AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,8.11.2017
COM(2017) 647 final
2017/0288(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SWD(2017) 358 final}
{SWD(2017) 359 final}
{SWD(2017) 360 final}
{SWD(2017) 361 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Tá an togra seo mar chuid den dara pacáiste soghluaisteachta a bhfuil sé mar aidhm aige bheith ar thús cadhnaíochta sa troid i gcoinne an athraithe aeráide, earnáil tionsclaíochta na hEorpa a neartú agus a dhéanamh níos iomaíche, agus caighdeán na beatha agus an rogha atá ag saoránaigh maidir lena soghluaisteacht laethúil a fheabhsú. Gnóthachan bunriachtanach de chuid an Aontais Eorpaigh is ea an cumas gluaiseacht faoi shaoirse ar fud chríocha an Aontais. Chuir an tsaoirse sin ar chumas saoránach taisteal go héasca idir na Ballstáit éagsúla chun dul ag obair nó chun dul ar laethanta saoire. Cuirfidh an togra seo feabhas ar shoghluaisteacht saoránach thar achair fhada agus méadóidh sé an úsáid a bhaintear as modhanna iompair inbhuanaithe. Beidh seirbhísí a fhreagróidh níos fearr do riachtanais na saoránach mar thoradh air, go háirithe dóibh siúd ar ioncam íseal, agus beidh tairbhí comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta ag baint leis freisin. Bainfear tairbhe as an togra i bhfianaise an mhéadaithe ar an éileamh domhanda ar nascacht ó gach limistéar agus áiritheofar leis inrochtaineacht do sciar níos leithne den phobal. Cuireann an méid sin go díreach le tosaíochtaí an Choimisiúin maidir le Poist agus Fás agus maidir leis an Aontas Fuinnimh.
Glacadh Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 mar chuid de phacáiste reachtach in éineacht le Rialachán 1071/2009 maidir le rochtain ar ghairm an oibreora iompair de bhóthar. I dteannta a chéile, rialaítear leis an dá rialachán sin na coinníollacha ar rochtain ar an ngairm agus ar an margadh i réimse an iompair paisinéirí de bhóthar. Cuireann an dá Rialachán le dea-fheidhmiú an mhargaidh aonair iompair de bhóthar agus le héifeachtúlacht agus iomaíochas an mhargaidh sin.
Le Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 leagtar síos na forálacha nach mór do ghnóthais a bhfuil sé beartaithe acu oibriú sa mhargadh idirnáisiúnta iompair paisinéirí de bhóthar agus i margaí náisiúnta cé is moite de mhargadh a mBallstáit bunaíochta (ar a dtugtar oibríochtaí cabatáiste) a chomhlíonadh. Áirítear ann forálacha maidir leis na doiciméid atá le heisiúint ag Ballstát an chlárúcháin (ceadúnas Comhphobail) agus ag an údarás um údarú (Údarú i gcomhair seirbhís thráthrialta) do na gnóthais sin. Socraítear ann forálacha maidir leis na smachtbhannaí i leith sáruithe ar na hoibleagáidí sin chomh maith leis na forálacha maidir le comhar idir na Ballstáit.
Rinneadh meastóireacht ex post ar an Rialachán idir 2015 agus 2017 agus ba é a conclúid nach bhfuil an Rialachán éifeachtach ach i bpáirt i dtaca lena bhunchuspóir a bhaint amach, mar atá seirbhísí cóiste agus bus a chur chun cinn mar mhalairt inbhuanaithe ar iompar de charr aonair. Fuarthas amach inti go gcruthaítear tairseach chriticiúil oibreoirí nuair a osclaítear margaí náisiúnta i gcomhair seirbhísí tráthrialta cóiste agus bus agus ansin go dtugann na hoibreoirí sin isteach seirbhísí idirnáisiúnta chomh maith agus, dá bharr sin, go mbíonn tionchar níos mó ag a leithéid de bheart ar líon na mbealaí idirnáisiúnta agus ar mhinicíocht seirbhísí ná mar a bheadh ag reachtaíocht uile-Eorpach aisti féin. Má osclaítear margaí náisiúnta a thuilleadh, neartófar forbairt mhargadh idirnáisiúnta na seirbhísí tráthrialta, agus sin gan aon tairbhí a bhainfeadh paisinéirí a bheadh ag déanamh turais náisiúnta as a chur san áireamh. Ba iad na constaicí i margaí náisiúnta na fadhbanna ba mhó a sainaithníodh mar bhac ar sheirbhísí cóiste agus bus idiruirbeacha chomh maith le cion íseal na modhanna iompair paisinéirí atá inbhuanaithe. Tá an togra seo, ar tionscnamh faoin gclár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT) é, ceaptha chun na heasnaimh sin a réiteach.
•
Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an togra seo mar chuid d’athbhreithniú leanúnach níos cuimsithí atá ar siúl ar an reachtaíocht maidir le hiompar de bhóthar. Tá dlúthbhaint aige le gníomhartha dlí eile atá ann cheana maidir le hiompar de bhóthar, go háirithe an reachtaíocht maidir le rochtain ar an ngairm (Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009), maidir le reachtaíocht shóisialta (Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, Treoir 2002/15/CE, Treoir 2006/22/CE agus Rialachán (AE) 165/2014, agus an tEorafínéad (Treoir 1999/62/CE). Dá bhrí sin, beidh sé níos éasca soláthar seirbhísí cóiste agus bus idiruirbeacha a éascú, mar a mholtar sa togra seo, má dhéantar an margadh inmheánach, rialacha sóisialta agus rialacha maidir le postú oibrithe a bhreithniú le chéile chun dálaí oibre córa do thiománaithe agus iomaíocht chóir idir oibreoirí a áirithiú.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra comhsheasmhach go hiomlán le tosaíocht an Choimisiúin chun margadh inmheánach níos doimhne agus níos cothroime a chruthú. Neartófar an margadh inmheánach sna hoibríochtaí iompair paisinéirí de bhóthar a úsáideann seirbhísí cóiste agus bus. Chomh maith leis sin, tá sé ag teacht leis na cuspóirí a bhaineann le soghluaisteacht maidir le hastaíochtaí ísle agus le cuspóir an Aontais Fuinnimh, is é sin dícharbónú a dhéanamh ar an iompar, agus tá sé ag teacht freisin leis an gcomhbheartas iompair faoi mar a thuairiscítear sa Pháipéar Bán "Treochlár um Limistéar Iompair Eorpach Aonair - I dtreo córas iompair atá iomaíoch agus tíosach ar acmhainní" a foilsíodh sa bhliain 2011. Cruthófar leis an togra deiseanna nua gnó d’oibreoirí san earnáil, agus, dá réir sin, cuirfear deiseanna breise fostaíochta agus fáis ar fáil chomh maith le roghanna do phaisinéirí. Chomh maith leis sin, laghdaítear leis an togra seo an tualach rialála ar oibreoirí iompair paisinéirí de bhóthar agus soiléirítear leis an creat dlí - dhá rud ar cuspóirí de chuid chlár REFIT an Aontais Eorpaigh iad.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Eascraíonn an bunús dlí don Rialachán agus don leasú atá beartaithe as Teideal VI (Iompar) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go háirithe Airteagal 91 ina sonraítear, inter alia, go leagfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle síos rialacha comhchoiteanna a bheidh infheidhme maidir le hiompar idirnáisiúnta go críoch Ballstáit nó uaithi, nó ag gabháil trí chríoch Ballstáit amháin nó níos mó, chomh maith leis na dálaí faoinar féidir le hiompróirí neamhchónaitheacha seirbhísí iompair a oibriú laistigh de Bhallstát.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Faoi Airteagal 4(2)(g) CFAE, is ag an Aontas Eorpach agus na Ballstáit i dteannta a chéile atá an inniúlacht i réimse an iompair. Mar sin féin, is é reachtóir an Aontais Eorpaigh amháin a fhéadfaidh leasuithe a dhéanamh ar na rialacha atá ann cheana.
Ina theannta sin, cuireann an meascán rialacha maidir le rochtain ar mhargaí náisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus srian le cumas iompróirí seirbhísí a fhorbairt ina líonraí cóiste uile-Eorpacha agus ceileann sé an deis orthu comhtháthú le seirbhísí cóiste agus modhanna iompair eile a thairiscint. Ní féidir leis na Ballstáit ina naonar comhleanúnachas agus comhordú na rialacha maidir le rochtain aonfhoirmeach ar an margadh atá riachtanach chun go dtiocfaidh fíormhargadh inmheánach chun cinn maidir le hiompar paisinéirí de bhóthar a thabhairt isteach ná a áirithiú. Dá bhrí sin, is gá rialacha a sholáthar ar leibhéal an Aontais.
•Comhréireacht
Mar a luaitear i Roinn 7.3 den mheasúnú tionchair, tá an togra beartais i gcomhréir leis na fadhbanna a sainaithníodh agus ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun iad a réiteach. Níl sa togra ach roinnt leasuithe spriocdhírithe ar an Rialachán lena gcabhraítear le feabhas a chur ar an gcreat rialála atá ann cheana, creat ina bhfeidhmíonn an earnáil iompair paisinéirí de bhóthar san Aontas Eorpach agus ní chruthaítear leis ceanglais rialála sa bhreis do pháirtithe leasmhara nach mbeadh i gcomhréir leis na fadhbanna a sainaithníodh.
•An rogha ionstraime
Ós rud é gur rialachán é an gníomh dlí atá le leasú ba cheart, i bprionsabal, gur san fhoirm chéanna a bheadh an gníomh leasaitheach.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Glacadh an doiciméad inmheánach oibre leis an meastóireacht ex post ar Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 leis an togra seo.
Is iad seo na saincheisteanna is mó a sainaithníodh:
-
Theip ar an earnáil cóiste agus bus idiruirbeach fás ag ráta atá inchomparáide leis an bhfás ar mhodhanna eile iompair agus tá laghdú leanúnach tagtha le tréimhse fhada ar a cion módach.
-
Tá constaicí i margaí náisiúnta ag cur srian le forbairt ar sheirbhísí cóiste agus bus idiruirbeacha.
-
Ní bhíonn seirbhísí tráthrialta idirnáisiúnta cóiste nó bus, gan seirbhísí iomaíocha idiruirbeacha, chomh tarraingteach céanna mar thairiscintí seirbhísí d’úsáideoirí.
--
Níor cumhdaíodh an fhadhb a bhaineann le hidirdhealú maidir le rochtain ar chríochfoirt i raon feidhme na gcuspóirí a bhí leis an Rialachán bunaidh.
-
Baineann costais riaracháin iomarcacha le hiontráil.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Na comhairliúcháin le páirtithe leasmhara a rinneadh agus an togra seo á ullmhú, chomhlíon siad na híoschaighdeáin le haghaidh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2002 (COM(2002) 704 final).
Bhí cúig cinn de ghníomhaíochtaí comhairliúcháin ar leith san áireamh sa phróiseas comhairliúcháin. Baineadh leas as modhanna comhairliúcháin oscailte agus spriocdhírithe agus as uirlisí éagsúla comhairliúcháin lena linn.
I dtaca leis an gcomhairliúchán oscailte, bhí comhairliúchán ar líne a mhair 13 seachtaine (a chumhdaigh an mheastóireacht ex post chomh maith leis an measúnú tionchair) agus bhí sé ar siúl idir an 14 Nollaig 2016 agus an 15 Márta 2017.
Is iad seo a leanas na príomhchuspóirí a bhí leis:
-
cuidiú le bac a chur ar na fadhbanna atá ag an earnáil, faoi mar a sainaithníodh iad sa mheastóireacht ex post;
-
cuspóirí na nidirghabhálacha beartais féideartha a bhailíochtú; agus
-
tuairimí na bpáirtithe leasmhara a fháil maidir le hoiriúnacht agus tionchair thuartha na nidirghabhálacha.
Bhí dhá cheistneoir ann, ceann amháin don phobal i gcoitinne agus ceann níos speisialaithe do phríomhpháirtithe leasmhara. Fuair an Coimisiún 171 aighneacht san iomlán. 18 naighneacht maidir leis an gceistneoir ginearálta: 8 bhfreagra ó shaoránaigh/thomhaltóirí; 7 bhfreagra ó chuideachtaí; 2 fhreagra ó eagraíochtaí neamhrialtasacha; agus 1 fhreagra ó fhreagróirí eile. An 153 aighneacht maidir leis an gceistneoir speisialaithe: 68 bhfreagra ó chuideachtaí atá rannpháirteach sa slabhra iompair; 28 bhfreagra ó eagraíochtaí neamhrialtasacha; 17 bhfreagra ó oibrithe iompair paisinéirí de bhóthar; 7 bhfreagra ó údaráis rialála; 3 fhreagra ó údaráis rialtais AE; 3 fhreagra ó údaráis forfheidhmithe; 1 fhreagra ó shaoránach/thomhaltóir; 1 fhreagra ó acadóir; agus 25 fhreagra ó fhreagróirí eile.
Mar chuid den chomhairliúchán spriocdhírithe, cuireadh ceistneoir mionsonraithe chuig na príomhpháirtithe leasmhara a sainaithníodh le linn chéim thionscanta an staidéir. Cuireadh ceithre cheistneoir ar leith ar fáil, gach ceann acu saincheaptha don chineál páirtí leasmhair a bhí i gceist: 20 freagra ó Aireachtaí/Rialálaithe; 2 fhreagra ó eagraíochtaí uile-Eorpacha; 3 fhreagra ó oibreoirí; agus 6 fhreagra ó chumainn oibreoirí.
Reáchtáladh agallaimh chun léargais níos mionsonraithe a bhailiú ar thaithí na bpáirtithe leasmhara chomh maith lena gcuid tuairimí ar na bearta éagsúla a bhí á meas. Thug siad deis freisin sonraí cainníochtúla a bhí ag teastáil don mheasúnú tionchair a iarraidh. I ngach cás, cuireadh isteach ceisteanna sainiúla roimh ré agus/nó iarradh soiléiriú ar fhaisnéis a cuireadh ar fáil trí na ceistneoirí. Reáchtáladh agallaimh le 6 Aireacht/Rialálaí; 4 eagraíocht uile-Eorpacha; 4 oibreoir; agus 4 chumann oibreoirí.
Reáchtáladh suirbhé Eorabharaiméadair speisialta i measc na nEorpach sna 28 mBallstát chun tuairimí an phobail a fháil maidir le seirbhísí cóiste. Cuireadh 27,901 agallamh i gcrích idir an 18 Márta agus an 27 Márta 2017. Ba é ba chuspóir leis an suirbhé tuairimí phobal na hEorpa a bhailiú maidir le roinnt saincheisteanna a bhaineann lena sástacht leis na seirbhísí cóiste atá ann cheana ina mBallstát féin agus na cúiseanna atá acu leis na seirbhísí sin a úsáid nó gan iad a úsáid. Is iad seo a leanas príomhthorthaí an tsuirbhé:
-
Ar fud an Aontais Eorpaigh, ní úsáideann ach mionlach de na freagróirí seirbhísí cóiste agus dúirt seisear as gach deichniúr (64 %) nach núsáideann siad seirbhísí cóiste riamh i gcomhair taisteal intíre.
-
Ba iad na praghsanna ísle an chúis ba mhó a luadh le seirbhísí cóiste a úsáid (33 %).
-
Ar na bealaí ba mhinice a luadh chun neamhúsáideoirí seirbhísí cóiste a chur á núsáid bhí gan carr a bheith ag duine (37 %), praghsanna níos ísle (26 %) agus líonra bealaí agus stáisiún níos fairsinge (11 %).
Eagraíodh roinnt seimineár i gcomhair páirtithe leasmhara, cruinnithe agus ócáidí eile le linn na meastóireachta ex post agus an mheasúnaithe tionchair.
Deimhníodh san fhaisnéis a bailíodh le linn an chomhairliúcháin gurbh ann do na príomhfhadhbanna a sainaithníodh le linn na meastóireachta ex post.
Maidir leis na bearta beartais féideartha, bhí tacaíocht láidir i measc na bpáirtithe leasmhara go léir d’aghaidh a thabhairt ar idirdhealú maidir le rochtain ar chríochfoirt a chur ar fáil. Bhí meascán tuairimí ann maidir leis na bearta beartais féideartha chun deireadh a chur le srianta ar rochtain ar mhargaí náisiúnta idiruirbeacha, roinnt grúpaí de pháirtithe leasmhara i bhfách leis na hathruithe agus roinnt eile drogallach fúthu. Go hiondúil, léiríonn grúpaí a dhéanann ionadaíocht ar son oibreoirí, oibreoirí iad féin agus daoine a oibríonn laistigh den tionscal níos mó tacaíochta do chreata comhchoiteanna. Os a choinne sin, leagann roinnt comhlachtaí rialtais, rialálaithe agus eagraíochtaí neamhrialtasacha béim ar an ngá atá le socruithe i gcomhair rochtain ar an margadh a léiríonn na dálaí a bhaineann le Ballstáit faoi leith agus ar an ngá atá le cosaint a thabhairt do chonarthaí seirbhíse poiblí.
•
Bailiú agus úsáid saineolais
Chuir conraitheoir seachtrach leis an staidéar tacaíochta a bhí ag gabháil leis an measúnú tionchair, a cuireadh i gcrích i mí Lúnasa 2017.
•Measúnú tionchair
Tá measúnú tionchair ag gabháil leis an togra seo, a ndearna an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála (‘an Bord’) breithniú air faoi dhó. Fuair sé tuairim dhiúltach i dtús báire ar an 24 Iúil 2017 agus ina dhiaidh sin fuair sé tuairim dhearfach a raibh agúis léi ar an 13 Meán Fómhair 2017. Tugadh aghaidh ar na príomhthuairimí go léir a bhí ag an mBord sa leagan athbhreithnithe den mheasúnú tionchair. Faoi mar a luadh in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an tuarascáil ar an measúnú tionchair, tugadh aghaidh ar na hagúis mar seo a leanas:
-
Neartaítear an argóint chun an gá atá le gníomh ar leibhéal an Aontais a shoiléiriú.
-
Déantar athstruchtúrú agus leasú ar shainmhíniú na faidhbe chun an cion íseal de mhodhanna iompair inbhuanaithe a chur san áireamh;
-
Leasaítear na cuspóirí ginearálta. Tá dhá chuspóir ghinearálta ann atá comhlántach agus nach bhfuil comheisiach;
-
Tugtar tuairisc ar na freagairtí dóchúla do thabhairt isteach seirbhísí tráchtála agus ar na tionchair a bhfuil súil leo ar chonarthaí seirbhíse poiblí agus cuirtear i láthair na samhlacha conarthaí is iondúil a úsáidtear chun ceantair thuaithe a nascadh;
-
Cuirtear na difríochtaí náisiúnta sna hearnálacha iompair de bhóthar agus d’iarnród san áireamh; agus
-
Cuirtear faisnéis bhreise maidir le críochfoirt i láthair agus soiléirítear go bhfuil an measúnú tionchair dírithe ar rochtain chomhionann ar chríochfoirt.
Rinneadh dhá shraith de phacáistí beartais a mheas sa mheasúnú tionchair.
–Thug an chéad sraith aghaidh ar na fadhbanna a bhaineann le ‘Costais riaracháin iomarcacha na hiontrála’ agus ar ‘Rochtain shrianta ar mhargaí náisiúnta idiruirbeacha’.
–Thug an dara sraith de dhá phacáiste beartais aghaidh ar an bhfadhb a bhaineann le ‘Rochtain shrianta ar bhonneagar ríthábhachtach’.
Níl aon nasc ann idir na fadhbanna a bhaineann le rochtain ar an margadh agus na fadhbanna a bhaineann le rochtain ar chríochfoirt agus tá scóip gheografach na héifeachta éagsúil i ngach cás. Rud ba shonraí fós, níl mórshrianta i dtaca le rochtain ar an margadh i bhfeidhm ach i 14 Bhallstát, ach tá an fhadhb a bhaineann le rochtain idirdhealaitheach ar chríochfoirt i gceist sna 28 mBallstát trí chéile. Rinneadh na pacáistí beartais a shainiú sa dá shraith chun na leibhéil mhéadaitheacha idirghabhála rialála agus tionchair ionchasacha a léiriú.
Leis an gcéad phacáiste beartais d'osclófaí an rochtain ar mhargadh na seirbhísí tráthrialta maille leis an deis údarú a dhiúltú dá gcuirfí as don chothromaíocht eacnamaíoch i dtaca le conradh seirbhíse poiblí atá ann cheana.
Leis an dara pacáiste beartais tugtar an deis do na Ballstáit gan údarú a thabhairt dá gcuirfeadh seirbhís nua beartaithe a bheadh ag iompar paisinéirí thar achair is lú ná 100 ciliméadar díreach trasna na tíre, da gcuirfeadh sí as don chothromaíocht eacnamaíoch i dtaca le conradh seirbhíse poiblí atá ann cheana féin.
Leis an tríú pacáiste beartais, faightear réidh leis an bpróiseas údaraithe i gcás seirbhísí tráthrialta a iompraíonn paisinéirí thar achair 100 ciliméadar nó níos mó díreach trasna na tíre.
Spreagtar leis an gceathrú pacáiste beartais oibreoirí agus bainisteoirí críochfort chun rochtain a thabhairt d’iompróirí a oibríonn seirbhísí tráthrialta agus an rochtain sin a chur ar fáil ar bhonn atá cóir agus réasúnach agus nach ndéanann idirdhealú idir oibreoirí.
Bhí rialacha a bhaineann le rochtain chomhionann i gceist sa chúigiú pacáiste beartais. Ceanglaítear leis na rialacha sin ar oibreoirí agus bainisteoirí críochfort rochtain a thabhairt d’iompróirí a oibríonn seirbhísí tráthrialta agus an rochtain sin a chur ar fáil ar bhonn atá cóir agus réasúnach agus nach ndéanann idirdhealú idir oibreoirí.
Taispeánadh sa mheasúnú sin go mbeadh meascán den dara agus den chúigiú pacáiste beartais ar an mbealach ab fhearr chun cinn. Ar an iomlán, ceaptar gurb é sin an meascán is éifeachtúla agus meastar go nginfear leis thart ar EUR 1,560 milliún de choigilteas riaracháin le haghaidh ghnólachtaí agus údaráis riaracháin na 28 mBallstát thar an tréimhse measúnaithe (2015-2035). Ina theannta sin, bheadh tionchar dearfach ag an meascán sin ar an iompar ann féin mar go dtiocfadh fás níos mó ná 11 % in 2030 ar ghníomhaíocht an iompair cóiste mar thoradh air i gcomparáid leis an mbonnlíne agus thiocfadh fás de bheagnach aon phointe céatadáin ar a chion módach. Chuirfeadh sé feabhas ar an nascacht i gcás grúpaí sóisialta atá faoi mhíbhuntáiste, feabhas arb ionann é agus méadú 62 billiún ar an líon ciliméadar paisinéara in 2030 agus ag an am céanna chruthófaí 85,000 post nua agus chuideodh sé le laghdú €2.8 billiún a dhéanamh ar chostais timpistí do na 28 mBallstát thar an tréimhse measúnaithe. Chomh maith céanna, bheadh tionchar dearfach aige ar an gcomhshaol agus EUR 183 mhilliún de ghlanchoigilteas i gcostais astaíochtaí CO2 agus EUR 590 milliún de ghlanchoigilteas carnach i gcostais aerthruaillithe i gceist do na 28 mBallstát. Táthar ag súil go spreagfaí athrú teoranta ó iompar d’iarnród go hiompar de bhóthar leis an rogha sin agus go dtiocfadh laghdú 0.4 phointe céatadáin ar chion módach na niarnród in 2030 i gcomparáid leis an mBonnlíne (ó 8.4 % go 8 %) agus go mbeadh 1.4 % de chaillteanas ioncaim i gceist do chonarthaí seirbhíse poiblí iarnróid agus go dtiocfadh níos lú ná 1 % d’ardú ar an bhfóirdheontas do chonarthaí seirbhíse poiblí cóiste. Ní bhainfeadh sé sin an bonn d’inbhuanaitheacht conarthaí seirbhíse poiblí a fhreastalaíonn ar cheantair iargúlta uirbeacha.
Tá an togra ag teacht leis an rogha thosaíochta a léirítear sa mheasúnú tionchair.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Tá an togra dírithe ar chuspóir de chuid REFIT, mar atá éifeachtúlacht a mhéadú agus na hualaí rialála atá ar ghnólachtaí a laghdú. Is trí dhlús a chur leis an nós imeachta údaraithe a dhéantar é sin den chuid is mó, trí laghdú a dhéanamh ar an líon foras le húdarú líne cóiste nua a dhiúltú. Beidh an nós imeachta údaraithe níos simplí agus níos trédhearcaí, rud a laghdóidh an bac ar iontrálaithe nua i ndáiríre. Bainfidh oibreoirí tairbhe as mar go mbeidh líon na bhforas diúltaithe laghdaithe agus mar go dtabharfaidh sé sin níos mó cinnteachta dóibh tráth a m mbeidh siad ag measúnú inmharthanacht líne nua. Laghdóidh an rochtain níos fearr ar chríochfoirt an mhoill a bhaineann le rochtain ar chríochfoirt a thabhairt do ghnóthais agus beidh ar a gcumas na línte nua cóiste a thosú níos luaithe agus dá réir sin ioncam incriminteach a fháil níos tapa. Ar deireadh, nuair a fhaightear réidh leis an bhfoirm thurais tiocfaidh laghdú ar an obair riaracháin a bheidh le déanamh ag an iompróir.
•Cearta bunúsacha
Urramaítear sa togra seo na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon impleachtaí ag an togra seo do bhuiséad an Aontais.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus meastóireacht ar chur chun feidhme agus ar éifeachtúlacht an Rialacháin. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar fáil ar chur chun feidhme agus ar thionchair an Rialacháin seo cúig bliana ar a dhéanaí tar éis an dáta a dtiocfaidh sé i bhfeidhm. De bhrí go ndéanfar leis margaí náisiúnta a léirscaoileadh i gcomhair seirbhísí tráthrialta cóiste agus bus, táthar ag súil go bhfeidhmeoidh an margadh iompair paisinéirí de bhóthar ar bhealach níos fearr mar thoradh ar an Rialachán seo. Tá an fhaisnéis iomchuí le bailiú ó údaráis inniúla náisiúnta agus trí shuirbhé i measc oibreoirí iompair paisinéirí de bhóthar.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Is iad seo a leanas príomheilimintí an togra:
Caibidil I – FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1 – Raon Feidhme
Faoi láthair áirítear in Airteagal 1(4) seirbhísí náisiúnta iompair paisinéirí de bhóthar ar fruiliú nó ar airgead arna noibriú ag iompróir neamhchónaitheach ar bhonn sealadach laistigh de raon feidhme an Rialacháin. Tá sé beartaithe an fhoráil sin a leasú le go náireofaí laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo na seirbhísí tráthrialta go léir ar fruiliú agus ar luaíocht arna noibriú ag iompróir neamhchónaitheach.
Airteagal 2 – Sainmhínithe
Tá sé beartaithe pointe 2 a leasú chun a shoiléiriú go measfar gur seirbhísí tráthrialta iad mearsheirbhísí.
Tá sé beartaithe pointe 7 a leasú chun an sainmhíniú a thabhairt cothrom le dáta tar éis na seirbhísí tráthrialta náisiúnta a léirscaoileadh.
Tá sé beartaithe sainmhínithe nua ar chríochfort agus ar oibreoir críochfoirt a chur isteach. Is gá na sainmhínithe sin sula bhféadfar rochtain ar chríochfoirt a rialáil.
Tá sé beartaithe sainmhíniú nua ar mhalairt inmharthana a chur isteach chun a shoiléiriú cad é (iad) an críochfort (na críochfoirt) eile ba cheart don oibreoir críochfoirt a léiriú don iompróir nuair a dhiúltaíonn sé rochtain ar a chríochfort féin.
Airteagal 3a – Comhlacht rialála
Tá sé beartaithe Airteagal nua a chur isteach lena gcuirtear ceangal ar na Ballstáit comhlacht rialála a ainmniú ar cheart dó bheith neamhspleách ar aon údarás poiblí eile. Is é is cuspóir leis an gceanglas sin aon choinbhleacht leasa a sheachaint nuair atá anailís eacnamaíoch á reáchtáil ag comhlacht rialála chun a chinneadh an bhfuiltear ag cur as do chothromaíocht eacnamaíoch i dtaca le conradh seirbhíse poiblí, nó nuair atá an comhlacht rialála ag feidhmiú mar chomhlacht achomhairc maidir le rochtain ar chríochfoirt. Is féidir gur comhlacht nua nó comhlacht atá ann cheana é an comhlacht ainmnithe. Ba cheart cur lena neamhspleáchas trí na nósanna imeachta maidir le ceapadh na foirne. Ba cheart don chomhlacht bheith ábalta an fhaisnéis a iarradh a fháil agus a chuid cinntí a fhorfheidhmiú le pionóis iomchuí. Ar deireadh, ba cheart méid an chomhlachta rialála i ngach Ballstát a bheith i gcomhréir le leibhéal na ngníomhaíochtaí iompair paisinéirí de bhóthar sa Bhallstát sin.
CAIBIDIL II – CEADÚNAS COMHPHOBAIL AGUS ROCHTAIN AR AN MARGADH
Airteagal 5 – Rochtain ar an margadh
Tá sé beartaithe fomhír a cúig d’Airteagal 5(3) a scriosadh mar go meastar nach bhfuil an ceanglas go gcuirfí ainmneacha na niompróirí agus a gcuid nascphointí ar an mbealach in iúl do na húdaráis inniúla ábhartha níos mó agus go gcruthaítear ualach riaracháin nach bhfuil gá leis dá bharr sin.
Airteagal 5a – Rochtain ar chríochfoirt
Tá sé beartaithe Airteagal nua a chur isteach lena gceanglaítear go dtabharfar rochtain ar chríochfoirt d’iompróirí ar théarmaí atá cóir, cothrom, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach ar mhaithe le seirbhísí tráthrialta a oibriú. Ba cheart na coinníollacha a bhaineann le rochtain ar chríochfoirt a fhoilsiú.
Airteagal 5b – An nós imeachta um rochtain ar chríochfoirt a dheonú
Tá sé beartaithe Airteagal nua a chur isteach chun an nós imeachta um rochtain a fháil ar chríochfoirt a sholáthar. Níor cheart iarratais ar rochtain a dhiúltú ach amháin i gcás ina bhfuil easpa acmhainne ann sa chríochfort. Ní mór cinntí maidir le hiarratais ar rochtain a dhéanamh laistigh de dhá mhí agus beidh ráiteas cuí ar chúiseanna iontu. Beidh deis ag iompróirí achomharc i gcoinne cinntí a dhéanamh os comhair an chomhlachta rialála. Ba cheart cinneadh an chomhlachta rialála a bheith ceangailteach.
CAIBIDIL III – SEIRBHÍSÍ TRÁTHRIALTA ATÁ FAOI RÉIR ÚDARAITHE
Airteagal 8 – An nós imeachta um údarú maidir le hiompar idirnáisiúnta paisinéirí thar achar is lú ná 100 ciliméadar díreach trasna na tíre.
Leasaítear Airteagal 8 chun an nós imeachta údaraithe a sholáthar i gcomhair seirbhísí tráthrialta idirnáisiúnta a iompraíonn paisinéirí thar achar is lú ná 100 ciliméadar díreach trasna na tíre. Ceanglaítear ar údaráis um údarú comhaontú na mBallstát eile a lorg i gcás ina ndéantar paisinéirí a bhailiú agus a scaoileadh amach agus a iompar thar achair is lú ná 100 ciliméadar. Tabharfar údaruithe mura bhfuil údar lena ndiúltú ar na forais atá sonraithe go soiléir. Mura féidir leis na húdaráis inniúla teacht ar chomhaontú maidir leis an údarú, féadfar an cás a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ceanglaítear ar an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh agus beidh feidhm ag an gcinneadh sin go dtí go nglacfaidh an túdarás um údarú a chinneadh.
Airteagal 8a – An nós imeachta um údarú maidir le hiompar idirnáisiúnta paisinéirí thar achar 100 ciliméadar nó níos mó díreach trasna na tíre.
Cuirtear Airteagal 8a isteach chun an nós imeachta a sholáthar chun údarú a thabhairt do sheirbhísí tráthrialta idirnáisiúnta a iompraíonn paisinéirí thar achair 100 ciliméadar díreach trasna na tíre. Ní féidir a thabhairt mar údar le diúltú seirbhíse nua go gcuirfeadh sí as don chothromaíocht eacnamaíoch i dtaca le conradh seirbhíse poiblí.
Airteagal 8b – An nós imeachta um údarú maidir le seirbhísí tráthrialta náisiúnta
Tá sé beartaithe Airteagal 8b a chur isteach chun an nós imeachta um údarú maidir le seirbhísí tráthrialta náisiúnta a sholáthar. Is féidir údarú i gcomhair seirbhís nua a iompraíonn paisinéirí thar achar is lú ná 100 ciliméadar díreach trasna na tíre a dhiúltú má chuireann sí as don chothromaíocht eacnamaíoch i dtaca le conradh seirbhíse poiblí. De bhrí go bhfuil éagsúlachtaí ag baint leis an gcaoi a neagraíonn na Ballstáit na modhanna éagsúla iompair phoiblí ar a gcríocha agus go mbaineann dálaí geografacha éagsúla leis na Ballstáit, féadfar an tairseach achair a mhéadú suas le 120 ciliméadar má tá sé beartaithe go bhfreastalódh an tseirbhís nua ar áit imeachta agus ar cheann scríbedá bhfónann níos mó ná conradh seirbhíse poiblí amháin cheana féin.
Airteagal 8c – Cinntí ó na húdaráis um údarú
Tá sé beartaithe Airteagal 8c a chur isteach chun na cinntí ó chomhlachtaí um údarú a shonrú. Foráiltear leis go bhféadfaidh údaráis um údarú údaruithe a thabhairt, údaruithe a bhfuil teorainneacha ag gabháil leo a thabhairt, nó údaruithe a dhiúltú. Ceanglaítear leis go mbeadh údar le cinntí a dhiúltaíonn údaruithe, nó a thugann údaruithe a bhfuil teorainneacha ag gabháil leo. Sonraítear leis na forais le hiarratas a dhiúltú.
Airteagal 8d – Teorainn leis an gceart rochtana
Tá sé beartaithe Airteagal 8d a chur isteach chun an nós imeachta a sholáthar le haghaidh cosaint conarthaí seirbhíse poiblí. Féadfaidh na Ballstáit iarratais ar údaruithe a dhiúltú má chuireann siad as don chothromaíocht eacnamaíoch i dtaca le conradh seirbhíse poiblí. Ní fhéadfaidh ach páirtithe leasmhara sonraithe iarraidh ar an gcomhlacht rialála anailís eacnamaíoch a dhéanamh. Is féidir leis an gcomhlacht rialála a chinneadh gur féidir an túdarú a thabhairt, é a thabhairt faoi réir coinníollacha, nó é a dhiúltú. Ba cheart conclúidí an chomhlachta rialála a bheith ceangailteach.
CAIBIDIL IV – SEIRBHÍSÍ TRÁTHRIALTA SPEISIALTA ATÁ DÍOLMHAITHE Ó ÚDARÚ
Airteagal 12 – Doiciméid rialaithe
Tá sé beartaithe Airteagal 12 (1) go (5) a scriosadh agus deireadh a chur leis an bhfoirm thurais mar dhoiciméad rialaithe do sheirbhísí ócáideacha. Ba cheart go gcuirfeadh sé sin deireadh le hualach riaracháin neamhriachtanach.
Airteagal 13 – Aistir áitiúla
Tá sé beartaithe Airteagal 13 a scriosadh mar go bhfuil aistir áitiúla léirscaoilte faoi Airteagal 15 agus go bhfuil an tAirteagal seo iomarcach dá réir.
Caibidil V - CABATÁISTE
Airteagal 15 – Oibríochtaí údaraithe cabatáiste
Tá sé beartaithe an tAirteagal seo a leasú lena shonrú go scriosfar an ceanglas go gcaithfí seirbhísí tráthrialta a fheidhmiú mar chuid de sheirbhís thráthrialta idirnáisiúnta agus an cosc ar oibríochtaí cabatáiste i bhfoirm seirbhísí tráthrialta atá á bhfeidhmiú go neamhspleách ar sheirbhís thráthrialta. Oibríocht údaraithe chabatáiste is ea aistir áitiúla agus tá siad cumhdaithe faoi fhomhír (b).
Airteagal 17 – Doiciméid rialaithe le haghaidh oibríochtaí iompair cabatáiste
Tá sé beartaithe Airteagal 17 a scriosadh sa chaoi nach mbeidh foirmeacha turais riachtanach a thuilleadh i gcomhair oibríochtaí cabatáiste i bhfoirm seirbhísí ócáideacha. Sonraítear in Airteagal 12(6) na doiciméid rialaithe i gcomhair seirbhísí tráthrialta speisialta.
CAIBIDIL VI – RIALUITHE AGUS PIONÓIS
Airteagal 19 – Imscrúduithe ar an mbóthar agus i ngnóthais
Tá sé beartaithe a shonrú in Airteagal 19(2) go mbeidh sé de cheangal ar iompróirí a sheolann oibríochtaí cabatáiste i bhfoirm seirbhísí tráthrialta imscrúduithe a cheadú mar go mbeidh cead ag na seirbhísí sin oibriú go neamhspleách ar iompar idirnáisiúnta paisinéirí a oibriú.
Caibidil VII – CUR CHUN FEIDHME
Airteagal 28 – Tuairisciú
Tá sé beartaithe oibleagáidí tuairiscithe a leagan síos ionas go mbeidh faisnéis chomhsheasmhach iontaofa ag an gCoimisiún ó na Ballstáit go léir chun go mbeidh ar a chumas faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar éifeachtúlacht na reachtaíochta. Foráiltear le dréacht nua de mhír 5 go dtuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle laistigh de chúig bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin maidir lena mhéid a chuir an Rialachán le feidhmiú níos fearr an mhargaidh iompair paisinéirí de bhóthar.
2017/0288 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)Tá sé léirithe ag cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle go bhfuil constaicí roimh oibreoirí i margaí náisiúnta i dtaca le seirbhísí cóiste idiruirbeacha a fhorbairt. Thairis sin, níor choinnigh seirbhísí iompair paisinéirí de bhóthar suas le riachtanais na saoránach agus na riachtanais sin ag athrú i dtaca le hinfhaighteacht agus cáilíocht agus fós féin is beag an cion módachatá ag modhanna iompair inbhuanaithe. Mar thoradh air sin, cuirtear grúpaí áirithe saoránach faoi mhíbhuntáiste maidir le seirbhísí iompair paisinéirí a bheith ar fáil dóibh, agus is mó timpistí bóthair, astaíochtaí agus brú tráchta atá ann toisc carranna a bheith á núsáid níos mó.
(2)Chun creat comhsheasmhach a áirithiú maidir le hiompar idiruirbeach paisinéirí ag seirbhísí tráthrialta cóiste agus bus ar fud an Aontais, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 maidir leis an iompar idiruirbeach uile ag seirbhísí tráthrialta. Dá bhrí sin, ba cheart raon feidhme an Rialacháin sin a leathnú.
(3)Ba cheart comhlacht rialála atá neamhspleách agus neamhchlaonta a ainmniú i ngach Ballstát lena áirithiú go bhfeidhmeoidh an margadh iompair paisinéirí de bhóthar mar is ceart. Féadfaidh an comhlacht sin bheith freagrach freisin as earnálacha rialáilte eile amhail iarnróid, fuinneamh agus teileachumarsáid.
(4)Níor cheart oibríochtaí seirbhíse tráthrialta ar bhonn tráchtála cur as don chothromaíocht eacnamaíoch i dtaca leis na conarthaí seirbhíse poiblí atá ann cheana. Ar an gcúis sin, ba cheart don chomhlacht rialála bheith ábalta anailís eacnamaíoch a dhéanamh lena áirithiú gur mar sin atá.
(5)Ba cheart seirbhísí tráthrialta i bhfoirm oibríochtaí cabatáiste a bheith ag brath ar sheilbh ceadúnais Comhphobail. Ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar na rialacha maidir le heisiúint ceadúnas Comhphobail, chun rialuithe éifeachtacha ar na seirbhísí sin ag údaráis feidhmiúcháin a éascú.
(6)Chun iomaíocht chóir sa mhargadh a áirithiú, ba cheart cearta rochtana ar chríochfoirt san Aontas a chur ar fáil d’oibreoirí seirbhísí tráthrialta ar théarmaí atá cóir, cothrom, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach. Achomhairc in aghaidh cinntí lena ndiúltaítear rochtain nó lena gcuirtear teorainn le rochtain, ba cheart iad a thaisceadh leis an gcomhlacht rialála.
(7)Cé go gcoinneofar an túdarú le haghaidh seirbhísí tráthrialta, ba cheart rialacha áirithe maidir leis an nós imeachta údaraithe a oiriúnú.
(8)Ba cheart údarú i gcomhair seirbhísí tráthrialta idirnáisiúnta a bheith faoi réir nós imeachta údaraithe. Ba cheart údarú a thabhairt ach amháin i gcás ina bhfuil forais shonracha ann lena dhiúltú atá inchurtha i leith an iarratasóra nó i gcás ina gcuirfeadh an tseirbhís as don chothromaíocht eacnamaíoch i dtaca le conradh seirbhíse poiblí. Ba cheart tairseach achair a thabhairt isteach lena áirithiú nach gcuirfidh oibríochtaí seirbhísí tráthrialta ar bhonn tráchtála as don chothromaíocht eacnamaíoch i dtaca le conarthaí seirbhíse poiblí atá ann cheana. I gcás bealaí dá bhfónann breis agus conradh seirbhíse poiblí amháin cheana féin, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann chun an tairseach sin a ardú.
(9)Ba cheart d’iompróirí neamhchónaitheacha seirbhísí tráthrialta náisiúnta bheith in ann oibriú faoi na coinníollacha céanna a noibríonn iompróirí cónaitheacha fúthu.
(10)Ba cheart foirmiúlachtaí riaracháin a laghdú a mhéid is féidir gan fáil réidh leis na rialuithe agus na pionóis lena ráthaítear cur i bhfeidhm cuí agus cur i ngníomh éifeachtach Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009. Ualach riaracháin neamhriachtanach is ea an fhoirm thurais agus dá bhrí sin ba cheart deireadh a chur léi.
(11)Oibríocht údaraithe chabatáiste is ea aistir áitiúla agus tá siad cumhdaithe faoi na rialacha ginearálta ar chabatáiste. Dá bhrí sin, ba cheart an tairteagal maidir le haistir áitiúla a scriosadh.
(12)I bhfianaise na tábhachta a bhaineann le forfheidhmiú éifeachtach Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, ba cheart na rialacha maidir le himscrúduithe cois bóthair agus i ngnóthais a leasú chun oibríochtaí cabatáiste a chur san áireamh.
(13)Sa mhéid go gcomhchuibhítear leis an Rialachán seo na rialacha i margaí náisiúnta le haghaidh seirbhísí tráthrialta cóiste agus bus chomh maith le rochtain ar chríochfoirt, ní féidir leis na Ballstáit na cuspóirí atá leis, mar atá soghluaisteacht idiruirbeach a chur chun cinn agus méadú a chur ar an gcion módach atá ag modhanna inbhuanaithe i gcomhair iompar paisinéirí, a bhaint amach go leordhóthanach. Dá bhrí sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí atáthar a shaothrú a ghnóthú.
(14)Chun forbairtí ar an margadh agus dul chun cinn teicniúil a chur san áireamh ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 a leasú, agus an Rialachán sin a fhorlíonadh le rialacha a bhaineann le formáid na ndeimhnithe d’oibríochtaí iompair féinchuntais, le formáid na niarratas ar údaruithe agus na núdaruithe iad féin, leis an nós imeachta agus na critéir atá le leanúint lena chinneadh cé acu a chuirfeadh nó nach gcuirfeadh seirbhís atá beartaithe as do chothromaíocht eacnamaíoch i dtaca le conradh seirbhíse poiblí, chomh maith le hoibleagáidí tuairiscithe na mBallstát. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na doiciméid uile a fháil ag an am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus ba cheart rochtain chórasach a bheith ag saineolaithe Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar chruinnithe ghrúpa saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(15)Ba cheart, dá réir sin, Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 a leasú,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 mar a leanas:
(1)
in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
“4.
Beidh feidhm ag an Rialachán seo i leith seirbhísí náisiúnta iompair paisinéirí de bhóthar ar fruiliú nó ar airgead arna noibriú ag iompróir neamhchónaitheach dá bhforáiltear i gCaibidil V.”;
(2)
Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
(a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:
“2.
ciallaíonn ‘seirbhísí tráthrialta’ seirbhísí a chuireann iompar paisinéirí ar fáil ag eatraimh shonraithe feadh bealaí sonraithe, le pointí stad idirmheánacha nó gan pointí stad idirmheánacha, nó le paisinéirí á mbailiú agus á scaoileadh amach ag pointí stad réamhshocraithe;”;
(b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 7:
“7.
ciallaíonn ‘oibríocht chabatáiste’ seirbhís náisiúnta iompair paisinéirí de bhóthar a oibrítear ar fruiliú nó ar airgead i mBallstát óstach;”;
(c)
cuirtear isteach pointe 9 go dtí pointe 11 mar a leanas:
“9.
ciallaíonn ‘críochfort’ aon áis a bhfuil achar 600 m2 ar a laghad inti, a chuireann áit pháirceála ar fáil a úsáideann cóistí agus busanna chun paisinéirí a scaoileadh amach nó a bhailiú;
10.
ciallaíonn ‘oibreoir críochfoirt’ aon eintiteas atá freagrach as rochtain a thabhairt ar chríochfort;
11.
ciallaíonn ‘malairt inmharthana’ críochfort eile atá inghlactha go heacnamaíoch ag an iompróir, agus a chuireann ar a chumas dó an tseirbhís paisinéara lena mbaineann a oibriú.”;
(3)
cuirtear isteach an tAirteagal 3a seo a leanas roimh Chaibidil II:
“Airteagal 3a
Comhlacht rialála
1.
Ainmneoidh gach Ballstát comhlacht náisiúnta rialála amháin don earnáil iompair paisinéirí de bhóthar. Beidh an comhlacht sin ina údarás neamhchlaonta a bheidh, i dtéarmaí eagraíochtúla, feidhmiúla, ordlathacha agus cinnteoireachta, leithleach go dlíthiúil ó aon eintiteas poiblí nó príobháideach eile agus neamhspleách ar aon eintiteas den sórt sin. Beidh sé neamhspleách ar aon údarás inniúil a bhfuil baint aige le conradh seirbhíse poiblí a bhronnadh.
Féadfaidh an comhlacht rialála bheith freagrach as earnálacha rialáilte eile.
2.
Beidh ag an gcomhlacht rialála don earnáil iompair paisinéirí de bhóthar an cumas eagraíochtúil is gá ó thaobh acmhainní daonna agus eile de, agus beidh an cumas sin i gcomhréir le tábhacht na hearnála sin sa Bhallstát lena mbaineann.
3.
Comhlíonfaidh an comhlacht rialála na cúraimí seo a leanas:
(a)anailís eacnamaíoch a dhéanamh ar cé acu a chuirfeadh nó nach gcuirfeadh seirbhís nua a bheifí a bheartú as don chothromaíocht eacnamaíoch i dtaca le conradh seirbhíse poiblí;
(b)faisnéis maidir le rochtain ar chríochfoirt a bhailiú agus a sholáthar; agus
(c)cinneadh a dhéanamh maidir le hachomhairc in aghaidh cinntí oibreoirí críochfoirt.
4.
Féadfaidh an comhlacht rialála, agus a chuid cúramaí á gcomhlíonadh aige, faisnéis iomchuí a iarraidh ó na húdaráis inniúla, ó oibreoirí críochfoirt, ó iarratasóirí ar údarú agus ó aon tríú páirtí atá rannpháirteach laistigh de chríoch an Bhallstáit lena mbaineann.
Cuirfear an fhaisnéis a iarradh ar fáil laistigh de thréimhse réasúnach a shocróidh an comhlacht rialála agus nach rachaidh thar mhí amháin. I gcásanna a bhfuil údar leo, féadfaidh an comhlacht rialála síneadh nach faide ná dhá sheachtain a chur leis an teorainn ama chun faisnéis a chur isteach. Beidh sé de chumas ag an gcomhlacht rialála iarratais ar fhaisnéis a fhorfheidhmiú le pionóis atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
5.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cinntí a dhéanfaidh an comhlacht rialála faoi réir athbhreithniú breithiúnach. Ní fhéadfaidh éifeacht fionraíochta a bheith ag an athbhreithniú sin ach amháin i gcás ina bhféadfaí damáistí doleigheasta nó damáistí iomarcacha follasacha a dhéanamh don achomharcóir mar thoradh díreach ar chinneadh an chomhlachta rialála. Tá an fhoráil sin gan dochar do na cumhachtaí atá ag an gcúirt a éistfidh an tachomharc, de réir dhlí bunreachtúil an Bhallstáit lena mbaineann.
6.
Déanfar na cinntí a ghlacann an comhlacht rialála a phoibliú.”;
(4)
Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:
(a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“1.
Cuirfear iompar idirnáisiúnta paisinéirí agus oibríochtaí cabatáiste cóiste agus bus i gcrích faoi réir seilbh ar cheadúnas Comhphobail a eiseoidh na húdaráis inniúla sa Bhallstát bunaíochta.”;
(b)
i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:
“Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 lena leasaítear Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II chun iad a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil”;
(5)
Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:
(a)
i mír 3, scriostar an cúigiú fomhír;
(b)
i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:
“Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 lena leagtar síos formáid na ndeimhnithe.”;
(6)
cuirtear isteach an tAirteagal 5a seo a leanas:
“Airteagal 5a
Rochtain ar chríochfoirt
1.
Tabharfaidh oibreoirí críochfoirt cearta rochtana ar chríochfoirt d’iompróirí chun críche seirbhísí tráthrialta a oibriú, lena náirítear rochtain ar aon saoráidí nó aon seirbhísí a chuirtear ar fáil sa chríochfort sin ar théarmaí atá cóir, cothrom, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach.
2.
Déanfaidh oibreoirí críochfoirt iarracht freastal ar gach iarraidh ar rochtain chun a áirithiú go mbainfear an úsáid is fearr is féidir as críochfoirt.
Ní fhéadfar iarratais ar rochtain a dhiúltú ach amháin ar an bhforas go bhfuil easpa acmhainne sa chríochfort.
Nuair a dhiúltóidh oibreoir críochfoirt iarraidh ar rochtain, déanfaidh sé aon mhalairtí inmharthana a léiriú.
3.
Foilseoidh oibreoirí críochfoirt an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad in dhá cheann nó níos mó de theangacha oifigiúla an Aontais:
(a) liosta de na seirbhísí go léir a chuirtear ar fáil, agus na praghsanna atá ar na seirbhísí sin;
(b) na rialacha a bhaineann le leithdháileadh na hacmhainne a sceidealú;
(c) an tráthchlár reatha agus leithdháileadh na hacmhainne.
Cuirfidh an toibreoir críochfoirt agus an comhlacht rialála an fhaisnéis sin ar fáil saor in aisce i bhformáid leictreonach arna iarraidh sin, agus i gcás ina bhfuil suíomhanna gréasáin acu, ar na suíomhanna gréasáin sin.
Coinneofar an fhaisnéis cothrom le dáta agus déanfar í a leasú de réir mar is gá.”;
(7)
cuirtear isteach an tAirteagal 5b seo a leanas:
“Airteagal 5b
An nós imeachta um rochtain ar chríochfoirt a dheonú
1.
Cuirfidh iompróir atá ag lorg rochtain ar chríochfort iarratas faoi bhráid an oibreora críochfoirt.
2.
Mura féidir rochtain a thabhairt faoi mar a iarradh san iarratas, déanfaidh an toibreoir críochfoirt comhairliúcháin a thionscnamh leis na hiompróirí leasmhara go léir d’fhonn freastal ar an iarratas.
3.
Déanfaidh an toibreoir críochfoirt cinneadh maidir le haon iarratas ar rochtain ar chríochfort laistigh de dhá mhí ón dáta a gcuirfidh an tiompróir an tiarratas faoina bhráid. Luafar i gcinntí maidir le rochtain na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe.
4.
Féadfaidh iarratasóirí achomharc a dhéanamh in aghaidh na gcinntí a dhéanfaidh oibreoirí críochfoirt. Déanfar na hachomhairc a thaisceadh leis an gcomhlacht rialála.
5.
I gcás ina néistfidh comhlacht rialála achomharc in aghaidh cinnidh a rinne oibreoir críochfoirt, glacfaidh sé cinneadh réasúnaithe laistigh de thráthchlár socraithe agus, in aon chás, laistigh de thrí seachtaine ón uair a gheofar gach faisnéis iomchuí.
Beidh cinneadh an chomhlachta rialála i dtaca leis an achomharc ceangailteach. Beidh sé de chumas ag an gcomhlacht rialála é a fhorfheidhmiú le pionóis atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
Is faoi réir athbhreithniú breithiúnach, agus faoi sin amháin, a bheidh an cinneadh.”;
(7)
Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:
(a)
i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad chéad abairt na chéad fhomhíre:
“Is in ainm an iompróra a eiseofar na húdaruithe, i bhformáid pháipéir nó i bhformáid leictreonach, agus beidh siad neamh-inaistrithe.”;
(b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
“4.
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 lena leagtar síos formáid na núdaruithe.”;
(8)
Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:
(a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus in ionad mhír 2:
“1.
Cuirfear iarratais ar údarú maidir le seirbhísí tráthrialta faoi bhráid an údaráis um údarú i bhformáid pháipéir nó i bhformáid leictreonach.
2.
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 lena leagtar síos formáid na niarratas.”;
(9)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:
“Airteagal 8
An nós imeachta údaraithe maidir le hiompar idirnáisiúnta paisinéirí thar achar is lú ná 100 ciliméadar díreach trasna na tíre.
1.
Eiseofar údaruithe le comhaontú na núdarás inniúil sna Ballstáit uile ar ar a gcríoch a dhéantar paisinéirí a bhailiú agus a scaoileadh amach agus a iompar thar achair is lú ná 100 ciliméadar díreach trasna na tíre. Laistigh de dhá sheachtain ón uair a gheofar an tiarratas, cuirfidh an túdarás um údarú cóip den iarratas, maille le cóipeanna d’aon doiciméid ábhartha eile, chuig na húdaráis inniúla sin maille le hiarraidh ar a gcomhaontú. Ag an am céanna, cuirfidh an túdarás um údarú na doiciméid sin ar aghaidh chuig na húdaráis inniúla sna Ballstáit eile, a dtrasnaítear a gcríocha, mar eolas.
2.
Údaráis inniúla na mBallstát ar iarradh a gcomhaontú, cuirfidh siad a gcinneadh in iúl don údarás um údarú laistigh de thrí mhí. Ríomhfar an teorainn ama ó dháta fála na hiarrata ar chomhaontú, dáta a mbeidh an admháil fála ina léiriú air. Mura gcomhaontóidh údaráis inniúla na mBallstát ar iarradh a gcomhaontú, sonróidh siad na cúiseanna leis sin.
Mura dtabharfaidh údaráis inniúla na mBallstát ar iarradh a gcomhaontú freagra laistigh den teorainn ama a leagtar síos sa chéad fhomhír, measfar go bhfuil siad ag comhaontú.
3.
Déanfaidh an túdarás um údarú cinneadh maidir leis an iarratas laistigh de cheithre mhí ón dáta a gcuirfidh an tiompróir an tiarratas faoina bhráid.
4.
Tabharfar an túdarú ach amháin más féidir a léiriú go bhfuil údar lena dhiúltú ar cheann amháin nó níos mó de na forais a liostaítear i bpointe (a) go pointe (d) d’Airteagal 8c(2).
5.
Mura naontaíonn ceann de na húdaráis inniúla leis an údarú, féadfar an cás a chur faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de dhá mhí ón uair a gheobhaidh sé freagra uaidh.
6.
Tar éis dó dul i gcomhairle le Ballstáit na núdarás inniúil a d’easaontaigh, glacfaidh an Coimisiún cinneadh laistigh de cheithre mhí ón uair a gheobhaidh sé an teachtaireacht ón údarás um údarú. Beidh éifeacht ag an gcinneadh 30 lá tar éis do fhógra a bheith tugtha faoi do na Ballstáit lena mbaineann.
7.
Beidh feidhm ag cinneadh an Choimisiúin go dtí go dtiocfaidh na Ballstáit ar chomhaontú agus go nglacfaidh an túdarás um údarú cinneadh maidir leis an iarratas.
(10)
cuirtear isteach Airteagal 8a go hAirteagal 8d mar a leanas:
“Airteagal 8a
An nós imeachta údaraithe maidir le hiompar idirnáisiúnta paisinéirí thar achar 100 ciliméadar nó níos mó díreach trasna na tíre.
1.
Déanfaidh an túdarás um údarú cinneadh maidir leis an iarratas laistigh de dhá mhí ón dáta a gcuirfidh an tiompróir an tiarratas faoina bhráid.
2.
Tabharfar an túdarú ach amháin más féidir a léiriú go bhfuil údar lena dhiúltú ar cheann amháin nó níos mó de na forais a liostaítear i bpointe (a) go pointe (c) d’Airteagal 8c(2).
3.
Cuirfidh an túdarás um údarú, mar eolas, cóip den iarratas maille le cóipeanna d’aon doiciméid ábhartha eile agus a mheasúnú, chuig údaráis inniúla na mBallstát uile a dhéantar paisinéirí a bhailiú nó a scaoileadh amach ar a gcríocha, agus chuig údaráis inniúla na mBallstát a dtrasnaítear a gcríocha gan paisinéirí a bhailiú nó a scaoileadh amach.
Airteagal 8b
An nós imeachta údaraithe maidir le seirbhísí tráthrialta náisiúnta
1.
Déanfaidh an túdarás um údarú cinneadh maidir leis an iarratas laistigh de dhá mhí ón dáta a gcuirfidh an tiompróir an tiarratas faoina bhráid. Féadfar an tréimhse sin a shíneadh go ceithre mhí i gcás ina niarrfar anailís i gcomhréir le hAirteagal 8c(2)(d).
2.
Tabharfar údaruithe i gcomhair seirbhísí tráthrialta náisiúnta ach amháin más féidir a léiriú go bhfuil údar lena ndiúltú ar cheann amháin nó níos mó de na forais a liostaítear i bpointí (a) go (c) d’Airteagal 8c(2) agus, má tá an tseirbhís ag iompar paisinéirí thar achar is lú ná 100 ciliméadar díreach trasna na tíre, Airteagal 8c(2)(d).
3.
Féadfar an tachar dá dtagraítear i mír 2 a mhéadú go 120 ciliméadar más rud é go bhfreastalóidh an tseirbhís thráthrialta atá le tabhairt isteach ar phointe imeachta agus ar cheann scríbe dá bhfónann níos mó ná conradh seirbhíse poiblí amháin cheana féin.
Airteagal 8c
Cinntí ó údaráis um údarú
1.
De réir an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 8, in Airteagal 8a agus in Airteagal 8b, déanfaidh an túdarás um údarú an túdarú a thabhairt, an túdarú a thabhairt maille le teorainneacha nó an tiarratas a dhiúltú. Cuirfidh an túdarás um údarú a chinneadh in iúl do na húdaráis inniúla go léir dá dtagraítear in Airteagal 8(1).
2.
I gcinntí lena ndiúltófar iarratas agus i gcinntí lena dtabharfar údarú maille le teorainneacha, luafar na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe.
Tabharfar an túdarú ach amháin más féidir a léiriú go bhfuil údar lena dhiúltú ar cheann amháin nó níos mó de na forais seo a leanas:
(a)
nach bhfuil an tiarratasóir in ann an tseirbhís is ábhar don iarratas a chur ar fáil leis an trealamh atá le fáil aige go díreach;
(b)
nár chomhlíon an tiarratasóir an reachtaíocht náisiúnta nó idirnáisiúnta maidir leis an iompar de bhóthar, agus go háirithe na coinníollacha agus na ceanglais a bhaineann le húdaruithe le haghaidh seirbhísí idirnáisiúnta paisinéirí de bhóthar, nó go ndearna sé sáruithe tromchúiseacha ar reachtaíocht an Aontais maidir leis an iompar de bhóthar, go háirithe i dtaca leis na rialacha atá infheidhme ar fheithiclí agus ar thréimhsí tiomána agus ar thréimhsí sosa tiománaithe;
(c)
nár comhlíonadh, i gcás iarratas ar athnuachan ar údarú, coinníollacha an údaraithe;
(d)
go bhfuil sé deimhnithe ag comhlacht rialála ar bhonn anailís eacnamaíoch oibiachtúil go gcuirfeadh an tseirbhís as don chothromaíocht eacnamaíoch i dtaca le conradh seirbhíse poiblí.
Ní dhiúltóidh údaráis um údarú iarratas toisc na praghsanna atá á dtairiscint ag an iompróir a bheith níos ísle ná na praghsanna atá á dtairiscint ag iompróirí eile de bhóthar ná toisc an nasc atá i gceist a bheith á oibriú cheana féin ag iompróirí eile de bhóthar.
3.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cinntí a dhéanfaidh an túdarás um údarú faoi réir athbhreithniú breithiúnach. Ní fhéadfaidh éifeacht fionraíochta a bheith ag an athbhreithniú sin ach amháin i gcás ina bhféadfaí damáistí doleigheasta nó damáistí iomarcacha follasacha a dhéanamh don achomharcóir mar thoradh díreach ar chinneadh an údaráis um údarú. Tá an fhoráil sin gan dochar do na cumhachtaí atá ag an gcúirt a éistfidh an tachomharc, de réir dhlí bunreachtúil an Bhallstáit lena mbaineann.
Airteagal 8d
Teorainn le ceart rochtana
1.
Féadfaidh na Ballstáit teorainn a chur leis an gceart chun rochtana ar mhargadh idirnáisiúnta agus ar mhargadh náisiúnta na seirbhísí tráthrialta más rud é go niompródh an tseirbhís thráthrialta atá beartaithe paisinéirí thar achair is lú ná 100 ciliméadar díreach trasna na tíre agus go gcuirfeadh an tseirbhís as don chothromaíocht eacnamaíoch i dtaca le conradh seirbhíse poiblí.
2.
Féadfaidh na húdaráis inniúla a bhronn conradh seirbhíse poiblí nó na hoibreoirí seirbhíse poiblí a fheidhmíonn an conradh seirbhíse poiblí a iarraidh ar an gcomhlacht rialála anailís a dhéanamh maidir le cé acu a chuirfí nó nach gcuirfí as don chothromaíocht eacnamaíoch i dtaca le conradh seirbhíse poiblí.
Déanfaidh an comhlacht rialála scrúdú ar an iarratas agus cinnfidh sé an ndéanfaidh sé anailís eacnamaíoch. Cuirfidh sé a chinneadh in iúl do na páirtithe leasmhara.
3.
I gcás ina gcuirfidh an comhlacht rialála anailís eacnamaíoch i gcrích, cuirfidh sé torthaí na hanailíse sin chomh maith lena chuid cinntí in iúl do na páirtithe leasmhara go léir laistigh de shé seachtaine ón tráth a bhfaighidh sé an fhaisnéis ábhartha ar fad. Féadfaidh an comhlacht rialála a chinneadh go dtabharfar an túdarú, go dtabharfar é faoi réir coinníollacha, nó go ndiúltófar é.
Beidh cinntí an chomhlachta rialála ceangailteach ar na húdaráis um údarú.
4.
Soláthróidh na húdaráis inniúla agus na hoibreoirí seirbhíse poiblí don chomhlacht rialála an fhaisnéis atá riachtanach chun críocha mhír 2 agus mhír 3.
5.
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 lena leagtar síos an nós imeachta agus na critéir atá le leanúint maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo.”;
(11)
in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:
“Beidh feidhm ag Airteagail 8, 8a, 8b agus 8c mutatis mutandis, maidir le hiarratais ar athnuachan ar údaruithe nó maidir le hiarratais ar athrú ar na coinníollacha nach mór na seirbhísí atá faoi réir údarú a fheidhmiú dá réir.”;
(12)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil IV:
“SEIRBHÍSÍ TRÁTHRIALTA SPEISIALTA ATÁ DÍOLMHAITHE Ó ÚDARÚ”
(13)
in Airteagal 12, scriostar mír 1 go mír 5;
(14)
Scriostar Airteagal 13.
(15)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:
“Airteagal 15
Oibríochtaí údaraithe cabatáiste
Beidh oibríochtaí cabatáiste údaraithe i gcás na seirbhísí a leanas:
(a)seirbhísí tráthrialta speisialta a fheidhmítear ar bhonn sealadach ar choinníoll go bhfuil siad cumhdaithe ag conradh arna thabhairt i gcrích idir an teagraí agus an tiompróir;
(b)seirbhísí ócáideacha a fheidhmítear ar bhonn sealadach;
(c)seirbhísí tráthrialta a fheidhmítear i gcomhréir leis an Rialachán seo.”;
(16)
Scriostar Airteagal 17.
(17)
in Airteagal 19(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
“2.
Iompróirí atá ag déanamh cabatáiste nó iompar idirnáisiúnta paisinéirí de chóiste agus de bhus, ceadóidh siad gach imscrúdú lena bhfuil sé beartaithe a áirithiú go mbeidh na hoibríochtaí á stiúradh i gceart, go háirithe ó thaobh tréimhsí tiomána agus sosa de.”;
(18)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20:
“Airteagal 20
Cúnamh frithpháirteach
1.
Tabharfaidh na Ballstáit cúnamh dá chéile chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus an faireachán air, a áirithiú. Malartóidh siad faisnéis trí na pointí teagmhála náisiúnta arna mbunú de bhun Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009.
2.
Oibreoidh na comhlachtaí rialála i gcomhar nuair a bheidh anailísí eacnamaíocha á dhéanamh acu maidir le cé acu a chuirfeadh nó nach gcuirfeadh na seirbhísí tráthrialta atá beartaithe as do chonradh seirbhíse poiblí chun oibríochtaí iompair phoiblí a oibriú go hidirnáisiúnta. Rachaidh an túdarás um údarú i gcomhairle le comhlachtaí rialála na mBallstát uile eile trína ritheann an tseirbhís thráthrialta idirnáisiúnta lena mbaineann agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé an fhaisnéis ar fad is gá sula ndéanfaidh sé a chinneadh.”;
(19)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 26:
“Airteagal 26
An tarmligean a fheidhmiú
1.
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 4(2), 5(5), 6(4), 7(2), 8d(5) agus 28(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
3.
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 4(2), 5(5), 6(4), 7(2), 8d(5) agus 28(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.
Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 4(2), 5(5), 6(4), 7(2), 8d(5) agus 28(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
(20)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28:
“Airteagal 28
Tuairisciú
1.
Gach bliain, faoin 31 Eanáir ar a dhéanaí, agus den chéad uair faoin 31 Eanáir […an chéad Eanáir tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh na Ballstáit an líon údaruithe i gcomhair seirbhísí tráthrialta a eisíodh an bhliain roimhe sin in iúl don Choimisiún chomh maith leis an líon iomlán údaruithe i gcomhair seirbhísí tráthrialta a bhí bailí ar an 31 Nollaig an bhliain sin. Tabharfar an fhaisnéis sin ar leithligh do gach Ballstát is ceann scríbe don tseirbhís thráthrialta. Ina theannta sin, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún na sonraí a bhaineann le hoibríochtaí cabatáiste, i bhfoirm seirbhísí tráthrialta speisialta agus seirbhísí ócáideacha, a chuir iompróirí cónaitheacha i gcrích i gcaitheamh na bliana roimhe sin.
2.
Gach bliain, faoin 31 Eanáir ar a dhéanaí, agus den chéad uair faoin 31 Eanáir […an chéad Eanáir tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit staitisticí ar fáil don Choimisiún maidir leis an líon údaruithe a eisíodh i gcomhair oibríochtaí cabatáiste i bhfoirm seirbhísí tráthrialta dá dtagraítear in Airteagal 15(c) i gcaitheamh na bliana roimhe sin.
3.
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun an fhormáid a leagan síos le haghaidh an tábla lena gcuirfear in iúl na staitisticí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 agus na sonraí atá le soláthar.
4.
Gach bliain, faoin 31 Eanáir ar a dhéanaí, agus den chéad uair faoin 31 Eanáir […an chéad Eanáir tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún an líon iompróirí i seilbh ceadúnas Comhphobail an 31 Nollaig an bhliain roimhe sin chomh maith leis an líon cóipeanna deimhnithe a fhreagraíonn don líon feithiclí a bhí i gcúrsaíocht ar an dáta sin.
5.
Faoin [cuir isteach, le do thoil, an dáta arna ríomh 5 bliana tar éis chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Áireofar sa tuarascáil sin faisnéis maidir lena mhéid a chuir an Rialachán le feidhmiú níos fearr an mhargaidh iompair paisinéirí de bhóthar."
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh [an Rialachán seo] i bhfeidhm [an fichiú] lá [tar éis lá] a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón [XX]
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán