Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018SC0055

    DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR Dáileadh trasteorann cistí comhinfheistíochta a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le dáileadh trasteorann cistí comhinfheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dáileadh trasteorann cistí comhinfheistíochta

    SWD/2018/055 final - 2018/045 (COD)

    An Bhruiséil,12.3.2018

    SWD(2018) 55 final

    DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

    ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

    FMT:BoldDáileadh trasteorann cistí comhinfheistíochta/FMT

    a ghabhann leis an doiciméad

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
    maidir le dáileadh trasteorann cistí comhinfheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 346/2013

    Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
    lena leasaítear Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dáileadh trasteorann cistí comhinfheistíochta

    {COM(2018) 92 final}
    {COM(2018) 110 final}

    {SWD(2018) 54 final}


    Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

    Measúnú tionchair ar thionscnamh an Choimisiúin d’fhonn na bacainní ar dháileadh trasteorann cistí infheistíochta a laghdú

    A. An gá atá le beart

    Cén fáth? Cén fhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi?

    Le reachtaíocht Eorpach ceadaítear do bhainisteoirí sócmhainní a gcistí infheistíochta a shaothrú faoi nós imeachta an phas ar fud an Aontais, agus é mar chuspóir léi margadh aonair a bhunú do chistí infheistíochta. Cé go bhfuil fás tagtha ar dháileadh trasteorann cistí infheistíochta an Aontais, tá margadh cistí infheistíochta an Aontais fós á eagrú ar bhonn náisiúnta den chuid is mó: Níl 70 % de na Sócmhainní uile faoi Bhainistíocht atá á gcoinneáil ag cistí infheistíochta cláraithe i gcomhair díolacháin ach ina margadh intíre amháin 1 . Níl ach 37 % de GCUInna agus thart ar 3 % de CIManna cláraithe i gcomhair díolacháin i níos mó ná 3 Bhallstát.

    Ina theannta sin, cé go bhfuil margadh an Aontais níos lú, is mó ar fad na cistí atá san Aontas ná i Stáit Aontaithe Mheiriceá, rud a thugann le fios go bhfuil meánmhéid na gcistí san Aontas i bhfad níos lú. Tá tionchar diúltach aige sin ar na barraineachtaí scála is féidir le bainisteoirí sócmhainní san Aontas a bhaint amach agus ar na táillí a bhíonn le híoc ag infheisteoirí. Léirítear leis an measúnú gur dídhreasacht shuntasach i dtaca le dáileadh trasteorann iad bacainní rialála. Baineann na bacainní sin le ceanglais mhargaíochta náisiúnta, táillí rialála agus ceanglais fhógartha agus riaracháin.

    Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo?

    Tá an tionscnamh dírithe ar bhacainní rialála ar dháileadh trasteorann a laghdú trí chastacht gan ghá agus ceanglais throma a bhaint agus trí thrédhearcacht cheanglais náisiúnta a fheabhsú, agus san am céanna cosaint infheisteoirí a choimeád slán.

    Má bhaintear na neamhéifeachtúlachtaí atá i bhfeidhmiú an mhargaidh aonair do chistí infheistíochta, ba cheart go laghdófaí na costais do dháileadh trasteorann. Ba cheart go gcuirfeadh sin dlús leis an bhfás ar dháileadh trasteorann san Aontas, rud a laghdóidh ilroinnt an mhargaidh, a mhéadóidh iomaíocht, agus ar deireadh a dhéanfaidh foráil maidir le tuilleadh deiseanna infheistíochta d’infheisteoirí san Aontas.

    Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais? 

    Mar thoradh ar chur chun feidhme náisiúnta Threoracha GCUI agus BCIM tá léirithe difriúla ar na rialacha is infheidhme maidir le húsáid an phas margaíochta faoin dá Threoir sin. Cé go bhfuil Ballstáit in ann dul i ngleic leis an bhfadhb trí leasú a dhéanamh (go deonach) ar reachtaíocht náisiúnta nó ar chleachtais náisiúnta, féadfar aonfhoirmeacht agus cinnteacht dhlíthiúil maidir le húsáid an phas a áirithiú níos fearr trí ghníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais. Níor éirigh le hiarrachtaí a rinneadh roimhe seo cleachtais (mhaoirseachta) náisiúnta a chóineasú sa réimse seo trí ÚEUM an fhadhb shainaitheanta a réiteach. Mar sin de, is ar leibhéal an Aontais is éifeachtúla is féidir dul i ngleic leis na bacainní atá go fóill ann i dtaca le dáileadh trasteorann cistí infheistíochta ar fud an Aontais.

    B. Réitigh

    Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a breithníodh? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Cén fáth? 

    Tá sé mar aidhm leis na roghanna beartais a ndearnadh a mheas dul i ngleic le castacht gan ghá agus neamhchinnteacht dhlíthiúil na rialacha atá ann cheana maidir le dáileadh trasteorann cistí, trédhearcacht na rialacha sin a mhéadú, agus cosaint infheisteoirí a choimeád slán. De bharr gur creat rialála teicniúil agus mionsonraithe é an creat lena bhfuiltear ag dul i ngleic, tá roghanna beartais sonracha forbartha do gach príomhchúis faidhbe. Rinneadh roghanna reachtacha agus neamhreachtacha a mheas. Ba é an rogha thosaíochta i dtaca le roinnt príomhchúiseanna faidhbe an trédhearcacht ar an leibhéal náisiúnta agus/nó leibhéal an Aontais a mhéadú, agus sainaithníodh tuilleadh comhchuibhithe mar an bealach is fearr chun cinn i dtaca le príomhchúiseanna faidhbe eile. Seo a leanas na roghanna beartais a coinníodh:

    ·I dtaca leis an easpa trédhearcachta maidir le ceanglais náisiúnta, feabhsaítear trédhearcacht ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais i leith ceanglais mhargaíochta náisiúnta agus táillí rialála.

    ·I dtaca le ceanglais mhargaíochta náisiúnta éagsúla, tugtar isteach sainmhíniú comhchuibhithe ar an réamh-mhargaíocht 2 agus déantar an próiseas a bhaineann le hábhair mhargaíochta a sheiceáil a leagan amach ar bhealach níos soiléire.

    ·I dtaca le táillí rialála éagsúla, tugtar isteach prionsabail ardleibhéil d’fhonn níos mó comhsheasmhachta a áirithiú sa dóigh ina ndéantar táillí rialála a chinneadh.

    ·I dtaca le ceanglais riaracháin, fágtar an rogha i ngeall le conas saoráidí a chur ar fáil chun tacú le hinfheisteoirí áitiúla (trí bhíthin láithreacht áitiúil nó ar bhonn leictreonach) faoin mbainisteoir sócmhainní, ach tugtar isteach coimircí d’infheisteoirí 3 .

    ·I dtaca le ceanglais fógartha, tugtar isteach tuilleadh comhchuibhithe ar na nósanna imeachta agus ar na ceanglais maidir le fógraí a nuashonrú agus maidir le fógraí a chur ar ceal maidir le húsáid an phas margaíochta.

    Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na bearta is rogha leo 

    Tá bainisteoirí sócmhainní go mór i bhfabhar bacainní rialála a laghdú. Ní aontaíonn siad, áfach, faoi cibé an trí ghníomhaíocht reachtach nó neamhreachtach is fearr a bhainfear sin amach. Tacaíonn comhlachais infheisteoirí freisin le deireadh a chur le bacainní rialála d’fhonn roghanna infheisteoirí a mhéadú; ar choinníoll, áfach, go ndéanfar cosaint infheisteoirí a choimeád slán. Tacaíonn údaráis inniúla náisiúnta agus Ballstáit freisin le bacainní rialála ar dháileadh trasteorann cistí a laghdú. D’ainneoin sin, b’fhearr le mórchuid na núdarás inniúil bearta neamhreachtacha. Thairis sin, leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé go mbeidh siad go fóill in ann cosaint infheisteoirí a áirithiú, lena náirítear i ndlínsí Ballstát is óstach.

    C. Tionchar na rogha tosaíochta

    Cad iad buntáistí na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad buntáistí na bpríomhroghanna)? 

    Tá tairbhí follasacha le baint ag bainisteoirí sócmhainní agus infheisteoirí araon as na roghanna tosaíochta.

    ·Laghdófar costais chomhlíonta go suntasach leis na roghanna tosaíochta tríd an leibhéal trédhearcachta a bhaineann le ceanglais náisiúnta a chomhchuibhiú agus a mhéadú a thuilleadh. Maidir le cistí trasteorann atá ann cheana, measfar go neascróidh coigilteas costais €306 mhilliún in aghaidh na bliana ar a laghad as na roghanna tosaíochta. Ina theannta sin, measfar go roghnóidh tuilleadh bainisteoirí sócmhainní dáileadh trasteorann a dhéanamh ar a gcistí nó na gníomhaíochtaí trasteorann atá ar bun acu a mhéadú.

    ·Leis na roghanna tosaíochta coimeádtar cosaint infheisteoirí slán agus ba cheart ar deireadh go méadófaí na roghanna a bheidh ag infheisteoirí. Go háirithe rachaidh an éifeacht sin chun tairbhe d’infheisteoirí ó Bhallstáit ina bhfuil margaí nach bhfuil ar fáil iontu faoi láthair ach roghanna teoranta agus ina bhfuil cuid mhór táirgí intíre.

    Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann dóibh; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)? 

    Níl aon tionchar suntasach diúltach ag na roghanna tosaíochta ar an ngeilleagar, ar an tsochaí nó ar an gcomhshaol. Cruthaíonn na roghanna tosaíochta costais theoranta forfheidhmiúcháin. Baineann na costais sin le húdaráis inniúla náisiúnta agus le ÚEUM. Mar shampla, cuirfear de chúram ar ÚEUM bunachar sonraí a bhunú i dtaca le fógraí trasteorann chomh maith le háireamhán táillí rialála. Bainfidh údaráis inniúla náisiúnta agus UEUM tairbhe as an mbunachar sonraí fógraí freisin, áfach, mar go gcuirfidh sé ar a gcumas dóibh anailís níos fearr a dhéanamh ar dháileadh trasteorann cistí infheistíochta.

    Cén difear a dhéanfar do ghnólachtaí, do FBManna agus do mhicrifhiontair?

    Trí bhacainní rialála a laghdú, laghdófar na costais a bhaineann le dáileadh trasteorann cistí. Rachaidh na laghduithe sin ar chostais chun tairbhe do bhainisteoirí cistí beaga go háirithe, mar go bhfuil tionchar níos mó ag na costais a bhaineann le bacainní rialála ar na bainisteoirí sin.

    Cé nach bhfuil tionchar díreach ag na roghanna beartais molta ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), bainfidh siad tairbhe go hindíreach as an tionscnamh ós rud é go méadófar infhaighteacht maoiniúcháin do FBManna a thairgtear trí chistí infheistíochta - go háirithe cistí caipitil fiontair - mar gheall ar mhéadú ar dháileadh trasteorann na gcistí infheistíochta sin.

    An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta?

    Is beag na costais forfheidhmiúcháin a bheidh ann ar an leibhéal náisiúnta.

    An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist? 

    Níl aon tionchar suntasach eile ann.

    D. Iarobair

    Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

    Tráth nach luaithe ná cúig bliana tar éis dháta trasuí na dTreoracha atá mar chuid den tionscnamh reachtach seo (Treoracha GCUI agus BCIM), déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme na Treorach agus an Rialacháin. Beidh an Coimisiún ag brath ar chomhairliúcháin phoiblí agus ar phléití leis an ÚEUM agus le húdaráis inniúla. Déanfar an mheastóireacht sin i gcomhréir le Treoirlínte an Choimisiúin maidir le rialáil níos fearr. 

    (1) Áirítear leis sin cistí ‘turas fillte’ mar a thugtar orthu, i.e. i gcás ina gcláraíonn bainisteoir sainchónaí ciste i mBallstát eile agus nach ndéanann ach é a dháileadh ar ais ar an margadh ina bhfuil sé lonnaithe.
    (2) Ní bhaineann sé seo ach leis an Treoir maidir le BCIM agus léi sin amháin.
    (3) Ní bhaineann sé seo ach leis an Treoir maidir le GCUI agus léi sin amháin.
    Top