Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021IR2688

    Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Straitéis nua tionsclaíochta 2020 a nuashonrú: margadh aonair níos láidre a thógáil ar mhaithe le téarnamh na hEorpa

    COR 2021/02688

    IO C 97, 28.2.2022, p. 43–49 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    28.2.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 97/43


    Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Straitéis nua tionsclaíochta 2020 a nuashonrú: margadh aonair níos láidre a thógáil ar mhaithe le téarnamh na hEorpa

    (2022/C 97/09)

    Rapóirtéir:

    Jeannette BALJEU (NL/Renew Europe), Comhalta de Chomhairle Cúige Zuid-Holland

    Doiciméad tagartha:

    COM(2021) 350 final

    MOLTAÍ BEARTAIS

    TA COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN

    Réamhrá

    1.

    á chur in iúl gur mór aige, i gcoitinne, an nuashonrú ar an Straitéis Tionsclaíochta a mhol an Coimisiún Eorpach; á mholadh, áfach, go ndéanfadh an Coimisiún é a nascadh níos dlúithe leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus lena chuspóir maidir leis an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, trí chuspóirí nithiúla gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha a leagan síos ar cheart do thionsclaíocht an Aontais a bhaint amach chun cur leis an gcuspóir foriomlán sin; á thabhairt dá aire gur gá roinnt pointí a shoiléiriú tuilleadh ó thaobh na rialtas áitiúil agus réigiúnach de agus, dá bhrí sin, nach mór aghaidh a thabhairt orthu sa tuairim seo;

    2.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó go ndírítear ar éiceachórais thionsclaíocha agus ar an gceannaireacht teicneolaíochta; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé an ghné áit-bhunaithe a threisiú: tá éiceachórais thionsclaíocha na hEorpa comhdhéanta d’éiceachórais nuálaíochta réigiúnacha idirnasctha ag a bhfuil straitéisí speisialtóireachta cliste dinimiciúla. Tá na straitéisí sin bunaithe ar chur chuige ó bhonn aníos agus is é is aidhm dóibh borradh a chur faoin nuálaíocht réigiúnach, cur leis an bhfás agus leis an rathúnas trí chuidiú le réigiúin agus trí chur ar chumas na réigiún díriú ar a láidreachtaí. Éascaíonn ardáin agus comhpháirtíochtaí um speisialtóireacht chliste an comhar áit-bhunaithe cheana féin idir na córais nuálaíochta réigiúnacha sin. Cuirfidh na gnéithe sin borradh faoin bhfás inbhuanaithe agus faoin téarnamh san Eoraip trí chomhar straitéiseach nua agus athneartaithe i dtaca le luachshlabhraí. Cuideoidh an méid sin leis an Eoraip neamhspleáchas straitéiseach a bhaint amach agus, ar deireadh, beidh na réigiúin agus na cathracha in ann aistriú glas agus digiteach a gcuid tionscal a ghlacadh chucu féin i gceart;

    3.

    á chur in iúl gur díol sásaimh ar leith dó, i ndáil leis sin, an Fóram Tionsclaíochta, fóram ina rannchuidíonn Coiste na Réigiún go gníomhach;

    4.

    ag leagan béim ar an ngá atá le straitéis tionsclaíochta chuimsitheach lena gcruthófar luach ar fud réigiúin na hEorpa agus lena gcuirfear san áireamh saintréithe na réigiún uile, amhail saintréithe na réigiún is forimeallaí; tá píblíne tionscadal nuálaíochta tionsclaíochta de dhíth ar an Aontas ar fud a chríche; Ina theannta sin, ba cheart an straitéis tionsclaíochta a oiriúnú do riachtanais reatha na mBallstát, agus í a bhunú ar riachtanais forbartha áitiúla agus réigiúnacha. Chuige sin, ba cheart iarrachtaí a dhéanamh chun slándáil soláthair, athléimneacht agus neamhspleáchas níos fearr a bhaint amach trí shlabhraí soláthair a éagsúlú;

    5.

    á aithint go bhfuil na hábhair imní ag dul i méid maidir leis an téarnamh míchothrom i réigiúin éagsúla san Eoraip. Ní mór don Aontas a chuid iarrachtaí a threisiú chun an bhearna sin a dhúnadh trí thacú le gnólachtaí, lena n-áirítear gnólachtaí ó limistéir thuaithe agus bheagfhorbartha, trí dhigiteáil a dhéanamh ar an tionsclaíocht agus í a dhéanamh níos inbhuanaithe, agus trí chreat rialála a thabhairt isteach a bheidh oiriúnach don aois dhigiteach agus inbhuanaithe, lena gcuirfear chun feidhme ní hamháin cur chuige tionsclaíoch, ach cuir chuige chríochacha atá bunaithe ar éiceachórais agus a chuireann éagsúlacht chríochach an Aontais san áireamh;

    6.

    á chur in iúl go láidir go mbeidh ar earnáil na tionsclaíochta dul i ngleic le dúshláin a mhéid a bhaineann le cuspóirí an phacáiste “Fit for 55” a chur chun feidhme, agus gur cheart d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha a bheith rannpháirteach sa phlé maidir le conas a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go rathúil na tograí maidir le hiompar inathnuaite, leis an tiomáint uathrialach agus le bearta athoiliúna a d’fhéadfadh a bheith ann;

    7.

    á chur i bhfáth go bhfuil gá le cur chuige an éiceachórais réigiúnaigh a neartú, ionas go mbeidh na príomhghníomhaithe ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach rannpháirteach go héifeachtach, amhail rialtais, braislí, eagraíochtaí braisle agus na comhpháirtithe sóisialta, chomh maith le hinstitiúidí eolais (lena n-áirítear ollscoileanna na heolaíochta feidhmí a bhfuil nasc láidir acu le FBManna). Tá an méid sin ríthábhachtach chun an t-iomaíochas tionsclaíoch a fheabhsú ar mhaithe le roinnt mhaith tionscal agus chun nuálaíocht oscailte a chothú. Ina theannta sin, ba mhaith le CnaR a iarraidh go dtabharfaí aird bhreise ar an gcomhar déthaobhach idir braislí, agus ar chineálacha nua comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a bhunú chun an comhar idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach a dhoimhniú agus chun braislí an gheilleagair shóisialta a fhorbairt;

    8.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó an faireachán a dhéantar ar na treochtaí tionsclaíocha agus ar an iomaíochas a fógraíodh, ós rud é nach mór don Eoraip anailís a dhéanamh ar na spleáchais straitéiseacha teicneolaíochta agus thionsclaíocha agus aghaidh a thabhairt orthu i dteannta a chéile;

    9.

    ag leagan béim ar an ngá atá ann teacht ar mhéadracht nuálaíochta níos fearr, toisc go bhfuil an mhéadracht sin bunaithe ar infheistíochtaí (agus ionchur) sa taighde agus san fhorbairt agus ar phaitinní anois (léiriú páirteach ar ghlacadh nuálaíochtaí). Tá léargas soiléir ar athnuachan an gheilleagair agus na sonraí ábhartha in easnamh. Ba chéim thosaigh é monatóireacht a dhéanamh ar an gcineál infheistíochtaí a dhéantar sa taighde agus sa nuálaíocht. Ba cheart díriú go háirithe ar na hinfheistíochtaí atá nasctha le cumais teicneolaíochta, le bonneagair teicneolaíochta agus ar iomaíochas i ndáil leis an aistriú chuig margaí na todhchaí;

    Athléimneacht an mhargaidh aonair a neartú

    10.

    á chur in iúl go dtacaíonn sé le Margadh Aonair dea-fheidhmiúil a bhaint amach mar aon le hiarrachtaí leanúnacha chun aghaidh a thabhairt ar shrianta agus ar bhacainní. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar imthosca na réigiún trasteorann agus ar riachtanais shonracha na réigiún sin, go háirithe maidir le soláthar seirbhísí trasteorann agus saorghluaiseacht oibrithe;

    11.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó rún an Choimisiúin Tuarascálacha Straitéiseacha bliantúla agus pleananna gníomhaíochta maidir leis an Margadh Aonair a fhoilsiú; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé aird a thabhairt ar na spleáchais sna luachshlabhraí, sula gcuirfear bearta agus srianta i bhfeidhm chun an Margadh Aonair a chosaint;

    12.

    á aithint go bhféadfaí leas a bhaint as an Tascfhórsa um Fhorfheidhmiú an Mhargaidh Aonair (SMET) mar chonair lárnach chun neamhspleáchas straitéiseach a bhaint amach. Mar sin féin, ba mhaith le CnaR a chur i bhfios go láidir gur cheart do straitéis tionsclaíochta rathúil léiriú a thabhairt ar éagsúlacht na n-éiceachóras réigiúnach agus ar an gcaoi a bhforbrófar conairí i dtreo an neamhspleáchais straitéisigh ar bhealaí éagsúla in éiceachórais éagsúla;

    13.

    á thabhairt le fios go bhfuil margadh inmheánach dea-fheidhmiúil ríthábhachtach don téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19. Tá sé ríthábhachtach go gcuirfear cosc ar na Ballstáit srianta a fhorchur ar an onnmhairiú agus go gcuirfear cosc ar theorainneacha laistigh den Aontas a dhúnadh arís agus arís eile, faoi mar a tharla ag tús phaindéim COVID-19. Tá earnáil tionsclaíochta an Aontais faoi réir ceanglas faoi rialáil an Aontais agus, ag an am céanna, ní mór di dul san iomaíocht le hiomaitheoirí ó thríú tíortha ina bhfuil rialáil gnó atá difriúil ar bhealaí éagsúla i bhfeidhm. . Tá CnaR á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé ceanglais chómhalartacha tionsclaíochta a leagan síos sna comhaontuithe trádála le tríú tíortha, d’fhonn cothroime iomaíochta a chur ar fáil do thionscal na hEorpa sna margaí domhanda. Tá sé ag éirí níos práinní an margadh inmheánach a thabhairt chun críche, lena n-áirítear le haghaidh seirbhísí;

    14.

    á chur in iúl go láidir gur cheart éagsúlú a dhéanamh ar an Margadh Aonair freisin ó thaobh na gcomhpháirtithe, na dtáirgí agus na seirbhísí de, ionas go mbeidh an tAontas in ann na seirbhísí agus na táirgí atá fíor-riachtanach dá chónaitheoirí a chur ar fáil. Chuirfeadh an méid sin le hathléimneacht an Mhargaidh Aonair. Léiríodh le linn ghéarchéim COVID-19 go bhfuil fíorthábhacht le táirgeadh méadaithe san Eoraip, go háirithe i réimse na dtáirgí leighis, agus le neamhspleáchas ó mhargaí eachtracha.

    15.

    den tuairim go bhfuil gá le rialacha maidir leis an státchabhair a dheartar go cúramach ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá iomaíocht chothrom laistigh den Aontas, d’fhonn cosc a chur le hathlonnú gnólachtaí laistigh den Aontas a fhaigheann státchabhair; tá CnaR den tuairim freisin gur féidir le tionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne (IPCEInna) a bheith ina bpríomhspreagthóir i ndáil le luachshlabhraí nach féidir leis an margadh amháin nuálaíochtaí ceannródaíocha a bhaint amach dá mbarr. Leis na IPCEInna, tabharfar tuilleadh tacaíochta do chineálacha nua comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha a bhunú. I ndáil leis an méid sin, leagann CnaR béim ar a thábhachtaí atá rannpháirtíocht na mBallstát, na FBManna agus na n-údarás áitiúil agus réigiúnach;

    16.

    á cheapadh go bhfuil an-tábhacht ag baint le scrúdú a dhéanamh ar fhiúntas togra reachtaigh chun rialáil a dhéanamh ar phríomhsheirbhísí gnó a fhaigheann tacaíocht ó chaighdeáin chomhchuibhithe, ós rud é go bhfuil samhlacha nua gnó agus aistriú ó tháirgí faoi úinéireacht go seirbhísí arna soláthar i gceist leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach;

    17.

    á chur in iúl gur suim leis an togra le haghaidh rialacháin chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí saobhacha a bhíonn ag fóirdheontais eachtracha, rud a chinntíonn go seiceálfar agus go dtabharfar aghaidh mar is ceart ar fhóirdheontais shaobhacha a dheonaíonn rialtais tríú tíortha do chuideachtaí ar mian leo gnó AE a shealbhú nó tairiscint i soláthar poiblí a fháil;

    18.

    ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé féachaint ar bhealaí chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí saobhacha ar bhraislí de bharr éadálacha agus infheisteoirí a fhaigheann tacaíocht ón stát, agus na tábhachta a bhaineann le gnólachtaí nuálaíochta (nach bhfuil liostaithe ar an stocmhalartán) atá bunriachtanach do na braislí sin;

    19.

    á mholadh don Choimisiún leas a bhaint as prionsabal na cómhalartachta i gcomhaontuithe trádála. Ní cheadófar do chuideachtaí ó thíortha nach páirtithe iad sa Chomhaontú maidir le Soláthar Rialtais páirt a ghlacadh i soláthairtí rialtais Eorpacha;

    20.

    á dhearbhú go bhfuil gá leis an gcomhoibriú trasréigiúnach i ndáil leis na braislí sin agus na tairbhí a ghabhann leis;

    21.

    á chur i bhfios go láidir go bhfuil tábhacht ag baint leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun comhar tionsclaíoch ar mhórscála a bhunú idir braislí atá dírithe ar luachshlabhraí Eorpacha a neartú;

    22.

    ag leagan béim ar an ról atá beartaithe do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le rialachas agus forfheidhmiú an Mhargaidh Aonair i gcoitinne, ós rud é go bhfuil a rannchuidiú ríthábhachtach chun rialacha an Mhargaidh Aonair a chur chun feidhme go héifeachtach;

    23.

    á cháineadh go mbíonn iomaíocht éagórach idir braislí Eorpacha mar gheall ar státchabhair a thugann na Ballstáit nó na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha. Áitíonn sé go n-íoslaghdófaí na difríochtaí i méideanna na státchabhrach ar féidir na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a thabhairt trí chothrom iomaíochta a chruthú laistigh de na Treoirlínte maidir le Cabhair Réigiúnach.

    24.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó go mbreathnaítear ar chaighdeáin mar cheann de na huirlisí lárnacha chun an straitéis a chur chun feidhme; á chur i bhfios go láidir, áfach, gur cheart na geallsealbhóirí uile a bheith rannpháirteach sa chomhairliúchán chun na huirlisí sin a chruthú;

    25.

    á chur i bhfáth a thábhachtaí atá iomaíocht chothrom laistigh den Aontas, agus d’fhonn cosc a chur le hathlonnú gnólachtaí laistigh den Aontas a fhaigheann státchabhair. Mar shampla, éilítear leis an iomaíocht chothrom nach gceadófar do chuideachtaí a dtáirgí a mhargú ar fud mhargadh iomlán na hEorpa ach amháin má chomhlíonann siad na caighdeáin chomhshaoil agus sábháilteachta is infheidhme;

    Gné na FBManna a neartú sa Straitéis Tionsclaíochta

    26.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó Tuarascáil Bhliantúil 2020/2021 ón gCoimisiún maidir le FBManna Eorpacha agus ag aontú leis gurb iad an easpa scileanna agus an easpa rochtana ar mhaoiniú na príomhbhacainní a bhíonn roimh FBManna maidir lena gcuid gníomhaíochtaí a dhigitiú.

    27.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó an t-aitheantas a tugadh do ról FBManna na hEorpa agus rún an Choimisiúin cabhrú leo dul i mbun fáis agus lucht saothair cáilithe a mhealladh. Dá réir sin, tá gá le timpeallacht atá fabhrach do lucht gnó agus le hinfheistíochtaí i scileanna agus in oiliúint na n-oibrithe (e.g. saineolas inmheánach a bhaineann le teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide agus/nó le bainistíocht), chomh maith le dálaí oibre cuibhiúla. Iarrann CnaR go gcuirfí tacaíocht ar fáil do FBManna trí ionstraimí airgeadais ó InvestEU a úsáid chun cabhrú leo straitéis dhigiteach nó plean gníomhaíochta digiteach a cheapadh agus chun iad a chur ar an eolas maidir le rioscaí sócmhainneachta a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt orthu.

    28.

    á thabhairt dá aire gur féidir éagsúlachtaí móra a bheith ann maidir le digitiú FBManna laistigh de na Ballstáit agus ar fud na mBallstát, agus ar bhonn áitiúil agus réigiúnach. Chun an deighilt dhigiteach sin a dhúnadh, ní mór an tacaíocht a thugtar do FBManna a bheith inoiriúnaithe, dea-cheaptha agus dírithe ar a riachtanais shonracha, bunaithe ar fhorbairt inbhuanaithe áitiúil agus réigiúnach, agus tacaíocht ar leith a chur ar fáil d’fhiontair sna limistéir thuaithe agus bheagfhorbartha;

    29.

    á chur i bhfáth gur gá infheistíocht a dhéanamh i mbonneagair tástála agus bailíochtaithe, amhail lárionaid tástála thionsclaíocht 4.0, monarchana píolótacha agus Moil Nuálaíochta Digití. Is féidir leis an méid sin cabhrú le gnólachtaí agus go háirithe le FBManna nuálaíochtaí a iompú ina dtáirgí atá réidh don mhargadh ar bhealach níos tapa;

    30.

    á mholadh go méadófar an comhar idir Coiste Eorpach na Réigiún agus an Coimisiún Eorpach, go háirithe a mhéid a bhaineann le líonra na Réigiún Fiontraíochta Eorpach chun tacú leis an bhfiontraíocht agus leis an aistriú tionsclaíoch ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach. D’fhéadfaí díriú ar rialáil níos fearr agus ar bheartais an Aontais a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr mar chuid den ardán “Réidh don Todhchaí”. Bheadh sé mar aidhm feabhas a chur ar an timpeallacht atá fabhrach do lucht ghnó;

    31.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó go bhfuil comhairleoirí inbhuanaitheachta ar fáil anois chun comhairle thiomnaithe a chur ar fáil do FBManna;

    32.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó an scrúdú ar fhiúntas togra reachtaigh chun rialáil a dhéanamh ar phríomhsheirbhísí gnó a fhaigheann tacaíocht ó chaighdeáin chomhchuibhithe. Tá CnaR ag tnúth go háirithe leis na caighdeáin maidir le seirbhísí a fógraíodh agus cuireann sé in iúl go láidir gur féidir leis na caighdeáin sin cuidiú le deacrachtaí a shárú i ndáil le seirbhísí trasteorann a sholáthar. Déanann fógraí neamhleordhóthanacha dochar do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha (mar atá luaite sa tuarascáil bhliantúil ar an Margadh Aonair a ghabhann leis an teachtaireacht), faoi mar a dhéanann an éiginnteacht dhlíthiúil mar thoradh ar an rialú a rinne Cúirt Bhreithiúnais an Aontais in 2018 maidir le pleanáil limistéar;

    33.

    aiféalach faoi go bhfuiltear i bhfad ón sprioc 3 % de OTI a infheistiú i réimse an taighde, na forbartha agus na nuálaíochta. Cé go bhfuil an sprioc sin á baint amach ag roinnt Ballstát, tá níos lú ná 1 % á infheistiú ag cuid eile acu sa réimse sin. Tá na difríochtaí sin ag cur isteach ar chumas domhanda an Aontais mar bhloc agus fágann siad go bhfuil an tAontas chun deiridh ar na Stáit Aontaithe, an tSeapáin agus an tSín;

    34.

    á cheapadh gur deis é an cur chun feidhme a dhéanfar ar an Limistéar Eorpach Taighde amach anseo chun tuilleadh sineirgí a chruthú ar gach leibhéal rialtais chun tacú leis an aistriú tionsclaíoch trí infheistíocht mhéadaithe sa taighde agus trí bheartais nuálaíochta áit-bhunaithe;

    35.

    Leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, éilítear ar earnáil na tionsclaíochta agus ar a lucht saothair dul in oiriúint don athrú i dtreo réaltacht nua; dá bhrí sin, iarrann sé ar an gCoimisiún cur chuige áitbhunaithe a áireamh ina chlár oibre Eorpach scileanna ar mhaithe le hearnálacha a ndéanann na haistrithe sin difear dóibh; áirítear leis sin dreasachtaí a dhearadh chun táirgiúlacht an lucht saothair a mhéadú trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht tacaíochta (amhail teicneolaíocht na réaltachta breisithe agus na réaltachta fíorúla), agus chun lucht saothair na dtionscal a bhfuil tionchar mór ag athruithe teicneolaíochta orthu, amhail an tionscal gluaisteán, a chur san áireamh;

    Gné chríochach a chur leis na héiceachórais thionsclaíocha

    36.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó an measúnú saincheaptha ar riachtanais na 14 éiceachóras Eorpacha ina léirítear bearnaí infheistíochta agus roghanna maidir le tacaíocht bheartais, chomh maith leis an gcás-staidéar ar an dúshlán maidir le dícharbónú atá roimh thionscal na cruach (1); á mholadh go ndéanfaí an méid sin a fhorlíonadh le meastóireacht ar fhorbairtí sa mhargadh saothair agus ar na riachtanais scileanna comhfhreagracha;

    37.

    á iarraidh an athuair go dtreiseofar an ghné áit-bhunaithe den Straitéis Tionsclaíochta Nuashonraithe chun go mbeidh na réigiúin agus na cathracha, ós iad na rialtais is gaire do na saoránaigh agus d’éiceachórais iad, in ann aistriú glas agus aistriú digiteach a gcuid tionscal a ghlacadh chucu féin i gceart, agus aird chuí á tabhairt ar an oiliúint leanúnach agus ar an uas-sciliú a bheidh ag teastáil ó oibrithe, agus an riosca eisiaimh a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar an aistriú á chur san áireamh (2). Tá sé ríthábhachtach go mbeadh beartas tionsclaíoch áit-bhunaithe ann, go háirithe le linn chéim an téarnaimh, ós rud é go bhfuil dlúthnasc idir an tionsclaíocht agus an fhorbairt réigiúnach;

    38.

    á athdhearbhú go bhfuil inniúlachtaí tábhachtacha ag na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla i réimsí beartais a mbíonn tionchar acu ar an bhforbairt thionsclaíoch. Is féidir leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha raon leathan ionstraimí a úsáid chun cur chun feidhme straitéis beartais tionsclaíochta iomlánaíoch agus uaillmhianach de chuid an Aontais a chumasú, arb é is aidhm di athléimneacht eacnamaíoch a áirithiú tráth a bheidh athrú struchtúrach ann; ag iarraidh go gcuirfidh an Coimisiún an leibhéal áitiúil agus an leibhéal réigiúnach san áireamh amach anseo maidir le Straitéis Tionsclaíochta nua an Aontais a cheapadh (3);

    39.

    ag leagan béim ar an ngá atá le colún láidir sóisialta san athrú tionsclaíoch chun aghaidh leordhóthanach a thabhairt ar iarmhairtí sóisialta an athraithe struchtúraigh agus chun a chur ar chumas na réigiún a buaileadh go háirithe go dona mar gheall ar an bpaindéim téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta a dhéanamh;

    40.

    á chur i bhfios go láidir gur fearr is féidir an ghné réigiúnach a neartú trí straitéisí réigiúnacha um speisialtóireacht chliste a úsáid mar threoirphlean don chomhar idir-réigiúnach; á chur in iúl gur geal leis an smaoineamh coincheap na speisialtóireachta cliste a fhorbairt tuilleadh trí Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) na Náisiún Aontaithe a chur isteach mar cheathrú heilimint (S4);

    41.

    den tuairim go bhféadfadh luach nach beag a bheith sa chomhar idir-réigiúnach agus san ionstraim nua ar an ábhar sin (I3), lena n-áirítear maidir leis na réigiúin a bhfuil na dúshláin is mó rompu chun dul i ngleic leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a nascadh le réigiúin eile, d’fhonn cur le slabhraí luacha idir-réigiúnacha agus le comhtháthú. Ach níos mó úsáide a bhaint as an ionstraim sin, agus as ionstraimí breise a d’fhéadfadh a bheith ann, d’fhéadfaí tacú leis an gcomhar idir-réigiúnach chun luachshlabhraí Eorpacha a neartú. Is féidir le líonraí Eorpacha, amhail Tionscnamh Vanguard, tacú leis an bpróiseas sin. Creideann CnaR go bhfuil sé an-tábhachtach tagairt a dhéanamh do straitéisí um speisialtóireacht chliste mar chreat agus mar uirlis le haghaidh nuachóiriú tionsclaíoch agus coincheap na nuálaíochta oscailte. Cuireann CnaR i bhfios go láidir gur gá RIS3 a ailíniú le forbairt na gconairí aistrithe, ós rud é go bhfuil straitéisí S3 dírithe ar thacú le dlús a chur leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach.

    42.

    á chur in iúl a thábhachtaí atá sé comhordú a dhéanamh ar an iliomad tionscnamh nua AE a eascraíonn as seirbhísí éagsúla de chuid an Choimisiúin, arb é is aidhm dóibh tacú leis an gclaochlú tionsclaíoch. Is spriocanna uaillmhianacha iad na spriocanna maidir le dlús a chur leis an inbhuanaitheacht atá leagtha síos sa straitéis “Fit for 55” agus ní mór d’earnáil na tionsclaíochta tacú leo trí chéimeanna nithiúla a ghlacadh chun an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Molann CnaR idirphlé straitéiseach a dhéanamh faoi stiúir an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis na héiceachórais tionsclaíochta a nascadh leis na héiceachórais nuálaíochta réigiúnacha. Is é an aidhm a bheadh ann rialachas il-leibhéil a chur chun cinn agus comhordú níos fearr a chur ar fáil. Bheadh comhtháthú na dtionscnamh éagsúil ar leibhéal an Aontais ar gach leibhéal rialtais ina ghné ríthábhachtach.

    Ag dul i ngleic le spleáchais: an neamhspleáchas straitéiseach oscailte sa chleachtas

    43.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an gCoimisiún Eorpach chun anailís bhreise a dhéanamh ar spleáchais straitéiseacha agus ar chumais straitéiseacha an Aontais, lena n-áirítear athbhreithniú domhain ar roinnt réimsí straitéiseacha teicneolaíochta agus tionsclaíocha; á chur in iúl gur mór aige na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun bearta a shainaithint d’fhonn seasamh an Aontais a atreisiú i luachshlabhraí domhanda; á thabhairt dá aire go gcumhdaíonn “éiceachórais nádúrtha” roinnt earnálacha, go háirithe ar scála réigiúnach, agus gur cuid de líonra iad. Tá “píblínte” Eorpacha ann chomh maith i bhfoirm táirgeadh idir-réigiúnach agus luachshlabhraí, a dteastaíonn tacaíocht ón gCoimisiún Eorpach uathu;

    44.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó an aird bhreise a thugtar ar an neamhspleáchas straitéiseach; á chur i bhfios go láidir, mar sin féin, mar a leagtar síos i bpáipéar leathoifigiúil na Spáinne-na hÍsiltíre, nach ionann neamhspleáchas straitéiseach agus leithlisiú nó caomhnaitheacht eacnamaíoch. Os a choinne sin, is éard atá i gceist leis an neamhspleáchas straitéiseach níos mó athléimneachta agus idirspleáchais, a bhuí le gníomhaíochtaí réasúnacha agus saincheaptha a bhaineann le spleáchais neamhshiméadracha. Cuireann CnaR i bhfios go láidir nach mór don Eoraip dlús a chur lena iarrachtaí sreafaí allmhairithe a oscailt agus a éascú, a mhéid a bhaineann le roinnt luachshlabhraí straitéiseacha;

    45.

    ag tacú leis an athbhreithniú ar spleáchais straitéiseacha, go háirithe na spleáchais sin a bhfuil tionchar ar leith acu ar FBManna. Thairis sin, tacaíonn sé leis na gníomhaíochtaí treisithe chun cabhrú le FBManna aghaidh a thabhairt ar chur isteach agus ar leochaileachtaí, nó chun iad a éagsúlú trína nascadh le comhpháirtithe nua áitiúla agus trasteorann;

    46.

    díocasach faoi threoirleabhar/uirlis a fhorbairt lena n-aithnítear spleáchais straitéiseacha agus aghaidh a thabhairt ar na spleáchais sin tríd an soláthar poiblí;

    Dlús a chur leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach

    47.

    ag leagan béim ar a thábhachtaí atá samhlacha nua gnó a chabhraíonn le dlús a chur leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach agus, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá coincheapa amhail an Gréasán um Fhadhbanna sa Mhargadh Inmheánach a Réiteach (SOLVIT); den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach cabhrú le gnólachtaí teacht ar réitigh phragmatacha i ndáil leis an trádáil thar theorainneacha agus rochtain níos éasca ar mhaoiniú a chur ar fáil dóibh;

    48.

    ag áitiú ar an gCoimisiún Eorpach sásra a bhunú chun measúnú agus cosc a dhéanamh ar tháthcheangail cuideachtaí in earnálacha a bhfuil ról ríthábhachtach nó straitéiseach acu i ngeilleagar na hEorpa, agus béim ar leith á leagan ar chuideachtaí beaga, ar cuideachtaí neamhliostaithe iad go minic, atá fíorthábhachtach d’éiceachórais nuálaíochta réigiúnaí agus d’éiceachórais fiontraíochta;

    49.

    á iarraidh go leanfadh na réigiúin agus na cathracha de bheith ag tacú le comhghuaillíochtaí tionsclaíocha i réimsí straitéiseacha, lena n-áireofaí gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna agus seoladh comhghuaillíochtaí tionsclaíocha nua atá beartaithe. Bheadh na comhghuaillíochtaí sin dírithe ar ghnéithe amhail feithiclí lainseála, earnáil eitlíochta atá saor ó astaíochtaí, an néalteicneolaíocht, próiseálaithe agus leathsheoltóirí. Cuireann CnaR in iúl go bhfuil rath na gcomhghuaillíochtaí ag brath ar dhá ghné: (1) an rialachas agus an gá atá le tiomantas na bpáirtithe leasmhara uile, agus go háirithe, (2) rannpháirtíocht na rialtas náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, rud atá ríthábhachtach do dhea-fheidhmiú na gcomhghuaillíochtaí;

    50.

    á chur in iúl gur mór aige go bhfuil bealaí aistrithe cruthaithe ag an gCoimisiún, in éineacht le lucht tionscail, na húdaráis, na comhpháirtithe sóisialta agus geallsealbhóirí eile. Is mór aige an cur chuige lenar tosaíodh amach leis an turasóireacht agus le tionscail dianfhuinnimh, d’fhonn tuiscint níos fearr a fháil ar raon feidhme agus ar chostais na mbeart a bhfuil gá leo chun aistriú glas agus aistriú digiteach na bpríomhéiceachóras a áirithiú, agus ar na coinníollacha a ghabhann leis na bearta sin. Beidh plean gníomhaíochta don iomaíochas inbhuanaithe mar thoradh ar an gcur chuige sin;

    51.

    ag leagan béim an athuair ar a thábhachtaí atá an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach chun tionscal inbhuanaithe agus iomaíoch a bhaint amach. Ní hamháin go bhfuil an chiorclaíocht riachtanach chun spriocanna aeráide agus na SFInna a bhaint amach, ach cuidíonn sí le hearnáil na tionsclaíochta dul san iomaíocht ar an leibhéal domhanda agus d’fhéadfadh sí a bheith ina gné thábhachtach den neamhspleáchas straitéiseach. Trí úsáid chiorclach agus thíosach a bhaint as amhábhair agus táirgí ganna (agus straitéiseacha), is féidir spleáchais neamhshiméadracha a theorannú agus an neamhspleáchas a neartú (4). Ós rud é gur spreagadh é an geilleagar ciorclach do shlabhraí soláthair atá níos giorra ó thaobh na geografaíochta de agus go mbíonn tionchar aige ar gach cineál braisle agus tionscail, is gné ríthábhachtach de straitéis tionsclaíochta rathúil í an ghné áit-bhunaithe agus réigiúnach d’éiceachórais thionsclaíocha atá dírithe ar neamhspleáchas straitéiseach. I bhfianaise nach bhfuil roinnt mhaith FBManna réidh don athrú sin, in ainneoin na n-iarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh chun samhlacha traidisiúnta eacnamaíocha agus gnó a athrú ó bhonn, is féidir leis an gCoimisiún cabhrú le dlús a chur leis an aistriú ciorclach. D’fhéadfaí é sin a dhéanamh, mar shampla, trí mhargadh aonair do dhramhaíl a chur ar bun agus tacú le hathrú a dhéanamh ar oibríochtaí gnó fhormhór na FBManna nach bhfuil chun tosaigh sa nuálaíocht;

    52.

    ag leagan béim ar an ngá atá ann díriú ar earnálacha agus ar réimsí inar féidir an rannchuidiú is mó a dhéanamh chun uaillmhianta aeráide a bhaint amach. D’fhéadfaí an méid sin a chur i gcrích go háirithe i dtionscail dianfhuinnimh agus i mbraislí móra tionscail, agus sna slabhraí táirgthe a bhfuil siad mar chuid díobh. Rachaidh an fócas ar shlabhraí táirgeachta chun tairbhe na FBManna in earnáil na tionsclaíochta freisin, toisc gur cuid de shlabhraí táirgeachta na ngnólachtaí móra iad go minic. Leis sin, déanfar tionchar na n-uaillmhianta aeráide a uasmhéadú. Tá an tionsclaíocht thar a bheith tábhachtach sna réigiúin thionsclaíocha, ós rud é go bhfeidhmíonn sí mar bhonn leis na margaí saothair réigiúnacha. Ciallaíonn sé sin go bhfuil sé ríthábhachtach an tionsclaíocht a aistriú chuig samhail ghnó inbhuanaithe, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis an bhfostaíocht agus le haistriú cuimsitheach chuig geilleagar inbhuanaithe digiteach;

    53.

    den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach go n-aimseofar, leis an tsamhail tionscail nua, réitigh chun poist a chosaint, go háirithe in earnálacha a bhfuil tionchar mór ag an aistriú glas orthu, amhail an tionscal gluaisteán, ós rud é go bhfuil sé ar cheann de na príomhnithe a thiomáineann geilleagar na hEorpa. Chun poist a choimirciú, ba cheart an glasú is gá a dhéanamh ar tháirgí mótarfheithiclí a chur i gcrích ar bhealach solúbtha, laistigh de spriocanna leordhóthanacha, ar bhonn na neodrachta teicniúla agus trí chabhair airgeadais AE do réigiúin atá buailte, d’fhonn na monarchana, na soláthróirí agus na saoráidí táirgthe atá ann cheana a oiriúnú. Ina theannta sin, ba cheart iomaíochas na láithreán táirgthe atá ann cheana a áirithiú, chomh maith leis an gcumas chun poist a oiriúnú;

    54.

    á chur in iúl go láidir go bhfuil an rochtain ar fhoinsí leictreachais atá iontaofa agus inacmhainne ríthábhachtach d’iomaíochas thionscal na hEorpa. Chuige sin, is gá acmhainní táirgthe a fhorbairt bunaithe ar fhoinsí atá go hiomlán in-athnuaite. Agus inmharthanacht eacnamaíoch na bhfoinsí fuinnimh á ríomh, ní mór na costais fhoriomlána a chur san áireamh i gcónaí, i.e. meánchostais iomlána táirgthe fuinnimh lena gclúdaítear saolré iomlán an táirgthe fuinnimh, costais chórais agus costais sheachtracha;

    55.

    á iarraidh go smaoineofaí ar an bhfás eacnamaíoch mar choincheap forleathan agus cuimsitheach, ó thaobh gnéis, cine, inscne, teanga, reiligiúin, tuairimí polaitiúla, agus cúinsí pearsanta agus sóisialta de, ós rud é go mbeidh tallann ar fad na hEorpa ag teastáil; á chur in iúl go láidir go bhfuil mná fós faoi ghannionadaíocht mhór i bpoist bhainistíochta i gcuideachtaí, agus ag iarraidh ar chuideachtaí dlúthchuid dá mbunphrionsabail chorparáideacha a dhéanamh den phaireacht inscne ag gach leibhéal bainistíochta. Is mó an rath a bhíonn ar ghnólachtaí ilchineálacha ná ar ghnólachtaí nach bhfuil ionadaíoch ar an tsochaí (ina bhfeidhmíonn siad);

    56.

    á chur in iúl gur gá athbhreithniú suntasach a dhéanamh ar chreat Státchabhrach an Aontais d’fhonn scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir tacaíocht níos fearr a thabhairt do na tionscail tráchtearra atá dian ar fhuinneamh agus atá spleách ar thrádáil eachtrach claochlú de réir a chéile go próisis íseal-charbóin atá neodrach ó thaobh carbóin de. Ina theannta sin, ní mór dóthain acmhainní a thabhairt do chláir chistiúcháin Eorpacha agus náisiúnta agus ní mór go mbeifí in ann iad a chomhcheangal;

    57.

    á chur i bhfios go láidir gur gá cothromaíocht a bhaint amach idir dinimic an athraithe a bhfuil gá leis don aistriú glas agus don aistriú digiteach, ar thaobh amháin, agus intuarthacht an chreata rialála (go háirithe do FBManna agus d’fhostaithe) ar an taobh eile. Cuireann CnaR i bhfios go láidir freisin gurb é a éilítear le haistriú cuimsitheach ná cistí a imscaradh chun oiliúint agus athoiliúint a chur ar an lucht saothair i scileanna nua ar scála réigiúnach agus ar fud na n-earnálacha. Is é a bheadh mar thoradh air sin go seachnófaí “gaibhniú” fostaithe sna hearnálacha ina mbíonn siad ag obair, agus an gá le bogadh go dtí réigiúin eile le haghaidh oibre;

    58.

    á shonrú go gciallaíonn sé sin freisin go ngabhann an méid seo a leanas leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach: aistriú i dtreo geilleagar lena dtabharfar aghaidh ar aosú an daonra agus ar na nuálaíochtaí is gá chun gach saoránach a áireamh san aistriú glas agus san aistriú digiteach;

    59.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur forbraíodh táscairí, agus gur mhaith leis béim a leagan air go n-eascraíonn an t-iomaíochas fadtéarmach, lena n-áirítear an athléimneacht, as aistrithe níos tapúla. Dá bhrí sin, ba cheart do tháscairí tomhas a dhéanamh ar luas an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, seachas ar an iomaíochas go ginearálta;

    60.

    ag cur in iúl don Choimisiún Eorpach an ról tábhachtach is féidir a bheith ag údaráis áitiúla agus ag gníomhaireachtaí forbartha réigiúnaí maidir le borradh a chur faoi chumas an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh tacú le FBManna digiteacha agus glasa; ag áitiú ar an gCoimisiún glacadh leis an bprionsabal “tús áite d”fhiontair bheaga agus gníomhú ar bhonn réigiúnach’.

    An Bhruiséil, 2 Nollaig 2021.

    Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

    Apostolos TZITZIKOSTAS


    (1)  Tuairim ó CnaR ar https://dm2016.cor.europa.eu/cor/2016/_layouts/15/WopiFrame.aspx?sourcedoc=%7b89DDAAF2-6AB2-4081-8AE9-2215129535C0%7d&file=cor-2016-01726-00-01-ac-tra-en.docx&action=default&DefaultItemOpen=1 (COR-2016-01726-00-01) (níl leagan Gaeilge ann).

    (2)  Tuairim ó CnaR https://dm2016.cor.europa.eu/cor/2020/_layouts/15/WopiFrame.aspx?sourcedoc=%7bD38C780B-9220-4BE0-ACBD-5E534B9B44D9%7d&file=cor-2020-01374-00-00-ac-tra-en.docx&action=default&DefaultItemOpen=1, pointe 4 (níl leagan Gaeilge ann).

    (3)  Tuairim ó CnaR ar https://dm2016.cor.europa.eu/cor/2020/_layouts/15/WopiFrame.aspx?sourcedoc=%7bD38C780B-9220-4BE0-ACBD-5E534B9B44D9%7d&file=cor-2020-01374-00-00-ac-tra-en.docx&action=default&DefaultItemOpen=1, pointe 6 (níl leagan Gaeilge ann).

    (4)  Tuairim ó CnaR Plean Gníomhaíochta maidir le hAmhábhair Chriticiúla (CDR-2021-04292-00-01) (níl leagan Gaeilge ann).


    Top