Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52019PC0221

    Togra le haghaidh CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena dtugtar de chumhacht don Ghearmáin an comhaontú déthaobhach um iompar de bhóthar atá ann anois idir í agus an Eilvéis a leasú d’fhonn oibríochtaí cabatáiste a údarú le linn soláthar seirbhísí iompair paisinéirí i gcóiste agus i mbus i réigiúin na teorann idir an dá thír

    COM/2019/221 final

    An Bhruiséil,13.5.2019

    COM(2019) 221 final

    2019/0107(COD)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena dtugtar de chumhacht don Ghearmáin an comhaontú déthaobhach um iompar de bhóthar atá ann anois idir í agus an Eilvéis a leasú d’fhonn oibríochtaí cabatáiste a údarú le linn soláthar seirbhísí iompair paisinéirí i gcóiste agus i mbus i réigiúin na teorann idir an dá thír


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Maidir leis an ábhar

    Tá réigiúin teorann na Gearmáine agus na hEilvéise comhtháite go dlúth. Tá mórán Gearmánach a dhéanann an turas chun na hoibre san Eilvéis agus a mhalairt agus tá trácht bríomhar trasteorann paisinéirí de bhóthar ann. Tá roinnt seirbhísí bus agus cóiste curtha ar fáil a thrasnaíonn an teorainn sa chaoi go nascann siad réigiúin teorann an dá thír.

    Is leis an gComhaontú um Iompar de Thalamh idir an tAontas Eorpach agus an Eilvéis 1 (“Comhaontú an Aontais” anseo feasta) a rialaítear iompar paisinéirí agus earraí de bhóthar sa dá threo idir an Eilvéis agus an tAontas Eorpach.

    De réir Airteagal 20(1) de Chomhaontú an Aontais, “[ní] údaraítear faoin gComhaontú seo iompar idir dhá phointe atá suite ar chríoch an Pháirtí Chonarthaigh a dhéanann iompróirí atá lonnaithe ar chríoch an Pháirtí Chonarthaigh eile”. Ciallaíonn sé sin nach féidir le hiompróirí a bhfuil na seirbhísí paisinéirí a thrasnaíonn an teorainn á noibriú acu, nach féidir leo ach paisinéirí a iompar trasna na teorann nó laistigh de chríoch an Pháirtí Chonarthaigh ina bhfuil siad lonnaithe. Ní ceadmhach d’oibreoirí busanna agus cóistí atá lonnaithe san Eilvéis paisinéirí a iompar idir dhá phointe ar an taobh Ghearmánach den teorann agus ní ceadmhach d’oibreoirí atá lonnaithe san Aontas Eorpach paisinéirí a iompar idir dhá phointe ar an taobh Eilvéiseach den teorann.

    Ceadaítear le hAirteagal 20(2) de Chomhaontú an Aontais cearta atá ann cheana faoi chomhaontuithe déthaobhacha a tugadh i gcrích idir Ballstáit aonair an Aontais agus an Eilvéis a bhí i bhfeidhm tráth ar tugadh Comhaontú an Aontais i gcrích leanúint de bheith á bhfeidhmiú, ar choinníoll nach ndéanfar aon idirdhealú idir iompróirí an Aontais ná aon saobhadh ar an iomaíocht. Sa chaoi sin, d’fhéadfadh sé gurbh fhéidir cabatáiste in iompar paisinéirí i gcóiste nó i mbus a dhéanamh mar chuid den chaidreamh leis an Eilvéis ach foráil maidir leis sin a bheith déanta sa chomhaontú idir Ballstát an Aontais agus an Eilvéis a bhí i bhfeidhm an 21 Meitheamh 1999. Go praiticiúil, ní raibh foráil in aon cheann de na comhaontuithe déthaobhacha ábhartha idir na Ballstáit agus an Eilvéis a bhí i bhfeidhm ag an am sin, maidir le cearta cabatáiste le haghaidh iompar paisinéirí i gcóiste nó i mbus. 2 .

    I litir uaithi dar dáta an 11 Bealtaine 2017, thug an Ghearmáin le fios don Coimisiún gurbh í a bheadh buíoch as dá dtabharfadh an tAontas de chumhacht di, i gcomhréir le hAirteagal 2(1) CFAE, a comhaontú déthaobhach 1953 um iompar de bhóthar leis an Eilvéis 3 a leasú d’fhonn oibríochtaí cabatáiste a údarú le linn soláthar seirbhísí iompair paisinéirí i gcóiste agus i mbus i réigiún na teorann idir an dá thír. I gcruinniú den Choiste um Iompar Intíre an Aontais i mí Mheitheamh 2018, arna bhunú le Comhaontú an Aontais, chuir an Eilvéis in iúl don Choimisiún gur mhian léi an comhaontú sin a leasú chuige sin freisin.

    Is féidir feabhas a chur ar éifeachtúlacht oibríochtaí iompair le cabatáiste in iompar paisinéirí i gcóiste nó i mbus toisc go gceadaíonn sé fachtóir ualaigh na feithicle a mhéadú. Dá bhrí sin, tá an tAontas Eorpach sásta ar an mórgóir le hoscailt mhargadh an chabatáiste, ó tharla gur osclaíodh é laistigh den Aontas Eorpach agus i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta ag seirbhísí cóiste agus bus 4 (“Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009” anseo feasta). Dá núdarófaí oibríochtaí cabatáiste i gcomhthéacs soláthair seirbhísí iompair paisinéirí idirnáisiúnta i gcóiste agus i mbus sna réigiúin teorann idir an Ghearmáin agus an Eilvéis, chuirfeadh sin ar chumas na niomróirí lena mbaineann a bheith níos iomaíche agus níos éifeachtúla.

    Maidir le hinniúlacht an Aontais Eorpaigh

    Leagtar síos in Airteagal 3(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go mbeidh “inniúlacht eisiach freisin ag an Aontas comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích nuair a fhorálfar dá thabhairt i gcrích i ngníomh reachtach de chuid an Aontais, nó nuair atá sé riachtanach chun a chumasú don Aontas a inniúlacht inmheánach a fheidhmiú, nó a mhéid ar dóigh dá thabhairt i gcrích difear a dhéanamh do na comhrialacha nó a raon feidhme a athrú”.

    Faoi Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, féadfaidh iompróirí a bhfuil ceadúnas Comhphobail acu go heisiach oibríochtaí cabatáiste laistigh den Aontas a dhéanamh faoi choinníollacha áirithe. Gealltanais idirnáisiúnta lena gceadaítear d’iompróirí eile, iompróirí ó thríú tíortha go háirithe, na hoibríochtaí sin a dhéanamh, bíonn tionchar acu ar an Rialachán thuasluaite, de réir bhrí Airteagal 3(2) CFAE 5 .

    Ar a bharr sin, beidh tionchar ag na gealltanais idirnáisiúnta sin ar Chomhaontú an Aontais freisin, go háirithe Airteagal 20 de. Ní údaraítear iad i mír 1 den Airteagal sin, seachas mar a leagtar amach i mír 2 de.

    Dá réir sin, gealltanais amhail na gealltanais sin atá beartaithe ag an nGearmáin, tagann siad faoi raon feidhme inniúlacht eisiach an Aontais. Mar sin féin, i gcomhréir le hAirteagal 2(1) CFAE, féadfaidh an tAontas é a thabhairt de chumhacht do na Ballstáit gníomhú i réimsí ina bhfuil inniúlacht eisiach aige.

    Is é is aidhm don togra seo é a thabhairt de chumhacht don Ghearmáin an comhaontú déthaobhach um iompar de bhóthar atá ann faoi láthair idir í agus an Eilvéis a leasú d’fhonn oibríochtaí cabatáiste a údarú le linn soláthar seirbhísí iompair paisinéirí i gcóiste agus i mbus i réigiún na teorann sa dá thír.

    Maidir leis an nós imeachta

    Bíonn tionchar ag oibríochtaí cabatáiste a dhéanann iompróirí tríú tír laistigh den Aontas nach bhfuil ceadúnas Comhphobail acu i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, bíonn tionchar acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí cóiste agus bus, mar atá leagtha amach ag Reachtóir an Aontais le Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009. Aon chumhachtú a dheonófar faoi Airteagal 2(1) CFAE, is gá Reachtóir an Aontais é a dheonú, i gcomhréir leis an nós imeachta reachtach dá dtagraítear in Airteagal 91 CFAE.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    San am i láthair, ní údaraítear le Comhaontú an Aontais aon oibríocht chabatáiste in iompar paisinéirí i gcóiste nó i mbus. Mar sin féin, in Airteagal 20(2) de Chomhaontú an Aontais, ceadaítear go sonrach go leanfaí de chearta cabatáiste atá ann cheana a fheidhmiú, fad nach ndéanfar idirdhealú idir iompróirí an Aontais ná aon saobhadh ar an iomaíocht. Comhaontú idir an Ghearmáin agus an Eilvéis lena núdarófaí oibríochtaí cabatáiste le linn soláthar seirbhísí iompair paisinéirí idirnáisiúnta i gcóiste agus i mbus, ní dhéanfadh sin difear do chearta na hEilvéise faoi Chomhaontú an Aontais. Ar a bharr sin, leasú ar an gcomhaontú déthaobhach a bhí ann cheana féin agus atá teoranta go cabatáiste sna réigiúin teorann ábhartha agus, maidir le neamh-idirdhealú agus iomaíocht neamhshaofa, agus atá faoi réir coinníollacha atá comhionann leis na coinníollacha atá bunaithe in Airteagal 20(2) de Chomhaontú an Aontais, i gcomhréir leis an mbeartas is bunús leis an eisceacht a leagtar amach san fhoráil sin.

    Laistigh den Aontas Eorpach, ceadaítear cabatáiste san iompar paisinéirí i gcóiste agus i mbus i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009. Le hAirteagal 15 den Rialachán sin, údaraítear oibríochtaí cabatáiste laistigh den Aontas Eorpach: (1) i gcás seirbhísí ócáideacha, (2) i gcás seirbhísí tráthrialta speisialta, ar an gcoinníoll go dtagann siad faoi chuimsiú conartha arna thabhairt i gcrích idir an teagraí agus an tiompróir, agus (3) i gcás seirbhísí tráthrialta i gcúrsa seirbhíse tráthrialta idirnáisiúnta cé is moite de sheirbhísí iompair lena bhfreastalófar ar riachtanais lárionaid uirbigh nó comhchathrach nó riachtanais iompair idir an lárionad sin agus na limistéir máguaird. An leasú ar an gcomhaontú déthaobhach um iompar de bhóthar a d’iarr an Ghearmáin, bheadh tionchar aige ar fheidhmiú an Rialacháin sin, ach bheadh an tionchar sin teoranta go leor, i gcás ina dtabharfar an túdarú faoi réir na gcoinníollacha a thuairiscítear thuas.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Dá ndéanfaí leasú ar an gcomhaontú déthaobhach um iompar de bhóthar idir an Ghearmáin agus an Eilvéis d’fhonn oibríochtaí cabatáiste a údarú le linn soláthar seirbhísí iompair paisinéirí i gcóiste agus i mbus i réigiún teorann an dá thír, ní bheadh sé sin i neamhréir le haon bheartas eile den Aontas.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Is é Airteagal 2(1) CFAE agus Airteagal 91 CFAE bunús dlí an togra seo.

    Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

    Baineann an togra le hinniúlacht eisiach an Aontais.

    Comhréireacht

    Is é an taon chuspóir amháin atá leis an togra seo é a thabhairt de chumhacht don Ghearmáin, de bhun Airteagal 2(1) CFAE, an comhaontú déthaobhach um iompar de bhóthar atá ann faoi láthair idir í agus an Eilvéis a leasú d’fhonn oibríochtaí cabatáiste a údarú le linn soláthar seirbhísí iompair paisinéirí i gcóiste agus i mbus sna réigiúin teorann idir an dá thír. Dá bhrí sin ní théann an Cinneadh atá molta thar a bhfuil riachtanach chun an chuspóir sin a ghnóthú.

    An rogha ionstraime

    Bíonn tionchar ag oibríochtaí cabatáiste a dhéanann iompróirí tríú tír laistigh den Aontas nach bhfuil ceadúnas Comhphobail acu i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, bíonn tionchar acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí cóiste agus bus, mar atá leagtha amach ag Reachtóir an Aontais le Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009. Aon chumhachtú a dheonófar faoi Airteagal 2(1) CFAE, is gá Reachtóir an Aontais é a dheonú, i gcomhréir leis an nós imeachta reachtach dá dtagraítear in Airteagal 91 CFAE. An gníomh atá molta, ar cumhachtú aonair é de bharr a chineáil, tá sé le glacadh mar fhreagra ar iarraidh chomhfhreagrach a rinne an Ghearmáin. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith i bhfoirm chinnte, dírithe ar an nGearmáin. Dá réir sin, is éard atá sa Chinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá molta ionstraim atá leordhóthanach chun é a thabhairt de chumhacht don Ghearmáin, i gcomhréir le hAirteagal 2(1) CFAE, gníomhú maidir leis an ábhar seo.

    3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX-POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Tá an togra seo bunaithe ar iarraidh ón nGearmáin agus baineann sé leis an mBallstát seo amháin. Fuair an Iodáil iarraidh chomhchosúil agus tá sé sin faoi réir nós imeachta comhthreomhar.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Ní bheidh aon tionchar ag an togra seo ar bhuiséad an Aontais.

    2019/0107 (COD)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena dtugtar de chumhacht don Ghearmáin an comhaontú déthaobhach um iompar de bhóthar atá ann anois idir í agus an Eilvéis a leasú d’fhonn oibríochtaí cabatáiste a údarú le linn soláthar seirbhísí iompair paisinéirí i gcóiste agus i mbus i réigiúin na teorann idir an dá thír

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 2(1) agus Airteagal 91 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 6 ,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún, 7 ,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)I gcomhréir le hAirteagal 20(1) den Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hIompar Earraí agus Paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar 8 (‘Comhaontú an Aontais’ anseo feasta), ní údaraítear paisinéirí a iompar i gcóiste nó i mbus idir dhá phointe atá suite ar chríoch an Pháirtí Chonarthaigh a dhéanann iompróirí atá lonnaithe ar chríoch an Pháirtí Chonarthaigh eile, rud ar a dtugtar cabatáiste.

    (2)I gcomhréir le hAirteagal 20(2) de Chomhaontú an Aontais, maidir le cearta cabatáiste atá ann cheana faoi chomhaontuithe déthaobhacha a tugadh i gcrích idir Ballstáit an Aontais agus an Eilvéis a bhí i bhfeidhm nuair a tugadh Comhaontú an Aontais i gcrích, eadhon an 21 Meitheamh 1999, féadfar leanúint de bheith ag feidhmiú na gceart sin, ar choinníoll nach ndéanfar aon idirdhealú idir iompróirí an Aontais ná aon saobhadh ar an iomaíocht. Ní údaraítear le comhaontú déthaobhach 1953 um iompar de bhóthar idir an Ghearmáin agus an Eilvéis 9 oibríochtaí cabatáiste le linn soláthar seirbhísí iompair paisinéirí i gcóiste agus i mbus idir an dá thír. Dá bhrí sin, níl an ceart na hoibríochtaí sin a dhéanamh de thoradh leasú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an gcomhaontú ar cheann de na cearta a thagann faoi chuimsiú Airteagal 20(2) de Chomhaontú an Aontais.

    (3)Na gealltanais idirnáisiúnta a cheadaíonn d’iompróirí ón Eilvéis oibríochtaí cabatáiste a dhéanamh laistigh den Aontas, is féidir go mbeidh tionchar acu ar Airteagal 20 de Chomhaontú an Aontais a mhéid nach núdaraítear na hoibríochtaí sin leis an bhforáil seo.

    (4)Ar a bharr sin, faoi Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 10 , féadfaidh iompróirí a bhfuil ceadúnas Comhphobail acu go heisiach oibríochtaí cabatáiste laistigh den Aontas a dhéanamh faoi choinníollacha áirithe. Gealltanais idirnáisiúnta a cheadaíonn d’iompróirí ó thríú tíortha, nach bhfuil an ceadúnas sin acu, na hoibríochtaí sin a dhéanamh, is féidir go mbeidh tionchar acu ar an Rialachán sin.

    (5)Dá réir sin, tagann na gealltanais sin faoi inniúlacht eachtrach eisiach an Aontais. Ní fhéadfaidh na Ballstáit na gealltanais sin a shocrú le caibidlíocht ná a thabhairt ach amháin má thugann an tAontas de chumhacht dóibh an méid sin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 2(1) CFAE.

    (6)Bíonn tionchar ag oibríochtaí cabatáiste a dhéanann iompróirí tríú tír laistigh den Aontas nach bhfuil ceadúnas Comhphobail acu i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, bíonn tionchar acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí cóiste agus bus, mar atá leagtha amach ag Reachtóir an Aontais le Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009. Aon chumhachtú a dheonófar faoi Airteagal 2(1) CFAE, is gá Reachtóir an Aontais é a dheonú, i gcomhréir leis an nós imeachta reachtach dá dtagraítear in Airteagal 91 CFAE.

    (7)I litir uaithi dar dáta an 11 Bealtaine 2017, d’iarr an Ghearmáin cumhachtú ón Aontas an comhaontú déthaobhach um iompar de bhóthar atá ann anois idir í agus an Eilvéis a leasú d’fhonn oibríochtaí cabatáiste a údarú le linn soláthar seirbhísí iompair paisinéirí i gcóiste agus i mbus i réigiúin teorann an dá thír.

    (8)A bhuí le hoibríochtaí cabatáiste, is féidir lódfhachtóir na bhfeithiclí a mhéadú, rud a chuireann le héifeachtúlacht eacnamaíoch na seirbhísí. Dá bhrí sin, is iomchuí na hoibríochtaí sin a údarú le linn soláthar seirbhísí iompair paisinéirí i gcóiste agus i mbus a bheith á soláthar i réigiún ábhartha na teorann san Eilvéis agus sa Ghearmáin. D’fhéadfadh sé sin dlúth-chomhtháthú na réigiún teorann sin a dhaingniú.

    (9)Chun a áirithiú nach gcuirfidh na hoibríochtaí cabatáiste lena mbaineann isteach go hiomarcach ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí bus agus cóiste, mar a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, ba cheart a núdarú a bheith faoi réir na gcoinníollacha nach ndéanfar aon idirdhealú idir iompróirí atá lonnaithe laistigh den Aontas ná aon saobhadh ar an iomaíocht.

    (10)Ar an gcúis chéanna, níor cheart oibríochtaí cabatáiste a údarú i réigiúin teorann na Gearmáine le linn soláthar seirbhísí cóiste agus bus idir an Ghearmáin agus an Eilvéis. Chuige sin, is gá réigiúin teorann na Gearmáine a shainiú de réir bhrí an Chinnidh seo ar bhealach a dtabharfaidh an aird chuí ar fheidhmiú Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, agus a fhágfaidh go méadófar éifeachtúlacht na noibríochtaí lena mbaineann,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leis seo, tugtar de chumhacht don Ghearmáin a chomhaontú déthaobhach um iompar de bhóthar leis an Eilvéis a leasú d’fhonn oibríochtaí cabatáiste a údarú sna réigiúin teorann ábhartha sa Ghearmáin agus san Eilvéis le linn soláthar sheirbhísí iompair paisinéirí i gcóiste agus i mbus idir an dá thír, ar an gcoinníoll nach ndéanfar aon idirdhealú idir na hiompróirí atá lonnaithe san Aontas ná aon saobhadh ar an iomaíocht.

    Measfar gurb iad ceantair riaracháin Freiburg agus Tübingen in Baden-Württemberg agus ceantar riaracháin Schwaben sa Bhavia réigiúin teorann na Gearmáine de réir bhrí na chéad míre.

    Airteagal 2

    Cuirfidh an Ghearmáin an Coimisiún ar an eolas faoin leasú ar a chomhaontú déthaobhach um iompar de bhóthar leis an Eilvéis de bhun Airteagal 1 den Chinneadh seo agus cuirfidh sí téacs an chomhaontaithe sin in iúl. Cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoin méid sin.

    Airteagal 3

    Tá an Cinneadh seo dírithe ar Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    (1)    An Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hIompar Earraí agus Paisinéirí d’Iarnród agus de Bhóthar, IO L 114, 30.4.2002 lch. 91.
    (2)    D’ainneoin go léirítear san abairt deiridh d’Airteagal 20(2) de Chomhaontú an Aontais go liostaítear na cearta comhfhreagracha in Iarscríbhinn 8 a ghabhann leis an gComhaontú, san am i láthair ní liostaítear in Iarscríbhinn 8 ach na cearta i dtaobh iompar na bpaisinéirí i trácht triantánach (de bhun Airteagal 19(2) de Chomhaontú an Aontais), agus ní liostaítear cearta ar bith maidir le cabatáiste.
    In 2007, leasaigh an Fhrainc a comhaontú déthaobhach um iompar de bhóthar leis an Eilvéis 1951 ionas gurbh fhéidir an cabatáiste a dhéanamh i réigiúin teorann an dá thír le linn soláthar seirbhísí rialta trasteorann idir an dá thír. San am i láthair, is í an Fhrainc an t
    aon tír amháin a bhfuil comhaontú aici leis an Eilvéis lena gceadaítear an cabatáiste a dhéanamh agus paisinéirí á iompar de bhóthar i gcóiste nó i mbus.
    (3)    Tá an téacs an chomhaontaithe sin faoi uimh. ”0.741.619.136” le fáil i mBailiúchán Córasach na Reachtaíochta Daonlathaí ( https://www.admin.ch/gov/de/start/bundesrecht/systematische-sammlung.html ).
    (4)    Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 IO L 300, 14.11.2009, lch. 88.    
    (5)    Cás den chineál céanna: féach Tuairim 2/15 ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 16 Bealtaine 2017, AE:C:2017:376, mír 189 agus mír 190
    (6)    OJ C , , p. .
    (7)    OJ C , , p. .
    (8)    IO L 114, 30.4.2002, lch. 91.
    (9)    Tá teacht ar an téacs sin faoi uimh. ”0.741.619.136” i mBailiúchán Córasach Reachtaíocht Chónaidhme na hEilvéise.
    (10)    IO L 300, 14.11.2009, lch. 88.
    Top