EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0365

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le gníomhaíocht an Aontais tar éis a aontachais le hAcht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha

COM/2018/365 final

An Bhruiséil,27.7.2018

COM(2018) 365 final

2018/0189(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le gníomhaíocht an Aontais tar éis a aontachais le hAcht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Baineann an togra seo leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le haontachas an Aontais le hAcht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha ("Acht na Ginéive").

Is éard is aidhm don togra seo ón gCoimisiún an creat dlíthiúil a áirithiú faoinar féidir leis an Aontas páirt a ghlacadh ar dhóigh éifeachtach in Aontas Liospóin-EDMI (Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil) ach an tAontas a bheith ina pháirtí conarthach le hAcht na Ginéive.

Le hAirteagal 9 d’Acht na Ginéive bunaítear gealltanas ó thaobh gach Páirtí Chonarthaigh sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha atá cláraithe a chosaint ar a chríoch féin, laistigh dá chóras dlí agus dá chleachtas dlí féin ach sin a bheith i gcomhréir le téarmaí an Achta seo, faoi réir aon diúltú, aon tréigean ó thaobh an Pháirtí Chonarthaigh Tionscnaimh, aon neamhbhailíochtú, nó aon chealú a ngabhfaidh éifeacht leo i ndáil lena chríoch. Foráiltear le hAirteagal 6(5)(a) d’Acht na Ginéive go ndéanfar sonrúchán tionscnaimh nó tásc geografach atá cláraithe a chosaint ó dháta an chlárúcháin idirnáisiúnta i gcás gach Páirtí Chonarthaigh nár dhiúltaigh an chosaint sin i gcomhréir le hAirteagal 15 nó a chuir fógra maidir le deonú na cosanta sin chuig Biúró Idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil i gcomhréir le hAirteagal 18. Sonraítear i Riail 9(1)(b) de na Comhrialacháin faoi Chomhaontú Liospóin agus faoi Acht na Ginéive den Chomhaontú sin (na "Comhrialacháin") go dtabharfar fógra faoin diúltú laistigh de thréimhse bliana ón tráth a bhfuarthas an fógra faoin gclárú idirnáisiúnta faoi Airteagal 6(4). I gcás Airteagal 29(4), féadfar síneadh bliana eile a chur leis an teorainn ama sin.

Ina fhianaise sin, nuair a dhéanfar Páirtí Conarthach in Acht na Ginéive den Aontas, ba cheart dó liosta de thásca geografacha AE arna tharraingt ó chláir an Aontais Eorpaigh de thásca geografacha (atá le comhaontú i gcomhar le Ballstáit an Aontais) a chur isteach le haghaidh a gcosanta faoi Chóras Liospóin. Ba cheart an liosta sin a shocrú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, ag leanúint an chleachtais agus na modheolaíochta seanbhunaithe a úsáidtear le haghaidh cuid de na comhaontuithe idirnáisiúnta déthaobhacha maidir le tásca geografacha atá tugtha i gcrích ag an Aontas (á gcur san áireamh an luach táirgeachta agus an luach onnmhairiúcháin, cosaint faoi chomhaontuithe eile chomh maith le mí-úsáid reatha nó fhéideartha sna tríú tíortha lena mbaineann agus cothromaíocht idir na Ballstáit), á cur san áireamh scóip na dtásc geografach atá cláraithe ag na tríú tíortha ar páirtithe i gcomhaontú Liospóin iad. Tar éis aontachas an Aontais Eorpaigh le hAontas Liospóin, beifear in ann iarratais a dhéanamh maidir le clárú idirnáisiúnta tásc breise geografach arna gcosaint agus arna gclárú san Aontas ar thionscnamh an Choimisiúin nó arna iarraidh sin do Bhallstát nó do ghrúpa leasmhar táirgeoirí.

Ba cheart nósanna imeachta iomchuí a chur ar bun maidir le measúnú an Choimisiúin ar shonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha ar de thionscnamh tríú páirtithe conarthacha iad agus atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta agus maidir leis an nós imeachta cur i gcoinne gaolmhar, á gcur san áireamh sainiúlachtaí Acht na Ginéive.

Déanfaidh an tAontas sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha ar de thionscnamh tríú páirtithe conarthacha iad agus atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta a fhorfheidhmiú i gcomhréir le Caibidil III d’Acht na Ginéive. Le hAirteagal 14 d’Acht na Ginéive go háirithe ceanglaítear ar gach páirtí conarthach leigheasanna éifeachtacha dlí a chur ar fáil chun sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha atá cláraithe a chosaint agus ceanglaítear orthu a fhoráil go bhféadfadh údarás poiblí nó aon pháirtí leasmhar, cibé acu duine nádúrtha nó eintiteas dlíthiúil é agus cibé acu poiblí nó príobháideach é, ag brath ar a chóras dlí agus a chleachtas dlí féin, imeachtaí dlí a thionscnamh le cosaint na sonrúchán agus na dtásc sin a áirithiú. Ba cheart go bhféadfadh réamh-thrádmharcanna agus sonrúcháin tionscnaimh nó tásca geografacha atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta dá ndeonaítear cosaint san Aontas nó a úsáidtear ann, ba cheart go bhféadfaidís sin a bheith bailí go comhuaineach i gcás ina gcomhlíonfar mutatis mutandis na coinníollacha a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012.

Is baill d’Aontas Liospóin seacht mBallstát den Aontas Eorpach agus amhlaidh sin tá glactha acu le cosaint ainmneacha (sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha) i dtríú tíortha. Chun na hacmhainní a thabhairt dóibh le gur féidir leo na hoibleagáidí idirnáisiúnta a ghlac siad orthu féin a chomhlíonadh sular aontaigh an tAontas Eorpach le hAontas Liospóin, ba cheart socrú idirthréimhseach a chur ar bun a mbeadh éifeachtaí ar an leibhéal náisiúnta aige ach nach mbeadh aon éifeachtaí aige ar an trádáil laistigh den Aontas ná ar an trádáil idirnáisiúnta.

Is den chothroime, is cosúil, gur ar an mBallstát, ar dá thionscnamh an sonrúchán tionscnaimh nó an tásc geografach, a thitfeadh na táillí a bheidh le híoc faoi Acht na Ginéive agus faoi na Comhrialacháin chun iarratas a dhéanamh chuig an mBiúró Idirnáisiúnta maidir le sonrúchán tionscnaimh nó tásc geografach a chlárú go hidirnáisiúnta maille leis na táillí a bheidh le híoc i ndáil le hiontrálacha eile sa Chlár Idirnáisiúnta agus le soláthar sleachta, fianuithe agus faisnéise eile a bhaineann le hábhar an chlárúcháin idirnáisiúnta sin.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

I dtaca le táirgí talmhaíochta, tá córais cosanta tásc geografach (GI) de chineál aonfhoirmeach agus uileghabhálach i bhfeidhm ag an Aontas Eorpach le haghaidh fíonta (1970), biotáillí (1989), fíonta cumhraithe (1991) agus táirgí agus earraí bia talmhaíochta eile (1992). Trí bhíthin na gcóras sin, déantar na hainmneacha faoi chosaint atá ar na táirgí arna gcumhdach a chosaint go forleathan san Aontas Eorpach bunaithe ar phróiseas aonair iarratais. Faoi láthair leagtar síos na príomhfhorálacha le haghaidh fíonta i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 an 17 Nollaig 2013, le haghaidh fíonta cumhraithe i Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 an 26 Feabhra 2014, le haghaidh biotáillí i Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 an 15 Eanáir 2008, agus le haghaidh táirgí agus earraí bia talmhaíochta i Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 an 21 Samhain 2012.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra comhsheasmhach le beartas ginearálta an Aontais Eorpaigh maidir le cosaint tásc geografach a chur chun cinn agus a fheabhsú trí chomhaontuithe déthaobhacha, réigiúnacha agus iltaobhacha.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

I bhfianaise ábhar an Chonartha, ba cheart an Rialachán seo a bheith bunaithe ar Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Tá inniúlacht eisiach ag an Aontas chun Acht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin a thabhairt i gcrích. Leanann sin ó bhreith Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 25 Deireadh Fómhair 2017 i gcás C-389/15 – an Coimisiún vs. An Chomhairle – inar soiléiríodh go raibh an dréacht leasaithe de Chomhaontú Liospóin, i.e. Acht na Ginéive, dírithe go bunúsach ar an trádáil idir an tAontas Eorpach agus na tríú Stáit a éascú agus a rialú agus, ina theannta sin, go raibh sé ceaptha ar shlí a d’fhágfadh éifeachtaí díreacha agus láithreacha aige ar an trádáil sin, ionas gur tháinig caibidlíocht an chomhaontaithe sin faoin inniúlacht eisiach a bhronntar le hAirteagal 3(1) CFAE ar an Aontas Eorpach i réimse an chomhbheartais tráchtála dá bhforáiltear in Airteagal 207(1) CFAE. 

I gcomhréir le hAirteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta maidir le réimsí ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas.

Comhréireacht

Na bearta atá beartaithe chun an cuspóir i dtaca leis an Aontas a chumasú le páirt a ghlacadh in Aontas Liospóin ar shlí a áiritheoidh cosaint leordhóthanach sonraí geografacha AE, ní théann siad thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

An rogha ionstraime

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ionstraim iomchuí dlí chun ballraíocht an Aontais Eorpaigh in Aontas Liospóin a chur chun feidhme ós rud é go n-áirithítear leis sainchumas reachtach an dá institiúid.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Foilsíodh an Treochlár maidir le haontachas an Aontas Eorpaigh le hAcht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha an 21 Nollaig 2017 agus ba é an spriocdháta do bharúlacha na ngeallsealbhóirí an 18 Eanáir 2018. 8 mbarúil a fuarthas roimh an spriocdháta. Cé is moite d’aon cheann amháin díobh, bhí na barúlacha sin dearfach den chuid ba mhó a fhad a bhaineann leis an tionscnamh agus bhí siad i bhfách le haontachas an Aontais Eorpaigh. I dtrí cinn de na barúlacha sin, áitíodh gur cheart don Aontas Eorpach an plé faoi aitheantas agus cosaint tásc geografach neamhthalmhaíochta a chur chun cinn. In dhá bharúil cuireadh i gcoinne an ghearrliosta ó ba é ba thuairim acu gur cheart an uile thásc geografach de chuid an Aontais Eorpaigh a bheith incháilithe le haghaidh cosaint a fháil faoi Acht na Ginéive.

Bailiú agus úsáid saineolais

Sa staidéar a rinne AND International i mí Dheireadh Fómhair 2012 dar teideal "Value of production of agricultural products and foodstuffs, wines, aromatised wines and spirits protected by a geographical indication (GI)" [Luach táirgeachta táirgí agus earraí bia talmhaíochta, fíonta, fíonta cumhraithe agus biotáillí atá faoi chosaint táisc gheografaigh (TG)] (http://ec.europa.eu/agriculture/external-studies/value-gi_en) aithníodh roinnt tairbhí a bhain le beartas TG an Aontais Eorpaigh i dtaca le tomhaltóirí (dearbhú cáilíochta), táirgeoirí (an córas a bheith oscailte don uile tháirgeoir ach na ceanglais cháilíochta a chomhlíonadh; iomaíocht chóir, praghasbhiseach; cosaint éifeachtúil), an tsochaí i gcoitinne (táirgí luachmhara a nascadh le ceantair thuaithe; caomhnú traidisiún, athnascadh táirgeoirí agus tomhaltóirí) agus an comhshaol (táirgí traidisiúnta a nascadh le tírdhreacha agus le córais feirmeoireachta). De thoradh sonraí eacnamaíocha faoi na 2768 TG a cláraíodh i 27 mBallstát an Aontais idir 2005 agus 2010 a mheas, fuarthas amach sa staidéar go háirithe go raibh praghas táirge TG 2.23 oiread níos airde ná praghas táirge chomhfhreagraigh nach táirge TG é. Ba é EUR 54.3 billiún (5.7 % d’iomlán earnáil bhia agus deochanna an Aontais Eorpaigh) luach díola TGanna an Aontais Eorpaigh (don uile earnáil) in 2010; is é EUR 11.5 billiún (15 % d’onnmhairí earnáil bhia agus deochanna an Aontais Eorpaigh) luach onnmhairiúcháin measta TGanna an Aontais Eorpaigh. 

Measúnú tionchair

Níl measúnú tionchair, plean cur chun feidhme ná comhairliúchán poiblí áirithe sna ceanglais maidir le Rialáil Níos Fearr.

Soiléirítear sna Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr nár cheart measúnú tionchair a dhéanamh ach amháin nuair a bheadh tairbhe leis agus gur ar bhonn gach cáis faoi leith a mheasfaí sin. I bprionsabal, ní bheidh measúnú tionchair de dhíth nuair is beag rogha atá le fáil ag an gCoimisiún. Is é a dhála céanna ag an gcás seo é ós rud é go bhfuil gá le haontachas le hAcht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i bhfianaise inniúlacht eisiach an Aontais maidir le hábhair a chumhdaítear le hAcht na Ginéive agus ós rud é gur loighciúil sin a dhéanamh i bhfianaise an phróisis athbhreithniúcháin a rinne an tAontas Eorpach i leith chóras Liospóin. Tá gá leis na bearta atá beartaithe sa dréacht-Rialachán lena áirithiú go gcuirfidh an tAontas Eorpach Acht na Ginéive i bhfeidhm go hiomchuí.

Bheadh roinnt buntáistí ann don Aontas Eorpach dá ndéanfaí ball de. D'áiritheofaí leis sin go mbeadh na TGanna atá cláraithe ar leibhéal an Aontais Eorpaigh faoi láthair agus na TGanna a bheidh cláraithe ar an leibhéal sin amach anseo, ach gan iad a bheith cláraithe ag na 7 mBallstát ar baill d’Aontas Liospóin iad, d’áiritheofaí leis sin go mbeidís sin incháilithe ar chosaint a fháil faoi chóras Liospóin. I bprionsabal d’fhéadfadh sé, i gcás gach páirtí reatha in Acht na Ginéive agus i gcás gach páirtí ann sa todhchaí, go bhfaigheadh TGanna an Aontais Eorpaigh cosaint mhear ardleibhéil go ceann tréimhse éiginnte. D’fhágfadh an clár iltaobhach bunaithe méadú ar chlú na TGanna Eorpacha i ngeall ar scála leathan geografach na cosanta a thugtar faoi Acht na Ginéive. De thoradh an fheabhais a thiocfaidh ar an gcosaint idirnáisiúnta a dhéantar ar TGanna tar éis aontachas an Aontais Eorpaigh, táthar ag súil leis go neartófar agus go gcuirfear, b’fhéidir, leis an dea-thionchar a bheidh ag cosaint TGanna ar an bhfás cuimsitheach agus ar an bhfostaíocht in earnáil na talmhaíochta, ar an trádáil agus na sreabha infheistíochta, ar iomaíochas gnólachtaí agus FBManna go háirithe, agus ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus ar an iomaíocht, agus ar chosaint cearta maoine intleachtúla (CMI). Tá maoin intleachtúil feirmeoirí agus táirgeoirí bia i dtaca lena dtáirgí atá faoi chosaint TG i mbaol a dúshaothraithe agus a cailliúna, go háirithe sna margaí domhanda. I dtaca le haontachas an Aontais Eorpaigh le córas Liospóin, ba chuidiú é sin do gheallsealbhóirí tuaithe a bhfuil luachmhar ar an leibhéal áitiúil a chosaint ar an leibhéal domhanda. Ar an gcaoi sin, chuirfí i gcoinne an treochta is coitianta de dhroim an domhandaithe, mar atá an claonadh i dtreo caighdeáin aonfhoirmeacha tráchtearraí agus brú ón mbarr anuas ar phraghsanna táirgí talmhaíochta. De dheasca na n-éiginnteachtaí polaitiúla agus eacnamaíocha atá ann faoi láthair, ba léiriú insuntais é sin do phobal na tuaithe go bhfuil an tAontas Eorpach ag gníomhú ar mhaithe lena leasanna a chosaint agus a chur chun cinn ar fud an domhain. Ós ionann a bheag nó a mhór Acht na Ginéive agus an reachtaíocht AE maidir le cosaint TG do tháirgí talmhaíochta, níltear ag súil leis go mbeidh gá le leasuithe móra ar shubstaint na reachtaíochta sin de thoradh aontachas an Aontais Eorpaigh.

Ó thaobh riaracháin, déantar foráil in Acht na Ginéive maidir le sraith aonair rialacha maidir le cosaint a áirithiú don uile bhall agus, dá bhrí sin, sásra níos simplí agus níos éifeachtúla a bheith ann in ionad déileáil le nósanna imeachta áitiúla éagsúla trí chomhaontuithe déthaobhacha, faoi mar a tharlaíonn san Aontas Eorpach faoi láthair. Ó thaobh beartas tráchtála, léireofar ról freagrach ceannaireachta an Aontais Eorpaigh i dtaca leis an iltaobhachas a chur chun cinn. Níltear ag súil leis de thoradh aontachas an Aontais Eorpaigh go gcuirfear costais bhreise nó ualaí breise ar oibreoirí AE ná Ballstáit ar mian leo TGanna a bheith faoi chosaint i gcóras Liospóin seachas iad a fhágáil gan chosaint faoi mar atá san am i láthair. A mhalairt ar fad: táthar ag súil leis gur lú na costais agus na hualaí riaracháin a bheidh ann dá thoradh sin.

I gcás gnólachtaí, ní bheidh aon chostais bhreise choigeartúcháin, chomhlíontachta ná beartaíochta nó ualaí riaracháin ann de thoradh aontachas an Aontais Eorpaigh seachas táillí scrúdúcháin aonair a d’fhéadfadh páirtithe i gComhaontú Liospóin a chur i bhfeidhm ach laghdófar na táillí sin de thoradh an choigiltis a leanfaidh ón nós imeachta idirnáisiúnta.

Le hAcht na Ginéive ceadaítear aontachas an Aontais Eorpaigh maille lena Bhallstáit. Os a choinne sin, i bhfianaise nádúr aonfhoirmeach agus uileghabhálach chóras cosanta TG an Aontais Eorpaigh do tháirgí talmhaíochta, ba cheart aon sonrúcháin tionscnaimh nó tásca geografacha arna gcur isteach le haghaidh a gcosanta ag na seacht mBallstát ar baill de Chomhaontú Liospóin iad (tuairim agus 800 atá i gceist faoi láthair) agus atá incháilithe ar chosaint a fháil faoi reachtaíocht an Aontais Eorpaigh, ba cheart an chosaint sin a thabhairt dóibh feasta faoi reachtaíocht an Aontais Eorpaigh, agus fúithi sin amháin, seachas faoin reachtaíocht náisiúnta. Is mar sin a bheidh freisin i gcás TGanna de thionscnamh tríú tíortha ar páirtithe i gComhaontú Liospóin iad, agus arna gcur isteach le haghaidh a gcosanta ag na tíortha sin. Dá bhrí sin, fágfaidh aontachas an Aontais Eorpaigh ualach riaracháin níos lú ar na Ballstáit a fhad a bhaineann lena rannpháirtíocht i gcóras Liospóin.

A luaithe a bheidh an tAontas Eorpach tar éis dul isteach ann, beidh an rogha ann tagairt do chlár chóras Liospóin seachas cosaint dhéthaobhach TGanna a chaibidil go mion, rud is díol suntais. Bheadh an nós sin ag teacht leis an gcleachtas i réimsí eile de Chearta Maoine Intleachtúla (CMI) ina spreagann an tAontas Eorpach a chomhpháirtithe chun bheith páirteach i gcomhaontuithe idirnáisiúnta maidir le CMI, agus cloí leo, comhaontuithe amhail Coinbhinsiún Bheirn um Chóipcheart agus Prótacal Mhaidrid maidir le Trádmharcanna in ionad gréasán de ghealltanais éagsúla a bheith ann ab ábhar mearbhaill do na geallsealbhóirí.

Is dócha go bhfeidhmeoidh aontachas an Aontais Eorpaigh mar a bheadh dreasacht ann do bhreis tríú tíortha a bheith rannpháirteach i gcóras Liospóin, ó d’fhágfadh sin rochtain ar chosaint acu ar fud Aontas Liospóin uile agus d’fhéadfaidís leas a bhaint as nós imeachta éifeachtúil scrúdúcháin le haghaidh TGanna aonair i gcás inar choibhéiseach a gcóras siúd agus córas an Aontais Eorpaigh.

D’fhéadfadh sé, go háirithe, go mbeadh dea-thionchar ag aontachas an Aontais Eorpaigh ar thíortha i mbéal forbartha atá ag cuimhneamh ar bheith páirteach in Acht na Ginéive ar an ábhar go mbeadh na TGanna atá acu faoi chosaint dá réir san Aontas Eorpach a bhuí sin le córas Liospóin. Is fabhrach an tráth é fonn a bheith ar OAPI, an Eagraíocht Afracach um Maoin Intleachtúil (a bhfuil 17 gcomhalta inti), teacht isteach i gComhaontú Liospóin agus is fianaise é ar an luí atá acu leis an ionstraim TG chun cearta agus luachanna traidisiúnta feirmeoirí tuaithe a chosaint.

Maidir leis na míbhuntáistí a d’fhéadfadh a bheith ann, tá siad le sonrú ar na nithe seo a leanas: ballraíocht theoranta chóras Liospóin, an bhuairt atá ann gur sia fós uathu a bheadh an dul chun cinn ar TGanna atá le déanamh san Eagraíocht Trádála Domhanda, an t-amhras atá ar roinnt de na Ballstáit faoi aontachas an Aontais Eorpaigh agus an éiginnteacht atá ann faoin tionchar ar chúrsaí airgeadais. Os a choinne sin, ba cheart tarraingt níos mó a bheith ag an gcóras nuachóirithe faoi Acht na Ginéive do nua-bhaill fhéideartha; d’fhéadfadh sé go mbeadh dea-thionchar fiú amháin ag an dul chun cinn a dhéanfaí in EDMI ar an bplé faoi TGanna san Eagraíocht Trádála Domhanda trí shineirgí iomchuí a chothú agus trí Chomhaontú leasaithe Liospóin a dhruidim níos cóngaraí do phróiseas na hEagraíochta; ní bheidh ceangal ar na Ballstáit a bhfuil amhras orthu faoi Chóras Liospóin dul isteach ann; agus tá dul chun cinn déanta ag na baill de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hinbhuanaitheacht airgeadais Chóras Liospóin a áirithiú.

Tríd is tríd, is mó na buntáistí a bhaineann le haontachas an Aontais Eorpaigh le hAcht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin ná na míbhuntáistí a bhaineann leis. Chun aontachas an Aontais Eorpaigh le Córas Liospóin a bhaint amach, beidh ar an gCoimisiún togra a ullmhú le haghaidh na ngníomhartha dlí a mbeidh gá leo i dtaca le haontachas an Aontais Eorpaigh le hAcht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin agus i dtaca lena chur chun feidhme.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach.

Cearta bunúsacha

Beidh rannpháirtíocht an Aontais in Aontas Liospóin ina cháil mar pháirtí conarthach in Acht na Ginéive i gcomhréir le hAirteagal 17(2) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena ndéantar foráil go ndéanfar maoin intleachtúil a chosaint.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Féach an ráiteas airgeadais san iarscríbhinn

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Neamhbhainteach.

Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

Neamhbhainteach.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Neamhbhainteach.

2018/0189 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le gníomhaíocht an Aontais tar éis a aontachais le hAcht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a bheith curtha chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 1 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Chun gur féidir leis an Aontas a inniúlacht eisiach a fheidhmiú go hiomlán i ndáil lena chomhbheartas tráchtála, déanfar páirtí conarthach de in Acht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha ('Acht na Ginéive') 2 de bhun Chinneadh (AE) …/… 3 ón gComhairle. I dtaca leis na páirtithe conarthacha in Acht na Ginéive, is baill iad d’Aontas Speisialta a cuireadh ar bun le Comhaontú Liospóin maidir le Sonrúcháin Tionscnaimh a Chosaint agus a Chlárú go hIdirnáisiúnta 4 ('Aontas Speisialta'). I gcomhréir le hAirteagal 3 de Chinneadh (AE).../..., déanfaidh an Coimisiún ionadaíocht thar ceann an Aontais san Aontas Speisialta.

(2)Is iomchuí rialacha a bhunú lena gceadaítear don Aontas a chearta agus a oibleagáidí uile a fheidhmiú go hiomlán tar éis a aontachais le hAcht na Ginéive.

(3)Le hAcht na Ginéive, déantar sonrúcháin tionscnaimh a chosaint, lena n-áirítear “ainmniúcháin tionscnaimh” mar a shainmhínítear iad i Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 agus Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 agus tásca geografacha, dá dtagraítear anseo feasta mar 'thásca geografacha'.

(4)Tar éis aontachas an Aontais le hAcht na Ginéive, ba cheart don Choimisiún, mar chéad chéim, iarratas a dhéanamh chuig Biúró Idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil ('an Biúró Idirnáisiúnta') maidir le liosta de thásca geografacha, ar de thionscnamh chríoch an Aontais iad agus atá faoi chosaint sa chríoch sin, a chlárú ina gclár (‘an Clár Idirnáisiúnta’). I dtaca leis na critéir chun liosta den sórt sin a bhunú, ba cheart a chur san áireamh go háirithe, faoi mar a dhéantar i gcás cuid de chomhaontuithe déthaobhacha agus réigiúnacha an Aontais maidir le cosaint tásc geografach, an luach táirgeachta agus an luach onnmhairiúcháin, cosaint faoi chomhaontuithe eile chomh maith le mí-úsáid reatha nó fhéideartha sna tríú tíortha lena mbaineann.

(5)Chun a áirithiú go mbeidh tásca breise geografacha atá faoi chosaint agus cláraithe san Aontas cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta, is iomchuí an Coimisiún a údarú tamall ina dhiaidh sin chun iarratais a dhéanamh maidir leis na tásca breise geografacha sin a chlárú go hidirnáisiúnta, bíodh sin ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Bhallstát nó do ghrúpa leasmhar táirgeoirí, nó, i gcásanna eisceachtúla, arna iarraidh sin do tháirgeoir aonair.

(6)Ba cheart nósanna imeachta iomchuí a bhunú ionas gur féidir leis an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar thásca geografacha, ar de thionscnamh páirtithe conarthacha in Acht na Ginéive nach Ballstáit iad ('Tríú Páirtithe Conarthacha') agus a bheidh cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta, chun foráil a dhéanamh maidir le nós imeachta chun cosaint san Aontas a chinneadh nó chun an chosaint sin a chealú, nuair is ábhartha.

(7)Déanfaidh an tAontas cosaint tásc geografach ar de thionscnamh tríú páirtithe conarthacha iad agus atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta a fhorfheidhmiú i gcomhréir le Caibidil III d’Acht na Ginéive, go háirithe i gcomhréir le hAirteagal 14 d’Acht na Ginéive lena gceanglaítear ar gach páirtí conarthach leigheasanna éifeachtacha dlí a chur ar fáil chun tásca geografacha atá cláraithe a chosaint, agus a fhoráil go bhféadfadh údarás poiblí nó aon pháirtí leasmhar, cibé acu duine nádúrtha nó eintiteas dlíthiúil é agus cibé acu poiblí nó príobháideach é, ag brath ar a chóras dlí agus a chleachtas dlí féin, imeachtaí dlí a thionscnamh le cosaint na sonrúchán agus na dtásc sin a áirithiú. D’fhonn cosaint trádmharcanna agus tásc geografach a áirithiú in éineacht, ag féachaint don choimirce i ndáil le cearta réamh-thrádmharcanna mar a leagtar síos ina Airteagal 13(1) d’Acht na Ginéive, ba cheart a choimirciú go bhféadfadh réamh-thrádmharcanna agus tásca geografacha atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta dá ndeonaítear cosaint nó a úsáidtear san Aontas a bheith bailí go comhuaineach.

(8)Is baill den Aontas Speisialta seacht mBallstát den Aontas Eorpach agus amhlaidh sin tá glactha acu le cosaint thásca geografacha na dtríú páirtithe conarthacha. Chun na hacmhainní a thabhairt dóibh le gur féidir leo na hoibleagáidí idirnáisiúnta a ghlac siad orthu féin a chomhlíonadh sular aontaigh an tAontas Eorpach d’Acht na Ginéive, ba cheart socrú idirthréimhseach a dhéanamh a mbeadh éifeachtaí ar an leibhéal náisiúnta aige ach nach mbeadh aon éifeachtaí aige ar an trádáil laistigh den Aontas ná ar an trádáil idirnáisiúnta.

(9)Is den chothroime, is cosúil, gur ar an mBallstát, ar dá thionscnamh an tásc geografach, a thitfeadh na táillí a bheidh le híoc faoi Acht na Ginéive agus na Comhrialacháin faoi Chomhaontú Liospóin agus faoi Acht na Ginéive chun iarratas a dhéanamh chuig an mBiúró Idirnáisiúnta maidir le tásc geografach a chlárú go hidirnáisiúnta maille leis na táillí a bheidh le híoc i ndáil le hiontrálacha eile sa Chlár Idirnáisiúnta agus le soláthar sleachta, fianuithe agus faisnéise eile a bhaineann le hábhar an chlárúcháin idirnáisiúnta sin. Ba cheart go mbeadh sin gan dochar d’aon chinneadh arna dhéanamh ag an mBallstát aisíocaíocht ar na táillí sin a lorg ón ngrúpa táirgeoirí nó ón táirgeoir aonair atá ag baint úsáid as an tásc geografach ar lena aghaidh atá clárú idirnáisiúnta á lorg.

(10)Chun íoc as aon ghannchion i ndáil le buiséad oibriúcháin an Aontais Speisialta, ba cheart go bhféadfadh an tAontas foráil a dhéanamh maidir le ranníocaíocht speisialta ar feadh na n-acmhainní atá ar fáil chun na críche sin i mbuiséad bliantúil an Aontais.

(11)D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le ballraíocht an Aontais san Aontas Speisialta a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil le liosta de thásca geografacha a bhunú chun na gcríoch seo a leanas: iarratas a dhéanamh na tásca sin a chlárú go hidirnáisiúnta ag an mBiúró Idirnáisiúnta ar aontú dó d’Acht na Ginéive, iarratas a dhéanamh ina dhiaidh sin ar thásc geografach a chlárú go hidirnáisiúnta leis an mBiúró Idirnáisiúnta, diúltú do chur i gcoinne, cinneadh cé acu atá nó nach bhfuil cosaint le deonú do thásc geografach atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta, agus cosaint tásc geografach san Aontas atá cláraithe sa chlár Idirnáisiúnta a chur ar ceal. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 ,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1
Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha maidir le cur chun feidhme rialacha agus oibleagáidí an Aontais tar éis a aontachais le hAcht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (‘Acht na Ginéive’).

Chun críche an Rialacháin seo, tagraítear anseo feasta do shonrúcháin tionscnaimh, lena n-áirítear “ainmniúcháin tionscnaimh” mar a shainmhínítear iad i Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus do thásca geografacha araon mar 'thásca geografacha'.

Airteagal 2
Clárú idirnáisiúnta tásc geografach tar éis an aontachais

Tar éis aontachas an Aontais le hAcht na Ginéive, déanfaidh an Coimisiún iarratais chuig Biúró Idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil ('an Biúró Idirnáisiúnta') maidir le tásca geografacha, atá faoi chosaint ag dlí an Aontais, agus cláraithe faoin dlí sin, agus a bhaineann le táirgí ar de thionscnamh an Aontais iad de bhun Airteagal 5(1) agus (2) d’Acht na Ginéive, maidir leis na tásca sin a chlárú go hidirnáisiúnta.

Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear liosta de na tásca geografacha dá dtagraítear sa chéad mhír, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2).

Chun an liosta dá dtagraítear sa dara mír a bhunú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)luach táirgeachta an táisc gheografaigh;

(b)luach onnmhairiúcháin an táisc gheografaigh;

(c)cosaint an táisc gheografaigh faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta eile;

(d)an mhí-úsáid atá baill eile den Aontais Speisialta a bhaint as an tásc geografach faoi láthair nó a d’fhéadfaidís a bhaint as.

(e)líon iomlán na dtásc geografach ar de thionscnamh chríocha na mBall eile den Aontas Speisialta iad agus atá cláraithe i gclár an Bhiúró Idirnáisiúnta (‘an Clár Idirnáisiúnta’).

Airteagal 3
Clárú idirnáisiúnta thásca geografacha an Aontais ina dhiaidh sin

Tar éis aontachas an Aontais le hAcht na Ginéive, féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Bhallstát nó do ghrúpa leasmhar táirgeoirí nó don táirgeoir aonair atá ag úsáid tásc geografach atá faoi chosaint san Aontas agus cláraithe ann, féadfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun iarratas a dhéanamh maidir le tásc geografach atá faoi chosaint ag dlí an Aontais agus cláraithe faoin dlí sin, agus a bhaineann le táirge ar de thionscnamh an Aontais é, a chlárú go hidirnáisiúnta.

Chun measúnú a dhéanamh an ceart iarratas ar chlárú idirnáisiúnta a dhéanamh nó nár cheart, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na critéir a leagtar amach sa tríú mír d’Airteagal 2. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2).

Airteagal 4
Measúnú ar na tásca geografacha tríú tír arna gclárú sa Chlár Idirnáisiúnta

(1)Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar fhoilsiú na dtásc a mbeidh fógra ina leith tugtha ag an mBiúró Idirnáisiúnta de bhun Airteagal 6(4) d’Acht na Ginéive maidir leis na tásca geografacha atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta agus nach Ballstát, ina leith sin, an Páirtí Conarthach Tionscnaimh, mar a shainmhínítear sin faoi Airteagal 1(xv) d’Acht na Ginéive, chun a chinneadh an bhfuil na gnéithe éigeantacha ann a leagtar síos le Riail 5(2) de na Comhrialacháin faoi Chomhaontú Liospóin agus Acht na Ginéive (na ‘Comhrialacháin’) 8 , agus na mionsonraí a bhaineann le cáilíocht, clú nó tréithe mar a leagtar síos iad i Riail 5(3) de na Rialacháin sin, agus chun a mheas an mbaineann an foilsiú le táirge a dtugtar cosaint dá thásca geografacha faoi láthair san Aontas. Ní rachaidh an tréimhse chun measúnú den sórt sin a chur i gcrích thar ceithre mhí agus, mar chuid de sin, ní dhéanfar measúnú ar aon fhorálacha sonracha eile de chuid an Aontais a bhaineann le táirgí a chur ar an margadh agus, go háirithe, le caighdeáin sláintíochta agus fíteashláintíochta, caighdeáin mhargaíochta agus le lipéadú bia.

(2)I gcás ina measfaidh an Coimisiún, ar bhonn an mheasúnaithe arna dhéanamh de bhun mhír 1, go mbeidh na coinníollacha arna leagan síos sa mhír sin á gcomhlíonadh prima facie, foilseoidh sé an tásc geografach a bhfuil sé beartaithe cosaint san Aontas a thabhairt dó maille le cineál an táirge agus an tír thionscnaimh i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(3)I gcás ina measfaidh an Coimisiún, ar bhonn an mheasúnaithe arna dhéanamh de bhun mhír 1, nach mbeidh na coinníollacha arna leagan síos sa mhír sin á gcomhlíonadh, déanfaidh sé cinneadh gan an tásc geografach a chur faoi chosaint trí bhíthin gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2). I ndáil le tásca geografacha lena gcumhdaítear táirgí nach dtagann faoi inniúlacht na gCoistí dá bhforáiltear in Airteagal 13(1), déanfaidh an Coimisiún an cinneadh a ghlacadh gan an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2) a chur i bhfeidhm.

I gcomhréir le hAirteagal 15(1) d’Acht na Ginéive, tabharfaidh an Coimisiún fógra don Bhiúró Idirnáisiúnta faoi dhiúltú éifeachtaí an chlárúcháin idirnáisiúnta lena mbaineann i gcríoch an Aontais, laistigh de bhliain amháin ón dáta a bhfaighfear an fógra maidir le clárú idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 6(4) d’Acht na Ginéive.

Airteagal 5
Nós imeachta cur i gcoinne le haghaidh tásca geografacha tríú tír arna gclárú sa Chlár Idirnáisiúnta

(1)Laistigh de dhá mhí ón dáta a bhfoilseofar ainm an táisc gheografaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 4(2), féadfaidh údaráis Ballstáit nó tríú tír nach é an Páirtí Conarthach Tionscnaimh é nó nach duine nádúrtha nó dlítheanach é ag a bhfuil leas dlisteanach agus atá bunaithe san Aontas nó i dtríú tír nach é an Páirtí Conarthach Tionscnaimh é, féadfaidh siad ráiteas a thaisceadh chuig an gCoimisiún lena gcuirfear i gcoinne an iarratais, i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais.

(2)Ní ghlacfar leis an ráiteas sin ach amháin i gcás ina dtaiscfear é laistigh den teorainn ama a leagtar amach i mír 1 agus i gcás ina mbeidh ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas á mhaíomh ann:

(a)go bhfuil an tásc geografach atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta ag teacht salach ar ainm cineáil planda nó ainm póir ainmhí agus ar dóigh don chlárú sin an tomhaltóir a chur amú maidir le tionscnamh ceart an táirge;

(b)go bhfuil an tásc geografach atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta comhainmneach go hiomlán nó i bpáirt le tásc geografach atá faoi chosaint san Aontas cheana agus dóthain difríochta a bheith ann sa chleachtas idir na coinníollacha úsáide áitiúla agus traidisiúnta agus cur i láthair an táisc gheografaigh a bhfuil sé beartaithe é a chur faoi chosaint agus an tásc geografach atá faoi chosaint san Aontas cheana, á chur san áireamh gur gá a áirithiú go gcaitear go cothrom leis na táirgeoirí lena mbaineann agus nach gcuirtear na tomhaltóirí amú;

(c)go sárófaí ceart réamh-thrádmhairc de thoradh an tásc geografach atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta a bheith faoi chosaint san Aontas;

(d)go gcuirfeadh cosaint an táisc gheografaigh san Aontas na nithe seo a leanas i gcontúirt: úsáid ainm eile atá comhionann go hiomlán nó i bpáirt nó cineál eisiach trádmhairc nó luach eacnamaíoch táirgí arna gcur ar an margadh go dlíthiúil ar feadh cúig bliana ar a laghad roimh an dáta a bhfoilseofar ainm an táisc gheografaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 4(2);

(e)go mbaineann an tásc geografach atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta le táirge nach dtugtar cosaint dá thásca geografacha san Aontas faoi láthair;

(f)gur téarma cineálach i gcríoch an Aontais an t-ainm a bhfuil clárú iarrtha ina leith.

(3)Déanfaidh an Coimisiún na forais atá leis an gcur i gcoinne, mar a leagtar amach i mír 2, a mheas i ndáil le críoch an Aontais nó le cuid di.

Airteagal 6
Cinneadh maidir le tásca geografacha tríú tír arna gclárú sa Chlár Idirnáisiúnta a chur faoi chosaint san Aontas

(1)I gcás nach bhfaighidh an Coimisiún aon chur i gcoinne nó ina bhfaighidh sé cur i gcoinne nach bhfuil inghlactha, diúltóidh sé, de réir mar is iomchuí, aon chur i gcoinne arna fháil nach bhfuil inghlactha agus déanfaidh sé cinneadh tásc geografach a chur faoi chosaint trí bhíthin gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2).

(2)I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún cur i gcoinne atá inghlactha mar a leagtar amach in Airteagal 5(2), déanfaidh sé cinneadh maidir le tásc geografach arna chlárú sa Chlár Idirnáisiúnta a chur faoi chosaint, nó gan a dhéanamh, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme a ghlacfar i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2). I ndáil le tásca geografacha lena gcumhdaítear táirgí nach dtagann faoi inniúlacht na gCoistí dá bhforáiltear in Airteagal 13(1), déanfaidh an Coimisiún an cinneadh a ghlacadh gan an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2) a chur i bhfeidhm.

(3)Sa chinneadh maidir le tásc geografach a chur faoi chosaint i gcomhréir le mír 1 nó le mír 2, leagfar amach raon feidhme na cosanta arna deonú agus féadfar a áireamh inti coinníollacha atá ag luí le hAcht na Ginéive agus go háirithe féadfar idirthréimhse shainithe a dheonú ina chomhair, mar a shonraítear sin in Airteagal 17 d’Acht na Ginéive agus i Riail 14 de na Comhrialacháin.

(4)I gcomhréir le hAirteagal 15(1) d’Acht na Ginéive, tabharfaidh an Coimisiún fógra don Bhiúró Idirnáisiúnta faoi dhiúltú éifeachtaí an chlárúcháin idirnáisiúnta lena mbaineann i gcríoch an Aontais, laistigh de bhliain amháin ón dáta a bhfaighfear an fógra maidir le clárú idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 6(4) d’Acht na Ginéive.

Airteagal 7
Úsáid
tásc geografach

(1)Beidh feidhm ag na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún ar bhonn Airteagal 6 gan dochar d’aon fhorálacha sonracha de chuid an Aontais a bhaineann le táirgí a chur ar an margadh agus, go háirithe, le comheagrú na margaí talmhaíochta, le caighdeáin sláintíochta agus fíteashláintíochta, caighdeáin mhargaíochta agus le lipéadú bia. Cuirfidh an Coimisiún an Biúró Idirnáisiúnta ar an eolas dá réir faoi na coinníollacha úsáide sin tráth an aontachais.

(2)Faoi réir mhír 1 féadfaidh aon oibreoir a bhfuil margú á dhéanamh aige ar tháirge i gcomhréir leis an gclárú idirnáisiúnta leas a bhaint as na tásca geografacha atá faoi chosaint faoin Rialachán seo.

Airteagal 8
Cealú táisc gheografaigh tríú tír arna chlárú sa Chlár Idirnáisiúnta

Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh chuí-réasúnaithe ó Bhallstát, ó thríú tír nó ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcealófar an chosaint san Aontas atá ag tásc geografach arna chlárú sa Chlár Idirnáisiúnta i gceann amháin nó níos mó de na himthosca seo a leanas:

(a)i gcás nach bhfuil an tásc geografach faoi chosaint a thuilleadh ag an bPáirtí Conarthach Tionscnaimh;

(b)i gcás nach bhfuil an tásc geografach cláraithe a thuilleadh sa Chlár Idirnáisiúnta;

(c)i gcás nach bhfuil comhlíonadh na ngnéithe éigeantacha a leagtar síos i Riail 5(2) de na Comhrialacháin nó na mionsonraí a bhaineann le cáilíocht, clú nó tréithe a leagtar síos i Riail 5(3) de na Rialacháin sin a áirithiú a thuilleadh.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad mhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2).

Tabharfaidh an Coimisiún fógra gan mhoill don Bhiúró Idirnáisiúnta faoi neamhbhailíochtú éifeachtaí chlárú idirnáisiúnta an táisc gheografaigh i gcríoch an Aontais arna chealú i gcomhréir leis an gcéad mhír.

Airteagal 9
Gaol le trádmharcanna

(1)Beidh cosaint táisc gheografaigh gan dochar do bhailíocht réamh-thrádmhairc a ndearnadh iarratas ina leith nó a cláraíodh de mheon macánta, nó a fuarthas de mheon macánta i gcríoch an Aontais.

(2)Ní chuirfear tásc geografach atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta faoi chosaint i gcríoch an Aontais más rud é, i bhfianaise an chlú agus na cáile atá ar thrádmharc, agus an méid ama atá sé in úsáid, gur cosúil go gcuirfeadh cosaint an táisc gheografaigh réamhráite sin i gcríoch an Aontais an tomhaltóir amú maidir le fíorchéannacht an táirge.

(3)Gan dochar do mhír 2, i gcás réamh-thrádmharc a ndearnadh iarratas ina leith nó a cláraíodh de mheon macánta i gcríoch an Aontais, nó a fuarthas de mheon macánta, agus a sáródh an úsáid a bhainfí as an réamh-thrádmharc sin cosaint táisc gheografaigh, féadfar leanúint ar aghaidh á úsáid agus á athnuachan le haghaidh an táirge lena mbaineann d’ainneoin cosaint a bheith tugtha do thásc geografach, ar choinníoll nach bhfuil aon fhoras ann go mbeadh an trádmharc neamhbhailí nó go gcúlghairfí é faoi Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 9 . I gcásanna den sórt sin, ceadófar úsáid an táisc gheografaigh chomh maith le húsáid an trádmhairc lena mbaineann.

Airteagal 10
Cosaint Idirthréimhseach

(1)Na Ballstáit sin a bhí ina mbaill den Aontas Speisialta sular aontaigh an tAontas Eorpach d’Acht na Ginéive, féadfaidh siad cosaint a thabhairt do thríú tír is páirtí conarthach i gComhaontú Liospóin 1958 nó sa leagan sin den Chomhaontú a athbhreithníodh i Stócólm an 14 Iúil 1967 agus a leasaíodh an 28 Meán Fómhair 1979 trí bhíthin córas náisiúnta cosanta, le héifeacht ón dáta a ndéanfar páirtí conarthach den Aontas in Acht na Ginéive, i dtaca le tásca geografacha arna gclárú ar an dáta sin faoin Aontas Speisialta, nó le héifeacht ón dáta a dtabharfaidh an Coimisiún fógra don Bhallstát faoi chlárú idirnáisiúnta an táisc gheografaigh sa Chlár Idirnáisiúnta.

Tiocfaidh deireadh leis na córais cosanta náisiúnta sin ar an lá a ndéanfar an cinneadh maidir le cosaint faoin Rialachán seo nó an lá a dtiocfaidh deireadh le héifeacht an chlárúcháin idirnáisiúnta.

(2)I gcás nach bhfuil ainm tríú tír cláraithe faoin Rialachán seo, is ar an mBallstát lena mbaineann, agus air sin amháin, a bheidh an fhreagracht as iarmhairtí cosanta náisiúnta den sórt sin.

(3)Is ar an leibhéal náisiúnta amháin a bheidh éifeachtaí ag na bearta arna ndéanamh ag na Ballstáit faoi mhír 1, agus ní bheidh aon éifeacht acu ar an trádáil laistigh den Aontas ná ar an trádáil idirnáisiúnta.

Airteagal 11
Táillí

Is ar an mBallstát, ar dá thionscnamh an tásc geografach, a thitfidh na táillí a bheidh le híoc faoi Airteagal 7 d’Acht na Ginéive, mar a shonraítear sin sna Comhrialacháin chun iarratas a dhéanamh chuig an mBiúró Idirnáisiúnta maidir le tásc geografach a chlárú go hidirnáisiúnta sa Chlár Idirnáisiúnta agus maidir le soláthar sleachta, fianuithe agus faisnéise eile a bhaineann le hábhar an chlárúcháin idirnáisiúnta sin.

Beidh sin gan dochar d’aon chinneadh arna dhéanamh ag Ballstát aisíocaíocht ar na méideanna dá dtagraítear sa chéad mhír a lorg ón ngrúpa táirgeoirí nó ón táirgeoir aonair atá ag baint úsáid as an tásc geografach ar lena aghaidh atá clárú idirnáisiúnta á lorg.

Airteagal 12
Ranníocaíocht speisialta airgeadais

I gcás ina ndíorthófar an t-ioncam ón Aontas Speisialta i gcomhréir le hAirteagal 24(2)(v) d’Acht na Ginéive, féadfaidh an tAontas ranníocaíocht speisialta airgeadais a dhéanamh ar feadh na n-acmhainní atá ar fáil chun na críche sin i mbuiséad bliantúil an Aontais.

Airteagal 13
Nós imeachta coistí

(1)Déanfaidh na coistí seo a leanas cúnamh a thabhairt don Choimisiún de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i ndáil leis na táirgí seo a leanas:

(a)i gcás táirgí ó earnáil an fhíona a thagann faoi raon feidhme Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, is é an Coiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta arna bhunú le hAirteagal 229 den Rialachán sin é;

(b)i gcás táirgí fíona chumhraithe mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 10 is é an Coiste um Tháirgí Fíona Chumhraithe arna bhunú le hAirteagal 34 den Rialachán sin é;

(c)i gcás deochanna biotáilleacha mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 is é an Coiste um Dheochanna Biotáilleacha arna bhunú le hAirteagal 25 den Rialachán sin é;

(d)i gcás táirgí a thagann faoi raon feidhme na chéad fhomhíre d’Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle is é an Coiste um Beartas Cáilíochta Táirgí Talmhaíochta arna bhunú le hAirteagal 57 den Rialachán sin é;

(2)I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 14
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh sé ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

RÁITEAS AIRGEADAIS

FS/18/YG/mh

agri.ddg1.a.2(2018)1387240

6.221.2018.1

DÁTA: 05.03.2018

1.

CEANNTEIDEAL BUISÉID:

05 06 01:

LEITHREASUITHE:

EUR 7 228 milliún

2.

TEIDEAL:
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaíocht an Aontais tar éis a aontachais le hAcht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha

3.

BUNÚS DLÍ:

Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

4.

AIDHMEANNA:

Na rialacha a bhunú maidir le cur chun feidhme bhallraíocht an Aontais Eorpaigh in Aontas Liospóin mar Pháirtí Conarthach in Acht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha

5.

IMPLEACHTAÍ AIRGEADAIS

TRÉIMHSE 12 MHÍ


(EUR milliún)

AN BHLIAIN AIRGEADAIS REATHA

2018

(EUR milliún)

AN CHÉAD BHLIAIN AIRGEADAIS EILE

2019

(EUR milliún)

5.0

CAITEACHAS

-    ARNA MHUIREARÚ AR BHUISÉAD AN AE
(AISÍOCAÍOCHTAÍ/IDIRGHABHÁLACHA)

-    ÚDARÁIS NÁISIÚNTA

-    EILE

-

1.0

1.0

-

-

1.0 (meastachán)

5.1

IONCAM

-    ACMHAINNÍ DÍLSE AN AONTAIS EORPAIGH (TOBHAIGH/DLEACHTANNA CUSTAIM)

-    NÁISIÚNTA

2020

2021

2022

2023

5.0.1

CAITEACHAS MEASTA

5.1.1

IONCAM MEASTA

5.2

MODH RÍOMHA: gan cinneadh déanta fós ina thaobh

6.0

AN FÉIDIR AN TIONSCADAL A MHAOINIÚ Ó LEITHREASUITHE A CUIREADH ISTEACH SA CHAIBIDIL ÁBHARTHA DEN BHUISÉAD REATHA?

IS FÉIDIR NÍ FÉIDIR

6.1

AN FÉIDIR AN TIONSCADAL A MHAOINIÚ TRÍ AISTRIÚ A DHÉANAMH IDIR CAIBIDLÍ AN BHUISÉID REATHA?

IS FÉIDIR NÍ FÉIDIR

6.2

AN mBEIDH GÁ LE BUISÉAD FORLÍONTACH?

BEIDH NÍ BHEIDH

6.3

AN GÁ LEITHREASUITHE A CHUR ISTEACH I mBUISÉID AMACH ANSEO?

IS GÁ NÍ GÁ

NÓTAÍ:

Is ar an mBallstát, ar dá thionscnamh an tásc geografach, a thitfidh na táillí. Mar sin féin, féadfaidh an tAontas ranníocaíocht speisialta a dhéanamh de bhun Airteagal 24(2)(v) d’Acht na Ginéive ar feadh na n-acmhainní atá ar fáil chun na críche sin i mbuiséad bliantúil an Aontais. In 2018, déanfar méid EUR 1 milliún a leithdháileadh ar líne buiséid 05 06 01 chun na críche sin.

(1)    IO L […], […], lch. […].
(2)     http://www.wipo.int/edocs/lexdocs/treaties/en/lisbon/trt_lisbon_009en.pdf .
(3)    IO L […], […], lch. […].
(4)     http://www.wipo.int/export/sites/www/lisbon/en/legal_texts/lisbon_agreement.pdf .
(5)    Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 343, 14.12.2012, lch. 1).
(6)    Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 922/72 ón gComhairle, Rialachán (CEE) Uimh. 234/79 ón gComhairle, Rialachán Uimh. 1037/2001 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).
(7)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(8)    Comhrialacháin faoi Chomhaontú Liospóin agus Acht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin arna nglacadh ag Tionól Aontas Liospóin an 11 Deireadh Fómhair 2017, http://www.wipo.int/meetings/en/doc_details.jsp?doc_id=376416 , Doic. ENMI A/57/11 an 11 Deireadh Fómhair 2017
(9)    Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (IO L 154, 16.07.2017, lch. 1).
(10)    Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach ar tháirgí fíona cumhraithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh.  1601/91 ón gComhairle (IO L 84, 20.3.2014, lch. 14).
(11)    Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle (IO L 39, 13.2.2008, lch. 16).
Top