EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52019PC0623

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 654/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmiú chearta an Aontais chun rialacha trádála idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú

COM/2019/623 final

An Bhruiséil,12.12.2019

COM(2019) 623 final

2019/0273(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 654/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmiú chearta an Aontais chun rialacha trádála idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Baineann an togra seo le leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le feidhmiú chearta an Aontais chun rialacha trádála idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 ón gComhairle lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail i réimse an chomhbheartais tráchtála chun feidhmiú chearta an Chomhphobail faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (an “Rialachán um Fhorfheidhmiú” nó “Rialachán”) 1 . Is é is cuspóir don leasú leasanna an Aontais faoi chomhaontuithe trádála idirnáisiúnta a chosaint i gcásanna ina nglacann tríú tíortha bearta neamhdhleathacha agus bac á chur acu ar phróiseas um réiteach díospóidí san am céanna. Níor ceapadh an Rialachán ar dtús chun aghaidh a thabhairt ar chásanna den chineál sin ach de bharr a bhfuil tite amach le déanaí, eadhon bac a bheith curtha ar réiteach díospóidí faoi Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT), ceanglaítear ar an Aontas gníomhú chomh tapa agus is féidir chun a leasanna a chosaint.

Tá an togra i gcomhréir le tosaíocht an Aontais a chuid ceart a fhorghníomhú go héifeachtach faoi chomhaontuithe trádála idirnáisiúnta. Leagtar amach an méid seo a leanas leis na Treoirlínte Polaitiúla don Choimisiún: “i gcás ina gcuirtear bac ar réiteach coinbhleachta trádála, ní mór dúinn a áirithiú gur féidir linn ár gcearta a fhorfheidhmiú, lena náirítear trí smachtbhannaí a úsáid” 2 agus déantar aithris ar an bhfoclaíocht sin sa Litir Mhisin chuig an gCoimisinéir um Thrádáil 3 .

Leis an leasú atá beartaithe, leathnaítear raon feidhme an Rialacháin um Fhorfheidhmiú ionas gur féidir gníomhú i gcás ina gcuirtear bac ar nósanna imeachta um réiteach díospóidí. Is gá an leasú seo a ghlacadh go hantapa chun a áirithiú go gcosnófar cearta an Aontais. Chun gur fusa a bheidh sé ag na comhreachtóirí é a ghlacadh go tapa, ní mholtar aon athrú eile.

Bac ar réiteach díospóidí

Le breis agus dhá bhliain, ní raibh Comhlacht um Réiteach Díospóidí na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) in ann folúntais a líonadh i gComhlacht Achomhairc EDT. Ó tharla bac a bheith ar choinní, ní bheidh ach Comhalta Comhlachta Achomhairc amháin ón 11 Nollaig 2019 ar aghaidh. Dá bhrí sin, ní bheidh an Comhlacht Achomhairc in ann achomhairc nua a éisteacht amhail ón dáta sin. Beidh baill EDT in ann rialuithe ceangailteacha a sheachaint trí achomharc a dhéanamh ar thuarascálacha painéil, rud a chuirfidh ar a gcumas éalú óna noibleagáidí idirnáisiúnta. Nuair a dhéantar achomharc in aghaidh tuarascáil painéil ach nach féidir leis an gComhlacht Achomhairc feidhmiú, cuirfear an díospóid ar neamhní go dlíthiúil agus beidh sí gan réiteach i gcónaí (achomharc a dhéanamh “go dtí an neamhní” a ghairtear air sin). Fágfaidh sé sin nach mbeidh córas réitithe díospóidí EDT ceangailteach sna cásanna sin. I ndeireadh na dála, mura féidir rialacha trádála idirnáisiúnta a fhorfheidhmiú go héifeachtach, is amhlaidh a chuirfear leasanna an Aontais i mbaol.

Agus aghaidh á tabhairt aige ar an gcás seo atá ag teacht chun cinn, tá an tAontas ag obair go dian ar an dá ghné seo: i) moltaí a dhéanamh chun freagairt do na hábhair imní arna dtarraingt anuas ag an mBall de EDT atá ag cur bac ar na ceapacháin agus ar an rannpháirtíocht le Baill EDT 4 a leanfaidh iad, agus ii) bearta teagmhasacha a fhorbairt i bhfoirm socrú eatramhach, arb é is aidhm dó sásra achomhairc EDT a mhacasamhlú go dtí go gcuirfear ag feidhmiú arís é, trí eadráin faoi Airteagal 25 de Chomhthuiscint EDT maidir le Réiteach Díospóidí (DSU) 5 . Leis an socrú eatramhach sin maidir le hachomharc a dhéanamh, coinnítear an tathbhreithniú achomharcach, rud a fhágann ní hamháin go dtabharfar breithiúnas deiridh tar éis próiseas breithniúcháin EDT a thabhairt chun críche, ar próiseas é a bhfuil dhá chéim ann, ach gur breithiúnas is féidir a fhorfheidhmiú faoi rialacha EDT a bheidh ann. Is éard atá ann réiteach éigeandála a bhfuil sé beartaithe go bhfeidhmeoidh sé sa tréimhse sula gcuirfear an Comhlacht Achomhairc ag feidhmiú athuair. Ní hamhlaidh, áfach, gur sásra uathoibríoch é an socrú eatramhach agus éileofar leis comhaontú ar leithligh ó Bhaill eile EDT.

I gcás réiteach díospóidí maidir le comhaontuithe trádála idirnáisiúnta eile de chuid an Aontais, lena náirítear comhaontuithe déthaobhacha nó réigiúnacha, go háirithe comhaontuithe níos sine, tá an baol ann freisin go gcuirfear an réiteach ó mhaith nuair nach gcomhoibríonn tríú tír, de réir mar is gá, le gur féidir le réiteach díospóidí feidhmiú. Mar shampla, d’fhéadfadh sé nach gceapfadh an tríú tír eadránaí in aon chor agus is amhlaidh nach bhfuil aon sásra cúltaca beartaithe le gur féidir leanúint de réiteach díospóidí dá uireasa. Sa chás sin, cuirfear leasanna eacnamaíocha an Aontais i mbaol agus beidh gá ann iad a chosaint ar an gcaoi a leagtar amach thuas. Is minice a thiocfaidh an cás sin chun cinn ó tharla an tAontas a bheith ag leagan níos mó béime ar an bhforfheidhmiú. Anuas air sin, táthar ag súil go mbainfear úsáid níos mó as réiteach díospóidí faoi chomhaontuithe saorthrádála déthaobhacha agus réigiúnacha an Aontais de réir mar a thiocfaidh tuilleadh de na comhaontuithe i bhfeidhm agus de réir mar a dhéanfar foráil leo maidir le hoibleagáidí EDT+. Go deimhin, tá na chéad trí chás den sórt sin tionscanta ag an an Aontas le gairid.

An Rialacháin um Fhorfheidhmiú

Tar éis Chonradh Liospóin, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Rialachán Forfheidhmithe mar chomhchreat reachtach chun cearta an Aontais faoi chomhaontuithe trádála idirnáisiúnta a fhorfheidhmiú, bunaithe ar rialacha soiléire intuartha le haghaidh gníomhaíocht ón gCoimisiún. Thug na comhreachtóirí an chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ar bhealach pras, laistigh den raon feidhme arna bhunú leis an Rialachán, agus laistigh de theorainneacha na gcritéar a leagtar amach go sainráite agus i gcomhréir leis na critéir chéanna.

Faoin Rialachán, féadfaidh an Coimisiún bearta beartais tráchtála den chineál seo a leanas a ghlacadh: dleachtanna custaim, srianta cainníochtúla ar onnmhairí nó ar allmhairí earraí, agus bearta a bhaineann le soláthar poiblí. Na bearta sin, ba cheart iad a roghnú agus a cheapadh ar bhonn critéir oibiachtúla, lena náirítear a éifeachtaí atá na bearta maidir le tríú tíortha a mhealladh chun rialacha idirnáisiúnta trádála a chomhlíonadh, a mhéad a d’fhéadfaidís faoiseamh a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha laistigh den Aontas a mbíonn tionchar ag bearta tríú tíortha orthu, agus ba cheart é a bheith mar aidhm leo aon tionchar dhiúltach eacnamaíoch ar an Aontas a laghdú a oiread is féidir, lena náirítear i ndáil le hamhábhair bhunriachtanacha.

Cuimseoidh raon feidhme an Rialacháin seo gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, a mhodhnú, a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh maidir le:

(a)Cearta an Aontais a fhorfheidhmiú faoi rialacha ceangailteacha iltaobhacha agus déthaobhacha maidir le réiteach díospóide;

(b)Bearta a athchothromú faoi rialacha cosanta iltaobhacha agus déthaobhacha; agus

(c)Bearta a athchothromú i gcás ina ndéanann tríú tír modhnuithe ar a lamháltais faoi Airteagal XXVIII de CGTT 1994.

Agus, go háirithe maidir le cearta an Aontais faoi réiteach ceangailteach iltaobhach agus déthaobhach díospóidí a fhorfheidhmiú, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún bearta beartais tráchtála a thabhairt isteach i gcás beart neamhdhleathach atá á choinneáil i bhfeidhm ag tríú tír, go háirithe chun an tríú tír a spreagadh le scor den bheart neamhdhleathach ar mhaithe le leasanna an Aontais a chosaint. Is ar bhonn nósanna imeachta réitigh díospóidí a bheith tugtha i gcrích maidir le beart an tríú tír, agus ar an mbonn sin amháin, is féidir na bearta sin a dhéanamh.

Dá bhrí sin, ní dhéantar foráil sa Rialachán maidir le cumhachtaí le haghaidh cásanna nach bhfeidhmíonn na nósanna imeachta um réiteach díospóidí agus nach féidir, dá bhrí sin, iad a chur i gcrích, amhail na cásanna ina gcuirtear bac ar shásraí um réiteach díospóidí. Leis an togra seo chun leasú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Forfheidhmiú, déantar an bhearna sin a líonadh trí na cásanna sin a áireamh i measc na gcúiseanna spreagtha lena ndéanfaí gníomhaíocht faoin Rialachán um Forfheidhmiú.

Ceisteanna an bheartais

Is é príomhfhócas an leasaithe atá beartaithe freastal ar na cásanna sin, tar éis don Aontas rialú fabhrach a fháil ó phainéal EDT um réiteach díospóidí, ina gcuirtear bac ar an bpróiseas toisc go ndéanann an páirtí eile tuarascáil ó phainéal EDT a achomharc “go dtí an neamhní” agus nach gcomhaontaíonn sé dul i muinín eadráin eatramhach achomhairc faoi Airteagal 25 den Chomhaontú EDT um Réiteach Díospóidí. I gcás den sórt sin, ní bheidh aon toradh ceangailteach ar an bpróiseas um réiteach díospóidí.

Anuas air sin, freagraíonn an togra seo do chásanna comhchosúla a d'fhéadfadh teacht chun cinn faoi chomhaontuithe trádála idirnáisiúnta eile, go háirithe comhaontuithe déthaobhacha nó réigiúnacha, nuair nach gcomhoibríonn tríú tír, de réir mar is gá, le go bhféadfar réiteach díospóidí a fheidhmiú. Mar shampla, d’fhéadfadh sé nach gceapfadh an tríú tír aon eadránaí agus is amhlaidh nach bhfuil aon sásra cúltaca eadrána ann le gur féidir leanúint de réiteach díospóidí dá uireasa.

Cumhdaíonn an togra an dá chás le chéile ar mhaithe le comhleanúnachas agus éifeachtúlacht. Is ionann bunchúiseanna don dá chás agus is ionann drochiarmhairtí dóibh ó thaobh leasanna eacnamaíocha an Aontais de. Is é an ghné chomónta gur cheart don Aontas a bheith in ann a chearta a fhorfheidhmiú, agus gur cheart é sin a dhéanamh a mhéid is féidir trí bhreithniú neamhspleách. I gcás nach féidir sin a dhéanamh agus go bhfuil an páirtí eile freagrach as bac a chur ar fheidhmiú breithnithe neamhspleách atá ceangailteach, ba cheart go mbeadh an tAontas in ann a chearta a fhorfheidhmiú mar sin féin.

Áirithítear leis an togra seo go mbeidh na huirlisí is gá ag an Aontas chun a leasanna eacnamaíocha a chosaint, i gcás inar gá sin. An ghníomhaíocht a dhéanfar, léiriú is ea é ar a dhiongbháilte atá an tAontas i leith an iltaobhachais agus i leith an bhreithnithe neamhspleách atá ceangailteach.

Dá socródh an tAontas gan an ghníomhaíocht sin a dhéanamh, is é an toradh a bheadh ar na cásanna ina gcuirfí bac ar réiteach díospóidí a ndéantar cur síos air thuas nach bhféadfadh an tAontas a chearta a chosaint go tráthúil. D’fhéadfadh sé sin dreasacht a chruthú do thríú tíortha breithniú a chur ó mhaith, fiú amháin, i gcás ina bhfuil cearta ag an Aontas faoi chomhaontú idirnáisiúnta, agus na cearta sin á sárú ag an tríú tír.

Dá noibreofaí de réir an chreata atá ann cheana i bhfoirm an Rialacháin, chuirfí bonn daingean faoi chumas an Aontais a bheith in ann gníomhú go gasta. Den ríthábhacht atá gníomhú gan mhoill. Is fearr, dá bhrí sin, an ghníomhaíocht sin, ach oiread le loighic an Rialacháin féin, ná gnáthnós imeachta reachtach a bheartú chun bearta beartais trádála a achtú i ngach cás ar leith ina gcoinníonn tríú tír beart ag feidhmiú den chineál arb é réiteach díospóidí an gnáthrud a leanann é ach a chuireann bac ar an nós imeachta breithnithe san am céanna.

Thar aon rud eile, is é bua na mbeart beartais tráchtála a dhéantar faoin Rialachán tríú tír a spreagadh chun deireadh a chur le sárú ar chomhaontú trádála de chuid an Aontais tar éis don Aontas dul i muinín réitigh díospóidí a thugann a cheart dó. Leis an leasú atá beartaithe cruthaítear deis don Aontas bearta a fhorchur faoin Rialachán, go háirithe chun deireadh a chur le sárú gan dul i muinín nós imeachta breithiúnach maidir le réiteach díospóidí nuair a chuireann an tríú tír cosc ar an réiteach sin.

Bheadh na bearta atá beartaithe comhoiriúnach d’oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais. Faoin dlí idirnáisiúnta maidir leis an bpobal i gcoitinne, ceadaítear, faoi choinníollacha áirithe amhail comhréireacht agus réamhfhógra, frithbhearta a fhorchur, i.e. bearta a thiocfadh trasna ar na hoibleagáidí idirnáisiúnta atá ar pháirtí díobhálaithe i leith na tíre atá freagrach as sárú a dhéanamh ar an dlí idirnáisiúnta, agus arb é is aidhm dóibh a chur faoi deara go scoirfí den sárú nó den chúiteamh ina leith. Tá dlí idirnáisiúnta an ghnáis sin códaithe ag an gCoimisiún Dlí Idirnáisiúnta, ar comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe é, ina DhréachtAirteagail maidir le Freagracht Stát i leith Gníomhartha Éagóracha ar Leibhéal Idirnáisiúnta 6 . I bprionsabal, ní scaoiltear páirtí a ghlacann frithbhearta óna oibleagáidí a chomhlíonadh faoi aon nós imeachta um réiteach díospóidí is infheidhme 7 . Lex specialis atá sna forálacha sin i ndáil le forálacha an dlí idirnáisiúnta ghinearálta maidir le frithbhearta 8 . Mar sin féin, i gcás nach gcomhoibríonn an páirtí freagrach de mheon macánta sna nósanna imeachta um réiteach díospóidí, agus go gcuireann sin cosc ar an bpáirtí díobhálaithe na nósanna imeachta sin a thabhairt i gcrích, is amhlaidh a thagann chun cinn athuair an deis frithbhearta a dhéanamh i gcomhréir le ceanglais an dlí phoiblí idirnáisiúnta ghinearálta. Tugann an Coimisiún Dlí Idirnáisiúnta dá aire go dtagann an deis sin chun cinn athuair i gcás ina dteipeann ar Pháirtí ar leith “na nósanna imeachta um réiteach díospóidí a chur chun feidhme de mheon macánta” nó “i gcás nach gcomhoibríonn Stát is páirtí ar mhaithe le binse ábhartha a bhunú.” 9 . Is iad seo na cásanna ina bhfeidhmeodh an leasú reatha.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra i gcomhréir le tosaíocht an Aontais a chuid ceart a fhorfheidhmiú go héifeachtach faoi chomhaontuithe trádála idirnáisiúnta, ar mhaithe le jabanna a chruthú agus an fás a spreagadh san Aontas. Leis an togra cuirtear an comhchreat reachtach in oiriúint don staid nua seo.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra i gcomhréir le beartais eile de chuid an Aontais agus athdhearbhaíonn sé diongbháilteacht an Aontais i leith an iltaobhachais agus an bhreithnithe neamhspleách. Is é atá i gceist leis an togra leasú a dhéanamh ar an Rialachán um Fhorfheidhmiú atá ann cheana agus atá i gcomhréir le beartais eile de chuid an Aontais.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is mar gheall ar chineál na mbeart arna nglacadh agus mar gheall ar a gcuspóir, eadhon comhaontuithe trádála idirnáisiúnta a fhorfheidhmiú, a bhaineann príomhchuspóir agus príomhábhar an gnímh atá beartaithe leis an gcomhbheartas trádála. Dá bhrí sin, is é Airteagal 207 CFAE bunús dlí substainteach an leasaithe atá beartaithe.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Neamhbhainteach. Réimse inniúlachta eisiaiche de chuid an Aontais is ea an comhbheartas tráchtála. Níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta i réimsí inniúlachta eisiaiche.

Comhréireacht

An cuspóir leasanna an Aontais faoi chomhaontuithe trádála idirnáisiúnta a chosaint go gasta i gcásanna ina nglacann tríú tíortha bearta neamhdhleathacha agus bac á chur acu ar phróiseas um réiteach díospóidí san am céanna, is fearr is féidir an cuspóir sin a bhaint amach leis an leasú ar an Rialachán um Fhorfheidhmiú atá beartaithe. Tá an leasú teoranta do dhá chúis spreagtha nua a thabhairt isteach le go ngníomhódh an tAontas agus ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóir a bhaint amach. Chomh maith leis sin, ní mór do na bearta a ghlacfar faoin Rialachán a bheith comhréireach. Maidir leis na cásanna nach neascraíonn sé sin ó fhorálacha an chomhaontaithe idirnáisiúnta atá i gceist, tá foráil shainráite sa leasú chuige sin. Tá sé sin i gcomhréir le ceanglas an dlí idirnáisiúnta ghinearálta maidir le frithbhearta a bheith comhréireach.

An rogha ionstraime

Measann an Coimisiún go bhfuil an leasú reachtach seo oiriúnach toisc go leasaítear leis Rialachán a glacadh cheana ar bhonn Airteagal 207 CFAE.

3.TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN AGUS AN MHEASÚNAITHE IARMHARTA

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Ní dhearnadh aon chomhairliúchán poiblí maidir leis an tionscnamh seo. Leis na leasuithe atá beartaithe, ní chuirfí isteach cúiseanna spreagtha nua leis an Rialachán a úsáid ach i ndáil leis an éigeandáil a thiocfadh chun cinn in EDT.

Maidir le haon bheart beartais tráchtála a ghlacadh faoin Rialachán, tá an Coimisiún faoi oibleagáid cheana féin beart bailithe faisnéise a dhéanamh agus nós imeachta maidir le gníomh cur chun feidhme a leanúint i ngach cás ar leith ina gcuirtear i bhfeidhm é. Trí bhíthin an bhirt bailithe faisnéise, baileoidh an Coimisiún faisnéis agus tuairimí ó gheallsealbhóirí maidir le leasanna eacnamaíocha an Aontais in earnálacha sonracha ina bhféadfaí frithbhearta a bheartú. Ní mór don Choimisiún an tionchur sin sin a chur san áireamh. Cuideoidh an Coiste arna bhunú le Rialachán (AE) 2015/1843 10 leis an gCoimisiún an Rialachán Forfheidhmithe a chur i bhfeidhm. Ionadaithe ó Bhallstáit an Aontais atá ar an gCoiste.

Bailiú agus úsáid saineolais

Neamhbhainteach. Tá na sonraí ábhartha thíos.

Measúnú tionchair

Ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair i leith an tionscnaimh seo i bhfianaise chineál an ábhair, is é sin forfheidhmiú agus cur chun feidhme na gceart faoi chomhaontuithe trádála idirnáisiúnta. Níl tionchar díreach, ag an tionscnamh seo, bíodh an tionchar eacnamaíoch, sóisialta nó ar an gcomhshaol, agus i ngeall ar chineál na mbeart atá i gceist (ar bhonn cás ar chás) ní cheadaítear aon mheastóireacht ex-ante ach go háirithe.

Faoi mar a míníodh thuas, chun go nglacfadh an Coimisiún aon bheart beartais tráchtála faoin Rialachán, tá sé faoi oibleagáid cheana beart bailithe faisnéise a dhéanamh agus nós imeachta maidir le gníomh cur chun feidhme a leanúint i ngach cás ar leith ina gcuirtear i bhfeidhm é. Trí bhíthin an bhirt bailithe faisnéise, baileoidh an Coimisiún faisnéis agus tuairimí ó gheallsealbhóirí maidir le leasanna eacnamaíocha an Aontais in earnálacha sonracha.

Athnuaitear, leis an togra, oibleagáid an Choimisiúin maidir le raon feidhme an Rialacháin a athbhreithniú tar éis tréimhse áirithe ama. Dá bhrí sin, féadfaidh an Coimisiún tionchar an leasaithe a scrúdú dá réir.

Thairis sin, freagraíonn an togra seo do chás práinneach agus is gá gníomhú faoi dhithneas dá bhrí sin.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach.

Cearta bunúsacha

Neamhbhainteach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ceann ar bith.

Leis an togra seo, cuirtear sásra ar fáil chun cearta an Aontais a fhorfheidhmiú.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Neamhbhainteach.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Níl i gceist leis an togra ach líon teoranta leasuithe ar an Rialachán Forfheidhmithe atá ann cheana a thabhairt isteach.

Is iad seo a leanas na forálacha nua:

In Airteagal 3(Raon Feidhme), cuirtear isteach pointe (aa) agus pointe (bb) le go mbeidh an tAontas in ann bearta a dhéanamh i gcásanna nach féidir leanúint den nós imeachta um réiteach díospóidí de cheal chomhoibriú an pháirtí eile, le linn díospóide trádála, bíodh sí faoi Chomhaontú EDT nó faoi chomhaontuithe trádála idirnáisiúnta réigiúnacha nó déthaobhacha eile. A mhéid a bhaineann le díospóidí faoi Chomhaontú EDT, beidh ceangal ar an Aontas rialú a fháil ó phainéal EDT lena ndeimhneofar go bhfuil ceart gníomhaíochta ag an Aontas agus nach ann do chomhaontú maidir le socrú eatramhach le haghaidh eadrána achomhairc.

In Airteagal 4, cuirtear isteach pointe (bb) chun an ceanglas a leagan amach nach sáróidh frithbhearta an Aontais i gcásanna den sórt sin an neamhniú nó an lagú arb é beart de chuid an tríú tír is cúis leis. Tá an méid sin i bhfeidhm cheana sa chreat atá ann faoi láthair de bhua na rialacha réitigh díospóidí faoi seach, agus tá sé i gcomhréir leis an gceanglas ginearálta maidir leis an dlí idirnáisiúnta poiblí go mbeidh frithbhearta i gcomhréir leis an sárú dá bhfreagraíonn siad.

Déantar Airteagal 10 a leasú chun an oibleagáid atá ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar raon feidhme an Rialacháin a athnuachan, lena náirítear oibleagáid athbhreithnithe maidir leis an leasú atá beartaithe, tar éis tréimhse cúig bliana.

2019/0273 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 654/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmiú chearta an Aontais chun rialacha trádála idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2)de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Bunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 comhchreat reachtach maidir le cearta an Aontais faoi chomhaontuithe trádála idirnáisiúnta a fheidhmiú i gcásanna áirithe sonracha.

(2)Baineann ceann de na cásanna sin leis na sásraí réitigh díospóidí arna gcur ar bun leis an gComhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (‘EDT’) agus le comhaontuithe idirnáisiúnta trádála eile, lena náirítear comhaontuithe réigiúnacha agus comhaontuithe déthaobhacha. Le Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 cuirtear ar chumas an Aontais oibleagáidí a chur ar fionraí tar éis imeachtaí um réiteach díospóidí a bheith tugtha i gcrích.

(3)Mar sin féin, ní fhreagraíonn an Rialachán do chás ina bhfuil ceart caingne ag an Aontas mar fhreagairt do bheart atá á choinneáil i bhfeidhm ag tríú tír, ach ina bhfuil bac curtha ar réiteach díospóidí trí bhreithniú nó nach bhfuil fáil air ar shlí eile toisc nach bhfuil an tríú tír ag comhoibriú leis an mbeart sin atá glactha aici.

(4)Ní raibh Comhlacht um Réiteach Díospóidí EDT in ann folúntais a líonadh sa Chomhlacht Achomhairc. Níl bhíonn an Comhlacht Achomhairc in ann a fheidhm a chomhlíonadh a thuilleadh nuair is lú ná triúr líon na gComhaltaí den Chomhlacht Achomhairc atá fágtha. Go dtí go réiteofar an cheist sin agus chun bunphrionsabail agus gnéithe chóras réitithe díospóidí EDT agus cearta nós imeachta an Aontais i ndíospóidí leanúnacha agus i ndíospóidí a bheidh ann amach anseo a chaomhnú, tá iarracht déanta ag an Aontas socruithe eatramhacha a chomhaontú maidir le headráin achomhairc de bhun Airteagal 25 de Chomhthuiscint EDT maidir le Rialacha agus Nósanna Imeachta lena Rialaítear Réiteach Díospóidí (“Tuiscint EDT maidir le Réiteach Díospóidí”). D'fhormhuinigh Comhairle an Aontais Eorpaigh an cur chuige sin an 27 Bealtaine 2019 agus an 15 Iúil 2019 agus tugadh tacaíocht dó i rún ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Samhain 2019. Má dhiúltaíonn Comhalta EDT socrú den sórt sin a dhéanamh, agus má chuireann sé achomharc faoi bhráid Comhlachta Achomhairc neamhfheidhmiúil, is amhlaidh a chuirtear bac ar réiteach na díospóide dá dhroim sin.

(5)Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh cás comhchosúil teacht chun cinn faoi chomhaontuithe trádála idirnáisiúnta eile, go háirithe faoi chomhaontuithe déthaobhacha nó réigiúnacha, nuair nach gcomhoibríonn tríú tír, de réir mar is gá, le go bhfeidhmeoidh réiteach díospóidí mar is ceart, i gcás nach nainmneodh sí eadránaí mar shampla, agus gan aon sásra beartaithe chun feidhmiú réitigh díospóide sa chás sin a áirithiú.

(6)I gcás ina bhfuil bac curtha ar réiteach díospóidí, ní bheidh an tAontas in ann comhaontuithe trádála idirnáisiúnta a fhorfheidhmiú. Is iomchuí, dá bhrí sin, raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 a leathnú chuig cásanna den sórt sin.

(7)Chuige sin, ba cheart don Aontas a bheith in ann oibleagáidí faoi chomhaontuithe trádála idirnáisiúnta, lena náirítear comhaontuithe réigiúnacha nó déthaobhacha, a chur ar fionraí go gasta, i gcás nach féidir leas éifeachtach a bhaint as sásra um réiteach díospóide ceangailteach toisc gur fhág an tríú tír nach raibh sé indéanta ag an Aontas é sin a dhéanamh.

(8)Is iomchuí freisin a leagan amach, i gcás ina ndéantar bearta chun srian a chur ar thrádáil le tríú tír sna cásanna atá i gceist, gur cheart bearta den sórt sin a bheith i gcomhréir le neamhniú nó lagú leasanna tráchtála an Aontais arb iad bearta an tríú tír sin is cúis leis, i gcomhréir le hoibleagáidí an Aontais faoin dlí idirnáisiúnta.

(9)Ar deireadh, ba cheart clásal athbhreithnithe Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 a athnuachan go ceann tréimhse cúig bliana eile agus ba cheart cur i bhfeidhm an leasaithe atá beartaithe a chumhdach leis.

(10)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 mar a leanas:

(1)Leasaítear Airteagal 3mar a leanas:

(a)cuirtear isteach an pointe (aa) seo a leanas:

“(aa)i bhfianaise scaipeadh tuarascáil ó phainéal EDT lena seastar, go hiomlán nó go páirteach, leis na héilimh arna dtabhairt ag an Aontas Eorpach, murar féidir achomharc faoi Airteagal 17 de Chomhaontú EDT maidir le Réiteach Díospóidí a thabhairt i gcrích agus mura bhfuil an tríú tír tar éis aontú le headráin eatramhach achomhairc faoi Airteagal 25 de Chomhaontú EDT maidir le Réiteach Díospóidí;”

(b)cuirtear isteach an pointe (bb) seo a leanas:

“(bb) i ndíospóidí trádála a bhaineann le comhaontuithe trádála idirnáisiúnta eile, lena náirítear comhaontuithe réigiúnacha nó déthaobhacha, murar féidir breithniú a dhéanamh toisc nach bhfuil na bearta is gá á ndéanamh ag an tríú tír chun go bhfeidhmeoidh nós imeachta um réiteach díospóidí;”

(2)In Airteagal 4(2), cuirtear isteach an pointe (bb) seo a leanas:

“(bb)nuair a dhéantar bearta chun srian a chur ar thrádáil le tríú tír i gcásanna faoi Airteagal 3(aa) nó Airteagal 3(bb), beidh na bearta sin i gcomhréir le neamhniú nó lagú leasanna tráchtála an Aontais arb iad bearta an tríú tír sin is cúis leis;”

(3)Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"Tráth nach déanaí ná 1 Márta 2025, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar raon feidhme an Rialacháin seo, agus go háirithe na leasuithe ar an raon feidhme a bhfuil éifeacht leo ón [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], na bearta beartais tráchtála a d’fhéadfaí a ghlacadh á gcur san áireamh, chomh maith lena chur chun feidhme, agus déanfaidh sé a fhionnachtana a chur i dtuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.”

(b)leasaítear mír 2mar a leanas:

(i)sa chéad fhomhír de mhír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chéad abairt:

“Ag gníomhú dó de bhun mhír 1, tabharfaidh an Coimisiún faoi athbhreithniú lena ndírítear ar bhearta breise beartais tráchtála a bheartú faoin Rialachán seo, ar bearta iad lena bhfionraítear lamháltais nó oibleagáidí eile i réimse na trádála i seirbhísí”.

(ii)scriostar an dara fomhír.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an [...] lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le feidhmiú chearta an Aontais chun rialacha trádála idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail i réimse an chomhbheartais tráchtála chun feidhmiú chearta an Chomhphobail faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (IO L 189, 27.6.2014, lch. 50).
(2)    Treoirlínte Polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile 2019-2024.     https://ec.europa.eu/commission/sites/beta-political/files/political-guidelinesnextcommission_en.pdf  
(3)    Litir Mhisin an 1 Nollaig 2019 ón Uachtarán von der Leyen chuig an gCoimisinéir um Thrádáil.
(4)    Is é Ambasadóir Walker na Nua-Shéalainne, Cathaoirleach reatha Chomhlacht um Réiteach Díospóidí EDT, atá i gceannas ar an bpróiseas.
(5)    D’fhormhuinigh Comhairle an Aontais Eorpaigh an tionscnamh an 27 Bealtaine 2019 agus an 15 Iúil 2019. An 28 Samhain 2019, ghlac Parlaimint na hEorpa rún lena dtacaítear leis.
(6)    Féach anCoimisiún Dlí Idirnáisiúnta, DréachtAirteagail maidir le Freagracht Stát i leith Gníomhartha Éagóracha ar Leibhéal Idirnáisiúnta, Samhain 2001, Comhthionól Ginearálta, Taifid Oifigiúla, An Cúigiú Seisiún is Caoga, Forlíonadh Uimh. 10 (A/56/10), caib.IV.E.1, Caibidil II agus, go háirithe, réamhtheachtaireacht (1). 
(7)    Ibid., Airteagal 50.2(a).
(8)    Ibid., Airteagal 55.
(9)    Ibid., Airteagal 52(3)(b) agus Airteagal 52(4) agus teachtaireachtaí (2), (8) agus (9).
(10)    Rialachán (CE) Uimh. 2015/1843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2015 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail i réimse an chomhbheartais tráchtála d'fhonn feidhmiú chearta an Chomhphobail a áirithiú faoi rialacha trádála idirnáisiúnta, go háirithe na rialacha atá bunaithe faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (códú) (IO L 272, 16.10.2015, lch. 1).
(11)    Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le feidhmiú chearta an Aontais chun rialacha trádála idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail i réimse an chomhbheartais tráchtála chun feidhmiú chearta an Chomhphobail faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (IO L 189, 27.6.2014, lch. 50).
Top