Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020IR0541

    Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Seiceáil oiriúnachta ar an gCreat-Treoir Uisce, an Treoir Screamhuisce, an Treoir maidir le Caighdeáin na Cáilíochta Comhshaoil agus an Treoir maidir le Tuilte

    COR 2020/00541

    IO C 324, 1.10.2020, p. 28–34 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    1.10.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    28


    Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Seiceáil oiriúnachta ar an gCreat-Treoir Uisce, an Treoir Screamhuisce, an Treoir maidir le Caighdeáin na Cáilíochta Comhshaoil agus an Treoir maidir le Tuilte

    Rapóirtéir:

    Piotr CAŁBECKI (PL/PPE), Uachtarán Réigiún Kujawsko-Pomorskie

    Doiciméid tagartha:

    SEC(2019) 438

    SWD(2019) 439

    SWD(2019) 440

    MOLTAÍ BEARTAIS

    TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN

    A.   Barúlacha réamhráiteacha

    1.

    Á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur cuireadh an tseiceáil oiriúnachta ar an gCreat-Treoir Uisce (CTU) agus ar an Treoir maidir le Tuilte i gcrích go tráthúil i gcomhréir le hAirteagal 19(2) de CTU ina sonraítear go ndéanfaidh “an Coimisiún Eorpach athbhreithniú ar an Treoir sin 19 mbliana, ar a dhéanaí, tar éis di teacht i bhfeidhm agus go molfaidh sé aon leasuithe is gá a dhéanamh uirthi”;

    2.

    Á chur in iúl gurb é an t-uisce an leas coiteann is tábhachtaí agus gur acmhainn theoranta é is gá a chosaint agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe, ó thaobh cáilíochta agus cainníochta araon. Sáraíonn cosaint agus bainistiú an uisce teorainneacha réigiúnacha agus náisiúnta, ós rud é go dtéann 60 % d’abhantracha an Aontais thar chríoch aon Bhallstáit amháin;

    3.

    Á thabhairt le fios go ngineann earnálacha uisce-spleácha an Aontais EUR 3,4 trilliún in aghaidh na bliana, arb ionann é agus 26 % d’oll-bhreisluach bliantúil an Aontais agus go bhfuil thart ar 44 mhilliún duine fostaithe sna hearnálacha sin; san am céanna, á thabhairt dá aire agus é ina ábhar imní dó nach meastar stádas maith éiceolaíoch a bheith ach ag 40 % d’uiscí dromchla na hEorpa agus nach bhfuil stádas maith ceimiceach ach ag 38 % díobh (1);

    4.

    Á iarraidh, i bhfianaise phaindéim COVID-19, go ndéanfaí steiriliú an fhuíolluisce a fheabhsú, tuilleadh taighde maidir le caomhnú níos fearr a dhéanamh ar an bhfuíolluisce (uisce dubh agus uisce liath) agus leathadh méadaithe na réiteach dúlra-bhunaithe d’fhonn deireadh a chur le haon bhagairt eipidéimeolaíoch ar cháilíocht an uisce;

    5.

    Á chur i bhfáth gur gné bhunriachtanach é an t-uisce don chomhshaol agus do bheatha daoine. Tá ról lárnach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sna Ballstáit maidir le faireachán a dhéanamh agus maidir le bearta coisctheacha agus feabhais a ghlacadh chun uisce ar ardcháilíocht a bhaint amach agus a ráthú. Is iad na cathracha agus na réigiúin atá ar thús cadhnaíochta ó thaobh rochtain uilíoch ar uisce agus ar shláintíocht a chur ar fáil mar cheart bunúsach. Tá sé tábhachtach réiteach a fháil ar an easpa saineolais, ar an rómhaorlathas agus ar an easpa cur chuige il-leibhéil, a mbíonn tionchar diúltach ag an méid sin ar an éifeachtúlacht agus lena bhféadfaí úsáid dea-chleachtas ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach a dhéanamh dodhéanta;

    6.

    Á thabhairt le fios a thábhachtaí atá an t-uisce do na saoránaigh Eorpacha a chinn ceann de na chéad Tionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh (ECI) a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar a n-ábhair imní maidir le beartas uisce an Aontais. Is obair leantach é an tseiceáil oiriúnachta seo ar ghealltanais an Choimisiúin mar fhreagairt ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh “Right2Water” (2) maidir leis an gceart ar uisce agus ar sheirbhísí sláintíochta a chur chun cinn;

    B.   Conclúidí na seiceála oiriúnachta

    7.

    Á thabhairt dá aire conclúid na seiceála oiriúnachta go bhfuil na treoracha oiriúnach dá bhfeidhm ar an iomlán ach go bhféadfaí feabhas a chur orthu. A bhuí leis na treoracha, tá leibhéal cosanta níos airde ann do dhobharlaigh agus do bhainistíocht riosca i gcás tuilte. Tríd is tríd, is i ngeall ar chistiú neamh-leordhóthanach, cur chun feidhme mall agus comhtháthú neamhleor na gcuspóirí comhshaoil i mbeartais earnálacha nár baineadh amach cuspóirí CTU go fóill, seachas aon easnamh a bheith sa reachtaíocht;

    8.

    Aithnítear sa tseiceáil oiriúnachta ceimiceáin mar réimse ina bhféadfaí feabhas a dhéanamh agus torthaí níos fearr a bhaint amach. Bíodh is go bhfuil roinnt fianaise ann gur tháinig laghdú ar thruailliú ceimiceach in uiscí an Aontais mar gheall ar CTU, an Treoir maidir le Caighdeáin na Cáilíochta Comhshaoil agus an Treoir Screamhuisce, léirítear san anailís trí réimse ina bhfuil an creat reachtach atá ann faoi láthair fo-optamach: eadhon éagsúlachtaí náisiúnta (éagsúlachtaí idir liostaí de thruailleáin áitiúla) agus na teorainnluachanna nár cheart dóibh a shárú; an liosta de na substaintí tosaíochta (ar próiseas fada é sin); agus gur ar bhonn substaintí aonair a dhéantar meastóireacht sa Treoir maidir le Caighdeáin na Cáilíochta Comhshaoil agus sa Treoir Screamhuisce ar an riosca atá ann do dhaoine agus don chomhshaol, gan aird á tabhairt ar éifeachtaí comhcheangailte na meascán, agus nach gcumhdaítear leis na treoracha sin ach cion beag bídeach de na substaintí atá sa chomhshaol;

    9.

    Á thabhairt le fios go bhfuil cáilíocht na n-acmhainní uisce óil fós i mbaol; aiféalach, dá bhrí sin, nach ndíríonn an tseiceáil oiriúnachta ar fheidhmiú agus ar chur chun feidhme Airteagal 7 de CTU maidir le meath ar cháilíocht na ndobharlach a sheachaint, ar dobharlaigh iad a úsáidtear chun uisce óil a astarraingt, agus maidir leis an laghdú ar an leibhéal íonaithe is gá chun uisce óil a tháirgeadh; ba cheart oibreoirí uisce óil a bheith in ann brath ar acmhainní uisce ar ardcháilíocht chun laghdú a dhéanamh ar an gcostas a bhaineann le cóireálacha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na comhreachtóirí ardchaighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta a áirithiú, maille le comhtháthú beartais i bhfianaise na Treorach athmhúnlaithe maidir le hUisce Óil, lena n-áirítear forálacha na Treorach maidir le rochtain ar uisce (3);

    10.

    Á chur in iúl gur cúis díomá é nach ndéantar anailís níos doimhne sa tseiceáil oiriúnachta ar thionchar rialú Weser (4) ó Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa. De bharr chur i bhfeidhm na gclásal meathlaithe agus feabhais a leagtar síos in Airteagal 4(1) agus chur i bhfeidhm na gclásal díolúine a leagtar síos in Airteagal 4(4-7) de CTU, tá éiginnteachtaí dlíthiúla ann d’oibreoirí agus d’údaráis araon. Go háirithe, is gá anailís bhreise a dhéanamh ar an tionchar ar ghníomhaíochtaí a chosnaíonn an comhshaol (amhail gléasraí cóireála fuíolluisce) nó a chuireann leis an oiriúnú don athrú aeráide agus le bainistiú fuinnimh agus acmhainní;

    11.

    Á chur i bhfios, ó tharla go bhfuil breis is leath de dhobharlaigh na hEorpa faoi réir díolúintí faoi láthair, go bhfuil dúshláin shuntasacha ag baint le torthaí rathúla a bhaint amach faoi 2027, gan ach an ceann caol a lua, agus nach dócha go mbainfí amach na torthaí sin faoi spriocdháta 2027; á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, nach mór dlús suntasach a chur le hiarrachtaí, le hacmhainní, agus le cur chun feidhme agus forfheidhmiú níos fearr CTU, agus tá CnaR teann air nach mór do chomhlachtaí leanúint den uisce a chosaint faoin gCreat-Treoir Uisce, fiú tar éis 2027;

    12.

    Á iarraidh ar an gCoimisiún cur leis an meastóireacht trí thaithí a chur san áireamh ó na Ballstáit a bhfuil an Creat-Treoir Uisce á cur i bhfeidhm acu i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i rialú Weser. Is cúis imní é nach bhfuil an treoir á cur chun feidhme go leordhóthanach ag roinnt tíortha ach ní fhágann sin gur cheart neamhaird a thabhairt ar fhadhbanna dlíthiúla atá tagtha chun cinn sna tíortha ina bhfuil an treoir á cur chun feidhme mar is ceart;

    C.   Comhtháthú beartas: CTU agus reachtaíocht eile de chuid an Aontais

    13.

    Á thathant nach ndéanfaí an méid céanna smaointeoireachta neamh-chomhtháite maidir le huisce agus go mbeadh tuilleadh comhleanúnachais agus comhordaithe ann i ngach cuid de reachtaíocht an Aontais lena mbaineann, go háirithe i ndáil le hábhair imní faoin athrú aeráide, faoin ngeilleagar ciorclach agus faoi thruailleáin atá ag teacht chun cinn. Ba cheart bainistiú uisce aeráid-athléimneach a phríomhshruthú i mbeartais uile an Aontais agus aidhm shoiléir agus uaillmhianach a leagan amach in CTU maidir leis an maolú ar an athrú aeráide agus an t-oiriúnú don athrú aeráide;

    14.

    Á chur i bhfáth na hidirnaisc atá ann idir CTU agus an Treoir maidir le Tuilte agus beartais eile ina bhfuil ról ríthábhachtach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, amhail pleanáil talún, an talmhaíocht, táirgeadh fuinnimh, go háirithe an hidreachumhacht (agus soláthar fuinnimh), úsáid theirmeach uisce le haghaidh téimh agus fuarú, iompar d'uisce, sláinte an duine, an turasóireacht, cur chun feidhme na Treorach maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh agus an Treoir maidir le Níotráití, etc.;

    15.

    Á chur in iúl gur díol sásaimh dó, i ndáil leis sin, an mheastóireacht a rinneadh i gcomhthráth ar an Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh, ar colún lárnach é sin den tseirbhís fuíolluisce san Eoraip, a raibh torthaí comhchosúla uirthi agus a bhí ar an tseiceáil oiriúnachta: is iad sin an gá le cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil na n-ionstraimí dlí atá ann cheana, rud a spreagfadh tairbhí suntasacha don tsochaí agus don chomhshaol. Tá CnaR aiféalach, mar sin féin, nach ndearnadh anailís sa mheastóireacht ar éifeachtacht na Treorach maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh i ndáil le sceití fuíolluisce thionsclaíoch i gcórais bhailithe agus i ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh; aiféalach, ar an gcaoi chéanna, nach ndearnadh aon anailís dhlíthiúil ar an tionchar atá ag na neamhréireachtaí idir Airteagal 4 den Chreat-Treoir Uisce agus Airteagail 10, 7 agus 2(9) den Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh ar na gléasraí cóireála fuíolluisce is éifeachtúla san Eoraip;

    16.

    Á léiriú, ina cheann sin, na neamhréireachtaí idir cineálacha cur chuige na mBallstát maidir le fosfar agus eotrófú agus tá CnaR á mholadh comhleanúnachas níos fearr a bheith ann idir an Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh agus CTU;

    17.

    Den tuairim go bhfuil sé bunriachtanach go dtabharfadh an Coimisiún Eorpach faoi thuilleadh forfheidhmithe a dhéanamh ar na hoibleagáidí maidir leis na príomhbhrúnna atá ar an gcomhshaol uisceach, amhail na brúnna sin a eascraíonn as an Treoir maidir le Níotráití agus an Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar rianshubstaintí díobhálacha atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear micreaphlaistigh agus táirgí cógaisíochta, toisc nach féidir leis an teicneolaíocht reatha a úsáidtear i ngléasraí cóireála fuíolluisce na micreathruailleáin go léir a bhaint;

    18.

    Á chur i bhfios go láidir go bhfuil an diantalmhaíocht ar cheann de na príomhbhrúnna ar uisce dromchla agus ar screamhuisce, lena n-áirítear astarraingt agus truailliú de dheasca lotnaidicídí, leasachán agus iarmhar cógaisíochta ó antaibheathaigh beostoic. Sa chéad Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT) eile, ní mór aird iomlán a thabhairt ar an tionchar atá ag gníomhaíocht talmhaíochta ar an uisce agus aistriú i dtreo cleachtais atá níos neamhdhíobhálaí don uisce a chothú. I measc na réiteach a d’fhéadfaí a chur ar fáil, tá tograí chun an choinníollacht chomhshaoil maidir le rochtain ar íocaíochtaí a leathnú chuig forálacha uile CTU, tograí chun feirmeoireacht níos éiceolaíche a chur chun cinn trí “eiciscéimeanna”, maille le tograí chun idirphlé agus malartú dea-chleachtas a spreagadh ina mbeadh oibreoirí uisce, ENRanna ábhartha agus feirmeoirí páirteach;

    19.

    Á mheabhrú gur príomhchinntitheach é an t-uisce maidir le bithsféar dea-fheidhmiúil, le bith-tháirgiúlacht agus le hacmhainn ionsúcháin agus go bhfuil tionchar aige ar ghníomhaíochtaí earnálacha éagsúla eacnamaíocha, go háirithe an talmhaíocht, an fuinneamh agus an tionsclaíocht agus go bhfuil tionchar ag na gníomhaíochtaí sin ar an uisce freisin. Is deis iontach iad na pléití atá ar siúl faoi láthair nó a bheidh ar siúl amach anseo sa timthriall reachtach reatha chun a áirithiú go n-áireofar an t-uisce agus cuspóirí uileghabhálacha CTU sna beartais lena gcuimsítear earnálacha eile; á chur i bhfios go láidir go leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip cuspóirí uaillmhianacha chun laghdú a dhéanamh ar úsáid acmhainní, an truailliú agus an tocsaineacht; dá bharr sin, ba cheart cuspóirí CTU a ionchorprú go soiléir i straitéisí, amhail “an plean gníomhaíochta nua don gheilleagar ciorclach”, “an plean gníomhaíochta maidir leis an Truailliú Nialasach”, an straitéis nua “Bithéagsúlachta” agus an straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc”, ar mhaithe le comhtháthú iomlán beartais;

    20.

    Ag leagan béim ar an acmhainneacht a bhaineann le huisce athshlánaithe a úsáid le haghaidh uisciú talmhaíochta chun an ganntanas uisce a laghdú, tacú leis an oiriúnú don athrú aeráide agus an geilleagar ciorclach a chur chun cinn; á chur in iúl gur díol sásaimh dó, i ndáil leis sin, gur ghlac an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa an Rialachán maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce agus tá CnaR ag athdhearbhú a sheasaimh maidir le hathúsáid uisce mar a tugadh le fios sa tuairim a bhaineann leis an ábhar seo (5);

    21.

    Á iarraidh ar an gCoimisiún córas faireacháin lánoibríochtúil a bhunú chun sonraí tomhaiste atá cothrom le dáta maidir le hiarmhar lotnaidicíde sa chomhshaol (go háirithe in ithir agus in uisce) a bhailiú ar bhonn rialta, a d’fhéadfadh a bheith bunaithe ar thaithí rathúil chóras LUCAS (Suirbhé staidrimh fráma limistéir ar chumhdach/úsáid talún) um fhaireachán ithreach;

    22.

    Á chur in iúl gur díol sásaimh dó cinneadh an Choimisiúin dar dáta an 13 Eanáir 2020 toirmeasc a chur ar thiaclóiprid, ar lotnaidicíd neoinicitíonóideach-bhunaithe í atá ina hábhar imní comhshaoil, go háirithe maidir leis an tionchar atá aici ar screamhuisce, agus a mheasann an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia a bheith contúirteach do shláinte an duine; á iarraidh freisin toirmeasc a chur ar ghliofosáit agus CBT a bheith ann a thacaíonn le deireadh a chur le húsáid lotnaidicídí;

    D.   Na chéad chéimeanna eile chun stádas maith a bhaint amach i ndobharlaigh an Aontais

    23.

    Á chur i bhfios go láidir gur garsprioc é CTU i bhfeabhsú na n-acmhainní uisce san Eoraip agus gur pointe tagartha é do na hilchríocha eile. Mar sin féin, agus na dúshláin atá ag teacht chun cinn (e.g. an t-athrú aeráide, micreaphlaistigh, táirgí cógaisíochta, antaibheathaigh, etc.) agus na réitigh nua (teicneolaíochtaí agus modheolaíochtaí nua) atá ann le scór bliain anuas á gcur san áireamh agus i bhfianaise na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, ní mór CTU a thabhairt cothrom le dáta go práinneach;

    24.

    Á iarraidh, i ndáil leis an méid sin, go ndéanfaí athrú ó bhonn d’fhonn breathnú ar an mbithsféar ar bhealach éabhlóideach (feasacht daoine a mhúscailt le go dtuigfidís go bhfuil an bithsféar ag athrú riamh anall) agus ar bhealach níos éiceachórasaí (lena n-áirítear inbhuanaitheacht na ndobharcheantar agus an dícharbónú), agus d’fhonn tuiscint níos fearr ar phróisis éiceolaíocha a chur chun cinn, lena n-áirítear timthrialla an uisce, carbóin, nítrigine agus fosfair;

    25.

    Á thabhairt le fios, i gcomhthéacs an athraithe nua sin, gur cheart gach dobharcheantar a mheas mar “shárorgánach Platónach” uathúil ina bhfuil tionchar ag teaglaim den gheomoirfeolaíocht, den aeráid agus d’éiceachórais (paistí antrapacha agus nádúrtha) agus cineálacha éagsúla de ghníomhaíocht an duine ar an timthriall uisce agus ar an stádas éiceolaíoch. Ba cheart an méid sin a mheas ní hamháin ó thaobh na slándála agus na n-acmhainní de, ach go príomha mar bhealach chun todhchaí inbhuanaithe, an tsláinte agus dea-cháilíocht an tsaoil do chách a chosaint;

    26.

    Á iarraidh go gcuirfeadh conclúidí na seiceála oiriúnachta dlús le hathrú comhtháiteach agus trasdisciplíneach agus réitigh nuálacha lena mbaineann a fhorbairt chun truailliú nialasach a bhaint amach le haghaidh an aeir, an uisce agus na hithreach faoin gComhaontú Glas don Eoraip; den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach an bhithéagsúlacht in aibhneacha, lochanna, bogaigh agus inbhir a chaomhnú agus a athbhunú, mar aon le haon damáiste de dheasca tuilte a chosc agus a íoslaghdú;

    27.

    Á iarraidh go bhforbrófaí gné nua iomlánaíoch de CTU inar cheart an cosc ar thuilte a chomhtháthú le bainistiú chun triomaigh a chosc agus bearta chun acmhainneacht na ndobharcheantar maidir leis an inbhuanaitheacht a fheabhsú (ó thaobh na héicihidreolaíochta de dírithe ar chúig eilimint: an t-uisce, an bhithéagsúlacht, an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide, seirbhísí éiceachórais don tsochaí agus tionchair eile, an cultúr agus an t-oideachas go sonrach);

    28.

    Á chur i bhfáth gur gá dea-chleachtas bainistíochta agus teicneolaíochtaí nuálacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun an truailliú ó rianshubstaintí a laghdú, lena n-áirítear lotnaidicídí, antaibheathaigh, micreaphlaistigh agus substaintí contúirteacha eile; á chur i bhfios go láidir nach mór aghaidh a thabhairt ar an truailliú ag an bhfoinse trí bhíthin cur chuige cuimsitheach bunaithe ar phróisis eolasacha agus rannpháirteacha a bhfuil na saoránaigh páirteach iontu agus ina bhfuil ról ag gach gníomhaí agus ina dtugtar tosaíocht do na réitigh is cothroime agus is costéifeachtaí. Ní mór réitigh a oiriúnú do dhálaí áitiúla agus aghaidh á tabhairt ar na hiarmhairtí a bheadh ann i gcás nach gcuirfear na réitigh chun feidhme agus freagairt do riachtanais léir-shainaitheanta agus do cheisteanna fadtéarmacha seachas a bheith ag brath ar “réitigh bhoga teicneolaíochta”, mar atá tugtha chun solais le seiceáil oiriúnachta an Choimisiúin Eorpaigh;

    29.

    Á iarraidh go ndéanfar tuilleadh taighde agus nuálaíochta maidir le héagsúlú na bhfoinsí uisce d’fhonn slándáil uisce a áirithiú, go háirithe do na cathracha Eorpacha a bhfuil tóir ag líon méadaitheach saoránach orthu agus do na réigiúin is mó atá buailte ag tréimhse fada tromaigh;

    30.

    Á mholadh go gcuirfí uirlisí nuálacha chun feidhme go práinneach chun stádas maith éiceolaíoch a bhaint amach i ndobharcheantair Eorpacha, amhail réitigh éicihidreolaíocha dhúlra-bhunaithe (féach an Tuarascáil ó Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) maidir le Forbairt Uisce an Domhain, Nature-Based Solutions for Water [Réitigh Éicihidreolaíocha Dhúlra-Bhunaithe]); á thabhairt le fios go ndéantar an bonneagar hidriteicniúil a thabhairt cothrom le dáta a bhuí le réitigh éicihidreolaíocha dhúlra-bhunaithe, go háirithe i dtírdhreacha talmhaíochta agus uirbeacha maidir leis an maolú ar an athrú aeráide agus leis an oiriúnú don athrú aeráide agus feabhsaítear acmhainneacht ilghnéitheach inbhuanaitheacht na ndobharcheantar a bhaineann leis na cúig eilimint den éicihidreolaíocht (mar atá an t-uisce, an bhithéagsúlacht, seirbhísí éiceachórais don tsochaí, athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide, an cultúr agus an t-oideachas) (6). Cuireann siad cur chuige iomlánaíoch chun cinn trí eolaíocht agus oideachas trasdisciplíneach maidir leis an inbhuanaitheacht a spreagadh;

    31.

    Ag tarraingt aird ar ionaid chóireála camrais bheaga agus mheánmhéide a bhfuil fadhb bhuan acu ó thaobh a n-éifeachtúlachta a bheith ag laghdú ar bhonn rialta agus tá CnaR á mholadh na réitigh éicihidreolaíocha dhúlra-bhunaithe a úsáid i gcórais um bhithscagachán dríodrúcháin sheicheamhaigh chun pointí truailleán ag sceití a laghdú d’fhonn stádas maith éiceolaíoch a bhaint amach d’éiceachórais fionnuisce;

    32.

    Á chur i bhfáth, de réir na Tuarascála Measúnachta a rinneadh le déanaí ar Uisce an Domhain, nach n-úsáideann ach 5 % d’infheistíochtaí a bhaineann le bainistiú uisce réitigh éicihidreolaíocha dhúlra-bhunaithe agus gur cheart an céatadán sin a bheith níos airde. Is ionann truailliú ó fhoinsí idirleata agus uisce stoirme uirbeach agus beagnach 50 % den truailliú foriomlán sa dobharcheantar (truailliú ó fhoinsí idirleata ó uisce talmhaíochta, tírdhreacha agus uisce stoirme uirbeach agus uisce dromchla ó bhonneagar iompair agus ón ualach fosfair agus nítrigine ó thruailliú ó fhoinsí idirleata, e.g. i Muir Bhailt). Is é an bealach is éifeachtúla chun iad a mhaolú ná trí na réitigh éicihidreolaíocha dhúlra-bhunaithe. Fágann sé sin gur gá réitigh éicihidreolaíocha dhúlra-bhunaithe a chur i bhfeidhm 10 n-uaire níos mó ná mar a chuirtear i bhfeidhm iad faoi láthair chun tionchar an truaillithe a mhaolú, go príomha trí réitigh dhúlra-bhunaithe a chuirtear chun feidhme faoi chuimsiú na bprionsabal éicihidreolaíoch;

    33.

    Á chur i bhfáth, i bhfianaise thionchar méadaitheach an athraithe aeráide, gur cheart an Treoir maidir le Tuilte a chomhtháthú le CTU chun feabhas a chur ar athlíonadh screamhuisce, ar acmhainn coinneála na ngleannta abhann trí choinneáil sna tuilemhánna agus sna poldair agus trí na leibhéil uisce sna lochanna agus sna bogaigh máguaird a chúiteamh; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach acmhainn coinneála na ndobharcheantar a fheabhsú ós rud é go méadaíonn uisce carnadh an charbóin agus imshruthú na gcothaitheach trí ghníomhaíocht bhitheolaíoch a spreagadh, rud a chuireann cosc ar chothaithigh sceitheadh isteach san uisce agus san atmaisféar agus lena seachnaítear eotrófú agus blás algach tocsaineach;

    34.

    Á chur i bhfios go láidir gur cheart CBT, an Treoir maidir le Níotráití agus an Rialachán maidir le Táirgí Cosanta Plandaí a chomhchuibhiú le CTU, agus é mar aidhm leis sin truailliú ó fhoinsí idirleata (nítrigin agus fosfar) a laghdú, a bhfuil 20-50 % d’ualach na gcothaitheach i lochanna, i dtaiscumair agus i limistéir chósta á ghiniúint aige le tamall anuas. I réigiúin ina bhfuil feirmeoireacht bheostoic thionsclaithe dírithe, is cosúil gur deacair an cuspóir sin a bhaint amach mura dtugtar gealltanas – i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais, na Straitéise Bithéagsúlachta agus na Straitéise “Ón bhFeirm go dtí an Forc” – in CBT agus i mbeartas náisiúnta laghdú suntasach a dhéanamh ar an gcineál feirmeoireachta sin. D’fhéadfaí cur leis sin freisin trí limistéir éiceatóin talún-uisce a bhunú atá an-éifeachtach, ina mbeidh bacainní dínítriginiúcháin agus geoiceimiceacha. Tá CnaR ag leagan béim air go laghdaítear cailliúint uisce ón ithir de dheasca gaotha láidre trí chastacht an tírdhreacha talmhaíochta a mhéadú (éiceatóin talún-uisce, línte crainn agus criosanna foscaidh) ach go ndéanann an méid sin cailliúint ábhair orgánaigh agus carbóin ón ithir a chosc freisin. Ar an ábhar sin, ba cheart modhanna den chineál sin (éiceatóin talún-uisce, línte crainn agus criosanna foscaidh) a ionchorprú sa straitéis bhithgheilleagair, mar aon le bearta eile chun acmhainn coinneála uisce sa tírdhreach a mhéadú. D’fhéadfadh sé sin cur go mór le gabháil agus stóráil carbóin, rud atá ar cheann de thosaíochtaí an Chomhaontaithe Ghlais;

    35.

    Á chur i bhfáth, toisc go bhféadfadh uisce stoirme i gceantair uirbeacha 10-20 % d’ualach na dtruailleán cothaitheach a ghiniúint sa dobharcheantar, gur féidir an tionchar sin a mhaolú go héifeachtach – go háirithe i gceantair nuathógtha – trí leas a bhaint as ard-réitigh éicihidreolaíocha dhúlra-bhunaithe ar chostas íseal, amhail córais um bhithscagachán dríodrúcháin sheicheamhaigh agus córais hibrideacha lena gcomhtháthaítear bonneagar traidisiúnta hidritheicniúil leis na réitigh éicihidreolaíocha dhúlra-bhunaithe. Ba cheart é sin a chomhordú le bearta chun an timpeallacht thógtha a oiriúnú d’aeráid atá ag athrú. Más infheidhme, ba cheart na réitigh sin a chur chun feidhme freisin i ndáil le stoc foirgneamh atá ann cheana;

    36.

    Á thabhairt dá aire gur mhol CnaR sa tuairim uaidh maidir leis an athchóiriú ar CBT cúig chuspóir comhshaoil inchainníochtúla (do 2027) a áireamh sa chéad leagan eile de CBT, lena n-áirítear ráthaíocht go gcomhlíonfaidh 100 % d’uisce dromchla agus screamhuisce an Treoir maidir le Níotráití gan aon díolúintí;

    37.

    Á thabhairt le fios go bhfuil an creat ama le haghaidh chur chun feidhme na mbeart a áirítear sna pleananna bainistithe abhantrach ábhartha róghearr, de bhrí go bhféadfaidh tréimhse ama níos faide ná 6 bliana a bheith ag teastáil don fhreagairt chomhshaoil; á mholadh, dá bhrí sin, go gcuirfí síneadh dhá thréimhse ar a laghad le tréimhsí pleanála suas go dtí 2039 agus tá CnaR á mholadh do na húdarás áitiúla agus réigiúnacha tionscadail nuálacha fhadtéarmacha a cheapadh (7);

    38.

    Den tuairim gur minic nach gcuirtear réitigh ar fáil i roinnt pleananna de chuid na mBallstát agus i roinnt pleananna náisiúnta maidir le himchuacha i ndáil le lonnaíochtaí ina bhfuil riosca íseal tuilte agus gur féidir aon chineál tógála a dhéanamh, lena n-áirítear athchóirithe a thugann tús áite do chosaint ar thuilte. I ndáil leis sin, ba cheart don Choimisiún agus dá ghníomhaireachtaí tacaíocht níos mó a thabhairt do na Ballstáit ionas gur féidir leo teacht ar réitigh fhéideartha;

    39.

    Á chur i bhfáth gur gá comhleanúnachas níos fearr a bheith ann idir CTU, Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail maidir le húsáid inbhuanaithe lotnaidicídí atá i gcomhréir le cuspóirí comhshaoil an Aontais agus Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú, agus Srianadh Ceimiceán (REACH) d’fhonn dlús a chur le hiarrachtaí faireacháin agus na bearta is fearr a shainaithint ina dhiaidh sin. Ní mór deireadh a chur le ceimiceáin ghuaiseacha ag an bhfoinse agus ní mór do mhonaróirí níos mó freagrachta a ghlacadh i ndáil le substaintí ceimiceacha a chuirtear ar an margadh;

    40.

    Á iarraidh go bhfiosrófaí úsáid na ndobharlach i gcur chun feidhme an Comhaontaithe Ghlais, go háirithe acmhainneacht feirmeacha algacha chun bheith mar acmhainn nadúrtha maidir le gabháil carbóin agus mar fhoinse fuinnimh atá neodrach ó thaobh carbóin de agus mar fhoinse beatha beostoic;

    41.

    Den tuairim gur cheart cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 agus na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe de chuid na Náisiún Aontaithe a bheith ina ngné lárnach de CTU athbhreithnithe;

    42.

    Á iarraidh ar an gCoimisiún CTU a nascadh ar bhealach níos fearr le saintréithe críochacha áitiúla agus réigiúnacha. I bhfianaise leochaileacht choibhneasta na gcríoch áitiúil agus réigiúnach atá sléibhtiúil agus cnocach de dheasca dálaí aeráide agus – go háirithe i gcás dhobharlaigh abhainn na nAipiníní – an nádúr sealadach atá iontu atá ag méadú, leis an tagairt a dhéantar do na dálaí a shainaithnítear don chineál seo dobharlaigh (agus na modheolaíochtaí faireacháin atá leagtha síos, is dócha) ní léirítear na cuspóirí go leordhóthanach. Is é an toradh atá air sin ná go bhfuil aicmiú ann a dhéanann gannmheastachán ar a gcáilíocht fiú in éagmais brú antrapach, ar criticiúlacht é sin a dhéantar níos measa de bharr an athraithe aeráide;

    43.

    Á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis an acmhainneacht cur chun feidhme i gcathracha agus i réigiúin ar fud an Aontais trí na hardáin atá ann cheana maidir le comhroinnt dea-chleachtas agus fios gnó a leathnú, maille le huirlisí airgeadais a chur ar fáil chun tacú le modhanna nuálacha agus réitigh chórasacha a aistriú idir réigiúin;

    44.

    Den tuairim, i bhfianaise ghnéithe cultúrtha, stairiúla agus sóisialta na ndobharlach, gur cheart leas a bhaint as CTU agus a raon feidhme cuimsitheach chun comhar trasdisciplíneach agus trédhearcacht a chur chun cinn agus chun na saoránaigh a chumhachtú mar “pháirtithe leasmhara” ionas gur féidir a gcuid tuairimí a chur in iúl sa phróiseas cinnteoireachta, lena n-áirítear maidir le gnéithe eacnamaíocha a chumhdaíonn na seirbhísí comhshaoil uile, seachas iad sin a bhaineann le soláthar agus cóireáil uisce amháin;

    45.

    Sa chomhthéacs sin, i gcomhréir le dea-rialachas, á iarraidh go bhforbrófar modheolaíocht le haghaidh idirphlé rialta idir na geallsealbhóirí, na cinnteoirí, eagraíochtaí na sochaí agus na heolaithe ábhartha uile (“eolaíocht saoránach”) chun feabhas a chur ar a rannpháirtíocht i bhforbairt agus i gcur chun feidhme réiteach nuálach;

    46.

    Á mholadh do na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil fóntais uisce faoi úinéireacht phoiblí acu páirt a ghlacadh sa tionscnamh “Erasmus Water”, lena gceadaítear d’fhoireann theicniúil cuairt a thabhairt ar a gcontrapháirtithe i mBallstáit eile chun gur féidir leo foghlaim óna gcleachtais bainistithe uisce. Ba cheart cur le malartuithe den chineál sin, maille le tionscnaimh eile, amhail ceardlanna teicniúla, de bhrí gur deis is ea iad chun feasacht a ardú, idirphlé a chothú, foghlaim faoi réitigh agus acmhainneacht a fhorbairt;

    47.

    Á iarraidh ar an gCoimisiún na hionstraimí uile a chur chun feidhme chun aon chur amú uisce a sheachaint agus chun cothabháil cheart saoráidí um shreabhadh uisce a áirithiú;

    48.

    Á iarraidh ar an gCoimisiún a mheabhrú do na hinstitiúidí náisiúnta agus áitiúla uile gur earra poiblí bunriachtanach é an t-uisce agus, i bhfianaise an méid sin, gur cheart beartais praghsála uisce a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr i gcomhréir leis an bprionsabal um ghnóthú costas atá cumhdaithe in Airteagal 9 de CTU agus tagairt a dhéanamh do theaghlaigh, don talmhaíocht agus don tionscal mar “úsáideoirí uisce” agus a mholadh bearta praghsála a úsáid, amhail taraifí samhraidh nó taraifí do bhloic tomhaltasbhunaithe chun caomhnú na hacmhainne a chur chun cinn. Thairis sin, ba cheart an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as a chur i bhfeidhm go hiomlán trí bhíthin ionstraimí airgeadais inbhuanaithe, amhail an ionstraim um fhreagrachta leathnaithe táirgeora;

    49.

    Á chur i bhfáth go bhfágann acmhainní laghdaithe domhanda uisce go bhfuil éagothromaíochtaí ann ar an leibhéal domhanda, rud a d’fhéadfadh coinbhleacht réigiúnach agus dhomhanda a chruthú. Chun é sin a chosc, tá sé an-tábhachtach paraidímí nua, modheolaíochtaí nua agus réitigh chórasacha nua a chomhroinnt ar fud an domhain, go háirithe i limistéir ina bhfuil acmhainní uisce teoranta, amhail an Afraic agus an Meánoirthear. Tá CnaR á mholadh don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar an gcomhar a d’fhéadfadh a bheith ann le Clár Hidreolaíoch Idir-Rialtasach de chuid UNESCO, d’fhonn ról ceannasach na hEorpa a fheabhsú i dtaca le hinbhuanaitheacht uisce an domhain a bhaint amach;

    50.

    Á iarraidh go ndéanfaí cosaint foinsí uisce a fhorfheidhmiú sna tíortha is iarrthóirí ar aontachas leis an Aontas agus sna tíortha aontacha.

    An Bhruiséil, 2 Iúil 2020.

    Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

    Apostolos TZITZIKOSTAS


    (1)  Tuarascáil EEA Uimh. 7/2018, lch. 6.

    (2)  https://europa.eu/citizens-initiative/water-and-sanitation-are-human-right-water-public-good-not-commodity_ga

    (3)  Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cáilíocht uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine (athmhúnlú), (COM/2017/0753 final – 2017/0332 (COD)).

    (4)  Preaseisiúint ó CBAE https://curia.europa.eu/jcms/upload/docs/application/pdf/2015-07/cp150074en.pdf

    Téacs iomlán an rialaithe ó CBAE http://curia.europa.eu/juris/document/document.jsf?docid=165446&text=&dir=&doclang=EN&part=1&occ=first&mode=DOC&pageIndex=0&cid=2408179

    (5)  Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir le “Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce” (IO C 86, 7.3.2019, lch. 353).

    (6)  Ecohydrology as an integrative science from molecular to basin scale: historical evolution, advancements and implementation activities.

    Prof. M. Zalewski Ecohydrology and Hydrologic Engineering: Regulation of Hydrology-Biota Interactions for Sustainability.

    (7)  Sampla amháin is ea athbhunú na mbradán, a chuaigh i léig de réir a chéile in abhainn na Réine sna caogaidí. Thosaigh Coimisiún na Réine ar bhearta praiticiúla a chur chun feidhme in 1991 ach ní raibh torthaí rathúla na mbeart sin le feiceáil go ceann 20 bliain ina dhiaidh sin.

    (8)  Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht an Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach (IO L 309, 24.11.2009, lch. 71).

    (9)  Regulation (EC) No 1907/2006 of the European Parliament and of the Council of 18 December 2006 concerning the Registration, Evaluation, Authorisation and Restriction of Chemicals (REACH), establishing a European Chemicals Agency, amending Directive 1999/45/EC and repealing Council Regulation (EEC) No 793/93 and Commission Regulation (EC) No 1488/94 as well as Council Directive 76/769/EEC and Commission Directives 91/155/EEC, 93/67/EEC, 93/105/EC and 2000/21/EC (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).


    Top