Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0252

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí)

    COM/2018/0252 final - 2018/061 (COD)

    An Bhruiséil,14.3.2018

    COM(2018) 252 final

    2018/0061(COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí)

    {SWD(2018) 77 final}
    {SWD(2018) 78 final}


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Is buneilimint den chomhbheartas víosa é an Cód Víosaí: leagtar síos ann nósanna imeachta agus coinníollacha comhchuibhithe maidir le hiarratais ar víosaí a phróiseáil agus víosaí a eisiúint. An 5 Aibreán 2010 a tháinig sé i bhfeidhm, agus ba iad na mórchuspóirí a bhí leis an taisteal dlisteanach a éascú agus dul i ngleic leis an inimirce neamhrialta, an trédhearcacht agus an chinnteacht dhlíthiúil a mhéadú, na ráthaíochtaí nós imeachta a threisiú agus cóir chomhionann iarratasóirí ar víosaí a neartú.

    Ceanglaíodh ar an gCoimisiún sa Chód Víosaí meastóireacht ar chur chun feidhme an chóid a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm fhorálacha uile an Rialacháin. Cuireadh an mheastóireacht sin i láthair i dtuarascáil 1 agus i ndoiciméad inmheánach oibre a ghabh leis 2 an 1 Aibreán 2014. Ar bhonn na meastóireachta sin, ghlac an Coimisiún togra 3 , an lá céanna, le haghaidh athmhúnlú ar an gCód Víosaí agus é mar aidhm leis an taisteal chuig an Aontas a fheabhsú le cabhair an bheartais víosa (sa chaoi go gcuirfí le turasóireacht, trádáil, fás agus fostaíocht san Aontas) agus cur chun feidhme na rialacha comhchoiteanna a chomhchuibhiú. Mar gheall ar éagsúlachtaí idir seasamh Pharlaimint na hEorpa agus seasamh na Comhairle, áfach, níl dul chun cinn déanta sa chaibidlíocht. Ar a bharr sin, is léir ón méadú atá tagtha ar na dúshláin slándála agus imirce nach bhfuil an cur chuige a úsáideadh in 2014 réalaíoch níos mó. Spreag an méid sin an Coimisiún le fógairt go dtarraingeofaí siar an togra athmhúnlaithe i gClár Oibre 2018 an Choimisiúin 4 . I mí Aibreáin 2018 a dhéanfar an tarraingt siar fhoirmiúil.

    Cé go bhfuil níos mó tábhachta ag baint anois le cuspóirí a bhaineann leis an imirce agus leis an tslándáil ná mar a bhí roimhe seo, is gá a choinneáil i gcuimhne nach bhfuil aon riosca slándála agus/ná imirce ag baint le formhór mór na niarratasóirí ar víosaí agus gur mór an tairbhe don Aontas iad. Mar sin de, dírítear sa togra seo ar ghnéithe oibríochtúla den nós imeachta maidir le víosaí a chuíchóiriú agus a fheabhsú agus cuirtear san áireamh torthaí na caibidlíochta faoin togra le haghaidh athmhúnlú ar an gCód Víosaí. Tá eilimintí nua curtha leis, a cuireadh chun cinn sa Teachtaireacht ón gCoimisiún faoi Chur i gCrích an Chláir Oibre Eorpaigh maidir leis an Imirce 5 , Meán Fómhair 2017 agus na comhairliúcháin ina thaobh, amhail an gá atá le hacmhainní leordhóthanacha airgeadais chun tacú le próiseáil víosaí na mBallstát, rialacha soiléire i dtaca le víosaí dul isteach iolrach a mbaineann tréimhse fhada bailíochta leo a eisiúint agus an leas is féidir a bhaint as an mbeartas víosa le tionchar a imirt chun tacú le beartas an Aontais um athligean isteach.

    Leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh athchóiriú chreat dlíthiúil an Chórais Faisnéise Víosaí (a chuirfear i láthair in earrach 2018), déanfar slándáil agus éifeachtúlacht an nós imeachta maidir le víosaí a fheabhsú a thuilleadh, go háirithe trí fhorbairtí teicneolaíocha a chur san áireamh agus leas a bhaint astu chun tairbhe údaráis na mBallstát agus na niarratasóirí bona fide, bearnaí faisnéise a dhúnadh i réimsí áirithe, seiceálacha ar dhaoine a fheabhsú agus dlús a chur le cáilíocht agus toradh an nós imeachta.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Is éard atá sa chomhbheartas víosa sraith rialacha comhchuibhithe lena rialaítear an méid seo a leanas:

    na “liostaí víosa” coiteanna de na tíortha a bhfuil sé de cheangal ar a gcuid náisiúnach víosa a bheith acu chun taisteal go dtí an tAontas agus iad siúd atá díolmhaithe ón gceanglas sin 6 ;

    an Cód Víosaí lena leagtar síos na nósanna imeachta agus na coinníollacha maidir le víosaí gearrfhanachta a eisiúint;

    formáid aonfhoirmeach an ghreamáin víosa 7 ; agus

    an Córas Faisnéise Víosaí 8 , lena ndéantar gach iarratas ar víosa agus gach cinneadh de chuid na mBallstát a thaifeadadh, lena náirítear sonraí pearsanta, grianghraif agus méarloirg na niarratasóirí.

    Cé go mbeidh eilimintí nua á gcur leis, ní dhéanfaidh na leasuithe atá beartaithe aon athrú bunúsach ar an gCód Víosaí, agus beidh an Cód go fóill, mar sin, ag teacht leis na prionsabail atá ann cheana i dtaca le hiarratais ar víosa a phróiseáil.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Leis na leasuithe atáthar a bheartú déanfar an tslándáil ag na teorainneacha seachtracha a chaomhnú agus áiritheofar dea-fheidhmiú limistéar Schengen, ach san am céanna, déanfaidh siad éascaíocht do thaistealaithe dlisteanacha agus is simplí a bheidh an creat dlí do na Ballstáit, e.g. trí rialacha níos scaoilte a cheadú maidir le comhar consalachta. Ba cheart don chomhbheartas víosa leanúint ar aghaidh ag cur leis an bhfás agus ba cheart é a bheith ag luí le beartais eile de chuid an Aontais maidir le caidreamh seachtrach, trádáil, oideachas, cultúr agus turasóireacht.

    Mar gheall ar staid na himirce, atá athraithe le blianta beaga anuas, agus ar an mbagairt slándála, atá méadaithe le blianta beag anuas, tá an díospóireacht pholaitiúil maidir le limistéar Schengen, go ginearálta, agus leis an mbeartas víosa, go háirithe, anois ag tabhairt aghaidh ar athmheasúnú ar an gcothromaíocht idir cúrsaí imirce agus cúrsaí slándála, tosca eacnamaíocha agus an caidreamh seachtrach i gcoitinne. Tá níos mó tábhachta ag baint le cuspóirí an Chóid Víosaí i dtaca le himirce neamhrialta agus rioscaí slándála a chosc ná mar a bhí nuair a foilsíodh meastóireacht 2014. Mar gheall ar an gcomhthéacs polaitiúil atá athraithe, is mó aird atá tugtha ar an mbeartas víosaí mar uirlis le dul chun cinn a bhaint amach maidir leis an gcaidreamh le tríú tíortha, mar atá léirithe cheana leis an taithí ar léirscaoileadh víosaí.

    Mar sin, tá sé éilithe go mbainfeadh an tAontas úsáid níos éifeachtaí as an mbeartas víosaí sa chomhar idir an tAontas agus tríú tíortha, agus go sonrach i réimse bhainistiú na himirce. D’iarr an Chomhairle Eorpach, i Meitheamh 2017, ‘athmheasúnú ar an mbeartas víosaí i leith tríú tíortha, de réir mar is gá’. Leis sin, bheifí in ann an-dul chun cinn a dhéanamh i dtaca leis an mbeartas um fhilleadh agus um athligean isteach, agus caidreamh foriomlán an Aontais leis na tríú tíortha lena mbaineann á chur san áireamh san am céanna. Ós rud é nár ceapadh an Cód Víosaí lena úsáid chun tionchar a imirt ar thríú tíortha ar leith, ach mar bhealach chun nósanna imeachta agus coinníollacha eisiúna víosaí a chaighdeánú, níl sé go hiomlán oiriúnach don chomhthéacs nua polaitiúil. D’aithin an Coimisiún go bhfuil athrú tagtha ar chúrsaí ina Theachtaireacht faoi Chur i gCrích an Chláir Oibre Eorpaigh maidir leis an Imirce, Meán Fómhair 2017, inar shonraigh sé gur cheart ‘athbhreithniú a dhéanamh ar roinnt rialacha a bhaineann le heisiúint víosaí (iad siúd a bhaineann le víosaí a bhfuil bailíocht fhada acu agus le táillí víosa, mar shampla) lena áirithiú go mbeidh ról acu inár mbeartas um athligean isteach.’ Tá scrúdú déanta ar na roghanna mionsonraithe don chur chun feidhme reachtach sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis seo 9 .

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Is é Airteagal 77(2)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí don togra seo. Leasaítear leis an togra seo Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) 10 a bhí bunaithe ar na forálacha coibhéiseacha den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, i.e. Airteagal 62(2)(a) agus (b)(ii).

       Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach) 

    In Airteagal 77(2)(a) den CFAE tugtar an chumhacht don Aontas bearta a fhorbairt maidir leis an gcomhbheartas víosa agus maidir le ceadanna cónaithe gearrfhanachta eile.

    Tá an togra seo laistigh de na teorainneacha a leagtar síos san fhoráil sin. Is é an chuspóir tuilleadh forbartha a dhéanamh agus tuilleadh feabhais a chur ar rialacha an Chóid Víosaí maidir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun víosaí a eisiúint i gcás ina mbeartaítear fanacht i gcríoch na mBallstát ar feadh 90 lá nó níos lú in aon tréimhse 180 lá. Ní féidir leis na Ballstáit an méid sin a bhaint amach go leordhóthanach agus iad ag gníomhú leo féin toisc nach féidir ach leis an Aontas gníomh de chuid an Aontais atá ann cheana (an Cód Víosaí) a leasú.

    Comhréireacht

    Déantar foráil in Airteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach nach rachaidh ábhar ná foirm gníomhaíochta de chuid an Aontais thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a bhaint amach. Maidir le foirm na gníomhaíochta sin, ba ghá foirm a roghnú a d’fhágfadh go bhféadfaí cuspóirí an togra a bhaint amach agus a chur chun feidhme ar shlí chomh héifeachtach agus is féidir.

    Is le Rialachán a bunaíodh an Cód Víosaí in 2009 chun a áirithiú go gcuirfí i bhfeidhm é ar an mbealach céanna sna Ballstáit ar fad a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm. Leasú ar Rialachán atá sa tionscnamh atá beartaithe agus dá bhrí sin ní mór dó bheith i bhfoirm Rialacháin freisin.

    Maidir lena inneachar, cumhdaítear leis an tionscnamh seo feabhsuithe ar an Rialachán atá ann cheana bunaithe ar na cuspóirí beartais ar a bhfuil aghaidh tugtha i dtogra athmhúnlaithe 2014. Tá meastóireacht ar chomhréireacht na dtrí ghnéithe nua a cuireadh leis sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis seo 11 ; go hachomair:

    tá an méadú atá beartaithe ar an táille víosa comhréireach mar go bhfreagraíonn sé don mhéid a mhéadófaí é ó bhí 2006 ann (nuair a leagadh síos an leibhéal reatha) bunaithe ar an ráta boilscithe ginearálta ar fud an Aontais;

    tá an ‘chascáid’ de víosaí caighdeánacha dul isteach iolrach ar leibhéal an Aontais atá beartaithe comhréireach, mar go bhfreagraíonn sí ar an mórgóir don chleachtas reatha i mBallstáit áirithe agus mar gur féidir í a chur in oiriúint do chúinsí áitiúla ar bhealach níos fabhraí nó níos srianta; agus

    tá na bearta atá molta le comhar a fheabhsú i dtaca le hathligean isteach imirceach neamhrialta comhréireach, mar go bhfuil cur chun feidhme an tsásra ghinearálta le cur in oiriúint le cur chuige spriocdhírithe solúbtha céimnithe. Ní dhéanann siad sin iontu féin difear don fhéidearthacht go mbronnfar víosa ar an iarratasóir, ach cumhdaítear leo cabhair áirithe sna nósanna imeachta leis an víosa a eisiúint nó maidir le leibhéal na táille víosa.

    An rogha ionstraime

    Leis an togra seo déantar Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) a athmhúnlú. Dá bhrí sin, is Rialachán an taon ionstraim dlí is féidir a roghnú.

    3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Déantar tuairisciú ar an gcomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara sa mheasúnú tionchair 12 a ghabhann leis an togra seo.

    Measúnú tionchair

    Ag tacú leis an togra seo tá measúnú tionchair ina ndírítear ar na trí príomhréimsí a bhfuil fadhb iontu agus a bhfuil aghaidh á tabhairt orthu. Tá eilimintí eile, atá nasctha le héascú nósanna imeachta maidir le víosaí nó le soiléiriú agus cuíchóiriú forálacha atá ann cheana, tugtha anonn ó thogra athmhúnlaithe 2014 13 . Baineann an chuid is mó díobh le ceisteanna nós imeachta agus mar gheall air sin ní raibh mórán deise ann le roghanna éagsúla beartais a bhreithniú agus, mar sin de, níl mionscrúdú déanta orthu sa mheasúnú tionchair.

    Bunaithe ar na sonraí atá ar fáil agus ar thorthaí comhairliúcháin le páirtithe leasmhara agus comhairliúcháin oscailte poiblí, tugadh aghaidh ar thionchar na roghanna beartais seo a leanas:

    Réimse fadhbanna 1: Acmhainní airgeadais nach leor chun tacú le próiseáil víosaí

    rogha 1A: status quo – comhtháille víosa gan athrú ag EUR 60;

    rogha 1B: táillí náisiúnta víosa bunaithe ar chostais riaracháin;

    rogha 1C: méadú ar an gcomhtháille víosa le foroghanna éagsúla, mar seo a leanas: EUR 80, EUR 100, EUR 120 nó meascán de EUR 80 le haghaidh víosaí suas le sé mhí agus EUR 120 le haghaidh víosaí dul isteach iolrach a mhairfidh idir aon bhliain amháin agus cúig bliana.

    Is é an rogha thosaíochta méadú measartha ar an gcomhtháille víosa go EUR 80. Ní hé sin an rogha is éifeachtaí, mar gur léir go gcuirfí níos mó acmhainní airgeadais ar fáil mar thoradh ar mhéaduithe níos mó ar tháillí. De bharr an mhéadaithe, áfach, cruthófar méadú fónta ar ioncaim do na Ballstáit (+26 %) agus mar sin de tacófar le sláine na próiseála víosaí agus le slándáil limistéar Schengen. San am céanna, ní bheidh méadú measartha (EUR 20) ina dhíspreagadh ag tromlach mór na niarratasóirí ar víosa, ós rud é nach toisc chinntitheach a bheidh ann dóibh i gcomparáid le praghas ticéad aerlíne go dtí an Eoraip agus leis na costais eile a bhaineann le taisteal. Beidh an tionchar diúltach ar thaisteal agus, dá réir sin, ar thionscal turasóireachta agus taistil an Aontais, an-bheag. I gcomparáid le táille eile go hidirnáisiúnta beidh an táille go fóill sách íseal agus iomaíoch dá bharr.

    Réimse fadhbanna 2: Nósanna imeachta víosa nach mór do dhaoine a thaistealaíonn go rialta a dhéanann arís agus arís eile

    rogha 2A: status quo – cinneann na Ballstáit a gcur chuige féin i leith víosaí dul isteach iolrach a bhfuil bailíocht fhada ag baint leo a eisiúint;

    rogha 2B: an dea-chleachtas molta;

    rogha 2C: cascáidí de chomhvíosaí dul isteach iolrach le foroghanna éagsúla (cáscáid de víosaí dul isteach iolrach ginearálta, cáscáidí de víosaí dul isteach iolrach ginearálta agus tíre, cascáidí de víosaí dul isteach iolrach tíre);

    rogha 2D: víosaí caighdeánacha dul isteach iolrach a bhfuil bailíocht dhá bhliain nó bailíocht chúig bliana orthu.

    Is é an rogha thosaíochta cascáid de víosaí dul isteach iolrach a d’fheilfeadh go huilíoch ar leibhéal an Aontais agus an deis an chascáid a chur in oiriúint do thíortha sonracha. Cé nach é an rogha is éifeachtaí é (i gcomparáid le roghanna lena bhforordófaí víosaí dul isteach iolrach a bhfuil bailíocht fhada ag baint leo mar an víosa caighdeánach atá le heisiúint), bainfear amach cuid mhór den chuspóir i dtaca le líon na víosaí dul isteach iolrach a eisítear agus a bhfuil bailíocht fhada orthu a mhéadú. Déanann sé freisin caighdeán íosta atá infheidhme maidir le gach tríú tír a chomhcheangal leis an bhféidearthacht go mbeidh réitigh níos fabhraí ann do thríú tíortha sonracha, a chuirfear in oiriúint do chúinsí áitiúla agus do riosca imirce. Mar gheall ar líon laghdaithe nósanna imeachta maidir le víosaí do dhaoine a thaistealaíonn go minic, bainfear coigiltis costais amach do Bhallstáit agus d’iarratasóirí. San am céanna cuirfidh sé ar chumas sealbhóirí víosaí dul isteach iolrach taistil gan choinne agus ar an mbealach sin tacófar le hiomaíochas thionscal turasóireachta an Aontais.

    Réimse fadhbanna 3: Leibhéil neamhleora maidir le filleadh imirceach neamhrialta ar thíortha tionscnaimh áirithe

    rogha 3A: status quo – cur chuige ‘bosca uirlisí’ na Comhairle (sásra arna chomhordú ag an gComhairle chun bearta i ndáil leis an nós imeachta maidir le víosaí a chur i bhfeidhm ar thríú tíortha nach bhfuil ag comhoibriú maidir leis an athligean isteach, laistigh de theorainneacha an chreata dhlíthiúil atá ann cheana);

    rogha 3B: dreasachtaí dearfacha sa bheartas víosa;

    rogha 3C: dreasachtaí diúltacha sa bheartas víosa le foroghanna éagsúla (an cur chuige uasta dírithe ar gach pas ón tús nó cur chuige spriocdhírithe in dhá chéim: pasanna taidhleoireachta agus seirbhíse, ansin gnáthphasanna).

    Is é an rogha thosaíochta dreasachtaí spriocdhírithe diúltacha. Is dócha gur bearta diúltacha i ndáil le víosaí an bealach is éifeachtaí le hathrú a chur i bhfeidhm ar rialtais na dtríú tíortha chun go gcomhoibreoidh siad leis na Ballstáit i dtaca le hathligean isteach imirceach neamhrialta, cé go mb’fhéidir gur ghá iad a chomhcheangal le bearta i réimsí beartais eile, le go néireodh go hiomlán leo. San am céanna, is é an cur chuige solúbtha, lena ndírítear ar oifigigh rialtais na tíre lena mbaineann nó ar an bpobal i gcoitinne ar dtús, an cur chuige is iomchuí agus is comhréirí agus is é is lú a dhéanfaidh díobháil don taisteal, do na hearnálacha eacnamaíocha agus do stádas agus cáil an Aontais.

    Cloítear leis an gcur chuige spriocdhírithe sa togra ach, in áit an cur chuige dhá chéim a leagan síos sa ghníomh dlíthiúil, tá solúbthacht leis sa téacs i dtaca le cur chun feidhme na mbeart go praiticiúil.

    Cearta bunúsacha

    Leis na leasuithe atá beartaithe urramaítear na cearta bunúsacha a leagtar amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Níl aon impleachtaí do bhuiséad an Aontais ag an leasú atá beartaithe.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Ós rud é nach ndearnadh aon athruithe substainteacha ar an gCód Víosaí ó foilsíodh meastachán 2004, tá conclúidí an mheastacháin sin bailí go ginearálta fós. Féach freisin Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an measúnú tionchair a ghabhann leis seo. 

    Is leis an gCód Víosaí a bhaineann na leasuithe atá beartaithe, a ndéantar meastóireacht ar a gcur i bhfeidhm le sásra meastóireachta Schengen, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle 14 , gan dochar do ról an Choimisiúin mar chaomhnóir na gConarthaí (Airteagal 17(1) CFAE).

    Na hiarmhairtí atá ag na prótacail éagsúla atá i gceangal leis na Conarthaí agus ag na comhaontuithe comhlachais a cuireadh i gcrích le tríú tíortha

    Le Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 15 , bunaítear na nósanna imeachta agus na coinníollacha maidir le víosaí a eisiúint le haghaidh tréimhsí fanachta atá beartaithe ar chríoch na mBallstát, agus nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá.

    Toisc go bhfuil an bunús dlí don togra seo le fáil i dTeideal V de Chuid a Trí de CFAE, tá feidhm ag an gcóras ‘geoiméadrachta athraithí’, dá bhforáiltear i bprótacail maidir le seasamh na Danmhairge, na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe agus i bprótacal Schengen. Is forbairt é an togra seo ar acquis Schengen. Ní foláir na hiarmhairtí maidir leis na prótacail éagsúla agus le comhaontuithe comhlachais Schengen a mheas i ndáil leis an Danmhairg, le hÉirinn agus leis an Ríocht Aontaithe, an Íoslainn agus an Iorua; agus leis an tSualainn agus Lichtinstéin. Ar an dóigh chéanna, ní foláir na hiarmhairtí maidir leis na hIonstraimí Aontachais éagsúla a mheas. Tá tuairisc mhionsonraithe ar chás gach ceann de na Stáit lena mbaineann in aithrisí 18-26 den togra seo.

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Airteagal 1 – Ábhar agus raon feidhme

    Mír (1): athrú forleathan: síos tríd an téacs tá an tagairt do “idirthuras” mar chuspóir turais scriosta mar gur éiríodh as an idirdhealú saorga idir idirthuras agus fanacht (tugann idirthuras fanacht le tuiscint) a úsáid (agus mar gur cuireadh deireadh leis an víosa idirthurais sonrach sa Chód Víosaí, a glacadh in 2009).

    Airteagal 2 — Sainmhínithe

    Mír 2, pointe (a): féach an míniú faoi Airteagal 1(1).

    Mír 7: Cuirtear isteach tagairt do bhunús dlí iomchuí (Cinneadh Uimh. 1105/2011).

    Scriostar mír 11 mar go bhfuil sí iomarcach ós rud é go bhfuil tuairisc ar an gcoincheap “idirghabhálaí tráchtála” in Airteagal 45.

    Mír 12: cuirtear sainmhíniú ar ‘maraí’ leis lena áirithiú go mbainfidh an fhoireann uile atá ag obair ar long tairbhe as an gcabhair nós imeachta.

    Airteagal 3 – Náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil ceangal orthu víosa idirthurais aerfoirt a bheith acu

    Mír 5 (b) agus mír 5 (c): cuirtear isteach tagairt do na codanna sin de Ríocht na hÍsiltíre atá sa Mhuir Chairib.

    Airteagal 4 – Na húdaráis atá inniúil chun páirt a ghlacadh sna nósanna imeachta a bhaineann le hiarratais

    Mír 2: cuirtear tagairt leis don Airteagal 36a nua lena gceadaítear víosaí a eisiúint ag teorainneacha seachtracha faoi scéim shonrach.

    Airteagal 5 – An Ballstát atá inniúil chun iarratas a scrúdú agus cinneadh a dhéanamh faoi

    Leasaítear mír 1(b) ionas nach mbeidh ach critéar oibiachtúil amháin ann, i.e. fad fanachta, lena chinneadh cén Ballstát is inniúil maidir le hiarratas a scrúdú i gcás ina gcumhdóidh an turas atá beartaithe níos mó ná ceann scríbe amháin. Is é is aidhm leis soiléireacht a fheabhsú d’iarratasóirí ar víosaí agus easaontas maidir le hinniúlacht a sheachaint idir na Ballstáit.

    Ina theannta sin, déantar inniúlacht a shoiléiriú do chásanna ina mbeidh ag duine roinnt turas nach bhfuil nasctha a dhéanamh go Ballstáit éagsúla laistigh de thréimhse ghearr agus ina mbeadh sé dodhéanta cheal ama iarratas a dhéanamh ar víosa do gach turas agus ina ualach iomarcach freisin.

    Airteagal 8 – Socruithe maidir le hionadaíocht

    Scriostar an mhír 2 reatha lena áirithiú go bhfuil an Ballstát a mbeidh ionadaíocht á déanamh aige lánfhreagrach as iarratais ar víosaí a phróiseáil thar ceann an Bhallstáit a mbeidh ionadaíocht á déanamh air, rud a dhéanfaidh cuíchóiriú ar phróiseáil iarratas ar víosaí faoi ionadaíocht agus atá i gcomhréir le prionsabal na muiníne frithpháirtí ar a bhfuil acquis Schengen bunaithe.

    Le mír 3 rialaítear bailiú agus tarchur comhad agus sonraí idir na Ballstáit i gcás ina ndéanfaidh Ballstát ionadaíocht thar ceann Ballstáit eile chun iarratais agus aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú agus chuige sin amháin.

    Leasaítear mír 4 lena chur san áireamh gur cuireadh deireadh leis an deis a bhíodh ag an mBallstát a raibh ionadaíocht á déanamh air rannpháirtíocht a éileamh i gcásanna atá á láimhseáil faoi ionadaíocht.

    Leagtar síos i mír 7 tréimhse íosta do na Ballstáit a mbeidh ionadaíocht á déanamh orthu chun fógra a thabhairt don Choimisiún i dtaca le tabhairt i gcrích nó foirceannadh socruithe maidir le hionadaíocht.

    Foráiltear i mír 8 go dtabharfaidh na Ballstáit a mbeidh ionadaíocht á déanamh acu fógra, an tráth céanna, do na Ballstáit eile agus do thoscaireacht an Aontais sa dlínse lena mbaineann maidir le tabhairt i gcrích nó foirceannadh na socruithe maidir le hionadaíocht.

    Cuirtear mír 10 leis chun cosc a chur ar bhriseadh fada sna hoibríochtaí agus ar ghreamáin víosa a eisiúint de láimh.

    Airteagal 9 – Modhanna praiticiúla chun iarratas a thaisceadh

    Le mír 1 sínítear go sé mhí an tréimhse uasta chun iarratas a chur isteach le deis a thabhairt do thaistealaithe pleanáil a dhéanamh agus buaicshéasúir a sheachaint; de bharr a gcoinníollacha sonracha oibre, is féidir le maraithe a niarratais a thaisceadh naoi mí roimh an turas beartaithe. Tá tréimhse íosta leagtha síos chun iarratas a chur isteach ionas go mbeadh a ndóthain ama ag na Ballstáit measúnú iomchuí a dhéanamh ar iarratais agus obair a eagrú.

    Leasaítear mír 4 le soiléiriú a dhéanamh ar na rialacha maidir le cé is féidir leis iarratas a chur isteach thar ceann iarratasóra agus déantar tagairt do chumainn nó d’institiúidí gairmiúla, cultúrtha, spóirt nó oideachais seachas idirghabhálaithe tráchtála.

    Baineadh mír 5 de shean-Airteagal 40(4) agus leasaíodh í leis an mbunphrionsabal a aibhsiú nach ceart go mbeadh ar iarratasóir dul ach chuig láthair amháin le hiarratas a chur isteach.

    Airteagal 10 – Rialacha ginearálta chun iarratas a thaisceadh

    Cuireadh téacs nua in áit mhír 1 chun a chur san áireamh gur cuireadh deireadh leis an bprionsabal ginearálta go raibh ar gach iarratasóir a bheith i láthair é féin chun an tiarratas a chur isteach gach uair a dhéanann siad iarratas ar víosa. Tá an tathrú seo gan dochar do na hoibleagáidí atá ar na Ballstáit de thairbhe Threoir 2004/38/CE, agus go háirithe Airteagal 5(2). Ceanglaítear ar iarratasóirí a bheith i láthair ag consalacht nó ag ionad an tsoláthraí seirbhíse seachtraigh le méarloirg a bhailiú atá le stóráil sa Chóras Faisnéise Víosaí.

    Scriostar mír 2 de thoradh an leasaithe ar mhír 1.

    Airteagal 11 – Foirm iarratais

    Leasaítear mír 1 le tagairt a chur isteach don deis an fhoirm iarratais a líonadh agus a shíniú go leictreonach.

    Cuirtear mír 1a leis lena aibhsiú nach mór ábhar na bhfoirmeacha iarratais leictreonacha a bheith ag freagairt d’ábhar na foirme iarratais aonfhoirmí in Iarscríbhinn I agus nach féidir aon iontráil bhreise a chur leis.

    Simplíodh mír 3 lena áirithiú go mbeadh an fhoirm iarratais ar fáil i gcónaí i dteanga oifigiúil an Bhallstáit a bhfuil víosa á hiarraidh dó agus i dteanga oifigiúil an stáit óstaigh, ar a laghad.

    Scriostar mír 4 de thoradh na nathruithe ar mhír 3.

    Airteagal 14 – Doiciméid tacaíochta

    Leasaítear mír 4 le hinneachar na bhfoirmeacha náisiúnta le haghaidh urraíochta agus/nó cuiridh a shoiléiriú agus le tuilleadh comhchuibhithe a dhéanamh air.

    Cuirtear mír nua in ionad mhír 5 chun go bhfreagróidh sé don ról feabhsaithe a bheidh ag comhar áitiúil Schengen (Airteagal 48(1)).

    Cuireadh isteach mír 5a leis na forálacha maidir leis na bearta cur chun feidhme a leagtar amach in Airteagal 52(2) a chur san áireamh.

    Airteagal 15 – Árachas liachta taistil

    I mír 1 tá an tagairt do dhul isteach “faoi dhó” scriosta toisc gur scriosadh an tagairt chéanna in Airteagal 24(1).

    Tá mír 2 leasaithe lena shoiléiriú nach mór d’iarratasóirí atá ag déanamh iarratais ar víosa dul isteach iolrach cruthúnas i leith árachais liachta taistil a chur ar fáil don chéad chuairt bheartaithe, agus dó sin amháin.

    Airteagal 16 – Táille víosa

    Mír 1: méadaítear an táille víosa ó EUR 60 go EUR 80 le cumhdach níos fearr ar chostais na mBallstát a áirithiú; Méadóidh sé sin acmhainní na mBallstát (+26 %), ach san am céanna ní bheidh sé ina dhíspreagadh ag tromlach mór na niarratasóirí ar víosa, i gcomparáid leis na costais taistil agus na costais eile a bheidh i gceist. Tugtar sásra isteach le measúnú a dhéanamh ar an ngá an táille a athbhreithniú gach dara bliain, ag cur critéir amhail ráta boilscithe an Aontais san áireamh. Leis sin beidh deis ann faireachán rialta a dhéanamh, chomh maith le hathbhreithniú ar an táille nuair is cuí. Inter alia beidh na Ballstáit, mar gheall ar an táille mhéadaithe atá beartaithe, in ann leibhéil leordhóthanacha foirne a choinneáil sna consalachtaí le hiarratais ar víosa a phróiseáil laistigh den achar ama a leagtar síos in Airteagal 23.

    Mír 2: méadófar EUR 5 an táille víosa do mhionaoisigh (6-12 bhliain d’aois) go EUR 40.

    Scriostar mír 3 mar go bhfuil an tagairt do “chostais riaracháin” saorga ós rud é go bhfuil sé léirithe le taighde nach féidir na costais riaracháin bheachta a ríomh. Cuirtear sásra athbhreithnithe níos soiléire in ionad na tagartha neamhbheaichte d’athbhreithnithe rialta i mír 8a.

    Mír 4(c): leasaítear an téacs lena áirithiú go mbeidh taighdeoirí a bheidh rannpháirteach i seimineáir/i gcomhdhálacha cumhdaithe ag an tarscaoileadh táille víosa freisin agus cuirtear tagairt don bhunús ceart dlí leis.

    Scriostar mír 5 ós rud é gur ar an leibhéal lárnach, den chuid is mó, a chinntear tarscaoileadh ginearálta roghnach a dhéanamh ar tháille víosa, agus dá bhrí sin ní féidir é a chomhchuibhiú go háitiúil.

    Bunaítear leis an mír nua 8a sásra le haghaidh athbhreithnithe tráthrialta (gach dá bhliain) agus tagraíonn sé do na critéir ar a bhfuil an tathbhreithniú sin le bunú.

    Airteagal 17 – Táille seirbhíse

    Scriostar an tagairt do tháille ‘bhreise’ seirbhíse i mír 1 mar go bhfuil sí míthreorach.

    Scriostar mír 3 mar gur léir ón taithí a fuarthas nach bhfuil comhchuibhiú áitiúil den sórt sin indéanta ar tháillí seirbhíse atá socraithe i gconarthaí ginearálta atá leagtha síos ar an leibhéal lárnach.

    Cuirtear mír nua 4a isteach le cead a thabhairt do sholáthraithe seirbhíse seachtracha táille seirbhíse níos airde a ghearradh má tá siad ag feidhmiú i dtríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh faoi réir ceanglas víosa agus nach bhfuil aon Bhallstáit i láthair le hiarratais ar víosa a bhailiú. Le táille seirbhíse níos airde cumhdófar comhaid iarratais a aistriú agus doiciméid taistil a sheoladh ar ais chuig an gconsalacht nó ón gconsalacht atá ag láimhseáil an cháis atá lonnaithe i dtír eile.

    Scriostar mír 5 mar nár cheart na Ballstáit a bheith faoi oibleagáid rochtain dhíreach ar chonsalacht a chur ar fáil chun chríche iarratais a chur isteach in áiteanna ina bhfuil sainordú tugtha do sholáthraí seirbhíse seachtrach iarratais ar víosaí a bhailiú. Ní chuireann sé sin cosc orthu rochtain dhíreach a chur ar fáil.

    Airteagal 21 – Coinníollacha iontrála a fhíorú agus measúnú riosca

    Leasaítear mír 3 (e) de thoradh an leasaithe ar Airteagal 15(2).

    Leasaítear mír 4 chun an tidirdhealú idir tréimhsí fanachta níos túisce faoi víosaí gearrfhanachta agus cineálacha eile víosaí nó ceadanna cónaithe a shoiléiriú.

    Leasaítear mír 8 lena cheadú do na Ballstáit modhanna cumarsáide nua-aimseartha a úsáid chun iarratasóirí a chur faoi agallamh, seachas iallach a chur orthu teacht i láthair sa chonsalacht.

    Airteagal 22 – Comhairliúchán roimh ré

    Leasaítear mír 2 lena cheangal ar na Ballstáit freagra a thabhairt ar iarrataí ar chomhairliúchán a luaithe is féidir agus laistigh de sheacht lá féilire ar a mhéad.

    Éilítear le mír 3 go dtabharfaidh na Ballstáit fógra faoi iarrataí ar chomhairliúchán roimh ré 15 lá féilire ar a laghad sula dtabharfar an beart isteach ionas go mbeidh an tiarratasóir ar an eolas in am trátha agus go mbeidh deis ag Ballstáit eile a bheith ullamh ar leibhéal teicniúil.

    Scriostar mír 5 toisc nach bhfuil feidhm leis a thuilleadh.

    Airteagal 23 – Cinneadh maidir leis an iarratas

    Foráiltear i mír 1 gur cheart 10 lá ar a mhéad a bheith sa tréimhse ghinearálta le cinneadh a dhéanamh. De réir na faisnéise atá taifeadta sa Chóras Faisnéise Víosaí, is é 5 lá an meántréimhse cinnteoireachta. Baineann roinnt Ballstát úsáid as tréimhsí gearra cinnteoireachta d’aon ghnó le taistealaithe a mhealladh agus tarlaíonn ‘siopadóireacht víosa’ mar thoradh ar éagsúlachtaí iomarcacha idir agaí próiseála. Mar gheall ar an táille mhéadaithe atá beartaithe, beidh na Ballstáit in ann líon na mball foirne sna consalachtaí a bhfuil cumas cinnteoireachta acu a chaomhnú nó a mhéadú lena áirithiú go ndéanfar cinntí maidir le hiarratais laistigh den tréimhse uasta.

    Leasaítear mír 2 le deis a thabhairt an uastréimhse cinnteoireachta maidir le hiarratais a shíneadh go 45 lá agus scriostar an abairt dheireanach toisc go bhfuarthas réidh leis an bhforáil lenar ceadaíodh do Bhallstát a raibh ionadaíocht á déanamh air a éileamh go rachfaí i gcomhairle leis maidir le cásanna arna láimhseáil go hionadaíoch (Airteagal 8(4)).

    Scriostar mír 3 mar go bhfuil tréimhse 60 lá féilire iomarcach le hiarratas ar víosa ghearrfhanachta a scrúdú.

    Cuirtear pointe nua (ba) le mír 4 d’fhonn tagairt do víosaí idirthurais aerfoirt, atá in easnamh sa Chód Víosaí reatha, a chur leis.

    Scriostar pointe (d) i mír 4 toisc go bhfuarthas réidh leis an bhforáil lenar tugadh cead dul i gcomhairle le Ballstát a raibh ionadaíocht á déanamh air; ar an dóigh sin faightear réidh leis an gceanglas cásanna áirithe a chur ar aghaidh le go láimhseálfadh an Ballstát a bhfuil ionadaíocht á déanamh air iad, in ionad an Ballstát a bhfuil ionadaíocht á déanamh aige iad a láimhseáil.

    Airteagal 24 – Víosa aonfhoirmeach a eisiúint

    Sa chéad abairt den dara fomhír de mhír 1, scriostar an tagairt do víosaí ‘do dhul isteach faoi dhó’ mar go bhfuil sí iomarcach – tá sí cumhdaithe ag na focail ‘dul isteach iolrach’ agus d’fhéadfadh sé teorainn a chur le heisiúint na víosaí dul isteach iolrach.

    Scriostar an tríú fomhír toisc gur scriosadh an tagairt do “idirthuras” in Airteagal 1(1).

    Déantar foirmliú na ceathrú fomhíre de mhír 1 a shoiléiriú tríd an tagairt do ‘breise’ a bhaint mar gur tharla míthuiscintí dá dheasca i dtaca le bailíocht an árachais liachta taistil a ríomh.

    Tá mír 2 athraithe chun rialacha ginearálta a leagan síos maidir le víosaí dul isteach iolrach a bhfuil bailíocht fhada acu a eisiúint de réir a chéile, i.e. “cascáid”. Cuirfidh na rialacha comhchuibhithe sin cosc le “siopadóireacht víosaí” agus le hiompar calaoiseach lena bhféachann iarratasóirí leis an bhfíor-Bhallstát ceann scríbe a cheilt chun iarratas a dhéanamh ag an gconsalacht atá ag eisiúint na víosa leis an mbailíocht is faide, dar leo.

    Cuirtear mír nua 2a leis le go mbeifear in ann imeacht ó mhír 2 i gcás ina mbeidh amhras réasúnta ann nach mbeidh an tiarratasóir in ann na coinníollacha iontrála a chomhlíonadh ar feadh tréimhse bailíochta na víosa.

    Cuirtear mír nua 2b leis chun deis a thabhairt cúinsí áitiúla agus rioscaí imirce agus slándála a chur san áireamh agus an ‘chascáid’ á cur in oiriúint go háitiúil.

    Cuirtear mír nua 2c leis chun cásanna eile a chumhdach a bhaineann le hiarratasóirí ar víosa atá incháilithe le haghaidh víosa dul isteach iolrach a bhfuil bailíocht fhada aici.

    Tagraítear i mír nua 2d do na nósanna imeachta le ‘cascáidí’ áitiúla den sórt sin a ghlacadh. Déantar tagairt don ghá rioscaí imirce agus slándála a chur san áireamh sa mheasúnú ar an oiriúnú áitiúil chomh maith le comhar na tríú tíre maidir le hathligean isteach imirceach neamhrialta.

    Airteagal 25a – Comhar maidir le hathligean isteach

    Mír 1: na forálacha ginearálta maidir le líon teoranta na ndoiciméad tacaíochta, an táille víosa a leagtar síos in Airteagal 16(1), an tarscaoileadh táille do shealbhóirí pasanna taidhleoireachta, an taga próiseála 10 lá agus eisiúint víosaí dul isteach iolra, ní bheidh feidhm ag na forálacha sin maidir le náisiúnaigh tríú tíortha nach bhfuil ag comhoibriú i dtaca le hathligean isteach ar bhonn critéir oibiachtúla ábhartha. Leagfar amach cur chun feidhme beacht na mbeart sriantach sa ghníomh cur chun feidhme, dá dtagraítear i mír 5.

    Mír 2: déanfaidh an Coimisiún measúnú rialta ar chomhar na dtríú tíortha maidir le hathligean isteach, agus líon áirithe táscairí á gcur san áireamh.

    Mír 3: féadfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt faoi fadhbanna substaintiúla leanúnacha praiticiúla le comhar tríú tír ar leith maidir le hathligean isteach ar bhonn na dtáscairí céanna a leagtar amach i mír 2.

    Mír 4: déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na fógraí ó na Ballstáit laistigh d’aon mhí amháin.

    Mír 5: ar bhonn a chuid anailíse ar na fógraí ó na Ballstáit, i gcás ina measfaidh sé go bhfuil beart ag teastáil, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena ndéanfar na forálacha ábhartha a chur ar fionraí nó a chur chun feidhme go sealadach (cf. mír 1) i leith gach náisiúnaigh nó gach catagóire náisiúnaigh den tríú tír i gceist.

    Mír 6: déanfaidh an Coimisiún measúnú go leanúnach ar chomhar éifeachtach an tríú tír maidir le hathligean isteach chun cur i bhfeidhm na mbeart sriantach a chur in oiriúint nó a aisghairm.

    Mír 7: sé mhí ar a dhéanaí tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme, tabharfaidh an Coimisiún tuairisc do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar an dul chun cinn atá déanta i dtaca le comhar an tríú tír sin maidir le hathligean isteach.

    Airteagal 27 – An greamán víosa a líonadh isteach

    Cuirtear mír nua in ionad mhír 1 lena scriostar Iarscríbhinn VII maidir le líonadh isteach an ghreamáin víosa agus lena gcumhachtaítear an Coimisiún chun na sonraí le haghaidh líonadh isteach an greamáin víosa a ghlacadh le gníomh cur chun feidhme.

    Leasaítear mír 2 leis na forálacha a neartú maidir leis na barúlacha ó na Ballstáit ar an ngreamán víosa.

    Leasaítear mír 4 lena áirithiú nach féidir ach víosaí dul isteach aonuaire a eisiúint de láimh.

    Airteagal 29 – Greamán víosa a ghreamú

    Leasaítear mír 1 le scriosadh Iarscríbhinn VIII a chur san áireamh.

    Cuirtear isteach mír 1a leis an gCoimisiún a chumhachtú na treoracha oibríochtúla a ghlacadh maidir le conas an greamán víosa a ghreamú trí bhíthin gníomh cur chun feidhme.

    Airteagal 31 – Údaráis láir na mBallstát eile a chur ar an eolas

    Leasaítear mír 2 lena áirithiú go gcuirfear na Ballstáit eile ar an eolas in am trátha, i gcomhréir le hathruithe a rinneadh ar Airteagal 22 (comhairliúchán roimh ré).

    Airteagal 32 – Víosa a dhiúltú

    Cuirtear pointe (iia) nua le mír 1, pointe 1(a), le heasnamh níos túisce a bhain le hidirthuras aerfoirt a leigheas.

    Cuirtear mír nua in ionad mhír 3 le tagairt a dhéanamh don ghá go gcuirfeadh na Ballstáit faisnéis mhionsonraithe ar fáil maidir le nósanna imeachta achomhairc agus go ráthófaí leis na nósanna imeachta sin gur féidir achomharc breithiúnach éifeachtach a dhéanamh (cf. Rialú na Cúirte Breithniúnais Cás C- 403/16).

    Scriostar mír 4 toisc gur scriosadh an fhoráil lenar ceanglaíodh cásanna áirithe a chur ar aghaidh le go láimhseálfadh an Ballstát a bhfuil ionadaíocht á déanamh air iad, in ionad an Ballstát a bhfuil ionadaíocht á déanamh aige iad a láimhseáil.

    Airteagal 36 – Víosaí arna neisiúint chuig maraithe ag na teorainneacha seachtracha

    Scriostar mír 2.

    Cuirtear isteach mír 3 leis an gCoimisiún a chumhachtú na treoracha oibríochtúla a ghlacadh maidir le víosaí a eisiúint do mharaithe ag na teorainneacha.

    Airteagal 36a – Víosaí a ndéantar iarratas orthu ag an teorainn sheachtrach faoi scéim shonrach

    Chun an turasóireacht ghearrthéarmach a chur chun cinn (seacht lá ar a mhéad), tá foráil nua tugtha isteach a thugann maolú ar na rialacha ginearálta maidir le víosaí a eisiúint ag an teorainn sheachtrach. Ceadófar do na Ballstáit víosaí a eisiúint ag an teorainn sheachtrach faoi scéimeanna sonracha faoi réir dianchritéar agus nuair a fhógraítear agus a fhoilsítear rialacha mionsonraithe eagraíochtúla na scéime. Le forálacha mionsonraithe bunaítear cosaintí leis an imirce neamhrialta agus na rioscaí slándála a íoslaghdú, go háirithe trí theorainn ceithre mhí a chur le scéimeanna den sórt sin agus a raon feidhme a shrianú go náisiúnaigh na tíre atá in aice leis an bpointe trasnaithe teorann talún nó náisiúnaigh de thír ag a bhfuil nasc díreach farantóireachta leis an bpointe trasnaithe teorann mara. Ní mór d’fhoireann shainoilte scrúdú iomlán a dhéanamh go bhfuil na coinníollacha iontrála go léir á gcomhlíonadh i struchtúir iomchuí. Beidh an víosa a eiseofar ar deireadh bailí le haghaidh iontráil amháin sa Bhallstát a d’eisigh í, agus sa Bhallstát sin amháin, agus le haghaidh fanacht nach faide ná seacht lá. Is maidir le náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil comhaontú um athligean isteach tugtha i gcrích leo agus nach bhfuil tús curtha leis an sásra dá dtagraítear in Airteagal 25a ina leith, agus maidir leo sin amháin, a bheidh feidhm ag na scéimeanna sin.

    Airteagal 37 – Eagrú na rannán víosaí

    Leasaítear mír 3 chun deis a thabhairt comhdú leictreonach a dhéanamh agus leis an tréimhse íosta cartlannaíochta a laghdú.

    Airteagal 38 – Acmhainní chun scrúdú a dhéanamh ar iarratais agus chun faireachán a dhéanamh ar chonsalachtaí

    Cuirtear mír nua 1a leis lena áirithiú go gcuirfear sláine an phróisis láimhseála víosaí i bhfeidhm agus go ndéanfar faireachán iomchuí air.

    Airteagal 40 – Eagrú agus comhar consalachta

    Cuireadh isteach rialacha níos solúbtha a ligeann do na Ballstáit úsáid optamach a bhaint as acmhainní, cumhdach consalachta a mhéadú agus comhar a fhorbairt.

    I mír 1, níl feidhm leis an dara habairt a thuilleadh, mar nach é an bunphrionsabal feasta é iarratais a chur isteach ag consalachtaí, agus dá bhrí sin scriostar é.

    Athraítear foclaíocht phointe (b) de mhír 2 toisc gur scriosadh Airteagal 41 mar a bhí agus toisc gur cuireadh deireadh le húsáid seirbhíse seachtraí mar ‘rogha dheireanach’.

    Airteagal 41 Comhar idir na Ballstáit

    Scriosadh an tAirteagal seo mar go bhfuil sé léirithe nach bhfuil na roghanna a leagadh amach indéanta. Le hAirteagal 40 arna leasú ceadaítear do na Ballstáit comhar a fhorbairt ar bhealach níos solúbtha.

    Airteagal 43 – An comhar le soláthraithe seirbhíse seachtracha

    Scriostar mír 3 ós rud é gur ar an leibhéal lárnach a dhéanann na Ballstáit conarthaí foriomlána le soláthraithe seirbhíse seachtracha a tharraingt suas de ghnáth.

    Cuirtear tagairt don fhaisnéis éigeantach atá le tabhairt d’iarratasóirí le pointe (a) i mír 6.

    Leasaítear pointe (e) de mhír 6 de thoradh an leasaithe ar Airteagal 10 agus ar Airteagal 40.

    Leasaítear mír 7 le raon na neintiteas is féidir páirt a ghlacadh i nglaonna ar thairiscintí a leathnú.

    Leasaítear mír 9 leis an reachtaíocht nua maidir le cosaint sonraí a chur san áireamh agus lena áirithiú go mbeidh urraim soláthraithe seirbhísí seachtracha ar rialacha cosanta sonraí faoi fhaireachán ag údaráis mhaoirseachta um chosaint sonraí na mBallstát.

    Leasaítear mír 11 chun a aibhsiú nach mór do na Ballstáit a fhíorú go ndéanfaidh na soláthraithe seirbhísí seachtracha an fhaisnéis go léir a éilítear faoi Airteagal 47(1) a chur ar fáil do na hiarratasóirí, agus chun neartú a dhéanamh ar an oibleagáid atá ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar sholáthraithe seirbhísí seachtracha.

    Cuirtear mír 11a nua leis lena cheangal ar na Ballstáit tuairisciú in aghaidh na bliana maidir lena gcomhar le soláthraithe seirbhísí seachtracha agus a bhfaireachán orthu.

    Airteagal 44 – Criptiú agus aistriú slán sonraí

    Leasaítear mír 1, mír 2 agus mír 3 lena chur san áireamh gur baineadh as Airteagal 8 tagairtí do bhaint an Bhallstáit a mbeidh ionadaíocht á déanamh air.

    Airteagal 45 – Comhar idir na Ballstáit agus idirghabhálaithe tráchtála

    Leasaítear mír 1 toisc gur scriosadh sean-Airteagal 2(11), i.e. an sainmhíniú ar idirghabhálaí tráchtála.

    Leasaítear mír 3 mar gurb ionann é agus an riail ghinearálta a leagtar amach in Airteagal 21(3)(e) maidir lena fhíorú go bhfuil árachas liachta taistil leordhóthanach ag iarratasóirí.

    Airteagal 47

    Leasaítear mír 1, pointe (c) lena chur san áireamh gur scriosadh sean-Airteagal 41.

    Airteagal 48 – Comhar áitiúil Schengen

    Athraítear foclaíocht mhír 1 le cineál éigeantach chomhar áitiúil Schengen a shoiléiriú.

    Leasaítear mír 1a, an chéad abairt, agus pointe (a) agus pointe (b) lena fhoráil go ndéanfar, faoi chuimsiú chomhar áitiúil Schengen, liostaí comhchuibhithe de dhoiciméid tacaíochta agus cur chun feidhme áitiúil ‘cascáidí’ de víosaí dul isteach iolrach a ullmhú.

    Scriostar mír 2 agus cuirtear an tábhar isteach i mír 1a.

    Leasaítear pointe (a) de mhír 3 le foráil a dhéanamh maidir le staidreamh i ndáil le víosaí a thiomsú gach ráithe (seachas gach mí) ar an leibhéal áitiúil.

    Leasaítear pointe (b) de mhír 3 le béim a leagan ar na gnéithe ba cheart a phlé (agus a mheas) i gcomhar áitiúil Schengen.

    Leasaítear mír 6a lena fhoráil go ndéanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na dtuarascálacha bliantúla arna dtarraingt suas sna comhthéacsanna éagsúla a bhaineann le comhar áitiúil Schengen, aon tuarascáil bhliantúil amháin a tharraingt suas a bheidh le cur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

    Scriostar Airteagal 50 toisc gur scriosadh Iarscríbhinn VII, Iarscríbhinn VIII agus Iarscríbhinn IX. Leasófar na hIarscríbhinní eile tar éis nós imeachta reachtach iomlán.

    Airteagal 50a agus Airteagal 50b Tarmligean a fheidhmiú agus an nós imeachta práinne

    Cuirtear isteach na hAirteagail seo le go gcuirfear forálacha Airteagal 290 CFAE maidir le gníomhartha tarmligthe san áireamh.

    Airteagal 51 – Treoracha maidir leis an gCód Víosaí a chur i bhfeidhm go praiticiúil

    Leasaítear an tAirteagal chun na forálacha a leagtar amach in Airteagal 52(2) a chur san áireamh.

    Airteagal 52 – Nós imeachta coiste

    Cuirtear airteagal nua in ionad an Airteagail seo le go gcuirfear san áireamh na forálacha lena rialaítear feidhmiú chumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Airteagal 2 – Faireachán agus meastóireacht

    Na forálacha caighdeánacha maidir le faireachán agus meastóireacht ar ionstraimí dlí atá sna forálacha seo.

    Airteagal 3 — Teacht i bhfeidhm

    Mír 1, mír 2 agus mír 4: na clásail chaighdeánacha maidir le teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht dhíreach atá sna clásail seo. Cuirtear cur i bhfeidhm an Rialacháin siar ar feadh [sé mhí] tar éis a theacht i bhfeidhm.

    Iarscríbhinní

    Cuirtear Iarscríbhinn nua in ionad Iarscríbhinn I (foirm iarratais) leis an ábhar a shimpliú agus a shoiléiriú.

    Cuirtear faisnéis nuashonraithe in ionad Iarscríbhinn V (ceadanna cónaithe a eisíonn tríú tíortha áirithe agus a ndíolmhaítear a sealbhóirí ón gceanglas maidir le víosa idirthurais aerfoirt).

    Iarscríbhinn VI (foirm chaighdeánach leis na cúiseanna a thabhairt go ndearnadh víosa a dhiúltú, a chur ar ceal nó a aisghairm) le deis a thabhairt faisnéis níos mionsonraithe a chur ar fáil maidir le cúiseanna diúltaithe agus maidir le nósanna imeachta le hachomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh diúltach.

    Scriostar Iarscríbhinn VII, Iarscríbhinn VII, agus Iarscríbhinn IX.

    Cuirtear Iarscríbhinn nua in ionad Iarscríbhinn X (liosta de na riachtanais íosta atá le cur san áireamh san ionstraim dlí a chumhdaíonn comhar le soláthraithe seirbhísí seachtracha) d’fhonn tuilleadh sonraí a chur isteach i dtaca le gnéithe áirithe atá le cumhdach san ionstraim dlí.

    2018/0061 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(a) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 16 ,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)Cuid dhílis de bhunú limistéir gan teorainneacha inmheánacha ab ea comhbheartas an Aontais Eorpaigh maidir le víosaí gearrfhanachta. Ba cheart leanúint den bheartas víosa a bheith ina uirlis bhunriachtanach lena néascaítear an turasóireacht agus an gnó agus, ag an am céanna, lena gcoisctear rioscaí slándála agus rioscaí imirce neamhrialta isteach san Aontas.

    (2)Ba cheart don Aontas a bheartas víosa a úsáid mar chuid dá chomhar le tríú tíortha, agus chun cothromaíocht níos fearr a áirithiú idir cúrsaí imirce agus cúrsaí slándála, tosca eacnamaíocha agus an caidreamh seachtrach i gcoitinne.

    (3)Le Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 17 , bunaítear na nósanna imeachta agus na coinníollacha maidir le víosaí a eisiúint le haghaidh tréimhsí fanachta atá beartaithe ar chríoch na mBallstát, agus nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá.

    (4)Ba cheart an nós imeachta um iarratas ar víosa a bheith chomh éasca agus is féidir do na hiarratasóirí. Ba cheart é a bheith soiléir cén Ballstát atá inniúil chun iarratas ar víosa a scrúdú, go háirithe i gcás ina gcumhdóidh an chuairt atáthar a bheartú roinnt Ballstát. Más féidir, ba cheart do na Ballstáit a cheadú foirmeacha iarratais a líonadh agus a chur isteach ar líne. Ba cheart spriocdhátaí a leagan síos do chéimeanna éagsúla an nós imeachta, go háirithe chun go mbeidh taistealaithe in ann pleanáil roimh ré agus tréimhsí ardbhrú i gconsalachtaí a sheachaint.

    (5)Níor cheart oibleagáid a chur ar na Ballstáit, in áiteanna ina bhfuil sainordú tugtha do sholáthraí seirbhíse seachtrach chun iarratais ar víosaí a bhailiú thar ceann na consalachta, leanúint de dheis na rochtana dírí a chur ar fáil maidir le hiarratais a thaisceadh sa chonsalacht, gan dochar do na hoibleagáidí atá ar na Ballstáit de thairbhe Threoir 2004/38/CE 18 , agus go háirithe Airteagal 5(2) di.

    (6)Leis an táille víosa ba cheart a áirithiú go bhfuil leordhóthain acmhainní airgeadais ar fáil chun costais na próiseála víosaí a chumhdach, lena náirítear struchtúir iomchuí agus leordhóthain foirne chun cáilíocht agus sláine scrúdú na niarratas ar víosaí a áirithiú. Ba cheart méid na táille víosa a athbhreithniú gach re bliain ar bhonn critéir oibiachtúla.

    (7)Chun a áirithiú gur féidir le saoránaigh tríú tíortha a bhfuil an ceanglas víosa orthu a niarratas ar víosa a thaisceadh ina náit chónaithe fiú mura bhfuil aon Bhallstát i láthair ansin chun críche iarratais a bhailiú, ba cheart soláthraithe seirbhíse seachtracha a chumasú leis an tseirbhís is gá a sholáthar ar tháille a bheadh ní b'airde ná an tuasleibhéal ginearálta.

    (8)Ba cheart socruithe ionadaíochta a chuíchóiriú agus bacainní ar thabhairt i gcrích socruithe den sórt sin idir na Ballstáit a sheachaint. Ba cheart an Ballstát ionadaíoch a bheith freagrach as próiseáil na niarratas ar víosaí ina hiomláine gan rannpháirtíocht an Bhallstáit a bhfuil ionadaíocht á dhéanamh air.

    (9)Chun an tualach riaracháin ar chonsalachtaí na mBallstát a laghdú agus chun taisteal réidh do dhaoine a bhíonn ag taisteal go minic nó go rialta a éascú, ba cheart víosaí dul isteach iolrach a mbaineann tréimhse fhada bailíochta leo a eisiúint de réir critéir choiteanna a chinnfí go hoibiachtúil agus níor cheart iad a bheith teoranta do chuspóirí sonracha taistil ná do chatagóirí sonracha iarratasóirí.

    (10)I bhfianaise na ndifríochtaí idir na cúinsí áitiúla go háirithe maidir le rioscaí imirce agus slándála, agus i bhfianaise an caidreamh atá ag an Aontas le tíortha sonracha chomh maith, ba cheart do mhisin taidhleoireachta agus d’ionaid chonsalacha na mBallstát in áiteanna ar leith measúnú a dhéanamh ar an ngá na forálacha ginearálta a chur in oiriúint le gur féidir an cur i bhfeidhm a dhéanamh níos fabhraí nó níos srianta. Le cur chuige níos fabhraí maidir le heisiúint víosaí dul isteach iolrach a mbaineann tréimhse fhada bailíochta leo, is éard ba cheart a chur san áireamh, go háirithe, comhaontuithe trádála a bheith ann lena gcumhdaítear soghluaisteacht lucht gnó, agus comhar an tríú tír maidir le athligean isteach imirceach neamhrialta.

    (11)I gcás easpa comhair ó thríú tíortha áirithe maidir le hathligean isteach a náisiúnach arna ngabháil i gcúinsí neamhrialta agus i gcás mhainneachtain na dtríú tíortha sin comhoibriú go héifeachtach le próiseas an fhillte, ba cheart forálacha áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 a chur i bhfeidhm ar dhóigh shriantach shealadach ar bhonn sásra trédhearcach a bheadh bunaithe ar chritéir oibiachtúla, chun feabhas a chur ar chomhoibriú tríú tír áirithe maidir le hathligean isteach imirceach neamhrialta.

    (12)Ba cheart ceart achomhairc a bheith ag iarratasóirí dá ndiúltófaí víosa, agus ba cheart a ráthú leis an gceart sin gur féidir achomharc breithiúnach éifeachtach a dhéanamh, ag céim áirithe de na himeachtaí. Faisnéis níos mionsonraithe faoi fhoras an diúltaithe agus faoi na nósanna imeachta le haghaidh achomharc i gcoinne cinntí diúltacha, ba cheart í a sholáthar san fhógra faoin diúltú.

    (13)Ba cheart é a bheith eisceachtúil i dtólamh víosaí a eisiúint ag an teorainn sheachtrach. Chun an turasóireacht ghearrthéarmach a chur chun cinn, ba cheart na Ballstáit a údarú le víosaí a eisiúint ag an teorainn sheachtrach ar bhonn scéimeanna sealadacha, agus ba cheart fógra a thabhairt faoi na socruithe eagrúcháin do na scéimeanna sin agus iad a fhoilsiú. Ba cheart na scéimeanna sin a bheith teoranta ina raon feidhme agus i gcomhréir leis na rialacha ginearálta maidir le hiarratais ar víosaí a phróiseáil. Ba cheart bailíocht na víosa a eisítear a bheith teoranta do chríoch an Bhallstáit eisiúna.

    (14)Tá comhar áitiúil Schengen fíor-riachtanach chun an comhbheartas víosa a chur i bhfeidhm go comhchuibhithe agus chun measúnú cuí a dhéanamh ar rioscaí imirce agus slándála. Ba cheart do Thoscaireachtaí de chuid an Aontais comhordú a dhéanamh ar an gcomhar agus ar na malartuithe idir misin taidhleoireachta agus ionaid chonsalacha na mBallstát in áiteanna ar leith. Ba cheart dóibh measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm oibríochtúil forálacha sonracha i bhfianaise na gcúinsí áitiúla agus an riosca imirce.

    (15)Ba cheart do na Ballstáit faireachán a dhéanamh go grinn agus go rialta ar oibríochtaí na soláthraithe seirbhíse seachtracha chun a áirithiú go bhfuiltear ag cloí leis an ionstraim dlí lena rialaítear na freagrachtaí arna dtabhairt don soláthraí seirbhíse seachtrach. Ba cheart do na Ballstáit tuairisc a thabhairt go bliantúil don Choimisiún maidir leis an gcomhar le soláthraithe seirbhíse seachtracha agus maidir leis an bhfaireachán ar na soláthraithe sin. Ba cheart do na Ballstát a áirithiú go ndéanfaidh baill foirne easaoránacha faireachán ar an nós imeachta próiseála iarratas ar víosaí ina iomláine agus ar an gcomhar le soláthraithe seirbhíse seachtracha. 

    (16)Ba cheart rialacha solúbtha a leagan síos chun go mbeidh na Ballstáit in ann acmhainní a roinnt go hoptamach agus cumhdach consalachta a mhéadú. D’fhéadfadh an comhar idir na Ballstáit (Ionaid Víosaí Schengen) a bheith i bhfoirm ar bith a oireann do na cúinsí áitiúla d’fhonn an cumhdach geografach consalachta a mhéadú, na costais ar na Ballstáit a laghdú, infheictheacht an Aontais a mhéadú agus an tseirbhís a thugtar d’iarratasóirí ar víosaí a fheabhsú. 

    (17)Na córais a fhorbraíonn na Ballstáit le haghaidh iarratais leictreonacha ar víosaí, is cuidiú iad lena néascaítear na nósanna imeachta iarratais d’iarratasóirí agus do chonsalachtaí. Ba cheart réiteach coiteann a fhorbairt a chuirfeadh an lándigitiú ar fáil, ag baint lán-úsáid as na forbairtí dlí agus teicneolaíochtaí atá tagtha chun cinn le deireanas. 

    (18)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE), agus leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen faoi fhorálacha Theideal IV de Chuid a Trí den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

    (19)Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle 19 . Dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ina ghlacadh ná níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

    (20)Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle 20 . Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

    (21)Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le hacquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt 21 , ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe B d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle 22 .

    (22)Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt 23 , ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe B d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle 24 .

    (23)Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe B d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE 25 ón gComhairle maidir le cur i gcrích an Phrótacail sin.

    (24)Maidir leis an gCipir, is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(12) d’Ionstraim Aontachais 2003.

    (25)Maidir leis an mBulgáir agus leis an Rómáin, is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 4(12) d’Ionstraim Aontachais 2005.

    (26)Maidir leis an gCróit, is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, nó a bhfuil baint eile aige leis de réir bhrí Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2011.

    (27)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 a leasú dá réir sin.

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 mar a leanas:

    (1)In Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1. Leis an Rialachán seo, bunaítear na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le víosaí a eisiúint le haghaidh tréimhsí fanachta atá beartaithe ar chríoch na mBallstát nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá.”;

    (2)Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

    (a)i bpointe 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    “(a) tréimhse fanachta atá beartaithe a chaitheamh ar chríoch na mBallstát nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá; nó”.;

    (b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 7:

    “7. ciallaíonn ‘doiciméad taistil aitheanta’ doiciméad taistil a aithníonn Ballstát amháin nó níos mó chun críche na teorainneacha seachtracha a thrasnú agus víosaí a ghreamú de, de bhun Chinneadh Uimh. 1105/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 26 .”;

    (c)scriostar pointe 11;

    (d)cuirtear isteach an pointe nua seo a leanas:

    “12. ciallaíonn ‘maraí’ aon duine atá ar fostú, ar fruiliú nó ag obair i gcáil ar bith ar bord long farraige nó ar bord long a sheolann ar uiscí intíre idirnáisiúnta.”

    (3)In Airteagal 3(5), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) agus phointe (c):

    “(b) náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil cead cónaithe bailí ar a seilbh a d’eisigh Ballstát nach bhfuil rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo nó Ballstát nach gcuireann forálacha acquis Schengen i bhfeidhm ina niomláine go fóill, nó náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil cead cónaithe bailí a liostaítear in Iarscríbhinn V ar a seilbh a d’eisigh Andóra, Ceanada, an tSeapáin, San Mairíne nó Stáit Aontaithe Mheiriceá, lena ráthaítear athligean isteach an tsealbhóra gan choinníoll, nó a bhfuil cead cónaithe ar a seilbh do na réigiúin sin de Ríocht na hÍsiltíre atá i Muir Chairib (Aruba, Curaçao, Sint Maarten, Bonaire, Sint Eustatius agus Saba);

    (c) náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil víosa bailí ar a seilbh do Bhallstát nach bhfuil rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo, nó do Bhallstát nach gcuireann forálacha acquis Schengen i bhfeidhm ina niomláine go fóill, nó do thír is páirtí sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó do Cheanada, don tSeapáin nó do Stáit Aontaithe Mheiriceá, nó sealbhóirí víosa bailí do na codanna sin de Ríocht na hÍsiltíre atá i Muir Chairib (Aruba, Curaçao, Sint Maarten, Bonaire, Sint Eustatius agus Saba), nuair a thaistealaíonn siad chuig an tír eisiúna nó chuig aon tríú tír eile, nó nuair a fhilleann siad ón tír eisiúna tar éis an víosa a úsáid;”;

    (4)In Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na húdaráis atá freagrach as seiceálacha ar dhaoine iarratais a scrúdú agus cinneadh a dhéanamh fúthu ag teorainneacha seachtracha na mBallstát, i gcomhréir le hAirteagal 35 agus le hAirteagal 36 agus le hAirteagal 36a.”;

    (5)Cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (b) d’Airteagal 5(1):

    “(b) má chuimsíonn an chuairt níos mó ná ceann scríbe amháin, nó má tá roinnt cuairteanna ar leith le déanamh i dtréimhse dhá mhí, an Ballstát arb í a chríoch príomhcheann scríbe na cuairte nó na gcuairteanna maidir le fad an fhanachta, arna chomhaireamh i laethanta; nó”;

    (6)Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

    (a)scriostar mír 2;

    (b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 agus mhír 4:    

    “3. I gcás ina bhfuil an ionadaíocht teoranta d’iarratais a bhailiú, is i gcomhréir leis na rialacha ábhartha cosanta sonraí agus slándála a bheidh an bailiú agus na sonraí, agus a dtarchur chuig an mBallstát a bhfuil ionadaíocht á déanamh air.

    4. Déanfar socrú déthaobhach idir an Ballstát a mbeidh ionadaíocht á déanamh aige agus an Ballstát a mbeidh ionadaíocht á déanamh air. Maidir leis an socrú sin:

    (a)sonrófar ann fad na hionadaíochta, mura bhfuil inti ach ionadaíocht shealadach, agus na nósanna imeachta maidir lena foirceannadh;

    (b)féadfar a fhoráil leis, go háirithe i gcás ina bhfuil consalacht sa tríú tír lena mbaineann ag an mBallstát a mbeidh ionadaíocht á déanamh air, go soláthróidh an Ballstát a mbeidh ionadaíocht á déanamh air áitreabh, baill foirne agus íocaíochtaí.”;

    (c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7 agus mhír 8:

    “7.    An Ballstát a mbeidh ionadaíocht á déanamh air, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi na socruithe maidir le hionadaíocht, nó faoi fhoirceannadh na socruithe sin, mí amháin ar a dhéanaí sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm nó sula bhfoirceannfar iad, ach amháin i gcásanna force majeure.

    8. Déanfaidh consalacht an Bhallstáit a mbeidh ionadaíocht á déanamh aige, an tráth céanna a dtabharfar an fógra dá dtagraítear i mír 7, consalachtaí na mBallstát eile agus Toscaireacht an Aontais Eorpaigh sa dlínse lena mbaineann a chur ar an eolas faoi na socruithe maidir le hionadaíocht nó faoi fhoirceannadh na socruithe sin.”;

    (d)cuirtear isteach an mhír nua seo a leanas:

    “10. I gcásanna force majeure fada teicniúil, lorgóidh Ballstát ionadaíocht shealadach ó Bhallstát eile san áit áirithe sin i gcás gach iarratasóra ar víosa nó i gcás roinnt catagóirí iarratasóra ar víosa.”;

    (7)Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

    (a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “Féadfar iarratais a thaisceadh tráth nach túisce ná sé mhí, agus i gcás maraithe atá i mbun a ndualgas, tráth nach túisce ná naoi mí roimh thosach na cuairte atá beartaithe agus, mar riail, 15 lá féilire ar a dhéanaí roimh an tosach sin.”;

    (b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    (c)“4. Gan dochar d’Airteagal 13, féadfaidh siad seo a leanas iarratais a thaisceadh:

    (a)an tiarratasóir;

    (b)idirghabhálaí tráchtála creidiúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 45;

    (c)comhlachas nó institiúid gairme, cultúir, spóirt nó oideachais thar ceann na mball.”;

    (d)cuirtear isteach an mhír nua seo a leanas:

    “5. Ní chuirfear de cheangal ar iarratasóir teacht i láthair é féin féin ag níos mó ná suíomh amháin chun iarratas a thaisceadh.”;

    (8)Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

    (a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “Tiocfaidh na hiarratasóirí i láthair iad féin féin tráth a dtaiscfidh siad iarratas d’fhonn méarloirg a bhailiú, i gcomhréir le hAirteagal 13(2), (3) agus (7)(b).”;

    (b)scriostar mír 2;

    (9)Leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

    (a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte de mhír 1:

    “1. Déanfaidh gach iarratasóir foirm a chur isteach atá comhlánaithe de láimh nó go leictreonach agus sínithe de láimh nó go leictreonach, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I.”;

    (b)cuirtear an mhír nua 1 a seo isteach:

    “1a. Is de réir mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a bheidh an tábhar atá i leagan leictreonach na foirme iarratais, más infheidhme.”;

    (c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    (d)“3. Beidh an fhoirm ar fáil sna teangacha seo a leanas ar a laghad:

    (a)teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit a bhfuil víosa á hiarraidh ina leith; agus

    (b)teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla na tíre óstaí.

    I dteannta na teanga nó na dteangacha dá dtagraítear i bpointe (a), féadfar an fhoirm a chur ar fáil in aon cheann eile de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais Eorpaigh;”;

    (e)scriostar mír 4;

    (10)Leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

    (a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4 agus mhír 5:

    “4. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar na hiarratasóirí cruthúnas ar urraíocht nó ar chóiríocht phríobháideach, nó an dá rud, a léiriú trí fhoirm arna tarraingt suas ag gach Ballstát a líonadh. Sonrófar an méid seo a leanas, go háirithe, ar an bhfoirm sin:

    (a)cibé acu an cruthúnas ar urraíocht nó ar chóiríocht phríobháideach é a cuspóir;

    (b)cibé acu an duine aonair, cuideachta nó eagraíocht é an turraitheoir/an duine atá ag tabhairt cuiridh;

    (c)céannacht agus sonraí teagmhála an urraitheora/an duine atá ag tabhairt cuiridh;

    (d)an tiarratasóir nó na hiarratasóirí;

    (e)seoladh na cóiríochta;

    (f)fad agus cuspóir an fhanachta;

    (g)aon nasc teaghlaigh atá ag an iarratasóir leis an urraitheoir/an duine atá ag tabhairt cuiridh;

    (h)an fhaisnéis a cheanglaítear de bhun Airteagal 37(1) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

    Chomh maith le teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit, tarraingeofar suas an fhoirm i dteanga oifigiúil amháin eile ar a laghad de chuid institiúidí an Aontais. Cuirfear cóip shamplach den fhoirm chuig an gCoimisiún.

    5. Déanfaidh consalachtaí na mBallstát, faoi chuimsiú chomhar áitiúil Schengen dá dtagraítear in Airteagal 48, cur chun feidhme na gcoinníollacha a leagtar síos i mír 1 a mheas, chun na cúinsí áitiúla a chur san áireamh, mar aon le rioscaí imirce agus slándála.”;

    (b)cuirtear an mhír nua 5 a seo isteach:

    “5a. I gcás inar gá chun cúinsí áitiúla dá dtagraítear in Airteagal 48 a chur san áireamh, glacfaidh an Coimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme liosta comhchuibhithe de dhoiciméid tacaíochta atá le húsáid i ngach dlínse. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(2).”;

    (11)Leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

    (a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1. Iarratasóirí ar víosa aonfhoirmeach le haghaidh dul isteach aonuaire, cruthóidh siad go bhfuil árachas liachta taistil leordhóthanach bailí acu chun aon chostas a chumhdach a d’fhéadfadh a bheith ann i dtaca le haisdúichiú ar chúiseanna liachta, nó i dtaca le cóir liachta phráinneach agus i dtaca le cóireáil éigeandála in ospidéal nó i gcás báis, le linn a bhfanachta bheartaithe ar chríoch na mBallstát.”;

    (b)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    “2. Iarratasóirí ar víosa aonfhoirmeach le haghaidh dul isteach iolrach, cruthóidh siad go bhfuil árachas liachta taistil leordhóthanach agus bailí acu lena gcumhdófar tréimhse na chéad chuairte atá beartaithe acu.”;

    (12)Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

    (a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

    “1. Íocfaidh iarratasóirí táille víosa EUR 80.

    2. Íocfaidh leanaí atá sé bliana d’aois nó os a chionn ach atá faoi bhun 12 bhliain d’aois táille víosa EUR 40.”;

    (b)cuirtear an mhír nua 2a seo isteach:

    “2a Beidh feidhm ag táille víosa EUR 160 nuair a chinnfidh an Coimisiún amhlaidh i gcomhréir le hAirteagal 25a(5).”;

    (c)scriostar mír 3.

    (d)i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    “(c) taighdeoirí ó thríú tíortha mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2005/71/CE ón gComhairle 27 atá ag taisteal chun taighde eolaíoch a dhéanamh, nó atá ag glacadh páirt i seimineár nó i gcomhdháil eolaíoch;”;

    (e)i mír 5, scriostar an dara fomhír;

    (f)cuirtear an mhír nua seo isteach:

    “8a. Gach dhá bhliain, measfaidh an Coimisiún an gá athbhreithniú a dhéanamh ar mhéid na dtáillí víosa a leagtar amach in Airteagal 16(1), (2) agus (2a), ag cur critéir oibiachtúla san áireamh, amhail an ráta boilscithe ginearálta ar fud an Aontais arna fhoilsiú ag Eurostat, agus meán ualaithe thuarastail státseirbhísigh na mBallstát agus, más iomchuí, leasóidh sé méid na dtáillí víosa trí bhíthin gníomhartha tarmligthe.”;

    (13)Leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

    (a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte de mhír 1:

    “Féadfaidh soláthraí seirbhíse seachtrach, dá dtagraítear in Airteagal 43, táille seirbhíse a ghearradh.”;

    (b)scriostar mír 3;

    (c)cuirtear an mhír nua 4a seo isteach:

    “4a. De mhaolú ar mhír 4, ní bheidh an táille seirbhíse níos mó ná méid na táille víosa, i dtríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh faoi réir an cheanglais víosa ach nach bhfuil consalacht ag aon Bhallstát iontu chun críche iarratais ar víosaí a bhailiú.” ;

    (d)scriostar mír 5;

    (14)Leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:

    (a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e) de mhír 3:

    “(e) go bhfuil árachas liachta taistil leordhóthanach agus bailí ag an iarratasóir, más infheidhme, lena gcumhdaítear tréimhse an fhanachta atá beartaithe nó, má táthar ag déanamh iarratas ar víosa aonfhoirmeach le haghaidh dul isteach iolrach, tréimhse na chéad chuairte atá beartaithe.”;

    (b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    “4. Fíoróidh an chonsalacht, más infheidhme, fad na dtréimhsí fanachta roimhe sin agus fad na dtréimhsí fanachta atá beartaithe chun a fhíorú nach bhfuil fad uasta aon fhanachta a údaraíodh ar chríoch na mBallstát sáraithe ag an iarratasóir, gan beann ar aon tréimhsí fanachta arna núdarú faoi víosa fadfhanachta náisiúnta nó faoi chead cónaithe.”;

    (c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

    “8. Le linn dóibh iarratas a scrúdú, féadfaidh consalachtaí, i gcásanna a bhfuil bonn cirt leo, agallamh a dhéanamh leis an iarratasóir agus doiciméid bhreise a iarraidh.”;

    (15)Leasaítear Airteagal 22 mar a leanas:

    (a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:

    “2. Tabharfaidh na húdaráis láir a rachfar i gcomhairle leo freagra cinntitheach a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná seacht lá féilire ón lá a rachfar i gcomhairle leo. Mura bhfaighfear freagra faoin spriocdháta sin, ciallóidh sé sin nach bhfuil aon fhoras acu agóid a dhéanamh i leith an víosa a eisiúint.

    3. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin gceanglas maidir le comhairliúchán roimh ré a thabhairt isteach nó a tharraingt siar, mar riail, 15 lá féilire ar a dhéanaí sula dtiocfaidh sé chun bheith infheidhme. Tabharfar an fhaisnéis sin freisin faoi chuimsiú chomhar áitiúil Schengen sa dlínse lena mbaineann.”;

    (b)scriostar mír 5;

    (16)Leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:

    (a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

    “1. Déanfar iarratais a chinneadh laistigh de 10 lá féilire ón dáta a dtaiscfear iarratas atá inghlactha i gcomhréir le hAirteagal 19.

    Féadfar an tréimhse sin a shíneadh suas le 45 lá féilire i gcásanna ar leith, go háirithe nuair a bheidh gá le grinnscrúdú breise ar an iarratas.”;

    (b)scriostar mír 3;

    (c)leasaítear mír 4 mar seo a leanas:

    (i)    cuirtear an pointe nua (ba) a leanas isteach:

    “(ba) víosa idirthurais aerfoirt a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 26; nó”;

    (ii)    scriostar pointe (d);

    (17)Leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:

    (a)leasaítear mír 1 mar seo a leanas:

    (i)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte den dara fomhír:

    “Féadfar víosa a eisiúint le haghaidh dul isteach aonuaire nó le haghaidh dul isteach iolrach.”

    (ii)    scriostar an tríú fomhír;

    (iii)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ceathrú fomhír:

    “Gan dochar d’Airteagal 12(a), cuimseoidh tréimhse bhailíochta víosa dul isteach aonuaire ‘tréimhse chairde’ 15 lá féilire.”;

    (b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2. Déanfar víosaí dul isteach iolrach a bhfuil bailíocht fhada acu a eisiúint do na tréimhsí bailíochta seo a leanas, ach amháin dá mbeadh bailíocht an víosa ní b’fhaide ná bailíocht an doiciméid taistil:

    (a)tréimhse bhailíochta aon bhliana amháin, ar choinníoll go ndearna an tiarratasóir trí víosa a fháil agus a úsáid go dleathach le dhá bhliain anuas;

    (b)tréimhse bhailíochta dhá bhliaina, ar choinníoll go ndearna an tiarratasóir víosa dul isteach iolrach a bhí bailí ar feadh bliain amháin a fháil agus a úsáid go dleathach roimhe sin;

    (c)tréimhse bhailíochta cúig bliana, ar choinníoll go ndearna an tiarratasóir víosa dul isteach iolrach a bhí bailí ar feadh dhá bhliain a fháil agus a úsáid go dleathach roimhe sin;

    (c)cuirtear an mhír nua seo isteach:

    “2a. De mhaolú ar mhír 2, féadfar tréimhse bhailíochta na víosa a ghiorrú i gcásanna ar leith ina bhfuil amhras réasúnta ann nach gcomhlíonfar na coinníollacha iontrála i rith na tréimhse ina hiomláine.

    2b. De mhaolú ar mhír 2, déanfaidh consalachtaí na mBallstát, faoi chuimsiú chomhar áitiúil Schengen dá dtagraítear in Airteagal 48, a mheas an gá na rialacha maidir le heisiúint na víosaí dul isteach iolrach a leagtar amach i mír 2 a oiriúnú chun cúinsí áitiúla a chur san áireamh, mar aon le rioscaí imirce agus slándála, de thairbhe rialacha níos fabhraí nó níos sriantaí a ghlacadh i gcomhréir le mír 2d.

    2c. Gan dochar do mhír 2, féadfar víosa dul isteach iolrach a bheidh bailí suas le 5 bliana a eisiúint d’iarratasóirí a chruthóidh gur gá dóibh taisteal go minic agus/nó go rialta nó a léireoidh go bhfuil údar lena nintinn é sin a dhéanamh, ar chuntar go gcruthóidh siad a nionracas agus a niontaofacht, go háirithe úsáid dhleathach víosaí roimhe sin, a staid eacnamaíoch sa tír thionscnaimh agus a nintinn dhílis críoch na mBallstát a fhágáil roimh dhul in éag don víosa a bhfuil iarratas déanta acu uirthi.

    2d. I gcás inar gá ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 2b, glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha maidir leis na coinníollacha ar a neiseofar víosaí dul isteach iolrach a leagtar síos i mír 2 atá le cur i bhfeidhm i ngach dlínse chun cúinsí áitiúla a chur san áireamh, mar aon le rioscaí imirce agus slándála agus comhar an tríú tír i gceist maidir le hathligean isteach imirceach neamhrialta i bhfianaise na dtáscairí a leagtar amach in Airteagal 25a(2), chomh maith lena caidreamh foriomlán leis an Aontas. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(2).”;

    (18)Cuirtear isteach an tAirteagal nua seo a leanas:

    “Airteagal 25a

    Comhar maidir le hathligean isteach

    1.    Airteagal 14 (6), Airteagal 16(1) agus (5), pointe (b), Airteagal 23(1), agus Airteagal 24(2), ní bheidh feidhm acu maidir le hiarratasóirí nó catagóirí iarratasóirí, ar náisiúnaigh iad de thríú tír nach meastar a bheith ag comhoibriú go hiomchuí leis na Ballstáit maidir le hathligean isteach imirceach neamhrialta, ar bhonn sonraí ábhartha oibiachtúla, i gcomhréir leis an Airteagal seo. Tá an tAirteagal seo gan dochar do na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún le hAirteagal 24(2d).

    2.    Measfaidh an Coimisiún go tráthrialta comhar na dtríú tíortha maidir le hathligean isteach, ag cur na dtáscairí seo a leanas san áireamh, go háirithe:

    (a)líon na gcinntí um fhilleadh arna neisiúint chuig daoine ón tríú tír lena mbaineann a bhí ag fanacht go mídhleathach ar chríoch na mBallstát;

    (b)líon iarbhír na nuaireanta a cuireadh ar ais daoine ar eisíodh cinntí um fhilleadh chucu, mar chéatadán de líon na gcinntí um fhilleadh arna neisiúint chuig saoránaigh den tríú tír i gceist lena náirítear, más iomchuí, ar bhonn comhaontuithe de chuid an Aontais nó comhaontuithe déthaobhacha um athligean isteach, líon na náisiúnach tríú tír a rinne idirthuras trína chríoch;

    (c)líon na niarrataí ar athligean isteach ar ghlac an tríú tír leo mar chéatadán de líon na niarratas den sórt sin a cuireadh faoina bráid.

    3.    Féadfaidh Ballstát fógra a thabhairt don Choimisiún freisin má bhíonn fadhbanna substaintiúla leanúnacha aige le comhar tríú tír maidir le hathligean isteach imirceach neamhrialta ar bhonn na dtáscairí céanna a liostaítear i mír 2.

    4.    Scrúdóidh an Coimisiún aon fhógra a thabharfar de bhun mhír 3 laistigh de thréimhse aon mhíosa.

    5.    I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar bhonn na hanailíse dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 4, nach bhfuil tír ag comhoibriú go hiomchuí agus gur gá beart a dhéanamh, dá bhrí sin, féadfaidh sé, ag cur chaidreamh foriomlán an Aontais leis an tríú tír lena mbaineann san áireamh, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(2):

    (a)lena gcuirfear ar fionraí go sealadach cur i bhfeidhm Airteagal 14(6), Airteagal 16(5) pointe (b), Airteagal 23(1), nó Airteagal 24(2), nó cur i bhfeidhm roinnt de na bhforálacha sin nó iad uile, maidir le náisiúnaigh den tríú tír lena mbaineann nó maidir le catagóirí áirithe díobh, nó

    (b)lena gcuirfear i bhfeidhm an táille víosa a leagtar amach in Airteagal 16(2a) maidir le náisiúnaigh uile an tríú tír lena mbaineann nó maidir le catagóirí áirithe díobh.

    6.    Measfaidh an Coimisiún go leanúnach ar bhonn na dtáscairí a leagtar amach i mír 2 an féidir a léiriú go bhfuil feabhas suntasach curtha ar chomhar an tríú tír áirithe maidir le hathligean isteach imirceach neamhrialta agus, ag cur chaidreamh foriomlán an Aontais leis an tríú tír lena mbaineann san áireamh, féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 a aisghairm nó a leasú.

    7.    Sé mhí ar a dhéanaí tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5, tabharfaidh an Coimisiún tuairisc do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an dul chun cinn atá déanta maidir le comhar an tríú tír sin maidir le hathligean isteach.”;

    (19)Leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:

    (a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

    “1. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na sonraí a ghlacadh le haghaidh an greamán víosa a líonadh isteach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(2).

    2. Féadfaidh na Ballstáit iontrálacha náisiúnta a chur leis an roinn dar teideal “barúlacha” den ghreamán víosa. Sna hiontrálacha sin ní dhéanfar dúbláil ar na hiontrálacha éigeantacha arna leagan síos i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 ná ní luafar cuspóir sonrach leis an turas.”;

    (b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    “4. Greamán víosa le haghaidh víosa dul isteach aonuaire, ní fhéadfar é a líonadh isteach de láimh ach amháin i gcás force majeure teicniúil. Ní dhéanfar aon athrú ar ghreamán víosa a líonadh isteach de láimh.”;

    (20)Leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:

    (a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1. Greamófar an greamán víosa clóbhuailte den doiciméad taistil.”

    (b)cuirtear an mhír nua seo isteach:

    “1a. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe mionsonraithe a ghlacadh le haghaidh an greamán víosa a ghreamú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(2).”;

    (21)Leasaítear Airteagal 31 mar a leanas:

    (a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi thabhairt isteach nó faoi tharraingt siar an cheanglais maidir leis an bhfaisnéis sin 15 lá féilire ar a dhéanaí sula dtiocfaidh sé chun bheith infheidhme. Tabharfar an fhaisnéis sin freisin faoi chuimsiú chomhar áitiúil Schengen sa dlínse lena mbaineann.”;

    (b)scriostar mír 4;

    (22)Leasaítear Airteagal 32 mar a leanas:

    (a)I mír 1(a), cuirtear isteach an pointe (iia) seo a leanas:

    “(iia) nach dtugann sé bonn cirt maidir le cuspóir agus maidir le coinníollacha an idirthurais aerfoirt atá beartaithe;”;

    (b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3. Beidh ceart achomhairc ag iarratasóirí dár diúltaíodh víosa, agus ráthófar leis an gceart sin gur féidir achomharc breithiúnach éifeachtach a dhéanamh, ag céim áirithe de na himeachtaí. Déanfar na hachomhairc a thionscnamh in aghaidh an Bhallstáit a dhéanfaidh an cinneadh críochnaitheach maidir leis an iarratas agus i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin. Tabharfaidh na Ballstáit faisnéis mhionsonraithe d’iarratasóirí maidir leis an nós imeachta atá le leanúint i gcás achomhairc, mar a shonraítear sin in Iarscríbhinn VI.”;

    (c)scriostar mír 4;

    (23)Leasaítear Airteagal 36 mar a leanas:

    (a)    scriostar mír 2;

    (b)    cuirtear an mhír nua seo isteach:

    “2a. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, treoracha oibríochtúla a ghlacadh le haghaidh víosaí a eisiúint chuig maraithe ag an teorainn. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(2).”;

    (24)Cuirtear isteach an tAirteagal nua seo a leanas:

    “Airteagal 36a

    Víosaí a ndéantar iarratas orthu ag an teorainn sheachtrach faoi scéim shonrach

    1.    Chun an turasóireacht ghearrthéarmach a chur chun cinn agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo, féadfaidh Ballstát cinneadh a dhéanamh taisceadh iarratas ar víosa ag pointí trasnaithe teorann talún nó mara sonracha a cheadú go sealadach i gcás daoine a chomhlíonann na coinníollacha iontrála a leagtar amach in Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 28 .

    2.    Beidh fad na scéime teoranta do cheithre mhí in aon bhliain féilire, beidh catagóirí na dtairbhithe sainithe go soiléir agus ní áireofar iontu náisiúnaigh tríú tír a chuimsítear sa chatagóir daoine a gceanglaítear réamhchomhairliúchán ina gcás i gcomhréir le hAirteagal 22 agus daoine nach bhfuil ina gcónaí sa tír atá in aice leis an bpointe trasnaithe teorann talún nó i dtír a bhfuil naisc dhíreacha farantóireachta aici leis an bpointe trasnaithe teorann mara. Is maidir le náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil comhaontuithe um athligean isteach tugtha i gcrích leo agus nach bhfuil cinneadh déanta ag an gCoimisiún ina leith i gcomhréir le hAirteagal 25a(5), agus maidir leo sin amháin, a bheidh feidhm ag na scéimeanna sin.

    3.    Bunóidh an Ballstát lena mbaineann struchtúir iomchuí agus imlonnóidh sé baill foirne atá oilte go speisialta chun iarratais ar víosaí a phróiseáil agus chun na fíoruithe agus na measúnuithe riosca uile a dhéanamh, mar a leagtar amach in Airteagal 21.

    4.    An víosa a eiseofar de bhun scéim shonrach, ceadóidh sé aon dul isteach amháin, beidh sé bailí le haghaidh chríoch an Bhallstáit a d’eisigh é, agus le haghaidh na críche sin amháin, agus údaróidh sé tréimhse fanachta nach faide ná seacht lá féilire. Ní áireofar aon ‘tréimhse chairde’ ar thréimhse bhailíochta an víosa.

    5.    I gcás ina ndiúltófar víosa ag an teorainn sheachtrach de bhun scéim shonrach, ní fhéadfaidh an Ballstát na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 26 den Choinbhinsiún lena gcuirtear chun feidhme Comhaontú Schengen a fhorchur ar an iompróir lena mbaineann.

    6.    Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le haon scéimeanna sé mhí ar a dhéanaí roimh thús a gcur chun feidhme. Sonrófar san fhógra catagóirí na dtairbhithe, an raon feidhme geografach, na socruithe eagraíochtúla don scéim agus na bearta atá beartaithe chun comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo a áirithiú.

    Foilseoidh an Coimisiún an fógra sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    7.    Trí mhí tar éis dheireadh na scéime, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann tuarascáil mhionsonraithe maidir leis an gcur chun feidhme faoi bhráid an Choimisiúin. Sa tuarascáil, beidh faisnéis faoi líon na víosaí a ndearnadh iarratas orthu, a eisíodh agus a diúltaíodh (lena náirítear saoránacht na ndaoine lena mbaineann), faoin bhfad fanachta agus faoin ráta imeachta (lena náirítear saoránacht na ndaoine nár imigh as críoch an Bhallstáit faoi thráth éagtha an víosa).”;

    (25)In Airteagal 37, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    (a)“3. Coimeádfaidh consalachtaí na mBallstát cartlann iarratas i bhformáid páipéir nó leictreonach. Beidh i ngach comhad ar leith an fhaisnéis ábhartha lenar féidir, más gá, cúlra an chinnidh a rinneadh i dtaobh an iarratais a léiriú arís.

    Coimeádfar na comhaid iarratais aonair ar feadh aon bhliain amháin ar a laghad ón dáta a ndéanfar an cinneadh ar an iarratas dá dtagraítear in Airteagal 23(1) nó, i gcás achomhairc, go dtí deireadh an nós imeachta achomhairc.”;

    (26)In Airteagal 38, cuirtear isteach an mhír nua seo a leanas:

    “1a. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh baill foirne easaoránacha faireachán ar an nós imeachta ina iomláine, lena náirítear an comhar le soláthraithe seirbhíse seachtracha, chun sláine gach céime den nós imeachta a áirithiú.” ;

    (27)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 40:

    Airteagal 40

    Eagrú agus comhar consalachta

    1.    Beidh gach Ballstát freagrach as na nósanna imeachta a eagrú a bhaineann le hiarratais.

    2.    Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

       (a) a gconsalachtaí agus a núdaráis atá freagrach as víosaí a eisiúint ag na teorainneacha a fheistiú leis an ábhar cuí chun aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú, agus oifigí a gconsal oinigh a fheistiú chun aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú, i gcás ina mbainfidh siad úsáid astu, i gcomhréir le hAirteagal 42;

       (b) dul i gcomhar le Ballstát amháin nó níos mó de réir socruithe ionadaíochta nó de réir comhar consalachta d’aon chineál eile.

    3.    Féadfaidh Ballstát dul i gcomhar freisin le soláthraí seirbhíse seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 43.

    4.    Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoina neagrú agus faoina gcomhar consalachta ar gach láthair chonsalachta.

    5.    I gcás fhoirceannadh an chomhair le Ballstáit eile, áiritheoidh na Ballstáit go leanfar de sheirbhís iomlán a chur ar fáil.”;

    (28)Scriostar Airteagal 41;

    (29)Leasaítear Airteagal 43 mar a leanas:

    (a)scriostar mír 3;

    (b)leasaítear mír 6 mar a leanas:

    (i)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    “(a) faisnéis ghinearálta a chur ar fáil faoi cheanglais víosaí, i gcomhréir le hAirteagal 47(1)(a) – (c), agus faoi fhoirmeacha iarratais.” ;

    (ii)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

    “(e) bainistiú a dhéanamh ar choinní an iarratasóra, más infheidhme, ag an gconsalacht nó ag an soláthraí seirbhíse seachtrach.”;

    (c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

    “7. Agus soláthraí seirbhíse seachtrach á roghnú aige, measfaidh an Ballstát lena mbaineann iontaofacht agus sócmhainneacht na heagraíochta nó na cuideachta agus áiritheoidh sé nach ann d’aon choinbhleacht leasa. Cuimseoidh an scrúdú, de réir mar is iomchuí, na ceadúnais riachtanacha, an clárú tráchtála, reachtanna agus conarthaí bainc.”;

    (d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:

    “9. Beidh na Ballstáit freagrach as comhlíonadh na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta agus áiritheoidh siad go bhfuil an soláthraí seirbhíse seachtrach faoi réir fhaireachán na núdarás maoirseachta um chosaint sonraí de bhun Airteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679.”;

    (e)leasaítear mír 11 mar a leanas:

    (i)    “(a) an fhaisnéis ghinearálta maidir leis na critéir, na coinníollacha agus na nósanna imeachta le haghaidh iarratas a dhéanamh ar víosa, mar a leagtar amach in Airteagal 47(1)(a), (b) agus (c), agus inneachar na bhfoirmeacha iarratais a chuireann an soláthraí seirbhíse seachtrach ar fáil do na hiarratasóirí.”;

    (ii)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    “Chun na críche sin, déanfaidh consalacht nó consalachtaí an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann spotseiceálacha ar áitreabh an tsoláthraí seirbhíse sheachtraigh ar bhonn tráthrialta agus gach sé mhí ar a laghad. Féadfaidh na Ballstáit comhaontú a dhéanamh ualach an fhaireacháin thráthrialta sin a chomhroinnt.”;

    (f)cuirtear an mhír nua seo isteach:

    “11a. Faoin 1 Eanáir gach bliain, tabharfaidh na Ballstáit tuairisc don Choimisiún maidir lena gcomhar le soláthraithe seirbhíse seachtracha ar fud an domhain, agus maidir leis an bhfaireachán a rinne siad ar na soláthraithe sin (dá dtagraítear in Iarscríbhinn X, pointe C).”;

    (30)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 44:

    “Airteagal 44

    Criptiú agus aistriú slán sonraí

    1.    I gcás comhar idir na Ballstáit agus comhar le soláthraí seirbhíse seachtrach agus úsáid consal oinigh, áiritheoidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann go bhfuil na sonraí go hiomlán criptithe, cibé acu a aistrítear go leictreonach nó go fisiceach ar mheán leictreonach stórála iad.

    2.    I dtríú tíortha a chuireann toirmeasc ar chriptiú sonraí atá le haistriú go leictreonach, ní cheadóidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann sonraí a aistriú go leictreonach.

    I gcásanna den sórt sin, áiritheoidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann go ndéanfaidh oifigeach consalach de chuid Ballstáit na sonraí leictreonacha a aistriú go fisiceach i bhfoirm lánchriptithe ar mheán leictreonach stórála nó, i gcás ina gcaithfí bearta díréireacha nó bearta míréasúnacha a dhéanamh leis an aistriú sin a chur i gcrích, áiritheoidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann go ndéanfar iad a aistriú ar bhealach eile atá slán agus sábháilte, mar shampla, trí oibreoirí seanbhunaithe a úsáid a bhfuil taithí acu ar dhoiciméid íogaire agus ar shonraí íogaire a iompar sa tríú tír lena mbaineann.

    3.    I ngach cás, déanfar leibhéal na slándála don aistriú a chur in oiriúint d’íogaireacht na sonraí.”;

    (31)Leasaítear Airteagal 45 mar a leanas:

    (a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1. Féadfaidh na Ballstáit glacadh le taisceadh iarratas, seachas bailiú aitheantóirí bithmhéadracha, ó ghníomhaireacht phríobháideach riaracháin, ó chuideachta iompair nó ó ghníomhaireacht taistil, amhail tionscnóir turas nó miondíoltóir (idirghabhálaithe tráchtála)”

    (b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3. Déanfar faireachán go tráthrialta ar idirghabhálaithe creidiúnaithe tráchtála trí spotseiceálacha a chuimseoidh agallaimh duine le duine nó agallaimh teileafóin leis na hiarratasóirí, fíorú na dturas agus na cóiríochta, agus má mheastar gur gá é, fíorú na ndoiciméad a bhaineann le filleadh grúpa.”;

    (32)In Airteagal 47(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    “(c) an áit a bhféadfar an tiarratas a chur isteach (an chonsalacht inniúil nó an soláthraí seachtrach seirbhíse);”

    (33)Leasaítear Airteagal 48 mar a leanas:

    (a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1. Oibreoidh consalachtaí na mBallstát agus toscaireacht an Aontais i gcomhar le chéile i ngach dlínse chun a áirithiú go gcuirfear an comhbheartas víosa i bhfeidhm go comhchuibhithe ag cur na gcúinsí áitiúla san áireamh.

    Chuige sin, i gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Chinneadh 2010/427 ón gComhairle 29 , tabharfaidh an Coimisiún treoracha do thoscaireachtaí an Aontais na cúraimí comhordúcháin ábhartha a dhéanamh dá bhforáiltear san Airteagal seo.”;

    (b)cuirtear an mhír nua seo isteach:

    “1a. Oibreoidh na Ballstáit agus an Coimisiún i gcomhar le chéile, go háirithe, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)liosta comhchuibhithe a ullmhú de na doiciméid tacaíochta a bheidh le cur isteach ag iarratasóirí, ag cur Airteagal 14 san áireamh;

    (b)cur chun feidhme áitiúil Airteagal 24(2) a ullmhú maidir le heisiúint víosaí dul isteach iolrach;

    (c)aistriúchán coiteann den fhoirm iarratais a áirithiú, más ábhartha;

    (d)liosta na ndoiciméad taistil a eisíonn an tír óstach a bhunú agus é a thabhairt cothrom le dáta go rialta;

    (e)bileog eolais choiteann a tharraingt suas;

    (f)faireachán a dhéanamh, más gá, ar chur chun feidhme na maoluithe a leagtar amach in Airteagal 25a(5) agus (6).”;

    (c)scriostar mír 2.

    (d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    (e)“3. Malartóidh na Ballstáit faoi chuimsiú chomhar áitiúil Schengen an fhaisnéis seo a leanas:

    (a)staidreamh ráithiúil maidir leis na víosaí aonfhoirmeacha, na víosaí a bhfuil bailíocht chríochach theoranta acu, agus na víosaí idirthurais aerfoirt a ndearnadh iarratas orthu, a eisíodh agus a diúltaíodh;

    (b)faisnéis i dtaca le measúnú rioscaí imirce agus/nó slándála, go háirithe maidir leis na méid seo a leanas:

    (i) struchtúr socheacnamaíoch na tíre óstaí;

    (ii) foinsí faisnéise ar an leibhéal áitiúil, lena náirítear an tslándáil shóisialta, árachas sláinte, cláir fhioscacha agus clárú ar dhul isteach agus ar imeacht;

    (iii) úsáid doiciméad bréige, góchumtha nó brionnaithe;

    (iv) bealaí inimirce mírialta;

    (v) treochtaí maidir le hiompraíocht chalaoiseach;

    (vi) treochtaí maidir le diúltuithe;

    (c)faisnéis faoin gcomhar le cuideachtaí iompair;

    (d)faisnéis faoi na cuideachtaí árachais a sholáthraíonn árachas liachta taistil leordhóthanach, lena náirítear an cineál cumhdaigh a fhíorú agus méid an bharrachais a d’fhéadfadh a bheith ann.”;

    (f)cuirtear an mhír nua seo isteach:

    “6a. Tarraingeofar tuarascáil bhliantúil suas i ngach dlínse faoin 31 Nollaig gach bliain. Ar bhonn na dtuarascálacha sin, tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil bhliantúil ar staid chomhar áitiúil Schengen a chuirfear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.”;

    (34)Scriostar Airteagal 50;

    (35)Cuirtear isteach na hAirteagail nua seo a leanas:

    “Airteagal 50a

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.    Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.    Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 16(8a) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama.

    3.    Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 16(8a) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

    4.    A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

    5.    Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 16(8a) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    Airteagal 50b

    An nós imeachta práinne

    1.    Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    2.    Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 50a(5). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.”;

    (36)Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 51 agus Airteagal 52:

    “Airteagal 51

    Treoracha maidir leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go praiticiúil

    Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na treoracha oibríochtúla a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm praiticiúil fhorálacha an Rialacháin seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(2).

    Airteagal 52

    Nós imeachta coiste

    1.    Tabharfaidh coiste (an ‘Coiste Víosaí’), cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.    I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.”;

    (37)Cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I;

    (38)Cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn V;

    (39)Cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn VI;

    (40)Scriostar Iarscríbhinn VII, Iarscríbhinn VIII, agus Iarscríbhinn IX;

    (41)Cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn X.

    Airteagal 2

    Faireachán agus meastóireacht

    1.    Trí bliana tar éis [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Cuimseofar sa mheastóireacht fhoriomlán sin scrúdú ar na torthaí a baineadh amach maidir leis na cuspóirí agus ar chur chun feidhme fhorálacha an Rialacháin seo.

    2.    Tarchuirfidh an Coimisiún an mheastóireacht dá dtagraítear i mír 1 chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Ar bhonn na meastóireachta sin, tíolacfaidh an Coimisiún, más gá, tograí iomchuí.

    Airteagal 3

    1.    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    2.    Beidh feidhm aige ón [6 mhí tar éis an dáta teacht i bhfeidhm].

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    (1)    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: A smarter visa policy for economic growth [Beartas víosa níos cliste le fás a chur faoin ngeilleagar]. COM(2014) 165 final.
    (2)    Meastóireacht ar chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí). COM (2014) 101 final.
    (3)    COM(2014) 164 final.
    (4)    COM(2017) 650 final, 24.10.2017, Iarscríbhinn IV.
    (5)    COM(2017) 558 final.
    (6)    Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin, IO L 81, 21.3.2001, lch. 1.
    (7)    Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh víosaí, IO L 164, 14.7.1995, lch. 1.
    (8)    Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Ballstáit (Rialachán VIS), IO L 218, 13.8.2008, lch. 60.
    (9)    SWD(2018) 77; achoimre feidhmiúcháin: SWD(2018) 78.
    (10)    Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) IO L 243, 15.9.2009, lch. 1.
    (11)    Pointí 7.1, 7.2 agus 7.3.
    (12)    SWD (2018) 77.
    (13)    SWD (2014) 67 agus SWD 68.
    (14)    Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 an 7 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n-aisghairtear an Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear Buanchoiste um measúnú agus cur chun feidhme acquis Schengen, IO L 295, 6.11.2013, lch. 27.
    (15)    Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).
    (16)    IO C , , lch. .
    (17)    Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).
    (18)    Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh an Aontais agus ag daoine dá dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí a dhéanamh faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát (IO L 229, 29.6.2004, lch. 35).
    (19)    Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).
    (20)    Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen, (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
    (21)    IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
    (22)    Cinneadh ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le hacquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
    (23)    IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
    (24)    Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008 lch. 1).
    (25)    Cinneadh ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).
    (26)    Cinneadh Uimh. 1105/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le liosta na ndoiciméad taistil a thugann teideal don sealbhóir na teorainneacha seachtracha a thrasnú agus ar doiciméid iad is féidir a fhormhuiniú le víosa agus maidir le sásra a chur ar bun chun an liosta sin a shocrú. IO L 287, 4.11.2011, lch. 9.
    (27)    Treoir 2005/71/CE ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2005 maidir le nós imeachta sonrach chun náisiúnaigh tríú tír a ligean isteach chun críche taighde eolaíoch (IO L 289, 3.11.2005, lch. 15).
    (28)    Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).
    (29)    Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).
    Top

    An Bhruiséil,14.3.2018

    COM(2018) 252 final

    IARSCRÍBHINNÍ

    a ghabhann le

    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí)

    {SWD(2018) 77 final}
    {SWD(2018) 78 final}


    IARSCRÍBHINN I

    “IARSCRÍBHINN I

    Foirm iarratais chomhchuibhithe

    Iarratas ar Víosa Schengen

    Tá an fhoirm iarratais seo saor in aisce

    1

    Ní líonfaidh baill teaghlaigh saoránach de AE, de LEE ná de CH fearainn 21, 22, 30, 31 agus 32 (marcáilte le *).

    Ba cheart fearainn 1-3 a chomhlánú de réir na sonraí sa doiciméad taistil.

    1. Sloinne (Ainm teaghlaigh)

    Úsáid oifigiúil amháin

    Dáta an iarratais:

    Uimhir an iarratais ar víosa

    Áit ar cuireadh isteach an tiarratas

    □ Ambasáid/consalacht

    □ Soláthraí seirbhíse

    □ Idirghabhálaí

    □ Teorainn (Ainm):

    ………………………….

    □ Eile

    Comhad á láimhseáil ag:

    Doiciméid tacaíochta:

    □ Doiciméad taistil

    □ Cóir mhaireachtála

    □ Cuireadh

    □ Árachas Liachta Taistil

    □ Modh iompair

    □ Eile:

    Cinneadh:

    □ Víosa diúltaithe

    □ Víosa eisithe:

    □ A

    □ C

    □ Víosa ag a bhfuil bailíocht chríochach theoranta

    □ Bailí:

    Bailí ó

    Go dtí

    Líon na nuaireanta is féidir dul isteach:

    □ 1 □ Iolrach

    2. Sloinne breithe (Thugtaí ainm(neacha) teaghlaigh air roimhe seo)

    3. Céadainm (céadainmneacha) (Ainm (ainmneacha) baiste)

    4. Dáta breithe (lá-mí-bliain)

    5. Áit bhreithe

    6. Tír bhreithe

    7.Náisiúntacht i láthair na huaire

    Náisiúntacht tráth breithe, murab ionann í:

    Náisiúntachtaí eile:

    8. Gnéas

    □ Fireann □ Baineann

    9. Stádas sibhialta

    □ Singil □ Pósta □ Páirtnéireacht Chláraithe □ Scartha □ Colscartha □ Baintreach mná nó fir □ Eile (sonraigh, le do thoil):

    10. Údarás tuismitheora/caomhnóir dleathach: Sloinne, céadainm, seoladh (murab ionann agus seoladh an iarratasóra), uimhir theileafóin, seoladh ríomhphoist, agus náisiúntacht

    11. Uimhir aitheantais náisiúnta, más infheidhme

    15. Uimhir an doiciméid taistil

    16. Dáta eisiúna

    17. Bailí go dtí

    18. Arna eisiúint ag (an tír)

    12. Sonraí pearsanta an bhaill teaghlaigh ar saoránach de AE, de LEE nó de CH é

    Sloinne    

    Céadainm/Céadainmneacha

    Dáta breithe    

    Náisiúntacht    

    Uimhir an doiciméid taistil nó an chárta aitheantais

    13. Gaol teaghlaigh le saoránach de AE, de LEE nó de CH

    □ céile …..□ leanbh …..□ garpháiste…□ sinsear cleithiúnach

    □ Páirtnéireacht Chláraithe ......…..□ eile

    14. Cén cineál doiciméid taistil atá agat

    □ Gnáthphas □ Pas taidhleoireachta □ Pas seirbhíse □ Pas oifigiúil □ Pas speisialta

    □ Doiciméad taistil eile (sonraigh)

    19. Seoladh baile agus seoladh ríomhphoist an iarratasóra

    Uimhir nó uimhreacha teileafóin

    20. An bhfuil cónaí ort i dtír nach í tír na náisiúntachta atá agat i láthair na huaire í

    □ Níl

    □ Tá. Cead cónaithe nó a choibhéis ………………… Uimh. …..………… Bailí go dtí

    *21. Slí bheatha faoi láthair

    * 22. Fostóir agus seoladh agus uimhir theileafóin an fhostóra. I gcás mac léinn, ainm agus seoladh na hinstitiúide oideachais

    23. (…) Cuspóir(í) an turais:

    □ Turasóireacht….□ Gnó….□ Cuairt ar do mhuintir nó ar chairde ….□ Cultúr …□ Spórt …..

    □ Cuairt oifigiúil □ Cúiseanna leighis □ Staidéar □ Idirthuras aerfoirt□ Eile (sonraigh):

    24. Eolas breise nó cuspóir na cuairte:

    25. Ballstát (Ballstáit) is príomhcheann scríbe (agus Ballstáit eile is cinn scríbe eile, más infheidhme)

    26. Ballstát an chéad dul isteach

    27. An líon uaireanta a niarrtar dul isteach

    □ Dul isteach aonuaire □ Dul isteach iolrach

    Fad na cuairte atá beartaithe (sonraigh an líon laethanta):

    An dáta a mbeartaítear limistéar Schengen a shroicheadh:

    An dáta a mbeartaítear imeacht as limistéar Schengen:

    28.Bailíodh méarloirg cheana chun críche iarratas ar víosa Schengen nó ar [víosa chamchuairte]

    □ Bailíodh □ Níor bailíodh.

    Dáta, más eol …………………….. Uimhir an ghreamáin víosa, más eol ……………………………

    29. Cead dul isteach don tír dheireanach is ceann scríbe, i gcás inarb infheidhme

    Arna eisiúint ag ……………………………….. Bailí ó …………………… go dtí ……………………

    * 30. Sloinne agus céadainm an duine nó na ndaoine sa Bhallstát nó sna Ballstáit a thug an cuireadh. Murab infheidhme, tabhair ainm an óstáin nó na nóstán nó na cóiríochta sealadaí sa Bhallstát nó sna Ballstáit

    Seoladh agus seoladh ríomhphoist an duine nó na ndaoine a thug an cuireadh/an óstáin nó na nóstán/an lóistín shealadaigh nó na lóistíní sealadacha

    Teileafón agus facs

    *31. Ainm agus seoladh na cuideachta/na heagraíochta a thug cuireadh duit

    Teileafón agus facs na cuideachta/na heagraíochta

    Sloinne, céadainm, seoladh, teileafón, facs, agus seoladh ríomhphoist an teagmhálaí sa chuideachta nó san eagraíocht



    Tuigim nach naisíocfar an táille ar an víosa má dhiúltaítear an tiarratas ar víosa.

    *32. Cé a íocfaidh na costais taistil agus maireachtála i rith chuairt an iarratasóra?

    □ an tiarratasóir féin

    Cóir chothaithe

    □ Airgead tirim

    □ Seiceanna taistil

    □ Cárta creidmheasa

    □ Cóiríocht réamhíoctha

    □ Iompar réamhíoctha

    □ Eile (sonraigh)

    □ urraitheoir (óstach, cuideachta, eagraíocht), sonraigh

    …….□ dá dtagraítear i bhfearann 32 nó i bhfearann 33

    …….□ eile (sonraigh, le do thoil)

    Cóir chothaithe

    □ Airgead tirim

    □ Cóiríocht a chuirtear ar fáil

    □ Na costais uile i rith na tréimhse fanachta á gclúdach

    □ Iompar réamhíoctha

    □ Eile (sonraigh, le do thoil)



    Tuigim nach naisíocfar an táille ar an víosa má dhiúltaítear an tiarratas ar víosa.

    Beidh an méid thíos infheidhme i gcás ina ndéanfar iarratas ar víosa dul isteach iolrach:

    Tuigim gur gá dom árachas liachta taistil cuí a bheith agam le haghaidh mo chéad chuairte agus aon chuairteanna ina dhiaidh sin ar chríoch na mBallstát.

    Is eol dom an méid seo a leanas agus glacaim leis: tá bailiú na sonraí is gá a thabhairt san fhoirm iarratais seo agus glacadh mo ghrianghraif agus, más infheidhme, glacadh méarlorg ina gcuid éigeantach den scrúdú ar an iarratas ar víosa; agus déanfar aon sonraí a bhaineann liom atá le feiceáil ar an bhfoirm iarratais ar víosa, chomh maith le mo mhéarloirg agus mo ghrianghraf a chur ar fáil d’údaráis ábhartha na mBallstát agus próiseálfaidh na húdaráis sin iad, chun cinneadh a dhéanamh maidir le m’iarratas ar víosa.

    Déanfar na sonraí sin chomh maith le sonraí maidir leis an gcinneadh a glacfar faoi m’iarratas, nó maidir le cinneadh faoi cibé acu a dhéanfar víosa a eisíodh a neamhniú, a chúlghairm nó a fhadú a chur isteach sa Chóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus a stóráil ann go ceann uastréimhse cúig bliana, agus lena linn sin beidh rochtain orthu ag na húdaráis víosa atá inniúil ar sheiceálacha ar víosaí a dhéanamh ag na teorainneacha seachtracha agus laistigh de na Ballstáit, agus ag na húdaráis inimirce agus tearmainn sna Ballstáit chun a fhíorú an bhfuil na coinníollacha do dhul isteach dleathach ar chríoch na mBallstát, d’fhanacht agus do chónaí ar chríoch na mBallstát á gcomhlíonadh, chun daoine a shainaithint nach gcomhlíonann na coinníollacha seo nó nach gcomhlíonann a thuilleadh iad, agus chun iarratas ar thearmann a scrúdú agus chun an fhreagracht as an scrúdú sin a chinneadh. Ar choinníollacha áirithe beidh fáil ag údaráis ainmnithe sna Ballstáit agus ag Europol ar na sonraí freisin chun cionta sceimhlitheoireachta agus cionta tromchúiseacha coiriúla eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú. Seo a leanas údarás an Bhallstáit atá freagrach as na sonraí a phróiseáil: [(…………………………………………………………………………………………………………………………………..…)].

    Is eol dom go bhfuil sé de cheart agam go gcuirfí ar an eolas mé, in aon cheann de na Ballstáit, faoi na sonraí a bhaineann liom atá ar taifead in VIS agus faoin mBallstát a tharchuir na sonraí sin, agus iarratas a dhéanamh go gceartófaí aon sonraí a bhaineann liom nach bhfuil cruinn agus go scriosfaí aon sonraí a taifeadadh go mídhleathach. Ar iarratas sainráite uaim, cuirfidh an túdarás consalach a bhfuil m’iarratas á phróiseáil aige in iúl dom an bealach a bhféadfaidh mé an ceart atá agam a fheidhmiú chun na sonraí pearsanta a bhaineann liom a sheiceáil agus chun iad a fháil ceartaithe nó scriosta, lena náirítear na réitigh ghaolmhara atá ann i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann. Éistfidh údarás maoirseachta náisiúnta an Bhallstáit sin [sonraí teagmhála: ………………………………………………………………………………………………………………………………………………..] le héilimh a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta.

    Dearbhaím go bhfuil na sonraí uile atá tugtha agam cruinn agus iomlán a mhéid is eol dom. Tuigim go mbeidh sé de thoradh ar aon ráiteas bréagach go ndiúltófar m’iarratas nó go neamhneofar víosa a eisíodh cheana agus go bhféadfaí mé a ionchúiseamh faoi dhlí an Bhallstáit atá ag déileáil leis an iarratas.

    Geallaim go bhfágfaidh mé críoch na mBallstát sula rachaidh an víosa in éag, má thugtar dom í. Cuireadh in iúl dom nach bhfuil i víosa a bheith agam ach ceann amháin de na réamhriachtanais le haghaidh dul isteach i gcríoch Eorpach na mBallstát. Ní hionann víosa a bheith faighte agam agus mé a bheith i dteideal cúitimh mura gcomhlíonfaidh mé forálacha ábhartha Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/399 (Cód Teorainneacha Schengen) agus go ndiúltófar cead isteach dom dá réir sin. Déanfar na réamhriachtanais le haghaidh dul isteach a sheiceáil arís tráth an dul isteach i gcríoch Eorpach na mBallstát.

    Áit agus dáta

    Síniú

    (síniú an údaráis tuismitheora/an chaomhnóra dhleathaigh, más infheidhme):


    IARSCRÍBHINN II

    “IARSCRÍBHINN V

    LIOSTA DE CHEADANNA CÓNAITHE A THUGANN TEIDEAL DO NA SEALBHÓIRÍ IDIRTHURAS A DHÉANAMH TRÍ AERFOIRT NA mBALLSTÁT GAN É A BHEITH DE CHEANGAL ORTHU VÍOSA IDIRTHURAIS AERFOIRT A BHEITH INA SEILBH

    ANDÓRA:

    Autorització temporal (cead inimirce sealadach – uaine).

    Autorització temporal per a treballadors d’empreses estrangeres (cead inimirce sealadach d’fhostaithe fiontar ón gcoigríoch – uaine).

    Autorització residència i treball (cead cónaithe agus oibre) – uaine).

    Autorització residència i treball del personal d’ensenyament (cead cónaithe agus oibre d’fhoireann teagaisc – uaine).

    Autorització temporal per estudis o per recerca (cead inimirce sealadach chun críocha staidéir nó taighde – uaine).

    Autorització temporal en pràctiques formatives (cead inimirce sealadach chun críocha intéirneachtaí agus tréimhsí oiliúna – uaine).

    Autorització residència (cead cónaithe – uaine).

    CEANADA:

    Cárta buanchónaitheora (PR).

    Doiciméad Taistil Buanchónaitheora (PRTD).

    AN tSEAPÁIN:

    Cárta cónaithe.

    SAN MAIRÍNE:

    Permesso di soggiorno ordinario (bailí ar feadh bliana, féadfar é a athnuachan ar an dáta éaga).

    Ceadanna cónaithe speisialta ar na cúiseanna seo a leanas (bailí ar feadh bliana, agus in-athnuaite ar an dáta éaga): freastal ar ollscoil, spórt, cúram sláinte, cúiseanna creidimh, daoine atá ag obair mar altraí in ospidéil phoiblí, feidhmeanna taidhleoireachta, aontíos céileachais, cead do mhionaoisigh, cúiseanna daonnúla, cead tuismitheora.

    Ceadanna séasúracha agus sealadacha (bailí ar feadh aon mhí dhéag, féadfar é a athnuachan ar an dáta éaga).

    Cárta aitheantais a eisítear do dhaoine a bhfuil áit chónaithe oifigiúil “residenza” acu i San Mairiné (bailí go ceann cúig bliana).

    STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ:

    Víosa inimirce bhailí nach bhfuil imithe in éag.

    Féadfar í a fhormhuiniú ag calafort an teachta isteach mar fhianaise shealadach cónaithe, a fhad is atáthar ag feitheamh ar sholáthar chárta I-551.

    Foirm I-551 (Cárta Buanchónaitheora) bhailí, nach bhfuil imithe in éag.

    Féadfaidh sé bheith bailí ar feadh tréimhse suas le dhá bhliain nó deich mbliana – ag brath ar aicme an ligin isteach.

    Mura bhfuil aon dáta éagtha ar an gcárta, tá an cárta bailí don taisteal.

    Foirm I-327 bhailí nach bhfuil imithe in éag (Cead dul isteach an athuair).

    Foirm I-571 bhailí nach bhfuil imithe in éag (Doiciméad Taistil Dídeanaí a formhuiníodh mar “Buanchónaitheoir Eachtrannach”).”

    IARSCRÍBHINN III


    “IARSCRÍBHINN VI



    FOIRM CHAIGHDEÁNACH CHUN FÓGRA A THABHAIRT FAOIN BHFORAS AR A BHFUIL VÍOSA Á DIÚLTÚ,
    Á NEAMHNIÚ NÓ Á CÚLGHAIRM

    DIÚLTÚ/NEAMHNIÚ/CÚLGHAIRM VÍOSA

    A _______________________________, a chara,

       Tá Ambasáid/Ard-Chonsalacht/Consalacht [nó údarás inniúil eile] _______________ in _________ ______________;

       Tá [Údarás inniúil eile] ____________________;

       Tá na húdaráis atá freagrach as seiceálacha a dhéanamh ar dhaoine ag ____________________

    tar éis

       scrúdú a dhéanamh ar d’iarratas ar víosa;

       scrúdú a dhéanamh ar do víosa, darb uimhir: __________, a eisíodh:______________ [dáta/mí/bliain].

       Rinneadh an víosa a dhiúltú Rinneadh an víosa a neamhniú Rinneadh an víosa a chúlghairm

    Is ar an gcúis/na cúiseanna seo a leanas a rinneadh an cinneadh:

    1.        cuireadh isteach doiciméad bréagach/góchumtha/brionnaithe

    2.        níor léiríodh go raibh call le cuspóir ná cúinsí na cuairte a

    bhí beartaithe

    3.        níor chuir tú cruthúnas ar fáil go mbeadh cóir mhaireachtála chuí agat i rith        na cuairte a bhí beartaithe agat nó don turas abhaile chuig do thír thionscnaimh        nó chuig an tír ina bhfuil cónaí ort, nó don idirthuras chuig tríú tír a bhfuil sé        deimhnitheach go ligfear isteach tú

    4.        níor chuir tú cruthúnas ar fáil go bhfuil tú in ann cóir mhaireachtála chuí a fháil go dleathach don chuairt atá beartaithe agat nó don turas abhaile chuig do thír thionscnaimh nó chuig an tír ina bhfuil cónaí ort, nó don idirthuras chuig tríú tír a bhfuil sé deimhnitheach go ligfear isteach tú.

    5.        tá tú tar éis fanacht 90 lá cheana féin i rith na tréimhse reatha 180 lá ar            Chríoch na mBallstát ar bhonn víosa aonfhoirmeach nó ar bhonn víosa a bhfuil        bailíocht chríochach theoranta aici

    6.        foláireamh eisithe ag ……………… (sonraigh an Ballstát) i gCóras            Faisnéise Schengen (SIS) chun cead isteach a dhiúltú

    7.        measann ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit gur bagairt don bheartas        poiblí nó don tslándáil inmheánach tú:………………………………………………………….. (sonraigh an Ballstát/na Ballstáit)

    8.        measann ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit gur bagairt tú don tsláinte phoiblí faoi mar a shainmhínítear sin in Airteagal 2(19) de Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 (Cód Teorainneacha Schengen):………………..……. …..……………………………………….… (sonraigh an Ballstát/na Ballstáit)

    9.        measann ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit gur bagairt tú dá chaidreamh idirnáisiúnta/dá gcaidrimh idirnáisiúnta: ……………………….(sonraigh an Ballstát/na Ballstáit)

    10.        ní iontaofa a bhí an fhaisnéis a cuireadh isteach lena léiriú go raibh call le            cuspóir agus cúinsí na cuairte a beartaíodh

    11.        tá amhras réasúnach ann i dtaobh a iontaofa atá na ráitis arna ndéanamh maidir le……. (sonraigh)

    12.        tá amhras réasúnach ann i dtaobh a iontaofa is atá siad, i dtaobh bharántúlacht        na ndoiciméad tacaíochta a cuireadh isteach nó i dtaobh fhírinneacht a bhfuil iontu

    13.        níorbh fhéidir a dhéanamh amach go raibh sé de rún agat críoch na mBallstát        a fhágáil sula rachadh an víosa in éag

    14.        níor cuireadh cruthúnas cuí ar fáil nach raibh ar do chumas iarratas a dhéanamh        ar víosa roimh ré, rud a léireodh go raibh call le d’iarratas ar víosa a dhéanamh        ag an teorainn

    15.        níor léiríodh go raibh call le cuspóir ná cúinsí an idirthurais aerfoirt            a bhí beartaithe

    16.        níor chuir tú cruthúnas ar fáil ar árachas liachta taistil bailí cuí a bheith agat

    17.        d’iarr sealbhóir an víosa go ndéanfaí í a chúlghairm.

    Barúlacha breise:

    -------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------

    Féadfaidh tú achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh víosa a dhiúltú/a neamhniú/a chúlghairm.

    Tá na rialacha maidir le hachomharc in aghaidh víosa a dhiúltú/a neamhniú/a chúlghairm leagtha amach in: (tagairt don dlí náisiúnta):

    An túdarás inniúil ar féidir achomharc a thaisceadh leis: (teagmháil): …………………………………………………………………………………………………

    Tá faisnéis faoin nós imeachta atá le leanúint ar fáil ag: (teagmháil): …………………………………………………………………………………………………

    Ní mór nós imeachta achomhairc a thaisceadh laistigh de: (teorainn ama):

    ………………………………………………………………………………………………… 

    Dáta agus stampa na hambasáide/na hard-chonsalachta/na consalachta/na núdarás atá freagrach as seiceálacha a dhéanamh ar dhaoine/na núdarás inniúil eile:

    Síniú an duine lena mbaineann: ……………………………………………………………..”

    IARSCRÍBHINN IV


    “IARSCRÍBHINN X

    LIOSTA DE NA CEANGLAIS ÍOSTA A ÁIREOFAR SAN IONSTRAIM DLÍ I GCÁS COMHOIBRIÚ LE SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSE SEACHTRACHA

    A. Déanfar an méid seo a leanas leis an ionstraim dlí:

    (a)na tascanna atá le déanamh ag an soláthraí seirbhíse seachtrach a liostú, i gcomhréir le hAirteagal 43(6) den Rialachán seo;

    (b)na suíomhanna a chur in iúl ina bhfuil an soláthraí seirbhíse seachtrach le feidhmiú chomh maith leis an gconsalacht lena mbaineann an tionad iarratais aonair;

    (c)na seirbhísí a chumhdaítear leis an táille éigeantach seirbhíse a liostú

    (d)treoir a thabhairt don soláthraí seirbhíse é a chur in iúl don phobal go gcumhdaítear seirbhísí roghnacha le táillí eile.

    B. Maidir le feidhmiú a ghníomhaíochtaí, déanfaidh an soláthraí seirbhíse seachtrach an méid seo a leanas maidir le cosaint sonraí:

    (a)áiritheoidh sé nach ndéanfar sonraí a léamh, a chóipeáil, a mhodhnú ná a scriosadh go neamhúdaraithe aon tráth, agus go háirithe le linn do na sonraí sin a bheith á dtarchur chuig misean taidhleoireachta nó chuig post consalach an Bhallstáit nó na mBallstát atá inniúil i leith phróiseáil an iarratais;

    (b)i gcomhréir leis na treoracha a gheofar ón mBallstát nó ó na Ballstáit lena mbaineann, tarchuirfidh sé na sonraí,

    go leictreonach, i bhfoirm chriptithe, nó

    go fisiciúil, i slí dhaingnithe;

    (c)tarchuirfidh sé na sonraí a luaithe agus is féidir:

    i gcás sonraí a tharchuirfear go fisiciúil, ar a laghad uair amháin sa tseachtain;

    i gcás sonraí criptithe a tharchuirfear go leictreonach, faoi dheireadh an lae a bhailítear iad, ar a dhéanaí;

    áiritheoidh sé modh iomchuí le comhaid iarratais aonair a rianú chuig an gconsalacht agus uaithi.

    (d)scriosfaidh sé na sonraí cúig lá tar éis iad a bheith tarchurtha agus áiritheoidh sé nach bhféadfar aon sonraí a choinneáil seachas ainm agus sonraí teagmhála an iarratasóra chun críocha coinní a shocrú, mar aon le huimhir an phas, go dtí go dtabharfar an pas ar ais don iarratasóir, agus go scriosfar na sonraí sin cúig lá ina dhiaidh sin;

    (e)áiritheoidh sé go nglacfar gach beart slándála is gá, idir bhearta teicniúla agus eagraíochtúla, chun sonraí pearsanta a chosaint ar scriosadh, bíodh sé neamhdhleathach nó de thaisme, nó ar chailliúint de thaisme, ar athrú, ar nochtadh gan údarás nó ar rochtain gan údarás, go háirithe má bhaineann an comhar le tarchur comhad agus sonraí chuig misean taidhleoireachta nó post consalach an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, agus chun iad a chosaint ar phróiseáil neamhdhleathach de gach cineál eile;

    (f)próiseálfaidh sé na sonraí chun sonraí pearsanta iarratasóirí ar víosaí a phróiseáil thar ceann an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, agus chun na críche sin amháin;

    (g)caighdeáin um chosaint sonraí, a bheidh coibhéiseach ar a laghad leis na cinn atá leagtha amach i Rialachán (AE) 2016/679 2 a chur i bhfeidhm;

    (h)déanfaidh sé an fhaisnéis a cheanglaítear de bhun Airteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 a chur ar fáil d’iarratasóirí.

    C. Maidir le feidhmiú a ghníomhaíochtaí, déanfaidh an soláthraí seirbhíse seachtrach an méid seo a leanas maidir le hiompar na foirne:

    (a) áiritheoidh sé go bhfuil an fhoireann oilte mar is iomchuí;

    (b) áiritheoidh sé go ndéanfaidh an fhoireann na nithe seo a leanas agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu:

    go gcuirfidh sí fáilte chúirtéiseach roimh iarratasóirí,

    go nurramóidh sí dínit agus sláine na niarratasóirí, nach ndéanfaidh sí leatrom ar dhaoine ar bhonn gnéis, bunadh ciníoch ná eitneach, reiligiún ná creideamh, aois ná claonadh gnéis, agus

    go nurramóidh sí na rialacha rúndachta, a mbeidh feidhm leo chomh maith nuair a fhágfaidh na baill foirne a bpost agus tar éis don ionstraim dlí a bheith curtha ar fionraí nó tar éis di a bheith foirceanta;

    (c) soláthróidh sé i gcónaí sonraí aitheantais na mball foirne a bheidh ag obair don soláthraí seirbhíse seachtrach;

    (d) cruthóidh sé nach bhfuil taifid choiriúla ag aon duine den fhoireann agus go bhfuil an saineolas is gá acu;

    D. Maidir le fíorú a dhéanamh ar fheidhmiú a ghníomhaíochtaí, déanfaidh an soláthraí seirbhíse seachtrach an méid seo a leanas:

    (a) gan fógra a bheith faighte roimh ré, tabharfaidh sé cead isteach ar a áitreabh i gcónaí do bhaill foirne a bhfuil cead rochtana tugtha dóibh ag an mBallstát nó ag na Ballstáit lena mbaineann, go háirithe chun críocha cigireachta;

    (b) áiritheoidh sé go bhféadfar cianrochtain a fháil ar a chóras coinní, chun críocha cigireachta;

    (c) áiritheoidh sé go núsáidfear na modhanna ábhartha faireacháin (e.g. iarratasóirí tástála; ceamara gréasáin);

    (d) áiritheoidh sé go mbeidh rochtain ag údarás náisiúnta cosanta sonraí an Bhallstáit ar chruthúnas maidir le comhlíonadh na rialacha um chosaint sonraí, lena náirítear oibleagáidí maidir le tuairisciú, iniúchtaí seachtracha agus spotseiceálacha tráthrialta;

    (e) cuirfidh sé tuarascáil i scríbhinn chuig an mBallstát nó na Ballstáit lena mbaineann gan mhoill faoi aon sárú ar shlándáil nó faoi aon ghearáin ó iarratasóirí maidir le mí-úsáid sonraí nó rochtain neamhúdaraithe, agus oibreoidh sé i gcomhar leis an mBallstát nó na Ballstáit lena mbaineann chun teacht ar réiteach, agus tabharfaidh sé freagairt mhínitheach gan mhoill ar na hiarratasóirí a dhéanfaidh gearán.

    E. Maidir leis na ceanglais ghinearálta, déanfaidh an soláthraí seirbhíse seachtrach an méid seo a leanas:

    (a) gníomhóidh sé faoi threoracha an Bhallstáit nó na mBallstát atá inniúil ar an iarratas a phróiseáil;

    (b) glacfaidh sé bearta iomchuí frith-éillithe (e.g. forálacha maidir le híocaíocht na foirne; comhar maidir le roghnú na mball foirne le haghaidh an chúraim; riail na beirte; prionsabal na huainíochta);

    (c) urramóidh sé go huile agus go hiomlán forálacha na hionstraime dlí, a mbeidh clásal fionraí nó clásal maidir le foirceannadh inti, go háirithe má sháraítear na rialacha atá leagtha síos, mar aon le clásal maidir le hathbhreithniú d’fhonn a áirithiú gur léiriú ar an dea-chleachtas é an ionstraim dlí.”

    (1)    Ní gá lógó i gcás na hIorua, na hÍoslainne, Lichtinstéin ná na hEilvéise.
    (2)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.
    Top