Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52016SC0287

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gclár staidrimh Eorpach 2013-17, trí é a fhadú go 2018-2020

SWD/2016/0287 final - 2016/0265 (COD)

An Bhruiséil,7.9.2016

SWD(2016) 287 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

a ghabhann leis an doiciméad

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gclár staidrimh Eorpach 2013-17, trí é a fhadú go 2018-2020

{COM(2016) 557 final}
{SWD(2016) 288 final}


Bileog achoimre feidhmiúcháin

Measúnú tionchair ar an togra le haghaidh Rialacháin lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 maidir leis an gclár staidrimh Eorpach 201317, trí é a fhadú go 20182020

A. An gá atá le gníomhaíocht

Cén fáth? Cad é an fhadhb a bhfuil aghaidh á tabhairt uirthi?

Bíonn ardleibhéal éilimh ann ar staidreamh oifigiúil Eorpach toisc go ndéantar é a tháirgeadh agus a scaipeadh i gcomhréir le prionsabail shonracha. Dá bhrí sin, gabhann luach breise d’úsáideoirí leo, i gcomparáid le foinsí eile faisnéise. Is gá aghaidh a thabhairt ar roinnt bearnaí staidrimh, áfach, má táthar chun staidreamh a úsáid chun tacú le beartais an Aontais Eorpaigh (AE). Chomh maith leis sin, is gá an tráthúlacht a bhaineann le cineálacha áirithe staidrimh a fheabhsú mar ábhar práinne ionas go soláthrófar leo an fhaisnéis a theastaíonn do chleachtadh an tSeimeastair Eorpaigh. Tá ábharthacht an staidrimh Eorpaigh reatha á plé faoi láthair mar gheall ar an ngá atá le staidreamh de bharr na 10 dtosaíocht pholaitiúla atá ag an gCoimisiún agus de bharr chastacht mhéadaitheach na sochaithe araon.

Cé go bhfuil iarracht shuntasach déanta ag córais staidrimh náisiúnta ar a modhanna táirgthe a nuachóiriú le tacaíocht ón gclár staidrimh Eorpach 20132017, níl an bonneagar reatha staidrimh sách solúbtha go fóill chun staidreamh nua a sholáthar nuair a bhíonn sé ag teastáil. San am céanna, cuireann an méid sin srian ar an ualach gaolmhar costais agus riaracháin. Mura méadaítear an leibhéal reatha infheistíochta, ní bheidh an Córas Staidrimh Eorpach (CSE) in ann freastal ar an éileamh a bhíonn ag méadú ar staidreamh ná ar an ngá atá le staidreamh a chur ar fáil níos tapa.

Is iad úsáideoirí staidrimh (e.g. lucht déanta beartas, na meáin agus taighdeoirí), táirgeoirí staidrimh (institiúidí staidrimh náisiúnta (ISNanna) agus údaráis náisiúnta eile) agus freagróirí (teaghlaigh agus gnólachtaí) na páirtithe a mbeadh an tionchar ba dhírí ag an togra orthu.

Cé na torthaí a bhfuiltear ag súil leo?

Is é is aidhm don tionscnamh seo an creat reachtach a bhunú i gcomhair an chláir staidrimh Eorpaigh ar feadh thréimhse feidhme iomlán an chreata airgeadais ilbhliantúil agus an tacaíocht airgeadais a theastaíonn uaidh a sholáthar do CSE chun é a chumasú na nithe seo a leanas a dhéanamh:

faisnéis staidrimh ardcháilíochta a sholáthar agus na príomhbhearnaí staidrimh ar gá aghaidh a thabhairt orthu láithreach a dhúnadh, agus é ag díriú ar roinnt réimsí tosaíochta a léiríonn na 10 dtosaíocht pholaitiúla atá ag an gCoimisiún;

forbairt a dhéanamh ar an acmhainn bhuan a theastaíonn chun freagairt níos tapa do riachtanais a bhíonn ag teacht chun cinn agus chun an bonneagar staidrimh a oiriúnú ionas gur féidir leo leas a bhaint as acmhainneacht na bhfoinsí nua sonraí; agus

an chomhpháirtíocht laistigh de CSE agus lasmuigh de a neartú chun a tháirgiúlacht a mhéadú tuilleadh agus a ról ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain maidir le staidreamh oifigiúil a áirithiú.

Cén luach breise a bhaineann le gníomhaíocht ar leibhéal AE? 

Bíonn dearadh, cur chun feidhme agus faireachán bheartais an Aontais Eorpaigh ag brath ar fhianaise staidrimh atá neamhchlaon, iontaofa agus ábhartha. Ní féidir staidreamh den sórt sin a sholáthar ach amháin trí chlár staidrimh Eorpach. Tá cur chuige comhordaithe maidir le staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh – mar a fhoráiltear dó sa chlár staidrimh Eorpach – ar an aon chur chuige amháin a áirithíonn gur sách comhleanúnach agus inchomparáide a bhíonn staidreamh atá ábhartha do réimsí gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh. Chomh maith leis sin, dhéanfaí le gníomhaíocht ar leibhéal AE, mar atá beartaithe, rannchuidiú maidir le húsáid éifeachtach a bhaint as acmhainní (de bharr barainneachtaí scála) agus thabharfaí leis an ngníomhaíocht sin tacaíocht d’údaráis náisiúnta forbairt a dhéanamh, mar shampla, ar a nacmhainn ó thaobh comhchuibhithe agus modheolaíochtaí de.

B. Réitigh

Cé na roghanna beartais reachtacha agus na roghanna beartais neamhreachtacha a ndearnadh breithniú orthu? An bhfuil aon rogha tosaíochta ann? Cén fáth?

Faoi Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir le staidreamh Eorpach, ní mór tréimhse feidhme an chláir staidrimh Eorpaigh a bheith comhfhreagrach do thréimhse feidhme an chreata airgeadais ilbhliantúil (tá an creat airgeadais ilbhliantúil reatha i bhfeidhm don tréimhse 20142020). Ós rud é go bhfuil an clár staidrimh Eorpach reatha le dul as feidhm sa bhliain 2017, beidh sé riachtanach tréimhse feidhme an chláir a fhadú. Níor scrúdaíodh sa mheasúnú tionchair cé acu ba cheart nó nár cheart an clár staidrimh Eorpach a fhadú. Ina ionad sin, scrúdaíodh ann an bealach is fearr chun é a fhadú. Rinneadh breithniú ar na roghanna seo a leanas:

1.An cás bunlíne – tréimhse trí bliana eile (go 20182020) a chur leis an gclár staidrimh Eorpach reatha (20132017);

2.An clár staidrimh Eorpach reatha a fhadú agus oiriúnú á dhéanamh air:

2a: Leasuithe a dhéanamh ar an gclár staidrimh Eorpach reatha agus an buiséad bliantúil a laghdú;

2b: Clár leasaithe, lena náirítear aschuir fheabhsaithe staidrimh atá ag teacht leis na 10 dtosaíocht pholaitiúla atá ann, arna chothromú le hathbheartú láidir tosaíochta (agus an buiséad bliantúil céanna ag gabháil leis);

2c: Clár leasaithe lena náirítear aschuir nua staidrimh atá ag teacht leis na 10 dtosaíocht pholaitiúla atá ann, arna chomhlánú le hinfheistíocht sa bhonneagar staidrimh agus i bhfoinsí nua sonraí (agus buiséad méadaithe ag gabháil leis);

1.Dhá chlár ar leith

Tháinig rogha 2c chun cinn mar rogha tosaíochta beartais toisc gur léi a ghabhann an seans is fearr go mbainfear na cuspóirí thuasluaite amach, agus gach ceanglas, gach oibleagáid agus gach srian á gcur san áireamh.

Cé a thacaíonn leis na roghanna faoi seach?

Ar thaobh na dtáirgeoirí, tá infheistíocht mhéadaithe iarrtha arís agus arís eile ag an gCoiste CSE. Ina cháil mar fhóram ar a ndéantar ionadaíocht d’úsáideoirí staidrimh, do fhreagróirí, don tsochaí shibhialta, do chomhpháirtithe sóisialta agus do phobal na heolaíochta, leag an Coiste Comhairleach um Staidreamh Eorpach béim ar an ngá atá le cistiú cuí toisc go mbeidh infheistíocht bhreise ag teastáil chun an acmhainn a chruthú chun staidreamh agus táscairí nua a tháirgeadh. Chomh maith leis sin, chuir an Bord Comhairleach um Rialachas Staitistiúil Eorpach imní in iúl faoin infheistíocht atá ar fáil, agus é den tuairim go bhfuil an easpa infheistíochta ag cur bac ar an gcumas atá ag CSE leas a bhaint as an réabhlóid sonraí. Dá bhrí sin, tacaíonn na páirtithe iomchuí ar thaobh na núsáideoirí agus na dtáirgeoirí araon le bearta nua lena gcuirfear feabhas ar staidreamh oifigiúil, mar a leagtar amach faoi rogha 2c.

C. Tionchair na rogha tosaíochta

Cé na tairbhí a bhaineann leis an rogha tosaíochta (nó, murab ann do rogha tosaíochta, cé na tairbhí a bhaineann leis na príomhroghanna)? 

Is ag rogha 2c a bheadh an tionchar ba mhó ar an gcumas atá ann chun sonraí a tháirgeadh níos tapa. Is riachtanas é sin i gcomhair freastal ar riachtanais bhunúsacha na núsáideoirí. Áirítear léi bearta nua chun na bearnaí sonraí atá fágtha a dhúnadh agus chun an tráthúlacht a fheabhsú i réimsí tábhachtacha amhail an staidreamh fuinnimh. Ina theannta sin, bhainfeadh úsáideoirí tairbhe as an úsáid ní b’fhearr a bheadh á baint as ‘mórshonraí’.

     Táthar ag súil leis go méadófar inchomparáideacht an staidrimh ar leibhéal Eorpach sna réimsí sin a chumhdófar den chéad uair riamh leis an gclár staidrimh Eorpach.

     Beifear in ann CSE a nuachóiriú agus úsáid mhéadaithe a bhaint as foinsí nua (e.g. ‘mórshonraí’).

     Táthar ag súil leis go laghdófar an tualach freagartha mar gheall ar an úsáid ní b’fhearr a bheadh á baint as sonraí riaracháin agus as foinsí nua.

     Ós rud é gur ar úsáideoirí staidrimh, ar tháirgeoirí staidrimh agus ar fhreagróirí suirbhé go príomha a théann an reachtaíocht ar staidreamh i bhfeidhm, is anteoranta na tionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil atá aici.

Cé na costais a bhaineann leis an rogha tosaíochta (más ann dóibh)? 

I gcoibhneas leis an mbuiséad iomlán AE, is beag atá an buiséad a leithdháiltear ar an gclár staidrimh Eorpach faoi láthair (thart ar EUR 60 milliún in aghaidh na bliana). Thiocfadh an méadú atá beartaithe faoi theorainneacha na srianta foriomlána buiséid atá ann faoi láthair. Ní mór breithniú a dhéanamh ar na costais a bhaineann le staidreamh a tháirgeadh freisin i bhfianaise an chostais a bhaineann le gan staidreamh a bheith againn nó le staidreamh ar cháilíocht neamhleor amháin a bheith againn. I gcás rogha 2c, baineann na príomhchostais dhíreacha go príomha leis na deontais a gcomhchistíonn AE iad i gcomhair ghníomhaíochtaí staidrimh na ninstitiúidí staidrimh náisiúnta. Ba cheart féachaint ar na costais sin mar infheistíocht, áfach. Táthar ag súil leis go bhfreastalóidh na gníomhaíochtaí ar a gcostais féin a bhuí leis an gcoigilteas a bhainfear amach mar thoradh ar an laghdú ar an ualach riaracháin a bheidh ann agus ar na modhanna táirgthe sonraí níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla a thabharfar isteach.

Cén difear a dhéanfar do ghnólachtaí, d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus do mhicrifhiontair?

Leis na bearta a leagtar amach sa chlár atá beartaithe (amhail modhanna táirgthe staidrimh a athdhearadh agus úsáid níos fearr a bhaint as sonraí riaracháin agus as ‘mórshonraí’), simpleofar nósanna imeachta agus laghdófar an tualach riaracháin a bheidh ann, rud a bheidh chun tairbhe do ghnólachtaí agus do dhaoine aonair araon.

An mbeidh aon tionchair shuntasacha ann ar bhuiséid náisiúnta agus ar riaracháin náisiúnta? 

Beidh tionchar ag an tionscnamh ar institiúidí náisiúnta staidrimh agus ar údaráis náisiúnta eile. Cumasófar leis an gclár staidrimh Eorpach infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail arna seoladh chun freagairt do na dúshláin nua atá roimh an staidreamh Eorpach (e.g. Fís 2020 CSE a chur chun feidhme, an bonneagar staidrimh Eorpach a neartú agus úsáid níos fearr a bhaint as ‘mórshonraí’ agus as bonneagar comhroinnte). Ós rud é gur ar bhonn cómhaoiniúcháin a sholáthraítear cistiú ón Aontas Eorpach, tugann buiséad níos airde don chlár staidrimh Eorpach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh le fios go mbeidh costais bhuiséadacha níos airde ann freisin do na hinstitiúidí náisiúnta staidrimh. Bíonn saineolas ardoilte ag teastáil go minic ó na tionscadail forbartha freisin.

An mbeidh aon tionchair shuntasacha eile ann?

Leis an tionscnamh, tacófar leis an gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le fothú acmhainní i dtíortha nach bhfuil san Aontas Eorpach d’fhonn a áirithiú go mbíonn fáil ann ar shonraí deacháilíochta. Dá réir sin, cumasófar don Aontas Eorpach faireachán a dhéanamh ar thorthaí an bheartais maidir leis an méadú agus ar thorthaí bheartas comharsanachta na hEorpa agus tomhas a dhéanamh ar an dóigh a bhfuil caighdeáin an Aontais Eorpaigh i réimse an staidrimh á gcomhlíonadh ag tíortha is iarrthóirí (ionchasacha).

D. Gníomhaíocht leantach

Cén uair a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

Tá sé beartaithe an mheastóireacht chríochnaitheach a dhéanamh ar an gclár sa bhliain 2021.

Top