EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52017PC0653

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2009/33/AE maidir le feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus tíosach ar fhuinneamh a chur chun cinn

COM/2017/0653 final - 2017/0291 (COD)

An Bhruiséil,8.11.2017

COM(2017) 653 final

2017/0291(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2009/33/AE maidir le feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus tíosach ar fhuinneamh a chur chun cinn

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SWD(2017) 366 final}

{SWD(2017) 367 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

   Forais agus cuspóirí an togra

Caitheann an tAontas a dhúthracht le córas fuinnimh atá inbhuanaithe, iomaíoch, slán agus dícharbónaithe. Ceann de phríomhchuspóirí an chomhbheartais iompair is ea iompar inbhuanaithe a bhaint amach. Tá béim air freisin i dtosaíochtaí polaitiúla an Choimisiúin don tréimhse 2015-2019, go háirithe maidir leis an Aontas Fuinnimh 1 agus Poist, Fás agus Infheistíocht. San aitheasc ar Staid an Aontais Eorpaigh 2017, leagtar amach straitéis nua beartais don tionscal a bhfuil mar aidhm léi ceannaire domhanda i réimse an dícharbónaithe a dhéanamh den Aontas Eorpach 2 .

Tá Straitéis Eorpach an Choimisiúin maidir le Soghluaisteacht Íseal-Astaíochtaí, a glacadh i mí Iúil 2016 3 , mar bhonn taca leis na tosaíochtaí polaitiúla sin. Deimhnítear sa straitéis sin nach mór, chun na gealltanais a chomhlíonadh a thug an tAontas Eorpach ag an 21ú Comhdháil de na Páirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide a reáchtáladh i bPáras sa bhliain 2015, nach mór dlús a chur le dícharbónú na hearnála iompair agus gur cheart astaíochtaí gás ceaptha teasa agus astaíochtaí truailleán a bheith ag dul go dearfa i dtreo astaíochtaí nialasacha faoi lár na haoise.

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Europe on the Move: an agenda for a socially fair transition towards clean, competitive and connected mobility for all’ 4 [An Eoraip ag Bogadh: clár oibre le haghaidh ascnamh atá cothrom go sóisialta i dtreo na soghluaisteacha glaine iomaíche nasctha do chách]luaitear go bhfuil tairbhí iomadúla ag baint le méadú ar tháirgeadh agus ar ghlacadh feithiclí glana, le bonneagar breoslaí malartacha agus le seirbhísí córais nua-aimseartha a bhaineann úsáid as an ngeilleagar sonraí san Aontas Eorpach: bainfidh saoránaigh na hEorpa tairbhe as córacha iompair atá sábháilte, tarraingteach, cliste agus comhleanúnach agus a bheidh ag éirí níos uathoibrithe, rud a chuirfidh foinsí nua fáis agus iomaíochais ar fáil do thionscail.

Úsáideann thart ar 95 % de na feithiclí ar bhóithre na hEorpa breoslaí iontaise go fóill. Deirtear go soiléir sa Straitéis Eorpach maidir le Soghluaisteacht Íseal-Astaíochtaí gur gá úsáid feithiclí astaíochtaí ísle agus feithiclí astaíochtaí nialasacha a mhéadú go mór amach anseo má tá an tAontas Eorpach chun a ghealltanais maidir le laghdú astaíochtaí a chomhlíonadh. Tugtar le fios sa straitéis a ábhartha atá an soláthar poiblí ina leith sin. Luaitear inti: "chun tacú leis an éileamh, tá an Coimisiún ag obair […] ar dhreasachtaí sna rialacha soláthair phoiblí, i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an Treoir maidir le Feithiclí Glana." 5

Faoi mar a fógraíodh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal "Europe on the Move: an agenda for a socially fair transition towards clean, competitive and connected mobility for all" 6 [An Eoraip ag Bogadh: clár oibre le haghaidh ascnamh atá cothrom go sóisialta i dtreo na soghluaisteacha glaine iomaíche nasctha do chách], cuid é an togra seo den dara pacáiste tograí, ar tograí iad lena gcuirfear le hiarrachtaí an Aontais soghluaisteacht íseal-astaíochtaí a bhaint amach. Cuirtear an pacáiste sin i láthair sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal "Delivering on the European Strategy for low-emission mobility - A European Union that protects the planet, empowers its consumers, and defends its industry and workers" [Soghluaisteacht Íseal-Astaíochtaí a bhaint amach - Aontas Eorpach a chaomhnaíonn an pláinéad, a thugann cumhachta don tomhaltóir agus cosaint dá thionscal agus dá oibrithe]. Áirítear ann meascán de bhearta atá dírithe ar an soláthar agus bearta atá dírithe ar an éileamh chun an tAontas Eorpach a chur ar an mbealach i dtreo soghluaisteacht íseal-astaíochtaí agus chun iomaíochas éiceachóras soghluaisteachta an Aontais a neartú ag an am céanna 7 .

Comhlánaítear reachtaíocht chothrománach soláthair phoiblí an Aontais le Treoir 2009/33/CE maidir le feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus tíosach ar fhuinneamh a chur chun cinn, ar Treoir í ar a dtugtar an Treoir maidir le Feithiclí Glana (nó an Treoir) 8 . Trí cheanglas éigeantach a leagan síos go gcuirfear tionchar fuinnimh agus comhshaoil na saolré oibríochtúla san áireamh i soláthar poiblí na bhfeithiclí iompair de bhóthar, is é aidhm na Treorach an margadh d’fheithiclí atá glan agus tíosach ar fhuinneamh a spreagadh, rannchuidiú le hastaíochtaí CO2 agus astaíochtaí truailleán aeir a laghdú, agus éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú.

Léiríodh i meastóireacht ex post a rinneadh sa bhliain 2015 go bhfuil easnaimh tromchúiseacha sa Treoir. Ar an meán, níl an soláthar poiblí á úsáid ar bhealach sách éifeachtach ag comhlachtaí poiblí chun cabhrú chun dlús a chur le glacadh feithiclí glana sa mhargadh 9 . Sainaithníodh sa mheastóireacht roinnt easnaimh i gceapadh na Treorach, lena n-áirítear raon feidhme neamhleor agus easpa soiléireachta. Tá na forálacha maidir le ceannach feithiclí doiléir (sonraíochtaí teicniúla) nó ta siad róchasta (luach airgid a chur ar éifeachtaí seachtracha).

Is é cuspóir ginearálta an tionscnaimh seo glacadh feithiclí glana sa mhargadh, i.e. feithiclí astaíochtaí ísle agus feithiclí astaíochtaí nialasacha, a mhéadú i ndáil leis an soláthar poiblí agus, ar an mbealach sin, rannchuidiú le hastaíochtaí foriomlána an iompair a laghdú agus leis an iomaíochas agus fás a chothú san earnáil iompair. Tá an soláthar poiblí fós ábhartha mar spreagadh ar thaobh an éilimh, lena n-áirítear i réimse na bhfeithiclí iompair tromshaothair nach bhfuil aon cheanglas reachtach ann go fóill chun astaíochtaí CO2 a laghdú, cé go bhfuil reachtaíocht den sórt sin á hullmhú. Cabhraíonn sé le móiminteam margaidh a chothú a thuilleadh sna margaí carranna agus veaineanna sna Ballstáit sin inar beag an glacadh feithiclí glana – sa bhliain 2017, b’fheithiclí ceallra-leictreacha a bhí i níos lú ná 1 % de na carranna nua a cláraíodh i 16 Bhallstát agus i níos lú ná 0.5 % de na carranna nua a cláraíodh i 10 mBallstát. Lena chois sin, spreagann sé glacadh feithiclí glana sa sciar den mhargadh ar feithiclí tromshaothair é.

Áirithítear leis an athbhreithniú go gcumhdófar leis an Treoir gach ceann de na cleachtais ábhartha soláthair, go soláthrófar léi comharthaí soiléire fadtéarmacha margaidh agus go mbeidh na forálacha níos simplí agus éifeachtach. Is é an aidhm atá leis cur leis an méid atá á dhéanamh ag an earnáil iompair chun astaíochtaí CO2 agus astaíochtaí truailleán aeir a laghdú agus leis an iomaíochas agus fás a chothú. Tacaíonn sé le feabhas a chur ar ailíniú na mbeartas soláthair phoiblí sna Ballstáit agus, ar an mbealach sin, le tionchar na mbeartas sin ar an margadh a mhéadú.

Leathnaítear raon feidhme na Treorach leis an athbhreithniú. Leagann sé síos sainmhíniú ar fheithiclí glana saothair éadroim atá bunaithe ar thairseach chomhcheangailte d’astaíochtaí CO2 agus astaíochtaí truailleán aeir. Lena chois sin, tabharfaidh an t-athbhreithniú isteach an deis gníomh tarmligthe a ghlacadh faoin Treoir seo chun an cur chuige céanna a ghlacadh i leith feithiclí tromshaothair tráth a mbeidh caighdeáin astaíochtaí CO2 d’fheithiclí tromshaothair arna nglacadh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh amach anseo. Leagtar síos sa Treoir spriocanna íosta soláthair ar leibhéal na mBallstát atá i gcomhréir leis an sainmhíniú agus i gcás feithiclí tromshaothair, beidh na spriocanna sin bunaithe ar bhreoslaí malartacha go dtí go nglacfar an gníomh tarmligthe. Ar deireadh, is amhlaidh leis an Treoir go dtugtar creat tuairiscithe agus faireacháin isteach agus go gcuirtear deireadh leis an modheolaíocht um airgead a shaothrú as éifeachtaí seachtracha.

   Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Leagtar síos i ndlí an Aontais Eorpaigh rialacha íosta comhchuibhithe soláthair phoiblí trí Threoir 2014/24/AE agus trí Threoir 2014/25/AE. Tá na tairseacha íosta sin ina gcoinníollacha maidir le hinfheidhmeacht na bhforálacha faoin Treoir maidir le Feithiclí Glana. Tá forálacha an athbhreithnithe seo comhsheasmhach leis an gCairt um Chearta Bunúsacha 10 , go háirithe mar go nglactar cur chuige neamh-idirdhealaitheach ann i leith údaráis chonarthacha aonair, eintitis chonarthacha agus oibreoirí ábhartha. Tá siad ag teacht go hiomlán leis na príomhchuspóirí atá le tionscnaimh reachtacha agus neamhreachtacha eile a bhfuil sé mar aidhm leo astaíochtaí gás ceaptha teasa agus astaíochtaí truailleán aeir a laghdú agus úsáid feithiclí glana, feithiclí astaíochtaí ísle agus feithiclí astaíochtaí nialasacha a chothú. Tá cuspóirí an tionscnaimh seo, agus na bearta a bheartaítear ann, comhsheasmhach leis an Rialachán a bheartaítear le haghaidh caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO2 tar éis na bliana 2020 11 . Comhlánú é an t-athbhreithniú ar an gcur chuige brú agus tarraingthe i leith an mhargaidh arna chur i bhfeidhm leis na luamháin beartais atá le fáil ar leibhéal an Aontais Eorpaigh trí spreagadh breise ar thaobh an éilimh a chruthú d’fheithiclí glana. Ar an mbealach sin, cuidiú é an t-athbhreithniú le caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO2 a chur chun feidhme do charranna agus veaineanna tar éis na bliana 2020, mar aon leis an reachtaíocht um cháilíocht an aeir atá i bhfeidhm san Aontas Eorpach faoi láthair.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

   Bunús dlí

Tá an Treoir bunaithe ar Airteagal 192 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Le glacadh Threoir 2009/33/CE, leag na comhreachtóirí Eorpacha béim ar a thábhachtaí atá an soláthar poiblí do na cuspóirí fadtéarmacha comhshaoil, aeráide agus fuinnimh atá ag an Aontas Eorpach agus do chuspóirí fáis agus iomaíochais a ghnóthú. Is ionann an bunús dlí a úsáideadh don Treoir agus é sin a úsáideadh do ghlacadh Threoir 2014/24/AE agus Threoir 2014/25/AE.

   Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Is ag na Ballstáit agus ag an Aontas Eorpach atá comhinniúlachtaí sa dlí iompair, comhshaoil agus soláthair. Is inniúlacht de chuid an Aontais Eorpaigh amháin é rialacha soláthair a chomhchuibhiú ar bhonn earnála sa Mhargadh Inmheánach, áfach. Ní fhéadfadh na Ballstáit amháin dul i ngleic le fadhbanna a bhaineann leis an Treoir mar atá faoi láthair toisc nach bhfuil aon dlínse acu taobh amuigh dá dteorainneacha náisiúnta féin.

Léirítear sa mheasúnú tionchair go ndéantar, leis an ngníomhaíocht faoin tionscnamh seo, an idirghabháil ón Aontas Eorpach a theorannú do chreat coiteann beartais a sholáthar lena ngabhann ceanglais íosta le haghaidh soláthar feithiclí glana, ach go dtugtar solúbthacht do na Ballstáit ag an am céanna i ndáil lena chur chun feidhme, lena n-áirítear an rogha teicneolaíochta. Ní dhéanann na bearta atá beartaithe aon difear don inniúlacht atá ag na Ballstáit an soláthar iompair (phoiblí) a eagrú ná ní chuireann siad aon srian le cumas na mBallstát an teicneolaíocht is oiriúnaí dóibh féin a roghnú.

Is údar le gníomhaíocht ar gach leibhéal rialachais é an mórthionchar a d'fhéadfadh a bheith ag an athrú aeráide; glactar leis sin mar bhonn don cheapadh beartas ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Cé gur fadhb uirbeach áitiúil é truailliú aeir den chuid is mó, glactar leis freisin gur féidir dul i ngleic leis ar bhealach níos éifeachtaí i gcás inar féidir le húdaráis leas a bhaint as na teicneolaíochtaí glana is fearr atá ar fáil, rud atá níos éasca a bhuí le cómhargadh a bheith ann. Tá comhar agus gníomhaíocht ar gach leibhéal rialachais inchostanta i bhfianaise dhíobháil an truaillithe aeir.

   Comhréireacht

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ní théann an togra seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí arna leagan síos a ghnóthú. Meastar gach beart a bheith comhréireach i ndáil leis an tionchar a bheidh acu. Comhlánaíonn siad luamháin bheartais eile amhail na caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO2 do charranna agus veaineanna agus tacaíonn siad le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh um cháilíocht an aeir a chur chun feidhme freisin. Cuidiú é an tionscnamh seo le cur chuige níos soiléire agus níos comhordaithe a áirithiú. Ní chuireann na bearta srian leis an deis chun an teicneolaíocht is ábhartha a roghnú, ach oiread. Ina ionad sin, cuidiú is ea iad, trí leas a bhaint as cur chuige an sciar íosta, leis an dlús is gá a chur leis an ascnamh i dtreo soghluaisteacht astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha.

Cuireann an tionscnamh seo ar a gcumas do na húdaráis gach beart a theastaíonn a ghlacadh laistigh de thréimhsí sonraithe ama chun úsáid feithiclí glana a éascú ar mhaithe le cuspóirí beartais Eorpaigh, náisiúnta agus áitiúil a ghnóthú. Ceadaítear faoin tionscnamh freisin idirghníomhaíocht sholúbtha idir comhlachtaí poiblí náisiúnta, áitiúla agus réigiúnacha i gcomhthéacs na mórspriocanna íosta foriomlána soláthair arna leagan síos ar leibhéal náisiúnta. Léiríodh sa mheasúnú tionchair chríochaigh ar an togra gur dearfach den chuid is mó a bheadh éifeachtaí an togra agus go mbeidís dáilte go measartha cothrom ar fud an Aontais Eorpaigh.

   An rogha ionstraime

Toisc go leasaítear Treoir atá ann cheana leis an togra seo, is é Treoir leasaitheach an ionstraim is cuí. Bhí formhór na bpáirtithe leasmhara a ghlac páirt sa chomhairliúchán poiblí i bhfách leis an seasamh sin agus, beag beann ar easnaimh na reachtaíochta reatha, dhiúltaigh siad don rogha aisghairme agus don rogha a bhí ann chun an Treoir a iompú ina Rialachán. Luadh nach dtabharfadh Rialachán an tsolúbthacht a theastódh chun aghaidh a thabhairt ar dhifríochtaí réigiúnacha agus áitiúla.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHT EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNÚ TIONCHAIR

   Meastóireacht ex post ar an reachtaíocht atá ann cheana

Thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht ex post nár spreag an Treoir soláthar poiblí ar fheithiclí atá glan agus tíosach ar fhuinneamh. Is beag difear a rinne an soláthar poiblí do ghlacadh feithiclí glana sa mhargadh san Aontas Eorpach trí chéile agus, dá bhrí sin, is beag tionchar a bhí aige ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ar astaíochtaí truailleán aeir a laghdú, ach oiread. Ní raibh aon tionchar inbhraite aige ar iomaíochas ná fás na hearnála ach oiread.

Luadh sa mheastóireacht gurb iad seo a leanas na príomhchúiseanna le heaspa tionchair na Treorach:

·An raon teoranta conarthaí a chumhdaítear leis an Treoir: de thoradh na bhforálacha teoranta maidir lena raon feidhme, ní chumhdaítear leis an Treoir aon chleachtais seachas an ceannach díreach ag comhlachtaí poiblí. Mar shampla, ní thugtar aghaidh leis an Treoir ar fheithiclí a ghlacadh ar cíos, a léasú ná a fhruilcheannach. Ina theannta sin, ní chumhdaítear léi conarthaí seirbhíse iompair seachas iad sin a bhaineann le hiompar paisinéirí poiblí.

·An easpa forálacha soiléire maidir le ceannach feithiclí: ní thugtar sainmhíniú soiléir ar fheithiclí glana sa Treoir, ná níl aon fhorálacha soiléire inti ach oiread maidir le ceannach feithiclí den sórt sin.

·An fhoráil chasta maidir le húsáid a bhaint as an modheolaíocht curtha luacha airgid: luadh sa mheastóireacht gurb annamh a bhaineann comhlachtaí poiblí úsáid as an modheolaíocht sin mar gheall ar a chasta atá sí.

·An easpa ailínithe idir beartais soláthair phoiblí na mBallstát: luaitear in aithris 15 den Treoir maidir le Feithiclí Glana gur féidir le "soláthar feithiclí do sheirbhísí iompair phoiblí tionchar suntasach a imirt ar an margadh, i gcás ina gcuirtear critéir chomhchuibhithe i bhfeidhm ar leibhéal an Chomhphobail". Níl critéir chomhchuibhithe den sórt sin i bhfeidhm go fóill.

Thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht ex post gur cheart an Treoir a choinneáil. Tá ag an soláthar poiblí an acmhainneacht chun cabhrú le glacadh feithiclí glana sa mhargadh a mhéadú agus chun rannchuidiú leis na barainneachtaí scála a bhaint amach a dtiocfaidh laghdú ar chostais táirgthe agus ar phraghsanna mar thoradh orthu. Ba cheart go gcabhródh sé sin leis an éileamh príobháideach ar fheithiclí glana a spreagadh ina dhiaidh sin: is féidir le hinfheictheacht mhéadaithe muinín tomhaltóirí a mhéadú. Ní chuirfeadh aisghairm na Treorach an teachtaireacht cheart beartais in iúl i gcomhthéacs ascnamh an Aontais Eorpaigh chuig iompar íseal-astaíochtaí. Is doilí a bheadh sé ag údaráis chonarthacha agus ag eintitis chonarthacha a léiriú go raibh údar leis an gceannachán toisc nach leagtar na ceanglais shonracha sin síos sa dlí cothrománach soláthair phoiblí. Níl aon bhearta malartacha beartais ar fáil faoi láthair ach oiread chun an margadh d’fheithiclí tromshaothair níos glaine a spreagadh.

Moladh sa mheastóireacht ex post sraith leasuithe ar an Treoir, lena n-áirítear raon feidhme na Treorach a leathnú agus na forálacha do cheannach feithiclí a athrú chun go n-áireofaí leo sainmhíniú ar fheithiclí glana agus ceanglais ghaolmhara ghníomhaíochta. Luadh inti freisin gur gá feabhas a chur ar leibhéal agus cáilíocht na faisnéise agus na sonraí atá ar fáil chun tacú le faireachán amach anseo ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht na Treorach.

   Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Mar chuid den mheasúnú tionchair, chuathas i gcomhairle le páirtithe leasmhara ar na bealaí seo a leanas:

·comhairliúchán poiblí oscailte, a bhí ar siúl ón 19 Nollaig 2016 go dtí an 24 Márta 2017: deimhníodh lena linn gur ghá an Treoir a athbhreithniú; bhí formhór na bpáirtithe leasmhara i bhfách le raon feidhme na Treorach a leathnú agus le sainiú agus ceanglais íosta ghaolmhara ghníomhaíochta a thabhairt isteach;

·agallaimh le páirtithe leasmhara, a rinneadh idir mí na Nollag 2016 agus mí an Mhárta 2017; luaigh siad go háirithe go raibh gá le solúbthacht i ndáil le cur chun feidhme na Treorach;

·cruinniú poiblí ar an gcomhairliúchán poiblí, a reáchtáladh le páirtithe leasmhara an 28 Aibreán 2017, ar lena linn a pléadh riachtanais agus tairbhí coibhneasta na gcineálacha cur chuige i leith raon feidhme na Treorach a leathnú, sainiú a leagan síos agus riachtanais ghaolmhara soláthair;

·cruinnithe le hionadaithe na mBallstát, a reáchtáladh an 8 Feabhra, an 5 Aibreán agus an 28 Aibreán 2017, ar leagadh béim lena linn ar a ábhartha atá comhsheasmhacht beartais agus ar na tairbhí a bhaineann le cur chuige atá bunaithe ar astaíochtaí a ghlacadh i leith feithiclí glana a shainiú.

   Bailiú agus úsáid saineolais

Ba leis an meastóireacht ex post ar an Treoir a tosaíodh ar an tuarascáil ar an measúnú tionchair a dhréachtú 12 . Ba sna gníomhaíochtaí comhairliúcháin le páirtithe leasmhara a sholáthair na páirtithe leasmhara an chuid is mó den fhaisnéis ar baineadh úsáid aisti. Baineadh úsáid as faisnéis a sholáthair páirtithe leasmhara don Choimisiún ar bhonn ad hoc chun an fhaisnéis sin a chomhlánú.

Foinse eile faisnéise ba ea an obair a rinne grúpa saineolaithe faoi chuimsiú an Fhoghrúpa um Breoslaí Malartacha i gCathracha den Fhóram Iompair Inbhuanaithe, atá faoi stiúir Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair. Baineadh úsáid freisin as faisnéis a fuarthas don athbhreithniú ar na Critéir maidir leis an Soláthar Poiblí Glas a cheap an Coimisiún. Bhí an measúnú tionchair ag brath go suntasach ar staidéar gaolmhar a rinne Ricardo AEA 13 . Baineadh úsáid as cuid mhór foinsí chun an tuarascáil ar an measúnú tionchair a dhréachtú, bhí na foinsí sin uileghabhálach go maith agus ionadaíoch go maith do na grúpaí éagsúla páirtithe leasmhara.

Chomh maith leis sin, d’eagraigh an Coimisiún cruinniú an 11 Bealtaine 2017 le saineolaithe ó chathracha difriúla agus ó réigiúin dhifriúla ar an measúnú tionchair chríochaigh ar an togra reachtach seo.

   Measúnú tionchair

Cuireadh an measúnú tionchair faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála sa Choimisiún an 26 Iúil 2017. D’eisigh an Bord tuairim dhearfach maille le hagúis an 13 Meán Fómhair 2017; mheas sé gur cheart míniú iomlán a thabhairt sa tuarascáil deiridh ar an mbreisluach a bheadh ag gabháil leis an tionscnamh i gcomparáid le tionscnaimh eile lena dtéitear i bhfeidhm ar astaíochtaí iompair de bhóthar, mar aon leis an mbreisluach a bheadh ag gabháil leis an tionscnamh maidir leis an nglacadh feithiclí a mhéadú. Luadh sa tuairim gur ghá míniú níos soiléire a thabhairt sa tuarascáil ar an réasúnaíocht taobh thiar den athrú ar an rialachas de réir na Treorach i ndáil le prionsabal na neodrachta teicneolaíche agus gur ghá tuairisc níos mionsonraithe a thabhairt ar cheapadh na roghanna beartais. Ina theannta sin, luadh sa tuairim gur cheart glantairbhí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha na roghanna beartais a shoiléiriú a thuilleadh agus gur cheart míniú níos mine a thabhairt ar chur chun feidhme an chur chuige agus ar na himpleachtaí a bheidh aige don chlár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT).

I gcodanna 1.2, 3.3, 3.4 agus 4.3 den tuarascáil deiridh ar an measúnú tionchair, tá tuairisc agus measúnú cuimsitheach ar an mbreisluach atá ag gabháil leis an tionscnamh agus ar na naisc atá aige le tionscnaimh eile bheartais. I gcuid 2.1, tá tuairisc, i dtéarmaí cáilíochtúla, ar na torthaí iarmhartacha a bheidh ann ar chinntí ceannaigh phríobháidigh. Tugadh tuairisc mhionsonraithe ar na roghanna beartais i gcuid 5, lena gcuirtear leis an tuairisc a tugadh i gcuid 4 ar an bpróiseas a bhaineann le gach beart féideartha a réamhscagadh. Áirítear léi an réasúnaíocht le deireadh a chur leis an gcur chuige maidir le hinmheánú costas seachtrach, go háirithe mar gheall ar an úsáid theoranta a bhaintear as an gcur chuige sin sa chleachtas. Cuirtear anailís chuimsitheach ar thionchar na roghanna uile i láthair i gcuid 6, áit a ndéantar anailís, a mhéid is féidir, ar chomhbhabhtálacha. Áirítear leis an measúnú tionchair freisin faisnéis faoina íogaire atá an cás bonnlíne i gcomparáid le tionscnaimh eile bheartais. Is féidir an achoimre feidhmiúcháin ar an measúnú tionchair agus an tuairim ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála a fháil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin 14 .

Roghanna beartais

Rogha 1: An Treoir a aisghairm

Aisghairtear an Treoir leis an rogha bheartais seo. Is trí ionstraimí neamhreachtacha difriúla a thabharfaí aghaidh ar chuspóirí sonracha na Treorach, lena n-áirítear feasacht a mhúscailt agus úsáid na gcritéar deonach maidir leis an soláthar poiblí glas ar bhunaigh an Coimisiún Eorpach iad a chur chun cinn. D’fhéadfaí athbhreithniú a dhéanamh ar threoirlínte airgeadais reatha an Aontais Eorpaigh chun dul i dtreo feithiclí astaíochtaí ísle agus feithiclí astaíochtaí nialasacha 15 . Spreagfaí gníomhaíocht dheonach ag gníomhaithe margaidh.

Rogha 2: Sainmhíniú ar fheithiclí glana a thabhairt agus ceanglas a chur ar na Ballstáit pleananna náisiúnta beartais a bhunú nó úsáid a bhaint as an modheolaíocht um shaothrú airgid

Beartaítear roinnt athruithe measartha leis an rogha bheartais seo. Cé nach n-athraítear raon feidhme na Treorach, ceanglaítear ar na Ballstáit ceann amháin de dhá chur chuige phríomha a roghnú:

·úsáid a bhaint as sainmhíniú coiteann ar fheithiclí glana ar bhonn na n-astaíochtaí sceithphíopa a shainítear sa Treoir leasaithe agus, bunaithe ar an sainiú sin, creat náisiúnta beartais a fhorbairt ar mhaithe le sprioc fhadtéarmach a bhaint amach; nó

·ceanglas a chur ar gach comhlacht poiblí feithiclí a cheannach bunaithe ar na costais inmheánacha agus sheachtracha a bhaineann leo nuair a chuirtear luach airgid ar na costais sin, agus bheadh ceanglas éigeantach orthu úsáid a bhaint as an modheolaíocht curtha luacha airgid athbhreithnithe a chuimsítear faoin Treoir.

Rogha 3: Feithiclí glana a shainiú abunaithe ar thairseacha astaíochtaí agus spriocanna íosta soláthair a bhunú d’fheithiclí saothair éadroim, agus raon feidhme na Treorach mhéadú ag an am céanna

Déantar athbhreithniú cuimsitheach ar an Treoir leis an rogha bheartais seo. Mar thoradh air sin, cuirtear lena uaillmhianaí atá an Treoir agus athraítear an cur chuige príomha rialachais a ghlactar inti. Déantar na nithe seo a leanas go háirithe leis an rogha seo:

·tugtar sainmhíniú coiteann ar fheithiclí glana isteach bunaithe ar thairseach atá bunaithe ar astaíochtaí (ón tanc go dtí an roth) d’fheithiclí saothair éadroim, ar tairseach í a chuimseoidh astaíochtaí CO2 agus astaíochtaí truailleán aeir araon;

·leagtar sprioc íosta soláthair ar chomhlachtaí poiblí, rud a shaineofar ar leibhéal na mBallstát d’fheithiclí saothair éadroim agus a bheidh ag teacht leis na tairseacha arna leagan síos faoi dhlí soláthair an Aontais Eorpaigh do na blianta 2025 agus 2030 16 ;

·tugtar bearta isteach chun raon feidhme na Treorach a leathnú; agus

·cuirtear deireadh leis an modheolaíocht curtha luacha airgid.

Rogha 4: Sainiú bunaithe ar bhreoslaí malartacha agus spriocanna íosta gaolmhara soláthair a leagan síos do gach cineál feithicle, agus raon feidhme na Treorach a mhéadú ag an am céanna

Cé gurb ionann den chuid is mó an cur chuige ginearálta maidir leis an Treoir a athbhreithniú faoin rogha bheartais seo agus faoi rogha bheartais 3, tá roinnt difríochtaí eatarthu. Déantar na nithe seo a leanas leis an rogha seo:

·tugtar sainmhíniú coiteann ar fheithiclí glana isteach bunaithe ar bhreoslaí malartacha d’fheithiclí saothair éadroim agus feithiclí tromshaothair ar feithiclí hibride inluchtaithe, ceallra-leictreacha, breosla-chille leictreacha agus gáis nádúrtha/bhithmheatáin iad;

·leagtar sprioc íosta soláthair ar chomhlachtaí poiblí, rud a shaineofar ar leibhéal na mBallstát d’fheithiclí saothair éadroim agus feithiclí tromshaothair agus a bheidh ag teacht leis an sainmhíniú agus leis na tairseacha arna leagan síos faoi dhlí soláthair an Aontais Eorpaigh do na blianta 2025 agus 2030;

·tugtar bearta isteach chun raon feidhme na Treorach a leathnú; agus

·cuirtear deireadh leis an modheolaíocht curtha luacha airgid.

Rogha 5: Rialachán a ghlacadh chun an t-aon chur chuige amháin i leith bonn eolais a chur faoin soláthar feithiclí a dhéanamh den mhodheolaíocht curtha luacha airgid, agus raon feidhme na Treorach á mhéadú ag an am céanna

Athraítear an creat rialachais um an soláthar feithiclí glana ó bhonn leis an rogha bheartais seo. Leis an rogha seo, déantar Rialachán maidir le feithiclí glana a chur chun cinn a chur in ionad na Treorach reatha agus forordaítear go gceannófaí feithiclí bunaithe ar na cineálacha tionchair fuinnimh agus chomhshaoil a bheidh acu, ar cineálacha tionchair iad ar cheart luach airgid a chur orthu i gcomhréir leis an modheolaíocht curtha luacha airgid athbhreithnithe. Méadaítear raon feidhme na Treorach leis an rogha seo freisin.

Rogha 6: Sainiú feithiclí glana bunaithe ar thairseacha astaíochtaí, sprioc íosta soláthair a leagan síos d’fheithiclí saothair éadroim agus an sainiú sin agus sainiú atá bunaithe ar bhreoslaí malartacha a chomhcheangal, agus spriocanna íosta soláthair a leagan síos d’fheithiclí tromshaothair

Comhcheanglaítear leis an rogha seo eilimintí de roghanna beartais 3 agus 4. Aithnítear an buntáiste a bhaineann le cur chuige atá bunaithe ar astaíochtaí a ghlacadh chun feithicil ghlan a shainiú. Is d’fheithiclí saothair éadroim a úsáidtear an cur chuige a luaitear i rogha 3. I gcás feithiclí tromshaothair, is é an cur chuige a luaitear i rogha 4 an cur chuige a úsáidtear agus cumasaíonn an rogha seo an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh chun an cur chuige sin a athrú ina chur chuige atá bunaithe ar astaíochtaí a luaithe a ghlacfar caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO2 d’fheithiclí tromshaothair ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.

Roghnaíodh rogha 6 mar rogha bheartais thosaíochta le haghaidh an Treoir a athbhreithniú. Feabhsaítear léi comhsheasmhacht le húsáid na gcaighdeán feidhmíochta astaíochtaí CO2 do charranna agus veaineanna ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Baineann an dá thionscnamh leis an aon chineál feithicle amháin trí mheascán de luamháin bhrú agus tarraingthe a úsáid i leith an mhargaidh. Áirithítear le rogha 6 go mbeifear in ann an Treoir a oiriúnú ina cur chuige atá bunaithe ar astaíochtaí agus an cur chuige sin a chur i bhfeidhm i réimse na bhfeithiclí iompair tromshaothair amach anseo. Ráthaítear léi freisin go mbeidh tionchar láithreach ag an Treoir ar ghlacadh an mhargaidh le feithiclí iompair tromshaothair. Ar deireadh, leagtar bealach soiléir chun tosaigh síos léi, le cinnteacht fhadtéarmach do ghníomhaithe margaidh agus solúbthacht agus lánrogha i ndáil le cur chun feidhme na Treorach.

   Oiriúnacht rialála agus simpliú

Bainfear oiriúnacht rialála agus simpliú na Treorach maidir le Feithiclí Glana amach má leagtar sainmhíniú soiléir síos, má bhunaítear spriocanna íosta gaolmhara soláthair agus má chuirtear deireadh le castacht namodheolaíochta curtha luacha airgid. Má leantar ar aghaidh le cur chuige reatha na Treorach, déanfar comhbhabhtáil idir feithiclí glana (agus forálacha gaolmhara ceannaigh) a shainiú ar bhealach níos fearr agus feabhas a chur ar an modheolaíocht curtha luacha airgid agus cuirfidh siad sin bac ar an gcuspóir atá ann comharthaí margaidh níos láidre agus nósanna imeachtaí soláthair níos éifeachtaí a chruthú. Má chuirtear an rogha thosaíochta chun feidhme, is dóigh go dtiocfaidh méadú ar an ualach riaracháin ar dtús mar gheall ar an ngá a bheidh ann le spriocanna a chur chun feidhme agus tuairisc a thabhairt orthu. Is lú tábhacht a bhaineann leis an dá rud sin ná na tairbhí socheacnamaíocha foriomlána a bhainfear amach agus na gnóthachain simpliúcháin a thiocfaidh chun cinn san fhadtéarma mar gheall ar na forálacha soiléire a bheidh i bhfeidhm. Cruthaíonn cur chun feidhme na Treorach sna Ballstáit an fhéidearthacht go gcomhcheanglófaí tionscnaimh áitiúla sholáthair agus tionscnaimh réigiúnacha sholáthair de réir acmhainn agus aibíocht an mhargaidh. Beifear in ann tacú le tuairisciú agus faireachán agus iad a shimpliú trí úsáid éifeachtach a bhaint as cóid chríochnaithe an stóir focal choitinn don soláthar (CPV) agus as na cláruithe sa bhunachar sonraí Tenders Electronic Daily. Léirítear sa tuarascáil ar an measúnú tionchair go méadóidh tairbhí an tsimplithe le himeacht ama de réir mar a chuirtear an Treoir chun feidhme.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleachtaí ag an togra do bhuiséad an Aontais Eorpaigh.

5.EILIMINTÍ EILE

   Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Tugtar aghaidh leis an togra seo ar an easpa oibleagáidí tuairiscithe atá ann faoi láthair. Ceanglófar ar na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar chur chun feidhme na Treorach gach trí bliana. Foilseoidh siad tuarascáil idirmheánach sa bhliain 2023 ar dtús agus tosóidh siad ag tabhairt tuairisc iomlán sa bhliain 2026 ar chur chun feidhme na sprice don bhliain 2025. Ba cheart cóid choiteanna d’fheithiclí astaíochtaí ísle agus feithiclí astaíochtaí nialasacha a thabhairt isteach i stór focal coiteann an Aontais Eorpaigh don soláthar ar mhaithe le fógairt éasca a chumasú sa bhunachar sonraí Tenders Electronic Daily. Ina theannta sin, tacóidh an Coimisiún Eorpach le cur chun feidhme na Treorach athbhreithnithe trí leanúint lena chuid oibre faoina fhóram iompair inbhuanaithe.

   Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Is bunaithe ar rogha bheartais 6 atá an togra le haghaidh Treoir lena leasaítear an Treoir maidir le Feithiclí Glana. Leasaítear an Treoir mar a leanas:

déantar raon feidhme na Treorach mar a leagtar amach in Airteagal 3 é a leathnú chuig cineálacha eile soláthair seachas ceannach, mar shampla, feithiclí a léasú, a ghlacadh ar cíos nó a fhruilcheannach, agus chuig conarthaí seirbhíse poiblí do sheirbhísí iompair phoiblí de bhóthar, seirbhísí sainchuspóireacha iompair phaisinéirí de bhóthar, iompar neamhsceidealta paisinéirí agus fruiliú busanna agus cóistí fara tiománaí i gcomhréir lena gcód sa stór focal coiteann don soláthar a liostaítear san Iarscríbhinn;

déantar sainmhínithe faoin Treoir a leasú in Airteagal 4(4) trí thagairt do na spriocanna íosta soláthair do na Ballstáit, mar a liostaítear san Iarscríbhinn, a chur leo;

déantar na forálacha don cheannach feithiclí glana faoi Airteagal 5 a athbhreithniú chun spriocanna íosta a leagan amach don soláthar feithiclí glana, agus iad idirdhealaithe de réir Ballstáit agus de réir catagóirí sciar feithiclí bunaithe ar thairseacha comhcheangailte d’astaíochtaí CO2 agus astaíochtaí truailleán aeir (feithiclí saothair éadroim) agus ar bhreoslaí malartacha (feithiclí tromshaothair), mar a chuirtear san áireamh san Iarscríbhinn agus mar a shocraítear ó na dátaí a shonraítear inti;

scriostar an tAirteagal 6 atá ann faoi láthair;

tugtar Airteagal 7 nua isteach maidir le cumhacht a tharmligean agus oiriúnaítear Airteagal 9 maidir le cumhachtaí cur chun feidhme a fheidhmiú;

oiriúnaítear Airteagal 10 chun oibleagáidí tuairiscithe a thabhairt isteach do na Ballstáit agus chun oibleagáidí tuairiscithe an Choimisiúin a ailíniú le tuairisciú na mBallstát, maille le tuairisciú idirmheánach sa bhliain 2023 agus tuairisciú iomlán sa bhliain 2026 ar chur chun feidhme na spriocanna don bhliain 2025 mar aon le tuairisciú gach trí bliana ina dhiaidh sin.

2017/0291 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2009/33/AE maidir le feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus tíosach ar fhuinneamh a chur chun cinn

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 17 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 18 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Caitheann an tAontas a dhúthracht le córas fuinnimh atá inbhuanaithe, iomaíoch, slán agus dícharbónaithe 19 . Leis an Aontas Fuinnimh agus leis an gCreat Beartais don Aeráid agus don Fhuinneamh don tréimhse ó 2020 go 2030 20 leagtar síos gealltanais uaillmhianacha don Aontas astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú a thuilleadh agus 40 % ar a laghad faoin mbliain 2030 i gcomparáid leis an mbliain 1990, an cion fuinnimh in-athnuaite a úsáidtear a mhéadú 27 % ar a laghad, coigilteas fuinnimh de 27 % ar a laghad a bhaint amach, agus slándáil, iomaíochas agus inbhuanaitheacht fuinnimh an Aontais a fheabhsú.

(2)    Sa Straitéis Eorpach maidir le Soghluaisteacht Íseal-Astaíochtaí 21 , d'fhógair an Coimisiún nach mór, chun na gealltanais a chomhlíonadh a thug an tAontas ag an 21ú Comhdháil de na Páirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide a reáchtáladh i bPáras sa bhliain 2015, nach mór dlús a chur le dícharbónú na hearnála iompair agus, dá bhrí sin, gur cheart astaíochtaí gás ceaptha teasa agus astaíochtaí truailleán aeir ón iompar a bheith ag dul go dearfa i dtreo astaíochtaí nialasacha faoi lár na haoise. Ina theannta sin, ní mór laghdú a dhéanamh gan mhoill ar astaíochtaí truailleán aeir a eascraíonn as an iompar agus atá díobhálach do shláinte an duine. Is féidir é sin a bhaint amach le tionscnaimh bheartais éagsúla, lena n-áirítear úsáid a bhaint as soláthar poiblí feithiclí glana.

(3)    Sa Teachtaireacht uaidh dar teideal "Europe on the Move: an agenda for a socially fair transition towards clean, competitive and connected mobility for all" 22 [An Eoraip ag Bogadh: clár oibre le haghaidh ascnamh atá cothrom go sóisialta i dtreo na soghluaisteacha glaine iomaíche nasctha do chách], d'aibhsigh an Coimisiún go bhfuil tairbhí iomadúla le baint ag saoránaigh, ag Ballstáit agus ag tionscail na hEorpa as méadú ar tháirgeadh agus ar ghlacadh feithiclí glana, as bonneagair breoslaí malartacha agus as seirbhísí nua soghluaisteachta a úsáideann an digitiú agus an t-uathoibriú san Aontas. Ar na tairbhí sin tá taisteal níos sábháilte, taisteal comhleanúnach agus laghdú an nochta d'astaíochtaí truailleán díobhálacha. Ina theannta sin, dúradh in Aitheasc ar Staid an Aontais 2017 gurb é cuspóir an Aontais Eorpaigh bheith ar thús cadhnaíochta ar leibhéal domhanda i réimse an dícharbónaithe.

(4)    Faoi mar a fógraíodh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal "Europe on the Move: an agenda for a socially fair transition towards clean, competitive and connected mobility for all" 23 [An Eoraip ag Bogadh: clár oibre le haghaidh ascnamh atá cothrom go sóisialta i dtreo na soghluaisteacha glaine iomaíche nasctha do chách], cuid é an togra seo den dara pacáiste tograí, ar tograí iad lena gcuirfear le hiarrachtaí an Aontais soghluaisteacht íseal-astaíochtaí a bhaint amach. Cuirtear an pacáiste sin i láthair sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal "Delivering on the European Strategy for low-emission mobility - A European Union that protects the planet, empowers its consumers, and defends its industry and workers" [Soghluaisteacht Íseal-Astaíochtaí a bhaint amach - Aontas Eorpach a chaomhnaíonn an pláinéad, a thugann cumhachta don tomhaltóir agus cosaint dá thionscal agus dá oibrithe] agus áirítear ann meascán de bhearta atá dírithe ar an soláthar agus bearta atá dírithe ar an éileamh chun an tAontas Eorpach a chur ar an mbealach i dtreo soghluaisteacht íseal-astaíochtaí agus chun iomaíochas éiceachóras soghluaisteachta an Aontais a neartú ag an am céanna.

(5)    Cabhraíonn infheistíocht i dteicneolaíochtaí nua le hastaíochtaí feithiclí a laghdú, rud a thacaíonn le dícharbónú na hearnála iompair. Is dócha gurb é an toradh a bheidh ar mhéadú ar ghlacadh feithiclí bóthair astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha go laghdófar astaíochtaí CO2 agus astaíochtaí truailleán áirithe (ábhar cáithníneach, ocsaídí nítrigine agus hidreacarbóin gan mheatán) agus go gcuirfear iomaíochas agus fás an tionscail Eorpaigh chun cinn sna margaí domhanda d'fheithiclí astaíochtaí ísle agus feithiclí astaíochtaí nialasacha, ar margaí iad atá ag méadú.

(6)Is féidir le húdaráis phoiblí, lena mbeartas soláthair, margaí d’earraí agus seirbhísí atá nuálach a chur ar bun agus a chothú. Le Treoir 2014/24/AE 24 agus le Treoir 2014/25/AE 25 , leagtar amach rialacha íosta comhchuibhithe maidir leis an soláthar poiblí lena gcomhchuibhítear an dóigh a gceannaíonn údaráis phoiblí agus oibreoirí fóntais phoiblí áirithe earraí, oibreacha agus seirbhísí. Go háirithe, leagtar síos iontu tairseacha foriomlána maidir le méid conarthaí chun iad a bheith faoi réir reachtaíocht an Aontais, ar tairseacha iad a bhfuil feidhm acu maidir leis an Treoir maidir le Feithiclí Glana freisin.

(7)Le Treoir 2009/33/CE, comhlánaítear reachtaíocht chothrománach soláthair phoiblí an Aontais agus tugtar isteach critéir inbhuanaitheachta, agus ar an dóigh sin is é is aidhm léi an margadh d’fheithiclí iompair de bhóthar atá glan agus tíosach ar fhuinneamh a spreagadh. Rinne an Coimisiún meastóireacht ex post ar an Treoir maidir le Feithiclí Glana sa bhliain 2015 agus ba é a chonclúid nár spreagadh glacadh feithiclí glana sa mhargadh san Aontas trí chéile de bharr na Treorach, go háirithe de thoradh laigí ina forálacha maidir le raon feidhme agus ceannach feithiclí. Rinneadh amach gur an-bheag a bhí an tionchar ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus astaíochtaí truailleán aeir agus an tionchar ar chur chun cinn iomaíochas an tionscail.  

(8)Sa Mheasúnú Tionchair a rinneadh, leagtar béim ar na tairbhí a bhaineann le hathrú a dhéanamh ar an gcur chuige rialachais foriomlán i leith soláthar feithiclí glana ar leibhéal an Aontais. Ach spriocanna íosta soláthair a leagan síos is féidir an cuspóir, arb é dul i bhfeidhm ar ghlacadh feithiclí glana sa mhargadh é, a ghnóthú go héifeachtach i gcomparáid le bheith ag brath ar inmheánú costas seachtrach i gcinntí foriomlána soláthair, agus aird á tabhairt ag an am céanna ar a ábhartha atá sé gnéithe comhshaoil a chur san áireamh i ngach cinneadh soláthair. Tá an cur chuige sin lánbhailí i bhfianaise na dtairbhí meántéarmacha agus fadtéarmacha a bhainfidh saoránaigh agus fiontair na hEorpa as, sa mhéid nach leagann sé síos go gcaithfidh údaráis chonarthacha, eintitis chonarthacha agus oibreoirí teicneolaíocht ar leith a úsáid.

(9)Áiritheofar go gcumhdófar gach cleachtas soláthair ábhartha ach raon feidhme na Treorach a leathnú trí chleachtais a chur ar áireamh amhail feithiclí a léasú, a ghlacadh ar cíos agus a fhruilcheannach, chomh maith le conarthaí do sheirbhísí iompair phoiblí de bhóthar, seirbhísí sainchuspóireacha iompair phaisinéirí de bhóthar, iompar neamhsceidealta paisinéirí agus fruiliú busanna agus cóistí fara tiománaí mar aon le seirbhísí sonracha poist agus cúiréireachta agus seirbhísí bailithe dramhaíola.

(10)Tá tacaíocht fhorleathan ann i measc páirtithe leasmhara tábhachtacha do shainmhíniú ar fheithiclí glana ina gcuirfear san áireamh ceanglais maidir le gáis cheaptha teasa agus astaíochtaí truailleán aeir ó fheithiclí saothair éadroim agus tromshaothair a laghdú. Chun a áirithiú go mbeidh dreasachtaí leordhóthanacha ann chun tacú le glacadh feithiclí astaíochtaí ísle agus feithiclí astaíochtaí nialasacha sa mhargadh san Aontas, ba cheart forálacha dá soláthar poiblí faoin leasú seo a ailíniú le forálacha reachtaíocht an Aontais maidir le feidhmíocht carranna agus veaineanna i dtaobh astaíochtaí CO2 don tréimhse tar éis 2020 26 . Leis an ngníomhaíocht a dhéanfar faoin Treoir leasaithe, cuirfear le comhlíonadh cheanglais na gcaighdeán sin. Is féidir le cur chuige níos uaillmhianaí i leith an tsoláthair phoiblí spreagadh breise tábhachtach a thabhairt don mhargadh.

(11)Baintear úsáid as feithiclí saothair éadroim agus feithiclí tromshaothair chun críocha difriúla agus tá leibhéil dhifriúla aibíochta margaidh ag baint leo, agus bheadh sé ina bhuntáiste dá ndéanfaí na difríochtaí sin a aithint i bhforálacha soláthair phoiblí. Léiríodh sa Mheasúnú Tionchair an breisluach a bhaineann le cur chuige a ghlacadh a bheadh bunaithe ar bhreoslaí malartacha go dtí go leagfar síos ar leibhéal an Aontais ceanglais teicneolaíocht-neodracha maidir le hastaíochtaí CO2 ó fheithiclí tromshaothair, rud atá sé beartaithe ag an gCoimisiún a mholadh amach anseo. Aithníodh freisin sa Mheasúnú Tionchair gur saintréith de chuid na margaí do bhusanna uirbeacha astaíochtaí ísle agus do bhusanna uirbeacha astaíochtaí nialasacha é an margadh a bheith níos aibí, ach go bhfuil na margaí do thrucailí astaíochtaí ísle agus do thrucailí astaíochtaí nialasacha ag céim níos luaithe den fhorbairt mhargaidh.

(12)Trí spriocanna íosta a leagan síos do sholáthar feithiclí glana ar leibhéal na mBallstát faoin mbliain 2025 agus faoin mbliain 2030, ba cheart cur leis an gcinnteacht bheartais i gcás margaí ina bhfuil sé inchosanta infheistíochtaí a dhéanamh i soghluaisteacht astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha. Leis na spriocanna íosta, tugtar tacaíocht don chruthú margaidh ar fud an Aontais. Soláthraíonn siad am chun próisis soláthair phoiblí a choigeartú agus is follasach an comhartha a thugann siad don margadh. Tugtar faoi deara sa Mheasúnú Tionchair go bhfuil ag méadú ar na Ballstáit spriocanna a leagan síos, ag brath ar a n-acmhainn eacnamaíoch agus ar a thromchúisí atá an fhadhb. Ba cheart spriocanna éagsúla a leagan síos do na Ballstáit éagsúla bunaithe ar a n-acmhainn eacnamaíoch (Olltáirgeacht Intíre per capita) agus ar a nochtadh don truailliú (dlús daonra uirbigh). Ba cheart na spriocanna íosta soláthair a chomhlánú leis an oibleagáid ar na húdaráis chonarthacha, ar na heintitis chonarthacha agus ar na hoibreoirí na gnéithe ábhartha fuinnimh agus comhshaoil a mheas ina nósanna imeachta soláthair uile. Léiríodh sa Mheasúnú Tionchair Chríochaigh ar an Treoir leasaithe seo go mbeadh an tionchar dáilte go cothrom i measc na réigiún san Aontas.

(13)Beifear in ann an tionchar is mó a bhaint amach más ar limistéir a bhfuil leibhéil aerthruaillithe measartha ard iontu a dhírítear an soláthar poiblí feithiclí glana. Is ar na limistéir sin go háirithe a mholtar d’údaráis phoiblí sna Ballstáit díriú agus cur chun feidhme a spriocanna íosta intíre á thabhairt chun críche acu agus moltar dóibh gníomhaíocht ghaolmhar a léiriú ina dtuairisciú faoin Treoir leasaithe seo.

(14) Tá an chostáil saolré ina huirlis thábhachtach ag údaráis chonarthacha agus ag eintitis chonarthacha le haghaidh costais fuinnimh agus chomhshaoil a chlúdach le linn saolré feithicle, lena n-áirítear an costas a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus astaíochtaí truailleán eile ar bhonn modheolaíocht ábhartha chun a luach airgeadúil a dhéanamh amach. I bhfianaise thearcúsáid na modheolaíochta le haghaidh costais saolré oibríochtúla a ríomh faoi Threoir 2009/33/AE agus i bhfianaise na faisnéise a chuir údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha ar fáil faoi úsáid a modheolaíochtaí féin atá oiriúnaithe dá gcúinsí sonracha agus dá riachtanais shonracha, níor cheart aon úsáid éigeantach modheolaíochta a bheith ann, seachas sin ba cheart údaráis chonarthacha, eintitis chonarthacha agus oibreoirí a bheith in ann aon mhodheolaíocht costála saolré a úsáid chun tacú lena bpróisis soláthair.

(15)Leis an tuairisciú ar sholáthar poiblí faoin Treoir leasaithe seo ba cheart forbhreathnú soiléir a fháil ar an margadh sa dóigh gur féidir faireachán éifeachtach a dhéanamh ar an gcur chun feidhme. Ba cheart tús a chur leis le tuarascáil idirmheánach sa bhliain 2023 agus ba cheart leanúint de leis an gcéad tuarascáil iomlán ar an gcur chun feidhme sa bhliain 2026 agus le ceann gach trí bliana ina dhiaidh sin. Chun an t-ualach riaracháin ar chomhlachtaí poiblí aonair a íoslaghdú agus chun forbhreathnú éifeachtach ar an margadh a fháil, ba cheart tuairisciú simplí a éascú. Áiritheoidh an Coimisiún go dtabharfar tuairisc iomlán ar fheithiclí astaíochtaí ísle agus ar fheithiclí astaíochtaí nialasacha agus ar fheithiclí eile breoslaí malartacha i gcomhthéacs Stór Focal Coiteann an Aontais. Beidh cóid shonracha sa Stór Focal Coiteann ina gcuidiú leis an gclárú agus leis an bhfaireachán de réir an bhunachair sonraí Tenders Electronic Daily.

(16)Is féidir tacaíocht bhreise a thabhairt do ghlacadh feithiclí glana sa mhargadh trí bhearta spriocdhírithe tacaíochta poiblí a chur ar fáil ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Áirítear leis sin feabhsú an mhalartaithe eolais agus ailíniú nósanna imeachta soláthair chun go mbeifear in ann gníomhartha a dhéanamh ar scála ar leor é chun laghduithe costais a bhaint amach agus dul i bhfeidhm ar an margadh. Aithnítear sna Treoirlínte maidir le Státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh 2014-2020 27 an fhéidearthacht tacaíocht phoiblí a thabhairt chun forbairt bonneagar a chur chun cinn ar bonneagair iad a theastaíonn le haghaidh breoslaí malartacha a dháileadh. Mar sin féin, beidh feidhm ag rialacha an Chonartha, agus go háirithe Airteagail 107 agus 108 de, maidir le tacaíocht phoiblí den sórt sin fós.

(17)Chun cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun forálacha a thabhairt cothrom le dáta i dtaca le caighdeáin astaíochtaí CO2 d’fheithiclí tromshaothair go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón [Cuir isteach an dáta teacht i bhfeidhm]. Ba cheart an tréimhse sin a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, ach amháin i gcás ina gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go gcuirfeadh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí i gcrích le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go prapúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(18)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, mar atá spreagadh ar thaobh an éilimh a thabhairt d’fheithiclí glana chun tacú le hascnamh chuig soghluaisteacht íseal-astaíochtaí, a ghnóthú go leordhóthanach ina n-aonar agus, de bharr creat beartais coiteann fadtéarmach agus ar chúiseanna scála, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(19)I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin 28 , ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur.

(20) Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2009/33/CE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Treoir 2009/33/CE mar a leanas:

(1)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

"Treoir 2009/33/AE maidir le feithiclí iompair de bhóthar atá glan a chur chun cinn chun tacú le soghluaisteacht íseal-astaíochtaí”

(2) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

"Airteagal 3

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Treoir maidir le conarthaí le haghaidh ceannach, léasú, glacadh ar cíos nó fruilcheannach feithiclí iompair de bhóthar acu seo a leanas:

(a) údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha a mhéid atá oibleagáid orthu na nósanna imeachta soláthair a leagtar amach i dTreoir 2014/24/AE agus i dTreoir 2014/25/AE a chur i bhfeidhm;

(b) oibreoirí i ndáil le comhlíonadh oibleagáidí seirbhíse poiblí faoi chonradh seirbhíse poiblí de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 29 ;

(c) faoi chonarthaí seirbhíse poiblí lena gcumhdaítear seirbhísí iompair mar a leagtar amach iad i dTábla 1 den Iarscríbhinn, os cionn tairseach a socróidh na Ballstáit ach nach mó í ná na luachanna tairsí mar a leagtar amach iad in Airteagal 4 de Threoir 2014/24/AE agus in Airteagal 15 de Threoir 2014/25/AE".

(3)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

"Airteagal 4

Sainmhínithe

Chun críche na Treorach seo:

1. ciallaíonn 'údaráis chonarthacha' údaráis chonarthacha mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2(1)(1) de Threoir 2014/24/AE agus in Airteagal 3 de Threoir 2014/25/AE.

2. ciallaíonn 'eintitis chonarthacha' eintitis chonarthacha dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2014/25/AE.

3. ciallaíonn 'feithicil iompair de bhóthar' feithicil a chumhdaítear le hIarscríbhinn II, litir A, pointe 1 agus pointe 2 de Threoir 2007/46/CE 30 .

4. ciallaíonn 'feithicil ghlan'

(a) feithicil de chatagóir M1 nó M2 ag a bhfuil astaíocht uasta sceithphíopa arna sloinneadh in CO2 g/km agus fíorastaíochtaí truailleán atá faoi bhun céatadán de na teorainneacha astaíochtaí is infheidhme dá dtagraítear i dTábla 2 den Iarscríbhinn, nó;

(b) feithicil de chatagóir N1 ag a bhfuil astaíocht uasta sceithphíopa arna sloinneadh in CO2 g/km agus fíorastaíochtaí truailleán atá faoi bhun céatadán de na teorainneacha astaíochtaí is infheidhme dá dtagraítear i dTábla 2 den Iarscríbhinn, nó;

(c) feithicil de chatagóir M3, N2 nó N3 mar a shainítear iad i dTábla 3 den Iarscríbhinn".

(4)    cuirtear an tAirteagal 4a seo a leanas isteach:

"Airteagal 4a

Tarmligean cumhachtaí

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8a chun Tábla 3 den Iarscríbhinn a thabhairt cothrom le dáta le tairseacha astaíochtaí sceithphíopa CO2 agus tairseacha truailleán aeir d’fheithiclí tromshaothair tráth a mbeidh na caighdeáin ghaolmhara feidhmíochta astaíochtaí CO2 d’fheithiclí tromshaothair i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais".

(5)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

"Airteagal 5

Spriocanna íosta soláthair

1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh ceannach, léasú, glacadh ar cíos nó fruilcheannach feithiclí iompair de bhóthar, conarthaí seirbhíse poiblí le haghaidh iompar paisinéirí de bhóthar agus d’iarnród agus conarthaí seirbhíse poiblí dá dtagraítear in Airteagal 3 den Treoir seo, go gcomhlíonfaidh siad na spriocanna íosta soláthair d’fheithiclí saothair éadroim dá dtagraítear i dTábla 4 den Iarscríbhinn agus na spriocanna íosta soláthair d’fheithiclí tromshaothair dá dtagraítear i dTábla 5 den Iarscríbhinn.

2. Féadfaidh údaráis na mBallstát sainorduithe a chur i bhfeidhm atá níos airde ná iad sin dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

(6)scriostar Airteagal 6 agus Airteagal 7;

(7)cuirtear Airteagal 8a nua isteach:

“Airteagal 8a

An tarmligean a fheidhmiú

1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4a a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón [Cuir isteach an dáta teacht i bhfeidhm]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4a a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4a i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle".

(8)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

"1. Tabharfaidh Coiste cúnamh don Choimisiún.

Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

'3. I gcás ina bhfuiltear chun tuairim an choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n-iarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh."

(9)leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

"1. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm na Treorach seo agus ar na gníomhartha arna ndéanamh ag na Ballstáit aonair ar mhaithe le cur chun feidhme éifeachtach na Treorach seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach trí bliana amhail ón 1 Eanáir 2027, tar éis do na Ballstáit tuairisc a thabhairt dó ina leith."

(b)cuirtear na míreanna 4 agus 5 seo a leanas isteach:

"4. Déanfaidh na Ballstáit tuarascáil ar chur chun feidhme na Treorach seo a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2026, agus gach trí bliana ina dhiaidh sin. Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil eatramhach faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2023. Beidh sa tuarascáil sin faisnéis faoi na bearta a rinneadh chun an Treoir seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear faisnéis faoi líon agus catagóirí na bhfeithiclí a cheannaigh údaráis agus eintitis, faisnéis faoin idirphlé a rinneadh idir na leibhéil dhifriúla rialachais, faisnéis faoi intinn na mBallstát maidir leis na gníomhaíochtaí tuairiscithe thuas, mar aon le haon fhaisnéis luachmhar eile. Ba cheart an fhaisnéis a bheith de réir na gcatagóirí a chuimsítear i Rialachán Uimh. 2195/2002 maidir leis an Stór Focal Coiteann don Soláthar (CPV) 31 , mar a thugtar faoi deara san Iarscríbhinn.

5. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, treoir a ghlacadh maidir le hinneachar thuarascálacha na mBallstát dá dtagraítear i mír 4".

(10)cuirtear an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo in ionad na hIarscríbhinne.

Airteagal 2

1.Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin XXXX [Cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis an dáta teacht i bhfeidhm] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    COM (2015) 80 final.
(2)    https://ec.europa.eu/commission/news/president-juncker-delivers-state-union-address-2017-2017-sep-13_en.
(3)    COM (2016) 501 final.
(4)    COM (2017) 283 final.
(5)    COM (2016) 501 final.
(6)    COM (2017) 283 final.
(7)    COM(2017) 675 final.
(8)    Treoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus tíosach ar fhuinneamh a chur chun cinn (IO L 120, 15.5.2009, lch. 5).
(9)    Sa tréimhse 2009-2015, feithiclí ceallra-leictreacha, feithiclí breosla-chille leictreacha, feithiclí hibride inluchtaithefeithiclí gáis nádúrtha a bhí, ar an meán, i thart ar 4.7 % de na feithiclí nua uile do phaisinéirí poiblí a ceannaíodh (nó ~2,7k feithicil), 0.4 % de na veaineanna nua uile a ceannaíodh (nó 0,02k feithicil), 0.07 % de na trucailí dochta uile a ceannaíodh (nó 0,006k feithicil) agus 1.7 % de na busanna nua uile (nó 0,13k feithicil) a ceannaíodh faoin Treoir maidir le Feithiclí Glana.
(10)     http://ec.europa.eu/justice/fundamental-rights/charter/index_en.htm  
(11)    COM(2017) 676 final.
(12)    Féach  https://ec.europa.eu/transport/sites/transport/files/facts-fundings/evaluations/doc/2015-09-21-ex-post-evaluation-directive-2009-33-ec.pdf .
(13)    SWD(2017) 366 final
(14)    [Cuir nasc Gréasáin isteach nuair a bheidh sé ar fáil].
(15)    SWD(2013)27.
(16)    beidh leordhóthain ama ann roimh an mbliain 2025 chun próisis soláthair phoiblí a ullmhú agus a choigeartú, agus comharthaí margaidh a chumasú sa ghearrthéarma ag an am céanna. Rud eile atá ag baint le cur chuige céimnithe i dtreo na bliana 2030 is ea go dtugtar an deis chun cur lena uaillmhianaí atá an Treoir i ndáil le nuálaíocht a bhrú chun cinn sa soláthar feithiclí.
(17)    IO C , , lch. .
(18)    IO C , , lch. .
(19)    Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 24 Deireadh Fómhair 2014.
(20)    Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le creat beartais don aeráid agus don fhuinneamh don tréimhse ó 2020 go 2030 (COM(2014)0013)
(21)    COM(2016) 501 final.
(22)    COM(2017) 283 final.
(23)    COM (2017) 283 final.
(24)    IO L 94, 28.3.2014, lch. 65 - 242.
(25)    IO L 94, 28.3.2014, lch. 243 - 374.
(26)    COM(2017) 676 final.
(27)    IO C 200, 28.6.2014, lch. 1.
(28)    IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
(29)    Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d’iarnród agus de bhóthar (IO L 315, 3.12.2007, lch. 1).
(30)    IO L 263, 9.10.2007, lch. 1.
(31)    IO L 340, 16.12.2002, lch. 1. 
Top

An Bhruiséil,8.11.2017

COM(2017) 653 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

lena leasaítear Treoir 2009/33/AE maidir le feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus tíosach ar fhuinneamh a chur chun cinn

{SWD(2017) 366 final}
{SWD(2017) 367 final}


IARSCRÍBHINN

Faisnéis maidir le cur chun feidhme spriocanna íosta soláthair d’fheithiclí glana iompair de bhóthar chun tacú le soghluaisteacht íseal-astaíochtaí sna Ballstáit

Tábla 1: Cóid an Stóir Focal Choitinn don Soláthar (CPV) dá dtagraítear in Airteagal 3

Cód CPV

Tuairisc

60112000-6

Seirbhísí iompair phoiblí de bhóthar

60130000-8

Seirbhísí sainchuspóireacha iompair paisinéirí de bhóthar

60140000-1

Iompar neamhsceidealta paisinéirí

60172000-3

Fruiliú busanna agus cóistí fara tiománaí

90511000-2

Seirbhísí bailithe dramhaíola

60160000-7

Iompar an phoist de bhóthar

60161000-4

Seirbhísí iompair beartán



Tábla 2: Tairseacha astaíochtaí d’fheithiclí saothair éadroim

Catagóirí feithiclí

2025

2030

CO2 g/km

Fíorastaíochtaí truailleán aeir* mar chéatadán de theorainneacha astaíochtaí**

CO2 g/km

Fíorastaíochtaí truailleán aeir* mar chéatadán de theorainneacha astaíochtaí

Feithiclí M1

25

80 %

0

n/b

Feithiclí M2

25

80 %

0

n/b

Feithiclí N1

40

80 %

0

n/b

* Fíorastaíochtaí cáithníní sármhíne arna sloinneadh in #/km (PN) agus astaíochtaí ocsaídí nítrigine arna sloinneadh in mg/km (NOx) arna dtomhas de réir an leagain is infheidhme d’Iarscríbhinn IIIA, Rialachán 2017/1151.

** An teorainn astaíochtaí is infheidhme a fhaightear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) 715/2007 nó ina comharbaí.



Tábla 3: Ceanglais maidir le breoslaí malartacha d’fheithiclí tromshaothair

Catagóirí feithiclí

Breoslaí malartacha

Feithiclí M3, N2, N3

Leictreachas*, hidrigin, gás nádúrtha, lena n-áirítear bithmheatán i bhfoirm ghásach (gás nádúrtha comhbhrúite) agus i bhfoirm leachtaithe (gás nádúrtha leachtaithe)

*Lena úsáid i bhfeithicil a shainítear in Airteagal 2(2) de Threoir 2014/94/AE, ar choinníoll gur do chuid ábhartha d’úsáid oibríochtúil na feithicle a úsáidtear an leictreachas.

Tábla 4: Sprioc íosta do sciar na bhfeithiclí saothair éadroim, i gcomhréir le Tábla 2, de sholáthar poiblí iomlán na bhfeithiclí saothair éadroim ar leibhéal na mBallstát*

Ballstát

2025

2030

Lucsamburg

35 %

35 %

An tSualainn

35 %

35 %

An Danmhairg

34 %

34 %

An Fhionlainn

35 %

35 %

An Ghearmáin

35 %

35 %

An Fhrainc

34 %

34 %

An Ríocht Aontaithe

35 %

35 %

An Ísiltír

35 %

35 %

An Ostair

35 %

35 %

An Bheilg

35 %

35 %

An Iodáil

35 %

35 %

Éire

35 %

35 %

An Spáinn

33 %

33 %

An Chipir

29 %

29 %

Málta

35 %

35 %

An Phortaingéil

27 %

27 %

An Ghréig

23 %

23 %

An tSlóivéin

20 %

20 %

Poblacht na Seice

27 %

27 %

An Eastóin

21 %

21 %

An tSlóvaic

20 %

20 %

An Liotuáin

19 %

19 %

An Pholainn

20 %

20 %

An Chróit

17 %

17 %

An Ungáir

21 %

21 %

An Laitvia

20 %

20 %

An Rómáin

17 %

17 %

An Bhulgáir

16 %

16 %

*Feithiclí nach scaoiltear aon astaíochtaí óna sceithphíopaí, déanfar iad a chomhaireamh mar fheithicil amháin lena gcuirtear leis an sainordú. Gach feithicil eile lena gcomhlíontar ceanglais Thábla 2 san iarscríbhinn seo, déanfar iad a chomhaireamh mar 0.5 feithicil lena gcuirtear leis an sainordú.

Tábla 5: Sprioc íosta do sciar na bhfeithiclí tromshaothair, i gcomhréir le Tábla 3, de sholáthar poiblí iomlán na bhfeithiclí tromshaothair ar leibhéal na mBallstát*

Ballstát

Trucailí

Busanna

2025

2030

2025

2030

Lucsamburg

10 %

15 %

50 %

75 %

An tSualainn

10 %

15 %

50 %

75 %

An Danmhairg

10 %

15 %

50 %

75 %

An Fhionlainn

9 %

15 %

46 %

69 %

An Ghearmáin

10 %

15 %

50 %

75 %

An Fhrainc

10 %

15 %

48 %

71 %

An Ríocht Aontaithe

10 %

15 %

50 %

75 %

An Ísiltír

10 %

15 %

50 %

75 %

An Ostair

10 %

15 %

50 %

75 %

An Bheilg

10 %

15 %

50 %

75 %

An Iodáil

10 %

15 %

50 %

75 %

Éire

10 %

15 %

50 %

75 %

An Spáinn

10 %

14 %

50 %

75 %

An Chipir

10 %

13 %

50 %

75 %

Málta

10 %

15 %

50 %

75 %

An Phortaingéil

8 %

12 %

40 %

61 %

An Ghréig

8 %

10 %

38 %

57 %

An tSlóivéin

7 %

9 %

33 %

50 %

Poblacht na Seice

9 %

11 %

46 %

70 %

An Eastóin

7 %

9 %

36 %

53 %

An tSlóvaic

8 %

9 %

39 %

58 %

An Liotuáin

9 %

8 %

47 %

70 %

An Pholainn

7 %

9 %

37 %

56 %

An Chróit

6 %

7 %

32 %

48 %

An Ungáir

8 %

9 %

42 %

63 %

An Laitvia

8 %

9 %

40 %

60 %

An Rómáin

6 %

7 %

29 %

43 %

An Bhulgáir

8 %

7 %

39 %

58 %

* Déanfar feithiclí nach scaoiltear aon astaíochtaí óna sceithphíopaí nó feithiclí lena n-úsáidtear gás nádúrtha, ar choinníoll go bhfeidhmítear iad go hiomlán le bithmheatán, rud ar cheart é a chruthú le conradh soláthartha bithmheatán nó le modhanna eile rochtana ar bhithmheatán, déanfar iad a chomhaireamh mar fheithicil amháin lena gcuirtear leis an sainordú.Éireofar as an gcomhaireamh sin i gcás na mBallstát sin inar mó an sainordú íosta soláthair ná 50 % den mhéid foriomlán soláthair phoiblí, áit a n-úsáidfear 50 % mar scoithphointe.Gach feithicil eile lena gcomhlíontar ceanglais Thábla 2 san iarscríbhinn seo, déanfar iad a chomhaireamh mar 0.5 feithicil lena gcuirtear leis an sainordú.

Top