Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021PC0125

    Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an gCoinbhinsiún Trádála Gráin, 1995

    COM/2021/125 final

    An Bhruiséil,18.3.2021

    COM(2021) 125 final

    2021/0065(NLE)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an gCoinbhinsiún Trádála Gráin, 1995


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.Ábhar an togra

    Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán i dtaca leis an síneadh leis an gCoinbhinsiún Trádála Gráin, 1995, atá beartaithe a ghlacadh go dtí an 30 Meitheamh 2023.

    2.Comhthéacs an togra

    2.1.An Coinbhinsiún Trádála Gráin, 1995

    Tá sé mar aidhm ag an gCoinbhinsiún Trádála Gráin, 1995 (‘an Coinbhinsiún’) an comhar idirnáisiúnta i dtaobh gach gné den trádáil i ngráin a fheabhsú, méadú ar an trádáil idirnáisiúnta i ngráin a chur chun cinn, agus an sreabhadh is saoire agus is féidir a aimsiú le haghaidh na trádála sin. Ina theannta sin, tá sé beartaithe ag an gCoinbhinsiún cur le cobhsaíocht margaí idirnáisiúnta gráin a oiread agus is féidir ar mhaithe le gach ball, cur le slándáil dhomhanda bia, agus fóram a chur ar fáil chun faisnéis a mhalartú agus chun imní na mball maidir le trádáil i ngráin a phlé.

    Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm an 1 Iúil 1995.

    Is de pháirtithe an Choinbhinsiúin an tAontas Eorpach 1 .

    2.2.An Chomhairle Idirnáisiúnta Grán

    Eagraíocht idir-rialtasach is ea an Chomhairle Idirnáisiúnta Grán (‘IGC’), eagraíocht lena ndéantar iarracht na cuspóirí a leagtar síos le hAirteagal 1 den Choinbhinsiún a chomhlíonadh. Go háirithe, tá sé mar aidhm ag an gComhairle Idirnáisiúnta Grán:

    ·an comhar idirnáisiúnta a chur chun cinn i ngach gné den trádáil i ngráin;

    ·forbairt, oscailteacht agus cothroime na trádála idirnáisiúnta in earnáil an ghráin a chur chun cinn;

    ·cur le cobhsaíocht an mhargaidh idirnáisiúnta gráin, le slándáil dhomhanda bia, agus le forbairt tíortha a bhfuil a ngeilleagar ag brath ar dhíolachán tráchtála gráin.

    Déantar iarracht na cuspóirí sin a bhaint amach trí fheabhas a chur ar thrédhearcacht an mhargaidh, agus é sin a dhéanamh trí fhaisnéis a roinnt agus anailís agus comhairliúchán a dhéanamh maidir le forbairtí margaidh agus beartais.

    Tá 30 ball ag an gComhairle Idirnáisiúnta Grán faoi láthair, go leor de na táirgeoirí agus allmhaireoirí gránach is mó ar domhan ina measc. Lasmuigh den Aontas Eorpach agus de bhaill áirithe eile, is iad an Airgintín, an Astráil, Ceanada, an Éigipt, an India, an Ríocht Aontaithe, an Rúis, an tSeapáin, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Úcráin a cuid ball. Ní baill iad an tSín ná an Bhrasaíl, áfach.

    Tá 2 000 vóta san iomlán ag na 30 ball den Chomhairle Idirnáisiúnta Grán.

    Le haghaidh nósanna imeachta buiséadacha (féach Airteagal 11 den Choinbhinsiún), i.e. chun ranníocaíochtaí bliantúla airgeadais na mball a shocrú, tá 371 vóta in 2020/21 ag an Aontas 2 .

    Le haghaidh na cinnteoireachta, i.e. nuair a bhíonn vótáil ann (féach Airteagal 12 den Choinbhinsiún), dáiltear 1 000 vóta ar na 11 bhall is onnmhairí (an tAontas, le 244 vóta, ina measc) agus 1 000 vóta ar na 19 mball is allmhairí. Ní mór a chur i dtábhacht go bhfeidhmíonn an Chomhairle Idirnáisiúnta Grán, i bprionsabal, ar bhonn an chomhdhearcaidh agus gur annamh ann don vótáil iarbhír.

    Ag cruinnithe na Comhairle Idirnáisiúnta Grán déanann an Coimisiún Eorpach ionadaíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh. Is féidir leis na Ballstáit freastal ar chruinnithe den Chomhairle Idirnáisiúnta Grán, agus ar Sheisiún den Chomhairle go háirithe.

    2.3.An gníomh atá beartaithe ag an gComhairle Idirnáisiúnta Grán

    An 7 Meitheamh 2021, le linn an 53ú seisiún a bheidh aici, glacfaidh an Chomhairle Idirnáisiúnta Grán cinneadh maidir le síneadh 2 bhliain a chur leis an gCoinbhinsiún (‘an gníomh atá beartaithe’).

    Is é is cuspóir don ghníomh atá beartaithe, atá bunaithe ar Airteagal 33 den Choinbhinsiún, é a chur ar a cumas don Chomhairle Idirnáisiúnta Grán leanúint dá cuid oibre.

    Cumhdóidh síneadh an Choinbhinsiúin an tréimhse 1 Iúil 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2023.

    3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

    Thug an tAontas Eorpach an Coinbhinsiún Trádála Gráin, 1995 i gcrích le Cinneadh 96/88/CE ón gComhairle 3 go dtí an 30 Meitheamh 1998, agus cuireadh síneadh leis go tráthrialta ó shin i leith. Gach uair, cuirtear síneadh 2 bhliain ar a mhéad leis an gCoinbhinsiún i gcomhréir le hAirteagal 33 den Choinbhinsiún. Cuireadh síneadh leis go deireanach le cinneadh ón gComhairle Idirnáisiúnta Grán i mí an Mheithimh 2019 agus beidh sé i bhfeidhm go dtí an 30 Meitheamh 2021.

    Ba bhall gníomhach den Chomhairle Idirnáisiúnta Grán é an tAontas riamh agus is chun leas an Aontais é síneadh suas le 2 bhliain eile a chur leis an gCoinbhinsiún. Táirgeoir mór gránach is ea an tAontas agus é ar cheann de na honnmhaireoirí is mó cruithneachta agus eorna é, agus is é an t‑allmhaireoir is mó arbhair Indiaigh é freisin.    

    Is é is cuspóir don togra seo údarú na Comhairle a lorg don Choimisiún chun vótáil sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i bhfabhar síneadh a chur leis an gCoinbhinsiún go dtí an 30 Meitheamh 2023. Tá an cinneadh foirmiúil maidir le síneadh an Choinbhinsiúin sceidealaithe don 53ú seisiún den Chomhairle Idirnáisiúnta Grán a thionólfar an 7 Meitheamh 2021, trí fhíschomhdháil is dócha.

    4.Bunús dlí

    4.1.Bunús dlí nós imeachta

    4.1.1.Prionsabail

    Déantar foráil, le hAirteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), le haghaidh cinntí lena leagfar síos‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

    Áirítear i gcoincheap ‘na ngníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a d’fhéadfadh tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh 4 .

    4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

    Is é an éifeacht atá ag an ngníomh atá beartaithe ag an gComhairle Idirnáisiúnta Grán síneadh a chur le bailíocht an Choinbhinsiúin, ar comhaontú idirnáisiúnta é atá ina cheangal ar an Aontas. Dá bhrí sin, tá éifeachtaí dlíthiúla ag an ngníomh atá beartaithe.

    Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe.

    Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta leis an gcinneadh atá beartaithe.

    4.2.Bunús dlí substainteach

    4.2.1.Prionsabail

    An bunús dlí substainteach le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh bheartaithe a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh~chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó mar chomhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh~chomhpháirte.

    4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

    Is le trádáil i dtáirgí talmhaíochta a bhaineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe.

    Dá bhrí sin, is é an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) CFAE an bunús dlí substainteach leis an gcinneadh atá beartaithe.

    4.3.Conclúid

    Ba cheart an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith ina bunús dlí leis an gcinneadh atá beartaithe.

    5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

    Ós rud é go gcuirfear síneadh le fad an Choinbhinsiúin le gníomh na Comhairle Idirnáisiúnta Grán, is iomchuí an Cinneadh ón gComhairle a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

    2021/0065 (NLE)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an gCoinbhinsiún Trádála Gráin, 1995

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Thug an tAontas an Coinbhinsiún Trádála Gráin, 1995 (‘an Coinbhinsiún’) i gcrích le Cinneadh 96/88/CE ón gComhairle 5 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 1995. Tugadh an Coinbhinsiún i gcrích le haghaidh tréimhse 3 bliana.

    (2)De bhun Airteagal 33 den Choinbhinsiún, féadfaidh an Chomhairle Idirnáisiúnta Grán síneadh a chur leis an gCoinbhinsiún le haghaidh tréimhsí comhleanúnacha nach rachaidh thar 2 bhliain gach uair. Ó tugadh an Coinbhinsiún i gcrích, cuireadh síneadh leis go tráthrialta ar feadh tréimhsí breise 2 bhliain. Cuireadh síneadh leis an gCoinbhinsiún go deireanach le cinneadh ón gComhairle Idirnáisiúnta Grán an 10 Meitheamh 2019 6 agus beidh sé i bhfeidhm go dtí an 30 Meitheamh 2021.

    (3)Le linn an 53ú seisiún a bheidh aici an 7 Meitheamh 2021, déanfaidh an Chomhairle Idirnáisiúnta Grán cinneadh maidir le síneadh a chur leis an gCoinbhinsiún go ceann tréimhse eile suas le 2 bhliain, ón 1 Iúil 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2023.

    (4)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa 53ú seisiún den Chomhairle Idirnáisiúnta Grán a bhunú, óir is chun leas an Aontais é síneadh a chur leis an gCoinbhinsiún,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Vótáil i bhfabhar síneadh a chur leis an gCoinbhinsiún Trádála Gráin, 1995, go ceann tréimhse eile suas le 2 bhliain ón 1 Iúil 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2023, is é sin an seasamh a bheidh le glacadh thar ceann an Aontais ag an 53ú seisiún den Chomhairle Idirnáisiúnta Grán.

    Airteagal 2

    Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

       Thar ceann na Comhairle

       An tUachtarán

    RÁITEAS AIRGEADAIS

    FinancSt/10/
    PSH/pl/914809

    6.221.2022.1

    DÁTA: 18.01.2021

    1.

    CEANNTEIDEAL BUISÉID:

    14 20 03 06 Comhaontuithe idirnáisiúnta talmhaíochta

    LEITHREASUITHE:

    B2021 6 300 000 EUR

    2.

    TEIDEAL:

    Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an gCoinbhinsiún Trádála Gráin, 1995

    3.

    BUNÚS DLÍ: Airteagal 207 i dteannta Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

    4.

    AIDHMEANNA:

    Síneadh 2 bhliain eile (1.7.2021 go 30.6.2023) a chur leis an gCoinbhinsiún Trádála Gráin atá ann faoi láthair.

    5.

    IMPLEACHTAÍ AIRGEADAIS

    TRÉIMHSE 12 MHÍ


    (EUR milliún)

    AN BHLIAIN AIRGEADAIS REATHA

    2021

    (EUR milliún)

    AN CHÉAD BHLIAIN AIRGEADAIS EILE

    2022

    (EUR milliún)

    5.0

    CAITEACHAS

       ARNA MHUIREARÚ AR BHUISÉAD AN AONTAIS
    (AISÍOCAÍOCHTAÍ/IDIRGHABHÁLACHA)

       ÚDARÁIS NÁISIÚNTA

       EILE

    0.42

    0.39

    5.1

    IONCAM

       ACMHAINNÍ DÍLSE AN AONTAIS (TOBHAIGH/DLEACHTANNA CUSTAIM)

       NÁISIÚNTA

    2023

    5.0.1

    CAITEACHAS MEASTA

    5.1.1

    IONCAM MEASTA

    5.2

    MODH RÍOMHA: Bunaithe ar thoimhdí ar líon measta vótaí an Aontais (líon a athraíonn gach bliain), ar mhéid measta atá le híoc in aghaidh an vóta in GBP.

    6.0

    AN FÉIDIR AN TIONSCADAL A MHAOINIÚ Ó LEITHREASUITHE A CUIREADH ISTEACH SA CHAIBIDIL ÁBHARTHA DEN BHUISÉAD ATÁ ANN FAOI LÁTHAIR?

    IS FÉIDIR

    6.1

    AN FÉIDIR AN TIONSCADAL A MHAOINIÚ TRÍ AISTRIÚ A DHÉANAMH IDIR CAIBIDLÍ AN BHUISÉID ATÁ ANN FAOI LÁTHAIR?

    6.2

    AN mBEIDH GÁ LE BUISÉAD FORLÍONTACH?

    6.3

    AN mBEIDH GÁ LE LEITHREASUITHE A CHUR ISTEACH I mBUISÉID AMACH ANSEO?

    BEIDH

    NÓTAÍ:

    Is féidir an méid atá le híoc go héifeachtach a bheith éagsúil ag brath ar líon deiridh na vótaí a fhaigheann an tAontas, ar an méid atá le híoc in aghaidh an vóta in GBP agus ar an ráta malairte EUR/GBP.

    (1)    IO L 21, 27.1.1996, lch. 47.
    (2)    Feidhmíonn an Chomhairle Idirnáisiúnta Grán ar bhonn na bliana airgeadais, bliain a mhaireann ón 1 Iúil go dtí an 30 Meitheamh.
    (3)    IO L 21, 27.1.1996, lch. 47.
    (4)    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:AE:C:2014:2258, míreanna 63 agus 64.
    (5)    Cinneadh 96/88/CE ón gComhairle an 19 Nollaig 1995 lenar fhormheas an Comhphobal Eorpach an Coinbhinsiún Trádála Gráin agus an Coinbhinsiún um Chúnamh Bia, lenar bunaíodh an Comhaontú Idirnáisiúnta Grán, 1995 (IO L 21, 27.1.1996, lch. 47).
    (6)    Cinneadh (AE) 2019/813 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an gCoinbhinsiún Trádála Gráin, 1995 (IO L 133, 21.5.2019, lch. 19).
    Top