This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52021IR3533
Opinion of the European Committee of the Regions – A long-term vision for the EU’s rural areas
Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Fís fhadtéarmach do Cheantair Thuaithe an Aontais
Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Fís fhadtéarmach do Cheantair Thuaithe an Aontais
COR 2021/03533
IO C 270, 13.7.2022, p. 18–24
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
13.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 270/18 |
Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Fís fhadtéarmach do Cheantair Thuaithe an Aontais
(2022/C 270/04)
|
MOLTAÍ BEARTAIS
TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)
1. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó an fhís fhadtéarmach mar chéim ríthábhachtach i dtreo fhorbairt inbhuanaithe na gceantar tuaithe agus i dtreo fíor-chomhtháthú críochach ar fud an Aontais agus gurb oth leis gur foilsíodh an fhís fhadtéarmach sin tar éis don chaibidlíocht maidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) 2021-2027 a bheith tugtha chun críche, ós rud é go bhféadfadh an beartas sin cuidiú leis an straitéis sin a chur chun feidhme, go háirithe trí chothromaíocht airgeadais níos fearr a chothú idir an chéad cholún agus an dara colún de CBT; |
2. |
á chur in iúl gurb oth leis, i ndáil leis sin, gur cuireadh na hionstraimí cóineasúcháin idir an beartas comhtháthaithe agus an beartas forbartha tuaithe as an áireamh le linn an athchóirithe a rinneadh le déanaí ar CBT; á chur in iúl go bhfuil díomá ar leith air gur cuireadh deireadh leis an iarracht chun an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) a chomhtháthú i Rialachán na bhForálacha Coiteanna maidir leis an mBeartas Comhtháthaithe do 2021-2027; |
3. |
á chur i dtábhacht nach mór don Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa daoine i gceantair thuaithe a chur san áireamh d’fhonn a gcuid smaointe, a gcuid riachtanas agus a n-acmhainneacht a léiriú agus chun a áirithiú go mbeidh úinéireacht acu ar an tionscadal Eorpach. Is é atá á mholadh ag CnaR go n-ionchorprófaí teicnící cumarsáide agus fógraíochta lena ndíreofar ar an íomhá chomhchoiteann de bhealaí maireachtála tuaithe a fheabhsú, trí aird a tharraingt ar na buntáistí cultúrtha agus sóisialta a bhaineann le saol na tuaithe; |
4. |
á chur i dtábhacht nach mór a áirithiú go ndéanfar naisc idir ceantair thuaithe agus ceantair uirbeacha a bheidh chun tairbhe don dá thaobh a chomhtháthú i mbeartais uile an Aontais i gcomhréir le cuspóirí an chomhtháthaithe chríochaigh, tríd an leas is fearr is féidir a bhaint as a idirspleáiche ar a chéile atá na ceantair thuaithe agus na ceantair uirbeacha; |
5. |
á mholadh go ndéanfaí an tsamhail chríochach reatha atá bunaithe ar réigiúin agus cathracha a athrú go samhail atá bunaithe ar chaidreamh cothrom comhroinnte idir ceantair uirbeacha agus tuaithe. Ba cheart sásraí cúitimh a bheith san áireamh sa tsamhail sin chun sineirgí frithpháirteacha a cheadú agus chun an caidreamh tuaithe-uirbeach a athchothromú. Le samhail choiteann uirbeach-thuaithe, cuirfear feabhas freisin ar chosaint na bithéagsúlachta agus cuirfear chun cinn éagsúlacht bhithchultúrtha na gceantar tuaithe; |
6. |
á chur in iúl gurb oth leis nach n-ullmhófar treoirlínte maidir le gníomhaíochtaí feabhsaithe tacaíochta agus le maoiniú feabhsaithe do cheantair thuaithe ar leibhéal an Aontais ach don chlárthréimhse 2028-2034 amháin; |
7. |
á chur i dtábhacht a phráinní atá sé Clár Oibre Eorpach Tuaithe a chur ar bun ina leagtar amach tograí nithiúla le haghaidh gníomhaíocht láithreach chun tacú leis an bhfís fhadtéarmach agus á mholadh go mbeadh acmhainní, ionstraimí airgeadais agus spriocanna cainníochtúla ag gabháil leis na tograí nithiúla sin chun cur chun feidhme éifeachtach na físe fadtéarmaí a áirithiú; |
8. |
á iarraidh, i ndáil leis sin, go ndéanfaí cistí Eorpacha a chur i leataobh ar a laghad do thionscadail neamhthalmhaíochta i gceantair thuaithe, go dtabharfaí isteach iad i gcláir oibríochtúla an bheartais comhtháthaithe agus i gcláir idirghabhála dírí eile de chuid na hEorpa (Fís Eorpach, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa nó Eoraip na Cruthaitheachta); |
9. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó uaillmhian an Choimisiúin dearcadh na tuaithe a phríomhshruthú i mbeartais uile an Aontais. Réitítear an bealach le haghaidh beartais níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí mar thoradh ar na measúnuithe tionchair chríochaigh i dtaca le gníomhaíocht chomhpháirteach ar leibhéal an Aontais. I ndáil leis sin, cuireann an Coiste i dtábhacht nach mór do na measúnuithe tionchair an bhithéagsúlacht agus tréithe bithchultúrtha a chur san áireamh freisin; |
10. |
á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cistiú leordhóthanach a áirithiú chun an fhís do cheantair thuaithe an Aontais a chur chun feidhme. Ba cheart, a mhéid is féidir, beartas tuaithe an Aontais a chomhtháthú sa bheartas comhtháthaithe d’fhonn beartas comhleanúnach forbartha a bhaint amach. Tá tionchar ag an bhforbairt tuaithe ar níos mó ná tionscal na talmhaíochta amháin, agus dá bhrí sin, níor cheart don chistiú a bheith teoranta don Chiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe. Ba cheart cúinsí agus riachtanais áitiúla shonracha a bheith mar thúsphointe do bheartas tuaithe an Aontais, díreach mar atá sa bheartas comhtháthaithe; |
11. |
á iarraidh ar na Ballstáit agus ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha cur chuige a bheidh chun leas na tuaithe a chur i bhfeidhm maidir lena straitéisí agus a n-infheistíochtaí faoin gclárthréimhse reatha 2021-2027, maidir le CBT, cistí comhtháthaithe agus na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta; |
12. |
á chur i dtábhacht nach féidir fuinneamh inathnuaite ná an bonneagar agus na teicneolaíochtaí a bhaineann leis a fhorbairt go tapa agus go costéifeachtach, de réir mar is gá faoin gComhaontú Glas, ach amháin i gceantair thuaithe agus in éineacht leo. Ba cheart díriú anseo ar na srianta a bhaineann leis an eangach fuinnimh agus le stóráil fuinnimh, go háirithe thar theorainneacha. Tá an eangach ardvoltais ar lánacmhainneacht (in áiteanna áirithe) agus tá gá le hinfheistíochtaí chun a áirithiú go leanfar den fhuinneamh inathnuaite a tharchur. Chuige sin, tá sé ríthábhachtach go mbeidh rath eacnamaíoch ar cheantair thuaithe; |
13. |
á athdhearbhú a thábhachtaí atá an t-idirphlé idir na páirtithe uile a bhfuil baint acu le todhchaí na gceantar tuaithe, idir na leibhéil éagsúla rialtais agus riaracháin go dtí na príomhearnálacha eacnamaíocha, cuideachtaí, saoránaigh agus an saol acadúil; á chur in iúl gur uirlisí den scoth iad na tionscnaimh amhail fóraim, comhairlí nó cruinnithe comhchéime a nglacann na gníomhaithe uile páirt iontu, chun plé a dhéanamh ar na príomhdhúshláin atá os comhair na gceantar tuaithe agus chun teacht ar réitigh a chuireann guth an uile dhuine san áireamh; |
14. |
á dheimhniú go bhfuil CnaR tiomanta d’oibriú i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach chun an Comhshocrú Tuaithe a sheoladh i mbliana agus do shamhail rialachais a fhorbairt lena gcuirfear ar chumas na ngeallsealbhóirí uile lena mbaineann an fhís fhadtéarmach a chur chun feidhme go rathúil. Athdhearbhaíonn CnaR go mbeidh rannpháirtíocht na ngníomhaithe áitiúla agus réigiúnacha sa struchtúr rialachais sin ríthábhachtach chun gníomhaíochtaí a chur in oiriúint do riachtanais agus ceanglais na limistéar tuaithe, agus aird ar leith á tabhairt orthu siúd atá bánaithe nó a bhfuil rioscaí déimeagrafacha ag bagairt orthu; |
15. |
den tuairim, i bhfianaise a gcumas srian a chur le bánú na tuaithe agus deiseanna sóisialta agus eacnamaíocha a chruthú a bhaineann leis an gComhaontú Glas, gurb iad seo a leanas na réimsí is straitéisí inar cheart comhar áitiúil agus réigiúnach a fhorbairt faoin gComhshocrú Tuaithe: an bithgheilleagar agus go háirithe an talmhaíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, córais bhia réigiúnacha, an tsoghluaisteacht, nascacht dhigiteach, beocht shóisialta agus chultúrtha chomh maith le nuálaíocht i seirbhísí sóisialta chun leasa cách agus i bhfuinneamh inathnuaite. Measann CnaR go bhfuil ceantair thuaithe in ann dlús a chur leis an aistriú inbhuanaithe glas Eorpach a bhfuil gá leis; |
16. |
den tuairim go bhfuil gá le tuilleadh dul chun cinn maidir le leas a bhaint as seirbhísí éiceachórais nádúrtha (uisce, cothaithigh, uiscígh, rialú teochta, bithéagsúlacht, etc.), a bhféadfaí na tairbhí a bhaineann leo a leithdháileadh go páirteach ar bhardais tuaithe chun tacú le heagrú agus le forbairt a gceantar áitiúil; |
17. |
ag tathant ar an gCoimisiún é a dhéanamh níos éasca do chistiú poiblí do cheantair thuaithe tionscnaimh phríobháideacha a fhorlíonadh i gcás nach bhfuil soláthar earraí poiblí inmharthana ó thaobh na tráchtála de, agus a mhachnamh a dhéanamh ar státchabhair agus dreasachtaí cánach i gcás inarb iomchuí; |
18. |
á thabhairt dá aire go n-aithnítear sa Teachtaireacht stádas sonrach na réigiún is forimeallaí, mar a leagtar síos in Airteagal 349 CFAE; á aontú freisin gur gá seirbhísí leasa ghinearálta a chur ar fáil i gceantair thuaithe na réigiún is forimeallaí, ar seirbhísí iad atá ar cháilíocht inchomparáide leis na seirbhísí i limistéir uirbeacha; |
19. |
ag tarraingt aird ar na dúshláin ar leith atá os comhair na réigiún tuaithe a bhfuil tionchar ag athrú struchtúrach orthu nó ag na próisis chlaochlaithe is gá don aistriú glas, amhail i dtáirgeadh fuinnimh nó i dtionscal na ngluaisteán; áirítear orthu sin réigiúin turasóireachta tuaithe nach mór dóibh déileáil le patrúin taistil atá ag athrú i ngeall ar phaindéim COVID-19 agus athrú aeráide; |
20. |
á mholadh critéir thrédhearcacha, tagarmharcanna agus spriocanna a fhorbairt chun faireachán a dhéanamh ar thionchar na ngníomhaíochtaí agus an dul chun cinn a dhéantar maidir leis an bhfís a chur chun feidhme; |
21. |
á iarraidh, ar deireadh, go mbunófaí táscairí a bhaineann go háirithe le ceantair thuaithe — mar shampla, maidir le céatadán an daonra a bhfuil rochtain acu ar iompar poiblí, agus ar sheirbhísí digiteacha, fostaíochta, sláinte agus cultúrtha — i gcomhthéacs an tseimeastair Eorpaigh, chun a áirithiú go mbeidh an fhís do thodhchaí ceantair thuaithe an Aontais, go háirithe i limistéir atá tearc i ndaonra, mar chuid de na hionstraimí uile a bhunaíonn an tAontas chun athbhreithniú eacnamaíoch tréimhsiúil a dhéanamh ar chuspóirí agus ar spriocanna; |
22. |
á chur i dtábhacht nach féidir cur chuige a oireann do chách a bheith mar bhonn don chlár oibre tuaithe má tá rath le bheith air. Tá sé den tuairim, dá bhrí sin, go bhfuil gá le haicmiú beacht na limistéar áitiúil agus aitheantas a thabhairt do shainiúlachtaí áitiúla, a bhfuil paraiméadair agus táscairí trédhearcacha oibiachtúla lena dtugtar fíorluach d’fhorbairt tuaithe mar bhonn taca leo; |
23. |
á thabhairt dá aire go n-áirítear ar chuspóirí Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (1) tacaíocht a thabhairt do cheantair uirbeacha agus tuaithe atá faoi mhíbhuntáistí geografacha nó déimeagrafacha. Foráiltear leis freisin go leithdháilfidh na Ballstáit tacaíocht airgeadais AE ar thionscadail a chuireann chun cinn forbairt eacnamaíoch atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus atá cuimsitheach go sóisialta sna réigiúin lena mbaineann; |
24. |
á chur i dtábhacht, i ndáil leis sin, gur cheart tacaíocht speisialta a thabhairt do limistéir leibhéal NUTS 3 nó limistéir atá an-tearc i ndaonra, nó limistéir inar tháinig meánlaghdú os cionn 1 % ar a ndaonra idir 2007 agus 2017; |
25. |
á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach, i gcomhaontú leis na Ballstáit agus leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, a ráthú go n-áireofar sa tionscnamh maidir leis an bhfís fhadtéarmach do cheantair thuaithe réitigh phraiticiúla agus modhanna tacaíochta chun dul i ngleic le hathruithe déimeagrafacha atá os comhair ceantair thuaithe, agus athdhearbhaíonn sé nach mór tionscadail chomhtháite a chur chun feidhme bunaithe ar na cláir oibríochtúla faoin mbeartas comhtháthaithe agus pleananna agus ionstraimí straitéiseacha náisiúnta CBT a leagtar síos sna pleananna náisiúnta téarnaimh straitéiseacha. Ar deireadh, tá dea-chleachtais thrasteorann á bhforbairt ag tionscadail an Chomhair Chríochaigh Eorpaigh (Interreg) chun cur chuige nuálach agus tionscadail phíolótacha a cheapadh d’fhorbairt chríochach chomhtháite na gceantar feidhmiúil uirbeach-tuaithe; |
26. |
á iarraidh go mbeidh rialacha cur chun feidhme níos simplí ann maidir le cistí Eorpacha agus státchabhair i gceantair thuaithe, go dtiocfaidh feabhas ar an gcaoi a gcomhcheanglaítear iad agus go ndéanfar aistriú chuig samhail ilchiste lena n-áiritheofar go gcomhtháthófar ceantair thuaithe i ngach beartas; |
27. |
den tuairim maidir leis na treoirlínte chun feabhas a chur ar an tacaíocht agus ar an maoiniú do cheantair thuaithe, atá le foilsiú ag an gCoimisiún ina thuarascáil in 2024, gur cheart clárthréimhse níos faide a bheith san áireamh leo agus nár cheart iad a bheith teoranta do chreat 2028-2034; |
28. |
ag tarraingt aird an Choimisiúin ar an ngá modheolaíochtaí córais a ionchorprú i ndearadh ceantar tuaithe amach anseo, chun físeanna forbartha atá córasach a áirithiú seachas físeanna páirteacha nó líneacha; |
29. |
á thabhairt dá aire a thábhachtaí atá sé anailís chuimsitheach a dhéanamh ón tús ar na fadhbanna a bhaineann le ceantair thuaithe, ós rud é gur b’in a bheidh mar bhonn do na réimsí le haghaidh gníomhaíochta sa Phlean a bheidh ann amach anseo. I ndáil leis sin, ba cheart tuilleadh fadhbanna eacnamaíocha a chur leis na fadhbanna sin a ndearnadh scrúdú orthu cheana féin, amhail iomaíocht sheachtrach, éagobhsaíocht praghsanna agus dáileadh oll-bhreisluacha idir na gníomhaithe éagsúla sa slabhra táirgthe agus margaíochta san earnáil talmhaíochta agus agraibhia; |
30. |
den tuairim, ó thaobh deiseanna de, nach luaitear go leordhóthanach earnálacha amhail turasóireacht tuaithe inbhuanaithe nó gníomhaíochtaí fóillíochta agus cultúrtha, agus nach ndéantar ach tagairt indíreach dóibh, in ainneoin go bhfuil ról ríthábhachtach acu maidir le geilleagair thuaithe éagsúlaithe atá láidir agus inbhuanaithe a thógáil. Tá neart gníomhaíochtaí breise a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann le ceantair thuaithe ach atá lasmuigh den earnáil talmhaíochta, amhail an turasóireacht rothaíochta, fiach, fánaíocht, an mhíceolaíocht, an turasóireacht folláine, an gastranómachas, ealaín phobalbhunaithe nó ceardlanna ealaíon pobalbhunaithe agus ionaid taispeántais, etc.; |
31. |
á chur i bhfáth a thábhachtaí atá forbairt eacnamaíoch atá fónta agus cothrom agus í dírithe ar shamhlacha nua gnó. Tá roinnt ceantair thuaithe, go háirithe limistéir theorann ina bhfuil an daonra ag titim agus ina bhfuil tithe agus áitribh fholmha, níos mó i mbaol an díchobhsaithe mar gheall ar ghníomhaíocht choiriúil. Mar thoradh air sin, déantar na gnáthchaighdeáin a dhoiléiriú agus laghdaítear an mothú sábháilteachta agus an cháilíocht saoil; |
32. |
á athdhearbhú, i ndáil leis sin, go bhfuil todhchaí na gceantar tuaithe ag brath ar dhaoine óga a choinneáil agus a mhealladh chun a spriocanna saoil a shaothrú iontu; agus réitigh á lorg ar na dúshláin atá os comhair ceantair thuaithe, tá sé ríthábhachtach daoine óga a rannpháirtiú go gníomhach, fóraim a fhorbairt inar féidir leo a smaointe a roinnt agus tacú le tionscnaimh don aos óg i gceantair thuaithe; |
33. |
á chur i dtábhacht, sa chomhthéacs reatha le haosú an daonra, go bhfuil géarghá le geilleagar seirbhísí riachtanacha a fhorbairt lena n-áiritheofar inrochtaineacht uilíoch ar gach earra agus seirbhís i dtimpeallachtaí tuaithe, agus béim ar leith á leagan ar dhaoine scothaosta. Is díol sásaimh do CnaR freisin Bliain Eorpach na hÓige 2022 mar dheis chun deiseanna a chur ar fáil agus tacú le daoine óga na tuaithe chun bheith ina saoránaigh ghníomhacha agus ina ngníomhaithe chun athrú dearfach a bhaint amach; |
34. |
ag tathant ar an gCoimisiún a mhachnamh a dhéanamh, i measc a chuid tograí sa réimse seo, ar an rannchuidiú is féidir le córais sheachadta seirbhíse dáilte a dhéanamh, i réimsí amhail cúram leanaí, ionaid chúraim do dhaoine scothaosta, scoileanna agus cúram iarscoile, siopaí, agus cúram sláinte agus sóisialta (réimse inar féidir le teicneolaíochtaí ar nós teilileighis agus teileachúraim rannchuidiú go mór) agus á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach i ndáil leis sin, spriocanna a leagan síos do na Ballstáit d’fhonn rochtain ar sheirbhísí i gcoitinne agus ar sheirbhísí bunúsacha poiblí go háirithe i gceantair thuaithe a fheabhsú; |
35. |
á chur i dtábhacht a riachtanaí atá sé na sonraí uile ar na córais, idir chórais shóisialta, sláinte agus shochshláinte, a chur san áireamh sa chur chuige comhchuibhithe atá beartaithe maidir le córais faisnéise geospásúla a úsáid, chomh maith leis an ngá idir-inoibritheacht an chórais seirbhísí sóisialta a threisiú, lena n-áirítear le córais chosanta sóisialta eile; |
36. |
á chur i bhfáth, ar an gcaoi chéanna, a thábhachtaí atá sé táscairí a ionchorprú maidir le héascaíocht rochtana ar sheirbhísí cúraim shóisialta agus ar sheirbhísí áitiúla cosanta sóisialta; |
37. |
á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an leas is fearr is féidir a bhaint as a idirspleáiche ar a chéile atá na ceantair thuaithe agus na ceantair uirbeacha faoi chreat cothromais chríochaigh. Ba cheart do gach údarás áitiúil agus réigiúnach tairbhe a bhaint as infheistíochtaí idirbhardasacha ionas go mbeidh an tairbhe chéanna le fáil ag ceantair uirbeacha agus ag ceantair thuaithe araon sa chás is fearr; |
38. |
ag tathant go léireofaí an éifeacht dhearfach sin mar is ceart sna ríomhanna infheistíochta per capita de réir an chineáil réigiúin (uirbeach, eatramhach, tuaithe) agus iarrann sé, dá bhrí sin, go ndéanfaí athbhreithniú ar na sásraí chun táscairí brabúis a bhunú do na hinfheistíochtaí sin, agus béim ar leith á leagan ar bhailte beaga agus ar shráidbhailte i gceantair thuaithe; |
39. |
á chur i bhfáth gur deis é táirgeadh fuinnimh inathnuaite do cheantair thuaithe dul i ngleic le bochtaineacht fuinnimh agus neamhthuilleamaíocht fuinnimh a ghiniúint i limistéir fheidhmiúla (lena n-áirítear limistéir thuaithe-uirbeacha ina réimse tionchair). Ina theannta sin, cuireann an Coiste i dtreis gur féidir glacadh níos mó le saoráidí táirgthe fuinnimh inathnuaite a bheith ann trí chuid den ioncam a ghintear a choinneáil laistigh de na pobail tuaithe; |
40. |
á mholadh féachaint, i gcás inarb iomchuí, ar na deiseanna atá ann an t-athbhunú sa bhaile a chur chun cinn, rud a chruthódh deiseanna do shineirgí tuaithe idir an talmhaíocht, an mhonaraíocht agus an tráchtáil. Chabhródh sin leis an ngeilleagar áitiúil a neartú trí phoist a chruthú agus tríd an dífhostaíocht a laghdú. |
41. |
á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an creat a chuirtear ar fáil leis an bhfís chun bonneagar fisiciúil a fhorbairt chun feabhas a chur ar nascacht na gceantar tuaithe, agus chun a n-athbheochan shocheacnamaíoch a éascú, agus molann sé go gcuirfí cláir oibre uirbeacha san áireamh ann; |
42. |
á thabhairt dá aire a thábhachtaí atá sé naisc iompair le ceantair fho-uirbeacha agus le ceantair thuaithe a fheabhsú, go príomha trí na húdaráis réigiúnacha agus trína gcláir oibríochtúla, d’fhonn gníomhaíocht chomhordaithe, éifeachtach agus éifeachtúil a ráthú. Chuige sin, ba cheart ceantair thuaithe agus pheirea-uirbeacha a bheith fite fuaite go hiomlán i straitéisí iompair uirbeacha (2); |
43. |
á chur in iúl go mbaineann fíorthábhacht le láithreáin tráchtála a bheith ar fáil i bhforbairt fhónta agus inbhuanaithe an gheilleagair réigiúnaigh agus i mbunú nó i leathnú gnólachtaí tuaithe; á chur in iúl gur fíor sin go háirithe i gcás na réigiún a bhfuil athrú struchtúrach ag teacht orthu; den tuairim go bhfuil tacaíocht de dhíth ar údaráis áitiúla chun láithreáin oiriúnacha a shainaithint, a ainmniú nó a oiriúnú le haghaidh feidhm eile ar bhealach réamhghníomhach; den tuairim gur minic gur saincheisteanna iad raon feidhme agus costas na seirbhísí pleanála atá le soláthar; |
44. |
á chur in iúl gur cheart aird ar leith a thabhairt ar bhonneagar agus ar chomhar trasteorann i réigiúin teorann tuaithe; á chur i dtábhacht nach mór feabhas a chur ar an mbonneagar iompair phoiblí agus ar an gcóras seirbhísí i gceantair thuaithe, lena n-áiritheofar go bhforbrófar réitigh shoghluaisteachta inbhuanaithe lena laghdófar amanna taistil agus líon na nasc idir ceantair uirbeacha, pheirea-uirbeacha agus tuaithe; |
45. |
á chur i dtábhacht gur cheart é a bheith mar phríomhchuspóir ag an mbeartas spásúil agus iompair go mbainfí an leas is fearr is féidir as na féidearthachtaí atá ann chun freastal ar riachtanais, agus riachtanais iompair a laghdú a mhéid is féidir; tá sé tábhachtach cuíchóiriú a dhéanamh i ndáil leis seo; |
46. |
á mholadh go gcuirfí san áireamh i réitigh shoghluaisteachta ilmhódúla an méid is féidir le samhlacha “soghluaisteacht ar éileamh” rannchuidiú le haistriú chuig nascacht fhisiciúil atá inbhuanaithe ó thaobh na haeráide agus ó thaobh fuinnimh de; mar shampla, is féidir le seirbhísí ar éileamh agus soghluaisteacht chomhroinnte lena nasctar pobail tuaithe le moil iompair, go háirithe stáisiúin iarnróid agus bus, borradh a chur faoi úsáid iompair inbhuanaithe; |
47. |
ar aon fhocal leis an gCoimisiún go bhfuil ról lárnach ag an digiteáil maidir le ceantair thuaithe a fhorbairt, lena gcuirtear ar a gcumas réitigh nuálacha a úsáid chun a n-athléimneacht a fheabhsú agus chun leas a bhaint as a n-acmhainneacht. Iarrann CnaR, dá bhrí sin, go dtabharfaí aird ar leith ar chreataí a chur chun cinn lenar féidir gníomhaíocht phoiblí a fhorlíonadh le maoiniú príobháideach don bhonneagar digiteach. Cé nach bhfuil na bonneagair dhigiteacha sin iomaíoch go leor ó thaobh na hinfheistíochta príobháidí de, tá siad thar a bheith iomaíoch ó thaobh cúrsaí sóisialta agus réigiúnacha de. Tá an leathanbhanda ríthábhachtach chun rochtain a fháil ar sheirbhísí éagsúla i gceantair thuaithe agus chun na saincheisteanna a eascraíonn as na bearnaí digiteacha atá os comhair roinnt pobal a réiteach; |
48. |
á chur i bhfáth nach leor infheistíocht i mbonneagar digiteach mura bhfuil oiliúint dhigiteach leordhóthanach agus uas-sciliú ag gabháil léi, go háirithe i gceantair thuaithe. Tá an méid sin an-tábhachtach freisin i bhfianaise na cibearchoireachta domhanda atá ag dul i méid agus, go háirithe, i bhfianaise nach mór a áirithiú go bhfuil gnólachtaí áitiúla atá mar chuid den bhiashlabhra sách sábháilte ó thaobh na cibearshlándála de; |
49. |
á thabhairt dá aire go raibh leochaileacht faoi leith ag ceantair thuaithe do phaindéim COVID-19, toisc nach bhfuil a ngeilleagair chomh héagsúlaithe sin; is príomhoibrithe iad roinnt mhaith de na hoibrithe sna ceantair sin agus tá drochbhonneagar idirlín acu. Mar sin féin, mar thoradh ar an méadú ar líon na ndaoine atá i mbun teilea-oibre de dheasca na paindéime, cuirtear deiseanna ar fáil chun cur i gcoinne bhánú na tuaithe agus chun gníomhaíochtaí sóisialta agus eacnamaíocha tuaithe nuálacha a ghiniúint san fhadtéarma. Molann sé, dá bhrí sin, i measc bearta eile, spásanna comhoibre ardcháilíochta a chur chun cinn i bpobail tuaithe, nó dreasachtaí cánach a chruthú, d’fhonn cuideachtaí príobháideacha a spreagadh chun ligean d’fhostaithe oibriú i suíomhanna geografacha dá rogha féin; |
50. |
den tuairim, de réir mheon an Uachtaráin von der Leyen, “gan aon duine a fhágáil ar lár”, go bhfuil gá le huirlisí chun a áirithiú go mbeidh “éiceachórais nuálaíochta” i ngach críoch ina gcuirfear deiseanna ar fáil do na fiontraithe uile agus do mhicrifhiontair agus FBManna uile na tuaithe, lena gcuirfear borradh faoi na gnólachtaí beaga tuaithe sin. Ní mór soláthar leordhóthanach oiliúna a bheith ann freisin, lena n-áirítear scileanna digiteacha agus bogscileanna eile a bhaineann leis an nuálaíocht oscailte, an comhar idir-réigiúnach agus idirnáisiúnta, agus an chumarsáid idirchultúrtha; |
51. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó an tacaíocht mhéadaithe do thionscnaimh ón mbun aníos amhail LEADER (tionscnamh Comhphobail um fhorbairt na tuaithe)/CLLD (forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail) — lena sainítear ról na ngrúpaí áitiúla gníomhaíochta — agus “sráidbhailte cliste”, agus spreagann sé tuilleadh úsáide a bhaint as na ceachtanna a foghlaimíodh ó na cláir agus ó na cineálacha cur chuige sin; ag tarraingt aird, sa chomhthéacs sin, ar na tairbhí a bhaineann le forbairt réigiúnach nuálaíocht-bhunaithe, atá dírithe ar scileanna áitiúla agus ar rannpháirtíocht áitiúil; den tuairim gur cheart comhlachtaí inniúla ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal náisiúnta a bheith ar an airdeall maidir le smaointe nuálacha ó gheallsealbhóirí áitiúla agus gur cheart dóibh tacú leo nuair is féidir; |
52. |
á iarraidh go gcuirfí san áireamh rannchuidiú na hoidhreachta cultúrtha agus gairmithe cultúrtha, ealaíonta agus cruthaitheacha chun todhchaí inbhuanaithe agus rathúil a thógáil agus chun na ceantair thuaithe a dhéanamh níos tarraingtí ó thaobh na turasóireachta de, rud a chuirfidh feabhas ar leas eacnamaíoch na gceantar sin freisin; |
53. |
den tuairim gur mór an luach é an t-aitheantas a tugadh sa Teachtaireacht don ról atá ag bainistiú inbhuanaithe talmhaíochta agus foraoiseachta maidir le hathléimneacht i leith éigeandáil na haeráide agus na rioscaí a bhaineann léi, agus maidir le cosaint na bithéagsúlachta; |
54. |
á chur i dtábhacht gur cheart, leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, sochaithe níos athléimní agus níos cothroime a áirithiú ina gcuirtear san áireamh riachtanais gach ball den phobal tuaithe, lena n-áirítear riachtanais na ngrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste agus na ndaoine sin a bhfuil cónaí orthu i gceantair bheagfhorbartha agus atá i ndlúthbhochtaineacht. Ba cheart béim a leagan, dá bhrí sin, ar an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a dhéanamh cóir agus cuimsitheach; |
55. |
den tuairim gur cheart ról lárnach a bheith ag an talmhaíocht i gcónaí i gceantair thuaithe. Iarrann CnaR ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar na pleananna straitéiseacha a bheidh ar gach Ballstát a fhorbairt faoin gcomhbheartas talmhaíochta (CBT) nua a tharraingt suas i gceart, agus é d’aidhm aige sin a áirithiú go mbeidh earnáil phríomhúil na hEorpa ag teacht lena bhfuil sa Chomhaontú Glas, sa Straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” agus sa Straitéis Bhithéagsúlachta, agus go gceadófar leo straitéisí áitiúla bunaithe ar shaintréithe gach réigiúin agus cur chun cinn gnáth-tháirgí áitiúla; |
56. |
á chur i dtábhacht nach mór na próisis neamhthuilleamaíochta agus slándála bia a chur chun cinn bunaithe ar tháirgí áitiúla, ardcháilíochta, orgánacha, mar chuid de shlabhraí luacha nuálacha lena spreagtar eagrú ar an leibhéal réigiúnach. Tugann CnaR dá aire go dtabharfar isteach sciar 25 % den fheirmeoireacht orgánach sna blianta atá le teacht. Measann sé, i ndáil leis sin, go mbeidh gá le tacaíocht agus le bearta tionlacain, chomh maith le beartais dreasachta tomhaltóirí i gcomhréir leis an gcuspóir sin; |
57. |
á chur i dtábhacht go bhfuil athnuachan glúine na talmhaíochta fós práinneach agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé tábhachtach tacú le daoine óga agus mná na tuaithe a chuimsiú sa talmhaíocht agus in úinéireacht feirme. Dá bhrí sin, aontaíonn CnaR leis an gCoimisiún gur cheart aird ar leith a thabhairt ar riachtanais daoine óga, d’fhonn iad a spreagadh chun fanacht sna ceantair thuaithe. Measann sé go bhfuil sé ríthábhachtach borradh a chur faoi bheartais phoiblí lena gcuirtear nuachóiriú feirmeacha chun cinn lena spreagtar feirmeoirí óga dul isteach sa ghairm d’fhonn dul i ngleic le fadhb na hathnuachana glúine. Chuige sin, ní mór a rochtain ar chláir um lánpháirtiú sóisialta agus um lánpháirtiú i margadh an tsaothair mar aon lena rochtain ar oideachas agus ar roghanna uas-scilithe agus athoiliúna a chuirtear ar fáil ar an leibhéal áitiúil agus ar ghníomhaíochtaí cultúrtha a éascú. Aontaíonn CnaR freisin faoina thábhachtaí atá sé díriú go sonrach ar mhná, trí dheiseanna saothair agus oiliúna a leathnú agus trí bhearta a chur ar aghaidh lena gcuirfear cothromaíocht oibre is saoil chun cinn; |
58. |
á chur i bhfios go láidir go raibh ar líon suntasach oibrithe oilte aghaidh a thabhairt ar dhálaí oibre athraithe agus ar rialacháin athraithe ó tharla Brexit agus gur cheart don Aontas machnamh a dhéanamh ar chreataí tacaíochta a chur ar fáil do na catagóirí sin d’oibrithe imirceacha. Chomh maith leis sin, thar aon rud eile, ba cheart don Aontas breathnú ar chláir a sheoladh a chabhródh agus a spreagfadh an lucht saothair oilte atá ar imirce chun filleadh abhaile, ar a dtír dhúchais; |
59. |
den tuairim go bhfuil praghsanna agus ioncaim chóra dóibh siúd atá ag obair in earnáil na talmhaíochta ríthábhachtach. Ba cheart, dá bhrí sin, cur i gcoinne aon fhorbairt margaidh atá dochrach do ghnólachtaí. Ba cheart do chomhbheartas talmhaíochta an Aontais (CBT) gníomhú ina choinne sin tráth géarchéime trí úsáid a bhaint as uirlisí, amhail méideanna táirgeachta a chur in oiriúint go ginearálta do riachtanais an mhargaidh agus rialacha maidir le rochtain cháilithe ar an margadh; |
60. |
á thabhairt dá aire gurb iad oibrithe imirceacha a chuireann sciar suntasach den obair in earnáil talmhaíochta agus bia an Aontais i gcrích. Is minic a bhíonn cónaí ar an ngrúpa sin den daonra i ndálaí leochaileacha. Dá bhrí sin, ní mór clár oibre sóisialta an Aontais a neartú chun pá íosta níos airde, dálaí maithe oibre agus lánpháirtiú sóisialta a bhaint amach; |
61. |
á chur i dtábhacht go mbeidh an t-aistriú glas ina chúis le neart dúshlán d’fheirmeoirí agus do phóraitheoirí na hEorpa. D’fhonn leas rathúil a bhaint as na deiseanna a thiocfaidh chun cinn, tá gá le hiarracht speisialta maidir le cumarsáid, ardú feasachta agus oiliúint chun an scéal a scaipeadh maidir leis an talmhaíocht ghlas nua atá inbhuanaithe agus chun na scileanna nua a thabhairt freisin chun an talmhaíocht nua sin a chur i bhfeidhm; |
62. |
á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tréigean talún a chosc agus rochtain ar thalamh a éascú. Chuige sin, is gá creat rialála iomchuí a fhorbairt, uirlisí nua bainistíochta talún a chruthú agus dreasachtaí fioscacha riachtanacha agus cistiú riachtanach a sholáthar; |
63. |
á thabhairt dá aire go bhfuil méadú ag teacht ar líon na gcreachadóirí móra agus ar an méadú gaolmhar atá ag teacht ar mharú ainmhithe feirme ar fhéaraigh sléibhe, rud a chruthaíonn fadhbanna méadaitheacha don fheirmeoireacht sléibhe agus tugann sé dá aire go bhfuil an fheirmeoireacht féaraigh sléibhe á tréigean in a lán cásanna. Tá ról tábhachtach ag an gcineál sin feirmeoireachta i réigiúin shléibhtiúla chun a áirithiú nach ngabhann foraoisí forlámhas ar réigiúin iomlána agus ar an gcaoi sin, cuireann sí go mór le cosaint an chomhshaoil, le rialú creimthe agus le cosaint ríluachmhar an tírdhreacha i gceantair thuaithe. Dá bhrí sin, iarrann CnaR ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
64. |
á chur i bhfáth an ról tábhachtach atá ag an mbonneagar talmhaíochta maidir le heagrú agus comhtháthú ceantar tuaithe. Iarrann sé ar an gCoimisiún bearta a áireamh ina thograí chun a áirithiú go gcaomhnófar an bonneagar sin agus go bhfanfaidh sé mar bhóithre tréscaoilteacha (gan phábháil) den chuid is mó; |
65. |
á iarraidh go n-áireofaí limistéir thuilte i ndáil le tionscnaimh shuaitheanta maidir le limistéir athléimneacha, ós rud é go gcuireann siad go mór le hathléimneacht aeráide a mhéadú, le talmhaíocht ísealcharbóin a fhorbairt agus le tacú le cosaint ar thuilte agus le bainistiú tuilte. Is iomaí abhainn agus limistéar tuile a thrasnaíonn teorainneacha (ar dúshlán é sin) agus is cuid de cheist níos leithne iad a bhaineann leis an uisce. Dá bhrí sin, tá gá le comhar idirnáisiúnta; |
66. |
á chur i dtábhacht gur cheart ról na réigiún a neartú maidir lena dtosaíochtaí a shainaithint le fís fhadtéarmach do cheantair thuaithe. Tá CnaR den tuairim, i ndáil leis sin, agus an reachtaíocht maidir le CBT, a bpleananna straitéiseacha náisiúnta agus a bpleananna téarnaimh náisiúnta á dtarraingt suas, nár tapaíodh an deis chun a áirithiú go mbeadh tionscadail infheistíochta amach anseo i gceantair thuaithe bunaithe i ndáiríre ar riachtanais na gceantar áitiúil ar leith, arna sainaithint ag a ngeallsealbhóirí féin; |
67. |
á iarraidh go gcuirfí san áireamh níos fearr amach anseo na straitéisí réigiúnacha um speisialtóireacht chliste atá ann cheana i ngach réigiún AE, a fhorbrófar trí phróiseas rannpháirtíochta il-gheallsealbhóra, agus próisis phleanála á bhforbairt a mbeidh tionchar acu ar cheantair thuaithe; |
68. |
á iarraidh go ndéanfaí machnamh ar thacaíocht theicniúil leordhóthanach le haghaidh fothú acmhainneachta do na húdaráis tuaithe, atá níos laige ó thaobh a n-inniúlachtaí pleanála de — go háirithe maidir le straitéisí fadtéarmacha — agus i ndáil le cistí an Aontais a chaitheamh; á iarraidh freisin go mbeadh tacaíocht, coinníollacha níos simplí nó tionscnaimh shonracha ann chun go mbeadh bardais a bhfuil daonraí níos lú acu agus níos lú foirne riaracháin acu in ann páirt a ghlacadh i dtionscadail Eorpacha; |
69. |
á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an geilleagar sóisialta mar uirlis bhunriachtanach chun ceantair thuaithe an Aontais a fhorbairt anois agus amach anseo, agus ról straitéiseach aige in aghaidh a thabhairt ar an dúshlán déimeagrafach agus aosú an daonra — trí chuideachtaí a chruthú atá níos athléimní agus a bhfuil naisc láidre acu lena bpobail, tríd an daonra a dhaingniú sa cheantar áitiúil — agus i gcruthú post ar ardchaighdeán a spreagadh, in oiliúint a chur ar a lucht saothair, i bhfiontraíocht na mban, i ndaoine óga a lánpháirtiú sa mhargadh saothair agus in athnuachan glúine. |
An Bhruiséil, 26 Eanáir 2022.
Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún
Apostolos TZITZIKOSTAS
(1) IO L 231, 30.6.2021, lch. 60.
(2) COM(2021) 811 — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún “Creat Nua AE na Soghluaisteachta Uirbí”.