Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52019PC0354

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le creat rialachais le haghaidh na hionstraime buiséadaí um chóineasú agus um iomaíochas i gcomhair an limistéir euro

    COM/2019/354 final

    An Bhruiséil,24.7.2019

    COM(2019) 354 final

    2019/0161(COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le creat rialachais le haghaidh na hionstraime buiséadaí um chóineasú agus um iomaíochas i gcomhair an limistéir euro


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Nuair a bhuail an ghéarchéim dhomhanda an tAontas agus an limistéar euro deich mbliana ó shin, ní fada eile nó gur casadh an tAontas sa chor go raibh a dhálaí eacnamaíocha agus sóisialta ag dul chun donais go mear. Rud a bhí ina ghéarchéim airgeadais, d’éirigh sé go mear ina ghéarchéim eacnamaíoch agus fiachais cheannasaigh sa limistéar euro. De fhreagairt air sin, rinneadh bearta chun cobhsaíocht agus sláine an limistéir euro a chaomhnú. Tá curtha leis na bearta sin ó shin trí iad a chomhlánú agus a threisiú le tionscnaimh éagsúla chun gnéithe soghonta de dhéanmhas an limistéir airgeadra aonair a láidriú i bhfad na haimsire. Cé go bhfuil feabhas mór curtha ar rudaí, i gcomhréir le moltaí a rinneadh i dTuarascáil an Chúigear Uachtarán mhí an Mheithimh 2015, agus sa Pháipéar Machnaimh ón gCoimisiúin ar Dhoimhniú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, an 31 Bealtaine 2017, tá bearnaí suntasacha fós le dúnadh. Ceacht a foghlaimíodh as an ngéarchéim sin, gur cheart do na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu tuilleadh eile lúith a chur in athléimneacht a ngeilleagair, trí athchóiriúcháin struchtúracha agus infheistíocht spriocdhírithe, ionas go bhfeabhsódh an cóineasú agus an tiomaíochas sa limistéar euro trí chéile.

    Agus nithe suite amhlaidh, ag Cruinniú Mullaigh Euro an 14 Nollaig 2018 (a tionóladh i bhformáid chuimsitheach agus ag a raibh 27 mBallstát), thug Ceannairí Bhallstáit an Aontais sainordú don Ghrúpa Euro dul ag obair ar líon áirithe saincheisteanna chun cuidiú leis an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, agus go háirithe, dul ag obair ar dhearadh, ar mhionsonraíocht an chur chun feidhme agus ar ghné an ama d’ionstraim bhuiséadach um chóineasú agus um iomaíochas le haghaidh an limistéir euro agus le haghaidh na mBallstát atá rannpháirteach, ar bhonn deonach, sa sásra ráta malairte (ERM II). Beidh an ionstraim ina cuid de bhuiséad an Aontais agus glacfar í ar bhonn an togra reachtaigh ábhartha de chuid an Choimisiúin a leasófar más gá. Thug an Cruinniú Mullaigh Euro le fios freisin gur cheart an ionstraim a bheith faoi réir critéir agus treoir straitéiseach ó Bhallstáit an limistéir euro. Agus ceithre bliana imithe ó eisíodh Tuarascáil an Chúigear Uachtarán, ba mhithid an dul chun cinn a mheas, agus sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2019 “Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta na hEorpa a Dhoimhniú” 1 , leagadh amach slí chun an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a dhoimhniú. Ba dhíol suntais an bhéim a leagadh air go gcuideodh ionstraim bhuiséadach um chóineasú agus um iomaíochas le hathléimneacht an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta trí thacú le pacáistí comhleanúnacha d’athchóiriúcháin agus d’infheistíocht a bheadh dírithe ar aghaidh a thabhairt ar dhúshláin maidir le cóineasú agus iomaíochas atá roimh Bhallstáit an limistéir euro. Tugadh le fios freisin sa Teachtaireacht ón gCoimisiún go raibh togra ullamh ag an gCoimisiún le haghaidh Rialachán nua ar bhonn Airteagal 136 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir le creat rialachais ionstraime den sórt sin, agus sin le hiomlán urraime do shainchumais an Choimisiúin i dtaca le cur chun feidhme buiséad agus clár. An 14 Meitheamh 2019, shocraigh an Grúpa Euro ar Bhileog Téarmaí maidir le príomhghnéithe na hionstraime buiséadaí um chóineasú agus um iomaíochas atá beartaithe i gcomhair Bhallstáit an limistéir euro agus na mBallstát atá rannpháirteach, ar bhonn deonach, in ERM II 2 . Chuir Ceannairí na mBallstát, agus iad ag Cruinniú Mullaigh Euro an 21 Meitheamh 2019, chuir siad fáilte roimh an gcomhaontú agus chuir siad béim ar an ngá atá le dul ag obair ar na saincheisteanna uile atá fós gan réiteach, d’fhonn uathriail na cinnteoireachta ag Ballstáit an euro a áirithiú 3 .

    Chun na críche sin, táthar ag bunú, leis an Rialachán atá beartaithe, creat um rialachas eacnamaíoch le haghaidh ionstraim nua um chóineasú agus um iomaíochas i gcomhair an limistéir euro. Beidh an ionstraim ina cuid den Chlár Tacaíochta um Athchóiriú 4 . Tríd an gcreat um rialachas eacnamaíoch tabharfar treoir beartais eacnamaíoch le haghaidh na nathchóiriúchán agus na hinfheistíochta a bhfuil an ionstraim bhuiséadach nua chun tacú leo i gcomhréir leis an gcreat foriomlán comhordaithe beartais eacnamaíoch atá ag an Aontas.

    Mar chuid den Chlár Tacaíochta um Athchóiriú, tá sé d’aidhm leis an ionstraim bhuiséadach um chóineasú agus um iomaíochas an comhtháthú laistigh den Aontas a chur chun cinn trí thacaíocht airgeadais d’athchóiriúcháin agus don infheistíocht, mar a leagtar amach i bpacáistí comhleanúnacha. Tá beartaithe, leis an Rialachán atá beartaithe, gné an rialachais den ionstraim bhuiséadach sin a eagrú agus ní mór é a léamh in éineacht leis an gClár Tacaíochta um Athchóiriú.

    Sa chomhthéacs sin, chuirfí de chúram ar an gComhairle, is é sin an Chomhairle agus gan ceart vótála ach ag Ballstáit an limistéir euro, dualgais i leith: (i) na straitéise foriomláine agus an fhorléargais fhoriomláin i dtaca leis na hathchóiriúcháin leis an infheistíocht sa limistéar euro; agus (ii) treoir thír-shonrach maidir le cuspóirí na nathchóiriúchán agus na hinfheistíochta a bhfuiltear le tacaíocht a thabhairt dóibh leis an ionstraim bhuiséadach. Go háirithe, leis an Rialachán atá beartaithe, déantar foráil go leagfaidh an Chomhairle síos (tar éis plé leis an nGrúpa Euro), ar bhonn bliantúil, treoshuíonna straitéiseacha i dtaca le hathchóiriúcháin agus i dtaca le tosaíochtaí infheistíochta le haghaidh an limistéir euro ina iomláine, mar chuid den Mholadh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro (dá ngairtear anseo feasta “an moladh maidir leis an limistéar euro”). Agus í ag leagan amach na dtreoshuíonna straitéiseacha, féadfaidh an Chomhairle tuairimí an Chruinnithe Mhullaigh Euro a iarraidh. Dá éis sin, ghlacfadh an Chomhairle Moladh lena gcuirfí ar fáil treoir thír-shonrach, arna dhíriú chuig Ballstáit uile an limistéir euro, maidir le cuspóirí na nathchóiriúchán agus na hinfheistíochta a bhfuiltear chun tacaíocht a thabhairt dóibh faoin ionstraim bhuiséadach. Faoin ionstraim bhuiséadach um chóineasú agus um iomaíochas, is féidir le Ballstáit an limistéir euro cinneadh ar mholtaí a chur faoi bhráid i dtaca le pacáistí athchóiriúcháin agus infheistíochta; beidh ar na Ballstáit na treoshuíonna straitéiseacha agus an treoir thír-shonrach, iad sin beirt, a chur san áireamh agus iad ag cur pacáistí comhleanúnacha d’athchóiriúcháin agus d’infheistíocht faoi bhráid faoin ionstraim bhuiséadach. Maidir leis na Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, atá rannpháirteach in ERM II, agus atá toilteanach páirt a ghlacadh ar bhonn deonach san ionstraim bhuiséadach um chóineasú agus um iomaíochas, ba cheart socruithe iomchuí a fhorbairt ar dhóigh a bheadh comhsheasmhach leis an gcreat dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

    An creat rialachais atá beartaithe i gcomhair na hionstraime buiséadaí um chóineasú agus um iomaíochas, is freagairt é don riachtanas atá ann an comhordú ar bheartais eacnamaíocha an limistéir euro a atreisiú agus don riachtanas atá ann athchóiriúcháin agus infheistíocht a chothú a thabharfaidh aghaidh ar na dúshláin atá roimh an limistéir euro ina iomláine agus a chuideoidh lena chóineasú eacnamaíoch agus sóisialta.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    An creat rialachais i gcomhair na hionstraime buiséadaí um chóineasú agus um iomaíochas, beidh sé comhsheasmhach le próiseas seanbhunaithe an tSeimeastair Eorpaigh lena ndéantar faireachas agus comhordú ar bheartas eacnamaíoch an Aontais. Maidir le cur chun feidhme an chreata rialachais a leagtar amach sa Rialachán seo, déanfar é a ailíniú le hamlíne an tSeimeastair Eorpaigh.

    Glacfaidh an Chomhairle na treoshuíonna straitéiseacha bliantúla mar chuid dhílis den mholadh maidir leis an limistéar euro, moladh a ndéanfaidh an Chomhairle Eorpach é a fhormhuiniú sula nglaca an Chomhairle é. Mar dhóigh le hionchur a thabhairt i dtaca le socrú na dtreoshuíonna straitéiseacha, cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas faoi na treoshuíonna straitéiseacha ar leanadh dóibh sna blianta roimhe, agus ar dóigh sin neartófar comhsheasmhacht na treorach beartais.

    Sa treoir thír-shonrach le haghaidh Bhallstáit an limistéir euro, cuirfear na treoshuíonna straitéiseacha san áireamh agus beidh sí lánchomhsheasmhach leis na moltaí tír-shonracha a ghlacfar, i gcomhfheacht leo, faoin Seimeastar Eorpach, tar éis plé, i gcás inarb iomchuí, ag na coistí ábhartha de bhunús an Chonartha. Go háirithe, sonrófar sa treoir thír-shonrach cé na cuspóirí áirithe athchóiriúcháin agus infheistíochta, a sainaithníodh sna moltaí tír-shonracha, arbh fhéidir gur mhaith leis na Ballstáit ar leith sa limistéar euro tograí maidir le pacáistí athchóiriúcháin agus infheistíochta comhleanúnacha a chur faoi bhráid ina leith faoin ionstraim bhuiséadach um chóineasú agus um iomaíochas. Dá bhrí sin, maidir leis an treoir thír-shonrach le haghaidh na mBallstát i gceist, ní hamhlaidh go gcuirfidh sí leis na moltaí tír-shonracha, ach, ina ionad sin, leagfaidh sí amach tosaíochtaí ó cheann go ceann de na moltaí sin i dtéarmaí tacaíochta faoin ionstraim bhuiséadach. Ar chúiseanna a bhaineann le héifeachtúlacht, is mar Mholadh aonair a ghlacfar an treoir thír-shonrach a bheidh dírithe chuig Ballstáit uile an limistéir euro. I gcás inarb ábhartha, in aon treoir a thabharfar faoin Rialachán atá beartaithe, cuirfear san áireamh go cuí aon chlár coigeartaithe mhaicreacnamaíoch a mbeadh an Ballstát áirithe faoina réir ag an am.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Sa Rialachán atá beartaithe, cuirfear ar fáil an creat rialachais lena neagrófar an treoir beartais eacnamaíoch i gcomhair na bpacáistí athchóiriúcháin agus infheistíochta a bhfuiltear lena gcur faoi bhráid faoin ionstraim bhuiséadach um chóineasú agus um iomaíochas le haghaidh an limistéir euro. Chomh maith leis sin, beidh sé comhsheasmhach leis na cláir de chuid an Aontais atá beartaithe agus atá ábhartha i dtaca le hinfheistíocht, cláir leithéidí chistí beartais comhtháthaithe AE, na Saoráide um Chónascadh na hEorpa agus InvestEU, agus déanfar foráil ann go mbeidh comhlántacht agus sineirgíocht idir é agus na cláir sin.

    Cuireann an Rialachán atá beartaithe leis na smaointe a cuireadh i láthair sa Pháipéar Machnaimh ar Dhoimhniú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, an 31 Bealtaine 2017, 5 agus tá sé i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta na hEorpa a Dhoimhniú: An dul chun cinn a mheas ceithre bliana tar éis Thuarascáil an Chúigear Uachtarán an 12 Meitheamh 2019, inar leagadh amach bealach chun cinn i dtaca le doimhniú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta. Is é rud atá pleanáilte an ionstraim bhuiséadach a bheith ina cuid de bhuiséad an Aontais agus cinnfear a mhéid de réir chomhthéacs na caibidlíochta maidir le Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027. An Rialachán atá beartaithe, tá sé comhleanúnach le cuspóirí an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil sin.

    Ní bhainfidh an Rialachán atá beartaithe do shainchumais an Choimisiúin i dtaca le cur chun feidhme buiséad agus clár.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Tá an togra bunaithe ar Airteagal 136(1)(b) i gcumasc le hAirteagal 121(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

    Foráiltear le hAirteagal 136(1)(b) CFAE go bhféadfaidh an Chomhairle, i gcomhréir leis na nósanna imeachta ábhartha dá dtagraítear in Airteagail 121 agus 126 CFAE, agus chun feidhmiú cuí an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a áirithiú, bearta a ghlacadh, a bhainfidh go sonrach leis na Ballstáit sin sa limistéar euro, chun treoirlínte beartais eacnamaíoch a leagan amach lena naghaidh, agus lena linn sin a áirithiú go bhfuil na treoirlínte sin comhoiriúnach leis na cinn a ghlactar le haghaidh an Aontais ina iomláine agus go ndéantar faireachas orthu.

    Foráiltear le hAirteagal 121(6) CFAE go bhféadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle rialacha mionsonraithe a ghlacadh le haghaidh an nós imeachta faireachais iltaobhaigh a leagtar amach san fhoráil sin, agus iad ag gníomhú i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach.

    I gcomhréir le Airteagal 136(1)(b) CFAE, tá sé d’aidhm leis an Rialachán atá beartaithe treoirlínte beartais eacnamaíoch le haghaidh Bhallstáit an limistéir euro a leagan amach trí fhorálacha a leagan síos le haghaidh creat rialachais i gcomhair na hionstraime buiséadaí um chóineasú agus um iomaíochas a bheidh ann, laistigh den Chlár Tacaíochta um Athchóiriú, arb iad Ballstáit an limistéir euro a thairbhithe. An nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 121(6) CFAE, is é an nós imeachta ábhartha é le haghaidh an Rialachán atá beartaithe a ghlacadh, i bhfianaise ábhar an togra.

    Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

    Urramaítear, leis an Rialachán atá beartaithe, prionsabal na coimhdeachta, mar nach ndéanfar de ghníomhaíochtaí trína bhíthin ach gníomhaíochtaí nárbh fhéidir leis na Ballstáit astu féin cuspóirí na ngníomhaíochtaí sin a ghnóthú go leordhóthanach (“teist na neamh-leordhóthanachta náisiúnta”), agus mar gur fearr is féidir na cuspóirí sin a ghnóthú trí idirghabháil ón Aontas ná trí ghníomhaíochtaí na mBallstát astu féin (“teist na héifeachtúlachta comparáidí”).

    I dtaca leis sin, agus i dtaca le gníomhaíocht maidir le treoir bheartais – treoshuíonna straitéiseacha le haghaidh an limistéir euro, mar shampla, agus leagan síos cuspóirí spriocdhírithe ar leith le haghaidh athchóiriúcháin agus infheistíochta, nithe arbh fhéidir dóibh, freisin, cuidiú le cóineasú agus le hiomaíochas, ina bhforiomláine, sa limistéar euro – is deimhin gur gníomhaíocht í ar fearr is féidir í a chumadh agus a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais ná ar leibhéal na mBallstát. Is é an Coimisiún is fearr atá suite chun dul sa tionscnamh agus is í an Chomhairle is fearr atá suite chun cinneadh a dhéanamh maidir le hábhair den sórt sin, i gcomhréir leis an ról comhordaithe beartais eacnamaíoch atá acu agus atá cumhdaithe sna Conarthaí.

    Thairis sin, trí mhéadú ar ról na gcomhaltaí sin den Chomhairle atá ag ionadú ar Bhallstáit an limistéir euro a mhéid a bhaineann leis an gcreat le haghaidh rialachas na hionstraime buiséadaí um chóineasú agus um iomaíochas a chuirfear ar bun, láidreoidh ar an tuiscint ag Ballstáit an limistéir euro, gur fúthu féin, ag obair i gcomhpháirt dóibh, a chinntiú go mbeidh rath ar na bearta ábhartha, maidir le comhordú beartais eacnamaíoch, a ghlactar faoin Rialachán seo. Tá sin ag freagairt go sásúil don phrionsabal sin sa Chonradh, eadhon gur “ábhar leasa choitinn” an comhordú ar bheartais eacnamaíocha.

    Na treoshuíonna straitéiseacha agus na treoracha tír-shonracha a bhfuiltear lena nglacadh faoin togra seo, tá siad teorannaithe do threoir a sholáthar do Bhallstáit an limistéir euro, agus lena linn sin, an rogha i dtaca leis na hathchóiriúcháin agus leis an infheistíocht a dhéanfar, sa ghníomhaíocht iarbhír, a fhágáil ag na Ballstáit aonair ar leith. Fágann sin nach ndéantar aon dochar, leis an Rialachán seo, do cheart gach Ballstáit a chinneadh cé na gníomhaíochtaí ar gá nó ar tráthúil tabhairt fúthu ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil; urramaítear, leis an Rialachán atá beartaithe, an prionsabal gur ar an leibhéal náisiúnta atá an inniúlacht maidir le cur chun feidhme athchóiriúchán agus maidir le hinfheistíocht agus go bhfuil na Ballstáit freagrach as sin ar an leibhéal rialtais is iomchuí.

    Comhréireacht

    Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta arae is beart oiriúnach é i dtaca leis an gcuspóir creat rialachais a chur ar bun le haghaidh na hionstraime buiséadaí um chóineasú agus um iomaíochas i gcomhair an limistéir euro. Ní théann an togra thar an méid is gá chun an creat rialachais sin a ghnóthú, sa mhéid agus nach bhféadfaí aon mhodhanna ba lú sriantacht a úsáid chun treoirlínte beartais eacnamaíoch a leagan amach i dtaca leis na tosaíochtaí agus na cuspóirí a bheadh le hathchóiriúcháin agus infheistíocht na mBallstát. Na treoshuíonna straitéiseacha agus an treoir thír-shonrach a bhfuiltear lena neisiúint faoi gcreat rialachais atá beartaithe, is gníomhartha iad nach mbeidh aon bhrí cheangailteach leo agus ní mó a dhéantar leo ná cinneadh ar airíonna leithleacha athchóiriúchán agus infheistíochta, a bhféadann Ballstáit an limistéir euro, ar a seal, cinneadh ar iad a chur faoi bhráid mar phacáiste faoin ionstraim bhuiséadach um chóineasú agus um iomaíochas. Ní bhunaítear leis an Rialachán atá beartaithe, thairis sin, ach ábhar ginearálta, comhsheasmhacht ghinearálta agus gné ama ghinearálta na dtreoshuíonna sin agus na treorach tír-shonraí sin. I bhfianaise na neilimintí sin den togra, tá an Rialachán atá beartaithe ina mhodh comhréireach chun an aidhm atá leis a ghnóthú, ós rud é nach bhfuil aon bhearta ann nach bhfuil i gcomhréir lena chuspóirí.

    An rogha ionstraime

    An creat rialachais de chuid an Aontais atá beartaithe, ní féidir é a ghnóthú trí bhíthin treoracha, nó trí ionstraimí deonacha. Dá bhrí sin, is cuí rialachán a úsáid sa chás seo.

    3.TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LE PÁIRTITHE LEASMHARA

    Cuirtear san áireamh sa togra na tuairimí a chuir Parlaimint na hEorpa agus an Cruinniú Mullaigh Euro in iúl.

    I dtuarascáil a chuir sí amach as a tionscnamh féin, leag Parlaimint na hEorpa amach a tuairimí maidir le treochlár le haghaidh acmhainn bhuiséadach i gcomhair an limistéir euro (tuarascáil Böge/Berès - 2015/2344(INI), tuarascáil an 16 Feabhra 2017).

    Thug Cruinniú Mullaigh Euro mhí na Nollag 2018 sainordú don Ghrúpa Euro dul ag obair ar dhearadh, ar mhionsonraíocht an chur chun feidhme agus ar ghné an ama d’ionstraim bhuiséadach um chóineasú agus um iomaíochas le haghaidh an limistéir euro “ar bhonn an togra ábhartha de chuid an Choimisiúin a leasófar más gá”, rud a tuigeadh go comhchoiteann ab ionann agus Clár Tacaíochta um Athchóiriú a chuir an Coimisiún i láthair i mí na Bealtaine 2018. Go háirithe, iarradh i ráiteas Chruinniú Mullaigh Euro mhí na Nollag 2018 an ionstraim bhuiséadach um chóineasú agus um iomaíochas a bheith faoi réir critéir agus treoir straitéiseach a thabharfadh Ballstáit an limistéir euro.

    Shocraigh Grúpa Euro an 14 Meitheamh 2019 ar Bhileog Téarmaí inar leagadh amach gnéithe ginearálta na hionstraime buiséadaí um chóineasú agus um iomaíochas a bheidh ann, agus inar iarradh códú a dhéanamh i “ngníomh breise” ar na socruithe le haghaidh creat rialachais i gcomhair Bhallstáit an limistéir euro. Thairis sin, thug Cruinniú Mullaigh Euro an 21 Meitheamh 2019 dá aire nach mór “uathriail na cinnteoireachta” a áirithiú do Bhallstáit an limistéir euro sa chreat rialachais le haghaidh na hionstraime sin.

    Ar an gcaoi sin, is le Rialachán ar leithligh faoi Airteagal 136 CFAE, agus leis sin amháin, is féidir uathriail an chreata rialachais, mar a leagtar amach sa Chonradh, a ráthú. Ar an gcéad dul síos, is le Rialachán ar leithligh faoi Airteagal 136 CFAE, agus leis sin amháin, is féidir bearta rialachais eacnamaíoch a leagan síos, lena sonrófaí na treoshuíonna straitéiseacha agus na cuspóirí le haghaidh athchóiriúcháin agus infheistíocht Bhallstáit an limistéir euro, a bheadh ábhartha faoin ionstraim bhuiséadach um chóineasú agus um iomaíochas a chuirfear ar bun. Ar an dara dul síos, is le Rialachán ar leithligh faoi Airteagal 136 CFAE, agus leis sin amháin, is féidir foráil a dhéanamh le haghaidh sásraí lena bhféadfadh Ballstáit an limistéir euro dul i gceann cinnteoireacht i réimse an chomhordaithe beartais eacnamaíoch.

    Chomh maith le “uathriail na cinnteoireachta” a áirithiú mar a leag an Grúpa Euro síos, dhéanfadh togra faoi Airteagal 136 CFAE códú ar ghné an limistéir euro de rialachas na hionstraime ar dhóigh a bheadh i gcomhoiriúint le sainchumais an Choimisiúin i dtaca le cur chun feidhme buiséad agus clár (a mhéid a bhaineann leis an ionstraim bhuiséadach um chóineasú agus um iomaíochas a chuirfear ar bun).

    ·Oiriúnacht rialála agus simpliú

    Níl aon bhaint ag an togra seo leis an gclár um oiriúnacht rialála agus simpliú agus ní chuirfidh a chomhlíonadh aon chostas ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide ná ar aon gheallsealbhóirí eile.

    ·Cearta bunúsacha

    Ní bheidh aon éifeacht dhíreach ag an togra ar urramú ná ar chosaint chearta bunúsacha an Aontais, ós rud é nach ndéanann an Rialachán ach creat um rialachas eacnamaíoch a bhunú. Na treoshuíonna straitéiseacha agus na bearta (moltaí) de chuid na Comhairle a ghlacfar faoin Rialachán atá beartaithe, ní bheidh aon éifeacht cheangailteach acu agus díreofar chuig na Ballstáit iad.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Níl aon impleachtaí buiséadacha ag an togra seo don Aontas.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Leis an Rialachán atá beartaithe, bunófar creat rialachais na hionstraime nua um chóineasú agus um iomaíochas i gcomhair an limistéir euro. Sa chomhthéacs sin, is é ábhar agus raon feidhme ginearálta an Rialacháin atá beartaithe ná an creat le haghaidh rialachas na hionstraime buiséadaí um chóineasú agus um iomaíochas i gcomhair Bhallstáit an limistéir euro laistigh den Chlár Tacaíochta um Athchóiriú. Dá bhrí sin, síneann a raon feidhme a fhad le Ballstáit an limistéir euro (Airteagal 1).

    Tá beartaithe, sa togra, dhá chineál ar leith beart a fhéadfaidh an Chomhairle a ghlacadh, mar a leagtar amach go soiléir ina chuspóirí (Airteagal 3). I dtaca leis an limistéar euro ina iomláine, tar éis plé i measc an Ghrúpa Euro, féadfaidh an Chomhairle treoshuíonna straitéiseacha maidir le hathchóiriúcháin agus tosaíochtaí infheistíochta i gcomhair an limistéir euro a ghlacadh; agus, i dtaca leis na Ballstáit ar leith sa limistéar euro, féadfaidh an Chomhairle treoir thír-shonrach a chumadh lena leagfar amach na cuspóirí le haghaidh athchóiriúchán agus infheistíochta atá ábhartha faoin ionstraim bhuiséadach um chóineasú agus um iomaíochas, arbh fhéidir gur mhaith leis na Ballstáit i gceist iad a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoi ionstraim bhuiséadach um chóineasú agus um iomaíochas. Ba cheart an treoir thír-shonrach a bheith comhleanúnach leis na treoshuíonna straitéiseacha i gcomhair an limistéir euro agus leis na moltaí tír-shonracha a ghlactar faoin Seimeastar Eorpach chun beartas eacnamaíoch a chomhordú, tar éis plé, i gcás inarb iomchuí, ag na coistí ábhartha de bhunús an Chonartha.

    Déantar foráil, sa togra, maidir le treoshuíonna straitéiseacha na dtosaíochtaí athchóiriúcháin agus infheistíochta a bhfuiltear lena gcomhtháthú sa mholadh maidir leis an limistéar euro (Airteagal 4). Beidh sé riachtanach plé a dhéanamh sa Ghrúpa Euro sula nglaca an Chomhairle treoshuíonna straitéiseacha mar chuid dhílis den mholadh maidir leis an limistéar euro, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar bhonn moladh ón gCoimisiún. D’fhormhuineodh an Cruinniú Mullaigh Euro an cur chuige ar bhonn bliantúil. Cuirfidh an Rialachán de cheangal ar an gCoimisiún, freisin, an Chomhairle a chur ar an eolas faoin gcaoi ar leanadh treoshuíonna straitéiseacha bliantúla na mblianta roimhe, rud a chuirfidh ar chumas na Comhairle an dul chun cinn a bheidh déanta i gcur chun feidhme na mbeartas a chur san áireamh i dtreoshuíonna straitéiseacha na bliana amach roimpi.

    Cuirtear an creat le haghaidh rialachais san áireamh freisin, i dtéarmaí níos sonraí, sna fhoráil maidir le Moladh ón gComhairle (Airteagal 5), lena dtugtar treoir thír-shonrach do Bhallstáit uile an limistéir euro. Ba cheart an treoir thír-shonrach a bheith comhsheasmhach leis an treoir sna moltaí tír-shonracha i gcomhair an Bhallstáit i gceist, nó ba cheart a chur san áireamh ann, go cuí, aon chinneadh ón gComhairle lena bhformheastar clár coigeartaithe mhaicreacnamaíoch. Is le gníomhú trí thromlach cáilithe, ar bhonn moladh ón gCoimisiún, a ghlacfar an Moladh ón gComhairle ina mbeidh treoir thír-shonrach. D’fhéadfadh na Ballstáit áis a bhaint as na treoshuíonna straitéiseacha (Airteagal 4) agus as an treoir thír-shonrach faoin ionstraim bhuiséadach um chóineasú agus um iomaíochas. Fónfaidh an dá cheann do na Ballstáit mar bhonn do na tograí le haghaidh na bpacáistí comhleanúnacha athchóiriúcháin agus infheistíochta a fhéadfaidh siad a chur chun cinn faoin ionstraim bhuiséadach um chóineasú agus um iomaíochas. I ndeireadh na dála, is faoin mBallstát a chinneadh an nglacfaidh sé páirt agus, má chinneann sé amhlaidh, pacáistí athchóiriúchán agus infheistíochta a bheidh incháilithe a chur faoi bhráid chun go bhfaighidís tacaíocht faoin ionstraim bhuiséadach.

    I bhfeidhmiú na hionstraime buiséadaí, féadfar ráta cómhaoiniúcháin náisiúnta íosta a shocrú mar chéatadán de chostas foriomlán na nathchóiriúchán agus na hinfheistíochta. Sa chomhthéacs sin, déantar foráil le hAirteagal 6, ar bhonn measúnú a dhéanfaidh an Coimisiún, go suífidh an Chomhairle cé na Ballstáit a meastar iad a bheith faoi ghreim géarchor chun donais eacnamaíoch, chun críoch an ráta cómhaoinithe náisiúnta a mhodhnú laistigh den ionstraim bhuiséadach um chóineasú agus um iomaíochas a chuirfear ar bun. Beidh an fhoráil sin gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 2(2) de Rialachán (CE) 1467/97 ón gComhairle arna leasú le Rialachán (CE) 1056/2004 ón gComhairle agus le Rialachán (AE) 1177/2014 ón gComhairle 6 .

    Athdhearbhaítear, leis an Rialachán atá beartaithe, an riail vótála in Airteagal 136(2) CFAE i ndáil le treoshuíonna straitéiseacha agus moltaí ón gComhairle: comhaltaí den Chomhairle atá ag ionadú ar Bhallstáit an limistéir euro, agus iad sin amháin, a bheidh i dtRialachán  vótáil (Airteagal 7).

    Chun an tidirphlé idir institiúidí an Aontais a fheabhsú, go háirithe an tidirphlé idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, agus chun breis trédhearcachta agus cuntasachta a áirithiú, leagtar amach sa Rialachán atá beartaithe paraiméadair le haghaidh idirphlé eacnamaíoch a mbeidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Grúpa Euro páirteach ann (Airteagal 8). Faoin gcreat sin, féadfaidh an coiste inniúil de chuid Pharlaimint na hEorpa idirphlé eacnamaíoch a óstáil agus cuireadh a chur ar Uachtarán na Comhairle agus ar an nGrúpa Euro plé a dhéanamh ar bhearta arna nglacadh faoin Rialachán.

    Chun athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtúlacht an Rialacháin atá beartaithe, cuirtear de cheangal ar an gCoimisiún tuarascáil a fhoilsiú agus a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, in 2023 agus gach ceithre bliana ó sin amach (Airteagal 9).

    2019/0161 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le creat rialachais le haghaidh na hionstraime buiséadaí um chóineasú agus um iomaíochas i gcomhair an limistéir euro

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 136(1)(b) i gcomhar le hAirteagal 121(6),

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta 7 ,

    Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach 8 ,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Is ábhar leasa choitinn é beartais eacnamaíocha na mBallstát a chomhordú. Is chun leas, go háirithe, na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu, beartais eacnamaíocha a sheoladh lena gcuirtear feidhmiú cuí an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta chun cinn agus is chun a leasa freisin beartais lena gcuirfí an feidhmiú sin i mbaol a sheachaint i gcomhthéacs mór-threoirlínte atá curtha le chéile ag an gComhairle agus is cúram de chuid na mBallstát an dá ní sin a dhéanamh.

    (2)Chun feidhmiú cuí an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu bearta a dhéanamh chun athléimneacht a ngeilleagar a fheabhsú trí athchóiriúcháin struchtúracha agus infheistíocht spriocdhírithe a dhéanamh. Ag Cruinniú Mullaigh Euro mhí na Nollag 2018 tugadh sainordú don Ghrúpa Euro dul ag obair ar dhearadh, ar mhionsonraíocht an chur chun feidhme agus ar ghné an ama d’ionstraim bhuiséadach um chóineasú agus um iomaíochas i gcomhair an limistéir euro. Chun a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit na hathchóirithe struchtúracha agus an infheistíocht ar bhealach comhsheasmhach comhleanúnach dea-chomhordaithe ní mór creat rialachais a bhunú le go mbeidh an Chomhairle in ann treoshuíonna straitéiseacha a chur ar fáil maidir le tosaíochtaí athchóiriúcháin agus infheistíochta a bheidh le déanamh laistigh den limistéar euro ag na Ballstáit. Chuirfeadh creat den sórt sin feabhas ar chóineasú agus iomaíochas an limistéir euro. Ba cheart don Chomhairle treoir thír-shonrach a chur ar fáil maidir le cuspóirí athchóiriúcháin agus infheistíochta aonair na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu ar féidir tacú leo faoin ionstraim bhuiséadach um chóineasú agus um iomaíochas. Os rud é go mbaineann creat den chineál sin go sonrach leis na Ballstáit sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu, is do chomhaltaí na Comhairle, a ionadaíonn do na Ballstáit sin, agus dóibh sin amháin, is ceart páirt a ghlacadh i vótaí faoin Rialachán seo.

    (3)Ar leibhéal an Aontais, is é an Seimeastar Eorpach chun beartas eacnamaíoch a chomhordú an creat a úsáidfear chun tosaíochtaí athchóiriúcháin náisiúnta na mBallstát a shainaithint agus chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na dtosaíochtaí sin. Leis an Rialachán seo tugtar aghaidh ar an ngá atá ann comhleanúnachas a bhunú idir tosaíochtaí athchóiriúcháin agus infheistíochta an limistéir euro ina iomláine agus cuspóirí athchóiriúcháin agus infheistíochta na mBallstát éagsúla a bhfuil an euro mar airgeadra acu, agus a gcomhsheasmhacht laistigh den Seimeastar Eorpach a áirithiú.

    (4)Ar bhonn bliantúil, ba cheart don Chomhairle treoshuíonna straitéiseacha a leagan amach maidir le tosaíochtaí athchóiriúcháin agus infheistíochta i gcomhair an limistéar euro, mar chuid den mholadh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro. Ba cheart don Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar mholadh ón gCoimisiún, na treoshuíonna straitéiseacha a ghlacadh, agus tar éis don Ghrúpa Euro plé a dhéanamh ar na tosaíochtaí athchóiriúcháin agus infheistíochta a mheasann sé a bheith ábhartha agus iomchuí lena náireamh sna treoshuíonna sin. Beidh a ról féin ag an Cruinniú Mullaigh bliantúil an Euro.

    (5)Chun a áirithiú go léireofar leis na treoshuíonna straitéiseacha an taithí atá á forbairt a thagann as cur chun feidhme na hionstraime buiséadaí um chóineasú agus um iomaíochas, ba cheart don Choimisiún, mar chuid dá mholadh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro agus go comhuaineach lena mholadh maidir leis na treoshuíonna, an Chomhairle a chur ar an eolas maidir leis an gcaoi a ndearnadh na treoshuíonna straitéiseacha a leanúint le linn na mblianta roimhe sin.

    (6)Féadfaidh na Ballstáit sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu cinneadh ar thograí maidir le pacáistí athchóiriúcháin agus infheistíochta a thíolacadh faoin ionstraim bhuiséadach um chóineasú agus iomaíocht. Chuige sin, glacfaidh an Chomhairle Moladh lena gcuirfear ar fáil treoir thír-shonrach maidir le cuspóirí athchóiriúcháin agus infheistíochta ar féidir tacú leo faoin ionstraim bhuiséadach um chóineasú agus um iomaíochas sna Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu. Ba cheart an Moladh ón gComhairle a bheith comhleanúnach leis treoshuíonna straitéiseacha a ghlactar faoin Rialachán seo agus leis na moltaí tír-shonracha a ghlactar, i gcomhfheacht leo, faoin Seimeastar Eorpach chun beartas eacnamaíoch a chomhordú mar thoradh ar an bplé, i gcás inarb iomchuí, leis na coistí ábhartha atá bunaithe ar na Conarthaí. Cuirfear san áireamh go cuí sa Mholadh ón gComhairle aon chlár coigeartaithe maicreacnamaíoch arna fhormheas i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 9 .

    (7)Maidir leis an Moladh ón gComhairle lena dtugtar treoir thír-shonrach maidir leis na cuspóirí athchóiriúchán agus infheistíochta sna Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu, ba cheart é a bheith bunaithe ar thogra ón gCoimisiún. Ba cheart don phróiseas sin a bheith gan dochar do chineál deonach rannpháirtíocht na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu san ionstraim bhuiséadach um chóineasú agus um iomaíochas, agus nár dhochar é do shainchumais an Choimisiúin maidir lena chur chun feidhme.

    (8)Faoin gcreat rialachais a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart don Chomhairle treoshuíonna straitéiseacha don limistéar euro ina iomláine agus treoir thír-shonrach a chur ar fáil maidir le cuspóirí pacáistí athchóiriúcháin agus infheistíochta na mBallstát aonair a bhfuil an euro mar airgeadra acu. Cuireann an Coimisiún buiséad an Aontais chun feidhme faoi Airteagal 317 CFAE, lena náirítear cláir chaiteachais a bhainistiú. Ba cheart nach ndéanfaí difear do fhreagrachtaí an Choimisiúin i dtaca leis an ionstraim bhuiséadach um chóineasú agus um iomaíochas [laistigh den Chlár Tacaíochta um Athchóiriú] faoi Rialachán (AE) XXXX/XX.

    (9)Ar bhonn measúnaithe ón gCoimisiún, cinnfidh an Chomhairle cé na Ballstáit sin a bhfuil géarchor chun donais eacnamaíoch ag baint dóibh chun críocha na rátaí cómhaoinithe a mhodhnú dá bhforáiltear i Rialachán (AE) XXXX/XX [Rialachán an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú], agus gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 2(2) de Rialachán (CE) 1467/97 arna leasú.

    (10)Chun an tidirphlé idir institiúidí an Aontais a fheabhsú, go háirithe idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, agus chun tuilleadh trédhearcachta agus cuntasachta san idirphlé eacnamaíoch sin a áirithiú, féadann coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa a iarraidh ar Uachtarán na Comhairle, ar an gCoimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, ar Uachtarán an Ghrúpa Euro teacht os comhair an choiste chun cinntí a rinneadh de bhun an Rialacháin seo a phlé.

    (11)Ba cheart don Choimisiún tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, go tráthrialta, maidir le héifeachtacht an Rialacháin seo.

    (12)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo rannchuidiú le feidhmiú cuí Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta na hEorpa agus le cóineasú agus iomaíochas an limistéir euro trí chreat rialachais a leagan amach a bheidh ábhartha don ionstraim bhuiséadach um chóineasú agus um iomaíochas, a bhaint amach go leordhóthanach, agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I
    Forálacha Ginearálta

    Airteagal 1
    Ábhar agus raon feidhme

    1.Leagtar síos leis an Rialachán seo forálacha maidir leis an gcreat rialachais eacnamaíoch a bheidh ábhartha maidir leis an ionstraim bhuiséadach um chóineasú agus um iomaíochas i gcomhair an limistéir euro laistigh den Chlár Tacaíochta um Athchóiriú faoi Rialachán (AE) XXXX/XX 10 .

    2.Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

    Airteagal 2
    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a)ciallaíonn ‘moltaí tír-shonracha’ na moltaí ón gComhairle atá dírithe ar gach Ballstát i gcomhréir le Airteagal 121(2) agus Airteagal 148(4) CFAE i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh chun beartas eacnamaíoch a chomhordú;

    (b)ciallaíonn ‘moladh maidir leis an limistéar euro’ an moladh ó gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro i gcomhréir le hAirteagal 136 i gcomhcheangal le hAirteagal 121(2) CFAE.

    Airteagal 3
    Cuspóirí

    Cuideoidh an Rialachán seo le cóineasú agus iomaíochas gheilleagair na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu trí chreat rialachais eacnamaíoch a shainiú a bheidh ábhartha maidir leis an ionstraim bhuiséadach um chóineasú agus iomaíochas, lena leagfar amach an méid seo a leanas:

    (a)na treoshuíonna straitéiseacha maidir le tosaíochtaí athchóiriúcháin agus infheistíochta an limistéir euro ina iomláine;

    (b)treoracha tír-shonracha maidir le cuspóirí athchóiriúcháin agus infheistíochta atá ábhartha maidir leis an ionstraim bhuiséadach um chóineasú agus um iomaíochas atá comhleanúnach leis na moltaí tír-shonracha.

    Airteagal 4
    Treoshuíonna straitéiseacha i gcomhair an limistéir euro

    1.Ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis plé sa Ghrúpa Euro, déanfaidh an Chomhairle treoshuíonna straitéiseacha thosaíochtaí athchóiriúcháin agus infheistíochta an limistéir euro a bhunú agus, ar bhonn bliantúil, é sin a dhéanamh mar chuid den togra maidir leis an limistéar euro.

    2.I gcomhfheacht leis an moladh uaidh dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas faoin gcaoi a ndearna na Ballstáit treoshuíonna straitéiseacha na mblianta roimhe sin a chomhlíonadh.

    Airteagal 5
    Treoir thír-shonrach

    1.Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, moladh a dhíreofar ar na Ballstáit uile a bhfuil an euro mar airgeadra acu agus cuirfidh sí ar fáil ar bhonn bliantúil treoracha tír-shonracha maidir leis na cuspóirí athchóiriúcháin agus infheistíochta chun críocha na bpacáistí athchóiriúcháin agus infheistíochta a fhéadfaidh na Ballstáit a chur isteach dá éis sin faoi Airteagal (AE) XXXX/XX [Rialachán an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú].

    2.Beidh an moladh dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis na treoshuíonna straitéiseacha dá dtagraítear in Airteagal 4 agus leis na moltaí tír-shonracha don Bhallstát lena mbaineann. Sa mholadh dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an Chomhairle san áireamh go cuí aon chlár coigeartaithe maicreacnamaíoch arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán (AE) Uimh. 472/2013.

    Airteagal 6
    Géarchor chun donais eacnamaíoch

    I gcás inarb ábhartha, bunaithe ar mheasúnú ag an gCoimisiún, cinnfear leis an moladh dá dtagraítear i mír 1 d’Airteagal 5 an bhfuil géarchor chun donais eacnamaíoch ag baint do Bhallstát, chun críocha rátaí cómhaoinithe náisiúnta a mhodhnú dá bhforáiltear i Rialachán (AE) XXXX/XX [Rialachán an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú].

    Beidh an tAirteagal sin gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 2(2) de Rialachán (EC) Uimh. 1467/97 ón gComhairle arna leasú.

    Airteagal 7
    Vótáil sa Chomhairle

    1.I dtaca le bearta dá dtagraítear sa Rialachán seo, is ag comhaltaí den Chomhairle a dhéanann ionadaíocht ar na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu agus acu sin amháin a bheidh vóta.

    2.Déanfar tromlach cáilithe chomhaltaí na Comhairle dá dtagraítear i mír 1 a shainiú i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 238(3) CFAE.

    Airteagal 8
    Idirphlé eacnamaíoch

    Chun an tidirphlé idir institiúidí an Aontais a fheabhsú, go háirithe idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, agus chun tuilleadh trédhearcachta agus cuntasachta a áirithiú, féadfaidh coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa iarraidh ar Uachtarán na Comhairle, an Choimisiúin agus, i gcás inarb iomchuí, ar Uachtarán an Ghrúpa Euro teacht os comhair an choiste chun cinntí a rinneadh de bhun an Rialacháin seo a phlé.

    Airteagal 9
    Athbhreithniú

    1.Faoin 31 Nollaig 2023 agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Sa tuarascáil sin déanfar measúnú ar éifeachtacht an Rialacháin seo.

    2.Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

    Airteagal 10

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    (1)     https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/economy-finance/emu_communication_en.pdf  
    (2)     https://www.consilium.europa.eu/en/press/press-releases/2019/06/14/term-sheet-on-the-budgetary-instrument-for-convergence-and-competitiveness/  
    (3)     https://www.consilium.europa.eu/ga/press/press-releases/2019/06/21/statement-of-the-euro-summit-21-june-2019/  
    (4)    COIM(2018)391; https://ec.europa.eu/commission/sites/beta-political/files/budget-may2018-reform-support-programme-regulation_en.pdf
    (5)     https://ec.europa.eu/commission/sites/beta-political/files/reflection-paper-emu_en.pdf  
    (6)     https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:31997R1467&from=EN ;     https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:32005R1056&from=EN     https://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=OJ:L:2011:306:0033:0040:EN:PDF
    (7)    IO C , , lch.
    (8)    IO C ; ; lch.
    (9)    Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le neartú ar an bhfaireachas eacnamaíoch agus buiséadach ar Bhallstáit sa limistéar euro a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais (IO L 140, 27.5.2013, lch. 1).
    (10)    IO C , , lch.
    Top