Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0673

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear Timpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013

    COM/2020/673 final

    An Bhruiséil,28.10.2020

    COM(2020) 673 final

    2020/0306(COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena mbunaítear Timpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013

    {SEC(2020) 360 final} - {SWD(2020) 237 final} - {SWD(2020) 238 final} - {SWD(2020) 239 final}


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Bíonn an timpeallacht trádála idirnáisiúnta ag athrú i gcónaí. Tá rialacha nua á bhforchur ar bhonn leanúnach chun an ghluaiseacht earraí thar theorainneacha a rialáil agus chun sábháilteacht agus slándáil a áirithiú. Soláthraítear le Cód Custaim an Aontais 1 (UCC) an bunús dlí le haghaidh timpeallacht chustaim leictreonach nua-aimseartha. I gcomhréir le hAirteagal 3 de Chód Custaim an Aontais, cuirtear de chúram ar na húdaráis chustaim slándáil agus sábháilteacht an Aontais Eorpaigh agus na ndaoine atá ina gcónaí ann a áirithiú, agus an comhshaol a chosaint i ndlúthchomhar leis na húdaráis eile, i gcás inarb iomchuí, agus cothromaíocht a choinneáil ar bun idir rialuithe custaim agus éascú na trádála dlisteanaí san am céanna. Áirítear leis an ról custaim sin níos mó ná 60 gníomh dlí neamhchustaim de chuid an Aontais Eorpaigh 2 a fhorfheidhmiú ag teorainneacha seachtracha an Aontais maidir le beartais shonracha arna gcur in bhfeidhm i réimsí éagsúla, amhail sláinte agus sábháilteacht, an caomhnú comhshaoil, iascach agus talmhaíocht, faireachas margaidh agus comhlíonadh táirgí 3 , oidhreacht chultúrtha, i measc réimsí eile. Forchuirtear leis na gníomhartha sin oibleagáidí difriúla maidir le hallmhairiú, onnmhairiú nó idirthuras na n-earraí is íogaire, rud a dhéanann difear do thuairim agus 39.7 milliún dearbhú custaim gach bliain. Cruthaíonn siad oibleagáidí troma tuairiscithe do thrádálaithe lena n-éilítear, den chuid is mó, doiciméid bhreise seachas an dearbhú custaim.

    Le blianta beag anuas, tá borradh tagtha faoi thionscnaimh ‘ionaid ilfhreastail’ mar bhealach leis an gcóras imréitigh teorann laistigh den Aontas agus ar fud an Aontais a chuíchóiriú. Ní mór a thuiscint gur réiteach digiteach chun faisnéis leictreonach a mhalartú idir údaráis rialtais éagsúla, agus idir údaráis rialtais éagsúla agus oibreoirí eacnamaíocha é coincheap an ionaid ilfhreastail. In 2008, thug na Ballstáit agus an Coimisiún gealltanas chun timpeallacht chustaim leictreonach a chur chun cinn san Aontas Eorpach 4 trí fhéachaint le creat de sheirbhísí ionaid ilfhreastail a bhunú. Beartaíodh i nDearbhú na Veinéise 2014 5 plean gníomhaíochta forásach chun Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam a chur chun feidhme agus chun a chreat dlíthiúil a fhorbairt. Athdhearbhaíodh é seo in 2016 sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Dul chun cinn i ndáil le Forbairt a dhéanamh ar Aontas Custaim an Aontais Eorpaigh agus ar an Rialachas a Dhéantar air 6 inar fógraíodh pleananna an Choimisiúin chun comhréiteach inoibrithe i dtaca le Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam a fhorbairt agus a chruthú. Thacaigh Conclúidí ó Chomhairle ECOFIN an 23 Bealtaine 2017 leis an gcur chuige 7 . Sa Chéad Tuarascáil Dhébhliantúil ar Dhul chun cinn i ndáil le Forbairt a dhéanamh ar Aontas Custaim an Aontais Eorpaigh agus ar an Rialachas a Dhéantar air 8 , díríodh ar réimsí tosaíochta freisin a leagtar amach sna Conclúidí ón gComhairle agus fógraíodh inti plean an Choimisiúin chun leanúint de bheith ag obair chun Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam a bhaint amach.

    I gcomhréir leis na tosaíochtaí sin, sheol an Coimisiún tionscadal píolótach in 2015, Doiciméad Coiteann Iontrála Tréidliachta-Ionad Ilfhreastail AE maidir le Custam (CSW-CVED AE). Rinne Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim (AS TAXUD) agus an Ard-Stiúrthóireacht um Shláinte agus Sábháilteacht Bia (AS SANTE) an tionscadal a chomhriar chun an fíorú uathoibrithe a dhéanann údaráis chustaim de thrí fhoirmiúlachtaí rialála neamhchustaim a chuirtear isteach leis an dearbhú custaim mar fhianaise ar chomhlíonadh. Ghlac an riarachán custaim ó chúig cinn de na Ballstáit páirt ar dtús ar bhonn deonach sa tionscadal píolótach seo. Leis an tionscadal a tháinig i gcomharba air, Córas Malartaithe Deimhnithe an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam (CSW-CERTEX AE), leathnaíodh raon feidhme na gceanglas rialála agus chuir sé le feidhmiúlachtaí an tionscadail phíolótaigh 9 . Tá méadú tagtha ar líon na mBallstát atá rannpháirteach ó chúig cinn go dtí naoi gcinn, agus tá tuilleadh réimsí beartais á gcumhdach.

    D'éirigh le tionscadal píolótach CSW-CERTEX AE dul i ngleic leis an ngá atá ann le timpeallacht dhigiteach atá oiriúnach do na páirtithe leasmhara uile atá rannpháirteach i dtrádáil idirnáisiúnta a áirithiú. Trí réiteach láraithe a chur ar fáil, laghdaíodh leis an tionscadal píolótach sin an gá atá ag na Ballstáit rannpháirteacha a gcuid réiteach féin a fhorbairt, rud a chruthóidh barainneachtaí scála. Bhí tionchar an-dearfach ag an bpróiseas uathoibrithe chun comhlíonadh le ceanglais rialála neamhchustaim a fhíorú ar oibríochtaí gnó, go háirithe maidir le hualaí riaracháin a laghdú, leis an gcóir chomhionann idir oibreoirí eacnamaíocha agus leis an gcomhrac i gcoinne gníomhaíochtaí calaoiseacha. D'ainneoin gur éirigh leis, ní féidir tairbhí inmhianaithe an tionscadail phíolótaigh a bhaint amach gan na Ballstáit uile a bheith rannpháirteach. I roinnt Ballstát neamh-rannpháirteach, leanann údaráis inniúla custaim agus comhpháirtíochta de bheith ag obair ar bhonn ilroinnte, rud a chuireann bac suntasach ar phróiseas éifeachtúil imréitigh earraí. Is casta fós an scéal mar gheall ar thionscnaimh náisiúnta ionaid ilfhreastail atá ag teacht chun cinn atá scoite amach fós agus iad is saintréithe dóibh socruithe éagsúla atá bunaithe ar leibhéal na hailtireachta TF, na dtosaíochtaí agus na struchtúr costais atá ann cheana maidir le custam. Ní dócha go dtiocfaidh feabhas ar na fadhbanna atá ann cheana mura ndéanfaidh an tAontas Eorpach beart, mar, den chuid is mó, baineann na riachtanais rialála lena mbaineann le gluaiseacht earraí thar theorainneacha agus dá bhrí sin, ní mór iad a chomhlíonadh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. 

    De dheasca phaindéim COVID-19, tá sé níos tábhachtaí ná riamh creat níos láidre a bhunú le haghaidh an Aontais Chustaim agus comhlíonadh fhoirmiúlachtaí custaim agus neamhchustaim an Aontais Eorpaigh a éascú a thuilleadh chun tacú leis an téarnamh eacnamaíoch. Chuige sin, le digitiú méadaithe fhoirmiúlachtaí rialála custaim agus neamhchustaim de chuid an Aontais, foirmiúlachtaí is infheidhme maidir leis an trádáil idirnáisiúnta, cruthaítear deiseanna nua do na Ballstáit chun feabhas a chur ar an gcomhar digiteach. I gcomhréir le treoirlínte polaitiúla an Uachtaráin von der Leyen 10 , leagfar síos leis an togra seo na coinníollacha iomchuí maidir le comhar digiteach idir údaráis chustaim agus údaráis inniúla chomhpháirtíochta chun na gnéithe seachtracha a bhaineann le mórán beartas maidir leis an margadh inmheánach a chur chun feidhme i gceart agus chun an t-ualach riaracháin a bhaineann le trádáil a laghdú. Le gné amháin den chreat comhair dhigitigh seo, cuirtear dualgas ar údaráis rialála a chur ar chumas na n-oibreoirí eacnamaíocha sonraí custaim agus neamhchustaim an Aontais Eorpaigh a éilítear le haghaidh imréiteach earraí a chur isteach in ionad ilfhreastail. Éascóidh laghduithe ar dhúbláil, ar am agus ar an gcostas comhlíonta le haghaidh na n-oibreoirí eacnamaíocha as sin.

    An togra seo, is é an chéad chéim é maidir le plean gníomhaíochta níos leithne a chur chun feidhme 11 , plean a seoladh i mí Mheán Fómhair 2020 agus atá go hiomlán i gcomhréir le fís fhadtéarmach an Choimisiúin chun an tAontas a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad leibhéal eile. Athdhearbhaítear cur chuige den sórt sin sa Dara Tuarascáil Dhébhliantúil 2020 a ghabhann leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Aontas Custaim a Thabhairt ar aghaidh go dtí an Chéad Leibhéal Eile: an Plean Gníomhaíochta 12 .

    Agus aghaidh á tabhairt ar na fadhbanna sainaitheanta a dhéanann difear don phróiseas imréitigh earraí (go háirithe comhordú neamhleor agus idir-inoibritheacht ilroinnte idir údaráis chustaim agus údaráis inniúla chomhpháirtíochta), saothrófar trí chuspóir shonracha leis an togra:

    1.creat rialachais a shainiú le go mbeidh comhar feabhsaithe idir údaráis chustaim agus údaráis inniúla chomhpháirtíochta agus réitigh idir-inoibritheachta a fhorbairt 13 i gcás ina rachadh sé chun tairbhe agus i gcás inarb iomchuí;

    2.feabhas a chur ar an gcleachtas oibre idir na húdaráis rialála a bhfuil baint acu le trádáil idirnáisiúnta chun próisis atá níos uathoibríche, leictreonaí agus comhtháite a chumasú chun déileáil le himréiteach earraí; agus

    3.creat maidir le comhchuibhiú sonraí a chinneadh agus athúsáid sonraí a chumasú chun foirmiúlachtaí éagsúla a éilíonn na húdaráis chustaim agus neamhchustaim le haghaidh trádáil idirnáisiúnta.

    Bainfear na cuspóirí sin amach trí chur leis an tionscadal píolótach atá ann cheana, CSW-CERTEX AE, a d'fhorbair AS TAXUD, agus trína úsáid a dhéanamh éigeantach ar na Ballstáit uile trí bhunús dlí a bhunú. Leis sin, éascófar an chomhroinnt faisnéise agus forbrófar creat le haghaidh comhar digiteach idir údaráis chustaim agus údaráis inniúla chomhpháirtíochta maidir le roinnt foirmiúlachtaí rialála a ndéanann gach údarás inniúil comhpháirtíochta ábhartha i gcórais leictreonacha an Aontais Eorpaigh na sonraí a éilítear le haghaidh imréiteach earraí a sholáthar ina leith. Déanfar na naisc idir CSW-CERTEX AE agus córais leictreonacha de chuid an Aontais Eorpaigh a bheidh ann amach anseo lena ndéanfar bainistíocht ar na foirmiúlachtaí neamhchustaim a bhunú de réir a chéile a luaithe agus a bheidh reachtaíocht neamhchustaim an Aontais agus na gnéithe oibríochtúla i bhfeidhm. Chuirfeadh timpeallacht rialála a mbeadh lán-chomhtháthú déanta air san Aontas Eorpach tairbhí fadtéarmacha ar fáil don Aontas i réimsí éagsúla.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Tá an togra comhsheasmhach le haidhm UCC chun timpeallacht chustaim leictreonach nua-aimseartha a chur ar bun agus chun comhar digiteach idir custam agus na húdaráis rialtais éagsúla i réimsí beartais a chur chun cinn. Comhlánaíonn sé na tionscadail chuimsitheacha ríomh-chustaim a shonraítear i gClár Oibre Chód Custaim an Aontais 14 , agus tá sé i gcomhréir leis an bPlean Straitéiseach Ilbhliantúil maidir le Custam leictreonach (MASP-C), lena n‑áirithítear pleanáil oibríochtúil agus amlíne chur chun feidhme na dtionscadal ríomh-chustaim TF uile. 

    Is ar bhonn deonach amháin atá CSW-CERTEX AE, an tionscnamh is ábhartha de chuid an Choimisiúin sa réimse sin agus tá raon feidhme teoranta aige. Cuirfidh an togra leis an réiteach píolótach atá ann cheana agus beidh sé éigeantach do na Ballstáit uile sonraí a mhalartú maidir le roinnt foirmiúlachtaí rialála a soláthraíonn na Ballstáit uile an fhaisnéis imréitigh ábhartha ina leith i gcórais leictreonacha an Aontais Eorpaigh. Ní bhainfear amach tairbhí inmhianaithe an tionscadail seo i dtaca le gnóthachain éifeachtúlachta, forfheidhmiú agus laghdú calaoise agus earráidí ach amháin má tá na Ballstáit uile rannpháirteach.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Tá tábhacht ar leith ag baint le leithead an tionscnaimh a bheith i gcomhréir le beartais eile de chuid an Aontais Eorpaigh, a bhaineann le trádáil idirnáisiúnta agus atá dírithe ar chustam agus ar réimse leathan foirmiúlachtaí rialála neamhchustaim a éilítear le haghaidh earraí a allmhairiú, a onnmhairiú nó le haghaidh idirthuras earraí. Mar a leagtar amach sa chéad chuid, is é is aidhm le beartas ardleibhéil de chuid an Aontais Eorpaigh Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam a bhunú i gcomhréir le clár oibre níos leithne an Choimisiúin chun an digitiú a mhéadú agus próisis imréitigh a shimpliú. Laistigh den chreat sin, leanfadh Timpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam cuspóirí Phlean Gníomhaíochta Ríomhrialtais an Aontais Eorpaigh 2016-2020 15 , lena bhféachtar le héifeachtúlacht na seirbhísí poiblí a mhéadú trí dheireadh a chur leis na bacainní digiteacha atá ann cheana, trí ualaí riaracháin a laghdú agus trí cháilíocht na n-idirghníomhaíochtaí idir riaracháin náisiúnta a fheabhsú. Tá an tionscnamh comhsheasmhach freisin le Dearbhú Thaillinn 16 , ina leagtar amach cuspóirí maidir leis an rialáil dhigiteach mar réamhshocrú i gcás idirghníomhaíochtaí idir an pobal i gcoitinne agus gnólachtaí agus maidir le prionsabal na haonuaire 17 agus prionsabal na hidir-inoibritheachta mar réamhshocrú. Forbairt shuntasach a bhí i Rialachán eIDAS maidir leis sin 18 , lenar bunaíodh struchtúr dlíthiúil nua le haghaidh sainaithint leictreonach, ríomhshínithe, ríomhshéalaí agus doiciméid leictreonacha ar fud an Aontais Eorpaigh.

    Tá tionscnaimh ghaolmhara bhreise á mbunú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chun acmhainn fáis an gheilleagair dhigitigh a uasmhéadú i gcomhréir leis an bhfís níos leithne atá sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú 19 chun claochlú digiteach agus idir-inoibritheacht na riarachán poiblí ar fud an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn. Mar shampla, sa Rialachán Cur Chun Feidhme maidir leis an gcóras bainistíochta faisnéise le haghaidh rialuithe oifigiúla 20 , luaitear go sonrach Timpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam mar an creat iomchuí le haghaidh comhair agus comhroinnt faisnéise gan uaim idir custam agus na húdaráis rialtais atá freagrach as comhlíonadh na gceanglas rialála is infheidhme maidir le réimse beartais i dtaca le sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus sláinte plandaí. Le gníomhartha dlíthiúla eile, tugtar aghaidh ar Thimpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam mar chomhéadan a d’fhéadfadh a bheith ann idir na córais TF atá ann cheana. Go háirithe, tagraítear i Rialachán (AE) 2019/1020 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí 21 d'úsáid dheonach Thimpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam chun sonraí a mhalartú idir custam agus na húdaráis um fhaireachas margaidh le linn an phróisis imréitigh custaim. Ní thagann na malartuithe sin faoi raon feidhme an tionscadail seo lena chumhdaítear úsáid éigeantach CSW-CERTEX AE ag na Ballstáit uile.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Soláthraítear le hAirteagail 33, 114 agus 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh 22 (CFAE) bunús dlí an Aontais Eorpaigh chun gníomhú. Le hAirteagail 33 agus 114 CFAE, tugtar de cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle bearta a ghlacadh chun comhar custaim idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún a neartú chun feidhmiú cuí an mhargadh inmheánaigh a áirithiú. Go háirithe, féachann an togra le cur chun feidhme cuí na ngnéithe seachtracha de réimse leathan beartais maidir leis an margadh inmheánach a áirithiú. Cuireann Airteagal 207 CFAE leis an mbonn go bhfuil níos mó i gceist le raon feidhme an tionscnaimh ná comhar idir údaráis chustaim agus éascú trádála agus cosaint i gcoinne trádáil neamhdhleathach a áireamh mar ghné thábhachtach den bheartas trádála. Is iad na trí Airteagal CFAE sin bunús dlí UCC, a leasaítear tríd an ngníomh seo.

    Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

    De dheasca leagan amach casta rialála agus tabhairt isteach leanúnach na rialacha nua lena rialaítear ceanglais rialála maidir le himréiteach earraí, ní leor an comhordú agus an idir-inoibritheacht ilroinnte idir custam agus na húdaráis inniúla atá i gceannas ar na ceanglais sin. Ní leis an Aontas Custaim amháin a bhaineann sé sin, ach baineann sé leis an margadh inmheánach thar raon de réimsí beartais a bhaineann le hoibríochtaí trasteorann a rialaítear i gcomhréir le dlí an Aontais. De dheasca fadhbanna sin a bheith trasnáisiúnta ó nádúr, teorannófar na buntáistí a bhaineann leis an digitiú de réir a chéile agus nuachóiriú na bpróiseas a bhaineann le himréiteach earraí sonracha faoi réir cheanglais rialála neamhchustaim an Aontais Eorpaigh i réimsí éagsúla beartais. Ina theannta sin, is beag tionscnaimh náisiúnta a bheidh ann de dheasca srianta ar acmhainní, agus ní bheidh an borradh céanna faoin réiteach píolótach deonach, CSW-CERTEX AE, mura leanfaidh gníomhaíocht éigeantach é. Dá bhrí sin, is maith mar atá an tAontas Eorpach in ann gníomhaíocht chomhordaithe a dhéanamh, ilroinnt a laghdú agus barainneachtaí scála a chruthú, go háirithe i bhfianaise go bhfuil sé freagrach as an Aontas Custaim agus cur i bhfeidhm éifeachtach rialacha sa mhargadh inmheánach.

    Is féidir cuspóirí an togra a chur i gcrích níos fearr ar leibhéal an Aontais Eorpaigh ar chúiseanna éagsúla. Le réiteach lárnach (CSW-CERTEX AE) chun comhar digiteach a éascú agus malartuithe faisnéise idir timpeallachtaí an ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam agus córais neamhchustaim an Aontais, mar aon leis an digitiú méadaithe ar fhoirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais, beidh custam idir-inoibritheach agus réimsí neamhchustaim ann mar thoradh air, laghdófar ualaí riaracháin na bpáirtithe leasmhara lena mbaineann agus cruthófar barainneachtaí scála suntasacha. Táthar ag súil go mbeidh tairbhí díreacha ag baint le gníomhaíocht an Aontais Eorpaigh maidir le foirmiúlachtaí rialála inar féidir líon na n-earraí údaraithe a roinnt idir roinnt dearbhuithe custaim trí bhainistíocht uathoibrithe cainníochta a thabhairt isteach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.

    Cuirfidh gníomhaíocht an Aontais Eorpaigh sa réimse sin feabhas ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh tríd an bhforfheidhmiú a dhéanann údaráis chustaim ar cheanglais neamhchustam an Aontais Eorpaigh a fhorchuirtear ar an trádáil idirnáisiúnta earraí a chur chun cinn agus a chomhchuibhiú. Leis sin, thabharfaí breisluach soiléir don idirghníomhaíocht idir údaráis chustaim agus údaráis inniúla chomhpháirtíochta agus na hoibreoirí eacnamaíocha. Ar deireadh, cruthófar le hidirghabháil an Aontais tionchair eacnamaíocha dearfacha trí bhíthin éifeachtúlacht mhéadaithe agus éascú trádála, agus tairbhí sóisialta agus comhshaoil mar gheall ar chomhordú feabhsaithe agus bainistiú riosca ag an teorainn. Mar thoradh air sin, is fearr a chomhlíonfar agus a fhorfheidhmeofar ceanglais neamhchustaim an Aontais atá ceaptha chun sláinte agus sábháilteacht an phobail a chosaint agus feabhsófar an tslándáil agus cosnófar leas ainmhithe agus an comhshaol ar fud an Aontais Eorpaigh.

    Comhréireacht

    I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, tá raon feidhme an togra seo teoranta d’fhoirmiúlachtaí rialála neamhchustaim a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh, a bhfuil córas leictreonach de chuid an Aontais i bhfeidhm ina leith, chun faisnéis ábhartha a éilíonn na húdaráis chun comhlíonadh na mbeart faoi seach a fhíorú. Tá gá le hidirnascadh na gcóras sin le timpeallachtaí an ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam trí CSW-CERTEX AE agus leis na malartuithe faisnéis digití a leagtar síos sa togra chun forfheidhmiú comhsheasmhach na bhfoirmiúlachtaí rialála sin ar fud an Aontais Eorpaigh a fheabhsú agus a áirithiú. Is fíor sin go háirithe sa chás ina gceadaítear leis an reachtaíocht cainníochtaí údaraithe earraí a roinnt thar iliomad dearbhuithe custaim is féidir a thaisceadh ar fud an Aontais Eorpaigh, nó ina gcuirtear cosc ar allmhairiú nó onnmhairiú earraí faoi réir cuótaí tar éis dóibh tairseach áirithe a bhaint amach. Cé gur gá d’údaráis chustaim na cainníochtaí a úsáideadh le linn na coinsíneachtaí roimhe sin a imréiteach, tá na seiceálacha láimhe fadálach agus níl siad cruinn go leor. Ní féidir feabhas a chur ar na fadhbanna sin gan gníomhaíocht nua ón Aontas Eorpach, de dheasca go mbaineann siad le foirmiúlachtaí an Aontais Eorpaigh i bpáirt. Ina theannta sin, tá gá leis na rialacha dá bhforáiltear sa togra seo chun timpeallachtaí an ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam a chomhchuibhiú chun cothrom iomaíochta a bhaint amach d’oibreoirí eacnamaíocha i gcomhlíonadh na gceanglas rialála lena mbaineann. De réir mar a fuarthas amach sa Doiciméad Inmheánach Oibre maidir leis an Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair, tá na costais a bhaineann leis na bearta atá beartaithe i gcomhréir leis na cuspóirí beartais atá le baint amach.

    An rogha ionstraime

    Is é Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an rogha ionstraime lena n‑áiritheofar go gcuirfear comhlíonadh rialála i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar fud an Aontais.

    3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

    Ní bhaineann le hábhar

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Bailíodh aiseolas ó na páirtithe leasmhara seo a leanas:

    Údaráis chustaim na mBallstát;

    Údaráis inniúla chomhpháirtíochta (i.e. údaráis inniúla chomhpháirtíochta nó gníomahireachtaí an Choimisiúin agus na mBallstát) a bhraitheann ar chustam chun a mbeartais ag an teorainn a rialú nó a chur chun feidhme. Áirítear orthu sin údaráis tréidliachta, sláintíochta, fíteashláintíochta, talmhaíochta agus iascaigh, chomhshaoil agus chógaisíochta;

    Oibreoirí eacnamaíocha a bhíonn ag déileáil le gluaiseacht earraí trasteorann, bíodh sin mar chuideachtaí aonair nó cuideachtaí a ndéanann comhlachais trádála agus ghnó náisiúnta, Eorpacha agus/nó idirnáisiúnta ionadaíocht orthu, lena n-áirítear monaróirí, gnólachtaí allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin, cuideachtaí loingseoireachta, oibreoirí calafoirt agus aerfoirt, etc.;

    Eagraíochtaí idirnáisiúnta trádála agus custaim amhail Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE), an Eagraíocht Dhomhanda Chustaim (EDC) agus an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT);

    Grúpaí leasmhara eile amhail an lucht acadúil/taighdeoirí, comhairleoirí gairmiúla agus an pobal i gcoitinne.

    Rinneadh gníomhaíochtaí chuimsitheacha comhairliúcháin phoiblí agus spriocdhírithe agus cuireadh na sonraí san áireamh sa tuarascáil maidir leis an measúnú tionchair. Seoladh an comhairliúchán poiblí an 9 Deireadh Fómhair 2018 agus bhí sé ar siúl go dtí an 17 Eanáir 2019. Cuireadh ceistneoir ar fáil ar líne i dteangacha oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh 23 , ina raibh 24 cheist dírithe ar phróifíl na bhfreagróirí, ar an taithí a bhí acu ar oibríochtaí trasteorann, agus ar a gcuid tuairimí maidir leis na bearta beartais féideartha. Foilsíodh achoimre ar an gcomhairliúchán ar shuíomh gréasáin Europa 24 . Léiríodh sa chomhairliúchán go raibh comhaontú forleathan ann maidir leis na fadhbanna a sainaithníodh atá ann cheana agus lena thromchúisí atá siad agus ba dhíol sásaimh dó go bhféadfadh gníomhaíocht an Aontais Eorpaigh dul i ngleic leis na fadhbanna sin. Fuarthas 371 fhreagra bailí san iomlán agus, den chuid is mó, is ag déanamh ionadaíochta do ghnólachtaí a bhí siad. Mheas os cionn 90 % de na freagróirí go raibh na cuspóirí féideartha a bhaineann le tionscnaimh nua tábhachtach. Bhíothas ag súil go mbeidh tionchar an-dearfach ag na hathruithe atá beartaithe a eascróidh as gníomhaíocht nua an Aontais Eorpaigh ar oibríochtaí gnó, go háirithe maidir le hualaí riaracháin a laghdú, leis an gcóir chomhionann d'oibreoirí eacnamaíocha agus leis an gcomhrac i gcoinne gníomhaíochtaí calaoiseacha.

    Rinneadh cuid mhór den bhailiú sonraí faoi chuimsiú ghrúpa tionscadail Custam 2020 chun staidéar a dhéanamh ar chreat féideartha chun Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam a fhorbairt do Chustam lena n-áirítear an comhthéacs dlíthiúil. Lean an grúpa tionscadail, a seoladh i mí na Nollag 2016, de bheith ag teacht le chéile go rialta go dtí Meitheamh 2019, ag cur saineolas na dtoscairí custaim agus TF ó riarachán 19 mBallstát agus seisear ionadaithe ó chomhlachais trádála le chéile. Go príomha, rinne an grúpa tionscadail anailís agus plé ar shaincheisteanna agus ar threochtaí a bhaineann le coincheap an ionaid ilfhreastail ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar an leibhéal náisiúnta chun measúnú a dhéanamh ar an mbearna atá ann idir an staid reatha nach mór do lucht riaracháin agus oibreoirí eacnamaíocha aghaidh a thabhairt uirthi agus a bhfuil i ndán dó amach anseo. I measc a dtáirgí insoláthartha, d'oibrigh an grúpa tionscadail i ndlúthchomhar le chéile chun sainiú na faidhbe agus na cuspóirí beartais agus na roghanna beartais a tugadh chun cinn mar chuid den tuarascáil ar an measúnú tionchair a fhorbairt.

    Bailíodh sonraí breise freisin ag seimineár ardleibhéil maidir le Timpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam arna óstáil ag Uachtaránacht na Rómáine i mBealtaine 2019 le rannpháirtíocht na bainistíochta sinsearaí ó riaracháin náisiúnta chustaim, ó thíortha is iarrthóirí, ó ionadaithe ó chomhlachais trádála agus ó phríomhchainteoirí ó Roinn Cosanta Teorann agus Custaim na Stát Aontaithe agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta. Reáchtáladh sraith ceardlann chun aghaidh a thabhairt ar a ábhartha agus atá na roghanna beartais sa chomhthéacs idir rialtais agus sa chomhthéacs idir gnólachtaí agus rialtais agus rinneadh pobalbhreitheanna neamhfhoirmiúil chun aiseolas a fháil faoi na roghanna beartais a sainaithníodh.

    Bailiú agus úsáid saineolais

    Leis na gníomhaíochtaí comhairliúcháin, ceadaíodh sonraí cáilíochtúla agus cainníochtúla a bhailiú, sonraí a próiseáladh agus a ndearnadh anailís orthu go córasach trí úsáid a bhaint as teicnící iomchuí. Rinneadh athbhreithniú agus anailís ar shonraí cáilíochtúla (lena n-áirítear freagraí agallaimh) ó dhearcthaí difriúla agus cuireadh i láthair iad i bhfoirm insinte. Rinneadh sonraí cainníochtúla (lena n-áirítear freagraí ó shuirbhéanna agus figiúirí arna soláthar ag páirtithe leasmhara) a phróiseáil trí Excel a úsáid, agus rinneadh anailís orthu trí úsáid a bhaint as modhanna staitistiúla mar atá áireamh minicíochta, crostháblaí agus treochtaí simplí. Cuireadh na torthaí i láthair mar tháblaí, cairteacha agus graif.

    Measúnú tionchair

    Ullmhaíodh tuarascáil maidir leis an measúnú tionchair 25 chun bonn eolais a chur faoi chinneadh an Choimisiúin maidir leis an rogha beartais tosaíochta le haghaidh an togra agus chun cuidiú lena chur chun feidhme. Thacaigh grúpa stiúrtha idirsheirbhíse inar ghlac Ard-Stiúrthóireachtaí ábhartha an Choimisiúin (ASanna) páirt leis an obair ullmhúcháin. Chuir Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim atá freagrach an measúnú tionchair chuig an mBord um Ghrinnscrúdú Rialála an 13 Márta 2020 le haghaidh measúnú cáilíochta. Tar éis chruinniú an 29 Aibreán 2020, d'eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhiúltach an 5 Bealtaine 2020, inar moladh roinnt réimsí ina bhféadfaí feabhas breise a dhéanamh. Orthu sin bhí fís an tionscnamh a chur i dtuiscint a thuilleadh, anailís níos iomláine a fhorbairt ar na roghanna beartais (go háirithe i gcás bunachair sonraí náisiúnta láraithe), agus réasúnú a chur leis an rogha a cuireadh i leataobh lena gcumhdaítear pointe iontrála aonair ar leibhéal an Aontais Eorpaigh le haghaidh na bhfoirmiúlachtaí rialála uile, agus ina mínítear an chaoi a ndearnadh na critéir bhreithiúnais a ualú i gcoinne na hanailíse tionchair. Cuireadh an tuarascáil athbhreithnithe isteach arís an 18 Meitheamh 2020 agus d’eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach an 15 Iúil 2020 ina leith. Ar na moltaí deiridh i gcomhair feabhas a chur, bhí aghaidh a thabhairt ar na héiginnteachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann i dtorthaí na hanailíse ar an nglantairbhe agus tuairimí na ngrúpaí páirtithe leasmhara maidir leis na roghanna inmharthana a chomhtháthú isteach sna critéir mheasúnaithe.

    Baineann an measúnú tionchair le fianaise ó réimsí leathan foinsí, a ndearnadh anailís orthu trí úsáid a bhaint as na gnáthmhodhanna i ndáil le taighde sóisialta agus eacnamaíoch. Sainaithníodh ocht rogha beartais a thagann faoi thrí chatagóir leathana, a d’fhéadfaí a phacáistiú chun rogha beartais a dhéanamh:

    •       Catagóir I (roghanna 1-4; meascán de roghanna féideartha): roghanna idir rialtais chun comhroinnt faisnéise agus comhar digiteach idir údaráis chustaim agus údaráis inniúla comhpháirtíochta a éascú. Tá raon feidhme éagsúil ag gach rogha. Le rogha 1, tá CSW-CERTEX AE éigeantach agus cumhdaítear inti ceanglais rialála an Aontais Eorpaigh a bhfuil faisnéis ábhartha a bhaineann le custam ar fáil ina leith ar leibhéal an Aontais Eorpaigh do na Ballstáit uile, rud a chuireann feidhmiúlacht bainistíochta cainníochta uathoibríoch ar fáil. Le rogha 2, cumhdaítear ceanglais rialála an Aontais Eorpaigh a bhfuil faisnéis ar fáil ina leith ar an leibhéal náisiúnta. Le rogha 3, cumhdaítear ceanglais rialála, agus le Rogha 4, cumhdaítear doiciméid tríú tír.

    •       Catagóir II (roghanna 5-7; níl ach rogha amháin féideartha ann): roghanna idir gnólachtaí agus rialtais, comhar atá dírithe ar fheabhas a chur ar idirghníomhaíochtaí na n-oibreoirí eacnamaíocha leis na húdaráis. Le Rogha 5, bunaítear comhthairseach chun foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais a bhainistiú. Bunaítear le Rogha 6 ionaid ilfhreastail ar an leibhéal náisiúnta chun pointí iontrála aonair comhchuibhithe a chur ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha chun foirmiúlachtaí custaim agus neamhchustaim a chomhlíonadh. Le rogha 7 cuirtear pointe iontrála aonair ar bun ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chun ceanglais chustaim agus neamhchustaim a chomhlíonadh.

    •       Catagóir III (rogha 8): rogha thrasghearrtha chun cuíchóiriú a dhéanamh ar an gcaoi a sainaithníonn na húdaráis chustaim agus na húdaráis inniúla chomhpháirtíochta oibreoirí eacnamaíocha. Bheadh sé ag brath ar úsáid leathnaithe an chórais cláraithe agus aitheantais oibreoirí eacnamaíochta (EORI) atá ann cheana, le haghaidh clárúchán agus bailíochtú (8i) nó le haghaidh bailíochtú (8ii), agus sin amháin.

    Coinníodh roghanna 1, 2, 6, 7 agus 8(ii) le haghaidh mionanailíse bunaithe ar chleachtadh scagtha. San anailís tionchair, sainaithníodh tionchair den chineál céanna i gcás na roghanna uile. I measc na dtionchar eacnamaíoch díreach, bheadh costais cur chun feidhme aonuaire agus costais athfhillteacha, agus coigiltis de bharr ualaí riaracháin laghdaithe le haghaidh na bpáirtithe leasmhara uile lena mbaineann. Tríd an gcomhar a fheabhsú agus an chomhroinnt faisnéise idir na húdaráis atá freagrach as imréiteach earraí a éascú, d’fhéadfaí feabhas a chur ar na próisis a bhaineann leis an mbainistiú riosca agus laghdófaí cásanna calaoise agus earráide daonna freisin. Dá réir sin, chruthófaí comhlíonadh agus forfheidhmiú níos fearr maidir leis an reachtaíocht neamhchustaim, agus tairbhí sóisialta agus comhshaoil gaolmhara.

    Cuireadh pacáistí éagsúla roghanna i gcomparáid lena chéile i dtaca le héifeachteacht (i.e. ceanglais rialála ábhartha a fhorfheidhmiú agus trádáil a éascú), le héifeachtúlacht, le comhleanúnachas le beartais eile agus le comhréireacht chun an rogha tosaíochta a shainaithint. Léiríodh leis sin go bhfuarthas na tairbhí is mó ó phacáistí lena n-áirítear roghanna chatagóir I agus chatagóir II, agus go gcuireann rogha 8(ii) go hincriminteach le haon phacáiste. Measadh go raibh Rogha 1 agus Rogha 6 cost-éifeachtach, comhleanúnach agus comhréireach, agus bhí fadhbanna ag baint le roghanna 2 agus (go háirithe) 7 i dtaca leis sin mar gheall ar a gcastacht agus a gcostais arda. Dá bhrí sin, is é rogha 1+ 6+ 8(ii) an pacáiste tosaíochta.

    Oiriúnacht rialála agus simpliú

    Ní bhaineann le hábhar

    Cearta bunúsacha

    Cuideoidh cur chun feidhme comhchuibhithe reachtaíocht an Aontais Eorpaigh i réimse an chomhlíonta rialála le cóir chomhionann a ráthú maidir le hoibreoirí eacnamaíocha ar fud an Aontais Eorpaigh, agus le feabhas a chur ar thrédhearcacht na ngníomhaíochtaí custaim ábhartha ag an am céanna. Tá sonraí íogaire pearsanta agus tráchtála sna foirmiúlachtaí custaim. Le haon cheanglas maidir le sonraí gnó agus teicniúla faoin tionscnamh, áiritheofar cumhdach leathan maidir le próiseáil sonraí pearsanta mar cheart bunúsach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 26 agus Rialachán (AE) 2018/1725 27 .

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Áirítear sa ráiteas airgeadais faoi iamh na hacmhainní airgeadais agus daonna a éilítear.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh socruithe i bhfeidhm chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú Thimpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam. Beidh monatóireacht rialta ag brath a mhéid is féidir ar fhoinsí ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, amhail tuarascálacha imdhealaithe ar Fheidhmíocht an Aontais Custaim agus ar ghnó a bhaineann le CSW-CERTEX AE agus ar tháirgí insoláthartha agus staitisticí TF. Rachfar i gcomhairle le riaracháin chustaim náisiúnta lena chinneadh an bhféadfar foinsí eile a úsáid agus a mhéid a bhféadfar a n-úsáid.

    Faoin 31 Nollaig 2027 agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le feidhmiú Thimpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam, lena n-áirítear meastóireacht fhoriomlán ar chóras CSW-CERTEX AE. Ó tharla nach bhfuil roinnt eilimintí den chomhar digiteach curtha i bhfeidhm ina n-iomláine tráth na céad meastóireachta, leagfar béim ar mheasúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn, réimsí a bhféadfaí feabhas a chur orthu a shainaithint agus moltaí a dhéanamh don am atá le teacht. Beidh cur chuige níos suimithí i gceist leis an dara meastóireacht. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar fheidhmiú Thimpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam i bhfianaise an chomhair fheabhsaithe dhigitigh idir údaráis chustaim agus údaráis inniúla chomhpháirtíochta a bhfuil baint acu le himréiteach earraí chun próisis shimplithe le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha agus forfheidhmiú éifeachtúil fhoirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais a áirithiú. 

    Táthar ag súil go mbaileoidh córas CSW-CERTEX AE táscairí faireacháin, nuair is féidir, ar bhonn leanúnach. Chun críocha meastóireachta, cuirfear staitisticí bliantúla i dtoll a chéile agus déanfar comparáid orthu idir na blianta ó cheann go chéile. I gcás inar féidir, is féidir comparáid a úsáid leis an gcás bonnlíne a tugadh mar threocht nó meán na dtrí bliana roimh an teacht i bhfeidhm.

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Baineann an struchtúr seo a leanas le togra an Rialacháin:

    Caibidil I - Forálacha Ginearálta

    Leagtar amach i gCaibidil I na forálacha ginearálta a ghabhann leis an Rialachán seo, lena n-áirítear ábhar an Rialacháin agus sainmhínithe ar na príomhthéarmaí. Bunaítear leis Timpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam mar thacar seirbhísí leictreonacha idir-inoibritheacha a chuirtear ar fáil ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar an leibhéal náisiúnta. Tá na seirbhísí sin beartaithe chun cuidiú le foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais a éilítear chun na hearraí a chur faoi nós imeachta custaim ar leith a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú, d’fhonn trádáil a éascú agus an tAontas a chosaint a thuilleadh. Sainítear le cuspóirí ginearálta agus sonracha an togra reachtaigh raon feidhme Thimpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam agus leagtar síos iontu an comhthéacs maidir le seirbhísí leictreonacha a rialáil lena n-áiritheofar go bhfeidhmeoidh siad go cruinn éifeachtúil.

    Ar bhonn níos nithiúla, tá an méid seo a leanas i gceist leis sin: 1) córas lárnach de chuid an Aontais a chruthú chun timpeallachtaí an ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam agus córais neamhchustaim de chuid an Aontais Eorpaigh a idirnascadh, lena gcumasaítear comhar digiteach idir na húdaráis rialála a bhfuil baint acu le himréiteach earraí, 2) timpeallachtaí an ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam a chomhchuibhiú le haghaidh custaim agus a fheidhmiúlachtaí, agus 3) rialacha sonracha maidir le comhar riaracháin digiteach a bhunú.

    Caibidil II - Córas Malartaithe Deimhnithe an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam (CSW-CERTEX AE)

    Leagtar amach i gCaibidil II na forálacha maidir le Córas Lárnach Malartaithe Deimhnithe an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam (CSW-CERTEX AE). Déantar foráil ann maidir le CSW-CERTEX AE a bhunú mar chomhéadan fíor-ama idir timpeallachtaí an ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam agus córais neamhchustaim an Aontais Eorpaigh.

    Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit CSW-CERTEX AE a fhorbairt agus a chothabháil i gcomhpháirt lena chéile. Cumhdófar leis foirmiúlachtaí neamhchustaim de chuid an Aontais a dhéantar a dhigitiú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, agus is iad na húdaráis inniúla comhpháirtíochta uile a chuirfidh an fhaisnéis ábhartha a éilíonn custam le haghaidh imréiteach earraí ar fáil i gcóras de chuid an Aontais. Sonraítear na foirmiúlachtaí sin san Iarscríbhinn 28 a ghabhann leis an Rialachán agus féadfar iad a leasú trí bhíthin gníomhartha tarmligthe. Déanfaidh an Coimisiún CSW-CERTEX AE a nascadh le córais neamhchustaim an Aontais faoi seach, agus déanfaidh na Ballstáit é a nascadh le timpeallachtaí an ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam.

    Déanfar na sonraí pearsanta a mhalartaítear idir timpeallacht an ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam agus córais neamhchustaim de chuid an Aontais a phróiseáil i CSW-CERTEX AE gan iad a stóráil. Déanfar an phróiseáil sin ar dhá phríomhchuspóir: chun comhroinnt faisnéise idir na hionaid náisiúnta um chustam agus córais neamhchustaim de chuid an Aontais a éascú, agus trasfhoirmiú sonraí a dhéanamh, i gcás inar gá, agus próisis a reáchtáil gan uaim thar réimsí digiteacha custaim agus neamhchustaim. Is iad na catagóirí ábhar sonraí a dteastaíonn próiseáil sonraí pearsanta uathu daoine nádúrtha, lena n-áirítear foireann údaraithe údarás custaim, údarás inniúil comhpháirtíochta nó aon chomhlacht deimhnithe eile a bhfuil a bhfaisnéis sa dearbhú custaim nó na doiciméid tacaíochta a éilítear chun na foirmiúlachtaí neamhchustaim uile de chuid an Aontais a chomhlíonadh a chumhdaítear le CSW-CERTEX AE. Áirítear i gcatagóir bhreise d'ábhair sonraí maidir le fostaithe an Choimisiúin agus aon soláthraí tríú páirtí atá ag gníomhú thar a cheann agus atá páirteach i ngníomhaíochtaí oibríochtúla agus cothabhála a bhaineann le CSW-CERTEX AE. Beidh an Coimisiún agus na Ballstáit ina gcomhrialaitheoirí ar phróiseáil sonraí pearsanta CSW-CERTEX AE i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2018/1725. 

    Caibidil III - Timpeallachtaí Ionaid Ilfhreastail Náisiúnta maidir le Custam

    Leagtar amach i gCaibidil III na forálacha maidir le comhpháirteanna náisiúnta de Thimpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam, dá ngairtear, chun críocha an Rialacháin seo, timpeallachtaí ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam. Beidh gach Ballstát freagrach as feidhmiú cruinn agus éifeachtúil thimpeallachtaí an ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun.

    Chun comhlíonadh comhchuibhithe agus forfheidhmiú comhchuibhithe cheanglais rialála neamhchustaim an Aontais Eorpaigh a áirithiú, díreoidh timpeallachtaí an ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam ar chur ar chumas na n-údarás custaim na foirmiúlachtaí sin a fhíorú go huathoibríoch, agus cur ar chumas na n-údarás inniúil comhpháirtíochta bainistiú cainníochta a dhéanamh ar earraí údaraithe bunaithe ar scaoileadh na n-earraí sin ag custam.

    Chun na próisis chomhlíonta a ailíniú a thuilleadh agus chun trádáil a éascú, beidh timpeallachtaí an ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam ina gcainéal cumarsáide aonair áit a gcomhlíonfaidh oibreoirí eacnamaíocha na foirmiúlachtaí custaim agus sonracha neamhchustaim a éilítear chun na hearraí a chur faoi nósanna imeachta custaim. Leis an sásra éascaithe, cuirfear ar chumas na n-oibreoirí eacnamaíocha sonraí custaim agus sonraí neamhchustaim an Aontais Eorpaigh a éilíonn iliomad údarás a bhfuil baint acu le himréiteach earraí a chur isteach in ionad ilfhreastail. Éascóidh laghduithe ar dhúbláil, ar am agus ar an gcostas comhlíonta le haghaidh na n-oibreoirí eacnamaíocha as sin. Na foirmiúlachtaí neamhchustaim atá faoi réir an bhirt éascaithe shonraigh seo, is fo-thacar iad de na foirmiúlachtaí uileghabhálacha a liostaítear san Iarscríbhinn a shainaithneoidh an Coimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme tar éis measúnú a dhéanamh ar shraith critéar atá ábhartha maidir le héascú trádála chomh maith le hindéantacht dhlíthiúil agus theicniúil. Féadfaidh timpeallachtaí an ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam a bheith ag feidhmiú mar ardáin chun rialuithe faoi seach a ‘chomhordú’, lena gcuirfear réiteach ionaid ilfhreastail ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 47(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

    Déanfar na sonraí pearsanta laistigh de thimpeallacht an ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679. Beidh gach Ballstát ina rialaitheoir ar na hoibríochtaí próiseála sonraí laistigh dá dtimpeallacht féin, agus iad sin amháin, agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas i gcás sárú ar shonraí pearsanta a chuireann isteach ar shlándáil, rúndacht, infhaighteacht nó sláine na sonraí pearsanta. 

    Caibidil IV - Comhar Digiteach: Malartú Faisnéise agus Rialacha Nós Imeachta Eile

    Áirítear i gCaibidil IV na príomhfhorálacha maidir le feidhmiú éifeachtach Thimpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam. Tá an chaibidil sin roinnte ina trí phríomhchuid a fhreagraíonn do ghnéithe éagsúla den chomhar digiteach agus den chomhroinnt faisnéise idir údaráis chustaim, údaráis inniúla chomhpháirtíochta agus oibreoirí eacnamaíocha mar a mhínítear thíos.

    Leagtar amach i Roinn 1 rialacha maidir le malartú faisnéise idir timpeallachtaí an ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam agus córais neamhchustaim an Aontais Eorpaigh a phróiseáiltear trí CSW-CERTEX AE is infheidhme i ngach foirmiúlacht neamhchustaim de chuid an Aontais Eorpaigh a liostaítear san Iarscríbhinn. Is chun na gcríoch seo a leanas a dhéanfar na malartuithe faisnéise sin:

    1.na sonraí ábhartha a chur ar fáil do na húdaráis chustaim chun beartais rialála neamhchustaim a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr trí fhíorú uathoibríoch na bhfoirmiúlachtaí sin;

    2.Na sonraí ábhartha a chur ar fáil do na húdaráis inniúla chomhpháirtíochta le gur féidir leo faireachán agus cinneadh a dhéanamh ar chainníocht na n-earraí údaraithe atá fágtha nach raibh díscríofa ag na húdaráis chustaim le linn coinsíneachtaí eile a imréiteach;

    3.comhtháthú nósanna imeachta neamhchustaim an Aontais Eorpaigh le haghaidh próiseas imréitigh earraí atá lán-uathoibríoch, lena dtacaítear le cur chun feidhme na réiteach “ionaid ilfhreastail”;

    4.uathmhalartú sonraí a chumasú idir údaráis chustaim agus údaráis inniúla chomhpháirtíochta arna fhorordú ag reachtaíocht an Aontais Eorpaigh. 

    I gcás inar gá, déanfaidh CSW-CERTEX AE sonraí a thrasfhoirmiú chun críocha idir-inoibritheacht na gcóras agus an ghnó.

    Leagtar amach i Roinn 2 forálacha breise a bhfuil feidhm acu i dtaca le fo-thacar foirmiúlachtaí neamhchustaim de chuid an Aontais Eorpaigh a chumhdaítear in CSW-CERTEX AE amháin, forálacha ba cheart don Choimisiún a shainaithint trí mheasúnú a dhéanamh ar ar comhlíonadh tacar critéar ábhartha. Leis na bearta éascaithe breise le haghaidh na bhfoirmiúlachtaí sonracha sin, éilítear timpeallachtaí an ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam chun a bheith ina gcainéal cumarsáide aonair ina gcomhlíonfaidh oibreoirí eacnamaíocha foirmiúlachtaí custaim agus foirmiúlachtaí neamhchustaim. Simpleoidh an réiteach sin nósanna imeachta imréitigh agus rachaidh sé i ngleic leis na príomhfhadhbanna, amhail an gá atá ann faisnéis den chineál céanna a chur isteach chuig roinnt údarás agus trí roinnt córas chun na gluaiseachtaí céanna earraí a thabhairt i gcrích. Go háirithe, féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha na sonraí uile a éilítear a chur isteach chun na hearraí a chur faoi nósanna imeachta custaim agus chun aiseolas leictreonach a fháil ag pointe aonair ó na húdaráis rialála a bhfuil baint acu leis.

    Cinnfidh an Coimisiún creat maidir le comhchuibhiú agus cuíchóiriú sonraí chun an athúsáid sonraí arna cur ar fáil ag oibreoirí eacnamaíocha i gcomhréir leis an ‘prionsabal tuairiscithe na haonuaire’ a chumasú. Go sonrach, sainmhíneofar leis na heilimintí sonraí coiteanna idir an dearbhú custaim agus an t-iarratas ar dhoiciméid tacaíochta agus sainaithneofar leis na heilimintí sonraí breise a éilítear i reachtaíocht neamhchustaim an Aontais Eorpaigh. Chun críocha an Rialacháin seo, tagrófar anseo feasta do heilimintí sonraí breise sin mar ‘thacair sonraí údaráis inniúil chomhpháirtíochta (PCA)’. Beidh na sonraí dearbhaithe custaim agus na tacair sonraí PCA ina ndearbhú comhtháite ina mbeidh an fhaisnéis uile a bhaineann le himréiteach atá ag teastáil chun na foirmiúlachtaí custaim agus foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais lena mbaineann a chomhlíonadh. I measc féidearthachtaí eile, d’fhéadfadh go gcuirfeadh an cur chuige cuíchóirithe seo ar chumas na n-oibreoirí eacnamaíocha na sonraí uile a éilítear chun na hearraí a chur faoi nósanna imeachta custaim a chur isteach go comhpháirteach. Ó thaobh nós imeachta agus uainiúcháin de, is féidir é sin a bhaint amach i gcomhréir le hAirteagal 171 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, lena gceadaítear an dearbhú custaim a chur isteach sula gcuirfear na hearraí i láthair. Ciallaíonn cur isteach an dearbhaithe chustaim mar aon leis an tacar nó na tacair sonraí PCA ábhartha go bhfuil na hearraí á ndearbhú go comhuaineach ag an oibreoir eacnamaíoch le haghaidh nós imeachta custaim agus go bhfuil iarratas á chur isteach aige ar na doiciméid tacaíochta a éilítear.

    Cuirfidh CSW-CERTEX an Aontais na sonraí ábhartha ó thimpeallacht an ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam ar aghaidh chuig córais neamhchustaim iomchuí an Aontais Eorpaigh le go mbeidh siad ar fáil do na húdaráis inniúla chomhpháirtíochta chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh. Tar éis dóibh iad a fháil, déanfaidh na húdaráis inniúla chomhpháirtíochta athbhreithniú ar an bhfaisnéis a sheolfar chucu agus cuirfidh siad a gcinntí imréitigh chuig custam trí CSW-CERTEX an Aontais. Cuirfidh na húdaráis chustaim an fhaisnéis sin chuig an oibreoirí eacnamaíoch ina dhiaidh sin. Úsáidfear an uimhir EORI mar aitheantóir chun faisnéis a bhaineann leis na malartuithe sin a chomhroinnt agus a chrostagairt. 

    Chun cuidiú leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, tugtar isteach rialacha nós imeachta breise i Roinn 3 maidir le foirmiúlachtaí neamhchustaim uile de chuid an Aontais Eorpaigh a éilítear le haghaidh trádáil idirnáisiúnta. Orthu sin tá an úsáid a bhaineann údaráis inniúla chomhpháirtíochta as an gcóras Cláraithe agus Aitheantais Oibreoirí Eacnamaíochta (EORI) agus comhordaitheoirí náisiúnta a cheapadh.

    Sanntar uimhir EORI do gach oibreoir eacnamaíoch a bhíonn ag gabháil d'oibríochtaí custaim mar aitheantóir le haghaidh gach plé le húdaráis chustaim san Aontas Eorpach. Coinníonn an Coimisiún córas lárnach EORI ar bun chun sonraí a bhaineann le EORI a stóráil agus a láimhseáil. Chun comhoibriú a éascú idir na húdaráis éagsúla atá páirteach sa phróiseas imréitigh earraí, tabharfar rochtain d’údaráis inniúla chomhpháirtíochta ar chóras EORI chun críocha bailíochtaithe. Ciallaíonn sé sin go bhféadfaidh siad uimhir EORI a iarraidh ó oibreoirí eacnamaíocha i gcomhthéacs a gcuid foirmiúlachtaí agus í a bhailíochtú i gcoinne chóras EORI.

    Ceapfaidh gach Ballstát údarás inniúil ina chomhordaitheoir náisiúnta chun cuidiú leis na páirtithe lena mbaineann maidir le gach ábhar a bhaineann le Timpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam. Beidh an comhordaitheoir náisiúnta ina phointe teagmhála ag an gCoimisiún, agus déanfaidh sé an comhar ar an leibhéal náisiúnta a chur chun cinn agus a áirithiú go bhfuil na hionaid náisiúnta faoi seach nasctha le CSW-CERTEX AE ag an am céanna chun an Rialachán seo a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtach.

    Caibidil V - Costais CSW-CERTEX AE, clár oibre, agus faireachán agus tuairisciú

    Áirítear i gCaibidil V na forálacha a bhaineann le costais a leithdháileadh, clár oibre a bhunú, agus faireachán agus tuairisciú.

    Is é an Coimisiún a sheasfaidh na costais uile a bhaineann le CSW-CERTEX AE a chur chun cinn, a chomhtháthú agus a oibriú, lena n-áirítear a chomhéadain le córais neamhchustaim an Aontais Eorpaigh, agus is iad na Ballstáit a thabhóidh na costais a bhaineann le comhéadain CSW-CERTEX AE timpeallachtaí an ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam. Faoin 31 Nollaig 2027, agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheasúnachta ar fheidhmiú Thimpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle. Is iad na Ballstáit a bheidh freagrach as an bhfaisnéis a éilítear chun an tuarascáil seo a chur ar fáil.

    Ullmhóidh an Coimisiún clár oibre chun tacú le cur chun feidhme de réir a chéile na bhforálacha a bhaineann le foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais Eorpaigh a liostaítear san Iarscríbhinn.

    Caibidil VI - Nósanna Imeachta maidir le gníomhartha cur chun feidhme agus gníomhartha tarmligthe, leasuithe ar agus forálacha críochnaitheacha a ghlacadh

    Leagtar amach i gCaibidil VI forálacha maidir le gníomhartha cur chun feidhme agus gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 290 agus 291 CFAE, dhá leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 agus an teacht i bhfeidhm agus an cur i bhfeidhm.

    Mar a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, is i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin sin atá misean na n-údarás custaim chun trádáil dhlisteanach a éascú agus slándáil agus sábháilteacht an Aontais Eorpaigh agus na ndaoine atá ina gcónaí ann a áirithiú, agus an comhshaol a chosaint i ndlúthchomhar leis na húdaráis eile, i gcás inarb iomchuí. Ar an gcúis sin, leasófar an sainmhíniú ar reachtaíocht chustaim a leagtar síos in Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 chun pointe nua (e) lena ndéantar tagairt don Rialachán seo agus do na forálacha lena bhforlíontar nó lena gcuirtear chun feidhme é a chur san áireamh.

    Leis an dara leasú, cuirtear fomhír le hAirteagal 163(1) lena dtugtar isteach an toimhde go bhfuil na doiciméid tacaíochta ina ndeimhnítear go gcomhlíontar foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais Eorpaigh a chumhdaíonn CSW-CERTEX AE i seilbh an dearbhóra agus ar fáil do na húdaráis chustaim tráth a dtaiscfear an dearbhú custaim. Meastar an oibleagáid sin a bheith comhlíonta ó tharla go mbeidh na húdaráis in ann na sonraí a éilítear le haghaidh imréiteach earraí trí CSW-CERTEX AE, bunaithe ar na malartuithe faisnéise a shonraítear thuas.

    Tiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm 20 lá tar éis a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Cuirfear na hairteagail a bhaineann leis na foirmiúlachtaí neamhchustaim a liostaítear san Iarscríbhinn a chomhtháthú i CSW-CERTEX AE i bhfeidhm ar na dátaí a shonraítear maidir le gach foirmiúlacht a luaitear ann. Na hairteagail maidir leis na bearta éascaithe breise lena ndéantar difear d'fhoirmiúlachtaí sonracha neamhchustaim de chuid an Aontais Eorpaigh atá le sainaithint ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cuirfear i bhfeidhm iad amhail ón 1 Eanáir 2031.

    An Iarscríbhinn

    San Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, beidh liosta de na foirmiúlachtaí sonracha neamhchustaim de chuid an Aontais Eorpaigh a éilítear le haghaidh trádáil idirnáisiúnta earraí, a mbeidh a gcóras féin ceangailte le CSW-CERTEX AE chun faisnéis a mhalartú le timpeallachtaí an ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam. Áireofar sa liosta sin córais neamhchustaim an Aontais Eorpaigh agus reachtaíocht ábhartha an Aontais atá i bhfeidhm a rialaíonn na foirmiúlachtaí a chumhdaítear sa Rialachán sin. Déanfar na foirmiúlachtaí sin a chomhtháthú i dTimpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam trí chur chun feidhme céimnithe go dtí an 3 Márta 2025. Féadfaidh an Iarscríbhinn a leasú trí bhíthin gníomhartha tarmligthe agus beidh de cheart ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle agóid a dhéanamh ina gcoinne.

    2020/0306 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena mbunaítear Timpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013

    TÁ PARLAIMINT NA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 33, 114 agus 207 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 29 ,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Tá trádáil idirnáisiúnta an Aontais faoi réir reachtaíocht custaim agus reachtaíocht neamhchustaim an Aontais araon. Tá an reachtaíocht neamhchustaim infheidhme maidir le hearraí sonracha i réimsí beartais lena n-áirítear sláinte agus sábháilteacht, an comhshaol, talmhaíocht, an t-iascach, oidhreacht chultúrtha agus faireachas margaidh. Ar na príomhchúraimí a shanntar d'údaráis chustaim i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 30 , tá slándáil agus sábháilteacht an Aontais agus na ndaoine atá ina gcónaí ann agus cosaint an chomhshaoil, i gcás inarb iomchuí, i ndlúthchomhar le húdaráis eile a áirithiú. Na húdaráis atá freagrach as foirmiúlachtaí riaracháin neamhchustaim an Aontais (‘na húdaráis inniúla chomhpháirtíochta’) agus na húdaráis chustaim, is minic a oibríonn siad go neamh-chomhtháite, rud a chruthaíonn oibleagáidí tuairiscithe casta troma le haghaidh trádálaithe agus próisis neamhéifeachtacha um imréiteach earraí atá fabhrach d'earráidí agus don chalaois. Chun aghaidh a thabhairt ar an idir-inoibritheacht ilroinnte idir údaráis chustaim agus údaráis inniúla chomhpháirtíochta maidir leis na próisis um imréiteach earraí a bhainistiú agus chun an ghníomhaíocht sa réimse seo a chomhordú, rinne an Coimisiún agus na Ballstáit roinnt gealltanas i gcaitheamh na mblianta maidir le tionscnaimh ilfhreastail a fhorbairt chun earraí a imréiteach.

    (2)I gcomhréir le h 4(6) de Chinneadh 70/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 31 , féachfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún le creat seirbhísí ilfhreastail a bhunú agus a chur ag obair. Mar a luaitear sa tuarascáil chríochnaitheach ar an Meastóireacht ar chustam leictreonach a chur chun feidhme san Aontas an 21 Eanáir 2015 32 , d'ainneoin codanna áirithe den Chinneadh a bheith an-ábhartha go fóill tá codanna eile atá dímholta nó nach bhfuil coincréiteach go leor chun dul chun cinn breise a spreagadh agus a dhreasú, go háirithe maidir leis an tionscnamh ilfhreastail. Mar obair leantach air sin, leis na Conclúidí ón gComhairle maidir le Custam Leictreonach agus Cur Chun Feidhme Ionaid Ilfhreastail san Aontas Eorpach an 17 Nollaig 2014 33 formhuiníodh Dearbhú na Veinéise an 15 Deireadh Fómhair 2014 34 agus iarradh ar an gCoimisiún togra chun athbhreithniú a dhéanamh ar Chinneadh Uimh. 70/2008/CE a chur i láthair. 

    (3)An 1 Deireadh Fómhair 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2015/1947 35 lena bhformheastar, thar ceann an Aontais, an Comhaontú um Éascú Trádála, a tháinig i bhfeidhm an 22 Feabhra 2017. Is é atá sa chomhaontú sin an iarracht is fairsinge ar éascú trádála agus athchóiriú custaim a rinneadh faoin Eagraíocht Dhomhanda Trádála. Tá forálacha ann arb é is aidhm leo feabhas nach beag a chur ar imréiteach earraí agus ar chomhar éifeachtach idir custam agus údaráis rialála eile san éascú trádála agus i saincheisteanna comhlíonta custaim. I gcomhréir le hAirteagal 10(4) den chomhaontú, tá baill le féachaint le hionad ilfhreastail a bhunú nó a choinneáil ar bun, ionad lena ligfear do thrádálaithe doiciméadacht agus/nó ceanglais sonraí a chur isteach maidir le hearraí a allmhairiú, a onnmhairiú nó a thrasghluaiseacht chuig na húdaráis nó na gníomhaireachtaí rannpháirtíochta trí phointe iontrála aonair.

    (4)Na húdaráis ar fad a bhfuil baint acu leis an bpróiseas imréitigh earraí, is cúram dóibh an t-éascú trádála agus an tsábháilteacht agus slándáil. Chuir an méadú tapa ar an trádáil idirnáisiúnta leis an ngá le comhar agus comhordú feabhsaithe i measc na n-údarás sin. Le próiseas leanúnach an digitithe is féidir aghaidh a thabhairt ar an staid sin ar bhealach níos éifeachtúla trí chórais na núdarás custaim agus na n-údarás inniúil comhpháirtíochta a nascadh agus trí mhalartú córasach uathoibrithe faisnéise a éascú eatarthu. Mar sin, níl an creat comhlíonta rialála atá ann faoi láthair leordhóthanach chun tacú le hidirghníomhaíocht éifeachtach idir údaráis chustaim agus údaráis inniúla chomhpháirtíochta, a bhfuil ilroinnt agus iomarcaíocht mar shaintréithe dá gcórais agus dá nósanna imeachta. Le haghaidh próiseas imréitigh earraí atá lánchomhordaithe agus éifeachtúil, teastaíonn timpeallacht rialála chuíchóirithe san Aontas le haghaidh trádáil idirnáisiúnta, timpeallacht ina soláthrófar tairbhí fadtéarmacha don Aontas agus dá chónaitheoirí sna réimsí beartais uile.

    (5)Le Plean Gníomhaíochta Ríomhrialtais an Aontais Eorpaigh 2016-2020 a leagtar amach i dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2016 36 féachtar le cur le héifeachtúlacht na seirbhísí poiblí trí na bacainní digiteacha atá ann faoi láthair a bhaint, tríd an ualach riaracháin a laghdú agus trí chaighdeán na n-idirghníomhaíochtaí idir na húdaráis náisiúnta a fheabhsú. I gcomhréir leis an bhfís seo agus le hiarrachtaí níos leithne chun na próisis tuarascála maidir le trádáil idirnáisiúnta earraí a shimpliú agus a dhigitiú, d'fhorbair an Coimisiún treoirthionscadal deonach ar a dtugtar Ionad Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custam: Malartán Deimhnithe. Leis an tionscadal sin ligtear do na húdaráis chustaim comhlíontacht a fhíorú go huathoibríoch le líon teoranta foirmiúlachtaí neamhchustaim, rud a chuireann ar a gcumas do chórais chustaim na mBallstát rannpháirteach agus córais neamhchustaim an Aontais ar leith lena mbainistítear foirmiúlachtaí neamhchustaim faisnéis a mhalartú. Cé go bhfuil feabhas tagtha ar nósanna imeachta imréitigh de bharr an tionscadail, is léir go gcuireann an bunús deonach atá leis teorainn lena acmhainneacht maidir le tairbhí suntasacha a ghiniúint le haghaidh údaráis chustaim, údaráis inniúla chomhpháirtíochta agus oibreoirí eacnamaíocha.

    (6)Chun timpeallacht lándigiteach agus próiseas imréitigh earraí éifeachtúil a bhaint amach le haghaidh na bpáirtithe uile atá rannpháirteach sa trádáil idirnáisiúnta, is gá rialacha comhchoiteanna a bhunú le haghaidh Thimpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam (Timpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam) a bheidh comhchuibhithe agus comhtháite. Seirbhísí leictreonacha lán-chomhtháite a chuirtear ar fáil ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun comhroinnt faisnéise agus comhar digiteach idir na húdaráis chustaim agus na húdaráis inniúla chomhpháirtíochta a éascú agus chun próisis imréitigh earraí a chuíchóiriú le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha, ba cheart dóibh a bheith san áireamh sa timpeallacht sin. Ba cheart Timpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam a fhorbairt i gcomhréir leis na féidearthachtaí ar shainaithint iontaofa agus fíordheimhniú iontaofa a chuirtear ar fáil le Rialachán eIDAS 37 agus prionsabal na haonuaire i gcás inarb iomchuí, mar a athdhearbhaítear sa Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach 38 . Chun Timpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam a chur chun feidhme, is gá, ar bhonn an treoirthionscadail, córas malartaithe deimhnithe a bhunú, is é sin Córas Malartaithe Deimhnithe an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam (CSW-CERTEX AE), lena ndéanfar ionaid ilfhreastail náisiúnta a idirnascadh le haghaidh córais chustaim agus córais neamhchustaim de chuid an Aontais lena mbainistítear foirmiúlachtaí neamhchustaim sonracha. Is gá timpeallachataí ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam a chomhchuibhiú freisin, na hionaid sin a chomhtháthú i dTimpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam, agus sraith rialacha a bhunú maidir leis an gcomhar riaracháin digiteach laistigh de Thimpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam.

    (7)Foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais agus a bhfuil sé de chúram ar na húdaráis chustaim iad a fhorfheidhmiú, ba cheart iad a chumhdach leis na malartuithe faisnéise digití trí CSW-CERTEX AE. Leis na foirmiúlachtaí sin déantar oibleagáidí éagsúla a fhorchur maidir le hearraí áirithe a allmhairiú, a onnmhairiú nó a thrasghluaiseacht agus tá tábhacht bhunúsach ag baint lena bhfíorú trí rialuithe custaim ó thaobh fheidhmiú éifeachtach Thimpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam. Agus an fhaisnéis ábhartha ó na Ballstáit uile atá ag teastáil chun earraí a imréiteach á stóráil, ba cheart foirmiúlachtaí rialála digitithe a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais agus a bhainistíonn údaráis inniúla chomhpháirtíochta i gcórais leictreonacha neamhchustaim an Aontais a chumhdach le CSW-CERTEX AE. Is iomchuí, mar sin, foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais, ar cheart dóibh a bheith faoi réir an chomhair dhigitigh trí CSW-CERTEX AE, a shainaithint. Ceanglais sláintíochta agus fíteashláintíochta, rialacha lena rialaítear allmhairiú táirgí orgánacha, ceanglais chomhshaoil i ndáil le gáis cheaptha teasa fhluairínithe agus substaintí ídithe ózóin, agus foirmiúlachtaí a bhaineann le hearraí cultúrtha a allmhairiú, ba cheart iadsan, go háirithe, a chumhdach le CSW-CERTEX AE ar dtús.

    (8)Ba cheart comhroinnt faisnéise idir na timpeallachtaí ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam agus córais neamhchustaim an Aontais a éascú le CSW-CERTEX AE. Ciallaíonn sé sin gur féidir le húdaráis chustaim agus údaráis inniúla chomhpháirtíochta an fhaisnéis is gá le haghaidh an phróisis imréitigh custaim a mhalartú agus a fhíorú go huathoibríoch agus go héifeachtach nuair a chuireann oibreoir eacnamaíoch dearbhú custaim isteach dá n-éilítear comhlíontacht fhoirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais. Ríomhphróisis a bheidh níos comhtháite, níos tapúla agus níos simplí maidir le hearraí a imréiteach agus feabhas ar fhorfheidhmiú agus ar chomhlíonadh fhoirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais, ba cheart dóibh siúd a bheith mar thoradh ar chomhar digiteach feabhsaithe agus ar chomhordú feabhsaithe idir údaráis chustaim agus údaráis inniúla chomhpháirtíochta. 

    (9)Ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, CSW-CERTEX AE a fhorbairt, a chomhtháthú, a shlógadh agus a choinneáil ar bun. Chun seirbhísí ilfhreastail iomchuí comhchuibhithe a sholáthar ar leibhéal an Aontais le haghaidh foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais, ba cheart don Choimisiún córais neamhchustaim ar leith an Aontais a nascadh le CSW-CERTEX AE. Ba cheart do na Ballstáit a bheith freagrach as a n-ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam a nascadh le CSW-CERTEX AE.

    (10)Ba cheart d'aon phróiseáil sonraí pearsanta in EU CSW-CERTEX AE comhroinnt faisnéise a éascú idir ionaid náisiúnta le haghaidh chórais chustaim agus chórais neamhchustaim an Aontais gan aon sonraí a stóráil. Ba cheart dó sonraí a thrasfhoirmiú, freisin, i gcás inar gá, chun malartú faisnéise idir an dá réimse dhigiteacha a éascú. Ba cheart do na saoráidí teicneolaíochta faisnéise a úsáidfear chun sonraí a thrasfhoirmiú a bheith lonnaithe san Aontas.

    (11)De réir chineál na foirmiúlachta neamhchustaim, d'fhéadfadh catagóirí éagsúla ábhar sonraí agus na sonraí pearsanta dá gcuid a theastaíonn chun an dearbhú custaim a thaisceadh nó chun iarratas a dhéanamh ar dhoiciméid tacaíochta a bheith san fhaisnéis leictreonach atá le malartú trí CSW-CERTEX AE. D'fhéadfadh sonraí pearsanta roinnt catagóirí ábhar sonraí a bheith i ndearbhuithe custaim, lena n-áirítear onnmhaireoirí, allmhaireoirí, coinsínithe, agus gníomhaithe breise sa slabhra soláthair. D'fhéadfadh an fhaisnéis chéanna a bheith i ndoiciméid tacaíochta maidir le catagóirí eile ábhar sonraí, mar shampla coinsíneoirí, onnmhaireoirí, coinsínithe, allmhaireoirí agus ceadúnaithe. Tá an tríú catagóir d'ábhar sonraí ann go bhféadfaí a sonraí pearsanta a phróiseáil in CSW-CERTEX AE, lena n-áirítear baill foirne údaraithe d'údaráis chustaim, d'údaráis inniúla chomhpháirtíochta nó de chomhlacht deimhnithe eile, chomh maith le foireann an Choimisiúin agus aon soláthraí tríú páirtí eile atá ag gníomhú thar a cheann agus a bhfuil baint aige le ghníomhaíochtaí oibríochtúla agus cothabhála CSW-CERTEX AE.

    (12)Dhá eintiteas nó níos mó a chinneann cuspóir agus modhanna na próiseála go comhpháirteach, i gcás ina ndéanann siadsan sonraí pearsanta a phróiseáil go comhpháirteach, ba cheart na heintitis sin a bheith ina rialaitheoirí comhpháirteacha. Toisc go bhfuil an Coimisiún agus na Ballstáit freagrach as feidhmiú CSW-CERTEX AE, ba cheart dóibh a bheith ina rialaitheoirí comhpháirteacha ar phróiseáil na sonraí pearsanta in CSW-CERTEX AE i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 39 agus Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 40

    (13)Mar thoradh ar an méadú ar dhigitiú na bhfoirmiúlachtaí rialála custaim agus fhoirmiúlachtaí rialála neamhchustaim an Aontais is infheidhme maidir leis an trádáil idirnáisiúnta, cuireadh deiseanna nua ar fáil do na Ballstáit feabhas a chur ar an gcomhar digiteach idir údaráis chustaim agus údaráis inniúla chomhpháirtíochta. Chun na tosaíochtaí sin a bhaint amach, chuir roinnt Ballstát tús le creataí a fhorbairt le haghaidh timpeallachtaí ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam. Bíonn éagsúlachtaí substaintiúla sna tionscnaimh sin de réir leibhéal an bhonneagair teicneolaíochta faisnéise maidir le custam atá ann cheana, tosaíochtaí agus anailís chostais. Is gá mar sin ceanglas a chur ar na Ballstáit timpeallachtaí ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam a bhunú agus a oibriú le haghaidh foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais a chumhdaítear le CSW-CERTEX AE. Ba cheart na timpeallachtaí sin a bheith ina gcomhchodanna náisiúnta de Thimpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam, lena n-éascófaí comhroinnt leictreonach faisnéise agus comhoibriú idir custam, údaráis inniúla chomhpháirtíochta agus oibreoirí eacnamaíocha chun comhlíonadh agus forfheidhmiú éifeachtúil reachtaíocht custaim agus foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais arna gcumhdach le CSW-CERTEX AE a áirithiú. I gcomhréir leis an gcuspóir sin, le timpeallachtaí an ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam ba cheart é a chur ar a gcumas d'údaráis chustaim foirmiúlachtaí a ndéantar sonraí ina leith a tharchur ón gcóras neamhchustaim ábhartha de chuid an Aontais trí CSW-CERTEX AE a fhíorú go huathoibríoch. Le timpeallachtaí an ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam, ba cheart deis a bheith ag údaráis inniúla chomhpháirtíochta faireachán a dhéanamh ar chainníochtaí na n-earraí údaraithe a scaoil custam tríd an Aontas agus iad a bhainistiú freisin (‘bainistiú cainníochta’). Ba cheart é sin a áirithiú tríd an bhfaisnéis imréitigh is gá a sholáthar do chórais neamhchustaim an Aontais trí CSW-CERTEX AE. Go praiticiúil, tá bainistiú cainníochta ar leibhéal an Aontais riachtanach chun go bhféadfar forfheidhmiú feabhsaithe foirmiúlachtaí rialála neamhchustaim a dhéanamh trí fhaireachán a dhéanamh go huathoibríoch agus go comhsheasmhach ar thomhaltas na gcainníochtaí údaraithe maidir le hearraí a scaoileadh, agus a ró-úsáid nó a míláimhseáil á seachaint.

    (14)Chun próisis imréitigh earraí a shimpliú a thuilleadh le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha, ba cheart timpeallachtaí an ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam a bheith ina gcainéal aonair chun cumarsáid a dhéanamh le húdaráis chustaim agus údaráis inniúla chomhpháirtíochta. Fothacar de na foirmiúlachtaí uileghabhálacha a chumhdaítear le CSW-CERTEX AE is ea foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais atá faoi réir an bhirt éascaíochta breise sin. Ba cheart don Choimisiún na foirmiúlachtaí sin a shainaithint go forchéimnitheach trí mheasúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh sraith critéar atá ábhartha maidir le héascú trádála, agus a n-indéantacht dhlíthiúil agus theicniúil á cur san áireamh. Chun cur le héascú trádála a thuilleadh, ba cheart é a bheith indéanta úsáid a bhaint as timpeallachtaí an ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam mar ardán chun rialuithe idir údaráis chustaim agus údaráis inniúla chomhpháirtíochta a chomhordú i gcomhréir le hAirteagal 47(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

    (15)Ba cheart do gach Ballstát a bheith ina rialaitheoir aonair ar na hoibríochtaí próiseála sonraí a dhéantar laistigh dá thimpeallacht ionaid ilfhreastail náisiúnta féin maidir le custam. Ba cheart na hoibríochtaí próiseála sonraí a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679. Toisc go bhfuil cuid de na sonraí a thagann ó thimpeallacht an ionaid ilfhreastail náisiúnta um chustam le malartú le córais neamhchustaim an Aontais trí CSW-CERTEX AE, ba cheart ceangal a chur ar gach Ballstát fógra a thabhairt don Choimisiún má tharlaíonn aon sárú ar shonraí pearsanta lena gcuirtear slándáil, rúndacht, infhaighteacht nó sláine na sonraí pearsanta a phróiseáiltear laistigh dá thimpeallacht i mbaol.

    (16)Le haghaidh próiseas imréitigh earraí lán-chomhordaithe teastaíonn nósanna imeachta lena dtacaítear le comhar digiteach agus comhroinnt faisnéise idir údaráis chustaim, údaráis inniúla chomhpháirtíochta agus oibreoirí eacnamaíocha chun foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais a chumhdaítear le CSW-CERTEX AE a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú. Ciallaíonn idir-inoibritheacht an cumas na próisis sin a reáchtáil go rianúil i gcórais agus réimsí custaim agus neamhchustaim gan comhthéacs ná ciall na sonraí a mhalartaítear a chailleadh. Chun go bhféadfaí fíorú iomlán uathoibrithe a dhéanamh ar fhoirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais, ba cheart do CSW-CERTEX AE idir-inoibritheacht theicniúil chomh maith le brí chomhsheasmhach a áirithiú. Tá sé tábhachtach téarmaíocht chustaim agus neamhchustaim a ailíniú chun a áirithiú go gcaomhnófar agus go dtuigfear na sonraí agus an fhaisnéis a mhalartófar sna malartuithe uile idir córais neamhchustaim an Aontais agus timpeallachtaí an ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam. Ina theannta sin, chun forfheidhmiú comhchuibhithe foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart do CSW-CERTEX AE na nósanna imeachta custaim ar féidir na doiciméid tacaíochta a úsáid ina leith a shainaithint bunaithe ar na cinntí riaracháin arna gcur in iúl ag an údarás inniúil comhpháirtíochta sna doiciméid tacaíochta. Ó thaobh na teicneolaíochta de, ba cheart do CSW-CERTEX AE sonraí custaim agus neamhchustaim a dhéanamh comhoiriúnach trína bhformáid nó a struchtúr a thiontú i gcás inar ghá, gan a n-inneachar a athrú.

    (17)I bhfianaise fhoirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais a chumhdaítear, ba cheart do CSW-CERTEX AE roinnt cuspóirí a chomhlíonadh. Ba cheart dó na sonraí ábhartha a chur ar fáil do na húdaráis chustaim chun beartais rialála neamhchustaim an Aontais a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr trí na foirmiúlachtaí sin a fhíorú go huathoibríoch. Ba cheart dó na sonraí ábhartha a chur ar fáil do na húdaráis inniúla chomhpháirtíochta chun faireachán a dhéanamh ar an gcainníocht atá fágtha d'earraí údaraithe nach bhfuil díscríofa ag custam le linn coinsíneachtaí eile a imréiteach agus chun an chainníocht sin a chinneadh. Ba cheart dó tacú freisin le prionsabal ‘an ionaid ilfhreastail’ a chur chun feidhme chun na rialuithe dá dtagraítear in Airteagal 47(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a dhéanamh, trí chomhtháthú custaim agus nósanna imeachta neamhchustaim an Aontais a éascú le haghaidh próiseas imréitigh earraí atá go hiomlán uathoibrithe. D'fhéadfadh sé go n-éileodh roinnt gníomhartha dlí de chuid an Aontais aistrithe sonraí idir córais chustaim náisiúnta agus an córas faisnéise agus cumarsáide a bunaíodh sa ghníomh ábhartha. Dá bhrí sin, ba cheart do CSW-CERTEX AE malartú sonraí uathoibrithe a éascú idir údaráis chustaim agus údaráis inniúla chomhpháirtíochta i gcás inar gá faoi na gníomhartha sin.

    (18)Chun cainéal cumarsáide aonair a bhunú leis na húdaráis a bhfuil baint acu le himréiteach earraí, leis na timpeallachtaí ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam, ba cheart é a chur ar a gcumas d'oibreoirí eacnamaíocha na sonraí riachtanacha atá ag teastáil mar gheall ar an reachtaíocht custaim agus reachtaíocht neamhchustaim an Aontais a thíolacadh ag pointe aonair agus aon fhaisnéis ghaolmhar a fháil ó na húdaráis lena mbaineann go díreach ón bpointe sin. Níor cheart an cainéal cumarsáide aonair a úsáid ach le haghaidh foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais a chumhdaítear le CSW-CERTEX AE, foirmiúlachtaí a aithnítear go mbeadh bearta éascaithe oiriúnach dóibh. 

    (19)Tá forluí suntasach ann idir na sonraí a áirítear sa dearbhú custaim agus na sonraí a áirítear san iarratas ar dhoiciméid tacaíochta. Chun go bhféadfar sonraí a athúsáid ionas nach mbeidh ar oibreoirí eacnamaíocha na sonraí céanna a sholáthar níos mó ná an t-aon uair amháin, is gá na ceanglais maidir le sonraí a réiteach agus a chuíchóiriú le haghaidh custaim agus foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais a chumhdaítear le CSW-CERTEX AE. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún na heilimintí sonraí atá sa dearbhú custaim agus san iarratas ar dhoiciméid tacaíochta araon a shainaithint. Ba cheart don Choimisiún na heilimintí sonraí nach bhfuil ag teastáil ach i dtaobh reachtaíocht neamhchustaim an Aontais a shainaithint freisin (‘tacair sonraí údaráis inniúil comhpháirtíochta (PCA)). Na sonraí dearbhaithe custaim agus na tacair sonraí PCA, le chéile ba cheart iad a bheith ina ndearbhú comhtháite lena n-áirítear an fhaisnéis uile a bhaineann le himréiteach atá ag teastáil chun na foirmiúlachtaí custaim agus foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais a chumhdaítear le CSW-CERTEX AE a chomhlíonadh.

    (20)Chun é a chur ar a gcumas d'oibreoirí eacnamaíocha foirmiúlachtaí custaim agus neamhchustaim a dhéanann difear do ghluaiseachtaí na n-earraí céanna a chomhlíonadh, leis na timpeallachtaí ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam, ba cheart é a chur ar a gcumas dóibh na sonraí uile a thíolacadh atá ag teastáil ó údaráis rialála iomadúla mar gheall ar na hearraí a chur faoi nósanna imeachta custaim trí dhearbhú comhtháite. Ba cheart é a bheith indéanta na sonraí sin a chur isteach in éineacht leis an dearbhú custaim a taisceadh roimh thíolacadh ionchasach na n-earraí do custam, i gcomhréir le hAirteagal 171 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

    (21)Chun an fhaisnéis a sholáthraíonn na hoibreoirí eacnamaíocha ag na timpeallachtaí ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam a tharchur chuig na húdaráis uile lena mbaineann, le CSW-CERTEX AE ba cheart na malartuithe faisnéise is gá idir custam agus réimsí neamhchustaim a bheith indéanta. Go háirithe, ba cheart do CSW-CERTEX AE na sonraí is gá a fháil ó na timpeallachtaí ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam chun foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais is infheidhme a chomhlíonadh agus iad a dháileadh ar an gcóras neamhchustaim ábhartha de chuid an Aontais. Leis an malartú sin ba cheart é a chur ar a gcumas d'údaráis inniúla chomhpháirtíochta an fhaisnéis a tharchuirtear chuig na córais neamhchustaim ábhartha de chuid an Aontais a athbhreithniú agus a gcinntí imréitigh a dhéanamh ar cheart a chur ar aghaidh chuig custam trí CSW-CERTEX AE. Ba cheart d'údaráis chustaim, dá réir sin, an fhaisnéis sin a chur ar fáil do na hoibreoirí eacnamaíocha trí na timpeallachtaí ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam. Ba cheart an uimhir EORI a úsáid mar aitheantóir chun an fhaisnéis a bhaineann leis na malartuithe sin a chomhroinnt agus a chrostagairt. 

    (22)I gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, mar aitheantóir le haghaidh gach plé le húdaráis chustaim san Aontas sanntar uimhir EORI do gach oibreoir eacnamaíoch a bhíonn ag gabháil d'oibríochtaí custaim. Coinníonn an Coimisiún córas lárnach EORI ar bun chun sonraí a bhaineann le EORI a stóráil agus a láimhseáil. Chun comhar idir na húdaráis éagsúla atá páirteach sa phróiseas imréitigh earraí a éascú, ba cheart rochtain a bheith ag na húdaráis inniúla chomhpháirtíochta ar chóras EORI chun an uimhir EORI is féidir a iarraidh ó oibreoirí eacnamaíocha i gcomhthéacs a bhfoirmiúlachtaí a bhailíochtú. 

    (23)Tá dlúthchomhar idir an Coimisiún agus na Ballstáit riachtanach chun na gníomhaíochtaí uile a bhaineann le feidhmiú éifeachtach Thimpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam a chomhordú. I bhfianaise raon feidhme leathan éagsúil na ngníomhaíochtaí sin, ní mór do gach Ballstát údarás inniúil a cheapadh mar chomhordaitheoir náisiúnta. Ba cheart don chomhordaitheoir náisiúnta a bheith ina phointe teagmhála le haghaidh an Choimisiúin, agus ba cheart dó comhar a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta agus idir-inoibritheacht córais á chur chun cinn ag an am céanna. Ba cheart don Choimisiún comhordú a sholáthar i gcás inar gá, agus cuidiú le forfheidhmiú éifeachtúil foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais a áirithiú.

    (24)Gabhann costais áirithe cur chun feidhme le Timpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam a fhorbairt. Tá sé tábhachtach na costais sin a leithdháileadh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit ar an mbealach is iomchuí ag brath ar chineál na seirbhísí a sholáthraítear. Ba cheart don Choimisiún costais a thabhú a bhaineann le Timpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam, CSW-CERTEX AE, agus a chomhéadain le córais neamhchustaim an Aontais a fhorbairt, a chothabháil agus a oibriú. Ba cheart do na Ballstáit costais a thabhú a bhaineann leis an ról atá acu comhéadain le CSW-CERTEX AE a áirithiú agus timpeallachtaí an ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam a fhorbairt, a chothabháil agus a oibriú.

    (25)Teastaíonn pleanáil mhionsonraithe chun foirmiúlachtaí neamhchustaim áirithe de chuid Aontais a chomhtháthú de réir a chéile ó réimsí éagsúla beartais go CSW-CERTEX AE. Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún clár oibre a ullmhú chun na foirmiúlachtaí sin a ionchorprú i CSW-CERTEX AE agus chun naisc a fhorbairt idir córais neamhchustaim an Aontais lena ndéantar na foirmiúlachtaí sin a phróiseáil agus CSW-CERTEX AE. An príomhchuspóir ar cheart a bheith leis an gclár oibre seo is ea tacú le ceanglais oibríochtúla agus amlíne cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí seo. Ba cheart athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an gclár oibre chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn foriomlán maidir le forálacha an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm.

    (26)Ba cheart don Choimisiún faireachán rialta a dhéanamh ar fheidhmiú Thimpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht CSW-CERTEX AE agus chun forfheidhmiú éifeachtúil fhoirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais a chumhdaítear le CSW-CERTEX AE a áirithiú. Ba cheart don Choimisiún tuarascálacha measúnachta rialta ar fheidhmiú Thimpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle. Sna tuarascálacha sin ba cheart breithniú a dhéanamh ar dhul chun cinn, réimsí a shainaithint a d'fhéadfaí a fheabhsú agus moltaí a dhéanamh maidir leis an todhchaí i bhfianaise an dul chun cinn a dhéanfar i dtreo comhar digiteach feabhsaithe idir na húdaráis chustaim agus na húdaráis inniúla chomhpháirtíochta a bhfuil baint acu le himréiteach earraí chun próisis shimplithe le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha agus forfheidhmiú éifeachtúil fhoirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais a áirithiú.

    (27)Chun a áirithiú go mbeidh feidhmiú Thimpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam éifeachtúil agus éifeachtach, ba cheart an chumhacht maidir le gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith leasuithe ar liosta d'fhoirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais a chumhdaítear le CSW-CERTEX AE; sonraíocht na n-eilimintí sonraí atá le malartú trí CSW-CERTEX AE agus sainaithint na n-eilimintí sonraí is coiteann don dearbhú custaim agus don iarratas ar dhoiciméid tacaíochta araon chomh maith le tacar sonraí PCA le haghaidh gach gníomh ábhartha de chuid an Aontais is infheidhme maidir le foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais arna lánpháirtiú in CSW-CERTEX AE. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 41 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

    (28)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis na freagrachtaí ar leith a bhunú atá ar na rialaitheoirí comhpháirteacha maidir leis na hoibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2018/1725 a chomhlíonadh; ba cheart rialacha sonracha a ghlacadh maidir leis an malartú faisnéise atá le próiseáil trí CSW-CERTEX AE, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, aon riail shonrach chun cosaint sonraí pearsanta a áirithiú; ba cheart foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais atá comhtháthaithe in CSW-CERTEX AE ar féidir iad a bheith faoi réir comhar digiteach breise a chinneadh; ba cheart socruithe nós imeachta a ghlacadh le haghaidh malartuithe breise faisnéise arna bpróiseáil trí CSW-CERTEX AE, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, aon riail shonrach lena rialaítear cosaint na sonraí pearsanta agus ba cheart cláir oibre a ghlacadh chun tacú le cur chun feidhme na bhforálacha a bhaineann le córais ábhartha neamhchustaim an Aontais a nascadh le CSW-CERTEX AE agus le comhtháthú fhoirmiúlachtaí neamhchustaim ábhartha an Aontais. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 42 .

    (29)Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a leasú chun Timpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam a chomhtháthú i gcoincheap na reachtaíochta custaim, agus chun custam agus nósanna imeachta neamhchustaim de chuid an Aontais a chomhtháthú níos fearr trína chur ar a gcumas dóibh feidhmiú go comhuaineach. Ar an gcéad dul síos, toisc go gcuirtear sásra i bhfeidhm leis an Rialachán seo lenar féidir leis na húdaráis chustaim foirmiúlachtaí riaracháin a dhéanann difear don phróiseas imréitigh earraí a fhorfheidhmiú, is gá é agus a chuid forálacha cur chun feidhme agus forálacha forlíontacha a chur san áireamh sa sainmhíniú ar reachtaíocht chustaim a leagtar amach i bpointe 2 d'Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Tá an cur chuige sin i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, lena gcuirtear de chúram ar údaráis chustaim slándáil agus sábháilteacht an Aontais agus a chuid cónaitheoirí a áirithiú i ndlúthchomhar le húdaráis eile i gcás inarb iomchuí, agus an trádáil á héascú ag an am céanna. Ar an dara dul síos, sonraítear in Airteagal 163(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 gur gá do na doiciméid tacaíochta atá ag teastáil chun na forálacha lena rialaítear an nós imeachta ábhartha a bheith i seilbh an dearbhóra agus ar fáil do na húdaráis chustaim tráth a dtaiscfear an dearbhú custaim. Óir beidh na húdaráis chustaim in ann na sonraí riachtanacha a bhaineann le foirmiúlachtaí neamhchustam an Aontais a fháil trí CSW-CERTEX AE, ba cheart a mheas go bhfuil an oibleagáid sin comhlíonta, agus ba cheart, dá bhrí sin, Airteagal 163(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a leasú dá réir.

    (30)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé tuairim an xx/xx/202x.

    (31)Chun foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais a lánpháirtiú in CSW-CERTEX AE, ní mór bonneagar nua teicneolaíochta faisnéise a chur chun feidhme chun naisc a bhunú idir na timpeallachtaí ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam agus córais neamhchustaim an Aontais, na sonraí atá le malartú a shainaithint, agus chun sonraíochtaí teicniúla agus feidhmiúla a fhorbairt. Dá bhrí sin, ba cheart an uainiú is gá chun na forbairtí sin a chur ar aghaidh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a chur san áireamh chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Thairis sin, táthar ag súil go dtógfaidh sé i bhfad níos mó ama bearta breise maidir le comhar digiteach a chur chun feidhme toisc gur gá foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais lena mbaineann a shainaithint roimh ré chomh maith leis na forbairtí teicniúla ábhartha. Is gá, dá bhrí sin, cur i bhfeidhm forálacha áirithe de chuid an Rialacháin seo a chur siar.

    (32)Ós rud é, i ngeall ar nádúr trasnáisiúnta na gluaiseachta nuair a ghluaistear earraí thar theorainneacha agus castacht na gluaiseachta sin, nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach astu féin, eadhon forfheidhmiú feabhsaithe cheanglais rialála an Aontais thar theorainneacha an Aontais agus éascú na trádála idirnáisiúnta, ach gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Caibidil I
    Forálacha ginearálta

    Airteagal 1

    Ábhar

    Bunaítear leis an Rialachán seo Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam ina soláthraítear sraith chomhtháite seirbhísí leictreonacha idir-inoibritheacha ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta trí Chóras Malartaithe Deimhnithe an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam chun tacú le hidirghníomhú agus malartú faisnéise idir na timpeallachtaí ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam agus na córais neamhchustaim de chuid an Aontais dá dtagraítear san Iarscríbhinn. 

    Leagtar síos leis rialacha maidir leis na timpeallachtaí ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam agus rialacha maidir leis an gcomhar riaracháin digiteach agus malartú faisnéise laistigh de Timpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, i dteannta na sainmhínithe in Airteagal 5, pointí (1), (2), (5), (8), (12), (15) agus (16), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1) ciallaíonn ‘timpeallacht ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam’ sraith seirbhísí leictreonacha a sholáthraíonn Ballstát chun gur féidir faisnéis a mhalartú idir córais leictreonacha na n‑údarás custaim, na n‑údarás inniúil comhpháirtíochta agus na n‑oibreoirí eacnamaíocha;

    (2) ciallaíonn ‘údarás inniúil comhpháirtíochta’ aon údarás de chuid Ballstáit nó an Coimisiún nuair a thugtar de chumhacht dóibh feidhm ainmnithe a dhéanamh i ndáil le foirmiúlachtaí neamhchustaim ábhartha an Aontais a chomhlíonadh;

    (3) ciallaíonn ‘foirmiúlacht neamhchustaim de chuid an Aontais’ aon fhoirmiúlacht le haghaidh na trádála idirnáisiúnta in earraí a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais lasmuigh de reachtaíocht custaim;

    (4) ciallaíonn ‘doiciméid tacaíochta’ aon deimhniú, fianú, dearbhú comhréireachta, ceadúnas nó cead arna eisiúint ag údaráis inniúla chomhpháirtíochta chun a dheimhniú gur comhlíonadh foirmiúlachtaí neamhchustam an Aontais;

    (5) ciallaíonn ‘bainistiú cainníochta’ faireachán a dhéanamh ar chainníocht na n-earraí atá údaraithe ag údaráis inniúla chomhpháirtíochta i gcomhréir le reachtaíocht neamhchustaim an Aontais bunaithe ar an bhfaisnéis arna soláthar ag na húdaráis chustaim nuair a dhéantar coinsíneachtaí gaolmhara a imréiteach agus bainistiú na cainníochta sin;

    (6) ciallaíonn ‘córas neamhchustam an Aontais’ aon chóras leictreonach de chuid an Aontais lena stóráiltear faisnéis ó na húdaráis inniúla chomhpháirtíocht uile, faisnéis atá ag teastáil ó údaráis chustaim chun comhlíonadh na bhfoirmiúlachtaí ábhartha neamhchustaim de chuid an Aontais a fhíorú. 

    Airteagal 3

    Timpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam

    Leis seo, déantar Timpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam a bhunú. Áireofar ann Córas Malartaithe Deimhnithe an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam, timpeallachtaí ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam agus na córais neamhchustaim de chuid an Aontais dá dtagraítear san Iarscríbhinn.

    Caibidil II
    Córas Malartaithe Deimhnithe an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam

    Airteagal 4

    Bunú Chóras Malartaithe Deimhnithe an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam

    Bunaítear leis seo Córas Malartaithe Deimhnithe leictreonach an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam (CSW-CERTEX AE). Le CSW-CERTEX AE déanfar na timpeallachtaí ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam a nascadh leis na córais neamhchustaim de chuid an Aontais dá dtagraítear san Iarscríbhinn.

    Airteagal 5

    Róil agus freagrachtaí CSW-CERTEX AE

    1.Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, CSW-CERTEX AE a fhorbairt, a chomhtháthú agus a oibriú.

    2.Déanfaidh an Coimisiún na córais neamhchustaim de chuid an Aontais dá dtagraítear san Iarscríbhinn a nascadh le CSW-CERTEX AE agus malartú faisnéise ar na foirmiúlachtaí neamhchustaim de chuid an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn a chumasú.

    3.Déanfaidh na Ballstáit na timpeallachtaí ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam a nascadh le CSW-CERTEX AE agus malartú faisnéise ar na foirmiúlachtaí neamhchustaim de chuid an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn a chumasú.

    4.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21 lena leasaítear an Iarscríbhinn, go háirithe chun foirmiúlachtaí neamhchustaim eile de chuid an Aontais a chumhdach.

    Airteagal 6

    Próiseáil sonraí pearsanta in CSW-CERTEX AE

    1.Ní féidir sonraí pearsanta a phróiseáil in CSW-CERTEX AE ach amháin chun na gcríoch seo a leanas:

    (a)chun ligean don mhalartú faisnéise idir timpeallachtaí ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam agus na córais neamhchustaim de chuid an Aontais dá dtagraítear san Iarscríbhinn a mhéid a mhéid a bhaineann le foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais a liostaítear inti;

    (b)chun an trasfhoirmiú faisnéise dá liostaítear in Airteagal 10(2) a dhéanamh, i gcás inar gá, chun ligean don mhalartú faisnéise dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo.

    2.Ní féidir ach na sonraí pearsanta a bhaineann leis na catagóirí seo a leanas d'ábhair sonraí a phróiseáil in CSW-CERTEX AE:

    (a)daoine nádúrtha a bhfuil a bhfaisnéis phearsanta sa dearbhú custaim;

    (b)daoine nádúrtha a bhfuil a bhfaisnéis phearsanta sna doiciméid tacaíochta, nó in aon fhianaise dhoiciméadach eile atá ag teastáil chun foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn a chomhlíonadh;

    (c)baill foirne údaraithe d'údaráis chustaim, údaráis inniúla chomhpháirtíochta, údaráis fíorúcháin coinsíneachtaí nó aon údarás nó comhlacht údaraithe ábhartha eile a bhfuil a bhfaisnéis phearsanta in aon doiciméad dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b);

    (d)baill foirne den Choimisiúin agus soláthraithe tríú páirtí a ghníomhaíonn thar ceann an Choimisiúin a dhéanann oibríochtaí agus gníomhaíochtaí cothabhála a bhaineann le CSW-CERTEX AE.

    3.Ní féidir ach na catagóirí seo a leanas de shonraí pearsanta a phróiseáil in CSW-CERTEX AE:

    (a)ainm, seoladh, cód tíre agus uimhir aitheantais na ndaoine nádúrtha dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) agus (b), agus atá ag teastáil mar gheall ar reachtaíocht custaim nó reachtaíocht neamhchustaim an Aontais chun a bhfoirmiúlachtaí faoi seach a chomhlíonadh;

    (b)ainm agus síniú na mball foirne údaraithe dá dtagraítear i mír 2, pointe (c) agus pointe (d).

    4.Ní stórálfaidh CSW-CERTEX AE aon fhaisnéis a mhalartófar idir na timpeallachtaí ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam agus córais neamhchustaim an Aontais.

    5.Déanfar trasfhoirmiú na sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), agus úsáid á baint as bonneagar teicneolaíochta faisnéise atá lonnaithe san Aontas.

    Airteagal 7

    Rialú comhpháirteach CSW-CERTEX AE

    1.A mhéid a bhaineann le próiseáil na sonraí pearsanta in CSW-CERTEX AE, beidh an Coimisiún ina rialaitheoir comhpháirteacha de réir bhrí Airteagal 28(1) de Rialachán (AE) 2018/1725, agus beidh údaráis chustaim agus údaráis inniúla chomhpháirtíochta ina rialaitheoirí comhpháirteacha de réir bhrí Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2016/679.

    2.Leagfaidh an Coimisiún síos, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, freagrachtaí ábhartha na rialaitheoirí comhpháirteacha chun na hoibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2018/1725 a chomhlíonadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(3) den Rialachán seo.

    3.Áiritheoidh na rialaitheoirí comhpháirteacha go ndéanfar na nithe seo a leanas:

    (a)go n-oibreoidh siad le chéile chun na hiarrataí ó na hábhair sonraí a phróiseáil go tráthúil;

    (b)tabharfaidh siad cúnamh dá chéile maidir le hábhair a bhaineann le haon sárú ar shonraí pearsanta a bhaineann le comhphróiseáil a aithint agus a láimhseáil;

    (c)malartóidh siad an fhaisnéis ábhartha is gá chun ábhair sonraí a chur ar an eolas de bhun Roinn 2 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Roinn 2 de Rialachán (AE) 2018/1725;

    (d)déanfaidh siad slándáil, sláine, infhaighteacht agus rúndacht na sonraí pearsanta a phróiseáiltear go comhpháirteach de bhun Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2018/1725 a áirithiú agus a chosaint.

    Caibidil III
    Timpeallachtaí ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam

    Airteagal 8

    Bunú timpeallachtaí ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam 

    1.Bunóidh na Ballstáit timpeallachtaí ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam. Beidh gach Ballstát freagrach as a thimpeallacht ionaid ilfhreastail féin maidir le custam a fhorbairt, a chomhtháthú agus a oibriú.

    2.Leis na timpeallachtaí ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam beidh malartú faisnéise agus comhar trí mhodh leictreonach indéanta idir údaráis chustaim, údaráis inniúla chomhpháirtíochta agus oibreoirí eacnamaíocha ar mhaithe leis an reachtaíocht custaim agus na foirmiúlachtaí neamhchustaim de chuid an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú go héifeachtúil.

    3.Leis na timpeallachtaí ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam soláthrófar na feidhmiúlachtaí seo a leanas go háirithe:

    (a)cuirfear ar a gcumas d'údaráis chustaim comhlíontacht fhoirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn a fhíorú go huathoibríoch bunaithe ar na sonraí a fuarthas ó chórais neamhchustaim an Aontais chun críocha imréitigh earraí;

    (b)ligfear d'údaráis inniúla chomhpháirtíochta, i gcás inarb infheidhme, an bainistiú cainníochta a bhaineann le foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn a dhéanamh; 

    (c)soláthrófar cainéal cumarsáide aonair le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha chun na foirmiúlachtaí custaim ábhartha agus foirmiúlachtaí neamhchustam an Aontais atá faoi réir comhar digiteach breise i gcomhréir le hAirteagal 12 a chomhlíonadh.

    4.Féadfar na timpeallachtaí ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam a úsáid mar ardán chun rialuithe a chomhordú i gcomhréir le hAirteagal 47(1) de Rialachán (AE) 952/2013.

    Airteagal 9

    Próiseáil sonraí pearsanta laistigh de na timpeallachtaí ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam

    1.An phróiseáil sonraí pearsanta laistigh de na timpeallachtaí ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam, déanfar í i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ar leithligh ó na hoibríochtaí próiseála dá dtagraítear in Airteagal 6 den Rialachán seo.

    2.Beidh gach Ballstát ina rialaitheoir aonair ar na hoibríochtaí próiseála sonraí a tharlóidh laistigh dá thimpeallacht ionaid ilfhreastail féin maidir le custam.

    3.Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún maidir le haon sárú ar shonraí pearsanta a chuireann slándáil, rúndacht, infhaighteacht nó sláine na sonraí pearsanta a phróiseáiltear laistigh dá thimpeallacht ionaid ilfhreastail i mbaol.

    Caibidil IV
    An comhar digiteach - malartú faisnéise agus rialacha eile nós imeachta

    Roinn 1
    AN COMHAR DIGITEACH A BHAINEANN LE FOIRMIÚLACHTAÍ NEAMHCHUSTAIM AN AONTAIS

    Airteagal 10

    An malartú faisnéise a phróiseáiltear trí CSW-CERTEX AE

    1.Le haghaidh gach ceann d'fhoirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn, trí CSW-CERTEX AE beifear ábalta faisnéis a mhalartú idir timpeallachtaí an ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam agus córais neamhchustaim ábhartha an Aontais ar na cúiseanna seo a leanas:

    (a)chun na sonraí ábhartha a chur ar fáil d'údaráis chustaim chun an fíorú uathoibrithe is gá a dhéanamh ar na foirmiúlachtaí sin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

    (b)chun na sonraí ábhartha a chur ar fáil d'údaráis inniúla chomhpháirtíochta chun an bainistiú cainníochta a dhéanamh ar earraí údaraithe i gcórais neamhchustaim an Aontais bunaithe ar na hearraí a dhearbhaítear le húdaráis chustaim agus a scaoileann na húdaráis sin;

    (c)chun comhtháthú nósanna imeachta a éascú idir údaráis chustaim agus údaráis inniúla chomhpháirtíochta le haghaidh próiseas imréitigh earraí atá go hiomlán uathoibrithe agus comhar rialaithe i gcomhréir le hAirteagal 47(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

    (d)chun malartú sonraí uathoibrithe ar bith eile atá ag teastáil mar gheall ar reachtaíocht an Aontais dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo a cheadú idir custam agus na húdaráis inniúla chomhpháirtíochta.

    2.Maidir leis na foirmiúlachtaí neamhchustaim uile de chuid an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn, déanfar foráil le CSW-CERTEX AE maidir leis na rudaí seo a leanas:

    (a)téarmaíocht chustaim agus neamhchustaim a ailíniú i gcás inar féidir, agus na nósanna imeachta custaim ar féidir na doiciméid tacaíochta a úsáid ina leith a shainaithint bunaithe ar chinntí riaracháin an údaráis inniúil comhpháirtíochta arna gcur in iúl sna doiciméid tacaíochta;

    (b)formáid na sonraí atá ag teastáil chun na foirmiúlachtaí neamhchustaim ábhartha de chuid an Aontais a chomhlíonadh a thiontú ina sonraí a bheidh ag luí leis an dearbhú custaim agus vice versa, gan a bhfuil iontu a athrú.

    3.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21 lena sonraítear na heilimintí sonraí atá le malartú trí CSW-CERTEX AE i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.

    4.Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha sonracha maidir leis an malartú faisnéise dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, aon riail shonrach chun cosaint na sonraí pearsanta a áirithiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

    Roinn 2
    AN COMHAR DIGITEACH BREISE A BHAINEANN LE FOIRMIÚLACHTAÍ NEAMHCHUSTAIM AN AONTAIS

    Airteagal 11

    Comhlíonadh fhoirmiúlachtaí custaim agus fhoirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais a chuíchóiriú

    Maidir le hearraí atá faoi réir aon cheann de na foirmiúlachtaí neamhchustaim de chuid an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn, soláthrófar na feidhmiúlachtaí seo a leanas leis na timpeallachtaí ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam:

    (a)ligean d'oibreoirí eacnamaíocha an fhaisnéis ábhartha a chur isteach atá ag teastáil chun na foirmiúlachtaí custaim is infheidhme agus foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais a chomhlíonadh;

    (b)aiseolas leictreonach ar imréiteach earraí ó na húdaráis chustaim agus na húdaráis inniúla chomhpháirtíochta atá freagrach as na foirmiúlachtaí custaim is infheidhme agus foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais a chomhlíonadh a chur ar fáil d'oibreoirí eacnamaíocha.

    Airteagal 12

    Foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais faoi réir comhar digiteach breise

    1.Beidh foirmiúlacht neamhchustaim Aontais atá liostaithe san Iarscríbhinn faoi réir Airteagal 8(3), pointe (c), Airteagail 11 go 15 agus Airteagal 16(2) ar choinníoll gur chinn an Coimisiún i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo go gcomhlíonann an fhoirmiúlacht sin na critéir a leagtar amach sa mhír sin.

    2.Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na foirmiúlachtaí neamhchustaim de chuid an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn a chomhlíonann na critéir seo a leanas: 

    (a)go bhfuil forluí ann idir roinnt sonraí atá ag teastáil le haghaidh an iarratais ar dhoiciméid tacaíochta agus an dearbhaithe custaim;

    (b)nach bhfuil líon na ndoiciméad tacaíochta a eisíodh san Aontas le haghaidh na foirmiúlachta sonraí diomaibhseach;

    (c)gur féidir leis an gcóras comhfhreagrach neamhchustaim de chuid an Aontais dá dtagraítear san Iarscríbhinn an t-oibreoir eacnamaíoch a shainaithint trí bhíthin na huimhreach Cláraithe agus Aitheantais Oibreoirí Eacnamaíochta (uimhir EORI);

    (d)gur féidir an fhoirmiúlacht shonrach a chomhlíonadh le reachtaíocht neamhchustaim an Aontais is infheidhme trí na timpeallachtaí ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam i gcomhréir le hAirteagal 11.

    3.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

    Airteagal 13

    Comhchuibhiú agus cuíchóiriú sonraí

    1.Sainmhíneoidh an Coimisiún na sonraí coiteanna idir an dearbhú custaim agus an t-iarratas comhfhreagrach ar dhoiciméid tacaíochta, agus sainaithneofar leis na heilimintí sonraí breise atá faoi réir reachtaíocht neamhchustaim an Aontais amháin.

    2.Déanfar na heilimintí sonraí breise dá dtagraítear i mír 1 a shainaithint leis an acrainm comhfhreagrach den fhoirmiúlacht neamhchustaim de chuid an Aontais atá liostaithe san Iarscríbhinn, agus an iarmhír ‘tacar sonraí údaráis inniúil comhpháirtíochta (PCA)’ ina dhiaidh.

    3.Na sonraí dearbhaithe custaim agus na heilimintí sonraí breise dá dtagraítear i mír 1 agus atá ag teastáil chun na hearraí a chur faoi nós imeachta custaim sonrach, beidh siad ina ndearbhú comhtháite ina mbeidh na sonraí uile a bheidh de dhíth ar údaráis chustaim agus údaráis inniúla comhpháirtíochta chun earraí a imréiteach.

    4.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21, lena sainaithneofar, de pháirt amháin, na heilimintí sonraí is coiteann don dearbhú custaim agus don iarratas ar dhoiciméid tacaíochta araon agus, den pháirt eile, tacar sonraí PCA le haghaidh gach gníomh ábhartha de chuid an Aontais is infheidhme maidir le foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais arna liostú san Iarscríbhinn.

    Airteagal 14

    Sonraí custaim agus sonraí neamhchustaim an Aontais á gcur isteach ag oibreoirí eacnamaíocha

    1.Chun críocha Airteagal 11, pointe (a), le timpeallachtaí ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam féadfar é a chur ar a gcumas d'oibreoirí eacnamaíocha dearbhú comhtháite a chur isteach ina bhfuil tacair sonraí PCA mar aon leis an dearbhú custaim a cuireadh isteach roimh thíolacadh na n-earraí i gcomhréir le hAirteagal 171 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

    2.Beidh an dearbhú custaim agus an t-iarratas ar dhoiciméid tacaíochta araon sa dearbhú comhtháite a chuirfear isteach i gcomhréir le mír 1.

    Airteagal 15

    Malartú na faisnéise breise a phróiseáiltear trí CSW-CERTEX AE

    1.Le CSW-CERTEX AE beifear ábalta na malartuithe faisnéise is gá a dhéanamh idir timpeallachtaí ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam agus córais neamhchustaim an Aontais ar na cúiseanna seo a leanas:

    (a)na sonraí a sainaithníodh a bheith i gcoiteann ag an dearbhú custaim agus ag an iarratas comhfhreagrach ar dhoiciméid tacaíochta a tharchur de bhun Airteagal 13(4), chomh maith leis an tacair sonraí PCA is infheidhme chun é a chur ar a gcumas d'údaráis inniúla chomhpháirtíochta a gcuid dualgas a chomhlíonadh maidir leis na foirmiúlachtaí ábhartha i gcomhréir le reachtaíocht neamhchustaim an Aontais;

    (b)aon aiseolas ó údaráis inniúla chomhpháirtíochta a cuireadh isteach sna córais neamhchustaim is infheidhme de chuid an Aontais a tharchur chuig oibreoirí eacnamaíocha chun críocha Airteagal 11(b).

    2.I gcás ina bhfuil oibreoir eacnamaíoch cláraithe leis na húdaráis chustaim i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, úsáidfear an uimhir EORI le haghaidh na malartuithe faisnéise dá dtagraítear i mír 1.

    3.Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, socruithe nós imeachta le haghaidh na malartuithe faisnéise dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, aon riail shonrach lena rialaítear cosaint na sonraí pearsanta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

    Roinn 3
    RIALACHA EILE NÓS IMEACHTA LE hAGHAIDH FHOIRMIÚLACHTAÍ NEAMHCHUSTAIM AN AONTAIS 

    Airteagal 16

    Úsáid chóras EORI ag údaráis inniúla chomhpháirtíochta

    Agus a gcuid dualgas á gcomhlíonadh acu, beidh rochtain ag údaráis inniúla chomhpháirtíochta ar chóras EORI arna bhunú chun críocha Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, chun na sonraí ábhartha maidir le hoibreoirí eacnamaíocha atá stóráilte sa chóras sin a bhailíochtú.

    Airteagal 17

    Comhordaitheoirí náisiúnta

    Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil chun gníomhú mar chomhordaitheoir náisiúnta le haghaidh Thimpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam. Déanfaidh an comhordaitheoir náisiúnta na cúraimí seo a leanas:

    (a)feidhmeoidh sé mar phointe teagmhála náisiúnta le haghaidh an Choimisiúin i leith gach ábhar a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo;

    (b)cuirfidh sé an comhar chun cinn idir custam agus na húdaráis inniúla chomhpháirtíochta ar an leibhéal náisiúnta agus déanfaidh sé na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an nasc idir na timpeallachtaí ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam agus CSW-CERTEX AE a chomhordú chun tacú le cur chun feidhme an Rialacháin seo. 

    Caibidil V
    Costais CSW-CERTEX AE, an clár oibre, agus faireachán agus tuairisciú

    Airteagal 18

    Costais

    1.Íocfaidh an tAontas na costais a bhaineann le CSW-CERTEX AE a fhorbairt, a chomhtháthú agus a oibriú agus as a chomhéadain le córais neamhchustaim an Aontais.

    2.Íocfaidh gach Ballstát na costais arna dtabhú i ndáil lena thimpeallacht ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam agus a nasc le CSW-CERTEX AE a fhorbairt, a chomhtháthú agus a oibriú.

    Airteagal 19

    Clár oibre

    Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, clár oibre chun tacú le cur chun feidhme fhorálacha an Rialacháin seo a bhaineann leis an nasc idir córais neamhchustaim an Aontais dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le CSW-CERTEX AE agus lánpháirtiú na bhfoirmiúlachtaí neamhchustaim ábhartha de chuid an Aontais. Coimeádfar an clár oibre cothrom le dáta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

    Airteagal 20

    Faireachán agus tuairisciú

    1.Déanfaidh an Coimisiún faireachán rialta ar fheidhmiú Thimpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam.

    2.Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht rialta ar fheidhmíocht CSW-CERTEX AE.

    3.Faoin 31 Nollaig 2027 agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Beidh faisnéis faoin bhfaireachán agus faoin meastóireacht a dhéanfar i gcomhréir le míreanna 1 agus 2, faoi seach, sa tuarascáil freisin.

    4.Arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, soláthróidh na Ballstáit aon fhaisnéis is gá le haghaidh na tuarascála dá dtagraítear i mír 3.

    Caibidil VI
    Nósanna imeachta maidir le gníomhartha cur chun feidhme agus gníomhartha tarmligthe, leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 agus forálacha críochnaitheacha a ghlacadh

    Airteagal 21

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(4), Airteagal 10(3) agus Airteagal 13(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(4), Airteagal 10(3) agus Airteagal 13(4) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

    4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

    5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

    6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(4), Airteagal 10(3) agus Airteagal 13(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    Airteagal 22

    Nós imeachta coiste

    1.Tabharfaidh an Coiste um an gCód Custaim, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    3.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Airteagal 23

    Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 mar a leanas:

    (1) cuirtear an pointe seo a leanas le hAirteagal 5(2):

    ‘(e) Rialachán (AE) [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* agus na forálacha lena bhforlíontar nó lena gcuirtear chun feidhme é;

    *Rialachán (AE) [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [dáta] lena mbunaítear Timpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (IO L […], LL/MM/BBBB, lch. XX).

    (2) cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 163(1):

    ‘Na doiciméid tacaíochta le haghaidh na bhfoirmiúlachtaí neamhchustaim is infheidhme de chuid an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn, measfar iad a bheith i seilbh an dearbhóra agus ar fáil do na húdaráis chustaim tráth a dtaiscfear an dearbhú custaim, ar choinníoll go mbeidh na húdaráis sin in ann na sonraí is gá a fháil ó chórais chomhfhreagracha neamhchustaim an Aontais trí Chóras Malartaithe Deimhnithe an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointí (a) agus (c), den Rialachán sin’.

    Airteagal 24

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm ag Airteagal 5(2) agus (3), Airteagal 8(3), pointí (a) agus (b), agus Airteagal 10 maidir le gach ceann d'fhoirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais atá liostaithe san Iarscríbhinn amhail ó na dátaí a leagtar amach inti.

    Beidh feidhm ag Airteagal 8(3), pointe (c), Airteagal 11, Airteagal 13(1), (2) agus (3), Airteagal 14 agus Airteagal 15(1) agus (2) ón 1 Eanáir 2031.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    [...]    [...]

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

    1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

    1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

    1.3.An cineál togra/tionscnaimh

    1.4.Cuspóirí

    1.5.Forais an togra/tionscnaimh

    1.6.Fad agus tionchar airgeadais

    1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

    2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

    2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

    2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

    2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n-imreofar tionchar

    3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas 

    3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

    3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

    3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

    3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

    3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

    1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear Timpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013

    PLAN/2017/1149 - TAXUD

    1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 43  

    - Aontas Custaim

    - Straitéis Ríomhrialtas agus Digitiú

    1.3.An cineál togra/tionscnaimh

     Baineann an togra/tionscnamh le beart nua 

    Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann tionscadal píolótach/réamhbheart 44  

     Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana 

     Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

    1.4.Cuspóirí

    1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

    Teachtaireacht 2016 ón gCoimisiún Eorpach maidir le Dul chun cinn i ndáil le Forbairt a dhéanamh ar Aontas Custaim an Aontais Eorpaigh agus ar an Rialachas a Dhéantar air (COM (2016) 813 final) 45

    Plean straitéiseach AS TAXUD 2016-2020 46

    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Aontas Custaim a Thabhairt ar aghaidh go dtí an Chéad Leibhéal Eile - Clár Oibre Gníomhaíochta le haghaidh Aontas Custaim atá láidir agus nua-aimseartha (PLAN/2020/6296).

    Dearbhú Thaillinn maidir le ríomhsheirbhísí Rialtais (Uachtaránacht na hEastóine ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh an 6 Deireadh Fómhair 2017) 47 .

    1.4.2.Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

    Cuspóirí sonracha

    1.Comhar feabhsaithe idir údaráis chustaim agus údaráis inniúla chomhpháirtíochta a bhfuil foirmiúlachtaí rialála neamhchustaim a éilítear le haghaidh trádáil idirnáisiúnta a fhorchur faoina gcúraim (“údaráis inniúla chomhpháirtíochta” anseo feasta) chun an réiteach píolótach TF arna fhorbairt ag AS TAXUD a leathnú agus a fheabhsú 48 . Dhéanfadh an réiteach sin córais chustaim náisiúnta a idirnascadh go haonfhoirmeach le córais an Aontais trína mbainistítear foirmiúlachtaí rialála neamhchustaim chun malartú córasach agus uathoibrithe faisnéise idir an dá réimse a chumasú.

    2.Forfheidhmiú feabhsaithe ar fhoirmiúlachtaí rialála trasteorann. Cheadódh na malartuithe faisnéise idir córais údaráis custaim agus neamhchustaim rialuithe uathoibrithe custaim ar dhoiciméid tacaíochta, aiseolas leictreonach ar an imréiteach custaim do na húdaráis inniúla chomhpháirtíochta agus d'fhéadfaí na nósanna imeachta custaim agus neamhchustaim is infheidhme a chomhtháthú ar bhealach níos fearr.

    3.Próisis shimplithe imréitigh earraí le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha trí chreat a chinneadh maidir le comhchuibhiú sonraí agus trí athúsáid na sonraí arna soláthar ag oibreoirí eacnamaíocha a chumasú.

    4.Bainistiú uile-Aontais ar chainníochtaí i bhfoirmiúlachtaí neamhchustaim.

    Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

    Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh socruithe i bhfeidhm chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú Thimpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam i gcoinne na bpríomhchuspóirí beartais. Leagtar amach na tosaíochtaí beartais agus na hacmhainní comhfhreagracha i Roinn 1.5.1 agus i Roinn 3 den doiciméad seo.

    1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

    Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

    Riaracháin chustaim na mBallstát: sábhálfaidh an tionscnamh am suntasach maidir le himréiteach custaim, mar go ndéanfaí na doiciméid tacaíochta a bhaineann leis na foirmiúlachtaí rialála neamhchustaim atá faoin raon feidhme sin a sheachadadh trí CSW-CERTEX AE chuig na córais TF chustaim ó chóras ábhartha an Aontais. Leis sin, tabharfar isteach féidearthachtaí maidir le fíorú uathoibrithe agus laghdófar an spleáchas ar sheiceálacha doiciméadacha custaim de láimh, rud a shábhálfaidh acmhainní daonna, agus ar deireadh, rud a leathnóidh cumas rialaithe riarachán custaim. Bheadh an t-athrú níos suntasaí go háirithe d’fhoirmiúlachtaí rialála inar féidir líon na n-earraí údaraithe a roinnt idir roinnt dearbhuithe custaim, a bhuíochas sin le feidhmiúlacht bainistíochta uathoibrithe cainníochta a thabhairt isteach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Leis an bhfeidhmiúlacht sin, cumasófar an fíorú uathoibríoch a bhaineann le ‘díscríobh’ ar fud an Aontais, rud a chuirfidh cosc ar imréiteach earraí a théann thar an gcainníocht údaraithe. Ina theannta sin, áiritheofar leis an togra simpliú agus comhchuibhiú sonraí idir foirmiúlachtaí custaim agus neamhchustaim agus ailíniú níos fearr ar nósanna imeachta. Táthar ag súil freisin le bainistiú riosca feabhsaithe a eascraíonn as méid méadaithe na sonraí leictreonacha a fhaightear ó oibreoirí eacnamaíocha mar chuid den dearbhú custaim agus as comhroinnt sonraí níos éasca idir na húdaráis. 

    Údaráis inniúla chomhpháirtíochta: feabhsóidh an tionscnamh comhlíonadh agus forfheidhmiú na bhfoirmiúlachtaí rialála neamhchustaim atá faoi raon feidhme. Go háirithe, is uirlis rialaithe í an bhainistíocht uathoibrithe cainníochta ar leibhéal an Aontais chun úsáid chalaoiseach na ndoiciméad tacaíochta thar na cainníochtaí údaraithe a sheachaint. Ina theannta sin, le malartú uathoibríoch faisnéise idir na húdaráis, cuirfear deireadh leis an riosca go ndéanfaí earraí a imréiteach faoi dhoiciméad tacaíochta falsaithe. Thairis sin, trí chaighdeánú a dhéanamh ar an malartú faisnéise idir córais údaráis inniúla chomhpháirtíochta de chuid an Aontais agus córais chustaim náisiúnta, tabharfar an deis do riaracháin chustaim náisiúnta cur chun feidhme na reachtaíochta neamhchustaim a chomhchuibhiú ar fud an Aontais Eorpaigh. 

    Oibreoirí eacnamaíocha: táthar ag súil go gcruthóidh an malartú faisnéise idir Rialtais (G2G) idir údaráis chustaim agus údaráis inniúla chomhpháirtíochta gnóthachain éifeachtúlachta agus coigiltí ama maidir le himréiteach earraí. Go háirithe, bainfidh oibreoirí eacnamaíocha leas as an malartú uathoibrithe díreach idir údaráis nach bhfuil orthu doiciméid tacaíochta a chur ar fáil go fisiciúil don imréiteach custaim. Ina theannta sin, i bhformhór na gcásanna, beidh na húdaráis chustaim in ann na doiciméid tacaíochta a fhíorú ar bhealach uathoibrithe, agus ar an gcaoi sin laghdófar an méid ama agus na hacmhainní a bheidh ag teastáil ó oibreoirí eacnamaíocha chun freastal ar rialuithe doiciméadacha. Ó tharla go bhfuil an tseirbhís fíoraithe doiciméad tacaíochta uathoibrithe le fáil lá agus oíche, seacht lá na seachtaine, d’fhéadfadh sé go dtarlódh imréiteach na gcásanna caighdeánacha fiú lasmuigh de na huaireanta oibre. Ina theannta sin, simpleoidh an pointe aonair iontrála (an ghné Idir Gnólachtaí agus Rialtais (B2G) den togra) comhlíonadh na bhfoirmiúlachtaí rialála agus tabharfaidh sé aghaidh ar na príomhfhadhbanna, amhail an gá le faisnéis chomhchosúil a chur faoi bhráid údarás éagsúil le haghaidh na ngluaiseachtaí céanna.

    Saoránaigh: Má dhéantar foirmiúlachtaí rialála neamhchustaim a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr, beidh tionchar dearfach aige sin ar shláinte agus sábháilteacht an phobail a chosaint, ar shlándáil a fheabhsú, ar an oidhreacht chultúrtha a chaomhnú agus ar leas ainmhithe agus an comhshaol a chosaint. D‘fhéadfadh sé go rachadh simpliú na bhfoirmiúlachtaí rialála, is é sin an laghdú ar am an imréitigh agus ar na hacmhainní is gá chun déileáil leo chun tairbhe na saoránach, mar d'fhéadfaí costais níos ísle a aistriú chucu i bhfoirm praghsanna níos ísle.

    1.4.4.Táscairí lena léirítear torthaí agus tionchar

    Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

    Líon na bhfoirmiúlachtaí rialála neamhchustaim arna gcumhdach ag an tionscnamh i mbliain ar leith agus líon na gcomhaontuithe arna síniú idir AS TAXUD agus Ard-Stiúrthóireachtaí comhpháirtíochta i dtaca le foirmiúlachtaí a chumhdaítear leis an tionscnamh;

    Líon na ndearbhuithe custaim atá faoi réir malartú uathoibríoch faisnéise arna bpróiseáil trí CSW-CERTEX AE agus líon na n-iarrataí arna gcur isteach in aghaidh an Bhallstáit chuig CSW-CERTEX AE;

    Líon na neamhréireachtaí agus na n-iarrachtaí calaoise arna mbrath trí fhaisnéis a chros-seiceáil go huathoibríoch;

    Ráta amais na rialuithe doiciméadacha agus fisiceacha (tar éis cros-seiceáil chórasach uathoibrithe faisnéise arna chumasú trí CSW-CERTEX AE) agus líon na n-earraí neamhchomhlíontacha a bhraitear;

    Cion na rialuithe uathoibrithe nár lean idirghabháil de láimh (doiciméid de rialuithe fisiciúla);

    Líon na ndearbhuithe comhtháite 49 arna dtaisceadh trí na hionaid ilfhreastail náisiúnta;

    An meán-am is gá chun na hearraí ábhartha a imréiteach.

    1.5.Forais an togra/tionscnaimh

    1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

    Le blianta anuas, tá roinnt gealltanas tugtha ag an gCoimisiún agus ag Ballstáit an Aontais Eorpaigh seirbhísí ionaid ilfhreastail a fhorbairt i réimse an chustaim. I gCinneadh ríomh-Chustaim 2008 50 maidir le timpeallacht gan pháipéar i ndáil le custam agus le trádáil, iarradh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún “féachaint le creat de sheirbhísí ionaid ilfhreastail a bhunú agus a chur i bhfeidhm”. Leanann Dearbhú na Veinéise 2014 51 é sin trí phlean gníomhaíochta forásach chun timpeallacht Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam a chur chun feidhme agus chun an creat dlíthiúil a bhaineann léi a fhorbairt. Ina theannta sin, fógraíodh pleananna an Choimisiúin chun comhréiteach inoibrithe i dtaca le Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam a fhorbairt agus a chruthú in 2016 sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le “Dul chun cinn i ndáil le Forbairt a dhéanamh ar Aontas Custaim an Aontais Eorpaigh agus ar an Rialachas a Dhéantar air” 52 . Léiríodh é sin sa chéad Tuarascáil Dhébhliantúil ar “Dhul chun cinn i ndáil le hAontas Custaim an Aontais Eorpaigh agus an Rialachas a Dhéantar air a Fhorbairt” 53 , inar sainaithníodh timpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le custam mar réimse tosaíochta.

    I gcomhréir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais Eorpaigh, sheol an Coimisiún tionscadal píolótach in 2015 arna riar i gcomhpháirt ag Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim (AS TAXUD) agus ag an Ard-Stiúrthóireacht um Shláinte agus Sábháilteacht Bia (AS SANTE), “Doiciméad Coiteann Iontrála Tréidliachta-Ionad Ilfhreastail AE maidir le Custam”. Leis sin, cuireadh comhéadan ar fáil idir córais chustaim náisiúnta agus córas deimhniúcháin ar leibhéal an Aontais 54 trí réiteach lárnach TF AS TAXUD. Leis sin, cumasaíodh an fíorú uathoibrithe ar thrí dheimhniú sláintíochta ó riarachán custaim chúig Bhallstát a bhí rannpháirteach ar bhonn deonach, deimhnithe a éilíodh le haghaidh iontráil táirgí de bhunadh ainmhíoch/nach de bhunadh ainmhíoch iad. “Tionscadal Malartaithe Deimhnithe-Ionad Ilfhreastail AE maidir le Custam” (‘CSW-CERTEX AE’) a sheoladh in 2017, leathnaigh sé an tionscadal píolótach agus chuir sé lena fheidhmiúlachtaí. Faoi dheireadh 2018, tugadh isteach deimhnithe nua, agus tháinig méadú ar líon na mBallstát rannpháirteach ó chúig Bhallstát go naoi mBallstát. Leis an tionscnamh dlí atá beartaithe, cuirfear leis an réiteach píolótach atá ann cheana a d'fhorbair AS TAXUD agus forchuirfear a úsáid éigeantach ar na Ballstáit uile chun faisnéis a mhalartú maidir le roinnt foirmiúlachtaí rialála a bhfuil an fhaisnéis ábhartha a éilíonn custam le haghaidh imréitigh ar fáil ina leith i gcórais leictreonacha an Aontais Eorpaigh. Bunófar na naisc idir CSW-CERTEX AE agus córais leictreonacha an Aontais Eorpaigh a bheidh ann amach anseo de réir a chéile de réir mar a thabharfar isteach foirmiúlachtaí rialála nua. Meastar go dtiocfaidh méadú ar chumhdach na bhfoirmiúlachtaí sin le comhtháthú feidhmiúlachtaí nua. Go háirithe, le rannpháirtíocht éigeantach iomlán na mBallstát uile, beifear in ann na foirmiúlachtaí rialála lena mbaineann a bhfuil gá leo a bhainistiú go huathoibríoch ar fud an Aontais chun bearnaí forfheidhmithe a dhúnadh, calaois agus earráidí a laghdú, agus gnóthachain éifeachtúlachta a bhaint amach le himeacht aimsire.

    Leagadh amach sraith roghanna beartais sa mheasúnú tionchair le haghaidh an togra beartais (lena n-áirítear leanúint ar aghaidh leis an gcás bunlíne). Moltar pacáiste roghanna tosaíochta chun creat a sholáthar chun beartas Eorpach a chur chun feidhme sa réimse seo. Tá trí rogha ann, agus iad miondealaithe sna catagóirí seo a leanas:

    (a)Comhar Idir Rialtais (G2G) (Rogha 1: Malartú faisnéise G2G maidir le foirmiúlachtaí an Aontais Eorpaigh a bhfuil an fhaisnéis ábhartha a éilíonn custam le haghaidh imréitigh ar fáil ina leith i gcórais leictreonacha an Aontais Eorpaigh),

    (b)Comhar Idir Gnólachtaí agus Rialtais (B2G) (Rogha 6: ionaid ilfhreastail náisiúnta chomhchuibhithe a chuireann ar chumas oibreoirí eacnamaíocha foirmiúlachtaí custaim agus neamhchustaim a chomhlíonadh faoin raon feidhme trí phointe iontrála aonair, agus

    (c)An úsáid a bhaintear as Clárú agus Aitheantas Oibreoirí Eacnamaíocha (EORI) a leathnú chun údaráis inniúla chomhpháirtíochta (Rogha 8ii) a chumhdach.

    Is éard atá i gceist le costais eacnamaíocha dhíreacha an phacáiste tosaíochta don Choimisiún Eorpach costais chur chun feidhme aonuaire agus costais athfhillteacha. Ar na costais cur chun feidhme tá samhaltú gnó agus caiteachas ar chrua-earraí agus bogearraí TF, forbairt bogearraí, tástáil, imscaradh agus cothabháil, bainistíocht athraithe próiseas, oiliúint agus tacaíocht, agus táthar ag súil go ndéanfar iad a thabhairt isteach go céimseach thar thréimhse seacht mbliana, agus meastar go mbeidh raon feidhme ag 15 fhoirmiúlachtaí rialála. Is é struchtúr CSW-CERTEX AE atá ann cheana, atá ag feidhmiú do níos mó ná leath na bhfoirmiúlachtaí rialála sin 55 , a meastar gurb ionann na costais cur chun feidhme agus forbartha le linn na tréimhse cur chun feidhme de réir a chéile agus 50 % de na costais a bhaineann le foirmiúlachtaí nua a chomhtháthú.

    Ó bhliain 8 amach, cuirfear costais athfhillteacha in ionad na gcostas cur chun feidhme lena n-áiritheofar cothabháil crua-earraí agus bogearraí, nuashonruithe tréimhsiúla, tacaíocht leanúnach agus oibríochtaí ó lá go lá.

    Táthar ag súil go nginfear leis an bpacáiste tosaíochta costais chur chun feidhme is ionann agus EUR 64,730 milliún san iomlán agus iad scaipthe go cothrom thar an gcéad 7 mbliana den chur chun feidhme céimnithe agus EUR 6,350 milliún de chostais chothabhála in aghaidh na bliana nuair a bheidh siad ag feidhmiú go hiomlán.

    1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais

    Na fadhbanna a dtugtar aghaidh orthu leis an tionscnamh, go háirithe an comhordú leordhóthanach agus an idir-inoibritheacht ilroinnte idir údaráis chustaim agus údaráis inniúla chomhpháirtíochta maidir le himréiteach earraí sonracha, is fadhbanna trasnáisiúnta iad, lena mbaineann gluaiseacht earraí thar theorainneacha agus éifeachtaí uile-Aontais d'aon earráid nó calaois i dtíortha aonair. I bhfianaise fhreagracht am Aontais Eorpaigh i leith an Aontais Chustaim agus i leith na bhfoirmiúlachtaí rialála neamhchustaim atá i gceist, is maith mar atá sé in ann gníomhaíocht chomhordaithe a dhéanamh, aghaidh a thabhairt ar ilroinnt agus barainneachtaí scála a chruthú. Léiríodh nach leor, den chuid is mó, gníomhaíocht atá ann cheana agus gníomhaíocht a bhfuiltear ag súil leis ar bhonn náisiúnta, ar na cúiseanna seo a leanas:

    (a)Chuirfeadh ilroinnt leanúnach agus easpa idir-inoibritheachta teorainn leis na tairbhí a bhaineann le digitiú de réir a chéile agus le nuachóiriú na bpróiseas a bhaineann le hearraí áirithe a imréiteach;

    (b) Is beag tionscnamh náisiúnta a bheadh ann mar gheall ar shrianta acmhainní, agus easpa príomhfheidhmeanna áirithe, amhail bainistiú cainníochta ar leibhéal an Aontais Eorpaigh;

    (c)Ní bheadh an borradh céanna faoi thionscadal píolótach CSW-CERTEX AE (tionscnamh deonach), mura mbeadh gníomhaíocht éigeantach ina dhiaidh. Tá mórán údarás custaim na mBallstát tar éis dul i dtaithí air, agus tá siad tar éis deireadh a chur de réir a chéile leis na próisis láimhe agus na próisis pháipéarbhunaithe a bhí ann roimhe seo, agus ní bheidís in ann na foirmiúlachtaí ábhartha a phróiseáil a thuilleadh gan é.

    I bhfianaise an róil atá aige an tAontas Custaim a nuachóiriú agus foirmiúlachtaí rialála custaim agus neamhchustaim a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr ag an teorainn, tá buntáiste ar leith ag an Aontas Eorpach athmheasúnú a dhéanamh ar na cleachtais bhunúsacha agus ar na nósanna imeachta bunúsacha a bhaineann leis an tsamhail ilroinnte atá ann cheana maidir le comhlíonadh rialála. Le gníomhaíocht an Aontais sa réimse seo, cuirfear feabhas ar chomhlíonadh na bhfoirmiúlachtaí rialála le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh agus éascófar gluaiseacht trasteorann earraí a thuilleadh. Tabharfaidh sé sin breisluach soiléir don idirghníomhaíocht idir údaráis chustaim agus údaráis inniúla chomhpháirtíochta agus gníomhaíochtaí na n-oibreoirí eacnamaíocha ó lá go lá. Ar deireadh, cruthófar le hidirghabháil an Aontais Eorpaigh tionchair shuntasacha shóisialta agus chomhshaoil chomh maith le tairbhí suntasacha eacnamaíocha don tsochaí ina hiomláine.

    1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

    Is féidir a mheas gur tionscadal píolótach don tionscnamh é SW-CVED AE agus a chomharba, tionscadal píolótach CSW-CERTEX AE. Trí mheastóireacht a dhéanamh ar an tionscadal píolótach arna dhéanamh ag AS TAXUD, dearbhaíodh go bhfuil sé i gcomhréir le riachtanais na bpáirtithe leasmhara ó thaobh imréiteach earraí níos éifeachtúla agus gur cheadaigh sé do na húdaráis chustaim seiceálacha uathoibríocha a dhéanamh ar dhoiciméid tacaíochta. Cé go bhfuil feidhm ag agóidí i gcomhréir le raon feidhme an tionscadail go dtí seo, tá comhchuibhiú agus malartú sonraí a bhaineann leis na foirmiúlachtaí rialála ann cheana a chumhdaítear mar thoradh ar thionscadal píolótach CSW-CVED AE agus ar thionscadal CSW-CERTEX AE. Cuireadh feabhas ar an gcomhar idir na húdaráis inniúla dá bharr sin. Tá roinnt fianaise theoranta ann freisin go bhfuil laghdú tagtha ar chalaois agus ar earráid an duine, go háirithe tríd an idirghabháil laghdaithe ón duine, agus tríd an bhféidearthacht go ndéanfaí bainistiú ar chainníochtaí náisiúnta.

    Tá teorainneacha ann, áfach, a bhaineann go príomha le cineál píolótach an réitigh go dtí seo. Go háirithe:

    (a)Tá gá le bainistiú cainníochta an Aontais Eorpaigh chun bearnaí forfheidhmithe a dhúnadh agus tá sé dodhéanta i gcónaí gan rannpháirtíocht iomlán éigeantach ó na Ballstáit uile;

    (b)D'éileofaí uasghráduithe ar na naisc idir na córais chun nuashonruithe leanúnacha a dhéanamh i bhfíor-am (seachas vótáil thréimhsiúil);

    (c)An gá leanúnach atá ann d'oibreoirí eacnamaíocha doiciméid pháipéir a chur ar fáil taobh le doiciméid dhigiteacha, cuireann sé teorainn leis na tairbhí is féidir le hoibreoirí eacnamaíocha a bhaint amach; chun an tsaincheist a réiteach, bheadh gá le creat reachtach lena dtabharfaí luach dlíthiúil sínithe digiteacha.

    1.5.4.Comhoiriúnacht agus sineirgíocht fhéideartha le hionstraimí iomchuí eile

    Tagann an togra reachtach faoi raon feidhme an Chláir Custam 2027 atá le teacht agus faoi raon feidhme a chomharbaí. Is cuid den Phlean Gníomhaíochta leanúnach maidir leis an Aontas Custaim (PLAN/2020/6296) é, a ceapadh mar thosaíocht ag an gCoimisiún an tAontas Custaim a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad leibhéal eile. Molfar sa phlean gníomhaíochta straitéis athbhreithnithe fhadtéarmach maidir leis an Aontas Custaim, lena n-áirítear gníomhaíochtaí reachtacha agus neamhreachtacha. Tá an togra seo ar an gcéad ghníomhaíocht reachtach chun an próiseas imréitigh custaim a nuachóiriú.

    1.6.Fad agus tionchar airgeadais

     Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta

    Togra/Tionscnamh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

    Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

     Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

    Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh ó 2022 go 2029,

    agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

    1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 56

     Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

    ina ranna, lena n-áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

    trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

     Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

     Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

    tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

    eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

    BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

    comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 208 agus 209 den Rialachán Airgeadais;

    comhlachtaí dlí poiblí;

    comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu a mhéid a chuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

    comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

    daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

    I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’ le do thoil.

    Nótaí

    Leis an togra reachtach, bunófar timpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam atá comhchuibhithe agus idir-inoibritheach le haghaidh custaim. Sa chomhshaol seo tá tacar de sheirbhísí leictreonacha lán-chomhtháite a sheachadtar ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar an leibhéal náisiúnta chun faisnéis a mhalartú idir údaráis chustaim agus údaráis inniúla chomhpháirtíochta agus chun próisis imréitigh earraí a chuíchóiriú d'oibreoirí eacnamaíocha. I gcomhar leis na Ballstáit, leanfaidh an Coimisiún den chóras lárnach leictreonach (CSW-CERTEX AE) a fhorbairt, a choinneáil ar bun agus a oibriú chun malartú sonraí a éascú idir na gníomhaithe uile a bhfuil baint acu le himréiteach earraí.

    2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

    2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

    Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

    Beidh monatóireacht rialta ag brath a mhéid is féidir ar fhoinsí ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, amhail tuarascálacha imdhealaithe ar Fheidhmíocht an Aontais Custaim agus ar ghnó a bhaineann le CSW-CERTEX AE agus ar tháirgí insoláthartha agus staitisticí TF. Rachfar i gcomhairle le riaracháin chustaim náisiúnta lena chinneadh an bhféadfar foinsí eile a úsáid agus a mhéid a bhféadfar a n-úsáid.

    Sé bliana tar éis theacht i bhfeidhm na reachtaíochta agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le feidhmiú Thimpeallacht Ionad Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custam, lena n-áirítear meastóireacht fhoriomlán ar chóras CSW-CERTEX AE. Ó tharla nach gcuirfear an tionscnamh chun feidhme ina iomláine tráth na céad meastóireachta, leagfar béim ar mheasúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn, réimsí a bhféadfaí feabhas a chur orthu a shainaithint agus moltaí a dhéanamh don am atá le teacht. Beidh cur chuige níos suimithí ann sa dara meastóireacht.

    Táthar ag súil go mbaileoidh córas CSW-CERTEX AE táscairí faireacháin, nuair is féidir, ar bhonn leanúnach. Chun críocha meastóireachta, ríomhfar staitisticí bliantúla agus déanfar comparáid orthu idir na blianta ó cheann go chéile. I gcás inar féidir, is féidir comparáid a úsáid leis an gcás bonnlíne, cás a ghlactar mar threocht nó meán na dtrí bliana sula dtéitear i mbun oibríochtaí.

    2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

    2.2.1.Na rioscaí a aithníodh

    Baineann na príomhrioscaí le cur chun feidhme an tionscadail mar atá beartaithe. Ar an gcéad dul síos, d’fhéadfadh easpa acmhainní daonna agus airgeadais a bheith ann mar thoradh ar chiorruithe buiséid i ndiaidh thoradh na caibidlíochta maidir leis an gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile 2021-2027 (CAI) 57 . Ina theannta sin, tagann toisc riosca thábhachtach chun cinn mar gheall ar chineál trasearnála an tionscadail a éilíonn rannpháirtíocht ghníomhach roinnt Ard-Stiúrthóireachtaí agus éagsúlacht na bhfoirmiúlachtaí rialála neamh-chustaim atá faoi raon feidhme.

    2.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm

    Cuirtear an dearadh, sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla, forbairt, tástáil, imscaradh, oibríochtaí agus cothabháil CSW-CERTEX AE chun feidhme trí úsáid a bhaint as creatchonarthaí atá ann cheana le soláthraithe TF, meamraim tuisceana le hArd-Stiúrthóireachtaí eile de chuid an Choimisiúin, chomh maith le comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse leis na Ballstáit. An t-ailíniú gnó agus TF atá ann cheana in Ard-Stiúrthóireachtaí an Choimisiúin, déanann sé aon fhorluí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le gníomhaíochtaí a mhaolú.

    Déantar grinnscrúdú ex-ante ar na hidirbhearta airgeadais, i gcomhréir le córas rialaithe AS TAXUD.

    2.2.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis

    Ní sholáthraítear aon mheastachán, mar gur cúram bunúsach den struchtúr rialachais tionscadail é rioscaí a rialú agus a mhaolú.

    Tá an leibhéal riosca earráide teoranta (meastar an leibhéal a bheith ag 0,5 % le haghaidh gníomhaíochtaí soláthair faoi láthair).

    2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

    Na bearta a chuirfidh an Coimisiún chun feidhme, beidh siad faoi réir rialuithe ex-ante agus ex-post i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais. Tabharfar údarás don Choimisiún agus don Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí agus cigireachtaí a dhéanamh trí chonarthaí agus comhaontuithe lena maoineofar cur chun feidhme an Rialacháin sin.

    3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n-imreofar tionchar

    ·Línte buiséid atá ann cheana

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

    Líne buiséid

    An cineál 
    caiteachais

    Ranníocaíocht

    Uimhir  [Ceannteideal………………………...……………]

    LD/LN.

    ó thíortha de chuid CSTE

    ó thíortha is iarrthóirí

    ó thríú tíortha

    de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

    NB

    ·Línte nua buiséid atá á n-iarraidh

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

    Líne buiséid

    An cineál caiteachais

    Ranníocaíocht

    Uimhir
    [Ceannteideal………………………...……………]

    LD/LN 58 .

    ó thíortha de chuid CSTE 59

    ó thíortha is iarrthóirí 60

    ó thríú tíortha

    de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

    1

    03.05.01

    Difreáilte

    LÍON

    LÍON

    LÍON

    LÍON

    Le cinneadh

    Línte buiséid na nArd-Stiúrthóireachtaí rannpháirteacha

    Difreáilte

    LÍON

    LÍON

    LÍON

    LÍON

    3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

    [Ba cheart an scarbhileog ar shonraí buiséid de chineál riaracháin a úsáid leis an gcuid seo a líonadh isteach (an dara doiciméad san iarscríbhinn a ghabhann leis an ráiteas airgeadais seo) agus í a uaslódáil chuig CISNET chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.]

    3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

    Uimhir 1

    Cumhdaítear na cistí a leithdháiltear ar an togra reachtach seo faoi bhuiséad an Chláir Chustaim de EUR 950 milliún a mhol an Coimisiún an 8 Meitheamh 2018 don chéad CAI eile 2021-2027. Cé nach bhfuil aon tionchar breise ag an tionscnamh seo ar an mbuiséad, beidh a chur chun feidhme éifeachtach ag brath ar an bhfuil acmhainní leordhóthanacha á gcur ar fáil tar éis thoradh na caibidlíochta maidir le CAI 2021-2027.

    AS: TAXUD

    Bliain 
    2022 61

    Bliain 
    2023

    Bliain 
    2024

    Bliain 
    2025

    Bliain 
    2026

    Bliain 
    2027

    Ina dhiaidh sin 
    2027 62

    •Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    IOMLÁN

    03.05.01

    Gealltanais

    (1)

    3,964

    3,964

    3,964

    3,964

    3,964

    3,964

    23,781

    Íocaíochtaí

    (2)

    0,793

    2,775

    3,567

    3,964

    3,964

    3,964

    4,756

    23,781

    ní fios

    Gealltanais

    (1a)

    9,190

    9,189

    Íocaíochtaí

    (2a)

    5,918

    5,918

    Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 63  

    NB

    Uimhir na líne buiséid

    (3)

    NB

    IOMLÁN leithreasuithe 
    le haghaidh AS TAXUD

    Gealltanais

    =1+1a +3

    3,964

    3,964

    3,964

    3,964

    3,964

    3,964

    9,190

    32,970

    Íocaíochtaí

    =2+2a

    +3

    0,793

    2,775

    3,567

    3,964

    3,964

    3,964

    10,675

    29,700

    Ard-Stiúrthóireacht: Ard-Stiúrthóireachtaí comhpháirtíochta atá rannpháirteach sa tionscnamh

    Bliain 
    2022 64

    Bliain 
    2023

    Bliain 
    2024

    Bliain 
    2025

    Bliain 
    2026

    Bliain 
    2027

    Ina dhiaidh sin 
    2027

    •Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    IOMLÁN

    Línte buiséid na nArd-Stiúrthóireachtaí rannpháirteacha

    Gealltanais

    (1)

    3,964

    3,964

    3,964

    3,964

    3,964

    3,964

    23,781

    Íocaíochtaí

    (2)

    0,793

    2,775

    3,567

    3,964

    3,964

    3,964

    4,756

    23,781

    Línte buiséid na nArd-Stiúrthóireachtaí rannpháirteacha

    Gealltanais

    (1a)

    9,190

    9,189

    Íocaíochtaí

    (2 a)

    5,918

    5,918

    Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 65  

    Uimhir na líne buiséid

    (3)

    IOMLÁN leithreasuithe 
    Le haghaidh Ard-Stiúrthóireachtaí comhpháirtíochta atá rannpháirteach sa tionscnamh

    Gealltanais

    =1+1a +3

    3,964

    3,964

    3,964

    3,964

    3,964

    3,964

    9,190

    32,970

    Íocaíochtaí

    =+2+2a

    +3

    0,793

    2,775

    3,567

    3,964

    3,964

    3,964

    10,675

    29,700

     

     

     



    IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    Gealltanais

    (4)

    7,927

    7,927

    7,927

    7,927

    7,927

    7,927

    18,377

    65,940

    Íocaíochtaí

    (5)

    1,585

    5,549

    7,134

    7,927

    7,927

    7,927

    21,35

    59,400

    •IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

    (6)

    IOMLÁN leithreasuithe
    faoi CHEANNTEIDEAL 1 
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Gealltanais

    =4+ 6

    7,927

    7,927

    7,927

    7,927

    7,927

    7,927

    18,377

    65,940

    Íocaíochtaí

    =5+ 6

    1,585

    5,549

    7,134

    7,927

    7,927

    7,927

    21,35

    59,400

    Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin:

    •IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    Gealltanais

    (4)

    Íocaíochtaí

    (5)

    •IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

    (6)

    IOMLÁN leithreasuithe
    faoi CHEANNTEIDEAL 1 go 4 
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    (Méid tagartha)

    Gealltanais

    =4+ 6

    Íocaíochtaí

    =5+ 6





    Ceannteideal
    an chreata airgeadais ilbhliantúil

    5

    ‘Caiteachas riaracháin’

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Bliain 
    2022

    Bliain 
    2023

    Bliain 
    2024

    Bliain 
    2025

    Bliain 
    2026

    Bliain 
    2027

    Ina dhiaidh sin 
    2027

    Ard-Stiúrthóireacht: TAXUD

    • Acmhainní daonna

    0,750

    0,750

    0,750

    0,750

    0,750

    0,750

    1,950

    • Caiteachas riaracháin eile

    IOMLÁN AS TAXUD

    Leithreasuithe

    0,750

    0,750

    0,750

    0,750

    0,750

    0,750

    1,950

    Ard-Stiúrthóireacht: Ard-Stiúrthóireachtaí comhpháirtíochta atá rannpháirteach sa tionscnamh

    • Acmhainní daonna

    0,570

    0,570

    0,570

    0,570

    0,570

    0,570

    1,620

    • Caiteachas riaracháin eile

    IOMLÁN na nArd-Stiúrthóireachtaí comhpháirtíochta atá rannpháirteach sa tionscnamh

    Leithreasuithe

    0,570

    0,570

    0,570

    0,570

    0,570

    0,570

    1,620

    IOMLÁN leithreasuithe
    faoi CHEANNTEIDEAL 5

    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

    1,320

    1,320

    1,320

    1,320

    1,320

    1,320

    3,570

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Bliain 
    2022

    Bliain 
    2023

    Bliain 
    2024

    Bliain 
    2025

    Bliain 
    2026

    Bliain 
    2027

    Ina dhiaidh sin 
    2027

    IOMLÁN leithreasuithe
    faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil 

    Gealltanais

    9,247

    9,247

    9,247

    9,247

    9,247

    9,247

    21,947

    Íocaíochtaí

    2,905

    6,869

    8,454

    9,247

    9,247

    9,247

    24,920

    3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

    Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Sonraigh cuspóirí agus aschuir

    Bliain 
    2022 go dtí 2028 66

    IOMLÁN le haghaidh na céime feidhmiúcháin

    Bliain 
    2029 ar aghaidh

    Saghas 67

    Meánchostas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 -3 68

    Forbairt, comhtháthú agus oibriú chóras CSW-CERTEX AE a rannchuideoidh leis na 3 chuspóir shonracha

    N/B

    9,247

    N/B

    64,730

    N/B

    6,350

    COSTAS IOMLÁN

    N/B

    9,247

    in aghaidh na bliana cur chun feidhme

    N/B

    64,730

    Iomlán na céime feidhmiúcháin

    N/B

    6,350

    in aghaidh na bliana feidhme

    3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

    3.2.3.1.Achoimre

    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

    Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Bliain 
    2022 69

    Bliain 
    2023

    Bliain 
    2024

    Bliain 
    2025

    Bliain 
    2026

    Bliain 
    2027

    Ina dhiaidh sin 
    2027

    IOMLÁN

    CEANNTEIDEAL 5 
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Acmhainní daonna

    1,320

    1,320

    1,320

    1,320

    1,320

    1,320

    3,570

    11.490

    Caiteachas riaracháin eile

    Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    1,320

    1,320

    1,320

    1,320

    1,320

    1,320

    3,570

    11.490

    Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 70  
    of the multiannual financial framework

    Acmhainní daonna

    Caiteachas eile de chineál riaracháin

    Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    IOMLÁN

    1,320

    1,320

    1,320

    1,320

    1,320

    1,320

    3,570

    11.490

    Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard-Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

    3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna.

    Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

    Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

    Bliain 
    2022

    Bliain 
    2023

    Bliain

    2024

    Bliain

    2025

    Bliain 2026

    Bliain

    2027

    I ndiaidh 2027

    • Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

    XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíochta an Choimisiúin) AS TAXUD

    5

    5

    5

    5

    5

    5

    XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíochta an Choimisiúin) AS TAXUD

    5/4 71

    XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) An Coimisiún

    3,8

    3,8

    3,8

    3,8

    3,8

    3,8

    XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)An Coimisiún

    3,8/3,5 72

    XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

    XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

    10 01 05 01 (Taighde díreach)

    Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 73

    XX 01 02 01 (AC, END, INT ón “imchlúdach iomlánaíoch”)

    XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí)

    XX 01 04 bb  74

    - sa Cheanncheathrú

    - i dToscaireachtaí

    XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – taighde indíreach)

    10 01 05 02 (AC, END, INT - Taighde díreach)

    Línte buiséid eile (sonraigh)

    IOMLÁN

    8,8

    8,8

    8,8

    8,8

    8,8

    8,8

    8,8/7,5 75

    Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

    Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

    Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

    Oifigigh agus pearsanra sealadach

    5 oifigeach AD i gcás DG TAXUD

    Pearsanra seachtrach

    3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

    Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

    Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

    Mínigh cén t-athshannadh a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

    Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

    Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

    3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

    Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

    Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamhmheasta thíos:

    Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Bliain 
    N

    Bliain 
    N+1

    Bliain 
    N+2

    Bliain 
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    Iomlán

    Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

    IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

     

    3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

    Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

    Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

    maidir le hacmhainní dílse

    ar ioncam ilghnéitheach

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Líne buiséid ioncaim:

    Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

    Tionchar an togra/tionscnaimh 76

    Bliain 
    N

    Bliain 
    N+1

    Bliain 
    N+2

    Bliain 
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    Airteagal ………….

    I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a n-imreofar tionchar orthu.

    Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

    (1)    Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
    (2)    Léirítear sa líon sin liosta oifigiúil na dtoirmeasc agus na srianta. I bhfírinne, tá líon na rialacha atá le forfheidhmiú ag teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh níos airde fós. Mar shampla, tá na ceanglais maidir le faireachas margaidh agus comhlíonadh táirge a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh.765/2008 (atá le cur in ionad Rialachán (AE) 2019/1020 in 2021) ar cheann de na 60 eilimint toirmeasc agus srianta ach baineann siad le breis agus 100 píosa reachtaíochta de chuid an Aontais Eorpaigh lena rialaítear táirgí a fhorfheidhmiú.
    (3)    Le comhlíonadh táirgí cumhdaítear, ní hamháin an comhlíonadh maidir le reachtaíocht um chomhchuibhiú táirgí ach ceanglais eile amhail sábháilteacht táirgí agus inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas.
    (4)    Cinneadh Uimh.70/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le timpeallacht gan pháipéar i gcomhair custaim agus trádála (IO L 23, 26/01/2008, lch. 21).
    (5)    ST-16507/14.
    (6)    COM(2016) 813 final.
    (7)    7585/1/17 REV 1.
    (8)    COM(2018) 524 final.
    (9)    An ghníomhaíocht maidir le faireachán agus bainistiú líon na n-earraí atá údaraithe ag údaráis inniúla chomhpháirtíochta i gcomhréir le reachtaíocht neamhchustam an Aontais Eorpaigh bunaithe ar an bhfaisnéis arna soláthar ag na húdaráis chustaim maidir le himréiteach coinsíneachtaí gaolmhara.
    (10)    https://ec.europa.eu/commission/sites/beta-political/files/political-guidelines-next-commission_en.pdf
    (11)    COM(2020) 581 final.
    (12)    SWD(2020) 213 final.
    (13)

       Sainmhínítear idir-inoibritheacht sa Chreat Eorpach Idir-inoibritheachta mar “an cumas atá ar eagraíochtaí idirghníomhú i dtreo spriocanna comhchoiteanna atá chun tairbhe an dá thaobh agus atá comhaontaithe, lena n-áirítear faisnéis agus eolas a roinnt idir na heagraíochtaí sin, trí bhíthin na bpróiseas a dtacaíonn siad leo, trí bhíthin sonraí a mhalartú idir a gcórais TFC.
    https://ec.europa.eu/isa2/sites/isa/files/isa_annex_ii_eif_en.pdf

    (14)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2019 lena mbunaítear an clár oibre a bhaineann le forbairt agus le húsáid na gcóras leictreonach dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais C/2019/8803.
    (15)    COM/2016/0179 final.    
    (16)    https://ec.europa.eu/digital-single-market/en/news/ministerial-declaration-egovernment-tallinn-declaration
    (17)    Ciallaíonn Prionsabal na hAonuaire nach gcuireann saoránaigh agus gnólachtaí sonraí ilchineálacha ar fáil ach uair amháin nuair a théann siad i dteagmháil le riaracháin phoiblí, agus go ndéanann comhlachtaí riaracháin phoiblí bearta chun na sonraí sin a chomhroinnt agus a athúsáid go hinmheánach, fiú thar theorainneacha, i dtaca le rialacháin cosanta sonraí agus srianta eile i gcónaí.
    (18)

       Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le sainaithint leictreonach agus seirbhísí iontaoibhe d’idirbhearta leictreonacha sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch.73).

    (19)    COM(2020) 67 final.
    (20)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú an chórais bainistíochta faisnéise do rialuithe oifigiúla agus sonraíochtaí comhpháirteanna an chórais (Rialachán CBFRO) (IO L 261, 14.10.2019, lch. 37).
    (21)    Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).
    (22)    An leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO C 326, 26.10.2012, lch. 47).
    (23)    Seachas an Ghaeilge, de dheasca srianta ar acmhainní.
    (24)    https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/1739-EU-Single-Window-environment-for-customs
    (25)    SWD(2020) xxx final.
    (26)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
    (27)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
    (28)    Go háirithe, ba cheart go gcumhdaítear ar dtús le CSW-CERTEX AE ceanglais sláintíochta agus fíteashláintíochta, rialacha lena rialaítear allmhairiú táirgí orgánacha, ceanglais chomhshaoil maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe agus substaintí ídithe ózóin, agus foirmiúlachtaí a bhaineann le hallmhairiú earraí cultúrtha.
    (29)    IO C […], […], lch. […].
    (30)    Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
    (31)    Cinneadh Uimh. 70/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le timpeallacht gan pháipéar i ndáil le custam agus le trádáil (IO L 23, 26.01.2008, lch. 21).
    (32)    Tuarascáil chríochnaitheach arna hullmhú ag Coffey International Development, Europe Economic Research Ltd agus Ramboll Management Consulting arna iarraidh sin don Choimisiún.
    (33)    ST16507/14.
    (34)    Iarscríbhinn a ghabhann leis na Conclúidí ón gComhairle an 17 Nollaig 2014.
    (35)    Cinneadh (AE) 2015/1947 ón gComhairle an 1 Deireadh Fómhair 2015 maidir leis an bPrótacal lena leasaítear Comhaontú Marrakech lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais Eorpaigh (IO L 284, 30.10.2015, lch. 1).
    (36)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún, Plean Gníomhaíochta Ríomhrialtais an Aontais Eorpaigh 2016-2020 – Dlús a chur le claochlú digiteach rialtais, COM(2016) 179 final an 19 Aibreán 2016.
    (37)    Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).
    (38)    Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1). 
    (39)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
    (40)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
    (41)    Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).
    (42)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
    (43)    ABM: bainistiú de réir gníomhaíochtaí; ABB: buiséadú de réir gníomhaíochtaí.
    (44)    De réir na tagartha in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
    (45)    https://ec.europa.eu/taxation_customs/sites/taxation/files/com_2016_813_en.pdf
    (46)     https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/strategic-plan-2016-2020-dg-taxud_march2016_en.pdf
    (47)     https://ec.europa.eu/digital-single-market/en/news/ministerial-declaration-egovernment-tallinn-declaration  
    (48)    Tionscadal Malartaithe Deimhnithe Ionad Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custam (CSW-CERTEX AE)
    (49)    Dearbhú comhtháite: an fhaisnéis uile a bhaineann leis an imréiteach a éilítear chun foirmiúlachtaí custaim agus neamhchustaim an Aontais a bhaineann le trádáil idirnáisiúnta earraí a chomhlíonadh.
    (50)    Cinneadh Uimh.70/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le timpeallacht gan pháipéar i gcomhair custaim agus trádála, IO L 23, 26/01/2008, lch. 21-26.
    (51)     http://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-16507-2014-INIT/en/pdf    
    (Tá Dearbhú na Veinéise i gceangal leis na Conclúidí ón gComhairle i mí na Nollag 2014).
    (52)    COM(2016) 813 final
    (53)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus Parlaimint na hEorpa, “An Chéad Tuarascáil Dhébhliantúil ar Dhul chun cinn i ndáil le hAontas Custaim an Aontais Eorpaigh agus an Rialachas a Dhéantar air a Fhorbairt”, COM/2018/524 final.
    (54)    An Córas um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe (córas TRACES)
    (55)    CHED-A (Doiciméad Coiteann Iontrála Sláinte le haghaidh Ainmhithe) a dtugtaí CVED-A air roimhe seo – le cur chur chun feidhme in CSW-CERTEX AE faoi dheireadh 2020.    CHED-P (Doiciméad Coiteann Iontrála Sláinte le haghaidh Táirgí Ainmhithe) a dtugtaí CVED-P air roimhe seo - le cur chur chun feidhme in CSW-CERTEX AE faoi dheireadh 2020.     CHED-D (Doiciméad Coiteann Iontrála Sláinte le haghaidh Beatha agus Bia nach de bhunadh ainmhíoch iad) ar a dtugtaí CED air roimhe seo – le cur chur chun feidhme in CSW-CERTEX AE faoi lár 2020. CHED-PP (Doiciméad Coiteann Iontrála Sláinte le haghaidh Plandaí agus Táirgí Plandaí) - le cur chur chun feidhme in CSW-CERTEX AE faoi lár 2020.     COI (deimhniú cigireachta) le haghaidh allmhairí táirgí orgánacha – atá le haistriú in CSW-CERTEX AE faoi dheireadh 2020     FLEGT (Forghníomhú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí) le haghaidh allmhairí adhmaid – atá le haistriú in CSW-CERTEX AE faoi dheireadh 2020. FGAS (Gáis cheaptha teasa fhluairínithe) – le cur chun feidhme in CSW-CERTEX AE faoi dheireadh 2020. Substaintí Ídithe Ózóin (Substaintí Ídithe Ózóin) - le cur chun feidhme in CSW-CERTEX AE faoi lár 2020.     
    (56)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fháil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html
    (57)    COM (2018)442
    (58)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
    (59)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
    (60)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí.
    (61)    Is í Bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
    (62)    Áirítear leis leithreasaí go dtí 2030. Is é 2,613 an gealltanas bliantúil ó 2030 ar aghaidh
    (63)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
    (64)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
    (65)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
    (66)    Costas bliantúil
    (67)    Is ionann aschuir táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a maoiníodh, líon km bóithre a tógadh, etc.).
    (68)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. 'Cuspóirí sonracha...'
    (69)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
    (70)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
    (71)    5 in 2028 (an bhliain deiridh de chéim an chur chun feidhme) agus 4 ó 2029 ar aghaidh (céim cothabhála)
    (72)    3,8 in 2008 (an bhliain deiridh de chéim an chur chun feidhme) agus 3,5 ó 2029 ar aghaidh (céim cothabhála)
    (73)    AC = Ball foirne ar Conradh; AL = Ball foirne áitiúil; END = Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
    (74)    Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).
    (75)    8,8 in 2008 (an bhliain deiridh de chéim an chur chun feidhme) agus 7,5 ó 2029 ar aghaidh (céim cothabhála)
    (76)    A mhéid a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh shiúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
    Top

    An Bhruiséil,28.10.2020

    COM(2020) 673 final

    IARSCRÍBHINN

    a ghabhann leis an Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena mbunaítear Timpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013

    {SEC(2020) 360 final} - {SWD(2020) 237 final} - {SWD(2020) 238 final} - {SWD(2020) 239 final}


    IARSCRÍBHINN

    Foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais a chumhdaítear le CSW-CERTEX AE

    Foirmiúlacht neamhchustaim an Aontais

    Acrainm

    Córas neamhchustaim an Aontais

    Reachtaíocht ábhartha an Aontais 

    Dáta cur i bhfeidhm 

    Doiciméad Coiteann Iontrála Sláinte le haghaidh ainmhithe

    CHED-A

    RIANTA

    Airteagail 56 agus 57 de Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715) ón gCoimisiún 2  

    An 1 Márta 2023

    Doiciméad Coiteann Iontrála Sláinte le haghaidh táirgí 

    CHED-P

    RIANTA 

    Airteagail 56 agus 57 de Rialachán (AE) 2017/625

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715

    An 1 Márta 2023

    Doiciméad Coiteann Iontrála Sláinte le haghaidh beatha agus bia nach de bhunadh ainmhíoch iad

    CHED-D

    RIANTA 

    Airteagail 56 agus 57 de Rialachán (AE) 2017/625 

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715

    An 1 Márta 2023

    Doiciméad Coiteann Iontrála Sláinte le haghaidh plandaí agus táirgí plandaí

    CHED-PP

    RIANTA 

    Airteagail 56 agus 57 de Rialachán (AE) 2017/625

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715

    An 1 Márta 2023

    Deimhniú Cigireachta

    COI

    RIANTA 

    Airteagal 33 de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle 3

    Rialachán (CE) Uimh. 1235/2008 ón gCoimisiún 4

    An 1 Márta 2024

    Ceadúnas ídithe ózóin

    ODS

    Córas Ceadúnúcháin ODS 2

    Airteagail 15, 16, 17 agus 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5

    Rialachán (AE) Uimh. 537/2011 ón gCoimisiún 6

    An 1 Márta 2023

    Gáis cheaptha teasa fhluairínithe

    F-GAS

    Tairseach F-GAS agus Córas Ceadúnúcháin HFC 

    Airteagail 14, 15 agus 17 de Rialachán (AE) 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1191/2014 ón gCoimisiún 8

    An 1 Márta 2023

    Ceadúnas allmhairiúcháin agus ráiteas allmhairiúcháin le haghaidh táirgí cultúrtha

    Earraí cultúrtha

    RIANTA 

    Airteagail 3, 4, 5 agus 7 de Rialachán (AE) 2019/880 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 9  

    An 3 Márta 2025

    (1)    Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ó gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).
    (2)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú an chórais bainistíochta faisnéise do rialuithe oifigiúla agus sonraíochtaí comhpháirteanna an chórais (Rialachán CBFRO) (IO L 261, 14.10.2019, lch. 37).
    (3)    Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 (IO L 189, 20.7.2007, lch. 1).
    (4)    Rialachán (CE) Uimh. 1235/2008 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na socruithe le haghaidh allmhairí táirgí orgánacha ó thríú tíortha (IO L 334, 12.12.2008, lch. 25).
    (5)    Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin (IO L 286, 31.10.2009, lch. 1).
    (6)    Rialachán (AE) Uimh. 537/2011 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2011 maidir leis an sásra le haghaidh leithdháileadh na gcainníochtaí a cheadaítear le haghaidh úsáidí saotharlainne agus anailíse san Aontas faoi Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin (IO L 147, 2.6.2011, lch. 4).
    (7)    Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 (IO L 150, 20.5.2014, lch. 195).
    (8)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1191/2014 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2014 lena leagtar síos an fhormáid agus an modh ina dtíolacfar an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe (IO L 318, 5.11.2014, lch. 5).
    (9)    Rialachán (AE) 2019/880 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le hearraí cultúrtha a thabhairt isteach agus a allmhairiú (IO L 151, 7.6.2019, lch. 1).
    Top