Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52017SC0203

    DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle

    SWD/2017/0203 final - 2017/085 (COD)

    An Bhruiséil,26.4.2017

    SWD(2017) 203 final

    DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

    ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

    a ghabhann leis an doiciméad

    Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena
    n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle

    {COM(2017) 253 final}
    {SWD(2017) 202 final}


    Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

    Measúnú tionchair a ghabhann leis an doiciméad ‘‘Tús Nua’ chun Tacú leis an gCothromaíocht Oibre is Saoil do Thuismitheoirí agus do Chúramóirí’

    A. An gá atá le beart

    Cén fáth? Cén fhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi?

    Mar a leagtar amach i dTreochlár an tionscnaimh sin 1 , táthar le díriú ar easpa ionadaíochta na mban san fhostaíocht, go háirithe toisc nach roinneann tuismitheoirí nó iad siúd a bhfuil gaolta cleithiúnacha acu na freagrachtaí cúraim agus gairmiúla atá orthu go cothrom. In 2015 b’ionann an bhearna fostaíochta idir fir agus mná (aois 20-64) agus 11.6 pointe céatadáin (pc). Tá sé mar aidhm leis an tionscnamh aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb a bhaineann le heaspa ionadaíochta na mban sa mhargadh saothair trí aghaidh a thabhairt ar cheann de na príomhchúiseanna, is é sin nach roinntear freagrachtaí cúraim go cothrom idir mná agus fir. Tá na bearnaí sa mhargadh saothair idir fir agus mná le sonrú go háirithe i gcás tuismitheoirí agus daoine a bhfuil freagrachtaí cúraim eile orthu. Léiríodh go dtagann méadú suntasach ar an mbearna fostaíochta idir fir agus mná tar éis do dhaoine leanaí a bheith acu. In 2015, ar an meán, bhí ráta fostaíochta na mban a raibh leanbh amháin acu faoi 6 bliana 8.8 pc níos lú ná ráta na mban gan leanaí óga, agus i roinnt tíortha bhí an difríocht sin os cionn 30 pc 2 . Ar an gcaoi chéanna, is mó an seans atá ann go nglacfaidh mná ról an chúramóra neamhfhoirmiúil do ghaolta scothaosta nó cleithiúnacha ná fir 3 . Ar cheann de na príomhchúiseanna atá leis sin tá beartais neamhleora maidir le cothromaíocht oibre is saoil. Tá sé léirithe go ngéaraítear ar dhúshláin fostaíochta na mban de dheasca deiseanna neamhleora saoirí a ghlacadh chun aire a thabhairt do leanaí/do ghaolta cleithiúnacha, de dheasca an leagan amach atá ar an gcóras saoire a chuireann bac ar bheith in ann freagrachtaí cúraim a chomhroinnt ar bhealach níos fearr idir fir agus mná, de dheasca na ndeiseanna teoranta atá ann úsáid a bhaint as socruithe solúbtha oibre, agus de dheasca seirbhísí foirmiúla cúraim neamhleora. Is féidir dídhreasachtaí eacnamaíocha (amhail na dídhreasachtaí do dhara saothraithe a dhéanann difear do mhná den chuid is mó) comhroinnt mhíchothrom freagrachtaí cúraim idir fir agus mná agus an bhearna idir na hinscní san fhostaíocht a neartú tuilleadh.

    Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo?

    Is é cuspóir beartais ginearálta an tionscnaimh seo aghaidh a thabhairt ar easpa ionadaíochta na mban sa mhargadh saothair agus comhionannas a chur chun cinn idir fir agus mná maidir le deiseanna sa mhargadh saothair trí chreat dlíthiúil agus beartais reatha AE a nuachóiriú agus é a chur in oiriúint do mhargadh saothair an lae inniu. Leis sin, is fearr a bheidh tuismitheoirí nó oibrithe a bhfuil gaolta cleithiúnacha acu in ann cothromaíocht a fháil idir freagrachtaí cúraim agus gairmiúla 4 .

    Dá bhrí sin, sainítear cuspóirí sonracha an tionscnaimh seo mar a leanas:

    rochtain ar shocruithe don chothromaíocht oibre is saoil a fheabhsú – amhail saoirí agus socruithe solúbtha oibre

    go nglacfadh fir níos mó saoirí a bhaineann leis an teaghlach agus go mbainfidís leas níos mó as socruithe solúbtha oibre

    Ba cheart a thabhairt ar aire nach gcumhdaítear roinnt gnéithe a bhaineann leis an bhfadhb a bhfuiltear le haghaidh a thabhairt uirthi sa mheasúnú tionchair seo. Maidir le soláthar seirbhísí cúraim foirmiúla agus dídhreasachtaí eacnamaíocha, tá sé sin mar gheall ar inniúlacht theoranta AE sna réimsí sin. I bhfianaise a dtionchair shuntasaigh ar an bhfadhb a bhfuiltear le haghaidh a thabhairt uirthi, d’fhéadfaí bearta a leagan síos sa tionscnamh chun na hiarrachtaí atá ar bun sna réimsí sin faoi láthair a fheabhsú, go háirithe maidir le faireachán ar bheartais na mBallstát i Seimeastar AE agus maidir le húsáid chistiú AE i gcás seirbhísí foirmiúla cúraim.

    Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais? 

    Tá breisluach láidir ag gníomhaíocht AE maidir le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a luaitear sa sainmhíniú ar an bhfadhb.

    Ar an gcéad dul síos, is léir ón staid reatha go nimríonn gníomhaíocht AE tionchar mór ar chreataí dlíthiúla na mBallstát. Sa réimse beartais atá cumhdaithe sa tionscnamh seo, ní thagann reachtaíocht i bhfeidhm i ngach Ballstát go dtí go dtagann reachtaíocht AE i bhfeidhm (i.e. saoire mháithreachais agus saoire do thuismitheoirí). I gcás ina mbíonn teidlíochtaí dlíthiúla ag na Ballstáit, mar thoradh ar éagsúlachtaí idir na Ballstáit maidir le fad agus méid na gcoinníollacha, d’fhéadfadh cearta a bheith ar leibhéal éagothrom, cosaint mhíchothrom a bheith ann do shaoránaigh AE ar fud AE agus éagsúlachtaí a bheith i bhfeidhmiú na margaí saothair. Ar an dara dul síos, léirítear go soiléir sna réamh-mheastacháin atá bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil gur le gníomhaíocht AE amháin a áiritheofar go ndéanfar dul chun cinn leordhóthanach sna Ballstáit ar fad. D’fhéadfadh drogall a bheith ar fhostóirí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide, bearta a dhéanamh astu féin chun cothromaíocht oibre is saoil níos fearr a bhaint amach, i bhfianaise na gcostas gearrthéarmach agus na nualaí riaracháin a d’fhéadfadh teacht as an méid sin 5 . D’fhéadfadh drogall a bheith ar na Ballstáit a leithéid d’fhaillí a cheartú le reachtaíocht sa réimse sin mar d’fhéadfaidís a bheith den tuairim gur baolach go bhfágfaidís a gcuideachtaí féin faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le cuideachtaí ó Bhallstáit eile. Ós rud é go ndéanann gnólachtaí AE céatadán suntasach dá dtrádáil laistigh de AE, d’fhéadfadh bearta ar leibhéal AE an imní sin a mhaolú agus cothrom iomaíochta a bhunú fad a thabharfaí aird ar an ngá atá le hualaí bhreise ar ghnólachtaí, go háirithe FBManna, a sheachaint agus a d’áiritheofaí go rachadh na Ballstáit ar fad sa treo céanna. Ar an tríú dul síos, d’fhéadfadh idirghabháil ar leibhéal AE maolú a dhéanamh ar na treochtaí atá le fáil i roinnt Ballstát i ndáil le laghdú a dhéanamh ar na forálacha maidir le cothromaíocht oibre is saoil. Go deimhin, mar thoradh ar an ngéarchéim a tharla le déanaí, ní hionann na tosaíochtaí beartais i ngach Ballstát, agus tá aird na núdarás náisiúnta dírithe ar shaincheisteanna eile (go háirithe saincheisteanna a cheaptar go mbeidh tairbhe ghearrthéarmach ag baint leo). Ar deireadh, tá gné chothrománach Eorpach shoiléir ag baint leis na saincheisteanna maidir le cothromaíocht oibre is saoil agus easpa ionadaíochta na mban sa mhargadh saothair. Cuireann rannpháirtíocht íseal na mban sa mhargadh saothair bac ar spriocanna AE maidir le comhionannas inscne, bochtanas a chomhrac agus tacú le fostaíocht agus fás.

    B. Réitigh

    Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a breithníodh? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Cén fáth? 

    Breithníodh réimse beart neamhreachtach agus reachtach sna réimsí seo a leanas: saoire mháithreachais, saoire atharthachta, saoire do thuismitheoirí, saoire chúramóirí agus socruithe solúbtha oibre.

    Tar éis measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas gach rogha, sainaithníodh teaglaim de roghanna tosaíochta. Áirítear sa teaglaim tosaíochta:

    Saoire mháithreachais: bearta neamhreachtacha chun feabhas a chur ar fhorfheidhmiú na reachtaíochta atá ann faoi láthair maidir le cosaint ar bhriseadh as post, feasacht a ardú maidir le mná torracha a bheith á mbriseadh as a bpost agus treoir bheartais a thabhairt chun cuidiú le mná aistriú go sásúil ó shaoire mháithreachais ar ais go dtí an fhostaíocht (lena náirítear saoráidí agus sosanna le haghaidh cothú cíche).

    Saoire atharthachta: teidlíocht indibhidiúil 10 lá in aghaidh na bliana a thabhairt isteach, a d’íocfaí ar leibhéal pá breoiteachta ar a laghad.

    Saoire do thuismitheoirí: teidlíocht indibhidiúil neamh-inaistrithe 4 mhí a d’íocfaí ar leibhéal pá breoiteachta ar a laghad le tógáil le haghaidh gach linbh suas le 12 bhliain d’aois; an ceart í a ghlacadh ar bhonn solúbtha (go páirtaimseartha, go hilroinnte).

    Saoire chúramóirí: teidlíocht indibhidiúil 5 lá in aghaidh na bliana, a d’íocfaí ar leibhéal pá breoiteachta ar a laghad.

    Socruithe solúbtha oibre: an ceart a bheith ag tuismitheoirí leanaí suas le 12 bhliain d’aois agus ag cúramóirí solúbthacht a iarraidh ina nuaireanta oibre, ina sceideal oibre nó ina náit oibre ar feadh tréimhse shocraithe ama. Níl aon dualgas ar an bhfostóir an tathrú a iarradh a dheonú.

    Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na bearta is rogha leo 

    Tá sé tugtha le fios ag na ceardchumainn go bhfuil siad ar son reachtaíocht ar leibhéal AE maidir le saoire atharthachta agus saoire chúramóirí; an fad, an pá agus an chosaint ar dhífhostú a mhéadú le haghaidh saoire mháithreachais; ceart a bheith ag fostaí socruithe solúbtha oibre a iarraidh; agus an treoir maidir le saoire do thuismitheoirí a leasú chun síneadh a chur le fad agus neamh-inaistritheacht na saoire agus chun íocaíocht a thabhairt isteach lena haghaidh.

    Níl eagraíochtaí na bhfostóirí i bhfabhar tuilleadh bearta reachtacha ó AE.

    Tá iarrtha ag Parlaimint na hEorpa go gcuirfí síneadh le tréimhse na saoire do thuismitheoirí agus go dtabharfaí pá isteach, agus chomh maith leis sin, go dtabharfaí saoire atharthachta agus saoire chúramóirí isteach.

    Tá iarrtha ag go leor geallsealbhóirí eile freisin go dtabharfadh AE níos mó reachtaíochta isteach agus go ndéanfadh sé níos mó beart neamhreachtach i réimse na cothromaíochta oibre is saoil.

    C. Tionchar na rogha tosaíochta

    Cad iad buntáistí na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad buntáistí na bpríomhroghanna)? 

    Tugtar achoimre anseo thíos ar na buntáistí a mheastar a bhainfeadh leis an teaglaim de roghanna tosaíochta:

    - Daoine aonair: ba cheart go ndéanfadh na forálacha maidir le saoirí agus socruithe solúbtha oibre difear dearfach do chothromaíocht oibre is saoil agus d’fholláine tuismitheoirí agus cúramóirí, do chomhroinnt freagrachtaí cúraim idir mná agus fir, do rannpháirtíocht na mban sa mhargadh saothair agus, mar thoradh orthu freisin, ba cheart go dtiocfadh laghdú ar an mbaol bochtanais do mhná agus leanaí.

    - Cuideachtaí: thiocfadh méadú ar fhostaíocht na mban agus, dá bharr sin, bheadh fostóirí in ann leas a bhaint as spriocghrúpa níos leithne d’oibrithe oilte cumasacha, agus thiocfadh méadú ar an gcothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus, dá bharr sin, thiocfadh méadú ar tháirgiúlacht oibrithe. Mar thoradh ar na forálacha maidir le saoirí agus socruithe solúbtha oibre thiocfadh laghdú ar na costais athsholáthair (laghdú 100 billiún EUR) agus ar na costais neamhláithreachta oibre (sábháil 23 bhilliún EUR) idir 2015 agus 2055 (glanluach láithreach).

    - Rialtais Láir agus Slándáil Shóisialta: thiocfadh laghdú ar íocaíocht sochar dífhostaíochta (+18 mbilliún EUR), ardú ar an ioncam ó cháin (+381 bhilliún EUR) agus laghdú ar chaiteachas cúraim sláinte (laghdú 2 bhilliún EUR) idir 2015 agus 2055 (glanluach láithreach).

    - D’fhéadfadh socruithe cianoibre, mar chuid den fhoráil maidir le socruithe solúbtha oibre, difear dearfach a dhéanamh don chomhshaol.

    - Meastar go ndéanfadh an teaglaim de roghanna difear dearfach do OTI (838.8 billiún EUR i nglanluach láithreach 2015-2055) agus d’fhostaíocht (> 1.5 billiún in 2050), do lucht saothair (>1.4 billiún in 2050) agus d’fhíorioncam (120 billiún EUR in 2050).

    Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)? 

    Tugtar achoimre anseo thíos ar na costais (i nglanluach láithreach) a mheastar a bhainfeadh leis an teaglaim de roghanna tosaíochta le linn na tréimhse 2015-2055:

    - Cuideachtaí: costais choigeartaithe (3 bhilliún EUR), costais riaracháin (109 mbilliún EUR), costais mar thoradh ar íocaíochtaí sochar (27 mbilliún EUR), costais earcaíochta (7 mbilliún EUR) agus costais mar thoradh ar tháirgiúlacht chaillte (144 bhilliún EUR).

    - Rialtais Láir agus Slándáil Shóisialta: tiocfaidh na costais a mheastar go príomha ó íocaíochtaí sochar (14 bhilliún EUR do Rialtais Láir agus 41 bhilliún EUR do chomhpháirtithe Slándála Sóisialta) agus costais riaracháin (1 bhilliún EUR do Rialtais Láir agus 258 mbilliún EUR do chomhpháirtithe Slándála Sóisialta).

    - Níor nochtadh aon tionchar diúltach díreach sa mheasúnú ar dhaoine aonair, ar fhigiúirí maicreacnamaíocha ná ar an gcomhshaol.

    Cén difear a dhéanfar do ghnólachtaí, do FBManna agus do mhicrifhiontair?

    Níl aon díolúintí sonracha do FBManna á mbreithniú. Is ionann costas iomlán na roghanna do mhicreaghnólachtaí agus sciar beag de láimhdeachas iomlán na gcuideachtaí (faoi bhun 1 % den láimhdeachas i bhformhór na dtíortha agus faoi bhun 3 % i ngach tír), agus an-ghar do leibhéal an chostais faoin mbunlíne. Dá bhrí sin, ní dhéanann na roghanna beartais difear díréireach d’fheidhmíocht FBManna.

    An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta? 

    Mar a leagtar amach thuas, beidh níos mó tionchair ag roinnt roghanna ar na buiséid náisiúnta agus ar na húdaráis riaracháin ná mar a bheidh ag roghanna eile. Maidir leis na roghanna tosaíochta i dtaca le saoire atharthachta agus saoire do thuismitheoirí, tá roinnt costas ag baint leo do rialtais láir de dheasca na níocaíochtaí sochar agus na gcostas riaracháin a bhaineann le hiarratais a phróiseáil. Bíodh sin mar atá, beidh tionchar dearfach ag na roghanna sin freisin ar fhostaíocht na mban agus tiocfaidh méadú ar an ioncam ó cháin, ar fhíorioncam agus ar fhíorchaiteachas, agus ar OTI foriomlán. Meastar go mbainfidh rialtais láir tairbhe as na roghanna tosaíochta maidir le saoire chúramóirí agus socruithe solúbtha oibre.

    An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist? 

    Le gach rogha d’éascófaí feidhmiú na gceart a aithnítear in Airteagal 33 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a thagraíonn go sonrach don réiteach idir saol an teaghlaigh agus an saol gairmiúil.

    D. Iarobair

    Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

    Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus meastóireacht ar oibríocht agus ar thionchar na dtograí reachtacha cúig bliana tar éis sprioc-am a dtrasuímh agus cuirfidh sé tuarascáil ar chur chun feidhme i dtoll a chéile.

    Chomh maith leis sin, leanfaidh an Coimisiún de bheith ag déanamh faireacháin ar fhostaíocht na mban agus ar fhorálacha na mBallstát maidir le cothromaíocht oibre is saoil, lena náirítear le linn an tSeimeastair Eorpaigh.

    (1)

    An Coimisiún Eorpach (2015), Treochlár: Tús nua chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhíonn ag teaghlaigh i mbun oibre maidir le cothromaíocht oibre is saoil

    (2)

    Maidir leis na bearnaí idir na hinscní san fhostaíocht, tá bearna 24.7 pc ina measc siúd a bhfuil leanbh amháin acu faoi bhun 6 bliana d’aois, bearna 25.6 pc ina measc siúd a bhfuil beirt leanaí acu (an leanbh is óige faoi bhun 6 bliana d’aois) agus bearna 35.4 pc ina measc siúd a bhfuil triúr leanaí nó níos mó acu.

    (3)

         Féach mar shampla Cúram fadtéarmach i sochaithe atá ag dul in aois ón gCoimisiún Eorpach (2013); agus ó Eurofound (2016): An Bhearna Fostaíochta idir na hInscní: Dúshláin agus Réitigh

    (4)

    Airteagal 153(1)(i) CFAE: “comhionannas idir fir agus mná ar mhargadh an tsaothair agus cóir chomhionann san obair”.

    (5)

    OECD (2007) Babies and Bosses

    Top