I measc na roghanna ar féachadh orthu le haghaidh gach topaice, áirítear an rogha bonnlíne, rogha neamhreachtach (i bhfoirm treoraíocht nó moladh ón gCoimisiún agus idirphlé le páirtithe leasmhara) i bhformhór na gcásanna agus aon rogha reachtach amháin nó níos mó. Sainaithníodh rogha tosaíochta le haghaidh gach topaice.
I réimse na rochtana ar ábhar ar líne, déantar iniúchadh sna roghanna reachtacha ar chórais cheadúnúcháin éagsúla, a meastar iad mar shásraí cumasúcháin chun imréiteach ceart a éascú.
•Is é an rogha tosaíochta maidir le tarchur ar líne de chuid eagraíochtaí craoltóireachta cur i bhfeidhm phrionsabal na tíre tionscnaimh ar imréiteach ceart le haghaidh a seirbhísí ar líne atá coimhdeach lena gcraoladh tosaigh.
•Maidir le hatarchur dhigiteacha clár teilifíse/raidió, is é an rogha tosaíochta cur i bhfeidhm na comhbhainistíochta éigeantaí ceart ar sheirbhísí atarchuir arna soláthar thar líonraí cumarsáide leictreonaí “iata”.
•Maidir le ceadúnú ar chearta um fhíseán ar éileamh (cearta VoD), áirítear leis an rogha tosaíochta idirphlé do pháirtithe leasmhara Eorpacha agus sásra caibidlíochta lena néascófaí ceadúnais a thabhairt i gcrích le haghaidh saothrú saothar closamhairc ar líne trí bhaic chonarthacha a bhaint.
•Ar deireadh, i gcás saothar nach bhfuil ar fáil a thuilleadh lena gceannach (saothar OOC), is é idirghabháil reachtach ar leibhéal an Aontais an rogha tosaíochta lena gcuirfí ar chumas na mBallstát sásraí dlíthiúla sonracha a chur i bhfeidhm chun comhaontuithe comhcheadúnúcháin a thabhairt i gcrích le haghaidh úsáid na saothar sin ag institiúidí oidhreachta cultúrtha (IOCanna) agus ar bhonn éifeacht trasteorann a thabhairt isteach le haghaidh comhaontuithe den sórt sin.
Maidir le heisceachtaí, tá na roghanna beartais ceaptha ar shlí chun na heisceachtaí reatha a chomhlánú (i gcás caomhnú agus teagaisc) nó chun eisceacht nua a thabhairt isteach le haghaidh úsáidí sonracha (e.g. mianadóireacht téacsanna agus sonraí). Tá roghanna éagsúla beartaithe, le héagsúlachtaí maidir le raon feidhme na heisceachta, leis na tairbhithe agus leis an gcaidreamh leis an margadh ceadúnúcháin.
•Is é an rogha tosaíochta le haghaidh gníomhaíochtaí teagaisc eisceacht éigeantach lena gcuimseofaí úsáidí digiteacha arna ndéanamh i gcomhthéacs an léirithe don teagasc mar aon le rogha do na Ballstáit é a chur faoi réir ceadúnais leordhóthanacha a bheith ar fáil lena gcuimseofaí na húsáidí céanna (úsáidí digiteacha agus trasteorann).
•I gcás mianadóireacht téacsanna, is é an rogha tosaíochta eisceacht éigeantach infheidhme ar eagraíochtaí taighde ag gníomhú ar mhaithe le leas an phobail amhail ollscoileanna nó institiúidí taighde. Chuirfí ar a gcumas leis an eisceacht mianadóireacht téacsanna a dhéanamh ar ábhar a bhfuil rochtain dhleathach acu air, chun críocha taighde eolaíoch.
•I gcás caomhnú na hoidhreachta cultúrtha, is é an rogha tosaíochta eisceacht éigeantach chun críocha caomhnaithe arna dhéanamh ag institiúidí oidhreachta cultúrtha (IOCanna).
Maidir le feidhmiú an mhargaidh cóipchirt, tá mar aidhm leis na roghanna reachtacha a breithníodh comhroinnt chothrom an luacha a áirithiú sa timpeallacht ar líne, go háirithe trí oibleagáidí sonracha a thabhairt isteach maidir le cineálacha áirithe seirbhísí ar líne nó maidir leo sin a dhéanann conradh le húdair agus le taibheoirí.
•Maidir le húsáid ábhair ag seirbhísí ábhair arna uaslódáil ag úsáideoirí, is é an réiteach tosaíochta oibleagáid a chur ar sheirbhísí ar líne lena stóráiltear méid mór ábhair arna uaslódáil ag a núsáideoirí agus lena dtugtar rochtain air sin chun teicneolaíochtaí iomchuí agus comhréireacha a chur i bhfeidhm, agus chun an trédhearcacht a mhéadú i leith sealbhóirí cirt.
•Maidir leis na cearta i bhfoilseacháin, is é an réiteach tosaíochta go dtabharfaí isteach i ndlí an Aontais ceart gaolmhar le haghaidh foilsitheoirí lena gcuimseofaí úsáidí digiteacha a bhfoilseachán nuachtán agus foráil lena gcumasófaí na Ballstáit le cur ar chumas gach foilsitheora (nuachta, leabhar, eolaíoch, etc.) sciar den chúiteamh a fháil le haghaidh úsáidí faoi eisceacht.
•Maidir leis an easpa trédhearcachta i leith luach saothair a íoc le cruthaitheoirí, is é atá sa rogha tosaíochta oibleagáidí trédhearcachta ar chontrapháirtithe conarthacha na gcruthaitheoirí (go háirithe léiritheoirí agus foilsitheoirí) a thabhairt isteach i reachtaíocht AE, agus sásra coigeartaithe conarthaí agus réitigh díospóidí mar thacaíocht leo.
|