Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021AG0019(02)

    Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 19/2021 ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár “Fiscalis” chun comhar a dhéanamh i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013

    IO C 198, 26.5.2021, p. 18–19 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    26.5.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    18


    Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 19/2021 ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár “Fiscalis” chun comhar a dhéanamh i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013

    I.   RÉAMHRÁ

    1.

    An 8 Meitheamh 2018, chuir an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár “Fiscalis” chun comhar a dhéanamh i réimse an chánachais (1) (“an Clár”) atá bunaithe ar Airteagail 114 agus 197 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Is cuid í an togra seo de na tograí earnála lena gcomhlánaítear pacáiste na dtograí cothrománacha maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (“CAI”).

    2.

    Thug Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a thuairim uaidh an 17 Deireadh Fómhair 2018 (2). I bParlaimint na hEorpa, rinneadh vótáil ar an tuarascáil sa Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (ECON) an 4 Nollaig 2018 agus dearbhaíodh í sa seisiún iomlánach i mí Eanáir 2019. An 17 Aibreán 2019, ghlac Parlaimint na hEorpa a rún reachtach maidir leis an togra (3), agus leis sin chuir sí deireadh lena céad léamh. Leis an vóta sin, réitíodh an bealach chun cinn le haghaidh luath-chomhaontú ar an dara léamh idir na comhreachtóirí.

    3.

    Scrúdaíodh an togra sa Mheitheal um Cheisteanna Cánach (Fiscalis). An 28 Samhain 2018, tháinig Coiste na mBuanionadaithe ar chomhaontú maidir le sainordú páirteach (4) chun dul i mbun caibidlíocht neamhfhoirmiúil le Parlaimint na hEorpa, agus fágadh roinnt forálacha idir lúibíní toisc iad a bheith nasctha leis an bplé foriomlán faoi CAI nó i ngeall ar a gcineál cothrománach.

    4.

    Tionóladh dhá chruinniú thríthaobhacha an 23 Eanáir agus an 21 Márta 2019 agus réitíodh saincheisteanna suntasacha trí chomhréitigh ón dá thaobh. Mar thoradh ar an gcruinniú tríthaobhach a tionóladh an 21 Márta 2019, tháinig an Uachtaránacht ar chomhthuiscint leis na hionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa agus dhearbhaigh Coiste na mBuanionadaithe an chomhthuiscint sin an 27 Márta 2019 (5). Fágadh roinnt eilimintí lasmuigh de raon feidhme na caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa, ós rud é gur ghá bailchríoch a chur ar an gcaibidlíocht maidir le CAI sula mbeadh an Chomhairle in ann a seasamh a bhunú.

    5.

    Tugadh an sainordú páirteach don chaibidlíocht cothrom le dáta chun na conclúidí ón gComhairle Eorpach maidir le CAI 2021-2027 agus an pacáiste téarnaimh a glacadh an 21 Iúil 2020 (6) a chur san áireamh, rud a d’fhág go raibh sainordú iomlán ann don chaibidlíocht arna fhormhuiniú ag Coiste na mBuanionadaithe an 8 Eanáir 2021 (7).

    6.

    Faoi dheireadh na caibidlíochta idirinstitiúidí neamhfhoirmiúla breise, a bhí ar siúl ó mhí Eanáir go mí an Mhárta 2021, tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú sealadach maidir leis an togra. Déanfar ráiteas ón gComhairle a thaifeadadh i miontuairiscí na Comhairle. Comhaontaíodh nach raibh gá le haon chruinniú tríthaobhach polaitiúil críochnaitheach. Ina ionad sin, chuir na comhreachtóirí bailchríoch i scríbhinn ar na torthaí a baineadh amach trí chaibidlíocht neamhfhoirmiúil.

    7.

    An 24 Márta 2021, cuireadh an comhaontú sealadach i scríbhinn faoi bhráid chomhaltaí na Meithle um Cheisteanna Cánach (Fiscalis), nach raibh aon agóid aici in aghaidh théacs an chomhaontaithe.

    8.

    Dhearbhaigh Coiste na mBuanionadaithe an téacs comhréitigh críochnaitheach an 31 Márta 2021 agus chomhaontaigh sé an ráiteas ón gComhairle a thaifeadadh i miontuairiscí na Comhairle nuair a ghlacfar an Rialachán (8).

    9.

    Chuir Coiste Pharlaimint na hEorpa um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (ECON) an téacs sin chun vóta dearbhaithe an 22 Aibreán 2021. An 23 Aibreán, shínigh Cathaoirleach ECON litir chuig Cathaoirleach Choiste na mBuanionadaithe (Cuid 2) chun a chur in iúl, dá dtarchuirfeadh an Chomhairle a seasamh chuig Parlaimint na hEorpa go foirmiúil sa riocht ina bhfuil sé ar fáil san iarscríbhinn a ghabhann leis an litir sin, go molfadh sí do sheisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa an seasamh ón gComhairle a ghlacadh gan leasú, faoi réir athbhreithniú dlítheangeolaíoch, ar an dara léamh ó Pharlaimint na hEorpa.

    II.   CUSPÓIR

    10.

    Is iad cuspóirí ginearálta an Chláir tacaíocht a thabhairt d’údaráis chánach agus do chánachas chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, iomaíochas an Aontais agus iomaíocht chóir san Aontas a chothú, leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus a Bhallstát a chosaint, lena n-áirítear na leasanna sin a chosaint ar chalaois chánach, ar imghabháil cánach agus ar sheachaint cánach, agus bailiú cánach a fheabhsú.

    11.

    Is iad cuspóirí sonracha an Chláir tacú le beartas cánach agus le dlí an Aontais maidir leis an gcánachas a chur chun feidhme, comhar idir údaráis chánach a chothú, lena n-áirítear faisnéis chánach a mhalartú, agus tacú le fothú acmhainneachta riaracháin, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le hinniúlacht an duine agus córais leictreonacha Eorpacha a fhorbairt agus a oibriú.

    12.

    Tiocfaidh clár Fiscalis chun comhar a dhéanamh i réimse an chánachais in ionad Clár Fiscalis 2020 chun a áirithiú go leanfar leis tar éis 2020.

    III.   ANAILÍS AR AN SEASAMH ÓN gCOMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH

    13.

    Chuaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i mbun caibidlíochta d’fhonn comhaontú a thabhairt i gcrích ag céim an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh (“luath-chomhaontú ar an dara léamh”).

    14.

    Léirítear le téacs an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh an comhréiteach cothrom cothromaithe a baineadh amach sa chaibidlíocht idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ar éascaigh an Coimisiún í.

    15.

    Leagtar amach príomhghnéithe an chomhréitigh ar tháinig Parlaimint na hEorpa air thíos:

    comhaontaíodh ré an Chláir ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027 agus cur i bhfeidhm cúlghabhálach an Rialacháin;

    forbraíodh cuspóirí ginearálta agus sonracha an Chláir;

    sonraíodh a thuilleadh na gníomhaíochtaí atá incháilithe le haghaidh cistiúcháin, go háirithe, cuireadh liosta neamh-uileghabhálach ar fáil de thopaicí tosaíochta le haghaidh gníomhaíochtaí;

    soiléiríodh próiseas roghnúcháin na saineolaithe seachtracha;

    cuirfear an Clár chun feidhme trí chláir oibre ilbhliantúla arna nglacadh ag an gCoimisiún trí mheán gníomhartha cur chun feidhme;

    tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na táscairí a leasú chomh maith leis an Rialachán a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú;

    neartaíodh critéir agus módúlachtaí na meastóireachta;

    tugadh isteach clásal maidir leis an oibleagáid tuairiscithe i ndáil le tarmligean na cumhachta agus maidir le síneadh tharmligean na cumhachta.

    IV.   CONCLÚID

    16.

    Is léiriú iomlán ar an gcomhréiteach a baineadh amach sa chaibidlíocht idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa, arna éascú ag an gCoimisiún, an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh maidir leis an Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár Fiscalis chun comhar a dhéanamh i réimse an chánachais. Is dea-chothromaíocht é an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh agus, a luaithe a ghlacfar é, comhlíonfaidh an Rialachán nua a chuspóirí. Dearbhaítear an comhréiteach sin leis an litir a chuir Cathaoirleach Choiste ECON chuig Cathaoirleach Choiste na mBuanionadaithe an 23 Aibreán 2021.

    (1)  9932/18 + ADD 1-3.

    (2)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 118.

    (3)  8575/19.

    (4)  14208/18 agus 14209/18.

    (5)  8000/19.

    (6)  10/20.

    (7)  14197/20.

    (8)  7204/21.


    Top