EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0193

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais laistigh den Choiste CCE arna bhunú leis an gcomhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche eatramhach idir an Cósta Eabhair de pháirt amháin agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit den pháirt eile maidir le liosta eadránaithe a ghlacadh

COM/2020/193 final

An Bhruiséil,12.5.2020

COM(2020) 193 final

2020/0077(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais laistigh den Choiste CCE arna bhunú leis an gcomhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche eatramhach idir an Cósta Eabhair de pháirt amháin agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit den pháirt eile maidir le liosta eadránaithe a ghlacadh


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an seasamh a ghlacfar laistigh den Choiste CCE thar ceann an Aontais Eorpaigh (‘An tAontas’), coiste arna bhunú leis an gcomhaontú eatramhach comhpháirtíochta eacnamaíche idir an Cósta Eabhair, de pháirt amháin agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (dá ngairfear ‘An Comhaontú’ anseo feasta) 1 , maidir le glacadh liosta na ndaoine atá faoi réir agus atá inniúil ar a bheith ag feidhmiú mar eadránaithe.

2.Comhthéacs an togra

2.1.Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche Eatramhach idir an tAontas agus an Cósta Eabhair

Is é is aidhm don Chomhaontú an chéad chreat a dhréachtú le haghaidh comhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche i gcomhréir le Comhaontú Cotonou. Tá feidhm shealadach ag an gComhaontú ón 3 Meán Fómhair 2016.

2.2.An Coiste CCE

Is comhlacht institiúideach é an Coiste CCE de réir leagan amach an chomhaontaithe. Foráiltear le hAirteagal 73 den Chomhaontú gurb é an Coiste CCE atá freagrach as gach réimse a chumhdaítear leis an gComhaontú a riar, agus freisin as cur i gcrích na gcúraimí a luaitear ann. Is de chomhthoil a dhéanfaidh an Coiste CCE a chuid cinntí. Is ina chuid rialacha nós imeachta a leagtar síos feidhmiú an Choiste CCE 2 .

2.3.Gníomh atá Beartaithe ag an gCoiste CCE

Sa chúigiú cruinniú den [dáta], ní mór don Choiste CCE cinneadh a ghlacadh maidir le glacadh liosta na n‑eadránaithe (‘Gníomh Beartaithe’) i gcomhréir le hAirteagal 64 den Chomhaontú.

Foráiltear in Airteagal 64(1) den Chomhaontú ‘go ndréachtóidh an Coiste CCE liosta de 15 dhuine atá faoi réir agus atá inniúil ar a bheith ag feidhmiú mar eadránaithe. ’

Is é is aidhm don ghníomh beartaithe liosta a chur le chéile de chúig dhuine dhéag atá in ann dualgais an eadránaí a chomhlíonadh i gcomhthéacs an nós imeachta um réiteach díospóide i gcomhréir le Teideal V den Chomhaontú. Is gá an liosta sin a ghlacadh chun creat oibriúcháin fhorálacha an Chomhaontaithe a thabhairt i gcrích agus chun díospóidí a chosc agus a réiteach.

3.An seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais

Leis an togra seo le haghaidh Cinneadh ón gComhairle, cinnfear an seasamh a ghlacfar laistigh den Choiste CCE thar ceann an Aontais, coiste arna bhunú leis an gcomhaontú eatramhach comhpháirtíochta eacnamaíche idir an Cósta Eabhair de pháirt amháin agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit den pháirt eile, maidir le bunú liosta na ndaoine atá faoi réir agus atá inniúil ar a bheith ag feidhmiú mar eadránaithe de réir Airteagal 64 den Chomhaontú.

Chomhaontaigh na páirtithe uile sa chomhaontú leis an aidhm atá leis an dréachtchinneadh arna inisiliú sa cheathrú cruinniú de Choiste CCE an 27 agus an 28 Samhain 2019 agus, faoi réir nósanna cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh, ba cheart é a ghlacadh sa chéad chruinniú eile de Choiste CCE, cruinniú ar cheart a thionól ag deireadh na bliana 2020.

Tá an cinneadh riachtanach chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an Chomhaontaithe atá le fáil faoi Teideal V maidir le díospóidí a chosc agus a réiteach agus, ina dhiaidh sin cur i bhfeidhm cuí an Chomhaontaithe a áirithiú.

4.Bunús dlí nós imeachta

4.1.Bunús dlí nós imeachta

4.1.1.    Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.

Áirítear ar na gníomharthaa bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha sin den dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d'fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh’ 3 .

4.1.2.    Cuir i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é an Coiste CCE arna bhunú le comhaontú, is é sin an comhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche eatramhach idir an Cósta Eabhair de pháirt amháin agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit den pháirt eile.

An gníomh a iarrtar ar Choiste CCE a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 64 den Chomhaontú.

An gníomh beartaithe, ní dhéanann sé creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE bunús dlí nós imeachta an chinnidh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.    Prionsabail

An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh bheartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh‑chomhpháirt agus, san am céanna, an ceann eile a shainaithint mar aidhm nó comhpháirt thánaisteach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar aon bhunús dlí substainteach amháin, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh‑chomhpháirte.

4.2.2.    Cuir i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Ós rud é, go bunúsach, go bhfuil feidhm ag an nós imeachta eadrána maidir leis an earnáil mhiondíola, baineann príomhchuspóir agus ábhar an ghnímh beartaithe leis an gcomhbheartas tráchtála. Dá bhrí sin, is é Airteagal 207 CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Is é an chéad fhomhír de mhír 4 d'Airteagal 207 CFAE a ba cheart a bheith ina bhunús dlí don Chinneadh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

5.FOILSIÚ AN GHNÍMH ATÁ BEARTAITHE

Ós rud é go n‑athróidh Cinneadh Choiste CCE an Comhaontú, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2020/0077 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais laistigh den Choiste CCE arna bhunú leis an gcomhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche eatramhach idir an Cósta Eabhair de pháirt amháin agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit den pháirt eile maidir le liosta eadránaithe a ghlacadh

COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’), agus go háirithe Airteagal 207 de, an chéad fhomhír de mhír 4, i gcomhar le hAirteagal 218(9),

ag féachaint don chomhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche eatramhach idir an Cósta Eabhair de pháirt amháin agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit den pháirt eile (‘An Comhaontú’) 4 ,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

de bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Thángthas ar Chomhaontú thar ceann an Aontais Eorpaigh (‘An tAontas’) le Cinneadh 2009/156/CE 5 agus tá feidhm shealadach aige ón 3 Meán Fómhair 2016 i leith.

(2)I gcomhréir le hAirteagal 64(1) den Chomhaontú, bunaíonn an Coiste CCE liosta de dhaoine atá faoi réir agus atá inniúil ar a bheith ag feidhmiú mar eadránaithe.

(3)Sa Chruinniú Chinn Bliana CCE den [dáta], iarradh air cinneadh a ghlacadh chun liosta a bhunú de dhaoine atá faoi réir agus atá inniúil ar a bheith ag feidhmiú mar eadránaithe i gcomhréir le hAirteagal 64(1) den Chomhaontú.

(4)Is iomchuí an seasamh a ghlacfar a leagan síos, laistigh den Choiste CCE agus thar ceann an Aontais, a mhéid a bheidh an cinneadh atá beartaithe ceangailteach ar an Aontas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh a ghlacfar laistigh den Choiste CCE thar ceann an Aontais, bunófar é ar dhréachtchinneadh an Choiste CCE maidir le liosta na ndaoine atá faoi réir agus atá inniúil ar a bheith ag feidhmiú mar eadránaithe, a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 59, 3.3.2009, lch. 2.
(2)    IO L 194, 31.7.2018, lth. 158.
(3)    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(4)    IO L 59, 3.3.2009, lch. 3.
(5)    IO L 59, 3.3.2009, lch. 1.
Top

An Bhruiséil,12.5.2020

COM(2020) 193 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir leis an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais laistigh den Choiste CCE arna bhunú leis an gcomhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche eatramhach idir an Cósta Eabhair de pháirt amháin agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit den pháirt eile maidir le liosta eadránaithe a ghlacadh


DRÉACHT

CINNEADH UIMH. …/2020 ÓN gCOISTE CCE
arna bhunú leis an gcomhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche eatramhach

idir an Cósta Eabhair, de pháirt

agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile

de ...

maidir le glacadh liosta na n‑eadránaithe

AN COISTE CCE,

ag féachaint don chomhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche eatramhach idir an Cósta Eabhair, de pháirt agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (dá ngairfear ‘An Comhaontú’ anseo feasta), arna shíniú sa Bhruiséil an 3 Márta 2009 agus feidhm shealadach aige ó mhí Mheán Fómhair 2016 i leith agus go háirithe Airteagal 64(1) de,

de bharr an mhéid seo a leanas:

Foráiltear leis an gComhaontú go mbeidh ar an gCoiste CCE liosta a bhunú de chúig dhuine dhéag atá faoi réir agus atá inniúil ar a bheith ag feidhmiú mar eadránaithe chun réiteach a fháil ar aon díospóidí a thagann chun cinn idir na páirtithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.An liosta de chúig dhuine dhéag atá faoi réir agus atá inniúil ar a bheith ag feidhmiú mar eadránaithe, bunaítear é i gcomhréir le hAirteagal 64(1) den Chomhaontú mar a leagtar amach é san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

2.An liosta a dhéantar cur síos air i mír 1, bunaítear é gan dochar do na rialacha sonracha arna mbunú leis an gComhaontú nó dóibh siúd a fhéadfaidh an Coiste CCE a ghlacadh.

Airteagal 2

Féadfar an liosta a luaitear in Airteagal 1 a leasú trí Chinneadh an Choiste CCE a ghlactar i gcomhréir le hAirteagal 67 den Chomhaontú.

Airteagal 3

Beidh feidhm ag an Cinneadh seo ar lá a shínithe.

Arna dhéanamh in/sa …, an ….

Thar ceann Phoblacht an Chósta Eabhair    Thar ceann an Aontais Eorpaigh

...    ...



IARSCRÍBHINN

Liosta eadránaithe (Airteagal 64(1) den Chomhaontú)

Eadránaithe roghnaithe ag an gCósta Eabhair:

M. Abbe YAO – An Cósta Eabhair

M. Abdouramane OUATTARA – An Cósta Eabhair

M. Joachim BILA AKA – An Cósta Eabhair

M. Narcisse AKA – An Cósta Eabhair

M. Karim FADIKA – An Cósta Eabhair

Eadránaithe roghnaithe ag an Aontas Eorpach:

M. Claus Dieter EHLERMANN – An Ghearmáin

M. Giorgio SACERDOTI – An Iodáil

M. Jacques BOURGEOIS – An Bheilg

M. Pieter JAN KUIJPER – An Ísiltír

Mme Hélène RUIZ FABRI – An Fhrainc

Eadránaithe roghnaithe ag an dá pháirtí le chéile:

M. Martial AKAKPO - Tóga

Mme Anna KOUYATE -Mailí

M. Thomas COTTIER – An Eilvéis

Mme Merit E. JANOW – Na Stáit Aontaithe

M. Helge SELAND – An Iorua

Top