EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0143

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CIGM (An Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir)

COM/2018/0143 final - 2018/069 (COD)

An Bhruiséil,22.3.2018

COM(2018) 143 final

2018/0069(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CIGM (An Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is é is aidhm don togra roinnt beart a ghlac an Coimisiún Iascaigh Ginearálta don Mheánmhuir (CIGM) ina sheisiúin bhliantúla in 2015, 2016 agus 2017 a thrasuí i ndlí an Aontais. Is Eagraíocht Réigiúnach Bainistíochta Iascaigh é CIGM a bunaíodh faoi Airteagal XIV de bhunreacht Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe; is iad príomhchuspóirí CIGM forbairt, caomhnú, bainistiú réasúnach agus scothúsáid beo-acmhainní muirí agus forbairt inbhuanaithe dobharshaothraithe a chur chun cinn sa Mheánmhuir, sa Mhuir Dhubh agus ina nuiscí cónascacha. Tá an túdarás ag CIGM cinntí éigeantacha (“moltaí”) a ghlacadh ina réimse inniúlachta; is ar na Páirtithe Conarthacha go háirithe a bhíonn na moltaí sin dírithe, ach is féidir go gcuirfeadh siad oibleagáidí ar oibreoirí (e.g. an máistir soithigh) chomh maith. Bíonn na moltaí ina gceangal 120 lá ón dáta a thugtar fógra fúthu den chéad uair, ar choinníoll nach ndéantar aon agóid ina leith.

Tá an tAontas Eorpach, chomh maith le deich mBallstát (an Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, an Fhrainc, an Ghréig, an Iodáil, Málta, an tSlóivéin, an Spáinn agus an Rómáin) ina bpáirtithe conarthacha i gComhaontú CIGM. Sa mhéid nach bhfuil ábhar mholtaí CIGM cumhdaithe faoi Dhlí an Aontais faoi láthair, nó sa mhéid nach bhfuil sé ach cumhdaithe i bpáirt faoi láthair, is gá forálacha ábhartha CIGM a thrasuí chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus éifeachtach na bhforálacha sin ar fud an Aontais Eorpaigh a áirithiú.

Rinneadh trasuí deireanach cinntí CIGM trí bhíthin Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 1 arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 2015/2102 2 . Leis an togra seo leasófar an gníomh reachtach sin chun na bearta atá le trasuí a chur isteach ann.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra comhsheasmhach leis an gComhbheartas Iascaigh (CBI). Cumhdaíonn sé bearta caomhnaithe, bearta bainistíochta, faireachán, bearta rialaithe agus faireachais agus bearta chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac. Baineann na bearta sin leis an gcolmóir Eorpach agus leis an rós-séacla domhainmhara i gCaolas na Sicile, an turbard sa Mhuir Dhubh, an deargán sa Mhuir Alboran agus an coiréalach dearg. Ina theannta sin, bunaítear leis an togra limistéar iascaireachta srianta sa Mhuir Aidriad (limistéar Jabuka/Pomopit). Téann na bearta sin níos faide ná Rialachán an Aontais atá ann cheana.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Coimhdeacht

Tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh.

Comhréireacht

Leis an téacs atá beartaithe déanfar trasuí beart ábhartha CIGM i ndlí an Aontais a áirithiú gan níos mó ná a bhfuil gá leis a dhéanamh chun an cuspóir inmhianaithe a bhaint amach.

An rogha ionstraime

An ionstraim atá beartaithe: Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán atá ann cheana.

Ní bheadh modhanna eile leormhaith ar an gcúis seo a leanas: ní mór Rialachán a leasú le Rialachán eile.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX-POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Ní raibh gá le comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara ná le measúnú tionchair.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon chaiteachas breise ón Aontas i gceist leis an mbeart seo.

2018/0069 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CIGM (An Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Leis an gComhaontú maidir le bunú an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (“Comhaontú CIGM”) soláthraítear creat iomchuí do chomhar iltaobhach chun forbairt, caomhnú, bainistíocht réasúnach agus scothúsáid acmhainní beo muirí a chur chun cinn sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh ar leibhéil a meastar ina leith go bhfuil siad inbhuanaithe agus go bhfuil riosca íseal ann go gclisfidh siad.

(2)Tá an tAontas Eorpach, chomh maith leis an mBulgáir, leis an nGréig, leis an Spáinn, leis an bhFrainc, leis an gCróit, leis an Iodáil, leis an gCipir, le Málta, leis an Rómáin agus leis an tSlóivéin, ina bpáirtithe conarthacha i gComhaontú CIGM.

(3)Maidir leis na moltaí arna nglacadh ag CIGM, tá siad ina gceangal ar a pháirtithe conarthacha. Ós rud é gur páirtí conarthach i gComhaontú CIGM é an tAontas, tá na moltaí seo ina gceangal ar an Aontas agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a chur chun feidhme i ndlí an Aontais mura bhfuil a inneachar faoi chumhdach leis an dlí sin cheana.

(4)Le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leagtar síos forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CIGM. Is é an gníomh reachtach iomchuí é chun na moltaí ó CIGM atá glactha ag an gCoimisiún Iascaigh Ginearálta don Mheánmhuir (CIGM), agus nach bhfuil a nábhar cumhdaithe go fóill faoi dhlí an Aontais, a chur chun feidhme.

(5)Ag a Sheisiún Bliantúil in 2015, ghlac CIGM moltaí CIGM/39/2015/2 maidir le bunú sraithe de chaighdeáin íosta i ndáil le hiascaigh ina núsáidtear tráil ghrinnill ar stoic ghrinnill i gCaolas na Sicile. Áirítear sna caighdeáin sin bearta teicniúla caomhnaithe i ndáil le rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris) agus an colmóir (Merluccius merluccius). Tá cuid de na bearta sin ann cheana in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1967/2006 3 ón gComhairle maidir le híosmhéideanna tagartha na speiceas lena mbaineann. Ba cheart na bearta maidir le bainistíocht cabhlaigh atá i Moladh 39/2015/2 a chur i bhfeidhm i ndlí an Aontais le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011.

(6)Ag a Sheisiún Bliantúil in 2015, ghlac CIGM le Moladh CIGM/39/2015/3 maidir le bunú sraithe de bhearta chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscthe agus neamhrialáilte (NNN) in iascaigh turbaird (Psetta maxima) na Mara Duibhe a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú. Foráiltear maidir leis an gcuid is mó de na bearta sin i Rialachán (AE) Uimh. 26/2004 4 ón gCoimisiún, Rialachán (AE) Uimh. 1005/2008 5 ón gComhairle, Rialachán (AE) Uimh. 1224/2009 6 , Rialachán (A) Uimh. 1380/2013 7 , Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 8 ón gCoimisiún. Tá roinnt beart maidir le bainistíocht cabhlaigh leagtha síos i Moladh 39/2015/2 nach gcumhdaítear i reachtaíocht an Aontais agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a áireamh i Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011.

(7)Ag a Sheisiún Bliantúil in 2016, ghlac CIGM Moladh CIGM/40/2016/4, lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil i ndáil leis na hiascaigh ina saothraítear colmóir Eorpach agus rós-séacla domhainmhara i gCaolas na Sicile (folimistéir geografach (FLG) 12 go 16). Foráiltear maidir le cuid de ghnéithe an phlean ilbhliantúil cheana i Rialachán (AE) Uimh. 26/2004 ón gCoimisiún agus i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Mar sin féin, tá roinnt beart atá curtha síos i Moladh 40/2016/4 nach gcumhdaítear i reachtaíocht an Aontais agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a áireamh i Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011.

(8)Ag a Sheisiún bliantúil in 2017, ghlac CIGM Moladh GFCM/41/2017/2 maidir le bainistíocht iascaigh deargáin sa Mhuir Alboran (folimistéir gheografacha 1,2,3) ar feadh idirthréimhse dhá bhliain. Is é is aidhm oibríochtúil don mholta básmhaireacht iascaireachta a chaomhnú i ndáil le deargáin laistigh de phointí tagartha réamhchúraim comhaontaithe agus an uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach nó a chothabháil chomh luath agus is féidir.

(9)Ag a Sheisiún Bliantúil in 2017, ghlac an CIGM moltaí CIGM/41/2017/3 maidir le bunú limistéir shrianta iascaigh in Jabuka/Pomo Pit sa Mhuir Aidriad.

(10) Ag a Sheisiún Bliantúil in 2017, ghlac CIGM Moladh CIGM/41/2017/4 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil i ndáil le hiascach turbard i bhfolimistéar geografach 29, an Mhuir Dhubh. Bunaítear leis an Moladh sraith de bhearta bainistíochta, bearta teicniúla, bearta cabhlaigh agus bearta rialaithe, mar thionscadal píolótach chun iascaireacht turbaird NNN a chomhrac sa Mhuir Dhubh. Foráiltear maidir le cuid de na bearta sin i Rialachán (AE) Uimh. 26/2004 ón gCoimisiún, Rialachán (AE) Uimh. 1005/2008 9 ón gComhairle, Rialachán (AE) Uimh. 1224/2009 10 , Rialachán (A) Uimh. 1380/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 11 ón gCoimisiún. Mar sin féin, tá roinnt beart atá curtha síos i Moladh 41/2017/4 nach gcumhdaítear i reachtaíocht an Aontais agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a áireamh i Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011.

(11)Ag a Sheisiún Bliantúil in 2017, ghlac an CIGM moltaí CIGM/41/2017/5 maidir le bunú plean bainistíochta oiriúnaithí réigiúnach i ndáil le saothrú coiréalaigh dheirg sa Mheánmhuir.

(12)Ag a Sheisiún Bliantúil in 2017, ghlac CIGM le Moladh CIGM/41/2017/8 maidir le scéim cigireachta agus faireachais chomhpháirteach idirnáisiúnta lasmuigh de na huiscí atá faoi dhlínse náisiúnta fholimistéir 12, 13, 14, 15 agus 16 (Caolas na Sicile) a d'fhéadfaidh Ballstáit cinneadh a dhéanamh páirt a ghlacadh inti. Chun comhlíonadh an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, tá reachtaíocht Aontais glactha chun córas rialaithe, cigireachta agus forfheidhmithe a bhunú, lena náirítear an comhrac i gcoinne gníomhaíochtaí NNN. Go háirithe, le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 12 ón gComhairle bunaítear córas de chuid an Aontais um rialú, cigireacht agus forfheidhmiú, córas ag a bhfuil cur chuige cuimsitheach agus comhtháite chun comhlíonadh rialacha uile an chomhbheartais iascaigh a áirithiú. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 13 ón gCoimisiún leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 14 ón gComhairle bunaítear córas Comhphobail le haghaidh iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú. Leis na Rialacháin sin, foráiltear cheana maidir le roinnt beart atá leagtha síos i Moladh CIGM/41/2017/8. Ní gá, dá bhrí sin, na bearta sin a áireamh sa Rialachán sin. Mar sin féin, tá roinnt beart sa Mholadh sin nach gcumhdaítear i reachtaíocht an Aontais agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a áireamh i Rialachán (AE) Uimh 1343/2011.

(13)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 mar a leanas:

(1)Leasaítear Airteagal 3 mar seo a leanas

(a)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

‘Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas, i dteannta na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán 1380/2013*, Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 agus Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009:

–––––––––

(*)Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).’;

(b)cuirtear pointe (e) agus pointe (f) isteach mar seo a leanas:

(e)ciallaíonn "limistéar maolánach" crios a leagtar amach timpeall limistéar srianta um iascach ionas nach ngabhtar isteach ann trí thimpiste;

(f)Ciallaíonn “Díriú ar dheargán” gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh inarb ionann an méid deargán ar bord nó tugtha i dtír agus 20% nó níos mó de bheomheáchan na gabhála éisc tar éis a shórtála in aghaidh na taoide.’.

(2)Cuirtear isteach an tAirteagal 10a seo a leanas:

‘Airteagal 10a
An Limistéar Srianta Iascaigh i gCaolas na Sicile

 

Déanfar iascaireacht le heangacha tráil ghrinnill a thoirmeasc sna limistéir seo a leanas:

(1)limistéar srianta um iascach "Taobh Thoir de Bhanc na nEachtraí" a léiríonn línte idir na comhordanáidí seo a leanas a theorainneacha:

37° 23,850′ T, 12° 30,072′ O

37° 23,884′ T, 12° 48,282′ O

37° 11,567′ T, 12° 48,305′ O

37° 11,532′ T, 12° 30,095′ O

(2)limistéar srianta iascaigh "Taobh Thiar d'imchuach Gela" a léiríonn línte idir na comhordanáidí seo a leanas a theorainneacha:

37° 12,040′ T, 13° 17,925′ O

37° 12,047′ T, 13° 36,170′ O

36° 59,725′ T, 13° 36,175′ O

36° 59,717′ T, 13° 17,930′ O

(3)limistéar srianta iascaigh "Taobh Thoir de Bhanc Mhálta" a léiríonn línte idir na comhordanáidí seo a leanas a theorainneacha:

36° 12,621′ T, 15° 13,338′ O

36° 12,621′ T, 15° 26,062′ O

36° 59,344′ T, 15° 26,062′ O

36° 59,344′ T, 15° 13,338′ O’

(3)Cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas 10b, 10c, 10d agus 10e:

‘Airteagal 10b
Limistéir mhaolánacha i gCaolas na Sicile

1. Bunófar limistéar maolánach timpeall an limistéir shrianta um iascach "Taobh Thoir de Bhanc na nEachtraí" dá dtagraítear in Airteagal 10a(1) agus a léireoidh línte idir na comhordanáidí seo a leanas a theorainneacha:

37° 24,849′ T, 12° 28,814′ O

37° 24,888′ T, 12° 49,536′ O

37° 10,567′ T, 12° 49,559′ O

37° 10,528′ T, 12° 28,845′ O

2.Bunófar limistéar maolánach timpeall an limistéir shrianta um iascach "Taobh Thiar d’Imchuach Gela" dá dtagraítear in Airteagal 10a(2) agus a léireoidh línte idir na comhordanáidí seo a leanas a theorainneacha:

37° 13,041′ T, 13° 16,672′ O

37° 13,049′ T, 13° 37,422′ O

36° 58,723′ T, 13° 37,424′ O

36° 58,715′ T, 13° 16,682′ O

3.Bunófar limistéar maolánach timpeall an limistéir shrianta um iascach "Taobh Thoir de Bhanc Mhálta" dá dtagraítear in Airteagal 10a(3) agus a léireoidh línte idir na comhordanáidí seo a leanas a theorainneacha:

36° 13,624′ T, 15° 12,102′ O

36° 13,624′ T, 15° 27,298′ O

36° 58,342′ T, 15° 27,294′ O

36° 58,342′ T, 15° 12,106′ O

4.Soithí a dhéanann gníomhaíochtaí iascaireachta le heangacha tráil ghrinnill sna limistéir mhaolánacha dá dtagraítear san Airteagal seo, déanfaidh siad minicíocht tarchuir iomchuí na gcomharthaí óna gcóras um fhaireachán soithí (VMS) a áirithiú. Soithí nach bhfuil trasfhreagróir VMS orthu agus arb é is aidhm dóibh iascaireacht a dhéanamh le heangacha tráil ghrinnill sna limistéir mhaolánacha, feisteofar córas geologánaithe orthu le gur féidir le húdaráis rialaithe rian a ngníomhaíochtaí a chur.

   

Airteagal 10c
Srianta iascaireachta i limistéar Jabuka/Pomo Pit sa Mhuir Adriad

1.Déanfar iascaireacht áineasa agus iascaireacht le heangacha grinneallsocraithe, eangacha tráil ghrinnill, spiléir shocraithe agus gaistí a thoirmeasc i limistéar a léireoidh línte idir na comhordanáidí seo a leanas a theorainneacha:

43° 32,044' T, 15° 16,501' O

43° 05,452' T, 14° 58,658' O

43° 03,477' T, 14° 54,982' O

42° 50,450' T, 15° 07,431' O

42° 55,618' T, 15° 18,194' O

43° 17,436' T, 15° 29,496' O

43° 24,758' T, 15° 33,215' O

2.Ón 1 Meán Fómhair go dtí an 31 Deireadh Fómhair gach bliain, déanfar iascaireacht le heangacha grinneallsocraithe, eangacha tráil ghrinnill, spiléir shocraithe agus gaistí a thoirmeasc i limistéar a léireoidh línte idir na comhordanáidí seo a leanas a theorainneacha:

43° 03,477' T, 14° 54,982' O

42° 49,811' T, 14° 29,550' O

42° 35,205' T, 14° 59,611' O

42° 49,668' T, 15° 05,802' O

42° 50,450' T, 15° 07,431' O

3.Ón 1 Meán Fómhair go dtí an 31 Deireadh Fómhair gach bliain, déanfar iascaireacht le heangacha grinneallsocraithe, eangacha tráil ghrinnill, spiléir shocraithe agus gaistí a thoirmeasc i limistéar a léireoidh línte idir na comhordanáidí seo a leanas a theorainneacha:

43° 17,436' T, 15° 29,496' O

43° 24,758' T, 15° 33,215' O

43°20,345' T, 15°47,012' O

43°18,150' T, 15°51,362' O

43°13,984' T, 15°55,232' O

43°12,873' T, 15°52,761' O

43°13,494' T, 15°40,040' O

Airteagal 10d
Soithí údaraithe i limistéar Jabuka/ Pomo Pit

1.Gan dochar do mhír (2) agus (3) d'Airteagal 10c, ní cheadófar, sa limistéar dá dtagraítear sna míreanna sin, gníomhaíochtaí iascaireachta tráchtála le heangacha grinneallsocraithe, eangacha tráil ghrinnill, spiléir shocraithe agus gaistí ach amháin i gcás go bhfuil údarú sonrach i seilbh an tsoithigh, agus gur féidir leis a léiriú gur le fada atá gníomhaíochtaí iascaireachta á ndéanamh aige sna limistéir i gceist.

2.Ní bheidh soithí údaraithe a bhfuil eangacha tráil ghrinnill acu i dteideal iascaireacht a dhéanamh ach amháin Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh óna cúig a chlog ar maidin go dtí a deich a chlog san oíche. Ní cheadófar do shoithí údaraithe atá ag iascaireacht le heangacha grinneallshocraithe, spiléir socraithe agus gaistí iascaireacht a dhéanamh ach amháin óna cúig a chlog ar maidin Dé Luain go dtí a deich a chlog san oíche Déardaoin.

3.Na soithí atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh sa limistéar dá dtagraítear in Airteagal 10c(2) agus (3) leis na trealaimh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh a mBallstát údarú iascaireachta dóibh i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle.

4.Tráth nach déanaí ná an 30 Aibreán 2018, déanfaidh Ballstáit liosta de na soithí údaraithe arna shocrú don bhliain 2018 agus ina dhiaidh sin, tráth nach déanaí ná an 30 Aibreáin gach bliain, liosta de na soithí údaraithe arna shocrú don bhliain seo ina dhiaidh sin a chur chuig ardrúnaíocht feidhmiúcháin an CIGM. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar an liosta, i dtaca le gach soitheach:

(a)Ainm an tsoithigh;

(b)Uimhir chláir an tsoithigh;

(c)Uimhir chlárúcháin CIGM (cód alfa ISO3 tíre + 9 ndigit e.g.xxx000000001)

(d)An tainm a bhí ann roimhe (más ann dó);

(e)Bratach roimhe seo (más ann di)

(f)Mionsonraí ar scriosadh ó chláir eile (más ann dóibh);

(g)Comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió (más ann dó)

(h)Cineál soithigh, fad foriomlán (FF) agus olltonáiste (GT) agus/nó olltonáiste cláraithe;

(i)ainm agus seoladh an úinéara (na núinéirí) agus an oibritheora (na noibritheoirí);

(j)trealamh (trealaimh) a úsáidtear chun iascaireacht a dhéanamh sa limistéar srianta um iascach;

(k)Tréimhse séasúrach údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh sa limistéar srianta iascaigh;

(l)Líon na laethanta iascaireachta ceadaithe do gach soitheach;

(m)Calafort ainmnithe.

5.Ní thabharfaidh soithí údaraithe gabhálacha stoic ghrinnill i dtír ach i gcalafoirt ainmnithe amháin. Chun na críche sin, déanfaidh gach Ballstát lena mbaineann calafoirt a ainmniú ina núdarófar gabhálacha éisc ó Limistéar Srianta Iascaigh Jabuka/Pomo Pit a thabhairt i dtír. Cuirfear liosta de na calafoirt sin chuig Rúnaíocht CIGM tráth nach déanaí ná an 30 Aibreáin gach bliain.

6.Soithí iascaireachta údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh sna limistéir dá dtagraítear in Airteagal 10c(2) agus (3) leis na trealaimh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, beidh a gcóras VMS agus/nó a gcóras AIS ag oibriú i gceart, agus déanfar na trealaimh iascaireachta atá ar bord nó atá in úsáid a shainaithint go cuí, agus cuirfear uimhreacha agus marcanna orthu sula dtabharfaidh siad faoi oibríochtaí iascaireachta nó loingseoireacht sna limistéir sin.

7.Soithí iascaireachta atá feistithe le heangacha grinneallsocraithe, eangacha tráil ghrinnill, spiléir socraithe agus gaistí gan údarú acu do na feistí sin, ní cheadófar dóibh idirthuras a dhéanamh tríd an Limistéar Srianta um Iascach ach amháin má leanann siad cúrsa díreach faoi luas leanúnach nach lú ná 7 muirmhíle agus VMS agus/nó AIS ar bord acu.

Airteagal 10e Rianta spásúla/ama sa Mhuir Alboran

1.Agus an chomhairle eolaíoch atá ar fáil á cur san áireamh, féadfaidh Ballstáit srianta spásúla/ama a bhunú sa Mhuir Alboran (folimistéir geografach CIGM 1,2 agus 3, mar a shainítear in Iarscríbhinn I), lena gcuirfear toirmeasc nó srian ar ghníomhaíochtaí iascaireachta chun limistéir chomhbhailiúcháin de dheargáin óga nó de dheargáin sceite a chosaint.

2.Cuirfidh Ballstáit in iúl do CIGM faoin 31 Eanáir 2019 na limistéir agus na srianta a bheidh curtha i bhfeidhm acu.’

(4)I dTeideal III, cuirtear isteach Caibidil IIa mar a leanas:

'CAIBIDIL IIa

SÉASÚIR CHOISCTHE LE hAGHAIGH IASCAIREACHT SA MHUIR DHUBH

Airteagal 14a Tréimhse choiscthe le linn shéasúir sceite an turbaird sa Mhuir Dhubh

1.Le linn na tréimhse ó Aibreán go Meitheamh gach bliain, bunóidh gach Ballstát lena mbaineann tréimhse choiscthe de dhá mhí ar a laghad sa Mhuir Dhubh.

2.Féadfaidh Ballstáit srianta spásúla/ama breise a ainmniú lena gcuirfear toirmeasc nó srianta ar ghníomhaireachtaí iascaireachta chun limistéir chomhbhailiúcháin de thurbaird óga a chosaint.'

(5)Cuirtear isteach Airteagal 16ca agus Airteagal 16cb mar a leanas:

'Airteagal 16ca Tréimhsí coiscthe réamhchúraim i ndáil le coiréalach dearg

1.Nuair a bhainfear amach tairseach gabhála coiréalaigh dheirg mar a shainmhínítear i mír 2 agus mír 3, dúnfaidh Ballstáit an limistéar i gceist go sealadach ar iascach coiréalaigh dheirg.

2.Measfar an tairseach gabhála a bheith bainte amach nuair is mó líon na gcoilíneachtaí coiréalaigh dheirg ar lú a níostrastomhas ná 7mm, nuair is mó a líon sin ná 25% den ghabháil iomlán a shaothrófar ar oitir coiréil dheirg ar leith i mbliain ar leith.

3.I gcásanna nár sainaithníodh oitreacha coiréil i gceart, beidh feidhm ag an tairseach gabhála agus an tréimhse choiscthe dá bhforáiltear i mír 1 ar leibhéal dhronuilleog staidrimh CIGM.

4.Ina gcinneadh lena mbunaítear tréimhse choiscthe dá dtagraítear i mír 1, saineoidh Ballstáit an limistéar geografach lena mbaineann, an fad a mhairfidh an tréimhse choiscthe agus na coinníollacha lena rialaítear na hiascaigh sa limistéar sin le linn na tréimhse coiscthe.

5.Ballstáit a bhunóidh tréimhsí coiscthe, cuirfidh siad an méid sin in iúl do Rúnaíocht GFCM agus don Choimisiún gan mhoill.

Airteagal 16 cb
Tréimhsí coiscthe spásúla/ama

Ballstáit atá ag saothrú coiréalach dearg go gníomhach, tabharfaidh siad isteach tréimhsí coiscthe breise chun coiréalach dearg a chosaint ar bhonn na comhairle eolaíche atá ar fáil agus faoin 1 Eanáir 2019 ar a dhéanaí.'

(6)Cuirtear isteach an Teideal IIa seo a leanas:

‘TEIDEAL IIa
ACMHAINNEACHT IASCAIREACHTA AGUS DEISEANNA IASCAIREACHTA

Airteagal 16m

Teorainneacha gabhála i ndáil le coiréalach dearg

Féadfaidh gach Ballstát córas teorainneacha don ghabháil laethúil agus/nó bhliantúil a bhunú i ndáil le coiréalach dearg sa Mheánmhuir.

Airteagal 16n Acmhainneacht an chabhlaigh iascaigh nó iarracht iascaireachta i ndáil le deargán sa Mhuir Alboran

1.In 2020 ar a dhéanaí, déanfaidh Ballstáit leibhéil acmhainneachta an chabhlaigh iascaigh nó iarracht iascaireachta a choinneáil ar na leibhéil údaraithe agus atá curtha i bhfeidhm na dá bhliain roimhe sin i ndáil le saothrú an deargáin sa Mhuir Alboran (folimistéir gheografach GICM 1,2 agus 3, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I).

2.Beidh feidhm ag na srianta ar acmhainneacht an chabhlaigh iascaigh nó ar iarracht iascaireachta dá dtagraítear i mír 1 maidir le gach soitheach tráchtála nó áineasa a ghabhfaidh deargán. ’

(7)Scriostar Airteagal 17a.

(8)I dTeideal III, cuirtear isteach Caibidlí III agus Caibidil IV mar a leanas:

‘CAIBIDIL III

Iascaigh coiréalaigh a rialú

Airteagal 22a
Údaruithe iascaireachta i ndáil le coiréalach dearg

1.Soithí agus iascairí údaraithe chun coiréalach dearg a shaothrú sa Mheánmhuir, beidh údarú bailí iascaireachta acu, ina shaineofar na coinníollacha teicniúla faoinar féidir iascach a dhéanamh.

2.I gcás nach ann d'údarú dá dtagraítear i mír 1, beidh toirmeasc ar choiréalach dearg a shaothrú, a choimeád ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a aistriú, a stóráil, a dhíol nó a chur ar taispeántas nó a chur ar díol.

3.Coinneoidh na Ballstáit taifead cothrom le dáta d'údaruithe dá dtagraítear i mír 1 agus cuirfidh siad liosta na soithí ar tugadh údarú dóibh in iúl do Rúnaíocht an CIGM agus don Choimisiún tráth nach déanaí ná an 30 Aibreán gach bliain. Beidh an fhaisnéis seo a leanas, i dtaca le gach soitheach, ar an liosta:

(a)Ainm an tsoithigh

(b)Uimhir chláir an tsoithigh (cód arna shannadh ag an bpáirtí conarthach)

(c)Uimhir chlárúcháin CIGM (cód alfa ISO 3 tíre + 9 ndigit e.g.xxx000000001)

(d)Calafort clárúcháin (ainm iomlán an chalafoirt)

(e)An tainm a bhí ann roimhe (más ann dó)

(f)Bratach roimhe seo (más ann di)

(g)Mionsonraí ar scriosadh ó chláir eile (más ann dóibh)

(h)Comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió (más ann dó)

(i)VMS nó trealamh eile maidir le geologánú soithigh a bheith ar bord (Tá/Níl)

(j)Cineál soithigh, fad foriomlán agus olltonáiste agus/nó olltonáiste cláraithe agus cumhacht innill arna léiriú in kW

(k)Trealaimh sábháilteachta agus slándála chun freastal ar bhreathnóir/ ar bhreathnóirí ar bord (Tá/Níl)

(l)An tréimhse ama ina bhfuil iascaireacht coiréalaigh dheirg údaraithe

(m)Limistéar(limistéir) ina bhfuil iascaireacht coiréalaigh dheirg údaraithe: Folimistéir gheografacha CIGM agus cealla ghreille staidrimh CIGM

(n)Rannpháirtíocht i gcláir taighde ar thionscain institiúidí eolaíochta náisiúnta/idirnáisiúnta (Tá/Níl; cuir tuairisc ghairid leis)

4.Ní mhéadóidh Ballstáit líon na núdaruithe iascaireachta go dtí go léireofar le comhairle eolaíoch riocht fhabhrach a bheith ar phobail na gcoiréalach dearg.

Airteagal 22b Gabhálacha a thaifeadadh i ndáil le coiréalach dearg

1.Iascairí nó maistrí na soithí údaraithe chun coiréalach dearg a shaothrú, déanfaidh siad gabhálacha de réir beomheáchain, agus más féidir, líon na gcoilíneachtaí a thaifeadadh, tar éis oibríochtaí iascaireachta nó, i gcás turas iascaireachta laethúil, tráth a thabharfar an ghabháil i dtír ar a dhéanaí.

2.Beidh logleabhar ar bord ag soithí iascaireachta atá údaraithe le coiréalach dearg a shaothrú ina ndéanfar na gabhálacha laethúla de choiréalach dearg beag beann ar bheomheáchan na bainte agus de ghníomhaíocht iascaireachta de réir limistéir agus doimhneachta a thaifeadadh, lena náirítear líon na laethanta iascaireachta agus tumthaí. Cuirfear an fhaisnéis sin chuig na húdaráis inniúla náisiúnta faoin spriocdháta a leagtar síos in Airteagal 14(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 22c Réamhfhógra a thabhairt i ndáil le coiréalach dearg

Idir dhá agus trí huaire an chloig roimh an am a mheastar a bhainfear an calafort amach, cuirfidh máistrí na soithí iascaireachta an fhaisnéis seo a leanas in iúl do na húdaráis ábhartha:

(a)an tam a mheastar a bhainfear an calafort amach;

(b)uimhir aitheantais seachtrach agus ainm an tsoithigh iascaireachta;

(c)Meastachán ar an gcainníocht de réir beomheáchain agus más féidir, líon na gcoilíneachtaí coiréalaigh dheirg ar bord;

(d)faisnéis maidir leis an limistéar geografach inar tógadh an ghabháil.

Airteagal 22d
Calafoirt ainmnithe i ndáil le coiréalach dearg 

Ní thabharfaidh soithí údaraithe gabhálacha stoic ghrinnill i dtír ach i gcalafoirt ainmnithe amháin. Chun na críche sin, ainmneoidh gach Ballstát calafoirt ina bhfuil sé údaraithe coiréalach dearg a thabhairt i dtír agus cuirfidh liosta na gcalafort in iúl do Rúnaíocht CIGM faoin 30 Aibreán gach bliain, seachas muna bhfuil aon athrú ar na calafoirt ainmnithe a cuireadh in iúl roimhe sin.

Airteagal 22e Gabhálacha a rialú i ndáil le coiréalach dearg

Bunóidh gach Ballstát clár rialaithe bunaithe ar anailís riosca, go sonrach chun an tabhairt i dtír a fhíorú agus na logleabhair a bhailíochtú.

Airteagal 22f Trasloingsiú coiréalaigh dheirg

Toirmeascfar oibríochtaí trasloingsiú coiréalaigh dheirg ar muir.

Airteagal 22g Faisnéis Eolaíoch i ndáil le coiréalach dearg

Na Ballstáit a bhfuil cabhlaigh iascaireachta leo atá ag díriú ar choiréalaigh dhearga, déanfaidh siad deimhin de go bhfuil meicníocht ann mar is ceart maidir le faireachán eolaíoch leordhóthanach ar iascaigh agus gabhálacha d'fhonn é a chur ar a chumas do choiste Comhairleach Eolaíoch CIGM faisnéis thuairisciúil agus comhairle a chur ar fáil ar na nithe seo ar a laghad:

(a)An iarracht iascaireachta a rinneadh (e.g. líon na dtumthaí in aghaidh na seachtaine) agus leibhéil ghabhála iomlána ar leibhéal áitiúil, náisiúnta nó fornáisiúnta;

(b)Na pointí tagartha caomhnaithe agus bainistíochta d'fhonn an plean bainistíochta réigiúnach a fheabhsú i gcomhréir leis an gcuspóir uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh agus riosca íseal a bheith ann go gclisfidh na stoic éisc.

(c)Iarmhairtí bitheolaíocha agus socheacnamaíocha na gcásanna bainistíochta malartacha, lena náirítear ionchuir/aschuir rialú agus/nó bearta teicniúla, arna moladh ag páirtithe conarthacha CIGM agus/nó;

(d)Tréimhsí coiscthe spásúla/ama féideartha chun inbhuanaitheacht iascaigh a chaomhnú;

CAIBIDIL IV
BEARTA RIALAITHE A BHAINEANN LE FOLIMISTÉIR GHEOGRAFACHA ÁIRITHE

Roinn 1
Iascaigh deargán i Muir Alboran a rialú

Airteagal 22h Gabhálacha agus foghabhálacha laethúla deargán a thuairisciú

Gan dochar d'Airteagal 14 de Rialachán 1224/2009 bunóidh na Ballstáit sásra chun a áirithiú go ndéantar na gabhálacha agus na foghabhálacha deargán tráchtála uile i Muir Alboran (folimistéir CIGM 1, 2 agus 3 mar a shainmhínítear iad in Iarscríbhinn I) a thuairisciú beag beann ar bheomheáchan na gabhála. Maidir le hiascaigh áineasa déanfaidh na Ballstáit taifead ar ghabhálacha an speicis sin nó déanfaidh siad iad a mheas.

Airteagal 22i Údaruithe iascaireachta agus gníomhaíochtaí iascaireachta

1.Bunóidh na Ballstáit clár de na soithí iascaireachta atá údaraithe cainníochtaí deargán arna ngabháil i Muir Alboran a iompar ar bord nó a chur i dtír ar mó ná 20% den ghabháil de réir beomheáchain iad tar éis iad a shórtáil de réir taoide.

2.Ní cheadófar do shoithí iascaireachta atá ag díriú ar dheargáin gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh ach amháin i gcás ina bhfuil na gníomhaíochtaí sin luaite in údarú iascaireachta bailí a eiseoidh na húdaráis inniúla agus ina luafar na coinníollacha teicniúla faoina bhféadfar na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh. Cuimseofar leis an údarú na sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII.

3.Cuirfidh na Ballstáit an méid seo a leanas chuig Rúnaíocht GFCM:

(a)faoi dheireadh mhí Feabhra gach bliain liosta de na soithí oibríochtúla dár tugadh údarú don bhliain reatha nó don bhliain/do na blianta dar gcionn; cuimseofar leis an liosta na sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII.

(b)faoi dheireadh mhí na Samhna gach bliain, ón 30 Samhain 2018 agus ar a laghad ón 30 Samhain 2020, tuarascáil ar na gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann na soithí dá dtagraítear in Airteagal 22i(1), i bhformáid chomhiomlánaithe, lena náirítear an fhaisnéis íosta seo a leanas:

(i)líon na laethanta iascaireachta,

(ii)limistéar an tsaothraithe, agus

(iii)na gabhálacha deargán.

4.Déanfar córas um fhaireachán soithí (VMS) nó aon chóras geologánaithe a cheadaíonn do na húdaráis um rialúchán rialú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí soithigh a shuiteáil ar gach soitheach ar mó ná 12m a fhad foriomlán atá údaraithe díriú ar dheargáin.

Airteagal 22j Faireachán eolaíoch

Déanfaidh na Ballstáit, a bhfuil a gcabhlaigh iascaireachta ag díriú ar dheargáin, sonraí tuairisciúla a bhailiú maidir leis an méid seo ar a laghad:

(a)tréithe trealaimh iascaireachta inter alia, fad uasta an spiléir agus na líonta seasmhacha agus líon, cineál agus méid na nduán;

(b) iarracht iascaireachta a cuireadh i gcríoch (e.g. líon na laethanta /seachtainí iascaireachta) agus leibhéil ghabhála iomlána na gcabhlach iascaireachta tráchtála; ba cheart meastachán ar ghabhálacha na niascach áineasa a chur ar fáil freisin;

(c)na pointí tagartha caomhnaithe agus bainistithe d'fhonn pleananna ilbhliantúla a bhunú d'iascaigh inbhuanaithe i gcomhréir le cuspóir na huastáirgeachta inbhuanaithe a bhaint amach agus riosca íseal a bheith ann go gclisfidh ar na stoic éisc.

(d)éifeachtaí socheacnamaíocha na gcásanna bainistithe malartacha, lena náirítear rialú ionchuir/aschuir agus/nó bearta teicniúla, arna naithint ag CIGM agus/nó ag na páirtithe conarthacha;

(e)dúnadh spásúil/ama a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm d'fhonn inbhuanaitheacht iascaigh a chaomhnú;

(f)an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag iascaigh áineasa ar stádas an stoic/na stoc deargán.

Roinn 2

Caolas na Sicile

Airteagal 22k Údaráis d'iascaigh trálaeireachta grinnill ar stoic ghrinnill i gCaolas na Sicile

1.Ní cheadófar do shoithigh atá ag díriú ar stoic ghrinnill i gCaolas na Sicile (folimistéir gheografacha CIGM 12, 13, 14, 15 agus 16, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I), ach gníomhaíochtaí iascaireachta sonracha a dhéanamh mar a shonrófar in údarás iascaireachta bailí a eiseoidh na húdaráis inniúla agus ina sonrófar na coinníollacha teicniúla faoina ndéanfar na gníomhaíochtaí sin.

2.    Beidh san údarú iascaireachta dá dtagraítear i mír 1,    maille leis na sonraí a shainmhínítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 2017/218, na sonraí seo a leanas:

(a)Uimhir chlárúcháin CIGM;

(b)    an tainm a bhí ann roimhe (más ann dó);

(c)    an bhratach roimhe seo (más ann di);

(d)    mionsonraí a scriosadh ó chláir eile roimhe (más ann dóibh);

Airteagal 22l Scéim Cigireachta agus Faireachais Chomhpháirteach Idirnáisiúnta i gCaolas na Sicile

1.D’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar na forálacha a leagtar amach in Airteagal 10a agus Airteagal 10b, féadfaidh na Ballstáit gníomhaíochtaí cigireachta agus faireachais faoi réir Scéim Cigireachta agus Faireachais Chomhpháirteach Idirnáisiúnta (an Scéim) lena gcumhdaítear uiscí atá lasmuigh de dhlínse náisiúnta i bhfolimistéir gheografacha CIGM 12, 13, 14, 15 agus 16, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I ('an limistéar cigireachta agus faireachais').

2.Tabharfaidh gach Ballstát, tráth nach déanaí ná an 1 Nollaig gach bliain, fógra do Rúnaíocht CIGM faoi liosta ainmneacha na gcigirí atá údaraithe cigireacht agus faireachas a dhéanamh sa limistéar dá dtagraítear i mír 1.

3.Beidh doiciméadacht chéannachta arna heisiúint ag údaráis an Bhallstáit bhrataí ina seilbh ag cigirí, agus beidh an doiciméadacht sin san fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

4.Tabharfaidh gach Ballstát lena mbaineann ainmneacha na soithí agus na naerárthaí a úsáidtear le haghaidh cigireachta agus faireachais do Rúnaíocht CIGM faoi 15 Nollaig na bliana roimhe sin nó a luaithe is féidir sula gcuirfear tús le gníomhaíochtaí cigireachtaí.

5.Beidh bratach nó bratainn speisialta ar foluain ar shoithí agus dualgais bhordála agus chigireachta á ndéanamh acu mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V.

6.Féadfaidh Ballstát trí chomhaontú frithpháirteach le páirtí conarthach CIGM eile cigirí atá sannta aige don scéim a chur ar dualgas ar ardán cigireachta an pháirtí chonarthaigh sin. Tabharfaidh sé fógra do Rúnaíocht CIGM sula ndéanfar sin.

7.Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfaidh gach ardán cigireachta atá i dteideal a bhratach a chur ar foluain agus atá ag oibriú sa limistéar dá dtagraítear i mír 1 teagmháil shábháilte, go laethúil nuair is féidir, le gach ardán cigireachta eile atá ag feidhmiú sa limistéar sin chun an fhaisnéis, is gá le haghaidh comhordú gníomhaíochtaí, a mhalartú.

8.Tabharfaidh gach Ballstát, a bhfuil láithreacht aige sa limistéar chun cigireacht nó faireachas a dhéanamh dá dtagraítear i mír 1, liosta amharc, bordála agus cigireachtaí a rinne sé sa tréimhse 10 lá roimhe sin, lena náirítear dátaí, comhordanáidí agus aon fhaisnéis ábhartha eile, do gach ardán cigireachta ar theacht isteach sa limistéar sin dó.

Airteagal 22m Cigireachtaí a dhéanamh

1.Áiritheoidh gach Ballstát a bhfuil láithreacht chun cigireacht a dhéanamh aige sa limistéar dá dtagraítear in Airteagal 22k(1) go ndéanfaidh a chigirí an méid seo a leanas:

(a)fógra a thabhairt don soitheach iascaireachta roimh bhordáil dóibh faoi ainm an tsoithigh chigireachta;

(b)an bhratainn a bhfuil tuairisc uirthi in Iarscríbhinn V a chur ar taispeáint ar an soitheach cigireachta agus ar an soitheach bordála;

(c)gach foireann cigireachta a laghdú go triúr cigirí ar a mhéad.

2.Ag dul ar bord an tsoithigh dóibh, taispeánfaidh na cigirí an cárta aitheantais a bhfuil tuairisc uirthi in Iarscríbhinn IV do mháistir an tsoithigh iascaireachta. Déanfar cigireachtaí i gceann de theangacha oifigiúla CIGM agus, i gcás inar féidir, sa teanga a labhraíonn máistir an tsoithigh iascaireachta.

3.Agus iad ag déanamh a gcuid fiosruithe, ní rachaidh na cigirí thar comhlíonadh Airteagal 10a agus Airteagal 10b ag Stát brataí an tsoithigh lena mbaineann a fhíorú.

4.Tarraingeoidh cigirí suas tuarascáil ar an gcigireacht san fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.

5.Síneoidh cigirí an tuarascáil i láthair mháistir an tsoithigh agus beidh an máistir sin i dteideal aon bharúlacha a chur leis an tuarascáil é féin nó a chinntiú go gcuirtear leis an tuarascáil iad, a mheasann sé a bheith oiriúnach agus síneoidh sé na barúlacha sin.

6.Tabharfar cóipeanna den tuarascáil do mháistir an tsoithigh agus d'údaráis na buíne cigireachta, agus seolfaidh siad cóipeanna chuig údaráis Stát brataí an tsoithigh ar a ndearnadh cigireacht agus chuig Rúnaíocht CIGM.

7.Déanfaidh oifigeach ceannais an tsoithigh chigireachta méid na buíne cigireachta agus tréimhse na cigireachta a shocrú agus na cúinsí ábhartha uile á gcur san áireamh aige.

Airteagal 22n Sáruithe

1.Chun críocha an Airteagail seo, measfar gur cionta iad na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(a),(b),(c),(e),(f),(g) agus (h) de Rialachán 1005/2008;

(b) cur isteach ar chóras faireacháin satailíte; agus

(c)oibriú gan córas VMS.

2.I gcás ina ndéantar aon bhordáil nó cigireacht ar shoitheach agus ina mbraitheann na cigirí sárú lena linn sin, tabharfaidh údaráis Bhallstát brataí an tsoithigh cigireachta fógra láithreach do Bhallstát an tsoithigh iascaireachta go díreach agus trí bhíthin Rúnaíocht CIGM.

3.Tar éis cigireachta dá dtagraítear i mír 2, áiritheoidh Ballstát brataí an tsoithigh go gcuirfidh an soitheach iascaireachta ábhartha stop le gach gníomhaíocht iascaireachta. Ceanglóidh an Ballstát brataí ar an soitheach iascaireachta dul chuig calafort arna ainmniú aige laistigh de 72 uair, áit a gcuirfear tús le himscrúdú.

4.I gcás ina mbeidh sárú braite leis an gcigireacht, déanfar na bearta agus an obair leantach a dhéanann an Ballstát brataí a fhógairt dá údaráis náisiúnta, agus do Rúnaíocht CIGM.

5.Gníomhóidh údaráis na mBallstát ar bhonn tuarascálacha cigireachta, dá dtagraítear in Airteagal 22m(4), agus, ar an gcaoi chéanna, ar bhonn ráiteas a thagann as cigireachtaí doiciméadacha ó chigirí agus iad ag déanamh beart ar bhonn tuarascálacha agus ráiteas ó chigirí náisiúnta.

Roinn 3
An Mhuir Dhubh


Airteagal 22o
Bearta chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte in iascaigh turbard sa Mhuir Dhubh a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú

1.Faoin 30 Samhain gach bliain, cuirfidh gach Ballstát ar leith chuig an gCoimisiún, tríd an ngnáthmheán próiseála sonraí, liosta nuashonraithe de na soithí a úsáideann eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe chun iascach a dhéanamh ar thurbaird sa Mhuir Dhubh (folimistéar geografach 29 CIGM mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I).

2.Cuimseofar sa liosta a luaitear i mír 1, maille leis na sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán 26/2004, na sonraí seo a leanas:

(a)Uimhir chlárúcháin CIGM;

(b)an tainm a bhí ann roimhe (más ann dó);

(c)an bhratach roimhe seo (más ann di);

(d)mionsonraí a scriosadh ó chláir eile roimhe (más ann dóibh);

(e)príomhspeicis a bhfuiltear ag díriú orthu;

(f)an príomhthrealamh/na príomhthrealaimh a úsáidtear do thurbaird, do chuid chabhlaigh agus d'aonad oibríochtúil mar a mhínítear i maitrís staidrimh Thasc 1 a leagtar amach i Roinn C d'Iarscríbhinn III;

(g)an tréimhse ama údaraithe maidir le hiascaireacht a dhéanamh le heangach geolbhaigh nó le haon trealamh eile lena bhféadfaí iascaireacht a dhéanamh ar thurbaird (más ann d'údarú den chineál sin).

3.Arna iarraidh sin ag CIGM, déanfaidh na Ballstáit faisnéis a thuairisciú faoi na soithí iascaireachta atá údaraithe gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh thar tréimhse ar leith. Tuairisceoidh na Ballstáit, go hairithe, ainmneacha na soithí iascaireachta lena mbaineann, a nuimhir aitheantais sheachtrach agus na deiseanna iascaireachta a rinneadh a chionroinnt orthu.

4.Baileoidh údaráis inniúla an Bhallstáit chósta eangacha geolbhaigh tréigthe nach bhfuil marcáilte a úsáideadh in iascaigh turbard agus a aimsíodh ar muir. Ina dhiaidh sin, déanfar na heangacha sin a ghabháil nó go ndéanfar an túinéir a shainaithint go hiomchuí nó déanfar na heangacha sin a scriosadh mura féidir an túinéir a shainaithint.

5.Ainmneoidh gach Ballstát lena mbaineann láithreacha cur i dtír, ina ndéanfar turbaird a ghabhfar sa Mhuir Dhubh a chur i dtír nó a thrasloingsiú, i gcomhréir le hAirteagal 43(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Cuirfear liosta de na láithreacha sin chuig Rúnaíocht tráth nach déanaí ná an 30 Samhain gach bliain.

6.Beidh toirmeasc ar aon chainníocht turbard a ghabhfar sa Mhuir Dhubh a chur i dtír nó a thrasloingsiú in aon áit eile cé is moite de na láithreacha dá dtagraítear i mír 5.

Airteagal 22p
Pleananna faireacháin, rialaithe agus faireachais náisiúnta d'iascaigh turbard sa Mhuir Dhubh

1.Bunóidh na Ballstáit pleananna faireacháin, rialaithe agus faireachais náisiúnta ('pleananna náisiúnta') chun forálacha Airteagal 22o a chur chun feidhme trína áirithiú inter alia go ndéanfar faireachán agus taifeadadh beacht cuí ar na gabhálacha míosúla agus/nó ar an iarracht iascaireachta a rinneadh.

2.Beidh na gnéithe seo a leanas sna pleananna náisiúnta dá dtagraítear i mír1:

(a)sainmhíniú soiléir ar na modhanna rialaithe, ina bhfuil cur síos ar na modhanna daonna, teicniúla agus airgeadais atá ar fáil go sonrach chun na pleananna a chur chun feidhme;

(b)sainmhíniú soiléir ar an straitéis chigireachta (lena náirítear prótacail chigireachta), lena ndíreofar ar shoithí iascaireachta ar dócha go ngabhfaidh siad turbaird agus speicis ghaolmhara.

(c)Beidh pleananna gníomhaíochta ann maidir le margaí agus iompar a rialú;

(d)sainmhíniú ar dhualgais agus nósanna imeachta cigireachta, lena náirítear an straitéis samplála a chuirtear i bhfeidhm chun gabhálacha a mheá tráth a dhéanfar an chéad díol agus an straitéis samplála do shoithí nach bhfuil faoi réir rialacha dearbhaithe logleabhair/chur i dtír;

(e)treoirlínte mínitheacha do chigirí, eagraíochtaí tairgeoirí agus iascairí i dtaca leis na sraitheanna rialacha atá i bhfeidhm maidir le hiascaigh ar dócha go ngabhfar turbaird iontu, lena náirítear:

(i)rialacha maidir le doiciméid a chomhlánú, lena náirítear tuarascálacha cigireachta, logleabhair iascaireachta, dearbhuithe ar thrasloingsiú, dearbhuithe ar na gabhálacha a chur i dtír agus a ghlacadh, doiciméid maidir le hiompar agus nótaí maidir le díolacháin.

(ii)bearta teicniúla i bhfeidhm, lena náirítear mogallmhéid agus nó toisí mogaill, íosmhéid gabhála, srianta sealadacha;

(iii)straitéisí samplála,

(iv)sásraí cros-seiceála.

(f)oiliúint cigirí náisiúnta i gcomhréir leis na ceanglais mar a shonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 22q
Faireachán eolaíoch ar iascaigh turbard sa Mhuir Dhubh

Cuirfidh na Ballstáit aon fhaisnéis bhreise a thacódh leis an bhfaireachán ar iascaigh turbard sa Mhuir Dhubh chuig Coiste Comhairleach Eolaíoch maidir le hIascaigh (CCE) CIGM, tráth nach déanaí ná an 30 Samhain gach bliain."

(9)Leasaítear Airteagal 23a mar a leanas:

(a) i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)na sonraí maidir le coiréalach dearg dá dtagraítear in Airteagal 22b"; agus’;

(b) cuirtear isteach an mhír 8 seo a leanas:

‘8.Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil mhionsonraithe ar a ngníomhaíochtaí iascaireachta chuig Rúnaíocht CIGM agus chuig an gCoimisiún faoin 30 Meitheamh gach bliain. Beidh sa tuarascáil sin faisnéis ar ghabhálacha iomlána agus limistéir shaothraithe ar a laghad, agus más féidir, agus ar an líon tumthaí agus an meánghabháil in aghaidh an tumtha.'.

(10)Cuirtear isteach Iarscríbhinní IV, V, VI, VII agus VIII mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

Cuirtear isteach na hIarscríbhinní IV, V, VI, VII agus VIII i Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011:

"IARSCRÍBHINN IV

Samhail de Chárta Aitheantais do chigirí CIGM

An Coimisiún Ginearálta Iascaigh

don Mheánmhuir

CIGM

CIGM

Tá sealbhóir an chárta aitheantais cigire ina chigire CIGM atá ceaptha go hiomchuí de réir théarmaí Scéim Cigireachta agus Faireachais Chomhpháirteach an Choimisiúin Iascaigh Ghinearálta don Mheánmhuir (CIGM) agus tá an chumhacht aige beart a dhéanamh i gcomhréir le forálacha rialacha CIGM.

CÁRTA AITHEANTAIS CIGIRE

Grianghraf

Páirtí Conarthach

Ainm an Chigire:

Uimh. Chárta

………………………………

Údarás Eisiúna

………………………………

Cigire

Dáta eisiúna:

Bailí go ceann cúig bliana

IARSCRÍBHINN V

Samhail de bhratainn cigireachta CIGM



IARSCRÍBHINN VI

Tuarascáil Cigireachta CIGM

1. CIGIRE/CIGIRÍ

Ainm........................................Páirtí Conarthach............................................Uimhir Chárta Aitheantais CIGM

Ainm........................................Páirtí Conarthach............................................Uimhir Chárta Aitheantais CIGM

Ainm........................................Páirtí Conarthach............................................Uimhir Chárta Aitheantais CIGM

2. SOITHEACH INA BHFUIL AN CIGIRE Á IOMPAR/ NA CIGIRÍ Á nIOMPAR

2.1 Ainm agus Clárúchán ...............................

2.2 Bratach..........................................................................

3. FAISNÉIS MAIDIR LEIS AN SOITHEACH A BHFUIL CIGIREACHT Á DÉANAMH AIR

3.1 Ainm agus Clárúchán......................................................................

3.2 Bratach..........................................................................

3.3 Captaen (Ainm agus Seoladh)......................................................

3.4 Úinéir an tsoithigh (Ainm agus Seoladh)..................................................

3.5 Uimhir Thaifid CIGM

3.6 Cineál soithigh....................................................

4. SUÍOMH

4.1 Suíomh an tsoithigh arna chinneadh ag máistir an tsoithigh cigireachta ar ...................AUL; Domhanleithead........... Domhanfhad...............

4.2 Suíomh arna chinneadh ag máistir an tsoithigh iascaireachta ag .......AUL; Domhanleithead........ Domhanfhad............

5. DÁTA AGUS AM TOSAITHE AGUS AM CRÍOCHNAITHE NA CIGIREACHTA

5.1 Dáta........ Am dul ar bord .............. Am Imeachta de réir AUL...............AUL

6. CINEÁL TREALAIMH IASCAIREACHTA AR BORD 

Trál dobharchú grinnill – OTB

Trál dobharchú meánuisce – OTM

Trál séaclaí – TBS

Peaslíon saighne – PS

Eangacha geolbhaigh ar ancaire (socraithe) – GNS

Spiléir shocraithe – LLS

Trealamh áineasa – RG

Cineál eile (Sonraigh):

7. MOGALLTOMHAIS – I MILLMÉADAIR

7.1 Mogallmhéid dleathach atá le húsáid ………………mm

7.2 Toradh an tomhais ar an meán-mhogallmhéid ………………mm

7.3 Sárú: TÁ ◻ - NÍL ◻ -------- I gcás TÁ, an tagairt dlí:

8. CIGIREACHTAÍ AR GHABHÁLACHA AR BORD

8.1 Toradh na cigireachta ar na héisc ar bord

Speicis

(Cód trí alfa EBT)

Iomlán (Kg)

Cur i láthair

An sampla a ndearnadh cigireacht air

% iasc atá róbheag

8.2 Sárú: TÁ ◻ - NÍL ◻ -------- I gcás TÁ, an tagairt dlí:

9. CIGIREACHT AR DHOICIMÉID AR BORD AGUS AR VMS

9.1 Logleabhar iascaireachta TÁ ◻ - NÍL◻

9.2 Sárú: TÁ ◻ - NÍL ◻ -------- I gcás TÁ, an tagairt dlí:

9.3 Ceadúnas iascaireachta: TÁ ◻ - NÍL◻

9.4 Sárú: TÁ ◻ - NÍL ◻ -------- I gcás TÁ, an tagairt dlí:

9.5 Údarú sonrach: TÁ ◻ - NÍL◻

9.6 Sárú: TÁ ◻ - NÍL ◻ -------- I gcás TÁ, an tagairt dlí:

9.7 VMS: TÁ ◻ - NÍL ◻ --------i bhfeidhm: TÁ ◻ - NÍL◻

9.8 Sárú: TÁ ◻ - NÍL ◻ -------- I gcás TÁ, an tagairt dlí:

10. LIOSTA SÁRUITHE

□ Iascaireacht a dhéanamh gan cheadúnas, cead nó údarú arna eisiúint ag CPC na brataí – tagairt dlí:

□ gan taifid leordhóthanacha a bheith coimeádta ar ghabhálacha agus sonraí a bhaineann le gabhálacha i gcomhréir le ceanglais tuairiscithe CIGM nó míthuairisciú suntasach ar ghabháil agus/nó sonraí a bhaineann le gabhálacha den chineál sin – tagairt dlí:

□ Iascaireacht a dhéanamh i limistéar coiscthe – tagairt dlí:;

□ Iascaireacht a dhéanamh le linn séasúr coiscthe – tagairt dlí:

□ Úsáid Trealaimh thoirmiscthe – tagairt dlí:

□ Marcálacha, céannacht nó clárú soithigh iascaireachta a fhalsú nó a cheilt d'aon ghnó – tagairt dlí:

□ Fianaise maidir le himscrúdú ar shárú a cheilt nó a dhiúscairt nó baint di – tagairt dlí:

□ Iliomad sáruithe ar neamhaird thromchúiseach iad ar bhearta i bhfeidhm de bhun CIGM nuair a chuirtear le chéile iad;

□ Ionsaí, imeaglú, nó ciapadh gnéis a dhéanamh ar chigire údaraithe, nó cur ina aghaidh nó cur isteach air, nó bac nó moill a chur air gan chúis iomchuí;

□ Cur isteach ar an gcóras faireacháin satailíte agus nó oibriú gan córas VMS – tagairt dlí:

11. Liosta na ndoiciméad a chóipeáiltear ar bord

…………………………………………………………………………………………………………………………………………………….. ……………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………..……………………………………………………………………………………………………………… …………………………………………………………………………………………………………………………………………………….

12. Barúlacha agus síniú mháistir an tsoithigh 

…………………………………………………………………………………………………………………………………………………….. ……………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………..……………………………………………………………………………………………………………… …………………………………………………………………………………………………………………………………………………….

Síniú an mháistir: …………………………………………………………………..

13. Barúlacha agus síniú an Chigire/Sínithe na gCigirí 

…………………………………………………………………………………………………………………………………………………….. ……………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………..……………………………………………………………………………………………………………… …………………………………………………………………………………………………………………………………………………….

Síniú an Chigire/sínithe na gCigirí: ………………………………………………………….



IARSCRÍBHINN VII

Tuarascáil maidir le hAmharc CIGM

1. Dáta na namharc: ……/……/…….. Am:…………………AUL

2. Suíomh an tsoithigh a chonacthas: Domhanleithead.............................. – Domhanfhad...............................

3. Cúrsa:..................................... – Luas....................................................................

4. Ainm an tsoithigh a chonacthas:

5. Bratach an tsoithigh a chonacthas:

6. Uimhir/marcáil sheachtrach:

7. Cineál soithigh

◻Soitheach iascaireachta

◻Soitheach iompair

◻Soitheach-reoiteoir

◻Cineál eile (sonraigh)

8. Comhartha Aitheantais Idirnáisiúnta Raidió;

9. Uimhir IMO i gcás inarb iomchuí:

10. Gníomhaíocht/gníomhaíochtaí

◻Iascaireacht

◻Gluaiseacht

◻Imeacht le sruth

◻Trasloingsiú

11. Teagmháil raidió ◻TÁ - ◻NÍL

12. Ainm agus náisiúntacht chaptaen an tsoithigh a chonacthas ..................................................

13. An líon daoine ar bord an tsoithigh a chonacthas....................................................

14. Gabhálacha ar bord an tsoithigh a chonacthas ……………………………………………………………………………………

15. An fhaisnéis arna bailiú ag:

Ainm an chigire:

Páirtí Conarthach:

Uimhir Chárta Aitheantais CIGM:

Ainm an tsoithigh patróil:



 IARSCRÍBHINN VIII

Sonraí atá le cur isteach i liosta na soithí atá ag díriú ar dheargáin

Beidh an fhaisnéis seo a leanas, i dtaca le gach soitheach, san iarratas dá dtagraítear in Airteagal 22i:

Ainm an tsoithigh

Uimhir chláir an tsoithigh (cód arna shannadh ag CPCanna)

Uimhir chlárúcháin CIGM (cód alfa ISO 3 tíre + 9 ndigit e.g.xxx000000001)

Calafort clárúcháin (ainm iomlán an chalafoirt)

An tainm a bhí ann roimhe (más ann dó)

Bratach roimhe seo (más ann di)

Mionsonraí ar scriosadh ó chláir eile (más ann dóibh)

Comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió (más ann dó)

VMS (luaigh Tá/Níl)

Cineál soithigh, fad foriomlán agus olltonnáiste agus/nó olltonnáiste cláraithe agus cumhacht innill arna sloinneadh in kW

Ainm agus seoladh an úinéara (na núinéirí) agus an oibritheora (na noibritheoirí);

an príomhthrealamh/na príomhthrealaimh a úsáidtear chun deargáin a iascach agus leithdháileadh cuid chabhlaigh agus aonad oibríochtúil mar a mhínítear sa Chreat Tagartha um Bailiú Sonraí.

Tréimhse shéasúrach údaraithe maidir le deargáin a iascach"

(1)    Rialachán (AE) Uimh.  1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CIGM (An Coimisiún Iascaigh Ginearálta don Mheánmhuir) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle maidir le bearta bainistíochta do shaothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir (IO L 347, 30.12.2011, lch. 44).
(2)    Rialachán (AE) 2015/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Deireadh Fómhair 2015 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CIGM (An Coimisiún Iascaigh Ginearálta don Mheánmhuir) (IO L 308, 28.11.2015, lch. 1-10)
(3)    Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistíochta i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1626/94 (IO L 409, 30.12.2006, lch. 11).
(4)    Rialachán (CE) Uimh. 26/2004 ón gCoimisiún an 30 Nollaig 2003 maidir le clár cabhlaigh iascaireachta an Chomhphobail (IO L 5, 9.01.2004, lch. 25).
(5)    Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena naisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).
(6)    Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe an Aontais d'fhonn comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena naisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1)
(7)    Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22)
(8)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán Uimh. 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú. (IO L 112, 30.04.2011, lch. 1).
(9)    Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena naisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1)
(10)    Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe an Aontais d'fhonn comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena naisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1)
(11)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán Uimh. 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú. (IO L 112, 30.04.2011, lch. 1)
(12)    Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail d'fhonn comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena naisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).
(13)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán Uimh. 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú. (IO L 112, 30.4.2011, lch. 1).
(14)    Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena naisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).
Top