (a) go (e), a ndéantar gníomhaíocht réitigh ina leith;
(62)ciallaíonn ‘gnóthas fochuideachta de chuid an Aontais’ gnóthas árachais nó athárachais a bhfuil a cheannoifig aige i mBallstát agus ar gnóthas fochuideachta de ghnóthas árachais nó athárachais tríú tír nó de mháthairghnóthas tríú tír é;
(63)ciallaíonn ‘máthairghnóthas deiridh’ máthairghnóthas i mBallstát de ghrúpa atá faoi réir maoirseacht grúpa i gcomhréir le hAirteagal 213(2), pointí (a) nó (b), de Threoir 2009/138/CE, nach gnóthas fochuideachta é de ghnóthas árachais nó athárachais eile, cuideachta sealbhaíochta árachais nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha atá údaraithe agus curtha ar bun in aon Bhallstát;
(64)ciallaíonn ‘gnóthas árachais nó athárachais tríú tír’ gnóthas árachais tríú tír nó gnóthas athárachais tríú tír mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointí (3) agus (6), de Threoir 2009/138/CE;
(65)ciallaíonn ‘imeachtaí réitigh tríú tír’ gníomhaíocht faoi dhlí tríú tír chun bainistiú a dhéanamh ar chliseadh gnóthais árachais nó athárachais tríú tír nó máthairghnóthais tríú tír atá inchomparáide, i dtéarmaí cuspóirí agus torthaí tuartha, le gníomhaíochtaí réitigh faoin Treoir seo;
(66)ciallaíonn ‘brainse de chuid an Aontais’ brainse atá lonnaithe i mBallstát gnóthais árachais nó athárachais tríú tír;
(67)ciallaíonn ‘údarás ábhartha tríú tír’ údarás tríú tír atá freagrach as feidhmeanna a chur i gcrích atá inchomparáide leo siúd atá ag údaráis réitigh nó ag údaráis mhaoirseachta de bhun na Treorach seo;
(68)ciallaíonn ‘socrú comhthaobhachta airgeadais aistrithe teidil’ socrú comhthaobhachta airgeadais aistrithe teidil mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (b), de Threoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(69)ciallaíonn ‘socrú glanluachála’ socrú faoinar féidir roinnt éileamh nó oibleagáidí a thiontú ina nglanéileamh aonair, lena n‑áirítear socruithe glanluachála socraíochta faoina ndéanfar, i gcás ina dtarlóidh ócáid forfheidhmithe (pé sainmhíniú a thugtar air sin nó pé áit a sainmhínítear é), oibleagáidí na bpáirtithe a luathú sa dóigh go mbeidh siad dlite láithreach bonn nó a fhoirceannadh, agus i gceachtar den dá chás, go ndéanfar iad a thiontú ina nglanéileamh aonair nó go ndéanfar glanéileamh aonair a chur ina n‑ionad, lena n‑áirítear ‘forálacha maidir le glanluacháil socraíochta’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (n)(i), de Threoir 2002/47/CE agus ‘glanluacháil’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (k), de Threoir 98/26/CE;
(70)ciallaíonn ‘socrú fritháirimh’ socrú faoinar féidir dhá éileamh nó níos mó nó dhá oibleagáid nó níos mó atá dlite idir an gnóthas faoi réiteach agus contrapháirtí a fhritháireamh in aghaidh a chéile;
(71)ciallaíonn ‘conarthaí airgeadais’ conarthaí airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1), pointe (100), de Threoir 2014/59/AE;
(72)ciallaíonn ‘beart coiscthe géarchéime’ feidhmiú cumhachtaí chun stiúradh a dhéanamh ar easnaimh nó baic ar in‑aisghabhálacht a bhaint faoi Airteagal 6(5) den Treoir seo, feidhmiú cumhachtaí chun aghaidh a thabhairt ar bhaic ar inréiteacht nó chun na baic sin a bhaint faoi Airteagail 15 nó 16 den Treoir seo, cur i bhfeidhm aon bheart faoi Airteagal 137, Airteagal 138, míreanna 3 agus 5, Airteagal 139(3) agus Airteagal 140 de Threoir 2009/138/CE, agus cur i bhfeidhm beart coisctheach faoi Airteagal 141 de Threoir 2009/138/CE;
(73)ciallaíonn ‘beart bainistíochta géarchéime’ gníomhaíocht réitigh, ceapadh bainisteora speisialta faoi Airteagal 42 nó ceapadh duine faoi Airteagal 52(1);
(74)ciallaíonn ‘údarás náisiúnta macrastuamachta ainmnithe’ an t‑údarás a bhfuil sé de chúram air an beartas macrastuamachta a sheoladh dá dtagraítear i Moladh B1 de Mholadh an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach an 22 Nollaig 2011 maidir le sainordú macrastuamachta na n‑údarás náisiúnta (BERS/2011/3);
(75)ciallaíonn ‘margadh rialáilte’ margadh rialáilte mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (21), de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(76)ciallaíonn ‘gnóthas árachais’ gnóthas árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13 pointe (1), de Threoir 2009/138/CE;
(77)ciallaíonn ‘gnóthas athárachais’ gnóthas athárachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13 pointe (4) de Threoir 2009/138/CE;
(78)ciallaíonn ‘institiúid creidmheasa’ institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(79)ciallaíonn ‘gnólacht infheistíochta’ gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(80)ciallaíonn ‘gnóthas ag a bhfuil próifíl íseal riosca’ gnóthas ag a bhfuil próifíl íseal riosca mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (10a), de Threoir 2009/138/CE;
(81)ciallaíonn ‘gnóthas fochuideachta’ gnóthas fochuideachta mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (16), de Threoir 2009/138/CE;
(82)ciallaíonn ‘máthairghnóthas’ máthairghnóthas mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (15), de Threoir 2009/138/CE;
(83)ciallaíonn ‘brainse’ brainse mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (11), de Threoir 2009/138/CE;
(84)ciallaíonn ‘comhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta’ comhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (43) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 ón gCoimisiún.
Airteagal 3
Údaráis réitigh agus aireachtaí inniúla a ainmniú
1.Ainmneoidh gach Ballstát údarás réitigh amháin nó, go heisceachtúil, níos mó ná údarás réitigh amháin a bhfuil sé de chumhacht acu na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm agus na cumhachtaí réitigh a fheidhmiú.
2.Is iad na bainc cheannais náisiúnta, na haireachtaí inniúla, na húdaráis riaracháin phoiblí nó údaráis a bhfuil cumhachtaí riaracháin phoiblí de chúram orthu a bheidh sna húdaráis réitigh.
3.I gcás ina gcuirfear feidhmeanna eile de chúram ar údarás réitigh, cuirfear socruithe struchtúracha leordhóthanacha i bhfeidhm chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint idir na feidhmeanna arna gcur de chúram ar an údarás réitigh de bhun na Treorach seo agus na feidhmeanna eile uile arna gcur de chúram ar an údarás sin, gan dochar don mhalartú faisnéise agus oibleagáidí comhair a cheanglaítear faoi mhír 6.
Chun na spriocanna dá dtagraítear i bhfomhír 1 a bhaint amach, cuirfear socruithe i bhfeidhm chun neamhspleáchas oibríochtúil éifeachtach a áirithiú, lena n‑áirítear baill foirne, línte tuairiscithe agus próisis chinnteoireachta ar leithligh de chuid an údaráis réitigh ar aon fheidhm mhaoirseachta nó aon fheidhm eile de chuid an údaráis réitigh sin.
4.Leis na ceanglais a leagtar síos i mír 3, ní choiscfear:
(a)línte tuairiscithe a bheith ag teacht le chéile ar an leibhéal is airde d’eagraíocht lena gcomhchuimsítear feidhmeanna nó údaráis dhifriúla;
(b)go bhféadfaí baill foirne a chomhroinnt, faoi choinníollacha réamhshainithe, idir na feidhmeanna eile a chuirtear de chúram ar an údarás réitigh chun freastal ar ualach oibre atá ard go sealadach, nó ionas go mbeidh an t‑údarás réitigh in ann leas a bhaint as saineolas ball foirne comhroinnte.
5.Glacfaidh na húdaráis réitigh na rialacha inmheánacha atá i bhfeidhm acu chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach i míreanna 3 agus 4, lena n‑áirítear rialacha maidir le rúndacht ghairmiúil agus malartú faisnéise idir na réimsí feidhme difriúla, agus déanfaidh siad na rialacha inmheánacha sin a phoibliú.
6.Éileoidh na Ballstáit go n‑oibreoidh údaráis a bheidh ag feidhmiú na bhfeidhmeanna maoirseachta agus réitigh agus daoine a bheidh ag feidhmiú na bhfeidhmeanna sin ar a son i ndlúthchomhar lena chéile nuair a bheidh cinntí réitigh á n‑ullmhú, á bpleanáil agus á gcur i bhfeidhm, i gcás inar eintitis ar leithligh iad an t‑údarás réitigh agus an t‑údarás maoirseachta araon agus i gcás ina gcuirtear na feidhmeanna i gcrích san eintiteas céanna.
7.Ainmneoidh gach Ballstát aon aireacht amháin atá freagrach as feidhmiú na bhfeidhmeanna arna gcur de chúram ar an aireacht inniúil faoin Treoir seo.
8.I gcás nach ionann an t‑údarás réitigh i mBallstát agus an aireacht inniúil, cuirfidh an t‑údarás réitigh an aireacht inniúil ar an eolas faoi na cinntí a ghlactar de bhun na Treorach seo gan moill mhíchuí agus, mura leagtar síos a mhalairt sa dlí náisiúnta, ní chuirfidh sé chun feidhme aon chinneadh a mbeidh tionchar fioscach díreach aige gan formheas na haireachta inniúla sin a bheith faighte aige.
9.Ballstát a ainmníonn níos mó ná údarás réitigh amháin, tabharfaidh sé fógra a bheidh réasúnaithe go hiomlán do ÚEÁPC faoin gcúis go ndearna sé é sin agus leithdháilfidh sé feidhmeanna agus freagrachtaí go soiléir idir na húdaráis sin, áiritheoidh sé go mbeidh comhordú leormhaith eatarthu agus ainmneoidh sé údarás aonair mar údarás teagmhála chun críoch comhair agus comhordaithe le húdaráis ábhartha na mBallstát eile.
10.Cuirfidh na Ballstáit ÚEÁPC ar an eolas faoin údarás náisiúnta nó faoi na húdaráis náisiúnta a ainmneofar mar údaráis réitigh agus, i gcás inarb ábhartha, an t‑údarás teagmhála agus, i gcás inarb ábhartha, a gcuid feidhmeanna agus freagrachtaí sonracha. Foilseoidh ÚEÁPC liosta de na húdaráis réitigh agus de na húdaráis teagmhála sin.
11.Gan dochar d’Airteagal 65, féadfaidh na Ballstáit teorainn a chur le dliteanas an údaráis réitigh, an údaráis maoirseachta agus a bhfoirne faoi seach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta maidir lena ngníomhartha agus lena neamhghníomhartha le linn dóibh a gcuid feidhmeanna faoin Treoir seo a chomhlíonadh.
TEIDEAL II
ULLMHÚCHÁN
CAIBIDIL I
Pleanáil choisctheach maidir le téarnamh agus réiteach
Roinn 1
Forálacha ginearálta
Airteagal 4
Oibleagáidí simplithe do ghnóthais áirithe
1.Agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag cliseadh an ghnóthais árachais nó athárachais á chur san áireamh, mar gheall ar chineál a ghnó, a struchtúr scairshealbhóireachta, a fhoirm dhlíthiúil, a phróifíl riosca, a mhéid agus a stádas dlíthiúil, a idirnascthacht le gnóthais rialáilte eile nó leis an gcóras airgeadais i gcoitinne, raon feidhme agus castacht a ghníomhaíochtaí, agus cé acu is dócha nó nach dócha go mbeadh tionchar mór diúltach ag cliseadh an ghnóthais agus an foirceannadh a dhéanfaí air ina dhiaidh sin de réir na ngnáthimeachtaí dócmhainneachta ar mhargaí airgeadais, ar ghnóthais eile, ar shealbhóirí polasaí, ar dhálaí cistiúcháin, nó ar an ngeilleagar níos leithne, cinnfidh údaráis mhaoirseachta agus réitigh cé acu is féidir nó nach féidir oibleagáidí simplithe a chur i bhfeidhm le haghaidh gnóthais árachais agus athárachais agus grúpaí i dtaca leis na nithe seo a leanas:
(a)ábhar agus mionsonraí na bpleananna coisctheacha maidir le téarnamh agus réiteach dá bhforáiltear in Airteagail 5 go 7;
(b)an dáta faoina dtarraingeofar suas na chéad phleananna coisctheacha maidir le téarnamh agus réiteach agus an mhinicíocht chun pleananna maidir le téarnamh agus réiteach a nuashonrú, ar minicíocht í a d’fhéadfadh a bheith níos ísle ná an mhinicíocht dá bhforáiltear in Airteagal 5(4), Airteagal 7(5), Airteagal 9(5) agus Airteagal 11(3);
(c)ábhar agus leibhéal an mhionsonraithe a éilítear ó ghnóthais de bhun Airteagal 5(6), Airteagal 10(2) agus Airteagal 12(1);
(d)leibhéal an mhionsonraithe le haghaidh an mheasúnaithe ar inréiteacht dá bhforáiltear in Airteagail 13 agus 14.
2.Déanfaidh ÚEÁPC treoirlínte a eisiúint faoin [Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach an dáta a bheidh ann 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 chun na critéir incháilitheachta dá dtagraítear i mír 1 a shonrú.
3.Cuirfidh na Ballstáit ceangal ar na húdaráis mhaoirseachta nó ar na húdaráis réitigh, mar is infheidhme, an fhaisnéis seo a leanas ar fad a sholáthar do ÚEÁPC ar bhonn bliantúil agus i dtaca le gach Ballstát ar leithligh:
(a)líon na ngnóthas árachais agus athárachais agus na ngrúpaí atá faoi réir pleanáil choisctheach maidir le téarnamh agus réiteach de bhun Airteagail 5, 7, 9 agus 10;
(b)líon na ngnóthas árachais agus athárachais agus na ngrúpaí a dtéann na hoibleagáidí simplithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo chun sochair dóibh;
(c)faisnéis chainníochtúil maidir le cur i bhfeidhm na gcritéar dá dtagraítear i mír 1;
(d)tuairisc ar na hoibleagáidí simplithe a chuirtear i bhfeidhm ar bhonn na gcritéar dá dtagraítear i mír 1 i gcomparáid leis na hoibleagáidí iomlána, mar aon leis an méid ceanglas caipitil, préimheanna, forálacha teicniúla agus sócmhainní, arna dtomhas faoi seach mar chéatadáin den mhéid iomlán ceanglas caipitil, préimheanna, forálacha teicniúla agus sócmhainní de chuid ghnóthais árachais agus athárachais na mBallstát nó na ngrúpaí ar fad, faoi mar is infheidhme.
4.Déanfaidh ÚEÁPC an fhaisnéis seo a leanas ar fad a nochtadh go poiblí ar bhonn bliantúil agus i dtaca le gach Ballstát ar leithligh:
(a)líon na ngnóthas árachais agus athárachais agus na ngrúpaí atá faoi réir pleanáil choisctheach maidir le téarnamh agus réiteach de bhun Airteagail 5, 7, 9 agus 10;
(b)líon na ngnóthas árachais agus athárachais agus na ngrúpaí a dtéann na hoibleagáidí simplithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo chun sochair dóibh;
(c)faisnéis chainníochtúil maidir le cur i bhfeidhm na gcritéar dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo;
(d)tuairisc ar na hoibleagáidí simplithe a chuirtear i bhfeidhm ar bhonn na gcritéar incháilitheachta dá dtagraítear i mír 1 i gcomparáid leis na hoibleagáidí iomlána, mar aon leis an méid ceanglas caipitil, préimheanna, forálacha teicniúla agus sócmhainní, arna dtomhas faoi seach mar chéatadáin den mhéid iomlán ceanglas caipitil, préimheanna, forálacha teicniúla agus sócmhainní de chuid ghnóthais árachais agus athárachais na mBallstát nó na ngrúpaí ar fad, mar is infheidhme;
(e)agus measúnú ar aon éagsúlacht maidir le cur chun feidhme mhír 1 den Airteagal seo ar leibhéal náisiúnta.
Roinn 2
Pleanáil téarnaimh choisctheach
Airteagal 5
Pleananna téarnaimh coisctheacha
1.Áiritheoidh Ballstáit go ndéanfaidh gnóthais árachais agus athárachais nach cuid de ghrúpa iad atá faoi réir pleanáil téarnaimh choisctheach de bhun Airteagal 7 agus a chomhlíonann na critéir a leagtar síos i míreanna 2 agus 3, plean téarnaimh coisctheach a tharraingt suas agus a choimeád cothrom le dáta. Beidh bearta sa phlean téarnaimh coisctheach sin a bheidh le glacadh ag an ngnóthas lena mbaineann chun a staid airgeadais a athbhunú i gcás ina bhfuil meath mór tagtha ar an staid sin.
Measfar gur cuid de chóras rialachais de réir bhrí Airteagal 41 de Threoir 2009/138/CE é pleananna téarnaimh coisctheacha a tharraingt suas, a choimeád cothrom le dáta agus a chur i bhfeidhm.
2.Cuirfidh an t‑údarás gnóthais árachais agus athárachais faoi réir ceanglas maidir le pleanáil téarnaimh choisctheach ar bhonn a méide, a samhla gnó, a bpróifíle riosca, a n‑idirnascthachta, a n‑inionadaitheachta agus, go háirithe, gníomhaíochtaí trasteorann.
Áiritheoidh údaráis mhaoirseachta go mbeidh ar a laghad 80 % de mhargadh saoil agus neamhshaoil agus athárachais an Bhallstáit faoi seach, i gcás ina bhfuil an sciar den mhargadh neamhshaoil bunaithe ar phréimheanna comhlána i scríbhinn agus i gcás ina bhfuil an sciar den mhargadh saoil bunaithe ar fhorálacha teicniúla comhlána, faoi réir ceanglas maidir le pleanáil téarnaimh choisctheach de bhun an Airteagail seo.
Agus leibhéal cumhdaigh an mhargaidh dá dtagraítear i fomhír 2 á ríomh, féadfar gnóthais fochuideachta árachais nó athárachais grúpa a chur san áireamh i gcás ina bhfuil na gnóthais fochuideachta árachais nó athárachais sin ina gcuid de ghrúpa a bhfuil plean téarnaimh coisctheach grúpa dá dtagraítear in Airteagal 7 á tharraingt suas agus á choinneáil ar bun ag an máthairghnóthas deiridh lena aghaidh.
3.Aon ghnóthas árachais nó athárachais atá faoi réir plean réitigh de bhun Airteagal 9, beidh sé faoi réir ceanglas maidir le pleanáil téarnaimh choisctheach.
Ní bheidh gnóthais ag a bhfuil próifíl íseal riosca faoi réir ceanglas maidir le pleanáil téarnaimh choisctheach ar bhonn aonair, áfach.
4.Eiseoidh ÚEÁPC treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 chun na modhanna a shonrú a thuilleadh a úsáidfear agus na sciartha den mhargadh dá dtagraítear i mír 2, agus na critéir, go háirithe a mhéid a bhaineann le gníomhaíocht trasteorann, dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír, á gcinneadh.
5.Áiritheoidh údaráis mhaoirseachta go dtabharfaidh gnóthais árachais agus athárachais a bpleananna téarnaimh coisctheacha cothrom le dáta go bliantúil ar a laghad agus tar éis dóibh athrú a dhéanamh ar struchtúr dlíthiúil nó eagraíochtúil an ghnóthais lena mbaineann, nó athrú a dhéanamh ar staid ghnó nó airgeadais an ghnóthais, ar athrú é a d’fhéadfadh éifeacht ábhartha a bheith aige ar an bplean téarnaimh coisctheach nó a d’éileodh athrú ábhartha ar an bplean téarnaimh coisctheach.
6.Níor cheart glacadh leis sna pleananna téarnaimh coisctheacha go mbeidh rochtain ar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ná go bhfaighfear tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách.
7.Ceanglóidh na Ballstáit go mbeidh gach ceann de na nithe seo a leanas i bpleananna téarnaimh coisctheacha:
(a)achoimre ar phríomhghnéithe an phlean, lena n‑áirítear athruithe ábhartha a rinneadh ar an bplean is déanaí a comhdaíodh;
(b)tuairisc ar an ngnóthas nó ar an ngrúpa;
(c)creat táscairí dá dtagraítear i mír 8;
(d)tuairisc maidir leis an gcaoi a ndearnadh an plean téarnaimh coisctheach a tharraingt suas, an chaoi a dtabharfar cothrom le dáta é agus an chaoi a gcuirfear i bhfeidhm é;
(e)raon beart ceartaitheach;
(f)straitéis cumarsáide.
8.Ceanglóidh Ballstáit go ndéanfaidh gnóthais árachais agus athárachais dá dtagraítear i mír 1 measúnú ar inchreidteacht agus ar indéantacht pleananna téarnaimh coisctheacha, go háirithe an creat táscairí dá dtagraítear i mír 8 agus na bearta ceartaitheacha, in aghaidh raon cásanna de dhianstrus maicreacnamaíoch agus airgeadais atá ábhartha do chúinsí sonracha an ghnóthais árachais nó athárachais, lena n‑áirítear imeachtaí ar fud an chórais, imeachtaí struis neamhghnácha ar dócha go ndéanfaidís difear ábhartha don phróifíl sócmhainní agus dliteanas, agus teaglaim de na himeachtaí struis sin.
9.Ceanglóidh na Ballstáit go mbeidh ar ghnóthais árachais agus athárachais a áirithiú go bhfuil creat de tháscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla ina bpleananna téarnaimh coisctheacha lena sainaithnítear na pointí nuair ba cheart cuimhneamh ar bhearta ceartaitheacha. Féadfar critéir a bhaineann le, inter alia, caipiteal, leachtacht, cáilíocht sócmhainní, brabúsacht, dálaí margaidh, dálaí maicreacnamaíocha agus imeachtaí oibríochtúla a áireamh sna táscairí sin. Áireofar sna táscairí a bhaineann le staid an chuntais caipitil, ar a laghad, aon sárú ar an gCeanglas maidir le Caipiteal Sócmhainneachta a leagtar síos i dTeideal I, Caibidil VI, Roinn 4, de Threoir 2009/138/CE.
Ceanglóidh na Ballstáit go n‑áiritheoidh na húdaráis mhaoirseachta go gcuirfidh gnóthais árachais agus athárachais socruithe iomchuí i bhfeidhm chun faireachán tráthrialta a dhéanamh ar na táscairí dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
Gnóthas árachais nó athárachais dá dtagraítear i mír 1 a chinneann beart ceartaitheach a áirítear sa phlean téarnaimh coisctheach a dhéanamh, nó a chinneann gan an beart ceartaitheach sin a dhéanamh in ainneoin táscaire dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bheith comhlíonta, tabharfaidh sé fógra don údarás maoirseachta faoin gcinneadh sin gan mhoill.
10.Déanfaidh comhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta gnóthais árachais agus athárachais dá dtagraítear i mír 1 an plean téarnaimh coisctheach a mheasúnú agus a fhormheas sula gcuirfear faoi bhráid an údaráis maoirseachta é lena athbhreithniú.
11.Eiseoidh ÚEÁPC treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 faoin [Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach an dáta a bheidh ann 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] chun sonrú breise a dhéanamh ar an íosliosta táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla dá dtagraítear i mír 7, an chéad fhomhír, pointe (c) agus, i gcomhar leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS), ar an raon cásanna dá dtagraítear i mír 8.
12.Déanfaidh ÚEÁPC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonrófar a thuilleadh, gan dochar d’Airteagal 4, an fhaisnéis atá le cur san áireamh ag gnóthas árachais nó athárachais dá dtagraítear i mír 1 sa phlean téarnaimh coisctheach, lena n‑áirítear na bearta ceartaitheacha dá dtagraítear i mír 7, an chéad fhomhír, pointe (e) agus a gcur chun feidhme.
Cuirfidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach an dáta a bheidh ann 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo].
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.
Airteagal 6
Athbhreithniú agus measúnú arna dhéanamh ag na húdaráis mhaoirseachta ar phleananna téarnaimh coisctheacha
1.Laistigh de 6 mhí ó chuirtear isteach gach plean téarnaimh coisctheach dá dtagraítear in Airteagal 5 agus Airteagal 7, déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta athbhreithniú ar an bplean sin agus déanfaidh siad measúnú ar a mhéid a chomhlíontar sa phlean na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5 agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 7, agus na nithe seo a leanas ar fad:
(a)cé acu is dócha le réasún nó nach dócha go ndéanfar inmharthanacht agus staid airgeadais an ghnóthais árachais nó athárachais nó an ghrúpa a choinneáil ar bun nó a athbhunú trí na socruithe arna moladh sa phlean a chur chun feidhme;
(b)cé acu is dócha le réasún nó nach dócha go gcuirfear an plean agus na roghanna sonracha sa phlean chun feidhme go tapa agus go héifeachtach i gcásanna ina bhfuil strus airgeadais;
(c)cé acu is dócha le réasún nó nach dócha go seachnófar leis an bplean agus na roghanna sonracha sa phlean aon éifeacht mhór dhíobhálach ar an gcóras airgeadais a mhéid is mó agus is féidir, lena n‑áirítear i gcásanna a spreagfadh gnóthais eile árachais agus athárachais chun pleananna téarnaimh coisctheacha a chur chun feidhme laistigh den tréimhse chéanna.
2.Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta na pleananna téarnaimh coisctheacha ar fad a bheidh faighte acu a sholáthar do na húdaráis réitigh. Féadfaidh na húdaráis réitigh scrúdú a dhéanamh ar an bplean téarnaimh coisctheach chun aon ghníomhaíocht sa phlean téarnaimh coisctheach a shainaithint a d’fhéadfadh tionchar díobhálach a imirt ar inréiteacht na ngnóthas árachais nó athárachais lena mbaineann agus chun moltaí a dhéanamh don údarás maoirseachta maidir leis na hábhair sin.
3.I gcás ina gcuireann gnóthas árachais nó athárachais gníomhaíochtaí móra trasteorann i gcrích, soláthróidh an t‑údarás maoirseachta baile an plean téarnaimh coisctheach don údarás maoirseachta óstach, arna iarraidh sin ag an údarás maoirseachta óstach sin. Féadfaidh an t‑údarás maoirseachta óstach scrúdú a dhéanamh ar an bplean téarnaimh coisctheach chun aon ghníomhaíocht sa phlean téarnaimh coisctheach a shainaithint a d’fhéadfadh tionchar díobhálach a imirt ar shealbhóirí polasaí, ar an bhfíorgheilleagar nó ar chobhsaíocht airgeadais ina Bhallstát agus chun moltaí a dhéanamh don údarás maoirseachta baile maidir leis na hábhair sin.
4.Údaráis mhaoirseachta a thagann ar an gconclúid, tar éis dóibh measúnú a dhéanamh ar an bplean téarnaimh coisctheach, go bhfuil easnaimh ábhartha sa phlean sin, nó go bhfuil baic ábhartha ann ar a chur chun feidhme, tabharfaidh siad fógra don ghnóthas árachais nó athárachais lena mbaineann, nó don mháthairghnóthas deiridh lena mbaineann, faoi ábhar a measúnaithe agus cuirfidh siad ceangal ar an ngnóthas lena mbaineann plean athbhreithnithe a chur isteach, laistigh de 2 mhí, lena léireofar cén dóigh a dtugtar aghaidh ar na heasnaimh nó ar na baic sin. Féadfar síneadh aon mhí amháin a chur leis an tréimhse 2 mhí i gcás ina gcomhaontaíonn an t‑údarás maoirseachta amhlaidh.
Sula gcuirfidh sé de cheangal ar ghnóthas árachais nó athárachais plean téarnaimh coisctheach a chur isteach arís, tabharfaidh an t‑údarás maoirseachta an deis don ghnóthas a thuairim a chur in iúl maidir leis an gceanglas sin.
An tÚdarás maoirseachta a thugann faoi deara nár tugadh aghaidh ar na heasnaimh agus na baic go leormhaith sa phlean athbhreithnithe, féadfaidh sé a ordú don ghnóthas athruithe sonracha a dhéanamh ar an bplean.
5.I gcás nach gcuireann an gnóthas árachais nó athárachais plean téarnaimh coisctheach athbhreithnithe isteach, nó i gcás ina dtagann an t‑údarás maoirseachta ar an gconclúid nach ndéantar na heasnaimh nó na baic fhéideartha a sainaithníodh ina mheasúnú bunaidh a réiteach go leormhaith sa phlean téarnaimh coisctheach athbhreithnithe, agus i gcás nach féidir na heasnaimh nó na baic sin a réiteach go leormhaith le hordú chun athruithe sonracha a dhéanamh ar an bplean, ceanglóidh an t‑údarás maoirseachta ar an ngnóthas athruithe a shainaithint laistigh de thréimhse réasúnach a d’fhéadfadh an gnóthas a dhéanamh ar a ghnó chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sa phlean téarnaimh coisctheach nó ar na baic maidir le cur chun feidhme an phlean sin.
I gcás nach sainaithníonn an gnóthas árachais nó athárachais na hathruithe sin laistigh den tréimhse arna socrú ag an údarás maoirseachta, nó i gcás ina gcinneann an t‑údarás maoirseachta nach dtabharfaí aghaidh ar na heasnaimh nó na baic go leormhaith leis na gníomhaíochtaí arna moladh ag an ngnóthas, féadfaidh an t‑údarás maoirseachta cinneadh réasúnaithe a dhéanamh a ordú don ghnóthas aon bheart a dhéanamh a mheasann sé is gá agus is comhréireach, agus aird á tabhairt ar a thromchúisí atá na heasnaimh agus na baic mar aon le héifeacht na mbeart ar ghnó an ghnóthais.
Tabharfar fógra i scríbhinn don ghnóthas árachais nó athárachais faoin gcinneadh réasúnaithe dá dtagraítear sa dara fomhír, ar cinneadh é a bheidh faoi réir ceart achomhairc.
Airteagal 7
Pleananna téarnaimh coisctheacha grúpa
1.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh máthairghnóthais deiridh plean téarnaimh coisctheach grúpa a tharraingt suas agus go gcuirfidh siad faoi bhráid an mhaoirseora grúpa é.
Plean téarnaimh coisctheach don ghrúpa ar a bhfuil an máthairghnóthas deiridh i gceannas a bheidh sna pleananna téarnaimh coisctheacha grúpa. Sainaithneofar bearta ceartaitheacha sa phlean téarnaimh coisctheach grúpa a bhféadfadh gá a bheith lena gcur chun feidhme ar leibhéal an mháthairghnóthais deiridh sin agus ar leibhéal na bhfochuideachtaí aonair.
2.Tá bearta ceartaitheacha sa phlean téarnaimh coisctheach grúpa chun cobhsaíocht an ghrúpa, nó chun cobhsaíocht aon ghnóthais árachais nó athárachais de chuid an ghrúpa, a bhaint amach, nuair atá an grúpa nó aon cheann de ghnóthais árachais nó athárachais an ghrúpa i riocht anáis, chun aghaidh a thabhairt ar chúiseanna an anáis sin nó chun iad a bhaint, agus chun staid airgeadais an ghrúpa nó an ghnóthais ar cuid den ghrúpa é a athbhunú, agus staid airgeadais grúpeintiteas eile a chur san áireamh an tráth céanna.
Beidh socruithe sa phlean téarnaimh coisctheach grúpa chun comhordú agus comhsheasmhacht beart comhréireach a thógfar ar leibhéal an ghrúpa agus na ngrúpeintiteas a áirithiú.
3.Áireofar na gnéithe a shonraítear in Airteagal 5 sa phlean téarnaimh coisctheach grúpa agus in aon phlean a tharraingeofar suas maidir le gnóthas fochuideachta árachais nó athárachais aonair.
Sainaithneofar sa phlean téarnaimh coisctheach grúpa cé acu atá bacainní ar chur chun feidhme na mbeart ceartaitheach laistigh den ghrúpa nó nach bhfuil, lena n‑áirítear ar leibhéal na n‑eintiteas aonair a chumhdaítear leis an bplean, agus cé acu atá baic phraiticiúla nó dhlíthiúla shubstaintiúla ar chistí dílse a aistriú go pras nó ar dhliteanais nó sócmhainní a aisíoc laistigh den ghrúpa nó nach bhfuil.
4.Féadfaidh údaráis mhaoirseachta ceangal a chur ar ghnóthais fochuideachta árachais nó athárachais nó ar na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (c) agus (d), pleananna téarnaimh coisctheacha a tharraingt suas agus a chur isteach sna cásanna seo a leanas:
(a)nuair nach ann do phlean téarnaimh coisctheach grúpa;
(b)nuair a léiríonn an t‑údarás maoirseachta lena mbaineann nach gcuirtear an t‑eintiteas lena mbaineann san áireamh go leormhaith sa phlean téarnaimh coisctheach grúpa i bhfianaise shuntas an eintitis i gceist sa Bhallstát lena mbaineann agus i bhfianaise na n‑oibleagáidí a bhfuil gnóthais inchomparáide sa Bhallstát sin faoina réir.
5.Déanfaidh an maoirseoir grúpa, ar choinníoll go bhfuil na ceanglais rúndachta a leagtar síos in Airteagal 64 i bhfeidhm, na pleananna téarnaimh coisctheacha grúpa a tharchur chuig:
(a)ÚEÁPC;
(b)na húdaráis mhaoirseachta ábhartha atá ina gcomhaltaí den choláiste maoirseachta nó atá rannpháirteach sa choláiste maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 248(3) de Threoir 2009/138/CE;
(c)an t‑údarás réitigh grúpa;
(d)údaráis réitigh na bhfochuideachtaí.
6.Comhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an eintitis a bhfuil an plean téarnaimh coisctheach grúpa á tharraingt suas aige de bhun mhír 1 nó mhír 4, déanfaidh sé an plean téarnaimh coisctheach grúpa a mheasúnú agus a fhormheas sula gcuirfidh sé faoi bhráid an mhaoirseora grúpa é lena athbhreithniú.
Airteagal 8
Athbhreithniú agus measúnú arna dhéanamh ag an maoirseoir grúpa ar phleananna téarnaimh coisctheacha grúpa
1.Tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis mhaoirseachta ábhartha atá ina gcomhaltaí den choláiste maoirseachta nó atá rannpháirteach sa choláiste maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 248(3) de Threoir 2009/138/CE, déanfaidh an maoirseoir grúpa athbhreithniú ar an bplean téarnaimh coisctheach grúpa agus déanfaidh sé measúnú ar a mhéid a chomhlíontar sa phlean sin na ceanglais agus na critéir a leagtar síos in Airteagal 6 agus san Airteagal seo. Déanfar an measúnú sin i gcomhréir leis an nós imeachta a bhunaítear in Airteagal 6 agus leis an Airteagal seo agus cuirfear san áireamh an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta ceartaitheacha ar shealbhóirí polasaí, ar an bhfíorgheilleagar agus ar chobhsaíocht airgeadais sna Ballstáit go léir ina n‑oibríonn an grúpa.
2.Féachfaidh an maoirseoir grúpa le cinneadh comhpháirteach a dhéanamh, dá dtagraítear in Airteagal 17, laistigh den choláiste maoirseoirí maidir leis na nithe seo a leanas:
(a)an t‑athbhreithniú agus an measúnú ar an bplean téarnaimh coisctheach grúpa agus cé acu atá plean téarnaimh ar bhonn aonair le tarraingt suas le haghaidh gnóthais árachais agus athárachais atá mar chuid den ghrúpa, mar a leagtar síos in Airteagal 7(3), nó nach bhfuil;
(b)cur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 6, míreanna (3) agus (4).
Roinn 3
Pleanáil réitigh
Airteagal 9
Pleananna réitigh
1.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis réitigh, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta, plean réitigh a tharraingt suas le haghaidh gach gnóthas árachais agus athárachais a chomhlíonann na critéir a leagtar síos i mír 2, nach cuid de ghrúpa é atá faoi réir pleanáil réitigh de bhun Airteagail 10 agus 11. Déanfar foráil sa phlean réitigh maidir leis na gníomhaíochtaí réitigh a fhéadfaidh an t‑údarás réitigh a dhéanamh i gcás ina gcomhlíonfaidh an gnóthas árachais nó athárachais na coinníollacha maidir le réiteach dá dtagraítear in Airteagal 19(1) nó Airteagal 20(3).
2.Déanfaidh údaráis réitigh pleananna réitigh a tharraingt suas le haghaidh gnóthais árachais agus athárachais is féidir a roghnú ar bhonn a méide, a samhla gnó, a bpróifíle riosca, a n‑idirnascthachta, a n‑inionadaitheachta, agus thionchar dóchúil an chliste ar shealbhóirí polasaí. Agus na gnóthais árachais agus athárachais á roghnú faoi réir pleanáil réitigh, cuirfidh an t‑údarás réitigh san áireamh go háirithe gníomhaíocht trasteorann an ghnóthais árachais agus athárachais agus cé acu atá feidhmeanna criticiúla ann nó nach bhfuil.
Áiritheoidh údaráis réitigh go mbeidh ar a laghad 70 % de mhargadh saoil agus neamhshaoil agus athárachais an Bhallstáit faoi seach, i gcás ina bhfuil an sciar den mhargadh neamhshaoil bunaithe ar phréimheanna comhlána i scríbhinn agus i gcás ina bhfuil an sciar den mhargadh saoil bunaithe ar fhorálacha teicniúla comhlána, faoi réir pleanáil réitigh. Agus leibhéal cumhdaigh an mhargaidh á ríomh, féadfar fochuideachtaí grúpa a chur san áireamh i gcás ina bhfuil na fochuideachtaí sin cumhdaithe sa phlean réitigh grúpa dá dtagraítear in Airteagal 10.
Ní bheidh gnóthais ag a bhfuil próifíl íseal riosca faoi réir ceanglas maidir le pleanáil réitigh ar bhonn aonair.
3.I gcás ina gcuireann an gnóthas árachais nó athárachais lena mbaineann gníomhaíochtaí móra trasteorann i gcrích, soláthróidh na húdaráis réitigh bhaile an dréachtphlean réitigh don údarás maoirseachta nó réitigh óstach, arna iarraidh sin ag an údarás maoirseachta nó réitigh óstach sin. Féadfaidh an t‑údarás maoirseachta nó réitigh óstach scrúdú a dhéanamh ar an dréachtphlean réitigh chun aon ghníomhaíocht sa dréachtphlean réitigh a shainaithint a d’fhéadfadh tionchar díobhálach a imirt ar shealbhóirí polasaí, ar an bhfíorgheilleagar nó ar chobhsaíocht airgeadais ina Bhallstát agus chun moltaí a dhéanamh don údarás réitigh baile maidir leis na hábhair sin.
4.Agus na roghanna á sonrú le haghaidh cur i bhfeidhm uirlisí agus cumhachtaí réitigh, cuirfear san áireamh i bpleananna réitigh cásanna réitigh ábhartha, lena n‑áirítear an cás inar cliseadh neamhghnách é cliseadh an ghnóthais árachais agus athárachais nó ina dtarlaíonn sé tráth éagobhsaíochta airgeadais níos leithne nó tráth teagmhas sistéamach.
Ní ghlacfar leis sna pleananna réitigh go mbeidh aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ann seachas, i gcás ina bhfuil a leithéid ar fáil, scéimeanna ráthaithe árachais nó aon socrú maoiniúcháin eile a úsáid.
5.Déanfaidh údaráis réitigh athbhreithniú ar phleananna réitigh, agus i gcás inar gá déanfaidh siad na pleananna réitigh a nuashonrú, go bliantúil ar a laghad agus tar éis aon athrú ábhartha ar struchtúr dlíthiúil nó eagraíochtúil an ghnóthais árachais nó athárachais nó ar a ghnó nó a staid airgeadais a d’fhéadfadh difear ábhartha a dhéanamh d’éifeachtacht an phlean nó ar shlí eile a d’éileodh athbhreithniú ar an bplean réitigh.
Aon imeacht a fhágann gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar an bplean réitigh nó é a thabhairt cothrom le dáta, cuirfidh gnóthais árachais agus athárachais agus údaráis mhaoirseachta in iúl do na húdaráis réitigh é.
6.Gan dochar d’Airteagal 4, leagfar amach sna pleananna réitigh roghanna chun na huirlisí réitigh agus na cumhachtaí réitigh a chur i bhfeidhm i leith an ghnóthais árachais nó athárachais. Áireofar na nithe seo a leanas ar fad sna pleananna réitigh, agus iad cainníochtaithe nuair is iomchuí agus nuair is féidir:
(a)achoimre ar phríomhghnéithe an phlean;
(b)achoimre ar na hathruithe ábhartha ar an ngnóthas a tharla ó comhdaíodh an fhaisnéis is déanaí faoin réiteach;
(c)léiriú ar conas a d’fhéadfaí feidhmeanna criticiúla agus croílínte gnó a dheighilt go dlíthiúil agus go heacnamaíoch, a mhéid is gá, ó fheidhmeanna eile chun leanúnachas a áirithiú ar chliseadh an ghnóthais;
(d)sainaithint na sócmhainní sin a mbeifí ag súil leis go gcáileoidís mar chomhthaobhacht;
(e)meastachán ar an tréimhse ama chun gach gné ábhartha den phlean a fhorghníomhú;
(f)tuairisc mhionsonraithe ar an measúnú ar inréiteacht arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 13;
(g)tuairisc ar aon bheart a cheanglaítear de bhun Airteagal 15 chun aghaidh a thabhairt ar bhaic ar inréiteacht arna sainaithint mar thoradh ar an measúnú arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 13 nó chun na baic sin a bhaint;
(h)míniú ar an dóigh a bhféadfaí roghanna réitigh a mhaoiniú gan an toimhde go mbeadh aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ann seachas, i gcás ina bhfuil a leithéid ar fáil, scéimeanna ráthaithe árachais nó aon socrú maoiniúcháin eile a úsáid;
(i)tuairisc mhionsonraithe ar na straitéisí réitigh difriúla a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm i bhfianaise na gcásanna difriúla a d’fhéadfadh a bheith ann agus na n‑amscálaí is infheidhme;
(j)tuairisc ar idirthuilleamaíochtaí criticiúla;
(k)anailís ar thionchar an phlean réitigh ar fhostaithe an ghnóthais, lena n‑áirítear measúnú ar aon chostas gaolmhar, agus tuairisc ar na nósanna imeachta atá beartaithe chun dul i gcomhairle leis an bhfoireann le linn an phróisis réitigh, agus na córais náisiúnta le haghaidh idirphlé leis na comhpháirtithe sóisialta á gcur san áireamh i gcás inarb infheidhme;
(l)plean chun cumarsáid a dhéanamh leis na meáin agus leis an bpobal;
(m)tuairisc ar na hoibríochtaí agus na córais fhíor-riachtanacha is gá chun feidhmiú leanúnach phróisis oibríochta an ghnóthais a choinneáil ar bun;
(n)i gcás inarb infheidhme, aon tuairim arna léiriú ag an ngnóthas i ndáil leis an bplean réitigh.
Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) a nochtadh don ghnóthas árachais agus athárachais lena mbaineann.
7.Déanfaidh an t‑údarás réitigh na pleananna réitigh agus aon athrú orthu sin a tharchur chuig na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann.
8.Déanfaidh ÚEÁPC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonraítear a thuilleadh, gan dochar d’Airteagal 4, ábhar an phlean réitigh.
Cuirfidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach an dáta a bheidh ann 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo].
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.
9.Déanfaidh ÚEÁPC treoirlínte a eisiúint faoin [Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach an dáta a bheidh ann 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 chun critéir bhreise a shonrú maidir le sainaithint na bhfeidhmeanna criticiúla.
Airteagal 10
Pleananna réitigh grúpa
1.Áiritheoidh Ballstáit go ndéanfaidh údaráis réitigh ghrúpa pleananna réitigh grúpa a tharraingt suas.
2.Déanfaidh an plean réitigh grúpa:
(a)na gníomhaíochtaí réitigh a leagan amach a ghlacfar i leith gach eintitis ina mbeidh gá le bearta chun leanúnachas na bhfeidhmeanna criticiúla a áirithiú;
(b)scrúdú a dhéanamh ar a mhéid a d’fhéadfaí na huirlisí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 26(3) a chur i bhfeidhm agus na cumhachtaí réitigh a fheidhmiú ar bhealach comhordaithe agus aon bhac féideartha ar réiteach comhordaithe a shainaithint;
(c)i gcás ina gcuimsítear i ngrúpa eintitis a ionchorpraíodh i dtríú tíortha, socruithe iomchuí a shainaithint le haghaidh comhair agus comhordaithe le húdaráis ábhartha na dtríú tíortha sin chomh maith leis na himpleachtaí maidir le réiteach laistigh den Aontas;
(d)na bearta, lena n‑airítear deighilt dhlíthiúil agus eacnamaíoch feidhmeanna nó línte gnó ar leith, is gá chun réiteach grúpa a éascú a shainaithint, agus idirthuilleamaíochtaí inghrúpa á gcur san áireamh;
(e)foinsí cistiúcháin atá ar fáil a shainaithint chun na gníomhaíochtaí réitigh grúpa a chistiú agus, i gcás ina mbeadh gá le scéimeanna ráthaithe árachais nó le haon socrú maoiniúcháin a úsáid, prionsabail a leagan amach chun freagracht as an maoiniú sin a chomhroinnt idir foinsí cistiúcháin i mBallstáit dhifriúla. Ní ghlacfar leis sa phlean réitigh grúpa go mbeidh aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ann;
(f)na gnéithe a leagtar síos in Airteagal 9(6) a áireamh.
3.Déanfaidh an t‑údarás réitigh grúpa na pleananna réitigh grúpa agus aon athrú orthu sin a tharchur chuig na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann.
4.Forbróidh ÚEÁPC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar ábhar na bpleananna réitigh grúpa, agus cuirfear san áireamh an éagsúlacht samhlacha gnó atá ag grúpaí sa mhargadh inmheánach.
Cuirfidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach an dáta a bheidh ann 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo].
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.
Airteagal 11
Ceanglais agus nós imeachta i leith pleananna réitigh grúpa
1.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na máthairghnóthais deiridh faoi bhráid an údaráis réitigh grúpa an fhaisnéis sin is féidir a cheangal de bhun Airteagal 12. Bainfidh an fhaisnéis sin le máthairghnóthas deiridh agus a mhéid is gá le gach ceann de na grúpeintitis lena n‑áirítear na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e).
Ar choinníoll go bhfuil na ceanglais rúndachta a leagtar síos sa Treoir seo i bhfeidhm, déanfaidh an t‑údarás réitigh grúpa an fhaisnéis ábhartha arna soláthar i gcomhréir leis an mír seo a tharchur chuig:
(a)ÚEÁPC;
(b)na húdaráis réitigh atá ina gcomhaltaí den choláiste réitigh;
(c)na húdaráis mhaoirseachta ábhartha atá ina gcomhaltaí den choláiste maoirseachta nó atá rannpháirteach sa choláiste maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 248(3) de Threoir 2009/138/CE.
2.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis réitigh ghrúpa, i gcoláistí réitigh, agus iad ag gníomhú go comhpháirteach leis na húdaráis réitigh dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, pointe (b), agus tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann ar comhaltaí iad den choláiste maoirseachta nó atá rannpháirteach sa choláiste maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 248(3) de Threoir 2009/138/CE, pleananna réitigh grúpa a tharraingt suas agus a choinneáil ar bun. Féadfaidh údaráis réitigh ghrúpa, de réir a ndiscréide féin, agus faoi réir na ceanglais rúndachta a leagtar síos in Airteagal 77 den Treoir seo a chomhlíonadh, deis a thabhairt d’údaráis réitigh tríú tír na ndlínsí ina bhfuil gnóthais fochuideachta árachais nó athárachais nó cuideachtaí sealbhaíochta árachais nó brainsí móra bunaithe ag an ngrúpa a bheith páirteach i dtarraingt suas agus i gcoinneáil ar bun na bpleananna réitigh grúpa.
3.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar pleananna réitigh grúpa a athbhreithniú, agus i gcás inarb iomchuí a thabhairt cothrom le dáta, go bliantúil ar a laghad, agus tar éis aon athrú ar struchtúr dlíthiúil nó eagraíochtúil, ar ghnó nó ar staid airgeadais an ghrúpa, lena n‑áirítear aon ghrúpeintiteas, a bhféadfadh éifeacht ábhartha a bheith aige ar an bplean nó a bhféadfadh sé go mbeadh gá le hathrú ar an bplean dá bharr.
4.Glacfar an plean réitigh grúpa i bhfoirm cinneadh comhpháirteach, dá dtagraítear in Airteagal 17, de chuid an údaráis réitigh grúpa agus údaráis réitigh na ngnóthas fochuideachta árachais nó athárachais agus de chuid na n‑eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e).
Airteagal 12
Faisnéis chun críche pleananna réitigh agus comhair ón ngnóthas árachais nó athárachais
1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an chumhacht ag údaráis réitigh ceangal a chur ar ghnóthais árachais agus athárachais nó ar an máthairghnóthas deiridh, de réir mar is infheidhme:
(a)comhoibriú a mhéid is gá agus pleananna réitigh nó pleananna réitigh grúpa á dtarraingt suas;
(b)an fhaisnéis go léir a sholáthar, go díreach nó tríd an údarás maoirseachta, a bhfuil gá léi chun pleananna réitigh nó pleananna réitigh grúpa a tharraingt suas agus a chur chun feidhme.
2.Comhoibreoidh údaráis mhaoirseachta sna Ballstáit lena mbaineann le húdaráis réitigh chun a fhíorú an bhfuil cuid den fhaisnéis nó an fhaisnéis go léir dá dtagraítear i mír 1 ar fáil cheana féin agus déanfaidh siad an fhaisnéis sin a sholáthar do na húdaráis réitigh sin. Gheobhaidh na húdaráis réitigh an fhaisnéis ábhartha go léir ó na húdaráis mhaoirseachta sula n‑iarrfaidh siad faisnéis ó ghnóthais árachais agus athárachais.
3.Forbróidh ÚEÁPC dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun nósanna imeachta a shonrú mar aon le sraith íosta foirmeacha caighdeánacha agus teimpléad chun an fhaisnéis dá dtagraítear san Airteagal seo a chur ar fáil, agus chun ábhar na faisnéise sin a shonrú.
Cuirfidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach an dáta a bheidh ann 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo].
Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.
CAIBIDIL II
Inréiteacht
Airteagal 13
Measúnú ar inréiteacht
1.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis réitigh, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta, measúnú ar a mhéid is féidir gnóthais árachais agus athárachais nach cuid de ghrúpa iad a réiteach gan an toimhde go mbeadh aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ann seachas, i gcás ina bhfuil a leithéid ar fáil, scéimeanna ráthaithe árachais nó aon socrú maoiniúcháin eile a úsáid.
Measfar gur féidir gnóthas árachais nó athárachais a réiteach i gcás ina bhfuil sé indéanta agus inchreidte an gnóthas sin a leachtú de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta, nó don údarás réitigh an gnóthas sin a réiteach trí na huirlisí difriúla réitigh dá dtagraítear in Airteagal 26(3) agus na cumhachtaí réitigh dá dtagraítear in Airteagail 40 go 52 a chur i bhfeidhm ina leith.
2.Déanfaidh údaráis réitigh an measúnú ar inréiteacht dá dtagraítear i mír 1 an tráth céanna a dhéanfar an plean réitigh a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 9, agus chun na gcríoch sin.
3.Forbróidh ÚEÁPC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na hábhair agus na critéir a shonrú le haghaidh an mheasúnaithe ar inréiteacht gnóthas árachais agus athárachais nó grúpaí dá bhforáiltear i mír 1 agus in Airteagal 14.
Cuirfidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach an dáta a bheidh ann 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo].
Tugtar de chumhacht don Choimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.
Airteagal 14
Measúnú ar inréiteacht le haghaidh grúpaí
1.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis réitigh ghrúpa, mar aon le húdaráis réitigh na bhfochuideachtaí, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an maoirseoir grúpa agus le húdaráis mhaoirseachta na bhfochuideachtaí sin, measúnú ar a mhéid is féidir grúpaí a réiteach gan an toimhde go mbeadh aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ann seachas, i gcás ina bhfuil a leithéid ar fáil, scéimeanna ráthaithe árachais nó aon socrú maoiniúcháin eile a úsáid.
2.Measfar gur féidir grúpa a réiteach i gcás ina bhfuil sé indéanta agus inchreidte ag na húdaráis réitigh grúpeintitis a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta, an grúpa sin a réiteach trí na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm agus na cumhachtaí réitigh a fheidhmiú maidir le grúpeintitis i gcás inar féidir iad a dheighilt go héasca agus go tráthúil, nó ar aon mhodh eile dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta.
Cuirfidh na coláistí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 68 an measúnú ar inréiteacht grúpa san áireamh agus a bhfeidhmeanna á gcur i gcrích acu.
3.Déanfaidh údaráis réitigh ghrúpa an measúnú inréiteachta ar ghrúpaí an tráth céanna a dhéanfar na pleananna réitigh grúpa a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 10, agus chun na gcríoch sin. Déanfar an measúnú faoin nós imeachta cinnteoireachta a leagtar síos in Airteagal 11.
Airteagal 15
Cumhachtaí chun aghaidh a thabhairt ar bhaic ar inréiteacht nó chun iad a bhaint
1.I gcás ina léirítear leis an measúnú a chuirtear i gcrích i gcomhréir le hAirteagail 13 nó 14 go bhfuil baic shubstainteacha ann ar inréiteacht an ghnóthais árachais nó athárachais lena mbaineann, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh an t‑údarás réitigh fógra i scríbhinn faoi sin don ghnóthas árachais nó athárachais sin agus don údarás maoirseachta lena mbaineann.
2.An ceanglas a bhíonn ar údaráis réitigh pleananna réitigh a tharraingt suas agus an ceanglas a bhíonn ar na húdaráis réitigh ábhartha cinneadh comhpháirteach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 17 maidir le pleananna réitigh grúpa dá dtagraítear in Airteagal 9(1) agus Airteagal 11(4) faoi seach, cuirfear ar fionraí iad tar éis an fhógra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo go dtí go nglacfaidh an t‑údarás réitigh leis na bearta chun na baic shubstainteacha ar inréiteacht a bhaint de bhun mhír 3 den Airteagal seo nó go dtí go ndéanfar cinneadh ina leith de bhun mhír 4 den Airteagal seo.
3.Laistigh de 4 mhí ón dáta a gheofar fógra dá dtagraítear i mír 1, molfaidh an gnóthas árachais nó athárachais bearta féideartha don údarás réitigh chun aghaidh a thabhairt ar na baic shubstainteacha a shainaithnítear san fhógra nó chun iad a bhaint.
Cuirfear san áireamh na cúiseanna atá leis an mbac substainteach san amlíne le haghaidh chur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear sa chéad fomhír agus arna n‑ullmhú ag an ngnóthas lena mbaineann.
Tar éis dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta, déanfaidh an t‑údarás réitigh measúnú ar cé acu a thugtar aghaidh go héifeachtach, leis na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ar an mbac substainteach lena mbaineann nó nach dtugtar, nó cé acu a bhaintear an bac substainteach nó nach mbaintear.
4.Údaráis réitigh a thugann faoi deara nach ndéanann na bearta arna moladh ag an ngnóthas árachais nó athárachais i gcomhréir le mír 3, an chéad fhomhír, laghdú éifeachtach ar na baic lena mbaineann, ná nach ndéanann siad na baic sin a bhaint, cuirfidh siad de cheangal, go díreach, nó go hindíreach tríd an údarás maoirseachta, ar an ngnóthas árachais nó athárachais lena mbaineann aon cheann de na bearta malartacha dá dtagraítear i mír 5 a ghlacadh, agus fógra faoi na bearta sin a thabhairt i scríbhinn don eintiteas sin, ar eintiteas é a mholfaidh plean chun na ceanglais sin a chomhlíonadh laistigh de mhí amháin tar éis dó an fógra sin a fháil.
Agus bearta malartacha á sainaithint ag údaráis réitigh, léireoidh siad cad ina thaobh nach mbeadh na bearta a mhol an gnóthas árachais nó athárachais in ann na baic ar inréiteacht a bhaint agus an dóigh a bhfuil na bearta malartacha a moladh comhréireach chun na baic sin a bhaint. Cuirfidh údaráis réitigh san áireamh an éifeacht a bheidh ag na bearta ar ghnó an ghnóthais árachais nó athárachais, ar a chobhsaíocht agus ar a chumas rannchuidiú leis an ngeilleagar.
5.Aon cheann de na nithe seo a leanas a bheidh sna bearta malartacha dá dtagraítear i mír 4:
(a)ceangal a chur ar an ngnóthas árachais nó athárachais athbhreithniú a dhéanamh ar aon chomhaontú airgeadais inghrúpa nó athbhreithniú a dhéanamh ar aon chomhaontú airgeadais inghrúpa a bheith in easnamh, nó comhaontuithe seirbhíse a tharraingt suas, bídís sin ina gcomhaontuithe inghrúpa nó le tríú páirtithe;
(b)ceangal a chur ar an ngnóthas árachais nó athárachais a neamhchosaintí uasta aonair agus comhiomlána a theorannú;
(c)ceanglais faisnéise shonracha nó thráthrialta bhreise atá ábhartha chun críoch réitigh a fhorchur;
(d)ceangal a chur ar an ngnóthas árachais nó athárachais sócmhainní sonracha a dhífheistiú nó dliteanais a athstruchtúrú;
(e)ceangal a chur ar an ngnóthas árachais nó athárachais gníomhaíochtaí sonracha atá ann cheana nó atá beartaithe a theorannú nó scor díobh;
(f)srian nó toirmeasc a chur ar fhorbairt línte gnó nua nó línte gnó atá ann cheana nó díol táirgí nua nó táirgí atá ann cheana;
(g)ceangal a chur ar an ngnóthas árachais nó athárachais an straitéis athárachais a athrú;
(h)athruithe ar struchtúir dhlíthiúla nó oibríochta an ghnóthais árachais nó athárachais nó aon ghrúpeintitis, atá á rialú aige go díreach nó go hindíreach, a cheangal ionas go laghdófar castacht chun a áirithiú go bhféadfar na feidhmeanna criticiúla a dheighilt go dlíthiúil agus go hoibríochtúil ó fheidhmeanna eile trí na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm;
(i)ceangal a chur ar an ngnóthas árachais nó athárachais nó ar mháthairghnóthas máthairchuideachta sealbhaíochta árachais i mBallstát nó máthairchuideachta sealbhaíochta árachais de chuid an Aontais a bhunú;
(j)i gcás ina bhfuil gnóthas árachais nó athárachais ina fhochuideachta de chuideachta sealbhaíochta árachais atá ag plé le gníomhaíochtaí measctha, ceangal a chur ar an gcuideachta sealbhaíochta árachais atá ag plé le gníomhaíochtaí measctha cuideachta sealbhaíochta airgeadais ar leith a chur ar bun chun an gnóthas árachais nó athárachais a rialú, i gcás inar gá chun réiteach an ghnóthais árachais nó athárachais a éascú agus chun tionchar díobhálach chur i bhfeidhm na n‑uirlisí réitigh agus fheidhmiú na gcumhachtaí réitigh a sheachaint ar an gcuid neamhairgeadais den ghrúpa.
6.Sula ndéanfar aon bheart malartach dá dtagraítear i mír 5 a shainaithint, déanfaidh an t‑údarás réitigh, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta, breithniú cuí ar an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag an mbeart sin ar fhóntacht agus ar chobhsaíocht ghnó leanúnach an ghnóthais árachais agus athárachais áirithe sin agus ar an margadh inmheánach.
7.Fógra nó cinneadh arna dhéanamh de chun mhír 1 nó 4:
(a)áireofar ann na cúiseanna leis an measúnú nó leis an gcinneadh i gceist;
(b)léireofar ann an dóigh a gcomhlíonann an measúnú nó an cinneadh an ceanglas maidir le cur i bhfeidhm comhréireach a leagtar síos i mír 4, an dara fomhír;
(c)beidh sé faoi réir ceart achomhairc.
8.Eiseoidh ÚEÁPC treoirlínte, faoin [Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach an dáta a bheidh ann 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 chun tuilleadh sonraí ar na bearta dá bhforáiltear i mír 5 a shonrú, mar aon leis na himthosca ina bhféadfaí gach beart a chur i bhfeidhm.
Airteagal 16
Cumhacht chun aghaidh a thabhairt ar bhaic ar inréiteacht nó chun iad a bhaint: láimhseáil grúpa
1.Déanfaidh údarás réitigh grúpa, mar aon le húdaráis réitigh na bhfochuideachtaí, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an gcoláiste maoirseachta, breithniú ar an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 14 laistigh den choláiste réitigh agus déanfaidh siad gach gníomh réasúnach chun cinneadh comhpháirteach a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 17 maidir le cur i bhfeidhm na mbeart a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 15(4) i ndáil leis na grúpeintitis ábhartha go léir.
2.Déanfaidh an t‑údarás réitigh grúpa, i gcomhar leis an maoirseoir grúpa agus le ÚEÁPC, i gcomhréir le Airteagal 25(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid an mháthairghnóthais deiridh agus faoi bhráid údaráis réitigh na bhfochuideachtaí, agus tabharfaidh siadsan an tuarascáil sin do na fochuideachtaí atá laistigh dá sainchúram. Ullmhófar an tuarascáil tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, agus déanfar anailís inti ar na baic shubstainteacha ar chur i bhfeidhm éifeachtach na n‑uirlisí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 26(3) agus ar fheidhmiú na gcumhachtaí réitigh dá tagraítear in Airteagail 40 go 52 i ndáil leis an ngrúpa. Molfar sa tuarascáil aon bheart comhréireach agus spriocdhírithe is gá agus is iomchuí, dar leis an údarás réitigh grúpa, chun na baic sin a bhaint, agus tionchar na mbeart sin ar shamhail ghnó an ghrúpa á chur san áireamh.
3.Laistigh de 4 mhí tar éis an tuarascáil a fháil, féadfaidh an máthairghnóthas deiridh barúlacha a chur isteach agus bearta malartacha a mholadh don údarás réitigh grúpa chun na baic a shainaithnítear sa tuarascáil a leigheas.
Déanfaidh an t‑údarás réitigh, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta, measúnú ar cé acu a thugtar aghaidh go héifeachtach, leis na bearta sin, ar an mbac substainteach nó nach dtugtar, nó cé acu a bhaintear an bac substainteach nó nach mbaintear.
4.Cuirfidh an t‑údarás réitigh grúpa aon bheart a mholfaidh an máthairghnóthas deiridh in iúl do na húdaráis ar comhaltaí iad den choláiste réitigh nó atá rannpháirteach sa choláiste réitigh. Tar éis do na húdaráis réitigh ghrúpa agus d’údaráis réitigh na bhfochuideachtaí dul i gcomhairle leis na húdaráis mhaoirseachta, déanfaidh siad gach a bhfuil ar a gcumas chun cinneadh comhpháirteach a dhéanamh, dá dtagraítear in Airteagal 17, laistigh den choláiste réitigh maidir le baic shubstainteacha a shainaithint, agus i gcás inar gá, maidir leis an measúnú ar na bearta arna moladh ag an máthairghnóthas deiridh agus leis na bearta arna gceangal ag na húdaráis chun aghaidh a thabhairt ar na baic nó chun na baic a bhaint. Agus an méid sin á dhéanamh acu, cuirfidh siad san áireamh an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta i ngach Ballstát ina n‑oibríonn an grúpa.
CAIBIDIL III
Cinntí comhpháirteacha
Airteagal 17
Cinntí comhpháirteacha
1.Féachfaidh maoirseoirí grúpa, údaráis mhaoirseachta. údaráis réitigh ghrúpa agus údaráis réitigh leis na cinntí comhpháirteacha a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 8(2), Airteagal 11(4) agus Airteagal 16(4), mar is infheidhme, laistigh de 4 mhí ón dáta:
(a)a tharchuirfidh an maoirseoir grúpa an plean téarnaimh coisctheach grúpa i gcomhréir le hAirteagal 7(4);
(b)a tharchuirfidh an t‑údarás réitigh grúpa an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 11(1), an dara fomhír;
(c)a chuirfidh an máthairghnóthas deiridh a chuid barúlacha isteach nó ar dhul in éag na tréimhse 4 mhí dá dtagraítear in Airteagal 16(3), cibé acu is luaithe.
Féadfaidh ÚEÁPC, arna iarraidh sin ag údarás maoirseachta nó údarás réitigh, cúnamh a thabhairt do na maoirseoirí grúpa, na húdaráis réitigh ghrúpa agus na húdaráis réitigh cinneadh comhpháirteach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 31(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.
2.Mura ndéanfar cinneadh comhpháirteach laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1 maidir le haon cheann de na hábhair a liostaítear sa dara fomhír, déanfaidh an maoirseoir grúpa nó an t‑údarás réitigh grúpa, mar is infheidhme, a chinneadh féin maidir leis na hábhair sin.
Is iad seo a leanas na hábhair dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
(a)athbhreithniú agus measúnú ar an bplean téarnaimh coisctheach grúpa dá dtagraítear in Airteagal 8;
(b)aon bheart a cheanglaítear ar an máthairghnóthas deiridh a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 6, míreanna 3 agus 4;
(c)an plean réitigh grúpa dá dtagraítear in Airteagal 10;
(d)na bearta dá dtagraítear in Airteagal 16.
Beidh réasún iomlán leis an gcinneadh a dhéanfaidh an maoirseoir grúpa nó an t‑údarás réitigh grúpa, mar is infheidhme, agus cuirfear san áireamh ann tuairimí agus agúis na n‑údarás maoirseachta nó na n‑údarás réitigh eile, mar is infheidhme, a cuireadh in iúl le linn na tréimhse 4 mhí. Tabharfar an cinneadh don mháthairghnóthas deiridh agus do na húdaráis eile lena mbaineann.
3.Mura ndéanfar cinneadh comhpháirteach laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1 idir na húdaráis mhaoirseachta nó na húdaráis réitigh maidir le haon cheann de na hábhair a liostaítear sa dara fomhír, déanfaidh gach údarás maoirseachta nó údarás réitigh, mar is infheidhme, d’fhochuideachta a chinneadh féin maidir leis na hábhair sin.
Is iad seo a leanas na hábhair dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
(a)cé acu atá plean téarnaimh ar bhonn aonair le tarraingt suas i gcomhair na ngnóthas árachais nó athárachais faoina dhlínse dá dtagraítear in Airteagal 8(2) nó nach bhfuil;
(b)cur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 6, míreanna 3 agus 4, ar leibhéal na fochuideachta;
(c)sainaithint na mbac ábhartha, agus i gcás inar gá, measúnú a dhéanamh ar na bearta arna moladh ag an máthairghnóthas deiridh agus ar na bearta arna n‑éileamh ag na húdaráis chun aghaidh a thabhairt ar na baic dá dtagraítear in Airteagal 16(1) nó chun iad a bhaint.
4.Mura ndéanfaidh na húdaráis réitigh cinneadh comhpháirteach maidir le plean réitigh grúpa a ghlacadh, dá dtagraítear in Airteagal 11(4), laistigh den tréimhse 4 mhí dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh gach údarás réitigh atá freagrach as fochuideachta a chinneadh féin agus déanfaidh sé plean réitigh a tharraingt suas agus a choimeád cothrom le dáta maidir leis na heintitis faoina dhlínse. Tabharfaidh gach údarás réitigh fógra faoina chinneadh do chomhaltaí eile an choláiste réitigh.
5.Beidh réasún iomlán le gach ceann de na cinntí a dhéanfaidh na húdaráis mhaoirseachta nó réitigh i gcomhréir le míreanna 3 nó 4 agus cuirfear san áireamh iontu tuairimí agus agúis na n‑údarás maoirseachta, na n‑údarás réitigh nó na n‑údarás grúpa eile, mar is infheidhme.
6.Féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta nó na húdaráis réitigh nach n‑easaontaíonn le cinneadh dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 cinneadh comhpháirteach a dhéanamh maidir le plean téarnaimh coisctheach grúpa nó plean réitigh grúpa lena gcumhdaítear grúpeintitis faoina ndlínse.
7.I gcás inar chuir, faoi dheireadh na tréimhse 4 mhí dá dtagraítear i mír 1, aon cheann de na húdaráis mhaoirseachta nó na húdaráis réitigh lena mbaineann ábhar faoi bhráid ÚEÁPC i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, déanfaidh an maoirseoir grúpa, an t‑údarás réitigh grúpa, an t‑údarás maoirseachta nó an t‑údarás réitigh lena mbaineann, mar is iomchuí, a chinneadh a chur siar faoi mhíreanna 2, 3 agus 4, fanfaidh sé ar aon chinneadh a d’fhéadfadh ÚEÁPC a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 19(3) den Rialachán sin, agus déanfaidh sé a chinneadh i gcomhréir le cinneadh ÚEÁPC. Measfar gurb é an tréimhse 4 mhí dá dtagraítear i mír 1 an chéim idir-réitigh dá dtagraítear in Airteagal 19(2) den Rialachán sin. Déanfaidh ÚEÁPC an cinneadh laistigh d’aon mhí amháin. Ní chuirfear an t‑ábhar faoi bhráid ÚEÁPC tar éis dheireadh na tréimhse 4 mhí dá dtagraítear i mír 1 ná tar éis cinneadh comhpháirteach a dhéanamh. Mura mbeidh cinneadh ann ó ÚEÁPC laistigh d’aon mhí amháin tar éis an tarchur a dhéanamh go ÚEÁPC, beidh feidhm ag cinneadh an mhaoirseora grúpa, an údaráis réitigh grúpa, an údaráis maoirseachta nó an údaráis réitigh don ghrúpa nó don fochuideachta ar leibhéal aonair, mar is infheidhme.
8.Déanfar an cinneadh comhpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 8(2), Airteagal 11(4), Airteagal 16(4) agus mír 6 den Airteagal seo agus na cinntí dá dtagraítear i míreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo a aithint mar chinntí dochloíte agus cuirfidh na húdaráis mhaoirseachta nó na húdaráis réitigh eile lena mbaineann sna Ballstáit lena mbaineann i bhfeidhm iad.
9.I gcás ina ndéantar cinntí comhpháirteacha de bhun Airteagal 11(4) agus, i leith pleananna réitigh grúpa, de bhun mhír 6 den Airteagal seo agus i gcás ina measann údarás réitigh go gcuireann ábhar easaontais maidir le pleananna réitigh grúpa isteach ar fhreagrachtaí fioscacha a Bhallstáit, cuirfidh an t‑údarás réitigh grúpa tús le hathmheasúnú ar an bplean réitigh grúpa.
TITLE III
RÉITEACH
CAIBIDIL I
Cuspóirí réitigh, coinníollacha maidir le réiteach agus prionsabail ghinearálta
Airteagal 18
Cuspóirí réitigh
1.Áiritheoidh na Ballstáit maidir le húdaráis réitigh, agus na huirlisí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 26(3) á gcur i bhfeidhm acu agus na cumhachtaí réitigh dá dtagraítear in Airteagail 40 go 52 á bhfeidhmiú acu, go dtabharfaidh siad aird ar na cuspóirí réitigh a liostaítear i mír 2, agus go roghnóidh siad na huirlisí agus na cumhachtaí is fearr lena mbainfear amach na cuspóirí is ábhartha in imthosca an cháis.
2.Is iad seo a leanas na cuspóirí réitigh dá dtagraítear i mír 1:
(a)sealbhóirí polasaithe, tairbhithe agus éilitheoirí a chosaint;
(b)cobhsaíocht airgeadais a choinneáil ar bun, trí thógálacht a chosc agus trí smacht margaidh a choinneáil ar bun go háirithe;
(c)leanúnachas na bhfeidhmeanna criticiúla a áirithiú;
(d)cistí poiblí a chosaint trí spleáchas ar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a íoslaghdú.
Áiritheoidh na Ballstáit maidir leis na húdaráis réitigh, agus na cuspóirí réitigh á saothrú acu, go bhféachfaidh siad le costas an réitigh a íoslaghdú agus le scriosadh luacha a sheachaint mura gá sin chun na cuspóirí réitigh sin a bhaint amach.
3.Tá an tábhacht chéanna ag baint leis na cuspóirí réitigh dá dtagraítear i mír 2, agus áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cuspóirí réitigh cothrom, de réir mar is iomchuí, le cineál agus imthosca gach cáis.
Airteagal 19
Coinníollacha i gcomhair réitigh
1.Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh na húdaráis réitigh beart réitigh i ndáil le gnóthas árachais nó athárachais ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
(a)cinneann an t‑údarás maoirseachta, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás réitigh, nó faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i mír 2, cinneann an t‑údarás réitigh tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta, go bhfuil ag cliseadh ar an ngnóthas árachais nó athárachais nó gur dócha go gclisfidh air;
(b)níl aon ionchas réasúnach ann go gcuirfeadh aon bheart malartach ón earnáil phríobháideach nó aon ghníomh maoirseachta, lena n‑áirítear bearta coisctheacha agus ceartaitheacha, cosc le cliseadh an ghnóthais laistigh de thréimhse ama réasúnach;
(c)is gá gníomhaíocht réitigh a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail.
2.Déanfaidh na Ballstáit foráil go mbeidh na huirlisí is gá ag na húdaráis réitigh, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta, chun an cinneadh faoi phointe (a) de mhír 1 a dhéanamh, lena n‑áirítear, go háirithe, rochtain leordhóthanach ar aon fhaisnéis ábhartha. Cuirfidh an t‑údarás maoirseachta ar fáil gan mhoill don údarás réitigh aon fhaisnéis ábhartha a n‑iarrann an t‑údarás réitigh air chun go mbeidh sé in ann a mheasúnú a dhéanamh.
3.Chun críocha phointe (a) de mhír 1, is i gceann de na himthosca seo a leanas a bheidh ag cliseadh ar ghnóthas árachais nó athárachais, sin is i gceann de na himthosca seo a leanas is dócha go gclisfidh air:
(a)sáraíonn an gnóthas árachais nó athárachais an tÍoscheanglas Caipitil dá dtagraítear i dTeideal I, Caibidil VI, Cuid 5 de Threoir 2009/138/CE, sin nó is dócha go bhfuil an tÍoscheanglas sin á shárú aige, agus níl aon ionchas réasúnach ann go n‑athbhunófar an chomhlíontacht;
(b)níl na coinníollacha le haghaidh údaraithe á gcomhlíonadh ag an ngnóthas árachais nó athárachais a thuilleadh nó cliseann go mór air maidir lena chuid oibleagáidí faoi na dlíthe agus na rialacháin a bhfuil sé faoina réir, nó tá eilimintí oibiachtúla ann chun tacú leis go clisfidh go mór ar an ngnóthas, go luath amach anseo, maidir lena chuid oibleagáidí ar bhealach a thabharfadh údar le tarraingt siar an údaraithe;
(c)níl an gnóthas árachais nó athárachais in ann a fhiacha nó a dhliteanais eile a íoc, lena n‑áirítear íocaíochtaí le sealbhóirí polasaí nó tairbhithe polasaí, de réir mar a bheidh siad dlite, nó tá eilimintí oibiachtúla ann chun tacú le cinneadh go mbeidh an gnóthas, go luath amach anseo, i staid den sórt sin;
(d)tá gá le tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách.
4.Chun críocha mhír 1, pointe (c), beidh gníomhaíocht réitigh chun leasa an phobail i gcás inar gá an ghníomhaíocht sin chun ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí réitigh a liostaítear in Airteagal 18(2) a bhaint amach agus go bhfuil sí comhréireach le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sin agus nach mbainfí amach na cuspóirí sin ar an leibhéal céanna tríd an institiúid a fhoirceannadh le gnáthimeachtaí dócmhainneachta.
Airteagal 20
Coinníollacha i gcomhair réitigh maidir le máthairghnóthais agus cuideachtaí sealbhaíochta
1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis réitigh gníomhaíocht réitigh a dhéanamh i ndáil le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e), i gcás ina gcomhlíonann an t‑eintiteas sin na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1).
2.I gcás ina bhfuil foghnóthais árachais nó athárachais de chuid cuideachta sealbhaíochta árachais a tá ag plé le gníomhaíochtaí measctha i seilbh dhíreach nó indíreach cuideachta sealbhaíochta árachais idirmheánach, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gníomhaíochtaí réitigh chun críocha réiteach grúpa i leith na cuideachta sealbhaíochta árachais idirmheánaí, agus nach ndéanfar gníomhaíochtaí réitigh chun críocha réiteach grúpa i leith na cuideachta sealbhaíochta árachais atá ag plé le gníomhaíochtaí measctha.
3.Faoi réir mhír 2, féadfaidh údaráis réitigh gníomhaíocht réitigh a dhéanamh maidir le haon cheann de na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (c) go (e), fiú mura gcomhlíonann na heintitis sin na coinníollacha a leagtar síos i mír 1, i gcás ina mbeidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas ar fad:
(a)comhlíonann ceann amháin nó níos mó de na foghnóthais árachais nó athárachais na coinníollacha a leagadh síos in Airteagal 19(1);
(b)tá sócmhainní agus dliteanais na bhfoghnóthais árachais nó athárachais de chineál a fhágann go gcuirfeadh cliseadh na bhfoghnóthas sin gnóthas árachais nó athárachais eile de chuid an ghrúpa nó an ghrúpa ina iomláine i mbaol, nó de chineál a fhágann go gceanglaítear le dlí dócmhainneachta an Bhallstáit go ndéanfar na grúpaí sin a láimhseáil ina n‑iomláine;
(c)tá gá le gníomhaíocht réitigh maidir leis na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (c) go (e) chun foghnóthas árachais nó athárachais a réiteach nó chun an grúpa a réiteach ina iomláine.
Airteagal 21
Imeachtaí dócmhainneachta i leith gnóthais nach bhfuil faoi réir gníomhaíocht réitigh
Maidir le gnóthais árachais nó athárachais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1), pointí (a) agus (b), ach nach gcomhlíonann an coinníoll a leagtar síos in Airteagal 19(1), pointe (c), agus a chomhlíonann an tÍoscheanglas Caipitil a leagtar síos i dTeideal I, Caibidil VI, Roinn 5, de Threoir 2009/138/CE, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar iad a fhoirceannadh ar bhealach ordúil i gcomhréir le gnáthimeachtaí dócmhainneachta lena n‑áirithítear imeacht ordúil ón margadh.
Airteagal 22
Prionsabail ghinearálta lena rialaítear réiteach
1.Áiritheoidh na Ballstáit maidir leis na húdaráis réitigh, agus na huirlisí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 26(3) á gcur i bhfeidhm acu agus na cumhachtaí réitigh dá dtagraítear in Airteagail 40 go 52 á bhfeidhmiú acu, go ndéanfaidh siad gach beart is iomchuí chun a áirithiú go ndéanfar an ghníomhaíocht réitigh i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:
(a)is iad scairshealbhóirí an ghnóthais faoi réiteach a iompróidh na chéad chaillteanais;
(b)is iad creidiúnaithe an ghnóthais faoi réiteach a iompróidh na caillteanais a bheidh ann i ndiaidh na scairshealbhóirí, i gcomhréir le hord tosaíochta a n‑éileamh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite sa Treoir seo;
(c)déanfar ionadú ar an gcomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta agus ar bhainistíocht shinsearach an ghnóthais faoi réiteach, ach amháin i gcás ina meastar gur gá an comhlacht sin nó an lucht bainistíochta sinsearaí a choinneáil, go hiomlán nó go páirteach, chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach;
(d)cuirfidh an comhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta agus lucht bainistíochta sinsearaí an ghnóthais atá faoi réiteach gach cúnamh is gá ar fáil chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach;
(e)cuirfear daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha faoi dhliteanas, faoin dlí sibhialta nó faoin dlí coiriúil, as a bhfreagracht maidir le cliseadh an ghnóthais faoi réiteach;
(f)ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt sa Treoir seo, caithfear ar mhodh cothromasach le creidiúnaithe ón aicme chéanna;
(g)ní thabhóidh aon scairshealbhóir ná creidiúnaí caillteanais is mó ná mar a thabhóidís dá ndéanfaí an gnóthas árachais nó athárachais a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta i gcomhréir leis na coimircí in Airteagail 53 go 55;
(h)go ndéantar gníomhaíocht réitigh i gcomhréir le coimircí na Treorach seo.
2.I gcás inar cuid de ghrúpa é an gnóthas árachais nó athárachais, cuirfidh na húdaráis réitigh na huirlisí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 26(3) i bhfeidhm agus feidhmeoidh siad na cumhachtaí réitigh dá dtagraítear in Airteagail 40 go 52 ar bhealach lena n‑íoslaghdófar an méid seo a leanas, sna tíortha ina n‑oibríonn an grúpa go háirithe:
(a)an tionchar ar ghrúpeintitis eile agus ar an ngrúpa ina iomláine;
(b)na héifeachtaí díobhálacha ar shealbhóirí polasaí, ar an bhfíorgheilleagar agus ar chobhsaíocht airgeadais san Aontas agus ina Bhallstáit.
3.Le linn do na Ballstáit na huirlisí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 26(3) a chur i bhfeidhm agus na cumhachtaí réitigh dá dtagraítear in Airteagail 40 go 52 a fheidhmiú, áiritheoidh siad go gcloífidh siad le creat Státchabhair an Aontais, i gcás inarb infheidhme.
4.I gcás ina gcuirtear na huirlisí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 26(3) i bhfeidhm, measfar an t‑eintiteas a gcuirtear na huirlisí sin i bhfeidhm ina leith a bheith faoi réir imeachtaí féimheachta nó nó imeachtaí analógacha dócmhainneachta chun críocha Airteagal 5(1) de Threoir 2001/23/CE ón gComhairle.
5.Le linn do na húdaráis réitigh na huirlisí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 26(3) a chur i bhfeidhm agus na cumhachtaí réitigh dá dtagraítear in Airteagail 40 go 52 a fheidhmiú, cuirfidh siad ionadaithe na bhfostaithe ar an eolas faoin ngnóthas lena mbaineann i gcás inarb iomchuí, agus rachaidh siad i gcomhairle leo.
6.Cuirfidh na húdaráis réitigh na huirlisí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 26(3) i bhfeidhm agus feidhmeoidh siad na cumhachtaí réitigh dá dtagraítear in Airteagail 40 go 52 gan dochar do na forálacha maidir le hionadaíocht na bhfostaithe i gcomhlachtaí bainistíochta amhail dá bhforáiltear sa an dlí náisiúnta nó i gcleachtas.
CAIBIDIL II
Luacháil
Airteagal 23
Luacháil chun críocha réitigh
1.I dtaca le gníomhaíochtaí réitigh a bheidh le déanamh, áiritheoidh na húdaráis réitigh gur ar bhonn luacháil lena n‑áiritheofar measúnú cothrom, stuama agus réadúil ar shócmhainní, ar dhliteanais, ar chearta agus ar oibleagáidí an ghnóthais árachais nó athárachais a dhéanfar iad.
2.Sula gcuirfidh an t‑údarás réitigh gnóthas árachais nó athárachais faoi réiteach, áiritheoidh sé go ndéanfar luacháil tosaigh chun a chinneadh ar comhlíonadh na coinníollacha maidir le réiteach faoi Airteagal 19(1) nó Airteagal 20(3).
3.Tar éis don údarás réitigh cinneadh a dhéanamh gnóthas árachais nó athárachais a chur faoi réiteach, áiritheoidh sé go ndéanfar an dara luacháil chun na gcríoch seo a leanas:
(a)faisnéis a bhailiú le haghaidh an chinnidh faoin ngníomhaíocht réitigh iomchuí atá le déanamh;
(b)a áirithiú go n‑aithneofar go hiomlán aon chaillteanas de chuid an ghnóthais árachais nó athárachais tráth a chuirfear na huirlisí réitigh i bhfeidhm;
(c)faisnéis a bhailiú le haghaidh an chinnidh faoi mhéid an chealaithe nó an chaolaithe i dtaca le hionstraimí úinéireachta;
(d)faisnéis a bhailiú le haghaidh an chinnidh faoi mhéid na díluachála nó an chomhshó i dtaca le haon dliteanais neamhurraithe, lena n‑áirítear ionstraimí fiachais;
(e)i gcás ina gcuirtear an uirlis gnóthais idirlinne dá dtagraítear in Airteagal 32 i bhfeidhm, faisnéis a bhailiú le haghaidh an chinnidh faoi na sócmhainní, na dliteanais, na cearta agus na hoibleagáidí nó na hionstraimí úinéireachta a fhéadfar a aistriú chuig an ngnóthas idirlinne agus faisnéis a bhailiú le haghaidh an chinnidh faoi luach aon chomaoine a fhéadfar a íoc leis an ngnóthas árachais nó athárachais faoi réiteach nó, i gcás inarb ábhartha, le húinéirí na n‑ionstraimí úinéireachta;
(f)i gcás ina gcuirtear an uirlis díolta ghnó dá dtagraítear in Airteagal 31 i bhfeidhm, faisnéis a bhailiú le haghaidh an chinnidh faoi na sócmhainní, na cearta agus na dliteanais nó faoi na hionstraimí úinéireachta a fhéadfar a aistriú chuig an tríú páirtí is ceannaitheoir agus faisnéis a bhailiú a chuirfidh bonn eolais faoi thuiscint an údaráis réitigh ar a bhfuil i gceist le téarmaí tráchtála chun críocha Airteagal 31.
4.Ní fhéadfaidh na luachálacha dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo a bheith faoi réir achomharc i gcomhréir le hAirteagal 65 ach amháin in éineacht leis an gcinneadh faoi uirlis réitigh a chur i bhfeidhm nó faoi chumhacht réitigh a fheidhmiú.
Airteagal 24
Ceanglais maidir le luacháil
1.Maidir leis na luachálacha dá dtagraítear in Airteagal 23, áiritheoidh na Ballstáit gur aon cheann díobh seo a leanas a dhéanfaidh iad:
(a)duine atá neamhspleách ar aon údarás poiblí agus ar an ngnóthas árachais nó athárachais;
(b)déanfaidh údarás réitigh iad, i gcás nach féidir le duine dá dtagraítear i bpointe (a) iad a dhéanamh.
2.Measfar na luachálacha dá dtagraítear in Airteagal 23 a bheith cinntitheach i gcás ina ndearna duine dá dtagraítear i mír 1, pointe (a) den Airteagal seo iad agus ina gcomhlíontar na ceanglais uile a leagtar síos i míreanna 3 go 5 den Airteagal seo.
3.Gan dochar do chreat Státchabhair an Aontais, i gcás inarb infheidhme, beidh luacháil chinntitheach bunaithe ar thoimhdí stuama agus ní thoimhdeofar inti aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a d’fhéadfadh a bheith ann ón tráth a dhéantar gníomhaíocht réitigh.
4.Forlíonfar luacháil chinntitheach leis an bhfaisnéis seo a leanas arna sealbhú ag an ngnóthas árachais nó athárachais nó an t‑eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e):
(a)ráiteas airgeadais cothrom le dáta agus luacháil eacnamaíoch Sócmhainneacht II cothrom le dáta ar chlár comhardaithe an ghnóthais árachais nó athárachais nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e);
(b)tuarascáil maidir le staid airgeadais an ghnóthais árachais nó athárachais, lena n‑áirítear meastóireacht a dhéanfaidh feidhm achtúireach neamhspleách ar na forálacha teicniúla dá dtagraítear i dTeideal I, Caibidil VI, Roinn 2 de Threoir 2009/138/CE maidir le gnóthas árachais nó athárachais nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e);
(c)aon fhaisnéis bhreise maidir le luachanna margaidh agus cuntasaíochta na sócmhainní, na bhforálacha teicniúla, dá dtagraítear i dTeideal I, Caibidil VI, Roinn 2 de Threoir 2009/138/CE, agus dliteanais eile de chuid gnóthais árachais nó athárachais nó eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e).
5.Tabharfar le fios i luacháil chinntitheach foroinnt na gcreidiúnaithe in aicmí i gcomhréir lena leibhéal tosaíochta faoin dlí dócmhainneachta is infheidhme. Sa luacháil chinntitheach freisin, beidh meastachán ar an gcaoi a mbeifí ag súil go ndéanfaí gach aicme scairshealbhóirí agus creidiúnaithe a láimhseáil dá ndéanfaí an gnóthas árachais nó athárachais nó an t‑eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e), a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta.
Ní dhéanfaidh an meastachán dá dtagraítear sa chéad fhomhír dochar don luacháil dá dtagraítear in Airteagal 54.
6.Ullmhóidh ÚEÁOC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar:
(a)na cúinsí ina measfar go bhfuil duine neamhspleách ar an údarás réitigh agus ar an ngnóthas árachais nó athárachais araon chun críocha mhír 1 den Airteagal seo;
(b)an mhodheolaíocht a úsáidfear chun measúnú a dhéanamh ar luach shócmhainní agus dhliteanais an ghnóthais árachais nó athárachais i gcomhthéacs réitigh;
(c)an chaoi a ndéanfar na luachálacha a scaradh faoi Airteagail 23 agus 54 den Treoir seo.
Cuirfidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach an dáta a bheidh ann 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo].
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.
Airteagal 25
Luachálacha sealadacha agus críochnaitheacha
1.Measfar gur luachálacha sealadacha iad luachálacha dá dtagraítear in Airteagal 23 nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 24(2).
Sna luachálacha sealadacha beidh maolán i leith caillteanas breise mar aon le húdar iomchuí leis an maolán sin.
2.Údaráis réitigh a dhéanfaidh gníomhaíocht réitigh ar bhonn luacháil shealadach, áiritheoidh siad go ndéanfar luacháil chinntitheach a luaithe is indéanta.
Maidir leis an luacháil chinntitheach dá dtagraítear sa chéad fhomhír, áiritheoidh an t‑údarás réitigh:
(a)gur féidir aitheantas iomlán a thabhairt d’aon chaillteanais de chuid an ghnóthais árachais nó athárachais ina leabhair;
(b)go gcuirfidh sí bonn eolais faoi chinneadh éilimh ó chreidiúnaithe a aisiompú nó luach na comaoine íoctha a mhéadú, i gcomhréir le mír 3.
3.I gcás ina mbeidh meastachán na luachála cinntithí ar ghlanluach sócmhainní an ghnóthais árachais nó athárachais níos airde ná meastachán na luachála sealadaí ar ghlanluach sócmhainní an ghnóthais árachais nó athárachais, féadfaidh an t‑údarás réitigh:
(a)an luach atá ar éilimh na gcreidiúnaithe lena mbaineann agus a bhfuil díluacháil nó athstruchtúrú déanta orthu a mhéadú;
(b)ceangal a chur ar ghnóthas idirlinne íocaíocht bhreise comaoine i ndáil leis na sócmhainní, na dliteanais, na cearta agus na hoibleagáidí a dhéanamh leis an ngnóthas árachais nó athárachais faoi réiteach nó, de réir mar a bheidh, le húinéirí na n‑ionstraimí úinéireachta sin.
4.Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun go sonrófar, chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, an mhodheolaíocht a úsáidfear chun an maolán maidir le caillteanais bhreise atá le háireamh i luachálacha sealadacha a ríomh.
Cuirfidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach an dáta a bheidh ann 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo].
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.
CAIBIDIL III
Uirlisí réitigh
Roinn 1
Prionsabail ghinearálta
Airteagal 26
Forálacha ginearálta maidir le huirlisí réitigh
1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí is gá ag na húdaráis réitigh chun na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm ar ghnóthais árachais agus athárachais agus ar eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b) go pointe (e), a chomhlíonann na coinníollacha le haghaidh réitigh dá dtagraítear in Airteagal 19(1) nó Airteagal 20(3).
2.I gcás ina gcinnfidh údarás réitigh uirlis réitigh a chur i bhfeidhm ar ghnóthas árachais nó athárachais dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b) go pointe (e), agus go mbeadh caillteanais le hiompar ag creidiúnaithe de thoradh an bhirt réitigh sin, ag sealbhóirí polasaí go háirithe, nó go ndéanfaí a n‑éilimh a athstruchtúrú nó a chomhshó, feidhmeoidh an t‑údarás réitigh an chumhacht ionstraimí caipitil agus dliteanais incháilithe a dhíluacháil nó a chomhshó i gcomhréir le hAirteagal 34 go díreach sula gcuirfear an uirlis réitigh i bhfeidhm nó go comhuaineach leis an gcur i bhfeidhm sin.
Ní bheidh feidhm ag comhshó na ndliteanas incháilithe ina n‑ionstraimí caipitil maidir le héilimh árachais.
3.Is iad seo a leanas na huirlisí réitigh dá dtagraítear i mír 1:
(a)an uirlis leachtaithe sócmhainneach;
(b)an uirlis díolta gnó;
(c)An uirlis gnóthais idirlinne;
(d)an uirlis deighilte sócmhainní agus dliteanas;
(e)an uirlis díluachála nó chomhshó.
Faoi réir mhír 5, féadfaidh na húdaráis réitigh na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm ina n‑aonar nó in aon teaglaim, cé is moite den uirlis deighilte sócmhainní agus dliteanas, nach bhféadfar a úsáid ach in éineacht le huirlis réitigh eile.
4.I gcás nach n‑úsáidtear ach an uirlis díolta gnó agus an uirlis gnóthais idirlinne, agus i gcás nach n‑úsáidtear na huirlisí sin ach chun cuid de shócmhainní, de chearta nó de dhliteanais an ghnóthais faoi réiteach a aistriú, an gnóthas nó an t‑eintiteas árachais nó athárachais iarmharaigh dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b) go pointe (e) agus ónar aistríodh na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais, déanfar iad a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta. Déanfar an foirceannadh sin laistigh de thréimhse ama réasúnta, ag féachaint d’aon ghá go ndéanfadh an gnóthas nó eintiteas árachais nó athárachais iarmharaigh sin dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b) go pointe (e) seirbhísí nó tacaíocht a chur ar fáil de bhun Airteagal 43 chun é a chur ar a chumas don fhaighteoir na gníomhaíochtaí nó na seirbhísí arna bhfáil de bhua an aistrithe sin a fheidhmiú, agus aon chúis eile a bhfuil gá leanúint leis an ngnóthas árachais nó athárachais iarmharaigh dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e) chun na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 18 a bhaint amach nó chun na prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 22 a chomhlíonadh.
I gcás ina n‑úsáidtear an uirlis um leachtú sócmhainneach agus i gcás ina dtagann glanluach sócmhainní an ghnóthais faoi réiteach i mbun leachtaithe shócmhainnigh le bheith diúltach, déanfar an gnóthas árachais nó athárachais iarmharaigh a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta.
5.Aon speansas réasúnach arna dtabhú go cuí i dtaca le húsáid na n‑uirlisí réitigh nó le cumhachtaí réitigh a fheidhmiú, féadfaidh an t‑údarás réitigh iad a ghnóthú in aon cheann de na bealaí seo a leanas:
(a)mar asbhaint as aon chomaoin a bheidh íoctha ag faighteoir leis an ngnóthas faoi réiteach nó, de réir mar a bheidh, le húinéirí na scaireanna nó na n‑ionstraimí úinéireachta eile;
(b)ón ngnóthas faoi réiteach, mar chreidiúnaí fabhraithe;
(c)ó aon fháltas a ghintear de thoradh fhoircheannadh oibriú an ghnóthais idirlinne, an ghléis bainistíochta sócmhainní agus dliteanas nó an ghnóthais árachais nó athárachais atá i mbun leachtaithe shócmhainnigh, mar chreidiúnaí fabhraithe.
6.Áiritheoidh na Ballstáit maidir le rialacha an dlí dócmhainneachta náisiúnta a bhaineann le hin‑neamhnitheacht nó le neamh‑infhorghníomhacht na ngníomhartha dlíthiúla a dhéanfadh dochar do chreidiúnaithe, nach mbeidh feidhm leo i leith sócmhainní, cearta nó dliteanais a aistriú ó ghnóthas faoi réiteach chuig eintiteas eile de bhrí uirlis réitigh a chur chun feidhme nó cumhacht réitigh a fheidhmiú.
7.Féadfaidh na Ballstáit uirlisí agus cumhachtaí breise infheidhmithe a thabhairt do na húdaráis réitigh i gcás ina gcomhlíonann gnóthas nó eintiteas árachais nó athárachais dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b) go pointe (e) na coinníollacha maidir le réiteach dá dtagraítear in Airteagal 19(1) nó Airteagal 20(3), ar choinníoll:
(a)nach bhfuil na huirlisí agus na cumhachtaí breise sin ina mbacainní ar réiteach grúpa éifeachtach nuair a chuirtear iad i bhfeidhm ar ghrúpa trasteorann;
(b)go bhfuil na huirlisí agus na cumhachtaí sin comhsheasmhach leis na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 18 agus leis na prionsabail ghinearálta lena rialaítear réiteach a leagtar síos in Airteagal 18 agus in Airteagal 22.
Roinn 2
An uirlis um leachtú sócmhainneach
Airteagal 27
An uirlis um leachtú sócmhainneach
1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de chumhacht ag na húdaráis réitigh údarú an ghnóthais faoi réiteach maidir le scríobh conarthaí árachais nó athárachais nua a tharraingt siar agus an gnóthas a chur faoi réiteach i mbun nós imeachta leachtaithe shócmhainnigh d’fhonn deireadh a chur le gníomhaíochtaí an ghnóthais sin.
2.Áiritheoidh na húdaráis réitigh go mbeidh gnóthas árachais nó athárachais faoi réiteach atá i mbun leachtaithe shócmhainnigh in ann foireann a choinneáil a bhfuil oiliúint iomchuí uirthi agus atá inniúil lena áirithiú go leanfar ar aghaidh go hordúil lena ghníomhaíochtaí árachais i mbun an leachtaithe shócmhainnigh go dtí go ndéanfar é a leachtú.
3.Déanfaidh na húdaráis réitigh faireachán ar chostais agus ar chaiteachais gnóthais árachais nó athárachais faoi réiteach, i ndlúthchomhar leis na húdaráis mhaoirseachta, chun a luach agus a indíoltacht a chaomhnú.
4.Déanfaidh na húdaráis réitigh measúnú, i ndlúthchomhar leis na húdaráis mhaoirseachta, ar na hathruithe atá beartaithe ar chomhdhéanamh na sócmhainní, déanfaidh siad dlúthfhaireachán ar shocruithe athárachais agus éileoidh siad, ar bhonn ráithiúil ar a laghad, athbhreithnithe achtúireacha ar na forálacha teicniúla agus ar na cúlchistí teicniúla.
5.Agus an uirlis um leachtú sócmhainneach á cur i bhfeidhm, cuirfidh na húdaráis réitigh srian nó toirmeasc ar aon luach saothair cothromais agus ionstraimí a láimhseáiltear mar chothromas, lena n‑áirítear íocaíochtaí díbhinne, agus cuirfidh siad srian nó toirmeasc ar aon íocaíocht luacha saothair inathraithe agus sochair phinsin lánroghnacha.
6.Déanfaidh na húdaráis réitigh cinneadh nach mór gnóthas faoi réiteach atá i mbun leachtaithe shócmhainnigh in aon cheann de na cásanna seo a leanas, cibé acu is túisce:
(a)cumascfaidh gnóthas faoi réiteach atá i mbun leachtaithe shócmhainnigh le heintiteas eile;
(b)díolfar na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais de chuid an ghnóthais faoi réiteach atá i mbun leachtaithe shócmhainnigh, iad ar fad nó nach mór iad ar fad, le ceannaitheoir tríú páirtí;
(c)déanfar sócmhainní an ghnóthais faoi réiteach atá i mbun leachtaithe shócmhainnigh a fhoirceannadh go hiomlán agus déanfar a dhliteanais a urscaoileadh go hiomlán;
(d)tiocfaidh glanluach sócmhainní an ghnóthais faoi réiteach atá i mbun leachtaithe shócmhainnigh le bheith diúltach.
7.I gcás ina ndéantar oibríochtaí gnóthais faoi réiteach atá i mbun leachtaithe shócmhainnigh a fhoirceannadh sna himthosca dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 6, déanfar an gnóthas árachais nó athárachais iarmharaigh a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta.
Faoi réir Airteagal 26(6), aon fháltas a ghinfear de thoradh fhoirceannadh oibriú an ghnóthais árachais nó athárachais atá i mbun leachtaithe, rachaidh sin chun sochair dá scairshealbhóirí.
Roinn 3
an uirlis deighilte sócmhainní agus dliteanas, an uirlis díolta gnó, agus an uirlis gnóthais idirlinne
Airteagal 28
Prionsabail maidir le cur i bhfeidhm na huirlise deighilte sócmhainní agus dliteanas, an uirlis díolta gnó, agus an uirlis gnóthais idirlinne
1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de chumhacht ag na húdaráis réitigh, faoi réir Airteagal 31, mír 5 agus mír 6 agus Airteagal 65, an uirlis deighilte sócmhainní agus dliteanas, an uirlis díolta gnó, agus an uirlis gnóthais idirlinne a úsáid gan toiliú scairshealbhóirí an ghnóthais faoi réiteach ná toiliú aon tríú páirtí a fháil, cé is moite den cheannaitheoir nó den gnóthas idirlinne, agus gan aon cheanglas nós imeachta faoi dhlí na gcuideachtaí nó faoi dhlí na n‑urrús a chomhlíonadh, seachas na ceanglais sin a leagtar síos in Airteagal 29.
2.Faoi réir Airteagal 26(7), is iad na daoine seo a leanas a bhainfidh tairbhe as aon chomaoin a íocann an gnóthas idirlinne:
(a)úinéirí na scaireanna nó na n‑ionstraimí úinéireachta eile, i gcás ina ndearnadh na scaireanna sin nó na hionstraimí úinéireachta eile sin a d’eisigh an gnóthas faoi réiteach a aistriú ó shealbhóirí na scaireanna sin nó na n‑ionstraimí sin chuig an gceannaitheoir nó chuig an ngnóthas idirlinne;
(b)an gnóthas faoi réiteach, i gcás ina ndearnadh cuid de shócmhainní nó de dhliteanais an ghnóthais faoi réiteach, nó iad ar fad, a aistriú chuig an gceannaitheoir nó chuig an ngnóthas idirlinne.
3.Faoi réir Airteagal 26(7), bainfidh an gnóthas faoi réiteach tairbhe as aon chomaoin arna híoc ag gléas bainistíochta sócmhainní agus dliteanas dá dtagraítear in Airteagal 30(2) i ndáil leis na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais arna bhfáil go díreach ón ngnóthas faoi réiteach. Féadfar comaoin a íoc i bhfoirm fiachais arna eisiúint ag an ngléas bainistíochta sócmhainní agus dliteanas.
4.Aistrithe a dhéanfar trí úsáid a bhaint as an uirlis sócmhainne agus dliteanais, an uirlis díolta gnó nó an uirlis gnóthais idirlinne, beidh siad faoi réir na gcoimircí dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil V.
5.Féadfaidh na húdaráis réitigh úsáid a bhaint as an uirlis deighilte sócmhainní agus dliteanas, an uirlis díolta gnó agus an uirlis gnóthais idirlinne níos mó ná aon uair amháin chun aistrithe forlíontacha a dhéanamh i gcás inar gá sin chun na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 18 a bhaint amach.
6.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an ceannaitheoir nó an gnóthas idirlinne dá dtagraítear i mír 1 leanúint de chearta ballraíochta agus rochtana a fheidhmiú, i gcás inarb ábhartha, i dtaca le córais íocaíochta, imréitigh agus socraíochta, le stocmhalartáin, agus le scéimeanna ráthaíochta árachais de chuid an ghnóthais faoi réiteach, ar choinníoll go gcomhlíonann sé na critéir bhallraíochta agus rannpháirtíochta chun páirt a ghlacadh sna córais sin.
I gcásanna nach gcomhlíontar na critéir go léir a liostaítear sa chéad fhomhír, áiritheoidh na Ballstáit:
(a)nach ndiúltófar ballraíocht ná rannpháirtíocht i gcórais íocaíochta, imréitigh agus socraíochta, i stocmhalartáin ná i scéimeanna ráthaíochta árachais ar an bhforas nach bhfuil rátáil ó ghníomhaireacht rátála creidmheasa ag an gceannaitheoir ná ag an ngnóthas idirlinne, nó nach bhfuil an rátáil sin i gcomhréir leis na leibhéil rátála is gá chun rochtain a fháil ar na córais nó na scéimeanna sin;
(b)i gcás nach gcomhlíonann an ceannaitheoir ná an gnóthas idirlinne critéir bhallraíochta nó rannpháirtíochta córas íocaíochta, imréitigh nó socraíochta ábhartha, stocmhalartáin nó scéim ráthaíochta árachais, go bhfeidhmeofar na cearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar feadh tréimhse ama a shonróidh na húdaráis réitigh, nach faide ná 24 mí, agus ar féidir í a athnuachan ar iarratas ón gceannaitheoir nó ón ngnóthas idirlinne chuig an údarás réitigh.
7.Gan dochar do Theideal III, Caibidil V, maidir le scairshealbhóirí nó creidiúnaithe an ghnóthais faoi réiteach nó tríú páirtithe eile nach n‑aistrítear a sócmhainní, a gcearta ná a ndliteanais trí úsáid a bhaint as an uirlis sócmhainne agus dliteanais, an uirlis díolta gnó nó an uirlis gnóthais idirlinne, ní bheidh aon cheart ná éileamh acu ar na sócmhainní, ar na cearta ná ar na dliteanais a aistrítear nó a aistrítear nó atá sa chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta nó atá i mbainistíocht shinsearach an ghnóthais idirlinne ná ar shócmhainní agus dliteanais an ghléis bainistíochta, ná ní bheidh ceart ná éileamh acu i ndáil leo.
Airteagal 29
Ceanglais nós imeachta maidir le díolacháin ghnó, le sócmhainní, le cearta nó le dliteanais i gcás réitigh
1.Faoi réir mhír 3 den Airteagal seo, i gcás ina bhféachfaidh na húdaráis réitigh leis an uirlis díolta gnó a chur i bhfeidhm, nó i gcás ina ndíolfaidh siad gnóthas idirlinne, nó a shócmhainní, a chearta nó a dhliteanais, an gnóthas faoi réiteach, an gnóthas idirlinne nó na sócmhainní, cearta, dliteanais, scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile lena mbaineann, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar iad a mhargú i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i mír 2. Féadfar comhthiomsuithe ceart, sócmhainní, agus dliteanas a mhargú ar leithligh.
2.Gan dochar do chreat Státchabhair an Aontais, i gcás inarb infheidhme, is iad seo a leanas na critéir mhargaithe dá dtagraítear i mír 1:
(a)beidh an margú chomh trédhearcach agus is féidir agus ní thabharfaidh sé bréagléiriú is ábhartha ar shócmhainní, cearta, dliteanais, scaireanna ná ionstraimí úinéireachta eile an ghnóthais nó an ghnóthais idirlinne a bhfuil sé beartaithe ag údarás réitigh a aistriú;
(b)leis an margú, ní thabharfar buntáiste míchuí do cheannaitheoirí a d’fhéadfadh a bheith ann nó ní dhéanfar idirdhealú eatarthu;
(c)beidh an margú saor ó aon choinbhleacht leasa;
(d)leis an margú ní thabharfar buntáiste éagórach do cheannaitheoir ionchais;
(e)leis an margú cuirfear san áireamh an gá atá le gníomhaíocht réitigh tapa a dhéanamh;
(f)beidh an margú dírithe ar an bpraghas díolacháin is airde is féidir a fháil ar na scaireanna nó na hionstraimí úinéireachta eile, na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais lena mbaineann.
Ní chuirfidh na prionsabail dá dtagraítear sa mhír seo cosc ar údaráis réitigh ceannaitheoirí áirithe a d’fhéadfadh a bheith ann a lorg.
Aon nochtadh poiblí ar mhargú an ghnóthais faoi réiteach nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b) go pointe (e), nó ar mhargú an ghnóthais idirlinne a cheanglófaí murach an nochtadh poiblí i gcomhréir le hAirteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, féadfar é a mhoilliú i gcomhréir le hAirteagal 17, mír 4 nó 5 den Rialachán sin.
3.Féadfaidh na húdaráis réitigh a chinneadh gan an ceanglas maidir le díolachán a mhargú a chomhlíonadh má chinneann siad gur dócha go mbainfí an bonn ó cheann amháin nó níos mó de na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 18 ach na ceanglais a leagtar síos i mír 2 a chomhlíonadh.
Airteagal 30
An uirlis deighilte sócmhainní agus dliteanas
1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag na húdaráis réitigh sócmhainní, cearta nó dliteanais gnóthais faoi réiteach nó gnóthais idirlinne a aistriú chuig gléas bainistíochta sócmhainní agus dliteanas amháin nó níos mó.
2.Chun críocha na huirlise deighilte sócmhainní agus dliteanas, beidh an gléas bainistíochta sócmhainní agus dliteanas ina dhuine dlítheanach a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas go léir:
(a)tá sé faoi úinéireacht iomlán nó páirteach údarás poiblí amháin nó níos mó lena bhféadfaí an t‑údarás réitigh a chuimsiú agus tá sé faoi rialú an údaráis réitigh;
(b)cruthaíodh é chun na sócmhainní, cearta agus dliteanais ar fad nó cuid díobh atá ag gnóthas amháin nó níos mó ná gnóthas amháin atá faoi réiteach nó gnóthas idirlinne a fháil.
3.Bainisteoidh an gléas bainistíochta sócmhainní agus dliteanas na punanna a aistríodh chuige d’fhonn an luach is mó is féidir a bhaint astu trí na punanna sin a dhíol nó trí fhoirceannadh ordúil.
4.Áiritheoidh na Ballstáit go n‑urramófar na riachtanais seo a leanas agus gléas bainistíochta sócmhainní agus dliteanas á oibriú:
(a)beidh doiciméid bhunreachtúla an ghléis bainistíochta sócmhainní agus dliteanais formheasta ag an údarás réitigh lena mbaineann;
(b)déanfaidh an t‑údarás réitigh lena mbaineann comhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an ghléis a cheapadh nó a fhormheas, faoi réir struchtúr úinéireachta an ghléis sócmhainní agus dliteanas;
(c)déanfaidh an t‑údarás réitigh lena mbaineann luach saothair bhaill an chomhlachta riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta a fhormheas agus sonróidh sé a bhfreagrachtaí
(d)déanfaidh an t‑údarás réitigh lena mbaineann straitéis agus próifíl riosca an ghléis bainistíochta sócmhainní agus dliteanas a fhormheas;
5.Féadfaidh na húdaráis réitigh an chumhacht a shonraítear i mír 1 a fheidhmiú chun sócmhainní, cearta nó dliteanais a aistriú i gcomhar le huirlisí réitigh eile dá dtagraítear in Airteagal 26(3) agus i gcás ina dtarlaíonn aon cheann de na cásanna seo a leanas:
(a)ciallóidh staid an mhargaidh áirithe i gcás na sócmhainní, na gceart nó na ndliteanas sin go bhféadfaidh tionchar díobhálach a bheith ag foirceannadh na sócmhainní, na gceart nó na ndliteanas sin, de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta, ar mhargadh airgeadais amháin nó níos mó.
(b)beidh gá le haistriú den sórt sin chun úsáid na huirlise réitigh sócmhainní a éascú nó chun feidhmiú cuí an ghnóthais faoi réiteach nó chun gnóthas idirlinne a áirithiú;
(c)beidh gá le haistriú den sórt sin chun na fáltais is mó is féidir a fháil as an leachtú.
6.Agus an uirlis deighilte sócmhainní agus dliteanas á cur i bhfeidhm, cinnfidh na húdaráis réitigh, i gcomhréir le hAirteagal 23 agus i gcomhréir le creat Státchabhair an Aontais, an chomaoin dá ndéanfar sócmhainní, cearta agus dliteanais a aistriú chuig an ngléas bainistíochta sócmhainní agus dliteanas. Ní chuirfidh an mhír seo cosc le luach ainmniúil nó luach diúltach a bheith ag an gcomaoin.
7.I gcás inar chuir na húdaráis réitigh an uirlis gnóthais idirlinne i bhfeidhm, féadfaidh gléis bhainistíochta sócmhainní agus dliteanais sócmhainní, cearta nó dliteanais a fháil ón ngnóthas idirlinne, tar éis chur i bhfeidhm an ghnóthais idirlinne.
8.Féadfaidh na húdaráis réitigh sócmhainní, cearta nó dliteanais a aistriú ón ngnóthas faoi réiteach chuig ceann amháin nó níos mó de na gléis bhainistíochta sócmhainní agus dliteanas níos mó ná uair amháin agus féadfaidh siad sócmhainní, cearta nó dliteanais a aistriú ó cheann amháin nó níos mó de na gléis bhainistíochta sócmhainní agus dliteanas chuig an ngnóthas faoi réiteach in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
(a)luafar go sainráite san ionstraim lena ndearnadh an t‑aistriú go bhféadfar na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais a aistriú ar ais;
(b)ní thiocfaidh na sócmhainní, na cearta ná na dliteanais faoi réim na n‑aicmí, ná ní chomhlíonann siad na coinníollacha chun aistriú a dhéanamh ar chearta, sócmhainní nó dliteanais arna sonrú san ionstraim lena ndearnadh an t‑aistriú.
I gceachtar de na cásanna dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), féadfar an t‑aistriú ar ais a dhéanamh le linn aon tréimhse, agus beidh sé i gcomhréir le haon choinníoll eile arna lua san ionstraim sin le haghaidh an chuspóra ábhartha.
Maidir le aon sócmhainn, ceart nó dliteanas a aistríodh, beidh sé d’oibleagáid ar an ngnóthas faoi réiteach iad a thógáil ar ais i gcomhréir le pointe (a) agus pointe (b).
9.Le cuspóirí gléas bainistíochta sócmhainní agus dliteanas, ní thabharfar le tuiscint aon dualgas ná freagracht ar scairshealbhóirí ná ar chreidiúnaithe an ghnóthais faoi réiteach. Ní bheidh baill an chomhlachta riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta ná bainistíocht shinsearach an ghléis bainistíochta sócmhainní agus dliteanas faoi dhliteanas na scairshealbhóirí ná na gcreidiúnaithe sin i leith gníomhartha agus neamhghníomhartha agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu, ach amháin i gcás inar thug na gníomhartha nó na neamhghníomhartha sin le tuiscint ollfhaillí nó mí‑iompar tromchúiseach faoin dlí náisiúnta agus go ndearnadh difear díreach do chearta scairshealbhóirí nó creidiúnaithe.
Féadfaidh na Ballstáit teorainn bhreise a chur le dliteanas gléas bainistíochta sócmhainní agus dliteanas, agus le dliteanas bhaill a chomhlachta riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta nó le baill a bhainistíochta sinsearaí i leith gníomhartha agus neamhghníomhartha agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu.
Airteagal 31
An uirlis díolta gnó
1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de chumhacht ag údaráis réitigh an méid seo a leanas a aistriú chuig ceannaitheoir nach gnóthas idirlinne é:
(a)scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile arna n‑eisiúint ag gnóthas faoi réiteach;
(b)na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais ar fad, nó aon chuid díobh, atá ag gnóthas faoi réiteach.
2.Is ar théarmaí tráchtála a dhéanfar aistriú a dhéantar de bhun mhír 1, ag féachaint do na cúinsí agus i gcomhréir le creat Státchabhair an Aontais.
Déanfaidh na húdaráis réitigh gach beart réasúnta chun téarmaí tráchtála a aimsiú le haghaidh an aistrithe atá i gcomhréir leis an luacháil a rinneadh de réir Airteagal 23, ag féachaint d’imthosca an cháis.
3.Maidir leis na haistrithe a cuireadh i gcrích, féadfaidh na húdaráis réitigh iad a chur ar ais, le toiliú an cheannaitheora, i gcás ina bhfágann imthosca an cháis go bhfuil bonn cirt leis sin a dhéanamh. Maidir le haon scair a aistríodh nó ionstraimí úinéireachta eile, nó sócmhainní, cearta nó dliteanais, beidh oibleagáid ar an ngnóthas faoi réiteach nó ar na húinéirí bunaidh iad a thógáil ar ais.
4.Nuair a dhéantar aistriú dá dtagraítear i mír 1, ceanglófar ar cheannaitheoirí an t‑údarú iomchuí a bheith acu chun an gnó a fhaigheann siad a dhéanamh. Áiritheoidh na húdaráis mhaoirseachta go ndéanfar aon iarratas ar an údarú sin a bhreithniú, in éineacht leis an aistriú, ar mhodh tráthúil.
5.De mhaolú ar Airteagal 57 go hAirteagal 62 de Threoir 2009/138/CE, i gcás ina dtiocfaidh éadáil sealúchais cháilithigh nó méadú ar shealúchas cáilitheach dá dtagraítear in Airteagal 57(1) de Threoir 2009/138/CE as aistriú na scaireanna nó na n‑ionstraimí úinéireachta de bhua uirlis díolta gnó a chur i bhfeidhm, déanfaidh an t‑údarás inniúil an measúnú a cheanglaítear faoi na hAirteagail sin laistigh ar mhodh tráthúil, modh nach gcuireann moill ar chur i bhfeidhm na huirlise díolta gnó agus nach gcuireann cosc leis an ngníomhaíocht réitigh na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 18 a bhaint amach.
6.I gcás nach mbeidh an measúnú dá dtagraítear i mír 5 curtha i gcrích ag an údarás maoirseachta ó dháta an aistrithe, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag an méid seo a leanas:
(a)beidh éifeacht dhlíthiúil láithreach ag aistriú den sórt sin de scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile chuig an bhfaighteoir;
(b)le linn na tréimhse measúnaithe agus le linn aon tréimhse dhífheistiú dá bhforáiltear i bpointe (f), cuirfear cearta vótála an fhaighteora, a ghabhann le scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile den sórt sin, ar fionraí agus déanfar iad a dhílsiú san údarás réitigh amháin, agus ní bheidh aon oibleagáid ar an údarás sin aon chearta vótála den sórt sin a fheidhmiú agus ní bheidh sé faoi aon dliteanas i ndáil leis na cearta vótála sin a fheidhmiú nó gan iad a fheidhmiú;
(c)le linn na tréimhse measúnaithe agus le linn aon tréimhse dhífheistithe dá bhforáiltear i bpointe (f), ní bheidh feidhm ag na pionóis ná na bearta eile maidir le sárú na gceanglas a bhaineann le sealúchais cháilitheacha a fháil nó a dhiúscairt mar a leagtar síos in Airteagal 62 de Threoir 2009/138/CE i ndáil le haistriú scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile den sórt sin;
(d)nuair a bheidh measúnú an údaráis meastóireachta i gcrích, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don údarás réitigh agus don fhaighteoir go pras, faoi cé acu a fhormheasann an t‑údarás meastóireachta an t‑aistriú scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile den sórt sin chuig an bhfaighteoir nó, i gcomhréir le hAirteagal 58(4) de Threoir 2009/138/CE, a chuireann sé ina aghaidh;
(e)i gcás ina ndéanann an t‑údarás maoirseachta aistriú scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile den sórt sin chuig an bhfaighteoir a fhormheas, measfar go mbeidh na cearta vótála a ghabhann le scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile den sórt sin dílsithe go hiomlán san fhaighteoir a luaithe a gheobhaidh an t‑údarás réitigh agus an faighteoir an fógra sin ón údarás maoirseachta;
(f)i gcás ina gcuireann an t‑údarás maoirseachta in aghaidh aistriú scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile den sórt sin chuig an bhfaighteoir:
(i)fanfaidh na cearta vótála a ghabhann le scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile den sórt sin faoi mar a fhoráiltear i bpointe (b) i lánfheidhm agus i lán‑éifeacht;
(ii)féadfaidh an t‑údarás réitigh a cheangal ar an bhfaighteoir aon scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile den sórt sin a dhífheistiú laistigh de thréimhse dífheistithe arna cinneadh ag an údarás réitigh tar éis dó dálaí an mhargaidh san am a chur san áireamh;(iii)i gcás nach gcomhlíonann an faighteoir an t‑iarratas arna foráil i bpointe (ii), féadfaidh an t‑údarás maoirseachta pionóis a ghearradh, le toiliú ón údarás réitigh, ar an bhfaighteoir, mar aon le bearta eile maidir le sárú na gceanglas a bhaineann le sealúchais cháilitheacha a fháil nó a dhiúscairt mar a leagtar síos in Airteagal 62 de Threoir 2009/138/CE.
7.Chun cearta an cheannaiteora a fheidhmiú chun seirbhísí a chur ar fáil nó chun é féin a bhunú i mBallstát eile i gcomhréir le Treoir 2009/138/AE, measfar gur comharba leanúnach den ghnóthas faoi réiteach is ea an ceannaitheoir, agus féadfaidh an ceannaitheoir aon cheart den sórt sin a fheidhmiú, ar cheart é a bhíodh á fheidhmiú ag an ngnóthas faoi réiteach, i dtaca leis na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais a aistríodh.
Airteagal 32
Uirlis gnóthais idirlinne
1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de chumhacht ag údaráis réitigh an méid seo a leanas a aistriú chuig gnóthas idirlinne:
(a)na scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile arna n‑eisiúint ag gnóthas amháin nó níos mó atá faoi réiteach;
(b)na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais uile, nó aon chuid díobh, atá ag gnóthas amháin nó níos mó atá faoi réiteach.
2.Is é a bheidh sa ghnóthas idirlinne duine dlítheanach a chomhlíonann na ceanglais uile seo a leanas:
(a)tá sé faoi úinéireacht iomlán nó páirteach údarás poiblí amháin nó níos mó lena bhféadfaí an t‑údarás réitigh nó i gcás inarb infheidhme, an scéim ráthaíochta árachais, agus tá sé faoi stiúir an údaráis réitigh;
(b)cruthaítear é chun cuid de na scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile arna n‑eisiúint ag gnóthas faoi réiteach, nó iad go léir, nó cuid de shócmhainní, cearta agus dliteanais gnóthais amháin nó níos mó atá faoi réiteach, nó iad go léir, a fháil agus a choinneáil i seilbh d’fhonn na cuspóirí réitigh a bhaint amach agus an gnóthas nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1) bpointe (b) go (e) a dhíol.
3.Agus an uirlis gnóthais idirlinne á cur i bhfeidhm, áiritheoidh údaráis réitigh nach mó luach iomlán na ndliteanas agus a aistríodh chuig an gnóthas idirlinne ná luach iomlán na gceart agus na sócmhainní a aistríodh ón ngnóthas idirlinne faoi réiteach.
4.Tar éis do na húdaráis réitigh an uirlis gnóthais idirlinne a chur i bhfeidhm, féadfaidh siad na haistrithe a cuireadh i gcrích a chur ar ais, i gcás ina bhfágfaidh na himthosca go bhfuil bonn cirt leis sin a dhéanamh, agus maidir le haon sócmhainn, ceart nó dliteanas a aistríodh, nó scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile, beidh sé d’oibleagáid ar an ngnóthas faoi réiteach nó ar na húinéirí bunaidh iad a thógáil ar ais, i gcás ina bhfágfaidh imthosca an cháis go bhfuil bonn cirt leis sin a dhéanamh, in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
(a)luafar go sainráite san ionstraim lena ndearnadh an t‑aistriú go bhféadfar na scaireanna sonracha nó ionstraimí úinéireachta eile, na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais a aistriú ar ais;
(b)ní thiocfaidh na scaireanna sonracha nó na hionstraimí úinéireachta eile, na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais faoi réim na n‑aicmí, nó ní chomhlíonann siad na coinníollacha chun aistriú a dhéanamh ar scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile, sócmhainní, cearta nó dliteanais arna sonrú san ionstraim lena ndearnadh an t‑aistriú.
Féadfar aistriú ar ais dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhéanamh laistigh d'aon tréimhse, agus comhlíonfaidh sé aon choinníoll eile a luaitear san ionstraim lena ndearnadh an t‑aistriú.
5.Tar éis an uirlis gnóthais idirlinne a chur i bhfeidhm, féadfaidh na húdaráis réitigh scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile, nó sócmhainní, cearta nó dliteanais a aistriú ón ngnóthas idirlinne chuig ceannaitheoir tríú páirtí.
6.Measfar gur comharba leanúnach den ghnóthas faoi réiteach is ea an gnóthas idirlinne, agus go bhféadfaidh sé aon cheart a fheidhmiú a bhíodh á fheidhmiú ag an ngnóthas faoi réiteach i dtaca leis na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais a aistríodh.
Ní dhéanfaidh gnóthas idirlinne conarthaí árachais nua a thabhairt i gcrích nó ní dhéanfaidh sé conarthaí árachais atá ann cheana a athrú ar shlí a d’fhéadfadh éilimh árachais an ghnóthais idirlinne a mhéadú.
7.Ní thabharfar le tuiscint le cuspóirí an ghnóthais idirlinne go bhfuil aon dualgas ná freagracht i gceist i leith scairshealbhóirí ná creidiúnaithe an ghnóthais faoi réiteach, agus ní bheidh baill an chomhlachta riaracháin, bainistíochta nó na bainistíochta sinsearaí faoi aon dhliteanas i leith na scairshealbhóirí nó na gcreidiúnaithe sin maidir le gníomhartha nó le neamhghníomhartha le linn dóibh a gcuid dualgas a chomhlíonadh ach amháin sa chás go dtugtar mórfhaillí nó mí‑iompar tromchúiseach le tuiscint i gcomhréir leis an dlí náisiúnta a raibh tionchar díreach aige ar chearta na scairshealbhóirí nó na gcreidiúnaithe sin.
Féadfaidh na Ballstáit teorainn bhreise a chur le dliteanas gnóthais idirlinne agus le dliteanas a chomhlachta riaracháin, a chomhlachta bainistíochta nó a chomhlachta maoirseachta nó le dliteanas a bhainistíochta sinsearaí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta i leith gníomhartha agus neamhghníomhartha le linn dóibh a ndualgais a chomhlíonadh.
Airteagal 33
Oibriú an ghnóthais idirlinne
1.Áiritheoidh na Ballstáit go n‑urramófar na ceanglais seo a leanas agus gnóthas idirlinne á oibriú:
(a)beidh doiciméid bhunreachtúla an ghnóthais idirlinne formheasta ag an údarás réitigh;
(b)faoi réir struchtúr úinéireachta an ghnóthais idirlinne, déanfaidh an t‑údarás réitigh comhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an ghnóthais idirlinne a cheapadh nó a fhormheas;
(c)déanfaidh an t‑údarás réitigh luach saothair bhaill an chomhlachta riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta a fhormheas agus cinnfidh sé a gcuid freagrachtaí;
(d)déanfaidh an t‑údarás réitigh straitéis agus próifíl riosca an ghnóthais idirlinne a fhormheas;
(e)tabharfar údarú don ghnóthas idirlinne i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE agus beidh an t‑údarú is gá aige de réir an dlí náisiúnta is infheidhme chun na gníomhaíochtaí nó na seirbhísí a fhaigheann sí a chur i gcrích de bhua aistrithe a dhéantar de bhun Airteagal 40 den Treoir seo;
(f)comhlíonfaidh an gnóthas idirlinne ceanglais Threoir 2009/138/CE agus beidh sé faoi réir maoirseachta i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE;
(g)oibreofar an gnóthas idirlinne i gcomhréir le creat Státchabhair an Aontais agus féadfaidh an t‑údarás réitigh srianta ar a cuid oibríochtaí a shonrú dá réir.
D’ainneoin na bhforálacha dá dtagraítear i bpointe (d) agus (e) den chéad fhomhír agus i gcás inar gá chun na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 18 a bhaint amach, féadfar gnóthas idirlinne a bhunú agus a údarú gan Treoir 2009/138/CE a chomhlíonadh ar feadh tréimhse ghairid ama ag tús a oibrithe. Chuige sin, cuirfidh an t‑údarás réitigh iarratas ina leith sin chuig an údarás maoirseachta. I gcás ina gcinneann an t‑údarás maoirseachta an t‑údarú sin a bhronnadh, léireoidh sé an tréimhse dá ndéanfar an gnóthas idirlinne a tharscaoileadh ó cheanglais Threoir 2009/138/CE a chomhlíonadh.
2.Faoi réir aon srian arna fhorchur le rialacha iomaíochta an Aontais nó le rialacha iomaíochta náisiúnta, déanfaidh bainistíocht an ghnóthais idirlinne an gnóthas idirlinne a fheidhmiú chun na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 18 a bhaint amach agus chun an gnóthas faoi réiteach agus a shócmhainní, a chearta nó a dhliteanais a dhíol le ceannaitheoir amháin nó níos mó de chuid na hearnála príobháidí a luaithe a bheidh dálaí an mhargaidh iomchuí.
3.Cinnfidh na húdaráis réitigh nach gnóthas idirlinne a thuilleadh eintiteas in aon cheann de na cásanna seo a leanas, cibé acu is túisce a tharlaíonn:
(a)cumascfaidh an gnóthas idirlinne le heintiteas eile;
(b)scoirfidh an gnóthas idirlinne de cheanglais Airteagal 32(2) a chomhlíonadh;
(c)díolfar sócmhainní, cearta nó dliteanais uile an ghnóthais idirlinne, nó nach mór iad uile, le ceannaitheoir tríú páirtí;
(d)déanfar sócmhainní an ghnóthais idirlinne a fhoirceannadh go hiomlán agus déanfar a chuid dliteanas a urscaoileadh go hiomlán.
4.I gcás ina ndéanfar oibríochtaí gnóthais idirlinne a fhoirceannadh sa chás dá dtagraítear i mír 3, pointe (c), déanfar an gnóthas idirlinne a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta.
Faoi réir Airteagal 26(7), bainfidh scairshealbhóirí an ghnóthais idirlinne tairbhe as aon fháltas arna nginiúint de thoradh ar oibriú an ghnóthais idirlinne a fhoirceannadh.
Roinn 4
An uirlis díluachála agus chomhshó;
Airteagal 34
Cuspóir agus raon feidhme na huirlise díluachála nó comhshó
1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis réitigh an uirlis díluachála nó chomhshó a chur i bhfeidhm chun na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 18 a chomhlíonadh chun críocha aon cheann de na cuspóirí seo a leanas:
(a)gnóthas árachais nó athárachais nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b) go pointe (e) a athchaipitliú, ar gnóthas nó eintiteas é a chomhlíonann na coinníollacha maidir le réiteach dá dtagraítear in Airteagal 19(1) agus in Airteagal 20(3) a mhéid is leor sin chun an uirlis um leachtú sócmhainneach dá dtagraítear in Airteagal 27 a chur i bhfeidhm agus chun a údarú a choinneáil ar bun faoi Threoir 2009/138/CE;
(b)chun laghdú nó comhshó go cothromas a dhéanamh ar phríomhshuim na n‑éileamh, lena n‑áirítear éilimh árachais, nó na n‑ionstraimí fiachais a aistríodh:
(i)chuig gnóthas idirlinne d'fhonn caipiteal a chur ar fáil don ghnóthas idirlinne sin; nó
(ii)faoin uirlis deighilte sócmhainní agus dliteanas dá dtagraítear in Airteagal 30 nó faoin uirlis díolta gnó dá dtagraítear in Airteagal 31.
Nuair a bheidh an uirlis díluachála nó chomhshó á cur i bhfeidhm ar éilimh árachais, féadfaidh na húdaráis réitigh athstruchtúrú a dhéanamh freisin ar théarmaí na gconarthaí árachais gaolmhara chun na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 18 a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtaí.
2.Áiritheoidh na Ballstáit go gcinnfidh na húdaráis réitigh an méid a chaithfear ionstraimí caipitil, ionstraimí fiachais agus dliteanais incháilithe eile a dhíluacháil nó a chomhshó chun críocha mhír 1 ar bhonn na luachála arna déanamh i gcomhréir le hAirteagal 23.
3.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh údaráis réitigh an uirlis díluachála nó chomhshó a chur i bhfeidhm ar dhliteanais uile na ngnóthas árachais nó athárachais nó na n‑eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b) go pointe (e), agus a bhfoirm dhlíthiúil reatha á coinneáil ar bun nó athrú ar a bhfoirm dhlíthiúil a bhreithniú i gcás inar gá sin.
4.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar an uirlis díluachála nó chomhshó a chur i bhfeidhm ar ionstraimí uile caipitil agus ar dhliteanais uile gnóthais nó eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b) go pointe (e), ar gnóthas nó ar eintiteas é nach ndéantar a eisiamh ó raon feidhme na huirlise sin de bhun mhír 5 nó mhír 6 den Airteagal seo.
5.Ní dhéanfaidh na húdaráis réitigh na cumhachtaí díluachála nó comhshó a chur i bhfeidhm i ndáil na dliteanais seo a leanas, bídís á rialú le dlí Ballstáit nó le dlí tríú tír:
(a)dliteanais urraithe;
(b)dliteanais i leith institiúidí creidmheasa, gnólachtaí infheistíochta agus gnóthais árachais nó athárachais, cé is moite d’eintitis atá ina gcuid den ghrúpa céanna, eintitis is lú aibíocht bunaidh ná seacht lá;
(c)dliteanais is lú aibíocht iarmhair ná seacht lá agus atá dlite do chórais nó d’oibreoirí córas atá ainmnithe i gcomhréir le Treoir 98/26/CE nó faoin rannpháirtithe agus a eascraíonn ó rannpháirtíocht i gcóras den chineál sin, nó do contrapháirtithe lárnacha arna n‑údarú san Aontas de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus contrapháirtithe lárnacha de chuid tríú tíortha arna n‑aithint ag ESMA de bhun Airteagal 25 den Rialachán sin;
(d)dliteanas i leith aon cheann díobh seo a leanas:
(i)fostaí, maidir le tuarastal fabhraithe, sochair phinsin nó luach saothair socraithe eile, seachas comhpháirt athraitheach an luacha saothair nach bhfuil rialáilte le comhaontú cómhargála;
(ii)creidiúnaí tráchtála nó trádála a eascraíonn as earraí nó seirbhísí a sholáthar don ghnóthas árachais nó athárachais nó don eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b) nó pointe (e) ar earraí agus seirbhísí iad atá fíor-riachtanach d'fheidhmiú laethúil a oibríochtaí, lena n‑áirítear seirbhísí TF, fóntais agus cíos, seirbhísiú agus cothabháil an áitribh;
(iii)údaráis chánach agus údaráis slándála sóisialta, ar choinníoll go mbeidh tosaíocht ag na dliteanais sin faoin dlí is infheidhme;
(iv)scéimeanna ráthaíochta árachais a eascraíonn as ranníocaíochtaí atá dlite i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta is infheidhme.
Ní chuirfidh pointe (a) den chéad fhomhír cosc ar údaráis réitigh, i gcás inarb iomchuí, an uirlis díluachála nó chomhshó a fheidhmiú maidir le haon chuid de dhliteanas urraithe nó de dhliteanas a bhfuil comhthaobhacht geallta ina leith ar mó a luach ná luach na sócmhainní, an ghealltáin, an liain nó na comhthaobhachta a bhfuil sé urraithe ina choinne.
6.In imthosca eisceachtúla, nuair a chuirtear an uirlis díluachála agus chomhshó i bhfeidhm, féadfaidh an t‑údarás réitigh dliteanais áirithe a eisiamh nó a eisiamh i bpáirt ó chur i bhfeidhm na huirlise díluachála nó comhshó más rud é:
(a)nach féidir an dliteanas sin a dhíluacháil ná a chomhshó laistigh de thréimhse réasúnta ama d’ainneoin iarrachtaí ionraice an údaráis réitigh;
(b)go mbeidh géarghá leis an eisiamh agus go mbeidh sé comhréireach le gur féidir leanúnachas na bhfeidhmeanna criticiúla agus na gcroílínte gnó a áirithiú ar shlí a fhágfaidh gur féidir leis an gnóthas faoi réiteach leanúint d'oibríochtaí, de sheirbhísí agus d'idirbhearta lárnacha;
(c)go bhfuil géarghá leis an eisiamh agus go bhfuil sé comhréireach lena sheachaint nach n‑eascróidh éifeacht ghabhála fhorleathan as, ar bhealach a d’fhéadfadh suaitheadh tromchúiseach a chothú i ngeilleagar Ballstáit nó i ngeilleagar an Aontais; nó
(d)mar gheall ar chur i bhfeidhm na huirlise díluachála nó comhshó maidir leis na dliteanais sin, go ndéanfaí an luach a scriosadh sa chaoi is go mbeadh na caillteanais arna n‑iompar ag creidiúnaithe eile níos airde ná mar a bheidís dá ndéanfaí na dliteanais sin a eisiamh ó chur i bhfeidhm na huirlise díluachála nó comhshó.
Airteagal 35
Cóireáil scairshealbhóirí agus sealbhóirí ionstraimí úinéireachta eile nuair a chuirtear an uirlis díluachála nó chomhshó i bhfeidhm
1.Agus an uirlis díluachála agus chomhshó dá dtagraítear in Airteagal 43 á cur i bhfeidhm acu, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis réitigh ceann amháin nó an dá cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas i ndáil le scairshealbhóirí agus le sealbhóirí ionstraimí úinéireachta eile:
(a)scaireanna atá ann cheana nó ionstraimí úinéireachta eile a chealú, nó iad a aistriú chuig creidiúnaithe ar comhshódh a n‑éilimh;
(b)ar choinníoll go léirítear sa luacháil a dhéantar faoi Airteagal 23 go bhfuil glanluach deimhneach ag an ngnóthas faoi réiteach, go ndéantar scairshealbhóirí agus sealbhóirí ionstraimí úinéireachta atá ann cheana a chaolú trí ionstraimí caipitil ábhartha nó ionstraimí fiachais ábhartha a d’eisigh an gnóthas faoi réiteach a chomhshó ina scaireanna, nó go ndéantar dliteanais incháilithe eile de chuid an ghnóthais faoi réiteach a chomhshó ina scaireanna nó ina n‑ionstraimí úinéireachta eile, de bhun chur i bhfeidhm na huirlise díluachála nó comhshó.
Maidir le pointe (b) den chéad fhomhír, déanfar an comhshó ar ráta comhshó lena gcaolófar go mór líon na scaireanna nó na n‑ionstraimí úinéireachta eile atá i seilbh faoi láthair.
2.Nuair a mheastar cé acu gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 atá le déanamh, tabharfaidh na húdaráis réitigh aird ar an méid seo a leanas:
(a)an luacháil a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 23;
(b)an méid faoinar ghá míreanna Leibhéal 1 a laghdú agus faoinar ghá ionstraimí caipitil ábhartha a dhíluacháil nó a chomhshó de réir mheasúnú an údaráis réitigh, de bhun Airteagal 37(1).
3.De mhaolú ar Airteagal 57 go hAirteagal 62 de Threoir 2009/138/CE, i gcás ina dtiocfaidh éadáil sealúchais cháilithigh nó méadú ar shealúchas cáilitheach dá dtagraítear in Airteagal 57(1) de Threoir 2009/138/CE de thoradh ionstraimí caipitil, ionstraimí fiachais a d’eisigh an gnóthas faoi réiteach, nó dliteanais incháilithe eile de chuid an ghnóthais faoi réiteach, déanfaidh údaráis inniúla an measúnú dá dtagraítear faoi na hAirteagail sin ar mhodh tráthúil nach gcuireann moill ar chomhshó na n‑ionstraimí caipitil, nó nach gcuireann cosc leis an ngníomhaíocht réitigh na cuspóirí réitigh ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 18 a bhaint amach.
4.I gcás nach gcuireann údarás maoirseachta an ghnóthais sin an measúnú a cheanglaítear faoi mhír 3 i gcrích faoin dáta a dhéanfar na hionstraimí caipitil a chomhshó, beidh feidhm ag Airteagal 31(6) maidir le haon éadáil sealúchais cháilithigh nó méadú ar shealúchas cáilitheach arna dhéanamh ag faighteoir de thoradh ionstraimí caipitil dhíluachála a chomhshó.
Airteagal 36
Ráta comhshó an fhiachais go dtí cothromas
Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina bhfeidhmíonn údaráis réitigh na huirlisí a shonraítear in Airteagal 34(1) agus na cumhachtaí a shonraítear in Airteagal 40(1), pointe (g), go bhféadfaidh na húdaráis réitigh ráta comhshó difriúil a chur i bhfeidhm ar aicmí difriúla ionstraimí caipitil agus dliteanas i gcomhréir le ceann amháin nó an dá cheann de na prionsabail seo a leanas.
(a)leis an ráta comhshó léirítear cúiteamh iomchuí don chreidiúnaí dá ndéantar difear as aon chaillteanas arna thabhú de bhun fheidhmiú na gcumhachtaí díluachála nó comhshó;
(b)an ráta comhshó is infheidhme maidir le dliteanais a mheastar a bheith ina ndliteanais shinsearacha faoin dlí dócmhainneachta is infheidhme, is airde é ná an ráta comhshó is infheidhme maidir le dliteanais fho-ordaithe.
Airteagal 37
Forálacha breise lena rialaítear an uirlis díluachála nó comhshó
1.Cuirfidh na húdaráis réitigh an uirlis díluachála nó chomhshó i bhfeidhm i gcomhréir le tosaíocht na n‑éileamh is infheidhme faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, ar mhodh a thabharfaidh na torthaí seo a leanas.
(a)Déanfar míreanna Leibhéal 1 a laghdú ar dtús i gcomhréir leis na caillteanais agus lena mhéid is féidir de réir a n‑acmhainneachta, agus déanfaidh an t‑údarás réitigh ceann amháin nó an dá cheann de na gníomhaíochtaí a shonraítear in Airteagal 35(1) i ndáil le sealbhóirí ionstraimí Leibhéal 1;
(b)déanfar príomhshuim na n‑ionstraimí Leibhéal 2 a dhíluacháil nó a chomhshó ina n‑ionstraimí Leibhéal 1, nó déanfar iad a dhíluacháil agus a chomhshó, a mhéid is gá chun na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 18 a bhaint amach nó a mhéid is féidir de réir acmhainneacht na n‑ionstraimí caipitil ábhartha, cibé acu is ísle;
(c)déanfar príomhshuim na n‑ionstraimí Leibhéal 3 a dhíluacháil nó a chomhshó ina n‑ionstraimí Leibhéal 1, nó déanfar iad a dhíluacháil nó a chomhshó, a mhéid is gá chun na cuspóirí réitigh a leagtar amach in Airteagal 18 a bhaint amach nó a mhéid is féidir de réir acmhainneacht na n‑ionstraimí caipitil ábhartha, cibé acu is ísle;
(d)maidir le príomhshuim na coda eile de dhliteanais incháilithe, nó an méid amuigh atá fós le híoc, i gcomhréir leis an ordlathas éileamh i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta, lena n‑áirítear rangú éileamh árachais dá bhforáiltear in Airteagal 275(1) de Threoir 2009/138/CE, déantar í a dhíluacháil nó a chomhshó ina n‑ionstraimí Leibhéal 1 nó déantar iad a dhíluacháil agus a chomhshó, a mhéid is gá chun na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 18 a bhaint amach.
I gcás ina bhfaighfear amach maidir le leibhéal na díluachála arna bhunú ar an luacháil shealadach dá dtagraítear in Airteagal 25 gur airde leibhéal na díluachála ná na ceanglais nuair a dhéantar é a mheasúnú de réir na luachála cinntithí dá dtagraítear in Airteagal 24(2), féadfar sásra díluachála a chur i bhfeidhm chun creidiúnaithe a aisíoc agus, ina dhiaidh sin, a mhéid is gá, chun scairshealbhóirí a aisíoc.
Agus cinneadh á dhéanamh faoi cibé ar cheart dliteanais a dhíluacháil nó a chomhshó ina chothromas, ní dhéanfaidh údaráis réitigh aicme dliteanas amháin a chomhshó, fad nach ndéanfar aicme dliteanas atá ina haicme íochtarach a chomhshó ina cothromas ná a dhíluacháil.
Áiritheoidh na Ballstáit gur ísle an rangú tosaíochta a bheidh ar gach éileamh a thagann ó ítimí cistí dílse, i ndlíthe náisiúnta lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta, ná aon éileamh nach de thoradh ítim cistí dílse é. Chun críocha na fomhíre seo, a mhéid nach n‑aithnítear ionstraim ach go páirteach mar ítim cistí dílse, déanfar an ionstraim iomlán a láimhseáil mar éileamh ar de thoradh ítim cistí dílse é agus rangófar níos ísle í ná aon éileamh nach de thoradh ítim cistí dílse é.
2.I gcás ina ndéanfar príomhsuim ionstraime úinéireachta ábhartha nó príomhshuim ionstraime fiachais nó dliteanais incháilithe a dhíluacháil, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
(a)is laghdú buan a bheidh sa laghdú a dhéanfar de thoradh chur i bhfeidhm na huirlise díluachála nó comhshó, faoi réir aon uasluacháil i gcomhréir leis an sásra aisíocaíochta dá dtagraítear i mír 1;
(b)ní fhanfaidh aon dliteanas do shealbhóir na hionstraime caipitlí ábhartha, fanfaidh an ionstraim fiachais nó aon dliteanas incháilithe eile faoi mhéid sin na hionstraime sin a díluacháladh, nó i dtaca leis, cé is moite d'aon dliteanas a fabhraíodh cheana, agus aon dliteanas i leith damáiste a d’fhéadfadh tarlú de bhíthin achomhairc de thoradh agóid in aghaidh dlíthiúlacht fheidhmiú na gcumhachtaí díluachála;
(c)ní íocfar aon chúiteamh le haon sealbhóir de chuid na hionstraime caipitil ábhartha, na hionstraime fiachais nó dliteanais incháilithe eile seachas cúiteamh i gcomhréir le mír 3.
3.Ionas go ndéanfar na hionstraimí caipitil, na hionstraimí fiachais, nó dliteanais incháilithe eile lena mbaineann a chomhshó i gcomhréir le mír 1, pointe (b) agus pointe (c), féadfaidh údaráis réitigh a cheangal ar ghnóthais árachais agus athárachais agus ar eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b) go pointe (e), ionstraimí Leibhéal 1 a eisiúint chuig sealbhóirí de chuid na n‑ionstraimí caipitil, ionstraimí fiachais nó dliteanas incháilithe eile lena mbaineann.
Ní fhéadfar na hionstraimí caipitil, na hionstraimí fiachais ná na dliteanais incháilithe eile lena mbaineann a chomhshó ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)is é an gnóthas árachais nó athárachais, an t‑eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b) go pointe (e), nó an máthairghnóthas a dhéanfaidh ionstraimí Leibhéal 1 a eisiúint, le comhaontú an údaráis réitigh ábhartha;
(b)eiseofar ionstraimí Leibhéal 1 sula ndéanfaidh an gnóthas árachais nó athárachais nó an t‑eintiteas sin dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b) go (e) scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile a eisiúint chun críocha cistí dílse a chur ar fáil ag an Stát nó ag eintiteas de chuid an rialtais;
(c)déanfar ionstraimí Leibhéal 1 a dhámhachtain agus a aistriú gan mhoill tar éis fheidhmiú na cumhachta comhshó;
(d)an ráta comhshó lena gcinntear líon na n‑ionstraimí Leibhéal 1 a chuirtear ar fáil maidir le gach ionstraim chaipitil ábhartha, le gach ionstraim fiachais ábhartha nó le gach dliteanas incháilithe eile, comhlíonfaidh sé Airteagal 36.
4.Chun críocha ionstraimí Leibhéal 1 a chur ar fáil i gcomhréir le mír 3, féadfaidh an t‑údarás réitigh a cheangal ar ghnóthais árachais nó athárachais agus ar eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b) go (e) an réamh‑údarú atá riachtanach a choinneáil i gcónaí chun líon ábhartha ionstraimí Leibhéal 1 a eisiúint.
Airteagal 38
Tionchar díluachála nó comhshó
1.Maidir leis an uirlis díluachála nó comhshó agus na cumhachtaí i gcomhréir le hAirteagal 34(1) agus le hAirteagal 40(1), pointe (f) go pointe (j), i gcás ina gcuirfidh údarás réitigh i bhfeidhm iad, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag an laghdú ar an bpríomhshuim nó ar an méid gan íoc atá dlite, ag an gcomhshó nó ag an gcealú, agus go mbeidh an méid sin ina cheangal láithreach ar an ngnóthas faoi réiteach agus ar na creidiúnaithe agus na scairshealbhóirí a ndéanfar difear dóibh.
2.Cuirfidh an t‑údarás réitigh na cúraimí uile riaracháin agus nós imeachta is gá i gcrích nó déanfaidh sé a cheangal iad a chur i gcrích chun éifeacht a thabhairt do chur i bhfeidhm na huirlise díluachála nó comhshó, lena n‑áirítear:
(a)gach clár lena mbaineann a leasú;
(b)scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile nó ionstraimí fiachais a dhíliostú nó a bhaint ó thrádáil;
(c)scaireanna nua nó ionstraimí úinéireachta eile a liostú nó ligean chun a dtrádála;
(d)aon ionstraim fiachais a bhfuil díluacháil déanta orthu a athliostú nó a athligean isteach chun a dtrádála, gan a bheith de dhualgas orthu réamheolaire a eisiúint de réir mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
3.I gcás ina laghdaíonn údarás réitigh príomhshuim dliteanais, nó an méid amuigh atá fós le híoc i leith dliteanais, go nialas trí bhíthin na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 40(1), pointe (f), caithfear leis an dliteanas sin agus le haon oibleagáid nó éileamh a eascraíonn maidir leis an dliteanas, nach raibh tabhaithe tráth a raibh an chumhacht sin á feidhmiú, mar urscaoilte chun na gcríoch uile agus ní bheidh sé inchruthaithe in aon imeacht eile ina dhiaidh sin maidir leis an ngnóthas faoi réiteach nó aon eintiteas comharba in aon fhoirceannadh ina dhiaidh sin.
4.I gcás ina laghdaíonn údarás réitigh príomhshuim dliteanais, nó an méid amuigh atá fós le híoc i leith dliteanais, i bpáirt ach ní go hiomlán, trí bhíthin na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 40(1), pointe (f):
(a)déanfar an dliteanas a urscaoileadh suas go dtí an méid a laghdaíodh;
(b)beidh feidhm ag an ionstraim nó an comhaontú ábhartha lenar cruthaíodh an dliteanas bunaidh fós maidir leis an bpríomhshuim atá fágtha, nó maidir leis an méid amuigh atá fós iníoctha i leith an dliteanais, faoi réir aon mhodhnú ar mhéid an úis a bheidh iníoctha chun laghdú na príomhshuime a léiriú, agus aon mhodhnú eile ar na téarmaí a d’fhéadfadh an t‑údarás réitigh a dhéanamh trí bhíthin na cumhachta dá dtagraítear i bpointe (k) d’Airteagal 40(1).
Airteagal 39
Deireadh a chur le constaicí nós imeachta maidir le díluacháil nó comhshó
1.I gcás ina gcuirfear an uirlis díluachála nó chomhshó i bhfeidhm, agus i gcás inarb infheidhme, ceanglóidh na Ballstáit ar na gnóthais árachais agus athárachais agus ar na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b) go pointe (e), líon leordhóthanach scairchaipitil údaraithe nó ionstraimí eile Leibhéal 1 a choinneáil ar bun i gcónaí chun a áirithiú nach gcuirfear cosc leis na gnóthais agus leis na heintitis sin scaireanna nua leordhóthanacha nó ionstraimí úinéireachta eile a eisiúint lena áirithiú gur féidir comhshó éifeachtach dliteanas i scaireanna nó in ionstraimí úinéireachta eile a chur i bhfeidhm go héifeachtach.
Déanfaidh na húdaráis réitigh measúnú ar chomhlíontacht leis an gceanglas a leagtar síos i mír 1 i gcomhthéacs fhorbairt agus chothabháil na bpleananna réitigh i gcomhréir le hAirteagail 9 agus 10.
2.Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh aon bhac nós imeachta ar dhliteanais a chomhshó go dtí scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile, atá ann de bhua a n‑ionstraimí corpraithe nó a reachtanna, lena n‑áirítear cearta réamhghabhála do scairshealbhóirí nó ceanglais maidir le toiliú scairshealbhóirí a fháil i leith méadú ar chaipiteal.
CAIBIDIL IV
Cumhachtaí réitigh
Airteagal 40
Cumhachtaí ginearálta
1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí uile is gá ag na húdaráis réitigh chun na huirlisí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 26(3) a chur i bhfeidhm ar ghnóthais árachais agus athárachais agus ar eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e) agus a chomhlíonann na coinníollacha maidir le réiteach a leagtar síos in Airteagal 19(1) nó in Airteagal 20(3), de réir mar is infheidhme. Go háirithe, beidh na cumhachtaí réitigh seo a leanas ag údaráis réitigh, cumhachtaí a fhéadfaidh siad a fheidhmiú ina n‑aonair nó i dteaglaim ar bith:
(a)an chumhacht chun a cheangal ar aon duine aon fhaisnéis a sholáthar a bheidh de dhíth ar an údarás réitigh chun cinneadh a dhéanamh maidir le gníomhaíocht réitigh agus í a ullmhú, lena n‑áirítear nuashonruithe agus forlíontaí maidir le faisnéis arna cur ar fáil sna pleananna réitigh agus lena n‑áirítear faisnéis atá le soláthar trí chigireachtaí ar an láithreán;
(b)an chumhacht chun stiúir a ghlacadh ar ghnóthas faoi réiteach agus chun na cearta agus na cumhachtaí uile a thugtar do na scairshealbhóirí, d’úinéirí eile agus do chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an ghnóthais faoi réiteach a fheidhmiú;
(c)an chumhacht chun an t‑údarú a tharraingt siar chun conarthaí nua árachais nó athárachais a scríobh agus chun gnóthas a chur faoi réiteach i nós imeachta um leachtú sócmhainneach ordúil agus a ghníomhaíochtaí a fhoirceannadh;
(d)an chumhacht chun scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile a d’eisigh gnóthas faoi réiteach a aistriú;
(e)an chumhacht chun cearta, sócmhainní nó dliteanais gnóthais faoi réiteach a aistriú chuig eintiteas eile, le toiliú an eintitis sin;
(f)an chumhacht chun éilimh árachais a athstruchtúrú nó príomhshuim nó méid gan íoc atá dlite i ndáil le hionstraimí fiachais agus le dliteanais incháilithe a laghdú, lena n‑áirítear é a laghdú go nialas, lena n‑áirítear éilimh árachais gnóthais faoi réiteach;
(g)cé is moite d’éilimh árachais, an chumhacht ionstraimí fiachais agus dliteanais incháilithe gnóthais faoi réiteach a chomhshó ina ngnáthscaireanna nó ina n‑ionstraimí úinéireachta eile de chuid an ghnóthais nó an eintitis sin dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e), de mháthairghnóthas ábhartha nó de chuid gnóthais idirlinne ar chucu a n‑aistrítear sócmhainní, cearta nó dliteanais an ghnóthais árachais nó athárachais nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e);
(h)an chumhacht chun ionstraimí fiachais a d’eisigh gnóthas faoi réiteach a chealú, cé is moite de dhliteanais urraithe faoi réir Airteagal 34(5);
(i)an chumhacht chun laghdú a dhéanamh, lena n‑áirítear laghdú go nialas, ar mhéid ainmniúil scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile de chuid gnóthas faoi réiteach agus na scaireanna sin nó ionstraimí úinéireachta eile a chealú;
(j)an chumhacht chun a cheangal ar ghnóthas faoi réiteach nó ar mháthairghnóthas ábhartha scaireanna nua nó ionstraimí úinéireachta eile nó ionstraimí caipitil eile a eisiúint, lena n‑áirítear scaireanna tosaíochta agus ionstraimí in‑chomhshóite teagmhasacha;
(k)an chumhacht chun aibíocht na n‑ionstraimí fiachais agus na ndliteanas incháilithe eile a d’eisigh gnóthas faoi réiteach a leasú nó a athrú nó chun an méid úis atá iníoctha faoi na hionstraimí sin agus dliteanais incháilithe eile a leasú, nó an dáta a thagann an t‑ús chun bheith iníoctha a leasú, lena n‑áirítear tríd an íocaíocht a fhionraí ar feadh tréimhse shealadach;
(l)an chumhacht chun conarthaí airgeadais nó díorthaí a dhúnadh agus a fhoirceannadh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(m)an chumhacht chun comhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta agus bainistíocht shinsearach gnóthais faoi réiteach a scor nó a ionadú;
(n)an chumhacht chun a cheangal ar an údarás maoirseachta ceannaitheoir sealúchais cháilithigh a mheasúnú go tráthúil de mhaolú ar na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 58 de Threoir 2009/138/CE;
2.Le linn na huirlisí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 26(3) a chur i bhfeidhm agus na cumhachtaí réitigh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fheidhmiú, déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun a áirithiú nach mbeidh na húdaráis réitigh faoi réir aon cheann de na ceanglais seo a leanas a mbeadh feidhm acu ar shlí eile de bhua an dlí náisiúnta nó conartha nó ar shlí eile:
(a)faoi réir Airteagal 3(8) agus Airteagal 65(1), ceanglais maidir le formheas nó toiliú a fháil ó aon duine poiblí nó príobháideach, lena n‑áirítear na scairshealbhóirí, na creidiúnaithe nó sealbhóirí polasaí an ghnóthais faoi réiteach;
(b)roimh fheidhmiú na cumhachta, ceanglais nós imeachta maidir le fógra a thabhairt d'aon duine, lena n‑áirítear aon cheanglas maidir le haon fhógra nó réamheolaire a fhoilsiú nó maidir le haon doiciméad a chomhdú nó a chlárú le haon údarás eile.
Tá pointe (b) den chéad fhomhír gan dochar do na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 61 agus 63 agus d’aon cheanglas fógra faoi chreat Státchabhrach an Aontais.
3.Áiritheoidh na Ballstáit, a mhéid nach bhfuil aon cheann de na cumhachtaí a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo infheidhme maidir le heintiteas faoi raon feidhme Airteagal 1(1) den Treoir seo de thoradh a foirme dlí sonraí, go mbeidh cumhachtaí ag na húdaráis réitigh atá chomh cosúil agus is féidir le chéile, lena n‑áirítear i dtéarmaí a n‑éifeachtaí.
4.Áiritheoidh na Ballstáit, le linn do na húdaráis inniúla na cumhachtaí a leagtar síos i mír 3 a fheidhmiú, go ndéanfar na coimircí dá bhforáiltear i gCaibidil V den Treoir seo, nó coimircí a bhfuil an éifeacht chéanna leo, a chur i bhfeidhm maidir leis na daoine dá ndéantar difear, lena n‑áirítear scairshealbhóirí, creidiúnaithe, sealbhóirí polasaí agus contrapháirtithe.
Airteagal 41
Cumhachtaí coimhdeacha
1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag na húdaráis réitigh, agus cumhacht réitigh á feidhmiú acu, gach ceann díobh seo a leanas a dhéanamh:
(a)faoi réir Airteagal 58, foráil a dhéanamh maidir le haistriú a dhéanamh saor ó aon dliteanas nó eire lena ndéantar difear do na hionstraimí airgeadais, do na cearta, do na sócmhainní nó do na dliteanais arna n‑aistriú;
(b)cearta a bhaint chun scaireanna breise nó ionstraimí úinéireachta eile a fháil;
(c)a cheangal ar an údarás lena mbaineann an ligean isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte nó liostú oifigiúil ionstraimí airgeadais a scor nó a fhionraí de bhun Threoir 2001/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(d)foráil a dhéanamh maidir le caitheamh leis an bhfaighteoir sin amhail agus dá mba é an gnóthas faoi réiteach é chun críocha aon chirt nó oibleagáide de chuid an ghnóthais faoi réiteach, nó aon bhirt arna dhéanamh aige, lena n‑áirítear, faoi réir fheidhmiú na huirlise díolta gnó agus na huirlise gnóthais idirlinne dá dtagraítear in Airteagail 31 agus 32, chun críocha aon chirt nó oibleagáide a bhaineann le rannpháirtíocht i mbonneagar margaidh;
(e)a cheangal ar an ngnóthas faoi réiteach nó ar an bhfaighteoir faisnéis agus cúnamh a sholáthar dá chéile;
(f)téarmaí conartha ar páirtí ann an gnóthas faoi réiteach a chealú nó a mhodhnú nó faighteoir a chur ina ionad mar pháirtí.
(g)aon cheart athárachais lena gcumhdaítear éilimh árachais aistrithe a aistriú gan toiliú an ghnóthais athárachais i gcás ina n‑aistríonn an t‑údarás réitigh sócmhainní agus dliteanais an ghnóthais faoi réiteach go hiomlán nó go páirteach chuig eintiteas eile.
chun críocha phointe (a), aon cheart cúitimh a sholáthraítear i gcomhréir leis an Treoir seo, ní mheasfar gur dliteanas ná eire é;
2.Feidhmeoidh na húdaráis réitigh na cumhachtaí a shonraítear i mír 1 i gcás ina measann siad feidhmiú den sórt sin a bheith iomchuí chun a áirithiú go mbeidh gníomhaíocht réitigh éifeachtach nó chun cuspóir réitigh amháin nó níos mó a bhaint amach.
3.Áiritheoidh na Ballstáit maidir le húdaráis réitigh a fheidhmíonn cumhacht réitigh go mbeidh an chumhacht acu foráil a dhéanamh maidir leis na socruithe leanúnachais is gá chun a áirithiú go mbeidh an ghníomhaíocht réitigh éifeachtach agus, i gcás inarb ábhartha, chun a áirithiú go bhféadfaidh an faighteoir an gnó arna aistriú a oibriú. Áireofar leis na socruithe leanúnachais sin, go háirithe:
(a)leanúnachas na gconarthaí arna ndéanamh ag an ngnóthas faoi réiteach, ionas go ngabhfaidh an faighteoir cearta agus dliteanais an ghnóthais faoi réiteach air féin, ar cearta agus dliteanais iad a bhaineann le haon ionstraim airgeadais, ceart, sócmhainn nó dliteanas arna haistriú nó arna aistriú agus go gcuirfear in ionad an ghnóthais faoi réiteach é, go sainráite nó go hintuigthe sna doiciméid chonarthacha ábhartha uile;
(b)an faighteoir a chur in ionad an ghnóthais faoi réiteach in aon imeacht dlí a bhaineann le haon ionstraim airgeadais, ceart, sócmhainn nó dliteanas arna haistriú nó arna aistriú.
4.Ní dhéanfaidh na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 1, i bpointe (d) agus i mír 3, pointe (b), difear don méid seo a leanas:
(a)ceart fostaí de chuid an ghnóthais faoi réiteach conradh fostaíochta a fhoirceannadh;
(b)faoi réir Airteagal 47, 48 agus 49, aon cheart de chuid páirtí chun conartha cearta a fheidhmiú faoin gconradh, lena n‑áirítear an ceart foirceanta, i gcás ina bhfuiltear i dteideal déanamh amhlaidh i gcomhréir le téarmaí an chonartha de bhua gníomh nó neamhghníomh arna dhéanamh ag an ngnóthas faoi réiteach roimh an aistriú ábhartha, nó ag an bhfaighteoir tar éis thabhairt i gcrích an aistrithe lena mbaineann.
Airteagal 42
Bainistíocht speisialta
1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis réitigh bainisteoir speisialta a cheapadh in ionad chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an ghnóthais faoi réiteach. Áiritheoidh na Ballstáit chomh maith go bhfuil na cáilíochtaí, an cumas agus an t‑eolas ag an mbainisteoir speisialta chun a chuid nó a cuid feidhmeanna a chomhlíonadh.
2.Beidh cumhachtaí uile de chuid na scairshealbhóirí agus chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an ghnóthais árachais nó athárachais ag an mbainisteoir speisialta. Ní dhéanfaidh an bainisteoir speisialta na cumhachtaí sin a fheidhmiú ach amháin faoi rialú an údaráis réitigh. Féadfaidh an t‑údarás réitigh teorainn a chur le gníomhaíochtaí an bhainisteora speisialta nó toiliú a éileamh roimh ré do ghníomhartha áirithe.
Maidir leis an gceapachán dá dtagraítear i mír 1 agus na téarmaí agus na coinníollacha a ghabhann leis an gceapachán sin, déanfaidh an t‑údarás réitigh iad a phoibliú.
3.Beidh dualgas reachtúil ar an mbainisteoir speisialta gach beart is gá a dhéanamh chun na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 18 a chur chun cinn agus beidh dualgas air gníomhaíochtaí réitigh a rinne an t‑údarás réitigh a chur chun feidhme. I gcás neamhréireachta nó coinbhleachta le haon dualgas bainistíochta eile atá leagtha síos i reachtanna an ghnóthais nó sa dlí náisiúnta, beidh sáraíocht ag an dualgas reachtúil sin ar an dualgas eile sin.
4.Ceanglóidh na Ballstáit ar an mbainisteoir speisialta sin tuarascálacha a tharraingt suas le haghaidh an údaráis réitigh ceapacháin a cheap iad féin ar eatraimh thráthrialta arna leagan amach ag an údarás réitigh agus ag tús théarma a shainordaithe agus ag deireadh théarma a sainordaithe. Beidh tuairisc mhionsonraithe sna tuarascálacha sin ar staid airgeadais an ghnóthais faoi réiteach agus sonrófar na cúiseanna a bheidh leis na bearta a dhéanfar.
5.Féadfaidh an t‑údarás réitigh an bainisteoir speisialta a chur as oifig am ar bith.
Airteagal 43
An chumhacht soláthar seirbhísí oibríochtúla agus saoráidí a éileamh
1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag na húdaráis réitigh a cheangal ar ghnóthas faoi réiteach, nó ar aon cheann dá ghrúpeintitis, aon seirbhís oibríochtúil nó saoráid is gá a sholáthar le go mbeidh faighteoir in ann an gnó a aistrítear chuige a oibriú go héifeachtach, lena n‑áirítear i gcás ina bhfuil an gnóthas faoi réiteach nó grúpeintiteas ábhartha tar éis dul i mbun gnáthimeachtaí dócmhainneachta.
2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag a n‑údaráis réitigh chun oibleagáidí a fhorfheidhmiú, ar oibleagáidí iad arna bhforchur, de bhun mhír 1, ar ghrúpeintitis arna mbunú ina gcríoch ag údaráis réitigh arna mbunú i mBallstáit eile.
3.Is ar na téarmaí seo a leanas a bheidh na seirbhísí oibríochtúla agus na saoráidí arna soláthar i gcomhréir le míreanna 1 agus 2:
(a)i gcás ina ndéantar na seirbhísí oibríochtúla agus na saoráidí a sholáthar don ghnóthas faoi réiteach faoi chomhaontú go díreach sula ndéantar an ghníomhaíocht réitigh agus ar feadh ré an chomhaontaithe sin, ar na téarmaí céanna;
(b)i gcás nach ann d’aon chomhaontú nó i gcás ina n‑éagtar an comhaontú, ar théarmaí réasúnacha.
Airteagal 44
Cumhacht a bheith ag Ballstáit eile chun bearta bainistíochta géarchéime a fhorfheidhmiú
1.Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndéantar sócmhainní a áireamh le haistriú scaireanna, ionstraimí úinéireachta eile, nó sócmhainní, ceart nó dliteanas, ar sócmhainní iad atá lonnaithe i mBallstát cé is moite de Stát an údaráis réitigh nó lena n‑áirítear cearta nó dliteanais faoi dhlí Ballstáit cé is moite de Stát an údaráis réitigh, go mbeidh éifeacht leis an aistriú i ndlí an Bhallstáit eile sin nó faoin dlí sin.
2.Soláthróidh na Ballstáit an cúnamh réasúnach uile don údarás réitigh a mbeidh an t‑aistriú déanta aige nó a bhfuil sé beartaithe aige é a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar na scaireanna nó na hionstraimí úinéireachta eile nó na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais a aistriú chuig an bhfaighteoir i gcomhréir le haon cheanglas is infheidhme den dlí náisiúnta.
3.Áiritheoidh na Ballstáit maidir le scairshealbhóirí, le creidiúnaithe agus le tríú páirtithe dá ndéantar difear le haistriú scaireanna, ionstraimí úinéireachta eile, sócmhainní, ceart nó dliteanas dá dtagraítear i mír 1, nach mbeidh siad i dteideal an t‑aistriú a chosc, agóid a dhéanamh ina choinne nó é a chur i leataobh faoi aon fhoráil de dhlí an Bhallstáit ina bhfuil na sócmhainní lonnaithe nó den dlí lena rialáiltear na scaireanna, na hionstraimí úinéireachta eile, na cearta nó na dliteanais.
4.Áiritheoidh na Ballstáit go laghdófar príomhshuim na n‑ionstraimí caipitil, na n‑ionstraimí fiachais nó na ndliteanas incháilithe eile, nó go ndéanfar na dliteanais nó na hionstraimí sin a chomhshó, i gcomhréir le feidhmiú cumhachtaí díluachála nó comhshó ag údarás réitigh de chuid Ballstáit eile ar ghnóthas faoi réiteach, más rud é, maidir leis na dliteanais nó na hionstraimí ábhartha:
(a)go rialáiltear iad le dlí an Bhallstáit seachas Ballstát an údaráis réitigh a d’fheidhmigh na cumhachtaí díluachála nó comhshó;
(b)go bhfuil siad dlite do chreidiúnaithe atá lonnaithe sa Bhallstát seachas Ballstát an údaráis réitigh a d’fheidhmigh na cumhachtaí díluachála nó comhshó.
5.Na creidiúnaithe a ndéanann feidhmiú na gcumhachtaí díluachála nó comhshó dá dtagraítear i mír 4 difear dóibh, áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh siad i dteideal agóid a dhéanamh i gcoinne an laghdaithe ar phríomh‑mhéid na hionstraime nó an dliteanais nó i gcoinne an chomhshó, de réir mar a bheidh, faoi aon fhoráil dhlí an Bhallstáit cé is moite de Bhallstát an údaráis réitigh a d’fheidhmigh na cumhachtaí díluachála nó comhshó.
6.Áiritheoidh gach Ballstát go gcinnfear an méid seo uile a leanas i gcomhréir le dlí Bhallstát an údaráis réitigh:
(a)ceart scairshealbhóirí, creidiúnaithe agus tríú páirtithe agóid a dhéanamh, trí bhíthin achomharc faoi mar a leagtar síos in Airteagal 65, i gcoinne aistriú scaireanna, ionstraimí úinéireachta eile, sócmhainní, ceart nó dliteanas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo;
(b)ceart creidiúnaithe agóid a dhéanamh, trí bhíthin achomharc faoi mar a leagtar síos in Airteagal 65, i gcoinne an laghdaithear phríomh‑mhéid, nó ar chomhshó, ar ionstraime nó dliteanais a chumhdaítear le mír 4, pointí (a) nó (b), den Airteagal seo;
(c)na coimircí le haghaidh aistrithe páirteacha, dá dtagraítear i gCaibidil V, i ndáil leis na sócmhainní, cearta nó dliteanais dá dtagraítear i mír 1.
Airteagal 45
Cumhacht i leith sócmhainní, cearta, dliteanais, scaireanna agus ionstraimí úinéireachta eile atá lonnaithe i dtríú tíortha nó atá á rialú faoi dhlí na dtíortha sin.
1.Déanfaidh na Ballstáit foráil, i gcásanna ina mbaineann gníomhaíocht le gníomhaíocht réitigh, ar gníomhaíocht í arna déanamh i leith sócmhainní atá lonnaithe i dtríú tír nó scaireanna, ionstraimí úinéireachta eile, cearta nó dliteanais arna rialáil le dlí tríú tír, go bhféadfaidh na húdaráis réitigh an méid seo a leanas a cheangal:
(a)an duine a chuireann smacht i bhfeidhm ar an ngnóthas faoi réiteach agus ar an bhfaighteoir, déanfaidh sé gach beart is gá chun a áirithiú go mbeidh éifeacht leis an ngníomhaíocht réitigh;
(b)an duine a chuireann smacht i bhfeidhm ar an ngnóthas faoi réiteach, coinneoidh sé na scaireanna, na hionstraimí úinéireachta eile, na sócmhainní nó na cearta nó déanfaidh sé na dliteanais a urscaoileadh thar ceann an fhaighteora go dtí go dtagann an ghníomhaíocht chun bheith éifeachtach;
(c)go ndéanfar speansais réasúnacha an fhaighteora, arna dtabhú go cuí agus aon ghníomhaíocht a cheanglaítear faoi phointe (a) agus faoi phointe (b) a íoc in aon cheann de na bealaí dá dtagraítear in Airteagal 26(5).
2.Chun gníomhaíocht fhéideartha a dhéanamh de bhun mhír 1 den Airteagal seo a éascú, ceanglóidh na Ballstáit ar ghnóthais árachais nó athárachais agus eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e), téarmaí conarthacha a áireamh sna comhaontuithe gaolmhara faoina n‑aithníonn scairshealbhóirí, creidiúnaithe nó páirtithe sa chomhaontú lena gcruthaítear an dliteanas, go bhféadfadh an dliteanas a bheith faoi réir cumhachtaí díluachála nó comhshó agus a chomhaontú go mbeidh siad faoi cheangal ag aon laghdú ar an bpríomhshuim nó ar an méid gan íoc atá dlite, ag comhshó nó ag cealú a chuirfear i gcrích trí fheidhmiú na gcumhachtaí sin ag údarás réitigh.
Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis réitigh a cheangal ar ghnóthais árachais nó athárachais agus eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b) go pointe (e), tuairim dhlíthiúil réasúnaithe ó shaineolaí dlíthiúil neamhspleách a thabhairt do na húdaráis réitigh sin lena ndeimhnítear in‑fhorfheidhmitheacht dhlíthiúil agus éifeachtacht na dtéarmaí conarthacha sin.
3.I gcás ina measann an t‑údarás réitigh, d’ainneoin na mbeart uile is gá arna ndéanamh ag an duine a chuireann smacht i bhfeidhm ar an ngnóthas faoi réiteach i gcomhréir le mír 1, pointe (a), gur caolseans go dtiocfaidh an ghníomhaíocht réitigh chun bheith éifeachtach i ndáil le sócmhainní áirithe atá lonnaithe i dtríú tír nó le scaireanna áirithe, ionstraimí úinéireachta eile, cearta nó dliteanais a rialaítear faoi dhlí tríú tír, ní rachaidh an t‑údarás réitigh ar aghaidh leis an ngníomhaíocht réitigh. I gcás inar ordaigh an t‑údarás réitigh an ghníomhaíocht réitigh cheana, beidh an t‑ordú sin ar neamhní i ndáil leis na sócmhainní, leis na scaireanna, leis na hionstraimí úinéireachta, leis na cearta nó leis na dliteanais lena mbaineann.
Airteagal 46
Téarmaí conartha áirithe a eisiamh
1.Beart coiscthe géarchéime nó beart bainistíochta géarchéime arna dhéanamh i ndáil le heintiteas, lena n‑áirítear le tarlú aon teagmhas atá nasctha go díreach le cur i bhfeidhm birt den sórt sin, ní mheasfar, per se, faoi chonradh arna dhéanamh ag an eintiteas lena mbaineann, gur teagmhas forfheidhmiúcháin de réir bhrí Threoir 2002/47/CE é nó gur imeachtaí dócmhainneachta de réir bhrí Threoir 98/26/CE é, ar choinníoll go leanfar de na hoibleagáidí substainteacha faoin gconradh sin, lena n‑áirítear oibleagáidí íocaíochta agus seachadta agus soláthar comhthaobhachta, a chomhlíonadh.
Ina theannta sin, ní mheasfar, per se, gur teagmhas forfheidhmiúcháin laistigh de bhrí Threoir 2002/47/CE nó imeachtaí dócmhainneachta laistigh de bhrí Threoir 98/26/CE é beart coiscthe géarchéime nó beart bainistíochta géarchéime faoi chonradh arna dhéanamh ag:
(a)fochuideachta, i gcás ina ráthaíonn nó ina dtacaíonn an máthairghnóthas nó grúpeintiteas ar bith leis na hoibleagáidí faoin gconradh sin; nó
(b)aon ghrúpeintiteas, i gcás ina bhfuil forálacha trasmhainneachtana sa chonradh.
2.I gcás ina n‑aithnítear imeachtaí réitigh de chuid tríú tír de bhun Airteagal 73, nó in éagmais aitheantais den sórt sin i gcás ina gcinneann údarás réitigh amhlaidh, beart bainistíochta géarchéime a bheidh in imeachtaí réitigh tríú tír chun críocha an Airteagail seo.
3.Ar choinníoll go leantar de na hoibleagáidí substainteacha faoin gconradh a chomhlíonadh, lena n‑áirítear oibleagáidí íocaíochta agus seachadta, agus soláthar comhthaobhachta, le beart coiscthe géarchéime nó le beart bainistíochta géarchéime, lena n‑áirítear le haon teagmhas atá nasctha go díreach le cur i bhfeidhm birt den sórt sin, ní bheidh aon duine in ann, per se:
(a)aon fhoirceannadh, fionraíocht, modhnú, glanluacháil ná fritháireamh ceart a fheidhmiú, lena n‑áirítear i ndáil le conradh arna dhéanamh ag:
(i)fochuideachta, i gcás ina ráthaíonn grúpeintiteas oibleagáidí faoin gconradh nó i gcás ina dtacaíonn sé leo ar shlí eile;
(ii)aon ghrúpeintiteas, i gcás ina bhfuil forálacha trasmhainneachtana sa chonradh;
(b)seilbh a fháil nó ceannas a fheidhmiú ar aon mhaoin nó aon urrús a fhorfheidhmiú thar mhaoin an ghnóthais árachais nó athárachais, nó ar an eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e) lena mbaineann nó ar aon ghrúpeintiteas i ndáil le conradh ina bhfuil forálacha trasmhainneachtana;
(c)difear a dhéanamh d’aon cheart conarthach de chuid an ghnóthais árachais nó athárachais nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e) lena mbaineann nó d’aon ghrúpeintiteas i ndáil le conradh ina bhfuil forálacha trasmhainneachtana.
4.Ní dhéanfaidh míreanna 1, 2 agus 3 difear do cheart duine gníomhaíocht dá dtagraítear i mír 3, pointí (a), (b) nó (c) a dhéanamh i gcás ina n‑eascraíonn an ceart sin de bhua teagmhais seachas an beart coiscthe géarchéime, an beart bainistíochta géarchéime nó de bhua tarlú aon teagmhais atá nasctha go díreach le cur i bhfeidhm birt den sórt sin.
5.I gcás fionraíochta nó sriain faoi Airteagail 47 nó 48, ní neamhchomhlíontacht oibleagáid conarthach a bheidh ann chun críocha mhíreanna 1 agus 3 den Airteagal seo agus d’Airteagal 49(1).
6.Measfar gur forálacha sainordaitheacha sáraitheacha a bheidh sna forálacha san Airteagal seo de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Airteagal 47
Cumhacht chun oibleagáidí ar leith a fhionraí
1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag na húdaráis réitigh aon oibleagáid íocaíochta nó seachadta a fhionraí, de bhun aon chonradh ar páirtí ann an gnóthas faoi réiteach, ón tráth a fhoilsítear fógra den fhionraíocht i gcomhréir le hAirteagal 63(3) go meán oíche i mBallstát an údaráis réitigh de chuid an ghnóthais faoi réiteach i ndeireadh an lae gnó tar éis an fhoilseacháin sin.
2.I gcás ina mbeadh oibleagáid íocaíochta nó seachadta dlite le linn na tréimhse fionraí dá dtagraítear i mír 1, beidh sí dlite go díreach ar dhul in éag thréimhse na fionraí.
3.Maidir le hoibleagáidí íocaíochta nó seachadta faoi chonradh atá ar ghnóthas faoi réiteach, i gcas ina bhfionraítear iad i gcomhréir le mhír 1, cuirfear oibleagáidí íocaíochta nó seachadta chontrapháirtithe an ghnóthais faoi réiteach atá faoin gconradh sin ar fionraí le haghaidh na tréimhse céanna.
4.Ní bheidh feidhm ag aon fhionraíocht a dhéanfar faoi mhír 1 i leith oibleagáidí íocaíochta agus seachadta is dlite dóibh seo a leanas:
(a)córais gona n‑oibreoirí arna n‑ainmniú i gcomhréir le Treoir 98/26/CE;
(b)contrapháirtithe lárnacha arna n‑údarú san Aontas de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus contrapháirtithe lárnacha tríú tír arna n‑aithint ag ESMA de bhun Airteagal 25 den Rialachán sin;
5.Agus cumhacht á feidhmiú faoin Airteagal seo, féachfaidh na húdaráis réitigh don tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag feidhmiú na cumhachta sin.
Déanfaidh na húdaráis réitigh raon na cumhachta sin a shocrú de réir cúinsí gach aon chás.
Airteagal 48
Cumhacht chun teorainn a chur le leasanna urrúis a fhorghníomhú
1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag na húdaráis réitigh creidiúnaithe urraithe de chuid gnóthais faoi réiteach a shrianadh ó leasanna urrúis a fhorfheidhmiú i ndáil le haon sócmhainn de chuid an ghnóthais sin faoi réiteach ón tráth a fhoilseofar fógra maidir leis an srianadh i gcomhréir le hAirteagal 63(3) go meán oíche i mBallstát údarás réitigh an ghnóthais faoi réiteach i ndeireadh an lae gnó tar éis an fhoilseacháin sin.
2.Ní bheidh feidhm ag aon srian faoi mhír 1 maidir leis an méid seo a leanas:
(a)leas urrúis córas nó oibreoirí córas a ainmneofar chun críocha Threoir 98/26/CE;
(b)contrapháirtithe lárnacha arna n‑údarú san Aontas de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus contrapháirtithe lárnacha tríú tír arna n‑aithint ag ESMA de bhun Airteagal 25 den Rialachán sin;
3.I gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 60, áiritheoidh na húdaráis réitigh go mbeidh aon srian arna fhorchur de bhun na cumhachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo comhsheasmhach le haghaidh na ngrúpeintiteas uile a ndéantar gníomhaíocht réitigh i ndáil leo.
Airteagal 49
Cumhacht chun cearta foirceanta a fhionraí go sealadach
1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag na húdaráis réitigh cearta foirceanta aon pháirtí conartha le gnóthas faoi réiteach a fhionraí ón tráth a fhoilseofar an fógra i gcomhréir le hAirteagal 63(3) go meán oíche i mBallstát údarás réitigh an ghnóthais faoi réiteach i ndeireadh an lae gnó tar éis an fhoilseacháin sin, ar choinníoll go leantar de na hoibleagáidí íocaíochta agus seachadta a chomhlíonadh agus de chomhthaobhacht a sholáthar.
2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag na húdaráis réitigh cearta foirceanta aon pháirtí conartha le fochuideachta de chuid gnóthais faoi réiteach a fhionraí i gcás ina bhfuil feidhm ag aon cheann de na nithe seo a leanas:
(a)ráthóidh an gnóthas faoi réiteach na hoibleagáidí faoin gconradh sin nó tacóidh an institiúid sin leo;
(b)ní bheidh na cearta foirceanta faoin gconradh sin bunaithe ach amháin ar dhócmhainneacht nó ar staid airgeadais an ghnóthais faoi réiteach;
(c)i gcás aistriú cumhachta arna fheidhmiú nó a fhéadfar a fheidhmiú i ndáil leis an ngnóthas faoi réiteach:
(i)beidh sócmhainní agus dliteanais uile na fochuideachta a bhaineann leis an gconradh sin aistrithe chuig an bhfaighteoir nó féadfar iad a aistriú chuige agus beidh siad gafa ag an bhfaighteoir air féin iad nó féadfaidh sé iad a ghabháil air féin; nó
(ii)soláthróidh an t‑údarás réitigh cosaint leordhóthanach ar aon bhealach eile le haghaidh na n‑oibleagáidí sin.
Beidh éifeacht le fionraíocht na gceart foirceanta ón tráth a fhoilseofar an fógra i gcomhréir le hAirteagal 63(3) go meán oíche sa Bhallstát ina bhfuil fochuideachta an ghnóthais faoi réiteach bunaithe an lá gnó tar éis an fhoilseacháin sin.
3.Ní bheidh feidhm ag aon fhionraíocht faoi mhír 1 nó mír 2 maidir leis an méid seo a leanas:
(a)córais agus oibreoirí córas chun críocha Threoir 98/26/CE, nó
(b)contrapháirtithe lárnacha arna n‑údarú san Aontas de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus contrapháirtithe lárnacha tríú tír arna n‑aithint ag ESMA de bhun Airteagal 25 den Rialachán sin;
4.Féadfaidh duine ceart foirceanta a fheidhmiú faoi chonradh roimh dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír 1 nó i mír 2 i gcás ina bhfaigheann an duine sin fógra ón údarás réitigh maidir leis na cearta agus leis na dliteanais arna gcumhdach leis an gconradh, ar fógra é á rá:
(a)nach n‑aistreofar an conradh sin chuig eintiteas eile; nó
(b)faoi réir díluachála nó comhshó i gcomhréir le hAirteagal 34(1), pointe (a).
5.I gcás ina bhfeidhmíonn údarás réitigh an chumhacht a shonraítear i mír 1 nó i mír 2 den Airteagal seo chun cearta foirceanta a fhionraí, agus i gcás nach mbeidh aon fhógra tugtha de bhun mhír 4 den Airteagal seo, féadfar na cearta foirceanta sin a fheidhmiú ar dhul in éag na tréimhse fionraí, faoi réir Airteagal 46, mar a leanas:
(a)I gcás ina mbeidh na cearta agus na dliteanais arna gcumhdach faoin gconradh aistrithe chuig eintiteas eile, ní fhéadfaidh contrapháirtí na cearta foirceanta sin a fheidhmiú i gcomhréir le téarmaí an chonartha sin ach amháin i gcás aon teagmhas forfheidhmiúcháin leanúnach nó iardain de chuid an fhaighteora;
(b)i gcás ina bhfanann na cearta agus na dliteanais arna gcumhdach leis an gconradh leis an ngnóthas faoi réiteach agus mura mbeidh an uirlis díluachála nó chomhshó curtha i bhfeidhm ag an údarás réitigh ar an gconradh sin chun na críche a leagtar síos in Airteagal 34(1), pointe (a), féadfaidh contrapháirtí na cearta foirceanta sin a fheidhmiú i gcomhréir le téarmaí an chonartha sin ar dhul in éag fionraíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
Airteagal 50
Aitheantas conarthach a thabhairt do chumhachtaí um bac réitigh
1.Ceanglóidh Ballstáit ar ghnóthais árachais agus athárachais agus ar eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e) d'Airteagal 1(1) téarmaí a áireamh in aon chonradh airgeadais a dhéanfaidh siad agus atá faoi rialú dlíthe tríú tír, ar téarmaí iad lena n‑aithníonn na páirtithe go bhféadfadh an conradh airgeadais a bheith faoi réir feidhmiú cumhachtaí an údaráis réitigh cearta agus oibleagáidí a fhionraí nó a shrianadh de réir Airteagal 47, Airteagal 48 agus Airteagal 49 agus go bhfuil siad faoi cheangal cheanglais Airteagal 46.
2.D'fhéadfadh Ballstáit a cheangal chomh maith go n‑áiritheoidh máthairghnóthais deiridh go ndéanfaidh a gcuid fochuideachtaí tríú tír, fochuideachtaí ar gnóthais árachais nó athárachais iad nó ar eintitis iad dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e), téarmaí a áireamh ina gcuid conarthaí airgeadais dá dtagraítear i mír 1, ar téarmaí iad lena n‑eisiafar gur forais bhailí le haghaidh luathfhoirceanta, fionraíochta, modhnaithe, glanluachála, feidhmiú cearta fritháirimh, nó forghníomhú leasanna urrúis i ndáil leis na conarthaí sin feidhmiú chumhacht an údaráis réitigh cearta agus oibleagáidí máthairghnóthais deiridh a fhionraí nó a shrianadh.
3.Beidh feidhm ag mír 1 maidir le haon chonradh airgeadais:
(a)ar conradh é a chruthaíonn oibleagáid nua nó a leasaíonn go suntasach oibleagáid atá ann cheana tar éis theacht i bhfeidhm na bhforálacha arna nglacadh ar an leibhéal náisiúnta chun an tAirteagal seo a thrasuí;
(b)ar conradh é lena bhforáiltear d'fheidhmiú ceart foirceanta amháin nó níos mó, nó d'fheidhmiú cearta chun leasanna urrúis a fhorfheidhmiú a mbeadh feidhm ag Airteagal 46, 47, 48 nó 49 ina leith dá mbeadh an conradh airgeadais á rialú ag dlíthe Ballstáit.
4.I gcás nach n‑áiríonn gnóthas árachais nó athárachais nó eintiteas mar a thagraítear dó in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e) ina chonarthaí airgeadais na téarmaí conarthacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ní chuirfidh sin cosc leis an údarás réitigh na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 46, 47, 48 nó 49 a chur i bhfeidhm maidir leis an gconradh airgeadais sin.
5.Forbróidh ÚEÁPC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun inneachar an téarma chonarthaigh dá dtagraítear i mír 1 a shonrú, agus samhlacha gnó éagsúla gnóthas árachais agus athárachais agus eintiteas á gcur san áireamh.
Cuirfidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach].
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.
Airteagal 51
Cumhacht chun cearta fuascailte a fhionraí go sealadach
1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag údaráis réitigh cearta fuascailte sealbhóirí polasaí a shrianadh nó a fhionraí go sealadach i ndáil le conarthaí árachais saoil a scríobh an gnóthas faoi réiteach, ar choinníoll go leanfar de na hoibleagáidí substainteacha faoi na conarthaí, agus go háirithe oibleagáidí íocaíochta chun leasa sealbhóirí polasaí, tairbhithe nó daoine díobhálaithe, a fheidhmiú.
2.Ní bhainfear úsáid as an gcumhacht dá dtagraítear i mír 1 ach amháin cibé fad is gá chun cur i bhfeidhm ceann amháin nó níos mó de na huirlisí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 26(3) a éascú. Beidh an chumhacht sin bailí ar feadh na tréimhse ama a shonrófar san fhógra fionraí a fhoilseofar i gcomhréir le hAirteagal 63(3).
Airteagal 52
Feidhmiú na gcumhachtaí réitigh
1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na húdaráis réitigh in ann ceannas a fheidhmiú ar an ngnóthas faoi réiteach chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)gníomhaíochtaí an ghnóthais faoi réiteach a oibriú agus seirbhísí na hinstitiúide sin a sholáthar le cumhachtaí uile a chuid scairshealbhóirí agus an chomhlachta riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta;
(b)sócmhainní agus maoin an ghnóthais faoi réiteach a bhainistiú agus a dhiúscairt.
Féadfaidh an t‑údarás réitigh an ceannas dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fheidhmiú go díreach nó féadfaidh duine nó daoine arna gceapadh ag an údarás réitigh a dhéanamh amhlaidh go hindíreach. Áiritheoidh na Ballstáit maidir le cearta vótála arna dtabhairt le scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile de chuid an ghnóthais faoi réiteach nach bhféadfar iad a fheidhmiú le linn na tréimhse réitigh.
2.Áiritheoidh na Ballstáit maidir leis na húdaráis réitigh, faoi réir an chirt chun achomhairc dá dtagraítear in Airteagal 65(1), go mbeidh siad in ann gníomhaíocht réitigh a dhéanamh trí ord feidhmiúcháin i gcomhréir le hinniúlachtaí agus nósanna imeachta riaracháin náisiúnta, gan smacht a chur i bhfeidhm ar an ngnóthas atá faoi réiteach.
3.Cinnfidh na húdaráis réitigh i ngach cás ar leith an iomchuí an ghníomhaíocht réitigh a dhéanamh trí na modhanna a shonraítear i mír 1 nó i mír 2, agus aird á tabhairt ar na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 18 agus ar na prionsabail ghinearálta lena rialáiltear an réiteach dá dtagraítear in Airteagal 22, ar imthosca sonracha an ghnóthais faoi réiteach atá i gceist agus ar an ngá atá le réiteach éifeachtach grúpaí trasteorann a éascú.
4.Ní mheasfar gur scáthstiúrthóirí ná stiúrthóirí de facto faoin dlí náisiúnta iad na húdaráis réitigh.
CAIBIDIL V
Coimircí
Airteagal 53
An chóir a chuirtear ar scairshealbhóirí agus ar chreidiúnaithe i gcás aistrithe páirteacha agus chur i bhfeidhm na huirlise díluachála nó comhshó
1.Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inar cuireadh ceann amháin nó níos mó de na huirlisí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 26(3) i bhfeidhm, seachas i gcás a bhfuil tuairisc air sa dara fomhír, agus i gcás nach n‑aistríonn na húdaráis réitigh ach codanna de chearta, de shócmhainní agus de dhliteanais an ghnóthais faoi réiteach, gurb éard a gheobhaidh na scairshealbhóirí agus na creidiúnaithe, nár aistríodh a n‑éilimh, mar shásamh ar a n‑éilimh an méid céanna ar a laghad a gheobhaidís dá ndéanfaí an gnóthas faoi réiteach a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta an tráth a rinneadh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 62;
2.Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inar cuireadh ceann amháin nó níos mó de na huirlisí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 26(3) i bhfeidhm agus i gcás ina gcuireann na húdaráis réitigh an uirlis díluachála nó comhshó i bhfeidhm, na scairshealbhóirí agus na creidiúnaithe a ndearnadh a n‑éilimh a dhíluacháil nó a chomhshó ina gcothromas, ní thabhaíonn siad caillteanais is mó ná na caillteanais a thabhóidís dá ndéanfaí an gnóthas faoi réiteach a fhoirceannadh láithreach faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta an tráth a rinneadh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 62.
Airteagal 54
Luacháil ar dhifríocht chóra
1.Chun a mheasúnú an gcuirfí cóir níos fearr ar scairshealbhóirí agus ar chreidiúnaithe dá rachadh an gnóthas faoi réiteach faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, áiritheoidh na Ballstáit, go ndéanfaidh duine neamhspleách luacháil a luaithe is féidir tar éis an ghníomhaíocht nó na gníomhaíochtaí réitigh a dhéanamh. Beidh an luacháil sin éagsúil leis an luacháil arna déanamh faoi Airteagal 23.
2.Leis an luacháil dá dtagraítear i mír 1, cinnfear:
(a)an chóir a chuirtear ar scairshealbhóirí agus ar chreidiúnaithe, nó ar na scéimeanna ráthaíochta árachais ábhartha, dá rachadh an gnóthas faoi réiteach, ar ina leith a rinneadh an ghníomhaíocht réitigh nó na gníomhaíochtaí réitigh, i mbun gnáthimeachtaí dócmhainneachta an tráth a rinneadh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 62;
(b)an chóir a cuireadh go fíor ar scairshealbhóirí agus ar chreidiúnaithe, i ndáil le réiteach na hinstitiúide faoi réiteach;
(c)an bhfuil nó nach bhfuil aon difríocht ann idir an chóir dá dtagraítear i bpointe (a) agus an chóir dá dtagraítear i bpointe (b).
3.Leis an luacháil:
(a)glacfar leis go rachadh an gnóthas faoi réiteach, ar ina leith a dhéanfaí an ghníomhaíocht réitigh nó na gníomhaíochtaí réitigh, i mbun gnáthimeachtaí dócmhainneachta an tráth a rinneadh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 62;
(b)glacfar leis nach mbeidh éifeacht tugtha don ghníomhaíocht ná do ghníomhaíochtaí réitigh;
(c)tabharfar neamhaird ar aon soláthar i leith tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách don ghnóthas faoi réiteach.
4.Déanfaidh ÚEÁPC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonraítear an mhodheolaíocht chun an luacháil a dhéanamh san Airteagal seo, go háirithe an mhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar an gcóir a chuirfí ar scairshealbhóirí agus ar chreidiúnaithe dá rachadh an gnóthas faoi réiteach i mbun imeachtaí dócmhainneachta an tráth a rinneadh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 62.
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.
Airteagal 55
Coimirce le haghaidh scairshealbhóirí agus creidiúnaithe
Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina gcinntear leis an luacháil arna déanamh faoi Airteagal 54 gur mó na caillteanais a thabhaigh aon scairshealbhóir nó creidiúnaí dá dtagraítear in Airteagal 53, nó, i gcás inarb ábhartha, sa scéim ráthaíochta taiscí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, ná na caillteanais a thabhódh sé i gcás foirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, go mbeidh sé i dteideal íocaíocht na difríochta.
Airteagal 56
Coimirce le haghaidh contrapháirtithe in aistrithe páirteacha
1.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na socruithe seo a leanas agus na contrapháirtithe sna socruithe seo a leanas a chosaint go hiomchuí:
(a)socruithe slándála, faoina bhfuil leas iarbhír nó teagmhasach ag duine, trí bhíthin slándála, sna sócmhainní nó sna cearta atá faoi réir aistriú, beag beann ar pé acu a urraítear an leas sin le sócmhainní nó le cearta sonracha nó trí bhíthin muirear comhlúthach nó socrú cosúil;
(b)socruithe comhthaobhachta airgeadais lena mbaineann aistriú teidil faoina soláthraítear comhthaobhacht chun feidhmiú oibleagáidí sonraithe a urrú nó a chumhdach trí aistriú úinéireachta iomláine sócmhainní ó sholáthraí na comhthaobhachta chuig an nglacadóir comhthaobhachta, ar théarmaí lena ndéantar foráil maidir le haistriú sócmhainní arna dhéanamh ag an nglacadóir comhthaobhachta i gcás ina gcomhlíontar na hoibleagáidí sonraithe sin;
(c)socruithe fritháirimh faoina bhféadfar dhá éileamh nó oibleagáid nó níos mó ná sin is dlite idir an gnóthas faoi réiteach agus contrapháirtí a fhritháireamh in aghaidh a chéile;
(d)socruithe glanluachála;
(e)polasaithe aonadnasctha nó punanna imfhálaithe eile;
(f)comhaontuithe athárachais;
(g)socruithe airgeadais struchtúrtha, lena n‑áirítear urrúsuithe agus ionstraimí arna n‑úsáid chun críoch fálaithe atá mar chuid lárnach den chomhthiomsú cumhdaigh agus a urraítear de réir an dlí náisiúnta agus, lena mbaineann deonú agus sealbhú urrúis arna dhéanamh ag páirtí sa socrú nó ag iontaobhaí, ag gníomhaire nó ag ainmní.
An fhoirm chosanta is iomchuí le haghaidh aicmí na socruithe a shonraítear i bpointí (a) go (g) den mhír seo agus roghnófar iad i gcomhréir le hAirteagail 57 go 60.
2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag na cosaintí a shonraítear i mír 1 sna himthosca seo a leanas:
(a)aistríonn údarás réitigh roinnt de na sócmhainní, de na cearta nó de na dliteanais de chuid gnóthais faoi réiteach chuig eintiteas eile, ach ní aistríonn sé iad uile chuige, nó, i bhfeidhmiú uirlise réitigh mar a thagraítear dó in Airteagal 26(3), ó ghnóthas idirlinne nó ó ghléas bainistíochta sócmhainní agus dliteanas chuig duine eile;
(b)feidhmeoidh údarás réitigh na cumhachtaí a shonraítear in Airteagal 41(1), pointe (f).
3.Beidh feidhm ag an gceanglas faoi mhír 1 gan beann ar an líon páirtithe atá páirteach sna socruithe agus ar pé acu an amhlaidh, maidir leis na socruithe:
(a)a chruthaítear le conradh, le hiontaobhais nó ar mhodhanna eile iad, nó a eascraíonn siad go huathoibríoch le hoibriú an dlí;
(b)a eascraíonn siad nó a rialáiltear iad go hiomlán nó go páirteach le dlí Ballstáit eile nó tríú tír.
Airteagal 57
Comhaontuithe maidir le comhthaobhacht airgeadais, fritháireamh agus glanluacháil, agus comhaontuithe athárachais a chosaint
1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cosaint iomchuí ann le haghaidh socruithe comhthaobhachta airgeadais aistrithe teidil, socruithe fritháirimh agus glanluachála, agus comhaontuithe athárachais chun cosc a chur le haistriú roinnt de na cearta agus de na dliteanais, seachas iad uile, ar cearta agus dliteanais iad a chosnaítear faoi shocrú comhthaobhachta airgeadais aistrithe teidil, faoi shocrú fritháirimh nó faoi chomhaontú athárachais idir an gnóthas faoi réiteach agus duine eile mar aon le modhnú nó foirceannadh na gceart agus na ndliteanas a chosnaítear faoi shocrú comhthaobhachta airgeadais aistrithe teidil den sórt sin, faoi shocrú fritháirimh nó faoi shocrú glanluachála nó faoi chomhaontú athárachais trí chumhachtaí coimhdeacha a úsáid.
Chun críocha na chéad fhomhíre, caithfear le cearta agus le dliteanais mar chearta faoi chosaint faoi shocrú comhthaobhachta airgeadais aistrithe teidil, socrú fritháirimh agus glanluachála agus comhaontú athárachais ina bhfuil na páirtithe sa socrú nó an socrú féin i dteideal na cearta agus na dliteanais sin a fhritháireamh nó a ghlanluacháil.
2.D’ainneoin mhír 1, i gcás inar gá sin chun na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 18 a bhaint amach ar bhealach níos fearr agus go háirithe chun cosaint níos fearr a áirithiú do shealbhóirí polasaí, féadfaidh na húdaráis réitigh sócmhainní, cearta nó dliteanais atá ina gcuid de shocrú comhthaobhachta airgeadais aistrithe teidil, de shocrú fritháirimh agus glanluachála, nó de chomhaontú athárachais a aistriú, a mhodhnú nó a fhoirceannadh.
Airteagal 58
Cosaint i gcomhair socruithe urrúis
1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cosaint iomchuí ann i gcomhair dliteanais arna n‑urrú faoi shocrú slándála chun ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a chosc:
(a)aistriú sócmhainní a bhfuil an dliteanas arna urrú ina gcoinne mura ndéantar dliteanas agus sochar an urrúis a aistriú freisin;
(b)aistriú dliteanais urraithe mura ndéantar sochar an urrúis a aistriú freisin;
(c)aistriú shochar an urrúis mura ndéantar an dliteanas urraithe a aistriú freisin;
(d)modhnú nó foirceannadh socrú urrúis trí úsáid cumhachtaí coimhdeacha, i gcás inarb é an éifeacht a bheidh leis an modhnú sin nó leis an bhfoirceannadh sin go scoirfeadh an dliteanas de bheith urraithe.
2.D’ainneoin mhír 1, i gcás inar gá chun na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 18 a bhaint amach ar bhealach níos fearr agus chun cosaint níos fearr a áirithiú do shealbhóirí polasaí go háirithe, féadfaidh an t‑údarás réitigh sócmhainní, cearta nó dliteanais atá ina gcuid den socrú céanna a aistriú, a mhodhnú nó a fhoirceannadh.
Airteagal 59
Cosaint i gcomhair socruithe airgeadais struchtúrtha agus le i gcomhair punanna imfhálaithe eile
1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil cosaint iomchuí ann i gcomhair socruithe airgeadais struchtúrtha nó do phunanna imfhálaithe eile, lena n‑áirítear socruithe dá dtagraítear in Airteagal 56(1), pointí (e) agus (g), chun ceachtar díobh seo a leanas a chosc:
(a)aistriú roinnt de na sócmhainní, de na cearta agus de na dliteanais, ach gan iad uile, a chomhdhéanann socrú airgeadais struchtúrtha, nó atá mar chuid de, nó punanna imfhálaithe eile, lena n‑áirítear na socruithe dá dtagraítear in Airteagal 56(1), pointí (e) agus (g), ar páirtí ann an gnóthas faoi réiteach;
(b)foirceannadh nó modhnú a dhéanamh, trí chumhachtaí coimhdeacha a úsáid, ar shócmhainní, ar chearta agus ar dhliteanais a chomhdhéanann socrú airgeadais struchtúrtha, nó atá mar chuid de, nó punanna imfhálaithe eile, lena n‑áirítear socruithe dá dtagraítear in Airteagal 56(1), pointí (e) agus (g), ar páirtí ann an gnóthas faoi réiteach.
2.D’ainneoin mhír 1, i gcás inar gá sin chun na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 18 a bhaint amach ar bhealach níos fearr agus go háirithe chun cosaint níos fearr a áirithiú do shealbhóirí polasaí, féadfaidh na húdaráis réitigh sócmhainní, cearta nó dliteanais atá ina gcuid den socrú céanna a aistriú, a mhodhnú nó a fhoirceannadh.
Airteagal 60
Aistrithe páirteacha: córais um thrádáil, imréiteach agus socraíocht a chosaint
1.Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh cur i bhfeidhm uirlise réitigh, dá dtagraítear in Airteagal 26(3), difear d’oibriú na gcóras agus rialacha na gcóras a chumhdaítear le Treoir 98/26/CE, i gcás ina ndéanann an t‑údarás réitigh ceachtar den dá rud seo a leanas:
(a)aistríonn sé roinnt de na sócmhainní, de na cearta nó de na dliteanais de chuid gnóthais faoi réiteach chuig eintiteas eile, ach ní aistríonn sé iad uile chuige;
(b)úsáideann sé cumhachtaí coimhdeacha dá dtagraítear in Airteagal 41 chun téarmaí conartha ar páirtí ann an gnóthas faoi réiteach a chealú nó a leasú nó chun faighteoir a chur ina ionad mar pháirtí.
2.Maidir le haistriú, cealú nó leasú mar a thagraítear dóibh i mír 1 den Airteagal seo, ní dhéanfaidh siad:
(a)ordú aistrithe a chúlghairm de shárú ar Airteagal 5 de Threoir 98/26/CE;
(b)in‑fhorfheidhmitheacht orduithe aistrithe agus glanluachála a cheanglaítear le hAirteagail 3 agus 5 de Threoir 98/26/CE,úsáid cistí, urrús nó saoráidí creidmheasa a cheanglaítear le hAirteagal 4 den Treoir sin nó cosaint an tslándála comhthaobhachta a cheanglaítear le hAirteagal 9 den Treoir sin a mhodhnú nó a chur ar neamhní.
CAIBIDIL VI
Oibleagáidí nós imeachta
Airteagal 61
Ceanglais maidir le fógra
1.Ceanglóidh na Ballstáit ar chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta gnóthais árachais nó athárachais nó aon eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e), fógra a thabhairt don údarás maoirseachta i gcás ina measann na comhlachtaí sin go bhfuil ag cliseadh ar an ngnóthas árachais nó athárachais nó ar an eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e), nó gur cosúil go gclisfear air, de réir na brí a shonraítear in Airteagal 19(3).
2.Cuirfidh na húdaráis mhaoirseachta na húdaráis réitigh lena mbaineann ar an eolas faoi na nithe seo a leanas:
(a)aon fhógra a fhaightear faoi mhír 1 den Airteagal seo, faoi Airteagail 136, 138(1) agus 139(1) de Threoir 2009/138/CE;
(b)aon ghníomhaíocht a cheanglaíonn an t‑údarás maoirseachta ar an ngnóthas árachais nó athárachais nó ar aon eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e), de bhun fheidhmiú na gcumhachtaí atá aige faoi Airteagail 15 nó 16 den Treoir seo, agus faoi Airteagal 137, Airteagal 138, míreanna 3 agus 5, Airteagal 139(3), agus Airteagail 140, 141 agus 144 de Threoir 2009/138/CE;
(c)aon síneadh ar an tréimhse aisghabhála de bhun Airteagal 138(4) de Threoir 2009/138/CE.
Cuirfidh na húdaráis mhaoirseachta cóip den phlean téarnaimh ar fáil do na húdaráis réitigh freisin, ar plean é a chuir an gnóthas árachais nó athárachais nó an t‑eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e) isteach, de bhun Airteagal 138(2) de Threoir 2009/138/CE, cóip den scéim airgeadais a chuir an gnóthas árachais nó athárachais, nó aon eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e) isteach, de bhun Airteagal 139(2) de Threoir 2009/138/CE agus tuairim na n‑údarás maoirseachta maidir leis na doiciméid sin, de réir mar is infheidhme.
3.Údarás maoirseachta nó údarás réitigh a chinneann go gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointí (a) agus (b) i ndáil le gnóthas árachais nó athárachais nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e), cuirfidh sé an cinneadh sin in iúl do na húdaráis seo a leanas gan mhoill, más éagsúil:
(a)údarás réitigh an ghnóthais nó an eintitis sin;
(b)údarás maoirseachta an ghnóthais nó an eintitis sin;
(c)údarás maoirseachta aon Bhallstáit ina ndéanann an gnóthas nó an t‑eintiteas sin gníomhaíochtaí suntasacha trasteorann;
(d)údarás réitigh aon Bhallstáit ina ndéanann an gnóthas nó an t‑eintiteas sin gníomhaíochtaí suntasacha trasteorann;
(e)an scéim ráthaíochta árachais a bhfuil gnóthas árachais cleamhnaithe léi, i gcás inarb infheidhme agus i gcás inar gá ionas go bhféadfar feidhmeanna na scéime ráthaíochta árachais a urscaoileadh;
(f)i gcás inarb infheidhme, an t‑údarás réitigh grúpa;
(g)an aireacht inniúil;
(h)i gcás inarb infheidhme, an maoirseoir grúpa;
(i)an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach agus an t‑údarás náisiúnta macrastuamachta ainmnithe.
Airteagal 62
Cinneadh an údaráis inniúil
1.Tar éis dó teachtaireacht a fháil ón údarás maoirseachta de bhun Airteagal 61(3), nó ar a thionscnamh féin, cinnfidh an t‑údarás réitigh ar comhlíonadh coinníollacha Airteagal 19(1) nó Airteagal 20(3) maidir leis an ngnóthas árachais nó athárachais nó maidir leis an eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e), i gceist.
2.Maidir le cinneadh gníomhaíocht réitigh a dhéanamh nó gan é a dhéanamh i ndáil le gnóthas árachais nó athárachais nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), i bpointí (b) go (e), beidh an fhaisnéis seo a leanas ann:
(a)cúiseanna leis an gcinneadh sin;
(b)an ghníomhaíocht réitigh a bheartaíonn an t‑údarás réitigh a dhéanamh lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, an cinneadh cur isteach ar fhoirceannadh, ceapadh riarthóra nó aon bheart eile faoi na gnáthimeachtaí dócmhainneachta is infheidhme nó, faoi réir Airteagal 26(8), faoin dlí náisiúnta.
Airteagal 63
Oibleagáidí nós imeachta na n‑údarás réiteach
1.Áiritheoidh na Ballstáit, a luaithe is féidir le réasún tar éis gníomhaíocht réitigh a dhéanamh, go gcomhlíonfaidh na húdaráis réitigh na ceanglais a leagtar síos i míreanna 2 agus 3.
2.Tabharfaidh na húdaráis réitigh fógra don ghnóthas faoi réiteach agus do na húdaráis seo a leanas, murab ionann iad, maidir leis an ngníomhaíocht réitigh dá dtagraítear i mír 1:
(a)an t‑údarás maoirseachta le haghaidh an ghnóthais faoi réiteach;
(b)údarás maoirseachta aon bhrainse den ghnóthas faoi réiteach;
(c)banc ceannais an Bhallstáit ina bhfuil an gnóthas faoi réiteach bunaithe;
(d)i gcás inarb infheidhme, an scéim ráthaíochta árachais lena bhfuil an gnóthas faoi réiteach cleamhnaithe;
(e)i gcás inarb infheidhme, an t‑údarás réitigh grúpa;
(f)an aireacht inniúil;
(g)i gcás inarb infheidhme, an t‑údarás maoirseachta grúpa;
(h)an t‑údarás náisiúnta macrastuamachta ainmnithe agus an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach;
(i)an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach, ÚEÁPC, ESMA agus ÚBE;
(j)i gcás inar institiúid mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (b) de Threoir 98/26/CE an gnóthas faoi réiteach, oibreoirí na gcóras ina bhfuil sí rannpháirteach.
3.Foilseoidh an t‑údarás réitigh cóip den ordú nó den ionstraim lena ndéantar an ghníomhaíocht réitigh, nó áiritheoidh sé go bhfoilseofar í, nó fógra lena ndéantar achoimre ar éifeachtaí na gníomhaíochta réitigh, lena n‑áirítear na héifeachtaí ar sealbhóirí polasaí agus, i gcás inarb infheidhme, téarmaí agus an tréimhse fionraí nó an tsriain dá dtagraítear in Airteagail 47, 48 agus 49, trí na modhanna seo a leanas:
(a)ar a shuíomh gréasáin oifigiúil;
(b)ar shuíomh gréasáin an údaráis mhaoirseachta, murab ionann é agus suíomh gréasáin an údaráis réitigh, agus ar shuíomh gréasáin ÚEÁPC;
(c)ar shuíomh gréasáin an ghnóthais faoi réiteach;
(d)i gcás ina ligtear na scaireanna, ionstraimí úinéireachta eile nó ionstraimí fiachais de chuid an ghnóthais faoi réiteach isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, na modhanna arna n‑úsáid chun faisnéis rialáilte a nochtadh i dtaca leis an ngóthas faoi réiteach i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
4.I gcas nach ligtear na scaireanna, na hionstraimí úinéireachta nó na hionstraimí fiachais isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, áiritheoidh an t‑údarás réitigh go ndéantar na doiciméid lena soláthraítear cruthúnas ar na hionstraimí dá dtagraítear i mír 3 a sheoladh chuig na scairshealbhóirí agus na creidiúnaithe de chuid an ghnóthais faoi réiteach a aithnítear trí chláir nó trí bhunachair sonraí an ghnóthais faoi réiteach agus atá ar fáil don údarás réitigh.
Airteagal 64
Rúndacht
1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ceanglais na rúndachta gairmiúla ina gceangal ar na daoine, ar na húdaráis agus na comhlachtaí seo a leanas agus nach nochtfaidh aon cheann díobh aon fhaisnéis rúnda:
(a)údaráis réitigh;
(b)údaráis mhaoirseachta agus ÚEÁPC;
(c)aireachtaí inniúla;
(d)bainisteoirí speisialta arna gceapadh i gcomhréir le hAirteagal 42 den Treoir seo;
(e)faighteoirí féideartha a ndearna na húdaráis inniúla teagmháil leo nó atá iarrtha ag na húdaráis mhaoirseachta, is cuma cé acu a rinneadh an teagmháil nó an sirtheoireacht sin mar ullmhúchán leis an uirlis díolta gnó a úsáid nó nach ndearnadh, agus is cuma cé acu a bhí éadáil mar thoradh ar an sirtheoireacht nó nach raibh;
(f)iniúchóirí, cuntasóirí, comhairleoirí dlí agus gairmiúla, luachálaithe agus saineolaithe eile a fhostaítear go díreach nó go hindíreach ag na húdaráis réitigh, ag na húdaráis mhaoirseachta nó ag na faighteoirí féideartha dá dtagraítear i bpointe (e);
(g)na comhlachtaí a riarann scéimeanna ráthaíochta árachais;
(h)an comhlacht atá i gceannas ar na socruithe airgeadais;
(i)bainc cheannais agus údaráis eile atá rannpháirteach sa phróiseas réitigh;
(j)institiúid idirlinne nó gléas bainistíochta sócmhainní;
(k)aon duine eile a sholáthraíonn nó a sholáthraigh seirbhísí go díreach nó go hindíreach, go buan nó go hócáideach, do dhaoine dá dtagraítear i bpointí (a) go (j).
(l)an bhainistíocht shinsearach, comhaltaí den chomhlacht riaracháin, bainistíochta agus mhaoirseachta, agus fostaithe de chuid na gcomhlachtaí nó na n‑eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (j), roimh an gceapachán, lena linn agus ina dhiaidh.
2.Gan dochar do ghinearáltacht na gceanglas faoi mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit go dtoirmiscfear ar na daoine dá dtagraítear i mír 1 faisnéis rúnda a fhaightear le linn a ngníomhaíochtaí gairmiúla a nochtadh, nó faisnéis a nochtadh d’aon duine nó d’aon údarás ar faisnéis í a fhaightear ó údarás maoirseachta nó ó údarás réitigh i dtaca le feidhmeanna an údaráis sin, ach amháin sna cásanna seo a leanas:
(a)déantar an nochtadh i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna faoin Treoir seo;
(b)déantar an nochtadh i bhfoirm achomair nó chomhchoiteann sa chaoi nach féidir gnóthais árachais nó athárachais aonair nó aon cheann de na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b) go pointe (e), a shainaithint;
(c)déantar an nochtadh le toiliú sainráite roimh ré ón údarás, ón ngnóthas árachais nó athárachais nó ón eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e), a sholáthair an fhaisnéis.
Áiritheoidh na Ballstáit maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1, go ndéanfaidh siad measúnú ar na héifeachtaí a d'fhéadfadh a bheith ag nochtadh faisnéise ar leas an phobail i ndáil le beartas airgeadais, airgeadaíochta nó eacnamaíoch, ar leasanna tráchtála daoine nádúrtha agus dlítheanacha, chun críche cigireachtaí, ar imscrúduithe agus ar iniúchtaí.
An nós imeachta maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí dá dtagraítear sa dara fomhír, áireofar leis measúnú sonrach ar na héifeachtaí atá le haon nochtadh ábhar agus mionsonraí de chuid an phlean téarnaimh agus réitigh dá dtagraítear in Airteagail 5, 7, 9, 10 agus 12 agus toradh aon mheasúnaithe arna dhéanamh faoi Airteagail 6, 8 agus 13.
Áiritheoidh na Ballstáit maidir le haon duine nó eintiteas dá dtagraítear i mír 1, go mbeidh sé faoi réir dliteanas sibhialta i gcás sárú ar an Airteagal sin.
3.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rialacha inmheánacha i bhfeidhm ag na daoine dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (b), (c), (g), (i) agus (j) chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais rúndachta a leagtar síos i míreanna 1 agus 2, lena n‑áirítear rialacha chun rúndacht faisnéise a áirithiú idir daoine a bhfuil baint dhíreach acu leis an bpróiseas réitigh.
4.Ní chuirfidh míreanna 1 go 3 den Airteagal seo cosc leo seo a leanas:
(a)fostaithe agus saineolaithe na gcomhlachtaí nó na n‑eintiteas dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (i) maidir le faisnéis a roinnt eatarthu féin laistigh de gach comhlacht nó eintiteas;
(b)údaráis réitigh agus údaráis mhaoirseachta, lena n‑áirítear a bhfostaithe agus a saineolaithe, maidir le faisnéis a roinnt lena chéile agus le húdaráis réitigh eile de chuid an Aontais, údaráis mhaoirseachta eile de chuid an Aontais, aireachtaí inniúla, bainc cheannais, scéimeanna ráthaíochta árachais, údaráis atá freagrach as gnáthimeachtaí dócmhainneachta, údaráis atá freagrach as cobhsaíocht an chórais airgeadais sna Ballstáit a chothabháil trí rialacha macrastuamachta a úsáid, daoine a gcuirtear de chúram orthu iniúchadh reachtúil a dhéanamh ar chuntais, ÚEÁPC, nó, faoi réir Airteagal 77, údaráis tríú-tír a chomhlíonann feidhmeanna atá coibhéiseach le feidhmeanna na n‑údarás réiteach, nó, faoi réir ceanglais dhiana rúndachta, le faighteoirí féideartha chun gníomhaíocht réitigh a phleanáil nó a chur i gcrích.
5.Féadfaidh na Ballstáit malartú faisnéise le haon cheann de na nithe seo a leanas a údarú:
(a)faoi réir diancheanglais rúndachta, aon duine eile i gcás inar gá chun críocha pleanála nó gníomhaíochta réitigh a dhéanamh;
(b)na coistí fiosrúcháin parlaiminteacha ina mBallstát, na cúirteanna iniúchóirí ina mBallstát agus na heintitis eile atá i gceannas ar fhiosrúcháin ina mBallstát, faoi choinníollacha iomchuí;
(c)na húdaráis náisiúnta atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar chórais íocaíochta, na húdaráis atá freagrach as gnáthimeachtaí dócmhainneachta, na húdaráis ar a gcuirtear an cúram poiblí maoirseacht a dhéanamh ar eintitis earnála airgeadais eile, na húdaráis atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar mhargaí airgeadais, ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta agus na cigirí a ghníomhaíonn thar a gceann, na húdaráis de chuid na mBallstát atá freagrach as cobhsaíocht an chórais airgeadais a choinneáil ar bun i mBallstáit trí rialacha macrastuamachta a úsáid, na húdaráis atá freagrach as cobhsaíocht an chórais airgeadais a chosaint, agus na daoine a gcuirtear de chúram orthu iniúchtaí reachtúla a dhéanamh.
6.Beidh míreanna 1 go 5 den Airteagal seo gan dochar don dlí náisiúnta maidir le nochtadh faisnéise chun críche imeachtaí dlíthiúla i gcásanna coiriúla nó sibhialta.
7.Eiseoidh ÚEÁPC, faoin [cuir isteach 18 mí tar éis a theacht i bhfeidhm], treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 chun an chaoi ar cheart faisnéis a sholáthar i bhfoirm achoimre nó chomhchoiteann a shonrú chun críocha mhír 2.
CAIBIDIL VII
Ceart chun achomhairc agus eisiamh gníomhaíochtaí eile
Airteagal 65
Údarú breithiúnach ex-ante agus cearta chun agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí
1.Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeidh cinneadh chun beart coiscthe géarchéime nó beart bainistíochta géarchéime a dhéanamh faoi réir formheas breithiúnach ex-ante, ar choinníoll, i leith cinneadh chun beart bainistíochta géarchéime a dhéanamh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, gur nós imeachta gasta a bheidh sa nós imeachta a bhaineann leis an iarratas ar fhormheas agus gur breithniú gasta a bheidh i mbreithniú na cúirte.
2.Déanfaidh na Ballstáit foráil sa dlí náisiúnta maidir le ceart achomhairc i gcoinne cinneadh chun beart coiscthe géarchéime a dhéanamh nó cinneadh chun aon chumhacht a fheidhmiú, seachas beart bainistíochta géarchéime, faoin Treoir seo.
3.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an ceart ag na daoine uile a ndéantar difear dóibh le cinneadh beart bainistíochta géarchéime a dhéanamh, go mbeidh an ceart acu achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin.
Áiritheoidh na Ballstáit gur athbhreithniú gasta a bheidh sa bheart bainistithe géarchéime agus go n‑úsáidfidh na cúirteanna náisiúnta na measúnuithe eacnamaíocha ar na fíorais arna ndéanamh ag an údarás réitigh mar bhonn lena measúnú féin.
4.Beidh an ceart chun achomhairc dá dtagraítear i mír 3 faoi réir na gceangal seo a leanas:
(a)agus achomharc á thaisceadh, ní bheidh aon fhionraí uathoibríoch i gceist le héifeachtaí an chinnidh a bhfuiltear ag agóid ina choinne;
(b)beidh cinneadh an údaráis réitigh infhorghníomhaithe láithreach agus mar thoradh air sin beidh toimhde infhrisnéise gur i gcoinne leas an phobail a bheadh sé an forfheidhmiú a chur ar fionraí;
I gcás inar gá chun leasanna tríú páirtithe a chosaint, ar tríú páirtithe iad a ghníomhaíonn de mheon macánta agus a fuair scaireanna, ionstraimí úinéireachta eile, sócmhainní, cearta nó dliteanais de chuid gnóthas faoi réiteach de bhua úsáid uirlisí réitigh faoi mar a thagraítear dóibh in Airteagal 26(3) nó trí fheidhmiú cumhachtaí réitigh de chuid údarás réitigh, le neamhniú cinnidh de chuid údarás réitigh, ní dhéanfar difear d’aon ghníomh riaracháin nó idirbheart iardain arna dhéanamh ag an údarás réitigh lena mbaineann, ar gníomhartha nó idirbhearta iad a bhí bunaithe ar an gcinneadh arna neamhniú. Sa chás sin, beidh leigheasanna ar chinneadh nó ar ghníomhaíocht éagórach de chuid na n‑údarás réitigh teoranta do chúiteamh as an gcaillteanas a bhain don iarratasóir de dheasca an chinnidh nó an ghnímh a cuireadh ar neamhní.
Airteagal 66
Srianta ar imeachtaí eile
1.Gan dochar d’Airteagal 62(2), pointe (b), áiritheoidh na Ballstáit i ndáil le gnóthas faoi réiteach nó gnóthas árachais nó athárachais nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e), ar cinneadh ina leith gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le réiteach dá dtagraítear in Airteagal 19(1) nó in Airteagal 20(3), agus nach gcuirfear tús le gnáthimeachtaí dócmhainneachta ach amháin ar thionscnamh an údaráis réitigh agus nach ndéanfar cinneadh lena gcuirfear gnóthas árachais nó athárachais nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e) faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta ach le toiliú an údaráis réitigh.
2.Chun críocha mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit:
(a)go dtugtar fógra gan mhoill d’údaráis mhaoirseachta agus d’údaráis réitigh faoi aon iarratas ar ghnáthimeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh i ndáil le gnóthas árachais nó athárachais nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e), is cuma cé acu atá an gnóthas nó an t‑eintiteas sin faoi réiteach nó nach bhfuil nó cé acu a rinneadh cinneadh go poiblí i gcomhréir le hAirteagal 63, míreanna 3 agus 4 nó nach ndearnadh;
(b)ní chinntear an t‑iarratas ar ghnáthimeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh ach amháin má tá na fógraí dá dtagraítear i bpointe (a) déanta agus má tharlaíonn ceachtar díobh seo a leanas:
(i)tá fógra tugtha ag an údarás réitigh do na húdaráis atá freagrach as gnáthimeachtaí dócmhainneachta nach mbeartaíonn sé aon ghníomhaíocht réitigh a dhéanamh i ndáil leis an ngnóthas árachais nó athárachais nó leis an eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e);
(ii)tá tréimhse seacht lá dar tús an dáta a rinneadh na fógraí dá dtagraítear i bpointe (a) tar éis dul in éag.
3.Gan dochar d’aon srian ar fhorfheidhmiú leasanna urrúis arna fhorchur de bhun Airteagal 48, áiritheoidh na Ballstáit, más gá chun na huirlisí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 26(3) agus na cumhachtaí réitigh dá dtagraítear i gCaibidil IV de Theideal III a chur i bhfeidhm go héifeachtach, go bhféadfaidh na húdaráis réitigh iarraidh ar chúirt bac a chur, ar feadh tréimhse iomchuí ama i gcomhréir leis an gcuspóir atá shaothrú, i dtaca le haon ghníomhaíocht nó imeacht breithiúnach inar páirtí gnóthas faoi réiteach nó ina dtagann gnóthas den sórt sin chun bheith ina pháirtí.
TEIDEAL IV
RÉITEACH GRÚPA TRASTEORANN
Airteagal 67
Prionsabail ghinearálta maidir leis an gcinnteoireacht a bhfuil baint ag níos mó ná Ballstát amháin léi
Áiritheoidh na Ballstáit, agus cinntí nó gníomhaíochtaí á ndéanamh acu de bhun na Treorach seo a bhféadfadh tionchar a bheith acu i mBallstát amháin nó níos mó ná sin, go dtabharfaidh a n‑údaráis aird ar na prionsabail ghinearálta seo a leanas:
(a)agus gníomhaíocht réitigh á déanamh, go mbeidh cinnteoireacht éifeachtúil agus go gcoinneofar costais réitigh a ísle is féidir;
(b)go ndéanfar cinntí agus gníomhaíocht go tráthúil agus faoi phráinn chuí nuair is gá sin;
(c)go gcomhoibreoidh na húdaráis réitigh náisiúnta, na húdaráis mhaoirseachta agus údaráis eile le chéile lena áirithiú go ndéanfar cinntí agus gníomhú ar bhealach comhordaithe éifeachtúil;
(d)go saineofar go soiléir róil agus freagrachtaí na n‑údarás ábhartha laistigh de gach Ballstát;
(e)go dtabharfar aird chuí ar leasanna, an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag cinntí, gníomhaíochtaí nó neamhghníomhaíochtaí agus éifeachtaí diúltacha ar shealbhóirí polasaí, cobhsaíocht airgeadais, acmhainní fioscacha, scéimeanna ráthaíochta árachais agus éifeachtaí diúltacha eacnamaíocha agus sóisialta i ngach Ballstát ina n‑oibríonn an máthairghnóthas deiridh agus a fhochuideachtaí nó ina ndéanann siad gníomhaíochtaí suntasacha trasteorann;
(f)go dtabharfar aird chuí ar na cuspóirí leasanna na mBallstát éagsúil lena mbaineann a chothromú agus dochar éagothrom do leasanna Ballstát ar leith a sheachaint, nó cosaint éagothrom na leasanna sin a sheachaint;
(g)go ndéanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta, agus gníomhaíochtaí réitigh á ndéanamh acu, na pleananna réitigh grúpa dá dtagraítear in Airteagal 11 a chur san áireamh agus a leanúint mura measann na húdaráis réitigh náisiúnta, agus imthosca an cháis á gcur san áireamh, go mbainfear amach na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 18 ar bhealach níos éifeachtúla trí ghníomhaíochtaí a dhéanamh nach ndéantar foráil maidir leo sna pleananna réitigh;
(h)go mbeidh cinneadh nó gníomhaíocht atá beartaithe trédhearcach aon uair is dócha go mbeidh impleachtaí ag an gcinneadh nó ag an ngníomhaíocht sin ar na sealbhóirí polasaí, an fíorgheilleagar, cobhsaíocht airgeadais, acmhainní fioscacha, agus, i gcás inarb ábhartha, scéimeanna ráthaíochta árachais agus socruithe maoiniúcháin aon Bhallstáit lena mbaineann.
Airteagal 68
Coláistí réitigh
1.Bunóidh údaráis réitigh ghrúpa coláistí réitigh chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagail 10, 11, 14, 16, 70 agus 71 a dhéanamh, agus, i gcás inarb iomchuí, chun comhar agus comhordú le húdaráis réitigh tríú tír a áirithiú.
Go háirithe, soláthróidh na coláistí réitigh creat le haghaidh an údaráis réitigh ghrúpa, na n‑údarás réitigh náisiúnta eile agus, i gcás inarb iomchuí, na n‑údarás maoirseachta agus na maoirseoirí grúpa lena mbaineann chun na cúraimí seo a leanas a dhéanamh:
(a)faisnéis a mhalartú, ar faisnéis í atá ábhartha maidir le forbairt pleananna réitigh grúpa agus maidir le cumhachtaí réitigh a chur i bhfeidhm maidir le grúpaí;
(b)pleananna réitigh grúpa a fhorbairt de bhun Airteagail 10 agus 11;
(c)inréititheacht grúpaí a mheas de bhun Airteagal 14;
(d)cumhachtaí a fheidhmiú chun aghaidh a thabhairt ar bhaic ar inréititheacht grúpaí de bhun Airteagal 16 nó chun iad a bhaint;
(e)cinneadh a dhéanamh maidir leis an ngá atá le grúpscéim réitigh dá dtagraítear in Airteagal 70 nó in Airteagal 71 a bhunú;
(f)teacht ar chomhaontú maidir le grúpscéim réitigh arna moladh i gcomhréir le hAirteagal 70 nó le hAirteagal 71;
(g)an chumarsáid phoiblí maidir le straitéisí agus scéimeanna réitigh grúpa a chomhordú;
(h)úsáid aon scéim ráthaíochta árachais nó aon socrú maoiniúcháin a chomhordú.
Ina theannta sin, féadfar coláistí réitigh a úsáid mar fhóram chun aon saincheist a bhaineann le réiteach grúpa trasteorann a phlé.
2.Is iad seo a leanas a bheidh ina gcomhaltaí den choláiste réitigh:
(a)an t‑údarás réitigh grúpa;
(b)údaráis réitigh náisiúnta gach Ballstáit ina bhfuil fochuideachta bunaithe atá faoi chumhdach ag maoirseacht grúpa;
(c)údaráis réitigh náisiúnta na mBallstát ina bhfuil máthairghnóthas gnóthais amháin nó níos mó den ghrúpa bunaithe, grúpa ar eintiteas é dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (d) nó (e);
(d)maoirseoir grúpa agus údaráis mhaoirseachta na mBallstát ina bhfuil an t‑údarás réitigh náisiúnta ina chomhalta den choláiste réitigh;
(e)na haireachtaí inniúla, i gcás nach iad na haireachtaí inniúla atá ina n‑údaráis réitigh náisiúnta agus ar comhaltaí den choláiste réitigh iad;
(f)i gcás inarb ábhartha, an t‑údarás atá freagrach as an scéim ráthaíochta árachais sa Bhallstát, i gcás inar comhalta den choláiste réitigh é údarás réitigh náisiúnta an Bhallstáit sin;
(g)ÚEÁPC, faoi réir mhír 4.
(h)na húdaráis réitigh náisiúnta sna Ballstáit ina ndéanann gnóthais árachais nó athárachais an ghrúpa gníomhaíochtaí suntasacha trasteorann.
Chun críocha phointe (g), rannchuideoidh ÚEÁPC le feidhmiú éifeachtúil, éifeachtach agus comhsheasmhach na gcoláistí réitigh agus le cóineasú ar fud na gcoláistí réitigh a chur chun cinn agus faireachán a dhéanamh orthu. Tabharfar cuireadh do ÚEÁPC freastal ar chruinnithe an choláiste réitigh chun na críche sin. Ní bheidh aon cheart vótála ag ÚEÁPC.
Chun críocha phointe (h), beidh rannpháirtíocht na n‑údarás réitigh náisiúnta teoranta do chuspóirí malartaithe éifeachtúil faisnéise a bhaint amach.
3.Údaráis réitigh tríú tíortha ina bhfuil fochuideachta árachais nó athárachais nó brainse ag máthairghnóthas nó ag gnóthas atá bunaithe san Aontas, ar fochuideachta nó brainse í/é a mheasfaí a bheith suntasach dá mbeadh sí/sé lonnaithe san Aontas, féadfar cuireadh a thabhairt dóibh a bheith rannpháirteach sa choláiste réitigh mar bhreathnóirí, ar choinníoll go mbeidh siad faoi réir ceanglais rúndachta atá coibhéiseach, i dtuairim an údaráis réitigh ghrúpa, leo sin a leagtar síos in Airteagal 77.
4.Is é an t‑údarás réitigh grúpa a bheidh ina chathaoirleach ar an gcoláiste réitigh. Sa cháil sin, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
(a)bunóidh sé socruithe agus nósanna imeachta i scríbhinn le haghaidh fheidhmiú an choláiste réitigh, tar éis dul i gcomhairle le comhaltaí eile an choláiste réitigh;
(b)comhordóidh sé gníomhaíochtaí uile an choláiste réitigh;
(c)tionólfaidh sé cruinnithe uile an choláiste réitigh agus déanfaidh sé cathaoirleacht orthu agus coimeádfaidh sé comhaltaí uile an choláiste réitigh go hiomlán ar an eolas roimh ré faoi eagrú chruinnithe an choláiste réitigh, faoi na príomh‑shaincheisteanna a bheidh le plé agus faoi na míreanna a bheidh le meas;
(d)tabharfaidh sé fógra do chomhaltaí an choláiste réitigh faoi aon chruinniú pleanáilte ionas go bhféadfaidh siad rannpháirtíocht iontu a iarraidh;
(e)déanfaidh sé cinneadh i dtaobh na gcomhaltaí agus na mbreathnóirí a dtabharfar cuireadh dóibh freastal ar chruinnithe áirithe den choláiste réitigh, ar bhonn riachtanais shonracha, agus ábharthacht na saincheiste a bheidh le plé do na comhaltaí agus do na breathnóirí sin á cur san áireamh;
(f)coimeádfaidh siad comhaltaí uile an choláiste ar an eolas, ar mhodh tráthúil, faoi chinntí agus faoi thorthaí na gcruinnithe sin.
D'ainneoin phointe (e), beidh na húdaráis réitigh náisiúnta i dteideal a bheith rannpháirteach i gcruinnithe den choláiste réitigh aon uair a bheidh ábhair atá faoi réir na comhchinnteoireachta nó a bhaineann le grúpeintiteas lonnaithe ina mBallstát ar an gclár.
5.Ní bheidh oibleagáid ar na húdaráis réitigh ghrúpa coláiste réitigh a bhunú má chomhlíonann grúpaí nó coláistí eile na feidhmeanna céanna agus má dhéanann siad na cúraimí céanna a shonraítear i mír 1 agus má chomhlíonann siad na coinníollacha agus na nósanna imeachta uile, lena n‑áirítear na coinníollacha agus na nósanna imeachta sin lena gcumhdaítear ballraíocht agus rannpháirtíocht i gcoláistí réitigh, a leagtar síos san Airteagal seo agus in Airteagal 69. I gcás den sórt sin, tuigfear gur tagairt do na grúpaí nó do na coláistí eile sin gach tagairt do choláistí réitigh sa Treoir seo.
6.Déanfaidh ÚEÁPC dréachtchaighdeáin rialála a fhorbairt chun feidhmiú oibríochtúil na gcoláistí réitigh a shonrú le haghaidh fheidhmiú na gcúraimí dá dtagraítear i mír 1.
Cuirfidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach].
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.
Airteagal 69
Malartú faisnéise
1.Faoi réir Airteagal 64, déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta agus na húdaráis mhaoirseachta an fhaisnéis uile atá ábhartha d'fheidhmiú chúraimí na n‑údarás eile faoin Treoir seo a sholáthar dá chéile.
2.Comhordóidh an t‑údarás réitigh grúpa sreabhadh na faisnéise ábhartha uile idir na húdaráis réitigh náisiúnta. Go háirithe, soláthróidh an t‑údarás réitigh grúpa an fhaisnéis ábhartha uile do na húdaráis réitigh náisiúnta i mBallstáit eile go tráthúil chun feidhmiú na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 68(1), an dara fomhír, pointí (b) go (h), a éascú.
3.Ní tharchuirfidh údarás réitigh náisiúnta faisnéis arna soláthar ag údarás maoirseachta nó údarás réitigh tríú tír ach amháin má thoiligh an t‑údarás maoirseachta nó an t‑údarás réitigh tríú tír sin le tarchur den sórt sin.
Ní bheidh oibleagáid ar na húdaráis náisiúnta réitigh faisnéis den sórt sin a tharchur murar thoiligh an t‑údarás maoirseachta nó an t‑údarás réitigh tríú tír lena tarchur ar aghaidh.
Airteagal 70
Réiteach grúpa lena mbaineann fochuideachta de chuid an ghrúpa
1.Má chinneann údarás réitigh náisiúnta go gcomhlíonann gnóthas árachais nó athárachais nó aon eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e), ar fochuideachta de ghrúpa é, na coinníollacha réitigh a leagtar síos in Airteagal 19(1) nó in Airteagal 20(3), tabharfaidh an t‑údarás sin fógra gan mhoill faoin bhfaisnéis seo a leanas don údarás réitigh grúpa, murab ionann í, don mhaoirseoir grúpa, agus do chomhaltaí an choláiste réitigh le haghaidh an ghrúpa i gceist:
(a)an cinneadh go gcomhlíonann an gnóthas árachais nó athárachais nó aon eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e) na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19 nó in Airteagal 20;
(b)na gníomhaíochtaí réitigh nó na bearta dócmhainneachta a mheasann an t‑údarás réitigh náisiúnta a bheith iomchuí don ghnóthas árachais nó athárachais sin nó don eintiteas sin dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e).
2.Ar an bhfógra dá dtagraítear i mír 1 a fháil, déanfaidh an t‑údarás réitigh grúpa, tar éis dul i gcomhairle le comhaltaí eile an choláiste réitigh lena mbaineann, measúnú ar thionchar dóchúil na ngníomhaíochtaí réitigh nó na mbeart eile a dtugtar fógra fúthu i gcomhréir le mír 1, pointe (b), ar an ngrúpa agus ar ghrúpeintitis i mBallstáit eile, agus ar cibé acu ar dhócha, de bharr na ngníomhaíochtaí réitigh nó na mbeart eile, go sásófaí nó nach sásófaí na coinníollacha réitigh dá dtagraítear in Airteagal 19(1) nó in Airteagal 20(3) i ndáil le grúpeintiteas i mBallstát eile.
3.I gcás ina measann an t‑údarás réitigh grúpa nach dócha, de dheasca na ngníomhaíochtaí réitigh nó na mbeart eile a dtugtar fógra fúthu i gcomhréir mír 1, pointe (b), go sásófaí na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1) nó in Airteagal 20(3) i ndáil le grúpeintiteas i mBallstát eile, féadfaidh an t‑údarás réitigh náisiúnta atá freagrach as an ngnóthas árachais nó athárachais nó as an eintiteas sin dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e), na gníomhaíochtaí réitigh nó na bearta eile ar thug sé fógra fúthu i gcomhréir le mír 1, pointe (b), den Airteagal seo a dhéanamh.
4.I gcás ina measann an t‑údarás réitigh grúpa gur dócha, de bharr na ngníomhaíochtaí réitigh nó na mbeart eile a dtugtar fógra fúthu i gcomhréir le mír 1, pointe (b), go sásófaí na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1) nó 20(3) i ndáil le grúpeintiteas i mBallstát eile, déanfaidh an t‑údarás réitigh grúpa, tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig tar éis an fógra dá dtagraítear i mír 1 a fháil, grúpscéim réitigh a mholadh agus cuirfidh sé faoi bhráid an choláiste réitigh í. Féadfar an tréimhse 24 uair an chloig a shíneadh le toiliú an údaráis réitigh náisiúnta a thug an fógra dá dtagraítear i mír 1.
5.In éagmais mheasúnú an údaráis réitigh ghrúpa laistigh de 24 uair an chloig, nó tréimhse is faide ná sin a comhaontaíodh, tar éis an fógra dá dtagraítear i mír 1 a fháil, féadfaidh an t‑údarás réitigh náisiúnta a thug an fógra dá dtagraítear i mír 1 na gníomhaíochtaí réitigh nó na bearta eile ar thug sé fógra fúthu i gcomhréir le pointe (b) den mhír sin a dhéanamh.
6.Déanfaidh an ghrúpscéim réitigh dá dtagraítear i mír 4 an méid seo a leanas:
(a)na gníomhaíochtaí réitigh a leagan amach a ba cheart do na húdaráis réitigh náisiúnta a dhéanamh i ndáil leis an máthairghnóthas deiridh nó grúpeintitis áirithe chun na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 18 a bhaint amach agus chun na prionsabail ghinearálta lena rialaítear réiteach dá dtagraítear in Airteagal 22 a chomhlíonadh;
(b)an chaoi ar cheart na gníomhaíochtaí réitigh dá dtagraítear i bpointe (a) a chomhordú a shonrú;
(c)plean maoiniúcháin a bhunú lena gcuirtear san áireamh an plean réitigh grúpa agus na prionsabail chun an fhreagracht a roinnt a leagtar síos sa phlean réitigh grúpa sin i gcomhréir le hAirteagal 10(2), pointe (e).
7.Faoi réir mhír 8, beidh an ghrúpscéim réitigh i bhfoirm cinneadh comhpháirteach de chuid an údaráis réitigh ghrúpa agus na n‑údarás réitigh náisiúnta atá freagrach as na fochuideachtaí arna gcumhdach leis an ngrúpscéim réitigh.
Féadfaidh ÚEÁPC, ar iarratas ó údarás réitigh náisiúnta, cuidiú leis na húdaráis réitigh náisiúnta cinneadh comhpháirteach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 31(2), pointe (c) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.
8.Mura n‑aontaíonn údarás réitigh náisiúnta leis an ngrúpscéim réitigh arna moladh ag an údarás réitigh grúpa nó más rud é go measann sé, ar mhaithe le sealbhóirí polasaí, an fíorgheilleagar agus cobhsaíocht airgeadais a chosaint, gur gá dó gníomhaíochtaí réitigh neamhspleácha nó bearta eile seachas na bearta sin arna moladh sa ghrúpscéim réitigh a dhéanamh i ndáil le gnóthas árachais nó athárachais nó le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e), déanfaidh an t‑údarás sin an méid seo a leanas:
(a)cúiseanna an easaontais nó na cúiseanna a bhaineann le himeacht ón ngrúpscéim réitigh a leagan amach go mion;
(b)fógra a thabhairt don údarás réitigh grúpa agus do na húdaráis réitigh náisiúnta eile arna gcumhdach leis an ngrúpscéim réitigh faoi na cúiseanna dá dtagraítear i bpointe (a);
(c)an t‑údarás réitigh grúpa agus na húdaráis réitigh náisiúnta eile lena mbaineann an ghrúpscéim réitigh a chur ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí nó faoi na bearta réitigh a dhéanfaidh sé.
Agus cúiseanna a easaontais á leagan amach aige, déanfaidh údarás réitigh náisiúnta na pleananna réitigh grúpa dá dtagraítear in Airteagal 11, an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag na gníomhaíochtaí nó na bearta a dhéanfaidh sé ar shealbhóirí polasaí, an fíorgheilleagar agus cobhsaíocht airgeadais sna Ballstáit lena mbaineann, mar aon leis an éifeacht a d'fhéadfadh a bheith ag na gníomhaíochtaí nó na bearta réitigh seo ar chodanna eile den ghrúpa a chur san áireamh.
9.Féadfaidh údaráis réitigh náisiúnta a aontaíonn leis an ngrúpscéim réitigh arna moladh ag an údarás réitigh grúpa teacht ar chinneadh comhpháirteach maidir le grúpscéim réitigh lena gcumhdaítear grúpeintitis ina mBallstáit féin agus ní bheidh na húdaráis réitigh a easaontaíonn rannpháirteach sa chinneadh sin.
10.Aithneofar na cinntí comhpháirteacha dá dtagraítear i mír 7 agus i mír 9 agus na gníomhaíochtaí nó na bearta réitigh a dhéantar i gcomhréir le mír 8 mar chinntí dochloíte agus cuirfidh na húdaráis réitigh náisiúnta sna Ballstáit lena mbaineann i bhfeidhm iad.
11.Déanfaidh na húdaráis na gníomhaíochtaí agus na bearta uile dá dtagraítear san Airteagal seo gan mhoill, agus aird chuí á tabhairt acu ar phráinn an cháis.
12.I gcás nach gcuirtear grúpscéim réitigh chun feidhme, comhoibreoidh na húdaráis réitigh náisiúnta go dlúth le chéile laistigh den choláiste réitigh, agus gníomhaíochtaí réitigh á ndéanamh acu i ndáil le grúpeintiteas, chun straitéis réitigh chomhordaithe a bhaint amach le haghaidh na ngrúpeintiteas uile a bhfuil ag cliseadh orthu nó ar dócha go gclisfidh orthu.
13.Cuirfidh na húdaráis réitigh náisiúnta a dhéanann aon ghníomhaíocht réitigh i ndáil le haon ghrúpeintiteas comhaltaí an choláiste réitigh ar an eolas go rialta agus go hiomlán faoi na gníomhaíochtaí nó faoi na bearta sin agus faoin dul chun cinn leanúnach ina leith.
Airteagal 71
Réiteach grúpa lena mbaineann máthairghnóthas deiridh
1.Má chinneann údarás réitigh grúpa go gcomhlíonann máthairghnóthas deiridh a bhfuil sé freagrach as na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 19 (1) nó in Airteagal 20(3), tabharfaidh sé fógra gan mhoill faoin bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 70(1), pointí (a) agus (b), don mhaoirseoir grúpa agus do na comhaltaí eile de choláiste réitigh an ghrúpa atá i gceist.
Sna gníomhaíochtaí réitigh nó sna bearta dócmhainneachta dá dtagraítear in Airteagal 70 (1), pointe (b), féadfar cur chun feidhme grúpscéime réitigh a chur san áireamh, ar grúpscéim arna dréachtú i gcomhréir le hAirteagal 70(6) í in aon cheann de na himthosca seo a leanas:
(a)is dócha, de bharr na ngníomhaíochtaí réitigh nó na mbeart eile ar leibhéal an mháthairghnóthais a dtugtar fógra fúthu i gcomhréir le hAirteagal 70 (1), pointe (b), go gcomhlíonfaí na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1) nó in Airteagal 20(3) i ndáil le grúpeintiteas i mBallstát eile;
(b)ní leor gníomhaíochtaí réitigh nó bearta eile ar leibhéal an mháthairghnóthais agus ar an leibhéal sin amháin chun an staid a chobhsú ná ní dócha go mbeidh an toradh is fearr orthu;
(c)chinn na húdaráis réitigh náisiúnta go gcomhlíonann ceann amháin nó níos mó de na fochuideachtaí a bhfuil siad freagrach astu na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 19(1) nó in Airteagal 20(3);
(d)rachaidh gníomhaíochtaí réitigh nó bearta eile ar ghrúpleibhéal chun tairbhe d'fhochuideachtaí an ghrúpa ar bhealach a fhágann go bhfuil grúpscéim réitigh iomchuí.
2.I gcás nach n‑áirítear grúpscéim réitigh leis na gníomhaíochtaí arna moladh ag an údarás réitigh grúpa faoi mhír 1, déanfaidh an t‑údarás réitigh grúpa a chinneadh tar éis dul i gcomhairle le comhaltaí an choláiste réitigh.
3.I gcás ina n‑áirítear grúpscéim réitigh leis na gníomhaíochtaí arna moladh ag an údarás réitigh grúpa faoi mhír 1, beidh an ghrúpscéim réitigh i bhfoirm cinneadh comhpháirteach de chuid an údaráis réitigh ghrúpa agus na n‑údarás réitigh náisiúnta atá freagrach as na fochuideachtaí arna gcumhdach ag an ngrúpscéim réitigh.
Féadfaidh ÚEÁPC, ar iarratas ó údarás réitigh náisiúnta, cuidiú leis na húdaráis réitigh náisiúnta cinneadh comhpháirteach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 31(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.
4.Mura n‑aontaíonn údarás réitigh náisiúnta leis an ngrúpscéim réitigh arna moladh ag an údarás réitigh grúpa nó má imíonn sé uaithi, nó má mheasann sé, ar mhaithe le cobhsaíocht airgeadais, gur gá dó gníomhaíochtaí réitigh neamhspleácha nó bearta eile seachas na bearta sin arna moladh sa ghrúpscéim réitigh a dhéanamh i ndáil le gnóthas árachais nó athárachais nó le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e), déanfaidh an t‑údarás sin an méid seo a leanas:
(a)cúiseanna an easaontais nó na cúiseanna a bhaineann le himeacht ón ngrúpscéim réitigh a leagan amach go mion;
(b)fógra a thabhairt don údarás réitigh grúpa agus do na húdaráis réitigh náisiúnta eile arna gcumhdach leis an ngrúpscéim réitigh faoi na cúiseanna dá dtagraítear i bpointe (a);
(c)an t‑údarás réitigh grúpa agus na húdaráis réitigh náisiúnta eile arna gcumhdach ag an ngrúpscéim réitigh a chur ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí nó faoi na bearta réitigh atá beartaithe acu a dhéanamh.
Agus cúiseanna a easaontais á leagan amach aige, tabharfaidh an t‑údarás réitigh náisiúnta aird ar na pleananna réitigh grúpa dá dtagraítear in Airteagal 11, an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag na gníomhaíochtaí nó na bearta a dhéanfaidh sé ar chobhsaíocht airgeadais sna Ballstáit lena mbaineann agus an éifeacht a d'fhéadfadh a bheith ag na gníomhaíochtaí nó na bearta réitigh seo ar chodanna eile den ghrúpa.
5.Féadfaidh údaráis réitigh náisiúnta a aontaíonn leis an ngrúpscéim réitigh arna moladh ag an údarás réitigh grúpa teacht ar chinneadh comhpháirteach maidir le grúpscéim réitigh lena gcumhdaítear grúpeintitis ina mBallstáit faoi seach agus ní bheidh na húdaráis réitigh náisiúnta a easaontaíonn rannpháirteach sa chinneadh sin.
6.Aithneofar an cinneadh comhpháirteach dá dtagraítear i mír 3 nó i mír 5 agus na gníomhaíochtaí agus na bearta dá dtagraítear i mír 4 mar chinntí dochloíte agus cuirfidh na húdaráis réitigh náisiúnta i bhfeidhm sna Ballstáit lena mbaineann iad.
7.Déanfaidh na húdaráis na gníomhaíochtaí agus na bearta uile dá dtagraítear i míreanna 1 go 6 gan mhoill, agus aird chuí á tabhairt acu ar phráinn an cháis.
8.I gcás nach gcuirtear grúpscéim réitigh chun feidhme, comhoibreoidh na húdaráis réitigh náisiúnta go dlúth le chéile laistigh den choláiste réitigh, agus gníomhaíocht réitigh á déanamh acu i ndáil le haon ghrúpeintiteas, chun straitéis réitigh chomhordaithe a bhaint amach le haghaidh na ngrúpeintiteas uile dá ndéantar difear.
9.Cuirfidh na húdaráis réitigh náisiúnta a dhéanann gníomhaíocht réitigh i ndáil le haon ghrúpeintiteas comhaltaí an choláiste réitigh ar an eolas go rialta agus go hiomlán faoi na gníomhaíochtaí nó faoi na bearta sin agus faoin dul chun cinn leanúnach ina leith.
TEIDEAL V
CAIDREAMH LE TRÍÚ TÍORTHA
Airteagal 72
Comhaontuithe le tríú tíortha
1.I gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE, féadfaidh an Coimisiún moltaí a chur faoi bhráid na Comhairle chun comhaontuithe a chaibidliú le tríú tír amháin nó níos mó maidir leis na modhanna comhair idir na húdaráis réitigh náisiúnta agus na húdaráis tríú tír lena mbaineann, i measc údaráis eile, chun faisnéis a roinnt i dtaca le pleanáil téarnaimh agus réitigh i ndáil le gnóthais árachais agus athárachais, gnóthais árachais agus athárachais tríú tír, agus grúpaí.
2.Leis na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 1, féachfar le próisis agus socruithe a bhunú idir na húdaráis réitigh náisiúnta agus na húdaráis tríú tír lena mbaineann chun comhar a dhéanamh le linn roinnt de na cúraimí nó na cúraimí uile a dhéanamh agus le linn roinnt de na cumhachtaí nó na cumhachtaí uile dá dtagraítear in Airteagal 76 a fheidhmiú.
3.Féadfaidh na Ballstáit comhaontuithe déthaobhacha a dhéanamh le tríú tír maidir leis na hábhair dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 go dtí go dtiocfaidh comhaontú dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm leis an tríú tír ábhartha a mhéid nach bhfuil na comhaontuithe déthaobhacha sin ar neamhréir leis an Teideal seo.
Airteagal 73
Imeachtaí réitigh tríú tír a aithint agus a fhorghníomhú
1.Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le himeachtaí réitigh tríú tír mura rud é go mbeidh comhaontú idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 72(1) tagtha i bhfeidhm leis an tríú tír lena mbaineann agus go dtí go dtarlóidh sin. Beidh feidhm aige freisin tar éis do chomhaontú idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 72(1) a theacht i bhfeidhm leis an tríú tír lena mbaineann a mhéid nach bhfuil aithint agus forghníomhú imeachtaí réitigh tríú tír á rialú ag an gcomhaontú sin.
2.Cinnfidh an t‑údaráis réitigh náisiúnta lena mbaineann imeachtaí réitigh tríú tír a bhaineann le fochuideachta de chuid an Aontais nó le brainse de chuid an Aontais i ngnóthas árachais nó athárachais tríú tír nó i máthairghnóthas a aithint agus a fhorfheidhmiú, ach amháin mar a fhoráiltear in Airteagal 74.
Leis an gcinneadh tabharfar aird chuí ar leasanna gach Ballstáit ina n‑oibríonn gnóthas árachais nó athárachais tríú tír nó máthairghnóthas, agus go háirithe ar na codanna eile den ghrúpa agus ar na sealbhóirí polasaí, an fíorgheilleagar agus an chobhsaíocht airgeadais sna Ballstáit sin.
3.Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht do na húdaráis réitigh náisiúnta an méid seo a leanas a dhéanamh, ar a laghad:
(a)na cumhachtaí réitigh a fheidhmiú maidir leis na nithe seo a leanas:
(i)sócmhainní gnóthais árachais nó athárachais tríú tír nó sócmhainní máthairghnóthais atá lonnaithe ina mBallstát nó arna rialáil le dlí a mBallstáit;
(ii)cearta nó dliteanais gnóthais árachais nó athárachais tríú tír arna gclárú ag an mbrainse de chuid an Aontais ina mBallstát nó arna rialáil le dlí a mBallstáit, nó i gcás ina bhfuil na héilimh i ndáil leis na cearta agus leis na dliteanais sin infhorfheidhmithe ina mBallstát;
(b)aistriú scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile i bhfochuideachta de chuid an Aontais arna bunú sa Bhallstát ainmniúcháin a fhoirbhiú, lena n‑áirítear a cheangal ar dhuine eile an t‑aistriú a fhoirbhiú;
(c)na cumhachtaí in Airteagal 47, 48 nó 49 i ndáil le cearta aon pháirtí i gconradh le heintiteas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fheidhmiú, i gcás inar gá na cumhachtaí sin chun imeachtaí réitigh tríú tír a fhorfheidhmiú; agus
(d)bail neamh‑infheidhmithe a chur ar aon cheart chun conarthaí a fhoirceannadh, a leachtú nó a luathú, nó chun difear a dhéanamh do chearta conarthacha eintitis dá dtagraítear i mír 1 agus grúpeintitis eile, i gcás ina dtiocfaidh ceart den sórt sin ó ghníomhaíocht réitigh a rinneadh maidir le gnóthas árachais nó athárachais tríú tír, máthairghnóthas na n‑eintiteas sin nó grúpeintitis eile, cibé acu ón údarás réitigh tríú tír féin nó de bhun ceanglais dlí nó rialála maidir le socruithe réitigh sa tír sin, ar choinníoll go leantar de bheith ag feidhmiú na n‑oibleagáidí substainteacha faoin gconradh, lena n‑áirítear oibleagáidí íocaíochta agus seachadta, agus soláthar comhthaobhachta.
4.Féadfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta, i gcás inar gá chun leas an phobail, gníomhaíocht réitigh a dhéanamh i leith máthairghnóthais i gcás ina gcinneann an t‑údarás tríú tír ábhartha go gcomhlíonann gnóthas árachais nó athárachais, ar fochuideachta de mháthairghnóthas é agus arna ionchorprú sa tríú tír sin, na coinníollacha réitigh faoi dhlí an tríú tír sin. Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht do na húdaráis réitigh náisiúnta aon chumhacht réitigh a úsáid i leith an mháthairghnóthais sin, agus beidh feidhm ag Airteagal 46.
5.Beidh aithint agus forfheidhmiú imeachtaí réitigh tríú tír gan dochar d'aon ghnáthimeacht dócmhainneachta faoin dlí náisiúnta is infheidhme, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir leis an Treoir seo.
Airteagal 74
Ceart aithint agus forfheidhmiú imeachtaí réitigh tríú tír a dhiúltú
Feadfaidh an t‑údarás réitigh náisiúnta diúltú imeachtaí réitigh tríú tír a aithint nó a fhorfheidhmiú de bhun Airteagal 73 má mheasann sé:
(a)go mbeadh éifeachtaí díobhálacha ag na himeachtaí réitigh tríú tír ar an gcobhsaíocht airgeadais sa Bhallstát ina bhfuil an t‑údarás réitigh náisiúnta bunaithe nó go mbeadh éifeachtaí díobhálacha ag na himeachtaí ar an gcobhsaíocht airgeadais i mBallstát eile;
(b)go bhfuil gá leis an ngníomhaíocht réitigh neamhspleách faoi Airteagal 75 i ndáil le brainse de chuid an Aontais chun ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 18 a bhaint amach;
(c)nach gcuirfí an chóir chéanna ar chreidiúnaithe agus a chuirfí ar chreidiúnaithe a bhfuil cearta dlíthiúla comhchosúla acu faoi imeachtaí réitigh baile an tríú tír;
(d)go mbeadh impleachtaí fioscacha ábhartha ag aithint nó forfheidhmiú imeachtaí réitigh an tríú tír don Bhallstát; nó
(e)go mbeadh éifeachtaí na haitheanta nó an fhorfheidhmithe sin contrártha don dlí náisiúnta.
Airteagal 75
Réiteach bhrainsí an Aontais
1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí is gá ag na húdaráis réitigh náisiúnta gníomhú i ndáil le brainse de chuid an Aontais nach bhfuil faoi réir aon imeachta réitigh tríú tír nó atá faoi réir imeachtaí tríú tír agus feidhm ag ceann amháin de na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 74.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag Airteagal 46 maidir le feidhmiú na gcumhachtaí sin.
2.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta na cumhachtaí a cheanglaítear i mír 1 a fheidhmiú i gcás ina measann an t‑údarás réitigh náisiúnta go bhfuil gá le gníomhaíocht chun leas an phobail agus ina gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:
(a)ní chomhlíonann an brainse de chuid an Aontais, nó ní dócha go gcomhlíonfaidh sé, na coinníollacha arna bhforchur leis an dlí náisiúnta maidir lena údarú agus lena oibriú laistigh den Bhallstát sin agus ní dócha go bhféadfaí an brainse a athbhunú le haon ghníomhaíocht de chuid na hearnála príobháidí, le haon ghníomhaíocht mhaoirseachta nó le haon ghníomhaíocht de chuid tríú tír nó go bhféadfaí cliseadh a chosc le haon ghníomhaíocht den sórt sin laistigh de thréimhse ama réasúnach;
(b)níl an gnóthas árachais nó athárachais tríú tír, i dtuairim an údaráis réitigh náisiúnta, in ann ná níl sé toilteanach, nó is dócha nach mbeidh sé in ann, a oibleagáidí a íoc le creidiúnaithe an Aontais, nó na hoibleagáidí a cruthaíodh nó a cláraíodh tríd an mbrainse a íoc, de réir mar a bheidh siad dlite agus tá an t‑údarás réitigh náisiúnta sásta nár tionscnaíodh nó nach dtionscnófar aon imeacht réitigh ná dócmhainneachta tríú tír i ndáil leis an ngnóthas árachais nó athárachais tríú tír sin laistigh de thréimhse ama réasúnach;
(c)thionscain an t‑údarás tríú tír ábhartha imeachtaí réitigh tríú tír i ndáil leis an ngnóthas árachais nó athárachais tríú tír, nó thug sé fógra don údarás réitigh náisiúnta go mbeartaíonn sé imeacht den sórt sin a thionscnamh.
3.I gcás ina ndéanann údarás réitigh náisiúnta gníomhaíocht neamhspleách i ndáil le brainse de chuid an Aontais, tabharfaidh sé aird ar na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 18 agus déanfaidh sé an ghníomhaíocht i gcomhréir leis na prionsabail agus leis na ceanglais seo a leanas, a mhéid atá siad ábhartha:
(a)na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 22;
(b)na ceanglais a bhaineann le cur i bhfeidhm na n‑uirlisí réitigh i dTeideal III, Caibidil II.
Airteagal 76
Comhar le húdaráis tríú tír
1.Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le comhar le tríú tír mura rud é go mbeidh comhaontú idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 72(1) tagtha i bhfeidhm leis an tríú tír ábhartha agus go dtí go dtarlóidh sin. Beidh feidhm aige freisin tar éis do chomhaontú idirnáisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 72(1) a theacht i bhfeidhm le tríú tír ábhartha a mhéid nach bhfuil ábhar an Airteagail seo á rialú ag an gcomhaontú sin.
2.Féadfaidh ÚEÁPC creat‑socruithe comhair neamhcheangailteacha a thabhairt i gcrích le húdaráis tríú tír ábhartha. Leis na creat‑chomhaontuithe comhair bunófar próisis agus socruithe idir na húdaráis rannpháirteacha chun faisnéis a bhfuil gá léi don chomhar a mhalartú, chun roinnt de na cúraimí seo a leanas nó iad uile a dhéanamh agus chun roinnt de na cumhachtaí seo a leanas nó iad uile a fheidhmiú i ndáil le gnóthais árachais nó athárachais nó le grúpaí:
(a)pleananna réitigh a fhorbairt i gcomhréir le hAirteagail 9 go 12 agus le ceanglais chosúla faoi dhlí na dtríú tíortha ábhartha;
(b)measúnú a dhéanamh ar inréiteacht na ngnóthas árachais agus athárachais agus na ngrúpaí sin, i gcomhréir le hAirteagail 13 agus 14 agus le ceanglais chosúla faoi dhlí na dtríú tíortha ábhartha;
(c)cumhachtaí a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic le baic ar inréiteacht nó chun iad a bhaint de bhun Airteagail 15 agus 16 agus aon chumhacht chomhchosúil a chur i bhfeidhm faoi dhlí na dtríú tíortha ábhartha;
(d)bearta coisctheacha a chur i bhfeidhm de bhun Airteagal 141 de Threoir 2009/138/CE agus cumhachtaí comhchosúla a chur i bhfeidhm faoi dhlí na dtríú tíortha ábhartha;
(e)uirlisí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 26(3) a chur i bhfeidhm agus cumhachtaí réitigh agus cumhachtaí comhchosúla atá infheidhmithe ag na húdaráis tríú tír ábhartha a fheidhmiú.
3.Féadfaidh údaráis mhaoirseachta nó údaráis réitigh náisiúnta, i gcás inarb iomchuí, socruithe comhair a chur i gcrích i gcomhréir le creat‑socrú ÚEÁPC dá dtagraítear i mír 2 le húdaráis ábhartha tríú tír.
4.Tabharfaidh na Ballstáit fógra do ÚEÁPC faoi aon socrú comhair arna dtabhairt i gcrích ag na húdaráis réitigh náisiúnta agus ag na húdaráis mhaoirseachta i gcomhréir leis an Airteagal seo.
Airteagal 77
Malartú faisnéise rúnda
1.Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta, na húdaráis mhaoirseachta ná na haireachtaí inniúla faisnéis rúnda a mhalartú, lena n‑áirítear pleananna téarnaimh coisctheacha arna ndréachtú agus arna gcoinneáil i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 7, le húdaráis tríú tír ábhartha ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)tá na húdaráis tríú tír sin faoi réir ceanglais agus caighdeáin maidir le rúndacht ghairmiúil a mheastar, i dtuairim na n‑údarás uile lena mbaineann, a bheith ar a laghad coibhéiseach leo sin a fhorchuirtear le hAirteagal 64.
(b)tá gá leis an bhfaisnéis chun go bhfeidhmeoidh na húdaráis tríú tír ábhartha a bhfeidhmeanna réitigh faoin dlí náisiúnta atá inchomparáide leo sin faoin Treoir seo agus, faoi réir phointe (a), ní úsáidtear chun aon chríche eile í.
Chun críocha phointe (a), a mhéid a bhaineann an malartú faisnéise le sonraí pearsanta, beidh láimhseáil agus tarchur sonraí pearsanta den sórt sin chuig údaráis tríú tír faoi rialú dhlí an Aontais is infheidhme agus an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le cosaint sonraí.
2.I gcás ina dtiocfaidh faisnéis rúnda ó Bhallstát eile, ní nochtfaidh údaráis réitigh náisiúnta, údaráis mhaoirseachta agus aireachtaí inniúla an fhaisnéis sin le húdaráis ábhartha tríú tír ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)comhaontaíonn an t‑údarás ábhartha de chuid an Bhallstáit inar tionscnaíodh an fhaisnéis (an t‑údarás tionscnaimh) leis an nochtadh sin;
(b)ní nochtar an fhaisnéis ach amháin chun na gcríoch arna gceadú ag an údarás tionscnaimh.
TEIDEAL VI
PIONÓIS
Airteagal 78
Pionóis riaracháin agus bearta eile riaracháin
1.Gan dochar do chumhachtaí na n‑údarás réitigh agus maoirseachta a leagtar síos sa Treoir seo agus i dTreoir 2009/138/CE agus gan dochar do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le pionóis choiriúla dá dtagraítear sa dara fomhír agus iad a fhorchur, leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir le pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile is infheidhme i gcás nár comhlíonadh na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo, agus déanfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad.
I gcás ina gcinneann na Ballstáit gan rialacha a leagan síos le haghaidh pionóis riaracháin mar gheall ar sháruithe atá faoi réir an dlí choiriúil náisiúnta, cuirfidh siad forálacha an dlí choiriúil lena mbaineann in iúl don Choimisiún.
Beidh na pionóis riaracháin agus na bearta riaracháin eile éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
2.I gcás sárú, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar pionóis riaracháin nó bearta riaracháin eile a chur i bhfeidhm, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta, maidir le comhaltaí den chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta, agus daoine nádúrtha eile atá freagrach as an sárú faoin dlí náisiúnta.
3.Na cumhachtaí chun pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile dá bhforáiltear sa Treoir seo a fhorchur, déanfar iad a bhronnadh ar údaráis réitigh náisiúnta nó ar údaráis mhaoirseachta, ag brath ar chineál an tsáraithe. Beidh na cumhachtaí uile bailithe faisnéise agus imscrúdúcháin is gá ag údaráis réitigh náisiúnta agus ag údaráis mhaoirseachta chun a bhfeidhmeanna faoi seach a dhéanamh. I bhfeidhmiú a gcumhachtaí chun pionóis riaracháin nó bearta riaracháin eile a fhorchur, rachaidh údaráis réitigh náisiúnta agus údaráis mhaoirseachta i ndlúthchomhar le chéile chun a áirithiú go mbeidh an toradh inmhianaithe ar phionóis riaracháin nó ar bhearta riaracháin eile agus déanfaidh siad a ngníomhaíocht a chomhordú agus iad ag déileáil le cásanna trasteorann.
4.Feidhmeoidh údaráis réitigh náisiúnta agus údaráis mhaoirseachta a gcumhachtaí riaracháin chun pionóis riaracháin nó bearta riaracháin eile a fhorchur i gcomhréir leis an Treoir seo agus leis an dlí náisiúnta ar aon cheann de na bealaí seo a leanas:
(a)go díreach;
(b)i gcomhar le húdaráis eile;
(c)faoina bhfreagracht trí tharmligean chuig údaráis eile;
(d)trí iarratas a chur chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.
5.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cinntí arna ndéanamh ag na húdaráis réitigh náisiúnta agus na húdaráis mhaoirseachta, i gcomhréir leis an Teideal seo, faoi réir ceart achomhairc.
Airteagal 79
Forálacha sonracha maidir le pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile
1.Áiritheoidh na Ballstáit lena ndlíthe, lena rialacháin agus lena bhforálacha riaracháin go ndéanfar foráil maidir le pionóis riaracháin agus bearta eile riaracháin i leith na gcásanna seo a leanas ar a laghad:
(a)sárú ar Airteagal 5 nó ar Airteagal 7 más amhlaidh nach ndearnadh pleananna téarnaimh coisctheacha agus pleananna téarnaimh coisctheacha grúpa a dhréachtú, a choinneáil ar bun agus a nuashonrú;
(b)sárú ar Airteagal 12 nár soláthraíodh an fhaisnéis uile is gá chun pleananna réitigh a fhorbairt;
(c)sárú ar Airteagal 61(1), ós rud é nach ndearna comhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an ghnóthais árachais nó athárachais nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e), fógra a thabhairt don údarás maoirseachta nuair atá ag cliseadh air nó nuair ba dhócha go gclisfeadh air.
2.Áiritheoidh na Ballstáit, sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, go n‑áireoidh na pionóis riaracháin agus na bearta eile riaracháin is féidir a chur i bhfeidhm an méid seo a leanas ar a laghad:
(a)ráiteas poiblí ina léirítear an duine nádúrtha, an gnóthas árachas nó athárachais, an t‑eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e), máthairghnóthas deiridh nó duine dlítheanach eile atá freagrach as an sárú agus cineál an tsáraithe;
(b)ordú ina gceanglaítear ar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach scor den iompraíocht agus staonadh ón iompraíocht sin a dhéanamh an athuair;
(c)cosc sealadach ar aon chomhalta den chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta nó de bhainistíocht shinsearach an ghnóthais árachais nó athárachais nó d'eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e), nó ar aon duine nádúrtha eile a chinntear a bheith freagrach, feidhmeanna a fheidhmiú i ngnóthas árachais nó athárachais nó in eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e);
(d)i gcás duine dlítheanach, fíneálacha riaracháin suas go 10 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh sin sa bhliain ghnó roimhe sin;
(e)i gcás duine nádúrtha, fíneálacha riaracháin suas le EUR 5 000 000, nó sna Ballstáit nach é an Euro an t‑airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta ar [Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo];
(f)fíneálacha riaracháin suas le dhá oiread mhéid an tsochair a díorthaíodh ón sárú i gcás inar féidir an sochar sin a chinneadh.
Chun críocha phointe (d), i gcás inar fochuideachta máthairghnóthais é an duine dlítheanach, is éard a bheidh sa láimhdeachas ábhartha an láimhdeachas iomlán bliantúil ag teacht as cuntais chomhdhlúite an mháthairghnóthais deiridh sa bhliain ghnó roimhe sin.
Airteagal 80
Pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhoilsiú
1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh údaráis réitigh náisiúnta agus údaráis mhaoirseachta ar a suíomh gréasáin oifigiúil, ar a laghad aon phionóis riaracháin agus aon bhearta riaracháin eile a fhorchuirfidh na húdaráis sin maidir le sárú na bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo i gcás nach raibh na pionóis riaracháin sin nó na bearta riaracháin eile faoi réir achomhairc nó ina bhfuil an ceart achomhairc tar éis teacht chun deiridh. Déanfar an foilsiú sin gan moill mhíchuí tar éis an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach a chur ar an eolas faoin bpionós riaracháin nó faoi bheart riaracháin eile. San fhoilseachán beidh faisnéis faoi shaghas agus cineál an tsáraithe agus faoi chéannacht an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh ar a bhfuil an pionós riaracháin nó an beart riaracháin eile á fhorchur.
I gcás ina gceadóidh na Ballstáit foilsiú pionós riaracháin agus bearta riaracháin eile a bhfuil achomharc ina gcoinne, foilseoidh na húdaráis réitigh náisiúnta agus na húdaráis mhaoirseachta ar a suímh ghréasáin oifigiúla, gan moill mhíchuí, faisnéis maidir le stádas an achomhairc sin agus lena thoradh.
2.I gcás ina measann an t‑údarás réitigh náisiúnta nó an t‑údarás maoirseachta go mbeadh foilsiú chéannacht na ndaoine dlítheanacha, nó céannacht nó sonraí pearsanta daoine nádúrtha díréireach mar gheall ar mheasúnú cás ar chás a rinneadh maidir le comhréireacht fhoilsiú na sonraí sin, nó i gcás ina gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdú atá ar siúl ag an am sin i mbaol leis an bhfoilsiú sin, déanfaidh an t‑údarás réitigh náisiúnta nó an t‑údarás maoirseachta aon cheann de na nithe seo a leanas:
(a)foilsiú an chinnidh lena bhforchuirtear an pionós riaracháin nó na bearta riaracháin eile a iarchur go dtí nach ann a thuilleadh do na cúiseanna leis an iarchur sin;
(b)an cinneadh lena bhforchuirtear an pionós riaracháin nó na bearta riaracháin eile a fhoilsiú i ndíth ainm i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcás ina ndéanfaí a áirithiú le foilsiú den sórt sin go dtabharfaí cosaint éifeachtach do na sonraí pearsanta lena mbaineann;
(c)gan an cinneadh lena bhforchuirtear an pionós riaracháin nó na bearta riaracháin eile a fhoilsiú i gcás ina bhfuil an t‑údarás réitigh náisiúnta nó an t‑údarás maoirseachta den tuairim go mbeadh foilsiú i gcomhréir le pointe (a) nó (b) leordhóthanach chun ceachtar de na nithe seo a leanas a áirithiú:
(i)nach gcuirtear cobhsaíocht na margaí airgeadais i mbaol;
(ii)comhréireacht fhoilsiú na sonraí sin maidir le bearta a meastar gur mionbhearta iad.
Áiritheoidh údaráis réitigh náisiúnta agus údaráis mhaoirseachta go bhfanfaidh aon fhoilseachán atá i gcomhréir leis an Airteagal seo ar a suíomh gréasáin oifigiúil go ceann tréimhse cúig bliana ar a laghad. Ní dhéanfar sonraí pearsanta atá san fhoilseachán a choinneáil ar shuíomh gréasáin oifigiúil an údaráis réitigh náisiúnta nó an údaráis mhaoirseachta ach amháin ar feadh na tréimhse is gá de réir na rialacha cosanta sonraí is infheidhme.
Airteagal 81
An bunachar sonraí lárnach a chothabháil ag ÚEÁPC
1.Faoi réir na gceanglas rúndachta gairmiúla dá dtagraítear in Airteagal 64, cuirfidh na húdaráis réitigh náisiúnta agus na húdaráis inniúla ÚEÁPC ar an eolas faoi na pionóis riaracháin uile agus faoi na bearta riaracháin eile arna bhforchur acu faoi Airteagal 79 agus faoi stádas an achomhairc sin agus faoina thoradh.
Déanfaidh ÚEÁPC bunachar sonraí lárnach de na pionóis agus na bearta riaracháin eile a thuairisceoidh na húdaráis réitigh náisiúnta dó a choinneáil ar bun agus a choimeád cothrom le dáta, chun é a chur ar a chumas do na húdaráis réitigh náisiúnta sin faisnéis a mhalartú, agus ní bheidh rochtain ar an mbunachar ach amháin ag na húdaráis réitigh náisiúnta sin.
Déanfaidh ÚEÁPC bunachar sonraí lárnach de na pionóis agus na bearta riaracháin eile a thuairisceoidh na húdaráis mhaoirseachta dó a choinneáil ar bun agus a choimeád cothrom le dáta, chun é a chur ar a chumas do na húdaráis mhaoirseachta sin faisnéis a mhalartú, agus ní bheidh rochtain ar an mbunachar ach amháin ag na húdaráis mhaoirseachta sin.
2.Déanfaidh ÚEÁPC leathanach gréasáin a choinneáil ar bun agus a choimeád cothrom le dáta leis an bhfaisnéis seo a leanas nó le naisc leis an bhfaisnéis sin:
(a)na pionós a fhoilsíonn gach údarás réitigh náisiúnta;
(b)na pionós a fhoilsíonn gach údarás maoirseachta faoi Airteagal 80;
(c)an tréimhse dá bhfoilsíonn gach Ballstát pionóis.
Airteagal 82
Pionóis a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus feidhmiú cumhachtaí maidir le pionóis a fhorfheidhmiú ag údaráis mhaoirseachta agus ag údaráis réitigh náisiúnta
Áiritheoidh na Ballstáit, agus cinneadh á dhéanamh acu maidir le cineál na bpionós riaracháin nó na mbeart riaracháin eile agus leibhéal na bhfíneálacha riaracháin, go gcuirfidh na húdaráis mhaoirseachta agus na húdaráis réitigh náisiúnta na cúinsí ábhartha uile san áireamh, lena n‑áirítear i gcás inarb iomchuí:
(a)tromchúis agus fad an tsáraithe;
(b)méid freagrachta an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach;
(c)acmhainn airgeadais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach;
(d)méid na mbrabús a ghnóthaigh an duine nádúrtha nó dlítheanach nó méid na gcaillteanas a sheachain sé, a mhéid is féidir na brabúis nó na caillteanais sin a dhéanamh amach;
(e)na caillteanais do thríú páirtithe, lena n‑áirítear sealbhóirí polasaí, de dheasca an tsáraithe, a mhéid is féidir na caillteanais sin a dhéanamh amach;
(f)an leibhéal comhair idir an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach agus an t‑údarás maoirseachta agus an t‑údarás réitigh náisiúnta;
(g)sáruithe roimhe sin ag an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach.
Chun críocha phointe (c), áireofar le táscairí acmhainne airgeadais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach nó ioncam bliantúil an duine nádúrtha atá freagrach.
TEIDEAL VII
LEASUITHE AR THREOIR 2002/47/CE, TREOIR 2004/25/CE, TREOIR 2009/138/CE, TREOIR (AE) 2017/1132, AGUS AR RIALACHÁN (AE) UIMH. 1094/2010 AGUS RIALACHÁN (AE) UIMH. 648/2012
Airteagal 83
Leasuithe ar Threoir 2009/138/CE
Leasaítear Treoir 2009/138/CE mar a leanas:
(1)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 141:
‘Airteagal 141
Cumhachtaí maoirseachta i gcoinníollacha airgeadais atá ag dul in olcas
1.
Tar éis fógra de bhun Airteagal 136 nó tar éis coinníollacha airgeadais atá ag dul in olcas de bhun Airteagal 36(3) a aithint, i gcás nach gcomhlíonfaí aon cheann de na nithe dá dtagraítear in Airteagal 36(2), pointí (a) go (e), de thoradh ar chinntí an ghnóthais árachais nó athárachais, lena n‑áirítear cinntí airgeadais, beidh sé de chumhacht ag na húdaráis mhaoirseachta na bearta is gá a dhéanamh chun comhlíonadh a athbhunú.
2.
Beidh na bearta dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir le riosca agus le méid an neamhchomhlíontachta le ceanglais rialála, agus féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith iontu:
(a)a cheangal ar chomhlacht riaracháin, bainistíochta, nó maoirseachta an ghnóthais an plean téarnaimh coisctheach arna dhréachtú i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir (AE) xx/xx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*1 a nuashonrú, i gcás ina bhfuil na himthosca éagsúil leis na toimhdí arna leagan amach sa phlean sin;
(b)a cheangal ar chomhlacht riaracháin, bainistíochta, nó maoirseachta an ghnóthais bearta a dhéanamh arna leagan amach sa phlean téarnaimh coisctheach arna dhréachtú i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir (AE) xx/xx [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach uimhir an IRRD]. I gcás ina nuashonraítear an plean de bhun phointe (a), beidh aon bheart nuashonraithe sna bearta a dhéanfar;
(c)a cheangal ar chomhlacht riaracháin, bainistíochta, nó maoirseachta an ghnóthais nach bhfuil plean téarnaimh coisctheach dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir (AE) xx/xx [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach uimhir an IRRD] i bhfeidhm acu, chun cúiseanna na neamhchomhlíontachta agus na neamhchomhlíontachta is dócha a bheidh ann a aithint agus chun bearta oiriúnacha agus tréimhse ama a aithint chun na ceanglais rialála sin a chur chun feidhme;
(d)a cheangal ar chomhlacht riaracháin, bainistíochta, nó maoirseachta an ghnóthais luach saothair inathraithe agus bónais, dáileacháin faoi ionstraimí cistí dílse nó ítimí cistí dílse a aisíoc nó a athcheannach a chur ar fionraí nó a shrianadh.
3.
Más rud é go bhfuil seasamh sócmhainneachta ag dul in olcas go fóill tar éis fógra dá dtagraítear in Airteagail 138(1) nó 139(1), beidh sé de chumhacht ag na húdaráis mhaoirseachta gach beart a dhéanamh, lena n‑áirítear na bearta dá dtagraítear i mír 2, a bhfuil gá leo chun leasanna na sealbhóirí polasaí a chosaint i gcás conarthaí árachais, nó na hoibleagáidí a eascraíonn as conarthaí athárachais.
Beidh na bearta sin comhréireach agus léireofar iontu leibhéal meathlaithe staid sócmhainneachta an ghnóthais árachais nó athárachais lena mbaineann.
_________________________________________________________________
*1
Treoir (AE) xx/xx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach tagairt don IRRD].’;
(2)in Airteagal 267, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:
‘I gcás chur i bhfeidhm na n‑uirlisí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 26(3) de Threoir (AE) xx/xx [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach uimhir an IRRD] agus i gcás fheidhmiú na gcumhachtaí réitigh dá dtagraítear i gCaibidil IV, Teideal III, den Treoir sin, beidh feidhm ag an Teideal seo freisin maidir le gnóthais athárachais agus maidir le heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e), den Treoir sin.
Ní bheidh feidhm ag Airteagail 270 ná 272 den Treoir seo i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 63 de Threoir (AE) xx/xx [Oifig na bhFoilseachán, cuir uimhir an IRRD isteach].
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 295 den Treoir seo i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 64 de Threoir (AE) xx/xx [Oifig na bhFoilseachán, cuir uimhir an IRRD isteach].’;
(3)Leasaítear Airteagal 268(1) mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
‘(a)
ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ údaráis riaracháin nó bhreithiúnacha na mBallstát atá inniúil maidir le bearta atheagrúcháin nó maidir le himeachtaí foirceanta, nó údarás réitigh náisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2), pointe (7) de Threoir (AE) xx/xx [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach uimhir an IRRD] i leith bearta atheagrúcháin arna nglacadh de bhun na Treorach sin;’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
‘(c)
ciallaíonn ‘bearta atheagrúcháin’ bearta a mbaineann aon idirghabháil ó na húdaráis inniúla leo a bhfuil sé d'aidhm acu staid airgeadais gnóthais árachais a chaomhnú nó a athbhunú agus a bhfuil tionchar acu ar chearta tríú páirtithe atá ann cheana seachas an gnóthas árachais féin, lena n‑áirítear íocaíochtaí a chur ar fionraí, bearta forfheidhmithe a chur ar fionraí nó éilimh a laghdú, cur i bhfeidhm uirlisí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 26(3) de Threoir (AE) xx/xx [Oifig na bhFoilseachán, cuir uimhir an IRRD isteach] agus feidhmiú na gcumhachtaí réitigh dá dtagraítear i gCaibidil IV, Teideal III, de Threoir (AE) xx/xx [Oifig na bhFoilseachán, cuir uimhir an IRRD isteach];’.
Airteagal 84
Leasuithe ar Threoir 2002/47/CE
Leasaítear Treoir 2002/47/CE mar a leanas:
(1)in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:
‘6.
Ní bheidh feidhm ag Airteagail 4 go 7 den Treoir seo maidir le haon srian ar fhorfheidhmiú na socruithe comhthaobhachta airgeadais nó aon srian ar éifeacht socraithe comhthaobhachta airgeadais urrús, ar aon ghlanluacháil socraíochta nó ar aon fhoráil fritháirimh arna forchur de bhua Theideal IV, Caibidil V nó Caibidil VI de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*2, nó de bhua Theideal V, Caibidil III, Roinn 3, nó de bhua Chaibidil IV de Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*3, nó de bhua Theideal III, Caibidil III, Roinn 4, nó de bhua Chaibidil IV de Threoir (AE) xx/xx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*4, nó maidir le haon srian den chineál sin arna fhorchur de bhua cumhachtaí den chineál céanna i ndlí Ballstáit chun cuidiú le réiteach ordúil aon eintitis dá dtagraítear i mír 2, pointe (d) den Airteagal seo atá faoi réir coimircí ar coibhéiseach iad ar a laghad leo sin a leagtar amach i dTeideal IV, Caibidil VII de Threoir 2014/59/AE agus i dTeideal V, Caibidil V de Rialachán (AE) 2021/23;
______________________________________________________________
(2)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9a:
‘Airteagal 9a
Treoir 2008/48/CE, Treoir 2014/59/AE, Treoir (AE) xx/xx agus Rialachán (AE) 2021/23
Beidh an Treoir seo gan dochar do Threoir 2008/48/CE, Treoir 2014/59/AE, Treoir (AE) xx/xx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*5 [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach uimhir an IRRD] agus Rialachán (AE) 2021/23.
_______________________________________________________
*5
Treoir (AE) xx/xx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach tagairt don IRRD]’.
Airteagal 85
Leasú ar Threoir 2004/25/CE
In Airteagal 4(5) de Threoir 2004/25/CE cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:
‘Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag Airteagal 5(1) den Treoir seo i gcás ina gcuirfear i bhfeidhm uirlisí, cumhachtaí agus sásraí réitigh dá bhforáiltear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE, i dTeideal V Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*6 nó i dTeideal III de Threoir (AE) xx/xx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*7 [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach uimhir an IRRD].
___________________________________________________________
Airteagal 86
Leasuithe ar Threoir 2007/36/CE
In Airteagal 1 de Threoir 2007/36/CE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4.
Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag an Treoir seo maidir le húsáid uirlisí, cumhachtaí agus sásraí réitigh dá bhforáiltear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*8, i dTeideal V de Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*9 nó i dTeideal III de Threoir (AE) xx/xx ó Pharlaimint na hEorpa agus agus ón gComhairle*10 [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach uimhir an IRRD].
______________________________________________________
Airteagal 87
Leasú ar Threoir (AE) 2017/1132
Leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 mar a leanas:
(1)in Airteagal 84, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3.
Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag Airteagal 49, Airteagal 58(1), Airteagal 68(1), (2) agus (3), an chéad fhomhír d'Airteagal 70(2), Airteagail 72 go 75, 79, 80 agus 81 den Treoir seo i gcás ina gcuirfear i bhfeidhm na huirlisí, na cumhachtaí agus na sásraí réitigh dá bhforáiltear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*11, i dTeideal V de Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*12 nó i dTeideal III de Threoir (AE) xx/xx ó Pharlaimint na hEorpa agus agus ón gComhairle*13.
______________________________________________________
(2)Leasaítear Airteagal 86a mar a leanas:
(a)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
(b)
tá an chuideachta faoi réir uirlisí, cumhachtaí agus sásraí réitigh dá bhforáiltear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE, i dTeideal V de Rialachán (AE) 2021/23 nó i dTeideal III de Threoir (AE) xx/xx [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach uimhir an IRRD].’;
(b)i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
‘(c)
faoi réir bearta coiscthe géarchéime mar a shainmhínítear i bpointe (101) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE, i bpointe (48) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/23 nó i bpointe (75) d'Airteagal 2(2) de Threoir (AE) xx/xx [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach uimhir an IRRD].’;
(3)in Airteagal 87, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4.
Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le cuideachtaí atá faoi réir chur i bhfeidhm uirlisí, cumhachtaí agus sásraí réitigh dá bhforáiltear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE, i dTeideal V de Rialachán (AE) 2021/23 nó i dTeideal III de Threoir (AE) xx/xx [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach uimhir an IRRD].’;
(4)Leasaítear Airteagal 120 mar a leanas:
(a)i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
(b)
tá an chuideachta faoi réir uirlisí, cumhachtaí agus sásraí réitigh dá bhforáiltear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE, i dTeideal V de Rialachán (AE) 2021/23 nó i dTeideal III de Threoir (AE) xx/xx [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach uimhir an IRRD].’;
(b)i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
‘(c)
faoi réir bearta coiscthe géarchéime mar a shainmhínítear i bpointe (101) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE, i bpointe (48) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/23 nó i bpointe (75) d'Airteagal 2(2) de Threoir (AE) xx/xx [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach uimhir an IRRD].’;
(5)Leasaítear Airteagal 160a mar a leanas:
(a)i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
‘(b)
tá an chuideachta faoi réir uirlisí, cumhachtaí agus sásraí réitigh dá bhforáiltear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE, i dTeideal V de Rialachán (AE) 2021/23 nó i dTeideal III de Threoir (AE) xx/xx [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach tagairt don IRRD].’;
(b)i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
‘(c)
faoi réir bearta coiscthe géarchéime mar a shainmhínítear i bpointe (101) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE, i bpointe (48) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/23 nó i bpointe (75) d'Airteagal 2(2) de Threoir (AE) xx/xx [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach tagairt don IRRD].’.
Airteagal 88
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 mar a leanas:
(1)in Airteagal 4, pointe (2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):
‘(i)
údaráis mhaoirseachta mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (10) de Threoir 2009/138/CE, údaráis réitigh náisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7) de Threoir (AE) xx/xx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*14, agus údaráis inniúla mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (8), de Threoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*15 agus dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*16;’
(2)i Airteagal 40(6), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:
‘Chun gníomhú laistigh de raon feidhme Threoir (AE) xx/xx [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach uimhir an IRRD], féadfaidh ionadaí ón údarás réitigh náisiúnta i ngach Ballstát a bheith in éineacht leis an gcomhalta den Bhord Maoirseoirí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, i gcás inarb iomchuí, agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin.’.
_________________________________________________________________
*14
[Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an tagairt don IRRD].
*15
Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirsiú institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) IO L 354, 23.12.2016, lch. 37).
*16
Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (IO L 26, 2.2.2016, lch. 19).
Airteagal 89
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012
In Airteagal 81(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, cuirtear an pointe seo a leanas leis:
‘(r)
na húdaráis réitigh náisiúnta a ainmnítear faoi Airteagal 3 de Threoir (AE) xx/xx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*17.
_______________________________________________________________
*17
[Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an tagairt don IRRD].’.
TEIDEAL VIII
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 90
Coiste Réitigh ÚEÁPC
1.Cruthóidh ÚEÁPC coiste inmheánach buan de bhun Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 chun cinntí ÚEÁPC dá dtagraítear in Airteagal 44 den Rialachán sin a ullmhú, lena n‑áirítear cinntí faoi dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus faoi dhréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a bhaineann le cúraimí arna dtabhairt do na húdaráis réitigh náisiúnta i gcomhréir leis an Treoir seo. Beidh an coiste inmheánach sin comhdhéanta de na húdaráis réitigh náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 3 den Treoir seo.
2.Chun críocha na Treorach seo, comhoibreoidh ÚEÁPC le ÚBE agus le ÚEUM faoi chuimsiú Chomhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach arna bhunú in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
3.Chun críocha na Treorach seo, áiritheoidh ÚEÁPC go mbeidh deighilt struchtúrach ann idir an coiste réitigh agus feidhmeanna eile dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010. Cuirfidh an coiste réitigh forbairt agus comhordú pleananna réitigh chun cinn agus forbróidh sé modhanna chun eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1) den Treoir seo a bhfuil ag cliseadh orthu a réiteach.
Airteagal 91
Comhar le ÚEÁPC
1.Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhoibreoidh na húdaráis mhaoirseachta agus na húdaráis réitigh náisiúnta le ÚEÁPC chun críocha na Treorach seo i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.
2.Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh na húdaráis mhaoirseachta agus na húdaráis réitigh náisiúnta an fhaisnéis uile is gá gan mhoill do ÚEÁPC chun a dhualgais a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.
Airteagal 92
Trasuí
1.Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun Airteagail 1 go 87 , 90 agus 91 den Treoir seo a chomhlíonadh, a ghlacadh agus a fhoilsiú faoi [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach. Beidh Airteagal 88 agus Airteagal 89 ina gceangal go huile agus go hiomlán, áfach, agus beidh siad infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Cuirfidh siad Airteagail 1 go 87, 90 agus 91 i bhfeidhm ó [Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach 18 mí agus lá amháin tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo].
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit Airteagail 1 go 87, 90 agus 91, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach chun tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 93
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 94
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán