EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021PC0021

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2014/41/AE, a mhéid a bhaineann lena hailíniú le rialacha an Aontais maidir le sonraí pearsanta a chosaint

COM/2021/21 final

An Bhruiséil,20.1.2021

COM(2021) 21 final

2021/0009(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2014/41/AE, a mhéid a bhaineann lena hailíniú le rialacha an Aontais maidir le sonraí pearsanta a chosaint


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tháinig Treoir (AE) 2016/680 1 (An Treoir Maidir le Cosaint Sonraí i Réimse Fhorfheidhmiú an Dlí – LED) i bhfeidhm an 6 Bealtaine 2016 agus bhí go dtí an 6 Bealtaine 2018 ag na Ballstáit chun í a thrasuí sa dlí náisiúnta. Leis an treoir rinneadh Cinneadh Réime 2008/977/JHA ón gComhairle 2 a aisghairm agus cuireadh í ina ionad, ach is uirlis chosanta sonraí níos cuimsithí agus níos ginearálta atá inti. Rud is tábhachtaí, baineann an treoir sin le próiseáil‑ sonraí pearsanta baile agus trasteorann ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a aimsiú nó a ionchúiseamh agus chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n‑áirítear cosaint ar bhagairtí ar an tslándáil phoiblí agus na bagairtí ar an tslándáil sin a chosc (Airteagal 1(1)).

Ceanglaítear le hAirteagal 62(6) LED go ndéanfaidh an Coimisiún, faoin 6 Bealtaine 2019, athbhreithniú ar ghníomhartha dlí eile an Aontais lena rialaítear próiseáil sonraí pearsanta údarás inniúil chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, chun measúnú a dhéanamh ar an ngá lena n-ailíniú le LED agus, i gcás inarb iomchuí, chun tograí a dhéanamh lena leasú chun go n-áireofar comhsheasmhacht i gcosaint sonraí pearsanta laistigh de raon feidhme LED.

Leag an Coimisiún amach torthaí a athbhreithnithe i dTeachtaireacht ar an mBealach chun tosaigh maidir le hailíniú acquisan iar-thríú colún mar a bhí le rialacha cosanta sonraí (24 Meitheamh 2020) 3 , ina sonraítear deich ngníomh dlí ba cheart a ailíniú le LED agus tráthchlár lena ndéanfar é. Áirítear ar an liosta Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach a úsáid in imeachtaí in ábhair choiriúla 4 . Thug an Coimisiún le fios go gcuirfeadh sé i láthair leasuithe spriocdhírithe ar an Treoir sin le linn ráithe deiridh 2020; sin é sin is cuspóir don togra seo.

Ní thagann an tionscnamh seo faoin gclár um oiriúnacht rialála (REFIT).

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá d’aidhm ag an togra na rialacha cosanta sonraí i dTreoir 2014/41/AE a ailíniú leis na prionsabail agus na rialacha a leagtar síos i LED, chun creat láidir comhtháite cosanta sonraí a chur ar fáil san Aontas.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

neamhbhainteach

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 16(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (TFEU).

Bunaíodh an gníomh bunaidh ar iar-Airteagal 34(2)(b) de chuid an iar-Chonartha ar an Aontas Eorpach, gníomh comhfhreagraíonn d’Airteagal 82(1) CFAE. Mar sin féin, is léir go bhfuil cuspóir agus substaint an leasaithe atáthar a bheartú teoranta do chosaint sonraí pearsanta.

Maidir leis sin, is é Airteagal 16(2) CFAE an bunús dlí is iomchuí. Faoin Airteagal, is féidir rialacha a ghlacadh maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag na Ballstáit le linn dóibh gníomhaíochtaí a dhéanamh faoi dhlí an Aontais acu agus rialacha a ghlacadh maidir le saorghluaiseacht sonraí pearsanta.

De réir Airteagal 2a de Phrótacal Uimh. 22, ní bheidh an Danmhairg faoi cheangal ag na rialacha a leagadh síos ar bhonn Airteagal 16 CFAE a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta nuair a bhíonn gníomhaíochtaí á ndéanamh aici a thagann faoi raon feidhme Caibidil 4 agus 5 Teideal IV Mhír a Trí den CFAE. Is amhlaidh an cás d’Éirinn de réir Airteagal 6a de Phrótacal Uimh. 21.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Is é an tAontas amháin a fhéadfaidh gníomh reachtach lena leasaítear Treoir 2014/41/AE. a ghlacadh.

Comhréireacht

Tá an togra seo teoranta dá bhfuil riachtanach chun Treoir 2014/41/AE a ailíniú le reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta (go háirithe LED) gan athrú a dhéanamh ar raon feidhme na Treorach ar shlí ar bith. Ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a shaothraítear a ghnóthú, i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Rogha ionstraime

Chun Treoir 2014/41/AE a leasú, is é Treoir an ionstraim is iomchuí.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

an togra seo ag teacht le torthaí athbhreithniú an Choimisiúin faoi Airteagal 62(6) LED, de réir mar a cuireadh i láthair iad sa Teachtaireacht ar an mBealach chun tosaigh maidir le ailíniú acquis an iar-thríú colún mar a bhí le rialacha cosanta sonraí. Liostaítear sa Teachtaireacht sin pointí ar gá ailíniú ina leith. Go háirithe, sainaithnítear inti an gá lena shoiléiriú go bhfuil aon phróiseáil sonraí pearsanta a dhéantar faoi Threoir 2014/41/AE faoi réir LED nó Rialachán (AE) 2016/679 5 (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí – GDPR), ag brath ar cé acu an dtarlaíonn sé i gcomhthéacs imeachtaí coiriúla nó neamhchoiriúla. Ba cheart don ailíniú a shoiléiriú nach bhféadfar sonraí a fhaightear faoi Threoir 2014/41/AE a phróiseáil ach amháin chun na gcríoch sin ar chucu a bailíodh iad faoi na coinníollacha a leagtar síos i LED (Airteagail 4(2) nó 9(1)) nó GDPR (Airteagal 6).

Trína mholadh go scriosfaí Airteagal 20 Threoir 2014/41/AE, tá an togra teoranta dá bhfuil riachtanach le haghaidh a thabhairt ar na pointí thuas.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

neamhbhainteach

Bailiú agus úsáid saineolais

In athbhreithniú an Choimisiúin, chuir sé staidéar san áireamh a rinneadh mar chuid de thionscadal píolótach maidir le ‘hionstraimí agus le cláir an Aontais um bailiú sonraí a athbhreithniú ó thaobh cearta bunúsacha de’ 6 . Sa staidéar rinneadh mapáil ar ghníomhartha an Aontais a cumhdaíodh in Airteagal 62(6) LED agus sainaithníodh forálacha ar gá ailíniú le saincheisteanna maidir le cosaint sonraí ina leith.

Measúnú tionchair

Tá tionchar an togra seo teoranta don phróiseáil a dhéanann údaráis inniúla ar shonraí pearsanta sna cásanna sonracha atá á rialú ag Treoir 2014/41/AE. Measadh tionchar na n-oibleagáidí nua a eascraíonn as LED i gcomhthéacs obair ullmhúcháin LED. Fágann sin nach gá measúnú tionchair faoi leith i ndáil leis an togra seo.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

neamhbhainteach

Cearta bunúsacha

Leagtar síos an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint in Airteagal 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus in Airteagal 16 CFAE. Mar atá curtha in iúl ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh 7 , ní ceart absalóideach é an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint, ach ní mór é a mheas i bhfianaise na feidhme atá aige sa tsochaí 8 . Tá dlúthcheangal idir cosaint sonraí agus meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, arna chosaint faoi Airteagal 7 sa Chairt.

Aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta faoi Threoir 2014/41/AE, áirítear sa tionscadal seo go ndéanfar í faoi réir prionsabail ‘chothrománacha’ agus rialacha maidir le reachtaíocht an Aontais um chosaint sonraí, rud a chuirfear chun feidhme a thuilleadh Airteagal 8 den Chairt. Is é is cuspóir don reachtaíocht sin leibhéal ard cosanta ar shonraí pearsanta a áirithiú agus a shoiléiriú go mbeidh tionchar dearfach ag prionsabail agus rialacha Threoir 2016/680 a bhfuil feidhm acu maidir le próiseáil sonraí faoin Treoir a mhéid a bhaineann leis na cearta bunúsacha chun príobháideachais agus cosaint sonraí.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

neamhbhainteach

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

neamhbhainteach

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Ní gá doiciméid mhíniúcháin ar thrasuí i leith an togra seo, sa mhéid go mbaineann sé le hairteagal amháin ó Threoir 2014/41/AE a scrios.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Le hAirteagal 1 scriostar Airteagal 20 de Threoir 2014/41/AE. Ar an gcaoi sin, tá an tionscadal seo teoranta dá bhfuil riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar na pointí thuas. Faoi Airteagal 20 is gá go gcomhlíonfaidh aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta faoin Treoir le Cinneadh Réime 2008/977/JHA ón gComhairle agus le prionsabail Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Daoine Aonair a Chosaint maidir le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil go hUathoibríoch (28 Eanáir 1981) agus a Phrótacal Forlíontach.

Rinne LED Cinneadh Réime a aisghairm le héifeacht ón 6 Bealtaine 2018. Faoi Airteagal 59 LED, tá tagairtí don Chinneadh Réime le forléiriú mar thagairtí do LED.

Faoina Airteagal 2(1), tá feidhm ag LED maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun na gcríoch a leagtar amach ina Airteagal 1(1), i.e. cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a aimsiú nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear cosaint ar bhagairtí ar an tslándáil phoiblí agus na bagairtí ar an tslándáil sin a chosc. Bíodh sin mar atá, tá feidhm ag Treoir 2014/41/AE maidir le cineálacha áirithe imeachtaí neamhchoiriúla – is é GDPR a dhéanann iad seo a rialú.

Ós rud é go dtagraítear in Airteagal 20 de Threoir 2014/41/AE don Chinneadh Réime, d’fhéadfadh mearbhall a bheith ann maidir le cé acu an bhfuil feidhm ag LED le próiseáil sonraí pearsanta freisin maidir le horduithe imscrúdaithe Eorpacha i gcomhthéacs na n-imeachtaí neamhchoiriúla (nach dtagann laistigh de raon feidhme LED). Is leor Airteagal 20 a scrios chun an staid sin a réiteach. Tá feidhm fós ag LED le próiseáil sonraí pearsanta laistigh dá raon feidhme faoi Threoir 2014/41/AE.

Ós rud é go bhfuil feidhm ag LED agus GDPR (iad araon laistigh dá raon feidhme) maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoi Threoir 2014/41/AE, déanfar na sonraí sin a phróiseáil chun críoch nach críocha iad ar chucu a bailíodh iad i gcomhréir le LED (Airteagail 4(2) agus 9(1)) nó GDPR (Airteagal 6(4)). Ní gá foráil nua chuige sin.

Faoi Airteagal 20 de Threoir 2014/41/AE is gá srian a chur ar rochtain ar shonraí pearsanta, gan dochar do chearta an ábhair sonraí, agus gan rochtain a bheith ach ag daoine údaraithe ar na sonraí sin. Le LED agus GDPR bunaítear creat cuimsitheach maidir le cearta na n-ábhar sonraí agus le hoibleagáidí an rialaitheora sonraí, lena n-áirítear an méid a bhaineann le cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú, agus slándáil na próiseála. Tá an dara mír d’Airteagal 20 iomarcach dá bhrí sin.

Ós rud é nach bhfuil rialacha sonracha maidir le cosaint sonraí i dTreoir 2014/41/AE, ní gá a thuilleadh leasuithe a bhaineann le cosaint sonraí a dhéanamh.

In Airteagal 2 leagtar amach an sprioc-am faoina ndéanfar an Treoir nua atáthar a bheartú a thrasuí.

In Airteagal 3 socraítear an dáta a thiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm.

In Airteagal 4 foráiltear go ndíreofar an Treoir seo ar na Ballstáit.

2021/0009 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2014/41/AE, a mhéid a bhaineann lena hailíniú le rialacha an Aontais maidir le sonraí pearsanta a chosaint

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 16(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)De bhunadh Airteagal 62(6) de Threoir (AE) 2016/680 9 , tá an Coimisiún le hathbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhartha eile de dhlí an Aontais lena rialaítear próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 1(1) den Treoir sin, chun measúnú a dhéanamh ar an ngá leis na gníomhartha sin a ailíniú leis an Treoir sin agus chun na tograí is gá a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, le haghaidh na gníomhartha seo a leasú le cur chuige comhsheasmhach a áirithiú maidir le sonraí pearsanta a chosaint laistigh de raon feidhme na Treoracha sin. De thoradh an athbhreithnithe sin, rinneadh Treoir 2014/41/AE 10 a shainaithint mar cheann de na gníomhartha eile sin atá le leasú.

(2)Ar mhaithe le comhsheasmhacht agus le cosaint éifeachtach sonraí pearsanta, ba cheart le próiseáil sonraí pearsanta faoi Threoir 2014/41/AE go n-urramófaí na rialacha a leagadh amach i dTreoir (AE) 2016/680, i gcás inarb infheidhme. Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2016/679 11 maidir le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhréir le himeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4, pointí (b), (c) agus (d) de Threoir 2014/41/AE i gcás nach gcumhdaítear le Treoir (AE) 2016/680 iad.

(3)I gcomhréir le hAirteagail 1, 2 agus 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

(4)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le Seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

(5)Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2014/41/AE a leasú dá réir sin.

(6)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 12 agus thug sé a thuairim uaidh an XX XXXX 13 ,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2014/41/AE

Scriostar Airteagal 20 de Threoir 2014/41/AE.

Airteagal 2

1.Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoi cheann [bliain amháin tar éis a glactha] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo, i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).
(2)    Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle an 27 Samhain 2008 maidir le sonraí pearsanta a chosaint i gcreat an chomhair póilíneachta agus bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla (IO L 350, 30.12.2008, lch. 60).
(3)    COM(2020) 262 final.
(4)    IO L 130, 1.5.2014, lch. 1.
(5)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(6)    Ba é Parlaimint na hEorpa a d’iarr an tionscadal píolótach, an Coimisiún a rinne bainistiú air agus conraitheoir a chuir i gcrích é (grúpa saineolaithe neamhspleácha). Roghnaigh an Coimisiún conraitheoir ar bhonn na gcritéar arna gcinneadh ag an bParlaimint. Ní léirítear i mbunspriocanna inbhuanaithe an tionscadail ach dearcthaí agus tuairimí an chonraitheora agus ní féidir freagracht a chur ar an gCoimisiún as aon úsáid a fhéadfar a bhaint as an bhfaisnéis atá ann. Foilsítear na torthaí ag http://www.fondazionebrodolini.it/en/projects/pilot-project-fundamental-rights-review-eu-data-collectioninstruments-and-programmes  
(7)    CJEU, 9 Samhain 2010, Volker und Markus Schecke agus Eifert, Cásanna Uamtha C-92/09 agus C-93/09 (ECLI:EU:C:2009:284, mír 48).
(8)    I gcomhréir le hAirteagal 52(1) den Chairt, féadfar an ceart maidir le cosaint sonraí a fhorghníomhú faoi réir teorannacha dá bhforáiltear sa dlí, teorannacha a urramóidh inneachar an chirt agus saoirsí, agus (faoi réir phrionsabal na comhréireachta) teorannacha a mbeidh gá leo agus a fhreagróidh do chuspóirí leasa ghinearálta arna n‑aithint ag an Aontas nó don riachtanas cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint.
(9)    Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).
(10)    Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach in ábhair choiriúla (IO L 130, 1.5.2014, lch. 1).
(11)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(12)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
Top