EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52017PC0257

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar amach na coinníollacha agus an nós imeachta trína bhféadfaidh an Coimisiún iarraidh ar ghnóthais agus ar chomhlachais gnóthas faisnéis a chur ar fáil i dtaca leis an margadh inmheánach agus le réimsí gaolmhara

COM/2017/0257 final - 2017/087 (COD)

An Bhruiséil,2.5.2017

COM(2017) 257 final

2017/0087(COD)

Compliance Package

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar amach na coinníollacha agus an nós imeachta trína bhféadfaidh an Coimisiún iarraidh ar ghnóthais agus ar chomhlachais gnóthas faisnéis a chur ar fáil i dtaca leis an margadh inmheánach agus le réimsí gaolmhara

{SWD(2017) 215 final}
{SWD(2017) 216 final}
{SWD(2017) 217 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is san Eoraip atá an margadh aonair 1 is mó ar domhan, áit a bhfuil an ceart chun obair, staidéar agus taisteal a dhéanamh ag saoránaigh agus gnólachtaí maille leis an gceart chun gnólacht a bhunú agus earraí agus seirbhísí a sholáthar thar theorainneacha. Ina theannta sin, tugtar le reachtaíocht an Aontais ráthaíochtaí maidir leis an tsláinte, an tslándáil agus le cosaint don chomhshaol agus cosaint tomhaltóirí. Chun a áirithiú go mbainfidh saoránaigh agus gnólachtaí tairbhe iomlán as na cearta seo agus go mbeidh muinín acu as an margadh aonair, is den riachtanas é go gcomhlíonfaí rialacha an Aontais. Dá bhrí sin, sa Teachtaireacht uaidh dar teideal Upgrading the Single Market: more opportunities for people and business [An Margadh Aonair a uasghrádú: tuilleadh deiseanna do dhaoine agus do ghnólachtaí] d'fhógair an Coimisiún go gcuirfeadh sé straitéis um fhorfheidhmiú cliste ar bun. Féachann an straitéis seo le ‘cur chuige iomlánaíoch’ a ghlacadh, ‘a chumhdaíonn gach céim de dhéanamh beartas, ó cheapadh agus cur chun feidhme beartais go céim na faisnéise, i gcomhréir leis an gcur chuige maidir le Rialáil níos fearr. Áirítear leis sin gnéithe measúnúcháin agus forfheidhmiúcháin a chomhtháthú níos fearr le ceapadh beartais, cúnamh agus treoracha níos fearr a thabhairt do na Ballstáit maidir le cur chun feidhme rialacha an mhargaidh aonair agus beartas forfheidhmiúcháin atá níos comhsheasmhaí agus níos éifeachtúla, a fhéachfaidh le comhlíonadh foriomlán rialacha an mhargaidh aonair agus dhlí an Aontais i gcoitinne a fheabhsú’. 2  

Rochtain thráthúil a fháil ar shonraí iontaofa, sin ceann de na deacrachtaí a bhíonn ann agus deimhin á dhéanamh de go bhfuil rialacha an margaidh inmheánaigh á gcomhlíonadh i gceart. Ar an ábhar sin, d'fhógair an Coimisiún go ‘molfadh sé tionscnamh rialála lena gceadófaí dó faisnéis iontaofa a bhailiú go díreach ó rannpháirtithe margaidh roghnaithe, d'fhonn feidhmiú an Mhargaidh Aonair a chosaint agus a fheabhsú 3 .

Ar an gcaoi chéanna, i dTeachtaireacht uaidh dar teideal EU Law: Better Results through Better Application [Dlí an Aontais Eorpaigh: Torthaí níos fearr a bhuí le cur chun feidhme níos fearr], leag an Coimisiún béim ar a thábhachtaí atá córas forfheidhmiúcháin atá láidir agus éifeachtúil agus chuir sé in iúl go dtacaíonn forfheidhmiú le tosaíochtaí beartais a bhaint amach agus go gcomhlánaíonn sé leis na tosaíochtaí sin a bhaint amach. Mhínigh sé go mbaineann a bheartas forfheidhmiúcháin reatha le monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus ar chur chun feidhme dhlí an Aontais, le fadhbanna sna Ballstáit a réiteach chun aon sárú féideartha dlí a leigheas, agus le caingean maidir le sárú a thionscnamh nuair is iomchuí 4 . Is dúshlán fós é cur i bhfeidhm ceart agus iomlán dhlí an Aontais a áirithiú, áfach. Dá bhrí sin, tá roinnt beart molta ag an gCoimisiún chun an córas forfheidhmiúcháin a neartú ar mhaithe le saoránaigh agus gnólachtaí agus chun a áirithiú go nurramófar a gcearta i leith an mhargaidh aonair. ‘Is tábhachtach le saoránaigh an Aontais forfheidhmiú éifeachtúil rialacha agus téann sé i gcion ar a saol laethúil’.

I gcásanna áirithe, is den riachtanas é go mbeadh rochtain ar fhaisnéis iontaofa maidir le hiompar rannpháirtithe margaidh, go háirithe faisnéis margaidh maidir le gnólachtaí príobháideacha, chun rialacha an mhargaidh inmheánaigh a fhorfheidhmiú. Ní hé is aidhm don togra seo cumhachtaí nua forfheidhmiúcháin a thabhairt don Choimisiún amhail cumhachtaí chun rannpháirtithe margaidh ar leith a thóraíocht de dheasca sáruithe ar dhlí an Aontais i réimse an mhargaidh inmheánaigh a rinne siad. Is é is aidhm don Rialachán cuidiú leis an gCoimisiún faireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh ar rialacha an mhargaidh inmheánaigh trína chur ar a chumas faisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil atá cuimsitheach agus iontaofa a fháil ó rannpháirtithe margaidh roghnaithe trí iarrataí an-spriocdhírithe ar fhaisnéis. Cuideoidh an Rialachán atá beartaithe leis an gCoimisiún a áirithiú go nurramófar cearta saoránach agus gnólachtaí i leith an mhargaidh aonair, agus cuideoidh sé an comhar leis na Ballstáit a neartú. Ina theannta sin, cuideoidh sé leis an gCoimisiún feabhsuithe a mholadh i gcás ina léiríonn measúnú go dtarlaíonn easnaimh forfheidhmiúcháin mar thoradh ar laigí sa reachtaíocht ábhartha earnálach 5 . Ceapadh an Rialachán atá beartaithe le haghaidh cásanna sonracha inar mó na buntáistí a bhaineann le forfheidhmiú gasta beacht ná an tualach agus na costais a leagtar ar na gnóthais nó ar na comhlachais gnóthas lena mbaineann.

Úsáidfear an uirlis nua sin i réimsí inar féidir leis an Aontas torthaí nithiúla atá an-tábhachtach do shaoránaigh agus do chomhlachtaí a bhaint amach. Le huirlisí forfheidhmiúcháin atá níos éifeachtúla beidh an an tAontas in ann bearta a dhéanamh agus comhlíonadh a áirithiú ar shlí atá níos tapúla agus níos éifeachtaí sna réimsí tosaíochtaí atá aige.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra comhsheasmhach le hAirteagal 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), lena leagtar amach bunú an mhargaidh inmheánaigh mar cheann de phríomhchuspóirí an Aontais, i gcomhar leis na Ballstáit. Ina theannta sin tá sé comhsheasmhach le hAirteagal 26 CAE, lena dtugtar cumhacht don Aontas bearta a ghlacadh chun a áirithiú go bhfeidhmíonn an margadh inmheánach i gceart, agus le hAirteagal 17 CAE, lena gcuirtear de chúram ar an gCoimisiún cur i bhfeidhm rialacha an Chonartha agus reachtaíocht thánaisteach an Aontais a áirithiú agus maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais. Ní hé is aidhm don togra seo nós imeachta nua a chruthú le haghaidh dlí an Aontais a fhorfheidhmiú. Ina ionad sin, féadfar an uirlis faisnéise atá beartaithe úsáid i gcomhthéacs na nósanna imeachta atá ann cheana, amhail an nós imeachta maidir le sárú a bheartaítear le hAirteagal 258 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá cumhachtaí imscrúdaitheacha ag an gCoimisiún cheana chun rialacha iomaíochta an Aontais atá riachtanach d'fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fhorfheidhmiú. Ba mhór an éifeacht a bhí le húsáid na gcumhachtaí sin chun cur i bhfeidhm na rialacha sin á áirithiú: mar shampla, i réimse na Státchabhrach, bhí an Coimisiún in ann faisnéis ríthábhachtach ar leibhéal gnólachta a bhailiú go díreach in dhá chás lena ngabhann mórthionchar, agus dá bhrí sin, aisghabhadh cánacha neamhíoctha i bhfoirm Státchabhair neamhdhleathach 6 .

Ina theannta sin, tá an togra seo comhsheasmhach le hionstraimí eile de chuid an Aontais a thugann an chumhacht do chomhlachtaí an Aontais nó d'údaráis náisiúnta faisnéis ar leibhéal gnólachta a bhailiú agus í a roinnt leis an gCoimisiún i réimsí áirithe a bhaineann leis an margadh inmheánach (e.g. cosaint tomhaltóirí, seirbhísí airgeadais, faireachas margaidh, tionscail líonra). Ní úsáidfidh an Coimisiún an Rialachán atá beartaithe ach amháin mar rogha dheiridh i gcás ina dteipeann ar bhealaí eile le faisnéis bhunriachtanach a fháil.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra seo bunaithe ar Airteagail 43(2), 91, 100, 114, 192, 194(2) agus 337 CFAE.

Foráiltear in Airteagal 337 CFAE do chumhacht an Choimisiúin aon fhaisnéis a chruinniú, faoi na teorainneacha agus na coinníollacha a bheidh leagtha síos ag an gComhairle, ag gníomhú di trí thromlach simplí, chun na cúraimí a chuirtear air a chomhlíonadh. Chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) cheana féin go bhféadfaidh an tAirteagal seo a bheith ina bhunús dlí do reachtaíocht thánaisteach a bhaineann le gníomhaíochtaí bailiúcháin i gcoitinne a dhéanann an Coimisiún, gan ceanglas a bheith ann gur gá bailiú den sórt sin a dhéanamh chun cuspóirí beart áirithe de chuid an Aontais a bhaint amach 7 . Chinn an Chúirt freisin, áfach, nach dtagann beart de chuid an Aontais faoi Airteagal 337 CFAE ar an ábhar go bhfuil sé dírithe ar chóras bailithe faisnéise a bhunú agus ar an ábhar sin amháin 8 . Mar sin, is gá scrúdú cúramach a dhéanamh i dtaobh an bhfuil gá leis an tionscnamh, ó thaobh aidhme agus ábhair de, d'fhonn na cuspóirí a bhaint amach a sannadh do bheart de chuid an Aontais. Is é is aidhm don tionscnamh seo feabhas a chur ar rochtain an Choimisiúin ar an bhfaisnéis margaidh atá riachtanach chun a gcúraimí a chur i gcrích faoi Airteagal 17 CAE, d'fhonn aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna tromchúiseacha a bhaineann le cur i bhfeidhm rialacha an mhargaidh inmheánaigh. Cuirfidh sin feabhas ar obair an Choimisiúin maidir le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais sa réimse sin. Dá bhrí sin, teastaíonn an tionscnamh seo chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh dá dtagraítear in Airteagal 26 CFAE a bhaint amach. Ar an gcúis sin, is gá Airteagal 337 CFAE a fhorlíonadh le bunús dlí an mhargaidh aonair, mar shampla Airteagal 114 CFAE, lena bhforáiltear do na bearta a ghlacadh atá riachtanach d'fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh. Dá ndéanfadh an Coimisiún obair níos fearr sa chomhthéacs sin b'fhéidir cosc a chur ar bhacainní a d'fhéadfadh teacht chun cinn i dtaca le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh 9 , rud atá ar cheann de na cuspóirí beartais a bheartaítear le hAirteagal 114 CFAE 10 . Dá bhrí sin, tá údar maith le hAirteagal 114 CFAE a roghnú chun Airteagal 337 CFAE a fhorlíonadh. Seachas Airteagal 114 CFAE, is iomchuí go núsáidfear Airteagail eile de chuid CFAE mar bhunús dlí sonrach breise d'fhonn réimsí an mhargaidh inmheánaigh a bhíonn ag brath ar airteagail áirithe de chuid CFAE maidir le gníomhaíocht reachtach a chumhdach: i.e. Airteagail 43 (earraí talmhaíochta), 91 agus 100 (iompar) nó 194 (fuinneamh); nó réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach: Airteagal 192 (comhshaol).

Úsáideadh Airteagal 114 agus Airteagal 337 CFAE ar bhonn comhpháirteach i ngníomh reachtach de chuid an Aontais roimhe seo lenar tugadh cumhachtaí bailithe faisnéise i réimse an mhargaidh inmheánaigh don Choimisiún: Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise 11 .

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Tá gníomhaíocht ón Aontas ag teastáil chun cur le rochtain an Choimisiúin ar an bhfaisnéis margaidh atá riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna tromchúiseacha maidir le dlí an Aontais a chur i bhfeidhm i réimse an mhargaidh inmheánaigh le linn dó a chúraimí a chomhall faoi Airteagal 17 CAE. Is rogha dheiridh é an uirlis faisnéise a bhunaítear leis an tionscnamh seo, nach núsáidfear ach amháin nuair a theipfidh ar na bealaí uile eile le faisnéis a fháil. Dá bhrí sin, ní úsáidfear an uirlis ach amháin i gcásanna nach néireodh le hidirghabháil náisiúnta, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gcásanna sin, agus gurbh fhearr ab fhéidir leis an Aontas gníomhú ina áit sin. Go háirithe, bainfear úsáid as an uirlis faisnéise nuair a bheidh tionchar ag na fadhbanna sin ar níos mó ná aon Bhallstát amháin agus nuair is gá faisnéis a bhailiú ar bhealach aonfhoirmeach comhsheasmhach ó oibreoirí margaidh áirithe i níos mó ná Ballstát amháin chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin. Le gníomhaíocht ón Aontas den sórt sin chomhlíonfaí an ceanglas riachtanais agus neartófaí cumas an Choimisiúin a áirithiú go nurramófaí dlí an Aontais i réimse an mhargaidh inmheánaigh.

Ó thaobh breisluacha de, déanfaidh an uirlis seo an comhar idir an Coimisiún agus na Ballstáit a shimpliú i gcásanna lena mbaineann gné láidir thrasteorann nuair atá gá le faisnéis ó rannpháirtithe margaidh atá ag feidhmiú i níos mó ná Ballstát amháin. Le gníomhaíocht ón Aontas den sórt sin d'fhéadfaí rochtain thráthúil a fháil ar an bhfaisnéis, áiritheofaí go raibh na sonraí trasteorann a bailíodh inchomparáide agus bheadh forfheidhmiú níos éifeachtúla mar thoradh uirthi, rud a laghdódh an tualach riaracháin ar na gnólachtaí agus ar na húdaráis phoiblí lena mbaineann.

Agus an oibleagáid atá ar an gCoimisiúin, ina cháil mar ‘chaomhnóir na gConarthaí’, chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais á urramú aige, ní bhaineann an tionscnamh seo ról tábhachtach na mBallstát, mar atá rialacha i réimsí an mhargaidh inmheánaigh nó i réimsí gaolmhara a chur i bhfeidhm, i gcomhar leis an gCoimisiún, ní bhaineann sé an ról sin de na Ballstáit. Beidh a gcumhachtaí imscrúdaitheacha féin fós acu agus beidh ar a gcumas cur leo go fóill féin. Ina theannta sin, beidh na Ballstáit páirteach i bhfeidhmiú an Rialacháin seo i gcásanna áirithe, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis idir an Coimisiún agus na Ballstáit.

Go háirithe, aon chinneadh ón gCoimisiún ina luaitear a rún an chumhacht chun faisnéis a iarraidh ar ghnóthais nó ar chomhlachais gnóthas faoin tionscnamh seo, tabharfar fógra ina leith don Bhallstát nó do na Ballstáit lena mbaineann. Ar a bharr sin, bunaítear leis an tionscnamh seo sásraí le faisnéis a roinnt idir an Coimisiún agus na Ballstáit i dtaca le hiarrataí ar fhaisnéis agus leis na freagraí a thugtar ar na hiarrataí sin, gan dochar i dtaobh rúndacht ghairmiúil.

Tá sé comhsheasmhach le CFAE freisin a mhéid a mheasann sé an Coimisiún a bheith in ann an fhaisnéis a bhailiú is gá chun a chuid cúraimí a chomhall, faoi na coinníollacha iomchuí arna socrú ag an gcumhacht reachtach.

Comhréireacht

Tá an togra comhréireach leis na cuspóirí arna saothrú agus ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun iad a ghnóthú. Ar an gcéad dul síos, níor mhór fadhb thromchúiseach a bheith ann maidir le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais sna réimsí atá cumhdaithe ag raon feidhme an Rialacháin sula rachfaí ar iontaoibh na huirlise. Ar an dara dul síos, ní úsáidfear an uirlis imscrúdaitheach seo ach mar rogha dheiridh amháin, i gcás faisnéis a bhailiú atá ábhartha chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb den sórt sin, mura bhfuil aon bhealach eile ann leis an bhfaisnéis sin a bhailiú atá in ann torthaí maithe a bhaint amach. Ar an tríú dul síos, beidh ar an gCoimisiún a léiriú, trí chinneadh foirmiúil, go bhfuil gá le faisnéis den sórt sin chun dul i ngleic leis an bhfadhb, gur cheart go mbeadh teacht ag seolaithe na niarrataí ar an bhfaisnéis agus nár leor na bealaí eile chun an fhaisnéis a fháil. Ar an gceathrú dul síos, bheadh na hiarrataí ar fhaisnéis an-spriocdhírithe, i dtaca le fad na niarrataí ar fhaisnéis agus líon na bhfreagróirí. Bheadh comhlíonadh na gcoinníollacha ag an gCoimisiún faoi réir athbhreithniú breithiúnach os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Ar deireadh, laghdaítear an tualach riaracháin foriomlán, do ghnólachtaí (trí mhicreaghnóthais a eisiamh agus tríd an tionchar ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a laghdú – féach thíos) agus d'údaráis phoiblí (trí shásraí comhair neamhéifeachtúla a sheachaint idir an Coimisiún agus na Ballstáit, agus san am céanna trí thrédhearcacht iomlán a áirithiú ina leith).

Leis an togra ceadaítear don Choimisiún pionóis a fhorchur ar ghnóthais nó ar chomhlachais gnóthas nach dtugann freagra, d'aon turas nó de thoradh mórfhaillí, ar iarrataí ar fhaisnéis nó nach bhfuil de réir cinntí a eisítear faoin Rialachán atá beartaithe. Níl na pionóis beartaithe iompraíocht fholuiteach na ngnóthas sa mhargadh a cheartú. Is éard is cuspóir do na pionóis sin, agus don bhagairt a leanann, a áirithiú go dtugann seolaithe na niarrataí freagra ar an bhfaisnéis in am agus ar bhealach atá iomlán agus cruinn agus nach bhfuil míthreorach. Bunaítear leis an togra uasleibhéal na bpionós atá múnlaithe ar rialacha i réimse na Státchabhrach ag a bhfuil feidhm dhíspreagtha. Ní éilítear leis an togra seo, áfach, go ndéanfadh an Coimisiún pionóis a fhorchur ar ghnóthais nach dtugann freagra agus ní bhunaítear leis íosmhéid phionóis, toisc gur gá don Choimisiún measúnú cás ar chás a dhéanamh agus aird chuí á tabhairt ar chomhréireacht, go háirithe i gcás FBManna. Bheadh aon chinneadh ón gCoimisiún i dtaca le pionóis a fhorchur faoi réir athbhreithniú bhreithiúnach.

An rogha ionstraime

Rialachán an ionstraim iomchuí dlí chun na rialacha a bhunú a bhfuil sé d'aidhm acu rochtain dhíreach an Choimisiúin ar fhaisnéis ábhartha a threisiú 12 . Go deimhin, ba cheart an nós imeachta as a dtiocfaidh glacadh iarraidh ar fhaisnéis ón gCoimisiún é agus an fhéidearthacht oibleagáidí a fhorchur ar ghnóthais, lena náirítear smachtbhannaí de réir mar a bheidh, a leagan síos i Rialachán. Is mó an deimhneacht dhlíthiúil a bheadh ann de thoradh rialacháin agus is comhionainne an léirmhíniú a dhéanfaí seachas mar a bheadh dá ndéanfaí rialacha náisiúnta a chomhchuibhiú le treoir a ceapadh chun na críche sin. Le hionstraim aonair níor ghá cur isteach a dhéanamh ar ionstraimí dlíthiúla atá ann cheana a thugann cumhachtaí imscrúdaitheacha don Choimisiún i réimsí beartas eile 13 .

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST 14 , Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara 15

Chuir an Coimisiún comhairliúchán poiblí maidir leis an tionscnamh seo ar bun idir an 2 Lúnasa agus an 7 Samhain 2016. Fuair sé 71 fhreagra: 44 fhreagra ón earnáil ghnó 16 ; 16 fhreagra ó thomhaltóirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha nó sochaithe shibhialta; agus 11 fhreagra ó údaráis phoiblí. Ba as 18 mBallstát (68), tír amháin de chuid LEE (1) agus tír neamh-Eorpach amháin (2) na rannpháirtithe. Ba léir ó na freagraí gur minic a bhíonn drogall ar ghnólachtaí faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a roinnt le húdaráis phoiblí, ní amháin agus iad ag tabhairt freagra ar chomhairliúcháin phoiblí ach nuair atá gá leo freisin chun tacú le líomhaintí maidir le sáruithe ar a gcearta. Thug freagróirí le fios go mbeidís toilteanach faisnéis íogair a chur ar fáil don Choimisiún i gcás inar dearbhaíodh rúndacht agus i gcás ina raibh teorainn leis an ualach riaracháin. Bhí roinnt gnólachtaí ann a thug le fios go raibh siad i bhfách le rannpháirtíocht dheonach i leith iarrataí ar shonraí, agus léi sin amháin, áfach.

Ina theannta sin, tá comhairliúcháin spriocdhírithe déanta ag an gCoimisiún le roinnt mórchomhlachas gnó a raibh amhras orthu maidir le cumhacht a thabhairt don Choimisiún faisnéis a iarraidh ar ghnólachtaí lasmuigh de raon feidhme dhlí na hiomaíochta. Chuir siad a nimní in iúl faoi chosaint faisnéise atá íogair ó thaobh tráchtála de, faoin ualach riaracháin, agus faoi fhíneálacha a d'fhéadfaí a fhorchur i gcás nach mura dtabharfar freagra ar iarrataí. Chuir gnólachtaí a gcuid frustrachais in iúl faoina a mhoille a bhíonn an Coimisiún i mbun freagra a thabhairt ar chásanna a bhaineann le sáruithe a dhéanann Ballstáit ar rialacha an Aontais.

Ag meitheal na Comhairle um chumas iomaíochta agus ag Cruinnithe an Ghrúpa Ardleibhéil, d'fhiosraigh na Ballstáit faoi na coinníollacha a bheadh le comhlíonadh ag an gCoimisiún i dtaca le faisnéis a iarraidh, faoi ról na mBallstát sa phróiseas, faoin ualach riaracháin a leanfadh, agus faoi chomhréireacht na smachtbhannaí.

Glacadh le moltaí na bpáirtithe leasmhara den chuid ba mhó, go háirithe maidir leis na héilimh a rinneadh i leith úsáid theoranta na huirlise (tiontuithe sa (réamh)c(h)oinníollacha maidir le húsáid na huirlise imscrúdaithí – lena náirítear ról na mBallstát) agus an tualach riaracháin (mar shampla, an fhéidearthacht gan ach faisnéis atá ar fáil go réidh do na gnólachtaí a fhreagraíonn a iarraidh). Maidir le coimircí chun faisnéis rúnda a chosaint agus maidir le forchur pionós i gcás nár tugadh freagra, tugadh aghaidh ar na ceisteanna sin bunaithe ar chleachtais sheanbhunaithe i réimse dhlí na hiomaíochta.

Bailiú agus úsáid saineolais

Ní raibh an Coimisiún i dtuilleamaí saineolas seachtrach faoi leith don tionscnamh seo.

Measúnú tionchair

Maidir le faisnéis bharántúil chruinn ar leibhéal gnólachta atá in easnamh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, míníodh sa tuarascáil ar an measúnú tionchair go gcruthaíonn an easpa faisnéise sin fadhbanna i gcásanna ina bhfuil gá le rochtain ar an bhfaisnéis sin chun rialacha an mhargaidh inmheánaigh a fhorfheidhmiú go tráthúil. Scrúdaíodh sa tuarascáil freisin, lasmuigh den chás bunlíne atá ann cheana, na roghanna difriúla beartais seo a leanas chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb sin: (1) malartú deonach na ndea-chleachtas idir na Ballstáit agus leis an gCoimisiún, agus treoir a fhorbairt maidir le faisnéis ar leibhéal gnólachta; (2) deireadh a chur leis na rialacha náisiúnta a bhaint lena gcuirtear cosc ar údaráis na mBallstát faisnéis ar leibhéal gnólachta a bhfuil rochtain acu uirthi cheana, nó a bhféadfaidís rochtain a fháil uirthi, a roinnt leis an gCoimisiún agus Ballstáit eile; (3) cumhachtaí imscrúdaitheacha iarmharacha a thabhairt isteach ar an leibhéal náisiúnta 17 ionas go bhféadfaidh na Ballstáit faisnéis ar leibhéal gnólachta a bhailiú i ngach cás agus í a roinnt leis an gCoimisiún; (4) uirlis imscrúdaitheach a thabhairt isteach mar rogha deiridh ar féidir leis an gCoimisiún a úsáid i gcásanna ina bhfuil bacainní amhrasta ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus ina bhfuil gá leis an bhfaisnéis iarrtha ar leibhéal gnólachta do chinnteoireacht thráthúil éifeachtach agus nach féidir sin a fháil ar bhealaí eile; agus (5) meascán de rogha 2 agus rogha 4. Is roghanna de chineál reachtach iad rogha 2, rogha 3 agus rogha 4. I measc na roghanna a cuireadh as an áireamh tá cumhdach staitisticí an Aontais a leathnú agus oibleagáidí tuairiscithe tráthrialta a thabhairt isteach do ghnólachtaí.

Measadh gurbh é an rogha beartais ab fhearr ó thaobh agus coimhdeachta agus comhréireachta de uirlis imscrúdaitheach a thabhairt isteach mar rogha dheiridh don Choimisiún (rogha 4) , agus ag an am céanna measadh gurbh é sin an rogha ab éifeachtaí agus ab éifeachtúla ó thaobh costais de. Sáraíonn rogha 4 na fadhbanna maidir le comhordúchán agus le dlínsí dlíthiúla i gcás ina raibh Ballstáit ag feidhmiú ina naonar agus iad ag plé le cásanna a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo. Ba cheart go mbeadh faisnéis níos fuaimintiúla ann ar mhífheidhmeanna a bhaineann leis an margadh inmheánach dá thoradh sin. Cuideoidh sin leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit leibhéal níos airde comhlíonta a áirithiú i dtaca le rialacha an mhargaidh inmheánaigh. Chuirfeadh sin le muinín tomhaltóirí as an margadh inmheánach agus chuideodh le poitéinseal an mhargaidh a bhaint amach. Dá mbeadh rochtain níos fearr ar fhaisnéis ann, dhéanfaí rialacha an mhargaidh aonair a fhorfheidhmiú ar bhonn níos fearr agus níos dírithe ar an leibhéal náisiúnta agus chuirfeadh sin teorainn le líon na nósanna imeachta maidir le sárú in éadan Ballstát. Ach margadh aonair atá ag feidhmiú níos fearr a bheith ann, dhéanfaí tairbhe do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí trí na nithe seo a leanas: e.g. bacainní iontrála níos ísle, iomaíocht níos fearr, iomaíochas níos mó agus leathnú trasteorann (agus idirnáisiúnta, b'fhéidir) níos éasca/níos saoire.

Meastar an costas riartha bliantúil iomlán do ghnóthais nó do chomhlachais gnóthas (i.e. an fhaisnéis a thiomsú a bhaineann le freagraí agus comhairle dlí a ullmhú) a bheith idir EUR 370 000 agus EUR 610 000 18 . D'fhéadfadh costas beag breise a bheith ann de thoradh freagraí neamhrúnda a chur isteach (i.e. chun rúin ghnó an fhreagróra a chosaint). Is diomaibhseach iad na costais a chuirfear ar na Ballstáit de thoradh na rogha tosaíochta (féach thíos, Roinn 4, le haghaidh an Choimisiúin). Ní bheadh aon chostas díreach sóisialta nó comhshaoil ann dá rachfaí i muinín núsáidfí an rogha thosaíochta.

Cuireadh an Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair agus Bileog Achoimre Feidhmiúcháin 19 faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála. I dtosach báire d'eisigh an bord tuairim dhiúltach an 20 Eanáir 2017 agus tuairim dhearfach a raibh cuntair áirithe ag dul léi ina dhiaidh sin an 23 Márta 2017 20 . D'iarr an bord go ndéanfaí an tuarascáil a choigeartú i gcomhréir lena chuid moltaí 21 . Díríonn an tuarascáil go soiléir anois ar aghaidh a thabhairt ar easpa na faisnéise ábhartha a bhfuil gá léi chun cur i bhfeidhm rialacha an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú sna cásanna sonracha sin a bhfuil tábhacht leis an bhfaisnéis agus nach féidir í a fháil trí bhealach eile. Míníonn sé freisin na coinníollacha ar gá don Choimisiún a chomhlíonadh sula bhféadfaidh sé an uirlis imscrúdaitheach a úsáid (féach an fo-cheannteideal thuas maidir le comhréireacht), lena náirítear an gá a léiriú nach bhfuil fáil ó fhoinsí eile ar an bhfaisnéis a theastaíonn (gné na rogha deireanaí). Thairis sin, cuireann an tuarascáil tuairimí na bpáirtithe leasmhara i láthair ar bhealach níos fearr 22 .

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Agus iarrataí ar fhaisnéis á neisiúint aige do ghnóthais agus do chomhlachais gnóthas, bíonn sé de cheangal ar an gCoimisiún seolaithe na niarrataí sin a roghnú ar bhonn cúramach ionas go seolfar iarrataí chuig gnóthais agus comhlachais gnóthas arb acmhainn dóibh faisnéis sách ábhartha a chur ar fáil (Airteagal 5(3)), agus chucu sin amháin. De ghnáth, is iad na gnóthais mhóra a bhfuil suíomh láidir ar an margadh acu nó méideanna móra trádála agus na gnóthais sin amháin a bheidh in ann an fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil don Choimisiún. Murab ionann agus FBManna, is gnách go noibríonn gnóthais mhóra ar scála níos mó agus le sofaisticiúlacht chorparáideach a cheadaíonn dóibh an fhaisnéis a iarrtar a aisghabháil ar bhealach atá sách éasca. Dá bhrí sin, ní bheadh cuma dhíréireach ar an ualach riaracháin a leanfadh ná ar an tionchar a bheadh ar na gnóthais sin.

Go teoiriciúil, d'fhéadfaí iarraidh ar FBManna freagra a thabhairt ar iarrataí ar fhaisnéis faoin togra seo (e.g. in earnálacha nó margaí áirithe ina bhféadfadh sé go bhfuil suíomh láidir margaidh acu). I bhfianaise méid a ngníomhaíochta eacnamaíochta, áfach, meastar nach dócha go dtarlóidh sin. Mar sin féin, más gá iarraidh a sheoladh chuig FBM, b'fhéidir na costais comhlíonta a ghabhann léi a laghdú de thoradh an togra: tá ceangal ar leith ar an gCoimisiún aird chuí a thabhairt ar phrionsabal na comhréireachta agus breithniú á dhéanamh aige maidir le raon feidhme na niarrataí ar fhaisnéis chuig FBManna (Airteagal 5(3). Téann an costas measta ar FBM aonair a ghabhann le freagra a thabhairt ó EUR 300 go EUR 1 000 in aghaidh na hiarrata agus is é EUR 1 000 an costas a d'fhéadfadh a bheith ann i dtaca le comhairle dlí, thart ar 25 % den chostas measta freagartha do ghnóthas mór.

Tá micreaghnóthais díolmhaithe ón togra sin ionas nach mbeidh ualach riaracháin míréireach orthu, ag cur san áireamh go háirithe nach mbeidh siad in ann faisnéis sách ábhartha a chur ar fáil.

Ach margadh aonair atá ag feidhmiú níos fearr a bheith ann, rachaidh sin chun sochar gnólachtaí de gach méid, a bhuí le gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit atá níos spriocdhírithe chun cur i bhfeidhm dhlí an Aontais a áirithiú, inter alia, i réimse an mhargaidh inmheánaigh.

Ní mholann an togra formáid nó bealach cumarsáide ar leith chun na hiarrataí ar fhaisnéis a phróiseáil, ós rud é go bhfuil sé neodrach i leith forbairtí i dteicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide (TFC).

Cearta bunúsacha

Leis an togra seo, urramaítear cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Áirítear leis coimircí agus ráthaíochtaí lena dtugtar aird chuí ar na leasanna dlisteanacha atá ag gnóthais a rúin ghnó a chosaint: in Airteagal 7 (cosaint faisnéise rúnda) agus Airteagal 16 (rúndacht ghairmiúil) den togra (féach Airteagal 7 den Chairt). Urramaíonn an togra seo an ceart maidir le cosaint sonraí pearsanta (féach Airteagal 8 den Chairt) agus tá sé comhsheasmhach le rialacha maidir le rochtain ar dhoiciméid atá i seilbh an Choimisiúin (féach Airteagal 41 den Chairt). Sa togra seo urramaítear an ceart chun leighis éifeachtaigh agus trialach córa (féach Airteagal 47 den Chairt) a mhéid a fhéadfaidh seolaithe, ina niarrataí ar fhaisnéis, agóid a dhéanamh ina naghaidh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Leis na rialacha maidir le forchur fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a d'fhéadfadh a bheith ann, déantar an ceart chun toimhde na neamhchiontacha agus comhréireacht na bpionós a urramú (féach Airteagal 48 agus Airteagal 49 den Chairt).

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní chruthaítear leis an tionscnamh seo córas forfheidhmiúcháin sa bhreis atá le cur i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ina ionad sin, tabharfar leis uirlis shonrach imscrúdaitheach don Choimisiún a úsáidfear mar rogha dheireanach, atá agus a bheidh le húsáid mar chuid de na nósanna imeachta agus gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin atá ann cheana. Meastar go bhféadfadh an Coimisiún costais bhliantúla bailithe sonraí agus costais bhliantúla anailíse ó EUR 120 000 go EUR 430 000 a thabhú, á chur i gcás go ndéanfar cúig iarraidh ar fhaisnéis in aghaidh na bliana 23 . Maidir leis na costais thuasluaite a bheidh le seasamh ag an gCoimisiún, ní bheidh aon cheangaltais bhreise bhuiséid air; is leor ath-imscaradh na foirne agus an bhonneagair atá ann cheana.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar úsáid an Rialacháin d'fhonn measúnú a dhéanamh ar a éifeachtúlacht agus a chomhréireacht. Beidh sé ag brath ar na critéir seo a leanas: eisceachtúlacht maidir le húsáid an Rialacháin, comhar sheolaithe na niarrataí ar fhaisnéis maidir le faisnéis den sórt sin a chur ar fáil agus cáilíocht na faisnéise arna bailiú. Déanfaidh an Coimisiún taifead de na sonraí a theastaíonn i dtaca leis sin (e.g. úsáid bhliantúil na huirlise, réimse an mhargaidh inmheánaigh lena mbaineann, gnóthais nó comhlachais gnóthas a chumhdaítear, tráthúlacht, cuimsitheacht, cruinneas agus cáilíocht na bhfreagraí, ráta freagartha, ar tháinig forfheidhmiú níos fearr ón gCoimisiún as úsáid na huirlise). Seolfaidh sé suirbhéanna aiseolais leantacha deonacha chuig na gnólachtaí a chumhdaítear faoi na hiarrataí chun a gcuid tuairimí i leith an phróisis a fháil. Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar a úsáidí agus atá an uirlis (e.g. ráta rathúlachta na nósanna imeachta maidir le sárú, aiseolas ó na páirtithe leasmhara maidir leis an tsaincheist). Dhéanfaí measúnú ar thorthaí na ngníomhaíochtaí faireacháin sin tar éis don Rialachán a bheith á chur i bhfeidhm cúig bliana. Ní mór don Choimisiún tuarascáil a tharraingt suas ar chur i bhfeidhm an Rialacháin gach dhá bhliain.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

I gCaibidil I (Forálacha ginearálta) cuirtear i láthair an tábhar, an raon feidhme agus na sainmhínithe (Airteagal 1 go hAirteagal 4). Tugann sé cumhacht don Choimisiún (Airteagal 4) faisnéis a iarraidh go díreach ar ghnóthais agus ar chomhlachais gnóthas chun déileáil le fadhb thromchúiseach a bhaineann le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais a chuireann gnóthú cuspóir beartais tábhachtach de chuid an Aontais i mbaol.

Le Caibidil II leagtar amach na coinníollacha agus an nós imeachta maidir le faisnéis a iarraidh. Cuireann Airteagal 5 teorainn le cumhacht an Choimisiúin gníomhú a bheith ina rogha dheiridh: i gcás nach féidir leis an gCoimisiún an fhaisnéis a fháil ó fhoinsí eile ar bhealach sásúil, leordhóthanach ná tráthúil. Ní foláir don Choimisiún cinneadh roimh ré a ghlacadh ina luaitear a rún an chumhacht atá i gceist a úsáid, ina mínítear an fhadhb thromchúiseach a mheastar a bheith ann, an fhaisnéis atá á iarraidh, an fáth a dteastaíonn an fhaisnéis sin, an fáth nár leor na bealaí eile chun an fhaisnéis a fháil, agus na critéir le seolaithe na niarrataí a roghnú (seolaithe nach féidir gur micreaghnóthais iad). Tugtar de chumhacht don Choimisiún faisnéis a iarraidh is féidir le seolaí na hiarrata a chur ar fáil, agus an fhaisnéis sin amháin. Is é an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann seolaí an chinnidh roimh ré agus beidh sé de cheangal ar an gCoimisiún fógra a thabhairt ina leith don Bhallstát nó do na Ballstáit lena mbaineann gan mhoill. Le hAirteagal 6 déantar foráil don nós imeachta a bheidh le leanúint agus faisnéis á hiarraidh: féadfaidh an Coimisiún ceangal a chur ar ghnóthais nó ar chomhlachais gnóthas faisnéis a chur ar fáil trí iarraidh shimplí nó trí chinneadh agus ní foláir dó an Ballstát a chur ar an eolas maidir leis an áit ina bhfuil faighteoir na hiarrata lonnaithe. I gcás inar sheol an Coimisiún nós imeachta foirmiúil maidir le sárú de bhun Airteagal 258 CFAE, tá sé d'oibleagáid ar an gCoimisiún cóip de na hiarrataí ar fhaisnéis ar fad a eisíodh i gcomhthéacs an nós imeachta sin a chur ar fáil don Bhallstát a mbaineann an nós imeachta leis, beag beann ar an áit ina bhfuil oifig chláraithe an ghnóthais nó an chomhlachais gnóthas lonnaithe. Baineann Airteagal 7 leis na freagraí ar na hiarrataí agus le cosaint na faisnéise rúnda. Go háirithe, leis na forálacha seo cuirtear d'oibleagáid ar an gCoimisiún na freagraí a fhaightear a chur ar aghaidh chuig na Ballstáit a mbaineann an iarraidh leo i gcás ina mbeidh siad ábhartha do nós imeachta foirmiúil maidir le sárú de bhun Airteagal 258 CFAE in aghaidh an Bhallstáit lena mbaineann. I gcás ina náirítear i bhfreagra faisnéis atá rúnda maidir leis an mBallstát sin, ní chuirfidh an Coimisiún ar aghaidh ach an leagan neamhrúnda den aighneacht. Le hAirteagal 8 cuirtear srian le húsáid na faisnéise a bhailítear chun na críche a bhunaítear in Airteagal 4.

Le Caibidil III (Airteagal 9 go hAirteagal 13) bunaítear na rialacha maidir le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla i gcás ina dtugann freagróir faisnéis atá míchruinn nó míthreorach, nó i gcás ina gcuireann sé faisnéis neamhiomlán ar fáil nó nach gcuireann sé faisnéis ar bith ar fáil, mar fhreagra ar iarraidh a dhéantar le cinneadh foirmiúil de chuid an Choimisiúin. Leanann na rialacha seo samhail Rialachán (AE) 2015/1589 a bhfuil feidhm aige maidir le réimse na Státchabhrach.

Le Caibidil IV (Forálacha deireanacha – Airteagal 14 go hAirteagal 19) leagtar amach rialacha maidir le teorainneacha ama a fhadú; foilsiú cinntí de chuid an Choimisiúin; oibleagáidí rúndachta gairmiúla do na Ballstáit; cosaint sonraí (tá oifigigh de chuid an Aontais faoi cheangal ag oibleagáidí comhchosúla cheana féin faoi Airteagal 339 CFAE); oibleagáidí tuairiscithe don Choimisiún agus do theacht i bhfeidhm an Rialacháin.

2017/0087 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar amach na coinníollacha agus an nós imeachta trína bhféadfaidh an Coimisiún iarraidh ar ghnóthais agus ar chomhlachais gnóthas faisnéis a chur ar fáil i dtaca leis an margadh inmheánach agus le réimsí gaolmhara

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 43(2), 91, 100, 114, 192, 194(2) agus 337 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 24

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún, 25

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)I gcomhréir le hAirteagal 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), tá bunú margaidh inmheánaigh ar cheann de na príomhchuspóirí atá le baint amach ag an Aontas i gcomhar leis na Ballstáit. De bhun Airteagal 26(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), glacfaidh an tAontas bearta chun margadh inmheánach a bhunú nó chun feidhmiú an mhargaidh sin a áirithiú. Faoi Airteagal 26(2) CFAE, is éard a bheidh sa mhargadh inmheánach limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina náiritheofar saorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus caipitil. De thoradh an mhargaidh inmheánaigh cuireadh deiseanna nua agus barainneachtaí scála nua ar fáil do ghnóthais Eorpacha, cruthaíodh poist, tugadh rogha níos mó do thomhaltóirí ar phraghsanna ní b'ísle agus cuireadh ar a gcumas do shaoránaigh Eorpacha cónaí, staidéar agus obair a dhéanamh san Aontas. In ainneoin an dul chun cinn uile sin, tá deacrachtaí suntasacha ann go fóill i dtaca le bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, rud a fhágann nach bhfuil saoránaigh agus gnóthais Eorpacha in ann leas iomlán a bhaint as an margadh inmheánach. I gcásanna áirithe, toisc faisnéis fho-optamach a bheith ann faoi ghníomhaíocht an Choimisiúin i leith dlí an Aontais i réimse an mhargaidh inmheánaigh a chur i bhfeidhm, is mó an baol atá ann dá réir go dtiocfaidh deacrachtaí trádála sa mhargadh inmheánach chun cinn de dheasca gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin náisiúnta neamhchomhordaithe nó de dheasca réitigh ilchineálacha ar na fadhbanna sin a bheith á gceapadh ar an leibhéal náisiúnta.

(2)Foráiltear in Airteagal 337 CFAE do chumhacht an Choimisiúin, faoi na teorainneacha agus na coinníollacha a fhéadfaidh an Chomhairle a leagan síos ag gníomhú di trí thromlach simplí, chun aon fhaisnéis a bhailiú is gá chun a chúraimí a chomhall. I gCás C-490/10, Parlaimint na hEorpa v an Chomhairle, áfach, shoiléirigh an Chúirt nach foláir i gcás ina gcuideoidh bailiú na faisnéise go díreach le gnóthú cuspóirí beartais ar leith de chuid an Aontais Eorpaigh, nach foláir an gníomh lena leagtar síos na coinníollacha a bhaineann leis an mbailiú faisnéise sin a bheith bunaithe ar an mbonn dlí atá ag an mbeartas sin. Ní amháin go bhforáiltear sa Rialachán seo do chreat ar féidir leis an gCoimisiún faisnéis a bhailiú ó ghnóthais agus ó chomhlachais gnóthas faoina chuimsiú ach foráiltear ann freisin do bhearta chun iarrataí ar fhaisnéis a fhorfheidhmiú. Dá bhrí sin, á chur san áireamh go hiomlán go neascraíonn cumhacht bailithe faisnéise an Choimisiúin go díreach ón gConradh, ba cheart an Rialachán seo a bheith bunaithe, sa bhreis ar Airteagal 337 CFAE, ar fhorálacha Airteagal 43(2), 91, 100, 192 agus 194(2) CFAE agus freisin ar fhorálacha Airteagal 114 CFAE, lena bhforáiltear do ghlacadh na mbeart atá riachtanach do bhunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, lena náirítear i gcás ina gcuirfeadh difríochtaí idir rialacha náisiúnta bac ar na saoirsí bunúsacha nó i gcás inar gá cosc a chur le deacrachtaí a d'fhéadfadh teacht chun cinn i dtaca le bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

(3)Má táthar chun na deacrachtaí sin a bhrath agus, nuair is iomchuí, aghaidh a thabhairt orthu, ar shlí éifeachtúil agus éifeachtach, is den riachtanas é rochtain thráthúil a bheith ann ar fhaisnéis mhargaidh chainníochtúil agus cháilíochtúil atá cuimsitheach, cruinn agus barántúil. Is mó is fíor sin agus an Coimisiún ag gníomhú ina cháil mar chaomhnóir na gConarthaí, de bhun Airteagal 17(1) CAE lena gcuirtear de chúram ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm na Conarthaí agus na bearta a ghlacfaidh na hinstitiúidí de bhun na gConarthaí agus go maoirseoidh sé cur i bhfeidhm dhlí an Aontais. Faoi mar atá áitithe ag an gCúirt Bhreithiúnais go minic cheana i gcomhthéacs imeachtaí maidir le sárú faoi Airteagal 258 CFAE, is é an Coimisiún atá freagrach as an bhfaisnéis fhíorasach ábhartha uile a chur ar fáil don Chúirt Bhreithiúnais lena gcruthófar gurb ann do shárú. I gcásanna áirithe, féadfaidh faisnéis mhargaidh a bheith mar chuid den fhaisnéis sin, nuair atá gá léi lena chur ar a cumas don Chúirt Bhreithiúnais a shuí ar sáraíodh dlí an Aontais.

(4)Níl aon chumhachtaí imscrúdaitheacha ginearálta dá chuid féin ag an gCoimisiún a ligfeadh dó dlí an Aontais a fhorfheidhmiú i réimse an mhargaidh inmheánaigh. Na cumhachtaí reatha imscrúdaitheacha a bhaineann le rialacha iomaíochta dá bhforordaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle 26 , le Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle 27 agus le Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle 28 , tá siad teoranta i ngeall ar an mbonn dlí atá leo do réimsí sainithe agus ní cheadaítear leo an fhaisnéis bhailithe a thiomsú ná a úsáid chun críoch beartas eile a bhaineann leis an margadh inmheánach.

(5)Faoi mar a d'aithin an Chúirt Bhreithiúnais, is mór é brath an Choimisiúin, agus é i mbun dlí an Aontais a fhorfheidhmiú, is mór a bhrath ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn gearánaigh, comhlachtaí poiblí agus príobháideacha, agus na Ballstáit lena mbaineann, siúd is go bhféadfaidh sé dul ar iontaoibh fianaise. De bhun Airteagal 4(3) TAE, tá sé de dhualgas ar na Ballstáit, faoi mar atá meabhraithe roinnt uaireanta ag an gCúirt Bhreithiúnais, cúraimí an Choimisiúin a éascú, lena náirítear go háirithe a ról mar chaomhnóir na gConarthaí. B'fhéidir, áfach, nach mbeadh teacht i gcónaí ag na Ballstáit ar an bhfaisnéis mhargaidh ábhartha a theastódh ón gCoimisiún chun a chúraimí a chomhall nó b'fhéidir go gcoiscfeadh a rialacha náisiúnta maidir le bailiú faisnéise orthu an fhaisnéis bhailithe a nochtadh.

(6)Sa bhreis ar an bhfaisnéis a fhaightear ó na Ballstáit, bíonn an Coimisiún ag brath ar chomhar deonach idir páirtithe leasmhara, idir gearánaigh go háirithe. Mar sin féin, i gcásanna casta áirithe lena mbaineann gné thrasteorann, ba ghá don Choimisiún, ionas go bhféadfadh sé anailís fhónta a dhéanamh, an fhaisnéis arna fáil ar na bealaí seo a iomlánú trína áirithiú, cuir i gcás, go bhfuil an fhaisnéis sin lánchruinn nó go bhfuil an fhaisnéis ó Bhallstáit éagsúla i bhformáid inchomparáide. Ar a bharr sin, ní féidir leis an gCoimisiún iontaoibh a thabhairt i gcónaí le staitisticí oifigiúla maidir le gníomhaíocht forfheidhmiúcháin i ngeall ar an aga moille le linn a dtáirgthe agus ós rud é go bhféadfaidh sé nach mbeidh na staitisticí sin mionsonraithe ná imdhealaithe a ndóthain chun déileáil le cásanna sonracha.

(7)Cé go bhfeidhmíonn an creat rialála atá ann faoi láthair i dtaca le modhanna an Choimisiúin chun teacht ar fhaisnéis lena dtabharfaidh sé aghaidh ar dheacrachtaí a bhaineann le bunú agus feidhmiú na rialacha maidir leis an margadh inmheánach, cé go bhfeidhmíonn an creat sin ar bhealach éifeachtúil i bhformhór mór na gcásanna, tagann dúshláin chun cinn i gcásanna sonracha ina mbíonn gá le sainfhaisnéis mhargaidh atá mionsonraithe, inchomparáide, cothrom le dáta, agus, minic go leor, atá rúnda, agus é sin laistigh d'fhráma teoranta ama. Is iomchuí go háirithe anailís fhónta eacnamaíoch a dhéanamh lena mheas an ann do dheacrachtaí maidir le bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh i gcásanna casta lena mbaineann gné thrasteorann, go sonrach nuair a bhaineann na cásanna sin le margaí a bhíonn ag síorathrú, le gníomhaíochtaí nua eacnamaíocha nó le samhlacha nua gnó a chaitheann amhras ar thoimhdí reatha eacnamaíocha. D'fhéadfadh sé, ámh, nárbh fhurasta an measúnú sin a dhéanamh de cheal faisnéis leordhóthanach inchomparáide. Fágann sin gur deacra ar an gCoimisiún sna cásanna sonracha sin a chúram a chomhall maidir le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais a áirithiú.

(8)I gcás nach féidir faisnéis mhargaidh atá mionsonraithe, inchomparáide, cothrom le dáta agus, minic go maith, atá rúnda a fháil ar bhealach tráthúil ach amháin ó ghníomhaithe margaidh, is iomchuí mar rogha dheireanach, is cosúil, é a thabhairt de chumhacht don Choimisiún, faoi na teorannacha agus na coinníollacha a leagtar síos leis an Rialachán seo, iarraidh ar ghnóthais agus ar chomhlachais gnóthas faisnéis mhargaidh chainníochtúil agus cháilíochtúil atá cuimsitheach, cruinn agus barántúil a sholáthar dó go díreach agus ar bhonn tráthúil nuair nach mbíonn fáil ar fhoinsí faisnéise eile nó nuair nach mbíonn na foinsí sin leordhóthanach ná sásúil. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún i dtosach báire cinneadh a ghlacadh ina luaitear cad chuige nár éirigh leis trí mhodhanna eile an fhaisnéis ba ghá a fháil. Tuigtear anseo gurb ionann brí don rud is gnóthas ann agus an bhrí atá leis i réimsí eile de chuid dhlí an Aontais, go sonrach i réimse an dlí iomaíochta.

(9)Chun a áirithiú go mbeidh na Ballstáit páirteach i bhfeidhmiú an Rialacháin seo, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis idir an Coimisiún agus na Ballstáit a leagtar síos in Airteagal 4(3) CAE, is iomchuí foráil a dhéanamh go dtabharfar fógra gan mhoill don Bhallstát nó do na Ballstáit lena mbaineann i leith aon chinnidh ón gCoimisiún ina luaitear a rún an chumhacht chun faisnéis a iarraidh ar ghnóthais nó ar chomhlachais gnóthas faoin Rialachán seo.

(10)Ní hé is aidhm don chumhachtú sin cumhachtaí nua forfheidhmiúcháin a thabhairt don Choimisiún amhail, go háirithe, cumhachtaí chun rannpháirtithe margaidh ar leith a leanúint de dheasca sáruithe ar dhlí an Aontais i réimse an mhargaidh inmheánaigh. Os a choinne sin, is éard is aidhm dó cur le cumas an Choimisiúin faisnéis a bhailiú i gcás ina bhfuil fíorghá léi chun an cúram a chomhall a cuireadh ar iontaoibh an Choimisiúin le CFAE lena náirithítear cur i bhfeidhm dhlí an Aontais i dtaca le bunú an mhargaidh inmheánaigh agus le feidhmiú an mhargaidh sin a áirithiú. Chun margadh inmheánach lánfheidhmiúil a bhunú, is iomchuí a shoiléiriú go gcumhdaítear leis an gcumhachtú sin freisin na hearnálacha eacnamaíocha sin laistigh den mhargadh inmheánach dár foráladh comhbheartais le CFAE: talmhaíocht agus iascach (gan caomhnú acmhainní bitheolaíocha mara a chur san áireamh), iompar, comhshaol agus fuinneamh.

(11)Ionas go mbeidh éifeacht leis an uirlis imscrúdaitheach seo, ba cheart baint a bheith ag an bhfaisnéis a iarrfar le cur i bhfeidhm dhlí ábhartha an Aontais. B'fhéidir, mar shampla, go bhféadfadh sonraí fíorasacha margaidh a bheith i gceist leis sin, lena náirítear anailís chostais, beartas praghsála, tréithe táirgí nó seirbhísí nó dáileadh geografach custaiméirí agus soláthraithe. D'fhéadfadh anailís fhíric-bhunaithe ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a rinne gnóthais nó comhlachais gnóthas a bheith i gceist freisin, cuir i gcás mar a bhaineann sin le bacainní rialála agus iontrála a mheastar a bheith ann nó leis na costais a leanann oibríochtaí trasteorann. Chun gur féidir na costais a ghabhann le freagra a thabhairt ar iarrataí ar fhaisnéis a íoslaghdú, níor cheart a áireamh sna hiarrataí sin ach amháin faisnéis ar dócha a mbeidh fáil ag an ngnóthas nó ag an gcomhlachas gnóthas lena mbaineann uirthi.

(12)Agus iarrataí ar fhaisnéis á neisiúint aige do ghnóthais agus do chomhlachais gnóthas, bíonn sé de cheangal ar an gCoimisiún seolaithe na niarrataí sin a roghnú ar bhonn cúramach ionas go seolfar iarrataí chuig gnóthais agus chuig comhlachais gnóthas arb acmhainn dóibh faisnéis sách ábhartha a chur ar fáil, agus chucu sin amháin, go mór mór chuig gnóthais níos mó sna Ballstáit lena mbaineann. Is éard is aidhm do na hiarrataí sin fadhb thromchúiseach a shamhlaítear a bheith ann, i.e. ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, a réiteach, ar fadhb í a bhaineann le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais sna réimsí seo a leanas: an margadh inmheánach, talmhaíocht agus iascach (gan caomhnú acmhainní bitheolaíocha mara a chur san áireamh), iompar, comhshaol agus fuinneamh. Ní hé is aidhm dóibh gnóthais a ionchúiseamh as a gcuid iompraíochta, más ann di. Dá réir sin, ceapadh na pionóis dá bhforáiltear san ionstraim chun aghaidh a thabhairt ar dhá chás faoi leith agus orthu sin amháin. Ní bhaineann na pionóis sin ach le freagra ar iarraidh ar fhaisnéis nár tugadh d'aon ghnó nó de thoradh mórfhaillí agus le freagra mícheart, neamhiomlán nó míthreorach a tugadh d'aon ghnó nó de thoradh mórfhaillí. B'fhéidir go bhféadfaí an fhaisnéis bhailithe, ach an fhaisnéis sin a bheith ábhartha, a úsáid freisin i slí a chaithfeadh solas ar chásanna ina mbíonn deacracht ag gnóthais an reachtaíocht a chomhlíonadh, d'fhonn cur i bhfeidhm iomchuí na rialacha maidir leis an margadh inmheánach a fheabhsú. D'fhonn is nach mbeidh ualach riaracháin míréireach ar mhicreaghnóthais, ar dócha, ar aon nós, nach mbeidh siad in ann faisnéis sách ábhartha a chur ar fáil, ba cheart cosc a chur ar an gCoimisiún iarrataí ar fhaisnéis a eisiúint don chatagóir gnóthas sin. Agus iarrataí ar fhaisnéis á neisiúint aige do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide, ba cheart don Choimisiún aird chuí a thabhairt ar phrionsabal na comhréireachta. Cé nach móide gurb acmhainn do FBManna feidhmiú ar scála níos mó agus difear suntasach a dhéanamh do thorthaí an mhargaidh, b'fhéidir go bhféadfadh luach a bheith leis an bhfaisnéis a bhaileofar uathu chun an Coimisiún a chur ar an eolas faoi dheacrachtaí i dtaca le bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Siúd is gur dócha gur de chineál starógach í an fhaisnéis a bheadh ar fáil go héasca ag FBManna, d'fhéadfadh sí, ar a shon sin, an Coimisiún a chur ar a airdeall faoi dheacrachtaí a bheadh ag FBManna. De ghnáth, ní thabhóidh FBManna aon chostais bhreise shuntasacha as faisnéis a bhailiú de thoradh freagra a thabhairt ar iarraidh ar fhaisnéis, agus níor cheart go dtabhódh. I bhfianaise an tsuímh níos laige margála i slabhraí luacha atá acu le hais catagóirí eile gnóthas, seans gur mó an fonn a bheadh ar FBManna faisnéis a sholáthar dá mbeadh nós imeachta um rúndacht agus anaithnideacht ann ina gcomhair. Ach deacrachtaí a réiteach i dtaca le bunú agus feidhmiú an mhargaidh aonair d'fhéadfaí leas na FBManna a dhéanamh, thar ghnóthais eile, ós rud é gur roimh na gnólachtaí beaga nuálacha go minic a ráiníonn na bacainní is mó agus iad ag iarraidh éirí ar a mboinn agus cur lena méid fud fad an mhargaidh aonair. De ghrá an chomhleanúnachais agus na deimhneachta dlíthiúla, ba cheart feidhm a bheith ag na sainmhínithe ar ‘mhicreaghnóthas’, ar ‘ghnóthas beag’ agus ar ‘ghnóthas meánmhéide’ mar atá i dTreoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 29 .

(13)D'fhonn dlí an Aontais a chur i bhfeidhm ar bhealach comhleanúnach sna réimsí seo a leanas – an margadh inmheánach, talmhaíocht agus iascach (gan caomhnú acmhainní bitheolaíocha mara a chur san áireamh), iompar, comhshaol agus fuinneamh – is gá sásraí a bhunú le faisnéis a roinnt idir an Coimisiún agus na Ballstáit i dtaca le hiarrataí ar fhaisnéis agus, nuair is iomchuí, leis na freagraí a thugtar ar na hiarrataí sin, gan dochar d'oibleagáidí rúndachta gairmiúla.

(14)An uirlis imscrúdaitheach dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is uirlis thar a bheith úsáideach í chun cur i bhfeidhm dhlí an Aontais ag an gCoimisiún i réimse an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú. Is mór an tairbhe í freisin i gcás aon ghníomhaíochta forfheidhmiúcháin a dhéanfadh na Ballstáit lena mbaineann ina dhiaidh sin, gníomhaíocht a cheanglódh ar an gCoimisiún an fhaisnéis ábhartha atá bailithe mar sin aige a úsáid agus a nochtadh do na Ballstáit lena mbaineann. Ar a bharr sin, i gcás ina mbeidh deacrachtaí ann maidir le cur i bhfeidhm na rialacha reatha, lena náirítear i gcásanna nach mbeidh gnóthais in ann an reachtaíocht a chomhlíonadh de dheasca easpa soiléireachta dlí, d'fhéadfadh an uirlis seo a bheith úsáideach freisin, murar leor uirlisí eile nó foinsí faisnéise ábhartha, chun rannchuidiú le réitigh rialála a cheapadh nó a dhearadh. Ina cheann sin, is iomchuí gan úsáid na faisnéise sin a cheadú chun críoch eile, go sonrach chun rialacha iomaíochta CFAE a chur i bhfeidhm, gan dochar d'athúsáid na faisnéise sin a chuirtear ar fáil don phobal.

(15)Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann comhlíonadh na niarrataí ar fhaisnéis a sheolfaidh sé chuig aon ghnóthas nó comhlachas gnóthas a fhorfheidhmiú, de réir mar is iomchuí, trí bhíthin fíneálacha comhréireacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla arna bhforchur trí chinneadh. Agus méid na bhfíneálacha agus na níocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla á shocrú aige, ba cheart don Choimisiún aird chuí a thabhairt ar phrionsabal na comhréireachta (lena náirítear na gnéithe de a bhaineann le hiomchuibheas) go háirithe i dtaca le gnóthais bheaga agus mheánmhéide. Ba cheart cearta na bpáirtithe sin a niarrfar faisnéis orthu a choimirciú trí dheis a thabhairt dóibh a dtuairimí a chur in iúl sula ndéanfar aon chinneadh faoi fhíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur.

(16)Agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal na comhréireachta (lena náirítear na gnéithe de a bhaineann le hiomchuibheas), ba cheart don Choimisiún a bheith ábalta na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a laghdú nó iad a tharscaoileadh ina niomláine, nuair a chuirfidh seolaithe na niarrataí an fhaisnéis a iarradh orthu ar fáil, bíodh is gur i ndiaidh na sprice a dhéanfaidh siad amhlaidh. De ghrá na deimhneachta dlíthiúla, is iomchuí freisin foráil a dhéanamh maidir le tréimhsí teorann le haghaidh forchur agus forfheidhmiú fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla.

(17)Ba cheart, i gcomhréir le hAirteagal 261 CFAE, dlínse gan teorainn a bheith ag an gCúirt Bhreithiúnais i ndáil le cinntí lena bhforchuireann an Coimisiún fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla faoin Rialachán seo, rud a fhágann go bhféadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil arna forchur ag an gCoimisiún a chealú, a laghdú nó a mhéadú.

(18)De ghrá na trédhearcachta agus na deimhneachta dlíthiúla, is iomchuí faisnéis faoi chinntí ón gCoimisiún a chur ar fáil don phobal. Ba cheart don Choimisiún, agus é i mbun an fhaisnéis sin a fhoilsiú agus a láimhseáil, na rialacha maidir le rúndacht ghairmiúil a urramú, lena náirítear cosaint faisnéise rúnda, i gcomhréir le hAirteagal 339 CFAE.

(19)Dá nochtfaí faisnéis faoi ghníomhaíocht ghnó gnóthais tharlódh go ndéanfadh sin díobháil thromchúiseach don ghnóthas sin. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún aird chuí a thabhairt ar leasanna dlisteanacha gnóthas, go háirithe ar chosaint a gcuid rún gnó. Chun a áirithiú go ndéanfar rúin ghnó nó faisnéis rúnda nach iad arna gcur ar fáil don Choimisiún a láimhseáil i gcomhréir le hAirteagal 339 CFAE, ba cheart d'aon ghnóthas nó d'aon chomhlachas gnóthas a mbeidh faisnéis á cur isteach acu a shainaithint go soiléir cén fhaisnéis atá rúnda, dar leis, agus cén fáth é sin. Níor cheart don Choimisiún a bheith in ann faisnéis rúnda a nochtadh arna cur ar fáil ag na freagróirí sin don Bhallstát lena mbaineann an iarraidh ach amháin i gcás ina mbeidh a gcomhaontú siúd aige an fhaisnéis sin a nochtadh chun na críche sin. Ba cheart a cheangal ar an bhfreagróir lena mbaineann leagan neamhrúnda ar leith den fhaisnéis a chur ar fáil don Choimisiún a d'fhéadfaí a nochtadh don Bhallstát ábhartha. I gcásanna inar dealraitheach nach bhfuil faisnéis atá marcáilte mar fhaisnéis rúnda cumhdaithe ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla, is iomchuí sásra a bheith ar bun ar dá réir a fhéadfaidh an Coimisiún a chinneadh a mhéid is féidir an fhaisnéis sin a nochtadh. Ba cheart tréimhse a lua in aon chinneadh lena ndiúltaítear d'éileamh go bhfuil blúire faisnéise rúnda, tréimhse a bhféadfar an fhaisnéis a nochtadh ag a deireadh ionas gur féidir leis an bhfreagróir úsáid a bhaint as aon chosaint bhreithiúnach atá ar fáil dó, lena náirítear aon bheart eatramhach. Ba cheart cearta an fhreagróra a choimirciú trí dheis a thabhairt dó a thuairimí a chur in iúl sula ndéanfar aon chinneadh faoi éileamh ar rúndacht a dhiúltú.

(20)I bhfianaise a eisceachtúla atá an uirlis imscrúdaitheach dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus d'fhonn faireachán a dhéanamh ar chomhréireacht na húsáide a bhaintear aisti, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas gach dhá bhliain ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle í.

(21)Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Féachtar sa Rialachán seo lena áirithiú go háirithe go nurramófar go hiomlán an ceart chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun dea-riaracháin, go háirithe an rochtain ar chomhaid, agus an rúndacht gnó á hurramú, an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, an ceart chun cosaint a fháil agus prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le pionóis.

(22)I gcás ina mbaineann próiseáil sonraí pearsanta le bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ba cheart an phróiseáil sin a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe Treoir 95/46/CE 30 . Maidir leis an bpróiseáil ar shonraí pearsanta a dhéanann an Coimisiún faoi chuimsiú an Rialacháin seo, comhlíonfaidh sé forálacha Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 31 .

(23)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon éascú a dhéanamh ar rochtain an Choimisiúin ar an bhfaisnéis mhargaidh is gá chun a chúraimí a chomhall d'fhonn feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a bhaint amach, ós rud é nach féidir leo féin na cuspóirí sin a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, arna leagan amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(24)Níor cheart difear a dhéanamh leis an Rialachán seo do chumhachtaí imscrúdaitheacha na mBallstát. Níl sé d'aidhm ag an Rialachán seo leasú, srianadh ná neamhniú a dhéanamh ar na cumhachtaí imscrúdaitheacha a bronnadh cheana féin ar an gCoimisiún nó ar chomhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais de bhun uirlisí dlíthiúla eile de chuid an Aontais. Go háirithe, níor cheart difear a dhéanamh leis an Rialachán seo do chumhachtaí imscrúdaitheacha an Choimisiúin a bhaineann le cur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta is gá ar mhaithe le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

(25)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus thug sé tuairim uaidh an […].

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I

Forálacha Ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

1.Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)na coinníollacha faoina bhféadfaidh an Coimisiún iarraidh ar ghnóthais agus ar chomhlachais gnóthas faisnéis a chur ar fáil is gá chun na cúraimí a cuireadh ar an gCoimisiún i dtaca leis na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 2 a chomhlíonadh;

(b)an nós imeachta a bheidh le leanúint chun faisnéis den sórt sin a iarraidh.

2.Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar d'fhorálacha eile lena gceadaítear don Choimisiún nó do chomhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais faisnéis a bhailiú nó a iarraidh.

Airteagal 2

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na réimsí seo a leanas:

(1)an margadh inmheánach, dá dtagraítear in Airteagal 26(2) den Chonradh;

(2)talmhaíocht agus iascach, seachas caomhnú acmhainní bitheolaíocha mara;

(3)iompar;

(4)comhshaol;

(5)fuinneamh.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn 'micreaghnóthas' gnóthas mar a shainmhínítear é i mír 1 d'Airteagal 3 de Threoir 2013/34/AE;

(2)ciallaíonn 'gnóthas beag' gnóthas mar a shainmhínítear é sa chéad fhomhír de mhír 2 d'Airteagal 3 de Threoir 2013/34/AE;

(3)ciallaíonn 'gnóthas meánmhéide' gnóthas mar a shainmhínítear é i mír 3 d'Airteagal 3 de Threoir 2013/34/AE.

Airteagal 4

Cumhacht chun faisnéis a iarraidh ar ghnóthais agus ar chomhlachais gnóthas

I gcás ina gcuirfidh mórdheacracht maidir le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais gnóthú cuspóir beartais tábhachtach de chuid an Aontais i mbaol, féadfaidh an Coimisiún faisnéis a iarraidh ar ghnóthais nó ar chomhlachais gnóthas, dá bhforáiltear i gCaibidil II, chun aghaidh a thabhairt ar an deacracht thuasluaite.

Caibidil II

Coinníollacha agus nós imeachta chun faisnéis a iarraidh

Airteagal 5

Coinníollacha

1.Ní úsáidfidh an Coimisiún an chumhacht chun faisnéis a iarraidh ar ghnóthais agus ar chomhlachais gnóthas dá bhforáiltear in Airteagal 4 ach amháin i gcás nach mbeidh an fhaisnéis atá ar fáil don Choimisiún, a theastaíonn chun na críche dá dtagraítear in Airteagal 4, leordhóthanach ná sásúil agus nach féidir í a fháil ar bhealach tráthúil ar na cúiseanna seo a leanas:

(a)níl an fhaisnéis le fáil i bhfoinse atá ar fáil go poiblí; agus

(b)níor chuir Ballstát an fhaisnéis ar fáil arna iarraidh sin don Choimisiún; nó

(c)níor chuir duine dlítheanach nó duine nádúrtha an fhaisnéis ar fáil.

2.Sula niarrfar faisnéis i gcomhréir le hAirteagal 6, glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena luafar go bhfuil sé ar intinn aige úsáid a bhaint as an gcumhacht chun faisnéis a iarraidh ar ghnóthais nó ar chomhlachais gnóthas faoin Rialachán seo.

Áireofar sa chinneadh seo an méid seo a leanas:

(a)tuairisc achomair ar an mórdheacracht líomhnaithe de chineál trasteorann a bhaineann le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais agus ar na cúiseanna a bhféadfadh deacrachtaí den sórt sin bonn a bhaint de ghnóthú cuspóir beartais tábhachtach de chuid an Aontais;

(b)tuairisc achomair ar an bhfaisnéis a iarrfar;

(c)míniú réasúnaithe cén fáth go bhfuil faisnéis den sórt sin riachtanach chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 4;

(d)míniú réasúnaithe cén fáth nach bhfuil modhanna eile chun an fhaisnéis sin a fháil leordhóthanach ná sásúil nó cén fáth nach féidir an fhaisnéis a fháil ar bhealach tráthúil;

(e)na critéir a roghnaítear dá réir seolaithe na niarrataí ar fhaisnéis.

Díreofar an cinneadh chuig an mBallstát nó chuig na Ballstáit lena mbaineann. Tabharfaidh an Coimisiún fógra don Bhallstát nó do na Ballstáit lena mbaineann gan mhoill.

3.Tá oibleagáid ar na gnóthais nó ar an gcomhlachas gnóthas a mbaineann an iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 4 leo faisnéis a mbeidh fáil acu uirthi, agus an fhaisnéis sin amháin, a chur ar fáil.

Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar phrionsabal na comhréireachta, go háirithe maidir le gnóthais bheaga agus mheánmhéide.

Airteagal 6

Iarraidh ar fhaisnéis arna cur faoi bhráid gnóthas agus comhlachais gnóthas

1.Sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 4 agus faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 5, féadfaidh an Coimisiún, trí iarraidh shimplí nó trí chinneadh, cheangal a chur ar ghnóthais agus ar chomhlachais gnóthas faisnéis a chur ar fáil.

Agus faighteoirí na niarrataí ar fhaisnéis á roghnú, beidh sé d'aidhm ag an gCoimisiún a áirithiú go seolfar iarrataí den sórt sin chuig gnóthais agus comhlachais gnóthas atá in ann faisnéis ábhartha a chur ar fáil, agus chucu sin amháin.

Ní eiseoidh an Coimisiún iarrataí ar fhaisnéis i gcomhréir leis an Rialachán seo do mhicreaghnóthais ach amháin más cuid de ghrúpa gnóthas iad a cháilíonn ar a laghad mar ghrúpa beag mar a shainmhínítear é in Airteagal 6(5) de Threoir 2013/34/AE.

2.Luafar san iarraidh shimplí dá dtagraítear i mír 1 bunús dlí agus cuspóir na hiarrata sin, sonrófar inti an fhaisnéis atá á lorg agus forordóidh sí teorainn ama chomhréireach ar gá an fhaisnéis a chur ar fáil lena linn. Déanfar tagairt inti freisin do na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 9(1) as faisnéis mhícheart nó mhíthreorach a thabhairt.

3.Luafar sa chinneadh dá dtagraítear i mír 1 bunús dlí agus cuspóir na hiarrata sin, sonrófar ann an fhaisnéis a éilítear agus forordóidh sí teorainn ama chomhréireach ar gá an fhaisnéis a chur ar fáil lena linn. Sonrófar ann freisin na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 9(1) agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 9(2), de réir mar is iomchuí.

Ina theannta sin, sonrófar ann an ceart atá ag an ngnóthas nó ag an gcomhlachas gnóthas chun an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Breithiúnais an Aontais Eorpaigh lena athbhreithniú.

Féadfaidh an gnóthas agus an comhlachas gnóthas lena mbaineann fadú ar an teorainn ama a iarraidh, i gcomhréir le hAirteagal 14.

4.Cuirfidh an Coimisiún cóip den iarraidh shimplí nó den chinneadh dá dtagraítear san Airteagal seo ar fáil don Bhallstát a bhfuil oifig chláraithe an ghnóthais nó an chomhlachais gnóthas lonnaithe ar a chríoch.

I gcás inar sheol an Coimisiún nós imeachta foirmiúil um shárú de bhun Airteagal 258 CFAE, cuirfidh an Coimisiún cóip de na hiarrataí simplí nó na cinntí go léir dá dtagraítear san Airteagal seo a eisíodh i gcomhthéacs an nós imeachta sin ar fáil don Bhallstát lena mbaineann an nós imeachta sin, beag beann ar an áit a bhfuil oifig chláraithe an ghnóthais nó an chomhlachais gnóthas lonnaithe.

5.Díreofar na cinntí dá dtagraítear i mír 1 chuig an ngnóthas nó chuig an gcomhlachas gnóthas lena mbaineann. Tabharfaidh an Coimisiún fógra faoina chinneadh don seolaí gan mhoill.

Airteagal 7

Freagraí ar iarrataí ar fhaisnéis agus cosaint faisnéise rúnda

1.Na gnóthais nó na comhlachais gnóthas sin a mbeidh faisnéis á cur ar fáil acu tar éis don Choimisiún iarraidh ar fhaisnéis a dhéanamh ar bhonn Airteagal 5, cuirfidh siad a bhfreagraí chuig an gCoimisiún ar bhealach soiléir, iomlán agus cruinn.

2.Tabharfaidh an Coimisiún an deis don seolaí a chur in iúl cén fhaisnéis a mheasann sé a bheith cumhdaithe ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla.

An gnóthas nó an comhlachas gnóthas atá ag tíolacadh faisnéise de bhun Airteagal 5, sonróidh sé go soiléir an fhaisnéis a mheasann sé a bheith rúnda, luafaidh sé na cúiseanna atá leis an éileamh ar rúndacht, agus cuirfidh sé leagan neamhrúnda ar leithligh den aighneacht ar fáil don Choimisiún. I gcás inar gá faisnéis a sholáthar laistigh de spriocdháta áirithe, beidh feidhm ag an spriocdháta céanna maidir leis an leagan neamhrúnda a sholáthar.

3.Cuirfidh an Coimisiún na freagraí a fhaightear ar aghaidh chuig na Ballstáit a mbaineann an iarraidh leo i gcás ina mbeidh siad ábhartha do nós imeachta foirmiúil um shárú de bhun Airteagal 258 CFAE in aghaidh an Bhallstáit lena mbaineann. I gcás ina náirítear i bhfreagra faoin airteagal seo faisnéis atá rúnda maidir leis an mBallstát sin, ní chuirfidh an Coimisiún ar aghaidh ach an leagan neamhrúnda den aighneacht.

4.I gcás éilimh rúndachta i leith na faisnéise arna tarchur a rinne na gnóthais nó na comhlachais gnóthas is freagróirí faoi fhomhír 2 de mhír 2, fíoróidh an Coimisiún an bhfuil bunús maith leis an éileamh sin agus an bhfuil sé comhréireach.

Tar éis dó deis a thabhairt don ghnóthas nó don chomhlachas gnóthas lena mbaineann a chuid tuairimí a chur in iúl, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh faoin bhfaisnéis a maítear ina leith go bhfuil sí rúnda, nach bhfuil an fhaisnéis sin faoi chosaint, agus ina socraítear dáta ar ina dhiaidh sin a bheidh an fhaisnéis le nochtadh. Ní bheidh an tréimhse sin níos lú ná mí amháin.

Cuirfear an cinneadh sin in iúl don gnóthas nó don chomhlachas gnóthas lena mbaineann gan mhoill.

Airteagal 8

Úsáid na faisnéise arna bailiú ag an gCoimisiún

Ní úsáidfidh an Coimisiún an fhaisnéis a bailíodh de bhun Airteagal 5 ach amháin chun na críche a leagtar amach in Airteagal 4.

Ní fhéadfaidh an Coimisiún faisnéis rúnda a chuir gnóthais nó comhlachas gnóthas ar fáil i ndoiciméid a tharchuirfear chuig páirtithe eile nó a chuirfear ar fáil go poiblí a áireamh ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)i gcás ina bhfuil faisnéis den sórt sin i bhfoirm achoimre nó i bhfoirm chomhiomlánaithe, nó ar aon nós i bhfoirm nach bhfágfaidh gnóthais nó comhlachais gnóthas aonair in-sainaitheanta;

(b)i gcás go bhfuair an Coimisiún roimhe sin comhaontú an fhreagróra faisnéis den sórt sin a nochtadh;

(c)i gcás ina bhfuil sé riachtanach faisnéis den sórt sin a nochtadh do Bhallstát chun bunús a thabhairt le sárú ar dhlí an Aontais faoi raon feidhme an Rialacháin seo ar choinníoll go raibh deis ag an bhfreagróir a thuairimí a chur in iúl sula ndéantar cinneadh agus úsáid a bhaint as na leigheasanna breithiúnacha atá ar fáil sula ndéantar nochtadh.

Féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a cuireadh ar fáil go poiblí cheana féin a úsáid chun críche seachas an críoch a leagtar amach sa Rialachán seo.

Caibidil III

Fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

Airteagal 9

Fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1.Féadfaidh an Coimisiún, trí chinneadh, i gcás ina measfar gur gá agus gur comhréireach sin, fíneálacha nach mó ná 1 % den láimhdeachas iomlán sa bhliain ghnó roimhe sin a fhorchur ar ghnóthais nó ar chomhlachas gnóthas i gcás ina ndéanfaidh siad d'aon turas nó de thoradh mórfhaillí an méid seo a leanas:

(a)faisnéis mhícheart nó mhíthreorach a thabhairt mar fhreagra ar iarraidh arna déanamh de bhun Airteagal 6(2);

(b)faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach a thabhairt mar fhreagra ar chinneadh a glacadh de bhun Airteagal 6(3) nó nár thug siad an fhaisnéis laistigh den teorainn ama fhorordaithe.

2.Féadfaidh an Coimisiún, trí chinneadh, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur ar ghnóthais nó ar chomhlachais gnóthas i gcás ina dteipfidh ar ghnóthas faisnéis atá iomlán agus cruinn agus nach bhfuil míthreorach a sholáthar faoin spriocdháta a leagtar síos arna iarraidh sin don Choimisiún le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 6(3).

Ní rachaidh na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla thar 5 % de mheánláimhdeachas laethúil an ghnóthais nó an chomhlachais lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin in aghaidh gach lae moille ar lá oibre é, a ríomhfar ón dáta a bhunaítear leis an gcinneadh, go dtí go gcuirfidh sé an fhaisnéis arna hiarraidh nó arna héileamh ag an gCoimisiún.

3.I gcás nach gcuirfidh an gnóthas nó an comhlachas gnóthas faisnéis ar fáil nó i gcás ina gcuirfidh sé faisnéis neamhiomlán ar fáil, sula ndéanfar fíneáil nó pionós a fhorchur, socróidh an Coimisiún spriocdháta deiridh coicíse chun an fhaisnéis neamhiomlán a fháil.

4.Cuirfidh an Coimisiún san áireamh cineál, tromaíocht agus fad shárú Airteagal 6(1), chomh maith le prionsabal na comhréireachta go háirithe a mhéid a bhaineann le le gnóthais bheaga agus mheánmhéide agus é ag socrú mhéid na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla.

5.I gcás ina mbeidh an oibleagáid a bhí le forfheidhmiú ag an íocaíocht phionósach thréimhsiúil comhlíonta ag na gnóthais nó ag na comhlachais gnóthas, féadfaidh an Coimisiún méid na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a laghdú nó a tharscaoileadh.

6.Roimh dó cinneadh a ghlacadh i gcomhréir le mír 1 nó le mír 2, tabharfaidh an Coimisiún an deis do ghnóthais nó do chomhlachais gnóthas a gcuid tuairimí a chur in iúl.

Airteagal 10

Tréimhse teorann le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur

1.Na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún le hAirteagal 9, beidh siad faoi réir tréimhse teorann trí bliana.

2.Cuirfear tús leis an tréimhse dá bhforáiltear i mír 1 ar an lá a dhéantar an sárú dá dtagraítear in Airteagal 9. I gcás sáruithe leanúnacha ar Airteagal 6(1) nó sáruithe ar Airteagal 6(1) a dhéantar arís agus arís eile, áfach, cuirfear tús leis an tréimhse ar an lá a dtiocfaidh deireadh leis an sárú.

3.Aon bheart a dhéanfaidh an Coimisiún chun críche sárú ar Airteagal 6(1) a d'fhéadfadh a bheith ann a imscrúdú nó a shaothrú, brisfidh sé an tréimhse teorann le haghaidh fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, le héifeacht ón dáta a thugtar fógra faoin mbeart don ghnóthas nó don chomhlachas gnóthas lena mbaineann.

4.I ndiaidh gach briste, cuirfear tús athuair leis an tréimhse teorann. Rachaidh an tréimhse teorann in éag ar a dhéanaí ar an lá a bheidh tréimhse sé bliana caite gan fíneáil ná íocaíocht phionósach thréimhsiúil a bheith forchurtha ag an gCoimisiún. Déanfar an tréimhse sin a fhadú go ceann na haimsire a mbeidh an tréimhse teorann ar fionraí lena linn i gcomhréir le mír 5.

5.An tréimhse teorann le haghaidh fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, cuirfear ar fionraí í fad atá cinneadh an Choimisiúin faoi réir imeachtaí atá ar feitheamh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 11

Tréimhse teorann le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorfheidhmiú

1.Cumhachtaí an Choimisiúin le cinntí a ghlactar de bhun Airteagal 9 a fhorfheidhmiú, beidh siad faoi réir tréimhse teorann cúig bliana.

2.Cuirfear tús leis an tréimhse dá bhforáiltear i mír 1 ar an lá a thiocfaidh an cinneadh a ghlactar de bhun Airteagal 9 chun bheith ina chinneadh críochnaitheach.

3.Brisfear an tréimhse teorann dá bhforáiltear i mír 1:

(a)fógra faoi chinneadh lena modhnaítear méid bunaidh na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla nó lena ndiúltaítear iarratas ar mhodhnú;

(b)aon bheart ó Bhallstát, ag gníomhú dó arna iarraidh sin don Choimisiún, nó ón gCoimisiún, a bhfuil sé d'aidhm aige íocaíocht na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a fhorfheidhmiú.

4.I ndiaidh gach briste, cuirfear tús athuair leis an tréimhse teorann.

5.Cuirfear an tréimhse teorann dá bhforáiltear i mír 1 ar fionraí:

(a)a fhad is a thugtar am don fhreagraí chun íocaíocht a dhéanamh;

(b)a fhad is a chuirtear forfheidhmiú na híocaíochta ar fionraí de bhun cinneadh ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 12

Seolaithe cinntí

Díreofar na cinntí a ghlactar de bhun Airteagal 9(1) agus (2) chuig an ngnóthas nó chuig an gcomhlachas gnóthas lena mbaineann. Tabharfaidh an Coimisiún fógra faoina chinneadh don seolaí gan mhoill.

Airteagal 13

Athbhreithniú na Cúirte Breithiúnais

Beidh dlínse gan teorainn ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh de réir bhrí Airteagal 261 CFAE chun athbhreithniú a dhéanamh ar fhíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla arna bhforchur ag an gCoimisiún. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchuirtear a chealú, a laghdú, nó a mhéadú.

Caibidil IV

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 14

Teorainneacha ama a fhadú

Déanfar teorainneacha ama a shonrú i míonna nó i laethanta oibre.

Tabharfar bunús cuí le haon iarraidh ar theorainn ama a fhadú agus cuirfear isteach i scríbhinn í faoi bhráid na seirbhíse agus an tseolta a ainmneoidh an Coimisiún cúig lá oibre ar a laghad sula mbeidh an sprioc-am istigh. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh an teorainn ama a fhadú, a mhéid a bheidh sé sin comhréireach agus a mbeidh údar maith leis.

Airteagal 15

Cinntí a fhoilsiú

1.Foilseoidh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh fógra achomair de na cinntí a ghlacfaidh sé de bhun Airteagal 5(2). Sonrófar san fhógra achomair go bhféadfar cóip den chinneadh a fháil sa leagan teanga barántúil nó sna leaganacha teanga barántúla.

2.Foilseoidh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh na cinntí a ghlacfaidh sé de bhun Airteagal 9(1) agus (2).

Airteagal 16

Rúndacht ghairmiúil

Gan dochar d'Airteagal 7 agus d'Airteagal 8, ní nochtfaidh na Ballstáit, a gcuid oifigeach ná seirbhíseach eile faisnéis ar tháinig siad uirthi trí chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus atá cumhdaithe ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla.

Airteagal 17

Sonraí pearsanta a chosaint

Maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil faoi chuimsiú an Rialacháin seo, rachaidh na Ballstáit i mbun a gcúraimí chun críocha an Rialacháin seo i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta, na rialacháin náisiúnta nó na forálacha riaracháin náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 95/46/CE. Maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann an Coimisiún faoi chuimsiú an Rialacháin seo, comhlíonfaidh an Coimisiún forálacha Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

Airteagal 18

Tuarascálacha

Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas gach dhá bhliain ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle í.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1) Sa Mheabhrán Míniúcháin seo, úsáidtear na téarmaí 'margadh aonair' agus 'margadh inmheánach' go hidirmhalartach.
(2) COM(2015)550, 28.10.2015, lch. 16
(3) Ibid., lch. 17.
(4) C(2016)8600, OJ C 18, 19.1.2017, lch. 10.
(5) COM(2015)550, lch. 16.
(6) Cf. Preaseisiúint ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2015
(7) Breithiúnais sna cásanna C-426/93, §22 agus C-490/10, §64.
(8) C-490/10, §68.
(9) D'aithin an Chúirt gur mór é brath an Choimisiúin, agus é i mbun dlí an Aontais a fhorfheidhmiú agus in éagmais cumhachtaí imscrúdaitheacha dá chuid féin, gur mór a bhrath ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn gearánaigh, comhlachtaí poiblí agus príobháideacha agus na Ballstáit. Faoi na coinníollacha sin, ní mór do ghníomhaíocht forfheidhmiúcháin géilleadh don chreat dlí neamhfhoirfe atá ann cheana chun faisnéis a bhailiú, rud a fhágann an bailiú faisnéise ar leibhéal gnólachta a dhéantar neamhchothrom agus gan a bheith leordhóthanach. Dá bhrí sin, bíonn an ghníomhaíocht forfheidhmiúcháin sin níos deacra, nó, i gcásanna áirithe, dodhéanta, agus d'fhéadfadh bacainní ar fheidhmiú iomchuí an mhargaidh inmheánaigh a theacht chun cinn gan dul i ngleic leo i gceart.
(10) Féach breithiúnais de chuid CBAE sna cásanna C-380/03, §§ 38 go 42 agus 80; C-434/02, §§ 31-34; agus C-376/98, § 86.
(11) IO L 241, 17.9.2015, lch. 1.
(12) Ghlac Cúirt Bhreithiúnas an Aontais Eorpaigh cheana féin le húsáid Airteagal 114 CFAE mar bhunús dlí le Rialachán. Féach cás C-270/12, §§97 et seq.
(13) E.g. Rialachán (CE) 2015/1589 an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm, IO L 248, 24.9.2015. Tá bunús dlí difriúil agus nós imeachta reachtach difriúil ag an Rialachán seo agus cuireadh in oiriúint é do chuspóirí, do chéimeanna nós imeachta agus do chumhachtaí sonracha an Choimisiúin i réimse na Státchabhrach.
(14) Neamhbhainteach.
(15) Tá tuilleadh eolais ina thaobh seo in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an Measúnú Tionchair.
(16) Comhlachais ghnó (31), lena náirítear cumainn a mbíonn raibh ionadaíocht á déanamh acu ar FBManna, agus orthu sin amháin; agus gnólachtaí (13), lena náirítear FBManna agus micreaghnóthais (9). I dteannta a chéile rinne na comhlachais ghnó a d'fhreagair an comhairliúchán ionadaíocht ar níos mó ná 20 milliún gnólacht.
(17) Déantar rogha 2 a chomhtháthú le rogha 3 chomh maith.
(18) Á chur i gcás go mbeidh cúig iarraidh ann in aghaidh na bliana (ach roinnt seolaithe i gceist in aghaidh gach iarrata).
(19) http://ec.europa.eu/transparency/regdoc/?fuseaction=ia&language=ga
(20) Ibid.
(21) Thug an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála dá aire: "nach bhfuil an tuarascáil soiléir go leor go fóill agus in áiteanna go bhfuil sí neamhréireach maidir le raon feidhme an tionscnaimh. I roinnt áiteanna cuireann an tuarascáil Uirlis Faisnéise an Mhargaidh Aonair i láthair mar réiteach ar fhadhbanna ginearálta maidir le hinfhaighteacht sonraí, nó mar fhoinse faisnéise chun críocha beartais a bhaineann leis an margadh aonair nach dtagann ó easnaimh shonracha fhorfheidhmiúcháin, cé nach dtugann sí bonn cirt lena dhéanamh. (2) Cuirtear in iúl go soiléir sa tuarascáil go núsáidfí an uirlis mar rogha dheireanach, ach níl soiléireacht inti maidir le coimircí nó leis na coinníollacha ar féidir imscrúduithe a bheith ann mar thoradh orthu. (3) Ní léiríonn an phríomhthuarascáil ar bhealach soiléir tuairimí na mBallstát agus na ngnólachtaí faoi seach."
(22) Féach an Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair le míniú breise a fháil ar na coigeartuithe a rinneadh.
(23) Níl ceangal ar an gCoimisiún an uirlis imscrúdaitheach a úsáid.
(24) IO C , , lch. .
(25) IO C , , lch. .
(26) Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagal 81 agus in Airteagal 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lch. 1).
(27) Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (IO L 32, 5.2.2004, lch. 1).
(28) Rialachán (CE) Uimh. 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO L 248, 24.9.2015, lch. 9).
(29) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
(30) Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995).
(31) Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).
Top