AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,5.7.2021
COM(2021) 354 final
2021/0175(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE maidir le leasú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse
(Líne bhuiséid 07 20 03 01 – Slándáil Shóisialta)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhchoiste LEE i gcomhar leis an gCinneadh ón gComhchoiste a bhfuil sé beartaithe a ghlacadh a bhaineann le leasú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse
2.Comhthéacs an togra
2.1.Comhaontú LEE
Leis an gComhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’) ráthaítear cearta agus oibleagáidí comhionanna laistigh den Mhargadh Inmheánach le haghaidh saoránach agus oibreoirí eacnamaíocha in LEE. Déantar foráil ann maidir le cuimsiú reachtaíocht de chuid an Aontais lena gcumhdaítear na ceithre shaoirse ar fud na 30 Stát in LEE ina bhfuil Ballstáit an Aontais, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin. Thairis sin, cumhdaítear le Comhaontú LEE comhar i réimsí tábhachtacha eile amhail taighde agus forbairt, oideachas, beartas sóisialta, an comhshaol, cosaint tomhaltóirí, turasóireacht agus cultúr, a dtugtar beartais ‘tionlacain agus chothrománacha’ orthu i dteannta a chéile. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994. Is páirtí sa Chomhaontú é an tAontas Eorpach in éineacht lena Bhallstáit.
2.2.Comhchoiste LEE
Tá Comhchoiste LEE freagrach as Comhaontú LEE a bhainistiú. Is fóram é chun tuairimí a bhaineann le feidhmiú Chomhaontú LEE a mhalartú. Is de chomhthoil a ghlactar cinntí an Chomhchoiste. I gcomhréir le Conradh Liospóin, is í an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí atá freagrach as ábhair LEE a chomhordú ar thaobh an Aontais.
2.3.An gníomh atá beartaithe ag Comhchoiste LEE
Táthar ag súil go nglacfaidh Comhchoiste LEE an Cinneadh ó Chomhchoiste LEE (‘an gníomh atá beartaithe’) maidir le leasú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse.
Is é is cuspóir don ghníomh atá beartaithe a áirithiú go leanfar de chomhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE maidir le gníomhaíochtaí de chuid an Aontais a chistítear ó bhuiséad ginearálta an Aontais agus a bhaineann le saorghluaiseacht oibrithe, comhordú scéimeanna slándála sóisialta agus bearta le haghaidh imirceach, lena n‑áirítear imircigh as tríú tíortha (Líne bhuiséid 07 20 03 01), a iontráladh i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh le haghaidh na bliana airgeadais 2021.
Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na páirtithe i gcomhréir le hAirteagail 103 agus 104 de Chomhaontú LEE.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Cuireann seirbhísí an Choimisiúin an dréacht-Chinneadh ó Chomhchoiste LEE faoi bhráid na Comhairle lena ghlacadh mar sheasamh an Aontais. Tá súil ag an gCoimisiún é a chur i láthair Chomhchoiste LEE a luaithe is féidir.
Maidir le hábhar agus cineál dhréacht an Chinnidh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal, téitear thar an méid ar féidir a mheas mar oiriúnuithe teicniúla de réir Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle. Is í an Chomhairle, dá bhrí sin, a bhunóidh seasamh an Aontais.
I gcomhréir le beartas buiséadach an Aontais, ní féidir a bheith rannpháirteach in aon chor i ngníomhaíocht de chuid an Aontais go dtí go n‑íocfar an ranníocaíocht airgeadais chomhfhreagrach. Is féidir an ranníocaíocht a dhéanamh, áfach, tar éis ghlacadh an dréacht-Chinnidh seo ón gComhairle agus tar éis don Choimisiún Eorpach glao an Aontais ar chistí a bhunú agus é a chur faoi bhráid Stáit CSTE LEE.
Dá bhrí sin, chun an bhearna a líonadh le haghaidh na tréimhse idir an 1 Eanáir 2021 agus an t‑am a gheofar an ranníocaíocht thuasluaite, beidh feidhm chúlghabhálach ag an dréacht-Chinneadh ón gComhchoiste ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh. Leis an éifeacht chúlghabhálach sin, ní dhéantar difear do chearta ná d’oibleagáidí na ndaoine lena mbaineann, agus déantar prionsabal an ionchais dhlisteanaigh a urramú.
4.Bunús dlí
4.1.An bunús dlí atá leis an nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Áirítear leis an gcoincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear leis freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a bhféadfadh tionchar cinntitheach a bheith acu ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht é Comhchoiste LEE a cuireadh ar bun le comhaontú, eadhon Comhaontú LEE. An gníomh a iarrtar ar Chomhchoiste LEE a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagail 103 agus 104 de Chomhaontú LEE.
Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe. Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí atá leis an nós imeachta maidir leis an gcinneadh atá beartaithe i gcomhar le hAirteagal 1(3) de Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile a shainaithint mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, eadhon an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.
Maidir le gníomh atá beartaithe a bhfuil roinnt cuspóirí éagsúla á saothrú leis ag an am céanna, nó a bhfuil roinnt comhpháirteanna éagsúla ann, ar cuspóirí nó comhpháirteanna iad a bhfuil dlúthnasc doscartha eatarthu gan aon cheann acu a bheith teagmhasach le hais an ceann eile, ní mór, ar bhonn eisceachtúil, na bunúis chomhfhreagracha dlí áirithe a áireamh sa bhunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE.
4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Saothraítear cuspóirí leis an ngníomh atá beartaithe agus tá comhpháirteanna ann a bhaineann le saorghluaiseacht oibrithe agus comhordú scéimeanna slándála sóisialta. Dá bhrí sin, is iad Airteagail 46 agus 48 CFAE an bunús dlí substainteach.
4.3.Conclúid
Ba cheart Airteagail 46 agus 48 CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE agus Airteagal 1(3) de Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, a bheith ina mbunús dlí le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.
5.Impleachtaí buiséadacha
Rannchuideoidh Stáit CSTE LEE le Líne bhuiséid 07 20 03 01 ó thaobh airgeadais de: ‘Saorghluaiseacht oibrithe, comhordú scéimeanna slándála sóisialta agus bearta le haghaidh imirceach, lena n‑áirítear imircigh as tríú tíortha’. Socrófar an méid cruinn tar éis ghlacadh an chinnidh seo ón gComhairle, bunaithe ar na módúlachtaí dá bhforáiltear i bPrótacal 32 a ghabhann le Comhaontú LEE.
6.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe
Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, ós rud é go leasófar le gníomh Chomhchoiste LEE is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.
2021/0175 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE maidir le leasú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse
(Líne bhuiséid 07 20 03 01 – Slándáil Shóisialta)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 46 agus 48 i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus go háirithe Airteagal 1(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.
(2)De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, inter alia, a leasú.
(3)I bPrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, tá forálacha maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse.
(4)Is iomchuí leanúint de chomhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE chun comhar a chumhdach a bhaineann le saorghluaiseacht oibrithe, comhordú córas slándála sóisialta agus bearta le haghaidh imirceach, lena n‑áirítear imircigh as tríú tíortha.
(5)Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú chun go mbeifear in ann leanúint den chomhar leathnaithe sin ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh.
(6)Ba cheart seasamh an Aontais laistigh de Chomhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh atá i gceangal,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, laistigh de Chomhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán