Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020SC0246

    DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach

    SWD/2020/246 final

    An Bhruiséil,28.10.2020

    SWD(2020) 246 final

    DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

    ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

    a ghabhann leis an doiciméad

    Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach

    {COM(2020) 682 final} - {SEC(2020) 362 final} - {SWD(2020) 245 final}


    Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

    Measúnú tionchair ar thogra ón gCoimisiún maidir le Pá Íosta Leordhóthanach san Aontas Eorpach

    A. An gá atá le beart

    Cén fáth? Cén fhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi?

    Pá leordhóthanach a áirithiú d’oibrithe an Aontais, tá sé sin ríthábhachtach maidir le dálaí córa oibre agus maireachtála a ráthú, agus le geilleagair agus pobail chothroma athléimneacha a fhorbairt. Mar sin féin, le scór éigin bliain anuas, na tuarastail ísle atá ann i roinnt mhaith Ballstát, níor choinnigh siad bord ar bord le tuarastail níos airde, rud a chuir le bochtaineacht lucht oibre agus le neamhionannas pá, agus a bhain den chumas atá ag lucht pá íseal déileáil leis an gciapadh eacnamaíoch.

    Tá ról tábhachtach ag an bpá íosta sa chomhthéacs foriomlán sin. Is féidir pá íosta a chosaint trí bhíthin comhaontuithe comhchoiteanna (rud a dhéantar i 6 Bhallstát) nó trí phá íosta reachtúil a leagtar síos i reachtaíocht (rud a dhéantar i 21 Bhallstát). Nuair a shocraítear an pá íosta ar leibhéal leordhóthanach, áirithítear leis go mbíonn caighdeán sásúil maireachtála ag oibrithe, neartaítear leis na dreasachtaí atá ann chun obair a dhéanamh, agus laghdaítear leis bochtaineacht lucht oibre agus neamhionannas i measc daoine nach dtuilleann pá ard. Ina theannta sin, tugtar tacaíocht leis an bpá íosta don chomhionannas inscne mar, i measc na ndaoine a thuilleann an phá íosta nó a thuilleann tuarastal gar don phá íosta, gur mó bean ná fear atá ann.

    Mar sin féin, tá roinnt mhaith oibrithe san Aontas nach bhfuil faoi chosaint ag pá íosta leordhóthanach faoi láthair. I bhformhór na mBallstát a bhfuil pá íosta reachtúil náisiúnta i bhfeidhm iontu, tá an pá íosta ró-íseal i gcomparáid le tuarastail eile agus/nó chun caighdeán sásúil maireachtála a chur ar fáil. Is féidir é sin a léiriú ar bhonn luachanna tagartha a úsáidtear go forleathan: (i) tá an pá íosta reachtúil náisiúnta níos ísle ná 60 % den tuarastal airmheánach nó 50 % den mheántuarastal i mbeagnach gach Ballstát. Anuas air sin, déantar grúpaí sonracha oibrithe a eisiamh ón gcosaint a thugtar le pá íosta reachtúil náisiúnta. Sna Ballstáit atá ag brath ar an gcómhargáil, an chosaint maidir le pá íosta a chuirtear ar fáil trí chomhaontuithe comhchoiteanna, tá roinnt oibrithe ann nach gcumhdaítear léi. An cion oibrithe nach gcumhdaítear, is idir 10 % agus 20 % atá ann i gceithre thír, agus is 55 % atá ann i dtír amháin.

    Cuid de na cúiseanna atá leis an bhfadhb sin, tá siad i gceist maidir leis an dá chóras agus is iad sin: na treochtaí laghdaitheacha atá sa chómhargáil agus an easpa comhlíonta atá ann maidir le forálacha náisiúnta atá ann cheana. Anuas air sin, tá roinnt cúiseanna ann a bhaineann go sonrach le córais socraithe pá íosta reachtúil, mar atá: easpa critéar soiléir cobhsaí maidir le pá íosta a shocrú agus a nuashonrú, rannpháirtíocht neamh-leordhóthanach ó thaobh comhpháirtithe sóisialta de, úsáidtear rátaí níos ísle le haghaidh grúpaí ar leith (athruithe), cuirtear laghduithe i bhfeidhm bunaithe ar luach trealaimh nó ar chostais eile (asbhaintí), agus an úsáid a bhaintear as díolúintí.

    Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo?

    Is é is aidhm don tionscnamh seo dálaí oibre a fheabhsú trína áirithiú go mbeadh rochtain ag oibrithe san Aontas ar chosaint maidir le pá íosta, rud a sholáthrófaí trí phá íosta leordhóthanach nó trí chomhaontuithe, agus ar an gcaoi sin a fhágáil go mbeadh caighdeán sásúil maireachtála ag oibrithe cibé cén áit a n‑oibríonn siad. Na héifeachtaí a bheidh ann maidir le cruthú post agus leis an iomaíochas, lena n‑áirítear i gcás FBManna, tabharfar iad sin san áireamh agus an cuspóir seo á shaothrú. Ní chuireann an tionscnamh isteach ar shaoirse na mBallstát pá íosta reachtúil a leagan síos nó rochtain ar chomhaontuithe comhchoiteanna a chur chun cinn, rud a dhéanfaí de réir thraidisiúin agus shainiúlachtaí gach tíre agus lena dtabharfaí lánurraim d’inniúlachtaí náisiúnta agus do shaoirse chonarthach comhpháirtithe sóisialta. Chun an cuspóir ginearálta sin a bhaint amach, is iad cuspóirí sonracha an tionscnaimh ón Aontas feabhas a chur ar a leordhóthanaí atá pá íosta agus líon na ndaoine a chumhdaítear leis a mhéadú.

    Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais? 

    Is é is aidhm don ghníomhaíocht ón Aontas an móiminteam is gá a chur ar fáil chun córais socraithe pá íosta a athchóiriú. Cé gur inniúlacht náisiúnta é pá íosta a shocrú, d’áiritheofaí le creat de chuid an Aontais nach ndéanfaí dul chun cinn ar bhealach páirteach ná míchothrom, rud a chuideodh le próiseas an chóineasaithe shóisialta aníos agus a rachadh chun tairbhe gheilleagar an Aontais ina iomláine. Ionstraimí AE atá ann cheana, go háirithe an Seimeastar Eorpach, níor leor iad chun dul i ngleic leis na heasnaimh atá ann faoi láthair sna córais náisiúnta maidir le pá íosta a shocrú. Mura ndéanfar tuilleadh gníomhaíochta beartais ar leibhéal an Aontais, is dócha go rachaidh an fhadhb i bhfeidhm ar níos mó tíortha. San am céanna, d’fhéadfadh sé gur beag fonn a bheadh ar thíortha aonair feabhas a chur ar a gcuid socruithe pá íosta de bharr na tuairime go bhféadfadh sin tionchar diúltach a imirt ar a gcostiomaíochas seachtrach. Le gníomhaíocht ón Aontas, áiritheofar cothrom iomaíochta le haghaidh gnólachtaí agus oibrithe sa Mhargadh Aonair trí thacú le hiomaíocht chóir bunaithe ar an nuálaíocht agus ar an táirgiúlacht agus tríd an iomaíocht sin a chumasú, agus trí caighdeáin shóisialta leordhóthanacha a urramú san am céanna. Ní féidir leis na Ballstáit an méid sin a bhaint amach ina n‑aonar. 

    B. Réitigh

    Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a breithníodh? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Cén fáth? 

    Taobh leis an gcás bunlíne, rinneadh trí phacáiste beartais a mheas, pacáistí a dtugtar bearta i gcúig réimse le chéile i ngach ceann díobh:

    Forfheidhmiú, faireachán, agus cómhargáil i socrú pá, déanann siad difear do thíortha a bhraitheann ar an gcómhargáil chun cosaint a sholáthar maidir le pá íosta agus do na tíortha sin a bhfuil córais socraithe pá íosta reachtúil acu. Ar chórais reachtúla, agus orthusan amháin, atá tionchar ag na nithe seo a leanas – creataí náisiúnta chun pá íosta reachtúil a shocrú agus a nuashonrú, rannpháirtíocht comhpháirtithe sóisialta i bpá íosta reachtúil a shocrú, agus athruithe, laghduithe agus asbhaintí maidir le pá íosta. De réir na bpacáistí beartais éagsúla ní hionann an ról a bhíonn ag na comhpháirtithe sóisialta i rialachas an chórais socraithe pá íosta ná, i gcás sonrach na mBallstát a bhfuil pá íosta náisiúnta i bhfeidhm iontu, ní hionann an méid lánrogha a bhíonn ag rialtais i dtaca le pá íosta a shocrú agus a nuashonrú.

    I bPacáiste A, iarrtar ar na Ballstáit ar fad tacú go gníomhach le cómhargáil maidir le tuarastail a shocrú, rud a dhéantar d’fhonn an ról atá ag comhpháirtithe sóisialta a neartú, lena n‑áirítear trí shíneadh riaracháin a chur le cumhdach comhaontuithe comhchoiteanna. Maidir le Ballstáit a bhfuil pá íosta reachtúil náisiúnta i bhfeidhm iontu, déantar foráil ann maidir le rannpháirtíocht láidir ó thaobh comhpháirtithe sóisialta de i socrú pá íosta, agus ceanglaítear go gcuirfear toirmeasc ar dhíolúintí, ar athruithe agus ar asbhaintí. Dhéanfaí leordhóthanacht an phá íosta reachtúil a mheasúnú de réir tomhas náisiúnta maidir le caighdeáin shásúla mhaireachtála. I bPacáiste B, iarrtar ar na Ballstáit ar fad tacú go gníomhach le cómhargáil maidir le tuarastail a shocrú, go háirithe i gcás ina bhfuil cumhdach cómhargála íseal ann. Anuas air sin, maidir le Ballstáit a bhfuil pá íosta reachtúil náisiúnta i bhfeidhm iontu, foráiltear ann go gcuimseofar sna creataí náisiúnta critéir fhollasacha maidir le leordhóthanacht an phá íosta agus leis na luachanna tagartha táscacha a bheadh i gceist, ar nós 60 % den tuarastal airmheánach nó 50 % den mheántuarastal, critéir lena gcuirfí le ról na gcomhpháirtithe sóisialta i gcomparáid leis an mbunlíne. Ina theannta sin ceanglaítear leis go mbeidh údar oibiachtúil le hathruithe agus le hasbhaintí agus go mbeidh siad comhréireach. I bPacáiste C freisin iarrtar ar na Ballstáit ar fad tacú go gníomhach le cómhargáil maidir le tuarastail a shocrú, go háirithe i gcás ina bhfuil cumhdach cómhargála íseal ann. Anuas air sin, maidir le Ballstáit a bhfuil pá íosta reachtúil náisiúnta i bhfeidhm iontu, meastar go mbeidh creataí náisiúnta ag brath go príomha ar innéacsú uathoibríoch, agus ar luachanna tagartha a úsáid, chun cuspóirí an tionscnaimh a bhaint amach, agus ceanglaítear go mbeidh údar oibiachtúil le hathruithe agus le hasbhaintí agus go mbeidh siad comhréireach. Cuimsítear i ngach pacáiste na forálacha a leanas maidir le forfheidhmiú agus faireachán, ach déantar idirdhealú idir an dá chineál córais: clásail maidir le tuarastal i gcomhaontuithe comhchoiteanna, a bhforfheidhmiú sin a neartú, forfheidhmiú pá íosta reachtúil a neartú i gcás ina bhfuil a leithéid ann, comhlíonadh a áirithiú i réimse an tsoláthair phoiblí maidir le tuarastail a aontófar ar bhonn comhchoiteann agus leis an bpá íosta reachtúil, agus sásraí um fhaireachán agus bailiú sonraí a fheabhsú.

    Is é pacáiste B an pacáiste tosaíochta mar is ann is fearr atá cothromaíocht idir na cuspóirí beartais a bhaint amach agus na costais a ghabhann leo, rud a fhágann gurbh fhéidir na cuspóirí beartais a bhaint amach ar bhealach comhréireach. Urramaítear leis socruithe náisiúnta seanbhunaithe agus fágtar deiseanna lánrogha ag na Ballstáit agus ag na comhpháirtithe sóisialta.

    Maidir leis an ionstraim dlí a d'úsáidfí, measadh go bhféadfaí Treoir, Moladh ón gComhairle nó meascán den dá rud a roghnú. Is í an Treoir an rogha ionstraime ós rud é go soláthraítear léi íoscheanglais infhorfheidhmithe, agus go bhfágtar deis ag na Ballstáit san am céanna an modh agus an cineál idirghabhála a shainiú trína mbainfear na cuspóirí amach.

    Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na bearta is rogha leo 

    Bhí comhaontú ginearálta i measc na bpáirtithe leasmhara maidir lena thábhachtaí atá sé oibrithe a chosaint trí bhíthin pá íosta cothrom. Is é a bhí i bpríomhthéama na gcomhairliúchán traidisiúin náisiúnta a urramú, neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta agus urraim don chómhargáil. Na comhpháirtithe sóisialta uile, formhór thoscairí na mBallstát ó na coistí ábhartha de chuid na Comhairle, agus feisirí Pharlaimint na hEorpa, bhí siad i bhfabhar an dá ní a leanas a neartú – an chómhargáil, agus rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta i socrú an phá íosta reachtúil. D’iarr ceardchumainn go leagfaí síos critéir chobhsaí shoiléire maidir le pá íosta a shocrú agus bhí toscairí cuid de na Ballstáit ina fhabhar sin. Mheas formhór na bhfostóirí gur inniúlacht náisiúnta é sin. Bhí ceardchumainn i bhfabhar díolúintí/athruithe a thoirmeasc/a theorannú, rud a raibh fostóirí ina choinne. Ní raibh toscairí na mBallstát ar aon fhocal faoin ábhar sin. Bhí tacaíocht fhorleathan ann maidir leis an gcomhlíonadh a fheabhsú, ach mheas roinnt fostóirí gur freagracht náisiúnta atá sa mhéid sin. Maidir leis an ionstraim dlí, bhí líon mór fostóirí chomh maith le toscairí ó roinnt Ballstát i bhfabhar ionstraim neamhcheangailteach, rud a d’fhéadfadh a bheith ina Moladh ón gComhairle, agus is le Treoir a thacaigh na ceardchumainn, toscairí Ballstát áirithe agus eagraíocht neamhrialtasach shóisialta thábhachtach amháin.

    C. Tionchar na rogha tosaíochta

    Cad iad buntáistí na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad buntáistí na bpríomhroghanna)? 

    Is é an toradh a bheidh ar an bpacáiste tosaíochta go mbeidh pá íosta níos airde ann i dtuairim agus leath de na Ballstáit. D’fhéadfadh na méaduithe sin dul chun tairbhe thart ar 25 mhilliún oibrí dá méadódh na Ballstáit a bhfuil pá íosta reachtúil i bhfeidhm iontu, dá méadóidís an pá sin go dtí 60 % den tuarastal airmheánach nó go dtí 50 % den mheántuarastal. D’fhéadfadh na méaduithe ar an bpá íosta reachtúil a bheith níos mó ná 20 % i roinnt Ballstát. Na Ballstáit a bhfuil pá íosta reachtúil i bhfeidhm iontu, dá méadóidís an pá sin go dtí 60 % den tuarastal airmheánach nó go dtí 50 % den mheántuarastal, dhéanfaí neamhionannas pá agus bochtaineacht lucht oibre a laghdú níos mó ná 10 %, agus an bhearna phá idir na hinscní a laghdú tuairim agus 5 % ar an meán. Meastar go gcuirfidh pá íosta méadaithe feabhas ar dhreasachtaí chun obair a dhéanamh.

    Cumhdach na cómhargála maidir le socrú pá a neartú agus a mhéadú, rachaidh sé chun tairbhe na n‑oibrithe trí fhás pá a chothú i ngach Ballstát. Thairis sin, forfheidhmiú agus faireachán i ndáil le pá íosta a neartú, cabhróidh sin lena áirithiú go mbeidh rochtain iarbhír ag oibrithe ar chosaint pá íosta agus go n‑íocfar leo an pá a bhfuil siad ina theideal. I dtaca le tacaíocht maidir leis an gcómhargáil i leith pá a shocrú, méadófar dá barr, sna Ballstáit atá ag brath ar an gcómhargáil, an líon oibrithe atá faoi chosaint agus feabhsófar an leordhóthanacht i gcás ina mbeidh sé íseal. I dtíortha a bhfuil pá íosta reachtúil i bhfeidhm iontu, má bhaintear úsáid as critéir shoiléire chobhsaí chun socrú agus nuashonrú an phá íosta a threorú agus má bhíonn ról níos láidre ag na comhpháirtithe sóisialta, cuirfear feabhas ar an timpeallacht ghnó agus ar leordhóthanacht an phá íosta. Anuas air sin, is é a thiocfaidh as athruithe agus asbhaintí a theorannú gur lú an líon oibrithe a gheobhaidh pá faoi bhun an phá íosta.

    Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)? 

    I measc na dtionchar eacnamaíocha a bheidh ann, beidh méadú ar chostais saothair le haghaidh gnólachtaí, praghsanna méadaithe agus, go pointe níos lú, brabús níos ísle. I bhfianaise roinnt meastachán is iad na tomhaltóirí a íocann thart ar ¾ den chostas eacnamaíoch a ghabhann le pá íosta níos airde, agus is iad na gnólachtaí a íocann thart ar ¼ de. Maolaítear an tionchar ar ghnólachtaí toisc go dtagann méadú ar an tomhaltas a dhéanann lucht pá íseal, rud a thacaíonn leis an éileamh intíre. Meastar gur méadú measartha a bheidh ar bhille pá iomlán an Aontais, mar atá thart ar 1 % (EUR 51-53 bhilliún in aghaidh na bliana), má mhéadaíonn na Ballstáit a bhfuil pá íosta reachtúil i bhfeidhm iontu, má mhéadaíonn siad an pá sin go dtí 60 % den tuarastal airmheánach nó go dtí 50 % den mheántuarastal. Na tionchair a bheidh ann maidir leis an iomaíochas comhiomlán, meastar go mbeidh siad sin beag chomh maith. Anuas air sin, na sásraí feabhsaithe a bheidh ann maidir le pá a shocrú, ba cheart go maolóidís aon tionchar diúltach a bhféadfadh gnólachtaí a bheith thíos leis. Tá solúbthacht leordhóthanach sa phacáiste ionas go bhféadfadh na Ballstáit dálaí eacnamaíocha agus tionchair ar earnálacha, ar réigiúin agus ar FBManna ar leith a chur san áireamh.

    An tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ar an bhfostaíocht, meastar go bhfuil sé teoranta. Is éard a bheadh ann 0.5 % den fhostaíocht iomlán, sa chás ina méadódh na Ballstáit a bhfuil pá íosta reachtúil i bhfeidhm iontu, ina méadóidís an pá sin go dtí 60 % den tuarastal airmheánach nó go dtí 50 % den mheántuarastal. Na tairbhí a bhronnfadh na méaduithe ar an bpá íosta ar na hoibrithe lena mbaineann, bheidís i bhfad ní ba mhó ná an tionchar fostaíochta diúltach a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis na hoibrithe céanna.

    Cén difear a dhéanfar do ghnólachtaí, do FBManna agus do mhicrifhiontair?

    Is iad FBManna a fhostaíonn thart ar 87 % den lucht pá íosta (mar chomparáid, fostaíonn siad thart ar dhá thrian den lucht saothair ina iomláine). Maidir leis an difear a dhéanfar dóibh, meastar go mbeidh cion comhchosúil ann ó thaobh costais dhíreacha le haghaidh gnólachtaí. Méid an tionchair a bheidh ann maidir le FBManna, cinnfear é de réir na gcritéar náisiúnta lena sainítear leibhéal an phá íosta reachtúil. Méadú ar an bpá íosta reachtúil go dtí 60 % den tuarastal airmheánach nó go dtí 50 % den mheántuarastal i ngach tír a bhfuil pá íosta reachtúil i bhfeidhm inti, is éard a thiocfadh as sin méadú thart ar EUR 12 bhilliún ar ghlanchostais. Mar sin féin, na tionchair dhiúltachta a bhféadfadh FBManna a bheith thíos leo, meastar go mbeidís teoranta. Ar an gcéad dul síos, is dócha go mbeidh siad in ann costais saothair mhéadaithe a chur ar aghaidh chuig tomhaltóirí trí phraghsanna a mhéadú. Ar an dara dul síos, d’fhéadfadh sé go mbeadh éileamh níos mó ar a gcuid seirbhísí de bharr pá íosta méadaithe. Tionchair dhiúltachta ar FBManna a d’fhéadfadh a bheith ag costais mhéadaithe saothair, dhéanfaí iad a chúiteamh go páirteach tríd an bpá íosta a mhéadú de réir a chéile agus go hintuartha, rud a chuirfeadh feabhas ar an timpeallacht ghnó.

    An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta? 

    Leis na méaduithe ar an bpá íosta a chinnfear leis na critéir náisiúnta a shocrófar i gcomhréir leis an tionscnamh seo meastar go bhfeabhsófar comhardú buiséad poiblí (faoi bhun 0.1 % de OTI). An difear a dhéanfar don ualach riaracháin, meastar go mbeidh sé teoranta ós rud é go bhfuiltear ag díriú ar na hinstitiúidí agus na nósanna imeachta atá ann cheana a neartú.

    An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist? 

    Beidh tionchar ag gach pacáiste ar chearta bunúsacha. Meastar go dtacóidh siad leis an gcomhionannas inscne agus go gcabhróidh siad leis an mbearna phá idir na hinscní a laghdú ar an ábhar gur mná iad formhór an lucht pá íosta (thart ar 60 % san Aontas).

    D. Iarobair

    Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

    Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an tionscnamh cúig bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm i gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr. Déanfar faireachán ar an dul chun cinn i dtaca le cuspóirí an tionscnaimh a bhaint amach trí bhíthin sraith táscairí a bhaineann le cuspóirí an tionscnaimh.

    Top