Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021AG0029(01)

    Seasamh (AE) Uimh. 29/2021 ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí Arna ghlacadh ag an gComhairle an 14 Meitheamh 2021

    ST/6487/2021/REV/2

    IO C 265, 5.7.2021, p. 1–42 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    5.7.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    1


    SEASAMH (AE) Uimh. 29/2021 ÓN gCOMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH

    d’fhonn go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí

    Arna ghlacadh ag an gComhairle an 14 Meitheamh 2021

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 77(2) agus 79(2), pointe (d) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Ba cheart cuspóir an Aontais maidir le hardleibhéal slándála a áirithiú laistigh de limistéar saoirse, slándála agus ceartais de bhun Airteagal 67(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a bhaint amach, inter alia, trí bhearta coiteanna maidir le trasnú teorainneacha inmheánacha ag daoine agus maidir le rialú teorann ag teorainneacha seachtracha agus tríd an gcomhbheartas víosaí agus ag an am céanna,an chothromaíocht chúramach idir saorghluaiseacht daoine ar thaobh amháin agus slándáil ar an taobh eile á caomhnú.

    (2)

    De bhun Airteagal 80 CFAE, tá beartais an Aontais maidir le seiceálacha teorann, le tearmann agus le hinimirce agus a gcur chun feidhme le rialú ag prionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta idir na Ballstáit, lena n-áirítear na himpleachtaí airgeadais a bhaineann leis.

    (3)

    I nDearbhú na Róimhe arna shíniú an 25 Márta 2017, dhearbhaigh ceannairí 27 mBallstát a dtiomantas do dhul i mbun oibre i dtreo Eoraip shábháilte shlán agus d’Aontas a chruthú ina mothóidh na saoránaigh go léir sábháilte agus ina bhféadfaidh siad gluaiseacht faoi shaoirse, Aontas ina mbeidh na teorainneacha seachtracha daingnithe agus a mbeidh beartas imirce aige a bheidh éifeachtúil, freagrach agus inbhuanaithe, lena n-urramófar noirm idirnáisiúnta, chomh maith le hEoraip atá meáite ar an sceimhlitheoireacht agus ar an gcoireacht eagraithe a chomhrac.

    (4)

    Gach gníomhaíocht a chistítear faoin Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosa (an “Ionstraim”), a bhunaítear leis an Rialachán seo, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí sin a dhéantar i dtríú tíortha, ba cheart iad a chur chun feidhme i gcomhréir iomlán leis na cearta agus na prionsabail a chumhdaítear in acquis an Aontais, agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an “Chairt”), agus ba cheart iad a bheith i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát a eascraíonn as na hionstraimí idirnáisiúnta a bhfuil siad ina bpáirtithe iontu, go háirithe trí chomhlíonadh phrionsabail an neamh-idirdhealaithe agus an non-refoulement a áirithiú.

    (5)

    Is é cuspóir beartais na hionstraime bainistiú comhtháite teorainneacha láidir éifeachtach san Eoraip ag na teorainneacha seachtracha a fhorbairt agus a chur chun feidhme, agus ar an gcaoi sin, rannchuidiú le hardleibhéal slándála a áirithiú laistigh den Aontas, agus, ag an am céanna, saorghluaiseacht na ndaoine atá laistigh de á cosaint agus acquis ábhartha an Aontais á urramú go hiomlán, mar aon le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát a eascraíonn as na hionstraimí idirnáisiúnta eile a bhfuil siad ina bpáirtithe iontu.

    (6)

    Tá an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as bainistiú teorainneacha, lena n-áirítear gardaí cósta sa mhéid go ndéanann siad cúramaí rialaithe ag teorainneacha, freagrach ar bhonn comhroinnte as bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip, arna chur chun feidhme ag an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach, arna bhunú le Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Ba cheart, leis an mbainistiú sin, rannchuidiú le trasnuithe dlisteanacha ag teorainneacha a éascú, inimirce neamhdhlíthiúil agus coireacht trasteorann a bhrath agus a chosc, agus sreabha imirceacha a bhainistiú go héifeachtach.

    (7)

    Ar cheann de phríomhchuspóirí chur chuige an Aontais a tíolacadh sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2020 dar teideal A New Pact on Migration and Asylum [Comhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann], sainaithníodh taisteal dlisteanach a éascú agus, ag an am céanna, imirce neamhrialta agus rioscaí slándála a chosc.

    (8)

    Tá tacaíocht airgeadais ó bhuiséad an Aontais fíor-riachtanach chun bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a chur chun feidhme le tacú leis na Ballstáit, agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha ag an am céanna, trasnú na dteorainneacha seachtracha a bhainistiú go héifeachtúil agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bheidh ann amach anseo ag na teorainneacha sin, rud a rannchuideodh le haghaidh a thabhairt ar choireacht thromchúiseach a bhfuil gné thrasteorann ag gabháil léi.

    (9)

    Ba cheart tacaíocht airgeadais leordhóthanach ón Aontas a chur ar fáil do na Ballstáit chun cur chun feidhme an bhainistithe chomhtháite teorainneacha san Eoraip a chur chun cinn agus chun a áirithiú go mbeidh bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip go hiarbhír oibríochtúil. Tá na comhchodanna seo a leanas, inter alia, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/1896, i mbainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip: rialú ag teorainneacha; oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála le linn faireachas teorann; anailís riosca; comhar idir na Ballstáit, lena n-áirítear tacaíocht arna comhordú ag Gníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta: comhar idirghníomhaireachta, lena n-áirítear malartú rialta faisnéise; comhar le tríú tíortha, bearta teicniúla agus oibríochtúla laistigh de limistéar Schengen a bhaineann le rialú ag teorainneacha agus atá ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar inimirce neamhdhlíthiúil agus chun chur i gcoinne na coireachta trasteorann ar bhealach níos fearr; úsáid na teicneolaíochta úrscothaí; sásra rialaithe cáilíochta agus sásraí dlúthpháirtíochta.

    (10)

    Leis an Ionstraim, ba cheart a bheith in ann an tacaíocht is gá a chur ar fáil do na Ballstáit chun íoschaighdeáin choiteanna maidir le faireachas ar theorainneacha seachtracha a chur chun feidhme, i gcomhréir le hinniúlachtaí na mBallstát, na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta agus an Choimisiúin faoi seach.

    (11)

    De bhrí go bhfuil údaráis chustaim na mBallstát ag glacadh le líon níos mó freagrachtaí a bhaineann le réimse na slándála go minic agus a chuirtear i gcrích ag na teorainneacha seachtracha, tá sé tábhachtach comhar idirghníomhaireachta a chothú mar chomhchuid de bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1896. Is gá comhlántacht a áirithiú maidir le rialú ag teorainneacha agus rialú custaim ag na teorainneacha seachtracha trí thacaíocht airgeadais leordhóthanach ón Aontas a chur ar fáil do na Ballstáit. Le comhar idirghníomhaireachta, ní hamháin go neartófar rialuithe custaim chun gach cineál gáinneála a chomhrac, ach éascófar trádáil dhlisteanach agus taisteal freisin agus rannchuideofar le haontas custaim a bheidh slán agus éifeachtúil.

    (12)

    Dá bhrí sin, is gá an ciste a bheidh ina chomharba ar an gCiste Slándála Inmheánaí 2014-2020, arna bhunú le Rialacháin (AE) Uimh. 513/2014 (4) agus (AE) Uimh. 515/2014 (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhunú, inter alia, trí Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (“an Ciste”) a chur ar bun.

    (13)

    Mar gheall ar na sainghnéithe dlíthiúla maidir le Teideal V CFAE agus na bunúis dlí éagsúla is infheidhme a bhaineann leis na beartais maidir le teorainneacha seachtracha agus maidir le rialú custaim, ní fhéadfar, ó thaobh an dlí de, an Ciste a bhunú mar ionstraim aonair.

    (14)

    Ba cheart, dá bhrí sin, an Ciste a bhunú mar chreat cuimsitheach le haghaidh thacaíocht airgeadais an Aontais i réimse an bhainistithe teorann agus an bheartais víosaí ina gcuimsítear an Ionstraim chomh maith leis an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais do Threalamh Rialaithe Custaim, a bhunaítear le Rialachán (AE) 2021/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) (+). Ba cheart comhlánú a dhéanamh ar an gcreat le Rialachán (AE) 2021/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) (++), ar cheart tagairt a dhéanamh dó sa Rialachán seo a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le bainistíocht roinnte.

    (15)

    Ba cheart, leis an Ionstraim, cur le torthaí agus infheistíochtaí a réamhtheachtaithe, an Ciste um Theorainneacha Seachtracha don tréimhse ó 2007 go 2013, a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 574/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí don tréimhse ó 2014 go 2020, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 515/2014, agus ba cheart í a leathnú chun forbairtí nua a chur san áireamh.

    (16)

    Chun rialú aonfhoirmeach ardcháilíochta ag teorainneacha seachtracha a áirithiú agus chun taisteal dlisteanach thar theorainneacha seachtracha a éascú, ba cheart an Ionstraim a bheith ina rannchuidiú le forbairt a dhéanamh ar bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip, lena n-áirítear bearta a bhaineann le beartas, le dlí, le comhar córasach, le comhroinnt an ualaigh, le measúnú ar an staid agus le himthosca athraitheacha maidir le pointí trasnaithe d’imircigh neamhrialta, le pearsanra, le trealamh agus le teicneolaíocht, a d’fhéadfadh údaráis inniúla na mBallstát agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a dhéanamh ar leibhéil éagsúla, ag gníomhú i gcomhar le gníomhairí eile amhail comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, go háirithe Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála, agus Ceartais (eu-LISA), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2016/794 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), agus, i gcás inarb iomchuí, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.

    (17)

    Leis an Ionstraim, ba cheart rannchuidiú le héifeachtúlacht próiseála víosaí a fheabhsú i dtaobh nósanna imeachta víosa a éascú do thaistealaithe bona fide agus i dtaobh na rioscaí a bhaineann le slándáil agus le himirce neamhrialta a bhrath agus a mheas. Go háirithe, ba cheart cúnamh airgeadais a chur ar fáil leis an Ionstraim chun tacú le próiseáil víosaí a dhigiteáil agus é mar chuspóir aige sin nósanna imeachta maidir le víosaí atá tapa, slán agus áisiúil don chliant a chur ar fáil chun tairbhe na n-iarratasóirí ar víosa agus na gconsalachtaí araon. Ba cheart cumhdach na seirbhísí consalachta ar fud an domhain a áirithiú leis an Ionstraim freisin. Ba cheart cur chun feidhme aonfhoirmeach agus nuachóiriú an chomhbheartais víosaí, chomh maith leis na bearta a eascraíonn as Rialachán (CE) Uimh 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) a chumhdach leis an Ionstraim freisin agus, ina theannta sin, cúnamh do na Ballstáit chun víosaí a eisiúint, lena n-áirítear víosaí a bhfuil bailíocht chríochach theoranta acu arna n-eisiúint ar fhorais dhaonnúla, ar chúiseanna leasa náisiúnta nó de bharr oibleagáidí idirnáisiúnta i gcomhréir le acquis an Aontais maidir le víosaí.

    (18)

    Leis an Ionstraim, ba cheart tacú le bearta a bhfuil nasc acu le rialú ag teorainneacha seachtracha i gcríoch tíortha a bhfuil acquis Schengen mar chuid de chur chun feidhme an bhainistithe chomhtháite teorainneacha san Eoraip, lena neartaítear feidhmiú foriomlán limistéar Schengen.

    (19)

    Chun bainistiú na dteorainneacha seachtracha a fheabhsú, chun taisteal dlisteanach a éascú, chun rannchuidiú le cosc a chur le trasnuithe teorainneacha neamhrialta agus é a chomhrac, chun an comhbheartas víosaí a chur chun feidhme agus chun rannchuidiú le hardleibhéal slándála laistigh de réimse saoirse, slándála agus ceartais an Aontais, ba cheart, leis an ionstraim, tacú le forbairt a dhéanamh ar chórais mhórscála TF i gcomhréir le dlí an Aontais i réimse an bhainistithe teorainneacha. Leis an Ionstraim, ba cheart tacú freisin le bunú na hidir-inoibritheachta, a bunaíodh le Rialacháin (AE) 2019/817 (12) agus (AE) 2019/818 (13) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, sna Ballstáit idir na córais faisnéise de chuid an Aontais, eadhon an Córas Dul Isteach/Imeachta (EES), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), an Córas Faisnéise Víosaí (VIS), a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), Eurodac, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), Córas Faisnéise Schengen (SIS), a bunaíodh le Rialacháin (AE) 2018/1860 (17), (AE) 2018/1861 (18) agus (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) agus an córas láraithe ar leibhéal an Aontais chun Ballstáit ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (ECRIS-TCN), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), chun go mbeidh na córais faisnéise sin de chuid an Aontais agus a gcuid sonraí ag forlíonadh a chéile. Chomh maith leis sin, ba cheart, leis an Ionstraim, rannchuidiú le forbairtí riachtanacha ar an leibhéal náisiúnta tar éis chur chun feidhme na gcomhchodanna idir-inoibritheachta ar an leibhéal lárnach, eadhon an tairseach chuardaigh Eorpach (ESP), seirbhís chomhroinnte meaitseála bithmhéadraí (BMS comhroinnte), stóras coiteann sonraí céannachta (CIR) agus brathadóir ilchéannachta (MID).

    (20)

    Chun leas a bhaint as eolas agus saineolas na ngníomhaireachtaí díláraithe a bhfuil inniúlacht acu i réimsí an bhainistithe teorainneacha, an bheartais víosaí agus na gcóras mórscála TF, ba cheart don Choimisiún, ar bhealach tráthúil, rannpháirt a thabhairt do na gníomhaireachtaí ábhartha in obair an Choiste um Chistí Gnóthaí Baile” arna bhunú leis an Rialachán seo, go háirithe ag tús agus ag meántéarma thréimhse an chlársceidealaithe. I gcás inarb iomchuí, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann freisin rannpháirt a thabhairt do na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais san fhaireachán agus sa mheastóireacht, go háirithe d’fhonn a áirithiú go mbeidh na gníomhaíochtaí, a dtacófar leo leis an ionstraim, i gcomhréir le acquis ábhartha an Aontais agus le tosaíochtaí comhaontaithe an Aontais. Leis an ionstraim, ba cheart na gníomhaíochtaí a chomhlánú agus a threisiú lena gcuirtear bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip chun feidhme i gcomhréir le prionsabal na freagrachta comhroinnte agus na dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta arb ionann iad agus dhá cholún an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh.

    Is é a chiallaíonn sin, go háirithe, agus a gcláir a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte á dtarraingt suas ag na Ballstáit, gur cheart dóibh na huirlisí anailíse agus na treoirlínte oibríochtúla agus teicniúla a d’fhorbair an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a chur san áireamh chomh maith leis na curaclaim oiliúna a d’fhorbair sí, amhail an lárchuraclam coiteann chun gardaí teorann a oiliúint, lena n-áirítear comhchodanna na gcuraclaim sin a bhaineann le cearta bunúsacha agus le rochtain ar chosaint idirnáisiúnta. Chun comhlántacht idir cúraimí agus freagrachtaí na mBallstát maidir le rialú na dteorainneacha seachtracha, agus chun comhsheasmhacht a áirithiú agus neamhéifeachtúlacht costais a sheachaint, ba cheart don Choimisiún, ar bhealach tráthúil, dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta maidir leis na dréachtchláir arna dtíolacadh ag na Ballstáit a mhéid a thagann siad faoi réim inniúlachtaí na gníomhaireachta sin, go háirithe maidir leis na gníomhaíochtaí arna maoiniú faoi thacaíocht oibriúcháin.

    (21)

    A mhéid a iarrfaidh na Ballstáit a ndéanfar difear dóibh amhlaidh, ba cheart leis an Ionstraim tacú le cur chun feidhme chur chuige na dteophointí mar a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2015 dar teideal A European Agenda on Migration [Clár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce] agus a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an 25 Meitheamh agus an 26 Meitheamh 2015 agus a shonraítear tuilleadh i Rialachán (AE) 2019/1896. Le cur chuige na dteophointí, cuirtear tacaíocht oibríochtúil ar fáil do na Ballstáit sin a bhfuil dúshláin dhíréireacha imirce rompu ag na teorainneacha seachtracha. Leis an gcur chuige sin, cuirtear cúnamh comhtháite, cuimsitheach agus spriocdhírithe ar fáil de mheon na dlúthpháirtíochta agus na freagrachta comhroinnte.

    (22)

    De mheon na dlúthpháirtíochta agus na freagrachta comhroinnte maidir le teorainneacha seachtracha a chosaint, i gcás ina ndéanfar leochaileachtaí nó rioscaí a shainaithint, go háirithe tar éis mheastóireacht Schengen i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle (21), ba cheart don Bhallstát lena mbaineann aghaidh a thabhairt ar an ábhar ar bhealach leordhóthanach trí úsáid a bhaint as acmhainní faoina chlár chun moltaí a chur chun feidhme, ar moltaí iad a glacadh de bhun an Rialacháin sin agus i gcomhréir leis na measúnuithe leochaileachta arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1896.

    (23)

    Ba cheart, leis an Ionstraim, cúnamh airgeadais a sholáthar do na Ballstáit sin a chuireann forálacha acquis Schengen maidir le teorainneacha seachtracha agus víosaí i bhfeidhm go hiomlán agus do na Ballstáit sin atá ag ullmhú do bheith iomlán rannpháirteach in Schengen, agus ba cheart do na Ballstáit í a úsáid ar mhaithe le comhbheartas an Aontais maidir leis na teorainneacha seachtracha a bhainistiú.

    (24)

    Cé go dtugtar, leis an Ionstraim seo, tacaíocht d’infheistíochtaí na mBallstát i mbainistiú teorainneacha, níor cheart leis an ionstraim cistiú a chur ar fáil le haghaidh bonneagar nua buan agus d’fhoirgnimh bhuana ag na teorainneacha inmheánacha áit nach bhfuil deireadh curtha leis na rialuithe fós. Ag na teorainneacha sin, áfach, ba cheart, leis an Ionstraim, tacú le hinfheistíochtaí i mbonneagar sochorraithe le haghaidh rialú teorann agus leis an mbonneagar atá ann cheana a chothabháil, a uasghrádú go teoranta nó a athsholáthar, ar bonneagar é atá riachtanach chun leeanúint de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) a chomhlíonadh.

    (25)

    I gcomhréir le Prótacal Uimh. 5 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 2003 maidir le hidirthuras daoine de thalamh idir réigiún Kaliningrad agus codanna eile de Chónaidhm na Rúise, leis an Ionstraim ba cheart aon chostas breise a íoc, ar costas é a thabhaítear i gcur chun feidhme fhorálacha sonracha acquis an Aontais lena gcumhdaítear idirthuras den sórt sin, eadhon Rialacháin (CE) Uimh. 693/2003 (23) agus (CE) Uimh. 694/2003ón gComhairle (24). Maidir leis an ngá atá le tacaíocht leanúnach airgeadais i gcomhair táillí tarscaoilte, ba cheart é a bheith ag brath, áfach, ar an gcóras víosaí atá i bhfeidhm ag an Aontas le Cónaidhm na Rúise.

    (26)

    Chun rannchuidiú le cuspóir beartais na hIonstraime a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-áirítear ina gcláir gníomhaíochtaí a thugann aghaidh ar chuspóirí sonracha uile na hIonstraime, agus go n-áirithítear, le leithdháileadh acmhainní i measc na gcuspóirí sonracha, gur féidir na cuspóirí sin a bhaint amach.

    (27)

    I gcomhréir le prionsabal na héifeachtúlachta, ba cheart sineirgí agus comhsheasmhacht a lorg le cistí eile de chuid an Aontais, agus ba cheart forluí idir na gníomhaíochtaí a sheachaint.

    (28)

    Tá filleadh náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir cinntí um fhilleadh arna n-eisiúint ag Ballstát ar cheann de chomhchodanna an bhainistithe chomhtháite teorainneacha san Eoraip dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/1896. Mar gheall ar a nádúr agus ar a cuspóir, áfach, ní thagann bearta i réimse an fhillte faoi raon feidhme thacaíocht na hIonstraime ach cumhdaítear faoi Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25) (+) iad.

    (29)

    Chun aitheantas a thabhairt don ról tábhachtach atá ag údaráis chustaim na mBallstát ag na teorainneacha seachtracha agus chun a áirithiú go mbeidh a ndóthain acmhainní ar fáil dóibh chun raon leathan a gcuid cúraimí ag na teorainneacha sin a chur chun feidhme, leis an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais do Threalamh Rialaithe Custaim, ba cheart an cistiú riachtanach a sholáthar do na húdaráis náisiúnta sin chun infheistíocht a dhéanamh i dtrealamh chun rialú custaim a dhéanamh, chomh maith le trealamh ar féidir cuspóirí eile a bheith leis i dteannta rialú custaim, amhail rialú a dhéanamh ar theorainneacha.

    (30)

    Den chuid is mó, d’fhéadfadh trealamh rialaithe custaim agus córais um theicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC) a bheith curtha in oiriúint go cothrom nó go teagmhasach do rialuithe ar chomhlíonadh le gníomhartha dlí eile an Aontais, amhail forálacha maidir le bainistiú teorainneacha, le víosaí nó le comhar póilíneachta. Dá bhrí sin, tá an Ciste curtha le chéile mar dhá ionstraim chomhlántacha a bhfuil dhá raon feidhme éagsúla ach comhlántacha acu chun trealamh a cheannach. Ar thaobh amháin, leis an Ionstraim, tabharfar tacaíocht airgeadais do threalamh agus do chórais TFC arb é a bpríomhchuspóir an bainistiú comhtháite teorainneacha agus féadfar iad a úsáid freisin i réimse comhlántach an rialaithe custaim. Ar an taobh eile, ní hamháin go mbeidh tacaíocht airgeadais ar fáil ón Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais do Threalamh Rialaithe custaim do threalamh arb é a phríomhchuspóir rialuithe custaim agus féadfar é a úsáid freisin chun críoch breise amhail rialuithe ag teorainneacha agus slándáil. Le dáileadh den sórt sin atá á dhéanamh ar róil, cothófar leis comhar idirghníomhaireachta mar chomhchuid den bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip, dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/1896 agus, dá réir sin, féadfaidh na húdaráis chustaim agus na húdaráis teorann oibriú le chéile agus tionchar bhuiséad an Aontais a uasmhéadú trí chomhroinnt agus trí idir-inoibritheacht an trealaimh rialaithe.

    (31)

    Tá faireachas teorann ar muir ar cheann d’fheidhmeanna a dhéanann gardaí cósta i réimse muirí an Aontais. Na húdaráis náisiúnta a chuireann feidhmeanna garda cósta i gcrích, tá freagracht orthu freisin i leith raon leathan cúraimí, a bhfhéadfadh an tsábháilteacht mhuirí, an tslándáil mhuirí, oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, rialú teorann, rialú ar iascach, rialú custaim, forfheidhmiú ginearálta an dlí agus cosaint an chomhshaoil ar áireamh leo ach gan bheith teoranta dóibh sin. I ngeall ar raon leathan fheidhmeanna garda cósta, cuirtear faoi shainchúram bheartais éagsúla de chuid an Aontais iad, agus ba cheart dóibh sineirgí a lorg chun torthaí níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla a bhaint amach.

    (32)

    Agus gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin Ionstraim a bhaineann le faireachas teorann muirí á gcur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar a n-oibleagáidí idirnáisiúnta maidir le hoibríochtaí cuardaigh agus tarrthála ar muir. I ndáil leis sin, ba cheart é a bheith indéanta trealamh agus córais a dtacófar leo faoin Ionstraim a úsáid in oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn oibríocht faireachais teorann ar muir.

    (33)

    I dteannta comhar an Aontais maidir le feidhmeanna garda cósta idir an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27), ba cheart comhleanúnachas feabhsaithe i ndáil leis na gníomhaíochtaí sa réimse muirí a bhaint amach ar an leibhéal náisiúnta freisin. Ba cheart sineirgí idir na gníomhaithe éagsúla sa réimse muirí a bheith i gcomhréir le bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip agus le straitéisí um shlándáil mhuirí.

    (34)

    Chun comhlántacht na ngníomhaíochtaí muirí a neartú agus chun comhsheasmhacht na ngníomhaíochtaí sin a threisiú, chun dúbláil iarrachtaí a sheachaint agus chun srianta buiséadacha a laghdú i réimse gníomhaíochtaí costasacha amhail an réimse muirí, ba cheart é a bheith indéanta, sa bhreis air sin, an Ionstraim a úsáid chun tacú le hoibríochtaí muirí de chineál ilchuspóireach.

    (35)

    Ba cheart a bheith in ann freisin úsáid a bhaint as trealamh agus córais TFC arna maoiniú faoin Ionstraim, chun cuspóirí an Chiste Slándála Inmheánaí arna bhunú le Rialachán (AE)…./.. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28) (+) agus an Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht arna bhunú le Rialachán (AE)…/… (++). Ba cheart trealamh agus córais TFC den sórt sin a bheith ar fáil i gcónaí agus a bheith in-imscartha le haghaidh gníomhaíochtaí rialaithe teorann atá éifeachtach agus slán agus ba cheart úsáid threalamh agus chórais TFC le haghaidh chuspóirí an Chiste Slándála Inmheánaí agus an Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht a bheith teoranta ó thaobh ama de.

    (36)

    Ba cheart, leis an Ionstraim, i gcomhréir lena cuspóirí sonracha, fónamh go príomha do bheartas inmheánach an Aontais. Ag an am céanna, ba cheart, leis an Ionstraim, a bheith in ann, i gcás inarb iomchuí, tacú le gníomhaíochtaí i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais i dtríú tíortha agus i ndáil le tríú tíortha. Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme ar bhonn sineirge agus comhleanúnachas iomlán le gníomhaíochtaí eile lasmuigh den Aontas agus ba cheart na bearta sin a bheith ina gcomhlánú ar ghníomhaíochtaí eile a fhaigheann tacaíocht trí ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais. Ba cheart, go háirithe, gníomhaíochtaí den sórt sin a chur chun feidhme ar bhealach lena n-áirithítear comhleanúnachas iomlán le beartas seachtrach an Aontais, ar bhealach lena urramaítear an prionsabal maidir le comhtháthú an bheartais le haghaidh forbartha agus ar bhealach a bheadh comhsheasmhach leis na doiciméid chlársceidealaithe straitéisigh le haghaidh na tíre nó an réigiúin i gceist. Ba cheart gníomhaíochtaí den sórt sin a bheith dírithe freisin ar bhearta nach bhfuil dírithe ar fhorbairt, fónamh do leasanna bheartais inmheánacha an Aontais agus a bheith comhsheasmhach leis na gníomhaíochtaí a dhéantar laistigh den Aontas. Ina mheastóireachtaí meántéarma agus siarghabhálacha, ba cheart don Choimisiún aird ar leith a thabhairt ar ghníomhaíochtaí a chur chun feidhme i dtríú tíortha nó i ndáil le tríú tíortha.

    (37)

    Ba cheart cistiú ó bhuiséad an Aontais a dhíriú ar ghníomhaíochtaí a bhféadfadh idirghabháil an Aontais breisluach a chur ar fáil ina leith i gcomparáid le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit amháin. Ós rud é go bhfuil seasamh níos fearr ag an Aontas ná mar atá ag na Ballstáit creat a sholáthar chun dlúthpháirtíocht an Aontais a léiriú maidir le bainistiú ag teorainneacha agus leis an gcomhbheartas víosaí agus chun ardán a chur ar fáil chun comhchórais mhórscála TF a fhorbairt a bheidh mar bhonn taca leis na beartais sin, leis an tacaíocht airgeadais arna soláthar faoin Rialachán seo, rannchuideofaí, go háirithe, le cumas náisiúnta agus cumas an Aontais a neartú sna réimsí sin.

    (38)

    Agus gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón Ionstraim á gcur chun cinn, ba cheart d’fhaighteoirí cistiúcháin ón Aontas faisnéis a chur ar fáil i dteanga nó i dteangacha an spriocphobail. Chun infheictheacht chistiú an Aontais a áirithiú, ba cheart d’fhaighteoirí an chistithe sin tagairt dá bhunús agus cumarsáid á déanamh acu maidir leis an ngníomhaíocht. Chuige sin, ba cheart d’fhaighteoirí a áirithiú, maidir le gach cumarsáid chuig na meáin nó chuig an bpobal, go mbeidh suaitheantas an Aontais le sonrú iontu agus go luafar go sainráite an tacaíocht airgeadais ón Aontas.

    (39)

    Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann acmhainní airgeadais a úsáid faoin Ionstraim seo chun dea-chleachtais agus an malartú faisnéise a chur chun cinn a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme na hIonstraime.

    (40)

    Ba cheart don Choimisiún faisnéis maidir leis an tacaíocht arna soláthar ón tsaoráid théamach faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach a fhoilsiú ar bhealach tráthúil agus ba cheart dó faisnéis den sórt sin a thabhairt cothrom le dáta i gcás inarb iomchuí. Ba cheart a bheith in ann na sonraí a shórtáil de réir cuspóir sonrach, ainm an tairbhí, an mhéid a gealladh go dlíthiúil agus chineál agus chuspóir an bhirt.

    (41)

    Féadfar a mheas nach bhfuil an acquis ábhartha de chuid an Aontais á chomhlíonadh ag Ballstát, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le tacaíocht oibriúcháin faoin Ionstraim, i gcás nár chomhlíon sé a chuid oibleagáidí faoi na Conarthaí sna réimsí a bhaineann le bainistiú teorainneacha agus beartas víosaí, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí maidir le cearta bunúsacha, i gcás ina bhfuil baol soiléir ann go sáródh an Ballstát sin luachanna an Aontais agus an acquis maidir le bainistiú teorainneacha agus beartas víosaí á chur chun feidhme aige, nó i gcás inar sainaithníodh easnaimh sa réimse ábhartha i dtuarascáil mheastóireachta faoi fhaireacháin Schengen agus sásra meastóireachta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013.

    (42)

    Leis an Ionstraim, ba cheart a áirithiú go ndáilfear acmhainní go cothrom agus go trédhearcach chun na cuspóirí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Chun ceanglais trédhearcachta a chomhlíonadh, ba cheart don Choimisiún faisnéis a fhoilsiú maidir le cláir oibre bhliantúla agus ilbhliantúla na saoráide téamaí. I gcomhréir le Rialachán (AE) …/… (+), ba cheart do gach Ballstát a áirithiú, laistigh de 6 mhí ó formheasadh a chláir, go bhfuil suíomh gréasáin curtha ar bun, ar a bhfuil fáisnéis maidir lena chlár ar fáil, lena gcumhdaítear cuspóirí, gníomhaíochtaí, deiseanna cistithe atá ar fáil agus an méid atá bainte amach.

    (43)

    Ba cheart a bhunú leis an Rialachán seo na méideanna tosaigh le haghaidh chláir na mBallstát, méideanna ina mbeidh méideanna socraithe mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus arna ríomh ar bhonn na gcritéar a leagtar síos san Iarscríbhinn sin agus, ar critéir iad lena léirítear fad na gcodanna talún agus mara agus na leibhéil tionchair ag codanna talún agus mara, an t-ualach oibre ag na haerfoirt agus ag na consalachtaí agus líon na gconsalachtaí. I bhfianaise riachtanais speisialta atá ag na Ballstáit sin ina ndearnadh an líon is airde iarratas ar thearmann per capita in 2018 agus in 2019, is iomchuí na méideanna socraithe a mhéadú don Chipir, do Mhálta agus don Ghréig.

    (44)

    Ba cheart do na méideanna tosaigh le haghaidh chláir na mBallstát a bheith mar bhonn d’infheistíochtaí fadtéarmacha na mBallstát. Chun athruithe ar an staid bhonnlíne a chur san áireamh, amhail brú ar theorainneacha seachtracha agus an t-ualach oibre ag na teorainneacha seachtracha agus ag consalachtaí, ba cheart méid breise a leithdháileadh ar na Ballstáit ag meántéarma na clárthréimhse agus ba cheart an méid sin a bheith bunaithe ar na sonraí staitistiúla i gcomhréir le hIarscríbhinn I, agus staid chur chun feidhme a gclár á cur san áireamh.

    (45)

    Ba cheart don Choimisiún meastóireacht mheántéarmach a dhéanamh ar an Rialachán seo. Ba cheart an mheastóireacht mheántéarma a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht agus ar bhreisluach Aontais na hIonstraime agus forléargas trédhearcach ar an gcaoi inar cuireadh an Ionstraim chun feidhme a sholáthar.

    (46)

    De bhrí go mbíonn dúshláin i réimse an bhainistithe teorainneacha agus an bheartais víosaí ag teacht chun cinn de shíor, is gá leithdháileadh cistithe a chur in oiriúint d’athruithe i dtosaíochtaí i dtaca le beartas víosaí agus bainistiú teorainneacha, lena n-áirítear athruithe de thoradh brú méadaithe ag an teorainn, agus is gá cistiú a stiúradh i dtreo na dtosaíochtaí a bhfuil breisluach Aontais is airde ag baint leo. Chun freagairt ar riachtanais phráinneacha agus ar athruithe ar bheartais agus ar thosaíochtaí an Aontais, agus chun cistiú a stiúradh i dtreo gníomhaíochtaí a bhfuil ardleibhéal breisluacha Aontais ag baint leo, ba cheart cuid den chistiú a leithdháileadh go tráthrialta, trí shaoráid théamach, ar ghníomhaíochtaí sonracha, ar ghníomhaíochtaí de chuid an Aontais agus ar chúnamh éigeandála. Leis an tsaoráid théamach, tá solúbthacht ann i mbainistiú na hionstraime agus d’fhéadfaí, freisin, í a chur chun feidhme trí chláir na mBallstát.

    (47)

    Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun cuid dá leithdháileadh don chlár a úsáid chun na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV a chistiú trí leas a bhaint as ranníocaíocht níos airde ón Aontas.

    (48)

    Ba cheart don Ionstraim a bheith ina rannchuidiú le tacaíocht a thabhairt do na costais oibriúcháin a bhaineann le bainistiú teorainneacha agus leis an gcomhbheartas víosaí agus le córais mhórscála TF agus chun cur ar chumas na mBallstát na cumais sin atá ríthábhachtach don Aontas ina iomláine a choinneáil. Ba cheart costais shonracha a bhaineann le cuspóirí na hIonstraime a aisíoc ina n-iomláine a bheith i gceist le tacaíocht den sórt sin agus ba cheart an méid sin a bheith mar chuid lárnach de chláir na mBallstát.

    (49)

    D’fhéadfaí cuid de na hacmhainní atá ar fáil faoin Ionstraim a leithdháileadh ar chláir na mBallstát chun gníomhaíochtaí sonracha a chur chun feidhme i dteannta a leithdháilte tosaigh. Ba cheart na gníomhaíochtaí sonracha sin a shainaithint ar leibhéal an Aontais agus ba cheart baint a bheith acu le gníomhaíochtaí a bhfuil breisluach Aontais acu agus lena gceanglaítear comhar idir na Ballstáit nó gníomhaíochtaí riachtanacha a dhéanamh ina leith chun aghaidh a thabhairt ar fhorbairtí san Aontais ar gá cistiú breise a chur ar fáil do Bhallstát amháin nó níos mó ina leith, amhail trealamh teicniúil a cheannach trí chláir na mBallstát, ar trealamh é a bhfuil gá ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta leis chun a gníomhaíochtaí oibríochtúla a fheidhmiú, próiseáil iarratas ar víosa a nuachóiriú, córais mhórscála TF a fhorbairt agus idir-inoibritheacht idir na córais sin a bhunú. Ba cheart don Choimisiún na gníomhaíochtaí sonracha sin a leagan amach ina chláir oibre.

    (50)

    Chun cur chun feidhme chuspóir beartais na hIonstraime sin a chomhlánú ar an leibhéal náisiúnta trí chláir na mBallstát, ba cheart tacaíocht a sholáthar leis an Ionstraim freisin do ghníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais. Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh chun críoch straitéiseacha foriomlána a bhaint amach laistigh de raon feidhme idirghabhála na hIonstraime i ndáil le hanailís ar bheartais agus nuálaíocht, le foghlaim fhrithpháirteach thrasnáisiúnta agus comhpháirtíochtaí agus le tionscnaimh agus gníomhaíochtaí nua a thriail ar fud an Aontais.

    (51)

    Chun acmhainneacht an Aontais a neartú chun aghaidh a thabhairt láithreach ar riachtanais phráinneacha agus shonracha i staid éigeandála, amhail insreabhadh mór nó díréireach de náisiúnaigh tríú tír, go háirithe ag na codanna sin den teorainn a sainaithníodh leibhéal tionchair ard nó géibheannach ina leith faoi Rialachán (AE) 2019/1896, nó i staideanna eile inar tugadh bunús cuí leo go bhfuil gá legníomhaíocht láithreach ag na teorainneacha seachtracha, ba cheart é a bheith indéanta cúnamh éigeandála a sholáthar, i gcomhréir leis an gcreat a leagtar amach sa Rialachán seo.

    (52)

    Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais do ré iomlán na hIonstraime arb é a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 18 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (29), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil. Déantar an príomh-mhéid tagartha a leithdháiltear ar an ionstraim a mhéadú de EUR 1 bhilliún i bpraghsanna 2018 mar a shonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (30).

    (53)

    Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31) (“an Rialachán Airgeadais”) maidir leis an Ionstraim. Leis an Rialachán Airgeadais, leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha.

    (54)

    Chun gníomhaíochtaí faoin mbainistíocht roinnte a chur chun feidhme, ba cheart an Ionstraim a bheith ina cuid de chreat comhleanúnach ina mbeidh an Rialachán seo, an Rialachán Airgeadais agus Rialachán (AE) …/… (+).

    (55)

    Le Rialachán (AE) …/… (+), bunaítear an creat gníomhaíochta do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, do Chiste Sóisialta na hEorpa Plus, don Chiste Comhtháthaithe, don Chiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe, don Chiste um Aistriú Cóir, don Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíochta, don Chiste Slándála Inmheánaí agus don Ionstraim le haghaidh Cúnamh Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, agus leagtar síos ann, go háirithe, na rialacha a bhaineann le clársceidealú, faireachán agus meastóireacht, bainistiú agus rialú cistí an Aontais arna gcur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte. Ina theannta sin, is gá cuspóirí na hIonstraime i leith bainistiú teorainneacha agus beartas víosaí sa Rialachán seo a shonrú, agus forálacha sonracha a leagan síos a bhaineann le gníomhaíochtaí a fhéadfar a mhaoiniú faoin Ionstraim seo.

    (56)

    Leagtar amach scéim réamh-mhaoiniúcháin le haghaidh na hIonstraime i Rialachán (AE)…/… (+), agus leagtar amach ráta sonrach réamh-mhaoiniúcháin sa Rialachán seo. Ina theannta sin, chun a áirithiú gur féidir freagairt go pras ar staideanna éigeandála, is iomchuí ráta réamh-mhaoiniúcháin sonrach a bhunú le haghaidh cúnamh éigeandála. Leis an scéim réamh-mhaoiniúcháin, ba cheart a áirithiú gurb acmhainn don Bhallstát tacaíocht a chur ar fáil do thairbhithe ó thús chur chun feidhme a gclár.

    (57)

    Ba cheart na cineálacha maoiniúcháin agus na modhanna cur chun feidhme faoin Rialachán seo a roghnú bunaithe ar an gcumas atá acu cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a sholáthar agus, go háirithe, na costais a bhaineann le rialuithe, ualaí riaracháin agus an baol a bhaineann le neamhchomhlíonadh á gcur san áireamh. Agus an cinneadh sin á dhéanamh, ba cheart úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidh agus costas aonaid, chomh maith le maoiniú nach bhfuil baint aige le costais dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais a mheas.

    (58)

    I gcomhréir le hAirteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, féadfar deontas a dhámhachtain do ghníomhaíocht atá tosaithe cheana, ar choinníoll gur féidir leis an iarratasóir a thaispeáint gur gá tús a chur leis an ngníomhaíocht sula síneofar an comhaontú deontais. Mar sin féin, ní incháilithe na costais do mhaoiniú an Aontais a thabhófar roimh an dáta a thíolacfar an t-iarratas ar dheontas, ach amháin i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo. Chun nach gcuirfí isteach ar thacaíocht an Aontais ar bhealach a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais, ba cheart a bheith in ann a mheas, ar feadh tréimhse theoranta ama ag tús an chreata airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, go mbeidh na costais, arna dtabhú i ndáil le gníomhaíochtaí a dtacófar leo faoin Rialachán seo faoi bhainistíocht dhíreach agus ar cuireadh tús leo cheana, incháilithe do mhaoiniú an Aontais amhail ón 1 Eanáir 2021, fiú má tabhaíodh na costais sin sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas nó an iarraidh ar chúnamh.

    (59)

    Chun an leas is fearr a bhaint as prionsabal an iniúchta aonair, is iomchuí rialacha sonracha a shocrú maidir le rialú agus iniúchadh tionscadal inarb iad eagraíochtaí idirnáisiúnta, a ndearna an Coimisiún measúnú dearfach ar a gcórais rialaithe inmheánacha, na tairbhithe. I gcás tionscadal den sórt sin, ba cheart an deis a bheith ag na húdaráis bhainistíochta a bhfíoruithe bainistíochta a theorannú ar choinníoll go ndéanann an tairbhí na sonraí agus an fhaisnéis uile is gá maidir le dul chun cinn an tionscadail agus incháilitheacht an chaiteachais fholuitigh a sholáthar go tráthúil. Ina theannta sin, i gcás inar cuid de shampla iniúchóireachta é tionscadal a chuireann eagraíocht idirnáisiúnta den sórt sin chun feidhme, ba cheart don údarás iniúchóireachta a bheith in ann a chuid oibre a dhéanamh i gcomhréir le prionsabail an Chaighdeáin Idirnáisiúnta maidir le Seirbhísí Gaolmhara (ISRS) 4400, “Engagements to Perform Agreed-upon Procedures Regarding Financial Information” [Cúraimí a dhéanamh i ndáil le Nósanna Imeachta arna gComhaontú maidir le Faisnéis Airgeadais].

    (60)

    I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32) agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (33), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (34) agus (AE) 2017/1939 (35) ón gComhairle, táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le haisghabháil na gcistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur.

    Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá an chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939 cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36), a imscrúdú agus a ionchúiseamh. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá ar aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha. Ba cheart do na Ballstáit comhoibriú go hiomlán le hinstitiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais, agus gach cúnamh is gá a thabhairt dóibh, i dtaobh leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

    (61)

    Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach, agus foráiltear leo do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Áirítear freisin leis na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

    (62)

    De bhun Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle (37), tá daoine agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha nó críocha thar lear incháilithe do chistiú faoi réir rialacha agus chuspóirí na hIonstraime agus faoi réir aon socruithe féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear.

    (63)

    De bhun Airteagal 349 CFAE agus i gcomhréir le Teachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2017, dar teideal A stronger and renewed strategic partnership with the EU's outermost regions [Comhpháirtíocht straitéiseach neartaithe athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas Eorpach], arna formhuiniú ag an gComhairle ina conclúidí an 12 Aibreán 2018, ba cheart do na Ballstáit ábhartha a áirithiú go dtabharfar aghaidh ina gcláir ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn, ar bagairtí iad nach mór do na réigiúin is forimeallaí dul i ngleic leo. Leis an Ionstraim, ba cheart tacú leis na Ballstáit sin trí acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil chun cuidiú leis na réigiúin is forimeallaí de réir mar is iomchuí.

    (64)

    De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (38), ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an Ionstraim ar bhonn na faisnéise arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha, agus ag an am céanna, ualach riaracháin, go háirithe ar na Ballstáit, agus ró-rialáil, á seachaint. Ar na ceanglais sin ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí na hIonstraime ar an talamh. Chun an méid atá bainte amach ag an Ionstraim a thomhas, ba cheart táscairí agus spriocanna gaolmhara a bhunú i ndáil le gach cuspóir sonrach den Ionstraim. Ar na táscairí sin, ba cheart táscairí cáilíochta agus cainníochtúla a áireamh.

    (65)

    Ag léiriú a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais chun Comhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (39) a chur chun feidhme, agus leis an ngealltanas maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, ba cheart do na gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo rannchuidiú leis an sprioc foriomlán a bhaint amach gurbh é 30 % de chaiteachas uile an chreata airgeadais ilbhliantúil a bheadh á chaitheamh ar phríomhshruthú cuspóirí aeráide agus le dul i mbun oibre i dtreo na huaillmhéine gurbh é 7,5 % den bhuiséad a bheadh á chaitheamh ar chaiteachas bithéagsúlachta in 2024 agus 10 % in 2026 agus in 2027, agus an forluí atá ann cheana idir spriocanna aeráide agus bithéagsúlachta á chur san áireamh.Ba cheart, leis an Ionstraim, tacú le gníomhaíochtaí lena n-urramófaí caighdeáin agus tosaíochtaí aeráide agus comhshaoil an Aontais agus nach ndéanfaí aon díobháil shuntasach leo do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40).

    (66)

    Maidir le Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41) agus le haon ghníomh is infheidhme maidir le clárthréimhse 2014-2020, ba cheart leanúint d’fheidhm a bheith acu maidir le cláir agus tionscadail lena dtacaítear leo faoin Ionstraim le linn chlárthréimhse 2014-2020. Ós rud é go mbeidh forluí idir tréimhse chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 agus an chlárthréimhse a chumhdaítear leis an Rialachán seo, agus chun comhleanúnachas a áirithiú maidir le cur chun feidhme tionscadal áirithe arna bhformheas faoin Rialachán sin, ba cheart forálacha maidir le céimniú na dtionscadal a leagan síos. Ba cheart gach céim ar leith den tionscadal a chur chun feidhme i gcomhréir le rialacha na clárthréimhse faoina bhfaigheann sé cistiú.

    (67)

    Trí tháscairí agus trí thuairisciú airgeadais, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na hIonstraime i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) …/… (+) agus an Rialacháin seo. Ón mbliain 2023 ar aghaidh, ba cheart do na Ballstáit tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht lena gcumhdófar an bhliain chuntasaíochta is déanaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart faisnéis a bheith sna tuarascálacha sin maidir leis an dul chun cinn atá déanta maidir lecur chun feidhme chláir na mBallstát. Ba cheart do na Ballstáit achoimrí ar na tuarascálacha a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart don Choimisiún na hachoimrí sin a aistriú i dteangacha oifigiúla uile an Aontais agus iad a chur ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin, in éineacht le naisc chuig suíomhanna gréasáin na mBallstát dá dtagraítear i Rialachán (AE) …/… (+).

    (68)

    Chun eilimintí neamhriachtanacha an Rialacháin seo a fhorlíonadh agus a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an liosta gníomhaíochtaí in Iarscríbhinn III, an liosta gníomhaíochtaí atá incháilithe le haghaidh rátaí cómhaoinithe níos airde in Iarscríbhinn IV, tacaíocht oibriúcháin faoi Iarscríbhinn VII agus le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gcreat faireacháin agus meastóireachta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

    (69)

    Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (42). Ba cheart úsáid an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun le haghaidh gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leagtar síos oibleagáidí coiteanna ar Bhallstáit, go háirithe oibleagáidí maidir le faisnéis a sholáthar don Choimisiún, agus ba cheart an nós imeachta comhairliúcháin a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i ndáil leis na socruithe mionsonraithe a bhaineann le faisnéis a sholáthar don Choimisiún i gcreat an chlársceidealaithe agus an tuairiscithe, ós rud é gur de chineál teicniúil amháin iad. Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a bhaineann le cinntí maidir le dámhactain cúnaimh éigeandála dá bhforáiltear sa Rialachán seo a ghlacadh más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le cineál agus cuspóir cúnaimh den sórt sin, go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne.

    (70)

    Níor cheart rannpháirtíocht Bhallstáit san Ionstraim seo a bheith ag teacht lena rannpháirtíocht in ionstraim airgeadais shealadach de chuid an Aontais lena dtacaítear leis na Ballstáit is tairbhithe chun, inter alia, gníomhaíochtaí a mhaoiniú ag teorainneacha seachtracha nua an Aontais chun acquis Schengen maidir le teorainneacha agus víosaí agus rialú ag teorainneacha seachtracha a chur chun feidhme.

    (71)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

    (72)

    Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme (43), a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, rud a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, Pointí A agus B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (44).

    (73)

    Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme (45), a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, Pointí A agus B, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (46).

    (74)

    Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme (47), a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, Pointí A agus B de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (48).

    (75)

    Chun cineál agus modhanna rannpháirtíocht na dtíortha atá comhlachaithe le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen san Ionstraim, agus na modhanna a bhaineann leis an rannpháirtíocht sin, a shonrú, ba cheart socruithe breise a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus na tíortha sin faoi fhorálacha ábhartha a gcomhaontuithe comhlachais faoi seach. Ba cheart gurb éard a bheadh i socruithe den sórt sin comhaontuithe idirnáisiúnta de réir bhrí Airteagal 218 CFAE. D’fhonn aon bhearna a d’fhéadfadh a bheith ann idir an tráth a mbeidh an ionstraim sin ceangailteach ar an tír lena mbaineann agus teacht i bhfeidhm na socruithe a íoslaghdú, is iomchuí tús a chur leis an gcaibidlíocht faoi shocruithe den chineál sin a luaithe is féidir tar éis do pé tír a bheidh i gceist fógra a thabhairt don Chomhairle agus don Choimisiún faoina cinneadh glacadh le hábhar na hionstraime agus é a chur chun feidhme ina dlíchóras inmheánach. Ba cheart socruithe den chineál sin a thabhairt i gcrích tar éis don tír lena mbaineann fógra a thabhairt i scríbhinn gur comhlíonadh a ceanglais inmheánacha ar fad.

    (76)

    I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, ba cheart don Danmhairg a chinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

    (77)

    Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (49) dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

    (78)

    Is iomchuí tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093.

    (79)

    Chun leanúnachas a áirithiú maidir le tacaíocht a sholáthar sa réimse beartais ábhartha agus chun go bhféadfar an cur chun feidhme a thosú ó thús chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige, le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2021,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I

    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 1

    Ábhar

    Leis an Rialachán seo, bunaítear an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (“an Ionstraim”), mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (“an Ciste”), don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

    Leis an Rialachán seo, i gcomhpháirt le Rialachán (AE) …/… (+), bunaítear an Ciste don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

    Leis an Rialachán seo, leagtar síos cuspóir beartais na hIonstraime, cuspóirí sonracha na hIonstraime agus bearta chun na cuspóirí sonracha sin a chur chun feidhme, an buiséad don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)

    ciallaíonn “pointe trasnaithe teorann” pointe trasnaithe teorann mar a shainmhínítear é i bpointe 8 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/399;

    (2)

    ciallaíonn “bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip” bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2019/1896;

    (3)

    ciallaíonn “teorainneacha seachtracha” teorainneacha seachtracha mar a shainmhínítear iad i bpointe 2 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 2016/399 agus teorainneacha inmheánacha, áit nach bhfuil deireadh curtha leis na rialuithe fós;

    (4)

    ciallaíonn “cuid den teorainn sheachtrach” cuid den teorainn sheachtrach mar a shainmhínítear í i bpointe (11) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/1896;

    (5)

    ciallaíonn “teophointe” teophointe mar a shainmhínítear é i bpointe (23) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/1896;

    (6)

    ciallaíonn “teorainneacha inmheánacha áit nach bhfuil deireadh curtha leis na rialuithe fós”:

    (a)

    an chomhtheorainn idir Ballstát a chuireann acquis Schengen chun feidhme go hiomlán agus Ballstát a bhfuil de cheangal air acquis Schengen a chur chun feidhme ina iomláine, i gcomhréir lena Ionstraim Aontachais féin, ach nár tháinig an Cinneadh ábhartha ón gComhairle lena n-údaraítear dó an acquis sin a chur i bhfeidhm go hiomlán ina leith go fóill;

    (b)

    an chomhtheorainn idir dhá Bhallstát a bhfuil de cheangal orthu acquis Schengen a chur i bhfeidhm ina iomláine, i gcomhréir lena nIonstraimí Aontachais faoi seach, ach nár tháinig an Cinneadh ábhartha ón gComhairle lena n-údaraítear dóibh an acquis sin a chur i bhfeidhm go hiomlán i bhfeidhm ina leith go fóill;

    (7)

    ciallaíonn “staid éigeandála” staid de thoradh brú práinneach eisceachtúil, inar thrasnaigh líon mór nó líon díréireach náisiúnach tríú tír, ina bhfuil siad ag trasnú nó ina meastar go dtrasnóidh siad teorainneacha seachtracha Ballstáit amháin nó níos mó nó ina dtarlóidh teagmhais a bhaineann le hinimirce neamhdhlíthiúil agus coireacht trasteorann ag teorainneacha seachtracha Ballstáit amháin nó níos mó, agus a mbíonn tionchar suntasach ag na heachtraí sin ar shlándáil na teorann a mhéid sin go gcuirfear feidhmiú limistéar Schengen i mbaol, nó aon staid eile a bhfuil údar cuí-réasúnaithe ann gur gá gníomhaíocht phráinneach ina leith, laistigh de chuspóirí na hIonstraime;

    (8)

    ciallaíonn “gníomhaíochtaí sonracha” tionscadail thrasnáisiúnta nó náisiúnta as a n-eascraíonn breisluach Aontais i gcomhréir le cuspóirí na hIonstraime seo a d’fhéadfadh Ballstát amháin, roinnt Ballstát nó na Ballstáit uile leithdháileadh breise ina leith a fháil dá gcláir;

    (9)

    ciallaíonn “tacaíocht oibriúcháin” ina cuid de leithdháileadh Ballstáit is féidir a úsáid mar thacaíocht leis na húdaráis phoiblí atá freagrach as na cúraimí a chomhlíonadh agus seirbhísí, ar cuid de sheirbhís phoiblí don Aontas iad, a sholáthar;

    (10)

    ciallaíonn “gníomhaíochtaí de chuid an Aontais” tionscadail thrasnáisiúnta nó tionscadail a bhfuil leas áirithe acu don Aontas agus a chuirtear chun feidhme i gcomhréir le cuspóirí na hIonstraime seo.

    Airteagal 3

    Cuspóirí na hIonstraime

    1.   Mar chuid den Chiste, is é cuspóir beartais na hIonstraime bainistiú comhtháite teorainneacha láidir éifeachtach san Eoraip ag na teorainneacha seachtracha a áirithiú, rannchuidiú ar an gcaoi sin le hardleibhéal slándála a áirithiú laistigh den Aontas agus, ag an am céanna, saorghluaiseacht na ndaoine atá laistigh de a chosaint, agus lánurraim á tabhairt do acquis ábhartha an Aontais, agus d’oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát a eascraíonn as na hionstraimí idirnáisiúnta a bhfuil siad ina bpáirtithe iontu.

    2.   Faoin gcuspóir beartais a leagtar amach i mír 1, leis an Ionstraim rannchuideofar leis na cuspóirí sonracha seo a leanas:

    (a)

    tacú le bainistiú comhtháite teorainneacha éifeachtach san Eoraip ag na teorainneacha seachtracha arna chur chun feidhme ag an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach mar fhreagracht chomhroinnte idir an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as teorainneacha a bhainistiú, trasnuithe dlisteanacha ag teorainneacha a éascú, an inimirce neamhdhlíthiúil agus coireacht trasteorann a bhrath agus a chosc agus sreabha imirce a bhainistiú go héifeachtach;

    (b)

    tacú leis an gcomhbheartas víosaí chun cur chuige comhchuibhithe a áirithiú i ndáil le víosaí a eisiúint agus chun taisteal dlisteanach a éascú agus, chun cuidiú le rioscaí imirce agus slándála a chosc ag an am céanna.

    3.   Faoi na cuspóirí sonracha a leagtar amach i mír 2, déanfar an Ionstraim a chur chun feidhme trí bhíthin na mbeart cur chun feidhme a liostaítear in Iarscríbhinn II.

    Airteagal 4

    Neamh-idirdhealú agus urraim do chearta bunúsacha

    Déanfar gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin Ionstraim a chur chun feidhme i gcomhréir iomlán leis na cearta agus na prionsabail a chumhdaítear in acquis an Aontais agus sa Chairt agus le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais maidir le cearta bunúsacha, go háirithe trí chomhlíonadh phrionsabail an neamh-idirdhealaithe agus an non-refoulement a áirithiú.

    Airteagal 5

    Raon feidhme na tacaíochta

    1.   Faoina cuspóirí agus i gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme a liostaítear in Iarscríbhinn II, leis an Ionstraim, tacófar, go háirithe, leis na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn III.

    Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 chun an liosta gníomhaíochtaí in Iarscríbhinn III a leasú chun gníomhaíochtaí nua a chur leis.

    2.   Chun a cuspóirí a bhaint amach, féadfar, leis an Ionstraim, i gcomhréir le tosaíochtaí de chuid an Aontaistacú le gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, i gcomhréir le hAirteagal 20.

    3.   Maidir le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus i ndáil le tríú tíortha, déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit, in éineacht leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, i gcomhréir lena bhfreagrachtaí faoi seach, comhordú le beartais, straitéisí agus ionstraimí ábhartha an Aontais a áirithiú. Áiritheoidh siad, go háirithe, maidir le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus i ndáil le tríú tíortha:

    (a)

    go ndéantar iad i sineirge le gníomhaíochtaí eile lasmuigh den Aontas a fhaigheann tacaíocht trí ionstraimí eile de chuid an Aontais agus ar bhealach atá comhsheasmhach leo;

    (b)

    go mbeidh siad comhsheasmhach le beartas seachtrach an Aontais, go ndéanfaidh siad prionsabal an chomhtháthaithe beartais ar mhaithe le forbairt a urramú agus go mbeidh siad comhsheasmhach leis na doiciméid chlársceidealaithe straitéisigh le haghaidh an réigiúin nó na tíre i gceist;

    (c)

    go ndíreofar leo ar bhearta nach bhfuil dírithe ar fhorbairt; agus

    (d)

    go rachfaidh siad chun leas bheartais inmheánacha an Aontais agus go mbeidh siad comhsheasmhach le gníomhaíochtaí a dhéantar laistigh den Aontas.

    4.   Ní bheidh na bearta seo a leanas incháilithe:

    (a)

    gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 d’Iarscríbhinn III ag na teorainneacha inmheánacha sin áit nach bhfuil deireadh curtha leis na rialuithe fós;

    (b)

    gníomhaíochtaí a bhaineann le rialú teorann a thabhairt isteach an athuair go sealadach agus go heisceachtúil ag teorainneacha inmheánacha de réir bhrí phointe 1 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/399;

    (c)

    na gníomhaíochtaí arb é rialú custaim is príomhchuspóir dóibh.

    De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás ina dtarlóidh staid éigeandála, féadfar gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír seo a mheas mar ghníomhaíochtaí incháilithe.

    CAIBIDIL II

    CREAT AIRGEADAIS AGUS CUR CHUN FEIDHME

    ROINN 1

    Forálacha coiteanna

    Airteagal 6

    Prionsabail ghinearálta

    1.   Leis an tacaíocht arna soláthar faoin Ionstraim, comhlánófar idirghabhálacha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, agus leagfar béim ar bhreisluach Aontais a chur le cuspóirí na hIonstraime a bhaint amach.

    2.   Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go mbeidh an tacaíocht arna soláthar faoin Ionstraim agus a sholáthraíonn na Ballstáit comhsheasmhach le gníomhaíochtaí, beartais agus tosaíochtaí ábhartha an Aontais, agus go mbeidh sí comhlántach leis an tacaíocht arna soláthar faoi ionstraimí eile de chuid an Aontais.

    3.   Déanfar an Ionstraim a chur chun feidhme faoi bhainistíocht, dhíreach, roinnte nó indíreach i gcomhréir le pointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais.

    Airteagal 7

    An buiséad

    1.   EUR 5 241 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme na hIonstraime don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

    2.   Mar thoradh ar an gcoigeartú a bhaineann go sonrach leis an gclár dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093, déanfar an méid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a mhéadú le leithdháileadh breise de EUR 1 000 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 mar a shonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin.

    3.   Úsáidfear an t-imchlúdach airgeadais mar a leanas:

    (a)

    Déanfar EUR 3 668 000 000 a leithdháileadh ar chláir na mBallstát, agus déanfar EUR 200 568 000 as an méid sin a leithdháileadh ar an Scéim Idirthurais Speisialta dá dtagraítear in Airteagal 17;

    (b)

    Déanfar EUR 1 573 000 000 a leithdháileadh ar an tsaoráid théamach dá dtagraítear in Airteagal 8.

    4.   Déanfar an leithdháileadh breise dá dtagraítear i mír 2 a leithdháileadh ar an tsaoráid théamach dá dtagraítear in Airteagal 8.

    5.   Ar thionscnamh ón gCoimisiún, déanfar suas le 0,52 % den imchlúdach airgeadais a leithdháileadh ar an gcúnamh teicniúil, dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2021/… (+), le haghaidh chur chun feidhme na hIonstraime.

    6.   I gcomhréir le forálacha ábhartha a gcomhaontuithe comhlachais faoi seach, déanfar socruithe chun cineál agus modhanna rannpháirtíocht na dtíortha atá comhlachaithe le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen san Ionstraim a shonrú. A luaithe is féidir, tar éis don tír lena mbaineann fógra a thabhairt faoina cinneadh glacadh le hábhar na hionstraime sin agus í a chur chun feidhme ina dlíchóras inmheánach, i gcomhréir leis an gcomhaontú comhlachais ábhartha, cuirfidh an Coimisiún moladh faoi bhráid na Comhairle, maidir le tús a chur leis an gcaibidlíocht faoi na socruithe sin faoi Airteagal 218(3) CFAE. Agus an moladh a fháil, gníomhóidh an Chomhairle gan mhoill chun cinneadh a dhéanamh i ndáil le tús na caibidlíochta sin a údarú. Cuirfear na rannchuidithe airgeadais ó na tíortha sin leis na hacmhainní foriomlána atá ar fáil ón imchlúdach airgeadais dá dtagraítear i mír 1.

    7.   I gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) …/… (+), féadfar suas le 5 % den leithdháileadh tosaigh ar Bhallstát ó aon cheann de na cistí faoin Rialachán sin faoi bhainistíocht roinnte a aistriú chuig an Ionstraim faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach arna iarraidh sin don Bhallstát sin. Déanfaidh an Coimisiún na hacmhainní sin a chur chun feidhme go díreach i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den fhomhír sin. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann.

    Airteagal 8

    Forálacha ginearálta maidir le cur i bhfeidhm na saoráide téamaí

    1.   Déanfar an méid dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 7(3) a leithdháileadh ar bhealach solúbtha trí shaoráid théamach trí úsáid a bhaint as bainistíocht roinnte, dhíreach nó indíreach mar a leagtar amach i gcláir oibre. I bhfianaise chineál inmheánach na hionstraime, fónfaidh an tsaoráid théamach go príomha do bheartas inmheánach an Aontais i gcomhréir leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3(2).

    Bainfear úsáid as cistiú ón tsaoráid théamach maidir lena chomhchodanna, agus is iad na nithe seo a leanas na comhchodanna sin:

    (a)

    gníomhaíochtaí sonracha;

    (b)

    gníomhaíochtaí de chuid an Aontais; agus

    (c)

    cúnamh éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 25.

    As an méid dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 7(3) den Rialachán seo, tabharfar tacaíocht don chúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún, dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2021/… (+).

    2.   Le cistiú ón tsaoráid théamach, tabharfar aghaidh ar thosaíochtaí a bhfuil ardbhreisluach Aontais ag baint leo nó úsáidfear é chun freagairt ar riachtanais phráinneacha, i gcomhréir le tosaíochtaí comhaontaithe an Aontais mar a léirítear in Iarscríbhinn II, lena n-áirítear an gá atá le teorainneacha seachtracha a chosaint agus coireacht trasteorann ag na teorainneacha seachtracha a chosc agus a bhrath, go háirithe smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine, agus inimirce neamhrialta chomh maith le sreabha imirce a bhainistiú go héifeachtach agus tacú leis an gcomhbheartas víosaí.

    Cé is moite de chistiú arna úsáid le haghaidh cúnamh éigeandála i gcomhréir le hAirteagal 25, ní úsáidfear an cistiú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo ach amháin chun tacú leis na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn III.

    3.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhar le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le líonraí ábhartha, go háirithe d’fhonn na cláir oibre do ghníomhaíochtaí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 21 a mhaoinítear faoin Ionstraim a ullmhú agus meastóireacht a dhéanamh orthu.

    4.   Nuair a sholáthraítear cistiú ón tsaoráid théamach faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach do na Ballstáit, áiritheoidh an Coimisiún nach roghnófar tionscadail a bhfuil tionchar orthu ag tuairim réasúnaithe arna tabhairt ag an gCoimisiún i leith imeachtaí um shárú faoi Airteagal 258 CFAE, tionscadail lena gcuirtear in amhras dlíthiúlacht agus rialtacht caiteachais nó feidhmíocht tionscadal.

    5.   Chun críocha Airteagal 23 agus Airteagal 24(2) de Rialachán (AE) …/… (+), i gcás ina gcuirtear cistiú ón tsaoráid théamach chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte, áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann nach ndéanfar difear do ghníomhaíochtaí atá beartaithe le tuairim réasúnaithe arna tabhairt ag an gCoimisiún i leith imeachtaí um shárú faoi Airteagal 258 CFAE lena gcuirtear in amhras dlíthiúlacht agus rialtacht caiteachais nó feidhmíocht na ngíomhaíochtaí agus measúnóidh an Coimisiún cé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar an difear sin.

    6.   Cinnfidh an Coimisiún an méid foriomlán atá le cur ar fáil don tsaoráid théamach faoi leithreasuithe bliantúla bhuiséad an Aontais.

    7.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinntí maoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais a ghlacadh don tsaoráid théamach, lena sainaithneofar na cuspóirí agus na gníomhaíochtaí a mbeidh á dtacú agus lena sonrófar na méideanna do gach ceann de na comhchodanna dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo. Féadfaidh cinntí bliantúla nó ilbhliantúla a bheith sna cinntí maoiniúcháin agus féadfar ceann amháin nó níos mó de chomhchodanna na saoráide téamaí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo a chumhdach leo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 32(3) den Rialachán seo.

    8.   Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar acmhainní a leithdháileadh go cothrom agus go trédhearcach ar na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3(2). Tuairisceoidh an Coimisiún ar úsáid agus ar leithdháileadh na saoráide téamaí idir na comhchodanna dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear an tacaíocht arna soláthar do ghníomhaíochtaí i dtríú tíortha nó i ndáil le tríú tíortha faoi ghníomhaíochtaí an Aontais.

    9.   Tar éis dó cinneadh maoiniúcháin a ghlacadh dá dtagraítear i mír 7, féadfaidh an Coimisiún cláir na mBallstát a leasú dá réir sin.

    ROINN 2

    Tacaíocht agus cur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte

    Airteagal 9

    Raon feidhme

    1.   Tá feidhm ag an roinn seo maidir leis an méid dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 7(3) agus leis na hacmhainní breise atá le cur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte i gcomhréir leis an gcinneadh maoiniúcháin maidir leis an tsaoráid théamach dá dtagraítear in Airteagal 8.

    2.   Déanfar tacaíocht faoin roinn seo a chur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte i gcomhréir le hAirteagal 63 den Rialachán Airgeadais agus Rialachán (AE) …/… (+).

    Airteagal 10

    Acmhainní buiséadacha

    1.   Déanfar an méid dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 7(3) a leithdháileadh ar chláir na mBallstát go táscach mar a leanas:

    (a)

    EUR 3 057 000 000 i gcomhréir le hIarscríbhinn I;

    (b)

    EUR 611 000 000 le haghaidh choigeartú na leithdháiltí ar chláir na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 14(1).

    2.   I gcás nach leithdháilfear go hiomlán an méid dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, féadfar an méid atá fágtha a chur leis an méid dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 7(3).

    Airteagal 11

    Réamh-mhaoiniú

    1.   I gcomhréir le hAirteagal 90(4) de Rialachán AE…/… (+), déanfar an réamh-mhaoiniú don Ionstraim a íoc i dtráthchodanna bliantúla roimh an 1 Iúil gach bliain, faoi réir na gcistí atá ar fáil, mar seo a leanas:

    (a)

    2021: 4 %;

    (b)

    2022: 3 %;

    (c)

    2023: 5 %;

    (d)

    2024: 5 %;

    (e)

    2025: 5 %;

    (f)

    2026: 5 %.

    2.   I gcás ina nglacfar clár Ballstáit tar éis an 1 Iúil 2021, íocfar na tráthchodanna is luaithe i mbliain a ghlactha.

    Airteagal 12

    Rátaí cómhaoinithe

    1.   Ní sháróidh an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais 75 % den chaiteachas incháilithe iomlán le haghaidh tionscadail.

    2.   Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 90 % den chaiteachas incháilithe iomlán le haghaidh tionscadail a chuirfear chun feidhme faoi réir gníomhaíochtaí sonracha.

    3.   Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 90 % den chaiteachas incháilithe iomlán le haghaidh na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV.

    4.   Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán le haghaidh tacaíocht oibriúcháin, lena n-áirítear an Scéim Idirthurais Speisialta dá dtagraítear in Airteagal 17.

    5.   Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán i gcomhréir le hAirteagal 85(2) nó (3) de Rialachán (AE) 2018/1240.

    6.   Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán le haghaidh cúnamh éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 25.

    7.   Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh na mBallstát, laistigh de na teorainneacha a leagtar amach i bpointe (b)(vi) d’Airteagal 36(5) de Rialachán (AE) …/… (+).

    8.   Sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheasfar clár de chuid Ballstáit, socrófar an ráta cómhaoinithe agus uasmhéid na tacaíochta ón Ionstraim le haghaidh na gcineálacha gníomhaíochta a chumhdaítear leis an ranníocaíocht dá dtagraítear i míreanna 1 go 7.

    9.   Leagfar amach sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheasfar clár de chuid Ballstáit le haghaidh gach cineál gníomhaíochta cé acu a chuirfear nó nach gcuirfear i bhfeidhm an ráta cómhaoinithe i leith na nithe seo a leanas:

    (a)

    an ranníocaíocht iomlán, lena n-áirítear an ranníocaíocht phoiblí agus phríobháideach; nó

    (b)

    an ranníocaíocht phoiblí amháin.

    Airteagal 13

    Cláir na mBallstát

    1.   Áiritheoidh gach Ballstát go bhfuil na tosaíochtaí a dtugtar aghaidh orthu ina chlár comhsheasmhach le tosaíochtaí agus dúshláin an Aontais i réimse an bhainistithe teorann agus an bheartais víosaí agus go bhfreagraíonn siad dóibh, agus go bhfuil siad i gcomhréir go hiomlán le acquis ábhartha an Aontais agus le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát a eascraíonn as na hionstraimí idirnáisiúnta a bhfuil siad ina bpáirtithe iontu. Agus tosaíochtaí a gclár á sainaithint acu, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar aghaidh go leordhóthanach ina gcláir ar na bearta cur chun feidhme a liostaítear in Iarscríbhinn II.

    I bhfianaise chineál inmheánach na hIonstraime, le cláir na mBallstát, fónfar go príomha do bheartas inmheánach an Aontais i gcomhréir leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3(2) den Rialachán seo.

    Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chláir na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) …/… (+).

    2.   Laistigh de na hacmhainní arna leithdháileadh in Airteagal 10(1), agus gan dochar do mhír 3 den Airteagal seo, déanfaidh gach Ballstát, laistigh dá chlár, 10 % ar a laghad a leithdháileadh ar an gcuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 3(2).

    3.   Ní fhéadfaidh Ballstát méid níos lú ná an t-íoschéatadán dá dtagraítear i mír 2 a leithdháileadh ach amháin i gcás ina dtabharfaidh sé míniú mionsonraithe ina chlár lena léiriú cén fáth nach gcuirfí baint amach an chuspóra ábhartha i mbaol dá ndéanfaí acmhainní faoi bhun an leibhéil sin a leithdháileadh.

    4.   Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar eolas agus saineolas na ngníomhaireachtaí díláraithe ábhartha, go háirithe an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, eu-LISA agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle (50), a chur san áireamh a mhéid a bhaineann lena réimsí inniúlachta, go luath agus go tráthúil, i bhforbairt chláir na mBallstát.

    5.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta maidir leis na gníomhaíochtaí faoi thacaíocht oibriúcháin chun comhleanúnachas agus comhlántacht ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta Eorpaigh um an nGarda Teorann agus Cósta agus ghníomhaíochtaí na mBallstát a áirithiú i dtaca le bainistiú teorann agus chun maoiniú dúbailte a sheachaint agus cost-éifeachtúlacht a bhaint amach. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le eu-LISA, i gcás inar gá, i dtaobh na ngníomhaíochtaí a áirítear faoi thacaíocht oibriúcháin dá bhfuil saineolas ar leith ag eu-LISA i gcomhréir lena sainordú.

    6.   Féadfaidh an Coimisiún rannpháirt a thabhairt do ghníomhaireachtaí díláraithe ábhartha, i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear iad siúd dá dtagraítear in mír 4, maidir leis na cúraimí faireacháin agus meastóireachta mar a shonraítear i Roinn 5, go háirithe d’fhonn a áirithiú go bhfuil na gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme le tacaíocht ón Ionstraim i gcomhréir le acquis ábhartha an Aontais agus lena thosaíochtaí comhaontaithe.

    7.   Tar éis na moltaí a ghlacadh laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 agus na moltaí a eisiúint faoi chuimsiú chur i gcrích na measúnuithe leochaileachta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1896, scrúdóidh an Ballstát lena mbaineann, i gcomhar leis an gCoimisiún, an cur chuige is iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí sin le tacaíocht na hIonstraime seo.

    8.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb ábhartha, an Gníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a cheadú a bheith rannpháirteach sa phróiseas lena ndéanfar scrúdú ar an gcur chuige is iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí dá dtagraítear i mír 7 le tacaíocht na hIonstraime seo. Sa chomhthéacs sin, féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb ábhartha, leas a bhaint as an saineolas atá ag comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais i leith saincheisteanna sonracha a thagann faoi réimsí a n-inniúlachtaí.

    9.   Agus mír 7 á cur chun feidhme aige, cinnfidh an Ballstát lena mbaineann gur tosaíocht de chuid a chláir a bheidh i gcur chun feidhme beart chun aghaidh a thabhairt ar aon easnaimh atá ann, go háirithe bearta chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh thromchúiseacha agus measúnuithe neamhchomhlíontacha.

    10.   I gcás inar gá, déanfar clár na mBallstát atá i gceist a leasú i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/… (+) chun na moltaí dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo a chur san áireamh.

    11.   I gcomhar agus i gcomhairle leis an gCoimisiún agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcomhréir le réimsí inniúlachtaí na Gníomhaireachta sin, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann acmhainní a ath-leithdháileadh faoina chlár, lena n-áirítear na hacmhainní atá clársceidealaithe do thacaíocht oibriúcháin, agus é d’aidhm aige aghaidh a thabhairt ar na moltaí dá dtagraítear i mír 7 ina bhfuil impleachtaí airgeadais ag baint leis na moltaí sin.

    12.   Nuair a chinnfidh Ballstát tionscadal a chur chun feidhme i gcomhar le tríú tír nó i dtríú tír le tacaíocht na hIonstraime, rachaidh an Ballstát lena mbaineann i gcomhairle leis an gCoimisiún sula bhformheasfar an tionscadal.

    13.   Gach uair a chinneann Ballstát gníomhaíocht a chur chun feidhme i gcomhar le tríú tír, i dtríú tír nó i ndáil le tríú tír le tacaíocht na hIonstraime a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar thrasnuithe teorann neamhúdaraithe agus ar choireacht trasteorann agus le hiad a bhrath, a shainaithint, a rianú, a chosc agus a ghabháil chun an inimirce neamhrialta agus an choireacht trasteorann a bhrath, a chosc agus a chomhrac agus d’fhonn rannchuidiú le himircigh a chosaint agus rannchuidiú le beatha imirceach a shábháil, áiritheoidh an Ballstát sin go gcuirfidh sé fógra chuig an gCoimisiún faoi aon chomhaontú comhair déthaobhach nó iltaobhach leis an tríú tír sin i gcomhréir le hAirteagal 76(3) de Rialachán (AE) 2019/1896.

    14.   Maidir le trealamh, lena n-áirítear modhanna iompair, agus córais TFC, a bhfuil gá leis chun rialú éifeachtach slán ag teorainneacha a dhéanamh, lena n-áirítear le haghaidh oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, agus a ceannaíodh le tacaíocht na hIonstraime seo:

    (a)

    áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar na caighdeáin a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagail 16 agus 64 de Rialachán (AE) 2019/1896 nuair a bheidh na nósanna imeachta ceannaigh á seoladh le haghaidh an trealaimh agus chórais TFC atá le forbairt le tacaíocht ón Ionstraim;

    (b)

    déanfar gach trealamh oibriúcháin mórscála i gcomhair bainistiú teorann, amhail modhanna iompair agus faireachais aeir agus mhuirí a cheannaigh na Ballstáit a chlárú sa chomhthiomsú de threalamh teicniúil de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta d’fhonn an trealamh sin a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 64(9) de Rialachán (AE) 2019/1896;

    (c)

    sa bhreis air sin, féadfar úsáid a bhaint astu sna réimsí comhlántacha seo a leanas: rialú custaim, oibríochtaí muirí de chineál ilchuspóireach agus chun cuspóirí an Chiste Slándála Inmheánaí agus an Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht;

    (d)

    cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas, chun tacú le pleanáil chomhleanúnach maidir le forbairt cumais don Ghníomhaireacht um an nGarda Teorann agus Cósta agus le húsáid fhéideartha soláthair chomhpháirtigh mar chuid den cheanglas tuairiscithe i gcomhréir le hAirteagal 29, maidir leis an bpleanáil ilbhliantúil infhaighte i dtaca leis an trealamh atá beartaithe a cheannach faoin Ionstraim agus tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil chuig an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta.

    Ní bheidh trealamh agus córais TFC dá dtagraítear sa chéad fhomhír incháilithe do chúnamh airgeadais ón Ionstraim ach amháin i gcás ina gcomhlíontar an ceanglas a leagtar amach i bpointe (a) den chéad fhomhír.

    Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír, leanfaidh trealamh agus córais TFC den sórt sin de bheith ar fáil agus in-imscartha le haghaidh gníomhaíochtaí rialaithe teorann atá éifeachtach agus slán. Ní rachaidh úsáid trealaimh sna réimsí dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír thar 30 % de thréimhse iomlán úsáide an trealaimh sin. Le córais TFC arna bhforbairt chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír, cuirfear sonraí agus seirbhísí ar fáil do na córais bainistithe teorainneacha ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas sa tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht maidir le hilúsáid dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír agus maidir leis an áit an imscaratha le haghaidh trealamh ilchuspóireach agus chórais TFC.

    15.   I gcás ina mbeidh gníomhaíochtaí á gcur chun feidhme ag Ballstáit faoin Ionstraim, tabharfaidh siad aird ar leith ar a n-oibleagáidí idirnáisiúnta a bhaineann le hoibríochtaí cuardaigh agus tarrthála ar muir. Féadfar trealamh agus córais TFC dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) den chéad fhomhír de mhír 14 a úsáid le haghaidh oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála i staideanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn oibríochtaí faireachais teorann ar muir.

    16.   Bunófar an oiliúint i réimse an bhainistithe teorann a dhéanfar le tacaíocht na hionstraime seo ar na caighdeáin chomhchoiteanna Eorpacha atá comhchuibhithe, ábhartha agus a bhfuil cáilíocht an oideachais agus na hoiliúna i réimse na ngardaí teorann agus cósta dearbhaithe, go háirithe an lárchuraclam coiteann dá dtagraítear in Airteagal 62(6) de Rialachán (AE) 2019/1896.

    17.   Saothróidh na Ballstáit go háirithe na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV ina gcláir. Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua agus chun cur chun feidhme éifeachtach cistithe a áirithiú, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 chun an liosta de ghníomhaíochtaí atá incháilithe le haghaidh rátaí cómhaoinithe níos airde in Iarscríbhinn IV a leasú.

    18.   Beidh clársceidealú dá dtagraítear in Airteagal 22(5) de Rialachán (AE)…/… (+) bunaithe ar na cineálacha idirghabhála a leagtar amach i dTábla 1 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo agus cuimseofar leis miondealú táscach ar na hacmhainní clársceidealaithe de réir chineál na hidirghabhála laistigh de gach cuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 3(2) den Rialachán seo.

    Airteagal 14

    Athbhreithniú meántéarma

    1.   In 2024, déanfaidh an Coimisiún an méid breise dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 10(1) a leithdháileadh ar chláir na mBallstát lena mbaineann i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 agus i míreanna 2 go 10 d’Iarscríbhinn I. Bunófar an leithdháileadh ar na sonraí staidrimh is déanaí a bheidh ar fáil maidir leis na critéir dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 agus i míreanna 2 go 10 d’Iarscríbhinn I. Beidh an cistiú éifeachtach amhail ón 1 Eanáir 2025.

    2.   I gcás nach gcumhdaítear 10 % ar a laghad de leithdháileadh tosaigh ar chlár dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 10(1) den Rialachán seo trí iarratais ar íocaíocht eatramhach arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 91 de Rialachán (AE) Uimh…/… (+), ní bheidh an Ballstát lena mbaineann incháilithe chun an leithdháileadh breise ar a chlár dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 10(1) den Rialachán seo a fháil.

    3.   Agus na cistí ón tsaoráid théamach dá dtagraítear in Airteagal 8 den Rialachán seo á leithdháileadh amhail ón 1 Eanáir 2025, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit maidir le clocha míle an chreata feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh…./… (+) a bhaint amach agus aon laigí a sainaithníodh maidir leis an gcur chun feidhme.

    Airteagal 15

    Gníomhaíochtaí sonracha

    1.   Féadfaidh Ballstát cistiú a fháil do ghníomhaíochtaí sonracha de bhreis ar a leithdháileadh faoi Airteagal 10(1), ar choinníoll go mbeidh an cistiú sin curtha in iúl ina dhiadh sin ina chlár agus go n-úsáidfear é chun rannchuidiú le cur chun feidhme chuspóirí na hIonstraime seo.

    2.   Ní úsáidfear an cistiú do ghníomhaíochtaí sonracha le haghaidh gníomhaíochtaí eile i gclár an Bhallstáit, ach amháin in imthosca a bhfuil údar cuí leo agus má dhéanann an Coimisiún iad a fhormheas trí leasú ar chlár an Bhallstáit.

    Airteagal 16

    Tacaíocht oibriúcháin

    1.   Féadfaidh Ballstát suas le 33 % den mhéid a leithdháilfear ar a chlár faoin Ionstraim a úsáid chun tacaíocht oibriúcháin a mhaoiniú do na húdaráis phoiblí atá freagrach as na cúraimí agus na seirbhísí a thabhairt chun críche arb ionann iad agus seirbhís phoiblí don Aontas iad.

    2.   Agus úsáid á baint acu as tacaíocht oibriúcháin, comhlíonfaidh Ballstát acquis ábhartha an Aontais.

    3.   Míneoidh Ballstát, ina chlár agus sna tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 29, conas a rannchuideofar, le húsáid na tacaíochta oibriúcháin, le cuspóirí na hIonstraime seo a bhaint amach. Sula bhformheasfaidh sé clár an Bhallstáit, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an staid bhonnlíne sna Ballstáit a bhfuil curtha in iúl acu go bhfuil rún acu úsáid a bhaint as tacaíocht oibriúcháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus, i gcás inarb iomchuí, le eu-LISA faoi raon feidhme réimsí inniúlachtaí na ngníomhaireachtaí sin i gcomhréir le hAirteagal 13(4), agus an fhaisnéis a chuirfidh na Ballstáit sin ar fáil agus, i gcás inarb ábhartha, an fhaisnéis atá ar fáil mar thoradh ar mheastóireachtaí agus mheasúnuithe leochaileachta Schengen, lena n-áirítear na moltaí a thagann as meastóireachtaí agus measúnuithe leochaileachta Schengen, á cur san áireamh aige.

    4.   Gan dochar do phointe (c) d’Airteagal 5(4), díreofar an tacaíocht oibriúcháin ar ghníomhaíochtaí a chumhdaítear le caiteachas mar a leagtar síos in Iarscríbhinn VII.

    5.   Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua agus chun cur chun feidhme éifeachtach cistithe a áirithiú, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 chun Iarscríbhinn VII a leasú i leith caiteachas atá incháilithe le haghaidh tacaíocht oibriúcháin.

    Airteagal 17

    Tacaíocht oibriúcháin don Scéim Idirthurais Speisialta

    1.   Leis an Ionstraim, cuirfear tacaíocht ar fáil chun táillí tarscaoilte ó víosaí arna n-eisiúint chun costais idirthurais agus costais bhreise a tabhaíodh le linn chur chun feidhme na scéime um Idirthuras Éascaithe i gcomhréir le Rialacháin (CE) Uimh. 693/2003 agus (CE) Uimh. 694/2003 a chumhdach.

    2.   Maidir leis na hacmhainní a leithdháilfear ar an Liotuáin faoin Scéim Idirthurais Speisialta i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 7(3), cuirfear ar fáil iad mar thacaíocht oibriúcháin bhreise don Liotuáin, lena n-áirítear le haghaidh infheistíocht i mbonneagair, i gcomhréir leis an gcaiteachas atá incháilithe le haghaidh tacaíocht oibriúcháin laistigh dá chlár, dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII.

    3.   De mhaolú ar Airteagal 16(1), féadfaidh an Liotuáin an méid a leithdháilfear uirthi i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 7(3) a úsáid chun tacaíocht oibriúcháin a mhaoiniú de bhreis ar an méid dá dtagraítear in Airteagal 16(1).

    4.   Déanfaidh an Coimisiún agus an Liotuáin athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an airteagail seo i gcás athruithe a imríonn tionchar ar an Scéim Idirthurais Speisialta a bheith ann nó ar fheidhmiú na Scéime sin.

    5.   Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ón Liotuáin, déanfar athbhreithniú ar na hacmhainní a leithdháilfear faoin Scéim Idirthurais Speisialta i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 7(3), agus déanfar iad a choigeartú i gcás inar gá, sula nglactar clár oibre deiridh na saoráide téamaí dá dtagraítear in Airteagal 8, laistigh de theorainneacha na n-acmhainní buiséadacha dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 7(3), tríd an tsaoráid théamach dá dtagraítear in Airteagal 8.

    Airteagal 18

    Fíoruithe bainistíochta agus iniúchtaí ar thionscadail arna ndéanamh ag eagraíochtaí idirnáisiúnta

    1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le heagraíochtaí idirnáisiúnta nó lena ngníomhaireachtaí dá dtagraítear i bpointe (c)(ii) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais a ndearna an Coimisiún measúnú dearfach ar a gcórais, a rialacha agus a nósanna imeachta de bhun Airteagal 154(4) agus (7) den Rialachán sin chun críche deontais arna maoiniú ó bhuiséad an Aontais a chur chun feidhme go hindíreach (“eagraíochtaí idirnáisiúnta”).

    2.   Gan dochar do phointe (a) den chéad mhír d’Airteagal 83 de Rialachán (AE) …/… (+) ná d’Airteagal 129 den Rialachán Airgeadais, i gcás inar tairbhí an eagraíocht idirnáisiúnta mar a shainmhínítear i bpointe (9) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) …/… (+), ní cheanglófar ar an údarás bainistíochta na fíoruithe bainistíochta dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 74(1) de Rialachán (AE) …/… (+) a dhéanamh ar an gcoinníoll go gcuirfidh an eagraíocht idirnáisiúnta na doiciméid dá dtagraítear i pointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 155(1) den Rialachán Airgeadais faoi bhráid an údaráis bainistíochta.

    3.   Gan dochar do phointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 155(1) den Rialachán Airgeadais, daingneofar leis an dearbhú bainistíochta a bheidh le tíolacadh ag an eagraíocht idirnáisiúnta go gcomhlíontar, leis an tionscadal, an dlí is infheidhme agus na coinníollacha maidir le tacaíocht don tionscadal.

    4.   Ina theannta sin, i gcás ina mbeidh costais le haisíoc de bhun phointe (a) d’Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) …/… (+), daingneofar leis an dearbhú bainistíochta a bheidh le tíolacadh ag an eagraíocht idirnáisiúnta an méid seo a leanas:

    (a)

    rinneadh sonraisc agus an cruthúnas gur íoc an tairbhí iad a fhíorú;

    (b)

    na taifid chuntasaíochta nó na cóid chuntasaíochta arna gcoinneáil ag an tairbhí le haghaidh idirbhearta a bhaineann leis an gcaiteachas a dearbhaíodh leis an údarás bainistíochta, rinneadh iad a fhíorú.

    5.   I gcás ina mbeidh costais le haisíoc de bhun phointe (b), (c) nó (d) d’Airteagal 53(1) …/… (+), daingneofar sa dearbhú bainistíochta a bheidh le tíolacadh ag an eagraíocht idirnáisiúnta gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le caiteachas a aisíoc.

    6.   Cuirfear na doiciméid dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 155(1) den Rialachán Airgeadais ar fáil don údarás bainistíochta mar aon le gach éileamh ar íocaíocht arna thíolacadh ag an tairbhí.

    7.   Cuirfidh an tairbhí na cuntais faoi bhráid an údaráis bainistíochta gach bliain faoin 15 Deireadh Fómhair. Beidh tuairim ó chomhlacht neamhspleách iniúchóireachta ag gabháil leis na cuntais, tuairim a tarraingíodh suas i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta. Suífear leis an tuairim sin cé acu a fheidhmíonn nó nach bhfeidhmíonn na córais rialaithe a cuireadh ar bun mar is ceart, agus atá nó nach bhfuil siad costéifeachtach, agus cé acu atá nó nach bhfuil na bun-idirbhearta dlíthiúil agus rialta. Luafar sa tuairim sin freisin cé acu a chuireann nó nach gcuireann an obair iniúchóireachta in amhras na dearbhuithe a rinneadh sna dearbhuithe bainistíochta atá le tíolaic ag an eagraíocht idirnáisiúnta, lena n-áirítear faisnéis i dtaca le hamhras faoi chalaois. Déanfar leis an tuairim sin a chinntiú gur caiteachas dlíthiúil agus rialta atá sa chaiteachas sin atá san áireamh sna héilimh ar íocaíocht a chuireann an eagraíocht idirnáisiúnta faoi bhráid an údaráis bainistíochta.

    8.   Gan dochar do na féidearthachtaí atá ann cheana chun tuilleadh iniúchtaí a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais, déanfaidh an t-údarás bainistíochta an dearbhú bainistíochta dá dtagraítear i bpointe (f) den chéad fhomhír d’Airteagal 74(1) de Rialachán …/… (+) a tharraingt suas. Déanfaidh an t-údarás bainistíochta an méid sin trí bheith ag brath ar na doiciméid a chuirfidh an eagraíocht idirnáisiúnta ar fáil de bhun mhíreanna 2 go 5 agus 7 den Airteagal seo, seachas a bheith ag brath ar na fíoruithe bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 74(1) den Rialachán sin.

    9.   Áireofar na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo sa doiciméad lena leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht dá dtagraítear in Airteagal 73(3) den Rialachán (AE) …/… (+).

    10.   Ní bheidh feidhm ag mír 2, agus dá bharr sin ceanglófar ar údarás bainistíochta fíoruithe bainistíochta a dhéanamh sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    sainaithníonn an t-údarás bainistíochta sin riosca sonrach neamhrialtachta nó léiriú calaoise i ndáil le tionscadal arna thionscnamh nó arna chur chun feidhme ag an eagraíocht idirnáisiúnta;

    (b)

    teipeann ar an eagraíocht idirnáisiúnta sin na doiciméid dá dtagraítear i míreanna 2 go 5 agus 7 a chur faoi bhráid an údaráis bainistíochta sin; nó

    (c)

    tá na doiciméid dá dtagraítear i míreanna 2 go 5 agus 7 a thíolaic an eagraíocht idirnáisiúnta neamhiomlán.

    11.   I gcás inar cuid de shampla dá dtagraítear in Airteagal 79 de Rialachán (AE) …/… (+) tionscadal inar tairbhí í eagraíocht idirnáisiúnta mar a shainímhínitear i bpointe (9) d’Airteagal 2 den Rialachán sin, féadfaidh an t-údarás iniúchóireachta a chuid oibre a dhéanamh ar bhonn foshampla d’idirbhearta a bhaineann leis an tionscadal sin. I gcás ina n-aimseofar earráidí san fhoshampla, féadfaidh an t-údarás iniúchóireachta, más ábhartha, iarraidh ar iniúchóir na heagraíochta idirnáisiúnta measúnú a dhéanamh ar raon feidhme iomlán agus ar líon iomlán na n-earráidí sa tionscadal sin.

    ROINN 3

    Tacaíocht agus cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach

    Airteagal 19

    Raon feidhme

    Cuirfidh an Coimisiún an tacaíocht faoin Roinn seo chun feidhme go díreach i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den fhomhír sin.

    Airteagal 20

    Eintitis incháilithe

    1.   Tá na heintitis seo a leanas incháilithe do mhaoiniú ón Aontas:

    (a)

    eintitis dhlítheanacha atá bunaithe:

    (i)

    i mBallstát, nó tír nó críoch thar lear atá bainteach leis an mBallstát sin;

    (ii)

    i dtríú tír a liostaítear sa chlár oibre, faoi na coinníollacha a shonraítear i mír 3.

    (b)

    eintitis dhlítheanacha arna gcruthú faoi dhlí an Aontais nó aon eagraíocht idirnáisiúnta is ábhartha chun críocha na hIonstraime.

    2.   Ní bheidh daoine nádúrtha incháilithe do mhaoiniú ón Aontas.

    3.   Eintitis amhail dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) de mhír 1, beidh siad rannpháirteach mar chuid de chuibhreannas atá comhdhéanta de dhá eintiteas neamhspleácha ar a laghad, a bhfuil ceann amháin acu ar a laghad bunaithe i mBallstát.

    Áiritheoidh eintitis atá rannpháirteach mar chuid de chuibhreannas dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo go gcomhlíonfar, leis na gníomhaíochtaí ina mbeidh siad rannpháirteach, na prionsabail a chumhdaítear sa Chairt agus go rannchuideofar leis na gníomhaíochtaí sin le baint amach chuspóirí na hIonstraime.

    Airteagal 21

    Gníomhaíochtaí Aontais

    1.   Ar thionscnamh ón gCoimisiún, féadfar an Ionstraim a úsáid chun maoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí Aontais a bhaineann le cuspóirí na hIonstraime, i gcomhréir le hIarscríbhinn III.

    2.   Féadfar cistiú a sholáthar le gníomhaíochtaí Aontais in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais, duaiseanna agus soláthar.

    3.   Deontais a chuirfear chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach, déanfar iad a dhámhachtain agus a bhainistiú i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

    4   Féadfaidh saineolaithe seachtracha a bheith ina gcomhaltaí den choiste meastóireachta a dhéanfaidh measúnú ar na tograí, dá dtagraítear in Airteagal 150 den Rialachán Airgeadais.

    5.   Trí bhíthin ranníocaíochtaí a dhéantar le sásra árachais fhrithpháirtigh, féadfar an riosca a bhaineann le gnóthú na gcistí atá dlite ag faighteoirí a chumhdach agus measfar gur ráthaíocht leordhóthanach é faoin Rialachán Airgeadais. Beidh feidhm ag Airteagal 37(7) de Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (51).

    Airteagal 22

    Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiúin

    I gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2021/… (+), féadfar, leis an Ionstraim, tacú le cúnamh teicniúil arna chur chun feidhme ar thionscnamh ón gCoimisiún, nó thar a cheann, ag ráta maoinithe 100 %.

    Airteagal 23

    Iniúchtaí

    Iniúchtaí ar úsáid na ranníocaíochta ón Aontas arna ndéanamh ag daoine nó eintitis, lena n-áirítear ag daoine nó eintitis nach bhfuil sainordú acu ó institiúidí, ó chomhlachtaí, ó oifigí nó ó ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais, a bheidh mar bhonn leis an gcinnteacht fhoriomlán de bhun Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais.

    Airteagal 24

    Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

    1.   Tabharfaidh faighteoirí cistithe de chuid an Aontais aitheantas d’fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe de chuid an Aontais, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach, fiúntachagus comhréireach a sholáthar do lucht spéise éagsúil, lena n-áirítear na meáin agus an pobal. Déanfar infheictheacht an chistithe de chuid an Aontais a áirithiú agus déanfar faisnéis den sórt sin a sholáthar, seachas i gcásanna ina mbeidh údar cuí leo nuair nach féidir nó nach iomchuí faisnéis den sórt sin a thaispeáint go poiblí nó i gcás ina mbeidh scaoileadh faisnéise den sórt sin srianta de réir an dlí, go háirithe ar chúiseanna a bhaineann leis an tslándáil, leis an ord poiblí, le himscrúduithe coiriúla nó le cosaint sonraí pearsanta. Chun infheictheacht an chistithe de chuid an Aontais a áirithiú, ba cheart d’fhaighteoirí an chistithe de chuid an Aontais tagairt a dhéanamh d’fhoinse an chistithe sin agus cumarsáid á déanamh acu go poiblí maidir leis an ngníomhaíocht lena mbaineann, agus cuirfidh siad suaitheantas an Aontais ar taispeáint.

    2.   Chun an oiread daoine agus is féidir a chur ar an eolas, déanfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an Ionstraim seo, le gníomhaíochtaí a dhéantar de bhun na hIonstraime agus leis na torthaí a fhaightear a chur chun feidhme.

    Beidh na hachmhainní a leithdháilfear ar an gCiste ina rannchuidiú freisin chun cumarsáid chorparáideach a dhéanamh i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin le na cuspóirí na hIonstraime.

    3.   Foilseoidh an Coimisiún cláir oibre na saoráide téamaí dá dtagraítear in Airteagal 8. Maidir le tacaíocht arna cur ar fáil faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach, foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 38(2) den Rialachán Airgeadais ar shuíomh gréasáin atá ar fáil go poiblí agus déanfaidh sé an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Foilseofar an fhaisnéis sin i bhformáid oscailte atá meaisín-inléite ionas gur féidir na sonraí a shórtáil, a chuardach, a asbhaint agus a chur i gcomparáid le chéile.

    ROINN 4

    Tacaíocht agus cur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte, dhíreach nó indíreach

    Airteagal 25

    Cúnamh éigeandála

    1.   Leis an gCiste, soláthrófar cúnamh airgeadais chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha agus shonracha i staideanna éigeandála a bhfuil údar cuí leo.

    Mar fhreagairt ar an staid éigeandála den sórt sin a bhfuil údar cuí léi, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh cúnamh éigeandála a sholáthar laistigh de theorainneacha na n-acmhainní atá ar fáil.

    2.   Féadfaidh cúnamh éigeandála a bheith i bhfoirm deontais a dhámhfar go díreach ar ghníomhaireachtaí díláraithe.

    3.   Féadfar cúnamh éigeandála a leithdháileadh ar chláir na mBallstát de bhreis ar a leithdháileadh faoi Airteagal 10(1), ar choinníoll go mbeidh sé curtha in iúl amhlaidh ina dhiaidh sin i gcláir na mBallstát. Ní úsáidfear an cistiú sin le haghaidh gníomhaíochtaí eile i gclár na mBallstát ach amháin in imthosca a bhfuil údar cuí leo agus má dhéanann an Coimisiún iad a fhormheas trí bhíthin leasú ar chlár an Bhallstáit. Féadfaidh suas le 95 % den ranníocaíocht ón Aontas a bheith sa réamh-mhaoiniú le haghaidh cúnamh éigeandála, ach cistí a bheith ar fáil.

    4.   Deontais a chuirfear chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach, déanfar iad a dhámhachtain agus a bhainistiú i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

    5.   I gcás inar gá chun gníomhaíocht a chur chun feidhme, féadfar a chumhdach le cúnamh éigeandála caiteachas arna thabhú roimh an dáta a thíolacfar an t-iarratas ar dheontas nó an iarraidh ar chúnamh don ghníomhaíocht sin, ar choinníoll nár tabhaíodh an caiteachas sin roimh an 1 Eanáir 2021.

    6.   Soláthrófar cúnamh éigeandála ar bhealach atá go hiomlán comhsheasmhach le acquis ábhartha an Aontais agus le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát a eascraíonn as na hionstraimí idirnáisiúnta a bhfuil siad ina bpáirtithe iontu.

    7.   Ar mhórfhorais phráinne a bhfuil údar cuí leo agus chun a áirithiú go mbeidh acmhainní ar fáil go tráthúil le haghaidh cúnamh éigeandála, féadfaidh an Coimisiún cinneadh maoiniúcháin, dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais, a ghlacadh ar leithligh le haghaidh cúnamh éigeandála trí bhíthin gníomh cur chun feidhme atá infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 32(4). Fanfaidh gníomh den sórt sin i bhfeidhm ar feadh tréimhse nach faide ná 18 mí.

    Airteagal 26

    Maoiniú carnach agus maoiniú malartach

    1.   Gníomhaíocht ar tugadh ranníocaíocht di faoin gCiste, féadfar ranníocaíocht a thabhairt di freisin ó chlár eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear Cistí faoi bhainistíocht roinnte, ar choinníoll nach gcumhdaítear na costais chéanna leis na ranníocaíochtaí. Beidh feidhm ag rialacha chlár ábhartha an Aontais maidir leis an ranníocaíocht chomhfhreagrach leis an ngníomhaíocht. Ní rachaidh an maoiniú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta. Féadfar an tacaíocht ó na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha tacaíochta.

    2.   I gcomhréir le Airteagal 73(4) de Rialachán (AE) 2021/… (+), féadfaidh Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa nó Ciste Sóisialta na hEorpa Plus tacú le gníomhaíochtaí ar dámhadh lipéad Séala Barr Feabhais mar a shainmhínítear i bpointe (45) d’Airteagal 2 den Rialachán sin. Ionas go ndéanfar lipéad Séala Barr Feabhais a dhámhachtain orthu, comhlíonfar na gníomhaíochtaí na coinníollacha carnacha seo a leanas leis na gníomhaíochtaí:

    (a)

    rinneadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoin Ionstraim;

    (b)

    comhlíontar leo na ceanglais íosta cháilíochta a bhaineann leis an nglao sin ar thograí; agus

    (c)

    ní féidir iad a mhaoiniú faoin nglao sin ar thograí i ngeall ar shrianta buiséadacha,

    ROINN 5

    Faireachán, tuairisciú agus meastóireacht

    Foroinn 1

    Forálacha comhchoiteanna

    Airteagal 27

    Faireachán agus tuairisciú

    1.   I gcomhréir leis na ceanglais tuairiscithe atá ar an gCoimisiún de bhun phointe (h)(iii) den chéad fhomhír d’Airteagal 41(3) den Rialachán Airgeadais, cuirfidh an Coimisiún faisnéis faoi fheidhmíocht faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle trí úsáid a bhaint as na príomhtháscairí feidhmíochta a liostaítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo.

    2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 chun Iarscríbhinn V a leasú chun na coigeartuithe riachtanacha a dhéanamh ar na príomhtháscairí feidhmíochta a liostaítear san Iarscríbhinn sin.

    3.   Leagtar amach in Iarscríbhinn VIII táscairí aschuir agus toraidh a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn na hIonstraime maidir le baint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3(2). Maidir le táscairí aschuir, socrófar na bonnlínte ag nialas. Spriocanna carnacha a bheidh sna clocha míle a shocraítear do 2024 agus sna spriocanna a shocraítear do 2029.

    4.   Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil freisin ar úsáid na saoráide téamaí dá dtagraítear in Airteagal 8 chun tacú le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha nó i ndáil le tríú tíortha agus sciar den tsaoráid théamach a úsáidtear chun tacú le gníomhaíochtaí den sórt sin.

    5.   Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar thorthaí an chláir, go mbaileofar iad go héifeachtúil, go héifeachtach agus ar bhealach tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí chistí an Aontais agus, i gcás inarb iomchuí, ar na Ballstáit.

    6.   Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar dhul chun cinn na hIonstraime i dtreo bhaint amach a cuspóirí, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 31, chun Iarscríbhinn VIII a leasú chun na táscairí a athbhreithniú nó a chomhlánú i gcás ina measfar gur gá, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú, lena n-áirítear maidir le faisnéis tionscadail a bheidh le cur ar fáil ag na Ballstáit. Ní bheidh feidhm ag aon leasú ar Iarscríbhinn VIII ach maidir le tionscadail a roghnófar tar éis theacht i bhfeidhm an leasaithe sin.

    Airteagal 28

    Meastóireacht

    1.   Faoin 31 Nollaig 2024, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht mheántéarma ar an Rialachán seo. De bhreis ar an méid dá bhforáiltear in Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) …/… (+), déanfar measúnú sa mheastóireacht mheántéarma ar na nithe seo a leanas:

    (a)

    éifeachtacht na hIonstraime, lena n-áirítear an dul chun cinn a bheidh déanta i dtreo bhaint amach a cuspóirí, agus an fhaisnéis ábhartha uile atá ar fáil cheana á cur san áireamh, go háirithe na tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 29 agus na táscairí aschuir agus toraidh a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII;

    (b)

    éifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní arna leithdháileadh ar an ionstraim agus éifeachtúlacht na mbeart bainistíochta agus rialaithe arna gcur i bhfeidhm chun í a chur chun feidhme;

    (c)

    ábharthacht agus oiriúnacht leanúnach na mbeart cur chun feidhme a liostaítear in Iarscríbhinn II;

    (d)

    an comhordú, an comhleanúnachas agus an chomhlántacht idir na gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh faoin Ionstraim agus an tacaíocht a sholáthraítear le cistí eile de chuid an Aontais;

    (e)

    breisluach Aontais na ngníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme faoin Ionstraim.

    Cuirfear san áireamh sa mheastóireacht mheántéarma sin torthaí na meastóireachta cúlghabhálaí ar éifeachtaí na hIonstraime maidir le tacaíocht airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, do thréimhse 2014-2020.

    2.   De bhreis ar an méid dá bhforáiltear in Airteagal 45(2) de Rialachán (AE) …/… (+), áireofar sa mheastóireacht chúlghabhálach na heilimintí a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo. Thairis sin, déanfar meastóireacht ar thionchair na hIonstraime.

    3.   Déanfar an mheastóireacht mheántéarma agus an mheastóireacht chúlghabhálach ar bhealach tráthúil chun rannchuidiú leis an bpróiseas cinnteoireachta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, leis an athbhreithniú ar an Rialachán seo.

    4.   Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh faisnéis sna meastóireachtaí meántéarma agus chúlghabhálacha ar fáil go poiblí, seachas i gcásanna ina bhfuil údar cuí leo, ina bhfuil srian ar an bhfaisnéis sin a scaoileadh de réir an dlí, go háirithe ar chúiseanna a bhaineann le feidhmiú nó slándáil na dteorainneacha seachtracha mar chuid den bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip, den tslándáil, ord poiblí, imscrúduithe coiriúla nó cosaint sonraí pearsanta.

    5.   Tabharfaidh an Coimisiún, sa mheastóireacht mheántéarma agus sa mheastóireacht chúlghabhálach uaidh, aird ar leith ar an meastóireacht ar ghníomhaíochtaí a chuirfidh tríú tíortha chun feidhme, a chuirfear chun feidhme iontu, nó a chuirfear chun feidhme i dtaca leo, i gcomhréir le hAirteagal 5 agus le hAirteagal 12(12) agus (13).

    Foroinn 2

    Rialacha maidir le bainistíocht roinnte

    Airteagal 29

    Tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht

    1.   Faoin 15 Feabhra 2023 agus faoin 15 Feabhra gach bliain ina dhiaidh sin go 2031 agus an bhliain sin san áireamh, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht faoi bhráid an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 41(7) de Rialachán(AE) …/… (+).

    Leis an tréimhse thuairiscithe, cumhdófar an bhliain chuntasaíochta deiridh, mar a shainmhínítear i bpointe 29 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE)…/… (+), roimh an mbliain a thíolacfar an tuarascáil. Leis an tuarascáil a thíolacfar faoin 15 Feabhra 2023, cumhdófar an tréimhse ón 1 Eanáir 2021.

    2.   Leagfar amach sna tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht, go háirithe, faisnéis maidir leis na nithe a leanas:

    (a)

    an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme chlár an Bhallstáit agus maidir le clocha míle agus spriocanna a leagtar amach ann a bhaint amach, agus na sonraí is déanaí mar a cheanglaítear faoi Airteagal 42 de Rialachán (AE) …/… (+) á gcur san áireamh;

    (b)

    aon saincheisteanna a dhéanann difear d’fheidhmíocht chlár an Bhallstáit agus an ghníomhaíocht arna déanamh chun aghaidh a thabhairt orthu, lena n-áirítear faisnéis maidir le haon tuairim réasúnaithe arna heisiúint ag an gCoimisiún i leith imeachtaí um shárú faoi Airteagal 258 CFAE a bhaineann le cur chun feidhme na hIonstraime;

    (c)

    an chomhlántacht idir na gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh faoin Ionstraim agus an tacaíocht a chuirtear ar fáil ó chistí eile de chuid an Aontais, go háirithe na gníomhaíochtaí sin a dhéantar i dtríú tíortha nó i ndáil le tríú tíortha;

    (d)

    rannchuidiú chlár na mBallstát le cur chun feidhme acquis agus pleananna gníomhaíochta ábhartha an Aontais;

    (e)

    cur chun feidhme gníomhaíochtaí cumarsáide agus infheictheachta;

    (f)

    comhlíonadh na gcoinníollacha cumasúcháin is infheidhme agus cur i bhfeidhm na gcoinníollacha sin i rith na clárthréimhse, go háirithe coinníollacha cumasúcháin a bhaineann le comhlíonadh na gceart bunúsach;

    (g)

    leibhéal an chaiteachais i gcomhréir le hAirteagal 85(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2018/1240 atá san áireamh sna cuntais de bhun Airteagal 98 de Rialachán (AE) …/… (+).

    (h)

    cur chun feidhme tionscadal i dtríú tír nó i dtaca le tríú tír.

    Áireofar sa tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht achoimre lena gcumhdófar na pointí ar fad a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo. Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar na hachoimrí a chuireann na Ballstáit ar fáil a aistriú go gach teanga oifigiúil de chuid an Aontais agus go gcuirfear ar fáil go poiblí iad.

    3.   Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a chur in iúl maidir leis na tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht laistigh de 2 mhí ón dáta a fhaigheann sé na tuarascálacha sin. I gcás nach gcuirfidh an Coimisiún barúlacha in iúl faoin spriocdháta sin, measfar gur glacadh leis an tuarascáil.

    4.   Ar a shuíomh gréasáin, cuirfidh an Coimisiún na naisc chuig na suíomhanna gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 49(1) de Rialachán (AE) …/… (+).

    5.   Déanfaidh an Coimisiún, chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Airteagal seo a chur chun feidhme, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar an teimpléad don tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 32(2).

    Airteagal 30

    Faireachán agus tuairisciú faoi bhainistíocht roinnte

    1.   Le faireachán agus tuairisciú i gcomhréir le Teideal IV de Rialachán (AE) …/… (+) úsáidfear, mar is iomchuí, na cóid maidir leis na cineálacha idirghabhála a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo. Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua agus chun cur chun feidhme éifeachtach an chistithe a áirithiú, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 chun Iarscríbhinn VI a leasú.

    2.   Úsáidfear na táscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 16(1), agus Airteagail 22 agus 42 de Rialachán (AE) …/… (+).

    CAIBIDIL III

    FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 31

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 5(1), Airteagal 13(17), Airteagal 16(5), Airteagal 27(2) agus (6) agus Airteagal 30(1) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2027.

    3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachtaí dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagail 5(1), Airteagal 13(17), Airteagal 16(5), Airteagal 27(2) agus (6) agus d’Airteagal 30(1) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

    4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

    5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

    6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun na dara fomhíre d’Airteagail 5(1), Airteagal 13(17), Airteagal 16(5), Airteagal 27(2) agus (6) nó Airteagal 30(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    Airteagal 32

    Nós imeachta coiste

    1.   Déanfaidh coiste (“an Coiste um Chistí Gnóthaí Baile”) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    I gcás nach dtabharfaidh an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    4.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.

    Airteagal 33

    Forálacha idirthréimhseacha

    1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas de na gníomhaíochtaí sin, ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí sin, arna dtionscnamh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 515/2014, a leanfaidh d’fheidhm a bheith aige maidir leis na gníomhaíochtaí sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

    2.   Speansais an chúnaimh theicniúil agus riaracháin is gá chun an t-aistriú idir an Ionstraim agus na bearta a glacadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 a áirithiú, féadfar na speansais sin a chumhdach leis an imchlúdach airgeadais don Ionstraim.

    3.   I gcomhréir le pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, agus é á chur san áireamh go mbeidh moill ar theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus chun leanúnachas a áirithiú, féadfar a mheas, ar feadh tréimhse theoranta, go mbeidh na costais arna dtabhú i ndáil le gníomhaíochtaí faoi bhainistíocht dhíreach arna dtacú faoin Rialachán seo agus ar cuireadh tús leo cheana, incháilithe don mhaoiniú amhail ón 1 Eanáir 2021, fiú má tabhaíodh na costais seo iad sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas nó an iarraidh ar chúnamh.

    4.   Féadfaidh na Ballstáit tar éis an 1 Eanáir 2021 de bheith ag tacú le tionscadal a roghnaíodh agus a tosaíodh faoi Rialachán (AE) Uimh. 515/2014, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leanas:

    (a)

    tá dhá chéim ag an tionscadal is féidir a shainaithint ó thaobh airgeadais de le rianta iniúchta ar leith;

    (b)

    is mó ná EUR 2 500 000 costas iomlán an tionscadail;

    (c)

    áireofar íocaíochtaí a dhéanfaidh an t-údarás freagrach le tairbhithe don chéad chéim den tionscadal sna hiarrataí ar íocaíocht chuig an gCoimisiún faoi Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 agus áireofar caiteachas don dara céim den tionscadal in iarratais ar íocaíocht faoi Rialachán (AE) …/… (+);

    (d)

    leis an dara céim den tionscadal, comhlíonfar an dlí is infheidhme agus tá sí incháilithe le haghaidh tacaíocht ón Ionstraim faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) …/… (+);

    (e)

    geallfaidh an Ballstát go dtabharfaidh sé an tionscadal chun críche, féachfaidh sé chuige go mbeidh sé oibríochtúil agus déanfaidh sé é a thuairisciú sa tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht arna tíolacadh faoin 15 Feabhra 2024.

    Beidh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo agus ag forálacha Rialachán (AE) …/… (+) maidir leis an dara céim de thionscadal dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

    Ní bheidh feidhm ag an mír seo ach amháin maidir le tionscadail a roghnaíodh faoi bhainistíocht roinnte de bhun Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

    Airteagal 34

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

    Arna dhéanamh i/in/sa,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán


    (1)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 184.

    (2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 (IO C 23, 21.1.2021, lch. 406) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 14 Meitheamh 2021. Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an … (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (3)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).

    (4)  Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac agus do bhainistíocht géarchéime agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/125/CGB ón gComhairle (IO L 150, 20.5.2014, lch. 93).

    (5)  Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 574/2007/CE (IO L 150, 20.5.2014, lch. 143).

    (6)  Rialachán (AE) 2021/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an… lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim (IO L …, …, lch. …).

    (+)  Rialachán atá i ndoiciméid ST 7234/21 (2018/0258 (COD).

    (7)  Rialachán (AE) 2021/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an… lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lanpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosa (IO…).

    (++)  Rialachán atá i ndoiciméid ST 6674/21 (2018/0258 (COD).

    (8)  Cinneadh Uimh. 574/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 lena mbunaítear an Ciste um Theorainneacha Seachtracha don tréimhse 2007 go 2013 mar chuid den chlár Ginearálta um Dhlúthpháirtíocht agus um Bainistiú Sreabha Imirce” (IO L 144, 6.6.2007, lch. 22).

    (9)  Rialachán (AE) Uimh. 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 99).

    (10)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 11 Bealtaine 2016, maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

    (11)  Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Bhallstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).

    (12)  Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).

    (13)  Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85).

    (14)  Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lch. 20).

    (15)  Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).

    (16)  Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlamaint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le bunú “Eurodac” chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (CE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát agus maidir le hiarrataí ó údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha forghníomhaithe dlí, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach le haghaidh bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (IO L 180, 29.6.2013, lch. 1).

    (17)  Rialachán (AE) 2018/1860 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le húsáid Córas Faisnéise Schengen chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 312, 7.12.2018, lch. 1).

    (18)  Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 (IO L 312, 7.12.2018, lch. 14).

    (19)  Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlamaint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lch. 56).

    (20)  Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (ECRIS-TCN) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla a fhorlíonadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 1).

    (21)  Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n-aisghairtear Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear Buanchoiste um measúnú agus cur chun feidhme Schengen (IO L 295, 6.11.2013, lch. 27).

    (22)  Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlamaint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).

    (23)  Rialachán (CE) Uimh. 693/2003 ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 lena mbunaítear Doiciméad Idirthurais Éascaithe (FTD) sonrach, Doiciméad Idirthurais Iarnróid Éascaithe (FRTD) agus lena leasaítear na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha agus an Lámhleabhar Coiteann (IO L 99, 17.4.2003, lch. 8).

    (24)  Rialachán (CE) Uimh. 694/2003 ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 maidir le formáidí aonfhoirmeacha le haghaidh Doiciméid Idirthurais Éascaithe (FTD) agus Doiciméid Idirthurais Iarnróid Éascaithe (FRTD) dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 693/2003 (IO L 99, 17.4.2003, lch. 15).

    (25)  Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (IO L…).

    (+)  Rialachán atá i ndoiciméid ST 6486/21 (2018/0248 (COD).

    (26)  Rialachán(CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (IO L 208, 5.8.2002, lch. 1).

    (27)  Rialachán (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (IO L 83, 25.3.2019, lch. 18).

    (28)  Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … lena mbunaítear Ciste Slándála Inmheánaí (IO …).

    (+)  Rialachán atá i ndoiciméad ST 6488/21 (2018/0250 (COD).

    (++)  Rialachán atá i ndoiciméad ST 6486/21 (2018/0248 (COD)).

    (+)  Rialachán atá i ndoiciméid ST 6674/21 (2018/0196(COD).

    (29)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.

    (30)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 443 I, 22.12.2020, lch. 11).

    (31)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

    (+)  Rialachán atá i ndoiciméid ST 6674/21 (2018/0196 (COD)).

    (32)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

    (33)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

    (34)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

    (35)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh ("OIPE") (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

    (36)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

    (37)  Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).

    (38)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

    (39)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

    (40)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

    (41)  Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na forálacha ginearálta maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime (IO L 150, 20.5.2014, lch. 112).

    (+)  Rialachán atá i ndoiciméid ST 6674/21 (2018/0196(COD)).

    (42)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

    (43)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

    (44)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

    (45)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

    (46)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

    (47)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

    (48)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

    (49)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

    (+)  Rialachán atá i ndoiciméid ST 7234/21 (2018/0258 (COD)).

    (+)  Rialachán atá i ndoiciméid ST 6674/21 (2018/0196(COD)).

    (+)  Rialachán atá i ndoiciméad ST 6674/21 (2018/0196 (COD)).

    (+)  Rialachán atá i ndoiciméid ST 6674/21 (2018/0196(COD)).

    (50)  Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle an 15 Feabhra 2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (IO L 53, 22.2.2007, lch. 1).

    (+)  Rialachán atá i ndoiciméad ST 6674/21 (2018/0196(COD)).

    (+)  Rialachán atá i ndoiciméid ST 6674/21 (2018/0196(COD)).

    (+)  Rialachán atá i ndoiciméid ST 6674/21 (2018/0196(COD)).

    (+)  Rialachán atá i ndoiciméid ST 6674/21 (2018/0196 (COD)).

    (51)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

    (+)  Rialachán atá i ndoiciméid ST 6674/21 (2018/0196(COD)).

    (+)  Rialachán atá i ndoiciméid ST 6674/21 (2018/0196(COD)).

    (+)  Rialachán atá i ndoiciméid ST 6674/21 (2018/0196(COD)).

    (+)  Rialachán atá i ndoiciméid ST 6674/21 (2018/0196 (COD)).

    (+)  Rialachán atá i ndoiciméid ST 6674/21 (2018/0196(COD)).

    (+)  Rialachán atá i ndoiciméid ST 6674/21 (2018/0196(COD)).


    IARSCRÍBHINN I

    CRITÉIR MAIDIR LE LEITHDHÁILEADH CISTITHE AR CHLÁIR NA MBALLSTÁT

    1.

    Déanfar na hacmhainní buiséadacha atá ar fail faoi Airteagal 10 a roinnt ar na Ballstáit mar a leanas:

    (a)

    gheobhaidh gach Ballstát méid seasta EUR 8 000 000 i bpraghsanna reatha ón Ionstraim ag tús na clárthréimhse amháin, cé is moite den Chipir, de Mhálta agus den Ghréig a gheobhaidh méid seasta EUR 28 000 000 i bpraghsanna reatha;

    (b)

    méid EUR 200 568 000 don Scéim Idirthurais Speisialta dá dtagraítear in Airteagal 17 a leithdháilfear ar an Liotuáin ag tús na clárthréimhse amháin; agus

    (c)

    leithdháilfear na hacmhainní buiséadacha atá fágtha dá dtagraítear in Airteagal 10 bunaithe ar na critéir seo a leanas:

    (i)

    30 % i gcomhair teorainneacha seachtracha talún;

    (ii)

    35 % i gcomhair teorainneacha seachtracha muirí;

    (iii)

    20 % i gcomhair aerfort;

    (iv)

    15 % i gcomhair oifigí consalacha.

    2.

    Déanfar na hacmhainní buiséadacha atá ar fáil faoi phointe (c)(i) agus (ii) de mhír 1 maidir le teorainneacha seachtracha talún agus teorainneacha seachtracha muirí a roinnt ar na Ballstáit mar a leanas:

    (a)

    70 % i gcomhair fad ualaithe a dteorainneacha seachtracha talún agus a dteorainneacha seachtracha muirí. agus

    (b)

    30 % don ualach oibre ag a dteorainneacha seachtracha talún agus a dteorainneacha seachtracha muirí, mar a chinnfear i gcomhréir le pointe (a) de mhír 6.

    Déanfar an fad ualaithe dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo a shuíomh trí fhachtóirí ualaithe dá dtagraítear i mír 10 a chur i bhfeidhm i gcás gach cuid shonrach den teorainn sheachtrach.

    3.

    Déanfar na hacmhainní buiséadacha atá ar fáil faoi phointe (c)(iii) de mhír 1 maidir le haerfoirt a roinnt ar na Ballstáit i gcomhréir leis an ualach oibre atá ag a n-aerfoirt, mar a chinnfear i gcomhréir le pointe (b) de mhír 6.

    4.

    Déanfar na hacmhainní buiséadacha atá ar fáil faoi phointe (c)(iv) de mhír 1 maidir le hoifigí consalacha a roinnt ar na Ballstáit mar a leanas:

    (a)

    50 % do líon oifigí consalacha na mBallstát, gan consalachtaí oinigh a áireamh, sna tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus

    (b)

    50 % don ualach oibre a bhaineann le beartas víosaí a bhainistiú ag oifigí consalacha na mBallstát sna tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1806, mar a chinnfear i gcomhréir le pointe (c) de mhír 6 den Iarscríbhinn seo.

    5.

    Chun críche acmhainní faoi phointe (c)(ii) de mhír 1 den Iarscríbhinn seo a leithdháileadh, ciallóidh “teorainneacha seachtracha muirí” teorainn sheachtrach na farraige is teorann do na Ballstáit mar a shainítear i gcomhréir le hAirteagail 4 go 16 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige. Mar sin féin, cuirfear san áireamh, leis an sainmhíniú ar “theorainneacha seachtracha muirí”, cásanna ina ndearnadh oibríochtaí fadtréimhseacha ar bhonn rialta lasmuigh de theorainn sheachtrach na farraige is teorann do na Ballstáit i limistéir ina bhfuil bagairt ard chun inimirce neamhdhlíthiúil nó teacht isteach neamhdhleathach a chosc. Ar an gcaoi sin, déanfar an sainmhíniú ar “theorainneacha seachtracha muirí” a chinneadh trí na sonraí oibríochtúla a chuir na Ballstáit lena mbaineann ar fáil le dhá bhliain anuas agus a ndearna an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a mheas chun críocha na tuarascála dá dtagraítear i mír 9 den Iarscríbhinn seo, a chur san áireamh. Bainfear úsáid go heisiach as an sainmhíniú sin chun críocha an Rialacháin seo.

    6.

    Chun críocha an leithdháilte tosaigh den chistiúchán, beidh an measúnú ar an ualach oibre bunaithe ar na meánfhigiúirí is déanaí atá ar fáil lena gcumhdaítear na blianta 2017, 2018 agus 2019. Chun críocha an athbhreithnithe meántéarma, bunófar an measúnú ar an ualach oibre ar na meánfhigiúirí is déanaí atá ar fáil lena gcumhdaítear na blianta 2021, 2022 agus 2023. Beidh an measúnú ar an ualach oibre bunaithe ar na fachtóirí seo a leanas:

    (a)

    ag teorainneacha seachtracha talún agus teorainneacha seachtracha muirí:

    (i)

    70 % do líon trasnuithe na dteorainneacha seachtracha ag pointí trasnaithe teorann;

    (ii)

    30 % don líon náisiúnach tríú tír a ndiúltaítear cead isteach dóibh ag na teorainneacha seachtracha;

    (b)

    ag aerfoirt:

    (i)

    70 % do líon trasnuithe na dteorainneacha seachtracha ag pointí trasnaithe teorann údaraithe;

    (ii)

    30 % don líon náisiúnach tríú tír a ndiúltaítear cead isteach dóibh ag na teorainneacha seachtracha;

    (c)

    ag oifigí consalacha:

    (i)

    líon na n-iarratas ar víosa le haghaidh gearrfhanachtaí nó idirthurais aerfoirt.

    7.

    Déanfar na figiúirí tagartha don líon oifigí consalacha dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 4 a ríomh ar bhonn na faisnéise ar tugadh fógra don Choimisiún fúithi i gcomhréir le hAirteagal 40(4) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

    I gcás nach gcuirfidh na Ballstáit na staitisticí lena mbaineann ar fáil, bainfear úsáid as na sonraí is déanaí atá ar fáil i leith na mBallstát sin. I gcás nach mbeidh aon sonraí ar fáil i leith Ballstáit, is é nialas an figiúr tagartha a bheidh ann.

    8.

    Is é a bheidh sna figiúirí tagartha don ualach oibre dá dtagraítear:

    (a)

    i bpointí (a)(i) agus (b)(i) de mhír 6, beidh na staitisticí is déanaí a sholáthróidh na Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais;

    (b)

    i bpointe (a)(ii) agus (b)(ii) de mhír 6 na staitisticí is déanaí a bheidh curtha ar fáil ag an gCoimisiún (Eurostat) ar bhonn na sonraí a sholáthróidh na Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais;

    (c)

    i bpointe (c) de mhír 6 na staitisticí is déanaí dá dtagraítear in Airteagal 46 de Rialachán Uimh. 810/2009.

    I gcás nach gcuirfidh na Ballstáit na staitisticí lena mbaineann ar fáil, bainfear úsáid as na sonraí is déanaí atá ar fáil i leith na mBallstát sin. I gcás nach mbeidh aon sonraí ar fáil i leith Ballstáit, is é nialas an figiúr tagartha a bheidh ann.

    9.

    Soláthróidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta tuarascáil don Choimisiún ar acmhainní atá miondealaithe de réir teorainneacha seachtracha talún, teorainneacha seachtracha muirí agus aerfoirt, dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1. Féadfar codanna den tuarascáil sin a aicmiú i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 92 de Rialachán (AE) 2019/1896. Tar éis di dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, cuirfidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta leagan neamhaicmithe den tuarascáil ar fáil go poiblí.

    10.

    Chun críocha an leithdháilte tosaigh, déanfar a shainaithint leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 9 den Iarscríbhinn seo an meánleibhéal tionchair i gcás gach cuid den teorainn bunaithe ar na meánfhigiúirí is déanaí lena gcumhdaítear na blianta 2017, 2018 agus 2019. Chun críocha an athbhreithnithe meántéarma, déanfar a shainaithint leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 9 den Iarscríbhinn seo an meánleibhéal tionchair i gcás gach cuid den teorainn bunaithe ar na meánfhigiúirí is déanaí lena gcumhdaítear na blianta 2021, 2022 agus 2023. Cinnfear léi na fachtóirí ualaithe sonracha seo a leanas in aghaidh na coda trí na leibhéil tionchair a cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 34(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2019/1896 a chur i bhfeidhm:

    (a)

    fachtóir 1 maidir le leibhéal tionchair íseal;

    (b)

    fachtóir 3 maidir le meánleibhéal tionchair;

    (c)

    fachtóir 5 maidir le leibhéal tionchair ard agus criticiúil.


    (1)  Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin, (IO L 303, 28.11.2018, lch. 39).

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN II

    BEARTA CUR CHUN FEIDHME

    1.

    Leis an Ionstraim, rannchuideofar leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 3(2) trí dhíriú ar na bearta cur chun feidhme seo a leanas:

    (a)

    feabhas a chur ar an rialú teorann i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2019/1896 trí:

    (i)

    treisiú a dhéanamh ar na hacmhainneachtaí chun seiceálacha agus faireachas a dhéanamh ag na teorainneacha seachtracha, lena n-áirítear bearta chun trasnuithe dlisteanacha ag teorainneacha a éascú agus, i gcás inarb iomchuí bearta a bhaineann leis na hábhair seo a leanas:

    coireacht trasteorann ag na teorainneacha seachtracha, go háirithe smuigleáil imirceach, gáinneáil ar dhaoine agus an sceimhlitheoireacht, a chosc agus a bhrath;

    leibhéil imirce atá ard go leanúnach a bhainistiú ag teorainneacha seachtracha, lena n-áirítear trí threisiú teicniúil agus, oibríochtúil agus trí shásraí agus nósanna imeachta chun daoine leochaileacha agus mionaoisigh neamhthionlactha a shainaithint, agus chun daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a shainaithint nó ar mian leo iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta, faisnéis a chur ar fáil do na daoine sin, agus na daoine sin a tharchur;

    (ii)

    bearta oibríochtúla agus teicniúla a chur chun feidhme i limistéar Schengen a bhfuil baint acu le rialú teorann agus, san am céanna, saorghluaiseacht daoine laistigh den Aontas a choimirciú;

    (iii)

    anailís a dhéanamh ar na rioscaí atá ann don tslándáil inmheánach agus anailís ar aon bhagairtí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fheidhmiú nó do shlándáil na dteorainneacha seachtracha;

    (b)

    forbairt a dhéanamh ar an gGarda Teorann agus Cósta Eorpach trí thacaíocht a sholáthar do na húdaráis náisiúnta atá freagrach as bainistiú teorainneacha bearta a dhéanamh a bhaineann le forbairt cumais agus fothú acmhainneachtaí comhchoiteanna, soláthar comhpháirteach a dhéanamh, caighdeáin chomhcoiteanna a bhunú, agus aon bhearta eile chun an comhar agus an comhordú idir na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a chuíchóiriú;

    (c)

    comhar idirghníomhaireachta a fheabhsú ar an leibhéal náisiúnta i measc na n-údarás náisiúnta atá freagrach as rialú teorann nó as cúraimí eile a dhéantar ag na teorainneacha, agus comhar a fheabhsú ar leibhéal an Aontais idir na Ballstáit, nó idir na Ballstáit, ar thaobh amháin, agus comhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais nó tríú tíortha, ar an taobh eile;

    (d)

    cur i bhfeidhm acquis an Aontais maidir le teorainneacha seachtracha a áirithiú, lena n-áirítear trí chur chun feidhme moltaí ó shásraí rialaithe cáilíochta amhail sásra meastóireachta Schengen i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013, measúnuithe leochaileachta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1896 agus sásraí rialaithe cáilíochta náisiúnta;

    (e)

    córais mhórscála TF a bhunú, a oibriú agus a chothabháil de bhun dhlí an Aontais i réimse an bhainistithe teorainneacha, go háirithe SIS, ETIAS, an EES, agus Eurodac chun críocha bainistithe teorainneacha, lena n-áirítear idir-inoibritheacht na gcóras mórscála TF sin agus a mbonneagar cumarsáide, agus gníomhaíochtaí chun cur le cáilíocht sonraí agus soláthar faisnéise;

    (f)

    acmhainneacht a mhéadú chun cúnamh a thabhairt do dhaoine atá i gcruachás ar muir agus tacú le hoibríochtaí cuardaigh agus tarrthála i gcásanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn oibríocht faireachais teorann ar muir;

    (g)

    tacú le hoibríochtaí cuardaigh agus tarrthála i gcomhthéacs faireachas teorann a dhéanamh ar muir.

    2.

    Leis an Ionstraim, rannchuideofar leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 3(2) trí dhíriú ar na bearta cur chun feidhme seo a leanas:

    (a)

    seirbhísí éifeachtúla soláimhsithe a sholáthar d’iarratasóirí ar víosa agus, ag an am céanna, slándáil agus sláine an chur chuige maidir le víosaí a chothabháil, agus dínit an duine agus sláine an iarratasóra agus sealbhóirí víosa a urramú go hiomlán i gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

    (b)

    tacú leis na Ballstáit i dtaca le víosaí a eisiúint, lena n-áirítear víosaí le bailíocht chríochach theoranta, dá dtagraítear in Airteagal 25 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, a eisítear ar chúiseanna daonchairdiúla, ar chúiseanna leasa náisiúnta, nó de bharr oibleagáidí idirnáisiúnta;

    (c)

    cur i bhfeidhm aonfhoirmeach acquis an Aontais maidir le víosaí a áirithiú, lena n-áirítear forbairt bhreise agus nuachóiriú an chomhbheartais maidir le víosaí;

    (d)

    foirmeacha difriúla comhair idir na Ballstáit a fhorbairt i dtaca le próiseáil víosaí;

    (e)

    córais mhórscála TF a bhunú, a oibriú agus a chothabháil de bhun dhlí an Aontais i réimse an bhainistithe teorainneacha, go háirithe VIS, lena n-áirítear idir-inoibritheacht chórais mhórscála TF sin agus a mbonneagar cumarsáide, agus gníomhaíochtaí chun cur le cáilíocht sonraí agus soláthar faisnéise.


    IARSCRÍBHINN III

    RAON FEIDHME NA TACAÍOCHTA

    1.

    Faoin gcuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 3(2), tabharfar tacaíocht, leis an Ionstraim, go háirithe do na nithe seo a leanas:

    (a)

    bonneagar, foirgnimh agus córais agus seirbhísí atá ag teastáil ag pointí trasnaithe teorann agus le haghaidh faireachas teorann idir pointí trasnaithe teorann;

    (b)

    trealamh oibriúcháin, lena n-áirítear modhanna iompair agus córais TFC is gá le haghaidh rialú teorann éifeachtach slán ag pointí trasnaithe teorann agus le haghaidh faireachas ar theorainneacha, i gcomhréir leis na caighdeáin arna mbunú ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, i gcás inarb ann do na caighdeáin sin;

    (c)

    oiliúint i réimse an bhainistithe chomhtháite teorainneacha san Eoraip nó cuidiú lena fhorbairt, agus riachtanais oibríochtúla agus anailís riosca á gcur san áireamh, lena n-áirítear dúshláin arna sainaithint sna moltaí dá dtagraítear in Airteagal 13(7), agus i gcomhréir iomlán le cearta bunúsacha;

    (d)

    oifigigh idirchaidrimh inimirce a imscaradh go comhpháirteach chuig thríú tíortha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus gardaí teorann agus saineolaithe ábhartha eile a thabhairt ar iasacht do na Ballstáit nó ó Bhallstát do thríú tír, an comhar idir líonraí saineolaithe nó oifigigh idirchaidrimh agus a n-acmhainneacht oibríochtúil a threisiú, agus dea-chleachtais a mhalartú agus dlús a chur le hacmhainn líonraí Eorpacha beartais an Aontais a mheasúnú, a chur chun cinn agus a fhorbairt agus tacaíocht a thabhairt dóibh;

    (e)

    dea-chleachtais agus saineolas, staidéir, treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ábhartha eile a mhalartú arb aidhm dóibh an bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a chur chun feidhme nó a fhorbairt, lena n-áirítear bearta arb aidhm dóibh an Garda Teorann agus Cósta Eorpach a fhorbairt, amhail acmhainneachtaí comhchoiteanna a fhothú, soláthar comhpháirteach a dhéanamh, caighdeáin chomhcoiteanna a bhunú agus aon bhearta eile chun an comhar agus an comhordú idir na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a chuíchóiriú, agus bearta a bhaineann le tarchur daoine leochaileacha a bhfuil cúnamh de dhíth orthu agus daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, nó ar mian leo iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta;

    (f)

    gníomhaíochtaí lena ndéantar forbairt ar mhodhanna nuálacha nó teicneolaíochtaí nua a d’fhéadfaí a aistriú go Ballstáit eile a imscaradh, go háirithe trí thorthaí tionscadal taighde slándála a imscaradh, i gcás ina gcinnfidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, ag gníomhú dó faoi Airteagal 66 de Rialachán (AE) 2019/1896, go rannchuidíonn an t-imscaradh sin le cumas oibríochtúil an Gharda Eorpaigh Teorann agus Cósta a fhorbairt;

    (g)

    gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, riaracháin agus teicniúla, atá riachtanach chun na beartais um theorainneacha seachtracha a chur chun feidhme, lena n-áirítear rialachas limistéar Schengen a neartú trí fhorbairt agus cur chun feidhme a dhéanamh ar an sásra meastóireachta, arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 chun cur i bhfeidhm acquis Schengen agus Rialachán (AE) 2016/399 a fhíorú, lena n-áirítear caiteachas misean do shaineolaithe de chuid an Choimisiúin agus na mBallstát atá rannpháirteach i gcuairteanna ar láithreáin agus bearta chun moltaí a eisíodh de thoradh measúnuithe íogaireachta a rinne an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1896;

    (h)

    gníomhaíochtaí chun cur le cáilíocht sonraí arna stóráil i gcórais TFC agus chun feabhas a chur ar fheidhmiú na gceart atá ag ábhar sonraí chun faisnéis a fháil, chun a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta a rochtain, a cheartú agus a scriosadh agus chun srian a chur le próiseáil na sonraí sin;

    (i)

    sainaithint, méarlorgaireacht, clárú, seiceálacha slándála, faisnéisiú, soláthar faisnéise, scagthástáil liachta agus íogaireachta agus, i gcás inar gá, cúram leighis agus náisiúnaithe ó thríú tíortha a tharchur chuig an nós imeachta iomchuí ag na teorainneacha seachtracha;

    (j)

    gníomhaíochtaí arb aidhm dóibh cur le feasacht maidir le beartais teorainneacha seachtracha i measc geallsealbhóirí agus an phobail i gcoitinne, lena n-áirítear cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais;

    (k)

    na huirlisí, modhanna agus táscairí staidrimh lena n-urramaítear prionsabal an neamh-idirdhealaithe a fhorbairt;

    (l)

    tacaíocht oibriúcháin le haghaidh bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip.

    2.

    Faoin gcuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 3(2) tabharfar tacaíocht, leis an Ionstraim, do na nithe seo a leanas go háirithe:

    (a)

    bonneagar agus foirgnimh atá ag teastáil chun iarratais ar víosa a phróiseáil agus don chomhar consalach, lena n-áirítear bearta slándála, chomh maith le gníomhaíochtaí eile atá dírithe ar fheabhas a chur ar cháilíocht na seirbhíse d’iarratasóirí ar víosa;

    (b)

    trealamh oibriúcháin agus córais TFC atá ag teastáil chun iarratais ar víosaí a phróiseáil agus comhar consalach;

    (c)

    oiliúint a chur ar bhaill foirne consalaí agus foirne eile lena rannchuidítear leis an gcomhbheartas víosaí agus leis an gcomhar consalach;

    (d)

    dea-chleachtais agus saineolaithe a mhalartú, lena n-áirítear saineolaithe a thabhairt ar iasacht, mar aon le dlús a chur le hacmhainneacht líonraí Eorpacha beartais agus cuspóirí an Aontais a mheasúnú, a chur chun cinn agus tacú leo, agus iad a fhorbairt tuilleadh;

    (e)

    staidéir, treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ábhartha eile, amhail gníomhaíochtaí arb aidhm dóibh eolas a fheabhsú trí bhíthin anailísí, faireacháin agus meastóireachta;

    (f)

    gníomhaíochtaí lena ndéantar forbairt ar mhodhanna nuálacha nó teicneolaíochtaí nua a d’fhéadfaí a aistriú go Ballstáit eile a imscaradh, go háirithe tionscadail arb aidhm dóibh torthaí tionscadal taighde slándála atá cistithe ag an Aontas a thástáil agus a bhailíochtú;

    (g)

    gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, riaracháin agus teicniúla, lena n-áirítear rialachas limistéar Schengen a neartú trí fhorbairt agus cur chun feidhme a dhéanamh ar an sásra meastóireachta arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú, lena n-áirítear caiteachas misean do shaineolaithe de chuid an Choimisiúin agus na mBallstát atá rannpháirteach i gcuairteanna ar láithreáin;

    (h)

    gníomhaíochtaí chun feasacht a mhúscailt i measc geallsealbhóirí agus an phobail i gcoitinne maidir le beartais víosaí, lena n-áirítear cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais;

    (i)

    uirlisí, modhanna agus táscairí staidrimh a fhorbairt, lena n-urramaítear prionsabal an neamh-idirdhealaithe;

    (j)

    tacaíocht oibriúcháin chun an comhbheartas víosaí a chur chun feidhme;

    (k)

    tacú leis na Ballstáit i dtaca le víosaí a eisiúint, lena n-áirítear víosaí le bailíocht chríochach theoranta, dá dtagraítear in Airteagal 25 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, a eisítear ar chúiseanna daonchairdiúla, ar chúiseanna leasa náisiúnta, nó de bharr oibleagáidí idirnáisiúnta.

    3.

    Faoin gcuspóir beartais a leagtar amach in Airteagal 3(1), leis an Ionstraim, tacófar leis na nithe seo a leanas go háirithe:

    (a)

    bonneagair agus foirgnimh atá ag teastáil chun córais mhórscála TF agus comhchodanna bonneagair cumarsáide atá bainteach leo a óstáil;

    (b)

    trealamh agus córais chumarsáide atá ag teastáil chun dea-fheidhmiú córas mórscála TF a áirithiú;

    (c)

    gníomhaíochtaí oiliúna agus cumarsáide i dtaca le córais mhórscála TF;

    (d)

    córais mhórscála TF a fhorbairt agus a uasghrádú;

    (e)

    staidéir, treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ábhartha eile a bhaineann le córais mhórscála TF lena n-áirítear a n-idir-inoibritheacht a chur chun feidhme;

    (f)

    gníomhaíochtaí lena ndéantar forbairt ar mhodhanna nuálacha nó teicneolaíochtaí nua a d’fhéadfaí a aistriú go Ballstáit eile a imscaradh, go háirithe tionscadail arb aidhm dóibh torthaí tionscadal taighde slándála atá cistithe ag an Aontas a thástáil agus a bhailíochtú;

    (g)

    na huirlisí, modhanna agus táscairí staidrimh a fhorbairt do chórais mhórscála TF i réimse an bheartais víosaí agus teorainneacha, lena n-uarramaítear prionsabal an neamh-idirdhealaithe á urramú;

    (h)

    gníomhaíochtaí chun cur le cáilíocht sonraí arna stóráil i gcórais TFC agus chun feabhas a chur ar fheidhmiú na gceart atá ag ábhair sonraí chun faisnéis a fháil, a shonraí nó a sonraí pearsanta a rochtain, a cheartú nó a scriosadh, agus chun srian a chur le próiseáil na sonraí sin;

    (i)

    tacaíocht oibriúcháin chun córais mhórscála TF a chur chun feidhme.


    (1)  Rialachán (AE) 2019/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le líonra Eorpach oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú (IO L 198, 25.7.2019, lch. 88).


    IARSCRÍBHINN IV

    GNÍOMHAÍOCHTAÍ ATÁ INCHÁILITHE LE HAGHAIDH RÁTAÍ CÓMHAOINITHE NÍOS AIRDE I GCOMHRÉIR LE HAIRTEAGAL 12(3) AGUS AIRTEAGAL 13(17)

    (1)

    Trealamh oibriúcháin a cheannach trí bhíthin scéimeanna comhpháirteacha soláthair i gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, a bheidh le cur ar fáil don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta le haghaidh a gníomhaíochtaí oibríochtúla i gcomhréir le hAirteagal 64(14) de Rialachán (AE) 2019/1896;

    (2)

    Bearta lena dtacaítear le comhar idirghníomhaireachta idir Ballstát agus tríú tír comharsanachta a bhfuil comhtheorainn talún nó mhuirí ag an Aontas léi;

    (3)

    Forbairt a dhéanamh ar an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta trí thacaíocht a sholáthar do na húdaráis náisiúnta atá freagrach as bainistiú teorainneacha bearta a dhéanamh a bhaineann le forbairt acmhainneachta agus acmhainneachtaí comhchoiteanna a fhothú, soláthar comhpháirteach a dhéanamh, caighdeáin chomhcoiteanna a bhunú, agus aon bhearta eile chun an comhar agus an comhordú idir na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a chuíchóiriú, mar a shonraítear i bpointe (b) de mhír 1 d’Iarscríbhinn II;

    (4)

    Oifigigh idirchaidrimh dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a imscaradh go comhpháirteach;

    (5)

    Bearta faoi chuimsiú an rialaithe teorann lena ndéantar íospartaigh na gáinneála ar dhaoine a shainaithint ar bhealach níos fearr agus tacú leo láithreach, chomh maith le sásraí tarchuir leordhóthanacha a fhorbairt agus tacú leo i gcás na spriocghrúpaí sin, agus bearta faoi chuimsiú an rialaithe teorann lena ndéantar comhar trasteorann a fheabhsú maidir le lucht gáinneála a bhrath;

    (6)

    Forbairt a dhéanamh ar chórais chomhtháite chun leanaí a chosaint ag na teorainneacha seachtracha, lena n-áirítear trí oiliúint leordhóthanach a chur ar fhoirne agus trí mhalartú dea-chleachtas i measc na mBallstát agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta;

    (7)

    Bearta lena ndéanfar modheolaíochtaí nó teicneolaíochtaí nua a imscaradh, a aistriú, a thástáil agus a bhailíochtú, lena n-áirítear treoirthionscadail agus bearta leantacha ar thionscadail taighde atá cistithe ag an Aontas, dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, agus bearta chun cur le cáilíocht na sonraí atá stóráilte i gcórais TFC i réimse an bheartais víosaí agus na dteorainneacha, agus chun feabhas a chur ar fheidhmiú na gceart atá ag ábhar sonraí chun faisnéis a fháil, a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta a rochtain, a cheartú nó a scriosadh, agus chun srian a chur le próiseáil na sonraí sin, i gcomhthéacs gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme na hIonstraime seo;

    (8)

    Bearta lena spriocdhírítear ar dhaoine leochaileacha a shainaithint agus ar tharchur chuig na seirbhísí cosanta agus ar chúnamh a thabhairt dóibh;

    (9)

    Bearta lena ndéanfar limistéir ina mbeidh teophointí a bhunú agus a bhainistiú sna Ballstáit a bhfuil brú díréireach imirce orthu nó a d’fhéadfadh a bheith orthu;

    (10)

    Tuilleadh forbartha a dhéanamh ar fhoirmeacha comhair difriúla idir na Ballstáit i dtaca le próiseáil víosaí, mar a shonraítear i bpointe (d) de mhír 2 d’Iarscríbhinn II;

    (11)

    Láithreacht chonsalach nó ionadaíocht na mBallstát a mhéadú i dtríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith acu agus iad ag trasnú na teorainneacha eachtracha de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/1806, go háirithe i dtriú tíortha nach bhfuil láithreacht ag aon Bhallstát iontu faoi láthair;

    (12)

    Bearta darb aidhm idir-inoibritheacht chórais TFC a fheabhsú.


    IARSCRÍBHINN V

    CROÍTHÁSCAIRÍ FEIDHMÍOCHTA DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 27(1)

    Cuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 3(2):

    1.

    An líon ítimí trealaimh atá cláraithe sa chomhthiomsú de threalamh teicniúil den Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta;

    2.

    An líon ítimí trealaimh a chuirtear ar fáil don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta;

    3.

    Líon na gcineálacha comhair idir na húdaráis náisiúnta agus lárionaid comhordúcháin náisiúnta EUROSUR a tionscnaíodh / a feabhsaíodh;

    4.

    Líon na dtrasnuithe teorann trí chórais rialaithe uathoibrithe teorann agus trí ríomhgheataí;

    5.

    Líon na moltaí de thoradh mheastóireachtaí Schengen agus de thoradh measúnuithe leochaileachta i réimse an bhainistithe teorainneacha ar tugadh aghaidh orthu;

    6.

    Líon na rannpháirtithe a thuairiscíonn 3 mhí tar éis na gníomhaíochta oiliúna go bhfuil siad ag baint úsáid as na scileanna agus na hinniúlachtaí a sealbhaíodh le linn na gníomhaíochta oiliúna;

    7.

    Líon na ndaoine a bhfuil iarratas déanta acu ar chosaint idirnáisiúnta ag pointí trasnaithe teorann;

    8.

    Líon na ndaoine ar dhiúltaigh na húdaráis teorann cead isteach dóibh;

    Cuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 3(2)

    1.

    Líon na gconsalachtaí nua / uasghrádaithe lasmuigh de limistéar Schengen:

    1.1

    díobh sin, líon na gconsalachtaí ar a ndearnadh uasghrádú chun cur le soláimhsitheacht d’iarratasóirí ar víosa;

    2.

    Líon na moltaí de thoradh mheastóireachtaí Schengen i réimse an chomhbheartais víosaí ar tugadh aghaidh orthu;

    3.

    Líon na n-iarratas ar víosa trí mhodhanna digiteacha;

    4.

    Líon na gcineálacha comhair a tionscnaíodh / a feabhsaíodh ina ndearnadh comhar a bhunú i measc na mBallstát i dtaca le próiseáil víosaí;

    5.

    Líon na rannpháirtithe a thuairiscíonn 3 mhí tar éis gníomhaíochta oiliúna go bhfuil siad ag baint úsáid as na scileanna agus na hinniúlachtaí a sealbhaíodh le linn na gníomhaíochta oiliúna sin.

    IARSCRÍBHINN VI

    CINEÁLACHA IDIRGHABHÁLA

    TÁBLA 1: CÓID DO DHIMINSEAN AN RÉIMSE IDIRGHABHÁLA

    I.

    Bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip

    001

    Seiceálacha teorann

    002

    Faireachas teorann – trealamh aeir

    003

    Faireachas teorann – trealamh talún

    004

    Faireachas teorann – trealamh muirí

    005

    Faireachas teorann – córais faireachais teorann uathoibríocha

    006

    Faireachas teorann – bearta eile

    007

    Bearta oibríochtúla agus teicniúla i limistéar Schengen a bhfuil baint acu le rialú teorann

    008

    Comhfheasacht staide agus malartú faisnéise

    009

    Anailís riosca

    010

    Sonraí agus faisnéis a phróiseáil

    011

    Teophointí

    012

    Bearta a bhaineann le daoine leochaileacha a shainaithint agus a tharchur

    013

    Bearta a bhaineann le daoine a shainaithint agus a tharchur, a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, nó ar mian leo iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta

    014

    An Garda Eorpach Teorann agus Cósta a fhorbairt

    015

    Comhar idirghníomhaireachta – ar an leibhéal náisiúnta

    016

    Comhar idirghníomhaireachta – ar leibhéal an Aontais

    017

    Comhar idirghníomhaireachta – le tríú tíortha

    018

    Oifigigh idirchaidrimh a imscaradh go comhpháirteach

    019

    Córais mhórscála TF – Eurodac chun críoch bainistithe teorainneacha

    020

    Córais mhórscála TF – Córais dul Isteach/Imeachta (EES)

    021

    Córais mhórscála TF – an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) – eile

    022

    Córais mhórscála TF – an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) – – Airteagal 85(2) de Rialachán (AE) 2018/1240

    023

    Córais TF ar mhórscála – an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) – Airteagal 85(3) de Rialachán (AE) 2018/1240

    024

    Córais mhórscála TF – Córas Faisnéise Schengen (SIS)

    025

    Córais mhórscála TF – Idir-inoibritheacht

    026

    Tacaíocht oibriúcháin – bainistiú comhtháite teorainneacha

    027

    Tacaíocht oibriúcháin – córais mhórscála TF chun críoch bainistithe teorainneacha

    028

    Tacaíocht oibriúcháin – Scéim Idirthurais Speisialta

    029

    Cáilíocht sonraí agus an ceart atá ag ábhair sonraí chun faisnéis a fháil agus chun a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta a rochtain, a cheartú agus a scriosadh agus chun srian a chur le próiseáil na sonraí sin

    II.

    Comhbheartas víosaí

    001

    Feabhas a chur ar phróiseáil iarratas ar víosa

    002

    Feabhas a chur ar éifeachtúlacht, ar sholáimhsitheacht na seirbhíse don chliant agus ar an tslándáil ag na consalachtaí

    003

    Slándáil doiciméad / comhairleoirí doiciméad

    004

    Comhar consalachta

    005

    Cumhdach consalachta

    006

    Córais mhórscála TF – Córas Faisnéise Víosaí (VIS)

    007

    Córais eile TFC chun iarratais ar víosaí a phróiseáil

    008

    Tacaíocht oibriúcháin – an Comhbheartas Víosaí

    009

    Tacaíocht oibriúcháin – córais mhórscála TF chun iarratais ar víosaí a bhainistiú

    010

    Tacaíocht oibriúcháin – Scéim Idirthurais Speisialta

    011

    Víosaí ag a bhfuil bailíocht chríochach theoranta a eisiúint

    012

    Cáilíocht sonraí agus an ceart atá ag ábhair sonraí chun faisnéis a fháil agus chun a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta a rochtain, a cheartú agus a scriosadh agus chun srian a chur le próiseáil na sonraí sin

    III.

    Cúnamh teicniúil

    001

    Faisnéis agus cumarsáid

    002

    Ullmhú, cur chun feidhme, faireachán agus rialú

    003

    Meastóireacht agus staidéir, bailiú sonraí

    004

    Forbairt acmhainneachta


    TÁBLA 2: CÓID DO CHINEÁL AN DIMINSIN GNÍOMHAÍOCHTA

    001

    Bonneagar agus foirgnimh

    002

    Modhanna iompair

    003

    Trealamh oibriúcháin eile

    004

    Córais chumarsáide

    005

    Córais TF

    006

    Oiliúint

    007

    Malartú dea-chleachtas – idir na Ballstáit

    008

    Malartú dea-chleachtas – le tríú tíortha

    009

    Saineolaithe a imscaradh

    010

    Staidéir, cruthúnais choincheapa, treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí comhchosúla

    011

    Gníomhaíochtaí cumarsáide

    012

    Uirlisí, modhanna agus táscairí staidrimh a fhorbairt

    013

    Tionscadal taighde nó obair leantach eile a imscaradh


    TÁBLA 3: CÓID DO DHIMINSEAN AN CHUR CHUN FEIDHME

    001

    Gníomhaíochtaí a chuimsítear le hAirteagal 12(1)

    002

    Gníomhaíochtaí sonracha

    003

    Gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV

    004

    Tacaíocht oibriúcháin

    005

    Gníomhaíochtaí a chuimsítear le hAirteagal 12(5)

    006

    Cúnamh éigeandála


    TÁBLA 4: CÓID DO DHIMINSEAN NA DTEAMAÍ SONRACHA

    001

    Comhar le tríú tíortha

    002

    Gníomhaíochtaí i dtríú tíortha nó maidir le tríú tíortha

    003

    Moltaí de thoradh mheastóireachtaí Schengen a chur chun feidhme

    004

    Moltaí de thoradh measúnuithe leochaileachta a chur chun feidhme

    005

    Gníomhaíochtaí ag tacú le forbairt agus oibriú EUROSUR

    006

    Ní ceachtar díobh seo thuas


    IARSCRÍBHINN VII

    CAITEACHAS ATÁ INCHÁILITHE LE HAGHAIDH TACAÍOCHT OIBRIÚCHÁIN

    (a)

    Faoin gcuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 3(2), cumhdófar le tacaíocht oibriúcháin na costais seo a leanas a mhéid nach bhfuil siad á gcumhdach ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcomhthéacs a gníomhaíochtaí oibríochtúla:

    (1)

    costais foirne, lena n-áirítear le haghaidh oiliúna;

    (2)

    trealamh agus bonneagar a chothabháil agus a dheisiú;

    (3)

    costais seirbhíse faoi raon feidhme an Rialacháin seo;

    (4)

    costais reatha le haghaidh oibríochtaí;

    (5)

    costais a bhaineann le réadmhaoin, lena n-áirítear costais a bhaineann le cíos agus bonneagar.

    Féadfaidh Ballstát is óstach de réir bhrí phointe (20) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/1896 úsáid a bhaint as tacaíocht oibriúcháin chun críocha na gcostas reatha a ghlanadh, a thabhaíonn sé de thoradh a rannpháirtíochta féin sna gníomhaíochtaí oibríochtúla dá dtagraítear sa phointe sin agus a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, nó chun críocha a ghníomhaíochtaí rialaithe teorann náisiúnta.

    (b)

    Faoin gcuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 3(2), cumhdófar leis an tacaíocht oibriúcháin:

    (1)

    costais foirne, lena n-áirítear le haghaidh oiliúna;

    (2)

    costais seirbhíse;

    (3)

    trealamh agus bonneagar a chothabháil agus a dheisiú;

    (4)

    costais a bhaineann le réadmhaoin, lena n-áirítear costais a bhaineann le cíos agus bonneagar.

    (c)

    Faoin gcuspóir beartais a leagtar amach in Airteagal 3(1), cumhdófar leis an tacaíocht oibriúcháin do chórais mhórscála TF:

    (1)

    costais foirne, lena n-áirítear le haghaidh oiliúna;

    (2)

    bainistiú agus cothabháil oibríochtúil ar chórais mhórscála TF agus a mbonneagair chumarsáide, lena n-áirítear idir-inoibritheacht na gcóras sin agus an cíos ar áitreabh daingnithe.

    (d)

    I dteannta leis na costais a liostaítear i bpointe (a), (b) agus (c) den Iarscríbhinn seo a chumhdach, cuirfear tacaíocht ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 17(1) trí thacaíocht oibriúcháin laistigh de chlár na Liotuáine.


    IARSCRÍBHINN VIII

    TÁSCAIRÍ ASCHUIR AGUS TORTHAÍ DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 27(3)

    Cuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 3(2)

    Táscairí aschuir

    1.

    Líon na n-ítimí trealaimh a ceannaíodh do phointí trasnaithe teorann;

    1.1

    díobh sin, líon na gcóras rialaithe uathoibrithe teorann / córais féinfhreastail / ríomhgheataí a ceannaíodh;

    2.

    Líon na n-ítimí bonneagair atá á chothabháil / á dheisiú;

    3.

    Líon na dteophointí atá á thacú;

    4.

    Líon na saoráidí do phointí trasnaithe teorann a tógadh nó a uasghrádaíodh;

    5.

    Líon na n-aerfheithiclí a ceannaíodh;

    5.1

    díobh sin, líon na n-aerfheithiclí gan foireann a ceannaíodh;

    6.

    Líon na modhanna iompair mhuirí a ceannaíodh;

    7.

    Líon na modhanna iompair talún a ceannaíodh;

    8.

    Líon na rannpháirtithe a fuair tacaíocht;

    8.1

    díobh sin, líon na rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí oiliúna;

    9.

    Líon na na n-oifigeach idirchaidrimh inimirce a imscaradh chuig tríú tíortha;

    10.

    Líon na bhfeidhmiúlachtaí TF a forbraíodh / a ndearnadh cothabháil orthu / a uasghrádaíodh;

    11.

    Líon na gcóras mórscála TF a forbraíodh / a ndearnadh cothabháil orthu / a uasghrádaíodh;

    11.1

    díobh sin, líon na gcóras mórscála TF a forbraíodh;

    12.

    Líon na dtionscadal comhair le tríú tíortha;

    13.

    Líon na ndaoine a bhfuil iarratas déanta acu ar chosaint idirnáisiúnta ag pointí trasnaithe teorann.

    Táscairí toraidh

    14.

    Líon na n-ítimí trealaimh atá cláraithe sa chomhthiomsú de threalamh teicniúil den Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta;

    15.

    Líon na n-ítimítrealaimh a chuirtear ar fáil don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta;

    16.

    Líon na gcineálacha comhair idir na húdaráis náisiúnta agus lárionaid comhordúcháin náisiúnta EUROSUR (NCC) a tionscnaíodh / a feabhsaíodh;

    17.

    Líon na dtrasnuithe teorann trí chórais rialaithe uathoibrithe teorann agus ríomhgheataí;

    18.

    Líon na moltaí de thoradh mheastóireachtaí Schengen agus de thoradh measúnuithe leochaileachta i réimse an bhainistithe teorainneacha ar tugadh aghaidh orthu;

    19.

    Líon na rannpháirtithe a thuairiscíonn 3 mhí tar éis na gníomhaíochta oiliúna go bhfuil siad ag baint úsáid as na scileanna agus na hinniúlachtaí a sealbhaíodh le linn na gníomhaíochta oiliúna;

    20.

    Líon na ndaoine ar dhiúltaigh na húdaráis teorann cead isteach dóibh;

    Cuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 3(2)

    Táscairí aschuir

    1.

    Líon na dtionscadal a thacaíonn le próiseáil víosaí a dhigiteáil;

    2.

    Líon na rannpháirtithe a fuair tacaíocht;

    2.1

    díobh sin, líon na rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí oiliúna;

    3.

    Líon na foirne a imscaradh chuig consalachtaí i dtríú tíortha;

    3.1

    díobh sin, an líon foirne a imscaradh chun próiseáil víosaí a dhéanamh;

    4.

    Líon na bhfeidhmiúlachtaí TF a forbraíodh / a ndearnadh cothabháil orthu / a uasghrádaíodh;

    5.

    Líon na gcóras mórscála TF a forbraíodh / a ndearnadh cothabháil orthu / a uasghrádaíodh;

    5.1

    díobh sin, líon na gcóras mórscála TF a forbraíodh;

    6.

    Líon na n-ítimí bhonneagair atá á chothabháil / á dheisiú;

    7.

    Líon na réadmhaoine ar cíos / dímheasta;

    Táscairí toraidh

    8.

    Líon na gconsalachtaí nua / uasghrádaithe lasmuigh de limistéar Schengen:

    8.1

    díobh sin, líon na gconsalachtaí a ndearnadh uasghrádú orthu chun cur le soláimhsitheacht d’iarratasóirí ar víosa;

    9.

    Líon na moltaí de thoradh mheastóireachtaí Schengen i réimse an chomhbheartais víosaí ar tugadh aghaidh orthu;

    10.

    Líon na n-iarratas ar víosa trí mhodhanna digiteacha;

    11.

    Líon na gcineálacha comhair a tionscnaíodh / a feabhsaíodh ina ndearnadh comhar a bhunú i measc na mBallstát i dtaca le próiseáil víosaí;

    12.

    Líon na rannpháirtithe a thuairiscíonn 3 mhí tar éis na gníomhaíochta oiliúna go bhfuil siad ag baint úsáid as na scileanna agus na hinniúlachtaí a sealbhaíodh le linn na gníomhaíochta oiliúna.


    Top