Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021PC0096

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/816 lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (ECRIS_x001f_TCN) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla a fhorlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/818 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir_x001f_inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816, chun scagadh ar náisiúnaigh tríú tír a thabhairt isteach ag na teorainneacha seachtracha

    COM/2021/96 final

    An Bhruiséil,2.3.2021

    COM(2021) 96 final

    2021/0046(COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/816 lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (ECRIS
    x001f
    TCN) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla a fhorlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/818 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir
    x001f
    inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816, chun scagadh ar náisiúnaigh tríú tír a thabhairt isteach ag na teorainneacha seachtracha


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    An 23 Meán Fómhair 2020, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht maidir le Comhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann a bhfuil sé d’aidhm aige, inter alia, creat comhchoiteann a chur i bhfeidhm chun tearmann agus imirce a bhainistiú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus muinín frithpháirteach idir na Ballstáit a chur chun cinn. Ceann de na tograí reachtacha a ghabhann leis an Teachtaireacht sin is ea an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar isteach scagadh ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/817 (‘an Rialachán atá beartaithe maidir le Scagadh’ 1 ).

    Leis an Rialachán atá beartaithe maidir le Scagadh, tugtar aghaidh ar an dúshlán a bhaineann le sreafaí measctha d’imircigh a bhainistiú trí scagadh réamhiontrála a thabhairt isteach ag na teorainneacha seachtracha, beart ar céim thábhachtach é i dtreo na bearnaí a dhúnadh idir an rialú ag teorainneacha seachtracha agus na nósanna imeachta um thearmann agus um fhilleadh. Is é is cuspóir don scagadh réamhiontrála a áirithiú go ndéanfar céannacht na náisiúnach tríú tír a thrasnaíonn an teorainn sheachtrach gan údarú a shuí go tapa mar aon le haon riosca sláinte nó slándála agus go ndéanfar na náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann a chur faoi réir an nós imeachta is infheidhme (nós imeachta um thearmann nó nósanna imeachta a chomhlíonann Treoir (AE) 2008/115/CE (an Treoir um Fhilleadh)) 2 . Chomh maith leis sin, leis an Rialachán atá beartaithe maidir le Scagadh, cruthaítear creat de chuid an Aontais chun scagadh a dhéanamh ar imircigh neamhrialta a gabhadh laistigh de chríoch na mBallstát agus ar éirigh leo éalú ó rialú teorann ar theacht isteach dóibh i limistéar Schengen, d’fhonn limistéar Schengen a chosaint ar bhealach níos fearr.

    Ba cheart na seiceálacha slándála a dhéantar mar chuid den scagadh a bheith ar an leibhéal céanna leis na seiceálacha a dhéantar i leith náisiúnaigh tríú tír a dhéanann iarratas roimh ré ar údarú dul isteach san Aontas le haghaidh gearrfhanachta, bíodh siad faoi oibleagáid víosa nó ná bíodh.

    De bhrí an mhéid thuas, na fíoruithe uathoibrithe a dhéantar chun críoch slándála i gcomhthéacs an scagtha, ba cheart na fíoruithe sin a dhéanamh i gcomparáid leis na córais chéanna a úsáidtear i gcás iarratasóirí ar víosa nó ar údarú taistil faoi Chóras an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) 3 , faoin gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) 4 , faoin gCóras Dul Isteach agus Imeachta (EES) 5 agus faoin gCóras Faisnéise Schengen (SIS) 6 . Na daoine a ndéantar an scagadh orthu, ba cheart iad a sheiceáil chomh maith i gcomparáid leis an gCóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla le haghaidh Náisiúnaigh Tríú Tír (ECRISTCN) 7 a mhéid a bhaineann le daoine arna gciontú i gcionta sceimhlitheoireachta agus i gcineálacha eile cionta coiriúla tromchúiseacha, agus i gcomparáid le sonraí ó Europol, le bunachar sonraí Interpol i ndáil le Doiciméid atá Goidte nó Caillte (SLTD) agus le bunachar sonraí Interpol um Dhoiciméid Taistil a bhaineann le Fógraí (TDAWN).

    Ó tharla go bhfuil sé riachtanach do na húdaráis arna nainmniú chun an scagadh a dhéanamh rochtain a bheith acu ar an gCóras Dul Isteach agus Imeachta (‘EES’), ar Chóras an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (‘ETIAS’), ar an gCóras Faisnéise Víosaí (‘VIS’) agus ar an gCóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla le haghaidh Náisiúnaigh Tríú Tír (‘ECRISTCN’), is gá na rialacháin lena mbunaítear na bunachair sonraí sin a leasú chun foráil a dhéanamh maidir leis an gceart rochtana breise seo. Leis an Rialachán atá beartaithe maidir le Scagadh, leasaítear na Rialacháin lena mbunaítear VIS, EEAS agus ETIAS. Is forbairtí ar acquis Schengen maidir le teorainneacha iad na rialacháin sin uile, mar atá sa Rialachán maidir le Scagadh ina iomláine.

    Ó tharla nach forbairt ar acquis Schengen é Rialachán (AE) Uimh. 2019/816 lena mbunaítear ECRISTCN, níorbh fhéidir é leasú a mar chuid den Rialachán atá beartaithe maidir le Scagadh. Dá bhrí sin, is gá leasú neamhspleách a dhéanamh ar Rialachán 2019/816 chun foráil a dhéanamh maidir le cearta rochtana i bhfianaise an Rialacháin atá beartaithe maidir le Scagadh.

    Thairis sin, leis an Rialachán atá beartaithe maidir le Scagadh, tugtar isteach oibleagáid maidir le sonraí bithmhéadracha an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann a sheiceáil i gcomparáid leis an Stóras Coiteann Sonraí Céannachta (CIR) arna bhunú le Rialacháin (AE) 2019/817 8 agus (AE) 2019/818 9 . Déanfar CIR a cheadú le linn an scagtha chun go mbeifear in ann na sonraí céannachta atá in EES, VIS, ETIAS, Eurodac agus ECRUISTCN a sheiceáil in aon iarraidh amháin, ar bhealach tapa iontaofa, agus uasleibhéal cosanta na sonraí á áirithiú agus aon phróiseáil neamhriachtanach nó dúbláil sonraí á seachaint san am céanna.

    Leis an Rialachán atá beartaithe maidir le Scagadh, cé go bhforáiltear maidir le hathruithe ar Rialachán (AE) 2019/817 a bhfuil feidhm aige i ndáil le EES, VIS agus ETIAS, ní raibh an leasú ar Rialachán 2019/818 a bhfuil feidhm aige i ndáil le ECRISTCN agus Eurodac mar chuid den Rialachán atá beartaithe maidir le Scagadh i ngeall ar an ngeoiméadracht athraitheach.

    Dá bhrí sin, chun rochtain ar na sonraí uile arna stóráil sa Stór Coiteann Sonraí Céannachta (CIR) a thabhairt do na húdaráis ainmnithe i gcomhthéacs an scagtha, is gá Rialachán (AE) 2019/818 a leasú freisin.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Tacaíonn an togra le gnóthú an chuspóra maidir le limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chur ar fáil do shaoránaigh den Aontas, ina nglactar bearta iomchuí chun an choireacht a chosc agus a chomhrac, lena náirítear an choireacht eagraithe agus an sceimhlitheoireacht.

    Tá an togra i gcomhréir le cuspóirí ECRISTCN, dá bhforáiltear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/816, agus i mír 1 den Airteagal sin go háirithe ina bhforáiltear gur féidir leis na húdaráis ECRISTCN a úsáid i gcomhthéacs ‘nósanna imeachta víosa, nósanna imeachta maidir le saoránacht a fháil agus nósanna imeachta imirce, lena náirítear nósanna imeachta tearmainn’.

    Tá sé gan dochar don sásra um malartú faisnéise idir na Ballstáit faoi thaifid choiriúla i leith saoránaigh den Aontas tríd an gCóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS) arna bhunú le Cinneadh Réime 2009/315/JHA 10 agus Cinneadh 2009/316/JHA 11 .

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Leis an togra, beifear in ann fíorú cuimsitheach a dhéanamh sna bunachair sonraí ábhartha le linn an scagtha ag na teorainneacha seachtracha agus laistigh den chríoch i gcomhréir leis an Rialachán atá beartaithe maidir le Scagadh. Sa chaoi sin, cuirtear le cosaint na dteorainneacha seachtracha agus le cosc a chur ar ghluaiseachtaí neamhúdaraithe laistigh de limistéar Schengen. Tá sé i gcomhréir freisin le cuspóirí Rialachán (AE) 2019/816 maidir le feabhas a chur ar an gCóras Eorpach um Thaifid Choiriúla maidir le náisiúnaigh tríú tír agus chun tacú leis an idirinoibritheacht idir gach córas faisnéise láraithe de chuid an Aontais um shlándáil agus um bainistiú teorann agus imirce.

    Tá an togra i gcomhréir freisin leis na modhnuithe atá le déanamh leis an Rialachán atá beartaithe maidir le Scagadh ar an gcreat idirinoibritheachta arna bhunú le Rialacháin (AE) 2019/817 12  agus (AE) 2019/818 13  , trí chearta rochtana a áirithiú ar an gCóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla le haghaidh Náisiúnaigh Tríú Tírle linn an scagtha, cearta rochtana atá mar an gcéanna leis na cearta rochtana ar bhunachair sonraí ábhartha eile amhail an Córas Dul Isteach agus Imeachta (EES), Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus an Córas Faisnéise Víosaí (VIS).

    Cuirtear san áireamh sa togra freisin an creat idirinoibritheachta arna bhunú le Rialacháin (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Tá an togra bunaithe ar Airteagal 82(1), an dara fomhír, pointe (d) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) a bhaineann le comhar a éascú idir údaráis bhreithiúnacha nó údaráis choibhéiseacha na mBallstát i ndáil le himeachtaí in ábhair choiriúla agus le breitheanna a fhorfheidhmiú. Is í sin an fhoráil den Chonradh arb í ba bhunús dlí do na rialacháin a bhfuil sé beartaithe iad a leasú.

    Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

    Tagann gníomhaíocht i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais faoi chuimsiú ceann de na réimsí inniúlachta arna gcomhroinnt idir an tAontas agus na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 4(2) CFAE. Dá bhrí sin, tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta de bhua Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach: ní ghníomhóidh an tAontas ach amháin mura féidir agus a mhéad nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na gníomhaíochta arna beartú a ghnóthú go leordhóthanach, bíodh sé ar leibhéal lárnach nó ar leibhéal réigiúnach agus áitiúil, ach gur féidir, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta arna beartú, na cuspóirí sin a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais.

    Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra seo a ghnóthú go leordhóthanach astu féin, agus is fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais. Is é is cúis leis sin go mbaineann siad le rochtain ar fhaisnéis arna stóráil i mbunachar de chuid an Aontais agus le comhar a éascú idir údaráis bhreithiúnacha nó údaráis choibhéiseacha na mBallstát i ndáil le himeachtaí in ábhair choiriúla agus le breitheanna a fhorfheidhmiú.

    Comhréireacht

    Tá an togra seo i gcomhréir leis na cuspóirí sainaitheanta.

    Is é is aidhm don togra na cearta rochtana ar an gCóras Eorpach um Thaifid Choiriúla le haghaidh Náisiúnaigh Tríú Tír (ECRISTCN) a ailíniú leis na cearta rochtana ar bhunachair sonraí eile a ndéantar iad a fhíorú go huathoibríoch chun críoch slándála le linn an scagtha ag na teorainneacha seachtracha agus laistigh den chríoch, ionas go mbeidh na cearta sin mar an gcéanna leis na cearta rochtana arna ndeonú cheana féin i gcomhthéacs an scagtha a dhéantar ar iarratasóirí ar víosa nó a dhéantar ar iarratasóirí ar údarú taistil faoi Chóras an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil.

    I gcomhréir leis an Rialachán atá beartaithe maidir le Scagadh, maidir leis na seiceálacha slándála, lena náirítear ceadú bhunachar an Chórais Faisnéise Eorpaigh um Thaifid Choiriúla le haghaidh Náisiúnaigh Tríú Tír, beidh na seiceálacha sin teoranta do chionta sceimhlitheoireachta agus cineálacha eile cionta coiriúla tromchúiseacha a shainaithint. Léiríonn Airteagal 1 den togra an modhnú a dhéantar in Airteagal 5(1)(c) de Rialachán 2019/816 le Togra COM/2019/3 final 14 (ETIAS iarmhartach) lena dtugtar isteach bratach speisialta le haghaidh cionta sceimhlitheoireachta agus cineálacha eile cionta coiriúla tromchúiseacha. Ar bhonn an mhodhnaithe sin, an rochtain ar thaifid sonraí náisiúnach tríú tír arna gciontú i gcionta sceimhlitheoireachta agus i gcineálacha eile cionta coiriúla tromchúiseacha, beifear in ann an rochtain sin a theorannú do na taifid atá ábhartha le haghaidh seiceálacha slándála faoin Rialachán atá beartaithe maidir le Scagadh agus do na taifid sin amháin. Go deimhin, ba cheart bunachar ECRISTCN a cheadú ar bhealach a áiritheoidh nach ndéanfaí ach na sonraí is gá chun na seiceálacha slándála a dhéanamh a aisghabháil ón mbunachar sonraí sin. Léiríonn an togra seo na ceanglais sin.

    Tá na hathruithe is gá ar Rialachán (AE) 2019/818 teoranta do chearta rochtana a thabhairt do na húdaráis ainmnithe ar shonraí arna stóráil sa Stóras Coiteann Sonraí Céannachta (CIR) i gcomhthéacs an scagtha.

    An rogha ionstraime

    Sonraítear sa togra seo na coinníollacha rochtana a bhaineann le bunachar an Chórais Faisnéise Eorpaigh um Thaifid Choiriúla le haghaidh Náisiúnaigh Tríú Tír (ECRISTCN), bunachar arna bhunú le rialachán ón Aontas d’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach ar fud an Aontais agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú trí léirmhínithe éagsúla sna Ballstáit a sheachaint a mhéid a bhaineann le húsáid an bhunachair láir sin.

    Ina theannta sin, comhlánaíonn an togra na rialacha aonfhoirmeacha maidir le seiceálacha slándála le linn an scagtha mar a leagtar amach sa Rialachán atá beartaithe maidir le Scagadh.

    Dá bhrí sin, is rialachán í an ionstraim iomchuí.

    3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

    An doiciméad fianaisebunaithe arna ullmhú i ndáil leis na tograí reachtacha arna nglacadh in éineacht leis an gComhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann, is ábhartha fós é an doiciméad sin don togra seo a chomhlánaíonn an Rialachán atá beartaithe maidir le Scagadh.

       Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Is ábhartha fós iad na comhairliúcháin a rinne an Coimisiún i ndáil leis an gComhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann. Go háirithe, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit, le Parlaimint na hEorpa agus leis na páirtithe leasmhara roinnt uaireanta chun a dtuairimí a fháil ar an gComhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann. I gcomhthráth leis sin, faoi Uachtaránacht na Rómáine, na Fionlainne agus na Cróite, reáchtáladh malartuithe straitéiseacha agus teicniúla maidir lena bhfuil i ndán do ghnéithe áirithe den bheartas imirce, lena náirítear an togra maidir le scagadh. Léirigh na comhairliúcháin sin go raibh tacaíocht ann do chur chuige nua i leith bheartas tearmainn agus imirce na hEorpa.

    Tá an Coimisiún tar éis dul i mbun dianchomhairliúcháin leanúnacha le Parlaimint na hEorpa roimh sheoladh an Chomhaontaithe Nua maidir le hImirce agus Tearmann. D’aithin na Ballstáit, i measc nithe eile, go raibh gá le cosaint láidir teorann agus gur mhian leo nósanna imeachta soiléire agus éifeachtúla a bheith ann ag na teorainneacha seachtracha, go háirithe chun gluaiseachtaí neamhúdaraithe a chosc mar aon le slándáil limistéar Schengen a fheabhsú. Chuir roinnt Ballstáit i dtábhacht, áfach, nár cheart aon ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a chruthú.

    Cearta bunúsacha

    Comhlíonann an togra forálacha ábhartha na Cairte um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena náirítear cosaint sonraí pearsanta, cosaint phrionsabal an nonrefoulement, cosaint i gcás aistrithe, díbeartha nó eiseachadta, agus caighdeáin agus ráthaíochtaí eile a chumhdaítear i ndlí an Aontais maidir le tearmann, filleadh agus teorainneacha.

    A mhéid a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta (Airteagal 8 den Chairt), déanann an togra difear don cheart sin ar bhealach atá fíorriachtanach agus comhréireach le limistéar saoirse, slándála agus ceartais gan teorainneacha inmheánacha a chur ar fáil do shaoránaigh den Aontas, ina nglactar bearta iomchuí chun an choireacht a chosc agus a chomhrac, lena náirítear an choireacht eagraithe agus an sceimhlitheoireacht.

    Sa chéad dul síos, leis an modhnú atá beartaithe, beifear in ann bunachar an Chórais Faisnéise Eorpaigh um Thaifid Choiriúla le haghaidh Náisiúnaigh Tríú Tír (ECRISTCN) a chuardach chun seiceálacha slándála a dhéanamh le linn an scagtha, rud a chomhlánóidh na bearta bainistithe teorainneacha atá i bhfeidhm faoi láthair. Is éard atá i gceist leis an scagadh, doiciméid chéannachta, taistil nó doiciméid eile a cheadú mar aon le sonraí bithmhéadracha na ndaoine atá faoi réir na seiceála a phróiseáil, agus bunachair sonraí a cheadú, lena náirítear ECRISTCN, i gcomhthéacs na seiceálacha slándála. Beidh próiseáil sonraí pearsanta i gceist leis sin. Is gá na seiceálacha sin a dhéanamh chun a fhíorú an mbeadh an duine sin ina bhagairt do shlándáil na mBallstát faoin Rialachán atá beartaithe maidir le Scagadh.

    Sa dara dul síos, an fhoirm fhaisnéisithe atá le líonadh isteach ag deireadh an scagtha, ba cheart an fhaisnéis is gá a bheith inti chun gur féidir le húdaráis na mBallstát na daoine lena mbaineann a chur faoi réir an nós imeachta is iomchuí. Dá bhrí sin, is cineálacha próiseála sonraí pearsanta iad líonadh isteach agus léamh na foirme faisnéisithe, próiseáil a bhaineann go dlúth le náisiúnaigh tríú tír atá ag an teorainn sheachtrach agus nach bhfuil coinníollacha maidir le dul isteach comhlíonta acu (nó náisiúnaigh tríú tír a gabhadh laistigh den chríoch) a chur faoi réir na nósanna imeachta iomchuí maidir le tearmann nó filleadh. Léiríonn an fhoirm fhaisnéisithe torthaí an cheadaithe a rinneadh le linn an scagtha chun críoch slándála. Léirítear torthaí na gceaduithe sin ar an bhfoirm mar ‘amas’/‘gan amas’. I gcás amais, ba cheart an bunachar sonraí as ar tháinig an tamas agus na cúiseanna cruinne leis sin a lua san fhoirm fhaisnéisithe. Ba cheart a chur in iúl go láidir i gcás amais in ECRISTCN nach náireofar san fhoirm fhaisnéisithe toradh an cheadaithe ach amháin i gcás amais ar shonraí a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht agus le cineálacha eile cionta coiriúla tromchúiseacha.

    Tá an togra seo gan dochar do fhreagrachtaí na mBallstát faoina ndlíthe náisiúnta, lena náirítear rialacha maidir le ciontuithe in aghaidh mionaoiseach agus leanaí a iontráil i gclár náisiúnta na dtaifead coiriúil. Ar an gcaoi chéanna, ní chuireann sé cosc ar chur i bhfeidhm dhlí bunreachtúil na mBallstát nó comhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil siad faoina gceangal, go háirithe iad sin a eascraíonn ón gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a chosaint, coinbhinsiún a bhfuil na Ballstáit uile ina bpáirtithe ann.

    Agus tuairisciú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/816 i gcomhréir le hAirteagal 36(9) den Rialachán sin, beidh air freisin aird a thabhairt ar an tionchar a bhaineann le húsáid bhunachar an Chórais Faisnéise Eorpaigh um Thaifid Choiriúla le haghaidh Náisiúnaigh Tríú Tír (ECRISTCN) ar chearta bunúsacha náisiúnach tríú tír i gcomhthéacs an scagtha.

    Chun an bunachar sonraí seo a úsáid i gcomhthéacs an scagtha, ba cheart an úsáid sin a bheith faoi réir an tsásra faireacháin a leagtar amach sa Rialachán atá beartaithe maidir le Scagadh, chun a áirithiú go gcomhlíonfar cearta bunúsacha náisiúnach tríú tír agus go ndéanfar prionsabal an nonrefoulement a urramú i ndáil leis an scagadh.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Níl aon impleacht do bhuiséad an Aontais ag an Rialachán atá beartaithe.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Le hAirteagal 1, déantar Rialachán (AE) 2019/816 a mhodhnú trí fhoráil nua a chur isteach lena gceadaítear do na húdaráis ainmnithe, i gcomhthéacs an scagtha, bunachar ECRISTCN a rochtain agus a chuardach le haghaidh taifid a bhaineann le daoine arna gciontú i gcion sceimhlitheoireachta nó i gcionta coiriúla tromchúiseacha eile, agus leagtar amach ann na coinníollacha agus na coimircí ina leith sin.

    Le hAirteagal 2, déantar Rialachán (AE) 2019/818 a mhodhnú trí fhoráil nua a chur isteach lena gceadaítear do na húdaráis ainmnithe, i gcomhthéacs an scagtha, sonraí arna stóráil sa Stóras Coiteann Sonraí Céannachta (CIR) a rochtain.

    Tá forálacha críochnaitheacha in Airteagal 3.

    2021/0046 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/816 lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (ECRISTCN) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla a fhorlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/818 maidir le creat a bhunú le haghaidh idirinoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816, chun scagadh ar náisiúnaigh tríú tír a thabhairt isteach ag na teorainneacha seachtracha

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go háirithe Airteagal 16(2), Airteagal 74, Airteagal 78(2)(e), Airteagal 79(2)(c), Airteagal 82(1), an dara fomhír, pointe (d), Airteagal 85(1), Airteagal 87(2)(a) agus Airteagal 88(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Le Rialachán (AE) …/… [Rialachán maidir le Scagadh] 15 , déantar foráil maidir le seiceálacha céannachta, slándála agus sláinte a dhéanamh ar náisiúnaigh tríú tír atá ag an teorainn sheachtrach agus nach bhfuil na coinníollacha maidir le dul isteach comhlíonta acu nó náisiúnaigh tríú tír a gabhadh laistigh den chríoch, i gcás nach bhfuil aon chosúlacht ann go ndearnadh rialú orthu ag na teorainneacha seachtracha. Le Rialachán (AE) …/… [Rialachán maidir le Scagadh] 16 , tugtar aghaidh ar na dúshláin a bhaineann le sreafaí measctha d’imircigh a bhainistiú agus cruthaítear rialacha aonfhoirmeacha lenar féidir náisiúnaigh tríú tír a shainaithint go tapa agus iad a chur faoi réir na nósanna imeachta is infheidhme.

    (2)Le Rialachán (AE) …/… [Rialachán maidir le Scagadh] 17 , foráiltear gur cheart fíoruithe chun críoch slándála faoi chuimsiú an scagtha a dhéanamh i gcomparáid leis na córais chéanna a úsáidtear i gcás iarratasóirí ar víosaí nó ar údaruithe taistil faoi Chóras an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil. Go sonrach, le Rialachán (AE) …/… [Rialachán maidir le Scagadh] 18 , foráiltear gur cheart sonraí pearsanta na ndaoine a ndéantar scagadh orthu a sheiceáil i gcomparáid le sonraí ó Europol, le bunachar sonraí Interpol i ndáil le Doiciméid Taistil atá Goidte nó Caillte (SLTD) agus le bunachar sonraí Interpol um Dhoiciméid Taistil a bhaineann le Fógraí (TDAWN), mar aon leis an gCóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla le haghaidh Náisiúnaigh Tríú Tír (ECRISTCN) a mhéid a bhaineann le daoine arna gciontú i gcionta sceimhlitheoireachta agus i gcineálacha eile cionta coiriúla tromchúiseacha.

    (3)Is gá rochtain ar ECRISTCN a bheith ag na húdaráis arna nainmniú chun an scagadh dá bhforáiltear i Rialachán (AE) …/… [Rialachán maidir le Scagadh] 19 a dhéanamh chun a shuí an bhféadfadh duine a bheith ina bhagairt don tslándáil inmheánach nó don bheartas poiblí.

    (4)Le Rialachán (AE) …/… [Rialachán maidir le Scagadh] 20 , ar forbairt é ar acquis Schengen maidir le teorainneacha, leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008 21 , (AE) 2017/2226 22 , (AE) 2018/1240 23 agus (AE) 2019/817 24 , ar forbairtí iad freisin ar acquis Schengen maidir le teorainneacha, chun cearta rochtana a dheonú, chun críocha an scagtha, ar na sonraí sa Chóras Faisnéise Víosaí (VIS), ar an gCóras Dul Isteach agus Imeachta (EES) agus ar Chóras an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) faoi seach. Mar sin féin, an leasú comhuaineach ar Rialachán (AE) Uimh. 2019/816 chun cearta rochtana a dheonú ar ECRISTCN chun críocha an scagtha, níorbh fhéidir é a leasú mar chuid den Rialachán céanna ar chúiseanna na geoiméadrachta athraithí, ós rud é nach forbairt ar acquis Schengen atá sa rialachán lena mbunaítear ECRISTCN. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán 2019/816 a leasú le hionstraim dlí ar leith.

    (5)Cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rochtain ar ECRISTCN a chumasú chun críocha na seiceálacha slándála arna mbunú le Rialachán (AE) [Rialachán maidir le Scagadh] 25 , arb é is aidhm dó rialú na ndaoine atá ar tí dul isteach i limistéar Schengen a neartú agus iad a chur faoi réir na nósanna imeachta is infheidhme, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit an cuspóir sin a ghnóthú go leordhóthanach, agus ó tharla nach féidir é a ghnóthú ach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

    (6)Le Rialachán (AE) …/… [Rialachán maidir le Scagadh] 26 , déantar foráil maidir le rialacha sonracha a bhaineann le náisiúnaigh tríú tír a shainaithint tríd an Stóras Coiteann Sonraí Pearsanta (CIR) a cheadú, córas arna bhunú le Rialacháin (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun cuidiú le ceartsainaithint na ndaoine atá cláraithe in EES, VIS, ETIAS, Eurodac agus ECRISTCN, lena náirítear daoine nach eol cé hiad agus nach bhfuil in ann a gcéannacht a léiriú, agus chun an tsainaithint sin a éascú.

    (7)Na húdaráis arna nainmniú chun an scagadh a dhéanamh, ó tharla gur gá rochtain a bheith acu ar na sonraí arna stóráil sa Stóras Coiteann Sonraí Céannachta (CIR) chun an tsainaithint a dhéanamh, is le Rialachán (AE) …/… [Rialachán maidir le Scagadh] 27 a leasaítear Rialachán (AE) 2019/817. Ar chúiseanna na geoiméadrachta athraithí, níorbh fhéidir Rialachán (AE) 2019/818 a leasú sa Rialachán céanna, dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/818 a leasú le hionstraim dlí shainiúil.

    (8)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis na Conarthaí, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

    (9)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais atá i gceangal leis na Conarthaí, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/816

    Leasaítear Rialachán (AE) 2019/816 mar a leanas:

    1.In Airteagal 1, cuirtear an pointe (e) seo a leanas leis:

    ‘(e)    na coinníollacha faoina núsáidfidh na húdaráis inniúla ECRISTCN chun seiceáil slándála a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) …/… 28 [Rialachán maidir le Scagadh]*.’

    _____________

    *    Rialachán (AE) …/… [Rialachán lena dtugtar isteach scagadh ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/817] (IO …)

    2.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

    ‘Airteagal 2
    Raon Feidhme

    Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí céannachta náisiúnach tríú tír a phróiseáil, náisiúnaigh tríú tír a bhí faoi réir ciontuithe sna Ballstáit, chun na Ballstáit inar tugadh na ciontuithe sin a shainaithint [agus chun críoch bainistithe teorannacha chomh maith] 29 . Cé is moite d’Airteagal 5(1), pointe (b)(ii), na forálacha den Rialachán seo a bhfuil feidhm acu maidir le náisiúnaigh tríú tír, tá feidhm ag na forálacha sin maidir le saoránaigh den Aontas a bhfuil náisiúntacht tríú tír acu freisin agus a bhí faoi réir ciontuithe sna Ballstáit.

    Ina theannta sin, déantar an méid seo a leanas leis an rialachán seo:

    (a)cuidítear le ceartsainaithint daoine, agus déantar an tsainaithint sin a éascú, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialachán (AE) 2019/818;

    (b)tacaítear le cuspóirí Rialachán (AE) …/… [Rialachán maidir le Scagadh] a mhéid a bhaineann leis na seiceálacha slándála a dhéanamh.

    3.In Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6:

    (6) ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ na húdaráis lárnacha agus Eurojust, Europol, EPPO [Láraonad ETIAS arna bhunú laistigh den Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta] 30 agus na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 6(7), fomhír 1 de Rialachán (AE) …/… [Rialachán maidir le Scagadh], ar údaráis iad atá inniúil chun ECRISTCN a rochtain nó a chuardach i gcomhréir leis an Rialachán seo;

    4.Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

    (a)in Airteagal 1, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

    ‘(c)bratach lena léiriú, chun críoch Rialachán (AE) 2018/1240 agus Airteagail 11 agus 12 de Rialachán (AE) …/… [Rialachán maidir le Scagadh], gur ciontaíodh an náisiúnach tríú tír lena mbaineann i gcion sceimhlitheoireachta nó in aon chion coiriúil eile a liostaítear san iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1240, má tá siad inphionóis faoin dlí náisiúnta le pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála ar feadh uastréimhse trí bliana ar a laghad, agus, sna cásanna sin, cód an Bhallstáit chiontaithigh nó na mBallstát ciontaitheach.’;

    (b)cuirtear an mhír 7 seo a leanas isteach i ndiaidh mhír 6:

    ‘7.    I gcás ina naithneofar amais tar éis na seiceálacha slándála dá dtagraítear in Airteagail 11 agus 12 de Rialachán (AE) …/… [Rialachán maidir le Scagadh], ní bheidh bratacha ná cód an Bhallstáit chiontaithigh nó cóid na mBallstát ciontaitheach dá dtagraítear i mír 1, pointe (c) den Airteagal seo inrochtana agus inchuardaithe ach ag na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 6(7) de Rialachán (AE) …/… [Rialachán maidir le Scagadh] chun críoch an Rialacháin sin.’

    5.In Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

    ‘7. I gcás amais, cuirfidh an lárchóras faisnéis ar fáil go huathoibríoch don údarás inniúil faoi na Ballstáit ag a bhfuil faisnéis faoi thaifid choiriúla i leith an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann, mar aon leis na huimhreacha tagartha gaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus aon fhaisnéis chéannachta chomhfhreagrach. Ní úsáidfear an fhaisnéis chéannachta sin ach amháin chun céannacht an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann a fhíorú. Ní fhéadfar úsáid a bhaint as toradh cuardaigh sa lárchóras ach amháin chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)iarraidh a dhéanamh de réir Airteagal 6 de Chinneadh Réime 2009/315/CGB;

    (b)iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 17(3) den Rialachán seo a dhéanamh;

    (c)[bainistiú teorann] 31 ;

    (d)measúnú a dhéanamh an mbeadh náisiúnach tríú tír atá faoi réir seiceálacha scagtha ina bhagairt don bheartas poiblí nó don tslándáil phoiblí, i gcomhréir le Rialachán (AE) …/… [Rialachán maidir le Scagadh].

    6.Cuirtear an tAirteagal 7a seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 7:

    ‘Airteagal 7a

    Úsáid ECRISTCN chun críocha an Scagtha

    ‘Na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 6(7) de Rialachán (AE) …/… [Rialachán maidir le Scagadh], beidh sé de cheart acu an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla le haghaidh Náisiúnaigh Tríú Tír (ECRISTCN) a rochtain agus a chuardach trí úsáid a bhaint as an Tairseach Chuardaigh Eorpach (ESP) dá bhforáiltear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/818, chun na cúraim a chuirtear orthu faoi Airteagal 11 de Rialachán (AE) …/… [Rialachán maidir le Scagadh] a dhéanamh.

    Chun an tseiceáil slándála dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) …/… [Rialachán maidir le Scagadh] a dhéanamh, ní bheidh rochtain ag na húdaráis inniúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír ach amháin ar thaifid sonraí in CIR a bhfuil bratach curtha leo i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(c) den Rialachán sin.

    Is i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus trí úsáid a bhaint as bealaí náisiúnta a dhéanfar taifid choiriúla náisiúnta a cheadú ar bhonn na sonraí ó ECRISTCN a bhfuil bratach curtha leo. Tabharfaidh na húdaráis náisiúnta ábhartha tuairim do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 6(7) de Rialachán (AE) …/… [Rialachán maidir le Scagadh] laistigh de dhá lá i gcás ina ndéanfar an scagadh ar chríoch na mBallstát, nó laistigh de cheithre lá i gcás ina ndéanfar an scagadh ag na teorainneacha seachtracha. Mura bhfaighfear tuairim laistigh de na spriocamanna sin, ciallóidh sé sin nach bhfuil aon fhoras slándála atá le cur san áireamh.’

    7.In Airteagal 24, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1. Is chun críocha an mhéid seo agus an mhéid seo amháin a chuirtear sonraí isteach sa lárchóras agus in CIR:

    (a)na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi thaifid choiriúla i leith náisiúnaigh tríú tír

    (b)[bainistiú teorann] 32

    (c)scagadh de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) …/… [Rialachán maidir le Scagadh].’

    Airteagal 2

    Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/818

    Leasaítear Rialachán (AE) 2019/818 mar a leanas:

    1.In Airteagal 7 cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    ‘(2) Údaráis na mBallstát agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais dá dtagraítear i mír 1, úsáidfidh siad ESP chun sonraí a bhaineann le daoine nó a ndoiciméid taistil a chuardach i lárchórais Eurodac agus ECRISTCN, i gcomhréir lena gcearta rochtana dá dtagraítear sna hionstraimí dlí a rialaíonn na córais faisnéise sin den Aontas agus sa dlí náisiúnta. Úsáidfidh siad ESP freisin chun CIR a chuardach i gcomhréir lena gcearta rochtana faoin Rialachán seo chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagail 20, 20a, 21 agus 22.’

    2.Leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

    (a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

    ‘Bunaítear stóras coiteann sonraí céannachta (CIR), lena gcruthaítear sainchomhad le haghaidh gach duine atá cláraithe in EES, VIS, ETIAS, Eurodac nó ECRISTCN ina bhfuil na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 18, chun ceartsainaithint daoine atá cláraithe in EES, VIS, ETIAS, Eurodac agus ECRISTCN i gcomhréir le hAirteagal 20 agus 20a den Rialachán seo a éascú agus cuidiú léi, chun tacú le feidhmiú an bhrathadóra ilchéannachtaí (MID) i gcomhréir le hAirteagal 21 agus chun rochtain ag na húdaráis ainmnithe agus ag Europol ar EES, VIS, ETIAS agus Eurodac a éascú agus a chuíchóiriú, i gcás inar gá an méid sin chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 22.’

    (b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    ‘I gcás nach mbeidh sé indéanta ar chúiseanna teicniúla, de dheasca chliseadh CIR an stóras a chuardach chun duine a shainaithint de bhun Airteagal 20 nó chun céannacht duine a fhíorú nó a shuí de bhun Airteagal 20a den Rialachán seo ionas gur féidir ilchéannachtaí a bhrath de bhun Airteagal 21, nó chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú de bhun Airteagal 22, tabharfaidh euLISA fógra d’úsáideoirí CIR ar bhealach uathoibrithe.

    3.In Airteagal 18 cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    ‘(3) Na húdaráis a dhéanann CIR a rochtain, déanfaidh siad amhlaidh i gcomhréir lena gcearta rochtana faoi na hionstraimí dlí a rialaíonn córais faisnéise an Aontais agus faoin dlí náisiúnta, agus i gcomhréir leis na cearta rochtana atá acu faoin Rialachán seo chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagail 20, 20a, 21 agus 22.’

    4.Cuirtear an tAirteagal 20a seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 20:

    Airteagal 20a

    Rochtain ar an stóras coiteann sonraí céannachta chun sainaithint a dhéanamh de réir Rialachán (AE) …/… [Rialachán maidir le Scagadh]

    1. Ba cheart don údarás inniúil ainmnithe dá dtagraítear in Airteagal 6(7) de Rialachán (AE) …/… [Rialachán maidir le Scagadh] cuardach a dhéanamh in CIR chun críche duine a shainaithint de réir Airteagal 10 den Rialachán sin agus chun na críche sin amháin, ar choinníoll go ndearnadh an nós imeachta a thionscnamh i láthair an duine sin.

    2. I gcás ina léiríonn an cuardach go bhfuil sonraí an duine sin stóráilte in CIR, beidh rochtain ag an údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 ar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 18(1) den Rialachán seo lena gceadú.’

    5.Leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:

    (a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

    ‘1.   Gan dochar d’Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2019/816, coimeádfaidh euLISA logaí de na hoibríochtaí próiseála sonraí uile a dhéantar in CIR i gcomhréir le míreanna 2, 2a, 3 agus 4 den Airteagal seo.’

    (b)cuirtear an mhír 2a seo a leanas isteach i ndiaidh mhír 2:

    ‘2a. De bhun Airteagal 20a, coimeádfaidh euLISA logaí de na hoibríochtaí próiseála sonraí uile a dhéantar in CIR. Áireofar sna logaí sin na nithe seo a leanas:

    (a)an Ballstát atá ag seoladh an chuardaigh;

    (b)cuspóir rochtana an úsáideora atá ag cuardach trí CIR;

    (c)dáta agus am an chuardaigh;

    (d)na cineálacha sonraí a úsáidtear chun an cuardach a sheoladh;

    (e)torthaí an chuardaigh.’

    (c)i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    ‘(5) Déanfaidh gach Ballstát logaí de chuardaigh a choimeád, cuardaigh a dhéanann údaráis an Bhallstáit agus foireann na núdarás atá cuíúdaraithe chun CIR a úsáid de bhun Airteagail 20, 20a, 21 agus 22. Déanfaidh gach gníomhaireacht de chuid an Aontais logaí de chuardaigh a choimeád, cuardaigh a dhéanann foireann na gníomhaireachta atá cuíúdaraithe de bhun Airteagail 21 agus 22.’

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    (1)    COM(2020)612.
    (2)    Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh, IO L 348, 24.12.2008, lgh. 98107
    (3)    Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).
    (4)    Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Ballstáit (Rialachán VIS), IO L 218, 13.8.2008, lgh. 6081.
    (5)    Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach agus Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, IO L 327, 9.12.2017, lch. 20.
    (6)    Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le bunú, oibriú agus úsáid an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II), IO L 381, 28.12.2006, lch. 423.
    (7)    Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRISTCN) a fhorlíonadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726, IO L 135, 22.5.2019, lgh. 126.
    (8)    Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idirinoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí, IO L 135, 22.5.2019, lch. 27.
    (9)    Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idirinoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce , IO L 135, 22.5.2019, lch. 85.
    (10)    Cinneadh Réime 2009/315/CGB ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le heagrú agus le hábhar an mhalartaithe faisnéise a bhaintear as an taifead coiriúil idir na Ballstáit, IO L 93, 7.4.2009, lgh. 23–32.
    (11)    Cinneadh 2009/316/CGB ón gComhairle an 6 Aibreán 2009 maidir le bunú an Chórais Faisnéise Eorpaigh um Thaifid Choiriúla (ECRIS) agus Airteagal 11 de Chinneadh Réime 2009/315/CGB á chur i bhfeidhm, IO L 93, 7.4.2009, lch. 33–48.
    (12)    Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idirinoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí, IO L 135, 22.5.2019, lch. 27.
    (13)    Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idirinoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce , IO L 135, 22.5.2019, lch. 85.
    (14)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear na coinníollacha maidir le rochtain a fháil ar na córais faisnéise eile de chuid an Aontais Eorpaigh agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2018/1862 agus Rialachán (AE) Uimh. 2019/816.
    (15)    Rialachán (AE) …/…. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [...] lena dtugtar isteach scagadh ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/817 IO [...]
    (16)    Op. cit. 15.
    (17)    Op. cit. 15.
    (18)    Op. cit. 15.
    (19)    Op. cit. 15.
    (20)    Op. cit. 15.
    (21)    Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Ballstáit (Rialachán VIS), IO L 218, 13.8.2008, lgh. 6081.
    (22)    Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach agus Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, IO L 327, 9.12.2017, lch. 20.
    (23)    Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).
    (24)    Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idirinoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, IO L 135, 22.5.2019, lch. 27.
    (25)    Op. cit. 15.
    (26)    Op. cit. 15.
    (27)    Op. cit. 15.
    (28)    IO …
    (29)    COM/2019/3 final.
    (30)    Op. cit. 29.
    (31)    Op. cit. 29.
    (32)    Op. cit. 29.
    Top