Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0782

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le gnéithe áirithe den tsábháilteacht agus den nascacht iarnróid a mhéid a bhaineann leis an mbonneagar trasteorann a nascann an tAontas agus an Ríocht Aontaithe trí Nasc Seasta Mhuir nIocht

    COM/2020/782 final

    An Bhruiséil,27.11.2020

    COM(2020) 782 final

    2020/0347(COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le gnéithe áirithe den tsábháilteacht agus den nascacht iarnróid a mhéid a bhaineann leis an mbonneagar trasteorann a nascann an tAontas agus an Ríocht Aontaithe trí Nasc Seasta Mhuir nIocht


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    An 1 Feabhra 2020, tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Thug an tAontas an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach 1 (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’) i gcrích le Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle 2 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020. An idirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 126 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, ar lena linn a leanann dlí an Aontais d’fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 127 den chomhaontú sin, tiocfaidh deireadh leis an idirthréimhse an 31 Nollaig 2020.

    Le hAirteagal 10 den Chonradh idir Poblacht na Fraince agus an Ríocht Aontaithe maidir le tógáil agus oibriú Nasc Seasta Mhuir nIocht a dhéanann lamháltóirí príobháideacha a síníodh in Canterbury an 12 Feabhra 1986 (“Conradh Canterbury”), bunaíodh Coimisiún Idir-Rialtasach chun maoirseacht a dhéanamh ar gach ceist a bhaineann le tógáil agus oibriú Nasc Seasta Mhuir nIocht. Go dtí deireadh na hidirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar (“an idirthréimhse”), is é an Coimisiún Idir-Rialtasach an tÚdarás Náisiúnta Sábháilteachta de réir bhrí Threoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 3 . Sa cháil sin, cuireann sé forálacha de chuid dhlí an Aontais is ábhartha do shábháilteacht agus idir-inoibritheacht iarnróid i bhfeidhm ar Nasc Seasmhach Mhuir nIocht ina iomláine.

    Tar éis dheireadh na hidirthréimhse, mura bhforáiltear a mhalairt, ní bheidh feidhm ag dlí an Aontais a thuilleadh maidir leis an gcuid sin de Nasc Seasmhach Mhuir nIocht atá faoi dhlínse na Ríochta Aontaithe agus ní bheidh an Coimisiún Idir-Rialtasach ina údarás náisiúnta sábháilteachta faoi dhlí an Aontais a thuilleadh a mhéid a bhaineann leis an gcuid sin de Nasc Seasmhach Mhuir nIocht atá faoi dhlínse na Fraince. Na húdaruithe sábháilteachta le haghaidh bhainisteoir bonneagair Nasc Seasta Mhuir nIocht agus na deimhnithe sábháilteachta le haghaidh gnóthais iarnróid a oibríonn tríd an Nasc Seasta arna n‑eisiúint ag an gCoimisiún Idir-Rialtasach, ní bheidh siad bailí a thuilleadh.

    Le Cinneadh (AE) 2020/1531 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 , cumhachtaíodh an Fhrainc comhaontú idirnáisiúnta leis an Ríocht Aontaithe a chaibidliú, a shíniú agus a thabhairt i gcrích, is é sin comhaontú maidir le rialacha an Aontais i ndáil le sábháilteacht agus idir-inoibritheacht iarnróid a chur i bhfeidhm ar Nasc Seasta Mhuir nIocht, d’fhonn córas sábháilteachta aontaithe a choinneáil ar bun. Ní dócha, áfach, go dtiocfaidh comhaontú den sórt sin i bhfeidhm faoi dheireadh na hidirthréimhse.

    I bhfianaise na tábhachta eacnamaíche atá ag Nasc Seasta Mhuir nIocht don Aontas, tá sé fíor-riachtanach go leanfaidh Nasc Seasta Mhuir nIocht de bheith ag oibriú tar éis an 1 Eanáir 2021. Chun na críche sin, ba cheart an t‑údarú sábháilteachta a d’eisigh an Coimisiún Idir-Rialtasach do bhainisteoir bonneagair Nasc Seasta Mhuir nIocht ar bhonn Threoir 2004/49/CE 5 leanúint de bheith bailí go ceann tréimhse dhá mhí tar éis dheireadh na hidirthréimhse a leagtar síos sa Chomhaontú um Tharraingt Siar. Measann údaráis na Fraince gurb é seo an tréimhse ama atá ag teastáil chun a dhóthain ama a thabhairt d’Údarás Náisiúnta Sábháilteachta na Fraince a údarú féin a eisiúint le haghaidh na coda sin de Nasc Seasta Mhuir nIocht atá faoi dhlínse na Fraince. Measann an Coimisiún gurb é sin an uastréimhse sínidh ba cheart a dheonú go réasúnach chun na críche sin. Má thugtar comhaontú mar a beartaíodh le Cinneadh (AE) 2020/1531 i gcrích ag céim níos déanaí, d’fhéadfadh an Coimisiún Idir-Rialtasach údarú sábháilteachta aonair a eisiúint mar ionadú ar an údarú sábháilteachta a d’eisigh Údarás Náisiúnta Sábháilteachta na Fraince, ar choinníollacha nár mhór iad a bhunú.

    Thairis sin, na ceadúnais a eiseoidh an Ríocht Aontaithe faoi Threoir 2012/34/AE do ghnóthais iarnróid atá bunaithe ar a críoch roimh dheireadh na hidirthréimhse, ní bheidh siad bailí san Aontas tar éis an dáta sin.

    An 10 Samhain 2020, de bhun Airteagal 14(3) de Threoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, 6 thug Poblacht na Fraince fógra don Choimisiún go raibh rún aici dul i mbun caibidlíochta maidir le comhaontú trasteorann leis an Ríocht Aontaithe. Ba é cuspóir an chomhaontaithe sin cead a thabhairt do ghnóthais iarnróid atá bunaithe agus a bhfuil ceadúnas acu arna eisiúint ag an Ríocht Aontaithe, cead a thabhairt do na gnóthais sin úsáid a bhaint as an mbonneagar trasteorann a nascann an tAontas agus an Ríocht Aontaithe trí Nasc Seasta Mhuir nIocht chomh fada le Calais‑Fréthun, ar stáisiún agus críochfort trasnaithe teorann é, gan ceadúnas a fháil faoi Threoir 2012/34/AE ó údarás ceadúnúcháin de chuid an Aontais.

    Chun nascacht idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a áirithiú, tá sé fíor-riachtanach go leanfaidh na gnóthais iarnróid de bheith ag oibriú chomh fada le stáisiún trasnaithe teorann Calais‑Fréthun. Chuige sin, ba cheart síneadh naoi mí ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur le tréimhse bhailíochta na gceadúnas arna n‑eisiúint ag an Ríocht Aontaithe do na gnóthais sin faoi Threoir 2012/34/AE agus le tréimhse bhailíochta na ndeimhnithe sábháilteachta arna n‑eisiúint ag an Coimisiún Idir-Rialtasach dóibh. Is é sin an tréimhse ama a d’iarr údaráis na Fraince. Leis an síneadh sin, thabharfaí go leor ama chun comhaontú trasteorann idir an Fhrainc agus an Ríocht Aontaithe a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích faoi Airteagal 14 de Threoir 2012/34/AE, chun comhaontú mar a bheartaítear le Cinneadh (AE) 2020/1531 a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích agus chun aon bheart eile a dhéanamh dá bhforáiltear i ndlí an Aontais a mbeidh gá leis le suaitheadh a sheachaint. Leis an tréimhse sin, d’fhéadfaí na nósanna imeachta sin a thabhairt chun críche ina n‑iomláine, agus dá bhrí sin measann an Coimisiún gurb é an uastréimhse sínidh is féidir a dheonú go réasúnach. Mura dtabharfar an chaibidlíocht dhéthaobhach chun críche in am, beidh ar na gnóthais iarnróid i gceist ceadúnas ón Aontas a fháil faoi Threoir 2012/34/AE faoin dáta a scoirfidh an Rialachán seo d’fheidhm a bheith aige.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Tá an togra seo ceaptha a bheith ina lex specialis, lena rachfar i ngleic le cuid de na himpleachtaí a bheidh ann ós rud é nach mbeidh feidhm ag dlí an Aontais a thuilleadh maidir leis an Ríocht Aontaithe agus ós rud é, mura bhforáiltear a mhalairt, nach mbeidh na deimhnithe agus na húdaruithe arna n‑eisiúint ag an gCoimisiún Idir-Rialtasach bailí a thuilleadh faoi dhlí an Aontais ag deireadh na hidirthréimhse. Is amhlaidh atá i gcás ceadúnais oibríochta arna n‑eisiúint ag údarás ceadúnúcháin na Ríochta Aontaithe. Tá na téarmaí atá beartaithe teoranta go docht don mhéid is gá chuige sin, ionas nach gcuirfear isteach ar oibríochtaí trasteorann. Tá siad ceaptha freisin gan feidhm a bheith acu ach go ceann tréimhse ghairid. Leanfaidh forálacha ginearálta na ngníomhartha sin d’fheidhm a bheith acu cé is moite de sin. Ar an gcaoi sin tá an togra seo go hiomlán comhsheasmhach leis an reachtaíocht atá ann cheana.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Baineann an togra le sábháilteacht agus nascacht iarnróid, lena gcomhlánaítear Treoir (AE) 2016/798, treoir a cuireadh in ionad Threoir 2004/49/CE, agus lena gcomhlánaítear Treoir 2012/34/AE. Is é an rún atá ag an méid sin leanúnachas na seirbhísí iarnróid trasteorann leis an Ríocht Aontaithe a áirithiú tar éis dheireadh na hidirthréimhse.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Is é is bunús dlí don togra seo Airteagal 91(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

    Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

    Ós comhlánú é an togra ar an reachtaíocht de chuid an Aontais atá ann cheana agus go bhfuil forálacha ann lenar fusa iad a chur i bhfeidhm go hordúil tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar as an Aontas, is le gníomh ar leibhéal an Aontais amháin is féidir cuspóir an togra a ghnóthú.

    Comhréireacht

    Meastar go bhfuil an Rialachán atá beartaithe comhréireach mar gur féidir suaitheadh a sheachaint dá bharr, trí fhoráil a dhéanamh maidir le hathrú dlí atá teoranta agus riachtanach agus a chuimseoidh an gá leanúnachas seirbhísí iarnróid trasteorann leis an Ríocht Aontaithe a áirithiú. Ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú agus ní dhéantar aon athrú níos leithne ná aon bheart buan leis.

    An rogha ionstraime

    Sa togra seo tá sraith bheag forálacha chun dul i ngleic le cás an‑sonrach uathúil. Dá bhrí sin, níl sé iomchuí Treoir (AE) 2016/798 agus Treoir 2012/34/AE a leasú. Is fearr a fhreagraíonn an fhoirm seo do phráinn an cháis/an chomhthéacs, ós rud é go bhfuil an t‑am atá ar fáil roimh dheireadh na hidirthréimhse róghearr chun forálacha atá i dTreoir a thrasuí.

    I bhfianaise an mhéid sin, is cosúil gurb é Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an t‑aon chineál gnímh dlí a bheadh fónta.

    3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

    Ní infheidhme dó seo ós cás eisceachtúil sealadach aonuaire an cás arb éigean an togra seo a bheartú dá bharr.

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Maidir leis na dúshláin a eascraíonn as deireadh na hidirthréimhse a leagtar síos sa Chomhaontú um Tharraingt Siar, an gá atá le hullmhú a dhéanamh le haghaidh athruithe dosheachanta an 1 Eanáir 2021 agus bearta breise a d’fhéadfaí a bheartú, pléadh na nithe sin uile le hionadaithe na mBallstát agus leis na páirtithe leasmhara lena mbaineann i gcomhthéacs cruinnithe sonracha.

    Téama coiteann sna tuairimí a cuireadh i láthair ab ea an gá le hidirghabháil rialála chun leanúnachas na n‑oibríochtaí i Nasc Seasta Mhuir nIocht a áirithiú a luaithe a scoirfeadh dlí an Aontais d’fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe.

    Bailiú agus úsáid saineolais

    Rinneadh anailís dhlíthiúil agus theicniúil inmheánach ar an bhfaisnéis sin chun a áirithiú go sroichfear cuspóirí an togra leis na bearta a bheartaítear ann, ach tá sé teoranta san am céanna don mhéid a bhfuil fíorghá leis.

    Measúnú tionchair

    Ní gá measúnú tionchair a dhéanamh ó rud é gur cás eisceachtúil é agus gur beart gearrthéarmach atá beartaithe. Níl aon rogha bheartais ar fáil atá éagsúil ó thaobh ábhair agus dlí de, ach amháin an rogha atá beartaithe.

    Oiriúnacht rialála agus simpliú

    Neamhbhainteach.

    Cearta bunúsacha

    Níl aon tionchar ag an togra seo ar chur i bhfeidhm ná ar chosaint na gceart bunúsach.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Neamhbhainteach.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Ní infheidhme dó seo de bhrí gur beart gearrthéarmach atá ann.

    Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

    Neamhbhainteach.

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Tá feidhm ag an Rialachán atá beartaithe (Airteagal 1) maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)údaruithe sábháilteachta arna neisiúint ag an gCoimisiún Idir-Rialtasach faoi Airteagal 11 de Threoir 2004/49/CE do bhainisteoir bonneagair Nasc Seasta Mhuir nIocht;

    (b)deimhnithe sábháilteachta arna neisiúint ag an gCoimisiún Idir-Rialtasach faoi Airteagal 10 de Threoir 2004/49/CE do ghnóthais iarnróid atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe agus a úsáideann Nasc Seasta Mhuir nIocht;

    (c)ceadúnais arna neisiúint faoi Chaibidil III de Threoir 2012/34/AE do ghnóthais iarnróid atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe agus a úsáideann an bonneagar trasteorann a nascann an tAontas agus an Ríocht Aontaithe trí thollán Mhuir nIocht.

    In Airteagal 3, cuirtear síneadh dhá mhí le bailíocht na n‑údaruithe sábháilteachta atá ag an mbainisteoir bonneagair agus cuirtear síneadh naoi mí le bailíocht na ndeimhnithe sábháilteachta agus na gceadúnas atá ag na gnóthais iarnróid. Ina theannta sin, cuirtear síneadh ní mí le bailíocht na gceadúnas oibríochta arna n‑eisiúint faoi Threoir 2012/34/AE. Cuireann sé teorann le bailíocht na gceadúnas a leathnaítear ar an gcaoi sin chuig an gcríoch atá suite idir, ar thaobh amháin, an stáisiún agus críochfort trasnaithe teorann dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus ar thaobh eile, an Ríocht Aontaithe.

    Déantar foráil in Airteagal 4 go bhfuil na húdaruithe, na deimhnithe agus na ceadúnais sin faoi réir Threoir (AE) 2016/798 agus Threoir 2012/34/AE faoi seach agus san airteagal sin cuirtear de cheangal ar shealbhóirí na nithe sin comhoibriú le hÚdarás Náisiúnta Sábháilteachta na Fraince agus le húdarás ceadúnúcháin na Fraince, agus cuirtear de cheangal orthu an fhaisnéis is gá a chur ar fáil. Faoi Airteagal 5, ní mór d’Údarás Náisiúnta Sábháilteachta na Fraince agus d’údarás ceadúnúcháin na Fraince faireachán a dhéanamh chun go ndéanfaidh sealbhóirí na n‑údaruithe, na ndeimhnithe agus na gceadúnas sin dlí an Aontais a chomhlíonadh.

    Thairis sin, tugtar cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún maidir le tarraingt siar an tsochair arna thabhairt do shealbhóirí na ndeimhnithe, na n‑údaruithe agus na gceadúnas i gceist, i gcás nach n‑áirithítear go bhfuil ceanglais an Aontais á gcomhlíonadh.

    2020/0347 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le gnéithe áirithe den tsábháilteacht agus den nascacht iarnróid a mhéid a bhaineann leis an mbonneagar trasteorann a nascann an tAontas agus an Ríocht Aontaithe trí Nasc Seasta Mhuir nIocht

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 7 ,

    Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún 8 ,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1) ,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Thug an tAontas an Comhaontú maidir leis an Ríocht Aontaithe a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”) i gcrích le Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020. An 31 Nollaig 2020, tiocfaidh deireadh leis an idirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 126 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, ar lena linn a leanfaidh dlí an Aontais d’fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 127 den chomhaontú sin, an 31 Nollaig 2020.

    (2)Le hAirteagal 10 den Chonradh idir Poblacht na Fraince agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir le tógáil agus oibriú Nasc Seasta Mhuir nIocht a dhéanann lamháltóirí príobháideacha arna shíniú in Canterbury an 12 Feabhra 1986 ('Conradh Canterbury'), bunaíodh Coimisiún Idir-Rialtasach chun maoirseacht a dhéanamh ar gach ceist a bhaineann le tógáil agus oibriú Nasc Seasta Mhuir nIocht.

    (3)Go dtí deireadh na hidirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar, is é an Coimisiún Idir-Rialtasach an túdarás náisiúnta sábháilteachta de réir bhrí Threoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 9 . Sa cháil sin, cuirtear i bhfeidhm leis ó thaobh an Naisc Sheasmhaigh i Muir nIocht ina iomláine na forálacha de chuid dhlí an Aontais is ábhartha do shábháilteacht iarnróid agus, faoi Threoir (AE) 2016/797 10 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, d'idir-inoibritheacht iarnróid.

    (4)Tar éis dheireadh na hidirthréimhse, mura bhforáiltear a mhalairt, ní bheadh dlí an Aontais infheidhme a thuilleadh maidir leis an gcuid de Nasc Seasmhach Mhuir nIocht atá faoi dhlínse na Ríochta Aontaithe agus, a mhéid a bhaineann leis an gcuid sin de Nasc Seasmhach Mhuir nIocht atá faoi dhlínse na Fraince, ní bheadh an Coimisiún Idir-Rialtasach ina údarás náisiúnta sábháilteachta faoi dhlí an Aontais a thuilleadh. Scoirfidh an túdarú sábháilteachta le haghaidh bhainisteoir bonneagair Nasc Seasta Mhuir nIocht agus le haghaidh deimhnithe sábháilteachta maidir le gnóthais iarnróid a oibríonn trí Nasc Seasta Mhuir nIocht arna neisiúint ag an gCoimisiún Idir-Rialtasach de bhun Airteagal 11 agus Airteagal 10 faoi seach de Threoir 2004/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 de bheith bailí ón 1 Eanáir 2021.

    (5)Le Cinneadh (AE) 2020/1531 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 12 , cumhachtaíodh don Fhrainc comhaontú idirnáisiúnta a chaibidliú, a shíniú agus a thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe maidir le rialacha sábháilteachta agus idir-inoibritheachta iarnróid an Aontais a chur i bhfeidhm ar Nasc Seasta Mhuir nIocht chun córas sábháilteachta aontaithe a choimeád ar bun. Le Rialachán (AE) 2020/1530 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 13 , leasaíodh Treoir (AE) 2016/798 go háirithe maidir leis na rialacha a bhaineann le húdaráis náisiúnta sábháilteachta.

    (6)Ar bhonn na leasuithe sin agus faoi réir comhaontú mar a shamhlaítear i gCinneadh (AE) 2020/1531, agus faoi choinníollacha áirithe, d’fhéadfadh an Coimisiún Idir-Rialtasach leanúint de bheith ina údarás sábháilteachta aonair le haghaidh Nasc Seasta Mhuir nIocht ina iomláine agus, maidir leis an gcuid de Nasc Seasta Mhuir nIocht atá faoi dhlínse na Fraince, is é an túdarás náisiúnta sábháilteachta é de réir bhrí phointe (7) d’Airteagal 3 de Threoir (AE) 2016/798. Ní dócha, áfach, go mbeidh comhaontú mar a beartaíodh i gCinneadh (AE) 2020/1531 tagtha i bhfeidhm faoi dheireadh na hidirthréimhse.

    (7)Gan comhaontú den sórt sin, ón 1 Eanáir 2021 amach, ní cháileoidh an Coimisiún Idir-rialtasach a thuilleadh mar údarás náisiúnta sábháilteachta de réir bhrí Airteagal 3 pointe (7) de Threoir (AE) 2016/798, a mhéid a bhaineann leis an gcuid sin de Nasc Seasta Mhuir nIocht faoi dhlínse na Fraince. Scoirfidh údaruithe sábháilteachta agus deimhnithe sábháilteachta arna neisiúint ag an gCoimisiún Idir-Rialtasach de bheith bailí. Beidh údarás náisiúnta sábháilteachta na Fraince ina údarás náisiúnta sábháilteachta inniúil le haghaidh an chuid de Nasc Seasta Mhuir nIocht a bheidh faoi dhlínse na Fraince.

    (8)I bhfianaise a thábhachtaí atá Nasc Seasta Mhuir nIocht don Aontas ó thaobh na heacnamaíochta de, tá sé fíor-riachtanach go leanfaidh Nasc Seasta Mhuir nIocht de bheith ag oibriú tar éis an 1 Eanáir 2021. Chuige sin, ba cheart an túdarú sábháilteachta arna eisiúint ag an gCoimisiún Idir-rialtasach agus dá dtagraítear in aithris 4 leanúint de bheith bailí go ceann uastréimhse dhá mhí ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar leor é chun é a chur ar a chumas d’údarás sábháilteachta náisiúnta na Fraince a údarú sábháilteachta féin a eisiúint.

    (9)Ní bheidh na ceadúnais arna neisiúint faoi Chaibidil III de Threoir 2012/34/AE do ghnóthais iarnróid atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe bailí a thuilleadh ag deireadh na hidirthréimhse. An 10 Samhain 2020, de bhun Airteagal 14(3) de Threoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, 14 thug an Fhrainc fógra don Choimisiún go raibh sé ar intinn aici dul i mbun caibidlíocht maidir le comhaontú trasteorann leis an Ríocht Aontaithe. Is é cuspóir an chomhaontaithe sin a cheadú do ghnóthais iarnróid atá bunaithe agus ceadúnaithe sa Ríocht Aontaithe úsáid a bhaint as an mbonneagar trasteorann a nascann an tAontas agus an Ríocht Aontaithe trí nasc seasta Mhuir nIocht chomh fada le stáisiún agus críochfort trasnaithe teorann CalaisFréthun, gan ceadúnas a fháil faoi Threoir 2012/34/AE ó údarás ceadúnúcháin de chuid an Aontais.

    (10)Chun an nascacht idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a áirithiú, tá sé fíorthábhachtach go leanfaidh na gnóthais iarnróid dá dtagraítear in aithris 9 de bheith ag oibriú. Chuige sin, ba cheart síneadh a chur le tréimhse bhailíochta a gceadúnas arna neisiúint ag an Ríocht Aontaithe faoi Threoir 2012/34/AE agus le tréimhse bhailíochta a ndeimhnithe sábháilteachta arna neisiúint ag an gCoimisiún Idir-rialtasach ar feadh tréimhse naoi mí ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar tréimhse í is leor chun a chur ar a gcumas do na Ballstáit lena mbaineann na céimeanna is gá a ghlacadh chun nascacht a áirithiú i gcomhréir le Treoir 2012/34/AE, Treoir (AE) 2016/798 agus ar bhonn comhaontaithe mar a bheartaítear le Cinneadh (AE) 2020/1531, de réir mar a bheidh.

    (11)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis an sochar a tugadh do shealbhóirí na núdaruithe agus na gceadúnas deimhnithe a tharraingt siar, i gcás nach náiritheofar comhlíonadh cheanglais an Aontais. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) . Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun na bearta sin a ghlacadh, toisc an tionchair a d’fhéadfadh a bheith acu ar shábháilteacht iarnróid. Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, go néilítear amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne.

    (12)I bhfianaise na práinne atá i gceist le deireadh na hidirthréimhse dá dtagraítear thuas, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.

    (13)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon bearta sealadacha a leagan síos maidir le gnéithe áirithe den tsábháilteacht agus nascacht iarnróid i dtaca le deireadh na hidirthréimhse dá dtagraítear in aithris 1, a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

    (14)Ba cheart forálacha an Rialacháin seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith acu ón lá tar éis dheireadh na hidirthréimhse,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ábhar agus raon feidhme

    1.Leagtar síos leis an Rialachán seo forálacha sonracha, i bhfianaise dheireadh na hidirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 126 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, maidir le deimhnithe sábháilteachta áirithe agus údaruithe sábháilteachta áirithe arna neisiúint faoi Threoir 2004/49/CE agus maidir le ceadúnais áirithe le haghaidh gnóthais iarnróid arna neisiúint faoi Threoir 2012/34/AE, dá dtagraítear i mír 2.

    2.Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na deimhnithe, na húdaruithe agus na ceadúnais seo a leanas, a bheidh bailí ar an 31 Nollaig 2020:

    (a)údaruithe sábháilteachta arna neisiúint faoi Airteagal 11 de Threoir 2004/49/CE do bhainisteoirí bonneagair chun bonneagar trasteorann a nascann an tAontas agus an Ríocht Aontaithe trí thollán Mhuir nIocht a bhainistiú agus a oibriú;

    (b)údaruithe sábháilteachta arna neisiúint faoi Airteagal 10 de Threoir 2004/49/CE do gnóthais iarnróid arna mbunú sa Ríocht Aontaithe agus a úsáideann an bonneagar trasteorann a nascann an tAontas agus an Ríocht Aontaithe trí thollán Mhuir nIocht;

    (c)ceadúnais arna neisiúint faoi Chaibidil III de Threoir 2012/34/AE do ghnóthais iarnróid arna mbunú sa Ríocht Aontaithe agus a úsáideann bonneagar trasteorann a nascann an tAontas agus an Ríocht Aontaithe trí thollán Mhuir nIocht.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe comhfhreagracha i dTreoir 2012/34/AE agus i dTreoir (AE) 2016/798 agus ag na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh faoi na Treoracha sin agus faoi Threoir 2004/49/CE.

    Airteagal 3

    Bailíocht na n‑údaruithe sábháilteachta, na ndeimhnithe sábháilteachta agus na gceadúnas oibríochta

    3.Na húdaruithe sábháilteachta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2), beidh siad fós bailí go ceann dhá mhí ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    4.Na deimhnithe sábháilteachta dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 1(2), beidh siad fós bailí go ceann naoi mí ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ní bheidh siad bailí ach amháin chun an stáisiún trasnaithe teorann agus an críochfort dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a bhaint amach ón Ríocht Aontaithe nó chun imeacht ó na stáisiúin agus ó na críochfoirt sin go dtí an Ríocht Aontaithe.

    5.Leanfaidh ceadúnais dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 1(2) de bheith bailí go ceann naoi mí ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. De mhaolú ar Airteagal 23(1) de Threoir 2012/34/AE, ní bheidh na ceadúnais sin bailí ach amháin sa chríoch atá suite idir an stáisiún agus an críochfort trasnaithe teorann dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo agus an Ríocht Aontaithe.

    Airteagal 4

    Rialacha agus oibleagáidí maidir le deimhnithe sábháilteachta agus údaruithe sábháilteachta

    6.Deimhnithe sábháilteachta, údaruithe sábháilteachta agus ceadúnais a rialaítear le hAirteagal 3 den Rialachán seo, tá siad faoi réir na rialacha is infheidhme maidir leo i gcomhréir le Treoir 2012/34/AE agus le Treoir (AE) 2016/798 agus i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoi na Treoracha sin.

    7.Na sealbhóirí deimhnithe sábháilteachta, údaruithe sábháilteachta agus ceadúnas dá dtagraítear in Airteagal 1(2), agus, de réir mar is iomchuí, an túdarás a d’eisigh iad i gcás nach ionann é agus an tÚdarás Sábháilteachta Náisiúnta a bhfuil an bonneagar lonnaithe ar a chríoch san Aontas agus a dtagann an stáisiún agus an críochfort trasnaithe teorann a liostaítear san Iarscríbhinn faoina inniúlacht, comhoibreoidh siad leis an Údarás Náisiúnta Sábháilteachta sin agus cuirfidh siad an fhaisnéis agus na doiciméid ábhartha uile ar fáil dó.

    8.I gcás nach bhfuarthas an fhaisnéis nó na doiciméid sin faoi na sprioc-amanna arna leagan síos ar iarrataí arna ndéanamh ag an Údarás Sábháilteachta Náisiúnta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún, tar éis fógra a fháil ón Údarás Sábháilteachta Náisiúnta, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an sochar arna thabhairt don sealbhóir de bhun Airteagal 3 a tharraingt siar. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir le nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2).

    9.Cuirfidh sealbhóirí deimhnithe sábháilteachta, údaruithe sábháilteachta agus ceadúnas dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo an Coimisiún agus Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh ar an eolas gan mhoill faoi aon bheart a rinne údaráis inniúla sábháilteachta eile is féidir a bheith ag teacht salach ar oibleagáidí na núdarás sin faoin Rialachán seo, faoi Threoir 2012/34/AE nó faoi Threoir (AE) 2016/798.

    10.Sula dtarraingeoidh an Coimisiún siar na sochair arna dtabhairt don sealbhóir de bhun Airteagal 3, cuirfidh sé in iúl in am trátha don Údarás Sábháilteachta Náisiúnta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, don údarás a d'eisigh na deimhnithe sábháilteachta, na húdaruithe sábháilteachta agus na ceadúnais dá dtagraítear in Airteagal 1(2), agus do shealbhóirí na ndeimhnithe, na núdaruithe agus na gceadúnas sin, go bhfuil rún aige dul ar aghaidh leis an tarraingt siar sin agus tabharfaidh sé deis dóibh a dtuairimí a chur in iúl.

    11.Maidir leis na ceadúnais dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 1(2), chun críocha mhír (1) go mír (5) den Airteagal seo, tuigfear gurb ionann tagairtí d’Údarás Sábháilteachta Náisiúnta agus tagairtí d’údarás ceadúnúcháin a shainmhínítear i bpointe (15) d’Airteagal 3 de Threoir 2012/34/AE.

    Airteagal 5

    Faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh dhlí an Aontais

    12.Déanfaidh an tÚdarás Sábháilteachta Náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 4(2) faireachán ar na caighdeáin sábháilteachta iarnróid a chuirfear i bhfeidhm maidir le gnóthais iarnróid a úsáidfidh an bonneagar trasteorann dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2), agus a chuirfear i bhfeidhm maidir leis an mbonneagar trasteorann sin. Ina theannta sin, seiceálfaidh an tÚdarás Náisiúnta Sábháilteachta go gcomhlíonfaidh bainisteoirí bonneagair agus gnóthais iarnróid na ceanglais sábháilteachta a leagtar amach i ndlí an Aontais. I gcás inarb iomchuí, cuirfidh an tÚdarás Náisiúnta Sábháilteachta moladh ar fáil don Choimisiún agus do Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh go ngníomhódh an Coimisiún i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

    Déanfaidh an t‑údarás ceadúnúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4(2), i gcomhar le (6), den Rialachán seo faireachán féachaint an mbeifear ag leanúint de cheanglais Airteagail 19 go 22 de Threoir 2012/34/AE a chomhlíonadh i ndáil le gnóthais iarnróid atá ceadúnaithe ag an Ríocht Aontaithe dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 1(2) den Rialachán seo.

    13.I gcás ina mbeidh amhras a mbeidh údar leis ar an gCoimisiún nach bhfuil na caighdeáin sábháilteachta á gcur i bhfeidhm maidir le hoibriú na seirbhísí iarnróid trasteorann nó maidir le bonneagair atá faoi raon feidhme an Rialacháin seo nó maidir leis an gcuid sin den bhonneagar céanna atá sa Ríocht Aontaithe, nach bhfuil na caighdeáin sin i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de dhlí an Aontais, déanfaidh sé, gan moill mhíchuí, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an sochar arna thabhairt don sealbhóir de bhun Airteagal 3 a tharraingt siar. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2). Beidh feidhm aige sin mutatis mutandis i gcás ina mbeidh amhras a mbeidh údar leis ar an gCoimisiún i ndáil le comhlíonadh na gceanglas dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1.

    14.Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an tÚdarás Sábháilteachta Náisiúnta nó an túdarás ceadúnúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4(2) i gcomhar le (6), faisnéis a iarraidh ar na húdaráis inniúla ábhartha agus teorainn ama réasúnta a leagan síos. I gcás nach gcuirfidh na húdaráis inniúla ábhartha an fhaisnéis a iarradh ar fáil faoin sprioc-am atá leagtha síos, nó go gcuirfidh siad faisnéis neamhiomlán ar fáil, féadfaidh an Coimisiún, ach fógra a thabhairt don Údarás Sábháilteachta Náisiúnta nó don údarás ceadúnúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4(2) i gcomhar le (6) de réir mar is iomchuí, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an sochar arna thabhairt don sealbhóir de bhun Airteagal 3 a tharraingt siar. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2).

    15.Sula dtarraingeoidh an Coimisiún siar na sochair arna dtabhairt de bhun Airteagal 3, cuirfidh sé in iúl in am trátha don Údarás Sábháilteachta Náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 4(2), don údarás a d’eisigh na deimhnithe sábháilteachta, na húdaruithe sábháilteachta agus na ceadúnais dá dtagraítear in Airteagal 1(2), do shealbhóirí na ndeimhnithe, na núdaruithe agus na gceadúnas sin agus don Údarás Sábháilteachta Náisiúnta agus d’údarás ceadúnúcháin na Ríochta Aontaithe go bhfuil rún aige dul ar aghaidh leis an tarraingt siar sin agus tabharfaidh sé deis dóibh a dtuairimí a chur in iúl.

    Airteagal 6

    Comhairliúchán agus comhar

    16.Rachaidh údaráis inniúla na mBallstát i gcomhairle agus i gcomhar le húdaráis inniúla na Ríochta Aontaithe de réir mar is gá chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú.

    17.Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiúin, arna iarraidh sin orthu, gan moill mhíchuí, aon fhaisnéis a gheofar de bhun mhír 1 nó aon fhaisnéis eile is ábhartha chun an Rialachán seo a chur chun feidhme.

    Airteagal 7

    An coiste

    18.Tabharfaidh an coiste dá dtagraítear in Airteagal 51 de Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus an coiste dá dtagraítear in Airteagal 62 de Threoir 2012/34/AE cúnamh don Choimisiún. Beidh na coistí sin ina gcoistí de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    19.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.

    Airteagal 8

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    20.Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    21.Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

    22.Scoirfidh an Rialachán seo d’fheidhm a bheith aige ón 1 Deireadh Fómhair 2021.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    (1)    IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.
    (2)    Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 29, 31.1.2020, lch. 1).
    (3)    Treoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le sábháilteacht iarnróid, IO L 138, 26.5.2016, lch. 102.
    (4)    Cinneadh (AE) 2020/1531 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2020 lena gcumhachtaítear an Fhrainc chun comhaontú idirnáisiúnta lena ndéantar forlíonadh ar an gConradh idir an Fhrainc agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le tógáil agus oibriú Nasc Seasta Mhuir nIocht a dhéanann lamháltóirí príobháideacha a chaibidliú, a shíniú agus a thabhairt i gcrích, IO L 352, 22.10.2020, lch. 4.
    (5)    Treoir 2004/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sábháilteacht ar iarnróid an Chomhphobail agus lena leasaítear Treoir 95/18/CE ón gComhairle maidir le ceadúnú gnóthas iarnróid agus Treoir 2001/14/CE maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a leithdháileadh agus maidir le muirir a ghearradh i leith úsáid bonneagair iarnróid agus deimhniúchán sábháilteachta, IO L 164, 30.4.2004, lch. 44.
    (6)    Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid, IO L 343, 14.12.2012, lch. 32
    (7)    IO C , , lch. .
    (8)    IO C , , lch. .
    (9)    Treoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le sábháilteacht iarnróid (IO L 138, 26.5.2016, lch. 102).
    (10)    Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach, IO L 138, 26.5.2016, lch. 44.
    (11)    Treoir 2004/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sábháilteacht ar iarnród an Chomhphobail agus lena leasaítear Treoir 95/18/CE ón gComhairle maidir le ceadúnú gnóthas iarnróid agus Treoir 2001/14/CE maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a leithdháileadh agus maidir le muirir a ghearradh i leith úsáid bonneagair iarnróid agus deimhniúchán sábháilteachta, IO L 164, 30.4.2004, lch. 44.
    (12)    Cinneadh (AE) 2020/1531 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2020 lena gcumhachtaítear don Fhrainc comhaontú idirnáisiúnta lena ndéantar forlíonadh ar an gConradh idir an Fhrainc agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le tógáil agus Oibriú Nasc Seasta Mhuir nIocht a dhéanann lamháltóirí príobháideacha a chaibidliú, a shíniú agus a thabhairt i gcrích, IO L 352, 22.10.2020, lch.4.
    (13)    Rialachán (AE) 2020/1530 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Treoir (AE) 2016/798, a mhéid a bhaineann le rialacha sábháilteachta agus idir-inoibritheachta iarnróid a chur i bhfeidhm laistigh de Nasc Seasta Mhuir nIocht, IO L 352, 22.10.2020, lch. 1.
    (14)    Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid, IO L 343, 14.12.2012, lch. 32
    Top

    An Bhruiséil,27.11.2020

    COM(2020) 782 final

    IARSCRÍBHINN

    a ghabhann leis an

    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    maidir le gnéithe áirithe den tsábháilteacht agus den nascacht iarnróid a mhéid a bhaineann leis an mbonneagar trasteorann a nascann an tAontas agus an Ríocht Aontaithe trí Nasc Seasta Mhuir nIocht


    IARSCRÍBHINN

    Is é seo a leanas an stáisiún agus críochfort trasnaithe teorann dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4:

    AN FHRAINC

    Calais-Fréthun

    Top