Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0302

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, Rialachán (CE) 2017/2226, Rialachán (CE) 2016/399, Rialachán (CE) XX/2018 [An Rialachán um Idir-inoibritheacht], agus Cinneadh 2004/512/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle

    COM/2018/302 final

    An Bhruiséil,16.5.2018

    COM(2018) 302 final

    2018/0152(COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, Rialachán (CE) 2017/2226, Rialachán (CE) 2016/399, Rialachán (CE) XX/2018 [An Rialachán um Idir-inoibritheacht], agus Cinneadh 2004/512/CE agus lena n
    x001e
    aisghairtear Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle

    {SEC(2018) 236 final}
    {SWD(2018) 195 final}
    {SWD(2018) 196 final}


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    ·Comhthéacs an togra

    Ón mbliain 2011 i leith, tá an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) 1 ar an réiteach teicneolaíochta lena néascaítear an nós imeachta um iarratas a dhéanamh ar víosa ghearrfhanachta agus lena gcabhraítear le húdaráis víosaí, údaráis teorann, údaráis tearmainn agus údaráis imirce seiceáil mhear éifeachtach a dhéanamh ar an bhfaisnéis riachtanach maidir le náisiúnaigh tríú tír a dteastaíonn víosa uathu chun taisteal go dtí an tAontas Eorpach. Le VIS, nasctar consalachtaí na mBallstát ar fud an domhain le chéile, mar aon le gach ceann de na pointí trasnaithe teorann seachtraí atá acu. Déantar meaitseáil bhithmhéadrach, maidir le méarloirg go príomha, leis an gcóras chun sainaithint agus fíorú a dhéanamh.

    Mar a luadh sa Teachtaireacht maidir leis an gcomhbheartas víosaí a oiriúnú do dhúshláin nua 2 , is cuid bhunriachtanach de acquis Schengen é comhbheartas víosaí an Aontais 3 . Tá an beartas víosaí ina uirlis lena néascaítear an turasóireacht agus an gnó agus, ag an am céanna, lena gcoisctear rioscaí slándála agus riosca na himirce neamhrialta isteach san Aontas, agus ba cheart leanúint leis an mbeartas a úsáid ar an mbealach sin. Cé nár athbhreithníodh na prionsabail bhunúsacha taobh thiar de phróiseáil víosaí ón uair a tháinig an Cód Víosaí 4 i bhfeidhm sa bhliain 2010 agus ón uair a tháinig VIS i bhfeidhm sa bhliain 2011, tá athrú as cuimse tagtha ar an timpeallacht ina noibrítear an beartas víosaí. Mar thoradh ar na dúshláin imirce agus slándála a bhfuiltear ag dul i ngleic leo le blianta beaga anuas, táthar ag díriú na díospóireachta polaitiúla ar an limistéar nach bhfuil rialú teorann inmheánach ann i gcoitinne, agus ar an mbeartas víosaí go háirithe, agus spreagadh an tAontas athmheasúnú a dhéanamh ar an gcothromaíocht idir an imirce agus an tslándáil, tosca eacnamaíocha agus an caidreamh seachtrach i gcoitinne.

    Sa Teachtaireacht chun Schengen a chaomhnú agus a neartú 5 , luaigh an Coimisiún cheana féin gurb amhlaidh, i limistéar nach bhfuil rialuithe ann ag teorainneacha inmheánacha, gur ábhar leasa choitinn iad bagairtí trasteorann a théann i bhfeidhm ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach. In éagmais rialuithe teorann inmheánaí, tugadh bearta isteach maidir le teorainneacha seachtracha, leis an mbeartas víosaí, le Córas Faisnéise Schengen, le cosaint sonraí, le comhar póilíneachta, le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus le beartais drugaí. 

    Ag an am céanna, tá forbairtí suntasacha teicneolaíochta ag cruthú deiseanna nua chun próiseáil víosaí a éascú d’iarratasóirí agus do chonsalachtaí araon. Ós rud é go bhfuil VIS ina chuid thábhachtach den chreat is bonn leis an mbeartas víosaí, comhlánaíonn an togra seo an togra le déanaí lena leasaítear an Cód Víosaí, ar togra é a chuir an Coimisiún i láthair an 14 Márta 2018 6 . Tá VIS ina chuid dhílis de chur chuige an Choimisiúin i leith sonraí a bhainistiú le haghaidh teorainneacha, imirce agus slándála. Is é is aidhm dó a áirithiú go mbeidh ag gardaí teorann, oifigigh forfheidhmithe dlí, oifigigh inimirce agus údaráis bhreithiúnacha an fhaisnéis a theastaíonn uathu chun teorainneacha seachtracha an Aontais a chosaint ar bhealach níos fearr, imirce a bhainistiú agus slándáil inmheánach a fheabhsú do gach saoránach. I mí na Nollag 2017, mhol an Coimisiún na rialacha maidir le hidir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais 7 chun go noibreodh siad le chéile ar bhealach níos cliste níos éifeachtúla.

    Sa bhliain 2016, deimhníodh sa Rialachán maidir le Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) 8 gur féidir le córas EES agus córas VIS a bheith idir-inoibritheach go hiomlán le chéile chun léargas iomlán a thabhairt ar stair na náisiúnach tríú tír maidir le hiarratais a dhéanamh ar víosaí trí fhaisnéis a chur leo maidir leis an dóigh ar úsáid siad a víosaí. Leis an togra maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais i dtaca le teorainneacha agus víosaí, leasaítear Rialachán VIS chun VIS, i dteannta EES agus Chóras an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), a bhunú mar chuid den ardán aonair ar a mbeidh an idir-inoibritheacht bunaithe. Is é an toradh a bheidh ar an mbrathadóir ilchéannachtaí a tugadh isteach leis an togra maidir le hidir-inoibritheacht go mbeidh sé níos fusa ilchéannachtaí a bhrath agus calaois aitheantais a chomhrac. Leis an mbrathadóir, tabharfar don údarás víosaí atá ag próiseáil iarratais fógra uathoibríoch má aithnítear an tiarratasóir faoi chéannachtaí éagsúla chun go mbeidh an túdarás in ann an beart iomchuí a dhéanamh. A luaithe atá na córais faisnéise nua i mbun feidhme agus a áirithítear go bhfuil idir-inoibritheacht ar bun eatarthu, méadófar go mór an cumas atá ag oifigigh próiseála víosaí seiceálacha meara cúlra a dhéanamh ar iarratasóirí. Leis an tairseach Eorpach chuardaithe, beifear in ann cuardaigh aonair a úsáid chun torthaí a fháil ó chórais dhifriúla. Cabhróidh sé sin slándáil an limistéir nach bhfuil rialuithe teorann inmheánaí ann a mhéadú. Is gá leasú a dhéanamh ar an reachtaíocht maidir le próiseáil víosaí chun an cuspóir sin a ghnóthú. Ba cheart a áireamh leis na leasuithe go háirithe an oibleagáid ar údaráis víosaí breathnú go huathoibríoch ar an mbrathadóir ilchéannachtaí agus ar bhunachair shonraí eile agus iad ag déanamh measúnuithe slándála agus imirce ar náisiúnaigh tríú tír atá ag déanamh iarratas ar víosa ghearrfhanachta.

    Sainaithníodh bearna faisnéise ar leibhéal an Aontais maidir leis na doiciméid lena gceadaítear do náisiúnaigh tríú tír fanacht i limistéar Schengen ar feadh tréimhse níos mó ná 90/180 lá: víosaí fadfhanachta, ceadanna cónaithe agus cártaí cónaithe (an Tuarascáil Chríochnaitheach ón sainghrúpa ardleibhéil um chórais faisnéise agus idir-inoibritheacht – HLEG 9 – a eisíodh i mí na Bealtaine 2017 10 ). D’iarr an Chomhairle 11 ar an gCoimisiún staidéar indéantachta a dhéanamh ar lárstóras de chuid an Aontais a bhunú ina gcuimseofaí faisnéis maidir le víosaí fadfhanachta, cártaí cónaithe agus ceadanna cónaithe. Tugadh an staidéar 12 chun críche i mí Mheán Fómhair 2017 agus thángthas ar an gconclúid ann go mbeadh stóras, a bheadh mar chuid de VIS, ar an réiteach is indéanta ó thaobh slándáil TF, cur chun feidhme agus éifeachtúlacht chostais de. Rinneadh staidéar leantach ar a riachtanaí agus a chomhréirí a bheadh sé VIS a leathnú chun sonraí faoi víosaí fadfhanachta agus faoi dhoiciméid chónaithe a áireamh ann 13 .

    De bhreis ar an obair idir-inoibritheachta a seoladh i mí Aibreáin 2016 chun córais faisnéise níos láidre níos cliste a chruthú le haghaidh teorainneacha agus slándála, rinneadh meastóireacht fhoriomlán ar VIS sa bhliain 2016 14 . Le linn na meastóireachta sin, féachadh go sonrach ar an oiriúnacht don fheidhm, don éifeachtúlacht, don éifeachtacht agus don bhreisluach don Aontas a bhí ag baint leis an gcóras. Fuarthas amach inti go gcomhlíonann VIS a chuid cuspóirí agus feidhmeanna agus go bhfuil sé fós ar cheann de na córais is mó forbairt dá chineál, cé gur ghá é a fhorbairt a thuilleadh i roinnt réimsí sonracha mar thoradh ar dhúshláin nua ó thaobh bainistíocht víosaí, teorann agus imirce de.

    An 17 Aibreán 2018, chuir an Coimisiún togra 15 i láthair maidir le slándáil cártaí cónaithe náisiúnach tríú tír ar baill teaghlaigh iad ag saoránaigh de chuid an Aontais. Mar thoradh ar an togra sin, ní gá cártaí cónaithe den sórt sin a áireamh in VIS.

    ·Forálacha atá ann faoi láthair a bhaineann leis an togra

    Bunaíodh VIS le Cinneadh 2004/512/CE agus leagtar a chuspóir, a fheidhmiúlachtaí agus a fhreagrachtaí amach i Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 (Rialachán VIS). Leagtar amach le Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 an 13 Iúil 2009 (an Cód Víosaí) na rialacha maidir le haitheantóirí bithmhéadracha a chlárú in VIS. Leagtar síos le Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 na coinníollacha faoina bhféadfaidh údaráis ainmnithe na mBallstát agus Europol rochtain a fháil chun breathnú ar VIS chun críocha cionta sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú.

    Tá an togra seo gan dochar do Threoir 2004/38/CE 16 . Ní leasaítear Treoir 2004/38 ar bhealach ar bith leis an togra seo.

    ·Cuspóirí an togra

    Comhfhreagraíonn cuspóirí ginearálta an tionscnaimh seo do na cuspóirí Conradhbhunaithe maidir le slándáil a fheabhsú laistigh den Aontas agus ag a theorainneacha, éascú a dhéanamh ar an gceart atá ag taistealaithe dlisteanacha chun an teorainn sheachtrach a thrasnú agus chun gluaiseacht agus fanacht faoi shaoirse laistigh den limistéar nach bhfuil rialuithe teorann inmheánaí ann, agus bainistíocht theorainneacha seachtracha Schengen a éascú. Déantar na cuspóirí sin a mhionléiriú a thuilleadh sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce agus i dteachtaireachtaí dá éis sin, mar shampla an Teachtaireacht chun Schengen a chaomhnú agus a neartú 17 , an Clár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil 18 , na tuarascálacha ar dhul chun cinn ón gCoimisiún i dtreo Aontas Slándála éifeachtach dílis, agus an Teachtaireacht maidir leis an gcomhbheartas víosaí a oiriúnú do dhúshláin nua 19 .

    Is iad seo a leanas cuspóirí sonracha an togra seo:

    (1)an nós imeachta um iarratas a dhéanamh ar víosa a éascú;

    (2)seiceálacha ag pointí trasnaithe teorann seachtraí agus laistigh de chríoch na mBallstát a éascú agus a neartú;

    (3)slándáil inmheánach limistéar Schengen a fheabhsú trí mhalartú faisnéise i measc na mBallstát a éascú maidir le sealbhóirí víosa fadfhanachta agus ceada cónaithe ar náisiúnaigh tríú tír iad.

    Saothraítear roinnt cuspóirí coimhdeacha freisin:

    (4)éascú a dhéanamh ar sheiceálacha céannachta ar náisiúnaigh tríú tír ag údaráis imirce agus údaráis forfheidhmithe dlí ar chríoch Ballstáit;

    (5)laghdú a dhéanamh ar an deacracht a bhaineann le daoine ar iarraidh a shainaithint;

    (6)cabhrú leis an bpróiseas um shainaithint agus filleadh a dhéanamh ar aon duine a bhféadfadh sé nach mbeadh na coinníollacha iontrála, na coinníollacha fanachta ná na coinníollacha cónaithe sna Ballstáit á gcomhlíonadh aige nó a bhféadfadh sé nach mbeadh na coinníollacha sin á gcomhlíonadh a thuilleadh aige;

    (7)cabhrú le húdaráis forfheidhmithe dlí rochtain a fháil ar shonraí na niarratasóirí ar víosa ghearrfhanachta agus na sealbhóirí víosa ghearrfhanachta (rud is féidir a dhéanamh cheana féin faoi na rialacha reatha), agus an rochtain sin a leathnú chuig sealbhóirí víosa fadfhanachta agus sealbhóirí ceada cónaithe, nuair is gá é sin le haghaidh coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht a chosc, a imscrúdú agus a bhrath, agus ardchaighdeáin chosanta sonraí agus ardchaighdeáin phríobháideachta á náirithiú ag an am céanna;

    (8)staitisticí a bhailiú chun tacú leis an Aontas beartais imirce a cheapadh ar bhonn fianaise.

    2.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    ·Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

    Rinneadh meastóireacht REFIT 20 ar VIS sa bhliain 2016 agus ba aisti sin a rinneadh roinnt moltaí ar mhaithe le feidhmiú an chórais a fheabhsú. Bhí na moltaí sin ina mbunús don togra seo.

    Tríd is tríd, léiríodh sa mheastóireacht ar VIS go bhfuil ag éirí leis an gcóras a chuspóirí a ghnóthú. Mar sin féin, taispeánadh inti freisin gur gá VIS a fhorbairt a thuilleadh chun freagairt ar bhealach níos fearr do dhúshláin nua maidir le beartais víosaí, teorann agus slándála. D’fhéadfaí an méid sin a dhéanamh trí idirnasc a chruthú le córais TF atá ann cheana agus atá ag teacht chun cinn agus trí iniúchadh a dhéanamh ar dhóigheanna a bhféadfaí faisnéis maidir le víosaí fadfhanachta, lena náirítear bithmhéadracht, a chlárú in VIS. Léiríodh sa mheastóireacht freisin go bhfuil gá ann le feabhsuithe, go háirithe maidir le faireachán a dhéanamh ar cháilíocht sonraí agus le staitisticí a tháirgeadh.

    Ba de chineál teicniúil a bhí formhór na saincheisteanna a sainaithníodh sa mheastóireacht agus tacaíonn siad leis an gcóras a ailíniú a thuilleadh leis na tograí reachtacha nua sa réimse seo. Baineann siad leis na nithe seo a leanas go háirithe:

    1) feabhas a chur ar cháilíocht sonraí;

    2) feidhmiúlacht VISMail a chomhtháthú isteach in VIS;

    3) na feidhmeanna comhairliúcháin agus ionadaíochta a lárú;

    4) tacaíocht a thabhairt d’aithint íomhá den aghaidh nó do mhéarloirg neamhfhollasa a úsáid; agus

    5) inneall tuairiscithe agus staidrimh a bhunú atá bunaithe ar shonraí VIS.

    Idir mí Dheireadh Fómhair 2016 agus mí Iúil 2017, rinne eu-LISA staidéar ar na héifeachtaí teicniúla go léir a luadh sa mheastóireacht ar VIS agus a measadh a thiocfadh chun cinn. Ní raibh sé riachtanach, dá bhrí sin, measúnú mionsonraithe a dhéanamh ar éifeacht na bhfeabhsuithe teicniúla sin.

    Mar sin féin, ní hé amháin gur ghá anailís theicniúil a dhéanamh ar roinnt saincheisteanna a sainaithníodh sa mheastóireacht, ach ba ghá tuilleadh anailíse a dhéanamh ar na réitigh fhéideartha lena dtabharfaí aghaidh orthu agus ar na héifeachtaí a bheadh acu:

    ·na deacrachtaí a bhaineann le cur i gcrích a dhéanamh ar nósanna imeachta um imircigh neamhrialta a fhilleadh ar a dtír thionscnaimh i gcás ina bhfuil doiciméid taistil ar iarraidh;

    ·na rioscaí a bhaineann le himirce neamhrialta agus calaois víosaí, go háirithe gáinneáil ar dhaoine agus mí-úsáid eile lena mbaineann leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois, nuair atáthar ag déanamh iarratas ar víosa;

    ·na deacrachtaí atá ag údaráis teorann nó údaráis imirce agus fíorú á dhéanamh acu ar víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe agus a sealbhóirí;

    ·an bhearna faisnéise maidir le seiceálacha imirce neamhrialta agus rioscaí slándála nuair atáthar ag próiseáil iarratais ar víosaí;

    ·an gá le breithniú a dhéanamh, nuair atáthar ag próiseáil víosaí, ar an bhféidearthacht a bhaineann le breathnú go huathoibríoch ar bhunachair shonraí eile i réimse na slándála agus na dteorainneacha. Ba cheart aird a thabhairt ansin ar fhorbairtí a rinneadh ó mheastóireacht na bliana 2016 i leith maidir le córais faisnéise an Aontais le haghaidh bainistíocht teorann agus slándála agus ba cheart a áirithiú leis go bhfuiltear ag comhlíonadh tograí ar ghlac an Coimisiún iad le déanaí (EES) agus forbairtí agus córais nua a bheartaítear (an togra athmhúnlaithe maidir le Eurodac, ETIAS, ECRIS-TCN, idir-inoibritheacht). 

    ·Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

    Leagtar mionchur síos ar an gcomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara amach in Iarscríbhinn 2 den mheasúnú tionchair a ghabhann leis seo. Chonraigh an Coimisiún trí staidéar neamhspleácha: staidéar amháin ar a indéanta, a riachtanaí agus a chomhréirí a bheadh sé an aois méarlorgaireachta do leanaí sa nós imeachta um iarratas a dhéanamh ar víosa a laghdú agus ar chóip de dhoiciméad taistil na niarratasóirí ar víosa a stóráil in VIS, agus dhá staidéar ar a indéanta, a riachtanaí agus a chomhréirí a bheadh sé VIS a leathnú chun sonraí faoi víosaí fadfhanachta agus faoi dhoiciméid chónaithe (i.e. ceadanna cónaithe agus cártaí cónaithe) a áireamh ann. Áiríodh leis na staidéir sin freisin comhairliúcháin spriocdhírithe leis na páirtithe leasmhara go léir lena mbaineann, lena náirítear údaráis náisiúnta a bhfuil rochtain acu chun breathnú ar shonraí in VIS agus iad a iontráil, a leasú agus a scriosadh; údaráis náisiúnta atá freagrach as imirce agus filleadh; údaráis chosanta leanaí; údaráis phóilíneachta agus údaráis frithgháinneála; údaráis atá freagrach as gnóthaí consalachta; agus údaráis náisiúnta atá freagrach as seiceálacha ag pointí trasnaithe teorann seachtraí. Chuathas i ndáil chomhairle freisin le roinnt údarás lasmuigh den Aontas agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha a phléann le cearta leanaí.

    Sa tréimhse 2017-2018, reáchtáil an Coimisiún dhá chomhairliúchán phoiblí oscailte: bhain an chéad cheann, a bhí ar siúl idir an 17 Lúnasa 2017 agus an 9 Samhain 2017, leis an aois méarlorgaireachta do leanaí sa nós imeachta um iarratas a dhéanamh ar víosa a laghdú; agus bhain an dara ceann, a bhí ar siúl idir an 17 Samhain 2017 agus an 9 Nollaig 2018, le VIS a leathnú chun sonraí faoi víosaí fadfhanachta agus faoi dhoiciméid chónaithe a áireamh ann.

    An 9 Samhain 2017, thug an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a thuairimí faoin tsaincheist um an aois méarlorgaireachta do leanaí a laghdú agus, an 9 Feabhra 2018, thug sé a thuairimí faoin tsaincheist um VIS a leathnú chun sonraí faoi víosaí fadfhanachta agus faoi dhoiciméid chónaithe a áireamh ann.

    Thug an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha a dtuairimí faoi ghnéithe éagsúla den togra le linn agallaimh spriocdhírithe a rinneadh mar chuid de na comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara a reáchtáladh chun an measúnú tionchair a ullmhú.

    ·Measúnú tionchair

    Rinneadh measúnú tionchair 21 sa bhliain 2018, agus díriú á leagan ann ar na saincheisteanna sin is gá a mheasúnú a thuilleadh chun an togra seo a dhréachtú. Bhí sé bunaithe ar thrí staidéar neamhspleácha ar chonraigh an Coimisiún iad agus a rinneadh sa bhliain 2017 agus sa bhliain 2018. Cuireadh san áireamh ann freisin na fionnachtana ón staidéar ó eu-LISA ar an indéantacht theicniúil a bhaineann le gach forbairt fhéideartha maidir le VIS, rud a rinneadh i mí na Samhna 2016 agus i mí Feabhra 2017, mar aon leis na fionnachtana ón staidéar indéantachta ar bhainistíocht chomhtháite teorann do dhaoine nach dtaifeadtar in EES (staidéar ETIAS).

    Rinneadh iniúchadh sa mheasúnú tionchair ar roghanna eile le haghaidh na nithe seo:

    ·cóip dhigiteach den doiciméad taistil a áireamh in VIS (ar bhealach láraithe nó ar bhealach díláraithe), agus dhá fho-rogha á mbreithniú: gan ach an leathanach beathaisnéiseach a stóráil nó gach leathanach úsáidte de dhoiciméad taistil an iarratasóra a stóráil;

    ·an aois méarlorgaireachta do leanaí a laghdú, agus dhá fho-rogha á mbreithniú: an aois méarlorgaireachta a laghdú go sé bliana d’aois nó an aois méarlorgaireachta a laghdú chun daoine de gach aois a áireamh;

    ·sonraí faoi víosaí fadfhanachta agus faoi dhoiciméid chónaithe a áireamh in VIS, áit a náirítear leis na roghanna reachtacha víosaí fadfhanachta agus doiciméid chónaithe a chomhchuibhiú agus a áirithiú a thuilleadh; idirnasc a chruthú idir bunachair shonraí náisiúnta, rud a chumasódh do na Ballstáit go léir bunachair shonraí náisiúnta ábhartha na mBallstát eile a chuardach; doiciméid a chomhtháthú isteach in VIS i dteannta sonraí faoi iarratais ar diúltaíodh dóibh nó in éagmais na sonraí sin;

    ·a áirithiú go ndéanfar seiceálacha uathoibrithe imirce agus slándála le hais na mbunachar sonraí atá ar fáil.

    Tá an togra seo ag teacht le roghanna tosaíochta an mheasúnaithe tionchair maidir leis an gcéad bheart (cóip de leathanach beathaisnéiseach an doiciméid taistil a stóráil), an dara beart (an aois méarlorgaireachta a laghdú go 6 bliana d’aois) agus an ceathrú beart thuas. Maidir le víosaí fadfhanachta agus doiciméid chónaithe a áireamh in VIS, ní áirítear leis an togra seo faisnéis faoi chártaí cónaithe arna neisiúint chuig na baill teaghlaigh le saoránaigh de chuid an Aontais a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais agus is amhlaidh sin mar thoradh ar na cearta atá ag na náisiúnaigh tríú tír sin de bharr a gcaidrimh theaghlaigh le saoránach de chuid an Aontais. Ina theannta sin, neartaíodh slándáil na gcártaí cónaithe sin leis an togra a chuir an Coimisiún i láthair an 17 Aibreán 2018.

    Rinne an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála athbhreithniú ar an dréachtmheasúnú tionchair agus thug sé tuairim dhearfach ina leith an 23 Aibreán 2018.

    3.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    ·Achoimre ar na bearta atá beartaithe

    Ní mór cuspóir, feidhmiúlachtaí agus freagrachtaí VIS a shainiú a thuilleadh chun leathnú an chórais chun go náireofaí ann sonraí a bhaineann le sealbhóirí víosa fadfhanachta agus sealbhóirí ceada cónaithe a chur san áireamh. Ní mór VIS a leathnú freisin chun go mbeidh stóráil cóipeanna de dhoiciméid taistil ar áireamh leis na catagóirí sonraí faoi iarratais ar víosaí gearrfhanachta, agus ní mór feidhmiúlachtaí nua a chomhtháthú ann, amhail an stóras le haghaidh tuairisciú agus staidrimh nó VISMail 22 . Fágann sé sin nach mór leasú a dhéanamh ar na rialacha lena leagtar amach an nós imeachta le haghaidh iarratais ar víosaí a phróiseáil sa Chód Víosaí. Ba le Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle a bunaíodh an rochtain atá ag údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus ag Europol ar VIS. Leis an gCinneadh sin, a tháinig i bhfeidhm roimh Chonradh Liospóin, rialáladh an rochtain atá ag údaráis forfheidhmithe dlí ar ní, nach ann dó a thuilleadh, ar tugadh an “tríú colún” den Chonradh ar an Aontas Eorpach air. Ós rud é nach ann don “tríú colún” sin mar a bhí a thuilleadh sna Conarthaí reatha, measann an Coimisiún go dtugtar deis leis an togra reatha ábhar an Chinnidh sin a chomhtháthú isteach i Rialachán VIS. Ós rud é go leathnófar VIS chun go gcuimseofar ann faisnéis maidir le víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe, cuirfear de chúram ar an nGníomhaireacht Eorpach um bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (eu-LISA) tabhairt faoin tuilleadh forbartha agus bainistithe oibríochtúil a theastaíonn a dhéanamh ar an gcóras.

    Dá bharr sin, beidh sé riachtanach leasuithe a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 (an Cód Víosaí), Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Rialachán (AE) 2017/2226 (an Rialachán lena mbunaítear EES), Rialachán (AE) XX [an Rialachán maidir le hidir-inoibritheacht], agus Rialachán (AE) 2016/399 (Cód Teorainneacha Schengen).

    Is féidir príomhchuspóirí an togra a achoimriú mar seo a leanas:

    Dúnadh a dhéanamh ar na bearnaí faisnéise eile atá ann fós maidir le teorainneacha agus slándáil: víosaí fadfhanachta agus doiciméid chónaithe a áireamh in VIS

    Sainaithníodh sa tuarascáil chríochnaitheach ón sainghrúpa ardleibhéil 23   go raibh bearna faisnéise ann ar leibhéal an Aontais maidir leis na doiciméid lena gceadaítear do náisiúnaigh tríú tír fanacht ar chríoch Ballstáit ar leith den Aontas ar feadh níos mó ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá 24 . Ní bhailítear sonraí faoi na doiciméid sin ná sonraí faoina sealbhóirí faoi láthair agus ní féidir na sonraí a fhíorú trí cheann ar bith de chórais mhórscála TF an Aontais sa limistéar teorann agus slándála (gan SIS a áireamh, go pointe teoranta). Measann na Ballstáit gur féidir leis an dóigh a mbainistítear na doiciméid sin faoi láthair bac a chur ar náisiúnaigh tríú tír teorainneacha a thrasnú agus ar an tsaorghluaiseacht iarmhartach atá acu sa limistéar nach bhfuil rialuithe teorann inmheánaí ann.

    Tá náisiúnaigh tríú tír atá ag teacht chun an Aontais le haghaidh tréimhse fadfhanachta ar an aon chatagóir náisiúnach tríú tír amháin nach gcumhdaítear le ceann ar bith de chórais mhórscála TF an Aontais (mar a léirítear san fhíor thíos). Dá náireofaí víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe in VIS, d’áiritheofaí go náireofaí i gceann amháin de chórais mhórscála TF an Aontais faisnéis maidir leis na doiciméid sin agus lena sealbhóirí, agus go ndéanfaí amhlaidh faoi na rialacha céanna atá i bhfeidhm maidir le doiciméid a eisíodh chucu faoi choinníollacha nach néilítear víosa fúthu (sonraí atá in ETIAS agus in EES cheana féin) agus faoi choinníollacha a néilítear víosa fúthu (náisiúnaigh tríú tír atá ag teacht le haghaidh tréimhse ghearrfhanachta agus a bhfuil a sonraí in VIS agus in EES cheana féin). Cuirfidh sé sin ar chumas údaráis na mBallstát seachas an túdarás eisiúna an doiciméad sin agus a shealbhóir a sheiceáil ag na teorainneacha nó laistigh de chríoch na mBallstát.

    Trí mhalartú faisnéise sistéamach níos fearr i measc na mBallstát a éascú maidir le náisiúnaigh tríú tír a shealbhaíonn víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe, chabhródh VIS le feabhas a chur ar shlándáil inmheánach limistéar Schengen. Dá mba rud é go gcuirfí taifid de víosaí fadfhanachta nó de cheadanna cónaithe isteach i gcóras lárnach agus go dtabharfaí rochtain d’údaráis ábhartha uile na mBallstát orthu, bheadh gach Ballstát in ann measúnú níos cruinne níos neamhchlaonta a dhéanamh ar an riosca slándála, agus é bunaithe ar na taifid a aimsítear sa chóras nuair atáthar ag seiceáil shealbhóirí na ndoiciméad ag pointí trasnaithe teorann agus ar chríoch na mBallstát.

    Ina theannta sin, trí na doiciméid sin a áireamh i gcóras láraithe, cabhrófar le brath a dhéanamh ar chalaois atá bainteach le doiciméid bharántúla a fháil ar bhonn doiciméad bréagach pórúcháin.

    Toradh eile a bheadh ar mhalartú faisnéise sistéamach níos fearr i measc na mBallstát a éascú is ea go níoslaghdófaí an tualach riaracháin agus go réiteofaí an bhacainn teanga a bhíonn ann i gcás ina ndéantar teagmháil le Ballstát eile chun barántúlacht an doiciméid a chuir náisiúnach tríú tír i láthair a fhíorú.

    Nuair a bheifear ag cinneadh cé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a eisiúint nó a fhadú, seolfar roinnt seiceálacha uathoibrithe trí úsáid a bhaint as na comhpháirteanna idir-inoibritheachta (ESP) chun a bhrath cé acu a chuimsítear nó nach gcuimsítear i mbunachar sonraí de chuid an Aontais nó de chuid Interpol fianaise ar bith á léiriú go bhféadfadh an duine a bheith ina bhagairt ar shlándáil ceann ar bith de na Ballstáit. Beidh ar an mBallstát a eisíonn an doiciméad fiosrú a dhéanamh ar aon amas i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta atá ann cheana.

    Feabhas a chur ar sheiceálacha i bpróiseáil víosaí trí idir-inoibritheacht a úsáid

    Faoi na rialacha reatha, níl oibleagáid ar chonsalachtaí taistealaithe faoi oibleagáid víosa a sheiceáil ach amháin i gCóras Faisnéise Schengen chun a dhéanamh amach an bhfuil nó nach bhfuil an tiarratasóir ar víosa faoi réir toirmeasc ar theacht isteach. San am i láthair, níl aon oibleagáid ann iarratasóirí ar víosa a sheiceáil le hais aon bhunachar sonraí eile de chuid an Aontais atá ar fáil (e.g. EURODAC) ná le hais bhunachar sonraí Interpol i ndáil le Doiciméid atá Goidte nó Caillte agus a bhunachair shonraí i ndáil le Doiciméid Taistil a Bhaineann le Fógraí 25 .

    A luaithe atá sí i bhfeidhm, beidh údaráis inniúla, lena náirítear údaráis phróiseála víosaí, in ann an tairseach Eorpach chuardaithe a úsáid chun cuardach aonair a dhéanamh agus torthaí a fháil ó na córais go léir a bhfuil údarás acu rochtain a fháil orthu (lena náirítear EURODAC, EES, agus an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla — Náisiúnaigh Tríú Tír), in ionad gach córas a chuardach ina aonar. Leis an tairseach Eorpach chuardaithe, beidh sé níos fusa rioscaí slándála agus rioscaí imirce neamhrialta a bhrath sa nós imeachta um iarratas a dhéanamh ar víosa toisc go mbeidh oifigigh víosaí in ann í a úsáid chun seiceálacha meara éifeachtúla cúlra a dhéanamh ar iarratasóirí ar víosaí.

    Aidhm eile atá leis an togra maidir le hidir-inoibritheacht is ea a áirithiú go mbeidh sé níos fusa ilchéannachtaí a bhrath agus calaois aitheantais a chomhrac. Tríd an ngné idir-inoibritheachta sin a úsáid, tabharfar fógra uathoibríoch don údarás víosaí atá ag próiseáil iarratais faoi cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh gurb eol an tiarratasóir faoi chéannachtaí éagsúla agus, dá réir sin, beidh sé in ann an beart iomchuí a dhéanamh.

    Ós rud é go bhfuil VIS ina chuid freisin den chreat dlíthiúil lena mbunaítear idir-inoibritheacht, tá féidearthachtaí teicniúla ann anois a d’fhéadfadh a áirithiú go mbeadh úsáideoirí údaraithe in ann cumarsáid phraiticiúil a dhéanamh idir bunachair shonraí éagsúla ar bhealach tapa réidh sistéamach. Trí chur ar chumas na núdarás víosaí seiceálacha uathoibrithe a dhéanamh le hais bunachair shonraí eile ach an tairseach Eorpach chuardaithe a úsáid, is é seo an chéad uair riamh a cuireadh an creat idir-inoibritheachta i bhfeidhm sa chleachtas.

    Le linn dó an fhaisnéis arna cur isteach ag iarratasóirí a fhíorú agus a mheasúnú, fiosróidh VIS gach iarratas go huathoibríoch le hais gach ceann de na córais thuas.

    De bhreis ar fhiosruithe uathoibrithe a dhéanamh ar bhunachair shonraí eile, bainfidh próiseáil víosaí tairbhe as táscairí sonracha riosca. Cuimseofar rialacha anailísíochta sonraí sna táscairí agus cuimseofar iontu freisin luachanna sonracha arna soláthar ag na Ballstáit agus staitisticí arna nginiúint ó bhunachair shonraí ábhartha eile um bainistíocht teorann agus slándáil. Is é an toradh a bheadh air sin go gcuirfí feabhas ar mheasúnuithe riosca agus go mbeifí in ann an modh anailísíochta sonraí a chur i bhfeidhm. Ní chuimseofaí aon sonraí pearsanta sna táscairí riosca agus bheadh siad bunaithe ar staitisticí agus ar fhaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit maidir le bagairtí, le rátaí mínormálta diúltaithe nó rófhanachta i measc catagóirí áirithe náisiúnach tríú tír, agus le rioscaí don tsláinte phoiblí.

    Le tabhairt isteach na seiceálacha sistéamacha le haghaidh slándála agus imirce i dtaca le sonraí VIS, déantar forbairt ar na tairbhí a cruthaíodh leis an gcreat idir-inoibritheachta.

    Laghdú a dhéanamh ar an deacracht a bhaineann le daoine ar iarraidh a shainaithint

    D’fhéadfadh go dtiocfadh cásanna chun cinn inar gá daoine a shainaithint lena leas féin – toisc go bhfuil siad caillte nó ar iarraidh nó gur sainaithníodh gur íospartaigh na gáinneála iad. Laistigh den chreat idir-inoibritheachta, agus i gcás ina gceadaítear é leis an dlí náisiúnta, cruthaítear an fhéidearthacht don údarás póilíneachta duine a shainaithint trí úsáid a bhaint as sonraí bithmhéadracha an duine sin, ar sonraí iad a glacadh le linn seiceáil céannachta. Mar sin féin, is amhlaidh, i gcúinsí sonracha, nach mbeadh rochtain den sórt sin chomh héifeachtach is atá sí sna cúinsí a ndéantar cur síos orthu thuas. Chun na críche sin, ba cheart rochtain mhear ar shonraí VIS a thabhairt d’údaráis forfheidhmithe dlí chun go mbeifí in ann an duine a shainaithint go tapa agus go hiontaofa, gan aon ghá a bheith ann le gach ceann de na réamhchoinníollacha agus na coimircí breise a chomhlíonadh le haghaidh rochtain a thabhairt d’údaráis forfheidhmithe dlí.

    Aghaidh a thabhairt ar na bearnaí faisnéise atá ann fós maidir le próiseáil víosaí gearrfhanachta: an aois méarlorgaireachta d’iarratasóirí a laghdú agus cóipeanna de dhoiciméid taistil a stóráil in VIS chun tacú le nósanna imeachta um fhilleadh

    ·An aois méarlorgaireachta d’iarratasóirí ar leanaí iad a laghdú ó 12 bhliain d’aois go 6 bliana d’aois

    Leis an mbeart seo, beidh oifigigh in ann céannacht linbh a fhíorú sa nós imeachta um iarratas a dhéanamh ar víosa, agus cumasófar seiceálacha nuair a bheifear ag trasnú teorainn sheachtrach. Ina theannta sin, tríd an bhféidearthacht a chruthú leanaí a shainaithint gan aon athbhrí, is é an toradh a bheidh ar an mbeart go gcosnófar leanaí ar bhealach níos fearr agus go gcabhrófar le gáinneáil agus imirce neamhrialta a chomhrac, agus tús áite á thabhairt do leas is fearr an linbh ag an am céanna. Tugtar coimircí breise isteach sa dlí chun a áirithiú go gcaomhnófar leas is fearr an linbh ar fud an nós imeachta um víosaí a phróiseáil agus in aon úsáid a bhainfear ina dhiaidh sin as sonraí leanaí.

    Tógfar méarloirg ó gach iarratasóir ar víosa atá 6 bliana d’aois nó níos sine, rud a mhéadóidh an grúpa iarratasóirí ar víosaí gearrfhanachta trí dhaoine idir 6 bliana d’aois agus 11 bhliain d’aois a chur leis.

    Nuair a glacadh Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, aithníodh go mbeadh sé riachtanach aghaidh a thabhairt ar ball ar an tsaincheist um leordhóthanacht iontaofacht na méarlorg chun críocha sainaithint agus fíorú i gcás leanaí atá faoi bhun 12 bhliain d’aois agus, go háirithe, ar an gcaoi a dtagann éabhlóid ar mhéarloirg de réir mar a theann duine in aois. Sa bhliain 2013, dá bhrí sin, rinne Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh 26 staidéar ar cé acu a fhéadfaidh nó nach bhféadfaidh aithint uathoibrithe méarlorg do leanaí rátaí aitheantais a tháirgeadh atá cosúil leo sin do dhaoine fásta. Thángthas ar an gconclúid sa staidéar ón Airmheán Comhpháirteach Taighde gur féidir aithint méarlorg sách cruinn a bhaint amach faoi choinníollacha áirithe do leanaí atá idir 6 bliana d’aois agus 12 bhliain d’aois. Coinníoll amháin den sórt sin, mar shampla, a bheadh ina áirithiú go bhfaigheadh oibreoirí leibhéal cuí oiliúna ar mhaithe le híomhánna ar ardchaighdeán a ghabháil.

    Deimhníodh an fhionnachtain sin i staidéar eile 27 agus tugadh léargas breise ann ar an tionchar a imríonn dul in aois ar cháilíocht méarlorg. Rinne an Coimisiún staidéar breise 28 inar iniúchadh a riachtanaí agus a chomhréirí a bheadh sé an aois méarlorgaireachta do leanaí sa nós imeachta um iarratas a dhéanamh ar víosa a laghdú. Fuarthas amach sa staidéar sin gurbh amhlaidh, dá laghdófaí an aois méarlorgaireachta, go gcabhrófaí le cuspóirí VIS a ghnóthú ar bhealach níos fearr, go háirithe i dtaca le héascú a dhéanamh ar an gcomhrac in aghaidh calaois aitheantais agus i dtaca le seiceálacha ag pointí trasnaithe teorann seachtraí a chuíchóiriú. Fuarthas amach ann freisin gurbh amhlaidh, dá laghdófaí an aois méarlorgaireachta, go bhféadfaí tairbhí breise a thabhairt trí neartú a dhéanamh ar an obair ar mhí-úsáidí ceart leanaí a chosc agus a chomhrac, go háirithe trí dheis a thabhairt leanaí ar náisiúnaigh tríú tír iad a aimsítear ar chríoch na mBallstát a shainaithint nó a gcéannacht a fhíorú i gcás ina bhféadfadh go mbeadh á gcearta á sárú nó go mbeadh sárú déanta ar a gcearta (e.g. leanaí ar íospartaigh na gáinneála ar dhaoine iad, leanaí ar iarraidh agus mionaoisigh gan tionlacan atá ag déanamh iarratas ar thearmann).

    ·Cóip den leathanach beathaisnéiseach de dhoiciméad taistil an iarratasóra a stóráil in VIS chun tacú le nósanna imeachta um fhilleadh

    Leis an togra, tugtar isteach catagóir nua sonraí atá le stóráil in VIS nuair atáthar ag cur iarratas ar víosa isteach. Faoi láthair, tógann na Ballstáit cóipeanna de dhoiciméad taistil an iarratasóra. Mar sin féin, níl aon rialacha de chuid an Aontais ann lena leagtar síos coinníollacha aonfhoirmeacha le haghaidh an fhaisnéis sin a choinneáil nó a mhalartú i measc na mBallstát. Trí chóip den doiciméad taistil a choinneáil, beifear in ann seiceálacha níos fearr a dhéanamh ar na doiciméid sin agus feabhas a chur ar a éifeachtúla atá nósanna imeachta um fhilleadh. Thacófaí le beartas an Aontais maidir le filleadh dá núsáidfí VIS chun an beart sin a chur chun feidhme.

    Maidir leis na húdaráis inniúla atá freagrach as sainaithint (agus/nó fíorú laistigh den chríoch) agus as filleadh, is iad sin, údaráis imirce agus údaráis fillte, ar údaráis iad a bhfuil rochtain acu cheana féin chun an córas a chuardach trí mhéarloirg an náisiúnaigh tríú tír a úsáid, bheadh siad in ann an chóip sin a aisghabháil, faoi réir dianrialacha rochtana a chomhlíonadh.

    Faoi Airteagal 2(e) de Rialachán VIS, ceann amháin de chuspóirí VIS is ea “cuidiú le haon duine a shainaithint a bhféadfadh sé nach mbeadh na coinníollacha iontrála, na coinníollacha fanachta ná na coinníollacha cónaithe ar chríoch na mBallstát á gcomhlíonadh aige nó a bhféadfadh sé nach mbeadh na coinníollacha sin á gcomhlíonadh a thuilleadh aige”. Le hAirteagal 31(2), cumasaítear do na Ballstáit tacar teoranta de na sonraí sin a aistriú chuig tríú tír nó é a chur ar fáil di chun críche céannacht náisiúnach tríú tír a chruthú chun iad a fhilleadh 29 . Breisíodh VIS a thuilleadh leis an mbeart sin arb é is aidhm dó cabhrú imircigh neamhrialta a shainaithint agus a fhilleadh 30 .

    Comhpháirteanna teicniúla eile de VIS a uasghrádú

    Tá sásra VISMail le haghaidh comhairliúchán comhtháite in VIS chun cuíchóiriú a dhéanamh ar na malartuithe idir córas lárnach VIS agus na córais náisiúnta. Oiriúnaítear cumraíocht an chórais lárnaigh chun freagairt ar bhealach níos fearr don ghá atá ann le hinfhaighteacht a áirithiú go mear agus go héifeachtúil le linn tréimhsí cur isteach (i.e. an córas cúltaca arna iompú ina chumraíocht ghníomhach).

    Chun feabhas a chur ar cháilíocht na sonraí a thaifeadtar in VIS, tugadh táscairí ar fhabhtanna cáilíochta sonraí isteach ar leibhéal an fheidhmchláir. Cuireadh de chúram ar eu-LISA seiceálacha cáilíochta sonraí a bhainistiú in VIS. Cuireadh feidhmiúlacht ar leith ar áireamh chun a áirithiú nach seolfadh VIS iarraidh ar réamhchomhairliúchán go dtí go líontar an fhaisnéis ar fad eile isteach go cuí. Cuireadh feidhmiúlacht eile ar áireamh chun go mbeifí in ann idirdhealú a dhéanamh idir na cásanna nach dteastaíonn méarloirg ar chúiseanna dlíthiúla iontu agus na cásanna nach féidir iad a thabhairt iontu. Chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna a bhaineann le bithmhéadracht a bhailiú, go háirithe an bhithmhéadracht sin a théann i bhfeidhm ar cháilíocht íomhánna den aghaidh, cuirfear caighdeáin mhalartacha i bhfeidhm, amhail grianghraif a bhailiú go díreach (i.e. tógtar an íomhá den aghaidh beo). Beartaítear réiteach teicniúil láraithe le haghaidh réamhchomhairliúcháin, ionadaíochta agus fógra a thabhairt ina dhiaidh sin, rud a chuirfidh ar chumas na mBallstát a bhfaisnéis féin maidir leis na feidhmeanna sin a bhainistiú agus a thabhairt cothrom le dáta.

    ·Bunús dlí

    Is iad na hAirteagail seo a leanas den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an bunús dlí don Rialachán seo: Airteagal 16(2), Airteagal 77(2)(a), (b), (d) agus (e), Airteagal 78(2)(d), (e) agus (g), Airteagal 79(2)(c) agus (d), Airteagal 87(2)(a) agus Airteagal 88(2)(a).

    Faoi Airteagal 77(2), (a), (b), (d) agus (e) CFAE faoi seach, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle bearta a ghlacadh a bhaineann leis na nithe seo a leanas: an comhbheartas maidir le víosaí agus maidir le ceadanna cónaithe gearrfhanachta eile, na seiceálacha a mbeidh daoine faoina réir agus iad ag trasnú teorainneacha seachtracha, aon bheart is gá chun córas comhtháite bainistíochta do theorainneacha seachtracha a bhunú de réir a chéile, agus nach mbeidh aon rialú ar dhaoine, is cuma cén náisiúntacht atá acu, agus iad ag trasnú teorainneacha inmheánacha. Is é sin an príomhbhunús dlí don Rialachán seo a bheartaítear.

    Faoi Airteagal 16(2) CFAE, tá an chumhacht ag an Aontas bearta a ghlacadh a bhaineann le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus ag na Ballstáit nuair a bheidh bearta á ndéanamh acu a thagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais, agus na rialacha a bhaineann le saorghluaiseacht na sonraí sin. Is bunús tábhachtach dlí don togra seo í an fhoráil sin den Chonradh freisin.

    Cuspóir coimhdeach de chuid an togra seo is ea rochtain ar shonraí VIS a thabhairt d’údaráis náisiúnta forfheidhmithe dlí agus do Europol chun críocha forfheidhmithe dlí, faoi réir dianchoinníollacha a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, tá an togra ag brath ar Airteagal 87(2)(a) agus Airteagal 88(2)(a) CFAE faoi seach. Éilítear leis an dá bhunús dlí bhreise sin an gnáthnós imeachta reachtach céanna is infheidhme faoi Airteagal 77(2).

    Saothraítear leis an togra seo roinnt cuspóirí coimhdeacha breise, amhail rannchuidiú le nós imeachta Bhaile Átha Cliath agus leis an nós imeachta um scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar thearmann, ar bearta iad a forbraíodh faoi Airteagal 78(2)(d), (e) agus (g) CFAE; cabhrú le náisiúnaigh tríú tír a shainaithint agus a fhilleadh mar chuid de na bearta a forbraíodh faoi Airteagal 79(2)(c) CFAE, agus tacú le híospartaigh a shainaithint agus leis an ngáinneáil ar dhaoine a chomhrac mar chuid de na bearta a forbraíodh faoi Airteagal 79(2)(d) CFAE. Tá na bunúis dlí bhreise sin comhoiriúnach do na príomhbhunúis dlí freisin.

    ·Prionsabal na coimhdeachta

    Tugtar le hAirteagal 77(2)(a) CFAE de chumhacht don Aontas bearta a fhorbairt a bhaineann leis an “gcomhbheartas maidir le víosaí agus maidir le ceadanna cónaithe gearrfhanachta eile.” Tagann an togra seo faoi na teorainneacha a leagtar síos leis an bhforáil sin. Is é an cuspóir atá leis tuilleadh forbartha a dhéanamh, agus tuilleadh feabhais a chur, ar na rialacha maidir le próiseáil leictreonach iarratas ar thréimhsí fanachta atá beartaithe ar chríoch na mBallstát nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá. Ní féidir leis na Ballstáit an méid sin a ghnóthú go leordhóthanach agus iad ag gníomhú leo féin toisc nach bhféadfaidh ach an tAontas gníomh de chuid an Aontais atá ann cheana (Rialachán VIS) a leasú.

    Ionas go mbeidh saoirse gluaiseachta ann sa limistéar nach bhfuil rialuithe teorann inmheánaí ann, is gá teorainneacha seachtracha an limistéir a bhainistiú go héifeachtach chun slándáil a áirithiú. Dá bhrí sin, d’aontaigh na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin i dteannta a chéile, go háirithe trí fhaisnéis a chomhroinnt trí chórais láraithe an Aontais i réimse an cheartais agus na ngnóthaí baile. Deimhnítear an méid sin sna conclúidí éagsúla atá glactha ag an gComhairle Eorpach agus ag an gComhairle araon, go háirithe ón mbliain 2015 i leith.

    In éagmais rialuithe teorann inmheánaí, is gá bainistíocht fhónta a dhéanamh ar na teorainneacha seachtracha, áit ar gá do gach Ballstát nó tír chomhlachaithe an teorainn sheachtrach a rialú thar ceann na dtíortha eile. Ní féidir le haon Bhallstát amháin dul i ngleic leis an imirce neamhrialta ná le coireacht trasteorann as féin. Tá náisiúnaigh tríú tír a thagann isteach sa limistéar nach bhfuil rialuithe teorann inmheánaí ann in ann taisteal faoi shaoirse laistigh den limistéar sin. I limistéar nach bhfuil teorainneacha inmheánacha ann, ba cheart beart coiteann a dhéanamh i gcoinne inimirce neamhrialta agus coireacht idirnáisiúnta agus sceimhlitheoireachta, lena náirítear trí chalaois aitheantais a bhrath, agus ní féidir aghaidh mar is ceart a thabhairt air sin ach ar leibhéal an Aontais.

    Faoi Airteagal 77(2)(b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá sé de chumhacht ag an Aontas bearta a ghlacadh i ndáil le seiceálacha a dhéanamh ar dhaoine agus le faireachán éifeachtach a dhéanamh ar thrasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát. Is gá dlí reatha an Aontais maidir leis an nós imeachta um iarratas a dhéanamh ar víosa a mhodhnú chun na gluaiseachtaí taistil de chuid náisiúnach tríú tír atá ag déanamh iarratas ar víosa ghearrfhanachta a chur san áireamh ann, go háirithe na forálacha EES a tugadh isteach le déanaí, lena gcuirtear deireadh leis an oibleagáid stampála agus lena mbunaítear taifead dul isteach agus imeachta do náisiúnaigh tríú tír a ligtear isteach le haghaidh tréimhse ghearrfhanachta, rud a chumasóidh d’údaráis na mBallstát measúnú a dhéanamh ar úsáid dhleathach aon tréimhsí gearrfhanachta roimhe seo i limistéar nach bhfuil rialuithe teorann inmheánaí ann.

    Maidir le víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe, foráiltear le hAirteagal 21 de Choinbhinsiún Schengen go dtabharfaí aitheantas frithpháirteach dóibh mar dhoiciméid lena gceadaítear dá sealbhóirí gluaiseacht faoi shaoirse laistigh de limistéar Schengen ar feadh 90 lá in aon tréimhse 180 lá (i.e. cosúil le víosa ghearrfhanachta), ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 6(1)(a), (c) agus (e) de Rialachán (AE) 2016/399 (Cód Teorainneacha Schengen). Iarradh i gconclúidí éagsúla ón gComhairle 31 go ndéanfaí bearta nua chun na bearnaí faisnéise a líonadh le haghaidh bainistíocht teorann agus fhorfheidhmiú an dlí i ndáil le trasnuithe teorann ag sealbhóirí víosa fadfhanachta agus ceada cónaithe, á rá go bhféadfaí déanamh amhlaidh trí stóras sonraí den sórt sin a chruthú ar leibhéal an Aontais. Ceann de na bearta sin a chomhfhreagraíonn do chuspóirí a leagtar síos faoi Airteagal 77 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh is ea sonraí faoi víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe a áireamh sa chóras ionas gur féidir sonraí faoi na doiciméid sin a chomhroinnt i measc na mBallstát agus doiciméid an tsealbhóra a fhíorú ag teorainneacha seachtracha nó laistigh den Aontas ag na Ballstáit seachas an ceann a d’eisigh an doiciméad agus ionas gur féidir a fhíorú cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh an duine a bheith ina bhagairt ar shlándáil ceann ar bith de na Ballstáit.

    Dá bhrí sin, ní féidir leis na Ballstáit an cuspóir sin de chuid an togra a ghnóthú go leordhóthanach agus iad ag gníomhú ina naonar agus is fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais.

    ·Prionsabal na comhréireachta

    Mar a mhínítear sa mheasúnú tionchair atá ag gabháil leis an togra seo le haghaidh Rialachán athbhreithnithe, meastar gur comhréireach atá na roghanna beartais a dhéantar sa togra seo. Ní théann siad thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí comhaontaithe a ghnóthú.

    Luaitear in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach nach rachaidh beart de chuid an Aontais thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí an Chonartha a ghnóthú. Maidir le foirm an bhirt ar leibhéal an Aontais, ní mór foirm a roghnú a d’fhágfadh go bhféadfaí cuspóirí an togra a ghnóthú agus a chur chun feidhme ar shlí chomh héifeachtach agus is féidir. Is é atá sa tionscnamh a bheartaítear forbairt eile ar na rialacha maidir le taisteal saor ó theorainneacha chun a áirithiú go gcuirfear rialacha coiteanna i bhfeidhm ag teorainneacha seachtracha ar an aon bhealach amháin i ngach Ballstát inar cuireadh deireadh le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha. Leis an tionscnamh, cuirtear arís eile le hionstraim lena soláthraítear faisnéis don Aontas maidir le náisiúnaigh tríú tír cheana féin. Leis an tionscnamh freisin, códaítear agus feabhsaítear an rochtain atá ag údaráis forfheidhmithe dlí faoi láthair ar fhaisnéis VIS maidir leis na catagóirí sin náisiúnach tríú tír, rud ar bealach tráthúil, cruinn, slán agus cost-éifeachtúil é chun sainaithint a dhéanamh ar náisiúnaigh tríú tír a meastar go ndearna siad gníomh sceimhlitheoireachta nó coir thromchúiseach (nó ar íospartaigh ghnímh sceimhlitheoireachta nó coire tromchúisí) agus chun na húdaráis a chumasú breathnú ar an stair iarratais de chuid náisiúnach tríú tír a meastar go ndearna siad coireanna den sórt sin (nó ar an stair iarratais de chuid íospartaigh na gcoireanna sin).

    Tá an togra bunaithe ar na prionsabail um “chosaint sonraí trí dhearadh” agus tá sé comhréireach ó thaobh an chirt chun sonraí pearsanta a chosaint de toisc nach gceanglaítear leis go ndéanfaí tuilleadh sonraí a bhailiú agus a stóráil ar feadh tréimhse níos faide ná atá fíor-riachtanach chun ligean don chóras feidhmiú agus a chuspóirí a bhaint amach. Ina theannta sin, forálfar leis an togra do na coimircí agus na sásraí go léir is gá chun cearta bunúsacha taistealaithe a chosaint go héifeachtach, go háirithe sonraí faoina saol príobháideach agus sonraí pearsanta, agus do na coimircí agus na sásraí sin a chur chun feidhme.

    Ní bheidh gá ann le haon phróisis ná le haon chomhchuibhiú eile ar leibhéal an Aontais chun go néireoidh leis an gcóras. Tá an beart a bheartaítear comhréireach, dá bhrí sin, toisc nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach, maidir le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, chun na cuspóirí sainithe a bhaint amach.

    Tá an rogha thosaíochta comhréireach maidir le costais freisin, agus aird á tabhairt ar na tairbhí a sholáthrófar leis an gcóras do gach Ballstát i ndáil leis an teorainn sheachtrach choiteann a bhainistiú agus bogadh i dtreo comhbheartas imirce de chuid an Aontais a thabhairt isteach.

    Dá bhrí sin, comhlíontar prionsabal na comhréireachta leis an togra.

    ·An rogha ionstraime

    Leis an togra seo, cuirtear le córas láraithe atá ann cheana, ar córas é trína noibríonn na Ballstáit i gcomhar le chéile agus óna dteastaíonn ailtireacht choiteann agus rialacha coiteanna oibriúcháin. Ina theannta sin, leagtar síos ann rialacha, atá aonfhoirmeach do na Ballstáit uile, maidir le seiceálacha teorann ag na teorainneacha seachtracha agus maidir le rochtain ar an gcóras, lena náirítear rochtain chun críche fhorfheidhmiú an dlí. Dá dhroim sin, is é Rialachán an taon ionstraim dlí is féidir a roghnú.

    ·Cearta bunúsacha

    Tá tionchar ag an Rialachán a bheartaítear ar chearta bunúsacha, go háirithe an ceart chun dínite (Airteagal 1 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh), an ceart chun saoirse agus slándála (Airteagal 6 den Chairt), meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh (Airteagal 7 den Chairt), sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8 den Chairt), an ceart chun tearmainn agus cosaint phrionsabal an non-refoulement (Airteagail 18 agus 19 den Chairt) agus cosaint i gcás ina dtarlaíonn aistriú, díbirt nó eiseachadadh (Airteagal 19 den Chairt), an ceart chun neamh-idirdhealaithe (Airteagal 21 den Chairt), cearta an linbh (Airteagal 24 den Chairt) agus an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil (Airteagal 47 den Chairt).

    Bunaítear le Rialachán VIS, a tugadh isteach sa bhliain 2008, dianrialacha maidir le rochtain ar VIS agus na coimircí riachtanacha. Foráiltear leis do na cearta atá ag daoine aonair i ndáil le rochtain, ceartú, scriosadh agus sásamh freisin (i.e. ceartú, léirscriosadh agus leigheasanna faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí 32 ), go háirithe an ceart chun leigheas breithiúnach a fháil agus chun maoirseacht a bheith á déanamh ag údaráis neamhspleácha phoiblí ar oibríochtaí próiseála. Tugtar coimircí breise isteach leis an togra seo chun cumhdach a dhéanamh ar riachtanais shonracha na gcatagóirí nua sonraí, próiseála sonraí agus ábhar sonraí a chumhdófar le VIS. Dá bhrí sin, tá an togra seo i lánchomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe maidir leis an gceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, agus tá sé ar aon dul le hAirteagal 16 CFAE freisin, lena ráthaítear do gach duine an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a bhaineann leo a chosaint.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Ag teacht sna sála ar an staidéar teicniúil a rinne eu-LISA sa bhliain 2016 ar an modhnú teicniúil ar VIS a d’eascair as cleachtadh REFIT agus as an measúnú tionchair, cloítear sa togra seo leis an rogha atá ann VIS a leathnú chun sonraí faoi víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe a áireamh ann, chun seiceálacha uathoibrithe a dhéanamh le hais bunachar sonraí de chuid an Aontais agus de chuid Interpol i ndáil le slándáil agus, de réir mar is infheidhme, i ndáil le seiceálacha imirce neamhrialta, agus chun an aois méarlorgaireachta do leanaí a laghdú agus chun cóip den leathanach beathaisnéiseach de dhoiciméad taistil na niarratasóirí a stóráil in VIS. Measadh sa staidéar go mbeadh EUR 182 mhilliún ag teastáil chun an méid sin a dhéanamh. Ós rud é go meastar go mbeidh céim na forbartha ar siúl idir na blianta 2021 agus 2023, cumhdófar na cistí riachtanacha faoin méid a leithdháilfear sa chéad bhuiséad eile de chuid an Aontais. Má ghlactar an togra roimh an gcéad chreat airgeadais eile, is ó líne buiséid Theorainneacha agus Víosaí an Chiste Slándála Inmheánaí a mhaoineofar na hacmhainní riachtanacha (a mheastar a bheidh cothrom le EUR 1.5 milliún) agus asbhainfear na méideanna lena mbaineann ón airgead atá curtha ar leataobh don tréimhse 2021-2023. D’úsáidfí an EUR 1.5 milliún chun tosú ar an obair ullmhúcháin as a dtiocfadh cur chun feidhme na mbeart a leagtar amach sa togra seo, amhail na bearta sin a bhaineann leis na gníomhartha cur chun feidhme a ullmhú agus conarthaí soláthair phoiblí a sheoladh. Más rud é go dtiocfar ar chomhaontú polaitiúil ar an togra seo faoi mhí an Mhárta 2019 (i.e. faoin reachtas reatha), féachfar leis an togra a chur chun feidhme faoi dheireadh na bliana 2021.

    Tá na hacmhainní a theastaíonn don togra seo (don Chiste Bainistíochta Teorann agus do gach ceann de na gníomhaireachtaí lena mbaineann araon) comhoiriúnach don togra ón gCoimisiún le haghaidh an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil do 2021-2027 an 2 Bealtaine 2018. Leithdháiltear ar an mbealach seo a leanas na costais atá bainteach leis an togra seo a chur chun feidhme:

    Leithdháiltear EUR 105 mhilliún ar eu-LISA (bainistíocht indíreach);

    Leithdháiltear EUR 45 mhilliún ar na Ballstáit, ar méid é a chuirtear ar leataobh ina gCláir Náisiúnta (bainistíocht chomhroinnte);

    Leithdháiltear EUR 2 mhilliún ar an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann (bainistíocht indíreach);

    Leithdháiltear EUR 30 milliún ar Europol (bainistíocht indíreach).

    Maidir leis an tsamhail chostais a chuirtear i bhfeidhm, mínítear í in Iarscríbhinn 3 - “Cé a rachfar i bhfeidhm orthu agus conas a rachfar i bhfeidhm orthu”, i Roinn 2 ina leagtar amach “Achoimre ar na costais agus na tairbhí” agus in Iarscríbhinn 4 ina bpléitear le “REFIT” an Mheasúnaithe Tionchair, agus déantar anailís níos mine uirthi sa staidéar ar “An Indéantacht agus na hImpleachtaí a bhaineann leis an Aois Méarlorgaireachta do Leanaí a Laghdú”, sa staidéar ar “Cóip scanta de dhoiciméad taistil an iarratasóra ar víosa a stóráil sa Chóras Faisnéise Víosaí”, sa “Staidéar indéantachta ar dhoiciméid le haghaidh Víosaí Fadfhanachta, Ceadanna Cónaithe agus Ceadanna Tráchta Teorann Áitiúla a áireamh i stóras” agus sa doiciméad “Anailís Dhlíthiúil ar a Riachtanaí agus a Chomhréirí a bheadh sé Raon Feidhme an Chórais Faisnéise Víosaí (VIS) a Leathnú chun Sonraí faoi Víosaí Fadfhanachta agus faoi Dhoiciméid Chónaithe a Áireamh ann”, a ghabhann leis an Measúnú Tionchair.

    5.FAISNÉIS BHREISE

    ·Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar faireachán ar fheidhmiú VIS agus déanfaidh sé meastóireacht ar na príomhchuspóirí beartais atá leis. Ceithre bliana tar éis dul i mbun Rialachán athbhreithnithe VIS a chur i bhfeidhm agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Cuirfear meastóireacht fhoriomlán ar fheidhmiú an chórais i láthair sa tuarascáil, lena náirítear an tionchar díreach agus indíreach atá aige ar chearta bunúsacha agus an dóigh a gcuirtear cearta bunúsacha chun feidhme sa chleachtas faoin gcóras. Sa tuarascáil sin, ba cheart na torthaí a gnóthaíodh a scrúdú i gcomparáid leis na cuspóirí, measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinneadh sna ceithre phríomhréimse faidhbe, agus measúnú a dhéanamh ar a bhailí atá an bhunréasúnaíocht go fóill agus ar aon impleachtaí a bheidh ann do roghanna amach anseo. Déantar meastóireacht ar chur chun feidhme VIS trí shásra meastóireachta Schengen freisin, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle 33 , gan dochar do ról an Choimisiúin mar chaomhnóir ar na Conarthaí (Airteagal 17(1) CFAE).

    ·Geoiméadracht athraitheach

    Leis an togra seo, cuirtear le acquis Schengen i ndáil le teorainneacha seachtracha agus víosaí sa mhéid agus go mbaineann sé le teorainneacha seachtracha a thrasnú agus le víosaí gearrfhanachta a dheonú.

    Beidh na hiarmhairtí seo a leanas aige sin ar phrótacail an Chonartha agus na comhaontuithe a bhaineann le acquis Schengen a fhorbairt:

    An Danmhairg: I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na mbeart ag an gComhairle de bhun Theideal V de chuid a trí de CFAE.

    Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, ní mór don Danmhairg a chinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

    An Ríocht Aontaithe agus Éire: I gcomhréir le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 5 den Phrótacal maidir le acquis Schengen a lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh agus le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, agus Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen, níl an Ríocht Aontaithe ná Éire rannpháirteach i Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 (Rialachán VIS) ná in aon ionstraimí dlí eile ar a dtugtar “acquis Schengen” de ghnáth, i.e. na hionstraimí dlí lena neagraítear an díothú rialuithe ag teorainneacha inmheánacha agus na bearta tionlacain maidir leis rialuithe ag teorainneacha seachtracha agus lena dtacaítear leis an méid sin.

    Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha an acquis sin, agus dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe ná Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo ná níl siad faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

    I gcomhréir leis an mbreithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais i gcás C-482/08, an Ríocht Aontaithe v. an Chomhairle 34 , agus toisc gurb iad Airteagal 87(2)(a) agus Airteagal 88(2)(a) mar aon le hAirteagal 77(2)(b) agus (d) CFAE atá mar bhunús dlí ag an Rialachán seo, ní bheidh aon éifeacht aige sin ar an gconclúid thuas de bharr go bhfuil an rochtain chun críocha fhorfheidhmiú an dlí coimhdeach le bunú an Chórais Faisnéise Víosaí.

    An Íoslainn agus an Iorua: Tá feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar síos sa Chomhaontú Comhlachais arna thabhairt i gcrích ag an gComhairle agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ós rud é gurb amhlaidh leis an togra seo go gcuirtear le acquis Schengen mar a shainítear in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú sin 35 .

    An Eilvéis: Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen, mar a fhoráiltear leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas na tíre sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt 36 .

    Lichtinstéin: Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen, mar a fhoráiltear leis an bPrótacal idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt 37 .

    An Chróit, an Chipir, an Bhulgáir agus an Rómáin: An beartas víosaí a dtagann VIS faoi, is gné é den chuid sin de acquis Schengen nach bhfuil infheidhme go fóill ag na Ballstáit sin nach bhfuil an acquis á chur chun feidhme ina iomláine acu go fóill i gcomhréir lena nIonstraimí Aontachais. Rinneadh córas simplithe le haghaidh daoine a rialú ag na teorainneacha seachtracha a thabhairt isteach i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 565/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 38 . Tá an córas sin bunaithe ar aitheantas aontaobhach a bheith á thabhairt ag an mBulgáir, ag an gCróit, ag an gCipir agus ag an Rómáin do dhoiciméid áirithe, go háirithe víosaí Schengen arna neisiúint ag na Ballstáit sin a bhfuil acquis Schengen á chur chun feidhme ina iomláine acu, mar dhoiciméid atá coibhéiseach lena víosaí náisiúnta le haghaidh idirthuras trína gcríocha nó tréimhsí fanachta atá beartaithe ar a gcríocha nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá. Chomh maith leis sin, ceadaítear le Cinneadh (AE) 2017/1908 ón gComhairle don Bhulgáir agus don Rómáin breathnú, i mód inléite amháin, ar shonraí VIS gan aon cheart a bheith acu sonraí a iontráil in VIS, sonraí a leasú ann nó sonraí a scriosadh as, chun a nós imeachta náisiúnta um iarratas a dhéanamh ar víosa a éascú agus chun calaois agus mí-úsáid víosaí Schengen a chosc trí bhailíocht agus barántúlacht na víosaí a fhíorú le hais na sonraí a stóráiltear in VIS; chun seiceálacha ag pointí trasnaithe teorann ag teorainneacha seachtracha agus laistigh de chríoch na mBallstát a éascú i gcás náisiúnach tríú tír a bhfuil víosa ghearrfhanachta acu; chun cabhrú lena chinneadh cén Ballstát atá freagrach as déileáil le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta; chun an scrúdú ar iarratais den sórt sin a éascú, agus chun an leibhéal slándála inmheánaí ar chríoch na mBallstát a mhéadú trí chabhrú leis an gcomhrac in aghaidh na coireachta tromchúisí agus na sceimhlitheoireachta.

    Ós rud é gurb é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha an acquis sin, sa mhéid agus go ndéanfar feidhm comhairliúcháin VIS agus malartú faisnéise VIS a leathnú chuig víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe, ar doiciméid iad a dtugann na Ballstáit sin aitheantas dóibh mar dhoiciméid atá coibhéiseach lena víosaí náisiúnta le haghaidh idirthuras trína gcríocha nó tréimhsí fanachta atá beartaithe ar a gcríocha, ba cheart rochtain a thabhairt don Bhulgáir agus don Rómáin chun gur féidir leo breathnú ar víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe chun na gcríoch céanna a shainítear i gCinneadh (AE) 2017/1908 ón gComhairle.

    2018/0152 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, Rialachán (CE) 2017/2226, Rialachán (CE) 2016/399, Rialachán (CE) XX/2018 [An Rialachán um Idir-inoibritheacht], agus Cinneadh 2004/512/CE agus lena naisghairtear Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go háirithe ar Airteagal 16(2), Airteagal 77(2)(a) (b), (d) agus (e), Airteagal 78(2)(d), (e) agus (g), Airteagal 79(2)(c), agus (d), Airteagal 87(2)(a), agus Airteagal 88(2)(a),

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 39 ,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 40 ,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)Is le Cinneadh 2004/512/CE 41 a bunaíodh an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) le bheith ina réiteach teicneolaíoch don mhalartú sonraí faoi víosaí idir Ballstáit. Is le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 42 a leagadh síos an fheidhm VIS seo, agus na feidhmiúlachtaí agus na freagrachtaí a ghabhann leis, mar aon leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta do mhalartú sonraí faoi víosaí gearrfhanachta idir Ballstáit le hidir iarratais ar víosaí gearrfhanachta agus na cinntí a bhaineann leo a éascú. Is i Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 43 a leagtar amach na rialacha faoi chlárú na naitheantóirí bithmhéadracha sa VIS. I gCinneadh 2008/633/CGB 44 , leagadh síos na coinníollacha faoina bhféadfaidh údaráis ainmnithe Ballstát agus Europol rochtain a fháil le féachaint ar VIS chun críocha coisc, braite agus imscrúdaithe i ndáil le cionta sceimhlitheora agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile.

    (2)Is iad na cuspóirí a bheidh ag an VIS ar an iomlán feabhas ar chur chun feidhme an chomhbheartais víosaí, agus ar chomhar na gconsal agus ar an gcomhairliúchán idir údaráis víosaí lárnacha tríd an malartú sonraí idir Ballstáit maidir leis na hiarratais agus na cinntí lena mbaineann a éascú, d’fhonn na nithe seo a leanas a dhéanamh: an nós imeachta um iarratais ar víosaí a éascú; an tsiopadóireacht víosaí a chosc; an comhrac i gcoinne na calaoise céannachta a éascú; seiceálacha ag pointí trasnaithe na dteorainneacha seachtracha agus laistigh de chríocha na mBallstát a éascú; cuidiú le duine a aithint ar féidir nach mbeadh na coinníollacha iontrála, na coinníollacha fanachta ná na coinníollacha cónaithe i gcríocha na mBallstát á gcomhlíonadh aige nó ar féidir nach mbeadh na coinníollacha sin á gcomhlíonadh a thuilleadh aige; Cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 45 a éascú, agus rannchuidiú le cosc na mbagairtí do shlándáil inmheánach aon ceann de na Ballstáit.

    (3)Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Aibreán, 2016 dar teideal ‘Córais Faisnéise níos Láidre agus níos Cliste um Theorainneacha agus Slándáil’ 46 , bhí cur síos ar an ngá atá le neartú agus feabhsú ar chórais TF an Aontais Eorpaigh, agus ar an ailtireacht sonraí agus ar an malartú faisnéise atá aige i réimse an bhainistithe teorann, i bhforfheidhmiú an dlí, agus sa fhrithsceimhlitheoireacht, agus bhí béim ann ar an ngá atá le feabhas ar idir-inoibritheacht na gcóras TF. Rinne an Teachtaireacht an gá le haghaidh a thabhairt ar bhearnaí faisnéise a shainaithint freisin, rud ar a náirítear náisiúnaigh tríú tír a bhfuil víosa fadfhanachta ina seilbh acu.

    (4)Ar an 10 Meitheamh 2016, rinne an Chomhairle formhuiniú ar Threochlár le cur leis an malartú faisnéise agus le bainistiú na faisnéise 47 . Le tabhairt faoin mbearna faisnéise atá sna doiciméid a eisíodh do náisiúnaigh tríú tír, d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar bhunú lárstóras ceada chónaithe agus víosaí fadfhanachta a eisíonn Ballstáit, chun faisnéis a stóráil ar na doiciméid seo, ar a náirítear na dátaí éaga, agus aistarraingt fhéideartha na víosaí agus na gcead. In Airteagal 21 den Chonradh lena gcuirtear Comhaontú Schengen i bhfeidhm, foráiltear don cheart ar shaorghluaiseacht laistigh de chríocha na stát atá i bpáirt sa Chomhaontú le haghaidh tréimhse nach faide ná 90 lá laistigh d’aon tréimhse 180 lá, trí na ceadanna cónaithe agus na víosaí fadfhanachta a eisíonn na Stáit sin a aithint go frithpháirteach.

    (5)I gConclúidí na Comhairle 9 Meitheamh 2017 ar an mbealach le feabhas a chur ar an malartú faisnéise, agus le hidir-inoibritheacht chórais faisnéise an Aontais Eorpaigh a áirithiú 48 , d’admhaigh an Chomhairle gur féidir go mbeidh gá le bearta nua chun na bearnaí faisnéise atá ann faoi láthair a líonadh i mbainistiú na dteorannacha agus i bhforfheidhmiú an dlí, i dtaca leis an trasnú teorann a dhéanann sealbhóirí víosaí fadfhanachta agus sealbhóirí ceada chónaithe. D’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún staidéar féidearthachta a dhéanamh gan mhoill faoi lárstóras don Aontas Eorpach a mbeadh faisnéis ann maidir le víosaí fadfhanachta agus cead cónaithe. Ar a bhonn seo, chuir an Coimisiún dhá staidéar i gcóir: Is é ba chonclúid don chéad staidéar féidearthachta 49 gur rud indéanta go teicniúil a bheadh i mbunú lárstórais, agus gurbh í athúsáid struchtúr VIS an rogha teicniúil ab fhearr, agus maidir leis an dara staidéar 50 , is anailís riachtanais agus comhréireachta a bhí ansin, rud dar chonclúid gur rud riachtanach comhréireach a bheadh ann cur le réimse an VIS ionas go mbeadh na doiciméid thuasluaite san áireamh ann.

    (6)Is éard a dúradh i dTeachtaireacht an Choimisiúin an 27 Meán Fómhair 2017 i dtaobh Chur i gCrích an Chláir Oibre Eorpaigh maidir leis an Imirce 51 nach amháin gur cuid bhunúsach d’éascú na turasóireachta agus d’éascú cúrsaí gnó atá i gcomhbheartas víosaí an Aontais Eorpaigh, ach gurb uirlis ríthábhachtach é le rioscaí slándála agus rioscaí imirce neamhrialta chuig an Aontas Eorpach a chosc. Admhaíodh sa Teachtaireacht gur gá an comhbheartas víosaí a chur in oiriúint fós do na dúshláin atá ann, agus réitigh TF a chur i gcás, mar aon leis an sochar a bhaineann le taisteal éascaithe le víosa a chur i gcothromaíocht le himirce fheabhsaithe, le slándáil agus le bainistiú teorainneacha. Dúradh sa Teachtaireacht go ndéanfaí athbhreithniú ar chreat dlíthiúil an VIS chun breis feabhais a chur ar phróiseáil na víosaí, rud ar a náireofaí gnéithe a bhaineann le cosaint sonraí, mar aon le rochtain d’údaráis fhorfheidhmithe dlí, agus cur le húsáid VIS le haghaidh catagóirí nua agus úsáidí sonraí, agus le húsáid iomlán a bhaint as na huirlisí idir-inoibritheachta.

    (7)I dTeachtaireacht an Choimisiúin 14 Márta 2018 maidir leis an gcomhbheartas víosaí a chur in oiriúint do dhúshláin nua 52 , tugadh athdheimhniú go ndéanfar creat dlíthiúil VIS a athbhreithniú, mar chuid de phróiseas machnaimh níos leithne ar idir-inoibritheacht na gcóras faisnéise.

    (8)Nuair a bhí Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 á ghlacadh, admhaíodh nár mhór aghaidh a thabhairt ar cheist leordhóthanacht iontaofacht na méarlorg chun críocha sainaithint agus fíorú, i gcás linbh faoi bhun 12 bhliain d’aois agus, go háirithe, ar éabhlóid na méarlorg de réir mar a théitear in aois, ar bhonn staidéir a cuireadh i gcrích faoi fhreagracht an Choimisiúin. Is é ba chonclúid do staidéar 53 a rinne an Comh-Ionad Taighde in 2013 gur féidir sainaithint méarlorg leanaí idir 6 agus 12 bliain a dhéanamh le leibhéal sásúil cruinnis faoi choinníollacha ar leith. I Mí na Nollag 2017 54 , dheimhnigh an dara staidéar an tátal seo, agus thug sé tuilleadh léargais ar thionchar na haoise ar cháilíocht na méarlorg. Ar a bhonn seo, chuir an Coimisiún staidéar eile i gcóir i 2017 inar fiosraíodh an riachtanas agus an chomhréireacht a bhaineann le haois déanta na méarlorg i gcás na leanaí a ísliú go 6 bliana sa phróiseas víosa. Is éard a thug an staidéar 55 seo chun cruinnis gur fearr a d’fhéadfaí spriocanna VIS a bhaint amach ach aois déanta na méarlorg a ísliú, go mór mór i dtaca le héascú an chomhraic in aghaidh chalaois chéannachta, agus i dtaca le héascú na seiceála ag pointe trasnaithe teorann seachtraí, agus gur rud é gur dhócha breis sochair dá bharr i neartú an chomhraic in aghaidh shárú cearta leanaí, agus i gcosc an tsáraithe sin, go mór mór trí chumasú ar shainaithint/fíorú chéannacht leanaí tríú tír a dtarlaíonn dóibh i gcríocha Schengen sa chás gur baol éigniú a gcuid ceart (m.sh. íobartaigh gáinneála ar leanaí iad, nó leanaí atá ar iarraidh, nó mionaoiseach atá ag iarraidh tearmainn).

    (9)Tabharfaidh Ballstáit tús áite do leas an linbh i ndáil le gach nós imeachta a bhforáiltear dó sa Rialachán seo. Leas agus sábháilteacht agus slándáil agus tuairimí an linbh, is nithe iad sin a chuirfear san áireamh agus a gcuirfear an suntas cuí iontu de réir aois agus inmhe an linbh. Bíonn ábharthacht faoi leith in VIS nuair is baol gurb íobartach de chuid gáinneála daoine atá sa leanbh.

    (10)Na sonraí pearsanta a sholáthraíonn an tiarratasóir le haghaidh víosa gearrfhanachta, is ceart do VIS iad a phróiseáil féachaint an bagairt don tslándáil phoiblí nó don tsláinte phoibli san Aontas a bheadh ann dá dtiocfadh an tiarratasóir isteach san Aontas, agus féachaint cén riosca atá ann go gcleachtfadh an tiarratasóir imirce neamhrialta. Maidir le náisiúnaigh tríú tír a fuair víosa fhadfhanachta nó cead cónaithe, ní ceart go mbeadh sna seiceálacha sin ach cuid den rud a dhéantar le céannacht shealbhóir an doiciméid a mheas, agus le barántúlacht agus bailíocht na víosa fadfhanachta a mheas, agus an bhagairt don tslándáil phoiblí nó don tsláinte phoiblí san Aontas a mheas dá dtiocfadh an náisiúnach tríú tír isteach ann. Ní ceart go gcuirfidís isteach ar aon chinneadh faoi víosaí fadfhanachta nó ceadanna cónaithe.

    (11)Ní féidir rioscaí den chineál sin a mheas gan próiseáil a dhéanamh ar na sonraí pearsanta a bhaineann le céannacht an duine, agus leis an doiciméad taistil, agus de réir mar atá an cás, leis an urraitheoir, nó más mionaoiseach don iarratasóir, le céannacht an té atá freagrach as. Ba cheart gach mír sonraí pearsanta sna hiarratais a chur i gcomparáid leis na sonraí atá i dtaifead, i gcomhad nó i bhfoláireamh atá cláraithe i gcóras faisnéise (Córas Faisnéise Schengen (SIS), an Córas Faisnéise Víosaí (VIS), sonraí Europol, bunachar sonraí Interpol um Dhoiciméid Taistil Ghoidte nó Chaillte (SLTD), an Córas Dul Isteach/Imeachta (EES), Eurodac, an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS) chomh fada agus a bhaineann le ciontú i gcoireanna sceimhlitheoireachta nó i gcoireanna tromchúiseacha de chineálacha eile, agus/nó bunachar sonraí Interpol um Dhoiciméid Taistil a bhaineann le Fógraí (Interpol TDAWN)) nó le liostaí faire ETIAS, nó le táscairí riosca sonracha. Na catagóirí sonraí pearsanta ba cheart a úsáid chun comparáide, ba cheart iad a bheith teoranta do na catagóirí sonraí atá sna córais faisnéise ina ndéantar an fiosrú, i liosta faire ETIAS nó sna táscairí riosca sonracha.

    (12)Is le [Rialachán (AE) XX ar an in-idiroibritheacht] a bunaíodh an in-idiroibritheacht idir córais faisnéise an Aontais Eorpaigh ionas gurb as lámha a chéile atá na córais faisnéise AE seo ag obair, rud atá amhlaidh chun feabhas a chur ar bhainistiú na dteorainneacha seachtracha, le cosc a chur ar an imirce neamhdhleathach, agus leis an imirce neamhdhleathach a chomhrac, agus le hardleibhéal slándála a áirithiú laistigh den limistéar saoirse, slándála agus ceartais atá ag an Aontas ar a náirítear caomhnú na slándála poiblí agus na mbeartas poiblí, agus coimirce na slándála i gcríocha na mBallstát.

    (13)De thairbhe na hidir-inoibritheachta idir córais faisnéise an Aontais Eorpaigh, tig leis na córais obair as lámha a cheile chun ceart-sainaithint daoine a éascú, chun cuidiú a thabhairt an chalaois chéannachta a chomhrac, chun ceanglais cáilíochta shonraí chórais faisnéise ábhartha an Aontais Eorpaigh a fheabhsú agus a chomhchuibhiú, chun cur chun feidhme teicniúil agus oibríochtúil chórais faisnéise an Aontais Eorpaigh atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo a éascú, chun na coimircí i dtaca le slándáil sonraí agus cosaint sonraí a rialaíonn córais faisnéise ábhartha an Aontais Eorpaigh a neartú agus a shimpliú, chun rochtain údaráis fhorfheidhmithe an dlí ar EES, VIS, [ETIAS] agus Eurodac a thabhairt chun líofachta, agus chun tacú le cuspóirí EES, VIS, [ETIAS], Eurodac, SIS agus [an chórais ECRIS-TCN].

    (14)Na codanna in-idiroibritheachta atá ann, clúdaíonn siad EES, VIS, ETIAS, Eurodac agus SIS, agus córas [ECRIS-TCN] mar aon le sonraí Europol ionas gur féidir fiosrú a dhéanamh ann in aon am amháin leis na córais faisnéise seo atá ag an Aontas Eorpach, agus dá bhrí sin is iomchuí na codanna seo a úsáid chun seicéalacha uathoibrithe a dhéanamh, agus le linn VIS a cheadú chun críocha fhorfheidhmiú an dlí. Ba cheart an tairseach Eorpach chuardaithe (ESP) a úsáid chun na críche seo ionas gur féidir córais faisnéise na hEorpa a cheadú go tapa, go líofa, go héifeachtach agus go córasach, mar aon le sonraí de chuid Europol a cheadú, agus bunachair sonraí de chuid Interpol a bhíonn ag teastáil lena gcuid tascanna a chur i gcrích, i gcomhréir lena gcuid cearta rochtana, agus d’fhonn tacú le spriocanna VIS.

    (15)Ba cheart uathoibriú a dhéanamh ar an gcomparáid le bunachair sonraí eile. An uair a léireoidh comparáid den chineál sin gurb ann do chomhfhreagairt (‘amas’) idir aon dá cheann de na sonraí pearsanta nó cumasc díobh sna hiarratais agus i dtaifead, i gcomhad nó i bhfoláireamh sna córais faisnéise thuasluaite, nó le sonraí pearsanta sa liosta faire, ba cheart an tiarratas a phróiseáil de láimh oibreora. An cinneadh i dtaobh údarú taistil a eisiúint nó gan é a eisiúint, sin cinneadh ba cheart a bheith ina thoradh ar an measúnú a dhéanann Aonad Náisiúnta ETIAS.

    (16)Má dhiúltaítear údarú taistil, ní ar bhonn phróiseáil uathoibrithe na sonraí pearsanta sna hiarratais ba cheart an diúltú sin a dhéanamh.

    (17)Iarratasóirí ar diúltaíodh víosa ghearrfhanachta dóibh ar bhonn sonra faisnéise a baineadh as an bpróiseáil VIP, ba cheart go mbeadh cead achomhairc acu. Is sa Bhallstát ba cheart an cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarratas, agus is i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin ba cheart na hachomhairc a sheoladh. Na coimircí agus na rialacha atá i Rialachán (AE) Uimh. 767/2008 maidir le hachomharc, is dóibhsean is ceart a bheith infheidhme.

    (18)Táscairí riosca sonracha a chomhfhreagraíonn do riosca slándála, do riosca imirce neamhrialta, nó do riosca don tsláinte phoiblí, is iad na táscairí sin ba cheart a úsáid in anailís chomhad an iarratais ar víosa ghearrfhanachta. Na critéir a úsáidtear le táscairí riosca sonracha a shainmhíniú, ní ceart i gcás ar bith iad a bhunú ar inscne agus ar aois duine amháin. Ní bhunófar iad, i gcás ar bith, ar fhaisnéis maidir le cine an duine, an dath craicinn atá air, a mhianach eitneach nó sóisialta, a airíonna géiniteacha, an teanga atá aige, na tuairimí polaitiúla nó aon tuairimí eile atá aige, an reiligiún nó creideamh fealsúnach atá aige, an ball de cheardchumann é, an ball de mhionlach náisiúnta é, an mhaoin atá aige, an áit ar rugadh é, an bhfuil míchumas air, nó an claonadh atá ann ó thaobh gnéis de.

    (19)Ní mór freagraí éifeachtacha a thabhairt ar na cineálacha nua bagairtí slándála atá ag teacht chun cinn go leanúnach, agus ar na patrúin nua i dtaobh imirce neamhrialta agus ar na bagairtí don tsláinte phoiblí, agus ní mór cur ina gcoinne le modhanna nua-aimseartha. Ó tharla próiseáil méideanna móra sonraí pearsanta a bheith i gceist leis na modhanna sin, ba cheart coimircí iomchuí a thabhairt isteach ionas nach mbeifear ag teacht salach ach oiread agus is gá i sochaí dhaonlathach ar na cearta atá ann ar urraim don saol príobháideach agus do shaol an teaghlaigh, agus do na sonraí pearsanta.

    (20)Maidir le hiarratasóirí ar víosa ghearrfhanachta, nó ar náisiúnaigh tríú tír a fuair víosa fhadfhanachta nó cead cónaithe, is ceart a áirithiú go gcuirfear rud nach lú ná leibhéal seiceála den chineál céanna i gcion orthu sin agus a chuirtear ar náisiúnaigh tríú tír atá saor ó víosa. Cuirtear liosta faire i dtoll a chéile chun na críche seo chomh maith a bhaineann le daoine a bhfuil amhras ina dtaobh faoi choir thromchúiseach nó choir sceimhlitheoireachta a bheith déanta acu, nó a bhfuil fíricí ann ina dtaobh nó cúiseanna réasúnacha a thugann le fios go ndéanfaidh siad coir thromchúiseach nó coir sceimhlitheoireachta, liosta is ceart a úsáid le fíorú a dhéanamh i ndáil leis catagóirí sin de náisiúnaigh tríú tír chomh maith.

    (21)D’fhonn a ndualgas a chomhlíonadh faoin gCoinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, ba cheart go bhféadfadh iompróirí idirnaisiúnta fíorú an bhfuil nó nach bhfuil na doiciméid riachtanacha sin ina seilbh ag náisiúnaigh tríú tír a bhfuil víosa ghearrfhanachta nó víosa fhadfhanachta nó cead cónaithe acu, nó nach bhfuil na doiciméid riachtanacha sin ina seilbh acu. Ba cheart an fíorú seo a thabhairt chun indéantachta trí shonraí a tharraingt as VIS gach lá agus iad a chur i mbunachar sonraí ar leith nárbh fhéidir eagarthóireacht a dhéanamh air, rud a bhféadfaí ar a laghad fo-thacar riachtanach sonraí a tharraingt amach as le cuardach a cheadú a mbeadh freagra cgl/níl sé cgl ann dá bharr.

    (22)Ba cheart don Rialachán seo sainmhíniú a thabhairt ar údaráis na mBallstát a d’fhéadfaí a údarú chun rochtain a dhéanamh ar VIS le sonraí a iontráil, a leasú, agus a scriosadh, nó le sonraí a cheadú maidir le víosaí fadfhanachta nó ceadanna cónaithe le aghaidh na gcríoch sonrach a leagtar amach in VIS don chatagóir doiciméad seo agus dóibh siúd a bhfuil siad ina seilbh acu, agus chomh mór agus is gá le gur féidir leo a gcuid tascanna a chur díobh.

    (23)An phróiseáil a dhéanfar ar shonraí an VIS, ba cheart di a bheith i gcomhréir leis na cuspóirí a leantar dóibh i gcomhlíonadh thascanna na núdarás inniúil, cuspóirí atá riachtanach do chomhlíonadh na dtascanna sin. Le linn do na húdaráis inniúla a bheith ag úsáid EES, ba cheart a áirithiú leo go nurramaítear dínit agus sláine an duine a bhfuil a chuid sonraí á niarraidh, agus níor cheart dóibh aon idirdhealú a dhéanamh ar bhonn gnéis, nó datha, nó mar gheall ar an mianach eitneach nó sóisialta atá sa duine, ná mar gheall ar na tréithe géiniteacha atá ag roinnt leis, ná an teanga, an reiligiún nó an creideamh atá aige, ná tuairimí polaitiúla ná tuairimí eile, ná an mionlach náisiúnta ar ball de é, ná mhaoin atá aige, an áit ar rugadh é, an míchumas atá air, ná an claonadh atá ann ó thaobh gnéis de.

    (24)Ní mór go mbeadh an fhaisnéis is deireanaí ag údaráis fhorfheidhmithe an dlí más leo a gcuid cúram a chur díobh sa chomhrac in aghaidh coireanna sceimhlitheoireachta agus coireanna tromchúiseacha eile. An rochtain atá ag Europol agus ag údaráis fhorfheidhmithe an dlí sna Ballstáit ar VIS, is rud é a bunaíodh le Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle. Ba cheart ábhar an Chinnidh seo a chomhtháthú le Rialachán VIS, lena chur i gcomhréir leis an gcreat atá ag an gconradh faoi láthair.

    (25)Is léir cheana féin a úsáidí agus atá rochtain ar shonraí as VIS chun críocha fhorfheidhmiú an dlí chun daoine a maraíodh de bharr foréigin a shainaithint, nó chun cabhrú le himscrúdaitheoirí dul chun cinn mór a dhéanamh i gcásanna a bhaineann le gáinneáil daoine, le sceimhlitheoireacht nó le gáinneáil neamhdhleathach drugaí. Dá bhrí sin, na sonraí atá in VIS a bhaineann le fanacht fada, is rud eile iad ba cheart a chur ar fáil d’údaráis ainmnithe na mBallstát agus d’Oifig Eorpach Póilíní (Europol), de réir na gcoinníollacha atá leagtha amach sa Rialachán seo.

    (26)Ó tharla ról lárnach ag Europol sa chomhar idir údaráis na mBallstát i réimse an imscrúdaithe choiriúil trasteorann chun coireanna a chosc, a anailísiú agus a imscrúdú ar fud an Aontais, An rochtain atá ag Europol ar VIS faoi láthair laistigh de chreat a chuid tascanna, is rud é ba cheart a chódú agus a thabhairt chun líofachta, agus na hathruithe a tharla le deireanas sa chreat dlí a thabhairt san áireamh ann freisin, Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, cuir i gcás. 56  

    (27)An rochtain ar VIS chun críche coireanna sceimhlitheoireachta nó coireanna coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, is ionann é agus cur isteach ar na bunchearta atá ann ar urraim don saol príobháideach agus do shaol an teaghlaigh, agus ar chosaint shonraí pearsanta na ndaoine a ndéantar a gcuid sonraí pearsanta a phróiseáil in VIS. Aon chur isteach den chineál sin, ní mór dó a bheith i gcomhréir leis an dlí, dlí nach mór a chur i bhfocail le hoiread cruinnis agus a chuirfidh ar chumas na nindibhidí a gcuid béas a athrú, agus ní mór dó indibhidí a chosaint ar an treallachas, agus taispeáint le dóthain soiléire cén réimse lánrogha atá á bhronnadh ar na húdaráis inniúla agus cén dul atá leis an gcur i gcleachtadh a théann leis. Ní ceart cur isteach ar shochaí dhaonlathach ach nuair is rud riachtanach atá ann chun leas dlisteanach agus comhréireach a chosaint, agus ní mór gan cur isteach uirthi ach ar bhealach atá comhréireach leis an gcuspóir dhlisteanach atáthar ag iarraidh a bhaint amach.

    (28)Tá foráil i [Rialachán 2018/XX ar an idir-inoibritheacht] a chuireann ar chumas an údaráis phóilíní i mBallstát ar thug na bearta reachtaíochta náisiúnta an chumhacht sin dóibh duine a shainaithint le sonraí bithmhéadracha a tógadh ón duine sin le linn seicéala céannachta. Tharlódh go bhfuil cúinsí faoi leith ann áfach inarb é leas an duine sin sainaithint a dhéanamh air. Ar na cásanna sin tá an cás ar fuarthas an duine tar éis do a bheith ar iarraidh, tar éis a fhuadaithe, nó tar éis a shainaitheanta ina íobartach ag lucht gáinneála. I gcásanna dá leithéid, ba cheart rochtain tapa a thabhairt do na húdaráis forfheidhmithe dlí ionas gur féidir an duine a shainaithint go tapa agus go hiontaofa gan comhlíonadh gach réamhchoinníll agus gach coimirce bhreise ar rochtain an fhorfheidhmithe dlí a bheith ag teastáil.

    (29)I réimse an chomhair idir póilíní, is rud bunúsach atá sna comparáidí a dhéantar ar bhonn na méarlorg neamhfhollas, is é sin rian dachtalascópach a dtarlódh dó ar láthair na coire. Maidir leis an bhféidearthacht méarlorg neamhfhollas a chur i gcomparáid le sonraí méarlorg atá stóráilte in VIS i gcás ina mbeidh foras réasúnach ann chun creidiúint go bhféadfadh déantóir na coire nó an tíospartach a bheith cláraithe in VIS, sin féidearthacht a bheadh ina huirlis an-luachmhar ag údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, mar shampla nuair nach bhfuil d’fhianaise ar láthair na coire ach méarloirg neamhfhollasa.

    (30)Ní mór údaráis inniúla a ainmniú i ngach Ballstát, mar aon leis na lárphointí rochtana trína bhfuil na hiarratais ar rochtain ar shonraí EES le cur isteach; agus ní mór liosta a choinneáil de na haonaid oibríochta atá laistigh de na húdaráis ainmnithe atá údaraithe an rochtain sin a iarraidh chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath, nó a imscrúdú.

    (31)Maidir le hiarrataí ar rochtain ar shonraí atá á stóráil sa Lárchóras, ba cheart do na haonaid oibríochta atá laistigh de na húdaráis ainmnithe na hiarratais sin a chur chuig an lárphointe rochtana agus ba cheart an túdar cuí a lua leo. Na haonaid oibríochta atá laistigh de na húdaráis ainmnithe agus atá údaraithe chun rochtain ar shonraí VIS a iarraidh, níor cheart dóibh gníomhú mar údarás fíoraithe. Ba cheart do na lárphointí rochtana gníomhú go neamhspleách ar na húdaráis ainmnithe, agus ba cheart dóibh a bheith freagrach, ar dhóigh neamhspleách, as an deimhniú ar chomhlíonadh iomlán na gcoinníollacha rochtana a bhunaítear sa Rialachán seo. I gcásanna eisceachtúla práinne inar gá rochtain luath chun freagairt do bhagairt shonrach iarbhír a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta nó le cionta cóiriúla tromchúiseacha eile, ba cheart don lárphointe rochtana an tiarratas a phróiseáil láithreach agus gan an fíorú a dhéanamh ach ina dhiaidh sin.

    (32)Chun sonraí pearsanta a chosaint, agus chun cuardaigh chórasacha a dhéanfadh lucht forfheidhmithe an dlí a chur as an áireamh, níor cheart sonraí VIS a phróiseáil ach i gcásanna ar leith agus nuair is gá sin chun cionta sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú. Níor cheart do na húdaráis ainmnithe ná do Europol rochtain ar ESTIAS a iarraidh ach amháin nuair atá foras réasúnach acu chun a chreidiúint go bhfaighfear faisnéis de thoradh na rochtana sin a chuideoidh go mór leo cion sceimhlitheoireachta nó cion coiriúil tromchúiseach eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

    (33)Na sonraí pearsanta a bhaineann le sealbhóirí doiciméid fhadfhanachta atá á stóráil in VIS, ní ceart a gcoinneáil ach an seal is riachtanach chun críocha VIS. An fhaisnéis a bhaineann le náisiúnaigh tríú tír, is iomchuí a coinneáil ar feadh thréimhse cúig bliana ionas gur féidir faisnéis a thabhairt san áireamh le hiarratais ar víosa ghearrfhanachta a mheas, ionas gur féidir rófhanacht i ndeireadh na tréimhse bailíochta a bhrath, agus chun measúnuithe slándála na náisiúnach tríú tír a ghnóthaigh iad a dhéanamh. Na sonraí faoin úsáid a baineadh as doiciméad san am atá caite, is féidir go néascóidh siad eisiúint víosaí gearrfhanachta san am atá le teacht. Níor leor tréimhse ama ba ghiorra ná sin chun na gcríoch a luaitear. Ba cheart na sonraí a scriosadh tar éis tréimhse cúig bliana, mura mbeidh foras ann chun iad a scriosadh níos túisce.

    (34)Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 57 ar an bpróiseáil sonraí a dhéanann na Ballstáit leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Is le Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 58 a rialaítear an phróiseáil a dhéanann údaráis forfheidhmithe dlí chun críocha coisc, imscrúdaithe, braite nó ionchúisimh i gcionta coiriúla nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú.

    (35)Baill d’fhoirne Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (EBCG), mar aon le foirne a bhíonn ag plé le tascanna a bhaineann le filleadh, is daoine iad sin, de réir Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, atá i dteideal bunachair Eorpacha a cheadú nuair is gá le tascanna oibríochtúla a chomhlíonadh, tascanna a luaitear go sonrach sa phlean oibriúchán maidir le seiceálacha teorann, faireachas teorann agus filleadh, faoi údarás an Bhallstáit óstaigh. Chun an ceadú sin a éascú, agus le cur ar chumas na bhfoirne rochtain éifeachtach a fháil ar fhaisnéis a cuireadh in VIS, ba cheart rochtain ar VIS a thabhairt don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (EBCG). Rochtain den chineál sin, ba ceart di cloí leis na coinníollacha agus leis na teorainneacha a ghabhann leis an rochtain atá i bhfeidhm ar údaráis inniúla na mBallstát faoi gach sainchríoch ar féidir faisnéis VIS a cheadú ina taobh.

    (36)Náisiúnaigh tríú tír a chur ar ais nuair nach gcomhlíonann siad feasta na coinníollacha um iontráil, um fhanacht nó um chónaí sna Ballstáit i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 59 , is cuid bhunúsach atá ansin de na hiarrachtaí cuimsitheacha chun dul i ngleic leis an imirce neamhrialta, agus tá réasún tábhachtach i gceist leis a bhfuil leas an phobail ann go mór.

    (37)Na tríú tíortha a gcuirtear daoine ar ais chucu, is minic gan iad faoi réir ag na cinntí leordhóthanachta a ghlac an Coimisiún faoi Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2016/679, nó faoi na forálacha náisiúnta a glacadh le trasuí ar Airteagal 36 de Threoir (AE) 2016/680. Thairis sin, na hiarrachtaí móra atá an tAontas a dhéanamh i gcomhar le príomhthíortha dúchais na náisiúnach tríú tír a bhíonn ag fanacht go neamhdhleathach faoi réir ag dualgas le filleadh, theip orthu a áirithiú do thríú tíortha den chineál sin an dualgas a bunaíodh sa dlí idirnáisiúnta maidir le athghlacadh a gcuid náisiúnach féin a chomhlíonadh go córasach. Comhaontuithe athligean isteach atá faoi chaiblíocht ag an Aontas nó ag na Ballstáit, nó iad tugtha chun críche acu, agus foráil iontu do choimircí iomchuí don aistriú faisnéise do thríú tíortha de bhun Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2016/679, nó do na forálacha náisiúnta a glacadh i dtrasuí ar Airteagal 37 de Threoir (AE) 2016/680, ní chlúdaíonn siad sin ach líon teoranta tríú tíortha, agus ní léir gur féidir aon chomhaontú nua a thabhairt chun críche leo. I gcásanna den chineál sin, d’fhéadfaí sonraí pearsanta a phróiseáil de bhun an rialacháin seo le húdaráis tríú tíre chun beartas cur ar ais an Aontais a chur i bhfeidhm ach a gcomhlíonfaí na coinníollacha a leagadh síos in Airteagal 49(1)(d) de Rialachán (AE) 2016/679, nó sna forálacha náisiúnta a dhéanann trasuí ar Airteagal 38 nó 39 de Rialachán (AE) 2016/680.

    (38)Na sonraí pearsanta ábhartha a phróiseáiltear in VIS, ba cheart do na Ballstáit iad a chur ar fáil i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí infheidhme, agus nuair is gá i gcásanna ar leith le tascanna a chur i gcrích faoi Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 60 , Rialachán Chreat Athshocraithe an Aontais], chuig [Ghníomhaireacht an Aontais um Thearmann] agus na heagrais idirnáisiúnta ábhartha, Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, cuir i gcás, An Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce, agus chuig oibríochtaí Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge um dhídeanaithe agus um athlonnú, i ndáil le náisiúnaigh tríú tír nó le daoine gan stát a chuireann Ballstáit ina dtreo iad i bhforfheidhmiú Rialachán (AE) .../... [Rialachán Chreat Athshocraithe an Aontais].

    (39)Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 61 maidir le gníomhaíochtaí institiúidí nó comhlachtaí de chuid an Aontais agus iad ag cur a gcuid tascanna díobh nuair is freagrach dóibh i mbainistiú oibríochtúil VIS.

    (40)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus thug sé tuairim uaidh maidir le…

    (41)D’fhonn feabhas a chur ar an gcomhar oibre a dhéanann tríú tíortha in athghlacadh na nimirceach mírialta, agus d’fhonn filleadh na náisiúnach tríú tír atá ag fanacht abhus go mídhleathach a éascú arbh fhéidir go bhfuil a gcuid sonraí a stóráil in VIS, ba cheart cóipeanna na ndoiciméad taistil a bhaineann le hiarratasóirí ar víosa ghearrfhanachta a stóráil in VIS. Ní hionann agus faisnéis a tharraingítear as VIS, is rud a bhfuil aitheantas níos forleithne dó i dtríú tíortha atá i gcóipeanna na ndoiciméad taistil.

    (42)Is cuid éigeantach den nós imeachta a ghabhann le scrúdú na víosaí atá i gceadú an liosta doiciméad taistil a thugann teideal don sealbhóir na teorainneacha seachtracha a thrasnú, doiciméid is féidir a fhormhuiniú le víosa, faoi mar a bhunaítear le Cinneadh Uimh. 1105/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 62 . Ba cheart do na húdaráis víosa an dualgas seo a chur i bhfeidhm go córasach, agus dá bhrí sin ba cheart an liosta seo a ionchorprú in VIS ionas gur féidir fíorú uathoibríoch a dhéanamh ar dhoiciméad taistil an iarratasóra.

    (43)Gan dochar don fhreagracht atá ar na Ballstáit i ndáil le cruinneas na sonraí a iontráiltear in VIS, ba cheart d’eu-LISA a bheith freagrach as cáilíocht sonraí a athneartú trí uirlis lárnach faireacháin cáilíochta sonraí a thabhairt isteach, agus as tuarascálacha a sholáthar do na Ballstáit go tráthrialta.

    (44)Ionas gur féidir faireachán níos fearr a dhéanamh ar úsáid VIS chun anailís a dhéanamh ar threochtaí a bhaineann le brú imirce agus bainistiú teorainneacha, ba cheart go bhféadfadh eu-LISA acmhainn a fhorbairt chun tuairisciú staidrimh do na Ballstáit, don Choimisiún, agus don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta gan sláine na sonraí a chur i mbaol. Dá bhrí sin, ba cheart lárstóras staidrimh a bhunú. Ní ceart sonraí pearsanta a bheith sna staitisticí a tháirgtear.

    (45)Tá an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. 63

    (46)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a chur i gcrích go leordhóthanach, ach de bharr gur gá cur chun feidhme comhbheartais víosaí a áirithiú, is fearr is féidir ardleibhéal slándála laistigh den limistéar atá gan rialuithe teorann a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, mar aon le córas bainistíochta comhtháite le haghaidh na dteorainneacha seachtracha, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

    (47)Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha dochta rochtana ar VIS maille leis na coimircí riachtanacha. Foráiltear ann freisin do chearta rochtana, don cheartú, agus don léirscriosadh, agus go háirithe don ceart ar leigheas breithiúnach, mar aon le maoirseacht ar oibriúcháin phróiseála faoi chúram na údarás neamhspleách poiblí. Tugtar coimircí eile isteach leis an Rialachán seo le riachtanais shonracha na gcatagóirí nua faisnéise a chlúdach, faisnéis a mbeidh VIS á próiseáil. Dá bhrí sin, déanann an Rialachán seo na cearta bunúsacha a urramú, agus géilleann sé do na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go mór mór do cheart dínite an duine, an ceart ar shaoirse agus ar shlándáil, an ceart ar shaol príobháideach agus ar shaol teaghlaigh, ar chosaint na sonraí pearsanta, an ceart ar thearmann agus cosaint phrionsabal an non-refoulement agus na cosanta i gcás asbhainte, díbeartha nó eiseachadta, an ceart ar neamh-idirdhealú, cearta an linbh, agus an ceart ar leigheas éifeachtach.

    (48)Ba cheart go mbeadh forálacha sonracha ann do náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir ag ceanglas víosa ar baill iad de theaghlach shaoránach de chuid an Aontais a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leo, nó baill de theaghlach náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta faoi dhlí an Aontais agus nach bhfuil an cárta cónaithe acu a dtagraítear dó faoi Threoir 2004/38/CE. Sonraítear in Airteagal 21(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go mbeidh an ceart ag gach saoránach den Aontas gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse laistigh de chríocha na mBallstát, faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha dá bhforáiltear sna Conarthaí agus sna bearta a glacadh lena gcur chun feidhme. Tá na teorainneacha agus na coinníollacha ar fáil faoi seach i dTreoir 2004/38/CE.

    (49)Faoi mar a dheimhnigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, tá sé de cheart ag na baill teaghlaigh sin ní amháin chun dul isteach i gcríoch an Bhallstáit, ach tá sé de cheart acu víosa iontrála a fháil chun na críche sin. Ní mór do na Ballstáit gach saoráid a dheonú do na daoine sin chun na víosaí riachtanacha a fháil, víosaí nach mór a eisiúint saor ina aisce a luaithe agus is féidir, agus é ar bhonn nós imeachta práinne.

    (50)An ceart chun údarú taistil a fháil, ní rud gan choinníoll é, mar is féidir a dhiúltú do na baill teaghlaigh a bhfuil riosca iontu don bheartas poiblí, don tslándáil phoiblí, nó don tsláinte phoiblí de bhun Threoir 2004/38/CE. Ós amhlaidh atá, ní féidir sonraí pearsanta baill teaghlaigh a fhíorú ach amháin nuair a bhaineann na sonraí lena gcuid céannachta agus leis an stádas atá acu, agus sa mhéid go bhfuil na sonraí sin ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar an mbagairt slándála a d’fhéadfadh a bheith i gceist leo. Go deimhin, níor cheart scrúdú a dhéanamh ar a gcuid iarratas ar víosaí ach amháin i gcoinne na nábhar imní atá ann ó thaobh slándála de, agus ní na hábhair imní a bhaineann le rioscaí imirce.

    (51)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, rud atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo, agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dhlí náisiúnta é.

    (52)Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle 64 ; dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo ná níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

    (53)Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle 65 ; dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

    (54)Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis 66 Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle 67 .

    (55)Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis 68 Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE 69 ón gComhairle agus le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/149/CGB 70 ón gComhairle.

    (56)Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis 71 Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE 72 ón gComhairle agus le hAirteagal 3 den Chinneadh 2011/349/AE ón gComhairle. 73  

    (57)Is é atá sa Rialachán seo, seachas do Airteagal 22r, gníomh atá ag cur le acquis Schengen, nó gníomh atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir mar is brí le hAirteagal 3(2) d’Ionstraim Aontachais 2003, le hAirteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2005, agus le hAirteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2011 faoi seach, cé is moite d’fhorálacha a ndearnadh feidhm a thabhairt dóibh maidir leis an mBulgáir agus leis an Rómáin le Cinneadh (AE) 2017/1908 74 ón gComhairle,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 mar a leanas:

    (1)Cuirtear na míreanna seo a leanas le hAirteagal 1:

    “Leagtar síos leis an Rialachán seo freisin na nósanna imeachta maidir le malartú faisnéise idir na Ballstáit i dtaca le víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe, lena náirítear faisnéis faoi chinntí áirithe maidir le víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe.

    Trí shonraí céannachta, sonraí an doiciméid taistil agus sonraí bithmhéadracha a stóráil sa stóras coiteann sonraí céannachta arna bhunú le hAirteagal 17 de Rialachán 2018/XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* [Rialachán 2018/XX maidir le hidir-inoibritheacht], cuireann VIS agus cuidíonn sé le ceart-sainaithint daoine atá cláraithe in VIS a éascú.”

    _______

    *    Rialachán 2018/XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* [Rialachán 2018/XX maidir le hidir-inoibritheacht] (IO L).”;

    (2)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

    “Airteagal 2
    Cuspóir VIS

    1. Is é an cuspóir a bheidh ag VIS feabhas a chur ar chur chun feidhme an chomhbheartais víosaí, ar an gcomhar consalachta agus ar chomhairliúchán idir údaráis víosaí láir trí mhalartú sonraí idir na Ballstáit a éascú maidir le hiarratais agus na cinntí a bhaineann leo, d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a) an nós imeachta um iarratas a dhéanamh ar víosa a éascú;

    (b) cosc a chur le seachaint na gcritéar lena gcinntear cén Ballstát atá freagrach as imscrúdú a dhéanamh ar an iarratas;

    (c) an comhrac i gcoinne na calaoise a éascú;

    (d) seiceálacha ag pointí trasnaithe teorainneacha seachtracha agus laistigh de chríoch na mBallstát a éascú;

    (e) cuidiú chun duine a shainaithint ar féidir nach bhfuil na coinníollacha maidir le dul isteach, fanacht nó cónaí ar chríoch na mBallstát á gcomhlíonadh aige nó ar féidir nach bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh a thuilleadh aige;

    (f) cuidiú chun daoine atá ar iarraidh a shainaithint;

    (g) cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* agus Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle** a éascú;

    (h) cuidiú chun cionta sceimhlitheoireachta agus cionta tromchúiseacha coiriúla eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú;

    (i) cuidiú chun bagairtí ar shlándáil inmheánach aon cheann de na Ballstáit a chosc;

    (j) ceart-sainaithint daoine a áirithiú;

    (k) tacú le spriocanna Chóras Faisnéise Schengen (SIS) a bhaint amach maidir le foláirimh i dtaca le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir diúltú cead isteach, daoine a bhfuil tóir orthu lena ngabháil nó chun críocha géillte nó eiseachadta, daoine atá ar iarraidh, daoine a bhfuil tóir orthu chun cúnamh a thabhairt i gcás nós imeachta breithiúnach nó daoine a bhfuiltear ag iarraidh seiceálacha rúnda nó seiceálacha sonracha a dhéanamh ina leith.”

    2. Maidir le víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe, beidh sé mar chuspóir ag VIS malartú faisnéise a éascú idir na Ballstáit i ndáil leis na cinntí a bhaineann leis an méid sin, chun críche:

    (a) tacú le hardleibhéal slándála trí chuidiú lena mheas an bhféadfadh an tiarratasóir a bheith ina bhagairt don bheartas poiblí, don tslándáil inmheánach nó don tsláinte phoiblí sula dtagann sé chomh fada leis na pointí trasnaithe ag na teorainneacha seachtracha;

    (b) éifeachtúlacht seiceálacha teorann agus seiceálacha laistigh den chríoch a fheabhsú;

    (c) cuidiú chun cionta sceimhlitheoireachta agus cionta tromchúiseacha coiriúla eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú;

    (d)    ceart-sainaithint daoine a áirithiú;

    (e)    cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 agus Treoir 2013/32/AE a éascú;

    (f)    tacú le spriocanna Chóras Faisnéise Schengen (SIS) a bhaint amach maidir le foláirimh i dtaca le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir diúltú cead isteach, daoine a bhfuil tóir orthu lena ngabháil nó chun críocha géillte nó eiseachadta, daoine atá ar iarraidh, daoine a bhfuil tóir orthu chun cúnamh a thabhairt i gcás nós imeachta breithiúnach nó daoine a bhfuiltear ag iarraidh seiceálacha rúnda nó seiceálacha sonracha a dhéanamh ina leith.”

    *    Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna chlárú i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO L 180, 29.6.2013, lch. 31).

    **    Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO L 180, 29.6.2013, lch. 60).”;

    (3)Scriostar Airteagal 3;

    (4)in Airteagal 4, cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

    (12)ciallaíonn “sonraí VIS” na sonraí uile a stóráiltear i lárchóras VIS agus sa stóras coiteann sonraí céannachta i gcomhréir le hAirteagal 9 go hAirteagal 14 agus Airteagal 22c go hAirteagal 22f;

    (13)ciallaíonn “sonraí céannachta” na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(a) agus (aa);

    (14)ciallaíonn “sonraí méarlorg” na sonraí a bhaineann le méarloirg a stóráiltear i gcomhad VIS;

    (15)ciallaíonn “íomhá den aghaidh” íomhá dhigiteach den aghaidh;

    (16)ciallaíonn “sonraí Europol” sonraí pearsanta a phróiseálann Europol chun na críche dá dtagraítear in Airteagal 18(2)(a) de Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*;

    (17)ciallaíonn “cead cónaithe” na ceadanna cónaithe uile a eisíonn na Ballstáit de réir na formáide aonfhoirmí a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle** agus na doiciméid eile uile dá dtagraítear in Airteagal 2(16)(b) de Rialachán (AE) 2016/399;

    (18)ciallaíonn “víosa fadfhanachta” údarú a eisíonn Ballstát mar a fhoráiltear dó in Airteagal 18 de Choinbhinsiún Schengen;

    (19)ciallaíonn “údarás maoirseachta náisiúnta”, chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, na húdaráis mhaoirseachta arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 41 de Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle***;

    (20)ciallaíonn “forfheidhmiú an dlí” cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú;

    (21)ciallaíonn “cionta sceimhlitheoireachta” na cionta faoin dlí náisiúnta a fhreagraíonn do na cionta dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, nó atá coibhéiseach leo****:

    (22)ciallaíonn “cionta coiriúla tromchúiseacha” na cionta a fhreagraíonn do na cionta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle*****, nó atá coibhéiseach leo, má tá siad inphionóis faoin dlí náisiúnta le pianbhreith coimeádta nó le hordú coinneála arb é trí bliana ar a laghad a uastréimhse;

    ________________

    *    Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena naisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

    **    Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír (IO L 157, 15.6.2002, lch. 1).

    ***    Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/JHA ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

    ****    Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, a thagann in ionad Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).

    *****    Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (IO L 190, 18.7.2002, lch. 1)”;

    (5)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

    “Airteagal 5
    Catagóirí sonraí

    1. Ní dhéanfar ach na catagóirí sonraí seo a leanas a thaifeadadh in VIS:

    (a) sonraí alfa-uimhriúla maidir leis an iarratasóir ar víosa ghearrfhanachta agus maidir leis na víosaí a iarradh, a eisíodh, a diúltaíodh, a neamhníodh, a cúlghaireadh nó ar cuireadh síneadh leo dá dtagraítear in Airteagal 9(1) go (4) agus in Airteagal 10 go hAirteagal 14, sonraí alfa-uimhriúla maidir leis an iarratasóir ar víosa fadfhanachta agus maidir leis na ceadanna cónaithe a iarradh, a eisíodh, a diúltaíodh, a neamhníodh, a cúlghaireadh nó ar cuireadh síneadh leo dá dtagraítear in Airteagail 22c, 22d, 22e agus 22f agus faisnéis maidir leis na hamais dá dtagraítear in Airteagal 9a agus Airteagal 22b, agus torthaí na bhfíoruithe dá dtagraítear in Airteagal 9c(6);

    (b) íomhánna den aghaidh dá dtagraítear in Airteagal 9(5) agus Airteagal 22c(2)(f);

    (c) sonraí méarlorg dá dtagraítear in Airteagal 9(6) agus Airteagal 22c(2)(g);

    (d) naisc le hiarratais eile dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus (4) agus in Airteagal 22a(3).”

    2. Na teachtaireachtaí a tharchuirfear le VIS, dá dtagraítear in Airteagal 16, Airteagal 24(2) agus Airteagal 25(2), ní dhéanfar iad a thaifeadadh in VIS, gan dochar do thaifead na noibríochtaí próiseála sonraí de bhun Airteagal 34.

    3. Beidh sa stóras coiteann sonraí céannachta na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(a) go (cc), Airteagal 9(5) agus 9(6), Airteagal 22c(2)(a) go (cc), (f) agus (g), agus Airteagal 22d(a) go (cc), (f) agus (g). An chuid eile de shonraí VIS, stórálfar i Lárchóras VIS iad.”

    (6)cuirtear an tAirteagal 5a seo a leanas isteach:

    Airteagal 5a

    Liosta na ndoiciméad taistil aitheanta

    (1)Liosta na ndoiciméad taistil aitheanta a thugann teideal don sealbhóir na teorainneacha seachtracha a thrasnú agus ar doiciméid iad is féidir a fhormhuiniú le víosa, mar a bhunaítear le Cinneadh Uimh. 1105/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, déanfar an liosta sin a chomhtháthú in VIS.

    (2)Cuirfear ar fáil le VIS an fheidhmiúlacht chun liosta na ndoiciméad taistil aitheanta a bhainistiú go lárnach, agus chun fógra a thabhairt faoi na doiciméad taistil atá liostaithe a bheith aitheanta nó gan a bheith aitheanta de bhun Airteagal 4 de Chinneadh Uimh. 1105/2011/AE.

    (3)Leagfar síos i ngníomhartha cur chun feidhme na rialacha mionsonraithe maidir leis an bhfeidhmiúlacht dá dtagraítear i mír 2 a bhainistiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

    _________________

    *    Cinneadh Uimh. 1105/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le liosta na ndoiciméad taistil a thugann teideal don sealbhóir na teorainneacha seachtracha a thrasnú agus ar doiciméid iad is féidir a fhormhuiniú le víosa, agus maidir le sásra á bhunú chun an liosta sin a shocrú (IO L 287, 4.11.2011, lch. 9).

    (7)Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

    (a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2. Is ag foireann chuí-údaraithe údaráis náisiúnta gach Ballstáit agus foireann chuí-údaraithe chomhlachtaí an Aontais atá inniúil chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 15 go hAirteagal 22, Airteagal 22c agus Airteagal 22f, Airteagal 22g go hAirteagal 22j agus chun na gcríoch sin a leagtar síos in Airteagal 20 agus Airteagal 21 de [Rialachán 2018/xx maidir le hidir-inoibritheacht] agus acusan amháin, a bheidh rochtain ar VIS chun na sonraí a cheadú.

    Beidh an rochtain sin teoranta do rochtain ar na sonraí is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh i gcomhréir leis na cuspóirí sin, agus i gcomhréir leis na cuspóirí atá le baint amach.”;

    (b) cuirtear an mhír 4 seo a leanas isteach:

    “4. Le VIS, cuirfear ar fáil an fheidhmiúlacht chun an liosta sin a bhainistiú go lárnach.”

       (c) cuirtear an mhír 5 seo a leanas isteach:

    “5. Leagfar síos i ngníomhartha cur chun feidhme na rialacha mionsonraithe maidir le bainistiú lárnach an liosta dá dtagraítear i mír 3. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).”

    (8)In Airteagal 7, cuirtear mír 3 nua isteach:

    “3. Tabharfaidh na Ballstáit tús áite do leas an linbh maidir le gach nós imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Déanfar leas, slándáil agus sábháilteacht an linbh a chur san áireamh, go háirithe nuair a bheidh riosca ann gur íospartach gáinneála ar dhaoine é an leanbh, mar aon le dearcadh an linbh féin, agus cuirfear béim chuí air sin de réir aois agus aibíocht an linbh.”

    (9) cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil II:

    IONTRÁIL AGUS ÚSÁID SONRAÍ AR VÍOSAÍ GEARRFHANACHTA AG ÚDARÁIS VÍOSAÍ”

    (10)Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

    (a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1. I gcás ina mbeidh an tiarratas inghlactha de bhun Airteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, déanfaidh an túdarás víosaí an comhad iarratais a chruthú laistigh de dhá lá oibre, trí na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9 a iontráil in VIS, a mhéid a ceanglaíodh ar an iarratasóir na sonraí sin a sholáthar.”;

    (b) cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

    “1a. Nuair a chruthófar an comhad iarratais, seolfar an cuardach go huathoibríoch in VIS de bhun Airteagal 9a, agus cuirfear torthaí ar fáil.

    (c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    5. I gcás nach gcaithfear sonraí ar leithligh a sholáthar ar chúiseanna dlíthiúla nó nach féidir iad a sholáthar go fíorasach, cuirfear “neamhbhainteach” sa réimse sainiúil sonraí nó sna réimsí sainiúla sonraí. Luafar “VIS0” i gcás nach ann do shonraí méarlorg; ina theannta sin, ceadóidh an córas idirdhealú a dhéanamh idir na cásanna de bhun Airteagal 13(7)(a) go (d) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009.”

    (11)Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

    (a) i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a), phointe (b) agus phointe (c):

    “(a)an sloinne (ainm an teaghlaigh); céadainm nó céadainmneacha; dáta breithe; náisiúntacht nó náisiúntachtaí; inscne;

    (aa) sloinne breithe (sloinne nó sloinnte roimhe sin); áit agus tír bhreithe; náisiúntacht bhreithe;

    (b)cineál agus uimhir an doiciméid taistil nó na ndoiciméad taistil agus cód trí litir thír eisiúna an doiciméid taistil nó na ndoiciméad taistil;

    (c)an dáta a rachaidh bailíocht an doiciméid taistil nó na ndoiciméad taistil in éag;

    (cc)an túdarás a d’eisigh an doiciméad taistil agus dáta a eisiúna;”;

    (b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 5:

    “5. íomhá d’aghaidh an iarratasóra, i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009.”;

    (c) cuirtear an pointe 7 seo a leanas isteach:

    “7. scanadh de leathanach na sonraí beathaisnéiseacha.”;

    (d) cuirtear an dá mhír seo a leanas isteach:

    “8. Beidh taifeach agus cáilíocht leordhóthanach ag íomhá d’aghaidh na náisiúnach tríú tír dá dtagraítear i bpointe 5 den chéad mhír chun go bhféadfar í a úsáid le haghaidh meaitseáil bhithmhéadrach uathoibrithe.

    De mhaolú ar an dara mír, i gcásanna eisceachtúla nuair nach féidir na sonraíochtaí atá leagtha síos maidir le clárú na híomhá beo den aghaidh in VIS i dtaca le cáilíocht agus le taifeach a chomhlíonadh, is féidir an íomhá den aghaidh a bhaint go leictreonach ó shlis an Doiciméid leictreonaigh Taistil Meaisín-Inléite (eMRTD). I gcásanna den sórt sin, cuirfear an íomhá den aghaidh isteach sa sainchomhad tar éis fíorú leictreonach a dhéanamh go bhfuil an íomhá den aghaidh atá cláraithe i slis eMRTD ag teacht leis an íomhá bheo d’aghaidh an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann.”;

    (12)cuirtear Airteagal 9a go hAirteagal 9d seo a leanas isteach:

    “Airteagal 9a

    Córais eile a chuardach

    1.Déanfar na comhaid iarratais a phróiseáil go huathoibríoch le VIS chun amais a bhrath. Déanfar gach comhad ar leithligh a scrúdú in VIS.

    2.I gcás ina ndéanfar comhad iarratais a chruthú nó víosa a eisiúint, seiceálfaidh VIS an aithnítear an doiciméad taistil a bhaineann leis an iarratas sin i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 1105/2011/AE trí chuardach uathoibríoch a dhéanamh i liosta na ndoiciméad taistil aitheanta dá dtagraítear in Airteagal 5a, agus cuirfear toradh ar fáil.

    3.Chun críche na bhfíoruithe dá bhforáiltear in Airteagal 21(1) agus in Airteagal 21(3)(a), (c), agus (d) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, cuirfear cuardach ar bun le VIS trí bhíthin na Tairsí Eorpaí Cuardaithe a shainítear in Airteagal 6(1) den [Rialachán maidir le hidir-inoibritheacht] chun comparáid a dhéanamh idir na sonraí ábhartha dá dtagraítear i bpointe (4) d’Airteagal 9 den Rialachán seo agus na sonraí atá i dtaifead, comhad nó foláireamh atá cláraithe in VIS, Córas Faisnéise Schengen (SIS), an Córas Dul Isteach agus Imeachta (EES), Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), lena náirítear an liosta faire dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2018/XX chun críocha Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil a bhunú, Eurodac, [an córas ECRIS-TCN a mhéid a bhaineann le ciontuithe i dtaca le cionta sceimhlitheoireachta agus cineálacha eile cionta coiriúla tromchúiseacha], sonraí Europol, bunachar sonraí Interpol um Dhoiciméid Taistil Ghoidte nó Chaillte (SLTD) agus bunachar sonraí Interpol um Dhoiciméid Taistil a bhaineann le Fógraí.

    4.In VIS, cuirfear leis an gcomhad iarratais tagairt d’aon amas a gheofar de bhun mhír 3. Ina theannta sin, sainaithneofar le VIS, i gcás inarb ábhartha, an Ballstát nó na Ballstáit a d’iontráil nó a sholáthair na sonraí ba chúis leis an amas nó na hamais, nó sainaithneofar an é Europol a d’iontráil na sonraí nó a sholáthair na sonraí, agus déanfar an méid sin a thaifeadadh sa chomhad iarratais.

    5.Chun críocha Airteagal 2(1)(f), sna cuardaigh a dhéanfar faoi mhír 3 den Airteagal seo, cuirfear na sonraí ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 15(2) i gcomparáid leis na sonraí atá in SIS chun a chinneadh an bhfuil an tiarratasóir faoi réir ceann ar bith de na foláirimh seo a leanas:

    (a)foláireamh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu chun críocha géillte nó chun críocha eiseachadta;

    (b)foláireamh maidir le daoine atá ar iarraidh;

    (c)foláireamh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu chun cabhrú le nós imeachta breithiúnach;

    (d)foláireamh maidir le daoine agus rudaí i ndáil le seiceálacha discréideacha nó seiceálacha sonracha.

    Airteagal 9b

    Forálacha sonracha is infheidhme maidir le baill de theaghlach saoránaigh den Aontas nó baill de theaghlach náisiúnaigh tríú tír eile ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta faoi dhlí an Aontais a chuardach i gcórais eile

    1.Maidir le náisiúnaigh tríú tír ar baill iad de theaghlach saoránaigh den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leo, nó de theaghlach náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach le ceart saoránach den Aontas faoi chomhaontú idir an tAontas agus na Ballstáit, ar lámh amháin, agus tríú tír, ar an lámh eile, déanfar na seiceálacha uathoibrithe dá dtagraítear in Airteagal 9a(3) chun críche a sheiceáil nach bhfuil aon táscairí fíorasacha nó foras réasúnach bunaithe ar tháscairí fíorasacha ann lena chinneadh go bhfuil riosca slándála nó riosca ard eipidéime ann i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE de dheasca na ndaoine sin a bheith ar chríoch na mBallstát, agus chun na críche sin amháin.

    2.Ní fhíorófar an méid seo a leanas in VIS:

    (a)má tá sé tuairiscithe faoi láthair gur rófhantóir é an tiarratasóir, nó má tuairiscíodh gur rófhantóir é san am atá caite trí EES a cheadú;

    (b)más duine an tiarratasóir a bhfuil a shonraí ar taifead in Eurodac.

    3.I gcás ina bhfaighfear amas de bharr uathphróiseáil an iarratais, mar a thagraítear dó in Airteagal 9a(3), a chomhfhreagraíonn do dhiúltú cead isteach agus foláireamh fanachta mar a thagraítear dó in Airteagal 24 de Rialachán (CE) 1987/2006, fíoróidh an túdarás víosaí an foras leis an gcinneadh faoinar cuireadh isteach an foláireamh sin in SIS. Más rud é go mbaineann an foras sin le riosca na himirce neamhdhleathaí, níor cheart an foláireamh a chur san áireamh i measúnú an iarratais. Feidhmeoidh an túdarás víosaí de réir Airteagal 25(2) de Rialachán SIS II.

    Airteagal 9c

    Fíorú na núdarás lárnach

    1.Aon amas a gheofar de thoradh na gcuardach a dhéanfar de bhun Airteagal 9a(3), déanfaidh údarás lárnach an Bhallstáit atá ag próiseáil an iarratais é a fhíorú de lámh.

    2.I gcás ina mbeidh na hamais á bhfíorú de lámh aige, beidh rochtain ag an údarás lárnach ar an gcomhad iarratais agus ar aon chomhad iarratais nasctha atá ann, agus ar na hamais uile a fuarthas le linn na huathphróiseála de bhun Airteagal 9a(3).

    3.Fíoróidh an túdarás lárnach an gcomhfhreagraíonn céannacht an iarratasóra atá taifeadta sa chomhad iarratais do na sonraí atá in VIS, nó i gceann éigin de na bunachair shonraí a ceadaíodh.

    4.I gcás nach gcomhfhreagraíonn na sonraí pearsanta do chéannacht an iarratasóra, agus i gcás nach bhfuarthas aon amas eile le linn na huathphróiseála de bhun Airteagal 9a(3), scriosfaidh an túdarás lárnach an tamas bréagach ón gcomhad iarratais.

    5.I gcás ina gcomhfhreagraíonn na sonraí do chéannacht an iarratasóra, nó i gcás ina bhfanann amhras de bheith ann maidir le céannacht an iarratasóra, cuirfidh an túdarás víosaí láir a phróiseálfaidh an tiarratas an túdarás lárnach ar an eolas faoi na Ballstáit eile ar sainaithníodh gur iontráil nó gur sholáthair siad na sonraí ba chúis leis an amas de bhun Airteagal 9a(3). I gcás ina sainaithneofar gur iontráil nó gur sholáthair Ballstát amháin nó níos mó na sonraí ba chúis leis an amas sin, rachaidh an túdarás lárnach i gcomhairle le húdaráis lárnacha na mBallstát eile trí bhíthin an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 16(2).

    6.Cuirfear toradh na bhfíoruithe a dhéanann údaráis lárnacha na mBallstát eile leis an gcomhad iarratais.

    7.De mhaolú ar mhír 1, i gcás ina bhfaighfear amas amháin nó roinnt amas de thoradh na comparáide dá dtagraítear in Airteagal 9a(5), cuirfidh VIS fógra uathoibrithe chuig údarás lárnach an Bhallstáit a sheol an cuardach agus déanfaidh sé aon bheart leantach is iomchuí.

    8.I gcás ina sainaithneofar gurb é Europol a sholáthair na sonraí ba chúis le hamas i gcomhréir le hAirteagal 9a(3), rachaidh údarás lárnach an Bhallstáit atá freagrach i gcomhairle le haonad náisiúnta Europol chun beart leantach a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794 agus go háirithe Caibidil IV de.

    Airteagal 9d

    Freagrachtaí Europol

    Déanfaidh Europol a chóras faisnéise a oiriúnú chun a áirithiú go mbeidh sé indéanta próiseáil uathoibríoch a dhéanamh ar na cuardaigh dá dtagraítear in Airteagal 9a(3) agus Airteagal 22b(2).”

    (13)In Airteagal 13, cuirtear an mhír 4 seo a leanas leis:

    “4.    I gcás ina ndéanfar an comhad iarratais a nuashonrú de bhun mhír 1 agus mhír 2, seolfar fógra trí VIS chuig an mBallstát a d’eisigh an víosa, ag cur in iúl an chinnidh i dtaca le neamhniú nó cúlghairm na víosa sin. Déanfar an fógra sin a ghineadh go huathoibríoch sa lárchóras agus tarchuirfear é tríd an sásra dá bhforáiltear in Airteagal 16.”;

    (14)Leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

    (a) i mír 2, cuirtear an pointe (ea) seo a leanas isteach:

    “ea) íomhá den aghaidh;”;

    (b) cuirtear an mhír 2a seo a leanas isteach:

    “2a. Ní hí an íomhá den aghaidh dá dtagraítear i bpointe (ea) de mhír 2 an taon chritéar cuardaigh amháin.”;

    (15)In Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:

    “2. I gcás ina gcruthófar comhad iarratais in VIS maidir le náisiúnach tríú tír ar leith nó náisiúnach a bhaineann le catagóir shonrach na náisiúnach sin a niarrtar comhairliúchán roimh ré ina leith de bhun Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, déanfar an iarraidh ar chomhairliúchán a tharchur chuig an mBallstát nó chuig na Ballstáit i dtrácht trí VIS.

    Tarchuirfidh an Ballstát nó na Ballstáit a rachfar i gcomhairle leis nó leo freagra chuig VIS, agus déanfar an freagra sin a tharchur trí VIS chuig an mBallstát a chruthaigh an tiarratas.

    Chun críche an nós imeachta comhairliúcháin a dhéanamh, agus chun na críche sin amháin, déanfar liosta na mBallstát a cheanglaíonn ar údaráis lárnacha Ballstát eile dul i gcomhairle lena núdaráis lárnacha le linn scrúdú a bheith á dhéanamh ar iarratais ar víosaí aonfhoirmeacha a thaisceann náisiúnaigh tríú tíortha ar leith nó catagóirí ar leith de na náisiúnaigh sin, de réir Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, agus liosta na náisiúnach tríú tír lena mbaineann, déanfar na liostaí sin a chomhtháthú in VIS.”

    3. Beidh feidhm leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 maidir leis an méid seo a leanas freisin:

    (a) tarchur faisnéise de bhun Airteagal 25(4) maidir le víosaí a bhfuil bailíocht chríochach theoranta acu, Airteagal 24(2) maidir le sonraí a leasú, agus Airteagal 31 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 maidir le fógraí ex post;

    (b) aon teachtaireacht eile a bhaineann le comhar consalach a bhfuil tarchur sonraí pearsanta atá taifeadta in VIS nó gaolmhar leis ag baint léi, le tarchur iarrataí chuig an údarás inniúil víosaí maidir le cóipeanna de dhoiciméid taistil a chur ar aghaidh de bhun phointe 7 d’Airteagal 9 agus doiciméid eile a thacaíonn leis an iarratas, agus le tarchur cóipeanna leictreonacha de na doiciméid sin, agus a bhaineann le hiarrataí de bhun Airteagal 9c agus Airteagal 38(3). Tabharfaidh na húdaráis inniúla víosaí freagra ar aon iarraidh den chineál sin laistigh de dhá lá oibre.”;

    (16)Scriostar Airteagal 17;

    (17)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil III:

    “ROCHTAIN AR SHONRAÍ VÍOSAÍ GHEARRFHANACHTA AG ÚDARÁIS EILE”

    (18)In Airteagal 18(6), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    “Déanfaidh na húdaráis atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a noibrítear EES méarloirg an tsealbhóra víosa a fhíorú i gcoinne na méarlorg atá taifeadta in VIS. I gcás sealbhóirí víosa nach féidir a méarloirg a úsáid, déanfar an cuardach dá dtagraítear i mír 1 leis na sonraí alfa-uimhriúla dá bhforáiltear i mír 1 i gcomhar leis an íomhá den aghaidh.”;

    (19)cuirtear an tAirteagal 20a seo a leanas isteach:

    “Airteagal 20a

    Úsáid sonraí VIS chun críche foláirimh SIS a iontráil i dtaca le daoine atá ar iarraidh agus rochtain ar na sonraí ina dhiaidh sin

    1.Féadfar sonraí méarlorg a stóráiltear in VIS a úsáid chun críche foláireamh a iontráil maidir le daoine ar iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 32(2) de Rialachán (AE) ... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* [Rialachán (AE) maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla]. Sna cásanna sin, déanfar sonraí méarlorg a mhalartú trí mhodh sábháilte chuig oifig SIRENE an Ballstáit ar leis na sonraí.

    2.I gcás ina mbeidh amas i leith fholáireamh SIS mar a thagraítear dó i mír 1, féadfaidh údaráis cosanta leanaí agus údaráis bhreithiúnacha náisiúnta, lena náirítear na húdaráis atá freagrach as ionchúisimh phoiblí a thionscnamh in imeachtaí coiriúla agus as fiosrúcháin bhreithiúnacha roimh chúiseamh mar aon lena núdaráis chomhordúcháin, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 43 de Rialachán (AE) ... [COM(2016) 883 final – SIS LE], féadfaidh siad, agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu, rochtain a iarraidh ar na sonraí arna niontráil in VIS. Beidh feidhm leis na coinníollacha dá bhforáiltear i reachtaíocht an Aontais agus sa reachtaíocht náisiúnta.

    __________

    *    Rialachán (AE) … ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … (IO L .., lch…).”;

    (20)In Airteagal 22, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2. Más léir ón gcuardach a dhéantar leis na sonraí a liostaítear i mír 1 go bhfuil sonraí maidir leis an iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta taifeadta sa VIS, beidh rochtain ag an údarás inniúil tearmainn ar shonraí seo a leanas an iarratasóra, d’fhonn iad a cheadú, agus ar aon chomhad iarratais nasctha a bhaineann leis an iarratasóir de bhun Airteagal 8(3), chun na críche dá dtagraítear i mír 1, agus chun na críche sin amháin :

    (a) uimhir an iarratais;

    (b) na sonraí a bhaintear ón bhfoirm iarratais, dá dtagraítear i bpointí (4), (5) agus (7) d’Airteagal 9;

    (c) grianghraif;

    (d) na sonraí a iontráiltear maidir le haon víosa a eisítear, a neamhnítear, a chúlghairtear nó a ndéantar a bailíocht a shíneadh, dá dtagraítear in Airteagal 10, Airteagal 13 agus Airteagal 14;

    (e) na sonraí dá dtagraítear i bpointe (4) agus i bpointe (5) d’Airteagal 9 de na comhaid iarratais nasctha de bhun Airteagal 8(4).”;

    (21)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23:

    Airteagal 23

    Tréimhse choinneála i gcomhair sonraí a stóráil

    1.    Stórálfar gach comhad iarratais in VIS ar feadh cúig bliana ar a mhéad, gan dochar don scriosadh dá dtagraítear in Airteagal 24 agus Airteagal 25 agus gan dochar do choimeád na dtaifead dá dtagraítear in Airteagal 34.

    Tosóidh an tréimhse sin:

    (a) ar dháta éaga na víosa, na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe, más rud é gur eisíodh víosa, víosa fadfhanachta nó cead cónaithe;

    (b) ar dháta éaga nua na víosa, na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe, más rud é gur cuireadh síneadh le víosa, víosa fadfhanachta nó cead cónaithe;

    (c) ar an dáta a chruthaítear an comhad iarratais in VIS, más rud é go ndearnadh an tiarratas a aistarraingt, a dhúnadh nó gur scoireadh dó;

    (d) ar dháta an chinnidh ón údarás freagrach, más rud é go ndearnadh víosa, víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a dhiúltú, a neamhniú, a ghiorrú, a aistarraingt nó a cúlghairm, de réir mar is infeidhme.

    2.    Ar dhul in éag don tréimhse dá dtagraítear i mír 1, scriosfar go huathoibríoch in VIS an comhad agus an nasc nó na naisc leis an gcomhad sin mar a thagraítear dóibh in Airteagal 8(3) agus (4) agus in Airteagal 22a(3) agus (5).”;

    (22)In Airteagal 24, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: 

    “2. Má tá fianaise ag Ballstát a léiríonn go bhfuil sonraí a próiseáladh in VIS míchruinn nó gur próiseáladh na sonraí sin in VIS de shárú ar an Rialachán seo, cuirfidh sé an méid sin in iúl láithreach don Bhallstát ata freagrach. Déanfar an teachtaireacht sin a tharchur i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 16(3).

    I gcás ina dtagraíonn na sonraí neamhchruinne do naisc a cruthaíodh de bhun Airteagal 8(3) nó (4) agus Airteagal 22a(3), déanfaidh an Ballstát atá freagrach na fíoruithe is gá agus tabharfaidh sé freagra laistigh de 48 nuaire agus, de réir mar atá an cás, leigheasfaidh sé an nasc. Mura dtugtar freagra laistigh den sprioc-am atá leagtha síos, leigheasfaidh an Ballstát a rinne an tiarratas an nasc agus tabharfaidh sé fógra don Bhallstát atá freagrach trí VISMail faoin leigheas a rinneadh.”;

    (23)Leasaítear Airteagal 25 mar a leanas:

    (a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1. Más rud é, sula rachaidh an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 23(1) in éag, go mbeidh náisiúntacht Ballstáit faighte ag iarratasóir, scriosfaidh an Ballstát a chruthaigh na comhaid iarratais agus na naisc ábhartha, scriosfaidh sé na comhaid iarratais, na comhaid agus na naisc dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus (4) agus in Airteagal 22a(3) ón VIS.

    (b) i mír 2, cuirtear na focail “VISMail” in ionad na bhfocal “bhonneagar an VIS”.

    (24)in Airteagal 26, cuirtear an mhír 8a seo a leanas isteach:

    8a. Beidh cead ag eu-LISA fíorshonraí pearsanta anaithnithe as córas táirgthe VIS a úsáid chun críocha tástála sna cásanna seo a leanas:

    (a) le haghaidh diagnóisice agus deisiú i gcás fabhtanna sa lárchóras;

    (b) chun teicneolaíochtaí agus teicnící nua a thástáil atá ábhartha maidir le feabhsú ar fheidhmíocht an lárchórais nó ar tharchur sonraí chuige.

    Sna cásanna sin, beidh na bearta slándála, an rialú rochtana agus na gníomhaíochtaí logála sa timpeallacht tástála ar comhchéim leis na réimsí céanna sin i gcóras táirgthe Eurodac. Na sonraí pearsanta iarbhír a ghlacfar le haghaidh tástála, déanfar sonraí anaithnide díobh chun nach féidir a dhéanamh amach cén duine is ábhar do na sonraí a thuilleadh.”;

    (25)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27:

    Airteagal 27

    Suíomh an Lárchórais Faisnéise Víosaí

    Beidh príomh-lárchóras VIS, lena ndéanfar an mhaoirseacht theicniúil agus na feidhmeanna riarachán, suite in Strasbourg (an Fhrainc) agus beidh cúltaca de lárchóras VIS, a mbeidh ar a chumas feidhmiúlachtaí uile phríomh-lárchóras VIS a áirithiú, suite in Sankt Johann im Pongau (an Ostair).

    Féadfar an dá shuíomh a úsáid san am céanna le haghaidh oibríocht ghníomhach VIS ar choinníoll go bhfanfaidh an dara suíomh de bheith in ann oibríocht a áirithiú i gcás ina dteipfeadh ar an gcóras.”;

    (26)Leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:

       (a)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    “Freagracht maidir le húsáid agus cáilíocht na sonraí”;

       (b)    i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    “(c)    go mbeidh na sonraí cruinn agus cothrom le dáta agus ar cháilíocht leordhóthanach agus iomlán a ndóthain nuair a tharchuirfear chuig VIS iad.”;

    (c)    i bpointe (a) de mhír 2, cuirtear na focail “VIS nó an stórais choitinn sonraí céannachta” in ionad na bhfocal “an VIS Láir” an chéad uair a fheictear é agus na focail “VIS® nó an stóras coiteann sonraí céannachta” in ionad “an VIS Láir” an dara huair a fheictear é;

       (d)    cuirtear an mhír 2a seo a leanas isteach:

    “2a. Déanfaidh an túdarás bainistíochta mar aon leis an gCoimisiún sásraí uathoibrithe um rialú cáilíochta sonraí agus nósanna imeachta maidir le seiceálacha cáilíochta a dhéanamh ar na sonraí in VIS, déanfaidh siad iad a fhorbairt agus a chothabháil agus soláthróidh siad tuarascálacha ar bhonn rialta do na Ballstáit. Soláthróidh an túdarás bainistíochta tuarascáil ar bhonn rialta do na Ballstáit agus don Choimisiún ar na rialuithe cáilíochta sonraí.

    Déanfar an sásra sin, na nósanna imeachta sin agus léirmhíniú na comhlíontachta ó thaobh cáilíochta sonraí de a bhunú trí bhíthin bearta cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 49(2).”;

    (27)cuirtear an tAirteagal 29a seo a leanas isteach:

    “Airteagal 29a
    Rialacha sonracha maidir le sonraí a iontráil

    1.Beidh iontráil na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9, Airteagal 22c agus Airteagal 22d in VIS faoi réir na réamhchoinníollacha seo a leanas:

    (a) sonraí de bhun Airteagal 9, Airteagal 22c agus Airteagal 22d agus Airteagal 6(4), ní fhéadfar iad a sheoladh chuig VIS go dtí go mbeidh seiceáil cháilíochta déanta ag na húdaráis náisiúnta freagracha;

    (b) sonraí de bhun Airteagal 9, Airteagal 22c agus Airteagal 22d agus Airteagal 6(4), déanfar iad a phróiseáil in VIS tar éis seiceáil cháilíochta a bheith déanta ag VIS de bhun mhír 2.

    2.Déanfar seiceálacha cáilíochta in VIS, dé réir mar a leanas:

    (a)nuair a bheidh comhaid iarratais nó comhaid náisiúnach tríú tír á gcruthú in VIS, déanfar seiceálacha cáilíochta ar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9, Airteagal 22c agus Airteagal 22d; i gcás ina dteipfeadh ar na seiceálacha sin na critéir cháilíochta bhunaithe a chomhlíonadh, thabharfaí freagrach uathoibríoch ar na húdaráis fhreagracha trí VIS;

    (b)ní fhéadfar na nósanna imeachta uathoibrithe de bhun Airteagal 9(a)(3) agus 22b(2) a chur i bhfeidhm in VIS go dtí go mbeidh seiceáil cháilíochta déanta ag VIS de bhun an Airteagail seo; i gcás ina dteipfeadh ar na seiceálacha sin na critéir cháilíochta bhunaithe a chomhlíonadh, thabharfaí freagra uathoibríoch ar na húdaráis fhreagracha trí VIS;

    (c)déanfar seiceálacha cáilíochta ar íomhánna den aghaidh agus ar shonraí dachtalagrafacha nuair a bheidh comhaid iarratais náisiúnach tríú tír á gcruthú in VIS, chun a chinneadh go bhfuil na híoschaighdeáin um cháilíocht sonraí lenar féidir meaitseáil bhithmhéadrach a dhéanamh, go bhfuil na híoschaighdeáin sin comhlíonta;

    (d)déanfar seiceálacha cáilíochta ar na sonraí de bhun Airteagal 6(4) nuair a bheidh faisnéis faoi na húdaráis ainmnithe náisiúnta á stóráil in VIS.

    3.Bunófar caighdeáin cháilíochta i ndáil le stóráil na sonraí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo. Leagfar síos sonraíocht na gcaighdeán sin sna gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).”;

    (28)in Airteagal 31, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

    “1. Gan dochar do Rialachán (AE) 2016/679, maidir leis na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(a), (b), (c), (k) agus (m), agus Airteagal 9(6) agus 9(7), féadfar iad a tharchur nó a chur ar fáil do thríú tír nó d’eagraíocht idirnáisiúnta a liostaítear san Iarscríbhinn, más gá i gcásanna aonair chun críche céannacht náisiúnach tríú tír a chruthú, agus chun críche filleadh i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE nó athlonnú i gcomhréir le Rialachán ...[An Creat-Rialachán maidir le himlonnú], agus chun na críche sin amháin, agus ar choinníoll go bhfuil formheas faighte ón mBallstát a d’iontráil na sonraí in VIS.”;

    (29)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 34: 

    Airteagal 34
    Logaí a choinneáil

    1. Coinneoidh gach Ballstát, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus an túdarás bainistíochta logaí ar na hoibríochtaí próiseála sonraí uile sa VIS. Léireofar leis na logaí sin cuspóir na rochtana dá dtagraítear in Airteagal 6(1), Airteagal 20a(1), Airteagal 22k(1) agus Airteagal 15 go hAirteagal 22 agus Airteagal 22g go hAirteagal 22j, an dáta agus an tam, an cineál sonraí a úsáideadh i gcomhair iniúchadh dá dtagraítear in Airteagail 15(2), 18, 19(1), 20(1), 21(1), 22(1), 22g, 22h, 22i, 22j, 45a agus Airteagal 45d agus ainm an údaráis a d’iontráil nó a d’aisghabh na sonraí. Ina theannta sin, coinneoidh gach Ballstát logaí den fhoireann atá cuí-údaraithe chun na sonraí a iontráil nó a aisghabháil.

    2. I gcás na noibríochtaí a liostaítear in Airteagal 45b, coinneofar loga ar gach oibríocht próiseála sonraí a dhéanfar in VIS agus in EES i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hAirteagal 41 de Rialachán (AE) 2226/2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES).

    3. Ní fhéadfar logaí den sórt sin a úsáid ach amháin chun faireachán cosanta sonraí a dhéanamh ar inghlacthacht próiseála sonraí agus freisin chun slándáil sonraí a áirithiú. Cosnófar na logaí le bearta iomchuí in éadan rochtain neamhúdaraithe agus scriosfar iad tar éis tréimhse bliana tar éis don tréimhse choinneála dá dtagraítear in Airteagal 23(1) dul in éag, mura mbeidh siad de dhíth i gcomhair nósanna imeachta faireacháin a mbeidh tús curtha leo cheana.”;

    (30)Leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:

    (a) i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití 1:

    “Cuirfidh an Ballstát atá freagrach na náisiúnaigh tríú tír agus na daoine dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(f), Airteagal 22c(2)(e) nó Airteagal 22d(e) ar an eolas faoin méid seo a leanas:”;

    (b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2. An fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, cuirfear ar fáil i scríbhinn í don náisiúnach tríú tír nuair a bhaileofar na sonraí, an grianghraf agus na sonraí méarlorg dá dtagraítear i bpointe (4), pointe (5) agus pointe (6) d’Airteagal 9, Airteagal 22c(2) agus Airteagal 22d (a) go (g), agus cuirfear in iúl de bhéal é, más gá, i dteanga agus ar bhealach atá intuigthe don duine is ábhar do na sonraí, nó i dteanga ar féidir glacadh leis ar bhonn réasúnta atá intuigthe dóibh. Ní mór leanaí a chur ar an eolas ar bhealach a oireann dá naois, trí bhíthin bileoga eolais agus/nó grafaicí faisnéise agus/nó taispeántais arna gceapadh go sonrach chun míniú a thabhairt ar an nós imeachta maidir le méarloirg a ghlacadh.”;

    (c) i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    “Cheal foirm den sórt sin a bheidh sínithe ag na daoine sin, cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2016/679.”;

    (31)in Airteagal 38, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3. Má chuirtear an iarraidh dá bhforáiltear i mír 2 faoi bhráid Ballstát eile seachas an Ballstát atá freagrach, déanfaidh údaráis an Bhallstáit inar taisceadh an iarraidh teagmháil le húdaráis an Bhallstáit atá freagrach laistigh de seacht lá. Seiceálfaidh an Ballstát atá freagrach cruinneas na sonraí agus dlíthiúlacht a bpróiseála sa VIS laistigh d’aon mhí amháin.”;

    (32)in Airteagal 43, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

    “1. Gníomhóidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i ndlúthchomhar leis na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta ar shaincheisteanna sonracha inar gá rannpháirtíocht náisiúnta, go háirithe más rud é go gcinneann an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí nó údarás maoirseachta náisiúnta go bhfuil neamhréitigh mhóra idir cleachtais na mBallstát nó má aimsíonn sé aistrithe a d’fhéadfadh a bheith neamhdhleathach a rinneadh trí bhealaí cumarsáide na gcomhpháirteanna idir-inoibritheachta a úsáid, nó i gcomhthéacs ceisteanna arna nardú ag údarás maoirseachta náisiúnta amháin nó níos mó ar chur chun feidhme agus léirmhíniú an Rialacháin seo.

    2. Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, áiritheofar maoirseacht chomhordaithe i gcomhréir le hAirteagal 62 de Rialachán (AE) XXXX/2018 [Rialachán athbhreithnithe 45/2001].”;

    (33)In Airteagal 45, cuirtear an mhír 3 seo a leanas leis:

    “3. Leagfar síos i ngníomhartha cur chun feidhme na sonraíochtaí teicniúla i dtaca le cáilíocht, taifeach agus úsáid méarlorg agus na híomhá den aghaidh le haghaidh fíorú bithmhéadrach agus sainaithint in VIS. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).”;

    (34)cuirtear an tAirteagal 45 a seo a leanas isteach:

    “Airteagal 45a
    Úsáid sonraí chun críocha tuairiscithe agus staidrimh

    1.Chun críocha tuairiscithe agus staidrimh agus chun na gcríoch sin amháin, ach gan cead a bheith acu iarratasóirí aonair a aithint, beidh rochtain ag foireann chuí-údaraithe údaráis inniúla na mBallstát, an Coimisiún, eu-LISA agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta arna bunú le Rialachán (AE) 2016/1624 ar na sonraí seo a leanas, d’fhonn iad a cheadú:

    (a)faisnéis maidir le stádas;

    (b)an túdarás inniúil, lena náirítear a shuíomh;

    (c)inscne, dáta breithe agus náisiúntacht reatha an iarratasóra;

    (d)Ballstát an chéad dul isteach, i gcás víosaí gearrfhanachta amháin;

    (e)dáta agus áit an iarratais agus an cinneadh maidir leis an iarratas (ar eisíodh víosa nó ar diúltaíodh don iarratas);

    (f)an cineál doiciméid a eisíodh, i.e. víosa idirthurais aerfoirt, víosa aonfhoirmeach, víosa ag a bhfuil bailíocht chríochach theoranta, víosa fadfhanachta nó cead cónaithe;

    (g)cineál an doiciméid taistil agus cód trí litir na tíre eisiúna, i gcás víosaí gearrfhanachta amháin;

    (h)an foras a luaitear le haon chinneadh maidir leis an doiciméad nó an tiarratas, i gcás víosaí gearrfhanachta amháin; i gcás víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe, an cinneadh a bhaineann leis an iarratas (an víosa a eisiúint nó an tiarratas a dhiúltú, agus an foras leis an gcinneadh sin);

    (i)an túdarás inniúil víosaí, lena náirítear a shuíomh, a dhiúltaigh an tiarratas ar víosa agus dáta an diúltaithe, i gcás víosaí gearrfhanachta amháin;

    (j)na cásanna ina ndearna an tiarratasóir céanna iarratas ar víosa ghearrfhanachta ó bhreis agus údarás víosaí amháin, agus na húdaráis víosaí sin a lua, a suíomh agus dátaí na ndiúltuithe, i gcás víosaí gearrfhanachta amháin;

    (k)i gcás víosa ghearrfhanachta, príomhchuspóirí an turais; i
    gcás víosaí fadfhanachta agus cead cónaithe, cuspóir an iarratais;

    (l)na sonraí a iontráiltear i ndáil le haon doiciméad a aistarraingíodh, a neamhníodh, a cúlghairmeadh nó ar cuireadh síneadh lena bhailíocht, de réir mar is infheidhme;

    (m)i gcás inarb infheidhme, dáta éaga na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe;

    (n)an líon daoine atá díolmhaithe ón gceanglas méarloirg a thabhairt de bhun Airteagal 13(7) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009;

    (o)na cásanna nárbh fhéidir na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(6) a sholáthar go fíorasach i gcomhréir leis an dara habairt d’Airteagal 8(5);

    (p)na cásanna nár ghá na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(6) a sholáthar ar chúiseanna dlíthiúla i gcomhréir leis an dara habairt d’Airteagal 8(5);

    (q)na cásanna inar diúltaíodh víosa do dhuine, i gcomhréir leis an dara habairt d’Airteagal 8(5), nach raibh in ann na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(6) a sholáthar go fíorasach.

    Beidh ag foireann chuí-údaraithe na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta rochtain d’fhonn na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a cheadú chun na hanailísí riosca agus na measúnuithe leochaileachta dá dtagraítear in Airteagal 11 agus in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2016/1624 a dhéanamh.

    2.Chun críche mhír 1 den Airteagal seo, stórálfaidh eu-LISA na sonraí dá dtagraítear sa mhír sin sa lárstóras um thuairisciú agus staidreamh dá dtagraítear in [Airteagal 39 de Rialachán 2018/XX maidir le hidir-inoibritheacht].

    3.    Áireofar leis na nósanna imeachta a chuirfidh eu-LISA ar bun chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt agus ar fheidhmíocht VIS mar a thagraítear dó in Airteagal 50(1) go bhféadfar staidreamh a sholáthar ar bhonn rialta d’fhonn an faireachán sin a áirithiú.

    4.Gach ráithe, tiomsóidh eu-LISA staidreamh ar bhonn shonraí VIS maidir le víosaí gearrfhanachta, ina léireofar, i gcás gach suímh inar taisceadh iarratas ar víosa, an méid seo a leanas go háirithe:

    (a)líon iomlán na víosaí idirthurais aerfoirt a ndearnadh iarratas orthu, lena náirítear na víosaí dul isteach iolrach idirthurais aerfoirt;

    (b)líon iomlán na víosaí a eisíodh, lena náirítear na víosaí dul isteach iolrach A;

    (c)líon iomlán na víosaí dul isteach iolrach a eisíodh,

    (d)líon iomlán na víosaí nár eisíodh (lena náirítear na víosaí dul isteach iolrach A),

    (e)líon iomlán na víosaí aonfhoirmeacha a ndearnadh iarratas orthu, lena náirítear na víosaí dul isteach iolrach aonfhoirmeacha;

    (f)líon iomlán na víosaí a eisíodh, lena náirítear na víosaí dul isteach iolrach;

    (g)líon iomlán na víosaí dul isteach iolrach a eisíodh, arna roinnt ar fhad na bailíochta (níos lú ná 6 mhí, bliain amháin, 2 bhliain, 3 bliana, 4 bliana, 5 bliana).

    (h)líon iomlán na víosaí aonfhoirmeacha nár eisíodh, lena náirítear na víosaí dul isteach iolrach;

    (i)líon iomlán na víosaí a bhfuil bailíocht chríochach theoranta acu.

    Déanfar an staidreamh laethúil a stóráil sa lárstóras um thuairisciú agus staidreamh.

    5.Gach ráithe, tiomsóidh eu-LISA staidreamh ar bhonn shonraí VIS maidir le víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe ina léireofar, i gcás gach suímh, an méid seo a leanas go háirithe:

    (a)líon iomlán na víosaí fadfhanachta a ndearnadh iarratas orthu, a diúltaíodh, ar cuireadh síneadh leo agus a aistarraingíodh;

    (b)líon iomlán na gceadanna cónaithe a ndearnadh iarratas orthu, a diúltaíodh, ar cuireadh síneadh leo agus a aistarraingíodh.

    6.Ag deireadh gach bliana, is i bhfoirm staidreamh ráithiúil don bhliain sin a thiomsófar na sonraí staitistiúla. Beidh miondealú ar shonraí gach Ballstáit sa staidreamh.

    7.    Arna iarraidh sin don Choimisiún, cuirfidh eu-LISA ar fáil dó staidreamh maidir le gnéithe ar leith a bhaineann le cur chun feidhme an chomhbheartais víosaí nó an bheartais imirce, lena náirítear gnéithe de bhun chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013.”;

    (35)cuirtear na hAirteagail 45b, 45c, 45d agus 45e seo a leanas isteach:

    Airteagal 45b

    Rochtain ar shonraí chun críocha fíorú ag iompróirí

    1.D’fhonn a noibleagáidí a chomhlíonadh faoi phointe (b) d’Airteagal 26(1) den Choinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, déanfaidh aeriompróirí, iompróirí ar muir agus iompróirí idirnáisiúnta a iompraíonn grúpaí ar tír i gcóiste, déanfaidh siad cuardach in VIS chun a fhíorú an bhfuil víosa ghearrfhanachta bhailí, víosa fadfhanachta bhailí nó cead cónaithe bailí ina seilbh ag náisiúnaigh tríú tír a bhfuil víosa ghearrfhanachta, víosa fadfhanachta nó cead cónaithe ina seilbh acu, de réir mar is infheidhme. Chun na críche sin, maidir le víosaí gearrfhanachta, soláthróidh iompróirí na sonraí a liostaítear faoi phointe (a), pointe (b) agus pointe (c) d’Airteagal 9(4) den Rialachán seo, nó faoi phointe (a), (b) agus (c) d’Airteagal 22c, de réir mar is infheidhme.

    2.Chun críche mír 1 a chur chun feidhme, nó chun críche aon díospóid fhéideartha a d’fhéadfadh a eascairt as cur i bhfeidhm na míre sin, coinneoidh eu-LISA logaí ar gach oibríocht próiseála sonraí a dhéanfaidh iompróirí laistigh den gheata iompróra. Taispeánfaidh na logaí sin dáta agus am gach oibríochta, na sonraí a úsáideadh don iniúchadh, na sonraí a tarchuireadh leis an geata iompróra, agus ainm an iompróra i dtrácht.

    Stórálfar logaí go ceann tréimhse 2 bhliain. Úsáidfear bearta iomchuí chun logaí a chosaint ó rochtain neamhúdaraithe.

    3.Le rochtain shlán ar an ngeata iompróra dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(h) de Chinneadh 2004/512/CE arna leasú leis an Rialachán seo, beidh iompróirí in ann leanúint leis an gcuardach dá dtagraítear i mír 1 sula mbordálann an paisinéir. Chun na críche sin, seolfaidh an tiompróir an tiarratas ar chuardach in VIS atá le ceadú ag úsáid na sonraí atá sa chuid den doiciméad taistil atá meaisín-inléite.

    4.Léireoidh an freagra ó VIS cibé an bhfuil nó nach bhfuil víosa bhailí ag an duine, agus beidh freagra “CGL/NÍL SÉ CGL” ag na hiompróirí ansin.

    5.Bunófar scéim fíordheimhnithe, d’iompróirí amháin, d’fhonn rochtain a thabhairt ar an ngeata iompróra, chun críocha mhír 2, do na baill chuí-údaraithe d’fhoireann na niompróirí. Glacfaidh an Coimisiún an scéim fíordheimhnithe sin trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

    Airteagal 45c

    Nósanna imeachta cúltaca i gcás nach bhfuil sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, ag iompróirí na sonraí a rochtain

    1.I gcás nach bhfuil sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, an cuardach dá dtagraítear in Airteagal 45b(1) a dhéanamh, de bharr gur chlis ar chuid éigin de VIS nó ar chúiseanna eile nach bhfuil neart ag na hiompróirí orthu, déanfar na hiompróirí a dhíolmhú ón oibleagáid a fhíorú, tríd an ngeata iompróra a úsáid, an bhfuil víosa bhailí nó doiciméad taistil bailí ag taistealaí. I gcás ina mbraithfidh an túdarás bainistíochta cliseadh den chineál sin, cuirfidh sé na hiompróirí ar an eolas faoi. Cuirfidh sé na hiompróirí ar an eolas freisin nuair a bheidh an cliseadh réitithe. I gcás ina mbraithfidh na hiompróirí cliseadh den chineál sin, féadfaidh siad an túdarás bainistíochta a chur ar an eolas faoi.

    2.Déanfar mionsonraí na nósanna imeachta cúltaca a leagan síos i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

    Airteagal 45d

    Rochtain ar shonraí VIS ag foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta

    1. Chun na cumhachtaí agus cúraimí a fheidhmiú de bhun Airteagal 40(1) de Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* agus i dteannta na rochtana dá bhforáiltear in Airteagal 40(8) den Rialachán sin, beidh an ceart ag baill Fhoirne Eorpacha an Gharda Teorann agus Cósta nó ag foirne na mball foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh, de réir a sainordaithe, chun rochtain a fháil ar shonraí atá iontráilte in VIS, agus chun cuardach a dhéanamh sna sonraí sin.

    2. Chun an rochtain dá dtagraítear i mír 1 a áirithiú, ainmneoidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta aonad speisialaithe le hoifigigh chuí-chumhachtaithe de chuid an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh mar lárphointe rochtana. Fíorófar tríd an lárphointe rochtana go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 45e maidir le rochtain ar VIS a iarraidh.

    __________

    *    Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lch. 1).

    Airteagal 45e

    Coinníollacha agus nósanna imeachta maidir le rochtain ar shonraí VIS ag foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta

    1. I bhfianaise na rochtana dá dtagraítear i mír1 d’Airteagal 45d, féadfaidh Foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta iarraidh a dhéantar ar na sonraí uile nó ar thacar sonraí atá stóráilte in VIS a cheadú a chur faoi bhráid an lárphointe rochtana de chuid an Garda Teorann agus Cósta Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 45d(2). Déanfar tagairt san iarraidh sin don phlean oibríochtúil maidir le seiceálacha teorann, faireachas teorann agus/nó filleadh atá ag an mBallstát sin ar a bhfuil an iarraidh bunaithe. Ar iarraidh ar rochtain a fháil, déanfaidh lárphointe rochtana an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a fhíorú an bhfuil na coinníollacha rochtana dá dtagraítear i mír 2 comhlíonta. Más rud é go bhfuil na coinníollacha rochtana uile comhlíonta, déanfaidh foireann chuí-údaraithe an lárphointe rochtana na hiarrataí a phróiseáil. Tarchuirfear na sonraí a bhfuarthas rochtain orthu in VIS chuig an bhfoireann ar bhealach nach sáróidh slándáil na sonraí sin.

    2. Chun cead rochtana a thabhairt, beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas:

    a) tugann an Ballstát óstach údarú do na baill foirne VIS a cheadú chun na haidhmeanna oibríochtúla a shonraítear sa phlean oibríochtúil maidir le seiceálacha teorann, faireachas teorann agus filleadh a chomhlíonadh, agus

    b) ní mór VIS a cheadú chun na cúraimí sonracha a chuireann an Ballstát óstach de chúram ar an bhfoireann a dhéanamh.

    3. I gcomhréir le hAirteagal 40(3) de Rialachán (AE) 2016/1624, ní fhéadfaidh baill na bhfoirne, ná foirne na mball foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh, gníomhú chun freagairt ar fhaisnéis arna fáil ó VIS ach amháin de réir treoracha ó ghardaí teorann nó ó bhaill foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh an Bhallstáit óstaigh ina bhfuil siad ag oibriú, agus, mar riail ghinearálta, ní fhéadfaidh siad gníomhú amhlaidh ach amháin i láthair na ngardaí teorann nó na mball foirne sin. Féadfaidh an Ballstát óstach baill na bhfoirne a údarú chun gníomhú thar a cheann.

    4. I gcás amhrais nó má theipeann ar fhíorú chéannacht shealbhóir na víosa, shealbhóir na víosa fadfhanachta nó shealbhóir an cheada cónaithe, treoróidh ball d’fhoireann an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh an duine chuig garda teorann de chuid na an Bhallstáit óstaigh.

    5. Déanfaidh baill na bhfoirne sonraí VIS a cheadú mar seo a leanas:

    a)Agus na cúraimí a bhaineann le seiceálacha teorann de bhun Rialachán (AE) 2016/399 á bhfeidhmiú, beidh rochtain ag baill na bhfoirne ar shonraí VIS lena bhfíorú ag pointí trasnaithe teorainneacha seachtracha i gcomhréir le hAirteagal 18 nó Airteagal 22d den Rialachán seo, faoi seach;

    b)Agus baill na bhfoirne ag fíorú an gcomhlíontar na coinníollacha maidir le dul isteach, fanacht nó cónaí ar chríoch na mBallstát, beidh rochtain acu ar shonraí VIS lena bhfíorú laistigh de chríoch náisiúnach tríú tír i gcomhréir le hAirteagal 19 nó Airteagal 22h den Rialachán seo, faoi seach;

    c)Agus aon duine ar féidir nach bhfuil na coinníollacha maidir le dul isteach, fanacht nó cónaí ar chríoch na mBallstát á gcomhlíonadh aige nó ar féidir nach bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh a thuilleadh aige á shainaithint, beidh rochtain ag baill na bhfoirne ar shonraí VIS lena sainaithint i gcomhréir le hAirteagal 20 den Rialachán seo.

    6. I gcás ina nochtar de bharr rochtain agus cuardach den chineál sin gurb ann d’amas in VIS, cuirfear an Ballstát eisiúna ar an eolas ina leith sin.

    7. Gach iontráil a dhéanfaidh baill Fhoirne Eorpacha an Gharda Teorann agus Cósta nó baill na mball foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh sa loga ar oibríochtaí próiseála sonraí laistigh de VIS, coinneoidh an túdarás bainistíochta é i gcomhréir le forálacha Airteagal 34.

    8. Gach rochtain agus gach cuardach a dhéanann an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta déanfar é a logáil i gcomhréir le forálacha Airteagal 34 agus déanfar gach úsáid a bhainfear as sonraí a mbeidh rochtain faighte ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta orthu a chlárú.

    9. Ach amháin más gá ar mhaithe le comhlíonadh na gcúraimí chun críocha an Rialacháin lena mbunaítear Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), ní dhéanfar aon chodanna de VIS a nascadh le haon chóras ríomhaireachta atá ann chun sonraí a bhailiú agus a phróiseáil agus atá á oibriú ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta nó sa Ghníomhaireacht sin, ná ní dhéanfar na sonraí atá in VIS a bhfuil rochtain ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta orthu a aistriú chuig córas den sórt sin. Ní dhéanfar aon chuid de VIS a íoslódáil. Ní fhorléireofar logáil rochtana agus cuardach mar íoslódáil nó cóipeáil shonraí VIS.

    10. Déanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta bearta chun slándáil a áirithiú, dá bhforáiltear in Airteagal 32, a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm.”

    (36)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 49:

    “Airteagal 49

    Nós imeachta coiste

    1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.

    2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    ____________

    *    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”;

    (37)cuirtear an tAirteagal 49 a seo a leanas isteach:

    “Airteagal 49 a
    Grúpa comhairleach

    Bunóidh eu-LISA grúpa comhairleach agus soláthróidh sé don ghrúpa sin an saineolas a bhaineann le VIS, go háirithe i gcomhthéacs ullmhú a chláir oibre bhliantúil agus a tuarascála bliantúla gníomhaíochta.” ;

    (38)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 50:

    “Airteagal 50

    Faireachán agus meastóireacht

    1.Áiritheoidh an tÚdarás Bainistíochta go mbeidh nósanna imeachta ann chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú VIS de réir a chuspóirí i dtaca le haschur, costéifeachtúlacht, slándáil agus cáilíocht seirbhíse.

    2.Chun críocha na cothabhála teicniúla, beidh rochtain ag an údarás bainistíochta ar an bhfaisnéis is gá maidir leis na hoibríochtaí próiseála a dhéanfar in VIS.

    3.Gach dhá bhliain, cuirfidh eu-LISA tuarascáil ar fheidhmiú teicniúil VIS, lena náirítear slándáil an chórais sin, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, agus an Choimisiúin.

    4.Agus urraim á tabhairt d’fhorálacha an dlí náisiúnta maidir le faisnéis íogair a fhoilsiú, ullmhóidh gach Ballstát agus Europol tuarascálacha bliantúla maidir le héifeachtacht na rochtana ar shonraí VIS ina mbeidh faisnéis agus staidreamh, chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)cuspóir baileach an chomhairliúcháin, lena náirítear an cineál ciona sceimhlitheoireachta nó an cineál ciona thromchúisigh choiriúil;

    (b)    an foras réasúnach a tugadh maidir leis an amhras a bhfuil údar leis go bhfuil amhrastach, déantóir nó íospartach i gcatagóir a chumhdaítear leis an Rialachán seo;

    (c)    an líon iarrataí ar rochtain ar VIS chun críocha fhorfheidhmiú an dlí;

    (d)    an líon agus na cineálacha cásanna inar éirigh leis an tsainaithint.

    Tarchuirfear tuarascálacha bliantúla na mBallstát agus Europol chuig an gCoimisiún faoin 30 Meitheamh an bhliain ina dhiaidh sin.

    5.Gach ceithre bliana, déanfaidh an Coimisiúin meastóireacht fhoriomlán ar VIS. Áireofar sa mheastóireacht fhoriomlán sin scrúdú ar na torthaí a fuarthas de réir na gcuspóirí a bhí ann, agus measúnú ar bhailíocht leanúnach na bunréasúnachta, ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir le VIS, ar shlándáil VIS, ar an úsáid a baineadh as na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 31 agus ar aon impleachtaí ar oibríochtaí amach anseo. Tarchuirfidh an Coimisiún an mheastóireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

    6.Soláthróidh na Ballstáit don údarás bainistíochta agus don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 3, mír 4, agus mír 5 a dhréachtú.

    7.Soláthróidh an túdarás bainistíochta don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun na meastóireachtaí foriomlána dá dtagraítear i mír 5 a dhéanamh.”;

    (39)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Iarscríbhinn 1:

    “Liosta de na heagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 31(1)”.

    (40)Tar éis Airteagal 22, cuirtear isteach Caibidil IIIa agus Caibidil IIIb seo a leanas:

    CAIBIDIL IIIa

    IONTRÁIL AGUS ÚSÁID SONRAÍ AR VÍOSAÍ FADFHANACHTA AGUS CEADANNA CÓNAITHE

    Airteagal 22a

    Nósanna imeachta maidir le sonraí a iontráil tráth a dhéantar cinneadh maidir le hiarratas ar víosa fadfhanachta nó cead cónaithe

    1.Tráth a dhéantar cinneadh maidir le hiarratas ar víosa fadfhanachta nó cead cónaithe, cruthóidh an túdarás a rinne an cinneadh sin an sainchomhad gan mhoill, trí bhíthin na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 22c nó Airteagal 22d a iontráil in VIS.

    2.Tráth a chruthaítear an sainchomhad, seolfar go huathoibríoch in VIS an cuardach de bhun Airteagal 22b.

    3.Má tá iarratas déanta ag an sealbhóir mar chuid de ghrúpa nó le ball teaghlaigh, cruthóidh an túdarás sainchomhad do gach aon duine sa ghrúpa agus nascfaidh sé comhaid na ndaoine a chuir iarratas isteach in éineacht le chéile agus ar tugadh víosa fadfhanachta nó cead cónaithe dóibh.

    4.I gcás nach gcaithfear sonraí ar leithligh a sholáthar i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais nó reachtaíocht náisiúnta nó nach féidir iad a sholáthar go fíorasach, cuirfear “níl bainteach” sa réimse sainiúil sonraí nó sna réimsí sainiúla sonraí. I gcás méarlorg, ceadóidh an córas idirdhealú a dhéanamh idir na cásanna nach gá méarloirg a sholáthar i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais nó reachtaíocht náisiúnta agus na cásanna nach féidir iad a sholáthar go fíorasach.

    Airteagal 22b

    Córais eile a chuardach

    1.Chun measúnú a dhéanamh an bhféadfadh an duine a bheith ina bhagairt don bheartas poiblí, nó don slándáil inmheánach nó don tsláinte phoiblí sna Ballstáit, de bhun Airteagal 6(1)(e) de Rialachán (AE) 2016/399, agus chuige sin amháin, déanfar na comhaid a phróiseáil go huathoibríoch in VIS chun aon amas a bhrath. Déanfar gach comhad ar leithligh a scrúdú in VIS.

    2.Gach uair a chruthaítear sainchomhad tar éis víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a eisiúint nó a dhiúltú de bhun Airteagal 22d, cuirfear cuardach ar bun le VIS trí bhíthin na tairsí Eorpaí chuardaithe a shainítear in Airteagal 6(1) den [Rialachán maidir le hidir-inoibritheacht] chun comparáid a dhéanamh idir na sonraí ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 22c(2)(a), (b), (c), (f) agus (g) den Rialachán seo agus na sonraí ábhartha in VIS, Córas Faisnéise Schengen (SIS), an Córas Dul Isteach agus Imeachta (EES), Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), lena náirítear an liosta faire dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2018/XX chun Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil a bhunú [an córas ECRIS-TCN a mhéid a bhaineann le ciontuithe i dtaca le cionta sceimhlitheoireachta agus cineálacha eile cionta coiriúla tromchúiseacha] sonraí Europol, bunachar sonraí Interpol um Dhoiciméid Taistil Ghoidte nó Chaillte (SLTD), bunachar sonraí Interpol um Dhoiciméid Taistil a bhaineann le Fógraí (TDAWN Interpol).

    3.In VIS, cuirfear leis an sainchomhad tagairt d’aon amas a gheofar de bhun mhír (2) agus mhír (5). Ina theannta sin, sainaithneofar le VIS, i gcás inarb ábhartha, an Ballstát nó na Ballstáit a d’iontráil na sonraí nó a sholáthair na sonraí ba chúis leis an amas nó na hamais, nó sainaithneofar an é Europol a d’iontráil na sonraí nó a sholáthair na sonraí, agus déanfar an méid sin a thaifeadadh sa sainchomhad.

    4.Chun críocha Airteagal 2(2)(f) i dtaca le víosa fadfhanachta a eisíodh nó ar cuireadh síneadh léi, leis na cuardaigh a dhéanfar faoi mhír 2 den Airteagal sin cuirfear na sonraí ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 22c(2) i gcomparáid leis na sonraí atá in SIS chun a chinneadh an bhfuil an sealbhóir faoi réir ceann ar bith de na foláirimh seo a leanas:

    (a)foláireamh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu chun críocha géillte nó chun críocha eiseachadta;

    (b)foláireamh maidir le daoine atá ar iarraidh;

    (c)foláireamh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu chun cabhrú le nós imeachta breithiúnach;

    (d)foláireamh maidir le daoine agus rudaí i ndáil le seiceálacha discréideacha nó seiceálacha sonracha.

    I gcás ina bhfaighfear amas amháin nó roinnt amas de thoradh na comparáide dá dtagraítear sa mhír seo, cuirfidh VIS fógra uathoibrithe chuig údarás lárnach an Bhallstáit a sheol an cuardach agus déanfaidh sé aon bheart leantach is iomchuí.

    5.Maidir le sonraí EES, ETIAS agus VIS a cheadú de bhun mhír 2, beidh na hamais teoranta d’údarú taistil, cead isteach nó víosa a diúltaíodh bunaithe ar fhoras slándála a léiriú.

    6.I gcás víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a eiseoidh údarás consalach Ballstáit, nó lena gcuirfidh an túdarás sin síneadh, beidh feidhm ag Airteagal 9a.

    7.I gcás cead cónaithe a eiseoidh údarás ar chríoch Bhallstáit nó lena gcuirfidh an túdarás sin síneadh nó i gcás ina gcuirfidh údarás ar chríoch Bhallstáit síneadh le víosa fadfhanachta, beidh feidhm ag na nithe seo a leanas:

    (a)fíoróidh an túdarás sin an bhfuil na sonraí atá ar an taifead sa sainchomhad ag teacht leis na sonraí atá ar fáil in VIS, nó i gceann de na córais faisnéise nó bunachair shonraí de chuid an Aontais Eorpaigh, sonraí Europol, nó bunachair shonraí Interpol a cheadaítear de bhun mhír 2;

    (b)i gcás ina mbainfidh an tamas de bhun mhír 2 le sonraí Europol, cuirfear aonad náisiúnta Europol ar an eolas le haghaidh gníomhaíocht leantach;

    (c)i gcás nach gcomhfhreagróidh na sonraí le céannacht an iarratasóra, agus i gcás nach bhfuarthas aon amas eile le linn na huathphróiseála de bhun mhír 2 agus mhír 3, scriosfaidh an túdarás an tamas bréagach ón gcomhad iarratais;

    (d)i gcás ina gcomhfhreagróidh na sonraí le céannacht an iarratasóra nó i gcás ina mbeidh amhras ann i dtaca le céannacht an iarratasóra, déanfaidh an túdarás beart maidir leis na sonraí ba chúis leis an amas de bhun mhír 4 de réir na nósanna imeachta, na gcoinníollacha agus na gcritéar dá bhforáiltear i reachtaíocht AE agus reachtaíocht náisiúnta.

    Airteagal 22c

    Sainchomhad atá le cruthú i gcás víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a eisítear

    Beidh i sainchomhad a chruthaítear de bhun Airteagal 22a(1) na sonraí seo a leanas:

    (1)an túdarás a d’eisigh an doiciméad, lena náirítear a shuíomh;

    (2)sonraí an tsealbhóra mar a leanas:

    (a)an sloinne (ainm an teaghlaigh); céadainm (céadainmneacha); dáta breithe; náisiúntacht nó náisiúntachtaí faoi láthair; inscne; dáta breithe, láthair bhreithe agus tír bhreithe;

    (b)cineál agus uimhir an doiciméid taistil agus cód trí litir thír eisiúna an doiciméid taistil;

    (c)dáta éaga bhailíocht an doiciméid taistil;

    (cc)an túdarás a d’eisigh an doiciméad taistil

    (d)i gcás mionaoiseach, sloinne agus céadainm nó céadainmneacha údarás tuismitheora nó chaomhnóir dlíthiúil an tsealbhóra;

    (e)sloinne, céadainm agus seoladh an duine nádúrtha nó ainm agus seoladh an fhostóra nó aon eagraíochta eile a mbaineann an tiarratas leis;

    (f)íomhá d’aghaidh an tsealbhóra agus, i gcás inar féidir, an íomhá sin a ghlacadh beo ar an láthair;

    (g)dhá mhéarlorg an tsealbhóra, i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais agus reachtaíocht náisiúnta ábhartha;

    (3)na sonraí seo a leanas maidir leis an víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a eisíodh:

    (a)faisnéis maidir le stádas lena gcuirtear in iúl gur eisíodh víosa fadfhanachta nó cead cónaithe;

    (b)an áit a ndearnadh an cinneadh an víosa fadfhanachta nó an cead cónaithe a eisiúint, agus an dáta a rinneadh an cinneadh sin;

    (c)an cineál doiciméid a eisíodh (víosa fadfhanachta nó cead cónaithe);

    (d)líon na víosaí fadfhanachta nó na gceadanna cónaithe a eisíodh;

    (e)dáta éaga na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe.

    Airteagal 22d

    Sainchomhad atá le cruthú i gcásanna áirithe nuair a dhiúltaítear víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a eisiúint

    I gcás ina ndéanfar cinneadh víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a dhiúltú toisc go meastar gur bagairt é an tiarratasóir don bheartas poiblí, don slándáil inmheánach nó don tsláinte phoiblí nó toisc gur thaispeáin an tiarratasóir doiciméid a fuarthas go calaoiseach, nó a ndearnadh iad a fhalsú nó a chrioscaíl, cruthóidh an túdarás a dhiúltaigh an víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a eisiúint sainchomhad a mbeidh na sonraí seo a leanas ann:

    a.sloinne, sloinne tráth a bhreithe nó a breithe (sloinne nó sloinnte roimhe sin); céadainm (céadainmneacha); inscne; dáta breithe, láthair bhreithe agus tír bhreithe;

    b.náisiúntacht faoi láthair agus náisiúntacht ag tráth a bhreithe nó a breithe;

    c.cineál agus uimhir an doiciméid taistil, an túdarás a d’eisigh é agus dáta a eisithe agus a éaga;

    d.i gcás mionaoiseach, sloinne agus céadainm nó céadainmneacha údarás tuismitheora nó chaomhnóir dlíthiúil an iarratasóra.

    e.sloinne, céadainm agus seoladh an duine nádúrtha a mbaineann an tiarratas leis;

    f.íomhá d’aghaidh an iarratasóra agus, i gcás inar féidir, an íomhá sin a ghlacadh beo ar an láthair;

    g.dhá mhéarlorg an iarratasóra, i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais agus reachtaíocht náisiúnta ábhartha;

    h.faisnéis lena gcuirtear in iúl gur diúltaíodh an víosa fadfhanachta nó an cead cónaithe toisc go meastar gur bagairt é an tiarratasóir don bheartas poiblí, don slándáil phoiblí nó don tsláinte phoiblí nó toisc gur thaispeáin an tiarratasóir doiciméid a fuarthas go calaoiseach, nó a ndearnadh iad a fhalsú nó a chrioscaíl;

    i.an túdarás a dhiúltaigh an víosa fadfhanachta nó an cead cónaithe, lena náirítear a shuíomh;

    j.an áit a ndearnadh an cinneadh an víosa fadfhanachta nó an cead cónaithe a dhiúltú, agus an dáta a rinneadh an cinneadh sin.

    Airteagal 22e

    Sonraí atá le cur leis an sainchomhad i gcás víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a aistarraingítear

    1. I gcás ina ndéanfar cinneadh cead cónaithe nó víosa fadfhanachta a aistarraingt nó tréimhse bhailíochta na víosa fadfhanachta a ghiorrú, cuirfidh an túdarás a rinne an cinneadh sin na sonraí seo a leanas sa sainchomhad:

    (a) faisnéis maidir le stádas lena gcuirtear in iúl gur aistarraingíodh víosa fadfhanachta nó cead cónaithe nó, i gcás víosa fadfhanachta, gur giorraíodh an tréimhse bhailíochta;

    (b) an túdarás a d’aistarraing an víosa fadfhanachta nó an cead cónaithe nó a ghiorraigh tréimhse bhailíochta na víosa fadfhanachta, lena náirítear a shuíomh;

    (c) an áit a ndearnadh an cinneadh, agus an dáta a rinneadh é.

    (d) dáta nua éaga bhailíocht na víosa fadfhanachta, más iomchuí;

    (e) uimhir an ghreamáin víosa, má tá greamán nua víosa i gceist leis an tréimhse ghiorraithe.

    2. Ina theannta sin, léireofar sa sainchomhad an foras nó na forais chun víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a aistarraingt nó tréimhse bhailíochta na víosa fadfhanachta a ghiorrú, i gcomhréir le pointe (h) d’Airteagal 22d.

    Airteagal 22f

    Sonraí atá le cur leis an sainchomhad i gcás víosa fadfhanachta nó cead cónaithe lena gcuirtear síneadh

    I gcás inar cinneadh síneadh a chur le cead cónaithe nó víosa fadfhanachta, cuirfidh an túdarás a chuir síneadh leis an gcead cónaithe nó leis an víosa fadfhanachta na sonraí seo a leanas sa sainchomhad:

    faisnéis maidir le stádas lena gcuirtear in iúl gur cuireadh síneadh leis an víosa fadfhanachta nó leis an gcead cónaithe;

    (b) an túdarás a chuir síneadh leis an víosa fadfhanachta nó leis an gcead cónaithe, lena náirítear a shuíomh;

    (c) an áit a ndearnadh an cinneadh, agus an dáta a rinneadh é;

    (d) i gcás víosa fadfhanachta, uimhir an ghreamáin víosa, má tá greamán nua víosa i gceist leis an víosa fadfhanachta ar cuireadh síneadh léi;

    (e) dáta éaga na tréimhse ar cuireadh síneadh léi.

    Airteagal 22g

    Rochtain ar shonraí chun víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe a fhíorú ag pointí trasnaithe teorann seachtraí

    1.Chun céannacht an tsealbhóra doiciméid agus/nó barántúlacht agus bailíocht na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe a fhíorú agus chun a fhíorú an meastar nach bhfuil an duine ina bhagairt do bheartas poiblí, slándáil inmheánach nó sláinte phoiblí aon cheann de na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 6(1)(e) de Rialachán (AE) 2016/399, agus chuige sin amháin, beidh rochtain ag na húdaráis atá inniúil i leith seiceálacha a dhéanamh ag pointí trasnaithe teorann seachtraí i gcomhréir leis an Rialachán sin chun cuardach a dhéanamh trí uimhir an doiciméid a úsáid in éineacht le sonra amháin nó roinnt sonraí in Airteagal 22c(2)(a), (b) agus (c) den Rialachán seo.

    2.Má léirítear leis an gcuardach a dhéantar leis na sonraí a liostaítear i mír 1 go bhfuil taifead ar shonraí maidir le sealbhóir an doiciméid in VIS, tabharfar rochtain don údarás inniúil rialaithe teorann chun sonraí seo a leanas an tsainchomhaid a cheadú, chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 agus chun na gcríoch sin amháin:

    (a)faisnéis maidir le stádas na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe lena gcuirtear in iúl ar eisíodh í nó é, ar aistarraingíodh í nó é, nó ar cuireadh síneadh léi nó leis;

    (b)na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 22c(3)(c), (d) agus (e);

    (c)más infheidhme, na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 22e(1)(d) agus (e);

    (d)más infheidhme, na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 22f(d) agus (e);

    (e)grianghraif dá dtagraítear in Airteagal 22c(2)(f).

    Airteagal 22h

    Rochtain ar shonraí chun críocha fíoraithe laistigh de chríoch na mBallstát

    1.Chun céannacht an tsealbhóra mar aon le barántúlacht agus bailíocht na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe a fhíorú agus chun a fhíorú an meastar nach bhfuil an duine ina bhagairt do bheartas poiblí, slándáil inmheánach nó sláinte phoiblí aon cheann de na Ballstáit, agus chuige sin amháin, beidh rochtain ag na húdaráis atá inniúil i leith seiceálacha a dhéanamh laistigh de chríoch na mBallstát lena gcinntear an bhfuil na coinníollacha a bhaineann le dul isteach, fanacht nó cónaí ar chríoch na mBallstát comhlíonta agus, de réir mar is infheidhme, beidh rochtain ag na húdaráis phóilíneachta chun cuardach a dhéanamh trí líon na víosaí fadfhanachta nó na gceadanna cónaithe a úsáid in éineacht le sonra amháin nó roinnt sonraí in Airteagal 22c(2)(a), (b) agus (c).

    2.Má léirítear leis an gcuardach a dhéantar leis na sonraí a liostaítear i mír 1 go bhfuil taifead ar shonraí maidir leis an sealbhóir in VIS, tabharfar rochtain don údarás inniúil chun sonraí seo a leanas an tsainchomhaid a cheadú agus, chomh maith leis sin, más infheidhme, sonraí an chomhaid nó na gcomhad nasctha de bhun Airteagal 22a(4), chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1, agus chun na gcríoch sin amháin:

    (a)faisnéis maidir le stádas na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe lena gcuirtear in iúl ar eisíodh í nó é, ar aistarraingíodh í nó é, nó ar cuireadh síneadh léi nó leis;

    (b)na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 22c(3)(c), (d) agus (e);

    (c)más infheidhme, na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 22e(1)(d) agus (e);

    (d)más infheidhme, na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 22f(d) agus (e);

    (e)grianghraif dá dtagraítear in Airteagal 22c(2)(f).

    Airteagal 22i

    Rochtain ar shonraí chun an fhreagracht maidir le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chinneadh

    1.Chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an mBallstát atá freagrach as iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013, agus chun na críche sin amháin, beidh rochtain ag na húdaráis inniúla tearmainn chun cuardach a dhéanamh trí bhíthin mhéarloirg an iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta.

    I gcás nach féidir méarloirg an iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta a úsáid nó i gcás ina dteipfidh ar an gcuardach leis na méarloirg, déanfar an cuardach trí bhíthin líon na víosaí fadfhanachta nó na gceadanna cónaithe i gcomhar leis na sonraí in Airteagal 22c(2)(a), (b) agus (c) a úsáid.

    2.Má léiríonn an cuardach a dhéantar leis na sonraí a liostaítear i mír 1 go bhfuil taifead ar víosa fadfhanachta nó cead cónaithe in VIS, tabharfar rochtain don údarás inniúil tearmainn chun sonraí seo a leanas an chomhaid iarratais a cheadú agus, maidir leis na sonraí a liostaítear i bpointe (g), chun sonraí i gcomhad nó comhaid iarratais nasctha an chéile agus na leanaí a cheadú, de bhun Airteagal 22a(4), chun na críche dá dtagraítear i mír 1 agus chun na críche sin amháin:

    (a) an túdarás a d’eisigh nó a chuir síneadh leis an víosa fadfhanachta nó leis an gcead cónaithe;

    (b) na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 22c(2)(a) agus (b);

    (c) an cineál doiciméid;

    (d) tréimhse bhailíochta na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe;

    (f) grianghraif dá dtagraítear in Airteagal 22c(2)(f);

    (g) na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 22c(2)(a) agus (b) de chomhad nó comhaid iarratais nasctha an chéile agus na leanaí.

    3.Is iad na húdaráis ainmnithe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* agus iadsan amháin a dhéanfaidh VIS a cheadú de bhun mhír 1 agus mhír 2 den Airteagal seo.

    Airteagal 22j

    Rochtain ar shonraí chun iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú

    1.Chun iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú, agus chun na críche sin amháin, beidh rochtain ag na húdaráis inniúla tearmainn i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 chun cuardach a dhéanamh le méarloirg an iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta.

    I gcás nach féidir méarloirg an iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta a úsáid nó i gcás ina dteipfidh ar an gcuardach leis na méarloirg, déanfar an cuardach trí bhíthin líon na víosaí fadfhanachta nó na ndoiciméad cónaithe i gcomhar leis na sonraí in Airteagal 22c(2)(a), (b) agus (c) a úsáid, nó meascán de shonraí in Airteagal 22d(a), (b), (c) agus (f).

    2.Má léiríonn an cuardach a dhéantar leis na sonraí a liostaítear i mír 1 go bhfuil taifead ar shonraí maidir leis an iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta in VIS, beidh rochtain ag an údarás inniúil tearmainn, chun na críche dá dtagraítear i mír 1 agus chun na críche sin amháin, chun sonraí an iarratasóra agus sonraí i gcomhad nó comhaid iarratais nasctha an iarratasóra a iontráladh i dtaobh aon víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a eisíodh, a diúltaíodh, a aistarraingíodh nó ar cuireadh síneadh lena bailíocht nó lena bhailíocht, dá dtagraítear in Airteagail 22c, 22d, 22e agus 22f, chun na sonraí sin a cheadú de bhun Airteagal 22a(3).

    3.Is iad na húdaráis ainmnithe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 agus iadsan amháin a dhéanfaidh VIS a cheadú de bhun mhír 1 agus mhír 2 den Airteagal seo.

    CAIBIDIL IIIb

    Nós imeachta agus coinníollacha rochtana ar VIS chun críocha fhorfheidhmiú an dlí

    Airteagal 22k
    Údaráis ainmnithe na mBallstát

    1.Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis atá i dteideal na sonraí atá stóráilte in VIS a cheadú chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

    2.Coinneoidh gach Ballstát liosta de na húdaráis ainmnithe sin. Tabharfaidh gach Ballstát fógra do eu-LISA agus don Choimisiún maidir lena chuid údarás ainmnithe agus féadfaidh sé fógra eile a chur in ionad an fhógra nó é a leasú tráth ar bith.

    3.Ainmneoidh gach Ballstát lárphointe rochtana a mbeidh rochtain aige ar VIS. Fíoróidh an lárphointe rochtana go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 22n maidir le rochtain ar VIS a iarraidh.

    Féadfaidh an túdarás ainmnithe agus an lárphointe rochtana a bheith san eagraíocht chéanna, má cheadaítear sin faoin dlí náisiúnta, ach gníomhóidh an lárphointe rochtana go hiomlán neamhspleách ar na húdaráis ainmnithe agus a chúraimí faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh aige. Beidh an lárphointe rochtana ar leithligh ó na húdaráis ainmnithe agus ní bhfaighidh sé treoracha uathu maidir le toradh an fhíoraithe a dhéanfaidh sé go neamhspleách.

    Ag brath ar a struchtúr eagraíochtúil agus riaracháin, féadfaidh na Ballstáit níos mó ná aon lárphointe rochtana amháin a ainmniú chun a gceanglais bhunreachtúla nó dhlíthiúla a chomhlíonadh.

    4.Tabharfaidh gach Ballstát fógra do eu-LISA agus don Choimisiún maidir lena chuid lárphointí rochtana agus féadfaidh sé fógra eile a chur in ionad an fhógra nó é a leasú tráth ar bith.

    5.Ar an leibhéal náisiúnta, coimeádfaidh gach Ballstát liosta de na haonaid oibríochtúla laistigh de na húdaráis ainmnithe atá údaraithe rochtain a iarraidh ar shonraí atá stóráilte in VIS trí na lárphointí rochtana.

    6.Is í foireann chuí-chumhachtaithe na lárphointí rochtana agus í sin amháin a bheidh údaraithe VIS a rochtain i gcomhréir le hAirteagal 22m agus Airteagal 22n.

    Airteagal 22l
    Europol

    1.Ainmneoidh Europol ceann amháin dá aonaid oibríochtúla mar “údarás ainmnithe Europol” agus tabharfaidh sé údarás dó rochtain a iarraidh ar VIS trí lárphointe rochtana ainmnithe VIS dá dtagraítear i mír 2 chun tacú le bearta na mBallstát agus chun iad a neartú i dtaca le cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

    2.Ainmneoidh Europol aonad speisialaithe ina mbeidh oifigigh chuí-chumhachtaithe Europol mar lárphointe rochtana. Fíoróidh an lárphointe rochtana go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 22p maidir le rochtain ar VIS a iarraidh.

    I dtaca lena chúraimí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, gníomhóidh an lárphointe rochtana go neamhspleách agus ní bhfaighidh sé treoracha ó údarás ainmnithe Europol dá dtagraítear i mír 1 i dtaobh thoradh an fhíoraithe sin.

    Airteagal 22m
    Nós imeachta le haghaidh rochtain ar VIS chun críocha fhorfheidhmiú an dlí

    1.Cuirfidh na haonaid oibríochta dá dtagraítear in Airteagal 22k(5) iarraidh réasúnaithe i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach faoi bhráid na lárphointí rochtana dá dtagraítear in Airteagal 22k(3) le haghaidh rochtain ar shonraí arna stóráil in VIS. Ar iarraidh ar rochtain a fháil, fíoróidh an lárphointe rochtana nó na lárphointí rochtana an bhfuil na coinníollacha maidir le rochtain dá dtagraítear in Airteagal 22n comhlíonta. Má tá na coinníollacha rochtana comhlíonta, déanfaidh an lárphointe rochtana nó na lárphointí rochtana na hiarrataí a phróiseáil. Cuirfear na sonraí a bhfuarthas rochtain orthu in VIS ar aghaidh chuig na haonaid oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 22k(5) ar bhealach nach sáróidh slándáil na sonraí sin.

    2.I gcás práinn eisceachtúil nuair is gá garchontúirt do bheatha duine a bhaineann le cion sceimhlitheoireachta nó le cion coiriúil tromchúiseach eile a chosc, déanfaidh an lárphointe rochtana nó na lárphointí rochtana an iarraidh a phróiseáil láithreach agus fíoróidh siad ex post ar comhlíonadh na coinníollacha uile dá dtagraítear in Airteagal 22n, lena náirítear an raibh cás práinne ann i ndáiríre. Déanfar an fíorú ex post gan moill mhíchuí agus, ar aon chuma, ag tráth nach déanaí ná seacht lá oibre tar éis an iarraidh a phróiseáil.

    3.I gcás ina gcinntear leis an bhfíorú ex post nach raibh údar leis an rochtain ar shonraí VIS, déanfaidh na húdaráis uile a cheadaigh na sonraí sin in VIS an fhaisnéis a raibh rochtain acu uirthi a scriosadh agus cuirfidh siad na lárphointí rochtana ar an eolas faoin scriosadh sin.

    Airteagal 22n
    Coinníollacha maidir le rochtain ar shonraí VIS ag údaráis ainmnithe na mBallstát

    1.Féadfaidh údaráis ainmnithe VIS a rochtain chun é a cheadú má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

    (a)is gá agus is comhréireach rochtain a thabhairt chun VIS a cheadú ar mhaithe le cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú;

    (b)is gá agus is comhréireach rochtain a thabhairt chun VIS a cheadú i gcás ar leith;

    (c)má tá foras réasúnach ann chun a mheas go bhféadfaidh ceadú shonraí VIS a bheith ina mhórchuidiú chun aon cheann de na cionta coiriúla atá i gceist a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, go háirithe i gcás ina bhfuil amhras bailíochtaithe go dtagann amhrastach, déantóir nó íospartach ciona sceimhlitheoireachta nó ciona choiriúil thromchúisigh eile faoi chatagóir atá cumhdaithe sa Rialachán seo;

    (d)i gcásanna inar seoladh iarraidh ar chuardach chuig an stóras coiteann sonraí céannachta i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán 2018/XX [maidir le hidir-inoibritheacht], i gcás ina nochtfar leis an bhfreagra a fuarthas, dá dtagraítear i mír 5 d’Airteagal 22 den Rialachán sin, go bhfuil sonraí á stóráil in VIS.

    2.Ní gá an coinníoll dá bhforáiltear i bpointe (d) de mhír 1 a chomhlíonadh i gcásanna ina mbeidh rochtain ar VIS riachtanach mar uirlis chun an cúlra i dtaobh víosaí nó tréimhsí údaraithe fanachta ar chríoch na mBallstát a cheadú i dtaobh amhrastach aitheanta, déantóir aitheanta nó íospartach amhrasta aitheanta ciona sceimhlitheoireachta nó ciona choiriúil thromchúisigh eile.

    3.Beidh ceadú VIS teoranta do chuardach a dhéanamh sa sainchomhad le haon cheann de na sonraí seo a leanas:

    (a)sloinne nó sloinnte (ainm teaghlaigh), céadainm nó céadainmneacha, dáta breithe; náisiúntacht nó náisiúntachtaí agus/nó inscne;

    (b)cineál agus uimhir an doiciméid taistil nó na ndoiciméad taistil, cód trí litir na tíre eisiúna agus an dáta a rachaidh bailíocht an doiciméid taistil in éag;

    (c)uimhir an ghreamáin víosa nó uimhir na víosa fadfhanachta nó an doiciméid cónaithe agus dáta éaga bhailíocht na víosa, na víosa fadfhanachta nó an doiciméid cónaithe, de réir mar is infheidhme;

    (d)méarloirg, lena náirítear méarloirg neamhfhollasa;

    (e)íomhá den aghaidh.

    4.I gcás ina bhfaighfear amas nuair a dhéanfar VIS a cheadú, tabharfar rochtain ar aon sonraí a liostaítear sa mhír seo mar aon le haon sonraí eile ón sainchomhad, lena náirítear sonraí arna niontráil maidir le haon doiciméad a eisíodh, a diúltaíodh, a cuireadh ar neamhní, a rinneadh a chúlghairm nó ar cuireadh síneadh leis. Ní thabharfar rochtain ar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (4)(l) d’Airteagal 9 mar atá ar taifead sa chomhad iarratais ach amháin má rinneadh ceadú na sonraí sin a iarraidh go sainráite in iarraidh réasúnaithe agus a formheasadh de bharr fíorú neamhspleách.

    Airteagal 22o

    Rochtain ar VIS chun daoine a shainaithint i gcásanna ar leith

    De mhaolú ar Airteagal 22n(1), ní bheidh sé d’oibleagáid ar údaráis ainmnithe na coinníollacha a leagtar síos sa mhír sin a chomhlíonadh chun rochtain ar VIS a fháil ar mhaithe le daoine a bhí ar iarraidh a shainaithint, ar daoine iad a fuadaíodh nó a sainaithníodh ina níospartaigh gáinneála ar dhaoine agus a bhfuil foras réasúnach ina leith lena mheas go gcuideoidh ceadú shonraí VIS na daoine sin a shainaithint agus/nó go mbeidh sé ina chuidiú imscrúdú a dhéanamh ar chásanna sonracha gáinneála ar dhaoine. I gcásanna den sórt sin, féadfaidh na húdaráis ainmnithe cuardach a dhéanamh in VIS le méarloirg na ndaoine sin.

    I gcás nach féidir méarloirg na ndaoine sin a úsáid nó i gcás ina dteipfidh ar an gcuardach leis na méarloirg, déanfar an cuardach trí bhíthin na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) d’Airteagal 9.

    I gcás ina bhfaighfear amas nuair a dhéanfar VIS a cheadú, tabharfar rochtain ar aon sonraí in Airteagal 9 mar aon leis na sonraí in Airteagal 8(3) agus (4).

    Airteagal 22p
    Nós imeachta agus coinníollacha le haghaidh rochtain ag Europol ar shonraí VIS

    1.Beidh rochtain ag Europol chun VIS a cheadú i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

    (a)    is gá agus is comhréireach an ceadú chun tacú le bearta na mBallstát agus chun iad a neartú i dtaca le cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a thagann faoi réim shainordú Europol a chosc, a bhrath nó a imscrúdú; 

    (b)    is gá agus is comhréireach an ceadú i gcás ar leith;

    (c)    má tá foras réasúnach ann chun a mheas go bhféadfaidh ceadú shonraí VIS a bheith ina mhórchuidiú chun aon cheann de na cionta coiriúla atá i gceist a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, go háirithe i gcás ina bhfuil amhras bailíochtaithe go dtagann amhrastach, déantóir nó íospartach ciona sceimhlitheoireachta nó ciona choiriúil thromchúisigh eile faoi chatagóir atá cumhdaithe sa Rialachán seo;

    (d)    i gcásanna inar seoladh iarraidh ar chuardach chuig an stóras coiteann sonraí céannachta i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán 2018/XX [maidir le hidir-inoibritheacht], i gcás ina nochtfar leis an bhfreagra a fuarthas, dá dtagraítear in Airteagal 22(3) den Rialachán sin, go bhfuil sonraí á stóráil in VIS.

    2.Beidh feidhm ag na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 22n(2), (3) agus (4) dá réir sin.

    3.Féadfaidh údarás ainmnithe Europol iarraidh leictreonach réasúnaithe a dhéanamh chun na sonraí uile nó tacar sonraí ar leith atá stóráilte in VIS a cheadú agus an iarraidh sin a chur chuig lárphointe rochtana Europol dá dtagraítear in Airteagal 22k(3). Ar iarraidh a fháil ar rochtain, déanfaidh lárphointe rochtana Europol a fhíorú an bhfuil na coinníollacha rochtana dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 comhlíonta. Más tá na coinníollacha rochtana uile comhlíonta, déanfaidh foireann chuí-údaraithe an lárphointe rochtana nó na lárphointí rochtana na hiarrataí a phróiseáil. Cuirfear na sonraí a bhfuarthas rochtain orthu in VIS ar aghaidh chuig na haonaid oibríoctúla dá dtagraítear in Airteagal 22l(1) ar bhealach nach sáraíonn slándáil na sonraí sin.

    4.An phróiseáil ar fhaisnéis a fuair Europol trí shonraí VIS a cheadú, beidh sí faoi réir údarú ón mBallstát tionscnaimh. Gheofar an túdarú sin trí aonad náisiúnta Europol sa Bhallstát sin.

    Airteagal 22q
    Logáil agus doiciméadú

    1.Áiritheoidh gach Ballstát agus Europol go ndéanfar gach oibríocht próiseála sonraí a thagann as iarrataí ar rochtain ar shonraí VIS i gcomhréir le Caibidil IIIc a logáil nó a dhoiciméadú chun críocha inghlacthacht na hiarrata a sheiceáil, faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí agus ar shláine agus ar shlándáil sonraí agus chun críocha féinfhaireacháin.

    2.Léireoidh an loga nó an doiciméadacht an méid seo a leanas, i ngach cás:

    (a)cad é go baileach is cuspóir don iarraidh ar rochtain ar shonraí VIS, lena náirítear an cion sceimhlitheoireachta nó an cion coiriúil tromchúiseach eile lena mbaineann agus, i gcás Europol, cad é go baileach is cuspóir don iarraidh ar rochtain;

    (b)tagairt an chomhaid náisiúnta;

    (c)an dáta agus an tam baileach ar iarr an lárphointe rochtana rochtain ar lárchóras VIS;

    (d)ainm an údaráis a d’iarr rochtain le haghaidh ceadaithe;

    (e)más infheidhme, an cinneadh arna ghlacadh maidir leis an bhfíorú ex post;

    (f)na sonraí a úsáideadh le haghaidh ceadaithe;

    (g)i gcomhréir le rialacha náisiúnta nó le Rialachán (AE) 2016/794, aitheantas uathúil úsáideora an oifigigh a rinne an cuardach agus an oifigigh a d’ordaigh an cuardach.

    3.Ní úsáidfear logaí ná doiciméadacht ach amháin chun faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí agus chun sláine agus slándáil sonraí a áirithiú. Ní fhéadfaidh ach logaí nach gcuimsíonn sonraí pearsanta a úsáid i gcomhair an fhaireacháin agus na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 50 den Rialachán seo. An túdarás maoirseachta, arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 41(1) de Threoir (AE) 2016/680, atá freagrach as inghlacthacht na hiarrata a sheiceáil, as faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí agus as sláine agus slándáil na sonraí, beidh rochtain aige ar na logaí seo arna iarraidh sin dó chun críche a dhualgais a chomhlíonadh.

    Airteagal 22r

    Coinníollacha le haghaidh rochtain ar shonraí VIS ag údaráis ainmnithe Ballstáit nár cuireadh an Rialachán seo i bhfeidhm ina leith fós

    1.Beidh rochtain ar shonraí VIS chun é a cheadú ag údaráis ainmnithe Ballstáit nár cuireadh an Rialachán seo i bhfeidhm ina leith fós i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)tá an rochtain laistigh de raon feidhme a gcumhachtaí;

    (b)tá an rochtain faoi réir na gcoinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 22n(1);

    (c)sula dtabharfar rochtain ar shonraí VIS, déanfar iarraidh chuí-réasúnaithe i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach a chur faoi bhráid údarás ainmnithe Ballstáit a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leis; ansin iarrfaidh an túdarás ar an lárphointe rochtana náisiúnta nó na lárphointí rochtana náisiúnta VIS a cheadú.

    2.Ballstát nár cuireadh an Rialachán seo i bhfeidhm ina leith fós, cuirfidh sé an fhaisnéis atá aige faoi víosaí ar fáil do na Ballstáit a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo, bunaithe ar iarraidh chuí-réasúnaithe i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 22n(1).

    _____________

    *    Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le bunú “Eurodac” chun méarloirg a chur i gcomparáid ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (CE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát agus maidir le hiarrataí ó údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha forghníomhaithe dlí, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach le haghaidh bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (IO L 180, 29.6.2013, lch. 1).”.

    Airteagal 2
    Leasuithe ar Chinneadh 2004/512/CE

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1(2) de Chinneadh 2004/512/CE:

    “2. Bunófar an Córas Faisnéise Víosaí ar ailtireacht láraithe agus is é a bheidh ann:

    (a) an stóras coiteann sonraí céannachta dá dtagraítear in [Airteagal 17(2)(a) de Rialachán 2018/XX maidir le hidir-inoibritheacht], 

    (b) córas lárnach faisnéise, dá ngairtear an “lárchóras faisnéise víosaí’ (VIS) anseo feasta,

    (c) comhéadan i ngach Ballstát, dá ngairtear an “comhéadan náisiúnta” (NI-VIS) anseo feasta lena ndéanfar an nasc le húdarás náisiúnta láir ábhartha an Bhallstáit i gceist, nó comhéadan aonfhoirmeach náisiúnta i ngach Ballstát a bheidh bunaithe ar shonraíochtaí teicniúla coiteanna agus iad ar aon dul le chéile sna Ballstáit uile ionas gur féidir ceangal a dhéanamh idir an córas lárnach agus na bonneagair teorann náisiúnta sna Ballstáit,

    (d) bonneagar cumarsáide idir an córas lárnach faisnéise víosaí (VIS) agus na comhéadain náisiúnta (NI-VISanna);

    (e) bealach cumarsáide slán idir lárchóras VIS agus lárchóras EES;

    (f) bonneagar cumarsáide slán idir lárchóras VIS agus bonneagair láir na tairsí Eorpaí chuardaithe arna bunú le [hAirteagal 6 de Rialachán 2017/XX maidir le hidir-inoibritheacht], an tseirbhís chomhroinnte meaitseála bithmhéadraí arna bunú le [hAirteagal 12 de Rialachán 2017/XX maidir le hidir-inoibritheacht], an stóras coiteann sonraí céannachta arna bhunú le [hAirteagal 17 de Rialachán 2017/XX maidir le hidir-inoibritheacht] agus an brathadóir ilchéannachtaí arna bhunú le [Airteagal 25 de Rialachán 2017/XX maidir le hidir-inoibritheacht];

    (g) sásra le haghaidh comhairliúchán idir údaráis víosaí láir i dtaobh iarratas agus malartú faisnéise (“VISMail”);

    (h) geata iompróra;

    (i) seirbhís gréasáin shlán lena gcumasaítear cumarsáid idir VIS, sa chéad chás de, agus an geata iompóra, agus na córais idirnáisiúnta (córais/bunachair shonraí Interpol), sa dara cás de;

    (j) stóras sonraí chun críocha tuairiscithe agus staidrimh.

    Déanfaidh an lárchóras, na comhéadain aonfhoirmeacha náisiúnta, an tseirbhís gréasáin, an geata iompróra agus an bonneagar cumarsáide atá ag VIS comhpháirteanna crua-earraí agus comhpháirteanna bogearraí ó lárchóras EES, comhéadain aonfhoirmeacha náisiúnta EES, geata iompróra ETIAS, seirbhís gréasáin EES, agus bonneagar cumarsáide EES a chomhroinnt agus a athúsáid, a oiread is féidir go teicniúil.”.

    Airteagal 3
    Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 810/2009

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 810/2009 mar a leanas:

    (1)in Airteagal 10(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    “ (c) grianghraf a thíolacadh i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 nó tráth an chéad iarratais agus ar a laghad gach 59 mí tar éis sin i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar amach in Airteagal 13 den Rialachán seo.”;

    (2)Leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

    (a) i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhleisce:

    “– grianghraf a glacadh beo ar an láthair agus a bailíodh go digiteach tráth an iarratais;”;

    (b) i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    “I gcás inar bailíodh méarloirg agus grianghraf de cháilíocht leordhóthanach ón iarratasóir agus inar iontráladh iad in VIS mar chuid d’iarratas a taisceadh ag tráth is lú ná 59 mí roimh dháta an iarratais nua, d’fhéadfaí na [sonraí] sin a chóipeáil isteach san iarratas a dhéanfar ina dhiaidh sin.”;

    (c) i mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    “(a)    leanaí faoi bhun 6 bliana d’aois;”;

    (d)    scriostar mír 8;

    (3)Leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:

    (a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2. I dtaca le gach iarratas, déanfar VIS a cheadú i gcomhréir le hAirteagal 8(2), Airteagal 9a agus Airteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008. Áiritheoidh na Ballstáit go mbainfear lánúsáid as na critéir chuardaigh uile de bhun na nairteagal seo chun diúltú bréagach agus céannú bréagach a sheachaint.

    (b) cuirtear isteach mír 3a agus mír 3b mar seo a leanas:

    “3a. Chun measúnú a dhéanamh ar na coinníollacha maidir le dul isteach dá bhforáiltear i mír 3, cuirfidh an chonsalacht san áireamh an toradh a bheidh ar an bhfíorú a dhéanfar ar na bunachair shonraí seo a leanas de bhun Airteagal 9c de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008:

    (a)bunachar sonraí SIS agus bunachar sonraí SLTD chun seiceáil an bhfuil an doiciméad taistil a úsáideadh i gcomhair an iarratais ag comhfhreagairt do dhoiciméad taistil a tuairiscíodh gur cailleadh é, gur goideadh é nó gur cuireadh ó bhail é agus an bhfuil an doiciméad taistil a úsáideadh i gcomhair an iarratais ag comhfhreagairt do dhoiciméad taistil atá ar taifead i gcomhad in TDAWN Interpol;

    (a)lárchóras ETIAS chun seiceáil an bhfuil an tiarratas ag comhfhreagairt d’iarratas ar údarú taistil a diúltaíodh, a rinneadh a chúlghairm nó a cuireadh ar neamhní;

    (b)bunachar sonraí VIS chun seiceáil an bhfuil na sonraí a soláthraíodh san iarratas maidir leis an doiciméad taistil ag comhfhreagairt d’iarratas eile ar víosa a ghabhann le sonraí difriúla céannachta agus, lena chois sin, an raibh an tiarratasóir faoi réir cinneadh i dtaobh víosa ghearrfhanachta a dhiúltú, a chúlghairm nó a chur ar neamhní;

    (c)bunachar sonraí EES chun seiceáil an bhfuil sé tuairiscithe faoi láthair gur rófhantóir é an tiarratasóir, nó ar tuairiscíodh gur rófhantóir é san am atá caite nó ar diúltaíodh cead isteach don iarratasóir san am atá caite;

    (d)bunachar sonraí Eurodac chun seiceáil an raibh an tiarratasóir faoi réir tharraingt siar nó dhiúltú an iarratais ar mhaithe le cosaint idirnáisiúnta;

    (e)sonraí Europol chun seiceáil an gcomhfhreagraíonn na sonraí a soláthraíodh san iarratas do shonraí atá ar taifead sa bhunachar sonraí sin;

    (f)an córas ECRIS-TCN chun seiceáil an gcomhfhreagraíonn an tiarratasóir do dhuine a bhfuil a shonraí ar taifead sa bhunachar sonraí sin i ngeall ar chionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile;

    (g)bunachar sonraí SIS chun seiceáil an bhfuil an tiarratasóir faoi réir foláireamh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críocha géillte ar bhonn Barántas Gabhála Eorpach nó a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críocha eiseachadta.

    Beidh rochtain ag an gconsalacht ar an gcomhad iarratais agus ar aon chomhad iarratais nasctha, más ann dó, mar aon le toradh na bhfíoruithe ar fad de bhun Airteagal 9c de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

    3b. Ceadóidh an túdarás víosaí an brathadóir ilchéannachtaí mar aon leis an stóras coiteann sonraí céannachta dá dtagraítear in Airteagal 4(37) de Rialachán 2018/XX [maidir le hidir-inoibritheacht] nó Córas Faisnéise Schengen nó an dá rud chun na difríochtaí sna céannachtaí atá nasctha a mheasúnú agus déanfaidh sé aon fhíorú breise is gá chun cinneadh a dhéanamh maidir le stádas agus dath an naisc agus, chomh maith leis sin, chun cinneadh a dhéanamh maidir le víosa an duine lena mbaineann a eisiúint nó a dhiúltú.

    I gcomhréir le hAirteagal 59(1) de Rialachán 2018/XX [maidir le hidir-inoibritheacht] ní bheidh feidhm ag an mír seo ach amháin ó thús oibríochtaí an bhrathadóra ilchéannachtaí.”;

    (c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    “4. Fíoróidh an chonsalacht, trí bhíthin úsáid a bhaint as an bhfaisnéis a fuarthas ó EES, nach mbeidh de thoradh an fhanachta atá beartaithe fad uasta aon fhanachta a údaraíodh ar chríoch na mBallstát sáraithe ag an iarratasóir, beag beann ar thréimhsí féideartha fanachta arna núdarú faoi víosa fadfhanachta náisiúnta nó faoi chead cónaithe arna eisiúint ag Ballstát eile.”;

    (4)cuirtear an tAirteagal 21a seo a leanas isteach:

    “Airteagal 21a

    Táscairí riosca sonracha

    1.Beidh measúnú ar an tslándáil nó ar inimirce neamhdhleathach nó ar ardrioscaí eipidéime bunaithe ar na nithe seo a leanas:

    (a)staitisticí arna ngineadh ag EES lena léirítear rátaí neamhghnácha rófhantóirí agus diúltuithe cead isteach i ndáil le grúpa sonrach taistealaithe a bhfuil víosa acu;

    (b)staitisticí arna ngineadh ag VIS i gcomhréir le hAirteagal 45a lena léirítear rátaí neamhghnácha diúltuithe iarratas ar víosa mar gheall ar bhaol imirce neamhrialta, baol slándála nó baol don tsláinte phoiblí a bhaineann le grúpa sonrach taistealaithe;

    (c)staitisticí arna ngineadh ag VIS i gcomhréir le hAirteagal 45a agus ag EES lena léirítear comhghaolta idir faisnéis arna bailiú tríd an bhfoirm iarratais agus rófhanacht nó diúltuithe cead isteach;

    (d)faisnéis, dar bunús eilimintí fíorasacha agus eilimintí bunaithe ar fhianaise, arna soláthar ag na Ballstáit i dtaobh táscairí riosca sonracha maidir le slándáil nó bagairtí sonracha slándála a shainaithin an Ballstát sin;

    (e)faisnéis, dar bunús eilimintí fíorasacha agus eilimintí bunaithe ar fhianaise, arna soláthar ag na Ballstáit maidir le rátaí neamhghnácha rófhantóirí nó diúltuithe cead isteach i gcás grúpa sonrach taistealaithe i leith an Bhallstáit sin;

    (f)faisnéis arna soláthar ag na Ballstáit maidir le hardrioscaí sonracha eipidéime chomh maith le faisnéis um fhaireachas eipidéimeolaíochta agus measúnuithe riosca arna soláthar ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) agus ráigeanna galair arna dtuairisciú ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS).

    2.Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme, lena sonrófar na rioscaí dá dtagraítear i mír 1. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(2).

    3.Ar bhonn na rioscaí sonracha arna gcinneadh i gcomhréir le mír 2, bunófar táscairí riosca sonracha a bheidh comhdhéanta de shonraí éagsúla lena náirítear ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

    (a)aoisghrúpa, inscne, náisiúntacht;

    (b)tír chónaithe agus cathair chónaithe;

    (c)Ballstát/Ballstáit cinn scríbe

    (d)Ballstát na chéad iontrála;

    (e)cuspóir an taistil;

    (f)slí bheatha reatha.

    4.Beidh na táscairí riosca sonracha spriocdhírithe agus comhréireach. Ní bheidh, i gcás ar bith, na táscairí sin bunaithe ar inscne nó aois duine agus orthu sin amháin. Ní bhunófar iad, i gcás ar bith, ar fhaisnéis maidir le cine an duine, an dath craicinn atá air, a mhianach eitneach nó sóisialta, a airíonna géiniteacha, an teanga atá aige, na tuairimí polaitiúla nó aon tuairimí eile atá aige, an reiligiún nó creideamh fealsúnach atá aige, an ball de cheardchumann é, an ball de mhionlach náisiúnta é, an mhaoin atá aige, an áit ar rugadh é, an bhfuil míchumas air nó an claonadh atá ann ó thaobh gnéis de.

    5.Glacfaidh an Coimisiún na táscairí riosca sonracha trí ghníomh cur chun feidhme. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(2).

    6.Úsáidfidh na húdaráis víosaí na táscairí riosca sonracha nuair a dhéanfaidh siad a mheas an bhfuil baol na hinimirce neamhdhleathaí, baol do shlándáil aon cheann de na Ballstáit nó ardriosca eipidéime i gcomhréir le hAirteagal 21(1) ag roinnt leis an iarratasóir.

    7.Déanfaidh an Coimisiún na rioscaí sonracha agus na táscairí riosca sonracha a athbhreithniú go tráthrialta.”;

    (5) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 46:

    “Airteagal 46
    Tiomsú staidrimh

    Faoin 1 Márta gach bliain, foilseoidh an Coimisiún tiomsú de na staitisticí bliantúla seo a leanas maidir le víosaí in aghaidh na consalachta agus an phointe trasnaithe teorann i gcás ina ndéanfaidh na Ballstáit astu féin iarratais ar víosa a phróiseáil:

    (a)líon na víosaí idirthurais aerfoirt a ndearnadh iarratas orthu, a eisíodh agus a diúltaíodh;

    (b)líon na víosaí aonfhoirmeachta dul isteach aonuaire, agus líon na víosaí dul isteach iolracha a ndearnadh iarratas orthu, a eisíodh (arna nimdhealú de réir a bhfaid bailíochta: bliain amháin, dhá bhliain, trí bliana, ceithre bliana agus cúig bliana) agus a diúltaíodh;

    (c)líon na víosaí a eisíodh a bhfuil bailíocht chríochach theoranta acu.

    Tiomsófar na staitisticí sin ar bhonn tuarascálacha arna nginiúint ag lárstóras sonraí VIS i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.”;

    (6)in Airteagal 57, scriostar mír 3 agus mír 4.

    Airteagal 4
    Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2017/2226

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2017/2226 mar a leanas:

    (1)cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 9(2):

    “Leis an gcóras dul isteach/imeachta, cuirfear ar fáil an fheidhmiúlacht chun an liosta sin a bhainistiú go lárnach. Leagfar síos i ngníomhartha cur chun feidhme na rialacha mionsonraithe maidir leis an bhfeidhmiúlacht sin a bhainistiú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2) den Rialacháin seo.”;

    (2)in Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3. Chun a noibleagáidí a chomhlíonadh faoi phointe (b) d’Airteagal 26(1) den Choinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, bainfidh iompróirí úsáid as an tseirbhís gréasáin chun a fhíorú an bhfuil víosa ghearrfhanachta bailí, lena náirítear ar úsáideadh cheana an líon uaireanta dul isteach údaraithe nó ar bhain an sealbhóir amach fad uasta an fhanachta údaraithe nó, de réir mar a bheidh, an bhfuil an víosa bailí i leith chríoch calafoirt cinn scríbe an taistil sin. Cuirfidh iompróirí na sonraí a liostaítear faoi phointe (a), pointe (b) agus pointe (c) d’Airteagal 16(1) den Rialachán seo ar fáil. Ar an mbonn sin, tabharfaidh an tseirbhís gréasáin freagra “CGL/NÍL SÉ CGL” do na hiompróirí. Féadfaidh iompróirí pé faisnéis a sheoltar a stóráil mar aon leis an bhfreagra a gheofar i gcomhréir leis an dlí is infheidhme. Bunóidh iompróirí scéim fíordheimhniúcháin lena áirithiú gur ag an bhfoireann údaraithe amháin a bheidh rochtain ar an tseirbhís gréasáin. Ní bheidh sé indéanta an freagra “CGL/NÍL SÉ CGL” a mheas ina chinneadh cead isteach a údarú nó a dhiúltú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399.”;

    (3)in Airteagal 35(4), scriostar an fhoclaíocht “trí bhíthin bhonneagar VIS”.

    Airteagal 5
    Leasuithe ar Rialachán (AE) 2016/399

    Leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 mar seo a leanas:

    (1) in Airteagal 8(3), cuirtear isteach an pointe (ba) seo a leanas:

    “(ba) má bhíonn víosa fadfhanachta nó cead cónaithe ina sheilbh ag náisiúnach tríú tír, is éard a bheidh sna seiceálacha críochnúla ar dhul isteach go bhfíorófar céannacht an tsealbhóra víosa fadfhanachta nó ceada cónaithe agus barántúlacht na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe, trí bhíthin an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) a cheadú i gcomhréir le hAirteagal 22g de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

    i gcásanna ina dteipfidh ar an bhfíorú a dhéanfar ar chéannacht an tsealbhóra doiciméid nó ar an bhfíorú a dhéanfar ar an doiciméad i gcomhréir le hAirteagal 22g den Rialachán sin, de réir mar is infheidhme, nó i gcás ina mbeidh amhras maidir le céannacht an tsealbhóra doiciméid, maidir le barántúlacht an doiciméid agus/nó an doiciméid taistil, déanfaidh foireann chuí-údaraithe na núdarás inniúil sin an slis doiciméid a fhíorú.”;

    (2) in Airteagal 8(3), scriostar pointí (c) go (f).

    Airteagal 7
    Leasuithe ar Rialachán (AE) XXX maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais Eorpaigh (teorainneacha agus víosaí) [an Rialachán maidir le hidir-inoibritheacht]

    Leasaítear Rialachán (AE) XXX maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais Eorpaigh (teorainneacha agus víosaí) [an Rialachán maidir le hidir-inoibritheacht] mar seo a leanas:

    (1)in Airteagal 13(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b) na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(6), Airteagal 22c(2)(f) agus (g), agus Airteagal 22d(f) agus (g) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;”

    (2)In Airteagal 18(1) cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (b):

    “(b)    na sonraí dá dtagraítear in Airteagail 9(4)(a), (b) agus (c), 9(5) agus (6), 22c(2)(a) go (cc), (f) agus (g), agus 22d(a), (b), (c), (f) agus (g) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;”

    (3)in Airteagal 26(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b) na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 nuair a chruthaítear nó nuair a nuashonraítear comhad iarratais nó sainchomhad in VIS i gcomhréir le hAirteagal 8 nó Airteagal 22a de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;”;

    (4)Leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:

    (a) i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b)    go ndéantar comhad iarratais a chruthú nó a nuashonrú in VIS i gcomhréir le hAirteagal 8 nó Airteagal 22a de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;”;

    (b) i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b) sloinne (ainm teaghlaigh); céadainm (céadainmneacha); dáta breithe, inscne agus náisiúntacht (náisiúntachtaí) dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(a), Airteagal 22c(2)(a) agus Airteagal 22d(a) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;”;

    (4)in Airteagal 29(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b) na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 i gcás amais a bhíonn ann nuair a chruthaítear nó nuair a nuashonraítear comhad iarratais nó sainchomhad in VIS i gcomhréir le hAirteagal 8 nó Airteagal 22a de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;”;

    Airteagal 8
    Cinneadh 2008/633/CGB a aisghairm

    Aisghairtear Cinneadh 2008/633/CGB. Déanfar tagairtí do Chinneadh 2008/633 a fhorléiriú mar thagairtí do Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn 2.

    .

    Airteagal 9
    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

    1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

    1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

    1.3.An cineál togra/tionscnaimh

    1.4.Cuspóirí

    1.5.Forais an togra/tionscnaimh

    1.6.Fad agus tionchar airgeadais

    1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

    2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

    2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

    2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

    2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

    3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

    3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

    3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

    3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

    3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

    3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

    1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

    Togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Ballstáit (Rialachán VIS) agus Rialachán 810/2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí)

    1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

    Gnóthaí Baile

    1.3.An cineál togra/tionscnaimh

     Baineann an togra/tionscnamh le beart nua 

     Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 75  

     Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana 

     Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

    1.4.Forais an togra/tionscnaimh

    1.4.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

    1) Cuidiú le náisiúnaigh tríú tír a shainaithint agus a fhilleadh nach gcomhlíonann anois, nó nach gcomhlíonann a thuilleadh, na coinníollacha le haghaidh dul isteach i gcríoch na mBallstát nó na coinníollacha le haghaidh fanacht ar chríoch na mBallstát i gcomhréir leis an Treoir um Fhilleadh;

    2) Éifeachtúlacht VIS a fheabhsú chun nósanna imeachta um fhilleadh a éascú;

    3) Cuspóirí VIS a chomhlíonadh ar bhealach níos fearr (éascú an chomhraic in aghaidh chalaois, éascú na seiceála ag pointe trasnaithe teorann seachtraí, éascú cur chun feidhme Rialachán Bhaile Átha Cliath II);

    4) Tacú leis an gcomhrac in aghaidh gháinneáil ar leanaí, agus le cosc na gáinneála sin, agus le sainaithint/fíorú aitheantas leanaí tríú tír;

    5) Seiceálacha ag láithreacha trasnaithe na dteorainneacha seachtracha agus laistigh de chríoch na mBallstát a éascú agus a neartú;

    6) Slándáil inmheánach Limistéar Schengen a fheabhsú trí fhaisnéis a mhalartú idir Ballstáit maidir le náisiúnaigh tríú tír is sealbhóirí víosaí fadfhanachta agus doiciméid chónaithe, nó atá ag déanamh iarratais ar víosaí fadfhanachta agus ar dhoiciméid chónaithe;

    7) Cuidiú chun cionta sceimhlitheoireachta agus cionta tromchúiseacha coiriúla eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú;

    8) Staitisticí a thiomsú chun tacú le beartas imirce an Aontais a dhéanamh bunaithe ar fhianaise;

    9) An caighdeán cuardaigh nós imeachta céanna a chur chun feidhme is atá in úsáid ag buneilimintí córais eile den bheartas víosaí, agus ar an mbealach sin an tualach a laghdú do Bhallstáit agus cur le baint amach an chomhbheartais víosaí.

    1.4.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh sé go mbeadh fachtóirí éagsúla ann, e.g. gnóchain chomhordúcháin, deimhneacht dhlíthiúil, éifeachtachtaí nó comhlántachtaí níos fearr). Chun críocha an phointe seo is ionann ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ agus an luach a bhíonn mar thoradh ar idirghabháil ón Aontas atá sa bhreis ar an luach a bheadh cruthaithe murach sin ag na Ballstáit dá mbeidís ag feidhmiú astu féin.

    Cúiseanna leis an ngníomhaíocht ar leibhéal an Aontais (ex ante)

    Ní féidir cuspóirí Rialacháin leasaithe VIS, eadhon córas comhchoiteann agus nósanna imeachta comhchoiteanna a chruthú chun sonraí víosa a mhalartú idir Ballstáit, ní féidir iad a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus is fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus iarmharta an ghnímh, a fhéadfar é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, ní mór don Aontas gníomhú chun gur féidir tuilleadh feabhais a chur ar na nósanna imeachta agus rialacha comhchoiteanna maidir le malartú sonraí.

    Ní dóigh go mbeidh deireadh leis na fadhbanna aitheanta go luath agus baineann siad go díreach le forálacha reatha VIS. Ní féidir leasuithe a dhéanamh ar chreat dlíthiúil VIS agus ar an reachtaíocht a bhaineann leis ach amháin ar leibhéal an Aontais. I bhfianaise scála, éifeachtaí agus thionchar na ngníomhaíochtaí atá beartaithe, ní féidir na cuspóirí bunúsacha a bhaint amach go héifeachtúil córasach ach amháin ar leibhéal an Aontais. I dtaca leis an gcóip den doiciméad taistil agus méarlorgaireacht a dhéanamh ar mhionaoisigh go háirithe, léireoidh an anailís a dhéanfar ar an rogha nach féidir aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar an bhfadhb le gníomhú neamh-Aontais, mar go bhfuil gá le réiteach trí stóráil lárnach agus rochtain ar shonraí nach féidir le haon Bhallstát a bhaint amach as féin. I dtaca leis an bhfadhb a bhaineann le víosaí fadfhanachta agus doiciméid chónaithe go háirithe, mheas níos mó ná 90% de na Ballstáit lena ndeachthas i gcomhairle gur gá freagairt reachtach ón Aontas chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna faisnéise. I dtaca le seiceálacha slándála agus imirce, braitheann sé ar rochtain láithreach ar an bhfaisnéis uile a bhaineann leis na Ballstáit, rud nach féidir a bhaint amach ach amháin le gníomhaíocht de chuid an Aontais.

    Leis an tionscnamh déanfar na rialacha in VIS a fhorbairt agus a fheabhsú tuilleadh, rud a mbaineann ard-chomhchuibhiú rialacha leis, nach féidir leis na Ballstáit a réiteach astu féin, agus nach féidir aghaidh a thabhairt air ach amháin ar leibhéal an Aontais.

    Breisluach ionchasach AE (ex-post)

    Is é VIS an príomhbhunachar sonraí lena gcuimsítear sonraí náisiúnach tríú tír a dteastaíonn víosa uathu san Eoraip. Dá bhrí sin, ní féidir déanamh gan VIS a mhéid a bhaineann le tacú le rialuithe ag teorainneacha seachtracha agus le seiceálacha ar imircigh neamhrialta a aimsítear ar an gcríoch náisiúnta. Baineann cuspóirí an togra seo le feabhsuithe teicniúla chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtacht an chórais agus chun comhchuibhiú a dhéanamh ar úsáid an chórais ar fud na mBallstát rannpháirteach. Fágann cineál trasnáisiúnta na naidhmeanna sin, chomh maith leis na dúshláin a ghabhann lena áirithiú go bhfuil malartú éifeachtach faisnéise ann chun cur i gcoinne bagairtí atá ag éirí níos éagsúla ná riamh, fágann sin gurb é an tAontas Eorpach atá sa riocht is fearr chun réitigh ar na fadhbanna sin a mholadh. Ní féidir leis na Ballstáit na cuspóirí a bhaineann le feabhsú éifeachtúlacht agus úsáid chomhchuibhithe SIS, eadhon, méadú a dhéanamh ar mhéid, ar cháilíocht agus ar luas an mhalartaithe faisnéise trí chóras mórscála faisnéise arna bhainistiú ag gníomhaireacht rialála (eu-LISA), ní féidir leo iad a bhaint amach ina naonar agus tá gá le hidirghabháil ina leith ar leibhéal an Aontais. Mura dtugtar aghaidh ar na saincheisteanna atá ann anois, leanfaidh SIS de bheith ag oibriú i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme faoi láthair agus, ar an dóigh sin, caillfear deiseanna chun uasmhéadú a dhéanamh ar éifeachtúlacht agus ar bhreisluach an Aontais atá sainaitheanta trí mheastóireacht ar VIS agus ar úsáid VIS ag na Ballstáit.

    Maidir le méarloirg a thógáil ó iarratasóirí ar víosaí faoi 12 bhliain d’aois, ní féidir leis na Ballstáit cinneadh a dhéanamh go haontaobhach maidir leis an gcóras a athrú mar go bhfuil líon áirithe rialacha á sonrú cheana i Rialachán VIS.

    Is féidir agus is inmhianaithe gníomhú ar leibhéal náisiúnta chun iarracht a dhéanamh comhar níos fearr ó thríú tíortha a bhaint amach maidir le himircigh neamhrialta a fhilleadh. Mar sin féin, ní dóigh go mbainfear an éifeacht chéanna amach le haon ghníomhaíochtaí den sórt sin is a dhéanfar tríd an doiciméad taistil a chur ar fáil in VIS chun críocha cuí réasúnaithe.

    I dtaca le víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe, ní dóigh go dtabharfaí aghaidh ar an bhfadhb trí ghníomhú ar leibhéal náisiúnta; d’fhéadfadh na Ballstáit gníomhú ar bhonn aonair, trína ndoiciméid, a bpróisis eisiúna, a seiceálacha ar dhoiciméid ag pointí trasnaithe teorann a neartú nó trí chomhar déthaobhach a threisiú nó a chórasú. Leis an gcur chuige sin, áfach, ní thabharfaí aghaidh ar an mbearna faisnéise aitheanta ar bhealach cuimsitheach mar a mhínítear a thuilleadh sa Measúnú Tionchair.

    I dtaca le seiceálacha uathoibrithe ar bhunachair shonraí eile, tá sé de chead ag na Ballstáit réitigh a fhorbairt lena mbunachair shonraí náisiúnta a úsáid chomh maith le bunachair shonraí an Aontais agus bunachair shonraí idirnáisiúnta. B’fhearr, áfach, na rialacha a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais chun cur ar chumas na mBallstát rialacha comhchoiteanna Schengen a chur chun feidhme ar bhealach comhordaithe.

    1.4.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

    Seo a leanas na príomhcheachtanna a foghlaimíodh ón dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) agus an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) a fhorbairt:

    1. Níor cheart tús a chur leis an gcéim forbartha go dtí go mbeidh sainiú iomlán déanta ar na riachtanais theicniúla agus oibríochtúla. Ní dhéanfar VIS a nuashonrú mura nglacfar go cinntitheach na hionstraimí bunúsacha dlí lena leagtar amach a chuspóir, a raon feidhme, a fheidhmeanna agus na mionsonraí teicniúla.

    2. Chuaigh an Coimisiún i mbun comhairliúchán (agus leanann sé de sin a dhéanamh) leis na páirtithe leasmhara ábhartha lena náirítear toscairí don Choiste SISVIS faoin nós imeachta coiste agus an Grúpa Teagmhála don Treoir um Fhilleadh. Rinneadh na hathruithe atá beartaithe leis an Rialachán seo a phlé ar bhealach trédhearcach agus cuimsitheach le linn sainchruinnithe agus saincheardlann. Thairis sin, go hinmheánach, chuir an Coimisiún Grúpa Stiúrtha Idirsheirbhíse ar bun, inar cuimsíodh an Ardrúnaíocht agus na hArdstiúrthóireachtaí um Imirce agus Gnóthaí Baile agus um Cheartas. Rinne an grúpa stiúrtha sin faireachán ar an bpróiseas meastóireachta agus chuir sé treoir ar fáil de réir mar ba ghá. Ina theannta sin, reáchtáil an Coimisiún comhairliúcháin phoiblí oscailte a bhain leis na gnéithe den bheartas a scrúdaíodh.

    3. Chuaigh an Coimisiún ar lorg saineolas seachtrach freisin; tá na torthaí ionchorpraithe i bhforbairtí an togra seo:

    - Rinneadh staidéar seachtrach ar An indéantacht agus na himpleachtaí a ghabhann le hísliú aois déanta méarlorg na leanaí agus le cóip scanta de dhoiciméad taistil an iarratasóra víosa a stóráil sa chóras faisnéise víosaí VIS (Ecorys) lena gcumhdaítear dhá réimse beartais/fadhbanna.

    - Sheol an Coimisiún staidéar seachtrach freisin ar Bhainistiú Comhtháite Teorainneacha – Staidéar Féidearthachta le cur san áireamh i stóras doiciméid le haghaidh víosaí Fadfhanachta, Ceadanna Cónaithe, agus Ceadanna Tráchta Teorann Áitiúil (PwC) a cuireadh i gcrích i mí Mheán Fómhair 2017.

    1.4.4.Comhoiriúnacht d’ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d’fhéadfadh a bheith ann

    I gcomhréir leis an Teachtaireacht ó mhí Aibreáin 2016 dar teideal Córais Faisnéise níos Láidre agus níos Cliste do Theorainneacha agus don tSlándáil, mhol an Coimisiún córais bhreise faisnéise i réimse an bhainistithe teorann. Leis an Rialachán lena mbunaítear an Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) 76 déanfar sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha limistéar Schengen, ar an mbealach sin ag sainaithint rófhantóirí. Leis an Rialachán EES leasaítear freisin Rialachán VIS agus sonraítear rialacha maidir le hidir-inoibritheacht idir EES agusVIS, lena mbunaítear bealach cumarsáide díreach idir an dá chóras a bheidh le húsáid ag údaráis teorainn agus údaráis víosaí. Leis sin beidh na húdaráis teorann in ann bailíocht na víosa agus céannacht an tsealbhóra víosa a fhíorú go díreach in VIS ag na teorainneacha seachtracha. Beidh údaráis chonsalachta in ann comhad EES iarratasóra a sheiceáil chun an úsáid a baineadh as víosaí roimhe a fhíorú.

    Thíolaic an Coimisiún togra freisin chun Córas de chuid an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) 77 a bhunú, a bhfuil sé mar aidhm leis bainistiú níos éifeachtaí de theorainneacha seachtracha an Aontais a bhaint amach, agus feabhas a chur ar an tslándáil inmheánach trí réamhsheiceálacha a thabhairt isteach ar thaistealaithe saor ó víosa sula sroicheann siad na teorainneacha seachtracha.

    I mí na Nollag 2017, thíolaic an Coimisiún togra chun idir-inoibritheacht a áirithiú idir córais faisnéise an Aontais le haghaidh slándáil, teorainneacha agus bainistiú imirce. Féachtar leis an togra freisin le rochtain údarás forfheidhmithe dlí ar chórais faisnéise nach ndéantar an dlí a fhorfheidhmiú leo a éascú agus a chuíchóiriú ar leibhéal an Aontais, lena náirítear VIS, i gcás inar gá chun coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh. Níl in áirithiú go bhfuil córais éagsúla faisnéise idir-inoibritheach ach an chéad chéim, áfach. Chun leas a bhaint as an idir-inoibritheacht, ní mór bearta nithiúla a dhéanamh chun córais idir-inoibritheacha TF a chur ag obair le chéile.

    I dteannta na bhforbairtí reachtacha sin, i mí Mheán Fómhair 2017 admhaíodh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Cur i gCrích an Chláir Oibre Eorpaigh maidir leis an Imirce 78 gur gá an comhbheartas víosaí a chur in oiriúint fós do na dúshláin atá ann, agus réitigh TF a chur i gcás, mar aon leis an sochar a bhaineann le taisteal éascaithe le víosa a chur i gcothromaíocht le himirce fheabhsaithe, le slándáil agus le bainistiú teorainneacha, agus leas iomlán a bhaint as an idir-inoibritheacht. Sa chomhthéacs sin, thíolaic an Coimisiún Teachtaireacht maidir leis an gcomhbheartas víosaí a chur in oiriúint do dhúshláin nua an 14 Márta 2018 79 , i gcomhthráth le togra maidir leis an gCód Víosaí a leasú. Tá sé mar aidhm leis an togra maidir leis an gCód Víosaí 80 a leasú an nós imeachta um iarratas ar víosaí a shimpliú agus a neartú, chun go mbeidh sé níos éasca do thurasóirí agus do thaistealaithe gnó teacht go dtí an Eoraip le víosa agus ag an am céanna an cosc ar imirce neamhrialta agus rioscaí slándála a threisiú, go háirithe tríd an mbeartas víosaí a cheangal leis an mbeartas um fhilleadh. Tá áit ag VIS sa chomhthéacs sin mar an uirlis phróiseála leictreonach lena dtacaítear leis an nós imeachta maidir le víosaí.

    Fógraíodh sa Teachtaireacht ó mhí an Mhárta an obair i dtreo feabhas a chur ar an tslándáil trí VIS a leasú agus leas iomlán a bhaint as an idir-inoibritheacht. Fógraíodh ann freisin na trí príomhrialacha mionsonraithe lena mbainfear slándáil fheabhsaithe amach: 1. trí sheiceálacha atá mar chuid den phróiseáil víosaí a fheabhsú le hidir-inoibritheacht; 2. trí na bearnaí faisnéise atá ann go fóill i dtaca le teorainneacha agus slándáil a dhúnadh trí víosaí fadfhanachta agus doiciméid chónaithe a chur san áireamh le VIS agus 3. trí aghaidh a thabhairt ar bhearnaí faisnéise atá go fóill ann i dtaca le próiseáil víosaí gearrfhanachta, ó thaobh aois déanta méarlorg iarratasóirí agus cóipeanna de dhoiciméid taistil a choinneáil.

    1.5.Fad agus tionchar airgeadais

     Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta

       Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

       Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

     Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

    Cur chun feidhme le linn na tréimhse tosaigh ó 2021 go 2023,

    agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

    1.6.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 81  

    xBainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

    x ag a ranna, lena náirítear an fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

       trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

     Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

     Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

    tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

    eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

    BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

    comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;;

    comhlachtaí dlí poiblí;

    comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

    comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

    daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

    I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

    Nótaí

    2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

    2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

    Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

    Déantar cur síos ar na rialacha maidir le faireachán agus meastóireacht in Airteagal 50 de Rialachán VIS:

    1. Áiritheoidh an tÚdarás Bainistíochta go mbeidh nósanna imeachta ann chun monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú an VIS de réir a chuspóirí, maidir le haschur, costéifeachtúlacht, slándáil agus cáilíocht seirbhíse.

    2. Chun críocha na cothabhála teicniúla, beidh rochtain ag an Údarás Bainistíochta ar an bhfaisnéis is gá maidir leis na hoibríochtaí próiseála a dhéanfar sa VIS.

    3. Dhá bhliain tar éis don VIS dul i mbun oibríochta agus gach re bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh an tÚdarás Bainistíochta tuarascáil ar fheidhmiú teicniúil an VIS, lena náirítear a shlándáil, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle, agus faoi bhráid an Choimisiúin.

    4. Gach trí bliana tar éis VIS a thabhairt i bhfeidhm agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiúin meastóireacht fhoriomlán ar VIS. Áireofar sa mheastóireacht fhoriomlán sin scrúdú ar na torthaí a fuarthas de réir na gcuspóirí a bhí ann, agus measúnú ar bhailíocht leanúnach na bunréasúnachta, ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir le VIS, ar shlándáil VIS, ar an úsáid a baineadh as na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 31 agus ar aon impleachtaí ar oibríochtaí amach anseo. Tarchuirfidh an Coimisiún an mheastóireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

    5. Roimh dheireadh na dtréimhsí dá dtagraítear in Airteagal 18(2) tuairisceoidh an Coimisiún ar an dul chun cinn teicniúil a bheidh déanta maidir le húsáid méarlorg ag teorainneacha seachtracha agus na himpleachtaí a bheidh ann d’fhad ama na gcuardach ag úsáid uimhir an ghreamáin víosa i gcomhar le fíorú mhéarloirg shealbhóir na víosa, lena náirítear an mbeidh tréimhse feithimh rófhada ag láthair trasnaithe teorann san fhad ama a meastar do chuardach den sórt sin. Tarchuirfidh an Coimisiún an mheastóireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Ar bhonn na meastóireachta sin, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó féadfaidh an Chomhairle cuireadh a thabhairt don Choimisiún leasuithe cuí ar an Rialachán seo a mholadh, más gá.

    6. Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Údarás Bainistíochta agus don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 3, i mír 4, agus i mír 5 a dhréachtú.

    7. Cuirfidh an tÚdarás Bainistíochta ar fáil don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun na meastóireachtaí foriomlána dá dtagraítear i mír 4 a sholáthar.

    8. Le linn na hidirthréimhse sula nglacfaidh an tÚdarás Bainistíochta cúram freagrachta, beidh an Coimisiún freagrach as na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 3 a sholáthar agus a chur isteach.

    2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

    2.2.1.Na rioscaí a aithníodh.

    1. Deacrachtaí le forbairt theicniúil an chórais

    D’fhéadfadh athruithe breise ar chomhéadain a bheith ag teastáil do pháirtithe leasmhara mar gheall ar choigeartú VIS. Tá córais náisiúnta TF na mBallstát difriúil ó thaobh cúrsaí teicniúla de. Ina theannta sin, d’fhéadfadh próisis rialaithe teorann a bheith éagsúil ag brath ar na cúinsí áitiúla. Ina theannta sin, ní mór do chomhtháthú Comhéadain Náisiúnta Aonfhoirmigh (NUInna) a bheith ailínithe go hiomlán leis na riachtanais lárnacha.

    Tá riosca ann go fóill go ndéanfaidh na Ballstáit gnéithe teicniúla agus dlíthiúla de VIS a chur chun feidhme ar bhealaí éagsúla, toisc nach bhfuil an comhordú idir na taobhanna lárnacha agus náisiúnta leordhóthanach. Ba cheart go ndéanfadh coincheap an chomhéadain úsáideora náisiúnta an riosca sin a mhaolú.

    2. Deacrachtaí maidir le forbairt thráthúil an chórais

    Ar bhonn an taithí a fuarthas agus VIS agus SIS II á bhforbairt, is féidir a bheith ag súil leis go mbeidh cumas an chonraitheora sheachtraigh an córas a fhorbairt go tráthúil ina fhachtóir mór i gcoigeartú rathúil VIS. Mar ionad barr feabhais i réimse fhorbairt agus bhainistiú chóras TF ar mhórscála, beidh eu-LISA freagrach as conarthaí a bhronnadh agus a bhainistiú freisin.

    3. Deacrachtaí do na Ballstáit:

    Ní mór na córais náisiúnta a ailíniú le riachtanais lárnacha agus d’fhéadfadh sé go mbeidh moilleanna ar an bhforbairt mar gheall ar phlé leis na Ballstáit. D’fhéadfaí an riosca sin a mhaolú trí theagmháil a dhéanamh ag céim luath leis na Ballstáit maidir leis an tsaincheist seo chun a áirithiú gur féidir gníomhaíocht a dhéanamh ag an am iomchuí.

    2.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm.

    Feidhmíonn eu-LISA na freagrachtaí i ndáil leis na comhchodanna lárnacha de VIS. Chun faireachán níos fearr ar úsáid VIS a chumasú d’fhonn anailís a dhéanamh ar threochtaí maidir le brú imirce, bainistiú teorainneacha agus cionta coiriúla, ba cheart go mbeadh an Ghníomhaireacht in ann acmhainneacht úrscothach a fhorbairt i ndáil le tuairisciú staidrimh do na Ballstáit agus don Choimisiún.

    Déanfar cuntais eu-LISA a thíolacadh lena bhformheas ag an gCúirt Iniúchóirí agus beidh siad faoi réir an nós imeachta um urscaoileadh. Déanfaidh Seirbhís an Choimisiúin um Iniúchóireacht Inmheánach a cuid iniúchtaí féin i gcomhar le hiniúchóir inmheánach na Gníomhaireachta.

    2.2.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis.

    Neamhbhainteach

    2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

    Tá na bearta atá beartaithe chun calaois a chomhrac leagtha síos in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 1077/2011, lena bhforáiltear mar seo a leanas:

    1. Chun calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999.

    2. Aontóidh an Ghníomhaireacht don Chomhaontú Idir-Institiúideach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus eiseoidh sí, gan mhoill, na forálacha iomchuí is infheidhme maidir le fostaithe uile na Gníomhaireachta.

    3. Leagfar síos go sainráite sna cinntí maidir le maoiniú agus maidir leis na comhaontuithe cur chun feidhme agus na hionstraimí cur chun feidhme a thagann astu go bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF seiceálacha ar an láthair a chur i gcrích, más gá, i measc fhaighteoirí mhaoiniú na Gníomhaireachta agus i measc na ngníomhairí atá freagrach as an maoiniú a leithdháileadh.

    I gcomhréir leis an bhforáil sin, glacadh cinneadh an Bhoird Bainistíochta de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí um bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais, maidir le téarmaí agus coinníollacha d’imscrúduithe inmheánacha i dtaca le calaois, éilliú, agus gníomhaíocht neamhdhleathach atá díobhálach do leasanna an Aontais an 28 Meitheamh 2012.

    Beidh feidhm ag straitéis AS HOME chun calaois a chosc agus a bhrath.

    3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

    ·Línte buiséid atá ann cheana

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

    Líne buiséid

    Saghas
    caiteachais

    Ranníocaíocht

    Uimhir
    [Ceannteideal………………………...…………]

    LD/LN 82 .

    ó thíortha de chuid CSTE 83

    ó thíortha is iarrthóirí 84

    ó thríú tíortha

    de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

    [XX.YY.YY.YY]

    LD/LN

    TÁ/NÍL

    TÁ/NÍL

    TÁ/NÍL

    TÁ/NÍL

    ·Línte nua buiséid atá á niarraidh

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

    Líne buiséid

    Saghas
    caiteachais

    Ranníocaíocht

    Uimhir [3]

    [Ceannteideal Slándáil agus Saoránacht]

    LD/LN

    ó thíortha de chuid CSTE

    ó thíortha is iarrthóirí

    ó thríú tíortha

    de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

    3

    Líne Chiste Bainistithe Teorann faoi CAI 2021-2027

    LD

    NÍL

    NÍL

    NÍL

    3

    Ceannteideal 5 Slándáil agus Cosaint, cnuasach 12 Slándáil - Europol

    LD

    NÍL

    NÍL

    NÍL

    NÍL

    3

    Ceannteideal 4 (cnuasach 11 Bainistiú Teorainneacha) – Gníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (eu-LISA) in CAI 2021-2027

    LD

    NÍL

    NÍL

    NÍL

    3

    Ceannteideal 4 (cnuasach 11 Bainistiú Teorainneacha) – An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) in CAI 2021-2027

    LD

    NÍL

    NÍL

    NÍL

    3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

    3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Ceannteideal an chreata airgeadais
    ilbhliantúil:

    3

    Slándáil agus Saoránacht

    AS HOME 

    Bliain  

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

    2027

    IOMLÁN

    Líne Chiste Bainistithe Teorann (18.0201XX) in CAI 2014-2020

    Gealltanais

    18,000

    13,500

    13,500

    0,000

    0,000

    0,000

    0,000

    45,000

    Líne Chiste Bainistithe Teorann (18.0201XX) in CAI 2014-2020 

    Íocaíochtaí

    9,000

    11,250

    13,275

    7,088

    3,375

    1,013

    0,000

    45,000

    IOMLÁN leithreasuithe

    Le haghaidh AS HOME

    Gealltanais

    18,000

    13,500

    13,500

    0,000

    0,000

    0,000

    0,000

    45,000

    Íocaíochtaí

    9,000

    11,250

    13,275

    7,088

    3,375

    1,013

    0,000

    45,000

    Cumhdóidh an caiteachas sin na costais a bhaineann le:

    - Ranníocaíochtaí leis na Ballstáit lena gcumhdaítear forbairt agus cur chun feidhme beart sonrach ar leibhéal náisiúnta chun údaráis imirce a eisíonn ceadanna cónaithe ar an gcríoch a cheangal le VIS, chun a bhfeidhmiúlacht náisiúnta a fhorbairt le fiosrúcháin uathoibrithe a dhéanamh i mbunachair shonraí eile, agus chun méarlorgaireacht a dhéanamh ar iarratasóirí ó 6 bliana d’aois, cóipeanna de na doiciméid taistil a stóráil, na comhéadain náisiúnta a ullmhú don Lárstóras VIS maidir le tuairisciú agus staidreamh agus bearta maidir le cáilíocht sonraí a chur chun feidhme.

    - Déantar ranníocaíochtaí na mBallstát a mheas bunaithe ar chaiteachas na mBallstát roimhe seo ar CSI chun snáithe éagsúla de VIS a chur chun feidhme. Suim mheasta de 700,000 euro in aghaidh an Bhallstáit, go garbh, chun acmhainneacht a gcomhéadain náisiúnta a mhéadú le sonraí maidir le víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe a mhalartú, i dteannta líon reatha na sonraí maidir le víosaí gearrfhanachta (táthar ag súil le 22M iarratas i gcomparáid le hacmhainneacht reatha VIS de 52M i dtaca le víosaí gearrfhanachta - mar chomparáid, caitheann Ballstát amháin 800,000 euro in aghaidh na bliana ar an meán ar ghnó leanúnach VIS).

    18.02.XX roimhe seo – Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol)

     Bliain 

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

    2027

    IOMLÁN

    Caiteachas foirne

    Gealltanais

     

     

    0,148

    0,370

    0,370

    0,370

    0,370

    1,628

     

    Íocaíochtaí

     

     

    0,148

    0,370

    0,370

    0,370

    0,370

    1,628

    Caiteachas oibríochtúil

    Gealltanais

    7,000

    7,000

    6,000

    2,000

    2,000

    2,000

    2,000

    28,000

     

    Íocaíochtaí

    7,000

    7,000

    6,000

    2,000

    2,000

    2,000

    2,000

    28,000

    IOMLÁN leithreasuithe

    Le haghaidh Europol

    Gealltanais

    7,000

    7,000

    6,148

    2,370

    2,370

    2,370

    2,370

    29,628

    Íocaíochtaí

    7,000

    7,000

    6,148

    2,370

    2,370

    2,370

    2,370

    29,628

    Cumhdóidh an caiteachas sin na costais a bhaineann le:

    - AFIS a fhorbairt chun gur féidir na méarloirg/na híomhánna aghaidhe a chuardach i measc sonraí bithmhéadracha Europol. Ba cheart don AFIS an aga freagartha céanna a thabhairt is a thugann VIS (~10 nóiméad) chun moilleanna a sheachaint i bpróiseáil iarratas ar víosa. Rinneadh an costas a bhaineann le AFIS a thógáil a mheas ar bhonn taithí eile den sórt sin i dtaca le VIS/AFIS a thógáil ag eu-LISA, a chosain 30M (figiúirí 2006) nuair a cuireadh chun feidhme i dtús é agus 10M breise le haghaidh líon breise sonraí. Is ionann sonraí Europol agus 1/3 d’acmhainneacht VIS go garbh, is é sin 13M. Ba cheart praghsanna nuashonraithe an mhargaidh (tá córais níos costasaí mar gheall ar éileamh níos mó agus iomaíocht níos lú) a chur san áireamh, chomh maith le méadú ar mhéid chóras Europol faoi 2021, nuair a thosófar ag tógáil AFIS agus na costais riaracháin a bhaineann leis.

    - Tá gá le baill foirne chun fíorú de láimh a áirithiú ar shonraí nuair a fhaightear amas ó shonraí Europol (speisialtóirí méarlorg). Níl aon fheidhm den sórt sin laistigh de Europol faoi láthair (mar go bhfuil an córas seiceálacha uathoibrithe á chur i bhfeidhm leis an togra seo), agus dá bhrí sin ní mór é sin a thuar. Tá líon na saineolaithe méarlorg bunaithe ar an ualach measta oibre a bhainfeadh le 0,1% amas ó shonraí bithmhéadracha Europol de 16M iarratasóir in aghaidh na bliana, dá bhrí sin 16,000 fíorú in aghaidh na bliana, tuairim is 44 cás in aghaidh an lae, saineolaí méarlorg ag tabhairt faoi tuairim is 8 gcás in aghaidh an lae, dá bhrí sin bheadh gá le 4 duine. Molaimid 5 saineolaí, lena gcuirfear san áireamh an gá atá le láithreacht 7 lá in aghaidh na seachtaine, 24 huaire an chloig a áirithiú (ós rud é go bhfeidhmíonn VIS de lá is d’oíche agus go bhféadfadh na consalachtaí ar fud an domhain iarratais a sheoladh isteach tráth ar bith den lá).

    18.02. XX roimhe seo – Gníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (eu-LISA) in CAI 2014-2020

     Bliain 

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

    2027

    IOMLÁN

    Caiteachas foirne

    Gealltanais

    0,942

    1,376

    1,302

    0,651

    0,286

    0,286

    0,286

    5,129

     

    Íocaíochtaí

    0,942

    1,376

    1,302

    0,651

    0,286

    0,286

    0,286

    5,129

    Caiteachas oibríochtúil

    Gealltanais

    16,244

    28,928

    28,343

    6,467

    6,510

    6,562

    6,624

    99,678

     

    Íocaíochtaí

    16,244

    28,928

    28,343

    6,467

    6,510

    6,562

    6,624

    99,678

    IOMLÁN leithreasuithe

    le haghaidh eu-LISA

    Gealltanais

    17,186

    30,304

    29,645

    7,118

    6,796

    6,848

    6,910

    104,807

    Íocaíochtaí

    17,186

    30,304

    29,645

    7,118

    6,796

    6,848

    6,910

    104,807

    Cumhdóidh an caiteachas sin na costais a bhaineann le:

    - Forbairt gach snáithe TF den tionscadal, i.e. an córas atá ann cheana a choigeartú chun cóipeanna de dhoiciméid taistil a chur san áireamh, a acmhainneacht a leathnú chun méideanna níos mó de shonraí méarloirg a stóráil, an córas a chumasú chun víosaí fadfhanachta agus doiciméid taistil a stóráil, bogearraí a fhorbairt lena mbeifear in ann seiceálacha uathoibríocha a dhéanamh i gcomparáid le bunachair shonraí eile, feidhm lárnach a fhorbairt maidir le cáilíocht sonraí, an tacaíocht a fhorbairt le haghaidh aitheantais íomhá aghaidhe, chun cuardach a dhéanamh le méarloirg neamhfhollasa, an fheidhm VISMail a chomhtháthú in VIS, an lárchóras VIS a fhorbairt le haghaidh tuairiscithe agus le haghaidh staidrimh, agus acmhainneacht VIS lárnach a uasghrádú ar mhaithe le faireachán a dhéanamh ar shláinte agus infhaighteacht na seirbhíse (an córas gníomhach-gníomhach do VIS a chur chun feidhme). Tá na ríomhanna le haghaidh gach snáithe de chaiteachas na hoibríochta déanta ar bhonn na meastachán costais arna soláthar sna trí staidéar lena dtacaítear leis an measúnú tionchair ar an mbeart seo (“Forbairtí maidir le VIS” ag eu-LISA; Staidéar Ecorys ar ísliú aois déanta méarlorg na leanaí agus cóip de na pasanna a stóráil in VIS lárnach agus staidéar PwC ar Lárstóras sonraí fadfhanachta.

    - is gá foireann bhreise a fhostú don tréimhse forbartha, agus ba cheart 2 duine a choinneáil ina dhiaidh sin, mar go mbeidh ualach oibre méadaithe i gceist le bainistiú an chórais uair amháin atá VIS leathnaithe chun sonraí nua (doiciméid fhadfhanachta agus a sealbhóirí), rochtain nua (an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta), agus feidhmiúlacht nua a chuimsiú, agus dá bhrí sin beidh níos mó gá le faireachán, cothabháil, slándáil an chórais.

    - Feidhmiú VIS nuashonraithe.

    18.02.XX roimhe seo – An GhníomhaireachtEorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) in CAI 2014-2020

    Bliain 

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

    2027

    IOMLÁN

    Caiteachas oibríochtúil

    Gealltanais

    0,730

    0,380

    0,200

    0,200

    0,200

    0,200

    0,200

    2,110

     

    Íocaíochtaí

    0,730

    0,380

    0,200

    0,200

    0,200

    0,200

    0,200

    2,110

    IOMLÁN leithreasuithe

    le haghaidh EBCGA

    Gealltanais

    0,730

    0,380

    0,200

    0,200

    0,200

    0,200

    0,200

    2,110

    Íocaíochtaí

    0,730

    0,380

    0,200

    0,200

    0,200

    0,200

    0,200

    2,110

    Cumhdóidh an caiteachas sin na costais a bhaineann le:

    - Rochtain nua ar VIS a bhunú laistigh de ECBGA, trí phointe lárnach rochtana, a bheidh le húsáid ag foirne na mball foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh nó le tacaíocht don bhainistiú imirce chun go bhféadfaidh siad rochtain a fháil ar shonraí arna niontráil in VIS agus iad a chuardach.

    Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin:

    IOMLÁN leithreasuithe
    ar fud na gCEANNTEIDEAL
    den chreat airgeadais ilbhliantúil
    (Méid tagartha)

    Gealltanais

    42,916

    51,184

    49,493

    9,688

    9,366

    9,418

    9,480

    181,545

    Íocaíochtaí

    33,916

    48,934

    49,268

    16,775

    12,741

    10,430

    9,480

    181,545

    Ceannteideal an chreata airgeadais
    ilbhliantúil:

    7

    Caiteachas riaracháin

    AS HOME

    Bliain 

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

    2027

    IOMLÁN

    Acmhainní daonna 85

    Gealltanais

    0,074

    0,074

    0,074

    0,037

    0

    0

    0

    0,259

     

    Íocaíochtaí

    0,074

    0,074

    0,074

    0,037

    0

    0

    0

    0,259

    Caiteachas riaracháin eile

    Gealltanais

     

    Íocaíochtaí

    IOMLÁN leithreasuithe

    Faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Gealltanais

    0,074

    0,074

    0,074

    0,037

    0

    0

    0

    0,259

    Íocaíochtaí

    0,074

    0,074

    0,074

    0,037

    0

    0

    0

    0,259

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Bliain 

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

    2027

    IOMLÁN

    IOMLÁN leithreasuithe
    ar fud na gCEANNTEIDEAL

    den chreat airgeadais ilbhliantúil 

    Gealltanais

    42,990

    51,258

    49,567

    9,725

    9,366

    9,418

    9,480

    181,804

    Íocaíochtaí

    33,990

    49,008

    49,342

    16,812

    12,741

    10,430

    9,480

    181,804

    3.2.1.1.Achoimre Europol

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

       Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

    Europol

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

    2027

    Iomlán

    Oifigigh

    Baill foirne ar conradh

    0,148

    0,370

    0,370

    0,370

    0,370

    1,628

    Fo-iomlán

    0,148

    0,370

    0,370

    0,370

    0,370

    1,628

    Áirítear leis an mbuiséad na baill foirne atá riachtanach chun fíorú de láimh a áirithiú ar shonraí nuair a fhaightear amas ó shonraí Europol (speisialtóirí méarlorg).

    Europol

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

    2027

    XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón gclúdach iomlánaíoch)

    0

    0

    2

    5

    5

    5

    5

    0

    0

    2

    5

    5

    5

    5

    Tá an meastachán bunaithe ar an toimhde go nginfidh sonraí Europol amas in 0,1% de chásanna as 16M iarratasóir in aghaidh na bliana, dá bhrí sin 16,000 fíorú in aghaidh na bliana, tuairim is 44 cás in aghaidh an lae, saineolaí méarlorg ag tabhairt faoi tuairim is 8 gcás in aghaidh an lae, dá bhrí sin bheadh gá le 4 duine. Molaimid 5 saineolaí, lena gcuirfear san áireamh an gá atá le láithreacht 7 lá in aghaidh na seachtaine, 24 huaire an chloig a áirithiú (ós rud é go bhfeidhmíonn VIS de lá is d’oíche agus go bhféadfadh na consalachtaí ar fud an domhain iarratais a sheoladh isteach tráth ar bith den lá).

    Leis na figiúirí glactar leis nach núsáidfí ach baill foirne ar conradh.

    3.2.1.2.Eu-LISA

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

       Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

    Eu-LISA

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

    2027

    Iomlán

    Acmhainní daonna

    0,942

    1,376

    1,302

    0,651

    0,286

    0,286

    0,286

    5,129

    Caiteachas riaracháin eile

    Fo-iomlán na nacmhainní daonna
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    0,942

    1,376

    1,302

    0,651

    0,286

    0,286

    0,286

    5,129

    eu-LISA 

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

    2027

    Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

    4

    6

    6

    3

    2

    2

    2

    Pearsanra seachtrach 

    XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón gclúdach iomlánaíoch)

    5

    7

    6

    3

    IOMLÁN eu-LISA

    9

    13

    12

    6

    2

    2

    2

    Tá sé beartaithe earcú de réir a chéile de suas le 6 gníomhairí sealadacha agus 7 gníomhairí ar conradh (saineolaithe teicniúla) a chur chun feidhme de réir a cheile ó mhí Eanáir 2021 ar aghaidh, le buaicphointe in 2022 nuair a bheidh lánluas faoin ngníomhaíocht forbartha. Caithfidh gach ball foirne a bheith ar fáil go luath in 2021 chun tús a chur leis an tréimhse forbartha trí bliana go tráthúil d’fhonn a áirithiú go dtosófar oibríochtaí na feidhmiúlachta nua ina hiomláine faoi 2024. Leithdháilfear na hacmhainní don bhainistíocht tionscadail agus conartha agus d’fhorbairt agus tástáil an chórais.

    Ba cheart beirt ghníomhaire sealadacha a choinneáil tar éis na tréimhse forbartha, mar go mbeidh ualach méadaithe oibre i gceist le bainistiú an chórais uair amháin atá VIS leathnaithe chun sonraí nua (doiciméid fhadfhanachta agus a sealbhóirí), rochtain nua (an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta), agus feidhmiúlacht nua a chuimsiú, agus dá bhrí sin beidh níos mó gá le faireachán, cothabháil, slándáil an chórais.

    Is ionann na hacmhainní daonna measta atá áirithe sa togra agus an líon breise ball foirne anuas ar an mbunlíne soláthar foirne agus foirne breise atá ann do thograí eile (idir-inoibritheacht go háirithe).

    I measc na nathruithe go léir ar VIS atá san áireamh leis an togra seo, tá ceithre ghné a bhfuil suntas ar leith ag baint leo mar go gcuireann siad feidhmiúlachtaí le VIS reatha (seachas feidhmiúlachtaí a leathnú): cóip de dhoiciméid taistil a chur san áireamh, aois déanta na méarlorg a ísliú, doiciméid chónaithe agus víosaí fadfhanachta a chur san áireamh in VIS, agus seiceálacha uathoibrithe slándála a chur san áireamh.

    Léirítear sa chéad tábla go nglactar leis go mbainfear torthaí amach laistigh de 18 mhí má dhéanfar doiciméid taistil a chur san áireamh agus aois déanta na méarlorg a ísliú. Tá an dá thionscadal deireanach i bhfad níos suntasaí agus tá gá le heagrú tionscadail dá gcuid féin. Dá bhrí sin, táthar ag dréim go gcuirfear i gcrích iad laistigh de 3 bliana.

    Maidir le gach tionscadal, glactar leis gur conraitheoir seachtrach atá á bhainistiú ag baill foirne eu-LISA a chuirfidh an tionscadal i gcrích. Ós rud é go bhfuiltear ag dréim leis go gcuirfear na tionscadail i gcrích le linn na tréimhse 2020 go 2023, ní féidir glacadh leis go núsáidfear acmhainní atá ann faoi láthair mar go bhfuil punann thábhachtach tionscadail le cur i gcrích ag eu-LISA cheana, chomh maith leis na córais atá ann cheana a chothabháil agus a fheidhmiú.

    Tá foireann curtha isteach le haghaidh gach tionscadail don chéim forbartha. Tá méid agus comhdhéanamh na foirne bunaithe ar chomparáid le tionscadail eile agus tá siad curtha in oiriúint do shaintréithe gach córais: trí víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe a chur san áireamh, baintear úsáid dhian as an mbunachar sonraí, agus trí na seiceálacha slándála a chur san áireamh dírítear níos mó ar idirbhearta.    
    Le linn na chéad bliana tar éis don fhorbairt a bheith críochnaithe, laghdófar an fhoireann forbartha ina leath chun iad a aistriú go cúraimí cothabhála/oibriúcháin. Cuirtear beirt bhall foirne breise leis an bhfoireann le haghaidh cúraimí cothabhála agus oibriúcháin mar gheall go bhfágann cur san áireamh na víosaí fadfhanachta agus na gceadanna cónaithe go leathnófar pobal na n
    úsáideoirí deiridh go suntasach, rud a fhágfaidh go mbeidh tuilleadh iarrataí ann ar athruithe agus idirghabháil.

    Ar deireadh, as líon iomlán na mball foirne atá de dhíth, beidh leath na ngníomhairí le linn na céime cothabhála comhdhéanta de Ghníomhairí Sealadacha agus leath acu comhdhéanta de Ghníomhairí ar Conradh. Maidir leis an gcéim chothabhála, tá buntáiste ag baint le heolas a choinneáil san eagraíocht agus, dá bhrí sin, a bheith ag brath ar Ghníomhairí Sealadacha amháin.

     

     

    Bliain

    Bliain

    Bliain

    Bliain

    Bliain

    Bliain

    Bliain

    IOMLÁN

    2020

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

     

    Forbairt / Oibriú

     

     

     

     

     

     

     

     

    Doiciméid taistil

     

     

     

     

     

     

     

     

    Méarloirg

     

     

     

     

     

     

     

     

    Doiciméid chónaithe

     

     

     

     

     

     

     

     

    Seiceálacha slándála

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    Lena náirítear cóip den doiciméad taistil do VIS

     

     

     

     

     

     

     

     

     Bainisteoir tionscadail/Ailtire réitigh

    1

    0,5

     

     

     

     

     

    1,5

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    An aois déanta méarlorg a ísliú

     

     

     

     

     

     

     

     

     Bainisteoir tionscadail/Ailtire réitigh

    1

    0,5

     

     

     

     

     

    1,5

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    Lena náirítear doiciméid Chónaithe agus víosaí fadfhanachta in VIS

     

     

     

     

     

     

     

     

    Bainisteoir tionscadail

    1

    1

    1

    0,5

     

     

     

    3,5

    Ailtire Réitigh

    1

    1

    1

    0,5

     

     

     

    3,5

    Dearthóirí bunachair sonraí

    1

    1

    1

    0,5

     

     

     

    3,5

    Riarthóir Feidhmchláir

    1

    1

    1

    0,5

     

     

     

    3,5

    Tástáil córas

     

    3

    3

    1

    1

    1

    1

    10

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    Seiceálacha uathoibrithe slándála

     

     

     

     

     

     

     

     

    Bainisteoir tionscadail

    1

    1

    1

    0,5

     

     

     

    3,5

    Ailtire Réitigh

    1

    1

    1

    0,5

     

     

     

    3,5

    Dearthóirí bunachair sonraí

    0,5

    0,5

    0,5

    0,5

     

     

     

    2

    Riarthóir Feidhmchláir

    0,5

    0,5

    0,5

    0,5

     

     

     

    2

    Tástáil córas

     

    2

    2

    1

    1

    1

    1

    8

    Gníomhaire sealadach

    4

    6

    6

    3

    2

    2

    2

    25

    Gníomhaire ar conradh

    5

    7

    6

    3

     

     

     

    21

    IOMLÁN

    9

    13

    12

    6

    2

    2

    2

    46

    3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

    3.2.2.1.AS HOME: Achoimre

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

       Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

    2027

    IOMLÁN

    CEANNTEIDEAL 7
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Acmhainní daonna

    0,074

    0,074

    0,074

    0,037

    0

    0

    0

    0,259

    Caiteachas riaracháin eile

    Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    0,074

    0,074

    0,074

    0,037

    0

    0

    0

    0,259

    Iomlán

    0,074

    0,074

    0,074

    0,037

    0

    0

    0

    0,259

    Níl aon chostais lasmuigh de Cheannteideal 7.

    3.2.2.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

       Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

    Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

    AS HOME 86  

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

    2027

    Pearsanra seachtrach 87

    XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón gclúdach iomlánaíoch)

    1

    1

    1

    0.5

    IOMLÁN AS HOME

    1

    1

    1

    0.5

     

     

     

    Ba cheart gníomhaire ar conradh a fhostú don obair ullmhúcháin roimh chur chun feidhme na mbeart atá tuartha faoin togra seo, ar nós iad siúd a bhaineann leis na gníomhartha cur chun feidhme a ullmhú agus conarthaí soláthair phoiblí a sheoladh.

    3.2.3.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

    X    Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha. I gcás ina ghlactar an togra roimh an gcéad chreat airgeadais eile, déanfar na hacmhainní riachtanacha (1.5MEuro an méid measta) a mhaoiniú ó líne bhuiséid Teorainneacha-ISF agus Víosa.

       Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

    Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

       Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

    Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

    3.2.4.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

    Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

    Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:

    Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

    Bliain
    N

    Bliain
    N+1

    Bliain
    N+2

    Bliain
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    Iomlán

    Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

    IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe



    3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

       Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam..

       Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

       ar acmhainní dílse

       ar ioncam ilghnéitheach

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Líne buiséid ioncaim:

    Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

    Tionchar an togra/tionscnaimh 88

    Bliain
    N

    Bliain
    N+1

    Bliain
    N+2

    Bliain
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    Airteagal ………….

    I gcás ioncam ilghnéitheach atá ‘sannta’, sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

    Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

    (1)    Arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 (Rialachán VIS), IO L 218, 13.8.2008, lch. 60.
    (2)    COM(2018) 251 final.
    (3)    Is é atá sa chomhbheartas víosaí sraith rialacha comhchuibhithe lena rialaítear nithe difriúla: (i) na “liostaí víosa” coiteanna de na tíortha a bhfuil sé de cheangal ar a gcuid náisiúnach víosa a bheith acu chun taisteal go dtí an tAontas agus iad sin atá díolmhaithe ón gceanglas sin; (ii) an Cód Víosaí lena mbunaítear na nósanna imeachta agus na coinníollacha um víosaí gearrfhanachta a eisiúint; (iii) formáid aonfhoirmeach an ghreamáin víosa; agus (iv) an Córas Faisnéise Víosaí (VIS), ina ndéantar gach iarratas ar víosa agus gach cinneadh de chuid na mBallstát a thaifeadadh, lena náirítear sonraí pearsanta, grianghraif agus méarloirg na niarratasóirí.
    (4)    Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí), IO L 243 an 15.9.2009.
    (5)    COM(2017)570 final.
    (6)    COM(2018)252 final an 14 Márta 2018.
    (7)    COM(2017)793 final.
    (8)    Rialachán (AE) 2017/2226 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) an 9 Nollaig 2017, IO L 327, lch. 20.
    (9)    Bhunaigh an Coimisiún an sainghrúpa ardleibhéil i mí an Mheithimh 2017 mar chomhlacht comhairleach a mbeadh mar aidhm leis feabhas a chur ar ailtireacht bainistithe sonraí an Aontais le haghaidh slándála agus rialú teorann. Glacadh an tuarascáil chríochnaitheach uaidh an 11 Bealtaine 2017.
    (10)     http://ec.europa.eu/transparency/regexpert/index.cfm?do=groupDetail.groupDetailDoc&id=32600&no=1  
    (11)     http://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-10151-2017-INIT/en/pdf  
    (12)     https://ec.europa.eu/home-affairs/sites/homeaffairs/files/docs/pages/201709_ibm_feasibility_study_final_report_en.pdf  
    (13)    Staidéar tacaíochta Legal analysis on the necessity and proportionality of extending the scope of the Visa Information System (VIS) to include data on long stay visas and residence documents[Anailís dhlíthiúil ar an riachtanas agus ar an gcomhréireacht a bhaineann le raon feidhme an Chórais Faisnéise Víosaí (VIS) a leathnú chun sonraí faoi víosaí fadfhanachta agus doiciméid chónaithe a thabhairt san áireamh] (2018).
    (14)    COM (2016) 655.
    (15)    COM (2018) 212 final.
    (16)    Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta shaoránaigh an Aontais agus ceart bhaill a dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena naisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).
    (17)    COM(2017)570 final.
    (18)    COM(2015)185 final.
    (19)    COM(2018) 251 final.
    (20)    COM(2016) 655, SWD (2016) 327, SWD (2016) 328.
    (21)    SWD(2018) 195.
    (22)    Faoi Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, tá VISMail ina shásra le haghaidh malartú faisnéise agus comhairliúcháin idir údaráis lárnacha na mBallstát, agus é bunaithe ar bhonneagar VIS.
    (23)    Bhunaigh an Coimisiún an sainghrúpa ardleibhéil i mí an Mheithimh 2017 mar chomhlacht comhairleach a mbeadh mar aidhm leis feabhas a chur ar ailtireacht bainistíochta sonraí an Aontais le haghaidh slándála agus rialú teorann. Glacadh an tuarascáil chríochnaitheach uaidh an 11 Bealtaine 2017.
    (24)    Mar shampla, víosaí fadfhanachta agus doiciméid chónaithe (lena náirítear ceadanna cónaithe agus cártaí cónaithe).
    (25)    I mbunachar sonraí Interpol i ndáil le Doiciméid atá Goidte nó Caillte (SLTD) agus ina bhunachar sonraí i ndáil le Doiciméid Taistil a Bhaineann le Fógraí (TDAWN), tugtar faisnéis maidir le doiciméid taistil atá bainteach le daoine atá faoi réir fógra ó Interpol.
    (26)    An tAirmheán Comhpháirteach Taighde (2013). Aithint Méarlorg do Leanaí.
    (27)    “Aithint uathoibríoch méarlorg: idir leanaí agus dhaoine scothaosta” (2018 – an tAirmheán Comhpháirteach Taighde).
    (28)    “An indéantacht agus na himpleachtaí a bhaineann leis an aois méarlorgaireachta do leanaí a laghdú agus le cóip scanta de dhoiciméad taistil an iarratasóra ar víosa a stóráil sa Chóras Faisnéise Víosaí (VIS)” (2018).
    (29)    Cumasaítear leis an Rialachán do na húdaráis inniúla ainmnithe na sonraí seo a leanas a aistriú ón gcomhad iarratais ar víosa: céadainm, sloinne agus sloinne roimhe sin (más infheidhme); gnéas, dáta breithe, áit bhreithe agus tír bhreithe; náisiúntacht faoi láthair agus náisiúntacht ag tráth a bhreithe; cineál agus uimhir an doiciméid taistil, an túdarás a d’eisigh é agus dáta a eisithe agus a éaga; áit chónaithe; agus, i gcás mionaoiseach, sloinne agus céadainm (céadainmneacha) athair agus mháthair an iarratasóra.
    (30)     EMN Ad-Hoc Query on COM AHQ on Member States’ Experiences with the use of the Visa Information System (VIS) for Return Purposes [Ceist ad hoc ó Ghréasán Imirce na hEorpa (EMN) faoin gceist ad hoc ón gCoimisiún maidir leis an taithí atá ag na Ballstáit ar an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) a úsáid chun críocha filleadh . Arna hiarraidh ag an gCoimisiún an 18 Márta 2016. Tugadh 24 fhreagra.
    (31)    Conclúidí an 9 Meitheamh 2017 maidir leis an mbealach chun cinn i dtaca le malartú faisnéise a fheabhsú agus idir-inoibritheacht chórais faisnéise an Aontais Eorpaigh a áirithiú (ST/10151/17); Conclúidí, i mí an Mheithimh 2016, lena bhformhuinítear treochlár chun feabhas a chur ar an malartú faisnéise agus ar an mbainistiú faisnéise (9368/1/16 REV 1).
    (32)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
    (33)    Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena naisghairtear an Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear Buanchoiste um measúnú agus cur chun feidhme acquis Schengen (IO L 295, 6.11.2013, lch. 27).
    (34)    ECLI:EU:C:2010:631.
    (35)    IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
    (36)    IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
    (37)    IO L 160, 18.6.2011, lch. 19.
    (38)    Cinneadh Uimh. 565/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena dtugtar córas simplithe isteach le haghaidh daoine a rialú ag na teorainneacha seachtracha, ar córas é a bheidh bunaithe ar aitheantas aontaobhach a bheith á thabhairt ag an mBulgáir, ag an gCróit, ag an gCipir agus ag an Rómáin do dhoiciméid áirithe mar dhoiciméid atá coibhéiseach lena víosaí náisiúnta le haghaidh idirthuras trína gcríocha nó tréimhsí fanachta atá beartaithe ar a gcríocha nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 895/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 582/2008/CE (IO L 157, 27.5.2014, lch. 23).
    (39)    IO C, , lch. .
    (40)    IO C, , lch. .
    (41)    Cinneadh 2004/512/CE ón gComhairle an 8 Meitheamh 2004 lena mbunaítear an Córas faisnéise Víosaí (VIS) (IO L 213, 15.6.2004, lch. 5).
    (42)    Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Ballstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).
    (43)    Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).
    (44)    Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le rochtain chomhairliúcháin ar an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) ag údaráis ainmnithe na mBallstát agus ag Europol chun críocha coisc, braite agus imscrúdaithe i ndáil le cionta sceimhlitheora agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile (IO L 218, 13.8.2008, lch. 129).
    (45)    Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna chlárú i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO L 180, 29.6.2013, lch. 31).
    (46)    COM(2016) 205 críochnaitheach.
    (47)    Treochlár chun feabhas a chur ar an malartú faisnéise agus ar an mbainistiú faisnéise lena náirítear réitigh idir-inoibritheachta i réimse an Cheartais agus na nGnóthaí Baile — 9368/1/16 REV 1.
    (48)    Conclúidí na Comhairle faoin mbealach leis an malartú faisnéise a fheabhsú, agus agus le hidir-inoibritheacht chórais fhaisnéise an Aontais Eorpaigh a áirithiú (10151/17).
    (49)    “Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (IBM) – Staidéar Féidearthachta le cur san áireamh i stóras doiciméad le haghaidh víosaí Fadfhanachta, Ceadanna Cónaithe, agus Ceadanna Tráchta Teorann” (2017).
    (50)    “Anailís dhlíthiúil ar an riachtanas agus ar an gcomhréireacht a bhaineann le raon feidhme an Chórais Faisnéise Víosaí (VIS) a leathnú chun sonraí faoi víosaí fadfhanachta agus doiciméid chónaithe a thabhairt san áireamh ann” (2018).
    (51)    COM(2017) 558 críochnaitheach, lch 15.
    (52)    COM(2018) 251 críochnaitheach.
    (53)    Leanaí a Aithint as a gCuid Méarlorg (2013 - EUR 26193).
    (54)    “Aithint Uathoibríoch na Méarlorg: ón leanbh go dtí an duine aosta” (2018 – an tAirmheán Comhpháirteach Taighde (JRC)).
    (55)    “An indéantacht agus na himpleachtaí a ghabhann le hísliú aois déanta méarlorg na leanaí agus le cóip scanta de dhoiciméad taistil an iarratasóra víosa a stóráil sa chóras faisnéise víosaí VIS” (2018).
    (56)    Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena naisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).
    (57)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
    (58)    Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a bhíonn á bpróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).
    (59)    Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhlíthiúil a chur ar ais (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).
    (60)    Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an teideal iomlán] (IO L ..., , lch. ...).
    (61)    Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).
    (62)    Cinneadh Uimh. 1105/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le liosta na ndoiciméad taistil a thugann teideal don sealbhóir na teorainneacha seachtracha a thrasnú agus ar doiciméid iad is féidir a fhormhuiniú le víosa, agus maidir le sásra á bhunú chun an liosta sin a shocrú (IO L 287, 4.11.2011, lch. 9).
    (63)    Treoir 2004/38/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh chun aistriú agus cur fúthu gan bhac laistigh de chríocha na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena naisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE) (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77). 
    (64)    Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).
    (65)    Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn ar bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de chuid acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
    (66)    IO L 176, 10.7.1999, lch 36.
    (67)    Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
    (68)    IO L 53, 27.2.2008, lch 52.
    (69)    Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008 lch. 1).
    (70)    Cinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 50).
    (71)    IO L 160, 18.6.2011, lch 21.
    (72)    Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).
    (73)    Cinneadh 2011/349/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus leis an gcomhar póilíneachta (IO L 160, 18.6.2011, lch. 1).
    (74)    Cinneadh (AE) 2017/1908 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 maidir le forálacha áirithe d’acquis Schengen a bhaineann leis an gCóras Faisnéise Víosaí i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin a chur i bhfeidhm (IO L 269, 19.10.2017, lch. 39).
    (75)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
    (76)    Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnaigh tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (CE) Uimh. 1077/2011.
    (77)    COM(2016)731 an 16.11.2016.
    (78)     COM(2017)558 final .
    (79)    COIM(2018)251.
    (80)    COIM(2018)252.
    (81)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
    (82)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
    (83)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
    (84)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d’fhéadfadh bheith ina niarrthóirí.
    (85)    Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
    (86)    Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
    (87)    AC = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht.
    (88)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
    Top

    An Bhruiséil,16.5.2018

    COM(2018) 302 final

    IARSCRÍBHINN

    a ghabhann leis an

    Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, Rialachán (CE) 2017/2226, Rialachán (CE) 2016/399, Rialachán (CE) XX/2018 [An Rialachán um Idir-inoibritheacht], agus Cinneadh 2004/512/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle

    {SEC(2018) 236 final}
    {SWD(2018) 195 final}
    {SWD(2018) 196 final}


    IARSCRÍBHINN 2

    Tábla comhghaoil

    Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle

    Rialachán (CE) Uimh 767/2008

    Airteagal 1

    Ábhar agus raon feidhme

    Airteagal 1

    Ábhar agus raon feidhme

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Airteagal 4

    Sainmhínithe

    Airteagal 3

    Údaráis ainmnithe agus lárphointí rochtana

    Airteagal 22k

    Údaráis ainmnithe na mBallstát

    Airteagal 22l

    Europol

    Airteagal 4

    Nós imeachta le haghaidh rochtain ar VIS

    Airteagal 22m

    Nós imeachta le haghaidh rochtain ar VIS chun críocha fhorfheidhmiú an dlí

    Airteagal 5

    Coinníollacha maidir le rochtain ar shonraí VIS ag údaráis ainmnithe na mBallstát

    Airteagal 22n

    Coinníollacha maidir le rochtain ar shonraí VIS ag údaráis ainmnithe na mBallstát

    Airteagal 6

    Coinníollacha le haghaidh rochtain ar shonraí VIS ag údaráis ainmnithe Ballstáit nár cuireadh Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 i bhfeidhm ina leith fós

    Airteagal 22r

    Coinníollacha le haghaidh rochtain ar shonraí VIS ag údaráis ainmnithe Ballstáit nár cuireadh an Rialachán seo i bhfeidhm ina leith fós

    Airteagal 7

    Coinníollacha le haghaidh rochtain ag Europol ar shonraí VIS

    Airteagal 22p

    Nós imeachta agus coinníollacha le haghaidh rochtain ag Europol ar shonraí VIS

    Airteagal 8

    Sonraí pearsanta a chosaint

    Caibidil VI

    Cearta agus maoirseacht ar chosaint sonraí

    Airteagal 9

    Slándáil sonraí

    Airteagal 32

    Slándáil sonraí

    Airteagal 10

    Dliteanas

    Airteagal 33

    Dliteanas

    Airteagal 11

    Féinmhonatóireacht

    Airteagal 35

    Féinmhonatóireacht

    Airteagal 12

    Pionóis

    Airteagal 36

    Pionóis

    Airteagal 13

    Sonraí VIS a choimeád i gcomhaid náisiúnta

    Airteagal 30

    Sonraí VIS a choimeád i gcomhaid náisiúnta

    Airteagal 14

    Ceart ar rochtain, ar cheartú agus ar scriosadh

    Airteagal 38

    Ceart ar rochtain, ar cheartú agus ar scriosadh

    Airteagal 15

    Costais

    N/A

    Airteagal 16

    Taifid a choinneáil

    Airteagal 22q

    Logáil agus doiciméadú

    Airteagal 17

    Monatóireacht agus meastóireacht

    Airteagal 50

    Monatóireacht agus meastóireacht

    Top