Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018SC0051

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceist na mbannaí faoi chumhdach agus na maoirseachta poiblí ar bhannaí faoi chumhdach lena leasaítear Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2014/59/AE Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le neamhchosaintí i bhforim bannaí faoi chumhdach

SWD/2018/051 final - 2018/042 (COD)

An Bhruiséil,12.3.2018

SWD(2018) 51 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

a ghabhann leis an doiciméad

Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceist na mbannaí faoi chumhdach agus na maoirseachta poiblí ar bhannaí faoi chumhdach lena leasaítear Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2014/59/AE

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le neamhchosaintí i bhforim bannaí faoi chumhdach

{COM(2018) 94 final}
{COM(2018) 93 final}

{SWD(2018) 50 final}


Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

Measúnú tionchair ar thogra le haghaidh Tionscnaimh maidir le creat comhtháite bannaí faoi chumhdach

A. An gá atá le beart

Cén fáth? Cén fhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi?

Tá infheistiú agus cruthú post ar phríomhchuspóirí an Aontais. Mar chuid d’Aontas na Margaí Caipitil tá roinnt tionscnamh seolta ag an Aontas chun maoiniú a chur ar fáil ar mhaithe le fás na hEorpa agus chun maoiniú margaí a spreagadh. Is foinse thábhachtach maoinithe saoire agus fadtéarmaí do bhainc iad na bannaí faoi chumhdach. Éascaíonn siad maoiniú na niasachtaí morgáiste agus na hearnála poiblí, agus dá réir sin tacaíonn siad le hiasachtú níos leithne.

Mar sin féin, tá margaí bannaí faoi chumhdach forbartha go míchothrom ó Bhallstát go Ballstát sa Mhargadh Aonair. Tá siad an-mhór i roinnt Ballstát agus níos lú i mBallstáit eile. Cé go dtugtar láimhseáil stuamachta fhabhrach do bhannaí faoi chumhdach mar gheall ar na rioscaí níos ísle a bhaineann leo, níl sainmhíniú iomlán i ndlí an Aontais ar cad is banna faoi chumhdach ann.

Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo?

Ar an gcéad dul síos, beidh sé de sprioc ag an tionscnamh cumas na ngníomhaithe airgeadais infheistíocht a dhéanamh sa gheilleagar i gcoitinne a threisiú trí úsáid bannaí faoi chumhdach na ninstitiúidí creidmheasa a éascú. Féachtar leis an tionscnamh seo le margaí bannaí faoi chumhdach a chur ar bun agus a fhorbairt i mBallstáit nach bhfuil a leithéid acu faoi láthair nó a bhfuil margaí tearcfhorbartha acu mar bhealach chun an fíorgheilleagar a mhaoiniú i gcomhréir le cuspóirí Aontas na Margaí Caipitil. Féachtar leis freisin leis an mbonn infheisteoirí a éagsúlú (faoi láthair is iad na bainc a cheannaíonn formhór na mbannaí faoi chumhdach); infheistíochtaí laistigh den Aontas a spreagadh a thuilleadh; agus níos mó infheisteoirí ó thríú tíortha a mhealladh.

Ar an dara dul síos, tabharfar aghaidh leis an tionscnamh ar ábhair imní stuamachta a atá ann ós rud é nach bhfuil sainmhíniú iomlán go leor ar na príomhghnéithe lena sainaithnítear banna faoi chumhdach i ndlí an Aontais faoi láthair. De bharr na príomhghnéithe sin a bheith comhchuibhithe ar leibhéal níos airde, ba cheart go náiritheofaí go dtabharfaí an láimhseáil fhabhrach atá i roinnt píosaí de dhlí an Aontais do bhannaí faoi chumhdach a chomhroinneann íoslíon saintréithe coiteanna, rud a d'áiritheodh fóntacht stuamachta agus ardleibhéal cosanta infheisteoirí. Áireofar sa tionscnamh freisin leasuithe spriocdhírithe ar na ceanglais faoina dtugtar láimhseáil fhabhrach chaipitil d’institiúidí creidmheasa a infheistíonn i mbannaí faoi chumhdach faoin Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil.

Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais? 

Maidir le hacmhainneacht Aontas na Margaí Caipitil, is é leibhéal an Aontais an leibhéal is éifeachtaí chun dul i ngleic le difríochtaí suntasacha i gcreataí rialála náisiúnta, cleachtais éagsúla na mBallstát sa mhargadh agus ar leibhéal rialála, ilroinnt sa mhargadh aonair agus easpa comhchuibhithe a chuireann isteach ar infheistíochtaí trasteorann.

Ar an dara dul síos, i dtaca le hábhair imní stuamachta, is é is cúis leo nach bhfuil sainmhíniú cuimsitheach i ndlí an Aontais ar cad is banna faoi chumhdach ann. Tá gá le gníomhaíocht ón Aontais chun cad is banna faoi chumhdach ann a shainmhíniú a thuilleadh chun a áirithiú go mbeidh an láimhseáil fhabhrach reatha, a dheonófar faoi dhlí an Aontais atá ann cheana, fónta ó thaobh na stuamachta de.

Mar sin féin, ba cheart gníomhaíocht den chineál sin margaí dea-fhorbartha atá ann cheana a chaomhnú agus níor cheart í a bheith dírithe ach ar an meid atá fíor-riachtanach chun sainmhíniú coiteann ar shaintréithe banna faoi chumhdach a chur ar fáil.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a breithníodh? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Cén fáth? 

Tá measúnú déanta ag an gCoimisiún ar roinnt roghanna beartais lena mbaintear na cuspóirí thuas amach go pointí éagsúla. Is é an cás bonnlíne an status quo atá ann faoi láthair (i.e. gan ghníomh). Tá réimse roghanna ann freisin atá éagsúil maidir le tréine comhchuibhithe, ó rogha neamhrialála go roghanna a bhfuil comhchuibhiú iomlán i gceist leo. Go sonrach:

·Bonnlíne: gan aon ní a dhéanamh;

·Rogha 1: Rogha neamhrialála;

·Rogha 2: Comhchuibhiú íosta bunaithe ar na córais náisiúnta;

·Rogha 3: Comhchuibhiú iomlán in ionad na gcóras náisiúnta; nó

·Rogha 4: an 29ú córas a bheith á oibriú comhthreomhar leis na córais náisiúnta.

Is é an rogha thosaíochta comhchuibhiú íosta bunaithe ar na córais náisiúnta. Le Rogha 2 baintear formhór chuspóirí an tionscnaimh amach ar chostas réasúnta. Ina theannta sin, baintear comthromaíocht amach go hiomchuí idir an leibhéal solúbthachta is gá chun dul in oiriúint do thréithe éagsúla na mBallstát agus an aonfhoirmeacht atá riachtanach chun comhleanúnachas ar leibhéal an Aontais a bhaint amach. Is dócha gurb í an rogha is éifeachtaí í chun na cuspóirí a bhaint amach, agus ag an am céanna beidh sí éifeachtúil agus íoslaghdóidh sí cur isteach agus costais idirthréimhseacha. Lena chois sin, as na roghanna a measadh, tá sí ar an rogha is uaillmhianaí ó thaobh rialála de, agus ag an am céanna is í an cur chuige í ag a bhfuil an tacaíocht is mó ó pháirtithe leasmhara.

Cé a thacaíonn leis na roghanna éagsúla? 

Tacaíonn tromlach na bpáirtithe leasmhara le Rogha 2. Áirítear leis sin, infheisteoirí institiúideacha, maoirseoirí, na Ballstáit agus ionadaithe ó earnáil na mbannaí faoi chumhdach. Bhí ÚBE (tuarascáil 2016), BCE, Parlaimint na hEorpa (Tuarascáil Iúil 2017), maoirseoirí náisiúnta agus Eorpacha i bhfabhar gníomhaíocht láidir ar son tionscnamh a bheadh mórán mar an gcéanna ó thaobh cineáil agus ábhair de. Tá tromlach na mBallstát i bhfabhar na rogha seo freisin, iad siúd ina bhfuil na margaí is mó ar fad san áireamh. Tá Comhairle Eorpach na mBannaí faoi Chumhdach, a dhéanann ionadaíocht ar an earnáil, i bhfabhar na rogha seo freisin.

C. Tionchair na rogha tosaíochta

Cad iad buntáistí na rogha tosaíochta? 

Dá gcuirfí an rogha seo i bhfeidhm bhunófaí margaí bannaí faoi chumhdach in áiteanna nach bhfuil siad ann fós nó chothófaí iad in áiteanna ina bhfuil siad tearcfhorbartha, rud a chuirfeadh idir 50 % agus 75 % den tagarmharc EUR 342 billiún leis an eisiúint. Laghdófaí costais chistithe na neisitheoirí freisin. Ar leibhéal an chomhiomlánaithe, bhainfí amach coigilteas costais idir 50 % agus 75 % den tagarmharc EUR 2.2-2.7 billiún in aghaidh na bliana. Chuirfí le héagsúlú an bhoinn infheisteoirí (60 % d’infheisteoirí lasmuigh de na bainc), d’éascófaí infheistíochtaí trasteorann agus mheallfaí infheisteoirí ó thríú tíortha (16.5 % d’infheistíochtaí ó thríú tríortha le haghaidh EUR 80 billiún breise in aghaidh na bliana ó lasmuigh den Aontas). Ar an iomlán, chuideofaí le coigilteas idir 50 % agus 75 % den tagarmharc EUR 1.5-1.9 billiún in aghaidh na bliana ar chostais iasachtaíochta an fhíorgheilleagair a bhaint amach. Leis an rogha seo, thabharfaí aghaidh ar ábhair imní stuamachta, agus ar abhair imní faoi nuálaíocht sa mhargadh freisin, agus d'ailíneofaí gnéithe struchtúrtha an táirge le láimhseáil stuamachta fhabhrach ar leibhéal an Aontais, rud a bheadh ina thairbhe ó thaobh stuamachta de. Ar deireadh, neartófaí cosaint infheisteoirí agus laghdófaí costais díchill chuí na ninfheisteoirí.

Cad iad costais na rogha tosaíochta?

Baineann an rogha thosaíochta formhór chuspóirí an tionscnaimh amach ar chostas réasúnta mar go gcónaisctear léi go leor solúbthachta chun dul in oiriúint do ghnéithe éagsúla na mBallstát chun comhleanúnachas le haghaidh bannaí faoi chumhdach ar leibhéal an Aontais a bhaint amach. Faoin rogha thosaíochta meastar go méadófar costais riaracháin dhíreacha, idir costais aon uaire agus chostais athfhillteacha, ar eisitheoirí i ndlínsí ísealchostais. Mhéadófaí costais na maoirseoirí freisin, agus go háirithe i ndlínsí ina ndéantar maoirseacht éadrom mar go bhfuiltear ag súil go dtarraingeofar le chéile iad i dtreo an tagarmhairc atá ag dlínsí ardchostais. Os a choinne sin, ní ardófar costais na ninfheisteoirí. Laghdófar na gnéithe feabhsaithe creidmheasa a bhaineann leis na rialacha tuartha costais díchill chuí na ninfheisteoirí.

Cén difear a dhéanfar do ghnólachtaí, do FBManna agus do mhicrifhiontair?

Bheadh roinnt de na tionchair dhearfacha dhíreacha agus indíreacha chéanna ar mhaoiniú FBManna ag an rogha bheartais a ghlacfaí. Mar sin féin, d'eascródh an buntáiste ba shuntasaí le haghaidh FBManna as an tionscnamh ar Nóta Urraithe Eorpach (ESN) ar tionscnamh comhthreomhar ar leith é, mar atá mínithe ag tosach an mheasúnaithe tionchair seo.

An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta? 

Ní imreofar.

An imreofar tionchair shuntasacha eile? 

Ní imreofar.

D. Obair leantach

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

D’fhéadfaí an chéad athbhreithniú ar an gcreat nua a dhéanamh 2-3 bliana tar éis a teacht i bhfeidhm.

Top