EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52019IR4764

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Cur Chun Feidhme Comhaontuithe Saorthrádála: an dearcadh réigiúnach agus áitiúil

COR 2019/04764

IO C 324, 1.10.2020, p. 21–27 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

1.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

21


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Cur Chun Feidhme Comhaontuithe Saorthrádála: an dearcadh réigiúnach agus áitiúil

Rapóirtéir:

Michael MURPHY (IE/PPE), Comhalta de Chomhairle Contae Thiobraid Árann

Doiciméad tagartha:

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún maidir le Cur Chun Feidhme Comhaontuithe Saorthrádála: 1 Eanáir 2018 – 31 Nollaig 2018

COM(2019) 455 final

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

Barúlacha ginearálta

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó tuarascáil bhliantúil an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme comhaontuithe saorthrádála; á mheas nach é amháin gur céim ríthábhachtach í i dtreo na trédhearcachta ach gur ionstraim éifeachtach í freisin chun faisnéis chúlra oibiachtúil a sholáthar don phobal faoi chomhaontuithe saorthrádála arna gcaibidliú ag an Aontas Eorpach;

2.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá acmhainneacht bheartas trádála an Aontais Eorpaigh chun cuspóirí an Aontais a chur chun feidhme, go háirithe maidir leis an bhfás inbhuanaithe, cur chun feidhme na spriocanna forbartha inbhuanaithe, fostaíocht, poist a chruthú agus infheistíocht san Aontas. Tuigeann CnaR ag an am céanna, áfach, go bhfuil géarchéim COVID-19 ina mórshuaitheadh do gheilleagair na hEorpa agus do gheilleagair dhomhanda agus go saobhfaidh sí deiseanna trádála domhanda i gcás fiontair bheaga agus mheánmhéide Eorpacha. De réir suirbhé a rinne Ard-Stiúrthóireacht na Trádála sa Choimisiún Eorpach, tá coinne le laghdú 10 %-16 % sa trádáil dhomhanda in 2020 agus le haghaidh AE-27 táthar ag tuar laghdú 9 %-15 % i gcás onnmhairí lasmuigh de AE-27, arb ionann é agus laghdú idir EUR 282-470 billiún ar onnmhairí lasmuigh de AE-27 (1);

3.

á mheabhrú go bhfuil 36 mhilliún post san Aontas ag brath ar onnmhairí lasmuigh den Aontas, ar mná a líonann 13,7 milliún de na poist sin, gur tháinig méadú 66 % idir 2000 agus 2017 ar na poist san Aontas a bhraitheann ar onnmhairí chuig an gcuid eile den domhan, arb ionann é agus 14,3 milliún post breise, agus gur mhéadaigh an cion d’fhostaíocht san Aontas a bhíonn ag brath ar dhíolacháin earraí agus seirbhísí chuig an gcuid eile den domhan ó 10,1 % in 2000 go 15,3 % in 2017 (2); á thabhairt dá aire le teann imní go measann an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair go bhfágann paindéim COVID-19 go bhfuil 12 mhilliún post caillte in 2020, gan trácht ach ar an Eoraip amháin;

4.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá saorthrádáil idirnáisiúnta riailbhunaithe a théann chun tairbhe na gcomhpháirtithe trádála uile; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de leasanna trádála an Aontais Eorpaigh a chosaint agus cur i gcoinne threocht mhéadaitheach na caomhnaitheachta;

5.

á thabhairt dá aire go bhfuil tionchar na gcomhaontuithe saorthrádála san Aontas le brath ar an leibhéal réigiúnach. Tá CnaR, dá bhrí sin, ag iarraidh ar an gCoimisiún é a choimeád ar an eolas go córasach agus na hiarmhairtí áitiúla agus réigiúnacha a d’fhéadfadh a bheith ag an trádáil a chur san áireamh go luath sa chaibidlíocht;

6.

den tuairim gur cheart na comhaontuithe saorthrádála a chur in oiriúint do FBManna faoi mar ba cheart FBManna a chur in oiriúint do chomhaontuithe saorthrádála; ag cur i bhfios i dtaca leis sin ról ríthábhachtach na n-údarás áitiúil agus réigiúnach chun comhaontuithe saorthrádála a chur in oiriúint do FBManna ar an leibhéal áitiúil;

7.

ag leagan béim ar an bhfreagracht chomhpháirteach atá ar gach leibhéal rialachais chun a áirithiú go ndáilfear sochair an domhandaithe go cothrom, agus go maolófar na tionchair dhiúltacha;

8.

á thabhairt dá aire go bhfuil an chuma air gur gnáthriail seachas eisceacht sa trádáil dhomhanda anois an méadú ar bhearta nach bhfuil ag cloí le rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála agus na socruithe neamhtharaife idirdhealaitheacha nua atá ann, agus go bhfuil baol ann go dtiocfaidh ualaí rialála iomarcacha cómhalartacha astu; den tuairim gur cheart cláir tacaíochta AE atá ann cheana agus an faireachán orthu a mheasúnú an athuair, i gcomhréir le rialacha iomaíochta AE, chun tacú le réigiúin atá thíos le cogaí trádála, tríd an ualach orthu a laghdú;

9.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur bhunaigh an Coimisiún, an 22 Nollaig 2017, Sainghrúpa um Chomhaontuithe Trádála agus é mar aidhm aige trédhearcacht agus cuimsitheacht i mbeartas trádála an Aontais a fheabhsú; á thabhairt dá aire nach bhfuil aon duine de na 28 saineolaí sa ghrúpa (3) ina n-ionadaí d’údarás áitiúil nó réigiúnach nó do cheann dá gcomhlachais; á iarraidh ar an gCoimisiún an Sainghrúpa a choinneáil san fhoirm reatha agus ról CnaR mar bhreathnóir a chaomhnú. I gcás ina bhfuil athrú le teacht ar struchtúr ginearálta an tSainghrúpa, iarrann CnaR go dtabharfaí cuireadh dó a bheith ina chomhalta;

10.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó go gcumhdaítear 29 %-31 % de thrádáil an Aontais Eorpaigh le comhaontuithe trádála fabhracha;

Moltaí a bhaineann le COVID-19

11.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an fógra ón gCoimisiún maidir le tús a chur le himeachtaí athbhreithnithe ar an mbeartas trádála, as a dtiocfaidh straitéis nua faoi dheireadh na bliana. Mar sin féin, iarrann CnaR ar an gCoimisiún a áirithiú go bhfeidhmíonn sé gach dícheall cuí agus aird chuí san athbhreithniú sin ar an tsaincheist maidir le cur chun feidhme comhaontuithe saorthrádála i réigiúin agus i gcathracha na mBallstát;

12.

á thabhairt dá aire gur thug paindéim COVID-19 chun suntais go bhfuil geilleagair dhomhanda an-idirnasctha agus, le linn géarchéime, nach bhfuil tír ar bith ann ar féidir léi dóthain a mhonarú lena riachtanais a shásamh ina haonar. Dá bhrí sin, chun córas trádála domhanda atá cothrom, oscailte agus bunaithe ar rialacha a áirithiú, tá CnaR ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach leanúint dá chuid oibre maidir le hathchóiriú na hEagraíochta Domhanda Trádála; á thabhairt dá aire, ar an gcaoi chéanna, nach mór don Aontas, i gcásanna ina saobhtar an iomaíocht dhomhanda, leas iomlán a bhaint as a chuid ionstraimí cosanta trádála agus uirlisí nua a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais tríú tíortha a shaobhann an margadh;

13.

ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach leanúint dá chuid oibre ag tabhairt aghaidh ar an iomaíocht shaofa laistigh den mhargadh aonair mar thoradh ar fhóirdheontais eachtracha. I ndáil leis an méid sin, tá CnaR ag fanacht le foilsiú an Pháipéir Bháin ón gCoimisiún ar ionstraim maidir le fóirdheontais eachtracha. Tá tábhacht ar leith le dul chun cinn sa réimse oibre sin chun cothrom iomaíochta a áirithiú do chuideachtaí an Aontais i réimsí amhail an soláthar poiblí;

14.

á thabhairt dá aire gurb iad na réigiúin agus a rialtais atá i mbrollach an chatha in aghaidh na géarchéime, ag dul i ngleic lena hiarmhairtí sláinte agus eacnamaíocha; den tuairim, dá bhrí sin, nach mór don Aontas oibriú ar stoc-chairn straitéiseacha de threalamh ríthábhachtach a thógáil chun na réigiúin a ullmhú do phaindéimí eile amach anseo; á chur in iúl gur díol sásaimh dó i ndáil leis sin coincheap an Choimisiúin maidir le “huathriail straitéiseach oscailte” chun slabhraí soláthair domhanda a éagsúlú chomh maith le cuid de tháirgeadh ábhar ríthábhachtach a aisdúichiú;

15.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an togra le haghaidh CAI nua ón 27 Bealtaine, lena n-áirítear tionscnamh nua REACT-EU agus treisiú sealadach an tionscnaimh Next Generation EU. Sa chomhthéacs sin, tá CnaR á chur in iúl gur díol sásaimh dó cistí breise atá sannta don Bheartas Comhtháthaithe, ar féidir iad a úsáid chun tionchar eacnamaíoch na géarchéime a chomhrac, lena n-áirítear trí infheistíocht agus leachtacht a chur ar fáil do FBManna atá buailte ar an leibhéal áitiúil, go háirithe iad siúd sna hearnálacha is measa atá buailte. Áiritheofar leis sin go ndéanfar roinnt mhaith gnólachtaí agus áiteanna fostaíochta a tharrtháil;

16.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur simplíodh cur i bhfeidhm roinnt clár cistiúcháin de chuid an Aontais, lena n-áirítear InvestEU, i bhfianaise ghéarchéim COVID-19; ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach, áfach, leanúint leis an gcóras rochtana feabhsaithe ar mhaoiniú thar raon clár a mhairfidh tar éis na paindéime, ionas go mbeidh FBManna Eorpacha in ann deiseanna brabúsacha a dhéanamh as teicnící digiteála agus dícharbónaithe chun fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus poist inbhuanaithe a chruthú;

Acmhainneacht iomlán comhaontuithe trádála a bhaint amach – dearcthaí réigiúnacha agus gnó

17.

ag aontú go láidir le dearcadh an Choimisiúin nach féidir le cuideachtaí an Aontais tairbhiú de chomhaontuithe trádála an Aontais ach amháin má tá an fhaisnéis ábhartha acu faoi ábhar na gcomhaontuithe sin agus má thuigeann siad an chaoi ina bhfeidhmíonn siad sa chleachtas; á chur i bhfáth gur gá páirt a thabhairt d’ionadaithe réigiúnacha san iarracht feabhas a chur ar chur chun feidhme comhaontuithe saorthrádála; á chur i bhfios, chuige sin, a thábhachtaí atá sé pleananna gníomhaíochta maidir le cur chun feidhme comhaontuithe saorthrádála a fhorbairt a bheidh saincheaptha do gach Ballstát, dá chuid réigiúin éagsúla, agus do leasanna gnó réigiúnacha;

18.

á thabhairt dá aire le teann imní gur cosúil go bhfuil castacht na rialacha maidir le tionscnamh agus na bhfoirmeacha riaracháin a éilíonn comhpháirtithe trádála an Aontais chun fabhair a thabhairt do chuideachtaí an Aontais, chomh maith leis an iarracht a bhaineann le cruthúnas a thabhairt ar thionscnamh fabhrach, díréireach do FBManna san Aontas toisc nach bhfuil na hacmhainní céanna acu is atá ag cuideachtaí móra;

19.

ag athdhearbhú a sheasaimh seanbhunaithe nach féidir le comhaontuithe trádála AE amach anseo cosc a chur ar rialtais ar gach leibhéal seirbhísí poiblí a chur ar fáil, tacú leo nó iad a rialáil, ná cosc a chur orthu raon na seirbhísí a chuireann siad ar fáil don phobal a leathnú;

20.

á mheabhrú go dtarlaíonn an chuid is mó de ghníomhaíochtaí onnmhairithe FBManna laistigh den mhargadh aonair (4), agus gan ach thart ar leath de na FBManna a dhíolann a n-earraí lasmuigh de AE-28 (5); á thabhairt dá aire, ina theannta sin, go bhfuil gníomhaíochtaí onnmhairithe FBManna thar a bheith comhchruinnithe, agus níos mó ná dhá thrian d’onnmhairí iomlána FBManna san Aontas ag imeacht as sé Bhallstát (6);

21.

á chur i bhfáth, de réir suirbhé a rinne CnaR agus Eurochambres le déanaí, go n-éilíonn cur chun feidhme éifeachtach trádála an méid seo a leanas (7):

a)

aghaidh a thabhairt ar an mbearna eolais a bhaineann le comhaontuithe saorthrádála AE trí fhaisnéis phraiticiúil a chur ar fáil maidir leis an gcaoi ar féidir le FBManna leas a bhaint as comhaontú saorthrádála ar leith sa chleachtas agus trí ghníomhaíochtaí níos eolasaí leis an bpobal gnó ar leibhéal réigiúnach agus áitiúil (oiliúint, seimineáir, ceardlanna, seónna bóthair, etc.);

b)

feabhas a chur ar sholáimhsitheacht na n-uirlisí atá ar fáil saor in aisce agus atá dírithe ar thacú le gnólachtaí agus le FBManna chomh maith le feasacht an phobail ar na huirlisí sin a bheith ann;

c)

aghaidh a thabhairt ar chastacht agus easpa comhleanúnachais na rialacha maidir le tionscnamh agus na nósanna imeachta custaim;

d)

áireamhán rialacha tionscnaimh saor in aisce ar líne a chur chun feidhme go mear mar chéad líne bhreise tacaíochta do FBManna san Aontas maidir le dul i ngleic le castachtaí na rialacha sin i gcomhaontuithe trádála an Aontais;

22.

den tuairim gur gá níos mó a dhéanamh chun faisnéis a scaipeadh maidir le feidhmiú na trádála idirnáisiúnta, go háirithe ar leibhéal na mBallstát agus a n-údarás áitiúil agus réigiúnach, a bhfuil ról lárnach le himirt acu i ngeall ar an eolas atá acu ar FBManna ar an leibhéal áitiúil agus ar an dlúth-theagmháil atá acu leo; á aithint mar sin go bhfuil deis ann do CnaR agus don Choimisiún Eorpach dul ag obair go córasach le chéile chun faisnéis ábhartha a scaipeadh agus chun uirlisí idirghníomhacha ábhartha a fhorbairt, amhail Áireamhán Rialacha Tionscnaimh do FBManna;

23.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an obair shárfhorbartha atá déanta ag an gCoimisiún ar an tairseach ar líne lena gcomhtháthófar dhá bhunachar sonraí, an Bunachar Sonraí um Rochtain ar an Margadh agus an Deasc Chabhrach Trádála;

24.

á chur in iúl, ina theannta sin, gur díol sásaimh dó na huirlisí atá ann cheana a úsáideann an Coimisiún Eorpach chun FBManna san Aontas a chur chun cinn agus chun tacú leo ina n-iarrachtaí idirnáisiúnaithe ionas go mbeidh siad níos iomaíche ar fud an domhain, agus leagann sé béim ar an ngá atá lena áirithiú go nglacfaidh na huirlisí sin cur chuige ón mbun aníos ina gcur i bhfeidhm;

25.

á chur in iúl gur ábhar imní dó na saincheisteanna le comhpháirtithe trádála atá fós gan réiteach mar a chuirtear i láthair iad sa tuarascáil ón gCoimisiún, go háirithe go bhfuil bacainní fós roimh tháirgí an Aontais maidir le rochtain a fháil ar roinnt margaí i dtíortha comhpháirtíochta. Ba cheart ardtosaíocht a thabhairt d’aitheantas frithpháirteach neamh-mhaorlathach maidir le caighdeáin theicniúla;

A áirithiú nach mbeidh neamhionannas i measc réigiúin an Aontais mar thoradh ar rannpháirtíocht eacnamaíoch dhomhanda

26.

tá sé den tuairim, in ainneoin an fháis eacnamaíoch ar an iomlán arna spreagadh ag comhaontuithe saorthrádála, go bhfuil roinnt earnálacha eacnamaíocha ann, mar aon leis na réigiúin ina bhfuil na hearnálacha sin lonnaithe, ar dócha go ndéanfar dochar dóibh;

27.

ag tacú le dearcadh an Choimisiúin go bhfuil acmhainneacht mhór i gcomhaontuithe trádála an Aontais le haghaidh onnmhairí táirgí talmhaíochta ach is ábhar imní dó go dtugtar le tuiscint sa dréacht-tuarascáil eatramhach ar mheasúnú tionchair inbhuanaitheachta don chomhaontú trádála le Mercosur go bhfuil coinne le héifeachtaí diúltacha do cheantair thalamhaíochta agus thuaithe, agus gurb é sin an fáth ar dhiúltaigh Ballstáit áirithe don chomhaontú mar atá sé faoi láthair. Tá CnaR teann air freisin go bhfuiltear chun measúnú a dhéanamh ar chomhaontú Mercosur in aghaidh an chuspóra gáis ceaptha teasa a laghdú. I ndáil leis an méid sin, ba cheart daingniú chomhaontú AE-Mercosur a bheith ag brath ar bhearta lena gcasfar thart buaicleibhéal reatha an dífhoraoisithe in Amasóin na Brasaíle;

28.

á chur i bhfios, i bhfianaise an tsuirbhé a rinne CnaR i gcomhar le Eurochambres maidir le cur chun feidhme comhaontuithe saorthrádála, gur sainaithníodh freisin go bhfuil méadú ar an mbrú iomaíochta ó chuideachtaí eachtrannacha ina ábhar imní nach beag do na réigiúin nuair a thiocfaidh comhaontuithe trádála an Aontais i bhfeidhm (8);

29.

ag cur béim air, mar a leagtar béim air le staidéar EPRS (9) atá bunaithe ar anailís ar shreafaí trádála i roinnt Ballstát, go bhfuil feidhmíocht onnmhairithe na réigiún curtha i gcomhchoibhneas dearfach agus láidir le hOlltáirgeacht Intíre agus go bhfuil an trádáil thar a bheith comhchruinnithe i roinnt réigiún i ngach Ballstát a ndearnadh anailís orthu;

30.

á mheabhrú gur aithin an Coimisiún tionchar neamhchothrom an domhandaithe ó thaobh críche de leis an bPáipéar Machnaimh Harnessing Globalisation [Leas a bhaint as an Domhandú] agus leis an bPáipéar Machnaimh Future of EU Finances [ar a bhfuil i ndán do bheartas airgeadais an Aontais Eorpaigh], inar cuireadh i bhfios, cé go bhfuil tairbhí an domhandaithe ag leathadh go forleathan, gur minic a iompraítear na costais ar an leibhéal áitiúil;

31.

á chur i bhfáth go bhfuil gá le freagairt uile-Aontais chun a áirithiú nach bhfágfar aon duine ná aon réigiún ar gcúl agus na míchothromaíochtaí thuasluaite á réiteach;

32.

den tuairim láidir gur féidir le measúnuithe tionchair chríochaigh a bheith ina n-uirlisí cumhachtacha chun iarmhairtí neamhshiméadracha a d’fhéadfadh a bheith ag comhaontuithe trádála ar réigiúin Eorpacha a shainaithint agus a chainníochtú ag céim luath, rud a fhágann gur féidir na beartais phoiblí cearta a chur ar bun sna críocha lena mbaineann chun déileáil leis an tionchar; á mheas gur gné ríthábhachtach an méid sin agus beartais trádála fhónta, thrédhearcacha agus fianaisebhunaithe á bhfoirmliú;

33.

ag leagan béim ar leith ar ról an bheartais comhtháthaithe maidir le feabhas a chur ar iomaíochas chríocha an Aontais trí infheistíochtaí spriocdhírithe atá curtha in oiriúint do riachtanais aon chríche ar leith in earnálacha tábhachtacha, amhail bonneagair líonra, taighde agus nuálaíocht, FBManna, seirbhísí TF, gníomhú ar son an chomhshaoil agus na haeráide, fostaíocht ar ardchaighdeán agus cuimsiú sóisialta;

34.

á mheabhrú, i bhfianaise na fianaise láidre maidir le patrúin réigiúnacha sa trádáil idirnáisiúnta, go bhfuil sé ríthábhachtach, má tá an tAontas chun léirscaoileadh breise trádála a thabhairt isteach, go ndéantar measúnuithe tionchair roimh gach tionscnamh suntasach sa réimse sin, lena ndírítear ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann ar an leibhéal náisiúnta agus, go háirithe, ar an leibhéal fonáisiúnta;

35.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur mhol an Coimisiún ina Phlean Téarnaimh don Eoraip i mí na Bealtaine 2020 go neartófaí a uirlisí éigeandála, lena n-áirítear an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CECD), agus go mbeadh siad níos solúbtha ionas gur féidir acmhainní a úsáid go tapa agus ar scála nuair is gá. Tá súil ag CnaR go gcuirfidh an Coimisiún a thogra in iúl go pras agus tá sé á athdhearbhú aige (10) ina fhianaise sin go raibh tairseacha cáilitheachta a bhí sách ard (250 iomarcaíocht ar a laghad) (11) agus clúdach íseal buiséid de EUR 225 mhilliún in aghaidh na bliana i gceist leis an togra roimhe seo ó CECD don tréimhse chistiúcháin 2021-2027;

Beartas trádála mar phríomhionstraim chun cur leis an inbhuanaitheacht

36.

den tuairim láidir go bhfuil ról tábhachtach ag beartas trádála chun a áirithiú go mbeidh éifeachtaí dearfacha eacnamaíocha, sóisialta, críochacha agus comhshaoil ag an domhandú do dhaoine agus do ghnólachtaí san Eoraip agus níos faide i gcéin;

37.

á mheabhrú, de réir shuirbhé speisialta Eorabharaiméadair ó 2019 (12), go bhfuil méadú tagtha ar chion na bhfreagróirí a luaigh ábhair imní maidir le tionchair dhiúltacha na trádála idirnáisiúnta ar an gcomhshaol, agus go bhfuarthas amach sa suirbhé céanna go bhfuil méadú tagtha ar líon na bhfreagróirí a chreideann nach mbaineann siad tairbhe as trádáil idirnáisiúnta mar gheall ar a tionchar ar an gcomhshaol;

38.

á mheabhrú gur cheart don Chomhaontú Glas an beartas trádála mar aon leis an mbeartas eacnamaíoch, rialála agus iomaíochta a chomhtháthú mar chuid d’iarracht chuimsitheach chun cabhrú leis an gcomhshaol agus chun uaillmhianta diana comhshaoil a leagan síos d’earnáil na tionsclaíochta ina hiomláine;

39.

den tuairim go bhféadfaí sásra chun dul i ngleic le “sceitheadh carbóin” a úsáid chun cothrom iomaíochta a bhaint amach; á thabhairt dá aire, áfach, nach mór don bheart sin cothromaíocht a bhaint amach idir ábhair imní a bhaineann leis an gcomhshaol, leis an trádáil agus leis an gcothroime ionas nach spreagfar frithbheart in aghaidh onnmhairí ó Bhallstáit, agus, ar an gcaoi sin, a dhéanfadh dochar do thionscail an Aontais;

40.

ag tacú go láidir le plean gníomhaíochta 15 phointe an Choimisiúin mar phríomhionstraim chun go mbeidh caibidlí na Trádála agus na Forbartha Inbhuanaithe (TSD) níos éifeachtaí, caibidlí atá mar chuid de chomhaontuithe trádála nua-aimseartha uile an Aontais. Mar sin féin, ní féidir é sin a chur chun feidhme ach amháin trí bhíthin clásail iomchuí lena bhfágtar gur féidir na ceanglais inbhuanaitheachta a fhorfheidhmiú, a fhíorú agus smachtbhannaí a fhorchur ina leith;

41.

á chur in iúl maidir leis an gceist ar cheart iarmhairtí trádála áirithe (a bhaineann le trádáil) a bheith mar thoradh ar neamhchomhlíonadh forála de chuid na gcaibidlí maidir le TSD go dtacaíonn CnaR leis an tuairim, i gcás tíortha atá i mbun iomaíocht éagórach, mar shampla trí dhul timpeall ar chroíchaighdeáin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair nó ar chaighdeáin inbhuanaitheachta, gur cheart forálacha a dhéanamh freisin maidir le sásraí smachtbhannaí;

42.

ag leagan béim ar an ngá atá ann na caibidlí maidir le TSD i gcomhaontuithe trádála an Aontais a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr trí bhearta boga agus trí úsáid níos fearr a bhaint as acmhainní taidhleoireachta an Aontais agus na mBallstát féin;

43.

á iarraidh freisin go n-áireofaí i gcomhaontuithe saorthrádála AE rialacha dochta maidir le míphraghsáil aistrithe, praghsáil aistrithe chalaoiseach agus imghabháil cánach ag cuideachtaí liostaithe;

44.

ag teacht leis an tuairim gur féidir leis na caibidlí maidir le TSD, tríd an trádáil, feabhas a chur ar dhálaí áirithe, amhail obair chuibhiúil a chur ar fáil, cosaint an chomhshaoil agus an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide, d’fhonn athrú beartais éifeachtach agus inbhuanaithe a bhaint amach (13) i dtríú tíortha; á thabhairt dá aire ag an am céanna, áfach, go n-eascraíonn na saincheisteanna sin as próisis dhaonlathacha laistigh d’ord bunreachtúil tíre ar leith;

45.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó, i ndáil leis sin, cinneadh an Choimisiúin Príomh-Oifigeach Forfheidhmithe Trádála a cheapadh chun dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme cosaintí aeráide, comhshaoil agus saothair atá cumhdaithe i gcomhaontuithe trádála an Aontais, agus tá dóchas nach beag aige go mbunóidh an Príomh-Oifigeach Forfheidhmithe Trádála bealaí láidre cumarsáide leis an tsochaí shibhialta agus le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha; á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach a áirithiú go sannfar dóthain acmhainní ar an Oifig lena áirithiú go mbainfidh sí amach a cuspóirí;

46.

ag tagairt, sa chomhthéacs sin, áfach, do staidéar CnaR ar “ghné dhaonlathach chaibidlíochtaí an Aontais ar chomhaontuithe trádála: ról agus freagrachtaí na saoránach agus na n-údarás réigiúnach agus áitiúil”, ina leagtar béim air nach leor infhaighteacht faisnéise inti féin le próiseas trédhearcach agus rannpháirteach a áirithiú, agus nach mór aird ar leith a thabhairt ar shásraí ar an leibhéal náisiúnta agus áitiúil atá dírithe ar an rochtain ar an bhfaisnéis sin a áirithiú. Go háirithe, tugann na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha le fios go minic nach bhfuil sásra foirmiúil ann le haghaidh idirphlé leis an leibhéal náisiúnta ábhartha ó thaobh an bheartais trádála de, agus is mó fós a bhraitear an easpa sin ar leibhéal an Aontais;

47.

den tuairim, ag an am céanna, nach ceart do bheartas trádála an Aontais an bonn a bhaint d’iarrachtaí cúnaimh forbartha an Aontais i dtríú tíortha agus iarrann sé go mbeadh cur chuige cothrom ann i leith na saorthrádála ó thaobh geilleagair atá níos leochailí de; á mheabhrú a thábhachtaí atá trádáil atá saor agus cothrom, agus béim ar acmhainneacht na bochtaineachta laghdaithe trí chomhtháthú eacnamaíoch idir-réigiúnach agus laistigh den réigiún; á iarraidh go mbeadh comhleanúnachas beartais níos fearr sna hearnálacha idirnáisiúnta trádála agus forbartha, agus tugann sé dá aire go bhfuil an tAontas ag aistriú ó chúnamh forbartha idirnáisiúnta chuig cur chuige comhpháirtíochta níos cothroime;

An tionchar diúltach a bhíonn ag forbairtí uathúla ar earnálacha agus ar réigiúin ar leith a mhaolú

48.

á iarraidh ar na príomhghníomhaithe institiúideacha uile aird ar leith a thabhairt ar na naisc thrádála atá ann cheana idir réigiúin AE-27 agus an Ríocht Aontaithe, lena saineofar den chuid is mó an tionchar a bheidh ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ar a ngeilleagair faoi seach. Ní mór bearta iomchuí a dhéanamh d’earnálacha agus do chríocha a ndéanfaí an-dochar dóibh;

49.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó moltaí an Choimisiúin Eorpaigh chuig an gComhairle an 3 Feabhra 2020 le tús a chur le caibidlíochtaí maidir le comhpháirtíocht nua leis an Ríocht Aontaithe; den tuairim nach mór don Choimisiún Eorpach a áirithiú go gcosnófar leasanna an Aontais sa chomhaontú arna chaibidliú;

50.

á chur in iúl, agus tagairt á déanamh aige do Pháipéar Seasaimh Thoscaireacht na Spáinne chuig Coiste na Réigiún (14), gurb oth leis go bhfágfaidh an cinneadh a rinne na Stáit Aontaithe taraifí breise a thabhairt isteach ar tháirgí Eorpacha, ar fiú USD 7, 496 billiún iad, mar fhrithbheart maidir leis an gcabhair a thug an tAontas Eorpach agus rialtais áirithe de chuid na mBallstát do mhonaróir aerárthaí Airbus, gur táirgí talmhaíochta agus agraibhia a tháirgtear sna Ballstáit is mó a bheidh thíos leis an gcinneadh sin;

51.

á chur i bhfáth gur fhág na taraifí atá curtha ag SAM ar chruach go bhfuil sraonadh mór trádála ar tháirgí cruach ó thríú tíortha agus go bhfuil siad ag teacht isteach sa mhargadh Eorpach i gcainníochtaí atá ag méadú ó shin. Ba cheart athmheasúnú a dhéanamh ar éifeachtacht bhearta cosanta an Aontais maidir leis an gcruach i bhfianaise thimpeallacht eacnamaíoch thionscal na cruach atá buailte, chun tuilleadh dochair do chuideachtaí cruach náisiúnta a sheachaint. Leis an athbhreithniú sin, ba cheart féachaint go sonrach ar na méaduithe a tháinig roimhe seo ar chuótaí taraife a chasadh thart;

Cothrom iomaíochta a áirithiú do chuideachtaí an Aontais i gcóras trádála riailbhunaithe

52.

á mheabhrú go bhfágann smachtbhannaí an Aontais a fhorchuirtear ar chúiseanna geopholaitiúla éagsúla nach mbaineann leis an trádáil go mbíonn frithsmachtbhannaí ann a bhuaileann go díréireach réigiúin áirithe a bhfuil naisc sheanbhunaithe trádála acu sna tríú tíortha sin; den tuairim nach mór cothromaíocht cheart a áirithiú idir bearta cúiteacha a dhéanamh agus iomaíocht a chaomhnú agus gur cheart athmheastóireacht a dhéanamh ar na cláir tacaíochta atá ag an Aontas cheana féin chun tacú le réigiúin atá thíos le cogaí trádála;

53.

ag tarraingt aird ar na hachainíocha a rinneadh le déanaí ar bheartas trádála níos teanntásaí ón Aontas chun teicneolaíochtaí, cuideachtaí agus margaí a chosaint ar chleachtais éagóracha trádála ón taobh amuigh agus tá sé den tuairim go bhfuil beartas trádála níos réamhghníomhaí de dhíth ar an Aontas, beartas a bheadh réidh chun a chuid cuideachtaí a chosaint trí bhearta frithchúitimh iomchuí a choinneodh bord ar bhord leis na forbairtí is déanaí maidir le slabhra luacha agus trí chreat dlíthiúil ceangailteach le haghaidh coinbhleachtaí trádála. Molann CnaR an tacaíocht a thugann an tAontas don iltaobhachas agus na smaointe atá curtha síos aige maidir le hathchóiriú na hEagraíochta Domhanda Trádála, chomh maith le seasamh réamhghníomhach an Choimisiúin maidir leis an tsáinn i ndáil le comhlacht achomhairc na hEagraíochta Domhanda Trádála, i.e. na socruithe eatramhacha achomhairc le Ceanada agus leis an Iorua;

54.

á thabhairt dá aire, áfach, cé gur féidir a bheith ag súil leis go réasúnta nach féidir le haon tír í féin a leithlisiú ón domhandú gan costais ollmhóra a thabhú, go bhfuil fíor-riosca ann go gclisfidh ar an gcóras iltaobhach trádála agus, dá bhrí sin, go gcaithfidh an tAontas machnamh a dhéanamh ar Phlean B;

55.

ag tacú go láidir leis an togra ón gCoimisiún maidir leis an Rialachán um Fhorfheidhmiú a leasú ionas go bhféadfaidh an Coimisiún frithbhearta a spreagadh i gcásanna ina gcuirfeadh comhpháirtí cosc ar an díospóid dul chomh fada sin le go bhféadfaí údarú den sórt sin a dheonú;

56.

ag teacht leis an tuairim gur gá don Aontas iarracht níos ionsaithí a dhéanamh chun an chómhalartacht a áirithiú agus chun dul i ngleic leis an gcaomhnaitheacht maidir leis an rochtain ar mhargaí soláthair i dtríú tíortha;

57.

á chur in iúl gurb oth leis, dá bhrí sin, an easpa dul chun cinn sa chaibidlíocht idirinstitiúideach maidir leis an togra athbhreithnithe le haghaidh Ionstraim um Sholáthar Idirnáisiúnta (15) a thíolaic an Coimisiún in 2016.

An Bhruiséil, an 2 Iúil 2020.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  https://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2020/may/tradoc_158764.pdf

(2)  http://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2018/november/tradoc_157516.pdf

(3)  http://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2017/december/tradoc_156487.pdf

(4)  EPRS, CETA implementation: SMEs and regions in focus,[Ard-Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Taighde Pharlaimint na hEorpa, Cur chun feidhme CETA (Comhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála): ag díriú ar FBManna agus ar réigiúin] staidéar a seoladh arna iarraidh sin do CnaR, 18 Samhain 2019, ar fáil ag http://www.europarl.europa.eu/thinktank/en/document.html?reference=EPRS_IDA(2019)644179

(5)  Flash Eurobarometer 421, Idirnáisiúnú Fiontar Beag agus Meánmhéide, Deireadh Fómhair 2015.

(6)  An Bheilg, an Ghearmáin, an Spáinn, an Iodáil, an Ísiltír agus an Ríocht Aontaithe.

(7)  Eurochambres agus Suirbhé CnaR maidir le “Cur chun feidhme comhaontuithe saorthrádála – dúshláin agus deiseanna do ghnólachtaí agus do réigiúin”, https://cor.europa.eu/en/events/Documents/ECON/Survey_Note_CoR-Eurochambres_Survey_15_November_2019.pdf

(8)  Suirbhé CnaR – EUROCHAMBRES ar chur chun feidhme comhaontuithe saorthrádála, Lúnasa-Deireadh Fómhair 2019.

(9)  EPRS, Interactions between trade, investment and trends in EU industry: EU regions and international trade, staidéar a seoladh arna iarraidh sin do CnaR, an 27 Deireadh Fómhair 2017, ar fáil ag http://www.europarl.europa.eu/thinktank/en/document.html?reference=EPRS_STU(2017)608695

(10)  Opinion of the European Committee of the Regions— Strengthening territorial resilience: empowering regions and cities to face globalisation (IO C 54, 13.2.2018, lth. 32).

(11)  Go háirithe ós rud é nach leagtar síos le clár coibhéiseach na Stát Aontaithe (Trade Adjustment Assistance (TAA)) íostairseach d’iomarcaíochtaí nach mór a bhaint amach.

(12)  https://ec.europa.eu/commfrontoffice/publicopinion/index.cfm/survey/getsurveydetail/instruments/special/surveyky/2246

https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/ip_19_6294

(13)  Parlaimint na hEorpa, Free trade or geo-economics? Trends in world trade [Saorthrádáil nó geo-eacnamaíocht? Treochtaí i dtrádáil dhomhanda], An Roinn Beartais um Chaidreamh Seachtrach, An Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Sheachtracha an Aontais, Meán Fómhair 2019.

(14)  Seasamh Thoscaireacht na Spáinne chuig Coiste na Réigiún maidir leis an tionchar a bheidh ag díospóidí trádála agus bunú taraifí nua maidir le táirgí talmhaíochta agus agraibhia ar gheilleagair réigiúnacha agus áitiúla san Aontas – https://cor.europa.eu/en/news/Pages/US-tariffs-on-EU-agri-food-products.aspx

(15)  https://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2019/march/tradoc_157728.pdf


Top