AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,14.12.2016
COM(2016) 798 final
2016/0399(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena ndéantar roinnt gníomhartha dlíthiúla lena ndéantar foráil maidir le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a oiriúnú d’Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Comhthéacs an togra
I gcomhthráth leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena ndéantar roinnt gníomhartha dlí lena ndéantar foráil maidir le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a oiriúnú d'Airteagal 290 agus Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ("CFAE" anseo feasta), baineann an togra seo le hailíniú trí cinn de ghníomhartha reachtacha i réimse an Cheartais ina dtagraítear fós don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú.
Ní foláir na hionstraimí sin a ailíniú le togra ar leith ar an ábhar gur glacadh iad faoi bhunús dlí de bhun Theideal V de Chuid III CFAE agus dá bhrí sin níl siad ina gceangal ar gach Ballstát, agus tá siad ar neamhréir, mar sin, le bunúis dlí na mbunghníomhartha eile. Sna trí chás, chinn an Ríocht Aontaithe agus Éire a bheith rannpháirteach, i gcomhréir leis an bPrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann atá i gceangal leis an gConradh, agus ní bhíonn an Danmhairg rannpháirteach i gcomhréir leis an bPrótacal maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis an gConradh.
Le conradh Liospóin, rinneadh modhnú suntasach ar an struchtúr maidir leis na cumhachtaí is féidir leis an reachtóir a thabhairt don Choimisiún. Déantar idirdhealú soiléir leis an gconradh idir gníomhartha de chineál gar-reachtach ar thaobh amháin agus, ar an taobh eile, gníomhartha lena gcuirtear forálacha bunghnímh chun feidhme. Ina theannta sin, cuireann sé creat dlíthiúil iomlán difriúil ar fáil le haghaidh gach cineál gnímh.
Is iad an dá fhoráil atá i gceist Airteagal 290 agus Airteagal 291 CFAE, a tugadh isteach le Conradh Liospóin a tháinig i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009(). Leis na forálacha déantar modhnuithe suntasacha ar na nósanna imeachta ar ar tugadh na "nósanna imeachta coiste" go dtí seo.
Ó thaobh na foclaíochta de, tá an sainmhíniú ar ghníomhartha tarmligthe in Airteagal 290(1) an-chosúil leis an sainmhíniú ar ghníomhartha atá, faoin gCinneadh 1999/468/CE, arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE ón gComhairle, ("an Cinneadh maidir leis an nós imeachta coiste"), faoi réir an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú (NIRG) a bunaíodh in Airteagal 5a den Chinneadh sin. Sa dá chás, is gníomhartha a bhfuil feidhm ghinearálta leo atá i gceist agus tá sé mar aidhm leo eilimintí neamhriachtanacha áirithe den ghníomh reachtach a leasú nó a fhorlíonadh.
Ar an ábhar sin, fágadh Airteagal 5a den Chinneadh maidir leis an nós imeachta coiste lasmuigh de raon feidhme an athbhreithniúcháin ar an gCinneadh maidir leis an nós imeachta coiste faoi Rialachán 182/2011 ("an Rialachán maidir le Nós Imeachta Coistí") a glacadh ar bhonn Airteagal 291(3) CFAE maidir le cumhachtaí cur chun feidhme. Dá bhrí sin, ba ghá Airteagal 5a lena mbunaítear an NIRG a choinneáil go sealadach chun críocha bunghníomhartha atá ann cheana féin dá dtagraítear san Airteagal sin.
Dá réir sin, tá an NIRG fós sna trí bhunghníomh reatha a chumhdaítear leis an togra seo agus beidh feidhm ag an NIRG (i gcomhréir le hAirteagal 5a den Chinneadh maidir leis an nós imeachta coiste) maidir leis na gníomhartha sin go dtí go leasófar iad go foirmiúil agus go gcuirfear in oiriúint iad go foirmiúil do Chonradh Liospóin.
Tráth a glacadh Rialachán Uimh. 182/2011 thug an Coimisiún gealltanas athbhreithniú a dhéanamh ar na forálacha a ghabhann leis an nós imeachta sin, d'fhonn iad a oiriúnú in am trátha do na critéir a leagtar síos sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Mhol an Coimisiún ailíniú na ngníomhartha sin ní ba thúisce ná sin, in 2013, i bhfoirm togra ar leith freisin, ach mar thoradh ar an stad san idirbheartaíocht idirinstitiúideach ar na comhaid sin tharraing an Coimisiún siar an togra, mar a fógraíodh ina Chlár Oibre 2015.
Cíoradh ceist an ailínithe arís nuair a pléadh an t-athbhreithniú ar an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. D'aithin na hinstitiúidí ar fad an gá atá leis an ailíniú agus gheall an Coimisiún go gcuirfeadh sé togra nua isteach faoi dheireadh 2016 maidir le hailíniú gníomhartha reachtacha a bhfuil tagairtí iontu fós don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú. Freagairt ar an ngealltanas sin atá sa togra seo.
Ag an am céanna, cuireann an Comhaontú Idirinstitiúideach agus an Chomhthuiscint maidir le Gníomhartha Tarmligthe a ghabhann leis feabhas freisin ar an gcreat maidir le gníomhartha tarmligthe, agus ar an gcaoi sin tugann siad aghaidh ar an bpríomhúdar imní faoi deara cosc a chur go minic le glacadh na ngníomhartha tarmligthe ar thaobh na Comhairle, eadhon an comhairliúchán le saineolaithe de chuid na mBallstát. Leis an gComhaontú tugtar gealltanas soiléir go ndéanfar comhairliúchán le saineolaithe de chuid na mBallstát ar bhonn córasach i dtaca le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe, lena n-áirítear an dréacht-téacs; ar an gcaoi sin, comhlíonfar príomhchoinníoll chun iarracht rathúil eile a thabhairt ar sheanfhorálacha an NIRG a ailíniú le Conradh Liospóin. Tá an gealltanas sin luaite go sainráite anois sna clásail chaighdeánacha nua atá le húsáid i ndréachtú cumhachtuithe don Choimisiún. Leis an gComhaontú aithnítear go soiléir chomh maith a thábhachtaí atá sé comhar a dhéanamh go luath le Parlaimint na hEorpa maidir le gníomhartha tarmligthe agus a thábhachtaí atá sé tuairimí ina dtaobh a roinnt léi go luath. Dearbhaítear sa Chomhaontú nach mór do Pharlaimint na hEorpa gach doiciméad, lena n-áirítear na dréacht-ghníomhartha tarmligthe, a fháil ag an am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus déantar foráil ann go mbeidh rochtain chórasach agus éascaithe ag saineolaithe de chuid Pharlaimint na hEorpa ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag ullmhú na ngníomhartha tarmligthe. Ar deireadh, beartaítear leis an gComhaontú go bhféadfar cuireadh a thabhairt don Choimisiún chuig cruinnithe i bParlaimint na hEorpa (nó sa Chomhairle) ionas go bhféadfar tuairimí breise a mhalartú i dtaobh ullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
Ní dhéanfaidh an cur in oiriúint do chóras na ngníomhartha tarmligthe difear do nósanna imeachta ar feitheamh ina bhfuil tuairim tugtha ag coiste cheana féin i gcomhréir leis an gCinneadh Coisteolaíochta.
2.Modh an ailínithe agus príomheilimintí an togra
Is é an pointe tosaigh chun raon feidhme an togra seo a chinneadh na gníomhartha dlí a chumhdaítear sna tograí reachtacha féin le haghaidh ailíniú a ghlac an Coimisiún in 2013. Ní áirítear sa togra seo gníomhartha a bhfuil tograí reachtacha aonair déanta ina leith idir an dá linn. Baineann sin le dhá ghníomh i réimse an Cheartais: maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 lena gcruthaítear ordú Eorpach maidir le nós imeachta íocaíochta agus Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 lena mbunaítear Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga, tá ailíniú déanta orthu araon idir an dá linn le Rialachán (AE) 2015/2421 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 lena mbunaítear Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga agus Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006 lena gcruthaítear ordú Eorpach maidir le nós imeachta íocaíochta.
Sna tograí le haghaidh ailíniú ó 2013, ba é an cur chuige reachtach a roghnaíodh gan na bunghníomhartha i gceist a leasú ar bhonn aonair, ach foráil a dhéanamh go ginearálta go mbeadh na tagairtí don NIRG atá sna bunghníomhartha le léamh mar thagairtí d'Airteagal 290, nó d'Airteagal 290 nó d'Airteagal 291. Faoin gcur chuige sin, níorbh fholáir i gcónaí gach bunghníomh aonair a léamh in éineacht leis an rialachán Omnibus ábhartha, i gcás inar glacadh é.
I bhfianaise na ndeacrachtaí a bhí ag an gComhairle go háirithe leis an gcur chuige sin, tá a mhalairt de chur chuige roghnaithe sa togra seo. Tá sé beartaithe anois go ndéanfar leasú ar gach bunghníomh lena mbaineann. Tá an cur chuige sin cosúil leis an gceann a roghnaíodh nuair a tugadh isteach na forálacha NIRG de thoradh beart comhchosúil in 2007. Dá réir sin, déantar roinnt leasuithe ar gach bunghníomh. Athraítear foclaíocht na forála cumhachtúcháin, i.e. an téacs ina bhfuil an cumhachtú substainteach don NIRG, agus leanann an fhoráil sin an friotal a comhaontaíodh sna clásail chaighdeánacha d'airteagail lena ndéantar cumhachtaí a tharmligean. Cuirtear an t-airteagal caighdeánach maidir le feidhmiú an tarmligin, mar atá an t-airteagal nós imeachta, isteach i ngach bunghníomh agus scriostar tagairtí don NIRG. Luaitear go sainráite i gcás gach gnímh an gceadaítear leis an gcumhachtú leasú a dhéanamh ar an mbunghníomh. Áirítear i ngach bunghníomh anois na clásail chaighdeánacha nua ina ndéantar foráil don chomhairliúchán le saineolaithe na mBallstát i dtaca le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. Ní dhéantar foráil in aon chumhachtuithe eile do leasuithe ar ghníomhartha eile.
Maidir leis an rogha idir cumhachtaithe trí bhíthin gníomhartha tarmligthe agus cumhachtaithe trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, tá na tograí ailíniúcháin ó 2013 bunaithe ar an toimhde go gcomhfhreagraíonn na bearta a chumhdaítear leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, go gcomhfhreagraíonn siad do na bearta sin is féidir a chumhdach le tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 290 CFAE.
Is é an tuiscint ghinearálta is bonn leis an togra nua go bhfuil an measúnú a rinneadh sna tograí Omnibus 2013 fós bailí. Níor ceapadh critéir nua, a mbeadh athbhreithniú domhanda ag teastáil dá ndroim, de thoradh na hidirbheartaíochta ar Omnibus 2013, ná de thoradh an cásdlí ar an ábhar, ná de thoradh an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
Maidir le fad an chumhachtaithe, is éard atá á mholadh ag an gCoimisiún cumhachtuithe ag a bhfuil fad éiginnte. Le linn na hidirbheartaíochta ar na tograí le haghaidh 2013 bhí an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa araon i bhfabhar fad cinnte 5 bliana a dhéanfaí a athnuachan go huathoibríoch tar éis tuarascáil ón gCoimisiún a bheadh le tíolacadh sula rachadh an tarmligean in éag. Sa togra nua tá an Coimisiún ag cloí leis an seasamh atá aige go bhfuil údar le fad éiginnte a bheith ag an gcumhachtú ar an ábhar go bhfuil an deis ag an reachtóir cumhachtú a chúlghairm i ngach cás agus aon tráth. Ar deireadh, leis an gComhaontú Idirinstitiúideach beidh níos mó trédhearcachta ann maidir le gníomhartha tarmligthe, go háirithe tríd an gclár comhpháirteach le haghaidh gníomhartha tarmligthe ar chinn na hinstitiúidí a chur ar bun faoi dheireadh 2017. Leis an gclár seo beidh forléargas simplí ar fáil ar na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoi na hionstraimí ar fad.
3.Bunús dlí coimhdeacht
Tá an togra seo bunaithe ar bhunús dlí na mbunghníomhartha leasaithe. Ní bhaineann an tionscnamh seo ach le nósanna imeachta atá le cur i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais agus gníomhartha bunaithe ar chumhachtaí tugtha á nglacadh.
2016/0399 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena ndéantar roinnt gníomhartha dlíthiúla lena ndéantar foráil maidir le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a oiriúnú d’Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 81(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)Tugadh isteach le Conradh Liospóin idirdhealú idir na cumhachtaí arna dtarmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo a ghlacadh chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe de ghníomh reachtach a fhorlíonadh nó a leasú (gníomhartha tarmligthe), agus na cumhachtaí arna dtabhairt don Choimisiún chun gníomhartha a ghlacadh chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le gníomhartha de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a chur chun feidhme (gníomhartha cur chun feidhme).
(2)Na bearta a fhéadfar a chumhdach le tarmligean na gcumhachtaí, dá dtagraítear in Airteagal 290(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), comhfhreagraíonn siad i bprionsabal dóibh sin a chumhdaítear leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a bunaíodh le hAirteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle.
(3)Maidir le tograí a rinneadh roimhe seo i dtaobh na reachtaíochta lena dtagraítear don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a ailíniú leis an gcreat reachtach a tugadh isteach le Conradh Liospóin, tarraingíodh siar iad mar thoradh ar an stad san idirbheartaíocht idirinstitiúideach.
(4)Ina dhiaidh sin, i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, tháinig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar chomhaontú maidir le creat nua le haghaidh gníomhartha tarmligthe agus d'aithin siad go raibh gá leis an reachtaíocht atá ann cheana a ailíniú leis an gcreat reachtach a tugadh isteach le Conradh Liospóin. D'aontaigh siad, go háirithe, faoin ngá atá le hardtosaíocht a thabhairt d'ailíniú pras ar na bunghníomhartha uile ina dtagraítear fós don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú. Gheall an Coimisiún go n-ullmhódh sé togra le haghaidh an ailínithe sin faoi dheireadh 2016.
(5)Comhlíonann na cumhachtuithe atá sna bunghníomhartha lena ndéantar foráil maidir le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, comhlíonann siad na critéir in Airteagal 290 CFAE agus ba cheart iad a oiriúnú don fhoráil sin.
(6)Níor cheart go ndéanfadh an Rialachán seo difear do nósanna imeachta atá ar feitheamh, ar chuir an coiste in iúl cheana féin a thuairim ina leith i gcomhréir le hAirteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
(7)Ba cheart, dá bhrí sin, na gníomhartha lena mbaineann a leasú dá réir.
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear na gníomhartha a liostaítear san Iarscríbhinn mar a leagtar amach inti iad.
Airteagal 2
Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do nósanna imeachta atá ar feitheamh, ar chuir coiste cheana féin a thuairim ina leith i gcomhréir le hAirteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán