Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52016SC0248

    DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit idir 2021 agus 2030 ar mhaithe le hAontas Fuinnimh buanseasmhach agus chun gealltanais faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh agus lena leasaítear Rialachán Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú

    SWD/2016/0248 final - 2016/0231 (COD)

    An Bhruiséil,20.7.2016

    SWD(2016) 248 final

    DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

    ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

    a ghabhann leis an doiciméad

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit idir 2021 agus 2030 ar mhaithe le hAontas Fuinnimh buanseasmhach agus chun gealltanais faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh agus lena leasaítear Rialachán Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú

    {COM(2016) 482 final}
    {SWD(2016) 247 final}


    Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

    Measúnú tionchair ar Thogra le haghaidh Rialachán maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit idir 2021 agus 2030 ar mhaithe le hAontas Fuinnimh buanseasmhach agus chun gealltanais faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh agus lena leasaítear Rialachán Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus maidir le faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú

    A. An gá le beart

    Cén fáth? Cad í an fhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi?

    I g Comhaontú Pháras, thug an tAontas gealltanas go mbeadh sé mar sprioc aige laghdú 40% ar laghad a dhéanamh ar astaíochtaí intíre gás ceaptha teasa faoi 2030 i gcomparáid le 1990. I gcás na n-earnálacha nach gcumhdaítear faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (na hearnálacha nach mbaineann trádáil astaíochtaí leo) mhol an Coimisiún sprioc -30% a bhaint amach faoi 2030 i gcomparáid le 2005. Ní féidir bheith ag súil go mbainfear é seo amach leis na beartais atá ann faoi láthair. Ina Conclúidí ó Dheireadh Fómhair 2014, thug an Chomhairle Eorpach sainordú don Choimisiún spriocanna an Aontais a aistriú go spriocanna náisiúnta.

    Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo?

    Is é an cuspóir laghdú 30% i gcomparáid le 2005 a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa sna hearnálacha nach mbaineann trádáil astaíochtaí leo, ar bhealach atá cothrom do na Ballstáit i bhfianaise na n-acmhainneachtaí éagsúla atá acu, agus éifeachtúlacht costais agus sláine an chomhshaoil a áirithiú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.

    Cad é an breisluach atá le beart ar leibhéal AE? 

    Beidh an tAontas agus na Ballstáit rannpháirteach le chéile maidir le Comhaontú Pháras a chur chun feidhme. Cuireann gníomhaíocht chomhpháirteach ar chumas an Aontais aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna an chothromais agus na héifeachtúlachta araon, agus sprioc uaillmhianach chomhshaoil á baint amach. In Airteagail 192 go 193 de CFAE, deimhnítear inniúlachtaí an Aontais i réimse an athraithe aeráide.

    B. Réitigh

    Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a rinneadh a mheas? An bhfuil rogha tosaíochta ann nó nach bhfuil? Cén fáth? 

    Ó bhí 2013 ann, tá spriocanna náisiúnta le haghaidh earnálacha nach gcumhdaítear faoin gCóras Trádála Astaíochtaí leagtha amach sa Chinneadh maidir le Comhroinnt Díchill. Dhearbhaigh an Chomhairle Eorpach go gcloífí leis an ionstraim sin chun laghduithe gás ceaptha teasa san Aontas a rialáil don tréimhse 2012-2030. De réir na treorach sin, breathnaítear sa mheasúnú tionchair seo ar conas (i) spriocanna a leagan síos amach ar leibhéal na mBallstát ar bhealach cothrom atá de réir olltáirgeacht intíre per capita agus ina gcuirtear éifeachtúlacht costais san áireamh, agus (ii) feabhas a chur ar sholúbthachtaí atá ann cheana agus ar sholúbthachtaí nua chun a áirithiú go mbainfear amach na spriocanna ar bhealach cost-éifeachtúil ach go laghdófar an t-ualach riaracháin. Áirítear leis na solúbthachtaí nua nasc teoranta le hearnáil na talamhúsáide chomh maith le solúbthacht aonuaire ón gCóras Trádála Astaíochtaí go dtí na hearnálacha nach mbaineann trádáil astaíochtaí leo.

    Cé atá i bhfách le cén rogha? 

    Tá treoir mhionsonraithe tugtha ag an gComhairle Eorpach maidir leis na roghanna beartais nach mór anailís a dhéanamh orthu. Leag go leor páirtithe leasmhara béim ar shláine an chomhshaoil chun a áirithiú go mbainfeadh an tAontas a spriocanna gás ceaptha teasa 2030 amach go héifeachtach.

    C. Tionchar rogha na tosaíochta

    Cad iad sochair rogha na tosaíochta (más ann do rogha na tosaíochta; murab ann di cad iad sochair na bpríomhroghanna)?

    Trí spriocanna na n-earnálacha nach mbaineann trádáil astaíochtaí leo a leagan síos bunaithe ar olltáirgeacht intíre per capita tugtar aghaidh ar phríomhábhar imní na mBallstát maidir leis an gcothroime. A bhuí leis na coigeartuithe breise ar na spriocanna dá bhforáiltear i gcás na mBallstát is mó ioncam, agus an feabhas a chuirfear ar sholúbthachtaí atá ann cheana agus solúbthachtaí nua, féadfar an sprioc a bhaint amach ar bhealach cost-éifeachtúil. Chun sláine fhoriomlán an chomhshaoil a áirithiú, ní mór solúbthachtaí a theorannú ar eagla nach gcomhlíonfaidh ina iomláine gealltanas idirnáisiúnta an Aontais i leith astaíochtaí gás ceaptha teasa intíre a laghdú 40% ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le 1990.

    Cad iad costais rogha na tosaíochta (más ann do rogha na tosaíochta, murab ann di cad iad costais na bpríomhroghanna)? 

    Rinneadh measúnú grinn ar na costais a bhaineann le sprioc an Aontais maidir le gáis cheaptha teasa a laghdú, lena n-áirítear an sprioc gás ceaptha teasa a laghdú 30% sna hearnálacha nach mbaineann trádáil astaíochtaí leo, sa mheasúnú tionchair roimhe seo a ghabhann leis an togra le haghaidh 'creat beartais maidir leis an aeráid agus an fuinneamh sa tréimhse ó 2020 go 2030' 1 . Measadh dá mbeadh laghdú intíre 40% ar astaíochtaí gás ceaptha teasa go mbeidh costais bhreise 0.15-0.54% sa chóras fuinnimh i gcomparáid le olltáirgeacht intíre in 2030. Sa mheasúnú tionchair seo breathnaítear ar na tionchair ar dháileadh, go háirithe i dtaca leis na neamhréireanna atá ann idir spriocanna na mBallstát maidir le hearnálacha nach mbaineann trádáil astaíochtaí leo agus a chinntear ar bhonn olltáirgeacht intíre per capita agus an poitéinseal costéifeachtúil astaíochtaí a laghdú in earnálacha a chumhdaítear faoin gCinneadh maidir le Comhroinnt Díchill, agus ar a mhéid is féidir le solúbthachtaí nó coigeartú ar na spriocanna cuidiú chun na neamhréireanna sin a íoslaghdú.

    Cén difear a dhéanfar do ghnólachtaí, do FBManna agus do mhicrifhiontair?

    Níl oibleagáidí ar bith ar ghnólachtaí, FBManna ná micrifhiontair maidir le tuairisciú díreach ná aon iarmhairtí riaracháin eile. Ag brath ar ghnéithe agus raon feidhme aon bheart náisiúnta nó beart de chuid an Aontais chun astaíochtaí a laghdú, beidh tionchar indíreach ar ghnólachtaí. Beidh gá measúnú a dhéanamh ar aon éifeachtaí den sórt sin laistigh de na tograí beartais sin.

    An mbeidh tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta?

    Leis an togra maidir le spriocanna náisiúnta a leagan síos, laghdófar iarmhairtí costais na mBallstát is lú ioncam seachas dá leagfaí síos spriocanna a bheadh bunaithe ar chost-éifeachtúlacht amháin. Foráiltear sa togra go mbeidh solúbthacht níos fearr ann chun a áirithiú nach dtiocfaidh ach méadú teoranta ar chostais na mBallstát is mó ioncam chomh maith. Moltar gan seiceálacha comhlíonachta a dhéanamh chomh minic sin, i.e. gach cúig bliana seachas gach bliain, laghdóidh sé seo ualach riaracháin na mBallstát agus an Choimisiúin Eorpaigh go mór.

    An mbeidh tionchar suntasach eile ann? 

    Braithfidh tionchair bhreise ar na beartais náisiúnta agus ar na bearta náisiúnta a roghnaítear i ngach tír ar leith.

    D. Obair leantach

    Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

    I gcomhréir le Comhaontú Pháras, moltar athbhreithniú a dhéanamh gach cúig bliana ó 2024 ar aghaidh.

    (1) SWD 2014 (15) final
    Top