EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0340

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol

COM/2018/340 final - 2018/0172 (COD)

An Bhruiséil,28.5.2018

COM(2018) 340 final

2018/0172(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2018) 253 final}
{SWD(2018) 254 final}
{SWD(2018) 255 final}
{SWD(2018) 256 final}
{SWD(2018) 257 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá méadú ag teacht ar an mbruscar muirí plaisteach atá sna haigéin agus sna farraigí, rud atá ag déanamh dochair do na héiceachórais, don bhithéagsúlacht agus, b'fhéidir, do sláinte an duine, agus atá ina chúis mhór imní. San am céanna, cailltear ábhar luachmhar a d’fhéadfaí a thabhairt ar ais sa gheilleagar chomh luath agus a chaitear amach mar bhruscar é. Is plaisteach é 80 – 85 % de shuim iomlán d'ítimí an bhruscair mhuirí, a thomhaistear trí ítimí bruscair thrá a chuntas.

Is iad Ítimí Plaisteacha Aon Úsáide thart faoin leathchuid de na hítimí bruscair mhuirí uile a fhaightear ar thránna Eorpacha de réir cuntas. Is ionann na 10 nítim phlaisteacha aon úsáide is coitianta a fhaightear agus 86 % de na hítimí phlaisteacha aon úsáide uile (arb ionann iad sin, dá bhrí sin, agus 43 % de na hítimí bruscair mhuirí uile a fhaightear ar thránna Eorpacha de réir cuntas). Is ionann an trealamh iascaireachta ina bhfuil plaistigh agus 27 % eile d'ítimí bruscair mhuirí a fhaightear ar thránna Eorpacha. Sa tionscnamh seo dírítear ar an 10 nítim phlaisteacha aon úsáide is coitianta a fhaightear agus ar an trealamh iascaireachta, arb ionann le chéile iad agus thart ar 70 % de na hítimí bruscair mhuirí sin de réir cuntais.

Tá plaistigh le fáil go forleathan, tá siad fadmharthanach, agus is minic a bhíonn tionchar tocsaineach díobhálach acu. Mar gheall ar chomh fadmharthanach agus atá siad, tá tionchar an bhruscair phlaistigh ag méadú de réir mar a bhíonn níos mó bruscair phlaistigh á charnadh sna haigéin gach bliain. Tá iarmhair phlaisteacha le fáil anois ina lán speiceas muirí – turtair mhara, rónta, míolta móra, éin mar aon le roinnt speiceas éisc agus sliogéisc agus téann siad isteach sa bhiashlabhra dá bhrí sin. Le cois díobháil a dhéanamh don chomhshaol agus, b'fhéidir, do shláinte an duine, déanann an bruscar muirí plaisteach damáiste do ghníomhaíochtaí amhail an turasóireacht, an tiascach agus an loingseoireacht.

Tá na bunchúiseanna atá le méadú a theacht ar an mbruscar plaisteach agus é a dhiúscairt sa chomhshaol muirí nasctha le slabhra luacha na bplaisteach agus leis an margadh araon, agus le hiompar an duine aonair agus le treochtaí sóisialta. Tá an scéal mar atá faoi láthair de bharr roinnt fachtóirí, lena náirítear chomh forleathan agus atá an plaisteach ar fáil, treocht tomhaltais i dtaca leis an áisiúlacht, easpa dreasachtaí chun a áirithiú go ndéantar an dramhaíl a bhailiú agus a chóireáil mar is iomchuí, rud a fhágann go bhfuil drochbhainistiú agus bonneagar uireasach ann.

Tá freagracht ar an Eoraip dul i ngleic leis an mbruscar muirí a thagann amach as an Eoraip agus tá gealltanas tugtha aici gníomhú ar bhonn domhanda, go sonrach trí G7 agus G20 ach trí na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe de chuid na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme 1 . Cuirfidh an tionscnamh seo an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta sna hiarrachtaí domhanda agus cuirfidh sé le neart agus inchreidteacht bhearta idirnáisiúnta an Aontais sa réimse seo.

Is fadhb de chineál trasteorann é an bruscar mar go mbogann an bruscar thart sa chomhshaol muirí agus mar go bhféadfaidh an bruscar a thagann amach as tír amháin tionchar a bheith aige ar thíortha eile. Is gá gníomhaíocht chomhpháirteach chun an bruscar muirí a laghdú agus áiritheofar margadh aonair agus deimhneacht dhlíthiúil do ghnólachtaí san am céanna. Dá bhrí sin, mar chuid dá Straitéis maidir le Plaistigh 2 , thug an Coimisiún Eorpach gealltanas go namharcfadh sé ar thuilleadh gníomhaíochta chun aghaidh a thabhairt ar an mbruscar muirí plaisteach, rud a chuirfeadh leis na hiarrachtaí ilroinnte atá Ballstáit an Aontais Eorpaigh a dhéanamh, agus a leanfadh an cur chuige a úsáidtear i leith malaí siopadóireachta plaisteacha éadroma.

Sa tionscnamh seo dírítear ar an sciar sin den bhruscar muirí plaisteach a thagann ón Eoraip. Comhlánaíonn sé bearta Eorpacha eile a théann i ngleic leis an mbruscar muirí amhail creata reachtaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le dramhaíl, fuíolluisce agus maidir leis an gcomhshaol muirí agus reachtaíocht an Aontais Eorpaigh maidir le saoráidí glactha calafoirt.

Is é is príomhchuspóir don tionscnamh seo an bruscar muirí plaisteach ó ítimí aon úsáide agus ó threalamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach a chosc agus a laghdú trí na bearta atá beartaithe cheana faoi Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Plaistigh a chomhlánú, trí aghaidh a thabhairt ar na bearnaí a sainaithnítear atá sna gníomhaíochtaí agus sa reachtaíocht atá ann cheana agus trí chur chuige córasach an Aontais Eorpaigh i leith na saincheiste sin a threisiú a thuilleadh. Tá bearta sonracha maidir le micreaphlaistigh sa Straitéis maidir le Plaistigh cheana féin agus is cuid shuntasach den bhruscar muirí plaisteach iad na micreaphlaistigh: srianta a chur i bhfeidhm trí Chlárú, Meastóireacht, Údarú, agus Srianadh Ceimiceán 3 le haghaidh micreaphlaistigh i dtáirgí a cuireadh isteach d’aon turas agus ocsóphlaistigh agus bearta maidir le micreaphlaistigh ó fhoinsí eile (boinn, teicstílí agus millíní plaisteacha) a chur i bhfeidhm freisin. Sa tionscnamh seo dírítear ar phlaistigh aon úsáide agus ar threalamh iascaireachta ina bhfuil ábhar plaisteach ar macreaphlaistigh iad. 

Ba cheart an tionscnamh seo a chur i gcomhthéacs leathan an aistrithe chuig geilleagar ciorclach. Tacóidh sé le réitigh nuálacha do shamhlacha nua gnó, roghanna malartacha ilúsáide agus táirgí malartacha aon úsáide. De bharr an athraithe chórasaigh agus an ionadaithe ábhair seo cuirfear roghanna malartacha bithbhunaithe agus bithgheilleagar nuálach chun cinn freisin, rud a thabharfaidh deiseanna nua do ghnólachtaí agus a chuirfidh leis an áisiúlacht do thomhaltóirí.

Thairis sin, go háirithe chomh fada agus a bhaineann sé le buidéil dí, beidh tionchar díreach dearfach aige sin ar an ráta bailithe, cáilíocht an ábhair bhailithe agus cáilíocht an ábhair athchúrsáilte ina dhiaidh sin, rud a chruthóidh deiseanna do ghnólachtaí athchúrsála agus a chuirfidh le hábhar athchúrsáilte a thiontú ina tháirgí.

Má théitear i ngleic leis an mbruscar muirí, cruthófar deiseanna geilleagracha. Cuireann an geilleagar ciorclach go mór le hiomaíochas na ngnólachtaí atá againn trí rannchuidiú le geilleagar atá éifeachtúil ó thaobh acmhainní de agus atá dícharbónaithe a chruthú agus le poist a chruthú chun an geilleagar sin a choinneáil ar bun. Nuálaíocht i ndearadh táirgí chun bruscar plaisteach agus micreaphlaistigh a sheachaint ach infheistíochtaí a chur freisin i mbearta coiscthe bruscair mhuirí (e.g. dramhaíl agus fuíolluisce a chóireáil, saoráidí glactha calafoirt nó líonta iascaireachta a athchúrsáil) agus infheistíochtaí in ábhair, i dtáirgí agus i samhlacha gnó malartacha inbhuanaithe lenar féidir poist a chruthú agus scileanna teicniúla eolaíocha agus iomaíochas tionscail a threisiú sna réimsí sin atá ag fás ar bhonn domhanda.

Rinneadh monatóireacht ar an mbruscar muirí le roinnt blianta ar thránna Eorpacha atá bunaithe ar mhodhanna comhchuibhithe, rud atá bunaithe ar chuntais 4 . Glactar le cuntais a dhéanamh ar ítimí bruscair trá ar bhonn idirnáisiúnta mar tháscaire réasúnach do chomhdhéanamh an bhruscair mhuirí, rud atá oiriúnach chun bonn eolais a chur faoin bheartas.



Tá forléargas gairid ar na hítimí plaisteacha aon úsáide agus ar an trealamh iascaireachta agus ar na bearta a fhoráiltear sa togra ón gCoimisiún i gceangal leis an tábla thíos.

Tomhaltas a laghdú

Srianadh margaidh

Ceanglas maidir le táirge a dhearadh

Ceanglais maidir le marcáil

Freagracht leathnaithe táirgeora

Cuspóir maidir le bailiú deighilte

Bearta múscailte feasachta

Coimeádáin bhia

X

X

X

Cupáin le haghaidh deochanna

X

X

X

Baitíní cadáis

X

Sceanra, plátaí, meascthóirí, soip

X

Maidí le haghaidh balún

Balúin

X

X

X

X

Paicéid agus cumhdaigh

X

X

Coimeádáin dí, a gcaipíní agus a gcláir

- buidéil dí

X

X

X

X

X

X

X

Scagairí le haghaidh táirgí tobac

X

X

Ítimí sláintíocha

- Ceirtíní taise

- Pillíní sláintíocha

X

X

X

X

X

Malaí siopadóireachta plaisteacha éadroma

X

X

Trealamh iascaireachta

X

X

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Ó tharla go bhfuil fócas an tionscnaimh dírithe ar úsáid acmhainní níos éifeachtúla agus ar gheilleagar fhoriomlán éifeachtach agus ciorclach maidir le plaistigh ina bhfuil feidhmíochtaí geilleagair agus comhshaoil níos fearr, tá an tionscnamh go hiomlán i gcomhréir le cuspóirí an bheartais maidir leis an nGeilleagar Ciorclach. Is cuid lárnach de na 10 dtosaíocht de chuid an Choimisiúin faoin Uachtarán Juncker é an Geilleagar Ciorclach, go háirithe an chéad tosaíocht a bhaineann le poist, fás agus infheistíocht. Fógraíodh an tionscnamh seo i Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Plaistigh, mar chuid de na príomhbhearta atá beartaithe faoin bPlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach.

Tá an togra comhsheasmhach leis an reachtaíocht sheanbhunaithe atá ag an Aontas i réimse na dramhaíola agus i réimse an uisce, go háirithe an Treoir Réime Dramhaíola 5 , an Treoir um Pacáistíocht agus um Dhramhaíl ó Phacáistiú 6 , an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí 7 agus an Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh 8 .

Bunaítear leis an reachtaíocht dramhaíola atá ann faoi láthair cuspóirí ginearálta i dtaobh dramhaíl a chosc agus a bhainistiú chun bruscar muirí a chosc agus a laghdú ach rogha na mbeart a fhágáil faoi na Ballstáit. Foráiltear leis an togra seo cuspóirí agus bearta sonracha chun dul i ngleic leis na hítimí plaisteacha aon úsáide agus trealamh iascaireachta ina bhfuil ábhar plaisteach arb iad formhór an bhruscair iad. Dá bhrí sin, comhlánaítear leis an togra an cuspóir a bhunaítear in Airteagal 9 den Treoir Réime Dramhaíola, mar a leasaíodh in 2018, go gcuirfidh na Ballstáit bearta i gcrích arb é is aidhm dóibh stop a chur le giniúint an bhruscair mhuirí agus go gcuirfidh siad bearta i gcrích chun bruscar a chosc, a chomhrac agus a ghlanadh suas. Comhlánaítear leis an togra freisin Airteagal 8 den Treoir Réime Dramhaíola trí scéimeanna um fhreagracht leathnaithe táirgeora a bhunú ar leibhéal na mBallstát chun na costais a chlúdach a bhaineann le bruscar a chosc agus dramhaíl a bhainistiú, lena náirítear an bruscar ó tháirgí plaisteacha aon úsáide a glanadh suas.

Comhlánaítear leis an togra seo an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí, lena gceanglaítear ar na Ballstáit chun dea-stádas comhshaoil in uiscí mara a bhaint amach faoi 2020. Agus tuairisceoir amháin sannta don bhruscar muirí, ceanglaítear leis an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí ar na Ballstáit Cláir le haghaidh Beart a bhunú chun a áirithiú "quantities and composition of marine litter do not cause harm to marine or coastal environment” [nach ndéanfaidh cainníochtaí agus comhdhéanamh an hbruscair mhuirí díobháil don chomhshaol muirí ná don chomhshaol cósta]. Is í an obair bhuan atáthar a dhéanamh faoin Treoir Réime um Straitéis Mhuirí chun faireachán a dhéanamh ar an mbruscar muirí ar thránna Eorpacha an bonn eolaíoch atá faoin togra reachtach seo. Maidir le hítimí sonracha, tá níos mó sa togra seo ná ceanglais na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí mar go ndéantar foinsí aonair an truailliú a rialáil a bhuí leis na cúiseanna agus na bealaí atá ag truailliú plaisteach na farraige a shainaithint.

Áirithítear freisin go mbeidh an togra comhsheasmhach leis an Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh, lena bhforáiltear ceanglais maidir le fuíolluisce uirbeach a bhailiú agus a chóireáil agus maidir le critéir cháilíochta an chóireála sin. Cé gur féidir cuid shuntasach den truailliú a astaítear a ghabháil mar gheall ar an Treoir, níl sí éifeachtach go leor faoi láthair, go háirithe forsceitheadh uisce stoirme a ghabháil agus a chóireáil. Ina theannta sin, ní dhéantar roinnt ítimí sruthlaithe amhail baitíní cadáis agus forchuradóirí sláintíochta a ghabháil mar is iomchuí sna saoráidí atá ann faoi láthair agus a thagann isteach ar thránna na hEorpa dá réir sin. Tá an togra reachtach seo mar chomhlánú leis an Treoir sin lena moltar bearta réamhtheachtacha do chóireáil fuíolluisce trí mhúscailt feasachta, freagracht táirgeora leathnaithe agus ceanglais lipéadaithe maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide áirithe.

Tugtar isteach leis an togra seo freisin bearta chun feabhas a chur ar bhainistiú dramhaíola trealaimh iascaireachta ina bhfuil plaisteach a thugtar i dtír arís agus bearta chun é sin a mhaoiniú. Táthar ag dréim leis go dtiocfaidh méadú ar chion an trealaimh iascaireachta ag deireadh ré a núsáide a dhéanfar a aisghabháil mar gheall ar na sásraí agus na dreasachtaí sin. Rialaítear láimhseáil dramhaíola a thagann ó threalamh iascaireachta agus tugtar tacaíocht airgeadais dó sin go pointe áirithe trí raon d'ionstraimí de chuid an Aontais Eorpaigh, lena dtéitear, go háirithe, i ngleic leis an nasc idir na rialacha foriomlána maidir le dramhaíl agus bruscar ó fhoinsí muirbhunaithe agus ó threalamh iascaireachta, agus rianú agus tuairisciú trealaimh iascaireachta a cailleadh nó a tréigeadh ar muir. Comhlánaítear leis an togra seo an reachtaíocht atá ann faoi láthair maidir le saoráidí glactha calafoirt 9 chun an dramhaíl a sheachadadh ó longa, rud atáthar a athbhreithniú i láthair na huaire 10 . Áirítear ar an athbhreithniú atá beartaithe soithí iascaireachta i gcóras na dtáillí indíreacha 100 % lena dtugtar an ceart do na soithí sin chun an dramhaíl uile atá acu, lena náirítear trealamh iascaireachta tréigthe, a sheachadadh i gcalafoirt. Ina theannta sin, comhlánaítear leis sin an tathbhreithniú ar an Rialachán um Rialú ar Iascach atá beartaithe 11 lena dtreisítear foráil maidir le tuairisciú ar threalamh caillte, agus na forálacha sin maidir le trealamh caillte a aisghabháil.

Ní thugann an togra atá ann faoi láthair aghaidh ach ar chuid den tsaincheist a bhaineann leis an mbruscar muirí plaisteach. Cuirtear an togra isteach faoi chur chuige Eorpach atá go hiomlán comhtháite comhsheasmhach chun dul i ngleic leis na foinsí uile atá leis an mbruscar muirí plaisteach mar a shonraítear sa Straitéis maidir le Plaistigh a glacadh le déanaí. Sa straitéis sin leagtar béim ar na bearnaí agus ar na heasnaimh atá sa chreat dlí agus beartais atá ann faoi láthair chun dul i ngleic leis an mbruscar muirí plaisteach agus beartaítear bearta spriocdhírithe chun feabhas a chur ar chosc, ar bhailiú agus ar in-athchúrsáilteacht plaisteach, go háirithe i dtaca le pacáistíocht phlaisteach. Is é is aidhm don straitéis freisin creat rialála a fhorbairt le haghaidh plaistigh a bhfuil airíonna in-bhithmhillte acu chun nach ndéanfar díobháil do na héiceachórais. Tá an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán ag ullmhú sainchomhad faoi shrianta a bhaineann le cáithníní micreaphlaisteacha a chuirtear isteach d’aon turas le hullmhóidí, amhail cosmaidí, agus úsáid plaisteach ocsóinmhillte; Tá bearta á nullmhú le haghaidh micreaphlaistigh nach núsáidtear d’aon turas i dtáirgí ach a ghintear le linn a núsáide, amhail micreaphlaistigh ó bhoinn agus ó theicstílí, agus tá bearta á nullmhú freisin le haghaidh sceitheadh millíní plaisteacha roimh tháirgeadh a laghdú.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

De bhreis ar na cuspóirí comhshaoil a bhfuil cur síos orthu thuas, is é is aidhm don togra an margadh inmheánach a chaomhnú ar thuilleadh ilroinnte, ar príomhchuspóir an Aontais é.

Glacann an tionscnamh go hiomlán le prionsabal na nuálaíochta, agus leis na bearta cumasúcháin ábhartha faoin Straitéis maidir le Plaistigh chun an nuálaíocht agus an infheistíocht a spreagadh i dtreo réitigh chiorclacha amhail maoiniú ón Aontas Eorpach do thaighde faoi Fhís 2020 agus Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa.

Go ginearálta, beidh an tionscnamh seo ina chuidiú chun go mbainfear amach Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 12 agus 14 de chuid na Náisiún Aontaithe 12 , cuspóirí na Teachtaireachta Comhpháirtí maidir le Rialachas Idirnáisiúnta na nAigéan 13 agus na gealltanais a tugadh sa chomhdháil Our Ocean i Málta in 2017. Tá an tionscnamh seo comhleanúnach le Straitéis 2017 ‘I dTreo na Réigiún is Forimeallaí’ 14 a aithníonn a nacmhainn fáis sa turasóireacht agus sa gheilleagar gorm agus sa gheilleagar ciorclach chomh maith.

Ar deireadh, tá an tionscnamh i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh i réimse an bheartais trádála, go sonrach nuair a áirithítear neamh-idirdhealú idir táirgí arna dtáirgeadh san Aontas agus táirgí allmhairithe.

Beidh an togra ina chuidiú freisin cuspóir tosaíochta 1 den 7ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol go dtí 2020 a bhaint amach: ‘To protect, conserve and enhance the Union’s natural capital’[caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú] 15 . Baineann sé le cuspóir tosaíochta 4 freisin lena gceanglaítear go mbeidh rochtain ag an bpobal ar eolas soiléir faoin gcomhshaol ar bhonn náisiúnta. Chuige sin, déanann an togra crostagairtí agus ráthaítear go mbeidh an togra comhsheasmhach le ceanglais Threoir 2003/4/CE 16 agus le Treoir INSPIRE 17 .

Is é is aidhm don togra oibleagáidí simplí maidir le faireachán a dhéanamh agus tuairisciú a áirithiú, lena laghdaítear dá bhrí sin an tualach riaracháin atá ar na Ballstáit, i gcomhréir le cur chuige an Aontais Eorpaigh maidir le Rialáil Níos Fearr 18 agus leis an tSeiceáil Oiriúnachta don Tuairisciú agus don Fhaireachán 19 .

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é is príomhchuspóir leis an togra an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol, go háirithe ar an gcomhshaol uisceach, a chosc agus a laghdú. Bainfear é sin amach trí shainiú a dhéanamh ar bhearta coiscthe dramhaíola ar leith agus cuspóirí agus bearta bainistithe dramhaíola maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide is coitianta a fhaightear ar thránna an Aontais Eorpaigh agus i dtrealamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach. Tríd an méid sin a dhéanamh ar bhealach comhordaithe ar fud an Aontais, rannchuideoidh an togra le feidhmiú rianúil mhargadh an Aontais freisin. I bhfianaise an méid sin, tá an togra bunaithe ar Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Ó tharla gur gnách a bhíonn an bruscar á iompar ag an ngaoth, na sruthanna agus an taoide, is fadhbanna trasteorann iad an truailliú plaisteach agus an bruscar muirí agus, dá bharr sin, ní féidir leis na Ballstáit féin dul i ngleic na fadhbanna sin ina naonar a bhfuil na farraigí agus na huiscebhealaí céanna acu. Ní mór na gníomhaíochtaí atá le déanamh a chomhordú chun a áirithiú nach gcuirfear na hiarrachtaí a dhéanfar ar thaobh amháin de na farraigí i mbaol mar gheall ar easpa gníomhaíochtaí ar an taobh eile. Chuige sin, ní féidir an bruscar muirí a chosc agus a laghdú go héifeachtach ach amháin trí chur chuige i leith beartais agus bearta atá comhtháite cuimsitheach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin agus i bhfianaise ghné dhomhanda na faidhbe, déantar an comhordú sin a threisiú nuair atá na Ballstáit i mbun gníomhaíochtaí agus rannpháirteach sna Coinbhinsiúin maidir le Farraigí Réigiúnacha Eorpacha i ndiaidh dóibh uile pleananna gníomhaíochta réigiúnacha a ghlacadh chun an bruscar muirí a chomhrac, mar aon le gealltanais dhomhanda a thug an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, amhail faoin gComhthionól Comhshaoil na Náisiún Aontaithe maidir le Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.

Tá riosca ann go mbeidh ilroinnt margaidh ann nuair a dhéanann na Ballstáit bearta ar shlí neamh-chomhordaithe, atá éagsúil ó thaobh raon feidhme, fócais agus leibhéal uaillmhéine de. Dírítear le gníomhaíochtaí reatha ar roinnt táirgí plaisteacha agus úsáidtear cineálacha difriúla cur chuige (amhail toirmeasc de chuid na hIodáile ar bhaitíní cadáis, rialacha de chuid na Fraince lena ndéantar margú gloiní agus plátaí plaisteacha aon úsáide a theorannú mura gcomhlíonfar critéir ar leith maidir le hin-bhithmhillteacht). Dá thoradh sin, d'fhéadfadh sé go mbeadh srianta éagsúla ar rochtain an mhargaidh sna Ballstáit, go mbeadh constaicí roimh shaorghluaiseacht earraí agus roimh chothroime iomaíochta idir táirgeoirí i dtíortha éagsúla, go gcuirfí i mbaol a éifeachtaí a bhainfí an cuspóir amach maidir leis an mbruscar muirí a laghdú, a bhfuil tionchar leathan aige ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. Chuige sin, is gá creat reachtach comhchuibhithe a bhunú lena leagtar amach cuspóirí agus bearta comhchoiteanna ar leibhéal ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chun an bruscar muirí a chosc agus a laghdú ionas go mbeidh bearta na mBallstát dírithe ar tháirgí plaisteacha aon úsáide ar leith agus ar threalamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach Déantar cineálacha na mbeart atá le húsáid, agus atá bunaithe ar mheasúnú comhchoiteann, a idirdhealú de réir chineál na hítime plaistí, lena gcuirtear san áireamh breisluach a d’fhéadfadh teacht as gníomhaíocht ón Aontas Eorpach agus comhlántacht leis an ngníomhaíocht ó Bhallstáit an Aontais.

Maidir le hítimí áirithe, is féidir dul i ngleic le fadhb an bhruscair go han-éifeachtach (e.g. caipíní agus cláir le haghaidh coimeádáin dí phlaisteacha) agus dul i ngleic le tionchair eile atá ar an gcomhshaol trí athruithe a dhéanamh i ndearadh na dtáirgí agus aistriú go táirgí ionaid atá níos inbhuanaithe (e.g. ábhar plaisteach a athsholáthar). Sna cásanna sin ina bhfuil nasc soiléir le ceanglais táirgí agus le rochtain an mhargaidh sa mhargadh inmheánach, tá sé tábhachtach go mbeidh cothroime iomaíochta ann do ghnólachtaí.

De bhreis air sin, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, fágtar leis an togra reachtach seo solúbthacht áirithe faoi na Ballstáit i dtaca le bearta áirithe - na modhanna sonracha is iomchuí i ndáil le cur chun feidhme agus bailiú sonraí a roghnú. Mar shampla, tá corrlach mór lánroghnach ag na Ballstáit nuair a dhéanann siad cinntí faoi bhearta náisiúnta mar is iomchuí, ag brath ar choinníollacha áitiúla, chun an cuspóir de chuid an Aontais a chur chun feidhme lena dtiocfaidh laghdú suntasach ar thomhaltas ítimí áirithe.

Comhréireacht

Tá an togra spriocdhírithe agus comhréireach mar go ndíríonn sé ar na hítimí plaisteacha is coitianta a fhaightear ar thránna na hEorpa de réir cuntais, mar atá ítimí plaisteacha aon úsáide agus trealamh iascaireachta. Meastar gurb iad na hítimí de réir cuntas an táscaire is fearr dá bhfuil ar fáil i dtaca le tionchair ar an gcomhshaol, ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar a léiriú. Dírítear leis an tionscnamh seo ar na deich nítim phlaisteacha aon úsáide is mó a fhaightear arb ionann iad agus 86 % de na hítimí phlaisteacha aon úsáide uile de réir cuntas (arb ionann iad sin agus 43 % de na hítimí bruscair mhuirí uile). Ní bheadh sé comhréireach na táirgí plaisteacha aon úsáide uile a rialáil, mar a fhaightear ar thránna, i gcomparáid leis an mbreisluach a d'fhéadfaí a bhaint amach. Dá thoradh sin, bheadh costais neamhriachtanacha agus ualach neamhriachtanach ar na Ballstáit.

Tá na bearta le haghaidh trealamh iascaireachta bunaithe ar an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, arb é is aidhm dó go háirithe a áirithiú go mbeidh táirgeoirí trealaimh iascaireachta freagrach as céim dramhaíola a dtáirgí, go háirithe feabhas a chur ar a bailiú ar bhonn deighilte agus ar a cóireáil, go háirithe a hathchúrsáil agus a hathúsáid. Sna bearta seo, déantar dreasachtaí dearfacha le haghaidh iascairí a éascú chun trealamh a thabhairt ar ais i dtír agus a áirithiú nach gcuirfear ualach díréireach ar oibreoirí iascaireachta, go háirithe ar oibreoirí beaga.

Is é is cuspóir don togra aghaidh a thabhairt ar fhadhb phráinneach chomhshaoil agus, mar aon leis an reachtaíocht atá ann agus leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe sa Straitéis maidir le Plaistigh, torthaí uaillmhianacha a bhaint amach don chomhshaol agus tionchar dearfach a imirt ar an ngeilleagar san am céanna, a mbeidh éifeacht theoranta ach dearfach aige ar an nglanfhostaíocht, an nuálaíocht a spreagadh, a áirithiú go nglacfaidh an pobal i gcoitinne leis, agus rannchuidiú le húsáid níos éifeachtúla a bhaint as acmhainní ar bhonn níos leithne.

Tugtar sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis seo níos mó mionsonraí faoi chomhréireacht na neilimintí sa togra reachtach seo.

An rogha ionstraime

Beartaítear sainionstraim reachtach chun aghaidh a thabhairt ar na táirgí plaisteacha aon úsáide uile in aon ionstraim dlí amháin trí bhíthin cuspóirí agus bearta sonracha a shainiú d’fhonn an tionchar atá ag na táirgí sin ar an mbruscar muirí a chosc agus a laghdú. Meastar gurb é an tsainionstraim reachtach sin is oiriúnaí chun reachtaíocht ilroinnte a sheachaint i gcomparáid leis an gcur chuige malartach lena náireofaí roinnt ionstraimí dlí a leasú, amhail an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí, an Treoir um Pacáistíocht agus um Dhramhaíl ó Phacáistiú, an Treoir Réime Dramhaíola, an Treoir maidir le Saoráidí Glactha Calafoirt, nó an Rialachán um Rialú ar Iascach.

Cé gur gá táirgí áirithe a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, i gcás táirgí plaisteacha aon úsáide eile agus i gcás trealamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach, i gcomhréir le reachtaíocht dramhaíola an Aontais Eorpaigh, is gá solúbthacht áirithe a fhágáil faoi na Ballstáit na hionstraimí dlí, riaracháin agus geilleagair is oiriúnaí a roghnú chun na cuspóirí agus na bearta sainithe a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, is í an treoir an ionstraim dlí iomchuí chun na cuspóirí agus na bearta atá beartaithe a bhaint amach.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Chun críche an togra reachtaigh seo, fuarthas lánléargas cuimsitheach ar an reachtaíocht atá ann faoi láthair chun a thuiscint cá háit a bhfuil gníomhaíochtaí comhlántacha ón Aontas Eorpach ag teastáil chun dul i ngleic le bruscar ítimí plaisteacha aon úsáide agus dul i ngleic leis an tionchar atá acu ar an gcomhshaol. Is minic a dhírítear ar bhealaí difriúla sa reachtaíocht sin, tá an reachtaíocht ilroinnte ó thaobh fócais agus uaillmhéine de agus ní raibh an tionchar ag an reachtaíocht sin ar an mbruscar muirí go fóill mar ba ghá.

Mar a míníodh i roinn 2 thuas, sainaithnítear sa Straitéis maidir le Plaistigh a glacadh le déanaí gur gá togra reachtach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chun díriú go sonrach ar ítimí plaisteacha aon úsáide.

De réir reachtaíocht dramhaíola an Aontais Eorpaigh, ba cheart an dramhaíl uile a bhailiú agus a chóireáil mar is iomchuí. Sa reachtaíocht seo, sainítear spriocanna athchúrsála le haghaidh dramhaíl chathrach (65 % faoi 2030) agus dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach (55 % faoi 2030) a mhéadóidh gabháil na dramhaíola plaistí a thuilleadh. Is féidir leis na Ballstáit na spriocanna sin a bhaint amach, áfach, gan iarrachtaí feabhsaithe a dhéanamh i gcoinne an bhruscair. Ceanglófar leis na leasuithe is déanaí a rinneadh ar an Treoir Réime Dramhaíola ar na Ballstáit bearta a chur i gcrích chun na príomhfhoinsí atá ag an mbruscar muirí a shainaithint agus bearta a chur i gcrích chun bruscar ó na foinsí sin a chosc agus a laghdú. Ina ainneoin sin, de thoradh roinnt fachtóirí atá nasctha le bonneagar uireasach dramhaíola agus iompar míchuí tomhaltóirí, beidh bruscar ann agus sceithfear plaistigh isteach sa chomhshaol go fóill. Comhlánaítear leis an tionscnamh seo an reachtaíocht dramhaíola nua trí bhíthin réitigh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh a thabhairt do chuid mhór de na foinsí bruscair. Leagtar an bhéim ar a thábhachtaí agus atá ionstraim dlí atá dírithe ar tháirgí, rud a deimhníodh leis na torthaí ón Treoir maidir le Málaí Plaisteacha. Ba í sin an chéad ionstraim den chineál sin ón Aontas Eorpach agus mar gheall ar an Treoir sin, tháinig fíorlaghdú ar thomhaltas na hítime spriocdhírithe agus ar a tionchair ghaolmhara ar an gcomhshaol.

Léirítear sa mheasúnú ar na cláir le haghaidh bearta a cuireadh i gcrích faoi chuimsiú na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí go dtugann siad forléargas úsáideach ar na gníomhaíochtaí a rinneadh nó a beartaíodh, ach gur gá bearta breise le go mbeidh siad éifeachtach. Tá níos mó i gceist leis an togra reachtach seo mar go ndéantar foinsí aonair an truaillithe a rialáil a bhuí leis na cúiseanna agus na bealaí, a bhaineann le truailliú plaisteach muirí, a shainaithint.

Ar na teorannaithe atá ar an Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh ar a bhfuiltear ag déanamh meastóireachta faoi láthair, tá na ceanglais maidir le forsceitheadh uisce stoirme a ghabháil agus a chóireáil nár mhór a athbhreithniú. Is é is aidhm don togra reachtach nua seo dul i ngleic leis an tsaincheist seo trí bhíthin feachtais múscailte feasachta agus ceanglais maidir le lipéadú a spreagadh chun cosc a chur ar shruthlú ítimí plaisteacha aon úsáide nach bhfuil na córais cóireála séarachais in ann a ghabháil go han-mhaith.

Rialaítear dramhaíl ó threalamh iascaireachta le raon ionstraimí ón Aontas Eorpach. Tá na bearnaí le feiceáil go fóill, áfach. Go háirithe, níl aon dreasacht ar leith ann faoi láthair le haghaidh oibreoirí chun go náiritheofar uasráta i dtaca le dramhaíl ó threalamh iascaireachta a thabhairt ar ais i dtír agus níl aon sásraí i bhfeidhm chun an tualach a roinnt. Dá bhrí sin, tagann an tathbhreithniú atáthar a dhéanamh ar an Treoir maidir le Saoráidí Glactha Calafoirt in éineacht leis an togra seo chun trealamh iascaireachta a rialáil mar go dtéann sé i ngleic le dídhreasuithe roimhe seo le longa a mbruscar a thabhairt ar ais i dtír agus an dramhaíl freisin a tógadh amach as an bhfarraige le linn na hiascaireachta. Ina theannta sin, ceanglaítear leis an athbhreithniú ar an Rialachán um Rialú ar Iascach ar an trealamh marcála trealamh aisghabhála á iompar ar bord, trealamh caillte a aisghabháil agus a chaillteanas a thuairisciú i gcás nach bhfeadfar é a aisghabháil trí thuairisciú leictreonach laethúil. Mar sin féin, is féidir an creat reachtach atá ann faoi láthair a threisiú a thuilleadh trí bhíthin dreasachtaí a thabhairt chun trealamh iascaireachta a bhainistiú ar bhonn níos éifeachtúla mar shruth ar leith bainistithe dramhaíola agus athchúrsála. Is é is aidhm don togra reachtach nua seo dul i ngleic leis sin trí scéim freagrachta leathnaithe táirgeora.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Tháinig níos mó ná 1 800 aighneacht isteach ón gcomhairliúchán poiblí a reáchtáladh idir Nollaig 2017 agus Feabhra 2018. Mheas 98.5 % de fhreagróirí go bhfuil an ghníomhaíocht chun dul i ngleic leis an mbruscar muirí ó ítimí plaisteacha aon úsáide “riachtanach”, agus measann 95 % go bhfuil sé “riachtanach agus práinneach”. Mheas breis agus 70 % de mhonaróirí agus mheas breis agus 80 % de bhrandaí agus d’athchúrsálaithe go bhfuil an ghníomhaíocht “riachtanach agus práinneach”. Níor chreid ach 2 % de fhreagróirí nár cheart aon bheart nua den chineál sin a dhéanamh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus chreid 79 % díobh go mbeadh na bearta neamhéifeachtach mura gcuirfí i gcrích ar leibhéal an Aontais Eorpaigh iad.

Bhí formhór mór de fhreagróirí an chomhairliúcháin phoiblí i bhfabhar úsáid na scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora chun na costais a bhaineann le glanadh bruscair a chlúdach ar breisluach tábhachtach den togra reachtach é i gcomparáid le híoscheanglais a shainítear i reachtaíocht dramhaíola an Aontais Eorpaigh maidir le scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora. Thairis sin, léiríodh sa chomhairliúchán poiblí go bhfuil tacaíocht ann do cheanglais reachtachta maidir le táirgí a dhearadh ar bhealach níos fearr agus go raibh sin ar na cineálacha cur chuige is éifeachtaí, agus spriocanna maidir le laghdú ina dhiaidh sin, a cuireadh san áireamh sa togra mar bhearta tábhachtacha a bhí le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit.

Maidir le trealamh iascaireachta, bhí 88 % de fhreagróirí i bhfabhar bearta maidir le dreasachtaí a chruthú chun bruscar a thógtar amach as an bhfarraige agus trealamh iascaireachta i ndeireadh a ré úsáide a thabhairt ar ais i dtír agus bhí 77 % de fhreagróirí ag iarraidh go mbeadh saoráidí níos fearr ar shoithí agus i gcalafoirt chun bruscar a bhailiú agus a shórtáil.

Bailiú agus úsáid saineolais

Faoi chuimsiú na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí, bailíodh faisnéis faoi ítimí an bhruscair mhuirí a fuarthas ar thránna Eorpacha ó ghníomhaíochtaí na Meithle um an Bruscar Muirí san Airmheán Comhpháirteach Taighde (cláir faireacháin, feachtais ghlantacháin agus tionscadail taighde), faisnéis a bailíodh faoi 276 thrá i 17 mBallstát an Aontais Eorpaigh agus faoi cheithre fharraige réigiúnacha le linn 2016. Suim iomlán de 355 671 ítim a breathnaíodh le linn 679 suirbhé, rangaíodh de réir líonmhaireachta í, go príomha de réir chatagóirí an mháistirliosta d'Ítimí an Bhruscair Thrá sa Treoir Réime um Straitéis Mhuirí. Baineadh úsáid as an liosta a rinne an tAirmheán Comhpháirteach Taighde chun liosta níos gairide d'aicmiúcháin scoite a thiomsú lena dtugtar an teolas ábhartha faoi ítimí atá comhionann ó thaobh foinse, úsáide nó ábhair de agus atá faoi fhearann réimse beartais shainithe i gcoitinne. Comhlánaíodh na sonraí sin le roinnt tionscadal atáthar a dhéanamh faoi láthair amhail Faire an Bhruscair Mhuirí 20 a cheap an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil.

Thug an chomhpháirtíocht idir an Líonra Eorpach um Breathnóireacht 21 agus Sonraí Muirí 22 agus na Coinbhinsiúin maidir le farraigí réigiúnacha saineolas ríthábhachtach don togra reachtach seo freisin trí rannchuidiú le hobair an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde, mar shampla, chun na sonraí a thiomsú agus a chomhchuibhiú le go dtabharfaí léargas foriomlán níos fearr ar chomhchruinnithe an bhruscair phlaistigh atá ar fharraigí agus ar ghrinnill Eorpacha.

Maidir le hítimí plaisteacha aon úsáide agus trealamh iascaireachta, bhí an Coimisiún Eorpach ag brath ar obair ó chomhairleoirí seachtracha freisin. Maidir le hítimí plaisteacha aon úsáide, atá bunaithe ar shonraí ón Airmheán Comhpháirteach Taighde, rinne siad anailís ar na cúiseanna agus na bealaí a bhaineann leis an mbruscar muirí agus na príomhbhearta a d’fhéadfaí a chur chun tosaigh sa togra reachtach nua seo chun dul i ngleic le hítimí plaisteacha aon úsáide. Maidir le trealamh iascaireachta, rinneadh dianstaidéar 23 ar leith chun a thuiscint cá háit a bhfuil na bearnaí sa reachtaíocht agus cad iad na bearta ar cheart dóibh an cás bonnlíne atá ann a chomhlánú chun tionchar an trealaimh iascaireachta ar an gcomhshaol muirí a laghdú. Cuireadh san áireamh san anailís léirmheasanna ar litríocht na taighde atá ann, ceardlanna a raibh oifigigh ón gCoimisiún Eorpach agus páirtithe leasmhara seachtracha rannpháirteach iontu agus taighde deisce, lenar áiríodh taighde a dhéanamh ar bhunachair sonraí PRODCOM agus EUROSTAT (trádáil sheachtrach an Aontais Eorpaigh, allmhairí, onnmhairí agus sonraí táirgeachta).

Le linn an staidéar sin a dhéanamh, cuireadh go leor daoine faoi agallaimh fhoirmiúla agus faoi agallaimh neamhfhoirmiúla: páirtithe leasmhara ó institiúidí poiblí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, comhlachais agus gnólachtaí an tionscail chun an anailís a fhorbairt a bhí le déanamh ar an bhfadhb agus a tionchar. Sna hagallaimh sin scrúdaíodh cad é a bhí indéanta go teicniúil agus na tionchair dhíreacha a bhí ag roghanna ar leith a thiocfadh chun cinn. Baineadh úsáid as agallaimh freisin chun sonraí ar leith a bhailiú a bhaineann le feidhmíocht agus costais agus a bhaineann leis an tslí a bhféadfaidís athrú mar gheall ar bhearta idirghabhála a chuirfí i bhfeidhm.

Measúnú tionchair

Tá achoimre ar an measúnú tionchair i gceangal leis an togra. D'eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim neamhfhabhrach, agus dara tuairim ina dhiaidh sin, tuairim dhearfach maille le hagúis 24 , bunaithe ar mheasúnú tionchair athbhreithnithe. Sa tuairim chríochnaitheach tugann an Bord le fios go léirítear sa tuarascáil athbhreithnithe raon feidhme an tionscnaimh níos glinne, atá teoranta do mhicreaphlaistigh. Iarradh tuilleadh mionsonraí go príomha faoi ról comhlántach ionstraime nua leis an reachtaíocht reatha (1) a bhaineann le trealamh iascaireachta (breisluach i gcomparáid leis an Rialachán um Rialú ar Iascach, an Treoir maidir le Saoráidí Glactha Calafoirt agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh) agus (2) a bhaineann le hítimí plaisteacha aon úsáide (míniú ar easpa uaillmhéine atá sa reachtaíocht reatha agus cur chun feidhme atá lag). D’iarr an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuilleadh faisnéise faoin díobháil a dhéanann ítimí plaisteacha aon úsáide mar ghrúpa ítimí agus mar ítimí aonair, agus ar ghníomhaíocht an Bhallstáit aonair a d’fhéadfadh a bheith ina cúis le hilroinnt an mhargaidh.

Dá thoradh sin, tugtar tuilleadh soiléirithe sa mheasúnú tionchair deiridh go ndéanann an bruscar muirí díobháil don gheilleagar, don tsochaí agus don chomhshaol agus leagtar amach ann mar a líontar na bearnaí atá san acquis faoi láthair mar nach dtugann an reachtaíocht maidir le dramhaíl a bhainistiú, fuíolluisce a chóireáil, saoráidí glactha calafoirt etc. atá ann faoi láthair aghaidh go leordhóthanach ar phríomhchúiseanna na faidhbe atá le tionchar ítimí sonracha. Maidir le hítimí plaisteacha aon úsáide, beidh éifeachtaí ag an reachtaíocht dramhaíola go príomha maidir leis an athchúrsáil a mhéadú ach beidh níos lú tionchair aici ar bhruscar. Tá bearta réamhtheachtacha arb é is aidhm dóibh an tomhaltas a laghdú níos éifeachtúla. Deimhníodh sa mheasúnú tionchair gur cuid ard den mhacreabhruscar muirí é ítimí plaisteacha aon úsáide agus trealamh iascaireachta is minice a fhaightear mar ghrúpa ítimí. Is ionann iad agus thart ar 70 % de bhruscar trá a dhéantar i gcuntais, ach i gcás gach ítime aonair freisin déantar a líon a chuntas. I gcás trealamh iascaireachta, ceapadh bearta breise mar chuid den chur chuige a leanadh i gcomhthéacs Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Plaistigh agus an tathbhreithniú a beartaíodh a rinneadh ar an Treoir maidir le Saoráidí Glactha Calafoirt 25 . San athbhreithniú atá beartaithe ar an Treoir seo, ní ghearrfar pionós ar iascairí aonair a thabharfaidh dramhaíl i dtír. Ina ainneoin sin, tiocfaidh méadú ar tháillí calafoirt má thugtar níos mó dramhaíola i dtír agus más gá saoráidí láimhseála dramhaíola a uasghrádú, go háirithe sna calafoirt bheaga iascaireachta a bhíonn a lán soithí á núsáid. Chomh maith lena áirithiú go ndéanfar dramhaíl trealaimh iascaireachta a bhainistiú ar bhonn treisithe a luaithe agus a thabharfar an dramhaíl sin chun an chalafoirt, áiritheofar sa scéim um fhreagracht leathnaithe táirgeora go mbeidh táirgeoirí trealaimh iascaireachta ina bhfuil plaisteach freagrach as na costais maidir leis an sruth dramhaíola a bhainistiú, lena náirítear cuid de na costais nó na costais uile a bhaineann le saoráidí glactha calafoirt.

Ina theannta sin, léirítear sa mheasúnú go bhfuil riosca méadaithe follasach ann maidir le hilroinnt an mhargaidh, is é sin maidir leis an mbealach a ndéanann réigiúin nó Ballstáit aonair an tsaincheist a láimhseáil a bhaineann le hítimí plaisteacha aon úsáide agus trealaimh iascaireachta. Dá bhrí sin, is é is aidhm don togra seo íosmhéid comhsheasmhachta bearta a áirithiú ar fud na mBallstát, chun éagothroime iomaíochta a sheachaint a d'fhéadfadh an iomaíochas idir oibreoirí a shaobhadh agus a chuirfeadh i mbaol ina dhiaidh sin a fheabhas a bhainfear amach an cuspóir maidir le bruscar a laghdú. Tá an chothromaíocht cheart sa togra reachtach seo idir roghanna malartacha a bheith ar fáil agus an gá atá le comhchuibhiú.

Ar deireadh, is gá don Aontas Eorpach a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le dul i ngleic leis an mbruscar muirí i bhfarraigí na hEorpa trí bhíthin ghníomhaíochtaí na gCoinbhinsiún maidir le farraigí réigiúnacha ach ar leibhéal idirnáisiúnta freisin. I ndiaidh dó gníomhaíochtaí a dhéanamh, spreagfaidh an tAontas Eorpach tíortha eile le gníomhú ar dá thoradh sin a thiocfaidh laghdú ar an mbruscar muirí i bhfarraigí na hEorpa agus i bhfarraigí níos faide i gcéin ar bhonn domhanda.

Mar sin, tá tábhacht mhór le bearta dlí díreacha a chur i bhfeidhm maidir leis na hítimí sin chun gníomhú i gcoinne truailliú muirí.



Plaistigh Aon Úsáide

Sa mheasúnú tionchair scrúdaítear raon leathan de bhearta. Rinneadh samhail de cheithre rogha nó de cheithre chás ina raibh roinnt bearta difriúla á gcur i bhfeidhm maidir leis na hítimí difriúla. Is ionann gach rogha ina dhiaidh sin agus céim in airde ó thaobh leibhéal uaillmhéine na dtorthaí foriomlána de. Ba ríthábhachtach an ní é a mheas sa chomhthéacs seo cad é an tionchar a bheadh ag ítimí plaisteacha aon úsáide agus iad ag sreabhadh isteach sa chomhshaol muirí.

Is é an toradh a bhí air sin trí chatagóir ítimí:

·Maidir leis na hítimí nach bhfuil roghanna malartacha inbhuanaithe ar fáil dóibh, is é an cuspóir atá ann roghanna malartacha nach bhfuil chomh díobhálach céanna a chur chun cinn.

·Ítimí nach bhfuil roghanna malartacha ann dóibh. Maidir leis na hítimí sin, is é an cuspóir atá ann an damáiste a laghdú trí eolas níos fearr a chur ar fáil do na tomhaltóirí, agus a thabhairt ar na táirgeoirí freagracht airgeadais a ghlacadh chucu féin as na hiarmhairtí ar an gcomhshaol.

·Ítimí a ghabhtar ar bhonn éifeachtach cheana féin sa chás sin inarb é is cuspóir don ghníomhaíocht a áirithiú go dtugtar na hítimí sin isteach i dtír sa timthriall bailithe ar bhonn deighilte agus athchúrsála atá ann faoi láthair nó a bheidh ann.

Cuireadh na ceithre chás i gcomparáid le cás bhunlíne 1 agus tuairiscítear iad thíos.

Cás 2a - Tionchar níos ísle ar an mbruscar muirí a laghdú.

Sa chás seo thabharfaí aghaidh ar na príomhchúiseanna ar bhonn teoranta. Áirítear ann feachtais faisnéise, gníomhaíochtaí deonacha agus lipéadú a d'fheadfadh cur le feasacht ghinearálta an tionscail (e.g. maidir le saincheist an bhruscair, na gnáthbhealaí, an bruscar a dhiúscairt mar is iomchuí), agus iompar na dtomhaltóirí ar ndóigh. Mar sin féin, ní léir an toradh a bheidh air sin mar nach bhfuil mórán fianaise ann go nathraíonn feachtas feasachta den chineál sin iompar daoine i bhfírinne.

Cás 2b - Tionchar meánach ar an mbruscar muirí a laghdú.

Tá an cás seo níos éifeachtaí ná cás 2a ach beidh dúshlán ann chun é a chur chun feidhme agus beidh níos mó costas leis agus beidh ualach níos mó orthu siúd dá ndéantar difear.

Cás 2c - Tionchar idir meánach agus ard ar an mbruscar muirí a laghdú. (rogha a rinneadh)

Thabharfadh an cás seo aghaidh ar na bunchúiseanna ar bhealach níos fearr agus is céim chun cinn é an cás seo chun iompar na dtomhaltóirí a athrú. Áirítear ann bearta deartha táirge le haghaidh buidéil dí mar go mbeadh tionchar díreach ag caidhpeanna atá ar teaghrán ar sceitheadh caidhpeanna isteach sa chomhshaol.

Cás 2d - An tionchar is airde ar an mbruscar muirí a laghdú.

Sa chás seo tugtar aghaidh ar na bunchúiseanna ar bhonn feabhsaithe, go hairithe ganntanas dreasachtaí chun ítimí plaisteacha aon úsáide a bhailiú agus a chóireáil mar is iomchuí ag deireadh ré a núsáide, ach ar chostas níos airde, is é sin maidir le fuíolluisce a chóireáil. Áirítear ann scéim aisíoca éarlaise nó córais choibhéiseacha a thabhairt isteach agus bheadh costas breise i gceist leis sin (thart ar €1.4  billiún don Aontas Eorpach) ach thiocfadh laghdú suntasach eile ar an mbruscar muirí agus, chomh maith leis sin, chuirfí feabhas ar cháilíocht an ábhair bhailithe agus ar na rátaí athchúrsála. Mar is amhlaidh i ngach scéim freagrachta leathnaithe táirgeora, is iad na hoibreoirí eacnamaíocha atá rannpháirteach sa slabhra soláthair ábhartha ag brath ar an leagan amach, ach ní na húdaráis phoiblí, nach mór na costais a íoc chun scéim aisíoca éarlaise a thabhairt isteach agus a reáchtáil. Chuirfí feabhas ar an mbonneagar de réir na gcleachtas is fearr maidir le hoibreacha cóireála fuíolluisce ach bheadh gá le hinfheistíocht thábhachtach bhreise de thart ar €7.7  billiún in aghaidh na bliana. Is deacair a léiriú go mbeidh údar leis an mbeart seo mura mbeidh i gceist lena chuspóir ach fadhb na gceirtíní taise a réiteach ach baineann sé le raon níos leithe d'ítimí sceite truailliúcháin. Sa mheastóireacht atáthar a dhéanamh i rith an ama ar an Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh, tabharfar sonraí níos mine ar an tsaincheist seo.

Chun go seachnófaí iarmhairtí neamhbheartaithe i dtaca leis an tionchar ar an ngeilleagar, ar an gcomhshaol agus ar an tsochaí, meastar gur cheart don aistriú anonn chuig roghanna malartacha a bheith bunaithe ar thorthaí agus an deis a bheith ann a oiread réiteach agus is féidir a chur i bhfeidhm leis an aistriú sin. Tá an cur chuige sin i gcomhréir le prionsabal na nuálaíochta, rud a fhágfaidh go mbeidh an togra reachtach réamhbhreathnaitheach ('slán i bhfad na haimsire') agus agus go mbeidh sé fabhrach don nuálaíocht.

I gcomhréir leis an anailís a rinneadh ar roghanna beartais éagsúla agus maidir le sainiúlachtaí de gach ítim plaisteach aon úsáide spriocdhírithe, roghnaíodh cás 2c ina rogha thosaíochta. Áirítear ann na bearta seo a leanas:

·Srianta ar ítimí plaisteacha aon úsáide a chur ar an margadh agus roghanna malartacha (i.e. soip) atá ar fáil go héasca a chur ina nionad;

·Spriocanna ginearálta maidir le laghdú (e.g. cupáin dí, coimeádáin bhia) lenar féidir leis na Ballstáit a mbearta féin a ghlacadh chun an laghdú a dhéanamh. Beidh na costais chun na bearta sin a chur chun feidhme ag brath mar sin ar rogha agus ar dhearadh na mbeart a ghlactar ar an leibhéal náisiúnta.

·Bearta múscailte feasachta agus scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora do gach ítim nach dtagann faoin mbeart maidir le srian an mhargaidh, chun rannchuidiú leis an gcostas a bhaineann leis an dramhaíl a chosc agus a bhainistiú, lena náirítear bruscar a ghlanadh suas, cé is moite de threalamh iascaireachta;

·ceanglais maidir le lipéadú chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi oibríochtaí cuí diúscartha dramhaíola nó faoi mhodhanna diúscartha atá le seachaint (e.g. ceirtíní taise);

·bearta deartha táirge (e.g. buidéil dí a bhaineann le caidhpeanna atá ar teaghrán).

Sa mheasúnú tionchair léirítear go bhféadfaidh scéimeanna aisíoca éarlaise nó córais choibhéiseacha le haghaidh buidéil dí phlaisteacha atá ina gcúis le rátaí arda bailithe (mar a scrúdaíodh mar chuid de rogha 2d) a bheith ina nionstraim an-éifeachtúil a bheidh ina cúis le rátaí arda bailithe, le bruscar a chosc agus go háirithe le bruscar muirí a chosc. Dá bhrí sin, cuireadh scéimeanna aisíoca éarlaise leis an meascán beartais tosaíochta. Tá tionchar dearfach díreach acu ar an mbailiú mar gheall ar an táille éarlaise, agus tá siad ina gcúis le feabhas a bheith curtha ar cháilíocht an ábhair bhailithe agus leis an ábhar athchúrsáilte ardcháilíochta dá éis sin. Agus solúbthacht á fágáil faoi na Ballstáit chun na hionstraimí iomchuí a roghnú, tá sé beartaithe mar sin go mbunófar sprioc íosta maidir le bailiú ar bhonn deighilte a shocraítear ar leibhéal lena léirítear leibhéal meánach do ráta bailithe na scéimeanna aisíoca éarlaise san Aontas Eorpach (90 %) i dtaca le buidéil phlaisteacha aon úsáide. Le scéimeanna aisíoca éarlaise nó le córais choibhéiseacha féadfar réitigh agus bonneagar a chur ar fáil freisin chun coimeádáin dí atá déanta as ábhair eile a bhailiú ar bhonn níos fearr, faoi réir spriocanna maidir le pacáistíocht a athchúrsáil, go háirithe as alúmanam. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit na bearta sin le haghaidh pacáistíocht dí atá déanta as ábhair eile a mheas freisin.

Chun go mbeidh sé chomh hindéanta agus is féidir an togra a chur chun feidhme, maidir le ceirtíní taise, is é an moladh ar deireadh go roghnófar rogha 2b lena bhforáiltear oibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora, ceanglais maidir le lipéadú agus bearta maidir le múscailt feasachta. Maidir le pillíní sláintíocha, beartaítear ceanglais maidir le lipéadú agus bearta múscailte feasachta.

Tá reachtaíocht ann faoi láthair cheana féin, i.e. an Treoir um Pacáistíocht agus um Dhramhaíl ó Phacáistiú, lena leagtar síos cuspóirí chun tomhaltas a laghdú maidir le málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma, lena náirítear málaí siopadóireachta plaisteacha an-éadrom, atá ar na hítimí is coitianta a fhaightear ar thránna de chuid an Aontais Eorpaigh. Foráiltear leis an togra seo freagracht leathnaithe táirgeora chomhlántach agus bearta múscailte feasachta le haghaidh na málaí siopadóireachta éadroma uile.



Trealamh iascaireachta

An cás a measadh ar dtús, is ionann é agus na bearta atá ann faoi láthair agus an togra atá faoi chaibidil cheana a chur chun feidhme ina niomláine as a dtiocfaidh na míbhuntáistí seo a leanas:

·Faoin Rialachán athbhreithnithe um Rialú ar Iascach, níl aon dreasacht ar leith ann le go dtuairisceoidh iascairí trealamh iascaireachta mar threalamh caillte agus go dtabharfaidh siad ar ais i dtír é níos minice.

·Ó tharla go laghdaítear an dídhreasú i dtaca leis an gcostas agus an ualach a bheidh ar iascairí go suntasach chun trealamh agus bruscar eile a thabhairt ar ais chun an chalafoirt mar gheall ar an Treoir maidir le Saoráidí Glactha Calafoirt, is é is aidhm di feabhas a chur ar bhailiú an bhruscair ó longa (lena náirítear as soithí iascaireachta) i gcoitinne, i.e. níl sé spriocdhírithe ar láimhseáil na dramhaíola ó threalamh iascaireachta go sonrach. Ní áirítear sa Treoir dreasachtaí dearfacha díreacha chun an dramhaíl ar fad ó threalamh iascaireachta a bhailiú agus a chóireáil ina dhiaidh sin ar shlí a bhféadfar an tábhar plaisteach i dtrealamh iascaireacht a athúsáid agus a athchúrsáil a oiread agus is féidir. Maidir le bearta de chuid na mBallstát arb é is aidhm dóibh acmhainn bailithe dramhaíola agus trealaimh iascaireachta a threisiú nó scéimeanna athchúrsála a cheapadh le haghaidh trealamh iascaireachta, tá na bearta sin chomh hilghnéitheach agus chomh logánta sin nach bhféadfaidh siad a bheith éifeachtúil. I bhfianaise an méid sin, tá sé beartaithe sa togra i dtaca leis an Treoir athbhreithnithe maidir le Saoráidí Glactha Calafoirt go gcuirfear tuilleadh céimeanna san áireamh i Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Plaistigh chun feabhas a chur ar threalamh iascaireachta a bhailiú agus a chóireáil 26 .

An cás a measadh sa dara háit, is ionann é agus scéim freagrachta leathnaithe táirgeora le haghaidh trealamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach a thabhairt isteach.

An cás a measadh sa tríú háit, is ionann é agus an togra maidir le scéim freagrachta leathnaithe táirgeora a threisiú trí scéim éarlaise agus sprioc maidir le hathchúrsáil a chur leis, as a dtiocfaidh méadú ar an ráta a thuilleadh chun trealamh a thabhairt ar ais i dtír. Tá níos mó costas i gceist leis, áfach, chun é a chur chun feidhme, rud a fhéadfaidh costais a mhéadú don earnáil agus cur leis an ualach riaracháin san am céanna freisin. Lena chois sin, i gcás trealamh iascaireachta, agus i gcodarsnacht le hábhar plaisteach talamhbhunaithe, tá riosca measartha ard ann go gcaillfear an éarlais, rud a fhéadfaidh a tionchar mar dhreasacht a laghdú.

Mar chuid den rogha seo, bhí sprioc maidir le hathchúrsáil le socrú freisin. Measadh go raibh na castachtaí a bhaineann leis an sprioc sin a shainiú, agus an tualach riaracháin agus na costais chun faireachán a dhéanamh uirthi díréireach, go háirithe sa chomhthéacs nuair is dócha mar gheall ar bhunú scéim freagrachta leathnaithe táirgeora féin go spreagfar an margadh beag i dtaca le hábhair trealaimh iascaireachta a athchúrsáil atá ann faoi láthair a fhorbairt a thuilleadh.

An cás a measadh sa cheathrú háit, cuirtear leis an scéim freagrachta leathnaithe táirgeora an oibleagáid maidir le scéim éigeantach aisghabhála trealaimh iascaireachta a mhaoiniú. Baineadh an chonclúid as sin go raibh sé díréireach, dúbailteach agus dodhéanta. Thabharfaí ar tháirgeoirí trealaimh iascaireachta an fhreagracht a ghlacadh chucu féin as na costais a chlúdach a bhaineann le haisghabháil trealaimh atá bunaithe ar rannpháirtíocht dheonach agus atá ag fáil tacaíochta faoi láthair ó ionstraimí áitiúla, náisiúnta agus ó ionstraimí airgeadais an Aontais Eorpaigh. Tá aisghabháil trealaimh curtha san áireamh sa Rialachán um Rialú ar Iascach cheana féin faoin gComhbheartas Iascaigh.

Dá bhrí sin, is é an cás is éifeachtúla chun dul i ngleic le fadhb an trealaimh iascaireachta agus na bearnaí sa reachtaíocht atá ann faoi láthair a chomhlánú go dtabharfar scéim freagrachta leathnaithe táirgeora isteach do tháirgeoirí trealaimh iascaireachta ina bhfuil plaisteach. Meastar gurb í an rogha seo a imreoidh an tionchar foriomlán is éifeachtaí ar an gcuid sin den bhruscar muirí a laghdú ar trealamh iascaireachta agus dobharshaothraithe í a fhágtar, a chailltear nó a chaitear amach. Dhéanfaí cur chun feidhme ionstraimí eile a neartú agus a éascú leis an rogha seo, agus rannchuideodh sí a thuilleadh le méid insreafa an bhruscair ó threalamh iascaireachta a laghdú. Go háirithe, cuireann an rogha seo leis an Rialachán um Rialú ar Iascach agus leis an Treoir athbhreithnithe maidir le Saoráidí Glactha Calafoirt atá beartaithe agus comhlánaíonn sí iad trí shásra ar leith a chur léi, lena néascaítear trealamh iascaireachta a bhailiú ar bhonn deighilte agus an trealamh sin a thabhairt ar ais chuig córais bailithe agus dramhaíl ó threalamh iascaireachta a chóireáil, agus go háirithe a athchúrsáil. Go háirithe, beidh sé ina chuidiú le hualach an chostais a laghdú do chalafoirt bheaga agus/nó d'oibreoirí beaga iascaireachta a bhféadfaidh sé go mbeidh costais níos airde orthu mar gheall ar an méadú a thiocfaidh ar an dramhaíl ó threalamh iascaireachta a bhailiú agus a chóireáil a luaithe is a thabharfar isteach go calafoirt í.

Tá formhór na bpáirtithe leasmhara den tuairim gurb í an cineál seo dreasachta dearfaí chun bruscar a thabhairt i dtír an modh is éifeachtaí chun caillteanas an trealaimh san fharraige a laghdú.

Oiriúnacht Rialála agus simpliú

Fuarthas nach raibh údar leis chun micrifhiontair a dhíolmhú ón tionscnamh nó foráil a dhéanamh maidir le córais níos éadroime do FBManna. Mar sin féin, táthar ag dréim leis go dtiocfaidh méadú ar na deiseanna do mhicrifhiontair agus do FBManna san Eoraip mar gheall ar na bearta atá beartaithe sa tionscnamh seo. Beidh margadh níos mó ag cuideachtaí Eorpacha a bhfuil samhlacha deartha agus gnó ciorclacha curtha i bhfeidhm acu cheana féin agus beidh deiseanna feabhsaithe trádála, infheistíochta agus gnó ag na cuideachtaí sin. Is FBManna iad formhór na 50 000 cuideachta in earnáil na dtiontairí plaisteach san Aontas Eorpach. Beidh an éifeacht a bheidh orthu ag brath ar an ngnólacht atá acu a bheith i dtuilleamaí ítimí plaisteacha aon úsáide agus ar a nábaltacht aistriú chuig ítimí eile nach ítimí plaisteacha iad a mhonarú. Táirgtear cuid mhór d'ítimí plaisteacha aon úsáide atá faoi shrian margaidh lasmuigh den Aontas Eorpach. Thairis sin, féadfar tionchar dearfach a bheith ar FBManna amhail miondíoltóirí i gcás ina seachnóidh siad an gá le hítimí aon úsáide a cheannach a ghabhann leis an mbia nó na deochanna a dhíolann siad nó ina bhfuil an bia sin nó na deochanna sin. Laghdófar an trádáil miondíola mar gheall ar chaiteachas laghdaithe tomhaltóirí ach beidh athchothromú ann de réir mar a chaitheann tomhaltóirí a gcuid airgid ar roghanna malartacha agus de réir mar a bheidh siad i bhfabhar freagraí nuálacha. Ceapfar samhlacha nua gnó chun ítimí ilúsáide a chur ar fáil do thomhaltóirí agus d'fhéadfadh sé costais a laghdú, go háirithe de réir mar a threisítear na roghanna.

Chun na costais le comhlíonadh a íoslaghdú do na Ballstáit agus do na hoibreoirí, tá na socruithe maidir le faireachán a dhéanamh agus maidir le tuairisciú simplí agus ba cheart dóibh tairbhe a bhaint as sineirgíochtaí leis na córais maidir le tuairisciú atá i bhfeidhm cheana mar a mhínítear i Roinn 5 thíos.

Cearta bunúsacha

Níl aon impleachtaí ag an togra seo do chosaint na gceart bunúsach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleachtaí airgeadais ag an togra do bhuiséad an Choimisiúin.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Ba cheart don eagrúchán agus do na modhanna maidir le sonraí a bhailiú, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, a fhágáil faoi réir inniúlacht na mBallstát.

Is éifeachtúil an táscaire ar fad é cuntas a dhéanamh ar ítimí a fhaightear ar thránna chun measúnú a dhéanamh ar mhéid an bhruscair mhuirí a fhaightear ar chósta na hEorpa agus éabhlóid na nítimí plaisteacha aon úsáide is coitianta a fhaightear. In Éirinn, mar shampla, breathnaíodh gur tháinig laghdú an-suntasach ar mhálaí plaisteacha a fhaightear ar thránna, tar éis an Treoir maidir le Málaí Plaisteacha a chur chun feidhme. Bainfidh na Ballstáit úsáid as an modheolaíocht a cheap an mheitheal um an bruscar muirí de chuid na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí agus a leagadh amach freisin i dTuarascálacha Teicniúla ón Airmheán Comhpháirteach Taighde. Glacadh Cinneadh athbhreithnithe ón gCoimisiún in Aibreán 2017 lenar bunaíodh critéir agus caighdeáin mhodheolaíocha. Ceanglaítear leis go ndéanfar faireachán ar an mbruscar ar feadh an chósta i ngach cás agus go bhféadfar faireachán a dhéanamh ar an mbruscar ar bharr na farraige agus ar ghrinneall na farraige: Baileofar faisnéis faoi fhoinse agus faoi bhealach an bhruscair, nuair is indéanta.

Ceanglófar faireachán a dhéanamh freisin ar na bearta chun tomhaltas ítimí plaisteacha aon úsáide a laghdú. Tá sé beartaithe go mbeidh an faireachán sin bunaithe ar shonraí na dtáirgí plaisteacha aon úsáide ábhartha a chuirtear ar an margadh i mbliain ar leith. I gcás inar ghá, bhunódh an coiste dramhaíola a bhunófaí faoi reachtaíocht dramhaíola an Aontais Eorpaigh rialacha comhchuibhithe maidir leis an sonraí sin a bhailiú agus maidir le leagan amach an tuairiscithe. I gcás inarbh fhéidir, ba cheart dó leas a bhaint as bunachair tháirgeachta agus thrádála an Aontais Eorpaigh atá ann cheana (PRODCOM 27 agus COMEXT 28 ) arna mbainistiú ag Eurostat agus a nuashonraítear go rialta le faisnéis ó na Ballstáit. Ba cheart leas a bhaint as na sineirgíochtaí maidir leis na sásraí tuairiscithe atá ann cheana.

Foráiltear sa togra maidir le meastóireacht a dhéanamh ar thionchar na mbeart atá beartaithe agus éabhlóidí a bheidh ann amach anseo a chur san áireamh. Déanfar meastóireacht go háirithe ar an ngá a bheidh le hathbhreithniú a dhéanamh ar liosta na bplaisteach aon úsáide agus na mbeart a thabharfar isteach amhail spriocanna maidir le tomhaltas a laghdú, i gcás inarb iomchuí. Thairis sin, tabharfar aghaidh ar shaincheisteanna in-bhithmhillteachta sa mheastóireacht.

Ní thugtar aghaidh ar cheisteanna faoi bheartas táirgí agus roghanna ábhair a chuirtear in ionad plaisteach go díreach sa togra seo. Ach roinnt táirgí a bhaint den mhargadh agus táirgí eile a laghdú, cuirfear go hindíreach deiseanna tábhachtacha ar fáil mar gheall ar an togra le haghaidh réitigh nuálacha ar ionadú ábhair agus ionadú táirgí plaisteacha aon úsáide agus samhlacha nua gnó agus córais athúsáide freisin. Chomh maith leis sin, faoi chuimsiú Straitéis an Aontais Eorpaigh, tá obair á déanamh i rith an ama d'fhonn rialacha comhchuibhithe a cheapadh maidir le plaistigh inmhúirínithe agus in-bhithmhillte a shainiú agus a lipéadú lena gcuirtear san áireamh próisis agus ábhair imní shonracha faoi bhruscar, go háirithe an bruscar sa chomhshaol muirí. I bhfianaise na hoibre sin agus, i gcás inar féidir é mar gheall ar an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, beidh measúnú déanta ag an gCoimisiún ar ábhair ionaid a fhéadfar a chur in ionad plaisteach, sula mbeidh an mheastóireacht déanta ar an togra, chun a chinneadh cibé acu ba cheart táirgí plaisteacha aon úsáide a dhíolmhú ó shrianta an mhargaidh atá beartaithe sa togra seo nó nár cheart.

Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

Ní gá doiciméad míniúcháin chun an Treoir a thrasuí i bhfianaise líon teoranta na mbeart sa togra seo.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Tugtar srac-chuntas anseo thíos ar na forálacha is tábhachtaí de chuid na Treorach seo.

Leagtar síos in Airteagal 1 gurb é is cuspóir leis an Treoir atá beartaithe an tionchar atá ag táirgí plaisteacha aon úsáide áirithe, agus ag trealamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach, ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine a chosc agus a laghdú, mar aon leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach atá fabhrach don chomhshaol a chur chun cinn trí bhíthin samhlacha, táirgí agus ábhair ghnó nuálacha, rud a chuirfidh le feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh.

In Airteagal 2 sainítear raon feidhme na Treorach agus sainítear go mbeidh feidhm aici maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide áirithe a ainmnítear agus a shonraítear in Iarscríbhinn an togra agus maidir le trealamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach.

Leagtar síos in Airteagal 3 sainmhínithe ar tháirgí plaisteacha aon úsáide agus ar threalamh iascaireachta, agus an sainmhíniú ar thairgeoir d’fhonn bearta laghdaithe tomhaltais, ceanglais táirgí agus freagracht leathnaithe tairgeora a bhunú.

Le hAirteagal 4 ceanglaítear ar na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun laghdú suntasach a dhéanamh ar thomhaltas coimeádán bia, cupán deochanna ar táirgí plaisteacha aon úsáide iad.

Leagtar síos in Airteagal 5 srianta maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide áirithe a chur ar an margadh nuair atá táirgí malartacha ar an margadh cheana.

Leagtar síos in Airteagal 6 ceanglais deartha táirgí le haghaidh coimeádáin dí ar táirgí plaisteacha aon úsáide iad, chun a áirithiú go bhfanfaidh na caipíní agus na cláir dá bhfuil cuid mhór déanta as plaisteach ceangailte den choimeádán le linn a thréimhse úsáide ionas nach sceithfear dramhaíl den chineál sin isteach sa chomhshaol.

Leagtar síos in Airteagal 7 ceanglais maidir le marcáil le haghaidh táirgí plaisteacha ar leith aon úsáide chun a sheachaint go ndiúscrófar iad ar bhealach míchuí, mar shampla trína sruthlú síos an leithreas, agus chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le dramhaíl a dhiúscairt go míchuí i dtaca leis an mbruscar muirí agus faoi na cleachtais bainistithe dramhaíola is iomchuí.

Bunaítear in Airteagal 8 scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora le haghaidh trealamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach agus le haghaidh táirgí plaisteacha aon úsáide áirithe. Cé go bhfuil feidhm maidir leis na scéimeanna sin ag na híoscheanglais ghinearálta i dtaca le scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora a bunaíodh le Treoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl, leagtar síos leis an bhforáil seo freisin ceanglais bhreise ar leith maidir leis an bhfreagracht airgeadais atá ar tháirgeoirí, go háirithe, as feachtais múscailte feasachta agus, i gcás plaistigh aon úsáide, as bruscar a ghlanadh.

Le hAirteagal 9 ceanglaítear ar na Ballstáit sprioc íosta bailithe ar bhonn deighilte le haghaidh buidéil dí phlaisteacha aon úsáide.

Le hAirteagal 10 ceanglaítear ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun feasacht a mhúscailt faoi thionchar an bhruscair agus an diúscartha dramhaíola mhíchuí ar an gcomhshaol, go háirithe an comhshaol muirí, agus faoi na roghanna a bhaineann le hathúsáid agus bainistiú dramhaíola, agus faoi na dea-chleachtais atá ar fáil.

Leagtar síos in Airteagal 11 an ceanglas ar na Ballstáit comhsheasmhacht a chomhordú agus a áirithiú idir na bearta a ghlacfaidh siad chun an Treoir seo a chur i bhfeidhm agus na bearta a ghlacfaidh siad chun an bruscar muirí a chosc agus a laghdú faoi ionstraimí dlí i dtaca leis na cuspóirí i dtaobh cháilíocht an uisce agus dramhaíl a chosc agus a bhainistiú faoi Threoir 2000/59/CE, Treoir 2000/60/CE, Treoir 2008/56/CE agus Treoir 2008/98/CE.

Le hAirteagal 12 cuirtear i bhfeidhm Coinbhinsiún Aarhus maidir leis an rochtain ar an gceartas agus tá sé i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ba cheart saoránaigh agus eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) a bheith in ann athbhreithniú dlíthiúil a iarraidh ar na cinntí a rinne na Ballstáit faoin Treoir sin.

Le hAirteagal 13 ceanglaítear ar na Ballstáit tacar sonraí a chur ar bun maidir leis na táirgí atá faoi réir cuspóir laghdaithe tomhaltais, d’fhonn faireachán a dhéanamh ar chun chun feidhme an chuspóir laghdaithe tomhaltais a leagtar síos sa Treoir seo. Ba cheart an tacar sonraí a bhunú i gcomhréir le Treoir 2007/2/CE 29 . Chuige sin, foráiltear maidir le tacaíocht na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil, a mbeidh de chúram orthu freisin na sonraí a rochtain go minic agus achoimrí a chur ar fáil don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na Treorach ar leibhéal an Aontais, a úsáidfear freisin i gcomhthéacs na meastóireachtaí a dhéanfar ar an Treoir amach anseo.

Leagtar amach in Airteagal 15 an creat do na meastóireachtaí a dhéanfar ar an Treoir amach anseo. Foráiltear go ndéanfar an chéad mheastóireacht tar éis sé bliana tar éis spriocdháta trasuí na Treorach.

2018/0172 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 30 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 31 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Tá uileláithreacht an phlaistigh sa saol laethúil ag méadú i gcónaí mar gheall ar an ardfheidhmiúlacht agus an costas measartha íseal a bhaineann leis. Tá an úsáid a bhaintear as plaisteach i bhfeidhmeanna gearrshaolacha, nár ceapadh lena nathúsáid ná lena nathchúrsáil ar bhonn costéifeachtach, ag méadú agus, dá bhrí sin, tá an táirgeadh agus na patrúin tomhaltais a bhaineann leis ag éirí níos neamhéifeachtúla agus líní. Dá bhrí sin, i gcomhthéacs an Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach 32 , tháinig an Coimisiún ar an gconclúid i Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Plaistigh 33 nár mhór dul i ngleic leis an méadú seasta ar ghiniúint dramhaíola plaistí agus ar a sceitheadh inár gcomhshaol, go háirithe sa chomhshaol muirí, chun saolré iomlán ciorclach a bhaint amach le haghaidh plaisteach.

(2)Le cur chuige ciorclach ina dtugtar tús áite do tháirgí in-athúsáidte agus córais athúsáide, laghdófar an dramhaíl a ghintear agus tá bearta coiscthe den chineál sin ag barr ord na réiteach dramhaíola a chumhdaítear in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 34 . Tá cur chuige den chineál sin i gcomhréir freisin le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 12 35 de chuid na Náisiún Aontaithe chun patrúin inbhuanaithe tomhaltais agus táirgthe a áirithiú.

(3)Is fadhb thrasteorann é an bruscar muirí agus aithnítear mar fhadhb dhomhanda é. An bruscar muirí a laghdú, is príomhghníomhaíocht é sin i dtaca le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 14 de chuid na Náisiún Aontaithe a bhaint amach, sprioc ina néilítear na haigéin, na farraigí agus na hacmhainní muirí a chaomhnú agus a úsáid ar bhealach inmharthana ar mhaithe leis an bhforbairt inbhuanaithe 36 . Ní mór don Aontas a chion féin a dhéanamh chun dul i ngleic leis an mbruscar muirí agus é mar sprioc aige caighdeán a bhunú don chuid eile den domhan. Sa chomhthéacs sin, tá an tAontas ag obair le comhpháirtithe i bhfóraim éagsúla idirnáisiúnta amhail G20, G7 agus na Náisiúin Aontaithe chun gníomhaíocht chomhbheartaithe a chur chun cinn. Is cuid d’iarrachtaí an Aontais chuige sin an tionscnamh seo.

(4)I gcomhréir le comhaontuithe iltaobhacha 37 agus le reachtaíocht dramhaíola an Aontais 38 , ceanglaítear ar na Ballstáit bainistiú dramhaíola fónta a áirithiú chun an bruscar muirí ó fhoinsí mara agus talaimh araon a chosc agus a laghdú. I gcomhréir le reachtaíocht uisce an Aontais 39 , ceanglaítear ar na Ballstáit freisin dul i ngleic leis an mbruscar muirí i gcás ina gcuirfidh sé isteach ar dea-stádas comhshaoil a bhaint amach dá nuiscí muirí, lena náirítear stádas a chuirfidh le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 14 de chuid na Náisiún Aontaithe.

(5)San Aontas, is plaisteach é 80 go 85 % den bhruscar muirí, a thomhaistear trí bhruscar trá a chuntas. Is ítimí plaisteacha aon úsáide iad 50 % den bhruscar muirí agus is ionann ítimí a bhaineann le hiascaireacht agus 27 % de. Ar tháirgí plaisteacha aon úsáide áirítear réimse leathan táirgí tomhaltais pacáistithe a úsáidtear go minic agus a dhíobhtar tar éis iad a úsáid aon uair amháin chun na críche ar soláthraíodh iad. Is annamh a athchúrsáiltear iad agus is minic a chaitear mar bhruscar iad. Cuid shuntasach den trealamh iascaireachta a chuirtear ar an margadh, ní bhailítear é lena chóireáil. Dá bhrí sin, fadhb an-tromchúiseach i gcomhthéacs an bhruscair mhuirí is ea iad táirgí plaisteacha aon úsáide agus trealamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach agus tá baol an-mhór ag baint leo d’éiceachórais mhuirí agus don bhithéagsúlacht agus d’fhéadfadh baol a bheith ag baint leo do shláinte an duine, agus tá siad ag déanamh dochar do ghníomhaíochtaí amhail an turasóireacht, an iascaireacht agus an loingseoireacht.

(6)Le reachtaíocht 40 agus ionstraimí beartais de chuid an Aontais atá ann cheana, foráiltear maidir le freagairtí rialála chun dul i ngleic leis an mbruscar muirí. Tá dramhaíl phlaisteach faoi réir, go háirithe, bheartais agus spriocanna foriomlána bainistithe dramhaíola de chuid an Aontais, amhail an sprioc athchúrsála le haghaidh dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach 41 agus an cuspóir sa Straitéis maidir le Plaistigh 42 , a glacadh le déanaí, chun a áirithiú go mbeidh gach pacáistíocht phlaisteach in-athchúrsáilte faoi 2030. Mar sin féin, ní leor tionchar na reachtaíochta sin ar an mbruscar muirí agus tá difríochtaí i raonta feidhme agus i leibhéil uaillmhéine na mbeart náisiúnta chun an bruscar muirí a chosc agus a laghdú. Sa bhreis air sin, féadfaidh sé go gcruthófar bacainní trádála agus go saobhfar iomaíocht san Aontas le cuid de na bearta sin, go háirithe srianta margaíochta ar tháirgí plaisteacha aon úsáide.

(7)D’fhonn díriú ar na nithe is mó gá, leis an Treoir seo níor cheart ach na táirgí plaisteacha aon úsáide is coitianta a fhaightear a chumhdach, arb ionann iad, meastar, agus timpeall 86 % de na plaistigh aon úsáide a fhaightear sna cuntais a dhéantar ar na plaistigh sin ar thránna an Aontais.

(8)Is féidir táirgí plaisteacha aon úsáide a mhonarú as réimse leathan plaisteach. De ghnáth, sainmhínítear plaistigh mar ábhair pholaiméireacha a bhféadfadh breiseáin a bheith curtha leo. Mar sin féin, ní chumhdófaí polaiméirí nádúrtha áirithe faoin sainmhíniú sin. Níor cheart polaiméirí nádúrtha neamhathraithe a chumhdach mar bíonn siad ann go nádúrtha sa chomhshaol. Dá bhrí sin, ba cheart an sainmhíniú ar pholaiméir in Airteagal 3(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 43 a oiriúnú agus sainmhíniú ar leith a chur isteach chun críocha na Treorach seo. Maidir le plaistigh a mhonaraítear le polaiméirí nádúrtha athraithe, nó plaistigh a mhonaraítear as bunsubstaintí bithbhunaithe, iontaise nó sintéiseacha, ní bhíonn siad ann go nádúrtha agus, mar sin de, ba cheart aghaidh a thabhairt orthu sa Treoir seo. Leis an sainmhíniú oiriúnaithe ar phlaistigh, mar sin, ba cheart ítimí rubair pholaiméirbhunaithe agus plaistigh bhithbhunaithe agus in-bhithmhillte a chumhdach, beag beann ar cibé acu atá nó nach bhfuil siad díorthaithe ó bhithmhais agus/nó a ceapadh iad le bith-dhíghrádú le himeacht ama nó nár ceapadh. Ní féidir le hábhair pholaiméireacha áirithe feidhmiú mar an phríomhghné struchtúrach d’ábhair agus de tháirgí deiridh, amhail bratuithe polaiméireacha, péinteanna, dúigh, agus greamacháin. Níor cheart aghaidh a thabhairt ar na hábhair sin faoin Treoir seo agus, dá bhrí sin, níor cheart iad a chumhdach sa sainmhíniú.

(9)Chun raon feidhme na Treorach seo a shainiú go soiléir, ba cheart an téarma ‘táirge plaisteach aon úsáide’ a shainmhíniú. Níor cheart a áireamh sa sainmhíniú táirgí plaisteacha a cheaptar, a dheartar ná a chuirtear ar an margadh chun turais nó uainíochtaí iomadúla a dhéanamh laistigh dá saolré trína nathlíonadh nó trína nathúsáid chun na críche céanna ar ceapadh iad.

(10)Ba cheart aghaidh a thabhairt ar tháirgí plaisteacha aon úsáide le beart amháin nó le roinnt beart, ag brath ar fhachtóirí éagsúla, amhail infhaighteacht roghanna malartacha oiriúnacha agus níos inbhuanaithe, an indéantacht na patrúin tomhaltais a athrú, agus a mhéid is atá siad cumhdaithe cheana faoi reachtaíocht an Aontais atá ann cheana.

(11)Níl roghanna malartacha oiriúnacha agus níos inbhuanaithe ar fáil go héasca go fóill le haghaidh táirgí plaisteacha aon úsáide áirithe agus meastar go méadófar tomhaltas i gcás thromlach na dtáirgí plaisteacha aon úsáide sin. Chun an treocht sin a athrú agus chun iarrachtaí ar réitigh níos inbhuanaithe a chur chun cinn, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun laghdú suntasach a dhéanamh ar thomhaltas na dtáirgí sin, gan sláinteachas ná sábháilteacht bia, dea-chleachtais sláinteachais, dea-chleachtais mhonaraíochta, faisnéis do thomhaltóirí ná ceanglais inrianaitheachta a leagtar síos i reachtaíocht bhia an Aontais 44 a chur i mbaol.

(12)I gcás táirgí plaisteacha aon úsáide áirithe eile, tá roghanna malartacha oiriúnacha atá níos inbhuanaithe agus atá inacmhainne ar fáil go héasca. Chun srian a chur leis an tionchar díobhálach atá ag táirgí den chineál sin ar an gcomhshaol, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit a gcur ar mhargadh an Aontais a thoirmeasc. Ar an gcaoi sin, chuirfí chun cinn úsáid na roghanna malartacha sin atá ar fáil go héascaagus níos inbhuanaithe, chomh maith le réitigh nuálacha maidir le samhlacha gnó níos inbhuanaithe, roghanna malartacha athúsáidte agus ionadaíocht ábhar.

(13)Tá caipíní agus cláir, a bhfuil cuid shuntasach díobh déanta as plaisteach, de chuid coimeádán dí i measc na nítimí plaisteacha aon úsáide is coitianta a fhaightear caite ar thránna an Aontais. Dá bhrí sin, níor cheart ligean do choimeádáin dí, ar táirgí plaisteacha aon úsáide iad, dul ar an margadh ach amháin dá gcomhlíonfaidís ceanglais deartha táirgí shonracha lena laghdófaí ar bhonn suntasach sceitheadh caipíní agus cláir coimeádán dí isteach sa chomhshaol. Maidir le coimeádáin dí ar táirgí agus pacáistíocht aon úsáide iad, cuirtear an ceanglas seo leis na ceanglais riachtanacha maidir le comhdhéanamh agus maidir le nádúr in-athúsáidte agus nádúr in-athshlánaithe, lena náirítear nádúr in-athchúrsáilte, na pacáistíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II de Threoir 94/62/CEE. D’fhonn comhréireacht leis an gceanglas deartha táirgí a éascú agus chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, tá sé riachtanach caighdeán comhchuibhithe a fhorbairt a ghlacfaí i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 45  agus ba cheart toimhde comhréireachta leis na ceanglais sin a cheadú le comhlíonadh an chaighdeáin sin. Ba cheart dóthain ama a bheartú chun caighdeán comhchuibhithe a fhorbairt agus ionas go mbeidh táirgeoirí in ann a slabhraí táirgthe a oiriúnú i ndáil le cur chun feidhme an cheanglais maidir le dearadh táirgí.

(14)Is é an comhshaol ceann scríbe táirgí plaisteacha aon úsáide áirithe mar gheall ar a ndiúscairt mhíchuí tríd na séaraigh agus ar sceitheadh míchuí eile sa chomhshaol. Dá bhrí sin, maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide a dhiúscraítear go minic trí na séaraigh nó a dhiúscraítear ar bhealaí míchuí eile, ba cheart iad a bheith faoi réir ceanglais mharcála. Sa mharcáil ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi roghanna diúscartha dramhaíola iomchuí agus/nó faoi roghanna diúscartha dramhaíola ba cheart a sheachaint agus/nó faoi na tionchair dhiúltacha chomhshaoil a bhaineann le bruscar a dhiúscairt ar bhealach míchuí. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún formáid chomhchuibhithe a bhunú le haghaidh na marcála agus, le linn dó sin a dhéanamh, ba cheart, i gcás inarb iomchuí, an bhraistint atá ag grúpaí ionadaíocha tomhaltóirí i leith na marcála atá beartaithe a scrúdú lena áirithiú go bhfuil sí éifeachtach agus sothuigthe.

(15)Maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide áirithe nach bhfuil roghanna malartacha oiriúnacha atá ar fáil go héasca nó níos inbhuanaithe orthu, ba cheart do na Ballstáit, i gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora a thabhairt isteach chun na costais a bhaineann le bainistiú dramhaíola agus glanadh bruscair, mar aon leis na costais a bhaineann le bearta múscailte feasachta chun an bruscar sin a chosc agus a laghdú, a chumhdach.

(16)Eascraíonn cuid mhór den bhruscar muirí as plaisteach ó threalamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach agus a fhágtar, a chailltear nó a chaitear amach, ina fhianaise sin, ní sholáthraítear leis na ceanglais dhlíthiúla atá ann cheana 46 go leor dreasachtaí chun trealamh iascaireachta den chineál sin a thabhairt ar ais i dtír lena bhailiú agus lena chóireáil. Maidir le córas na dtáillí indíreacha dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais i gcás saoráidí glactha calafoirt le haghaidh seachadadh dramhaíola ó longa, leis sin baintear an dreasacht atá ann do longa chun a ndramhaíl a aischur ar muir, agus áirithítear leis ceart seachadta. Mar sin féin, ba cheart an córas sin a fhorlíonadh le dreasachtaí airgeadais breise d’iascairí chun dramhaíl óna dtrealamh iascaireachta a thabhairt i dtír ionas go seachnófaí aon mhéadú a d’fhéadfadh teacht ar an táille dramhaíola indíreach atá le híoc. Tá poitéinseal ard athchúrsála ag na comhpháirteanna plaisteacha i dtrealamh iascaireachta agus, dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit, i gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, freagracht leathnaithe táirgeora a thabhairt isteach do threalamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach chun bailiú deighilte dramhthrealaimh iascaireachta a éascú agus bainistiú dramhaíola fónta ar an trealamh iascaireachta sin a mhaoiniú, go háirithe athchúrsáil.

(17)Cé go bhfuil baol don chomhshaol agus do shláinte an duine ag baint le gach píosa bruscair mhuirí ina bhfuil plaisteach agus gur cheart dul i ngleic leo, ba cheart breithnithe comhréireachta a chur san áireamh chomh maith. Dá bhrí sin, níor cheart na hiascairí féin ná déantóirí mionscála an trealaimh iascaireachta ina bhfuil plaisteach a chumhdach faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora.

(18)D’fhonn cosc a chur ar bhruscar a chaitheamh agus ar chineálacha diúscartha míchuí eile a mbíonn bruscar muirí ina bhfuil plaisteach mar thoradh orthu, is gá tomhaltóirí a chur ar an eolas mar is ceart faoi na roghanna diúscartha dramhaíola is iomchuí atá ar fáil agus/nó faoi roghanna diúscartha dramhaíola is ceart a sheachaint, faoi na dea-chleachtais maidir le diúscairt dramhaíola, faoi thionchar comhshaoil na ndroch-chleachtas diúscartha agus faoin méid plaistigh i dtáirgí plaisteacha aon úsáide agus i dtrealamh iascaireachta ar leith. Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit bearta múscailte feasachta a dhéanamh chun a áirithiú go dtabharfaí an fhaisnéis sin do na tomhaltóirí. Níor cheart aon ábhar margaíochta lena spreagfaí úsáid táirgí plaisteacha aon úsáide a bheith san fhaisnéis sin. Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit na bearta is iomchuí a roghnú de réir chineál an táirge nó chineál a úsáide. Ba cheart do tháirgeoirí táirgí plaisteacha aon úsáide agus do tháirgeoirí trealaimh iascaireachta ina bhfuil plaisteach na costais a bhaineann leis na bearta múscailte feasachta a chumhdach mar chuid dá noibleagáid faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora.

(19)Le Treoir 2008/98/CE leagtar síos íoscheanglais ghinearálta maidir le scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora. Ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais sin maidir le scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora a bhunaítear faoin Treoir seo. Mar sin féin, bunaítear leis an Treoir seo ceanglais bhreise maidir le scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora, mar shampla, an ceanglas atá ar tháirgeoirí táirgí plaisteacha aon úsáide áirithe na costais a bhaineann le glanadh bruscair a chumhdach.

(20)Tá buidéil dí ar táirgí plaisteacha aon úsáide iad i measc na nítimí bruscair mhuirí is coitianta a fhaightear ar thránna an Aontais. Tá sin amhlaidh mar gheall ar chórais bailithe deighilte neamhéifeachtacha agus rannpháirtíocht íseal tomhaltóirí sna córais sin. Is gá córais bailithe deighilte atá níos éifeachtaí a chur chun cinn agus, mar sin de, ba cheart sprioc íosta bailithe deighilte a bhunú le haghaidh buidéil dí ar táirgí plaisteacha aon úsáide iad. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann an sprioc íosta sin a bhaint amach trí spriocanna bailithe deighilte a leagan síos le haghaidh buidéil dí ar táirgí plaisteacha aon úsáide iad faoi chuimsiú na scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora nó trí scéimeanna aisíoca éarlaise a bhunú nó trí bhíthin aon bheart eile a mheasann siad a bheith iomchuí. Beidh tionchar díreach dearfach aige sin ar an ráta bailithe, cáilíocht an ábhair bailithe agus cáilíocht an ábhair athchúrsáilte, rud a chruthóidh deiseanna don ghnó athchúrsála agus do mhargadh an ábhair athchúrsáilte.

(21)Mar a chinn an Chúirt Bhreithiúnais go mion minic, ní bheadh sé i gcomhréir leis an éifeacht cheangailteach, atá curtha síos do Threoir sa tríú mír d'Airteagal 288 den Chonradh, an deis a eisiamh, i bprionsabal, go mbeadh daoine lena mbaineann ag brath ar oibleagáid a fhorchuirtear le Treoir. Tá feidhm ag an mbreithniú sin, go háirithe, maidir le Treoir a bhfuil cosaint an chomhshaoil ar thionchair dhíobhálacha an bhruscair mhuirí i measc a cuspóirí. Dá bhrí sin, i gcomhréir le Coinbhinsiún Aarhus maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar an gceartas in ábhair chomhshaoil, ba cheart rochtain ar an gceartas a bheith ag baill an phobail lena mbaineann d'fhonn cur le cosaint an chirt chun cónaí i dtimpeallacht atá sásúil do shláinte agus d'fholláine an duine. Ina theannta sin, i gcás ina mbeidh líon mór daoine i mbaol ‘olldíobhála’, de dheasca na gcleachtas neamhdhleathach céanna a bhaineann le sárú ar chearta a bhronntar faoin Treoir seo, ba cheart an deis a bheith acu leas a bhaint as meicníochtaí comhshásaimh, más rud é gur bhunaigh na Ballstáit na meicníochtaí sin i gcomhréir le Moladh 2013/396/AE ón gCoimisiún 47 .

(22)De bhun mhír 22 den Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht níos Fearr 48 , ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir seo. Ba cheart an mheastóireacht sin a bhunú ar thaithí a fuarthas agus ar shonraí a bailíodh le linn chur chun feidhme na Treorach seo agus ar shonraí a bailíodh faoi Threoir 2008/56/CE nó Treoir 2008/98/CE. Ba cheart an mheastóireacht a bheith ina bonn do mheasúnú ar bhearta breise féideartha agus do mheasúnú ar cé acu is gá nó nach gá athbhreithniú a dhéanamh ar an Iarscríbhinn ina liostaítear táirgí plaisteacha aon úsáide, d’fhonn faireachán a dhéanamh ar an mbruscar muirí san Aontas. Maidir leis an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil a rinneadh idir an dá linn, lena náirítear forbairt ábhar in-bhithmhillte agus forbairt critéar nó caighdeáin le haghaidh in-bhithmhillteacht plaisteach sa chomhshaol muirí, dá bhforáiltear i Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Plaistigh, ba cheart a mheas freisin sa mheastóireacht an gcumasaítear leis an dul chun cinn sin caighdeán a leagan síos le haghaidh bithmhilleadh táirgí plaisteacha aon úsáide áirithe sa chomhshaol muirí. D'áireofaí sa chaighdeán sin caighdeán lena scrúdófaí an ndianscaoilfeadh plaistigh, mar thoradh ar dhianscaoileadh fisiceach agus bitheolaíoch sa chomhshaol muirí, go déocsaíd charbóin (CO2), bithmhais agus uisce laistigh d’amscála gairid go leor ionas nach mbeadh na plaistigh díobhálach do bheathra muirí agus nach gcomhchruinneodh na plaistigh sa chomhshaol. Más amhlaidh atá, d'fhéadfaí táirgí plaisteacha aon úsáide lena gcomhlíontar caighdeán den chineál sin a dhíolmhú ón toirmeasc ar a gcur ar an margadh. Cé go mbeartaítear gníomhaíocht sa réimse seo i Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Plaistigh, aithnítear inti freisin na dúshláin a bhaineann le creat rialála le haghaidh plaisteach a bhfuil airíonna in-bhithmhillte acu a leagan síos de bharr na ndálaí muirí éagsúla atá ann sna farraigí. 

(23)Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le pionóis is infheidhme i dtaca le sáruithe ar fhorálacha na Treorach seo agus a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart na pionóis a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(24)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis an modheolaíocht le haghaidh ríomh a dhéanamh ar thomhaltas bliantúil táirgí plaisteacha aon úsáide dar leagadh síos cuspóirí laghdaithe tomhaltais, maidir le sonraíochtaí na marcála atá le greamú ar tháirgí plaisteacha aon úsáide áirithe agus maidir le formáid na faisnéise atá le soláthar ag na Ballstáit agus atá le tiomsú ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil ar chur chun feidhme na Treorach seo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 49 .

(25)Is iad cuspóirí na Treorach seo go príomha an tionchar comhshaoil atá ag táirgí plaisteacha aon úsáide áirithe agus ag trealamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach a chosc agus a laghdú, an taistriú chuig geilleagar ciorclach a chur chun cinn, lena náirítear samhlacha, táirgí agus ábhair ghnó nuálacha a chothú, rud a chuirfidh le feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh, agus ós rud é nach féidir leis na Ballstáit na cuspóirí sin a bhaint amach go leordhóthanach agus, de bharr scála agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach,



TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuspóirí

Is é is cuspóir leis an Treoir seo an tionchar atá ag táirgí plaisteacha aon úsáide áirithe ar an gcomhshaol, ar an gcomhshaol uisceach go háirithe, agus ar shláinte an duine a chosc agus a laghdú, mar aon leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach a chur chun cinn trí bhíthin samhlacha gnó, táirgí agus ábhair nuálacha, rud a chuirfidh freisin le feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh.

Airteagal 2

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis na táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear san Iarscríbhinn agus maidir le trealamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn “plaisteach” ábhar ina bhfuil polaiméir de réir bhrí Airteagal 3(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, a bhféadfadh breiseáin nó substaintí eile a bheith curtha leis, agus atá in ann feidhmiú mar an phríomhghné struchtúrach de tháirgí deiridh, cé is moite de pholaiméirí nádúrtha nár athraíodh go ceimiceach;

(2)ciallaíonn “táirge plaisteach aon úsáide” táirge atá déanta, go hiomlán nó go páirteach, as plaisteach agus nár ceapadh, nár dearadh ná nár cuireadh ar an margadh chun turais nó uainíochtaí iomadúla a dhéanamh, laistigh dá saolré, trína thabhairt ar ais chuig an táirgeoir lena athlíonadh nó trína athúsáid chun na críche céanna ar ceapadh é;

(3)ciallaíonn “trealamh iascaireachta” aon ítim nó píosa trealaimh a úsáidtear in iascaireacht nó dobharshaothrú chun díriú ar acmhainní bitheolaíocha na farraige nó chun iad a ghabháil nó atá ar snámh ar dhromchla na farraige agus a imscartar chun na hacmhainní bitheolaíocha farraige sin a mhealladh agus a ghabháil;

(4)ciallaíonn “dramhthrealamh iascaireachta” aon trealamh iascaireachta a chumhdaítear faoin sainmhíniú ar dhramhaíl i dTreoir 2008/98/CE, lena náirítear gach comhpháirt, substaint nó ábhar ar leith a bhí mar chuid, nó ceangailte, den trealamh iascaireachta sin nuair a caitheadh amach é;

(5)ciallaíonn “cuir ar an margadh” táirge a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair;

(6)ciallaíonn “cuir ar fáil ar an margadh” táirge a sholáthar lena dháileadh, lena thomhailt nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;

(7)ciallaíonn “caighdeán comhchuibhithe” caighdeán comhchuibhithe mar a shainmhínítear i bpointe (c) de phointe 1 d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(8)ciallaíonn “dramhaíl” dramhaíl mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) de Threoir 2008/98/CE;

(9)ciallaíonn “scéim freagrachta leathnaithe táirgeora” scéim freagrachta leathnaithe táirgeora mar a shainmhínítear in Airteagal 3(21) de Threoir 2008/98/CE;

(10)ciallaíonn “táirgeoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann, beag beann ar an teicníc dhíolacháin a úsáidtear, lena náirítear cianchonarthaí de réir bhrí Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 50 , táirgí plaisteacha aon úsáide agus trealamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach ar an margadh, cé is moite de dhaoine a dhéanann gníomhaíochtaí iascaireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(28) de Rialachán (CE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 51 ;

(11)ciallaíonn “bailiú” bailiú mar a shainmhínítear in Airteagal 3(10) de Threoir 2008/98/CE;

(12)ciallaíonn “cóireáil” cóireáil mar a shainmhínítear in Airteagal 3(14) de Threoir 2008/98/CE;

(13)ciallaíonn “pacáistíocht” pacáistíocht mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) de Threoir 94/62/CE;

(14)ciallaíonn “saoráidí glactha calafoirt” saoráidí glactha calafoirt mar a shainmhínítear in Airteagal 2(e) de Threoir 2000/59/CE;

Airteagal 4

Tomhaltas a laghdú

1.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun laghdú suntasach a dhéanamh ar thomhaltas na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid A den Iarscríbhinn a bhaineann lena gcríoch faoi … [sé bliana tar éis an spriocdháta maidir leis an Treoir seo a thrasuí].

Féadfar a áireamh ar na bearta sin spriocanna laghdaithe tomhaltais náisiúnta, bearta lena náiritheofar go gcuirfear roghanna malartacha in-athúsáidte ar na táirgí sin ar fáil don tomhaltóir deiridh ag an díolphointe, ionstraimí eacnamaíocha amhail a áirithiú nach gcuirfear táirgí plaisteacha aon úsáide ar fail don tomhaltóir saor in aisce ag an díolphointe. Is féidir go mbeidh éagsúlacht ann sna bearta sin ag brath ar thionchair chomhshaoil na dtáirgí sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

2.Féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos an mhodheolaíocht chun an laghdú suntasach ar thomhaltas na dtáirgí plaisteacha aon úsáide dá dtagraítear i mír 1 a ríomh agus a fhíorú. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

Airteagal 5

Srianta maidir le cur ar an margadh

Cuirfidh na Ballstáit toirmeasc ar na táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid B den Iarscríbhinn a chur ar an margadh.

Airteagal 6

Ceanglais maidir le táirge

1.Maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid C den Iarscríbhinn agus ar a bhfuil caipíní agus cláir a bhfuil cuid shuntasach díobh déanta as plaisteach, áiritheoidh na Ballstáit nach féidir iad sin a chur ar an margadh ach amháin má fhanfaidh na caipíní agus na cláir ceangailte den choimeádán le linn thréimhse úsáide bheartaithe an táirge.

2.Chun críocha an Airteagail seo, maidir le caipíní miotail nó cláir mhiotail a bhfuil séalaí plaisteacha orthu, ní mheasfar go bhfuil cuid shuntasach díobh déanta as plaisteach.

3.Iarrfaidh an Coimisiún ar na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a bhaineann leis an gceanglas dá dtagraítear i mír 1 a fhorbairt.

4.Ó dháta foilsithe na gcaighdeán comhchuibhithe dá dtagraítear i mír 3 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, toimhdeofar go bhfuil coimeádáin dí dá dtagraítear i mír 1 atá i gcomhréir leis na caighdeáin sin, nó le cuid de na caighdeáin sin, i gcomhréir freisin leis an gceanglas a chumhdaítear faoi na caighdeáin sin nó faoi chuid de na caighdeáin sin a leagtar síos i mír 1.

Airteagal 7

Ceanglais mharcála

1.Maidir le gach táirge plaisteach aon úsáide a liostaítear i gCuid D den Iarscríbhinn a chuirtear ar an margadh, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh marcáil dhoscriosta sholéite fheiceálach air lena gcuirfear tomhaltóirí ar an eolas faoi aon cheann amháin nó níos mó ná aon cheann amháin de na pointí seo a leanas:

(a)roghanna diúscartha dramhaíola is iomchuí nó roghanna diúscartha dramhaíola is ceart a sheachaint i gcás an táirge sin,

(b)na tionchair dhiúltacha chomhshaoil a bhaineann le bruscar a chaitheamh nó le bealaí diúscartha dramhaíola míchuí eile i gcás an táirge, nó

(c)láithreacht plaisteach sa táirge.

2.Glacfaidh an Coimisiún … [12 mhí roimh an spriocdháta maidir leis an Treoir seo a thrasuí] gníomh cur chun feidhme lena leagfar síos na sonraíochtaí maidir leis an marcáil dá dtagraítear i mír 1. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

Airteagal 8

Freagracht leathnaithe táirgeora

1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora do gach táirge plaisteach aon úsáide a liostaítear i gCuid E den Iarscríbhinn agus a chuirtear ar mhargadh an Aontais, i gcomhréir leis na forálacha maidir le freagracht leathnaithe táirgeora i dTreoir 2008/98/CE.

2.Maidir leis na scéimeanna a bhunaítear de bhun mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit go gcumhdóidh táirgeoirí na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid E den Iarscríbhinn na costais a bhaineann le bailiú dramhaíola ina bhfuil na táirgí plaisteacha aon úsáide sin agus lena hiompar agus lena cóireáil ina dhiaidh sin, lena náirítear na costais a bhaineann le bruscar a ghlanadh agus leis na bearta múscailte feasachta dá dtagraítear in Airteagal 10 i dtaca leis na táirgí sin.

Maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide ar pacáistíocht iad, forlíontar leis na ceanglais a leagtar síos sa mhír seo na ceanglais maidir le scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora a leagtar síos i dTreoir 94/62/CEE agus Treoir 2008/98/CE.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora do threalamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach agus a chuirtear ar mhargadh an Aontais, i gcomhréir leis na forálacha maidir le freagracht leathnaithe táirgeora i dTreoir 2008/98/CE.

4.Maidir leis na scéimeanna a bhunaítear de bhun mhír 3, áiritheoidh na Ballstáit go gcumhdóidh táirgeoirí an trealaimh iascaireachta ina bhfuil plaisteach na costais a bhaineann le bailiú dramhthrealaimh iascaireachta ina bhfuil plaisteach a seachadadh chuig saoráidí glactha calafoirt leordhóthanacha i gcomhréir le dlí an Aontais i dtaca le saoráidí glactha calafoirt nó chuig córais bhailithe choibhéiseacha atá lasmuigh de raon feidhme dhlí an Aontais i dtaca le saoráidí glactha, agus na costais a bhaineann lena iompar agus lena chóireáil ina dhiaidh sin. Chomh maith leis sin, cumhdóidh na táirgeoirí na costais a bhaineann leis na bearta múscailte feasachta dá dtagraítear in Airteagal 10 maidir le trealamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach.

Forlíontar leis na ceanglais a leagtar síos sa mhír seo na ceanglais is infheidhme maidir le dramhaíl ó shoithí iascaireachta i ndlí an Aontais i dtaca le saoráidí glactha calafoirt.

Airteagal 9

Bailiú deighilte

Maidir leis na táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid F den Iarscríbhinn, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun líon dramhaíola ó na táirgí sin arb ionann é agus 90  % den iomlán acu a chuirtear ar an margadh in aon bhliain amháin, a bhailiú ar bhonn deighilte faoi 2025. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, féadfaidh na Ballstáit inter alia:

(a)scéimeanna aisíoca éarlaise a bhunú, nó

(b)spriocanna bailithe deighilte a bhunú le haghaidh scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora ábhartha.

Airteagal 10

Bearta múscailte feasachta

Déanfaidh na Ballstáit bearta chun tomhaltóirí táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid G den Iarscríbhinn agus tomhaltóirí trealaimh iascaireachta ina bhfuil plaisteach a chur ar an eolas faoin méid seo a leanas:

(a)na córais athúsáide agus roghanna bainistithe dramhaíola atá ar fáil do na táirgí sin agus do threalamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach, chomh maith leis na dea-chleachtais maidir le bainistiú dramhaíola a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 2008/98/CE;

(b)an tionchar a bhíonn ag an mbruscar a chaitear amach agus ag cineálacha diúscartha míchuí eile i gcás na dtáirgí sin agus ag trealamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach ar an gcomhshaol, go háirithe an comhshaol muirí.

Airteagal 11

Bearta a chomhordú

Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh na bearta a dhéanfar chun an Treoir seo a thrasuí agus a chur chun feidhme comhsheasmhach leis na cláir beart, agus ina gcuid lárnach de na cláir beart sin, a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 2008/56/CE le haghaidh na mBallstát sin a bhfuil uiscí mara acu, na cláir beart a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 11 de Threoir 2000/60/CE, cláir maidir le dramhaíl a bhainistiú agus a chosc a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 28 agus Airteagal 29 de Threoir 2008/98/CE agus na pleananna le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil a bunaíodh faoi dhlí an Aontais maidir le bainistiú dramhaíola ó longa.

Beidh na bearta a dhéanfaidh na Ballstáit chun Airteagal 4 go hAirteagal 9 a thrasuí agus a chur chun feidhme i gcomhréir le dlí bia an Aontais chun a áirithiú nach gcuirfear sláinteachas bia ná sábháilteacht bia i mbaol.

Airteagal 12

Rochtain ar an gceartas

1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh, i gcomhréir leis an reachtaíocht nó leis an gcleachtas náisiúnta, fáil ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha nó a gcomhlachais, a neagraíochtaí, nó a ngrúpaí, ar nós imeachta um athbhreithniú os comhair cúirt dlí, nó comhlacht neamhspleách nó neamhchlaonta eile arna bhunú le dlí, chun agóid a dhéanamh i gcoinne dlíthiúlacht nós imeachta nó shubstainteach cinntí, gníomhartha nó neamhghníomhartha a bhaineann le cur chun feidhme Airteagail 5, 6, 7 agus 8 i gcás ina mbeidh ceann de na coinníollacha seo a leanas comhlíonta:

(a)go bhfuil leas leordhóthanach acu ann;

(b)go náitíonn siad sárú ar cheart, i gcás ina gceanglaítear é sin mar réamhchoinníoll le dlí nós imeachta riaracháin an Bhallstáit ábhartha.

2.Is iad na Ballstáit a chinnfidh an chéim inar féidir agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí, gníomhartha nó neamhghníomhartha.

3.Déanfaidh na Ballstáit an rud is leas leordhóthanach ann, agus an rud is sárú ar cheart ann, a chinneadh i gcomhréir leis an gcuspóir rochtain fhairsing ar an gceartas a thabhairt don phobal lena mbaineann.

Chuige sin, measfar gur leordhóthanach chun críocha mhír 1(a) an leas atá ag aon eagraíocht neamhrialtasach a chuireann cosaint an chomhshaoil chun cinn agus a chomhlíonann na ceanglais faoin dlí náisiúnta.

Measfar freisin go bhfuil cearta ar féidir iad a shárú chun críocha mhír 1(b) ag na heagraíochtaí sin.

4.Ní eisiafar, le mír 1, mír 2 agus mír 3, an deis nós imeachta um athbhreithniú tosaigh a thabhairt os comhair údarás riaracháin agus ní dhéanfaidh na míreanna sin difear don cheanglas go nídeofar na nósanna imeachta um athbhreithniú riaracháin sula rachfar ar iontaoibh nósanna imeachta um athbhreithniú breithiúnach, i gcás ina mbeidh a leithéid sin de cheanglas ann faoin dlí náisiúnta.

5.Aon nós imeachta um athbhreithniú den sórt sin dá dtagraítear i mír 1 agus mír 4, beidh sé cóir, cothrom, tráthúil agus ní bheidh sé róchostasach.

6.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis ar fáil don phobal i dtaobh rochtain ar nósanna imeachta um athbhreithniú riaracháin agus athbhreithniú breithiúnach.

Airteagal 13

Faisnéis maidir leis an bhfaireachán ar chur chun feidhme

1.Gan dochar do Threoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 52 agus Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 53 , cuirfidh na Ballstáit, le cabhair ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, tacar sonraí ar bun ina mbeidh:

(a)na sonraí maidir leis na táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid A den Iarscríbhinn a chuirtear ar an margadh gach bliain, chun an laghdú tomhaltais a léiriú i gcomhréir le hAirteagal 4(1);

(b)faisnéis maidir leis na bearta a rinne na Ballstáit chun críocha Airteagal 4(1).

Nuashonrófar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír gach bliain laistigh de 12 mhí ó dheireadh na bliana tagartha dá mbaileofar iad. Nuair is féidir, úsáidfear seirbhísí sonraí spásúla mar a shainmhínítear in Airteagal 3(4) de Threoir 2007/2/CE chun na tacair sonraí sin a chur i láthair.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag an gCoimisiún agus ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil ar na tacair sonraí a bhunaítear i gcomhréir le mír 1.

3.Foilseoidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil forléargas uile-Aontais ar bhonn na sonraí a bhaileoidh na Ballstáit, agus déanfaidh sé nuashonrú air, ar bhonn rialta. Áireofar san fhorléargas uile-Aontais, de réir mar is iomchuí, táscairí aschuir, torthaí agus tionchair na Treorach seo, mapaí forléargais uile-Aontais agus tuarascálacha forléargais na mBallstát.

4.Féadfaidh an Coimisiúin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos an fhormáid le haghaidh an tacair sonraí, na faisnéise agus na sonraí dá dtagraítear i mír 1. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

Airteagal 14

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar bhearta náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo agus glacfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Faoi … [dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

Airteagal 15

Meastóireacht agus athbhreithniú

1.Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo faoi … [sé bliana tar éis an spriocdháta maidir leis an Treoir seo a thrasuí]. Beidh an mheastóireacht sin bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 13. Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún aon fhaisnéis bhreise is gá chun críocha na meastóireachta agus chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 a ullmhú.

2.Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le príomhthorthaí na meastóireachta a dhéanfar i gcomhréir le mír 1.

3.Léireofar an méid seo freisin sa tuarascáil:

(a)an gá an Iarscríbhinn ina liostaítear táirgí plaisteacha aon úsáide a athbhreithniú;

(b)an féidir spriocanna cainníochtúla ceangailteacha de chuid an Aontais a bhunú le haghaidh laghdú tomhaltais na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid A den Iarscríbhinn go háirithe;

(c)an ndearnadh forbairt eolaíoch agus theicniúil leordhóthanach, agus ar forbraíodh critéir nó caighdeán le haghaidh in-bhithmhillteacht sa chomhshaol muirí is infheidhme maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide laistigh de raon feidhme na Treorach seo agus maidir lena nionadaigh aon úsáide, chun a chinneadh cad iad na táirgí nach gá a bheith faoi réir na srianta i dtaca lena gcur ar an margadh a thuilleadh, i gcás arb iomchuí.

Airteagal 16

Nós imeachta coiste

1.Tabharfaidh an coiste a bunaíodh le hAirteagal 39 de Threoir 2008/98/CE cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 17

Trasuí

1.Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, tabharfaidh na Ballstáit i bhfeidhm iad faoin … [dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach]. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Mar sin féin, cuirfidh na Ballstáit na bearta is gá i bhfeidhm chun Airteagal 5 agus Airteagal 7(1) a chomhlíonadh ó … [dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] agus chun Airteagal 6(1) a chomhlíonadh ó ... [trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta dá dtagraítear sa mhír seo, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den chineál sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den chineál sin a dhéanamh.

2.Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo.

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 19

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Go háirithe sprioc forbartha inbhuanaithe 14 ‘Conserve and sustainably use the oceans, seas and marine resources for sustainable development’ [na haigéin, farraigí agus na hacmhainní mara a chaomhnú agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe ar mhaithe leis an bhforbairt inbhuanaithe] agus sprioc forbartha inbhuanaithe 12 "Tomhaltas agus Táirgeadh Freagrach"
(2)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, “Straitéis Eorpach le haghaidh Plaisteach i nGeilleagar Ciorclach” (COM (2018) 28 final)
(3)    Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena naisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún, chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).
(4)    Tuarascálacha a chuir na Ballstáit le chéile agus a thiomsaigh an tAirmheán Comhpháirteach Taighde i gcomhthéacs chur chun feidhme na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí.
(5)    Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena naisghairtear treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3-30).
(6)    Treoir 1994/62/CEE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht (IO L 365, 31.12.1994, lch. 10).
(7)    Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).
(8)    Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (IO L 135, 30.5.1991, lgh. 40-52).
(9)    Treoir 2000/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2000 maidir le saoráidí glactha calafoirt don dramhaíl a ghintear ar bord loinge agus d'iarmhar lasta (IO L 332, 28.12.2000, lch. 81).
(10)    COM(2018) 33 final
(11)    Rialachán (CE) 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail d'fhonn comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).
(12)    In 2015, ghlac tíortha Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus a 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe. Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 12 de chuid na Náisiún Aontaithe chun patrúin inbhuanaithe tomhaltais agus táirgthe a áirithiú agus Sprioc 14 chun gach cineál de thruailliú muirí a chosc agus a laghdú ar bhonn suntasach, go háirithe í ghníomhaíochtaí talamhbhunaithe, lena náirítear bruscar muirí agus truailliú cothaitheach faoi 2025.
(13)    SWD(2016) 352 final
(14)    COM(2017) 623
(15)    Cinneadh Uimh. 1386/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 ar Chlár Ginearálta Gníomhaíochta don Chomhshaol de chuid an Aontais go dtí 2020 “Living well, within the limits of our planet” (IO L 354, 28.12.2013, lgh. 171-200).
(16)    Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol agus lena naisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lgh. 26-32).
(17)    Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1-14).
(18)    SWD(2015) 111 final
(19)    COM(2017) 312 final
(20)    https://www.eea.europa.eu/themes/water/europes-seas-and-coasts/marine-litterwatch
(21)    http://www.emodnet.eu/
(22)    http://ec.europa.eu/environment/marine/international-cooperation/regional-sea-conventions/index_en.htm
(23)    Rinneadh staidéar chun tacú le measúnú tionchair na roghanna maidir leis an leibhéal agus an tionchar díobhálach atá ag an bplaisteach ón trealamh iascaireachta.
(24)     http://ec.europa.eu/transparency/regdoc/?fuseaction=ia&year=2017&serviceId=&s=Chercher
(25)    COM(2018) 33 final
(26)    Meabhrán Míniúcháin atá i COM(2018)33 final.
(27)    Suirbhé chun staitisticí a bhailiú agus a scaipeadh faoi tháirgeadh earraí tionsclaíocha (a monaraíodh go príomha), ó thaobh luach agus cainníochta de, ina bhfuil ar a laghad minicíocht bhliantúil san Aontas Eorpach.
(28)    Bunachar tagartha Eurostat le haghaidh trádáil sheachtrach an Aontais Eorpaigh, lena náirítear allmhairí agus onnmhairí.
(29)    Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1-14).
(30)    IO C […], […], lch. […].
(31)    IO C […], […], lch. […].
(32)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, “Closing the loop – An EU action plan for the Circular Economy” [Deireadh a chur leis an lúb ar lár – plean gníomhaíochta ó AE don Gheilleagar Ciorclach] (COM (2015) 0614 final).
(33)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, “Straitéis an Aontais Eorpaighmaidir le Plaistigh i nGeilleagar Ciorclach” (COM (2018) 28 final).
(34)    Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena naisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).
(35)    Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 25 Meán Fómhair 2015.
(36)    Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 25 Meán Fómhair 2015.
(37)    Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, an Coinbhinsiún um Chosc ar Mhuir-Thruailliú trí Fhuíoll agus Ábhar eile a dhumpáil, 1972 (Coinbhinsiún Londan) agus Prótacal 1996 a ghabhann leis (Prótacal Londan), Iarscríbhinn V a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc (MARPOL), Coinbhinsiún Basel maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt.
(38)    Treoir 2008/98/CE agus Treoir 2000/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2000 maidir le saoráidí glactha calafoirt don dramhaíl a ghintear ar bord loinge agus d’iarmhair lasta (IO L 332, 28.12.2000, lch. 81).
(39)    Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, p. 1) agus Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).
(40)    Treoir 2008/98/CE, Treoir 2000/59/CE, Treoir 2000/60/CE, Treoir 2008/56/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail d'fhonn comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena naisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.).
(41)    Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht (IO L 365, 31.12.1994, lch. 10).
(42)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, “Straitéis an Aontais Eorpaighmaidir le Plaistigh i nGeilleagar Ciorclach” (COM (2018) 28 final).
(43)    Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena naisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún, chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).
(44)    Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 lena leagtar síos na prionsabail agus ceanglais ghinearálta maidir le dlí bia (IO L 31, 1.2.2002, lgh. 1-24), Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 maidir le sláinteachas earraí bia (IO L 139, 30.4.2004, lgh. 1-54), Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 maidir le hábhar teagmhála bia agus reachtaíocht ábhartha eile maidir le sábháilteacht, sláinteachas agus lipéadú bia (IO L 338, 13.11.2004, lgh. 4-17).
(45)    Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).
(46)    Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, Treoir 2000/59/CE agus Treoir 2009/98/CE.
(47)    Moladh ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2013 maidir le prionsabail chomhchoiteanna le haghaidh meicníochtaí comhshásaimh de chineál urghaire agus cúiteach sna Ballstáit a bhaineann le sáruithe ar chearta a thugtar faoi dhlí an Aontais (IO L 201, 26.7.2013, lch. 60).
(48)    IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(49)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(50)    Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lgh. 64-88).
(51)    Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(52)    Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol agus lena naisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).
(53)    Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).
Top

An Bhruiséil,28.5.2018

COM(2018) 340 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

Togra ón gCoimisiún le haghaidh

Treoir ó Pharlaimaint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol

{SEC(2018) 253 final}
{SWD(2018) 254 final}
{SWD(2018) 255 final}
{SWD(2018) 256 final}
{SWD(2018) 257 final}


IARSCRÍBHINN

Cuid A

Táirgí plaisteacha aon úsáide a chumhdaítear le hAirteagal 4 maidir le laghdú tomhaltais

Coimeádáin bhia, i.e. gabhdáin amhail boscaí, le nó gan chlúdach, a úsáidtear chun bia a choinneáil, is é sin bia atá beartaithe a ithe láithreach ón ngabhdán ar an láthair nó mar bhia beir leat gan tuilleadh ullmhúcháin, amhail coimeádáin bhia a úsáidtear le haghaidh mearbhia, cé is moite de choimeádáin dí, plátaí agus paicéid agus cumhdaigh ina bhfuil bia

Cupáin le haghaidh deochanna

Cuid B

Táirgí plaisteacha aon úsáide a chumhdaítear le hAirteagal 5 maidir le táirgí a chur ar an margadh a shrianadh

Baitíní cadáis, cé is moite de mhaipíní a bheartaítear agus a úsáidtear chun críocha leighis

Sceanra (foirc, sceana, spúnóga, cipíní itheacháin)

Plátaí

Soip, cé is moite de shoip a bheartaítear agus a úsáidtear chun críocha leighis

Meascthóirí dí

Maidí atá le ceangal de bhalúin agus atá le tacú le balúin, cé is moite de bhalúin le haghaidh úsáidí tionsclaíocha nó úsáidí gairmiúla eile agus feidhmeanna nach ndáiltear ar thomhaltóirí, lena náirítear meicníochtaí na maidí sin

Cuid C

Táirgí plaisteacha aon úsáide a chumhdaítear le hAirteagal 6 maidir le cur ar an margadh

Coimeádáin dí, i.e. gabhdáin a úsáidtear chun leacht a choinneáil, amhail buidéil dí (caipíní agus cláir na mbuidéal san áireamh)

Cuid D

Táirgí plaisteacha aon úsáide a chumhdaítear le hAirteagal 7 maidir le ceanglais mharcála

Pillíní sláintíocha agus súitíní agus forchuradóirí súitíní

Ceirtíní taise, i.e. ceirtíní cúraim phearsanta, tí agus tionsclaíocha réamhfhliuchta

Balúin, cé is moite de bhalúin le haghaidh úsáidí tionsclaíocha nó úsáidí gairmiúla eile agus feidhmeanna nach ndáiltear ar thomhaltóirí

Cuid E

Táirgí plaisteacha aon úsáide a chumhdaítear le hAirteagal 8 maidir le freagracht leathnaithe táirgeora

Coimeádáin bhia, i.e. gabhdáin amhail boscaí, le nó gan chlúdach, a úsáidtear chun bia a choinneáil, is é sin bia atá beartaithe a ithe láithreach ón ngabhdán ar an láthair nó mar bhia beir leat gan tuilleadh ullmhúcháin, amhail coimeádáin bhia a úsáidtear le haghaidh mearbhia, cé is moite de choimeádáin dí, plátaí agus paicéid agus cumhdaigh ina bhfuil bia

Paicéid agus cumhdaigh, atá déanta as ábhar solúbtha, ina bhfuil bia atá beartaithe a ithe láithreach ón bpaicéad nó cumhdach gan tuilleadh ullmhúcháin

Coimeádáin dí, i.e. gabhdáin a úsáidtear chun leacht a choinneáil, amhail buidéil dí (caipíní agus cláir na mbuidéal san áireamh)

Cupáin le haghaidh deochanna

Táirgí tobac le scagairí agus scagairí a chuirtear ar an margadh lena núsáid in éineacht le táirgí tobac

Ceirtíní taise, i.e. ceirtíní cúraim phearsanta, tí agus tionsclaíocha réamhfhliuchta

Balúin, cé is moite de bhalúin le haghaidh úsáidí tionsclaíocha nó úsáidí gairmiúla eile agus feidhmeanna nach ndáiltear ar thomhaltóirí

Málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1c) de Threoir 94/62/CE

Cuid F

Táirgí plaisteacha aon úsáide a chumhdaítear le hAirteagal 9 maidir le bailiú deighilte

Buidéil dí

Cuid G

Táirgí plaisteacha aon úsáide a chumhdaítear le hAirteagal 10 maidir le múscailt feasachta

Coimeádáin bhia, i.e. gabhdáin amhail boscaí, le nó gan chlúdach, a úsáidtear chun bia a choinneáil, is é sin bia atá beartaithe a ithe láithreach ón ngabhdán ar an láthair nó mar bhia beir leat gan tuilleadh ullmhúcháin, amhail coimeádáin bhia a úsáidtear le haghaidh mearbhia, cé is moite de choimeádáin dí, plátaí agus paicéid agus cumhdaigh ina bhfuil bia

Paicéid agus cumhdaigh, atá déanta as ábhar solúbtha, ina bhfuil bia atá beartaithe a ithe láithreach ón bpaicéad nó cumhdach gan tuilleadh ullmhúcháin

Coimeádáin dí, i.e. gabhdáin a úsáidtear chun leacht a choinneáil, amhail buidéil dí (caipíní agus cláir na mbuidéal san áireamh)

Cupáin le haghaidh deochanna

Táirgí tobac le scagairí agus scagairí a chuirtear ar an margadh lena núsáid in éineacht le táirgí tobac

Ceirtíní taise, i.e. ceirtíní cúraim phearsanta, tí agus tionsclaíocha réamhfhliuchta

Balúin, cé is moite de bhalúin le haghaidh úsáidí tionsclaíocha nó úsáidí gairmiúla eile agus feidhmeanna nach ndáiltear ar thomhaltóirí

Málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1c) de Threoir 94/62/CE

Pillíní sláintíocha agus súitíní agus forchuradóirí súitíní

Top