This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52021AA0001
Opinion No 1/2021 (pursuant to Article 322 TFEU) concerning the proposal for a Regulation of the European Parliament and of the Council establishing the Brexit Adjustment Reserve (COM(2020) 854 final)
Tuairim Uimh. 1/2021 (de bhun Airteagal 322 CFAE) maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Cúlchiste Coigeartaithe Brexit (COM(2020) 854 críochnaitheach)
Tuairim Uimh. 1/2021 (de bhun Airteagal 322 CFAE) maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Cúlchiste Coigeartaithe Brexit (COM(2020) 854 críochnaitheach)
ECA_OPI_2021_1
IO C 101, 23.3.2021, p. 1–7
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
23.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
TUAIRIM Uimh. 1/2021
(de bhun Airteagal 322 CFAE)
maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Cúlchiste Coigeartaithe Brexit
(COM(2020) 854 críochnaitheach)
(2021/C 101/01)
CLÁR ÁBHAR
|
Mír |
Leathanach |
Réamhrá |
1-7 |
2 |
Cuid a hAon: Barúlacha ginearálta |
8-14 |
4 |
Struchtúr an Chúlchiste Coigeartaithe Brexit |
8-12 |
4 |
Iniúchóireacht agus cuntasacht |
13-14 |
5 |
Cuid a Dó: Barúlacha sonracha |
15-23 |
5 |
Tréimhse incháilitheachta |
15-16 |
5 |
An réamh-mhaoiniú a ríomh |
17 |
5 |
Incháilitheacht caiteachais |
18 |
6 |
An mhodheolaíocht samplála |
19 |
6 |
Cáin bhreisluacha |
20 |
6 |
Dearbhú bainistithe |
21 |
6 |
Tuairisciú agus meastóireacht |
22-23 |
6 |
TÁ CÚIRT INIÚCHÓIRÍ AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 287(4) agus Airteagal 322 de,
Ag féachaint don togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Cúlchiste Coigeartaithe Brexit, rud a chuir an Coimisiún isteach an 25 Nollaig 2020 (“an togra”),
Ag féachaint do na hiarrataí a rinne Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an 20 Eanáir 2021 le haghaidh tuairim a fháil ar an togra thuasluaite,
Ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh.1303/2013, (EU) No 1304/2013, (EU) No 1309/2013, (EU) Uimh. 1316/2013, (EU) Uimh. 223/2014, (EU) Uimh. 283/2014, and Cinneadh Uimh. 541/2014/EU agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (1) (“an Rialachán Airgeadais”).
Ag féachaint don Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (2) (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”),
TAR ÉIS AN TUAIRIM SEO A LEANAS A GHLACADH:
Réamhrá
1. |
D’fhág Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann an tAontas Eorpach an 1 Feabhra 2020, tráth a tháinig an Comhaontú um Tharraingt Siar i bhfeidhm. Áiríodh leis an gComhaontú um Tharraingt Siar foráil le haghaidh idirthréimhse, rud a mhair go dtí an 31 Nollaig 2020 agus lenar ráthaíodh coinníollacha “gnó mar is gnách” do shaoránaigh, do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí san Aontas Eorpach agus sa Ríocht Aontaithe araon. |
2. |
Cé gur chomhaontaigh an dá thaobh Comhaontú nua Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe (3) an 24 Nollaig, is é an toradh atá ar an gcomhaontú sin gurb amhlaidh, amhail an 1 Eanáir 2021, go bhfuil an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe ina dhá margadh ar leith agus ina dhá spás rialála agus dhlíthiúla ar leith anois. Cruthaíodh bacainní ar an trádáil in earraí agus i seirbhísí agus ar an tsoghluaisteacht trasteorann agus tá iarmhairtí acu sin don riarachán poiblí, do ghnólachtaí, do shaoránaigh agus do gheallsealbhóirí ar an dá thaobh. |
3. |
Sna conclúidí uaithi de bhun an chruinnithe speisialta dá cuid idir an 17 agus an 21 Iúil 2020, d’fhógair an Chomhairle Eorpach go mbunófaí ionstraim speisialta nua ar a dtugtar an Cúlchiste Coigeartaithe Brexit, agus EUR 5 bhilliún san iomlán i bpraghsanna 2018 á leithdháileadh air. Thug an Chomhairle Eorpach cuireadh don Choimisiún togra le haghaidh rialacháin a chur i láthair. |
4. |
Chuir an Coimisiún an togra uaidh isteach i mí na Nollag 2020. Is é an aidhm atá leis an gCúlchiste Coigeartaithe Brexit tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit, na réigiúin agus na hearnálacha a ndéanfaidh tarraingt siar na Ríochta Aontaithe an difear is measa dóibh agus, ar an mbealach sin, maolú a dhéanamh ar an tionchar diúltach a bheidh ann ar chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach. Beidh gach Ballstát incháilithe do thacaíocht as an gCúlchiste Coigeartaithe Brexit. |
5. |
Beartaítear an Cúlchiste Coigeartaithe Brexit a ghníomhachtú in dhá bhabhta leithdháiltí – an chéad cheann in 2021 i bhfoirm réamh-mhaoinithe shubstaintiúil ar fiú EUR 4 bhilliún é. Is bunaithe ar dhá phríomhthoisc a bheadh an mhodheolaíocht le haghaidh sciar gach Ballstáit den réamh-mhaoiniú a dháileadh, is iad sin: trádáil leis an Ríocht Aontaithe agus iasc a ghabhtar i limistéar eacnamaíoch eisiach na Ríochta Aontaithe (4). Léirítear i bhFíor 1 an dóigh a gcomhroinnfí an réamh-mhaoiniú i measc na mBallstát agus an modh sin á úsáid. |
Fíor 1
Leithdháileadh an réamh-mhaoinithe (critéir thrádála agus éisc)
Foinse: |
An Coimisiún Eorpach. |
6. |
Bheadh ar na Ballstáit iarratas a dhéanamh ar ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste Coigeartaithe Brexit faoin 30 Meán Fómhair 2023. Chumhdódh an EUR 1 bhilliún atá fágtha aon chaiteachas incháilithe a sháraíonn an méid a íocadh i bhfoirm réamh-mhaoinithe, gan teorainneacha na n-acmhainní iomlána atá ar fáil a shárú. Is in 2024, tríd is tríd, a d’íocfaí ranníocaíochtaí breise as an gCúlchiste Coigeartaithe Brexit. |
7. |
Ceanglaítear leis an mbunús dlí (5) don togra ón gCoimisiún go rachfaí i gcomhairle le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, agus d’iarr Parlaimint na hEorpa (6) agus an Chomhairle (7) ar an gCúirt an tuairim uaithi a thabhairt. Freagairt don iarraidh sin is ea an tuairim seo, atá ceaptha chun rannchuidiú leis an scrúdú a dhéanfaidh na reachtóirí ar an togra ón gCoimisiún. Chuige sin, cuirimid in iúl inti barúlacha ginearálta agus sonracha ina dtarraingímid aird ar na príomh-shaincheisteanna lena mbaineann agus ar na rioscaí a ghabhann leo, i measc nithe eile. |
Cuid a hAon: Barúlacha ginearálta
Struchtúr an Chúlchiste Coigeartaithe Brexit
8. |
Foráiltear leis an togra gur ar siúl ón 1 Iúil 2020 go dtí an 31 Nollaig 2022 a bheadh an tréimhse thagartha (dá ngairtear “an tréimhse incháilitheachta” anseo feasta) le haghaidh bearta a chur chun feidhme chun iarmhairtí díobhálacha tharraingt siar na Ríochta Aontaithe a mhaolú. Bheadh ar na Ballstáit iarratas a chur isteach ar ranníocaíocht airgeadais faoin 30 Meán Fómhair 2023, ar iarratas é ina dtabharfaí mionsonraí faoin gcaiteachas poiblí iomlán a tabhaíodh le linn na tréimhse incháilitheachta (8). Is é a bheadh ag gabháil leis an iarratas tuarascáil ar chur chun feidhme ina dtabharfaí tuairisc ar na bearta maolaitheacha a rinneadh agus ar an dóigh ar cuireadh chun feidhme iad, mar aon le dearbhú bainistithe agus le tuairim iniúchóireachta neamhspleách ina gcumhdaítear an tréimhse incháilitheachta iomlán. Bunaithe ar an bhfaisnéis sin, ní dhéanfaidh an Coimisiún measúnú ansin ach amháin ar a incháilithe agus a iomchuí atá na bearta a roghnaíodh, rud ar maolú é ar an gcur chuige bliantúil a chuirtear i bhfeidhm i leith cistí atá faoi bhainistíocht chomhroinnte (9). Leagtar an próiseas sin, agus na dátaí tábhachtacha, amach i bhFíor 2 . |
Fíor 2
Amchlár don Chúlchiste Coigeartaithe Brexit
Foinse: |
Cúirt Iniúchóirí na hEorpa. |
9. |
Is trí réamh-mhaoiniú a gheobhadh na Ballstáit EUR 4 bhilliún, nó 80 %, de na cúlchistí. Sula bhfaighidh siad réamh-mhaoiniú, ní mór do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na comhlachtaí a bheadh freagrach as an gCúlchiste Coigeartaithe Brexit a bhainistiú agus a rialú agus faoin gcomhlacht ar cheart an réamh-mhaoiniú a íoc leis. Cé go bhfuil an réamh-mhaoiniú socraithe ag leibhéal atá níos airde ná mar is gnách, cumasaítear leis do na Ballstáit freagairt go tapa don staid eisceachtúil agus tugtar aird ann ar an bhfíoras nach ndéanfar na híocaíochtaí iarmhéid deiridh ach amháin ag deireadh 2023 ar a luaithe. |
10. |
Chomhlíonfadh struchtúr an togra an cuspóir atá ann solúbthacht a thabhairt do na Ballstáit. Trí mhéideanna móra den Chúlchiste Coigeartaithe Brexit a chur ar fáil trí réamh-mhaoiniú, chumasófaí do na Ballstáit freagairt go tapa d’imthosca a bhíonn ag athrú agus éifeachtaí diúltacha Brexit a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí. Cé go leagtar amach sa togra réimsí leathana ina bhféadfaí an cistiú a úsáid, gan na réimsí sin a shainiú tuilleadh, bheadh rogha ag na Ballstáit maidir leis na cineálacha tionscadal nó beart ar mhaith leo iad a mhaoiniú (10). |
11. |
Mar thoradh ar an tsolúbthacht a thugtar leis an gCúlchiste Coigeartaithe Brexit – go háirithe gan ceanglas a chur ar na Ballstáit fógra oifigiúil a thabhairt don Choimisiún faoi na réigiúin, na limistéir agus na hearnálacha a bhféadfadh go ndéanfaí an difear is measa dóibh agus tuairisc a thabhairt ar na bearta a chisteofar roimh leithdháileadh an réamh-mhaoinithe – cruthaítear roinnt rioscaí a bhaineann leis an easpa cinnteachta. D’fhéadfaí an Cúlchiste Coigeartaithe Brexit a úsáid chun tacú le bearta nach bhfuil incháilithe dáiríre, a fhágann nach ndéanfadh an Coimisiún costais a aisíoc leis na Ballstáit ina dhiaidh sin. Ina theannta sin, d’fhéadfadh go mbeadh na bearta a roghnaíodh fo-optamach agus nach mbainfeadh siad an cuspóir beartaithe amach. |
12. |
Leis an togra, cheanglófaí ar na Ballstáit a dheimhniú gur tharraing siad tuairiscí suas ar a gcórais bhainistithe agus rialaithe (11). Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as comhlachtaí agus córais ainmnithe atá i bhfeidhm cheana le haghaidh cistí AE a chur chun feidhme ar mhaithe leis an gcúlchiste a bhainistiú. I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit córais nua a bhunú, tá baol ann nach mbeidh na córais sin éifeachtach. Sna luathchéimeanna den tréimhse incháilitheachta, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar a leordhóthanaí atá na córais sin maidir le rannchuidiú le leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint. |
Iniúchóireacht agus cuntasacht
13. |
Foráiltear leis an togra go ndéanfaidh comhlacht iniúchóireachta neamhspleách i ngach Ballstát iniúchadh ar an gcóras bainistithe agus rialaithe agus go ndéanfaidh sé iniúchtaí ar bhearta arna maoiniú (12). Dá bhrí sin, bheadh an comhlacht iniúchóireachta ina ghníomhaí tábhachtach maidir le dearbhú a thabhairt don Choimisiún go mbíonn córais bhainistithe agus rialaithe na mBallstát ag feidhmiú go héifeachtach agus go mbíonn an maoiniú á chaitheamh ar bhealach dlíthiúil tráthrialta. Mar sin féin, tá easpa mionsonraí agus easpa sainmhínithe soiléire ann sa togra maidir le heilimintí tábhachtacha áirithe, amhail an mhodheolaíocht samplála agus an dóigh a ndéantar earráidí a chainníochtú agus a cheartú. |
14. |
D’fhéadfadh nach n-áiritheofaí cur chuige iniúchóireachta comhsheasmhach inchomparáide i ngach Ballstát mar thoradh ar an easpa soiléire sin, rud a bhainfeadh den dearbhú a d’fhéadfadh an Coimisiún a fháil óna gcuid oibre agus tuairimí iniúchóireachta. |
Cuid a Dó: Barúlacha sonracha
Tréimhse incháilitheachta
15. |
Luaitear sa togra gur cheart an tréimhse incháilitheachta le haghaidh bearta a chur chun feidhme a bheith ar siúl ó mhí Iúil 2020 go mí na Nollag 2022 (13). Thug an Coimisiún aird ar an bhfíoras go bhfuil an togra mar chuid den ullmhúchán do dheireadh na hidirthréimhse, rud lena gcuirtear leis an obair a rinne an tAontas Eorpach agus na Ballstáit i gcomhthéacs na mbeart ullmhachta a rinneadh le linn na caibidlíochta faoi Brexit agus lena gcomhlánaítear an obair sin (14). |
16. |
Ba cheart go bhfreastalódh an tréimhse incháilitheachta ar an gcuspóir atá ann an Cúlchiste Coigeartaithe Brexit a úsáid chun tacú le bearta ullmhachta agus ba cheart go gcabhródh sí le maolú a dhéanamh ar an tionchar eacnamaíoch a bheidh ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe. Ní shainaithnítear go soiléir sa togra, áfach, an réasúnaíocht atá taobh thiar den tréimhse incháilitheachta a roghnaíodh agus ní scrúdaítear ann ach oiread a oiriúnaí atá an tréimhse incháilitheachta do na cuspóirí luaite. |
An réamh-mhaoiniú a ríomh
17. |
Is bunaithe ar dhá thoisc atá an mhodheolaíocht a ndearna an Coimisiún é a roghnú agus a chur i bhfeidhm chun sciar na mBallstát den réamh-mhaoiniú a ríomh, is iad sin: trádáil leis an Ríocht Aontaithe agus iasc a ghabhtar in uiscí na Ríochta Aontaithe. Tríd an modheolaíocht sin a úsáid, féachann an Coimisiún le teacht ar an meastachán is fearr ar an tionchar a bheidh ag Brexit ar na Ballstáit faoi seach. Mar sin féin, tar éis breithniú a dhéanamh ar an líon mór éiginnteachtaí a bhaineann go fóill leis an tionchar a bheidh ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe, lena n-áirítear earnálacha eacnamaíocha gníomhaíochta a bheith ag gluaiseacht ón Ríocht Aontaithe chuig an Aontas Eorpach, tá baol ann nach léirítear go hiomlán leis an modh leithdháilte a roghnaíodh an neamhchosaint shonrach atá ag geilleagar aon Bhallstáit. |
Incháilitheacht caiteachais
18. |
Leagtar amach sa togra go mbeidh caiteachas incháilithe más rud é go ndéanfar é a thabhú agus a íoc le linn na tréimhse incháilitheachta (15). Foráiltear ann freisin go ndéanfar ranníocaíochtaí as an gcúlchiste i bhfoirm aisíocaíochta costas incháilithe a ndearna na Ballstáit iad a thabhú agus a íoc agus bearta á gcur chun feidhme acu (16). Measaimid go n-éascaítear leis an togra léirmhínithe éagsúla maidir le hincháilitheacht caiteachais. Dá bhrí sin, ba cheart a shoiléiriú tuilleadh gur cheart costais a thabhú agus a íoc laistigh den tréimhse incháilitheachta, ag leibhéal na gcomhlachtaí ainmnithe agus ag leibhéal na bhfaighteoirí deiridh araon. |
An mhodheolaíocht samplála
19. |
Leagtar amach sa togra an próiseas le haghaidh bearta arna maoiniú a iniúchadh agus tugtar tuairisc ann ar an modheolaíocht samplála chomhfhreagrach (17). I gcás ina gceadaítear ann modh samplála neamhstaidrimh a úsáid, luaitear sa togra nach mór céatadán áirithe den daonra don bhliain chuntasaíochta a chumhdach sna haonaid samplála. Ós rud é gur cheart an tréimhse incháilitheachta iomlán a chumhdach san iniúchadh ar bhearta arna maoiniú, i.e. dhá bhliain go leith, is cosúil go bhfuil an tagairt don “bhliain chuntasaíochta” ar neamhréir leis an modheolaíocht fhoriomlán. |
Cáin bhreisluacha
20. |
Faoin togra, ní chumhdófaí cáin bhreisluacha (CBL) faoin gCúlchiste Coigeartaithe Brexit (18). Fáiltímid roimh an gcur chuige atá beartaithe don Chúlchiste Coigeartaithe Brexit, rud atá i gcomhréir leis an moladh a cuireadh in iúl go deireanach sa mhear-athbhreithniú cáis a rinneamar in 2018 ar aisíocaíocht CBL i réimse an Chomhtháthaithe. Mholamar gan CBL a aisíoc le comhlachtaí poiblí ó chistí AE chun laghdú a dhéanamh ar an mbaol go ndéanfaí earráidí i gcaiteachas Comhtháthaithe agus chun a áirithiú go mbainfí úsáid níos fearr as cistí AE ó thaobh bainistíochta fónta airgeadais de (19). |
Dearbhú bainistithe
21. |
Leis an togra, cheanglófaí ar na Ballstáit dearbhú bainistithe, an tuairim ó chomhlacht iniúchóireachta neamhspleách agus tuarascáil ar chur chun feidhme (mír 8 ) a chur isteach mar chuid den iarratas uathu ar ranníocaíochtaí airgeadais as an gCúlchiste Coigeartaithe Brexit (20). Maidir leis an teimpléad don dearbhú bainistithe, a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an togra, tugaimid faoi deara nach bhforáiltear ann do ráiteas lena ndeimhnítear feidhmiú cuí an chórais rialaithe a fháil ón duine atá i gceannas ar an gCúlchiste Coigeartaithe Brexit a bhainistiú. Ceanglaítear an ráiteas sin le hAirteagal 63(6)(c) den Rialachán Airgeadais. Is é an toradh a bheadh ar ráiteas den sórt sin a bheith in easnamh go gcuirfí teorainn leis an dearbhú a d’fhéadfaí a thabhairt leis an deimhniú. Bheadh impleachtaí aige sin don tuairim iniúchóireachta freisin, rud ina ndéanfaí measúnú de ghnáth ar chruinneas an ráitis. |
Tuairisciú agus meastóireacht
22. |
Faoin togra, dhéanfadh an Coimisiún meastóireacht ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach AE an Chúlchiste Coigeartaithe Brexit (21). Cé go n-aithnímid an tábhacht a bhaineann leis an gcothromaíocht chuí a fháil idir ceanglais tuairiscithe agus an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit, tugaimid faoi deara nach gá ach luachanna a bhaineann le táscairí aschuir a chur ar áireamh in iarratais ar ranníocaíochtaí airgeadais (22). Cé gur féidir na táscairí aschuir sin a thomhas, mar a tugadh faoi deara roimhe seo, ní thugtar iontu ach faisnéis theoranta ar cé acu a bhí nó nach raibh beart éifeachtach maidir le haghaidh a thabhairt ar iarmhairtí diúltacha tharraingt siar na Ríochta Aontaithe (23). Ní cheanglaítear leis an togra ar na Ballstáit aon spriocanna a leagan síos do na táscairí réamhluaite ach oiread, rud a fhágann go mbeidh sé níos deacra fós measúnú fiúntach a dhéanamh ar éifeachtacht an Chúlchiste Coigeartaithe Brexit. |
23. |
De réir na dTreoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr, ní féidir torthaí láidre iontaofa a sholáthar ach amháin trí mheastóireachtaí oibiachtúla neamhspleácha (24). Cé go bhforáiltear leis an togra go ndéanfar meastóireacht iomlán ar an gCúlchiste Coigeartaithe Brexit, agus go gcuirfear tuarascáil ina leith sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 30 Meitheamh 2027, ní luaitear go sainráite ann gur meastóireacht neamhspleách a bheadh sa mheastóireacht sin. |
Ghlac an Chúirt Iniúchóirí i Lucsamburg an Tuairim seo ag an gcruinniú dá cuid an 25 Feabhra 2021.
Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí
Klaus-Heiner LEHNE
An tUachtarán
(1) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(2) IO C 384I, 12.11.2019, lch. 1.
(3) IO L 444, 31.12.2020, lch. 14.
(4) Iarscríbhinn I a ghabhann leis an togra.
(5) An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Airteagal 322(1)(a).
(6) Parlaimint na hEorpa – D300288 (20.1.2021).
(7) An Chomhairle – SGS 21/000201 (20.1.2021).
(8) Airteagal 9 den togra.
(9) Airteagal 7(4): “De mhaolú ar mhíreanna 5, 6 agus 7 d’Airteagal 63 den Rialachán Airgeadais, déanfar na doiciméid dá dtagraítear sna forálacha sin a thíolacadh uair amháin, de bhun Airteagal 10 den Rialachán seo.”
(10) Alt 5 de Rialachán EIOPA:
(11) Airteagal 13(1) den togra.
(12) Airteagal 13(4) den togra.
(13) Airteagal 2(1) agus Airteagal 5(2) den togra.
(14) Aithris 7 den togra.
(15) Airteagal 5(2) den togra.
(16) Airteagal 7(2) den togra.
(17) Airteagal 13(4) den togra.
(18) Airteagal 6(a) den togra.
(19) Mear-athbhreithniú cáis: “Aisíocaíocht CBL i réimse an Chomhtháthaithe – cistí AE á n-úsáid ar bhealach fo-optamach atá tugtha d’earráidí”, Samhain 2018.
(20) Airteagal 10(1)(2) den togra.
(21) Alt 16 den togra.
(22) Iarscríbhinn II a ghabhann leis an togra.
(23) Tuarascáil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le feidhmíocht bhuiséad AE – Stádas ag deireadh 2019, mír 4.19: “Cé go bhfuil nasc díreach ag táscairí aschuir leis na gníomhaíochtaí arna maoiniú ag buiséad AE, is beag faisnéis a thugtar iontu ar dhul chun cinn i dtreo cuspóirí beartais a chomhlíonadh”.
(24) SWD(2017) 350 críochnaitheach an 7 Bealtaine 2017, lch. 53.