Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52016PC0824

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena dtugtar isteach ríomhchárta Eorpach seirbhísí agus saoráidí riaracháin gaolmhara

    COM/2016/0824 final - 2016/0403 (COD)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 23/04/2021

    An Bhruiséil,10.1.2017

    COM(2016) 824 final

    2016/0403(COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena dtugtar isteach ríomhchárta Eorpach seirbhísí agus saoráidí riaracháin gaolmhara

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    {SWD(2016) 439 final}
    {SWD(2016) 442 final}


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    I bhfianaise gurb iad seirbhísí a dhéanann suas thart ar 70 % d’olltáirgeacht intíre (OTI) an Aontais agus fosaíocht, tá sé ríthábhachtach iomaíochas mhargaí seirbhísí an Aontais a chur chun chinn d’fhonn poist a chruthú agus fás a chothú san Aontas. Leagtar síos sa Treoir um Sheirbhísí, a glacadh in 2006, forálacha ginearálta maidir le bunaíocht soláthraithe seirbhíse a éascú mar aon lena gcumas seirbhísí trasteorann a chur ar fáil sa mhargadh aonair. Spreagadh roinnt leasuithe ar fud na mBallstát a bhuí leis an Treoir sin agus cuireadh isteach is amach le 0.9 % le hOTI an Aontais i gcaitheamh deich mbliana.

    Mar sin féin, tá poitéinseal mór ann go fóill d’fhás agus do chruthú post agus ní mór an deis sin a thapú. Chun leasa mhargaí seirbhísí an Aontais a bheadh fás níos tapa ar tháirgiúlacht agus leithdháileadh níos éifeachtaí acmhainní. Tá an leibhéal trádála agus infheistíochta trasteorann i seirbhísí íseal go fóill. Má bhaintear níos mó de na bacainní sin atá fós ann ar ghníomhaíochtaí trasteorann i seirbhísí, cabhróidh sin go mór an iomaíocht a neartú agus beidh mar thoradh air níos mó roghanna agus praghsanna níos fearr a chur ar fáil do thomhaltóirí chomh maith le méadú ar an nuálaíocht. D’fhéadfaí 1.7 % breise a chur le hOTI an Aontais ach aghaidh a thabhairt ar na bacainní sin faoin gcreat atá curtha ar bun cheana leis an Treoir um Sheirbhísí 1 . Ina theannta sin, beidh tionchar dearfach ag margaí seirbhísí a fheidhmíonn níos fearr ar iomaíochas an tionscail ós rud é gur ceannaitheoir tábhachtach agús úsáideoir deiridh tábhachtach í earnáil monaraíochta an Aontais. Déanta na fírinne, is ionann luach na seirbhísí agus 40 % de luach táirge deiridh monaraíochta san Aontas Eorpach. Dá bhrí sin, bíonn iomaíochas earnála monaraíochta ag brath ar mhargaí seirbhísí atá ag feidhmiú mar is ceart.

    Ar na cúiseanna sin, chuir an Chomhairle Eorpach i bhfáth “ go mbeadh margadh aonair atá níos doimhne agus níos cothroime ríthábhachtach chun poist nua a chruthú, táirgiúlacht a chur chun cinn agus timpeallacht mhealltacha a áirithiú don infheistíocht agus don nuálaíocht” 2 . Tá margadh inmheánach a fheidhmíonn níos fearr ar cheann de dheich dtosaíocht an Choimisiúin Eorpaigh. Sa straitéis don mhargadh aonair a ghlac an Coimisiún i mí Dheireadh Fómhair 2015, d’fhógair sé sraith beart chun margadh aonair gan teorainneacha do sheirbhísí a thabhairt chun críche 3 . Is léir an cuspóir atá leis sin: bacainní a laghdú chun go mbeidh sé níos éasca ar sholáthraithe seirbhíse deiseanna nua gnó a shaothrú, agus seirbhísí ar ardcháilíocht a ráthú do thomhaltóirí ag an am céanna. Forbairt é an togra seo ar an straitéis don mhargadh aonair.

    Creat dlíthiúil cothrom chun na cuspóirí sin a bhaint amach atá sa Treoir um Sheirbhísí. Áirithítear léi go bhfuil na rialacháin náisiúnta neamh-idirdhealaitheach, go bhfuil údar leo agus go bhfuil siad comhréireach d’fhonn cuspóirí an leasa phoiblí a bhaint amach. Ina theannta sin, ceanglaíonn sí ar na Ballstáit bacainní de chineál riaracháin a chuireann leisce i gcleachtas ar sholáthraithe seirbhíse feidhmiú thar theorainneacha, na bacainní sin a mhaolú. Ní dhéanfaidh an togra seo difear don Treoir um Sheirbhísí ná do na prionsabail thábhachtacha a chur sí ar bun.

    A bhuí leis na prionsabail a tugadh isteach leis an Treoir um Sheirbhísí, tá dul chun cinn dearfach déanta i dtreo feidhmiú níos fearr mhargaí seirbhísí an Aontais Eorpaigh. Ag an am céanna, tá bacainní ann go fóill ar chomhtháthú níos mó an mhargaidh aonair i roinnt príomhearnálacha seirbhísí. Is fíor sin go háirithe i gcás roinnt seirbhísí gnó áirithe agus san earnáil tógála áit go dtarlaíonn sé go minic nach mbíonn sé éasca do sholáthraithe seirbhíse deiseanna gnó a shaothrú i mBallstáit eile. Bíonn bacainní riaracháin rompu nuair a bhíonn siad ag leathnú amach thar lear. Deimhníodh an méid sin trí iliomad teagmhálacha le soláthraithe seirbhíse 4 .

    Bíonn cúrsaí riaracháin casta do sholáthraithe seirbhíse nuair a bhíonn siad ag leathnú thar theorainneacha. Mar shampla, bíonn easpa soiléireachta ann i dtaobh conas cloí leis na rialacha atá ann cheana atá dírithe ar chomhlachtaí, FBManna go háirithe, a chur ó shochar a bhaint as deiseanna gnó i mBallstáit eile. Téann sé deacair ar sholáthraithe seirbhíse faisnéis a fháil faoi na ceanglais agus na nósanna imeachta rialála is infheidhme is gá a chur i gcrích chun rochtain a fháil ar mhargadh Ballstáit eile. Ina theannta sin, is minic nach mbaineann na rialacha náisiúnta ach le cásanna náisiúnta agus ní léir conas is ceart iad a chur i bhfeidhm ar sholáthraithe seirbhíse ó Bhallstáit eile san Aontas Eorpach. Dá bhrí sin, is minic a bhíonn sé deacair ar sholáthraithe seirbhíse ar mian leo seirbhísí a sholáthar ar bhonn buan i mBallstát eile nó seirbhísí trasteorann a sholáthar ar bhonn sealadach, bíonn sé deacair orthu a thuiscint cé na rialacha is gá a chur i bhfeidhm agus conas iad a chur i bhfeidhm. Is iondúil go mbíonn sé casta agus costasach do sholáthraithe seirbhíse foirmiúlachtaí riaracháin a chur i gcrích i mBallstáit eile.

    Tá an ríomhchárta Eorpach seirbhísí ceaptha, dá bhrí sin, an chastacht riaracháin a laghdú le haghaidh soláthraithe seirbhísí ar mian leo a ngníomhaíochtaí a leathnú go Ballstáit eile. Ag an am céanna, d’áiritheodh sé go bhféadfadh na Ballstáit rialacháin a bhfuil údar leo a chur i bhfeidhm. Dhéanfaí é a thairiscint do sholáthraithe seirbhíse ar bhonn deonach mar rogha chun a léiriú go bhfuil na rialacha náisiúnta is infheidhme á gcomhlíonadh. D’fhágfadh sé go mbeadh soláthraithe seirbhíse in ann nós imeachta atá leictreonach go hiomlán a úsáid ar leibhéal an Aontais chun foirmiúlachtaí a chur i gcrích nuair atá siad ag leathnú thar lear, rud a mhéadódh ar an deimhneacht dhlíthiúil agus a dhéanfadh laghdú suntasach ar an gcastacht riaracháin. Trí bhíthin an ríomhchárta bheadh siad in ann bacainní riaracháin a sheachaint amhail éiginnteacht maidir le cé na ceanglais is infheidhme, an gá le foirmeacha éagsúla a líonadh isteach i dteangacha iasachta, le haistriúchán, le doiciméid a dheimhniú nó a fhíorú agus céimeanna neamhleictreonacha an nóis imeachta. Ba shuntasach an tsábháil costais a bhaineann le foirmiúlachtaí arna gcumhdach leis an nós imeachta ríomhchárta i gcomparáid lena bhfuil ann anois; d’fhéadfadh sábháil suas le 50 % nó fiú níos mó a bheith ann 5 .

    I gcás ina mbíonn sé beartaithe ag soláthraí seirbhíse seirbhís trasteorann a sholáthar ar bhonn sealadach, is é an Ballstát baile a eiseoidh an ríomhchárta. Bheadh an Ballstát óstach in ann agóid a dhéanamh i gcoinne an ríomhchárta a eisiúint i gcás ina gceadaíonn an Treoir um Sheirbhísí amhlaidh cheana faoi cheann de na cúiseanna sáraitheacha ar mhaithe leis an bpobal a liostaítear in Airteagal 16. A luaithe agus a eiseofar é, ceadóidh an ríomhchárta don soláthraí seirbhíse seirbhísí a sholáthar thar theorainneacha ar bhonn sealadach sa Bhallstát óstach. Ní thiocfaidh athrú, dá réir sin, ar chumhachtaí cinnteoireachta na mBallstát óstach iarratas ar ríomhchárta Eorpach seirbhísí a dhiúltú, i gcomhréir le hAirteagal 16 den Treoir um Sheirbhísí.

    I gcás ina mbíonn sé beartaithe ag soláthraí seirbhíse seirbhísí a sholáthar trí bhrainse, gníomhaireacht nó oifig i mBallstát eile, is é an Ballstát óstach a eiseoidh an ríomhchárta. Sa chás sin, d’iarrfadh an soláthraí seirbhíse an ríomhchárta ar údaráis a Bhallstáit baile go fóill, agus sheiceálfadh siadsan go raibh an soláthraí bunaithe ar a gcríoch i gcomhréir lena rialacha is infheidhme. Ach mar dhara céim, thionscnódh údaráis an Bhallstáit baile próiseas le húdaráis riaracháin an Bhallstáit óstaigh is ábhartha chun seans a thabhairt dóibh a fhíorú go gcomhlíonann an soláthraí seirbhíse iarrthach ceanglais rialála a Bhallstáit baile i gcomhréir leis an Treoir um Sheirbhísí. Dá bhrí sin, chaithfí go cothrom le soláthraithe seirbhíse baile agus eachtracha araon. A luaithe agus a eiseofar an ríomhchárta, beidh an sealbhóir in ann seirbhísí a sholáthar trí bhunaíocht thánaisteach (is é sin brainse, gníomhaireacht nó oifig) sa Bhallstát óstach lena mbaineann.

    Tá coincheap an ríomhchárta Eorpaigh seirbhísí ag teacht le coincheap an chárta Eorpaigh ghairmiúil agus tá údaráis na mBallstát i dtaithí ar an gcárta sin cheana. Cuireadh an cárta Eorpach gairmiúil ar fáil in Eanáir 2016 agus ghlac líon suntasach de na gairmithe roghnaithe atá cumhdaithe faoi leis, rud a léiríonn go mbíonn buntáistí praiticiúla ag uirlis simpliúcháin dá leithéid dá núsáideoirí. Nósanna imeachta leictreonacha deonacha ar leibhéal an Aontais iad an ríomhchárta Eorpach seirbhísí agus an cárta Eorpach gairmiúil araon. Níl aon dualgas ar sholáthraithe seirbhísí an ríomhchárta Eorpach seirbhísí a úsáid. Is é údarás Bhallstát baile an iarratasóra an príomhphointe teagmhála. Ina theannta sin, bíonn feidhmiú an dá chóras ag brath ar shreafaí oibre réamhshainithe agus ceangailteacha maidir le comhar idir na Ballstáit baile agus na Ballstáit óstacha arna gcur chun feidhme trí bhíthin Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) arna bhunú le Rialachán IMI 6 .

    Ag an am céanna, ní hionann na cuspóirí atá ag an dá chóras. Éascaíonn an cárta Eorpach gairmiúil soláthar seirbhísí thar theorainneacha trí cháilíochtaí gairmiúla daoine nádúrtha mar oibrithe nó mar sholáthraithe seirbhíse féinfhostaithe a aithint i gcomhréir leis an Treoir maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla.

    Pléann an ríomhchárta Eorpach seirbhísí aghaidh le réimse ceanglas atá i bhfad níos fairsinge. Bheadh sé ar fáil do dhaoine nádúrtha atá féinfhostaithe ach freisin do chuideachtaí ar mian leo seirbhísí a sholáthar i mBallstát eile. Murab ionann agus an cárta Eorpach gairmiúil, chuirfeadh an ríomhchárta Eorpach seirbhísí saoráidí teicniúla ar fáil freisin chun go bhféadfaí na foirmiúlachtaí riaracháin a chur i gcrích a bhaineann le foireann a phostú chuig críoch na mBallstát sin a chuir in iúl don Choimisiún gur mian leo IMI a úsáid chuige sin. An fhéidearthacht IMI a úsáid ar an gcaoi sin, ní athróidh sé ar bhealach ar bith substaint na rialacha is infheidhme a leagtar síos i dTreoir 2014/67/AE. Áirítear freisin rialacha chun cumhdach árachais a éascú do sheirbhísí a sholáthraítear thar theorainneacha.

    Chumhdódh an ríomhchárta ceanglais a thagann faoi chuimsiú na Treorach um Sheirbhísí agus dá réir sin ní chumhdódh sé réimsí amhail cáin, saothar agus slándáil shóisialta. Mar sin féin, ní cheanglóidh na húdaráis sna Ballstát ar shealbhóir an ríomhchárta aon fhaisnéis a sholáthar atá cheana féin sa ríomhchárta maidir le nósanna imeachta nó foirmiúlachtaí arna bhforchur ar sholáthraí i ndáil le conradh poiblí a dheonú, comórtas deartha nó conradh lamháltais, fochuideachtaí a bhunú nó brainsí a chlárú faoi dhlí na gcuideachtaí agus clárú le scéimeanna éigeantacha árachais shóisialta.

    Bheadh feidhm ag an ríomhchárta Eorpach seirbhísí – ag an gcéad chéim – maidir le seirbhísí gnó agus tógála – sa mhéid is go dtagann na gníomhaíochtaí gaolmhara cheana faoi chuimsiú na Treorach um Sheirbhísí. Is earnálacha ríthábhachtacha do gheilleagar an Aontais Eorpaigh iad an dá earnáil sin 7 . Is minic a bhíonn cúrsaí riaracháin anchasta do sholáthraithe seirbhísí tógála nó gnó nuair a bhíonn siad ag leathnú thar lear. Ina theannta sin, is beag fás a tháinig ar tháirgiúlacht le deich mbliana anuas sa dá earnáil agus tá an trádáil agus an infheistíocht trasteorann teoranta. Bheadh iomaíocht mhéadaithe trasteorann ina cúnamh chun cumas iomaíochta an dá earnáil a chaomhnú agus a fheabhsú.

    Áirítear sa togra seo freisin clásail athbhreithnithe ar mhaithe le measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht an ríomhchárta Eorpaigh seirbhísí amach anseo, m.sh. i dtaobh chomhlíonadh na bhfoirmiúlachtaí is gá chun oibrithe a phostú agus ag cur san áireamh taithí na mBallstát sin a roghnaigh an fhéidearthacht dá bhforáiltear in Airteagal 6(3) den dréachtrialachán seo maidir le hardán leictreonach atá nasctha le IMI a úsáid le haghaidh chomhlíonadh na bhfoirmiúlachtaí ábhartha maidir le hoibrithe a phostú

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Déantar an Rialachán seo a tíolacadh in éineacht le Treoir. Tugtar isteach leis an Rialachán seo an ríomhchárta Eorpach seirbhísí gan athrú a dhéanamh ar na rialacha de chuid an Aontais Eorpaigh atá mar bhonn leis. Leagtar síos leis uirlisí atá ar fáil do sholáthraithe seirbhíse ar fud an Aontais. Ina theannta sin, éascaíonn sé réiteach saincheisteanna a bhaineann le cumhdach árachais soláthraí seirbhíse atá gníomhach thar theorainneacha. Leagtar amach leis an Treoir creat dlíthiúil agus oibríochtúil an ríomhchárta Eorpaigh seirbhísí agus rialáiltear léi, inter alia, na coinníollacha incháilitheachta, inniúlachtaí na mBallstát baile agus na mBallstát óstach, bailíocht an ríomhchárta Eorpach seirbhísí agus na coinníollacha lena chúlghairm nó lena fhionraí.

    Caomhnaíonn an Rialachán seo go hiomlán na forálacha de chuid an Aontais atá ann cheana maidir le saincheisteanna sóisialta, coinníollacha fostaíochta (go háirithe oibrithe a phostú, cearta oibrithe agus an colún sóisialta), sláinte agus sábháilteacht agus cosaint an chomhshaoil. Ní dhéanann sé aon athrú ar na cosaintí atá ann cheana ina leith sin ná ní cheistíonn sé na cosaintí sin. Chuirfeadh an ríomhchárta tuilleadh faisnéise faoin gcuideachta ar fáil. Ní chuirfí isteach in aon chor ar chumhacht na mBallstát cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh. Beidh feidhm go fóill ag na rialacha maidir le hoibrithe a phostú faoi Threoir 96/71/CE agus Treoir 2014/67/AE i gcomhthéacs an ríomhchárta Eorpach seirbhísí ach chuirfear tuilleadh saoráidí ar fáil chun gur féidir na rialacha sin a chomhlíonadh. I gcás ina bhfuil nósanna imeachta bunaithe ag na Ballstáit a fhéachann le dearbhú a bhaineann le hoibrithe a phostú de bhun Airteagal 9 de Threoir 2014/67/AE a chur i gcrích trí mheán leictreonach, treoróidh an ríomhchárta Eorpach seirbhísí sealbhóir an chárta i dtreo na nósanna imeachta náisiúnta ábhartha. Soláthraithe a bhfuil ríomhchárta Eorpach seirbhísí acu, féadfaidh siad freisin an dearbhú sin a chur isteach trí ardán leictreonach atá nasctha le IMI i gcás ina bhfuil sé curtha in iúl ag Ballstát óstach don Choimisiún gur cheart an fhéidearthacht sin a bheith ann maidir le hoibrithe a phostú chuig a gcríoch.

    Comhlánaíonn an togra maidir le ríomhchárta Eorpach seirbhísí tionscnaimh beartais eile i gcomhthéacs seirbhísí arna bhfógairt sa straitéis don mhargadh aonair chun cosc a chur le bacainní ar sholáthar seirbhíse thar theorainneacha a thabhairt isteach ar an leibhéal náisiúnta. Ar an mbealach sin, comhlánaíonn sé togra [XX] ón gCoimisiún le haghaidh Treoir lena leasaítear an nós imeachta faoinar gá do na Ballstáit fógra a thabhairt faoi scéimeanna údarúcháin agus ceanglais a bhaineann le seirbhísí.

    Comhlánóidh tionscnamh na Tairsí Aonair Digití, a fógraíodh i straitéis 2017 don mhargadh aonair, an togra seo freisin. Tabharfaidh an Tairseach, a reáchtáladh comhairliúchán poiblí ina leith i bhfómhar 2015, aghaidh ar na bearnaí atá ann faoi láthair san fhaisnéis do ghnólachtaí agus do shaoránaigh tríd an bhfaisnéis ábhartha atá ar líne a bhaineann leis an Aontas agus leis na Ballstáit a chomhtháthú, a chríochnú agus a fheabhsú. Déanfaidh sí nasc le seirbhísí cúnta freisin. Ina theannta sin, beidh sé mar aidhm aici digitiú na nósanna imeachta atá ag na Ballstáit is ábhartha do shaoránaigh agus do ghnólachtaí a fheidhmíonn a gcearta margaidh aonair, digitiú na nósanna imeachta sin a chur chun cinn. Tá sé beartaithe go gcumhdóidh raon feidhme na Tairsí Aonair Digití níos mó ná na hearnálacha atá á gcumhdach ag an tionscnamh atá ann faoi láthair.

    Lena ais sin, ba cheart gur ionstraim iomlán comhchuibhithe agus caighdeánaithe a bheidh sa ríomhchárta Eorpach seirbhísí chun seirbhísí a sholáthar thar theorainneacha, rud a laghdóidh na costais chomhlíonta do mhargaí seirbhísí ar leith a bhfuil FBManna go mór chun tosaigh iontu. Tá simpliú riaracháin mar chuspóir aige, i gcomhar leis an Ballstát óna dtagann an soláthraí seirbhíse, ach níl sé de cheart ag an mBallstát (baile) sin a thuairimí a thabhairt maidir leis na ceanglais is gá do sholáthraí seirbhíse a chomhlíonadh i mBallstáit eile. Leis an ríomhchárta Eorpach seirbhísí, is faoin soláthraí seirbhíse atá sé comhlíonadh a chur in iúl agus a áirithiú faoi chuimsiú sreabhadh oibre réamhshainithe atá caighdeánaithe go hiomlán. Déanfaidh an Tairseach Aonair Dhigiteach nasc leis an nós imeachta sin chun go mbeidh na tairbhithe in ann teacht air go héasca.

    Beidh cur chun feidhme an ríomhchárta Eorpaigh seirbhísí i gcomhréir iomlán le forbairt thionscadal na Tairsí Aonair Digití agus urramóidh sé na prionsabail arna leagan síos i bplean gníomhaíochta an ríomhrialtais (go háirithe: go mbeidh an cárta digiteach, idir-inoibritheach, trasteorann, aonúsáide agus cuimsitheach de rogha) 8 .

    Ar deireadh, comhlánaíonn an togra seo beartas forfheidhmiúcháin an Choimisiúin, rud lena gcloíonn sé go comhthreomhar, chun dul i ngleic le srianta ar leibhéal na mBallstát, srianta nach bhfuil údar leo nó atá díréireach, ar shaoirse na bunaíochta agus ar sholáthar seirbhísí saor in aisce.

    Tabharfaidh Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) arna bhunú le Rialachán IMI tacaíocht do chur chun feidhme an Rialacháin seo 9 . Ó 2011 i leith tá IMI ar fáil do thart ar 5 000 údarás; bíonn sé faoi réir suirbhéanna leanúnacha úsáideoirí agus chruthaigh an cárta Eorpach gairmiúil a tugadh isteach in Eanáir 2016 poitéinseal an chórais.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Tá an togra maidir le ríomhchárta Eorpach seirbhísí faoin rialachán seo agus an Treoir atá beartaithe i gcomhréir iomlán le roinnt beartas eile de chuid an Aontais, go háirithe na beartais sin a fhéachann leis na cuspóirí céanna a bhaint amach, mar atá simpliú riaracháin agus na ceanglais atá ar sholáthraithe seirbhíse a laghdú.

    Bheadh simpliú na bhfoirmiúlachtaí maidir le doiciméid ag teacht go mór leis na réitigh atá le tabhairt isteach le Rialachán (AE) 2016/1191 maidir le saorghluaiseacht saoránach a chur chun cinn trí shimpliú a dhéanamh ar na ceanglais a bhaineann le doiciméid phoiblí áirithe a chur i láthair san Aontas Eorpach 10 .

    Maidir le cáilíochta gairmiúla a aithint, tugadh isteach uirlis chosúil in 2013 ar mhaithe leis an simpliú riaracháin – mar atá an cárta Eorpach gairmiúil thuasluaite – agus tá sé ar fáil do líon áirithe gairmithe (altraí, poitigéirí, fisiteiripeoirí, treoraithe sléibhe agus gníomhairí eastáit) ó bhí Eanáir 2016 ann. Chun aon dúbláil a sheachaint, áirithítear leis an togra seo nach mbeidh sé de cheart ag gairmithe atá i dteideal cárta Eorpach gairmiúil a fháil, ríomhchárta Eorpach seirbhísí a fháil chomh maith.

    I gcomhthéacs an nóis imeachta maidir leis an ríomhchárta Eorpach seirbhísí, bainfidh na húdaráis chomhordúcháin agus na húdaráis inniúla úsáid as na hidirnaisc uile atá ar fáil idir na cláir náisiúnta, lena náirítear idirnaisc clár cuideachtaí (BRIS) faoi mar a cheanglaítear faoi Threoir 2009/101/CE, agus idirnaisc clár dócmhainneachta faoi Rialachán (AE) Uimh. 2015/848 sula mbainfidh siad úsáid as aon mhodh eile chun faisnéis a fháil nó faisnéis a fuarthas roimhe sin a fhíorú chun críocha an nóis imeachta seo.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Tagann an beart reachtach seo faoi chuimsiú réimse na hinniúlachta roinnte i gcomhréir le hAirteagal 4(2)(a) CFAE. Is é is aidhm dó bunaíocht agus soláthar seirbhísí a éascú trí bhearta a ghlacadh maidir le comhfhogasú na bhforálacha arna leagan síos leis an dlí, a bhfuil feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh ar chuspóir acu. Tá Airteagal 114 CFAE, an bunús dlí ginearálta chun bearta dá leithéid a ghlacadh, mar bhunús leis an Rialachán seo.

    Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

    Is é cuspóir foriomlán an togra reachtaigh seo feidhmiú rianúil mhargadh aonair an Aontais a áirithiú le haghaidh seirbhísí, rud nach bhfuil teoranta do chríoch Ballstáit amháin, ach a chumhdaíonn críoch iomlán an Aontais. I bhfianaise nádúr trasnáisiúnach mhargadh aonair an Aontais Eorpaigh, agus an gá le dul i ngleic le cásanna i gcomhthéacsanna trasteorann ar an mbealach is comhleanúnaí is féidir, is freagairt éifeachtúil é uirlis teicneolaíochta faisnéise atá ann cheana ar fud an Aontais – IMI – a úsáid, agus ní féidir sin a dhéanamh ach trí bhíthin beart ar leibhéal an Aontais.

    Comhréireacht

    Na bearta arna dtabhairt isteach leis an Rialachán seo, tá siad i gcomhréir leis an gcuspóir atá aige na margaí seirbhísí a chomhtháthú tuilleadh ar leibhéal an Aontais, trí dhinimic an mhargaidh agus leibhéal na hiomaíochta trasteorann a mhéadú. Tá siad i gcomhréir freisin leis na cuspóirí a leagadh síos maidir le trédhearcacht a fheabhsú, costais a laghdú agus nósanna imeachta a fhorchuireann na Ballstáit ar sholáthraithe seirbhíse i gcásanna trasteorann a shimpliú, go háirithe i dtaca leis na nósanna imeachta maidir le foireann a phostú agus maidir le hárachas dliteanais ghairmiúil. Ina theannta sin, cuireann sé le IMI, ionstraim teicneolaíochta faisnéise atá ann cheana ar leibhéal an Aontais, a mhaoinítear ó bhuiséad an Aontais agus atá in úsáid cheana ag na riaracháin náisiúnta. Athruithe teoranta amháin a dhéanfar ar IMI i ngeall ar nós imeachta ar leibhéal an Aontais, agus beidh costais theoranta mar thoradh air ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát. Rinneadh na costais theoranta sin a mheas maidir le nósanna imeachta cosúla atá ann cheana, amhail an cárta Eorpach gairmiúil.

    Ní théann na bearta seo thar a bhfuil riachtanach chun na fadhbanna a aithníodh a réiteach agus chun na cuspóirí a aithníodh a bhaint amach. Cé go néilíonn an nós imeachta ar leibhéal an Aontais ról gníomhach a bheith ag riaracháin na mBallstát, beidh na hiarrachtaí airgeadais a mbeifear ag súil leo ó na Ballstáit teoranta trí IMI, ardán atá ann cheana agus arna maoiniú ó chistí an Aontais, a úsáid. Ina theannta sin, beidh tionchar dearfach ar gheilleagair na mBallstát ag na deiseanna a bhaineann le húsáid an ríomhchárta Eorpaigh seirbhísí i dtaca le breis iomaíochta i margaí seirbhísí agus tuilleadh gníomhaithe margaidh, agus láimhdeachas sa bhreis.

    Níl aon dualgas ar sholáthraithe seirbhísí an ríomhchárta Eorpach seirbhísí a úsáid.

    An rogha ionstraime

    Bunaithe ar Airteagal 114 CFAE atá an Rialachán. Áirítear ann forálacha chun feidhmiú na bunaíochta tánaistí a éascú agus an tsaoirse chun seirbhísí agus cásanna trasteorann sealadacha a sholáthar. Ar bhonn fhoráil sin an Chonartha, tugtar isteach leis an Rialachán seo freisin uirlisí praiticiúla maidir le hárachas dliteanais ghairmiúil atá á lorg ag soláthraithe seirbhíse dá ngníomhaíochtaí thar lear.

    3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Meastóireachtaí ex-post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

    Agus an togra seo á ullmhú aige, rinne an Coimisiún meastóireacht chuimsitheach ar an Treoir um Sheirbhísí. Léiríodh sa mheastóireacht sin nach raibh cur chun feidhme na Treorach um Sheirbhísí iomlán éifeachtach go dtí seo. A bhuí leis an Treoir um Sheirbhísí, spreagadh fás breise trí leasuithe a rinneadh ar leibhéal na mBallstát. Mar sin féin, tá líon tábhachtach bacainní roimh sholáthraithe sna príomhearnálacha seirbhísí (amhail seirbhísí gnó agus tógála) go fóill. Ina theannta sin, níl na buntáistí uile á bhfáil ó chóras an chomhair riaracháin idir na Ballstáit. Ba é conclúid na hanailíse cuimsithí a rinneadh ar fheidhmiú agus inúsáidteacht na gcártaí Eorpacha gairmiúla, nár éirigh le formhór na gcártaí Eorpacha gairmiúla, go dtí seo, an riarachán a shimpliú faoi mar a bhíothas ag súil leis, i dtéarmaí seirbhísí a sholáthar thar theorainneacha ar bhonn sealadach nó gnó a chur ar bun.

    Ina theannta sin, ba léir ón meastóireacht a rinne an Coimisiún gur cur chuige anilchineálach atá ag na Ballstáit maidir le hoibleagáidí árachais agus rochtain ar árachas chun seirbhísí a sholáthar agus, dá bhrí sin, tá sé deacair agus costasach ar sholáthraithe seirbhíse conradh cumhdaigh árachais a fháil le chun seirbhísí a sholáthar thar theorainneacha ar bhonn sealadach go háirithe.

    Is chun dochar d’fhorbairt tuilleadh trádála agus infheistíochta trasteorann i réimse na seirbhísí atá na bacainní sin.

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Tá roinnt anailísí agus comhairliúchán déanta ag an gCoimisiún chun fianaise a bhailiú maidir lena bhfuil fágtha de bhacainní ar mhargadh aonair do sheirbhísí a bheadh lánfheidhmiúil, agus díríodh níos mó iontu sin ar éifeachtaí praiticiúla na bhforálacha sna Ballstáit. Rinneadh measúnú eacnamaíoch chun éifeachtaí an leasaithe náisiúnta sna margaí seirbhísí agus rochtain soláthraithe seirbhíse ar árachas a mheas. Ina theannta sin, eagraíodh ceardlanna do na páirtithe leasmhara ar chuid d’Fhóram an Mhargaidh Aonair in 2014, 2015 agus 2016. D’fhéach na ceardlanna sin ar dhúshláin fiontar beag agus meánmhéide forbairt a dhéanamh i margaí réigiúnacha trasteorann, agus ar na dúshláin shonracha atá roimh na hearnálacha seirbhísí (go háirithe seirbhísí gnó agus tógála) toisc go gcuireann leibhéal íseal trádála agus infheistíochta trasteorann ar leibhéal an Aontais srian orthu. Ba léir ón eolas agus ón ionchur a fuarthas, in ainneoin go bhfuil dul chun cinn éigin déanta le blianta beaga anuas, go mbíonn go leor bacainní roimh sholáthraithe seirbhíse go fóill i roinnt earnálacha atá tábhachtach ó thaobh an gheilleagair de, nuair a bhíonn siad ag iarraidh leathnú thar theorainneacha na mBallstát.

    Chuir na páirtithe leasmhara tuairimí éagsúla in iúl maidir leis na bealaí a d’fhéadfaí an creat a bhfuil na margaí seirbhísí faoina réir ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát a fheabhsú. Tá tromlach mór na bpáirtithe leasmhara i gcoinne na Treorach um Sheirbhísí. Ní dhéanann an Rialachán seo modhnú ar aon rialacha substainteacha maidir le soláthar seirbhísí thar theorainneacha mar a leagtar síos sa Treoir um Sheirbhísí, ná ar aon rialacha maidir le hoibrithe a phostú, sláinte agus sábháilteacht nó cosaint an chomhshaoil.

    Reáchtáladh comhairliúchán poiblí ar líne idir an 3 Bealtaine agus an 26 Iúil 2016. D’iarr an comhairliúchán tuilleadh tuairimí ó na páirtithe leasmhara, mar aon lena dtaithí féin ar na bacainní atá ann go fóill, sna hearnálacha seirbhísí seo go háirithe, ar sholáthar seirbhísí thar theorainneacha sa Aontas Eorpach.

    D’iarr an Coimisiún tuairimí freisin ó na páirtithe leasmhara ag amanna éagsúla, go háirithe le linn dhá chomhairliúchán phoiblí in 2013 agus in 2015, maidir leis na fadhbanna a bhíonn ag soláthraithe seirbhísí cumhdach árachais a fháil nuair a bhíonn seirbhísí á soláthar acu i mBallstát eile ar bhonn sealadach.

    Is léir ó na comhairliúcháin sin go bhfuil ceanglais dhíréireacha gan údar ann go fóill ar leibhéal na mBallstát, chun dochar do sholáthraithe seirbhíse agus tomhaltóirí seirbhíse sa mhargadh aonair. Ina theannta sin, léiríodh go sonrach cé na freagairtí beartais a bhfuiltear ag súil leo ó pháirtithe leasmhara. Tá an tromlach go mór i bhfabhar aghaidh a thabhairt ar na bacainní atá ann go fóill ar sholáthar seirbhísí thar theorainneacha, agus rochtain ar chumhdach árachais a éascú sna cásanna sin, ach acquis an Aontais maidir le cúrsaí sóisialta, fostaíocht, sláinte agus sábháilteacht nó an comhshaol a choimeád agus beartas forfheidmiúcháin uaillmhianach a chur i bhfeidhm ag an am céanna. Chuige sin, ghlac an Coimisiún pacáiste cuimsitheach forfheidhmiúcháin i mí na Samhna 2016 chun aghaidh a thabhairt ar na srianta díréireacha a tugadh isteach i réimse na seirbhísí i naoi mBallstát.

    Bhí an tionscnamh sin ceaptha forbairt na margaí seirbhísí trasteorann a fheabhsú agus fuair sé tacaíocht ón gComhairle Iomaíochais ina conclúidí an 29 Feabhra 2016 maidir leis an straitéis don mhargadh aonair 11 , agus ón gComhairle Eorpach ina conclúidí an 28 Meitheamh 2016 12 . Fuair sé tacaíocht freisin ó Pharlaimint na hEorpa ina tuarascáil maidir leis an straitéis don mhargadh aonair arna glacadh an 26 Bealtaine 2016 13 .

    Bailiú agus úsáid saineolais

    Bhí torthaí próisis meastóireachta fhrithpháirtigh a rinneadh leis na Ballstáit in 2010-2011, seiceálacha feidhmíochta a rinneadh in 2011-2012 agus athbhreithniú piaraí a rinneadh in 2012-2013, bhí siad ar fad ina gcuidiú chun an togra seo le haghaidh Rialacháin a ullmhú. Ina theannta sin, ba bhonn iontaofa saineolais torthaí na gcomhairliúchán éagsúil poiblí, lena náirítear an comhairliúchán a rinneadh i samhradh 2016.

    Maidir leis na gnéithe árachais de, cuireadh san áireamh freisin torthaí an chomhairliúcháin phoiblí a seoladh in 2013 maidir leis an deacrachtaí a bhíonn roimh sholáthraithe seirbhíse cumhdach árachais a fháil i gcomhthéacsanna trasteorann, agus an ceann a rinneadh in 2015 maidir le Páipéar Uaine a d’fhéadfaí a eisiúint ar sheirbhísí airgeadais miondíola. Phléigh an comhairliúchán deiridh sin freisin le saincheisteanna sonracha a bhaineann le rochtain ar árachas dliteanas gairmiúil i gcomhthéacs trasteorann. Ina theannta sin, bhí pléití rialta ann le hionadaithe ón earnáil árachais.

    Reáchtáil an Coimisiún go leor ceardlann le geallsealbhóirí, go háirithe na comhpháirtithe sóisialta, chun saineolas a bhailiú faoi na deacrachtaí a bhíonn ann i ngeall ar cheanglais thábhachtacha riaracháin ar fud na mBallstát. Bailíodh sonraí freisin trí staidéir sheachtracha agus tuarascálacha seachtracha. Ina theannta sin, bhí an Coimisiún ag brath ar mhalartuithe rialta ar leibhéal teicniúil i gcomhthéacs a Ghrúpa Saineolaithe maidir le cur chun feidhme na Treorach um Sheirbhísí.

    Measúnú tionchair

    Rinneadh measúnú tionchair agus an tionscnamh seo á ullmhú. Maidir leis an tuarascáil a cuireadh isteach athuair, cuirtear san áireamh inti na moltaí a rinne an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála sa chéad tuairim a thug sé uaidh an 14 Deireadh Fómhair 2016 (tuairim a bhí diúltach) 14 agus na pointí breise a d’ardaigh an Bord sa tuairim dheiridh a tháinig uaidh an 8 Samhain 2016 (tuairim a bhí dearfach) 15 . Go háirithe, rinneadh soiléiriú ar thuairisc na faidhbe agus ar raon feidhme an mheasúnaithe tionchair, rinneadh na roghanna beartais éagsúla a athghrúpáil ina bpacáistí soiléire roghanna agus rinneadh na laghduithe ar an gcostas riaracháin a mheas ar bhealach níos beaichte.

    Rinneadh roghanna beartais aonair a mheas sa mheasúnú tionchair agus cuireadh i “bpacáistí” de roghanna beartais iad. Rinneadh scrúdú ar na pacáistí roghanna beartais seo a leanas:

    Cheadódh Pacáiste 1 don soláthraí seirbhíse deimhniú a fháil maidir le bunaíocht dhlíthiúil sa Bhallstát baile agus cumhdach árachais atá ann cheana a dhearbhú i dtaca le gníomhaíochtaí sa Bhallstát baile freisin;

    Dá mbeadh dara pacáiste rogha ann bheadh an soláthraí seirbhíse in ann nós imeachta ar leibhéal an Aontais a úsáid chun rochtain ar mhargadh Ballstáit eile a éascú, lena náirítear sásra ardfhorbartha leictreonach atá nasctha le IMI a éascódh comhlíonadh na bhfoirmiúlachtaí maidir le hoibrithe a phostú a mbeadh sé de rogha ag na Ballstáit a úsáid. Ina theannta sin, thabharfadh sé aghaidh ar bhacainní a bhaineann le hárachas i gcásanna trasteorann;

    Laghdódh tríú pacáiste rogha, i dteannta phacáiste 2, an éagsúlacht rialála i roinnt seirbhísí tábhachtacha gnó (seirbhísí ailtireachta, innealtóireachta agus cuntasóireachta) trí líon áirithe ceanglas is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhíse sna trí sheirbhís sin a chomhchuibhiú (mar atá srianta ar an bhfoirm dhlíthiúil, ceanglais lena leagtar síos an céatadán den scairsheilbh is ceart a chur ar leataobh do ghairmithe agus srianta ar fhorálacha gníomhaíochtaí ildisciplíneacha);

    Thabharfadh ceathrú pacáiste rogha i dteannta Phacáiste 3 isteach réitigh ar leith chun dul i ngleic leis na héagsúlachtaí rialála thuasluaite i gcás bunaíocht thánaisteach (brainsí agus gníomhaireachtaí), rud a dhéanfadh soláthraithe seirbhíse eachtracha a dhíolmhú ó cheanglais ar leith ach a cheadódh don Bhallstát óstach coimircí malartacha a thabhairt isteach san am céanna.

    Bheadh éifeachtaí simpliúcháin ag an gcéad phacáiste, ach bheadh na héifeachtaí sin níos teoranta i gcomparáid leis na pacáistí eile. Cé go mbeadh éifeacht níos láidre ag pacáiste 3 agus pacáiste 4 ná mar a bheadh ag pacáiste 2 i bhfianaise go dtugann siad aghaidh freisin ar bhacainní rialála (sa bhreis air simpliú riaracháin), chinn an Coimisiún pacáiste 2 a roghnú, ar na cúiseanna seo a leanas: Is cosúil go mbeadh sé níos comhréirí na ceanglais is déine a chumhdaítear i bpacáiste 3 agus i bpacáiste 4 a bhaint trí bheart forfheidhmiúcháin spriocdhírithe, agus moltaí sonracha a chur leis a rachadh i ngleic leis an gcreat rialála iomlán is infheidhme maidir leis an ngairm a sholáthraíonn an seirbhís, ná togra reachtach lena dtabharfaí isteach an méid is lú comhchuibhithe ab’fhéidir le haghaidh líon beag ceanglas i líon teoranta earnálacha seirbhísí. Ina theannta sin, cuirtear pacáiste 4 as an áireamh freisin mar thabharfadh sé le fios go raibh réiteach á thabhairt isteach a raibh cur chuige bunaithe ar an tír thionscnaimh mar bhonn leis, faoina mbeadh soláthraithe seirbhíse eachtracha faoi réir reachtaíocht a mBallstát baile amháin, agus bheadh idirdhealú aisiompaithe i gcoinne soláthraithe seirbhíse baile mar thoradh air sin.

    Táthar ag súil leis go mbeidh deimhneacht dhlíthiúil mhéadaithe agus sábháil costais le haghaidh soláthraithe seirbhíse a sholáthraíonn a seirbhísí thar theorainneacha mar thoradh ar an bpacáiste a roghnófar. Is cosúil go méadóidh sé dinimic an mhargaidh agus leibhéal na hiomaíochta a chuirfidh le rogha agus breisluach níos fearr do thomhaltóirí.

    Oiriúnacht rialála agus simpliú

    Cuideoidh an togra le haghaidh rialachán lena dtugtar isteach ríomhchárta Eorpach seirbhísí oiriúnacht rialála a bhaint amach maidir le rochtain soláthraithe seirbhíse ar an margadh, agus cuideoidh sé freisin le simpliú tríd na módúlachtaí faoina dtugtar rochtain do sholáthraithe seirbhíse ar mhargadh Ballstáit eile a fheabhsú. Ní athraíonn an méid sin sainchumais na mBallstát óstach faoin Treoir um Sheirbhísí.

       Cearta bunúsacha

    Cuirtear chun cinn sa togra seo na cearta atá cumhdaithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha. Go sonrach, áiritheofar cosaint sonraí pearsanta i gcomhréir le hAirteagal 8 den Chairt. Ina theannta sin, is é príomhchuspóir an tionscnaimh seo cearta na bunaíochta agus an ceart seirbhísí a sholáthar i Ballstát ar bith, mar a fhorordaítear le hAirteagal 15(2) den Chairt, a éascú, agus a áirithiú nach ndéantar aon idirdhealú, fiú amháin más idirdhealú indíreach é, ar bhonn náisiúntachta (Airteagal 21(2) den Chairt á chur chun feidhme). Ina theannta sin, tá sé beartaithe go gcuirfidh an nós imeachta ar leibhéal an Aontais nós imeachta atá neamhchlaonta, cothrom agus réasúnta gasta i bhfeidhm, maidir le rannpháirtíocht an Choimisiúin freisin, mar a cheanglaítear le hAirteagal 41 den Chairt. Ar deireadh, déanfar toirmeasc ar mhí-úsáid ceart, eadhon an ceart chun seirbhís a sholáthar, a mheas go cuí, mar a fhorordaítear le hAirteagal 54 den Chairt.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Meastar go mbeidh tionchar ag an togra ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh sa mhéid is go mbeidh Córas Faisnéise an Mhargaidh Aonair (IMI) mar chnámh droma oibríochtúil leis an ríomhchárta Eorpach seirbhísí atá le tabhairt isteach. Caithfear IMI a chur in oiriúint chun tacú leis an nós imeachta maidir le ríomhchárta Eorpach seirbhísí agus na riachtanais stórála, agus beidh feidhmeanna eile de dhíth freisin, mar atá comhéadan poiblí do sholáthraithe seirbhíse, idirnaisc le córais ábhartha eile agus feidhmiúlacht cúloifige le haghaidh na núdarás náisiúnta. Ní mór an méid sin a dhéanamh toisc go ndéanfar IMI a thairiscint, chun críocha an ríomhchárta Eorpaigh seirbhísí, mar uirlis le haghaidh malartú éifeachtach faisnéise agus cúnamh frithpháirteach idir na húdaráis inniúla i mBallstát áirithe, gan dochar do réitigh eile atá curtha i bhfeidhm ag na Ballstáit. Is beag impleacht a bheidh ar bhuiséad an Aontais ós rud é go mbeidh barrainneachtaí tábhachtacha scála agus raoin feidhme mar thoradh ar IMI a úsáid mar bhonn taca leis an ríomhchárta Eorpach seirbhísí. Ina theannta sin, príomhinniúlachtaí IMI mar atá faoi láthair agus iad siúd atá á bhforbairt faoi láthair, tá siad ag teacht den chuid is mó le ceanglais an ríomhchárta Eorpaigh seirbhísí. Déanfar laghdú suntasach ar chostais an oiriúnaithe agus na forbartha dá bhrí sin.

    Is trí chistí a athdhíriú a chumhdófar na leithreasuithe is gá; ní mheastar go mbeidh tionchar ar bhuiséad an Aontais thar an tionchar a bheidh ar na leithreasuithe dá bhforáiltear cheana i gcláreagrú oifigiúil airgeadais an Choimisiúin.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Tá sé beartaithe meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo gach cúig bliana tar éis an ríomhchárta Eorpaigh seirbhísí a chur chun feidhme. Beidh san áireamh sa mheastóireacht sin measúnú ar an gcomhar idir na húdaráis chomhordúcháin sna Ballstáit, agus déanfaidh sé a mheas an gá na nósanna imeachta maidir leis an ríomhchárta Eorpach seirbhísí a choigeartú i bhfianaise na bhforbairtí is déanaí sa ríomhrialtas. Thabharfaí cuireadh freisin do na Ballstáit, do sholáthraithe seirbhíse, do chomhpháirtithe sóisialta agus do pháirtithe leasmhara eile meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú an tionscnaimh. Déanfar táscairí áirithe a mheas trínar féidir tionchar an Rialacháin a mheas, m.sh: an líon soláthraithe seirbhísí a úsáideann an ríomhchárta Eorpach seirbhísí, an taithí atá acu ar an ualach riaracháin, luas na nósanna imeachta arna núsáid nó an líon malartuithe faisnéise idir na Ballstáit.

    I bhfianaise go bhfuil sé beartaithe athbhreithniú a dhéanamh ar ghnéithe áirithe de Threoir 2014/67/AE i mí an Mheithimh 2019, ba cheart measúnú a dhéanamh athuair ar phoitéinseal na saoráidí arna dtairiscint le hAirteagal 6, mar chuid den athbhreithniú. Cuirfear san áireamh san athbhreithniú taithí na mBallstát sin a roghnaigh an fhéidearthacht dá bhforáiltear in Airteagal 6(3) den dréachtrialachán seo maidir le hardán leictreonach atá nasctha le IMI a úsáid le haghaidh chomhlíonadh na bhfoirmiúlachtaí ábhartha maidir le hoibrithe a phostú.

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Sonraítear in Airteagal 1 ábhar an Rialacháin atá beartaithe, lena dtugtar isteach ríomhchárta Eorpach seirbhísí agus saoráidí riaracháin gaolmhara is féidir le soláthraithe a úsáid chun seirbhísí a sholáthar thar theorainneacha. Soiléiríonn sé freisin go leagtar síos sa Treoir maidir le ríomhchárta Eorpach seirbhísí, atá le glacadh ag an am céanna, comhordú na bhforálacha náisiúnta is gá chun go mbeidh an ríomhchárta sin ar fáil

    In Airteagal 2 tugtar sainmhíniú ar raon feidhme na ngníomhaíochtaí a bhfuil an ríomhchárta Eorpach seirbhísí ar fáil dóibh, mar aon leis na gníomhaíochtaí, réimsí sonracha agus na hábhair shonracha nach gcumhdaíonn an ríomhchárta, de réir mar atá i dTreoir 2006/123/CE.

    Leagtar síos leis freisin, mar a dhéantar le Treoir 2006/123/CE, nach ndéanann an Rialachán seo difear do shainmhíniú ná d’eagrú seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne nó na rialacha arna rialú le dlí na hiomaíochta. Ní dhéanann sé difear ach an oiread d’éagsúlacht chultúrtha nó teanga nó d’iolrachas na meán. Ar deireadh, ní dhéanann an Rialachán difear d’fhorálacha an dlí choiriúil ghinearálta, dlí an tsaothair, an dlí cánach ná an dlí slándála sóisialta.

    Amhail cás Threoir 2006/123/CE, soiléirítear nach mbeidh feidhm ag an Rialachán seo nuair atá coinbhleachtaí ann idir é agus gníomhartha eile de chuid an Aontais a rialaíonn gnéithe sonracha de rochtain ar ghníomhaíocht seirbhíse nó feidhmiú gníomhaíochta seirbhíse in earnálacha sonracha nó le haghaidh earnálacha sonracha nó gairmeacha sonracha.

    In Airteagal 3 tá na sainmhínithe is ábhartha don Rialachán seo.

    In Airteagal 4 sainmhínítear eilimintí ríthábhachtacha na niarratas ar ríomhchárta Eorpach seirbhísí, agus ba cheart iad a bheith mar an gcéanna ar fud an Aontais, agus leis an Airteagal seo tugtar cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún chun an fhoirm chaighdeánach agus na sonraí teicniúla a shonrú mar aon leis na cumhachtaí tarmligthe chun breis sonraithe a dhéanamh ar an gcineál faisnéise tacaíochta agus, in imthosca eisceachtúla a thugann údar don ghá atá leo, leis na doiciméid atá le soláthar san iarratas.

    Le hAirteagal 5 bunaítear oibleagáid arna forchur ar dháileoirí árachais agus ar chomhlachtaí arna gceapadh ag an mBallstát chun árachas éigeantach a sholáthar, deimhniú árachais a chur ar fáil arna iarraidh sin do na sealbhóirí polasaí. Sainmhínítear ann freisin eilimintí ríthábhachtach an deimhnithe sin agus déantar foráil ann maidir leis an bhféidearthacht an Coimisiún foirm chaighdeánach a shainiú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.

    Le hAirteagal 6 ceadaítear do shealbhóirí ríomhchárta Eorpach seirbhísí na foirmiúlachtaí a chomhlíonadh maidir le foireann a thabhairt ar iasacht de bhun Threoir 2005/36/CE trí bhíthin ardán leictreonach atá nasctha le IMI faoi chomhordú an údaráis comhordúcháin sa Bhallstát baile. Maidir le hoibrithe a phostú de bhun Threoir 96/71/CE agus Threoir 2014/67/CE, tá an fhéidearthacht chéanna ann maidir leis na Ballstáit sin a chuireann in iúl don Choimisiún gur cheart an fhéidearthacht sin a bheith ann maidir le hoibrithe a phostú ar a gcríoch. Ina theannta sin, i gcás ina bhfuil nósanna imeachta bunaithe ag na Ballstáit a fhéachann leis an dearbhú a bhaineann le hoibrithe a phostú de bhun Airteagal 9 de Threoir 2014/67/AE a chur i gcrích trí mheán leictreonach, díreoidh an tardán leictreonach atá nasctha le IMI, díreoidh sé sealbhóir an chárta i dtreo na nósanna imeachta náisiúnta ábhartha.

    Le hAirteagal 7 ceadaítear d’iarratasóirí ar ríomhchárta Eorpach seirbhísí na foirmiúlachtaí is gá a chomhlíonadh maidir le saorghluaiseacht daoine féinfhostaithe de bhun Threoir 2005/36/CE a dhéanamh trí bhíthin ardán leictreonach atá nasctha le IMI faoi chomhordú an údaráis comhordúcháin sa Bhallstát baile. Déanann sé foráil freisin maidir le foirm iarratais chomhlánaithe le haghaidh ríomhchárta Eorpach seirbhísí a chur in áit na bhfíoruithe i leith cáilíochtaí gairmiúla arna gceangal de bhun Threoir 2005/36/CE.

    Le hAirteagal 8 bunaítear nósanna imeachta atá leictreonach go hiomlán maidir le hiarratais ar ríomhchártaí Eorpacha seirbhísí agus maidir lena neisiúint, a nuashonrú, a bhfionraí, a gcúlghairm agus a gcealú, agus beidh siad ar fáil trí ardán leictreonach atá nasctha le IMI, gan dochar do shreabhadh oibre inmheánach na nósanna imeachta idir na húdaráis chomhordúcháin agus na húdaráis inniúla sna Ballstáit. Tugann sé freisin cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún sonraíochtaí teicniúla a ghlacadh maidir leis na nósanna imeachta leictreonacha thuasluaite.

    Déantar foráil in Airteagal 9 maidir le comhrialacha i dtaca le formáid agus teanga na ndoiciméad atá le cur isteach i gcomhthéacs an nóis imeachta don chárta Eorpach seirbhísí. Tugann sé freisin cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún rialacha teicniúla a ghlacadh maidir le haistriúchán a dhéanamh ar fhaisnéis agus doiciméid arna núsáid i gcomhthéacs an nóis imeachta le haghaidh an ríomhchárta Eorpaigh seirbhísí. .

    In Airteagal 10 sainmhínítear na prionsabail a shoiléiríonn cé na táillí is féidir leis an mBallstát baile agus an Ballstát óstach a ghearradh. Ní bheidh na táillí sin níos mó ná na costais a thabhóidh na Ballstáit go díreach. Tugann sé freisin cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún rialacha teicniúla a leagan síos maidir le módúlachtaí agus nósanna imeachta na híocaíochta.

    Le hAirteagal 11 cuirtear oibleagáid ar dháileoirí árachais ráiteas a eisiúint, arna iarraidh sin don sealbhóir polasaí, a bhaineann le héilimh i dtaca le dliteanas i leith tríú páirtithe maidir le gníomhaíochtaí an tsealbhóra polasaí. Tugann sé de chumhacht don Choimisiún freisin rialacha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le formáid chaighdeánach an ráitis.

    Ceanglaíonn Airteagal 12 ar dháileoirí agus ar chomhlachtaí árachais arna gceapadh ag Ballstát chun árachas éigeantach a sholáthar, a chur san áireamh go cuí sa pholasaí glacachta agus i ríomh na bpréimheanna, ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, an ráiteas éileamh arna thíolacadh ag an soláthraí.

    Ceanglaíonn Airteagal 13 ar eagraíochtaí gairmiúla a thairgeann cumhdach grúpa a bhaineann le hárachas dliteanas gairmiúil dá mbaill nó do sholáthraithe seirbhíse ar leith eile, rochtain ar an gcumhdach sin a thabhairt do sholáthraithe ó Bhallstáit eile a chuireann in iúl go bhfuil suim acu ann, ar théarmaí neamh-idirdhealaitheacha, lena náirítear do shealbhóirí ríomhchárta Eorpach seirbhísí.

    Déantar forail in Airteagal 14 maidir le hoibleagáid fhrithpháirteach faisnéis a mhalartú idir na húdaráis chomhordúcháin ábhartha. Tugtar cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún freisin sonraí teicniúla a shainiú chun an malartú faisnéise sin a phróiseáil.

    Rialaítear le hAirteagal 15 feidhmiú an tarmligin ag an gCoimisiún dá bhforáiltear in Airteagal 4.

    Sainítear in Airteagal 16 an Coiste atá de chúnamh ar an gCoimisiún chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh agus an nós imeachta is infheidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) 182/2011.

    Déantar foráil in Airteagal 17 maidir le hoibleagáid a chur ar na Ballstáit an túdarás comhordúcháin a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige na tascanna dá bhforáiltear sa Rialachán agus sa Treoir a dhéanamh, tascanna ina leagtar amach creat oibríochtúil le haghaidh ríomhchárta Eorpach seirbhísí, agus an cárta a chur in iúl don Choimisiún agus é a chlárú in IMI.

    In Airteagal 18 agus Airteagal 19 forchuirtear ar an gCoimisiúin oibleagáidí faireacháin agus athbhreithnithe maidir le tionchar an Rialacháin seo ar shaoirse na bunaíochta agus ar an tsaoirse seirbhísí a sholáthar ar fud na mBallstát. Déantar tagairt anseo freisin d'athbhreithniú na saoráidí arna tairiscint faoi Airteagal 6 mar chuid den athbhreithniú faoi Threoir 2014/67/AE.

    Déantar foráil in Airteagal 20 maidir leis an leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le IMI chun an ríomhchárta Eorpach seirbhísí a áireamh i raon feidhme an Rialacháin sin.

    Pléann Airteagal 21 leis an teacht i bhfeidhm agus an cur i bhfeidhm. Déantar na dátaí ábhartha a chur in oiriúint do na dátaí atá molta don Treoir.

    2016/0403 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena dtugtar isteach ríomhchárta Eorpach seirbhísí agus saoráidí riaracháin gaolmhara

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 16 ,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 17 ,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)Ráthaíonn an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) saoirse bhunaíochta i mBallstáit do sholáthraithe seirbhíse agus an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar ar fud na mBallstát.

    (2)Bunaítear le Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 18 forálacha ginearálta chun go néascófar feidhmiú saoirse bhunaíochta soláthraithe seirbhíse agus saorghluaiseacht seirbhísí. Foráiltear, inter alia, leis gur cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le simpliú riaracháin, amhail úsáid a bhaint as na hIonaid Ilfhreastail, chomh maith le glacadh le hárachas slánaíochta gairmiúla coibhéiseach atá ag soláthraithe seirbhíse cheana ina mBallstát baile.

    (3)Ceanglaíonn Treoir 2006/123/CE ar na Ballstáit Ionaid Ilfhreastail a chur i bhfeidhm agus a choinneáil cothrom le dáta go leanúnach áit ar féidir le soláthraí seirbhíse ar mian leis seirbhísí a bhunú nó a sholáthar teacht ar gach faisnéis ábhartha faoi na ceanglais atá le comhlíonadh agus nósanna imeachta ar líne maidir leis na foirmiúlachtaí, na húdaruithe agus na fógraí uile atá le cur i gcrích. Ina ainneoin sin, caithfidh soláthraithe seirbhíse déileáil go fóill le dúshláin chostasacha maidir le teacht ar fhaisnéis agus le deacrachtaí maidir le nósanna imeachta náisiúnta a chomhlíonadh i gcéin, eadhon i dtaca leis na ceanglais a bhaineann leis an earnáil. Ba cheart an comhar idir na córais riaracháin i mBallstáit éagsúla a dhéanamh, i bprionsabal, trí mheán Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI), ar ardán teicneolaíochta faisnéise (TF) é a chuirtear ar fáil chun faisnéis a mhalartú ar bhonn trasteorann agus chun cúnamh frithpháirteach a chur chun cinn idir na húdaráis i mBallstáit éagsúla faoin Treoir sin. D’ainneoin go mbíonn amhras ar údaráis in amanna maidir le bhunaíocht dhlíthiúil soláthraí i mBallstát eile, ní bhaintear an leas is mó is féidir as na deiseanna comhair atá ar fáil faoi láthair in IMI.

    (4)Tá ceanglais i bhfeidhm go fóill a chuireann ualach míthaitneamhach ar sholáthraithe seirbhíse atá ag iarraidh a noibríochtaí a leathnú ar fud an mhargaidh inmheánaigh, amhail scéimeanna údarúcháin éagsúla agus iomadúla ag údaráis éagsúla a dteipeann orthu, ó thaobh na bunaíochta de, aitheantas frithpháirteach a fháil ar choinníollacha a comhlíonadh roimhe seo i mBallstáit eile nó, maidir le soláthar trasteorann sealadach seirbhísí, a chuireann srianta díréireacha nó srianta gan údar leis na seirbhísí sin. Dá bharr sin, bíonn soláthraithe seirbhíse ag déileáil le costais dhíréireacha agus iomadúla maidir le comhlíonadh nuair atá siad ag leathnú a seirbhísí thar theorainneacha.

    (5)Mar gheall ar na foirmiúlachtaí a bhaineann le húdaruithe agus fógraí, is minic is gá foirmeacha páipéir a chomhlánú agus doiciméid pháipéir a chur isteach, agus bíonn costas suntasach ar aistriúchán na ndoiciméad sin; caithfidh na haistriúcháin sin ceanglais a chomhlíonadh freisin maidir le foirmeacha ar leith amhail deimhniú nó fíordheimhniú. Ní bhíonn faisnéis faoi na bacainní sin le fáil ar líne nó is amhlaidh a bhíonn an fhaisnéis sin gann, neamhiomlán, scaipthe agus deacair a léirmhíniú maidir le cúinsí ar leith soláthraí atá ag leathnú a sheirbhísí thar theorainneacha, mar go mbíonn sí dírithe go minic ar chásanna intíre amháin. Is minic a bhíonn an baol ann go gcuirfidh soláthraithe seirbhíse faisnéis agus doiciméid isteach in athuair agus go mbeidh orthu na rialuithe céanna a dhéanamh athuair le húdaráis éagsúla sa Bhallstát céanna. Is mór an dídhreasú na costais shuntasacha aistriúcháin do chuideachtaí chun na chéad chéimeanna a ghlacadh nuair atá siad ag leathnú a seirbhísí thar theorainneacha.

    (6)Tá trádáil trasteorann agus infheistíocht trasteorann i seirbhísí áirithe gnó agus tógála aníseal ar fad, rud a léiríonn go bhféadfaí margaí seirbhísí a chomhtháthú níos fearr, agus tá tionchar andiúltach aige sin ar an gcuid eile den gheilleagar. De dheasca na tearcfheidhmíochta sin, tarlaíonn sé go minic nach mbaintear an leas iomlán is féidir as an bpoitéinseal tuilleadh fáis agus poist sa mhargadh aonair a spreagadh.

    (7)Má bhaintear níos mó de na bacainní sin atá fós ann ar ghníomhaíochtaí trasteorann i seirbhísí, cabhróidh sin go mór an iomaíocht a neartú agus beidh mar thoradh air níos mó roghanna agus praghsanna níos fearr a chur ar fáil do thomhaltóirí agus, chomh maith leis sin, beidh earnálacha seirbhísí atá níos iomaíche ina gcruthófar poist nua, agus ina gcuirfear an táirgiúlacht chun cinn, rud a áiritheoidh timpeallacht tharraingteach don infheistíocht agus don nuálaíocht.

    (8)Is é is aidhm don Rialachán seo saoirse na bunaíochta agus saorghluaiseacht seirbhísí a éascú laistigh den mhargadh aonair i réimsí a chumhdaítear cheana le Treoir 2006/123/CE trí thuilleadh beart a ghlacadh chun forálacha a chomhfhogasú arb é is cuspóir dóibh an margadh inmheánach a bhunú agus a fheidhmiú. Ba cheart é a bhunú ar Airteagal 114 CFAE.

    (9)I bhfianaise an méid sin, tugtar isteach leis an Rialachán seo ríomhchárta Eorpach seirbhísí ar cheart dó soláthraithe seirbhíse áirithe a éascú chun soláthar a seirbhíse a leathnú thar theorainneacha an mhargaidh inmheánaigh, i bhfoirm soláthar sealadach seirbhísí nó trí mheán bunaíocht thánaisteach trí bhrainsí, gníomhaireachtaí nó oifigí.

    (10)Tríd an méid sin a dhéanamh, díríonn an Rialachán seo go sonrach ar earnálacha na seirbhísí tógála agus gnó a chuimsítear faoi raon feidhme Threoir …[an Treoir maidir le ríomhchárta Eorpach seirbhísí]... a bhíonn ag déileáil le cuid de na bacainní is déine ó thaobh rialáil agus riarachán de maidir le leathnú oibríochtaí thar theorainneacha agus a bhfuil poitéinseal neamhshaothraithe acu maidir lena gcomhtháthú sa mhargadh inmheánach dá bharr sin.

    (11)Ba cheart na hábhair, na gníomhaíochtaí agus na réimsí uile nach gcuimsítear faoi raon feidhme Threoir 2006/123/CE a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. Go sonrach, ní dhéanann an Rialachán seo difear do na hábhair, na gníomhaíochtaí ná na réimsí sin a eascraíonn as an gcánachas, as an tslándáil shóisialta agus as dlí an tsaothair, lena náirítear aon fhoráil chonarthach nó dhlíthiúil a bhaineann le dálaí fostaíochta, dálaí oibre, lena náirítear sláinte agus sábháilteacht ag an obair agus an caidreamh idir fostóirí agus oibrithe. Ar an gcuma chéanna, ní dhéanann an Rialachán seo difear do reachtaíocht slándála sóisialta na mBallstát. Tá an Rialachán seo gan dochar freisin d’aon fhoráil a eascraíonn as dlí na hiomaíochta nó d’aon riail ach an oiread maidir leis an dlí nó an dlínse is infheidhme de bhun an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh.

    (12)Ar mhaithe leis an gcomhleanúnachas, coinbhleachtaí a d’fhéadfadh teacht aníos idir an Rialachán seo agus gníomhartha eile an Aontais Eorpaigh lena rialaítear gnéithe sonracha a bhaineann le gníomhaíocht seirbhíse in earnáil shonrach a fheidhmiú nó a rochtain, ba cheart iad a réiteach mar a fhoráiltear in Airteagal 3 de Threoir 2006/123/CE maidir le coinbhleachtaí idir an Treoir sin agus na gníomhartha sin, agus beidh feidhm ag na gníomhartha eile sin. Dá thoradh sin, ní féidir bheith ag brath ar na forálacha atá sa Rialachán seo chun údar a thabhairt do scéimeanna réamhúdarúcháin, scéimeanna réamhfhógra nó ceanglais bhunaíochta a thoirmisctear le gníomhartha eile de chuid an Aontais lena rialaítear gnéithe sonracha a bhaineann le gníomhaíocht seirbhíse in earnáil ar leith a fheidhmiú nó a rochtain amhail Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 19 . Dá thoradh sin arís, ní dhéanann an Rialachán seo difear do na hoibleagáidí ba cheart do sholáthraithe seirbhíse a urramú i gcomhréir le Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 20 agus Treoir 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  21 .

    (13)Ba cheart ríomhchárta Eorpach seirbhísí a thabhairt isteach mar rogha mhalartach dheonach do sholáthraithe seirbhíse. Ba cheart go leanfadh soláthraithe seirbhíse de bheith ag baint tairbhe as an bhféidearthacht comhlíonadh a léiriú maidir leis na ceanglais is infheidhme nuair a bhíonn siad ag leathnú oibríochtaí thar theorainneacha i gcomhthéacs údaruithe agus fógraí eile a tugadh isteach faoi dhlí náisiúnta na mBallstát lena mbaineann. Ba cheart go mbeadh sé de rogha ag soláthraí seirbhíse i gcónaí a chinneadh gan iarratas a chur isteach ar ríomhchárta Eorpach seirbhísí.

    (14)Ba cheart an ríomhchárta Eorpach seirbhísí a bheith go hiomlán leictreonach, ba cheart é a bheith ag brath ar shonraí ó fhoinsí iontaofa thar aon ní eile agus ba cheart srian a chur le húsáid doiciméad a laghad is gá agus próiseáil ilteangach a cheadú chun costais aistriúcháin a sheachaint. Chun an nós imeachta a dhéanamh go hiomlán leictreonach agus comhar riaracháin idir Ballstáit óstacha agus Ballstáit baile a cheadú. Ba cheart Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) arna bhunú le Rialacháin (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 a úsáid faoin Rialachán seo. Ba cheart ardán leictreonach ar leith a fhorbairt chun críche ríomhchártaí Eorpacha seirbhísí a eisiúint, a nuashonrú, a fhionraí, a chúlghairm nó a chealú, agus chun ríomhchártaí Eorpacha seirbhísí bailí a chur ar fáil go leictreonach dá gcuid sealbhóirí agus do na húdaráis inniúla.

    (15)Chun iarratas a chur isteach ar ríomhchárta Eorpach seirbhísí, ba cheart foirm ilteangach chomhchuibhithe a chur ar fáil a áiritheoidh go náireofar sa chárta na heilimintí is gá chun an soláthraí agus na seirbhísí dá niarrtar an ríomhchárta a shainaithint, agus chun measúnú a dhéanamh ar na ceanglais shonracha is infheidhme maidir leis na seirbhísí i dtreis, amhail iad sin a bhaineann le cruthúnas bunaíocht an tsoláthraí sa Bhallstát baile, dea-chlú nó cumhdach árachais, agus cuirfear na heilimintí sin ar fáil do na húdaráis chomhordúcháin sna Ballstáit óstacha agus sna Ballstáit baile ar an gcaoi sin.

    (16)Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun sonraí na faisnéise atá le cur isteach san fhoirm iarratais chaighdeánach agus na doiciméid atá le cur isteach san iarratas mar fhianaise thaca a shonrú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go háirithe, chun a áirithiú gurb ionann rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe agus na gníomhartha tarmligthe á nullmhú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le gníomhartha tarmligthe a ullmhú.

    (17)Le linn an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart do Bhallstáit eolas a thabhairt don Choimisiún agus iad a choinneáil ar an eolas faoi nósanna imeachta a forchuireadh faoin dlí náisiúnta maidir le soláthraithe trasteorann atá ag teacht isteach agus ar mian leo seirbhísí a sholáthar go sealadach nó trí bhrainse, gníomhaireacht nó oifig, lena náirítear an fhaisnéis agus doiciméid lena mbaineann na nósanna imeachta sin, le go mbeifí in ann foirmeacha iarratais a ullmhú. Chun cur chun feidhme aonfhoirmeach a áirithiú maidir leis an bhfaisnéis is gá a chur ar fáil don iarratas ar an ríomhchárta Eorpach seirbhísí, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 .

    (18)D’fhéadfadh sé go mbeadh sé deacair teacht ar thuairisc ar théarmaí cumhdaigh árachais dheonaigh nó éigeantaigh a áirítear i gconarthaí i scríbhinn. Dá bhrí sin, ba cheart do dháileoirí árachais, chomh maith le comhlachtaí arna gceapadh ag Ballstát chun árachas éigeantach a sholáthar, tuairisc a sholáthar ar chroí-eilimintí an chumhdaigh dá gcliant i bhformáid deimhnithe árachais. Ba cheart an deimhniú sin a chur i gceangal leis an bhfoirm iarratais. Chun cur chun feidhme aonfhoirmeach a áirithiú maidir leis an gcuid seo den Rialachán, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun formáid chomhchuibhithe a ghlacadh do na deimhnithe. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    (19)D’fhéadfadh sé gur mian le sealbhóirí ríomhchárta Eorpach seirbhísí foireann a thabhairt ar iasacht go críoch an Bhallstáit óstaigh. Agus é a dhéanamh amhlaidh, d’fhéadfadh soláthraithe seirbhíse a bheith faoi réir ceanglas, amhail réamhdhearbhuithe arna ndíriú ar an mBallstát óstach, is gá chun oibrithe ar postú a chosaint. Ní dhéanfaidh an ríomhchárta Eorpach seirbhísí difear ar dhóigh ar bith d’ábhar na ndearbhuithe sin ná do fhreagrachtaí an Bhallstáit óstaigh maidir leis sin.

    (20)Ba cheart ardán leictreonach atá nasctha le IMI, a bheidh le forbairt ag an gCoimisiún, a chur ar fáil do shealbhóirí ríomhchárta Eorpach seirbhísí chun comhlíonadh a éascú maidir leis na foirmiúlachtaí sin is gá a chomhlánú os comhair an Bhallstáit óstaigh, de réir mar a bheidh. Baineann na foirmiúlachtaí sin go háirithe le hoibleagáid fhéideartha réamhdhearbhuithe ar cháilíochtaí gairmiúla oibrithe ar cheart a thabhairt i gcomhréir le Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 24 .

    (21)Maidir leis an réamhdhearbhú a d’fhéadfaí a cheangal faoi Airteagal 9 de Threoir 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 25 , ba cheart don ardán leictreonach atá nasctha le IMI sealbhóirí ríomhchárta Eorpach seirbhísí a threorú chuig nósanna imeachta leictreonacha náisiúnta atá curtha i bhfeidhm sa Bhallstát óstach ina mbeidh na hoibrithe ar postú, i gcás ina ndéanann na nósanna imeachta náisiúnta sin foráil maidir leis an réamhdhearbhú thuasluaite a chur isteach go leictreonach.

    (22)Ba cheart don Choimisiún an tardán leictreonach atá nasctha le IMI a chur ar fáil do na Ballstáit sin a chuir in iúl roimh ré don Choimisiún go bhfuil sé ar intinn acu úsáid a bhaint as an bhféidearthacht sin. I gcás ina gcinneann na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le húsáid IMI chun an réamhdhearbhú a chur isteach maidir le hoibrithe atá ar postú ina gcríoch, beidh sealbhóirí ríomhchárta Eorpach seirbhísí in ann an dearbhú dá dtagraítear in Airteagal 9 de Threoir 2014/67/AE a chur faoi bhráid an údaráis inniúil sa Bhallstát óstach mar a shainmhínítear in Airteagal 2(a) de Threoir 2014/67/AE, tríd an ardán leictreonach atá nasctha le IMI. Chun na críche sin, ba cheart do Bhallstát óstach na heilimintí uile a cheanglaítear i gcomhréir le pointe (a) de mhír 1 agus mír 2 d’Airteagal 9 de Threoir 2014/67/AE mar bhonn leis an bhfoirm ilteangach a bheidh le cur isteach maidir le hoibrithe atá ar postú ar a chríoch a dhearbhú. Ba cheart don Choimisiún an fhoirm sin a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus í a chur ar fáil ar an ardán leictreonach atá nasctha le IMI. Ba cheart an fhaisnéis ábhartha maidir leis na heilimintí a cheanglaítear a chur ar fáil don Bhallstát óstach lena mbaineann chun na ceanglais teangacha a leagtar amach in Airteagal 9(1)(a) de Threoir 2014/67/AE a chomhlíonadh ina niomláine. Ba cheart taithí na mBallstát sin ar an ardán leictreonach atá nasctha le IMI a úsáid a áireamh sa mheasúnú dá bhforáiltear sa dara fomhír d’Airteagal 19 den Rialachán seo.

    (23)Chun cur chun feidhme aonfhoirmeach an Rialacháin seo a áirithiú maidir le nósanna imeachta chun ríomhchárta Eorpach seirbhísí a eisiúint agus a nuashonrú, mar aon le foirmiúlachtaí maidir le foireann a thabhairt ar iasacht agus gluaiseacht daoine féinfhostaithe cé is moite den cheann sin dá dtagraítear san aithris roimhe seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun rialacha a ghlacadh maidir leis na nósanna imeachta sin a phróiseáil go leictreonach. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    (24)Ba cheart na nósanna imeachta riaracháin intíre a thacaíonn leis na nósanna imeachta arna rialú leis an Rialachán seo a bheith leictreonach más rud é go gcinneann na Ballstáit i dtrácht amhlaidh. D’fhéadfadh na Ballstáit úsáid a bhaint as Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh, áfach, arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012, chun críocha comhar riaracháin sa Bhallstát féin.

    (25)Sna nósanna imeachta maidir le ríomhchárta Eorpach seirbhísí a eisiúint, a nuashonrú, a fhionraí nó a chúlghairm, ba cheart úsáid a bhaint as doiciméid in imthosca eisceachtúla amháin, nuair atá faisnéis níos mionsonraithe fíor-riachtanach. Ar chaoi ar bith, ba cheart glacadh le foirm shimplí na ndoiciméad sin uile agus an fhoirm shimplí sin a úsáid.

    (26)D’fhéadfaí cead a thabhairt de réir dhlí an Aontais Eorpaigh, i gcomhthéacs foirmiúlachtaí maidir le foireann a thabhairt ar iasacht mar ghairmithe rialáilte nó maidir le gluaiseacht daoine féinfhostaithe ó thaobh cáilíochtaí gairmiúla a rialú de, doiciméid a chur isteach i bhfoirm speisialta, mar shampla mar dhoiciméid dheimhnithe nó fhíordheimhnithe. Ba cheart glacadh leis an deimhniú agus an fíordheimhniú sin ar fud an Aontais Eorpaigh, chomh luath agus a dhéanfar iad sa Bhallstát inar eisíodh an doiciméad i dtrácht ar dtús.

    (27)Níor cheart go mbeadh aistriúchán deimhnithe doiciméad a cheangal faoin Rialachán seo. Ba cheart d’ardáin leictreonacha atá ag déileáil le nósanna imeachta foráil a dhéanamh maidir le socrú teicniúil chun an tábhar acu a aistriú. Chun cur chun feidhme aonfhoirmeach den chuid seo sa Rialachán seo a áirithiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Níor cheart a chumhdach sa Rialachán seo rialacha maidir le doiciméid a aistriú i gcomhthéacs oibrithe a phostú agus iarratas a dhéanamh ar fhianuithe maidir lena ranníocaíochtaí slándála sóisialta.

    (28)Níl na Ballstáit i dteideal táillí a ghearradh ach amháin chun na costais a chumhdach a bhaineann go sonrach leis an nós imeachta a chur i gcrích. Níor cheart do na Ballstáit táillí a ghearradh de bharr costais atá á níoc cheana as buiséad an Aontais. Ba cheart do na Ballstáit na táillí a ghearrann siad ar an gCoimisiún a chur in iúl trí IMI agus an fhaisnéis sin a fhoilsiú. Ós rud é gurb é IMI, go bunúsach, atá ag cur na saoráidí riachtanacha go léir ar fáil, níor cheart do na Ballstáit, inter alia, táillí a ghearradh chun ríomhchárta Eorpach seirbhísí a nuashonrú, a fhionraí, a chúlghairm ná a chealú. Chun cur chun feidhme aonfhoirmeach na bhforálacha a áirithiú maidir le táillí a íoc, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun rialacha maidir le modúlachtaí agus próiseáil íocaíochta a ghlacadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    (29)Cuireann an Rialachán seo le comhar riaracháin feabhsaithe idir Ballstáit óstacha agus Ballstáit baile, agus ba cheart a áireamh sa chomhar sin malartuithe faisnéise agus úsáid clár náisiúnta idirnasctha chun teacht ar fhaisnéis nó chun faisnéis a fuarthas roimh ré a fhíorú amhail cláir arna gceangal faoi Threoir 2009/101/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 26 nó faoi Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 27 . Chun cur chun feidhme aonfhoirmeach maidir le malartuithe faisnéise a láimhseáil agus a phróiseáil agus maidir le cúnamh frithpháirteach, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    (30)Maidir le soláthraithe seirbhíse a bhfuil d’oibleagáid orthu árachas dliteanais ghairmiúil a fháil i mBallstát nuair nach bhfuil siad gníomhach sa Bhallstát sin, is minic a bhíonn deacrachtaí acu stair na néileamh a léiriú maidir le cumhdach a fuair siad in áit eile. Is cuid bhunriachtanach é stair na néileamh ag dáileoirí árachais chun próifíl riosca cliaint ionchasaigh a fháil amach agus a mheasúnú. Is deacair é sin a léiriú de dheasca droch-chumarsáid idir dáileoirí árachais thar theorainneacha an mhargaidh inmheánaigh agus de dheasca difríochtaí sa bhealach a ndéantar teist an duine dhíobhálaithe a thuairisciú, laistigh den Bhallstát céanna fiú. Maidir le dáileoirí agus comhlachtaí árachais arna gceapadh ag Ballstát chun clúdach árachais éigeantaigh a sholáthar, ba cheart é a bheith d’oibleagáid orthu ráiteas a eisiúint faoi éilimh i dtaca le dliteanas i leith tríú páirtithe is féidir a úsáid thar theorainneacha agus fiú sa bhaile, dá mba rud é go roghnódh soláthraí seirbhíse dáileoir árachais nua.

    (31)Chun cur chun feidhme aonfhoirmeach an Rialacháin seo a áirithiú maidir le tuairisc ar dhliteanais a chur i láthair, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún rialacha a ghlacadh maidir le formáid chaighdeánaithe an ráitis sin. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    (32)Ba cheart ról lárnach a bheith ag an ráiteas a bhaineann le stair na néileamh chun ceadú do dháileoirí agus do chomhlachtaí árachais arna gceapadh ag Ballstát chun árachas slánaíochta éigeantach a sholáthar, chun a cheadú dóibh cleachtais idirdhealaithe a thoirmeasc i gcoinne soláthraithe trasteorann a bhfuil sé deacair faisnéis a fháil fúthu. Ba cheart feidhm a bheith ag an bprionsabal neamh-idirdhealaithe céanna maidir le heagraíochtaí gairmiúla a thairgeann cumhdach grúpa dá gcomhaltaí féin nó do sholáthraithe seirbhíse eile.

    (33)Ba cheart do gach Ballstát údarás comhordúcháin amháin a ainmniú chun na cúraimí a chur i gcrích dá bhforáiltear sa Rialachán seo, gan dochar do na hinniúlachtaí a leagtar amach sa reachtaíocht náisiúnta is infheidhme. Ba cheart na húdaráis sin a chlárú mar údaráis inniúla i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh chun críocha Rialachán (AE) 1024/2012 agus an méid sin a chur in iúl don Choimisiún.

    (34)Ba cheart faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo chun an tionchar a bheidh aige ar na costais a chinneadh a bhaineann le hoibríochtaí a leathnú thar theorainneacha, ar thrédhearcacht mhéadaithe i dtaca le soláthraithe trasteorann, ar an iomaíocht, ar phraghsanna agus ar cháilíocht na seirbhísí a sholáthraítear. Ba cheart meastóireacht rialta a dhéanamh ar éifeachtaí an Rialacháin seo agus ar fheidhmiú praiticiúil an chomhair idir na húdaráis chomhordúcháin. Is i gcomhar leis na Ballstáit, comhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara ábhartha eile a dhéanfar an faireachán sin.

    (35)Chun feidhmiú IMI a chur in oiriúint do na cúraimí arna dtabhairt faoin Rialachán seo, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 a leasú dá réir sin.

    (36)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach i bhfianaise riosca na castachta agus neamhréireacht na gcineálacha cur chuige rialála atá ag seirbhísí áirithe ar fud na mBallstát agus gur fearr, de bharr comhordú agus comhchuibhiú feabhsaithe riaracháin ar fud an Aontais, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

    (37)Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear, go háirithe, sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, déanann an Rialachán seo iarracht, tríd an ríomhchárta Eorpach seirbhísí agus saoráidí agus nósanna imeachta riaracháin gaolmhara a thabhairt isteach, cearta na bunaíochta agus an ceart chun seirbhísí a sholáthar in aon Bhallstát a chur chun cinn, aon idirdhealú ar fhoras náisiúntachta a thoirmeasc agus nós imeachta neamhchlaonta, cothrom agus réasúnta gasta a áirithiú, i gcomhréir le hAirteagal 15, Airteagal 21 agus Airteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus urraim iomlán a áirithiú do chosaint sonraí pearsanta, lean náirítear i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 28 , agus an aird chuí á tabhairt don riosca a bhaineann le cearta a mhíúsáid dá bhforáiltear faoi seach in Airteagal 8 agus in Airteagal 54 den Chairt sin.

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 1
    Ábhar

    Leis an Rialachán seo tugtar isteach ríomhchárta Eorpach seirbhísí agus saoráidí riaracháin gaolmhara, a bheidh ar fáil ar fud an Aontais Eorpaigh do sholáthraithe seirbhísí atá toilteanach leas a bhaint as an ríomhchárta sin.

    Chun gur féidir an ríomhchárta Eorpach seirbhísí seo a chur ar fail, lenar féidir le soláthraithe seirbhíse gabháil le gníomhaíochtaí agus iad a shaothrú, leagtar síos le Treoir ... [an Treoir maidir le ríomhchárta Eorpach seirbhísí]... an comhordú is gá a dhéanamh ar na forálacha a leagtar síos le dlí, rialachán nó beart riaracháin i mBallstát.

    Airteagal 2
    Raon feidhme

    1.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na seirbhísí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir [an Treoir maidir le ríomhchárta Eorpach seirbhísí].

    2.Ní dhéanann an Rialachán difear do na hábhair a luaitear in Airteagal 1(2) go (7) de Threoir 2006/123/CE.

    Ní bheidh feidhm aige maidir leis na gníomhaíochtaí agus na réimsí a luaitear in Airteagal 2(2) agus (3) de Threoir 2006/123/CE.

    3.Má tá forálacha an Rialacháin seo i gcoinbhleacht le foráil gnímh eile de chuid an Aontais lena rialaítear gnéithe sonracha de rochtain ar ghníomhaíocht seirbhíse nó d'fheidhmiú na gníomhaíochta sin in earnálacha ar leith nó i gcás gairmeacha ar leith, beidh forlámhas ag foráil an ghnímh eile de chuid an Aontais agus beidh feidhm leis maidir leis na hearnálacha nó na gairmeacha ar leith sin.

    Beidh an Rialachán seo, agus go háirithe Caibidil III de, gan dochar do chearta oibrithe, oibleagáidí soláthraithe seirbhíse agus rialuithe gaolmhara sna Ballstáit mar a leagtar síos i dTreoir 96/71/CE agus Treoir 2014/67/AE.

    Airteagal 3
    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    1.ciallaíonn “faisnéis faoi dhea-chlú soláthraí” an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 33(1) de Threoir 2006/123/CE;

    2.ciallaíonn “ríomhdhoiciméad” ríomhdhoiciméad mar a shainmhínítear in Airteagal 3(35) de Rialachán (AE) 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 29 ;

    3.ciallaíonn “IMI” Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh arna bhunú le Rialachán (CE) 1024/2012;

    4.ciallaíonn “doiciméad poiblí” aon doiciméad arna eisiúint ag údaráis Ballstáit i gcomhréir lena dhlí náisiúnta a bhaineann le saincheisteanna is ábhartha maidir le nósanna imeachta arna rialú leis an Rialachán seo mar seo a leanas:

    (a) doiciméid a thagann ó údarás nó ó oifigeach a bhfuil nasc aige le cúirteanna nó le binsí Ballstáit, lena náirítear na doiciméid sin a thagann ó ionchúisitheoir poiblí, ó chléireach cúirte nó ó oifigeach breithiúnach (“huissier de justice”);

    (b) doiciméid riaracháin;

    (c) ionstraimí nótaire;

    (d) deimhnithe oifigiúla a chuirtear ar dhoiciméid arna síniú ag daoine ina gcáil phríobháideach, amhail deimhnithe oifigiúla a dhéanann taifead ar chlárú doiciméid nó ar an doiciméad sin a bheith ann ar dháta ar leith, agus fíordheimhnithe oifigiúla agus nótaire ar shínithe;

    (e) doiciméid arna dtarraingt suas ag gníomhairí taidhleoireachta nó consalacha de chuid Ballstáit agus iad ag gníomhú ar chríoch aon Stáit ina gcáil oifigiúil, nuair is gá na doiciméid sin a chur i láthair ar chríoch Ballstáit eile nó a chur i láthair gníomhairí taidhleoireachta nó consalacha de chuid Ballstáit eile atá ag gníomhú ar chríoch tríú Stáit.

    5.ciallaíonn “dlisteanú” an fhoirmiúlacht is gá chun an méid seo a leanas a dheimhniú: barántúlacht sínithe sealbhóra oifige poiblí, an cháil ina raibh an duine atá ag síniú an doiciméid ag gníomhú agus, nuair is iomchuí, sonraí aitheantais an tséala nó an stampa atá air;

    6.ciallaíonn “foirmiúlacht apastaile” an fhoirmiúlacht a d'fhéadfaí a cheangal chun an méid seo a leanas a dheimhniú: barántúlacht an tsínithe, an cháil ina raibh an duine atá ag síniú an doiciméid ag gníomhú agus, nuair is iomchuí, sonraí aitheantais an tséala nó an stampa atá air, arna eisiúint ag údarás inniúil an Stáit óna dtagann an doiciméad, dá bhforáiltear le Coinbhinsiún na Háige an 5 Deireadh Fómhair 2016 lena gcuirtear deireadh leis an gceangal fíoraithe i gcás doiciméid phoiblí coigríche (“Coinbhinsiún Apastaile na Háige”);

    7.ciallaíonn “cóip dheimhnithe” cóip de bhundoiciméad atá sínithe ag údarás ar tugadh an chumhacht sin dó faoin dlí náisiúnta agus a dhearbhaíonn an túdarás sin gur cóip chruinn iomlán den bhundoiciméad sin é ;

    8.ciallaíonn “aistriúchán deimhnithe” aistriúchán a dhéanann duine atá cáilithe chun a leithéid a dhéanamh faoi dhlí Ballstáit;

    9.ciallaíonn “árachas dliteanais ghairmiúil” árachas dliteanais ghairmiúil mar a shainmhínítear sa fhleasc dheireanach d’Airteagal 23(5) de Threoir 2006/123/CE;

    10.ciallaíonn “seirbhís” seirbhís mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1) de Threoir 2006/123/CE;

    11.ciallaíonn “soláthraí” soláthraí mar a shainmhínítear in Airteagal 4(2) de Threoir 2006/123/CE;

    12.ciallaíonn “an Ballstát bunaíochta” Ballstát bunaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(4) de Threoir 2006/123/CE;

    13.ciallaíonn “bunaíocht” bunaíocht mar a shainmhínítear in Airteagal 4(5) de Threoir 2006/123/CE;

    14.ciallaíonn “Ballstát baile” an Ballstát ar chuir soláthraí a iarratas ar ríomhchárta Eorpach seirbhísí chuige;

    15.ciallaíonn “Ballstát óstach” an Ballstát inar fhógair soláthraí a rún seirbhísí a sholáthar agus úsáid á bhaint aige as ríomhchárta Eorpach seirbhísí;

    16.ciallaíonn “ceanglas” ceanglas mar a shainmhínítear in Airteagal 4(7) de Threoir 20016/123/CE;

    17.ciallaíonn “údarás comhordúcháin” údarás arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 17;

    18.ciallaíonn “údarás inniúil” aon cheann acu seo a leanas:

    (i) údarás inniúil mar a shainmhínítear i bpointe 9 d’Airteagal 4 de Threoir 2006/123/CE;

    (ii) údarás inniúil mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1)(d) de Threoir 2005/36/CE;

    (iii) aon údarás nó comhlacht atá i bhfeighil clár lárnach, clár tráchtála nó clár cuideachta i mBallstát;

    (iv) aon údarás cánach i mBallstát;

    19.ciallaíonn “dáileoir árachais” dáileoir árachais mar a shainmhínítear i bpointe (8) d’Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 30 .

    CAIBIDIL II
    NÓS IMEACHTA MAIDIR LE RÍOMHCHÁRTA EORPACH SEIRBHÍSÍ A EISIÚINT

    Airteagal 4
    Iarratas ar ríomhchárta Eorpach seirbhísí

    1.Féadfaidh soláthraithe iarratas a dhéanamh ar ríomhchárta Eorpach seirbhísí.

    Aon iarratas a dhéanfar ar ríomhchárta Eorpach seirbhísí déanfar é trí ardán leictreonach atá nasctha le IMI agus bainfear úsáid as foirm chaighdeánach ilteangach.

    Beidh san fhoirm chaighdeánach na heilimintí seo a leanas:

    (a) céannacht an tsoláthraí lena náirítear, nuair is infheidhme, uimhreacha clárúcháin i gcláir lárnacha, cláir tráchtála nó cláir cuideachta agus uimhreacha clárúcháin chun críocha cánach agus slándáil shóisialta;

    (b) sonraí aitheantais na gníomhaíochta seirbhíse, an Bhallstáit óstaigh, an chineáil cárta Eorpaigh seirbhísí atá beartaithe;

    (c) eolas i dtaobh an bhfuil sé beartaithe seirbhísí sochaí faisnéise a sholáthar nó nach bhfuil;

    (d) faisnéis a bhaineann le bunaíocht an tsoláthraí sa Bhallstát baile i dtaca leis an ngníomhaíocht seirbhíse arna sainaithint i gcomhréir le (b), lena náirítear dáta na céadbhunaíochta sin agus cé na Ballstáit bunaíochta eile;

    (e) na ceanglais a bhfuil an tiarratasóir faoina réir maidir le soláthar na seirbhíse ina Bhallstát baile, ceanglais amhail cáilíochtaí nó deimhniúcháin;

    (f) faisnéis faoi dhea-chlú an tsoláthraí;

    (g) faisnéis faoi aon árachas slánaíochta gairmiúla atá ag soláthraí cheana maidir le dliteanas gairmiúil ar chríoch an Bhallstáit baile, lena náirítear faisnéis faoin gcumhdach le haghaidh gníomhaíochtaí arna ndéanamh ar chríoch Ballstát eile, de réir mar is iomchuí;

    (h) tagairt do ríomhchártaí Eorpacha seirbhísí a eisíodh roimhe don soláthraí céanna agus don ghníomhaíocht seirbhíse eile mar a shainaithnítear i gcomhréir le (a) agus (b).

    2.Sonróidh an Coimisiún an chaoi a gcuirfear i láthair an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) go (h) thuas san fhoirm chaighdeánach agus leagfaidh sé síos sonraí teicniúla na foirme caighdeánaí ar fud an Aontais Eorpaigh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

    Beidh san iarratas na doiciméid tacaíochta uile is gá a bheidh uaslódáilte ag an iarratasóir chuig an ardán leictreonach, áit ina gcuirtear an fhoirm chaighdeánach don iarratas ar fáil.

    3.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 chun tuilleadh sonraí a thabhairt faoin méid seo a leanas:

    a) sonraí eilimintí faisnéise na foirme caighdeánaí a liostaítear i bpointí (a) go (h) de mhír 1, a bheidh san fhoirm chaighdeánach;

    b) doiciméid nó catagóirí doiciméad eile is gá a áireamh, go heisceachtúil, mar fhianaise thacaíochta.

    4.Trí IMI, cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún an fhaisnéis uile maidir leis na céimeanna nóis imeachta a bhaineann le ceanglais arna bhforchur ar sholáthraithe chun seirbhísí a sholáthar trí bhrainse, gníomhaireacht nó oifig agus chun gníomhaíochtaí seirbhísí a thagann faoi raon feidhme Threoir ... [an Treoir maidir le ríomhchárta Eorpach seirbhísí] a sholáthar thar theorainneacha ar bhonn sealadach, faisnéis is gá chun na foirmeacha iarratais caighdeánacha a fhorbairt, agus tabharfaidh siad tuairisc ar an bhfaisnéis agus ar na doiciméid is gá don soláthraí a thíolacadh faoin dlí náisiúnta i dtaca leis na ceanglais uile is infheidhme, agus déanfaidh siad sin faoi cheann [9 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] i gcás nach bhfuil an fhaisnéis sin san fhógra faoin gceanglas a cuireadh isteach cheana faoi Airteagal 15(7) agus Airteagal 39(5) de Threoir 2006/123/CE.

    5.Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún, trí IMI, aon athrú a dhéanfar ar an bhfaisnéis a cuireadh in iúl cheana don Choimisiún i gcomhréir le mír 4 sula dtiocfaidh an reachtaíocht i dtrácht i bhfeidhm.

    Airteagal 5
    Deimhniú árachais

    1.I gcás ina líontar faisnéis faoi chumhdach árachais isteach san fhoirm chaighdeánach, i gcomhréir le pointe (g) den tríú fomhír d’Airteagal 4(1), ceanglófar deimhniú árachais comhfhreagrach leis an bhfoirm iarratais.

    Is é an dáileoir árachais nó an comhlacht arna cheapadh ag Ballstát chun árachas éigeantach a sholáthar a chuirfidh an deimhniú ar fáil don iarratasóir arna iarraidh sin dó.

    Beidh sa deimhniú árachais faisnéis faoin árachas dliteanais ghairmiúil atá ar fáil do na seirbhísí lena mbaineann, lena náirítear raon feidhme críochach cumhdaigh den chineál sin i mBallstáit eile, na rioscaí atá árachaithe, an fad, na suimeanna atá árachaithe i gcás gach éilimh agus i gcás na néileamh uile in aon bhliain amháin, agus na heisiaimh a d'fhéadfadh a bheith ann.

    2.Féadfaidh an Coimisiún formáid chomhchuibhithe a ghlacadh don deimhniú árachais dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 trí bhíthin gníomh cur chun feidhme.

    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

    CAIBIDIL III
    FOIRMIÚLACHTAÍ MAIDIR LE FOIREANN A THABHAIRT AR IASACHT

    AGUS GLUAISEACHT DAOINE FÉINFHOSTAITHE

    Airteagal 6
    Foirmiúlachtaí maidir le foireann a thabhairt ar iasacht

    1.Soláthraithe a bhfuil ríomhchárta Eorpach seirbhísí acu féadfaidh siad réamhdhearbhú dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2005/36/CE maidir le cáilíochtaí gairmiúla na foirne a bhfuil sé i gceist acu a thabhairt ar iasacht don Bhallstát óstach, féadfaidh siad an réamhdhearbhú sin a chur faoi bhráid an údaráis inniúil sa Bhallstát óstach, i dtaca leis an ngníomhaíocht seirbhíse a bhfuil feidhm ag an ríomhchárta maidir leis mar a shainmhínítear i bpointe (ii) d’Airteagal 3(18) den Rialachán seo, trí ardán leictreonach atá nasctha le IMI.

    Ní bheidh feidhm ag an bhfomhír roimhe seo maidir le réamhdhearbhuithe i dtaca le cáilíochtaí gairmiúla na ngairmeacha rialáilte seo a leanas:

    (i) gairmeacha a bhfuil impleachtaí don tsláinte phoiblí agus don tslándáil acu nach sainaithnítear go huathoibríoch faoi Chaibidil II, Caibidil III nó Caibidil IIIA de Theideal III de Threoir 2005/36/CE;

    (ii) gairmeacha ar tugadh cárta Eorpach gairmiúil isteach dóibh, i gcomhréir le Treoir 2005/36/CE.

    Foirm ilteangach agus doiciméid tacaíochta faoi mar a cheanglaítear faoi mhír (1) agus (2) d’Airteagal 7 de Threoir 2005/36/CE a bheidh sa dearbhú i dtaca le cáilíochtaí gairmiúla foirne a thugtar ar iasacht.

    Beidh i ndearbhú arna chur in iúl i gcomhréir leis an mír seo dearbhú dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2005/36/CE.

    2.Soláthraithe a bhfuil ríomhchárta Eorpach seirbhísí acu agus a bhfuil sé beartaithe acu oibrithe a phostú i dtaca leis an ngníomhaíocht seirbhíse i dtrácht, aon dearbhú a chuirfidh siad isteach de bhun Airteagal 9 de Threoir 2014/67/AE, déanfaidh siad amhlaidh de réir na nósanna imeachta arna mbunú ag na Ballstáit chuige sin.

    I gcás ina bhfuil nósanna imeachta bunaithe ag na Ballstáit a fhéachann leis an dearbhú a bhaineann le hoibrithe a phostú de bhun Airteagal 9 de Threoir 2014/67/AE a chur i gcrích trí mheán leictreonach, treoróidh an tardán leictreonach atá nasctha le IMI dá dtagraítear i mír 1, treoróidh sé sealbhóir an chárta i dtreo na nósanna imeachta náisiúnta ábhartha.

    3.Soláthraithe a bhfuil ríomhchárta Eorpach seirbhísí acu féadfaidh siad freisin dearbhú a chur faoi bhráid an údaráis inniúil sa Bhallstát óstach, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(a) de Threoir 2014/57/AE, de bhun Airteagal 9 de Threoir 2014/67/AE maidir leis na hoibrithe a bhfuil sé beartaithe acu a phostú chuig an mBallstát óstach i dtaca leis an ngníomhaíocht seirbhíse a bhfuil feidhm ag an gcárta maidir léi, tríd an ardán leictreonach atá nasctha le IMI dá dtagraítear i mír 1, i gcás ina bhfuil sé curtha in iúl ag Ballstát óstach don Choimisiún gur cheart feidhm a bheith ag an bhféidearthacht sin maidir le hoibrithe a phostú ar a gcríoch.

    Chun leas a bhaint as an bhféidearthacht dá bhforáiltear sa chéad fhomhír, ba cheart do Bhallstát óstach na heilimintí uile a cheanglaítear i gcomhréir le pointe (a) de mhír 1 agus le mír 2 d’Airteagal 9 de Threoir 2014/67/AE a sholáthar mar bhonn leis an bhfoirm ilteangach a bheidh le cur isteach chun oibrithe atá ar postú ar a chríoch a dhearbhú. Foilseoidh an Coimisiún an fhoirm sin san Iris Oifigiúil agus cuirfidh sé ar fáil é ar an ardán leictreonach atá nasctha le IMI. Cuirfear an fhaisnéis ábhartha maidir leis na heilimintí a cheanglaítear ar fáil don Bhallstát óstach lena mbaineann chun na ceanglais teangacha a leagtar amach in Airteagal 9(1)(a) de Threoir 2014/67/AE a chomhlíonadh ina niomláine.

    Beidh i ndearbhú a chuirtear in iúl i gcomhréir leis an gcéad mhír agus an dara mír dearbhú bailí chun críche phointe (a) de mhír 1 agus de mhír 2 d’Airteagal 9 de Threoir 2014/67/AE, gan dochar d'aon cheanglas riaracháin eile nó bearta rialaithe arna bhforchur ag an mBallstát baile i gcomhréir le hAirteagal 9 den Treoir sin.

    Féadfaidh Ballstát óstach fógra a thabhairt don Choimisiún nach mian leis an fhéidearthacht dá bhforáiltear sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm a thuilleadh.

    4.Tugtar de chumhacht don Choimisiún rialacha teicniúla a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme maidir le dearadh na foirme ilteangaí dá dtagraítear i mír 1. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

    Airteagal 7
    Foirmiúlachtaí maidir le gluaiseacht daoine féinfhostaithe

    1.Soláthraithe ar daoine nádúrtha iad agus a dhéanann iarratas ar ríomhchárta Eorpach seirbhísí, féadfaidh siad réamhdhearbhú a chur isteach i dtaca lena gcáilíochtaí gairmiúla féin ar ardán leictreonach atá nasctha le IMI faoi na coinníollacha céanna a fhorordaítear le mír 1 d’Airteagal 6 i dtaca lena noibrithe.

    Maidir le réamhdhearbhuithe i dtaca le cáilíochtaí gairmiúla an tsoláthraí, cuirfear in ionad na bhfíoruithe dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (d) d’Airteagal 7(2) de Threoir 2005/36/CE an fhoirm iarratais chomhlánaithe le haghaidh ríomhchárta Eorpach seirbhísí, arna cur in iúl don Bhallstát óstach i gcomhréir le hAirteagal 11 de Threoir ...., [an Treoir maidir le ríomhchárta Eorpach seirbhísí] lena gcruthaítear bunaíocht an tsoláthraí.

    2.Beidh i ndearbhú arna chur in iúl i gcomhréir le mír 1 an réamhdhearbhú dá bhforáiltear in Airteagal 7 de Threoir 2005/36/CE.

    3.Féadfaidh an Coimisiún rialacha teicniúla a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme maidir le dearadh na foirme ilteangaí dá dtagraítear i mír 1. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

    CAIBIDIL IV
    FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE NÓSANNA IMEACHTA

    AN RÍOMHCHÁRTA EORPAIGH SEIRBHÍSÍ

    Airteagal 8
    Nósanna imeachta leictreonacha

    1.Beidh sé de cheart ag soláthraithe go ndéanfar na nósanna imeachta maidir le hiarratas ar ríomhchárta Eorpach seirbhísí mar aon lena eisiúint agus a nuashonrú a láimhseáil agus a phróiseáil go leictreonach agus beidh sé de cheart acu freisin na foirmiúlachtaí a bheith leictreonach go hiomlán i gcomhréir le hAirteagal 6(1), 6(3) agus Airteagal 7.

    Cuirfidh an Coimisiún na nósanna imeachta leictreonacha agus na foirmiúlachtaí sin ar fáil ar ardán leictreonach atá nasctha le IMI.

    Maidir le sreafaí oibre na nósanna imeachta idir na húdaráis chomhordúcháin agus na húdaráis inniúla de chuid na Ballstát atá bainteach le nósanna imeachta an ríomhchárta Eorpaigh seirbhísí agus na foirmiúlachtaí maidir le foireann a thabhairt ar iasacht agus gluaiseacht daoine féinfhostaithe i gcomhréir le hAirteagal 6 agus Airteagal 7, cinnfidh na Ballstáit cibé an mbeidh na sreafaí oibre sin leictreonach nó nach mbeidh.

    2.Glacfaidh an Coimisiún sonraíochtaí teicniúla maidir le láimhseáil agus próiseáil leictreonach na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, lena náirítear bearta chun sláine, rúndacht agus cruinneas na faisnéise a áirithiú, mar aon leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta atá ann do shealbhóir ríomhchárta Eorpach seirbhísí i dtaobh na faisnéise sin a íoslódáil, chun go mbeidh tríú páirtithe in ann an fhaisnéis sin a rochtain agus an fhaisnéis sin a fhíorú.

    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

    3.Cuirfidh údaráis chomhordúcháin na mBallstát an pobal ar an eolas faoi fheidhmiú agus faoi bhreisluach an ríomhchárta Eorpaigh seirbhísí agus faoi na foirmiúlachtaí maidir le foireann a thabhairt ar iasacht agus gluaiseacht daoine féinfhostaithe i gcomhréir le hAirteagal 6(1) agus Airteagal 7.

    Airteagal 9
    Foirm na ndoiciméad agus aistriúcháin

    1.I gcomhthéacs nósanna imeachta maidir le ríomhchárta Eorpach seirbhísí a eisiúint, a nuashonrú, a fhionraí nó a chúlghairm, glacfaidh údaráis inniúla na mBallstát le cóip shimplí de dhoiciméid agus ní iarrfaidh siad go mbeidh na doiciméid a chuirfear faoina mbráid faoi réir dlisteanú, foirmiúlachtaí apastaile, deimhniú ná fíordheimhniú.

    2.Sa mhéid is go gceanglaítear, i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh, foirm speisialta i gcás na ndoiciméad arna núsáid chun críocha foirmiúlachtaí maidir le foireann a thabhairt ar iasacht agus gluaiseacht daoine féinfhostaithe i gcomhréir le hAirteagal 6(1) agus Airteagal 7, glacfaidh údaráis inniúla na mBallstát, mar a shainmhínítear i bpointe (ii) d’Airteagal 3(19), leo seo a leanas:

    (a) doiciméid phoiblí, doiciméid dheimhnithe agus cóipeanna deimhnithe de na doiciméid sin atá díolmhaithe ón bhfoirmiúlacht apastaile agus ó gach cineál reachtaíochta;

    (b) doiciméid dheimhnithe nó fhíordheimhnithe, a dheimhnítear nó a fhíordheimhnítear sa Bhallstát inar eisíodh ar dtús iad, i gcomhréir leis na dlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin;

    (c) cóipeanna deimhnithe arna ndéanamh i mBallstát ar bith, i gcomhréir le dlíthe an Bhallstáit ina ndearnadh an deimhniúchán;

    3.Ní iarrfar aistriúchán deimhnithe i gcás doiciméid arna núsáid i gcomhthéacs nósanna imeachta maidir le ríomhchárta Eorpach seirbhísí a eisiúint, a nuashonrú, a fhionraí nó a chúlghairm, ná i gcomhthéacs foirmiúlachtaí maidir le foireann a thabhairt ar iasacht agus gluaiseacht daoine féinfhostaithe i gcomhréir le hAirteagal 6(1) agus Airteagal 7. Ní dhéanfaidh an méid sin dochar do cheart na mBallstát aistriúcháin neamhdheimhnithe ar dhoiciméid a éileamh i gceann dá dteangacha oifigiúla féin, i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh.

    4.Glacfaidh an Coimisiún rialacha teicniúla maidir le haistriúchán uathoibríoch ar fhaisnéis agus ar dhoiciméid i gcomhthéacs nósanna imeachta maidir le ríomhchárta Eorpach seirbhísí a eisiúint, a nuashonrú, a fhionraí nó a chúlghairm, nó i gcomhthéacs foirmiúlachtaí maidir le foireann a thabhairt ar iasacht agus gluaiseacht daoine féinfhostaithe i gcomhréir le hAirteagal 6(1) agus Airteagal 7 trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an scrúdú dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

    Airteagal 10
    Táillí maidir le ríomhchárta Eorpach seirbhísí a eisiúint
    agus foirmiúlachtaí maidir le foireann a thabhairt ar iasacht agus gluaiseacht daoine féinfhostaithe

    1.Aon táillí a ghearrfar i gcomhthéacs nós imeachta maidir le ríomhchárta Eorpach seirbhísí a eisiúint, beidh siad réasúnach agus comhréireach agus ní mó iad ná an costas a bheidh mar thoradh díreach ar an obair a bhaineann go sonrach leis an nós imeachta.

    Beidh sé de cheart ag soláthraithe aisíocaíocht ar tháillí a íoctar roimh ré don Bhallstát baile nó don Bhallstát óstach a fháil i gcás iarratais nár scrúdaigh, nár fíoraigh ná nár chríochnaigh na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Threoir .... [an Treoir maidir le ríomhchárta Eorpach seirbhísí] ....

    Ní ghearrfar aon táillí maidir leis an méid seo a leanas:

    (a) na nósanna imeachta maidir le ríomhchárta Eorpach seirbhísí a eisiúint, a nuashonrú, a fhionraí nó a chúlghairm;

    (b) sealbhóir an ríomhchárta faisnéis bhreise a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 17(4) de ... [Treoir];

    (c) foirmiúlachtaí arna dtabhairt isteach i gcomhréir le hAirteagal 6(1) agus Airteagal 7 maidir le foireann a thabhairt ar iasacht agus gluaiseacht daoine féinfhostaithe.

    2.Cuirfidh na Ballstáit na táillí agus na módúlachtaí íocaíochta a thugtar isteach faoin Airteagal seo in iúl don Choimisiún trí IMI faoi cheann [2 bhliain tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm] ar a dhéanaí agus foilseoidh siad an fhaisnéis sin de réir mar is iomchuí.

    3.Glacfaidh an Coimisiún rialacha teicniúla maidir le módúlachtaí íocaíochta agus próiseáil íocaíochta trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.

    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

    CAIBIDIL V
    ÁRACHAS DLITEANAIS GHAIRMIÚIL

    Airteagal 11
    Ráiteas maidir le héilimh i dtaca le dliteanas i leith tríú páirtithe

    1.Eiseoidh an dáileoir árachais, faoi cheann 15 lá ó iarraidh a fháil ón sealbhóir polasaí ina thaobh sin, ráiteas maidir le héilimh i dtaca le dliteanas i leith tríú páirtithe a bhaineann leis na gníomhaíochtaí arna gcumhdach faoi chonradh an árachais dliteanais ghairmiúil sna cúig bliana dheireanacha, ar a mhéid, den chaidreamh conarthach, nó i gcás nach ann d’aon éileamh, beidh sa ráiteas sin tuairisc ar na dliteanais a eascraíonn as na seirbhísí i dtrácht, arbh ábhar éilimh iad, a sholáthar.

    2.Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a ghlacadh maidir leis an bhformáid chaighdeánaithe atá ar an ráiteas dá dtagraítear i mír 1.

    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

    Airteagal 12
    Oibleagáidí atá ar dháileoirí árachais

    Cuirfidh dáileoirí agus comhlachtaí árachais arna gceapadh ag Ballstát chun árachas éigeantach a sholáthar, cuirfidh siad san áireamh go cuí sa pholasaí glacachta agus i ríomh na bpréimheanna, ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, taithí an tsoláthraí arna léiriú sa ráiteas éileamh arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 11, arna chur i láthair ag an soláthraí.

    Airteagal 13
    Oibleagáidí atá ar eagraíochtaí gairmiúla

    Áiritheoidh eagraíochtaí gairmiúla, lena náirítear údaráis inniúla mar a shainmhínítear i bpointe (i) agus i bpointe (ii) d’Airteagal 3(18), a thairgeann cumhdach grúpa a bhaineann le hárachas dliteanas gairmiúil dá mbaill nó do sholáthraithe seirbhísí faoi choinníollacha sonracha, áiritheoidh siad go mbeidh rochtain ar an gcumhdach sin, faoi na coinníollacha céanna ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, ag soláthraithe seirbhísí ó Bhallstáit eile a chuireann in iúl go bhfuil suim acu tairbhiú den chineál cumhdaigh grúpa sin.

    CAIBIDL VI
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 14
    Faisnéis a mhalartú agus cúnamh frithpháirteach

    1.Déanfaidh údaráis chomhordúcháin agus údaráis inniúla i mBallstáit éagsúla faisnéis a mhalartú agus tabharfaidh siad cúnamh frithpháirteach dá chéile i gcomhthéacs nós imeachta maidir le ríomhchárta Eorpach seirbhísí a eisiúint, a nuashonrú, a fhionraí nó a chúlghairm agus chun an fhaisnéis atá sna cártaí sin a nuashonrú. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin freisin i gcomhthéacs foirmiúlachtaí i gcomhréir le hAirteagal 6(1) agus Airteagal 7 maidir le foireann a thabhairt ar iasacht agus gluaiseacht daoine féinfhostaithe, i dtaca le húdaráis inniúla mar a shainmhínítear i bpointe (ii) d’Airteagal 3(19).

    2.Bainfidh na húdaráis chomhordúcháin agus na húdaráis inniúla úsáid as na hidirnaisc uile atá ar fáil idir na cláir náisiúnta d'fhonn faisnéis a fháil nó faisnéis a fuarthas roimhe sin a fhíorú i gcomhthéacs na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 roimhe seo, lena náirítear idirnasc clár lárnach, clár tráchtála nó clár cuideachta faoi Threoir 2009/101/CE agus clár dócmhainneachta faoi Rialachán (AE) 2015/848.

    3.Glacfaidh an Coimisiún rialacha teicniúla maidir leis an malartú faisnéise agus an cúnamh frithpháirteach dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a láimhseáil agus a phróiseáil, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Beidh an méid sin gan dochar d'fheidhmiú na gcóras idirnaisc dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus a sonraíochtaí teicniúla ábhartha.

    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

    Airteagal 15
    An tarmligean a fheidhmiú

    1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón [...]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

    3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomh tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

    4.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

    5.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    Airteagal 16
    Nós imeachta coiste

    1.Tabharfaidh an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 40(1) de Threoir 2006/123/CEE cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Airteagal 17
    Ainmniú agus ról na núdarás comhordúcháin

    1.Chun críocha an Rialacháin seo, ainmneoidh gach Ballstát údarás comhordúcháin amháin, a mbeidh sé de chumhacht aige na tascanna a shanntar dó a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

    2.Cuirfidh na Ballstát céannacht na núdarás comhordúcháin arna nainmniú i gcomhréir le mír 1 in iúl don Choimisiún faoi cheann [9 mí tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm] ar a dhéanaí agus cláróidh sé an teolas sin in IMI i gcomhréir le hAirteagal 5(f) de Rialachán (AE) 1024/2012.

    3.Ní tharraingeoidh an tAirteagal seo amhras ar leithdháileadh inniúlachtaí na mBallstát ar an leibhéal áitiúil ná réigiúnach.

    Airteagal 18
    Faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme

    Bunóidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, lena chomhpháirtithe sóisialta agus le geallsealbhóirí ábhartha eile, socruithe faireacháin chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar thionchar an Rialacháin seo, agus go háirithe an tionchar a bheidh aige ar shaoirse na bunaíochta agus ar an tsaoirse seirbhísí a sholáthar ar fud na mBallstát le haghaidh na seirbhísí arna gcumhdach, maidir leis an méid seo a leanas: na costais a bhíonn ar sholáthraithe i dtaca lena noibríochtaí trasteorann a leathnú, trédhearcacht soláthraithe trasteorann a fheabhsú, iomaíochas a mhéadú agus an chaoi a mbíonn tionchar aige ar phraghsanna agus ar cháilíocht na seirbhísí sin lena mbaineann, i bhfianaise táscairí ábhartha.

    Airteagal 19
    Clásal maidir le hathbhreithniú

    60 mí tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm agus ar a dhéanaí gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuairisc ar a fheidhmíocht, lena náirítear anailís ar an tionchar ar an ualach riaracháin a cuireadh ar sholáthraithe seirbhísí atá gníomhach thar theorainneacha. Beidh sa tuairisc sin freisin measúnú ar aon taithí phraiticiúil is ábhartha maidir le comhar idir na húdaráis chomhordúcháin. Beidh sa tuairisc sin measúnú ar a iomchuí is a bheadh sé ríomhchárta Eorpach seirbhísí a thabhairt isteach do ghníomhaíochtaí seirbhíse eile. Beidh inti meastóireacht ar Threoir ...[ an Treoir maidir le ríomhchárta Eorpach seirbhísí]... i gcomhréir le hAirteagal 21 den Treoir sin.

    Déanfaidh an Coimisiún a mheas, mar chuid den tuairisc dá bhforáiltear i mír 1 d’Airteagal 24 de Threoir 2014/67/AE, an bhféadfadh an tardán leictreonach atá nasctha le IMI dá dtagraítear in Airteagal 6 den Rialachán seo comhlíonadh na bhfoirmiúlachtaí is gá chun oibrithe a phostú de bhun Airteagal 9 de Threoir 2014/67/AE a éascú, agus a mhéid a d'fhéadfadh sé sin a dhéanamh. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú sin taithí na mBallstát sin a d'fhéadfadh a bheith tar éis a chinneadh leas a bhaint as an ardán leictreonach atá nasctha le IMI de bhun mhír 3 d’Airteagal 6 den Rialachán seo.

    Airteagal 20
    Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012

    San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

    "9. Rialachán (AE) ... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... lena dtugtar isteach ríomhchárta Eorpach seirbhísí agus saoráidí riaracháin gaolmhara.”

    Airteagal 21
    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm [an fichiú] lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm ag Airteagal 4(1) go (3) Airteagal 5(1), Airteagal 6(1), (2), (3) agus (4), Airteagal 7(1) agus (2), Airteagal 8(1), Airteagal 9(1), (2) agus (3), Airteagal 10(1) agus Airteagal 14(1), (2) agus (3) dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

    1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

    1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

    1.3.An cineál togra/tionscnaimh

    1.4.Cuspóirí

    1.5.Foras an togra/tionscnaimh

    1.6.Fad agus tionchar airgeadais

    1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

    2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

    2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

    2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

    2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

    3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

    3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

    3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

    3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

    3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

    3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

    1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

    Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar isteach ríomhchárta Eorpach seirbhísí agus saoráidí riaracháin gaolmhara

    1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 31  

    Teideal 02: An margadh inmheánach, tionscal, fiontraíocht agus FBManna

    Gníomhaíocht 02 03: Margadh inmheánach do mhargaí agus do sheirbhísí

    1.3.An cineál togra/tionscnaimh

     Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a fógraíodh faoin straitéis don mhargadh aonair 

     Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 32  

     Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana 

     Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

    1.4.Cuspóirí

    1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

    Sainaithnítear i bplean straitéiseach AS GROW don tréimhse 2016-2020 gur tosaíocht don Choimisiún é margadh inmheánach atá níos doimhne agus níos cothroime agus a bhfuil bonn tionsclaíoch níos láidre faoi. I dTeachtaireacht uaidh ar an straitéis don mhargadh aonair Upgrading the Single Market: more opportunities for people and business [An margadh aonair a uasghrádú: tuilleadh deiseanna don phobal agus do ghnólachtaí] (COM(2015) 550 final), d'fhógair an Coimisiún tionscnaimh reachtacha a bhfuil sé d'aidhm acu deireadh a chur leis na bacainní ar mhargadh na seirbhísí.

    Sa chomhthéacs sin, moladh sa straitéis don mhargadh aonair ríomhchárta Eorpach seirbhísí (pas seirbhísí) a sheoladh d'fhonn cinnteacht a mhéadú agus bacainní a laghdú do sholáthraithe seirbhíse ar mian leo margaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh a rochtain chun a gcuid gníomhaíochtaí a leathnú. Chuir an Chomhairle Eorpach fáilte roimh an bhfógra sin ina conclúidí i mí an Mheithimh 2016.

    Is iad cuspóirí ginearálta an tionscnaimh sin comhtháthú an mhargaidh a chur chun cinn i seirbhísí gnó agus tógála agus fás na táirgiúlachta a fheabhsú sa dá earnáil sin.

    1.4.2.Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

    Cuspóirí Sonracha

    Is iad cuspóirí sonracha an togra seo:

    - an dua agus an costas a bhíonn ar ghnólachtaí agus iad ag soláthar seirbhísí i mBallstáit eile a laghdú,

    - muinín níos mó sa mhargadh a spreagadh i leith soláthraithe seirbhíse eachtracha tríd an trédhearcacht agus an fhaisnéis atá ar fáil a mhéadú;

    - méadú ar dhinimic an mhargaidh agus leibhéal na hiomaíochta a chuirfidh le rogha agus breisluach níos fearr do thomhaltóirí.

    Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, tá sé beartaithe na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:

    1. an tualach riaracháin a laghdú trí nós imeachta ar leibhéal an Aontais a mbeadh comhéadan poiblí aige trínar féidir le soláthraithe seirbhíse foirmiúlachtaí a chur i gcrích ar líne;

    2. an Ballstát baile agus an Ballstát óstach a nascadh trí ardán TF ar an leibhéal Eorpach. Chuige sin, beidh Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) ina fheidhmiúlacht chúloifige d'údaráis náisiúnta. Ba cheart an córas sin a fhorbairt tuilleadh d'fhonn tacú le feidhmiú an ríomhchárta Eorpaigh seirbhísí.

    Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

    Caibidil 02 03: Margadh inmheánach do mhargaí agus do sheirbhísí

    1.4.3.Na torthaí agus an tionchar a bhfuil súil leis

    Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

    Sa togra lena gcuirtear leis an Treoir ina dtugtar isteach an ríomhchárta Eorpach seirbhísí déanfar foráil maidir leis na nithe seo a leanas:

    1. Laghdú ar an ualach riaracháin do sholáthraithe seirbhíse ar mian leo seirbhísí a sholáthar i mBallstáit eile a bhuí le nós imeachta leictreonach simplithe a d'fhéadfaidís a úsáid chun foirmiúlachtaí a chur i gcrích chomhlíonadh agus le trédhearcacht i dtaobh iarrataí a phróiseáil freisin. Leis sin, beidh siad in ann am agus costais a shábháil agus seirbhísí trasteorann á soláthar acu nó bunaíocht thánaisteach á cur ar bun acu;

    2. Laghdú ar an ualach riaracháin do na húdaráis náisiúnta, lena náirítear comhar níos mó idir Ballstáit éagsúla a éascú;

    3. Sábháil costais trí uirlis TF atá ann cheana (Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh – dá ngairfear IMI anseo feasta) a fhorbairt i réimsí nua d'fhonn leas a bhaint as barrainneachtaí scála agus raoin feidhme (in áit uirlis nua aonchuspóra a fhorbairt). Tá na húdaráis inniúla cláraithe cheana le IMI.

    1.4.4.Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar

    Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

    Cuideoidh an togra le cur chun feidhme níos éifeachtaí na Treorach um Sheirbhísí, go háirithe maidir le seirbhísí gnó agus tógála.

    D'fhéadfaí tionchar díreach an togra a thomhas trí bhíthin na dtáscairí seo a leanas:

    - An líon soláthraithe seirbhíse a úsáidfeadh an ríomhchárta Eorpach seirbhísí (agus na foirmiúlachtaí a théann leis maidir le foireann a thabhairt ar iasacht nó gluaiseacht daoine féinfhostaithe);

    - Taithí na soláthraithe seirbhíse ar a éasca atá sé na nósanna imeachta leictreonacha atá ar fáil a chur i gcrích;

    - Meánluas na nósanna imeachta atá ar fáil;

    - An líon malartuithe faisnéise a tharlódh idir na mBallstát

    - Taithí na mBallstát a bhainfidh leas as an bhféidearthacht arna tabhairt le hAirteagal 6(3) den Rialachán maidir leis na critéir thuasluaite.

    1.5.Forais an togra/tionscnaimh

    1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

    Laghdóidh an togra an tualach riaracháin agus méadóidh sé an deimhneacht dhlíthiúil do sholáthraithe seirbhíse ar mian leo tús a chur le soláthar seirbhísí a sholáthar i mBallstát eile ar bhonn sealadach agus i gcás bunaíocht thánaisteach. Ina theannta sin, spreagfaidh sé muinín níos mó sa mhargadh i leith soláthraithe seirbhíse tríd an trédhearcacht agus an fhaisnéis atá ar fáil a mhéadú;

    Beidh buntáistí áirithe ag an ríomhchárta Eorpach seirbhísí d'údaráis na mBallstát chomh maith. Ar an gcéad dul síos, déanfaidh sé ualach oibre na núdarás inniúil sa Bhallstát baile agus sa Bhallstát óstach araon a laghdú trí shreabhadh oibre leictreonach a chur in ionad an ghnáthchórais páipéarachais. Bheadh an sreabhadh oibre sin anchaighdeánaithe agus chuirfí áiseanna d'aistriúchán uathoibríoch ar fáil. Ar an dara dul síos, déanfar foirmiúlachtaí a chuíchóiriú faoi fheidhmchlár leictreonach amháin in áit na sreafaí oibre comhuaineacha éagsúla atá ann faoi láthair.

    Déanfar sin trí nós imeachta a bhunú ar leibhéal an Aontais a bheidh bunaithe ar ardán coiteann TF uile-Eorpach (IMI). Tá an córas sin á fhorbairt, á bhainistiú agus á chistiú ag an gCoimisiún le blianta anuas. Tá taithí ag na Ballstáit ar an gcóras cheana, i bhfianaise gur chláraigh níos mó ná 5,000 údarás inniúla le IMI ó 2011 i leith.

    1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE

    Bheadh difear idir na réitigh náisiúnta nó na réitigh réigiúnacha a d'fhéadfadh a bheith ann maidir le simpliú riaracháin ó Bhallstát go Ballstát ó thaobh sábháil chostas agus éifeachtúlachta de. D'áiritheofaí le beart ar leibhéal an Aontais go bhféadfadh soláthraithe seirbhíse leas a bhaint as cur chuige níos comhsheasmhaí ar fud na mBallstát agus iad i mbun seirbhísí a leathnú thar theorainneacha.

    Ós rud é gur uirlis láraithe cumarsáide arna forbairt agus arna hóstáil ag an gCoimisiún é IMI, éascóidh sé tabhairt isteach an ríomhchárta Eorpaigh seirbhísí agus feidhmiú rianúil eisiúint an ríomhchárta sin mar aon le córas éifeachtach comhair idir na Ballstáit. D'fhéachfadh an ríomhchárta Eorpach seirbhísí (bunaithe ar IMI) le bacainní áirithe, amhail costais aistriúcháin do chuideachtaí, a shárú. Cuirfidh an Coimisiún IMI ar fáil mar ardán saor in aisce do na Ballstáit ar mian leo úsáid a bhaint as chun réamhdhearbhuithe a chur isteach go leictreonach maidir le hoibrithe ar postú ar a gcríoch. Ina theannta sin cuirfidh sé IMI ar fáil do mhalartuithe intíre a bhaineann leis an ríomhchárta Eorpach seirbhísí más mian leis na Ballstáit.

    1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

    Tá sé cruthaithe ag IMI féin gur uirlis éifeachtach iontaofa é i réimsí eile. Is sampla maith é nós imeachta an chárta Eorpaigh ghairmiúil maidir le haitheantas frithpháirteach do cháilíochtaí gairmiúla – cárta a tugadh isteach in 2013 trí Threoir 2005/36/AE a leasú.

    Éascaíonn an cárta Eorpach gairmiúil aitheantas cáilíochtaí gairmiúla i gcás gairmithe áirithe. Is nós imeachta ar leibhéal an Aontais é a chuirtear ar fáil go lárnach; tá sé i bhfeidhm laistigh de IMI agus tá nós imeachta atá sainithe go soiléir aige. Leagtar amach go mionsonraithe ann oibleagáidí na mBallstát maidir le sreabhadh oibre na nósanna imeachta, agus ar an gcaoi sin déantar éiginnteacht rialacha níos ginearálta a sheachaint. Cuireann sé réiteach spriocdhírithe ar fáil a bhfuil mar bhonn leis rialacha sonracha maidir le ceisteanna praiticiúla amhail doiciméid, spriocdhátaí d'iarratais a phróiseáil agus faomhadh intuigthe i gcás nach ndéanann údaráis tíre óstaí cinneadh laistigh den spriocam. Ar an gcaoi sin, bealach níos éasca, níos tapúla agus níos trédhearcaí an cárta Eorpach gairmiúil le cáilíochtaí a aithint.

    Ó cuireadh an cárta Eorpach gairmiúil ar fáil in Eanáir 2016 eisíodh níos mó ná 560 de na cártaí sin (faoin 20 Deireadh Fómhair 2016). Ghlac líon suntasach gairmithe leis an gcárta Eorpach gairmiúil, rud a léiríonn an téileamh mór atá air i measc gairmithe ar féidir leo tairbhe a bhaint as faoi láthair (altraí, fisiteiripeoirí, treoraithe sléibhe, gníomhairí eastáit agus poitigéirí).

    1.5.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

    Tá roinnt tionscnamh beartaithe ag an gCoimisiún a bhfuil sé d'aidhm acu nósanna imeachta nó saoráidí leictreonacha a thabhairt isteach agus déanfar sineirgíochtaí a bheartú dóibh, a mhéid is féidir. Ar na tionscnaimh sin tá tionscnamh ar idirnasc clár cuideachta (BRIS), idirnasc clár dócmhainneachta agus síneadh ar an mionionad ilfhreastail CBL (MOSS). Beidh BRIS lánoibríochtúil ó lár 2017 amach agus tabharfaidh sé rochtain níos fairsinge ar shonraí cuideachtaí. Comhlánófar é le hidirnasc clár dócmhainneachta ó 2019 amach. Laghdóidh MOSS CBL costais do sholáthraithe seirbhíse iasachta i réimse foirmiúlachtaí CBL ó 2021 ar aghaidh.

    Is comhlánú ar na nósanna imeachta sin an ríomhchárta Eorpach seirbhísí. Ina theannta sin, déanfar sineirgíochtaí a lorg. Mar shampla, ba cheart d'údaráis chomhordúcháin na sonraí atá ar fáil trí BRIS (agus trí idirnasc clár dócmhainneachta) a úsáid más indéanta go teicniúil é chun iarratas ar an gcárta Eorpach seirbhísí a chomhlánú nó chun faisnéis a chros-seiceáil.

    1.6.Fad agus tionchar airgeadais

     Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta

    ◻ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [DD/MM]YYYY go dtí an [DD/MM]YYYY

    ◻ Tionchar airgeadais ó YYYY go YYYY

     Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

    Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh ó 2018 go 2021,

    cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é. Áirítear na costais óstála, oibríochtúla agus chothabhála sna costais ábhartha d'fheidhmiú IMI.

    1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 33  

     Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

    ⌧ ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

       trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

     Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

     Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

    ◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

    ◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

    ◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

    ◻ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;

    ◻ comhlachtaí dlí poiblí;

    ◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

    ◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

    ◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

    2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

    2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

    Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

    Tabharfaidh an Coimisiún tuairisc ar fhorbairt agus ar fheidhmíocht IMI trí scórchlár an mhargaidh inmheánaigh ar líne. Tabharfar tuairisc leordhóthanach ar úsáid IMI d'iarrataí ar ríomhchártaí Eorpacha seirbhísí sa chomhthéacs sin. Ar a bharr sin, cuirfear tuarascáil ar shaincheisteanna cosanta sonraí IMI, lena náirítear slándáil, faoi bhráid an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí go tráthrialta.

    Tar éis don ríomhchárta Eorpach seirbhísí teacht isteach, déanfar foráil sna hionstraimí dlí a bheidh ann amach anseo maidir le hathbhreithniú a dhéanamh tar éis 5 bliana.

    2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

    2.2.1.Na rioscaí a aithníodh.

    Is é an riosca ginearálta ar féidir a aithint neamh-ghlacadh shaoráid an ríomhchárta Eorpaigh seirbhísí ag soláthraithe seirbhíse i.e. an riosca go mbeadh an ríomhchárta Eorpach seirbhísí iomlán forbartha agus oibríochtúil ach nach mbeadh aon éileamh air, nó gur bheag éileamh a bheadh air. Ina theannta sin, d'fhéadfadh deacrachtaí a bheith ag na húdaráis inniúla dul in oiriúint don chóras nua agus mar sin d'fhéadfadh sé nach gcuirfidís acmhainní leordhóthanacha ar fáil le hiarrataí a phróiseáil go cuí agus go tráthúil.

    Is é ceann de phríomhthréithe an togra, go mbeidh an ríomhchárta Eorpach seirbhísí bunaithe ar fheidhmiúlachtaí IMI. Sainaithníodh creat riosca ginearálta IMI, lena náirítear rioscaí oibríochtúla, i gcomhthéacs Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ("Rialachán IMI"). Is é an Coimisiún "an túinéir córais" i gcás IMI, agus tá sé freagrach as oibríochtaí laethúla an chórais, as a chothabháil agus as a fhorbairt. Soláthróir inmheánach a dhéanann an córas a fhorbairt agus a óstáil agus áirithítear leis sin ardleibhéal leanúnachais ó thaobh an ghnó de. I gcomhthéacs thabhairt isteach an ríomhchárta Eorpaigh seirbhísí, tá rioscaí ann freisin a bhaineann le ceisteanna cosanta sonraí.

    2.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm

    Ag tagairt do na rioscaí ginearálta arna naithint faoi chuid 2.2.1 thuas, cuirfidh an Coimisiún cúnamh (e.g. ceardlanna, etc.) ar fáil do na páirtithe leasmhara uile (e.g. údaráis na mBallstát, comhlachtaí gairmiúla etc.) agus déanfaidh sé tabhairt isteach agus úsáid an chórais nua a chur chun cinn go gníomhach. Beidh sé de cheangal ar na Ballstáit freisin buntáistí na huirlise atá beartaithe a chur chun cinn.

    Maidir le gnéithe oibríochtúla an ríomhchárta Eorpaigh seirbhísí, go háirithe an comhéadan poiblí, an chúloifig agus an tsaoráid fógraí, tá na gnéithe sin nasctha le feidhmiú IMI agus ní mór iad a mheas i gcomhthéacs rialú inmheánach foriomlán IMI, dá bhforáiltear le Rialachán IMI. Tá coiste stiúrtha IMI freagrach as ardleibhéal faireacháin agus rialaithe. Éascaíonn cruinnithe rialta agus ionstraimí tuairiscithe dlúthfhaireachán ar an obair chothabhála agus forbartha a dhéantar ar an teicneolaíocht faisnéise.

    Ina theannta sin, de bhun Airteagal 21(2) de Rialachán IMI 2012, áirithíonn an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí gur i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme a dhéanann an Coimisiún sonraí pearsanta a phróiseáil in IMI. Déanfaidh na húdaráis náisiúnta cosanta sonraí faireachán ar phróiseáil na sonraí pearsanta ag na húdaráis inniúla ar leibhéal na mBallstát.

    2.2.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis.

    Tabharfaidh na bearta ábhartha aghaidh ar na rioscaí ginearálta, lena náirítear cúnamh agus faisnéis a thabhairt do na páirtithe leasmhara lena mbaineann.

    Beidh feidhmiú an ríomhchárta Eorpaigh seirbhísí bunaithe ar fheidhmiúlachtaí IMI agus cumhdóidh an córas bainistíochta agus rialaithe atá ann cheana maidir le IMI é. Meastar nach mbeidh méadú ar an ráta earráide de dheasca an togra.

    2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

    Chun críocha calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a chomhrac, beidh feidhm gan srian i gcomhthéacs IMI ag na forálacha is infheidhme de ghnáth maidir le gníomhaíochtaí an Choimisiúin, lena náirítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).    

    3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

    Línte buiséid atá ann cheana

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

    Líne buiséid

    Saghas
    caiteachais

    Ranníocaíocht

    Uimhir[Ceannteideal………………………...…………]

    LD/LN 34 .

    ó thíortha de chuid CSTE 35

    ó thíortha is iarrthóirí 36

    ó thríú tíortha

    de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

    1A

    02.03.04

    Uirlisí chun rialachas a dhéanamh ar an margadh inmheánach

    Difreáilte

    IS EA

    Níl

    Níl

    Níl

    3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

    Cumhdófar na leithreasuithe dá dtagraítear sa chuid seo trí chistí a athdhíriú; ní mheastar go mbeidh tionchar ar bhuiséad an Aontais thar an tionchar a bheidh ar na leithreasuithe dá bhforáiltear cheana i gcláreagrú oifigiúil airgeadais an Choimisiúin.

    3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

    EUR

    Ceannteideal an airgeadais ilbhliantúil
    ilbhliantúil:

    1A

    Iomaíochas le haghaidh fáis agus post

    AS: GROW

    2018

    2019

    2020

    2021

    IOMLÁN

    Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    02.03.04

    Gealltanais

    (1)

    310,000

    945,000

    945,000

    0

    2,200,000

    Íocaíochtaí

    (2)

    310,000

    945,000

    945,000

    0

    2,200,000

    Uimhir na líne buiséid

    Gealltanais

    (1a)

    Íocaíochtaí

    (2 a)

    Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach chlár sonrach 37  

    Uimhir na líne buiséid

    (3)

    0

    0

    0

    0

    0

    IOMLÁN leithreasuithe
    i gcomhair Ard-Stiúrthóireacht GROW

    Gealltanais

    =1+1a +3

    310,000

    945,000

    945,000

    0

    2,200,000

    Íocaíochtaí

    =2+2a +3

    310,000

    945,000

    945,000

    0

    2,200,000


    IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    Gealltanais

    (4)

    310,000

    945,000

    945,000

    0

    2,200,000

    Íocaíochtaí

    (5)

    310,000

    945,000

    945,000

    0

    2,200,000

    •IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach

    (6)

    0

    0

    0

    0

    0

    IOMLÁN leithreasuithe
    faoi CHEANNTEIDEAL 1A
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Gealltanais

    =4+ 6

    310,000

    945,000

    945,000

    0

    2,200,000

    Íocaíochtaí

    =5+ 6

    310,000

    945,000

    945,000

    0

    2,200,000



    Ceannteideal an chreata airgeadais
    ilbhliantúil:

    5

    "Caiteachas riaracháin"

    EUR

    2018

    2019

    2020

    2021

    IOMLÁN

    Ard-Stiúrthóireacht: GROW

    •Acmhainní daonna

    303,600

    427,800

    427,800

    358,800

    1,518,000

    •Caiteachas riaracháin eile

    0

    0

    0

    0

    0

    IOMLÁN AS GROW

    Leithreasuithe

    303,600

    427,800

    427,800

    358,800

    1,518,000

    IOMLÁN leithreasuithe
    do CHEANNTEIDEAL 5
    den chreat airgeadais ilbhliantúil 

    (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

    303,600

    427,800

    427,800

    358,800

    1,518,000

    EUR

    2018

    2019

    2020

    2021

    IOMLÁN

    IOMLÁN leithreasuithe
    faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
    den chreat airgeadais ilbhliantúil 

    Gealltanais

    613,600

    1,372,800

    1,372,800

    358,800

    3,718,000

    Íocaíochtaí

    613,600

    1,372,800

    1,372,800

    358,800

    3,718,000

    An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

       Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

    Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR

    Sonraigh cuspóirí agus aschuir

    2018

    2019

    2020

    2021

    IOMLÁN

    Saghas 38

    Meánchostas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon iomlán

    Costas iomlán

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 39  

    An tualach riaracháin a laghdú

    - Aschur

    Comhéadan poiblí

    200,000

    600,000

    600,000

    0

    1,400,000

    Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

    200,000

    600,000

    600,000

    0

    1,400,000

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2

    Feidhmiúlacht chúloifige

    - Aschur

    Feidhmiúlacht chúloifige

    110,000

    345,000

    345,000

    0

    800,000

    Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

    110,000

    345,000

    345,000

    0

    800,000

    COSTAS IOMLÁN

    310,000

    945,000

    945,000

    0

    2,200,000

    3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

    3.2.2.1.Achoimre

       Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

    EUR

    2018

    2019

    2020

    2021

    IOMLÁN

    CEANNTEIDEAL 5
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Acmhainní daonna

    303,600

    427,800

    427,800

    358,800

    1,518,000

    Caiteachas riaracháin eile

    Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    303,600

    427,800

    427,800

    358,800

    1,518,000

    lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 40 den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Acmhainní daonna

    Caiteachas eile
    de chineál riaracháin

    Fo-iomlán
    Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    IOMLÁN

    303,600

    427,800

    427,800

    358,800

    1,518,000

    Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina cúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe nó a dhéanfar a athlonnú. Aon iarmhairt a thagann as cur chun feidhme na cinntí atá beartaithe ar mhéid na foirne ná leibhéal na leithreasuithe, cumhdófar an tiarmhairt sin le hath-imlonnú na nachmhainní atá ann cheana.

    3.2.2.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

       Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos:

    Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

    2018

    2019

    2020

    2021

    •Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

    XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

    2.2

    3.1

    3.1

    2.6

    XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

    XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

    10 01 05 01 (Taighde díreach)

     Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 41

    XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón gclúdach iomlánaíoch)

    XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí)

    XX 01 04 yy  42

    - sa cheanncheathrú

    - toscaireachtaí

    XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – taighde indíreach)

    10 01 05 02 (CA, INT, SNE – taighde díreach)

    Línte buiséid eile (sonraigh)

    IOMLÁN

    2.2

    3.1

    3.1

    2.6

    Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

    Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina cúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe nó a dhéanfar a athlonnú. Aon iarmhairt a thagann as cur chun feidhme na cinntí atá beartaithe ar mhéid na foirne ná leibhéal na leithreasuithe, cumhdófar an tiarmhairt sin le hath-imlonnú na nachmhainní atá ann cheana.

    Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

    Oifigigh agus pearsanra sealadach

    Tacaíocht a thabhairt maidir le gníomhartha cur chun feidhme gaolmhara a ghlacadh, bainistiú tionscadal, anailís ghnó agus gníomhaíochtaí tacaíochta i leith cur chun feidhme.

    Foireann sheachtrach

    3.2.3.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

       Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

       Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

       Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

    3.2.4.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

    ⌧ Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

    ◻ Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:

    3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

       Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

       Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

       ar acmhainní dílse

       ar ioncam ilghnéitheach

    (1) An Coimisiún Eorpach Update of the study on the economic impact of the Services Directive [Nuashonrú ar an staidéar ar thionchar eacnamaíoch na Treorach um Sheirbhísí], 2015
    (2) Conclúidí na Comhairle Eorpaí; 28 Meitheamh 2016.
    (3) Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Upgrading the Single Market: more opportunities for people and business [An margadh aonair a uasghrádú: tuilleadh deiseanna don phobal agus do ghnólachtaí], 28 Deireadh Fómhair 2015.
    (4) Lena náirítear 9 gceardlann arna neagrú ag an gCoimisiún le soláthraithe seirbhíse i réigiúin trasteorann.
    (5) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, Impact Assessment accompanying the Proposal for a Regulation of the European Parliament and of the Council introducing a European services e-card and related administrative facilities [Measúnú tionchair a ghabhann leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar isteach ríomhchárta Eorpach seirbhísí agus saoráidí riaracháin gaolmhara], 2017.
    (6) Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena naisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (Rialachán IMI) (IO L 316, 14.11.2012, lch. 1)
    (7) Déanann an dá earnáil suas thart ar 20 % d’OTI an Aontais agus fostaíocht – Eurostat
    (8)    Plean Gníomhaíochta Ríomhrialtais an Aontais Eorpaigh 2016-2020 – Accelerating the digital transformation of government [Dlús a chur faoi chlaochlú digiteach rialtas] – COM(2016)179.
    (9) Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena naisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (Rialachán IMI) (IO L 316, 14.11.2012, lch. 1)
    (10) Rialachán (AE) 2016/1191 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le saorghluaiseacht saoránach a chur chun cinn trí shimpliú a dhéanamh ar na ceanglais a bhaineann le doiciméid phoiblí áirithe a chur i láthair san Aontas Eorpach, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012
    (11) Conclúidí ón gComhairle maidir le The Single Market Strategy for services and goods [An straitéis don margadh aonair maidir le seirbhísí agus earraí], 29 Feabhra 2016 .
    (12) Conclúidí na Comhairle Eorpaí, 28 Meitheamh 2016 .
    (13) Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Bealtaine 2016 maidir leis an straitéis don mhargadh aonair .
    (14) Ba iad príomh-mholtaí an Bhoird sa chéad tuairim uaidh maidir leis an measúnú tionchar, sainmhíniú na faidhbe a neartú, athmhachnamh a dhéanamh ar leagan amach agus ar chur i láthair na roghanna éagsúla agus tuilleadh faisnéise a sholáthar maidir leis na costais fhéideartha do na Ballstáit, agus dearcthaí na bpáirtithe leasmhara.
    (15) http://ec.europa.eu/smart-regulation/impact/ia_carried_out/cia_2016_en.htm
    (16) IO C , , lch. .
    (17) IO C , , lch. .
    (18) Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12. 2006, lch. 36).
    (19) Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach sa mhargadh inmheánach go háirithe (IO L178, 17.7.2000, lch. 1)
    (20)

       Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO L 18, 21.1.1997, lch. 1).

    (21) Treoir 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le forfheidhmiú Threoir 96/71/EC maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (Rialachán IMI) (IO L 159, 28.5.2014, lch. 11)
    (22) Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena naisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (Rialachán IMI) (IO L 316, 14.11.2012, lch. 1)
    (23) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)
    (24) Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005, maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (IO L255, 30.9.2005)
    (25) Treoir 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le forfheidhmiú Threoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (Rialachán IMI) (IO L 159, 28.5.2014, lch. 11)
    (26) Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le comhordú coimircí a cheanglaíonn Ballstáit ar chuideachtaí de réir bhrí an dara mír d’Airteagal 48 den Chonradh, ar mhaithe le leasanna comhaltaí agus tríú páirtithe a chosaint, d’fhonn coimircí den sórt sin a dhéanamh coibhéiseach (IO L 258, 1.10.2009, lch. 11)
    (27) Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (IO L 141, 5.6.2015, lch. 19)
    (28)

       Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

    (29)

       Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena naisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch.73)

    (30)

       Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (athmhúnlú) (IO L 26, 2.2.2016, lch. 19).

    (31) ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí ABB: Buiséadú de réir gníomhaíochtaí.
    (32) Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
    (33) Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html
    (34) LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte
    (35) CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
    (36) Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh bheith ina niarrthóirí.
    (37) Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta an Aontais Eorpaigh (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.
    (38) Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
    (39) Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. 'Cuspóirí sonracha...'
    (40) Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
    (41) CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht.
    (42) Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
    Top